Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0319(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0264/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0264/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 16/09/2021 - 2
CRE 16/09/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0378

Téacsanna atá glactha
PDF 112kWORD 43k
Déardaoin, 16 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Comhaontú um Eisiúint Víosaí idir AE agus Cabo Verde ***
P9_TA(2021)0378A9-0264/2021

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde lena leasaítear an Comhaontú maidir le héascú a dhéanamh ar eisiúint víosaí gearrfhanachta do shaoránaigh Phoblacht Cabo Verde agus do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (05034/2021 – C9-0116/2021 – 2020/0319(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (05034/2021),

–  ag féachaint don dréachtchomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde lena leasaítear an Comhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde maidir le héascú a dhéanamh ar eisiúint víosaí gearrfhanachta do shaoránaigh Phoblacht Cabo Verde agus do shaoránaigh an Aontais Eorpaigh (05034/2021),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 77(2), pointe (a), agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0116/2021),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0264/2021),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Cabo Verde.

An nuashonrú is déanaí: 12 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais