Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2161(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0230/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0230/2021

Díospóireachtaí :

PV 13/09/2021 - 19
CRE 13/09/2021 - 19

Vótaí :

PV 15/09/2021 - 12
PV 16/09/2021 - 2
CRE 16/09/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0386

Téacsanna atá glactha
PDF 208kWORD 77k
Déardaoin, 16 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Iascairí amach anseo
P9_TA(2021)0386A9-0230/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le hIascairí amach anseo: Glúin nua lucht saothair a mhealladh i dtreo na hiascaireachta agus fostaíocht a chruthú i measc pobal cósta (2019/2161(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 3(2) agus (3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus d’Airteagal 4(2)(a), (d) agus (k), agus d’Airteagail 9, 153 agus 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 349 CFAE,

–  ag féachaint do theachtaireacht an 24 Deireadh Fómhair 2017 ón gCoimisiún dar teideal ‘A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions’ [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach] (COM(2017)0623),

–  Ag féachaint do Threoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche)(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013, maidir leis an gComhbheartas Iascaigh(2),

–  ag féachaint do thuairim an 25 Meán Fómhair 2019 ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar ‘Social dimension of fisheries’ [Gné shóisialta na n-iascaigh] (tústuairim)(3),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS),

–  ag féachaint don Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir (SOLAS),

–  ag féachaint don Choinbhinsiúin maidir leis an Eagraíocht Mhuirí Idir-rialtasach,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún lena mbunaítear an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Idirnáisiúnta Torremolinos 1977 um Shábháilteacht Soithí Iascaireachta,

–  ag féachaint do Phrótacal Torremolinos 1993 agus do Chomhaontú Cape Town 2012 lena nuashonraítear agus lena leasaítear Coinbhinsiún Torremolinos,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Phearsanra Soithí Iascaireachta, (STCW-F), 1995,

–  ag féachaint do chiorclán Uimh. 966 de 2001 ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) dar teideal ‘Safety at sea as an integral part of fisheries management’ [an tSábháilteacht ar muir ina dlúthchuid de bhainistíocht iascach],

–  ag féachaint do thuarascáil FAO dar teideal ‘The State of World Fisheries and Aquaculture 2020’ [Staid na nIascach Dhomhanda agus Staid an Dobharshaothraithe 2020],

–  ag féachaint do Choinbhinsiún EIS 188 de 2007 faoi obair san Iascaireacht

–  ag féachaint do Threoirlínte Deonacha na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) 2005 maidir le Dearadh, Tógáil agus Fearastú Soithí Beaga Iascaireachta,

–  ag féachaint do thuarascáil Nollaig 2000 le Europêche, ‘iascaigh’ Cogeca agus ETF dar teideal ‘Mutual Recognition of Certificates in the Sea Fishing Sector in Europe’ [Aitheantas frithpháirteach do theastais in earnáil na hiascaireachta mara san Eoraip](tuarascáil Bénodet),

–  ag féachaint do Fhorléargas Bliantúil 2019 ar Thaismigh agus Theagmhais Mhuirí de chuid na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA),

–  ag féachaint do thuarascáil an 26 Meán Fómhair 2019 ó Choiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach an Choimisiúin (STECF) dar teideal ‘Social data in the EU fisheries sector’ [Sonraí sóisialta in earnáil iascaigh AE] (STECF 19-03),

–  ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil Eacnamaíochta STECF 2019 maidir le Cabhlach Iascaireachta AE (STECF 19-06) agus do Thuarascáil Bhliantúil Eacnamaíochta STECF 2020 maidir le Cabhlach Iascaireachta AE (STECF 20-06),

–  ag féachaint do chonclúidí an staidéir le Roinn Beartais na Parlaiminte um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe dar teideal ‘Training of Fishers’ [Oiliúint ar Iascairí], arna fhoilsiú Iúil 2018,

–  ag féachaint don mhionanailís le Roinn Beartais na Parlaiminte um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha dar teideal ‘The scope of EU labour law: Who is (not) covered by key directives?’ [Raon fheidhme dhlí saothair AE: Cé na gnéithe a chumhdaítear/nach gcumhdaítear faoi phríomhthreoracha?], arna fhoilsiú Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint dá rún an 27 Feabhra 2014 maidir le gníomhaíochtaí sonracha sa Chomhbheartas Iascaigh chun ról na mban a fhorbairt(4),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0230/2021),

A.  de bhrí go gcaithfidh an Comhbheartas Iascaigh (CBI) a áirithiú go mbeidh an iascaireacht agus an dobharshaothrú inbhuanaithe ar bhonn sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil de san fhadtéarma agus go gcaithfear leanúint den sprioc sin a bhaint amach chun go mbeidh an earnáil tarraingteach i gcónaí don fhórsa saothair; de bhrí gur cheart, chun inbhuanaitheacht shóisialta a bhaint amach, go ndéanfaí dálaí saothair, sláinte agus sábháilteachta, agus oiliúint, ionchuimsitheacht shóisialta agus caighdeán cóir maireachtála a chomhtháthú agus a fheabhsú i mbeartas um iascach; de bhrí gur mó i bhfad tábhacht shóisialta earnálacha na n-iascach agus an dobharshaothraithe in an-chuid de phobail agus réigiúin iascaireachta AE ná an méid a chuirtear go díreach lena ngeilleagair;

B.  de bhrí go raibh iascairí ar fud na hEorpa thíos leis an ngéarchéim sláinte poiblí agus suaitheadh trádála agus margaidh arb í paindéim COVID-19 ba chuis leis; de bhrí gur lean na hiascairí orthu ag iascach agus ag cur bia ardchaigdeáin ar fáil ainneoin na rioscaí sábháilteachta agus na praghsanna ísle ar iasc; de bhrí gur aithníodh, le linn ghéarchéim COVID-19, gur bunoibrithe iad iascairí a dhéanann gairm lárnach trína n-áirithítear soláthar tábhachtach bia; de bhrí go gcaithfidh institiúidí AE aird ar leith a thabhairt orthu mar ghairmithe ríthábhachtacha, ní hamháin mar gheall ar a ról, ach de bharr a thábhachtaí atá slándáil bia an Aontais freisin;

C.  de bhrí go ndearnadh mórathruithe struchtúracha agus athstruchtúrú ar iascaigh ar fud na hEorpa le blianta beaga anuas mar aon le laghduithe móra ar an gcabhlach, as a leanann iarmhairtí sóisialta d’iascairí agus pobail iascaireachta araon; de bhrí go bhfuil sé níos tábhachtaí ná ariamh cur leis an bhfeasacht agus de bhrí nár mhiste a bheith níos airdeallaí ar ghné shóisialta na n-iascach, measúnú a dhéanamh, mar shampla, ar na tionchair shóisialta faoi chuimsiú mheasúnuithe tionchair na dtograí beartais a bhaineann le CBI;

D.  de bhrí go go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch i leith straitéisí éagsúla AE, lena n-áirítear straitéis bhithéagsúlachta AE go dtí 2030 agus an straitéis “Ón bhfeirm go dtí an forc”;

E.  de bhrí go gcaithfear athruithe déimeagrafacha san Eoraip a chur san áireamh freisin;

F.  de bhrí go bhfuil an easpa reatha sonraí uileghabhálacha córasacha agus anailíse eolaíochta rialta ar ghnéithe sóisialta CBI ag baint den bheartasaíocht i réimse na hiascaireachta; de bhrí go bhféadfadh na sonraí sin an iascaireacht a chur chun cinn mar ghairm oibre rathúil agus mar bhealach a rannchuidíonn le slí bheatha na bpobal cósta, agus daoine óga a mhealladh chuig an ngairm;

G.  de bhrí go soláthraíonn an iascaireacht, lena n-áirítear dobharshaothrú, bia do na billiúin duine agus de bhrí go bhfuil an earnáil sin ina foinse thábhachtach fostaíochta agus ioncaim le haghaidh slite beatha 10-12 % de dhaonra an domhain, dar le FAO; de bhrí, de bhreis air sin, go bhfuil thart ar 140 milliún post eile a bhfuil baint acu leis an gcuid eile de shlabhra luacha na n-iascach, i bpróiseáil agus i ndíol táirgí iascaigh go háirithe;

H.  de bhrí, de réir thuarascáil STECE 19-03, gur mná a bhí in 5.4% den fhostaíocht iomlán sa chabhlach cósta mionscála ar fud AE, i gcomparáid le 1.9% sa chabhlach mórscála agus 2.3% sa chabhlach cianuisce; de bhrí gur mná mar sin féin atá i dtromlach an fhórsa saothair i ngníomhaíochtaí eastóscacha nó leathchultúir áirithe amhail bailiú sliogéisc de shiúl na gcos, agus de bhrí go mbíonn obair thábhachtach eile ar siúl ag mná ar obair í nach gcoinnítear taifead uirthi, chun gníomhaíochtaí eile a chothabháil, amhail cannadóireacht agus próiseáil, pacáil, déanamh líonta agus iasc a dhíluchtú agus a ghlanadh (neskatillas); de bhrí go bhfuil bearna sonraí idir na Ballstáit, agus neamhaird á déanamh ar obair na mban agus ar an gcion suntasach a chuireann siad leis an earnáil, ar cion é nach n-aithnítear a dhóthain go fóill;

I.  de bhrí, de réir na sonraí Eurostat is déanaí(5), go raibh thart ar 180 000 duine ar an iomlán fostaithe i dtionscal iascaigh an Aontais in 2017, agus thart ar thrian díobh i bhfo-earnáil an dobharshaothraithe; de bhrí, as an iomlán sin, go raibh 41 000 duine fostaithe in earnáil an iascaigh phríomhúil sa Spáinn, agus 29 000 eile san Iodáil, 21 000 sa Ghréig, 20 000 sa Fhrainc agus 14 700 sa Phortaingéil; de bhrí gurbh iad an Iodáil, an Ghréig agus an Phortaingéil faoi deara 35.9 % den fhostaíocht in 2017 cé nach raibh ach 11 % de tháirgeadh iascaireachta AE ag na trí Bhallstát sin; de bhrí, sa chomhthéacs sin, gur Ballstáit iad an Spáinn, an Fhrainc agus an Phortaingéil a bhfuil réigúin is forimeallaí acu, rud a chuireann lena ngné mhuirí, agus de bhrí go bhfuil ríthábhacht le ról socheacnamaíoch earnáil an iascaigh sna réigiúin sin;

J.  de bhrí go léiríonn sonraí staidrimh arna bhfoilsiú ag Eurostat(6) in 2019, maidir leis an earnáil talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaigh in 2018, go raibh 14.4 % ar an iomlán de na hoibrithe 65 bliana d’aois nó níos sine, agus de bhrí gur san earnáil sin a fhostaítear an líon is mó daoine san aoisghrúpa sin; de bhrí, ainneoin cion na n-oibrithe san aoisghrúpa sin a bheith ag titim go comhsheasmhach ó 2008 i leith, nár thit líon iarbhír na bhfostaithe san aoisghrúpa sin ar an ráta céanna;

K.  de bhrí go bhfuil príomhról ag earnáil na n-iascach maidir le héisc a sholáthar don phobal agus na comharduithe bia a choinneáil ar cothromaíocht sna Ballstáit agus san Aontas, agus de bhrí go bhfuil mór-ról aici i ndea-bhail shocheacnamaíoch pobail chósta, san fhorbairt áitiúil, san fhostaíocht, i gcothabháil agus cruthú gníomhaíochtaí eacnamaíochta réamhtheachtacha agus iartheachtacha, agus i gcaomhnú na dtraidisiún cultúrtha áitiúil;

L.  de bhrí go gcaithfear glacadh leis na difríochtaí suntasacha i gcabhlaigh, míreanna cabhlach, spriocspeicis, trealamh iascaireachta, táirgiúlacht, roghanna tomhaltóirí, agus caitheamh éisc per captia sna Ballstáit, anuas ar na sainghnéithe a bhaineann le tionscal na hiascaireachta mar thoradh ar a struchtúr sóisialta, cineálacha margaíochta, agus na héagothromaíochtaí struchtúrtha agus nádúrtha i measc réigiún iascaireachta;

M.  de bhrí gur le Rialachán (AE) 2017/1004 maidir le creat Aontais a bhunú chun sonraí a bhailiú, a bhainistiú agus a úsáid in earnáil an iascaigh agus tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíoch i gcás CBI, a tionscnaíodh bailiú na dtáscairí sóisalta a bhaineann le cabhlach iascaireachta AE, dobharshaothrú agus tionscal na próiseála éisc; de bhrí go bhfuil athróga sóisialta, lena n-áirítear iad seo a leanas, le bailiú gach trí bliana ó 2018 ar aghaidh: fostaíocht de réir inscne, fostaíocht lánaimseartha de réir inscne, saothar neamhíoctha de réir inscne, fostaíocht de réir leibhéal oideachais, fostaíocht de réir náisiúntachta, fostaíocht de réir stádas fostaíochta, fostaíocht lánaimseartha náisiúnta iomlán;

N.  de bhrí, de réir thuarascáil STECF 19-03 maidir le sonraí sóisialta earnáil iascaigh AE, go raibh thart ar 150 000 duine fostaithe i gcabhlagh iascaigh AE, coibhéis thart ar 99 000 fostaí lánaimseartha; de bhrí gur fir a bhí i bhformhór na n-oibrithe (96%) i gcabhlach iascaireachta AE, agus i gcás 4% díobh gur mhná iad; de bhrí gur san aoisghrúpa 40-64 a bhí an céatadán is mó (58%) de na daoine a bhí fostaithe i gcabhlach iascaireachta AE de réir na sonraí aoise is déanaí a tuairiscíodh, gurb é aoisghrúpa 25-39 a bhí sa dara háit (26%), go raibh 7% eile a bhí os cionn 65 bliana d’aois, 5% san aoisghrúpa 15-24 agus 4% de na hiascairí nárbh eol cén aois iad; de bhrí go raibh éagsúlacht shuntasach sna próifílí aoise ar fud na mBallstát: bhí 31% de na hiascairí os cionn 65 bliana d’aois san Eastóin ach i neart Ballstát eile ní raibh ach céatadán an-íseal den phobal iascaireachta sa chatagóir sin (1% sa Bheilg agus sa Ghearmáin agus 2% san Fhionlainn);

O.  de bhrí go raibh leibhéal íseal oideachais ag 52% de na daoine a bhí fostaithe i gcabhlach iascaireachta AE in 2017, agus 24% ansin a raibh meánleibhéal oideachais acu agus 4% a raibh ardleibhéal oideachais acu; de bhrí go raibh cion sách ard d'earnáil na hiascaireachta (20% de na hoibrithe) nárbh eol cén leibhéal oideachais a bhí acu, léiriú, b’fhéidir, go bhfeictear gur ceist íogair é; de bhrí go raibh an-éagsúlacht sna leibhéil oideachais ar fud na mBallstát: ní raibh ach 1% de na hiascairí Portaingéalacha a raibh ardleibhéal oideachais acu agus sa tSualainn is 21% a bhí i gceist;

P.  de bhrí go raibh formhór na ndaoine a bhí fostaithe i gcabhlach iascaireachta AE in 2017 ina náisiúnaigh den tír óna raibh siad ag obair (86%) agus gur náisiúnaigh neamh-AE/LEE a bhí sa chéad ghrúpa eile (8%), ansin, oibrithe nárbh eol a náisúntacht (3%), náisiúnaigh thíortha eile AE (3%), agus náisiúnaigh LEE (0,1%); de bhrí go raibh éagsúlacht shuntasach i gcéatadán na náisiúnach a bhí ag obair i gcabhlaigh na mBallstát eágsúla: náisiúnaigh neamh-Éireannacha ab ea 27% de na daoine a bhí fostaithe i gcabhlach na hÉireann agus náisiúnaigh neamh-Bheilgeacha ab ea 36% de na daoine a bhí fostaithe i gcabhlach na Beilge; de bhrí, ar an taobh eile den scéal, gur san Iodáil a rugadh 94% de na hoibrithe i gcabhlach na hIodáile, gur sa Phortaingéil a rugadh 99% de na hoibrithe i gcabhlach na Portaingéile agus gur náisiúnaigh Bhulgáracha uile a bhí fostaithe i gcabhlach na Bulgáire;

Q.  de bhrí gur fostaithe ab ea 61% de na daoine a raibh fostaíocht i gcabhlach iascaireachta AE acu in 2017 agus gur úinéirí soithí ab ea 36% díobh, agus éagsúlacht leathan sa stádas fostaíochta ar fud na mBallstát: fostaithe ab ea 100% de na hoibrithe i gcabhlach na Beilge agus gan ach 28% ina bhfostaithe i gcabhlach na Sualainne;

R.  de bhrí dá ainneoin sin go dtagraíonn formhór na mBallstát agus comhpháirtithe eaacnamaíocha an Aontais i dtionscal na hiascaireachta don éiginnteacht ioncaim a bhaineann le gníomhaíocht na hiascaireachta in earnálacha áirithe, atá ina chúis le heaspa spéise daoine óga san iascaireacht, treocht atá ag dul i méid le blianta beaga anuas, agus a chruthaíonn deacrachtaí breise maidir le gníomhaíochtaí a choinneáil ag imeacht a mbíonn caillteanais fostaíochta i bpobail chósta ag cur isteach orthu;

S.  de bhrí, dá ainneoin sin, go luann formhór na mBallstát agus formhór chomhpháirtithe eacnamaíocha an Aontais i dtionscal an iascaigh go minic an easpa spéise san iascaireacht i measc daoine óga, rud a aithníodh den chéad uair fiche bliain ó shin ar a laghad agus a chruthaíonn deacrachtaí breise sa tionscal i gcoitinne agus a chuireann leis na fadhbanna sóisialta i bpobail chósta na mór-roinne agus na réigiún thar lear;

T.  de bhrí nár mhór sainiúlachtaí agus buansriantachtaí struchtúrtha na réigúin is forimeallaí a aithint agus a bhreithniú; á chur i bhfáth go mbíonn ról tábhachtach ag earnáil an iascaigh sa staid shocheacnamaíoch, san fhostaíocht agus i gcur chun cinn chomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch na réigiún sin, agus go bhfuil féidearthachtaí ann maidir le fás fostaíochta sa gheilleagar gorm inbhuanaithe; á chur i bhfios go bhfuil ionad pribhléide ag na réigúin is forimeallaí mar thoradh ar a suíomh geografach maidir le faireachán agus rialú i gcás limistéir chósta agus aigéin, ionad nár mhór a úsáid in iarrachtaí AE chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac (NNN);

U.  de bhrí gur éisc a ghabhtar go neamhdhleathach, amháin, a chuirtear san áireamh i rialachán AE maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte(7) agus nach n-áirithítear go bhfuil cosc freisin ar iascaireacht a mbaineann sáruithe tromchúiseacha saothair léi agus sáruithe ar bhunchearta an duine ar bord soithí iascaireachta;

V.  de bhrí, de réir FAO, go mbraitheann iascairí ar a soithí chun teacht slán agus go mbíonn rioscaí éagsúla ann ag brath ar an gcineál iascaireachta atá idir lámha, an meá agus na dálaí aimsire, méid an tsoithigh, an trealamh atá ar bord agus cúraimí gach iascaire ar leith; de bhrí, i gcas soithí móra, go gcruthaíonn an trealamh iascaireachta agus trealamh trom eile riosca suntasach báis nó gortaithe don chriú agus i gcás soithí beaga, go mbíonn riosca suntasach ann go n-iompóidh an soitheach béal faoi agus gabháil mhór á tabhairt ar bord, go dtuilfear é san fharrainge gharbh nó go mbuailfidh soitheach mór ina aghaidh; de bhrí go mbíonn guaiseanna sábháilteachta éagsúla ann dá réir sin, ag brath ar na gníomhaíochtaí iascaireachta ar leith agus ar mhéid an tsoithigh;

W.  de bhrí, chomh fada agus a bhaineann le tionóiscí agus teagmhais ar muir de, as na soithí farraige ar fad, gur soithí iascaireachta is mó a chailltear cé nach í an iascaireacht an ghníomhaíocht faoi deara an líon is mó tionóiscí; de bhrí gur cláraíodh méadú 40% in 2018 ar líon na dteagmhas a bhain le soithí iascaireachta;

X.  de bhrí go gcailltear 32 000 duine gach bliain in earnáil an iascaigh, gan trácht ar na mílte íospartach tionóiscí tromchúiseacha nó tionóiscí nach bhfuil chomh tromchúiseach céanna; de bhrí, thairis sin, mar atá curtha i bhfios ag eagraíochtaí gairmiúla freisin, gur cúis imní an méadú scanrúil ar ghalair cheirde le blianta beaga anuas i measc daoine a bhíonn ag plé leis an ngníomhaíocht tromshaothair sin;

Y.  de bhrí gur ceird mhaslach í an iascaireacht ar deireadh thiar, a ngabhann rioscaí tromchúiseacha léi do shláinte agus sábháilteacht na ndaoine a bhíonn ag plé léi; de bhrí gur aithin EIS an fhadhb sin i gcoinbhinsiún a théann siar go 2007 agus gur iarr sí ar thíortha a bhfuil sé daingnithe acu dálaí oibre sábháilte agus sláintiúla a ráthú san earnáil sin;

Z.  de bhrí, ainneoin an méadú ar líon na dteagmhas, go léiríonn líon na mbásanna de dheasca tionóiscí agus teagmhas ar bord soithí iascaireachta go bhfuil an treocht ag ísliú, agus gur tosca a bhaineann leis an duine faoi deara formhór mór na dteagmhas (62,4 %) agus gur teipeanna córais/trealaimh an dara cúis is coitianta le teagmhais (23,2%). de bhrí gurb iad seo a leanas na trí thoisc is mó a thuairiscítear le tionóiscí ar shoithí iascaireachta, ar tosca iad a bhaineann le gníomhartha an duine: easpa feasacht sábháilteachta, easpa eolais agus modhanna oibre neamhleora i measc an phearsanra ar bord; de bhrí nach féidir aghaidh a thabhairt ar na tosca sin ar fad ar leithligh ón ioncam iascaireachta;

AA.  de bhrí, maidir le cabhlach iascaireachta AE28 in 2019, go raibh 64,9% de na báid 25 bliana d’aois ar a laghad(8), agus gurbh é 29,9 bliain(9), ar an meán, aois an chabhlaigh i gcoitinne, rud a chiallaíonn go bhfuil cion an-mhór den chabhlach sean agus nach féidir brath air le haghaidh na ndálaí oibre agus sábháilteachta is fearr, agus go bhfuil na rioscaí níos mó agus na hoibríochtaí níos duainéisí;

AB.  de bhrí go bhfuil ceisteanna sábháilteachta ann – glactar leis go go forleathan go mbaineann contúirt le gairm na hiascaireachta – an obair chrua ar na báid iascaireachta, ioncaim dhothuartha agus easpa cinnteachta maidir le luach saothair cobhsaí agus rialta, atá ina gcúiseanna suntasacha le heaspa spéise daoine óga san iascaireacht, ionas gur baol don athnuachan glúine in earnáil an iascaigh, agus do thodhchaí thionscal na hiascaireachta i gcoitinne;

AC.  de bhrí gur sainaithníodh fiche bliain ó shin gur sriantacht a bhí san easpa caighdeánaithe maidir le deimhniú agus bunoiliúint d’iascairí, agus nach raibh comhar leordhóthanach i measc na mBallstát maidir le haitheantas frithpháirteach ar an deimhniú agus ar bhunoiliúint iascairí, agus go bhfuil sé fós le réiteach;

AD.  de bhrí go léiríonn torthaí fheidhmiú eacnamaíoch chabhlach AE i gcoitinne gur tháinig feabhas ar ioncam iascairí agus méadú bliantúil ar bhrabúis agus meántuilleamh iascairí ó 2013 i leith, nuair a chuirtear an cabhlach i gcoitinne san áireamh; de bhrí, nuair a dhéantar mionanailís de réir Ballstáit, imchuach farraige agus cabhlach iascaireachta, ag brath ar an gcineál cabhlaigh agus na cuótaí atá ar fáil, nach treochtaí uilíocha iad sin agus nach léirítear iad sna treochtaí i measc chabhlach cósta mionscála AE;

AE.  de bhrí go bhfuil na stoic éisc san Aontas i gcoitinne ag feabhsú ach go bhfuil líon na soithí iascaireachta, an acmhainneacht iascaireachta agus an fhostaíocht dhíreach a ghintear ón earnáil ag dul i laghad ó bhliain go bliain, de réir thuarascáil bhliantúil eacnamaíochta STECF 2019;

AF.  de bhrí go bhfuil cion suntasach de na hiascairí i roinnt Ballstát a mbíonn ioncaim ísle agus neamhrialta acu, ionas go mbíonn siad neamhshocair agus gan a ndóthain cosaint shóisialta acu; de bhrí gur toisc eile é sin a laghdaíonn ar tharraingteacht na hiascaireachta i measc daoine óga;

AG.  de bhrí, maidir leis an gceist a ardaíodh i dtuarascáil Bénodet a foilsíodh sa bhliain 2000, agus dar teideal ‘Fish comes from the sea, but where will future fishermen come from? [Is ón bhfarraige do na héisc, ach cárb as do na hiascairí amach anseo?], gur féidir leagan níos forbartha di a athchur fiche bliain níos faide anonn, mar seo a leanas: ‘Fish comes from the sea, and fishers are guardians of fish and the sea, but how will we be able to replenish them and where will future fishers come from? [Is ón bhfarraige do na héisc agus is iad na hiascairí caomhnóirí an éisc agus na farraige, ach cén chaoi a mbeimid in ann an soláthar a athnuachan, agus cárb as do na hiascairí amach anseo?]

AH.  de bhrí gur cheart na deiseanna a thug gníomhaíochtaí iascaigh muirí go dtí seo, agus a d’fhéadfaidís a thabhairt amach anseo, chun caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú a thabhairt chun suntais freisin;

AI.  de bhrí go mbíonn constaicí suntasacha roimh dhaoine óga atá ag iarraidh gnó dá gcuid féin mar iascairí a bhunú, go háirithe a mhéid a bhaineann leis an gcóras faoina leithdháiltear deiseanna iascaireachta agus a thionchar ar phraghas soithí iascaireachta;

AJ.  de bhrí go gcaithfidh an Coimisiún tuarascáil a thíolacadh don Pharlaimint agus don Chomhairle maidir le cur chun feidhme CBI faoin 31 Nollaig 2022;

Faisnéis níos fearr faoin bpobal gníomhach in earnáil na n-iascach agus próifíliú níos fearr ar an bpobal sin

1.  á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé feabhas a chur ar an tslí a ndéantar faisnéis faoin bpobal gníomhach in earnáil na n-iascach agus na táirgeachta dobharshaothraithe, agus sa slabhra luacha i gcoitinne, a bhailiú agus a chur ar fáil ar bhonn rialta agus córasach ar leibhéal an Aontais agus í miondealaithe de réir Ballstáit;

2.  á chur i bhfios maidir leis an earnáil leathan talmhaíocht, foraoiseacht agus iascach, go bhféadfadh comhiomlánú sonraí staidrimh staideanna agus éagsúlachtaí a fholú nó a cheilt, agus toradh diúltach a thabhairt i gcás gach earnáil díobh; á chur i bhfáth nach bhfuil idircheangal idir na gníomhaíochtaí sin ainneoin gur earnálacha den tairgeadh príomhúil iad uile agus, i gcás earnáil na n-iascach, nach sa timpeallacht chéanna, ná sa limistéar geografach céanna go fiú, a dhéantar na gníomhaíochtaí;

3.  á athdhearbhú, amhail i gcás bainistíocht stoic agus gnáthóg, gur ar bhonn an eolais eolaíoch is fearr agus é bunaithe ar shonraí iontaofa, iad suas chun dáta le hamshraith shínte, ar bhealach comhchuibhithe ar fud na mBallstát uile, is fearr a dhéanfar forbairtí sóisialta san earnáil sin a bhainistiú agus faireachán orthu, forbairtí fostaíochta go háirithe, agus gan an t-eolas sin go mbeidh ceann de thrí cholún na hinbhuanaitheachta a mholtar faoin CBI – an colún sóisialta – nach féidir a leanúint suas ná a chur chun feidhme go hiomlán;

4.  á chur i bhfios gur cosúil ón bhfaisnéis atá curtha ar fáil ag comhlachtaí éagsúla go bhfuil criúnna iascaireachta an Aontais ag dul in aois ach, amhail i gcás bainistiú iascaigh agus oiriúnú na mbeart a ghlactar gur cheart, maidir le bainistiú gníomhaíochtaí, an faireachán a dhéantar orthu agus mar a chuirtear chun feidhme iad, gur cheart an méid sin a dhifreálú bunaithe ar an limistéar geografach, na cabhlaigh iascaigh agus, i gcásanna áirithe, an trealamh iascaireachta a úsáidtear;

5.  ag tathant ar an gCoimisiún, agus ar Eurostat go háirithe, agus ar na Ballstáit, treochtaí fostaíochta a chur san áireamh, ní hamháin i gcomhthéacs líon iomlán na bpost ach i gcomhthéacs leibhéal na hoiliúna, inscne agus struchtúr aoise an phobail oibre freisin in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe agus i slabhra luacha na n-iascach agus an dobharshaothraithe freisin, más féidir, agus sonraí a chur ar fáil i ndáil leis sin a bheidh chomh mion céanna leis na sonraí atá ann maidir le faireachán ar ghníomhaíocht eacnamaíoch agus feidhmíocht na hearnála ar bhealach sainiúil;

6.  á chur in iúl gur geal léi céad tuarascáil STECF maidir le sonraí sóisialta maidir le hearnáil iascaigh AE, ina dtugtar forléargas uileghabhálach ar na sonraí sóisialta a bailíodh faoi chreat AE um bailiú sonraí; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé aghaidh a thabhairt ar chonclúidí na céad tuarascála sin agus á iarraidh, dá bhrí sin, sna tuarascálacha STECF maidir le sonraí sóisialta amach anseo go ndéanfar na táscairí sóisialta reatha a mhionchoigeartú, faoina gceanglófar sainmhíniú ceart orthu siúd ar chóir a mheas ina gcuid den fhórsa saothair iascaigh, gnéithe nua a chur san áireamh don anailís in éineacht le comhtháthú na dtáscairí a nasctar le cuspóirí sóisialta uileghabhálacha laistigh de CBI, go háirithe maidir le cosaint oibrithe, oideachas agus oiliúint, tuilleamh agus sábháilteacht, agus scála geografach leordhóthanach, ar leibhéal níos ísle ná leibhéal tíre, ag cur san áireamh a riachtanaí a bheadh sé na réaltachtaí réigiúnacha agus áitiúla fiú a bheith ar eolas;

7.  á chur in iúl gur geal léi leathanach gréasáin a bheith á bhunú ag Eurostat, seirbhís staidrimh AE, i gcomhar le seirbhísí staidrimh na Portaingéile, na Spáinne agus na Fraince agus a réigúin is forimeallaí faoi seach, leathanach gréasáin ina dtabharfar sonraí faoi na réigúin is forimeallaí(10); á chur in iúl áfach gur saoth léi gan sonraí ar earnáil an iascaigh a bheith á gcur ar fáil aige go fóill, ag cur san áireamh a thábhachtaí atá an ghníomhaíocht do gheilleagair na réigiún sin; ag tathant ar an gCoimisiún, agus ar Eurostat go háirithe, sonraí iontaofa agus suas chun dáta a bhailiú ar an ngeilleagar gorm agus ar athruithe ar an margadh fostaíochta in earnáil an iascaigh, ar athruithe ar mheántuilleamh iascairí, a leibhéil oiliúna, a rannpháirtíocht de réir inscne agus aoisghrúpa, mar aon le sonraí maidir le raon agus feidhmíocht na ngníomhaíochtaí sin sna réigúin is forimeallaí;

Dálaí feabhsaithe oibre agus maireachtála ar bord chun cúrsaí sábháilteachta a fheabhsú

8.  á chur i bhfios, cé go bhfuil feabhas ar chúrsaí sábháilteachta ar bord, ar na soithí móra go háirithe, go raibh méadú 40 % ar líon na dteagmhas agus na dtionóiscí arna dtaifeadadh ag an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) in 2018 i gcomparáid leis an mbliain roimhe sin, ainneoin titim sheasmhach ar líon na mbásanna le blianta beaga anuas;

9.  á chur i bhfios gurb é EMSA amháin atá freagrach as idirghabháil a dhéanamh agus sonraí a bhailiú maidir le taismigh agus teagmhais mhuirí a bhaineann le soithí iascaireachta breis is 15 mhéadar ar fad, nó i gcásanna ina mbíonn soithí faoi bhun 15 mhéadar ar fad i dtionóiscí a mbíonn soithí a thagann faoi chuimsiú Threoir 2009/18/CE(11) bainteach leo agus, dá réir sin gur cinnte go mó líon na dtionóiscí agus na dteagmhas a bhaineann le soithí iascaireachta ná mar a léirítear sna taifid a chuirtear ar fáil i dtuarascálacha bliantúla EMSA;

10.  ag tabhairt dá haire go gcruthaíonn iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte i gcriosanna muirí AE iomaíocht éagórach d’iascairí an Aontais;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt d’údaráis náisiúnta maidir le córais a fháil chun go mbeidh siad in ann gníomhaíochtaí iascaireachta neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a shainaithint agus a thuairisciú;

12.  á chur i bhfios go meastar go mbaineann priacal le gníomhaíochtaí muirí gairmiúla i gcoitinne agus gur gníomhaíochtaí contúirteacha iad, an iascaireacht go háirithe, agus go bhfuil an scéal níos measa fós ó tharla gur soithí beaga cósta (iad níos lú ná 12 mhéadar ar fad) is ea 85 % de shoithí an Aontais agus dá réir sin go mbíonn siad i mbaol breise ó dhálaí drochaimsire agus ó bheith ag oibriú i ngar don chósta;

13.  á chur i bhfáth go mbíonn sé níos deacra ar shoithí beaga cósta spáis chosantacha a chur ar fáil agus na dálaí oibre a fheabhsú, agus go mbaineann rioscaí leo freisin de bharr aois mhór a bheith ag cion suntasach den chabhlach; á chur i bhfios go láidir go mbíonn na soithí sin i mbaol ach go háirithe ó theagmhais mheitéareolaíochta thromchúiseacha a ghabhann leis an athrú aeráide; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le gníomhaíocht mharthanach agus chomhordaithe ar an uile leibhéal agus le beartais a dhírítear ar iarmhairtí an athraithe aeráide a mhaolú agus an acmhainn oiriúnaithe dóibh a mhéadú, an athléimneacht a threisiú, agus, ag an am céanna, dálaí sábháilteachta na n-iascairí a ráthú;

14.  á mheabhrú go mbíodh réigiúin chósta agus na réigúin is forimeallaí go háirithe ag brath go stairiúil ar iascaigh, agus go bhfuil tionchar ag iarmhairtí an athraithe aeráide orthu cheana féin agus go dtairbheoidís de thacaíocht airgeadais chun na hiarmhairtí sin a mhaolú, oiriúnú dóibh agus iad a chomhrac, fostaíocht in earnáil an iascaigh a chomhdhlúthú agus geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbairt faoina gcruthófar fostaíocht nua;

15.  á chur i bhfáth, ainneoin iarrachtaí an Aontais agus iarrachtaí idirnáisiúnta chun dálaí sábháilteachta ar bord soithí a fheabhsú, soithí iascaireachta go háirithe, gur leis na soithí móra nuathógtha thar aon rud eile a bhfuil feidhm ag na coinbhinsiúin idirnáisiúnta faoina leagtar amach rialacha agus córais maidir le longa agus an pearsanra ar bord a chosaint, cé go bhfuil rialacha náisiúnta ag go leor de na Ballstáit maidir le bearta a bhaineann le cosaint agus dálaí maireachtála maidir le soithí beaga;

16.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na maoluithe a thug coinbhinsiúin idirnáisiúnta do shoithí beaga ó thaobh caighdeáin neamhcheangailteacha saothair agus sábháilteachta agus gurbh fhéidir go mbeadh dálaí maireachtála agus oibre níos measa ag iascairí a oibríonn i míreanna áirithe den chabhlach agus idir na Ballstáit mar thoradh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, gníomhaíocht chomhbheartaithe ghasta a dhéanamh chun dálaí caighdeánacha comhchosúla a fheidhmiú agus tacaíocht a thabhairt do na soithí iascaireachta uile chun cloí leo, mar cholúin bhunúsacha de gheilleagar agus d’fhéiniúlacht phobal beag cois cósta;

17.  á athdhearbhú go nach féidir dálaí oibre agus maireachtála ar bord a fheiceáil ar leithligh ó dhálaí sábháilteachta; go bhfuil sí den tuairim go gcuireann dálaí maithe oibre agus maireachtála ar bord soithí agus an nuachóiriú feiliúnach a dhéantar orthu leis na dálaí sábháilteachta faoina ndéantar oibríochtaí iascaireachta agus go bhfuil an scéal amhlaidh i gcás am sosa d’iascairí, agus impleachtaí díreacha ansin dá sábháilteacht, mar gur earráid an duine faoi deara céatadán mór de na tionóiscí agus de na teagmhais ar shoithí iascaireachta i gcónaí, cibé an easpa eolais nó easpa oiliúna nó tuirse faoi deara iad;

18.  á mheas go mbeadh níos mó den chuimsiú sóisialta mar thoradh ar thimpeallacht oibre inrochtana agus oiriúnaithe a áirithiú, lena n-áirítear in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe, d’fhonn iascairí gníomhacha agus iariascairí araon a athimeascadh sa mhargadh saothair mar aon le hoibrithe eile sa tionscal iascaireachta atá faoi mhíchumas, agus go mbeadh sé ina chabhair chun breis dreasachtaí a chruthú do ghiniúint ioncaim in earnáil an iascaigh agus i bpobail iascaireachta;

19.  á chur i bhfios gur minic a eisiatar oibrithe muirí, lena n-áirítear iascairí, ó raon feidhme chreata dlíthiúla AE agus chreata dlíthiúla náisiúnta na mBallstát maidir le saothar, ag cur san áireamh go bhfuil go leor rialacha ann nach mbíonn baint acu le réaltacht ghníomhaíochtaí na n-oibrithe sin; á chur i bhfios ón uair nach féidir scéimeanna ginearálta saothair a fheidhmiú mar go mbraitheann ioncam na n-iascairí ar an méid a ghabhann said faoi na cuótaí atá ar fáil agus a leithdháiltear orthu go bhfuil sé riachtanach a áirithiú go dtugtar roinnt bunsonraí a bhaineann le rialacháin fostaíochta ar bhealach saincheaptha agus ag cur san áireamh go hiomchuí na himthosca thuasluaite agus tréithe sainiúla na hearnala cois cladaigh agus na hearnála mionscála, maidir le maraithe agus go háirithe iascairí arb iad úinéirí a gcuid soithí cuid mhór díobh;

20.  á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag iascairí ceardchumannú agus leas a bhaint as an gcómhargáil chun a ndálaí oibre a fheabhsú;

21.  á chur i bhfios, ag brath ar an trealamh iascaireachta a úsáidtear, méid an tsoithigh, an réimse oibríochta agus na dálaí aimsire, go mbíonn tosca riosca éagsúla ann don iascaireacht maidir leis na dálaí oibre agus maireachtála ar gá iad a chur ar fáil ar bord;

22.  á mheabhrú na céimeanna a glacadh ar bhonn idirnáisiúnta, go hairithe faoi Phrótacal Torremolinos (1993) agus faoi Chomhaontú Cape Town (2012) chun Coinbhinsiún Torremolinos (1977) a leasú agus a fheabhsú, coinbhinsiún a bunaíodh chun aghaidh a thabhairt ar an tsábháilteacht ar bord soithí iascaireachta, agus á chur i bhfios, ainneoin laghdú 2012 ar na ceanglais, nár cuireadh an Coinbhinsiún sin i bhfeidhm go fóill, agus ag tathant ar na Ballstáit uile a bhfuil Coinbhinsiún Torremolinos fós le daingniú acu an méid sin a dhéanamh; á mheabhrú go ndearnadh an Prótacal a thrasuí i reachtaíocht AE trí Threoir 97/70/CE ón gComhairle lena ndéantar córas comhchuibhithe a chur ar bun le haghaidh soithí iascaireachta 24 mhéadar ar fad nó níos mó(12);

23.  á chur in iúl gur geal léi bunú Treoirlínte Deonacha IMO 2005 maidir le Dearadh, Tógáil agus Trealmhú Soithí Beaga Iascaireachta, á chur i bhfios áfach, ó tharla nach bhfuil iontu ach treoirlínte deonacha gur mar threoir, amháin a d’fhéadfaidís feidhmiú, agus nach bhfuil aon oibleagáid dhlíthiúil nó caighdeánú norm bunúsach infheidhme maidir le soithí iascaireachta beaga cósta; á chur i bhfáth go bhfuil forálacha glactha ag roinnt Ballstát maidir le tógáil agus sábháilteacht soithí iascaireachta beaga agus na ndálaí maireachtála ar bord, agus á mholadh go ndéanfaí na rialacha sin a chomhchuibhiú ar leibhéal AE;

24.  á mheabhrú gurb é sprioc CBI ar deireadh thiar gníomhaíochtaí iascaireachta a dhéanamh inbhuanaithe ar bhonn sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíochta; á chur i bhfáth go bhfuil feabhsú chaighdeáin mhaireachtála na n-iascairí mar aon le dálaí oibre agus sábháilteachta níos fearr, ar cheann de na gnéithe chun fostaíocht agus forbairt na bpobal cósta a chur chun cinn, daoine óga a mhealladh agus an athnuachan glúine a bhaint amach atá fíor-riachtanach chun go dtiocfaidh an ghníomhaíocht seo slán, ar gníomhaíocht í a sholáthraíonn bia sláintiúil freisin;

25.  á thabhairt chun suntais, ach aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí reatha go rathúil, amhail an leathnú ar an táirgeadh fuinnimh amach ón gcósta, cur chun feidhme éifeachtach limistéar cosanta muirí agus an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go hiomlán, go bhféadfadh baint a bheith ag an méid sin le glúnta óga a tharraingt ar an earnáil; ag tathant ar na Ballstáit cistiú AE a leithdháileadh chun tacú le fostaíocht, iascaireacht inbhuanaithe a chur chun cinn agus comhionannas inscne a chur chun cinn sa tionscal;

26.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na caighdeáin sábháilteachta, oibre agus maireachtála is fearr is féidir i bhfeidhm ar shoithí iascaireachta, is cuma cén méid iad;

27.  á mheabhrú do na Ballstáit gurbh é 15 Samhain 2019 an sprioc a leagadh amach chun Treoir (AE) 2017/159, a ionchorpraíonn Coinbhinsiún 188 EIS (ILO C 188) i gcreat dlíthiúil an Aontais, a thrasuí; á mheabhrú, ag cur san áireamh an líon mór iascairí féinfhostaithe atá san Aontas agus, ó tharla nach bhfuil a bhformhór á gcumhdach ag an treoir, gur den riachtanas é go ndéanfadh na Ballstáit ILO C 188 a dhaingniú chun iomaíocht chothom i measc na n-iascairí uile a áirithiú;

28.  á iarraidh ar na Ballstáit ILO C 188 a dhaingniú ar bhonn práinne chun cothroime iomaíochta a áirithiú i measc cuideachtaí iascaireachta ar fud an domhain, agus gné láidir idirnáisiúnta earnáil na hiascaireachta á cur san áireamh go háirithe; ag tathant ar na Ballstáit na hacmhainní riachtanacha a chur ar fáil chun go ndéanfar é a thrasuí sa reachtaíocht náisiúnta agus a chur i bhfeidhm go héifeachtach agus, i gcás inarb iomchuí, feidhmeanna cigireachta agus eisiúna doiciméad a tharmligean do chuideachtaí aicmiúcháin, agus na fadhbanna reatha le comhordú na bhfeidhmeanna sin i dtíortha airithe á gcur san áireamh;

29.  ag tathant ar an gCoimisiún togra le haghaidh treoir tionlacain a chur i láthair a luaithe is féidir, maidir le forálacha rialaithe agus forfheidhmithe, amhail a rinneadh i gcás na hearnála iompair muirí, chun córas cigireachtaí comhchuibhithe a bhunú;

30.  á chur i bhfáth go gcaithfear a chur san áireamh agus na sásraí leasa shóisialta á gceapadh gur obair chrua a dhéanann iascairí, mar shampla tríd an gceart dul ar scor níos luaithe ná an gnáthoibrí gan pionósú a fhulaingt mar gheall air a ráthú;

31.  á chur in iúl gur geal léi go ndéanfaidh an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMID), ciste nua, ranníocaíocht shuntasach d’fheabhsú na ndálaí oibre, maireachtála agus sábháilteachta ar shoithí an Aontais, agus d’fheabhsú na ndálaí sin gan cur lena n-acmhainn iascaireachta, agus aird ar leith á tabhairt ar shoithí iascaireachta cósta ar mhionscála; á chur i bhfáth go rannchuidíonn CEMID le hinbhuanaitheacht na n-iascach agus an gheilleagair ghoirm, é ag rannchuidiú le cur chun feidhme Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 de chuid NA;

32.  á iarraidh go ndéanfar cuspóirí sóisialta uileghabhálacha a ionchuimsiú sa Chomhbheartas Iascaireachta i gcomhthráth le cuspóirí comhshaoil, agus á admháil go bhfuil dea-bhail na n-oibrithe ar bord soithí iascaireachta riachtanach do thodhchaí an tionscail;

33.  á chur i bhfios go láidir an neamhréitigh ghlansoiléir idir CBI agus na ceanglais a leagtar amach sa reachtaíocht shóisialta amhail ILO C 188, arna thrasuí isteach i reachtaíocht AE le Treoir (AE) 2017/159; á chur i bhfáth, de réir na dtéacsanna dlíthiúla sin, go bhfuil ceanglas ann maidir le breis spáis ar bord, ar bhonn éigeantach i gcás soithí 24 mhéadar ar fad nó níos mó, cé go gcoisctear ar thionscal na hiascaireachta an spás ar bord a mhéadú; á thabhairt chun suntais an neamhréitigh idir an riachtanas go n-urramódh na Ballstáit do na caighdeáin a leagtar amach in ILO C 188 agus rialacha CBI a dhéanann dodhéanta é an oibleagáid a chomhlíonadh; ag tathant ar an gCoimisiún foirmlí eile a shainaithint chun acmhainneacht iascaireachta a thomhas, i gcomhthéacs CEMID, agus á athdhearbhú gur cheart méadú ar olltonnáiste soithí a cheadú i gcás ia bhfuil na toirteanna breise ann mar fhreagra ar an ngá le sábháilteacht agus compord na gcriúnna a fheabhsú agus gur cheart go mbeadh na hoibríochtaí sin i dteideal cistiú; ag cur béim ar an bhfíoras, maidir leis an spás ar bord le haghaidh cistine, cábán, leithreas nó ionaid scíthe, nach mbeadh aon bhaint aige le cumas an tsoithigh éisc a aimsiú, a ghabháil nó a stóráil, agus dá réir sin, leis an acmhainneacht iascaireachta;

34.  á mheabhrú gurb é 23 bliana aois na long, ar meán, sa chabhlach Eorpach, agus i gcás soithí beaga go bhféadfadh sí a bheith os cionn 40 bliain; á thabhairt chun suntais gur cheart straitéis a chuimsiú in CEMID amach anseo chun an cabhlach a nuachóiriú gan cur leis an acmhainneacht iascaireachta;

35.  á áitiú thairis sin, go bhfuil gá le faireachán rialta agus faisnéis chórasach staidrimh arna comhchuibhiú ar leibhéal AE maidir le teagmhais agus tionóiscí a bhaineann le soithí nach gcumhdaítear faoi Threoir 2009/18/CE, mar gan faireachán a dhéanamh ar na hathruithe sna figiúirí sin agus na hathruithe a mheas, de réir limistéir gheografacha, cabhlaigh agus trealamh iascaireachta in úsáid, ní bheifear in ann teacht ar réitigh faoina bhféadfaí feabhsú a dhéanamh agus líon na dtionóiscí sin a laghdú agus a chosc, go háirithe i soithí iascaireachta áitiúla agus cósta;

36.  á mholadh, sa chomhthéacs sin, go smaoineodh an Coimisiún ar chur le misean na Gníomhaireachta Eorpaí um Shábháilteacht Mhuirí, agus an acmhainn bhreise a thabhairt dó chun an faireachán sin a dhéanamh agus faisnéis ina thaobh a chur i láthair ar bhonn rialta;

37.  á chreidiúint, thairis sin, go mbeidh dálaí eile riachtanach chun go leanfar de ghníomhaireacht na hiascaireachta agus chun a chinntiú go leanfaidh glúnta nua san earnáil, lena n-áirítear trí infheistíocht a dhéanamh i nuachóiriú bhonneagar na gcalafort;

Oiliúint níos fearr agus a áirithiú go dtabharfar aitheantas don oiliúint ar leibhéal an Aontais

38.  á chur i bhfáth gur cosúil gur ligeadh tuarascáil Bénodet i ndearmad, tuarascáil inar sainaithníodh na fadhbanna maidir le heaspa spéise daoine óga san iascaireacht agus inar caitheadh solas ar a éagsúla agus a chasta atá na córais oiliúna agus deimhnithe d’iascairí sna Ballstáit, agus nach ndearnadh aon dul chun cinn suntasach ina leith fiche bliain dá éis; á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhchuibhiú agus cineálcheadú na gceanglas agus nósanna imeachta oiliúna loingseoireachta agus iascaireachta ar leibhéal AE, chomh maith le nósanna imeachta agus ceanglais bhordála;

39.  á chur i bhfios go bhfuil an ghluaiseacht oibrithe idir Ballstáit agus ó thríú tíortha chuig an Aontas, go fiú, ag dul i méid agus go bhfuil an easpa caighdeánaithe sna córais oiliúna agus deimhnithe d’iascairí ina bhac i gcónaí ar aon athnuachan glúine ar an bhfórsa saothair sna hiascaigh a d’fhéadfadh tarlú dá thoradh; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé na córais sin a chineálcheadú sin ar leibhéal AE agus iad a ailíniú le ceanglais Choinbhinsiúin STCW agus STCW-F;

40.  á chur i bhfáth go mbaineann an staid sin go follasach ó shaorghluaiseacht daoine, atá ina bhunphrionsabal den Aontas, mar a léirítear in an-chuid forálacha conarthaí;

41.  á chur i bhfios, fiú má tá teastais saothair a aithnítear i réimse na hiascaireachta ag iascaire ó thír neamh-AE, gur deacair do Bhallstát a chur ar chumas an duine sin an obair chéanna a fháil i mBallstát eile;

42.  á chur i bhfáth go ndearnadh an-dul chun cinn i dtreo aitheantas idirnáisiúnta don oiliúint i réimsí eile den ghníomhaíocht mhuirí, idir réimsí áineasa agus ghairmiúla, is cuma cén tír ina bhfuarthas an oiliúint, agus nach bhfuil ag teastáil ach dlús a chur leis an gcomhar d’fhonn aitheantas a thabhairt don bhunoiliúint atá á cur ar fáil ag scoileanna nó institiúidí oideachais atá ina gcuid de chóras oideachais náisiúnta gach Ballstát nó tríú tír, ar córas oideachais é a dtugtar aitheantas idirnáisiúnta dó;

43.  ag tabhairt dá haire go bhfuil ronnt caighdeán bunúsach á mbunú ag IMO faoi Choinbhinsiún STCW-F 1995 maidir le dálaí oiliúna agus sábháilteachta, lena n-áirítear íoscheanglais in oiliúint sábháilteachta le haghaidh soithí iascaireachta den uile chineál agus den uile mhéid; á chur i bhfios go bhfuil an coinbhinsiún sin i bhfeidhm ó Mheán Fómhair 2012, ach nach bhfuil feidhm aige ach sna tíortha sin inar daingníodh é, amháin; ag tathant ar na Ballstáit uile a bhfuil an coinbhinsiún sin fós le daingniú acu déanamh amhlaidh;

44.  á mheabhrú go gcuirfidh comhaitheantas do cháilíochtaí agus teastais sábháilteachta muirí san Aontas le soghluaisteacht foirne agus go ndéanfar na gairmeacha muirí níos tarraingtí do ghlúnta óga; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nár cheart gur ró-ualaí airgeadais agus maorlathais a thiocfadh as aitheantas a thabhairt do theastais;

45.  ag tabhairt dá haire, cé go ndearna an tAontas Eorpach Prótacal Torremolinos 1993 a chur chun feidhme ina acquis trí Threoir 97/70/CE agus Coinbhinsiún 2007 maidir le hObair san Iascaireacht trí Threoir (AE) 2017/159, nár ghníomhaigh sé chomh gasta ná chomh fuinniúil céanna go dtí seo maidir le hoiliúint sábháilteachta; á mheabhrú go raibh Cinneadh (AE) 2015/799(13) lena n-údaraítear do na Ballstáit a bheith ina bpáirtithe in STCW-F nó aontú dó, gan éifeacht, ó tharla rátaí ísle daingniúcháin agus aontachais i measc na mBallstát i gcónaí; á mheabhrú go leagtar d’oibleagáid ar na Ballstáit le Treoir (AE) 2017/159 reachtaíocht a ghlacadh maidir le hoiliúint agus teastasú iascairí; á chur i bhfáth dá bhrí sin gur cheart go rachadh an reachtaíocht Aontais maidir le hoiliúint sábháilteachta d’iascairí níos faide ná a bhfuil leagtha síos in STCW-F trí chaighdeáin a thionscnamh maidir leis na soithí iascaireachta uile atá níos lú ná 24 mhéadar ar fad freisin, tromlach chabhlach iascaireachta an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur i láthair le haghaidh treoir lena ndéantar STCW-F a thrasuí in acquis an Aontais chun cur chun feidhme na n-íoschaighdeán maidir le sábháilteacht ar muir a áirithiú i réimse na hiascaireachta a thabhairt chun críche i ndlí an Aontais, ar íoschaighdeáin iad atá comhaontaithe go hidirnáisiúnta;

46.  á chur i bhfios gur bonn fiúntach iad eolas praiticiúil agus taithí phraiticiúil oibre a fháil agus iad bailí i gcónaí maidir le hoiliúint iascairí i roinnt de na Ballstáit, ach gurb é an teastasú foirmiúil faoina n-aithnítear fiúntas na taithí praiticiúla freisin, an t-aon tslí le háirithiú go bhfuil an t-eolas riachtanach á aithint go hiomchuí; ag tabhairt dá haire maidir le teastasú foirmiúil, go gcuireann sé le stádas pearsanta na n-iascairí agus gur aitheantas sóisialta é don ghairm sin freisin;

47.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rochtain chothrom agus chuimsitheach a thabhairt d’oibrithe in earnáil an iascaigh, go háirithe daoine óga agus daoine a bhfuil suim acu san obair sin, ar chomhairleoireacht, intéirneachtaí ardcháilíochta, agus gairmoideachas agus gairmoiliúint, rud a chuirfidh ar a gcumas iad féin a chur in oiriúint do threochtaí nua sa mhargadh amhail bia orgánach, slabhraí soláthair gairide, sainturasóireacht, agus táirgí áitiúla a dhíol agus a chur chun cinn leis na teicneolaíochtaí nua; á dhearbhú go bhfuil oideachas agus oiliúint iomchuí agus shonrach ríthábhachtach chun daoine óga a spreagadh chun gníomhaíochtaí agus traidisiúin iascaireachta cósta a bhuanú;

48.  ag spreagadh go gcruthófaí comhlachas d’iascairí óga Eorpacha chun athnuachan glúine earnáil an iascaigh a chur chun cinn agus chun ionadaíocht a dhéanamh ar iascairí óga agus a n-eagraíochtaí ar fud an Aontais Eorpaigh agus iad a thabhairt le chéile; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le hacmhainní buiséadacha a shlógadh d’fhonn tionscadail a chur chun feidhme chun an méid sin a bhaint amach;

49.  ag tabhairt dá haire, ainneoin cistiú ón Aontas a bheith á infheistiú i bhforais teagaisc agus scoileanna a thugann ardchúrsaí gairmoiliúna agus teastasú sa gheilleagar gorm, go mbíonn deacrachtaí ag an earnáil ghníomhaíochta Eorpach is sine, iascaigh, tabhairt ar na forais sin glacadh léi, seachas faoi chláir oideachais nó oiliúna réigiúnacha nó náisiúnta, gan aitheantas Eorpach ar an oideachas a fuarthas; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé dul i dtreo caighdeánú agus cineálcheadú maidir le hoiliúint iascaigh san Aontas agus comhar idir na Ballstáit; i bhfách, chuige sin, le lánúsáid a dhéanamh d’acmhainní CEMID agus Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+);

50.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil Ciste Sóisialta na hEorpa (CSE) in úsáid go forleathan chun limistéir chósta agus tuaithe a athbheochan; á mheabhrú go mba cheart tacaíocht a thabhairt d’iascairí leanúint dá ngairm ar tír sa chás nach mbeidís in ann a bheith ag obair ar muir a thuilleadh, ar chúiseanna sláinte, athruithe ar mhargadh an tsaothair nó cúinsí eile; á chreidiúint go mba cheart do chistí AE, CSE go háirithe, tacaíocht a thabhairt dá n-aistriú gairmiúil rianúil, lena n-áirítear tríd an bhfoghlaim ar feadh an tsaoil;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit boinn chomónta a bhunú i gcomhair córas caighdeánach oiliúna agus deimhniúcháin do na catagóirí éagsúla iascairí, faoina gcumasófaí mearaitheantas ar leibhéal na hEorpa don deimhniú a fuarthas i mBallstát ar leith; á mheas go mba cheart nós imeachta a bheith san áireamh ansin maidir le haitheantas do theastais a fuarthas lasmuigh den Aontas, ar nós imeachta é a bheadh ag teacht leis an gcóras Eorpach d’aitheantas oiliúna, rud a d’éascódh gluaiseacht iascairí laistigh den Aontas;

52.  ag tabhairt dá haire nach mbunaítear leibhéal caighdeánach oiliúna agus deimhniúcháin le haghaidh na n-iascairí uile le Treoir 2005/36/CE(14) maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint, agus go bhfuil sí ina bac ar ghluaiseacht iascairí idir na Ballstáit; á mheabhrú, cé go ndearna an tAontas rialacha sonracha, éagsúla a thionscnamh maidir le haitheantas do dheimhnithe inniúlachta maraithe, bunaithe ar Choinbhinsiún STCW, nár mhol an Coimisiún rialacha sonracha go fóill mar a fhoráiltear sa Choinbhinsiún STCW-F maidir le haitheantas do dheimhnithe inniúlachta maraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún dá bhrí sin, bearta sonracha a mholadh le haghaidh aitheantas do dheimhnithe inniúlachta iascairí i gcomhréir le forálacha Choinbhinsiún STCW-F, ní hamháin le haghaidh iascairí Eorpacha ach le haghaidh saoránaigh tíortha neamh-AE freisin, ar tíortha iad a bhfuil STCW-F daingnithe acu nó a d’aontaigh dó;

53.  á chur i bhfios, ainneoin gurb é aidhm CEMID rannchuidiú chun CBI a chur chun feidhme go hiomlán, go gcaithfear oiliúint iomchuí a chur ar iascairí agus an oiliúint sin a dheimhniú chun an sprioc sin a bhaint amach, rud a éilíonn go gcuirfí sciar den chistiú i leataobh chun iascairí reatha, agus iascairí a bheidh ag teacht isteach, a oiliúint agus a dheimhniú; ag cur béim ar an bhfíoras gur chuir an t-ualach riaracháin a ceanglaíodh de bharr CEMI sriantachtaí ar úsáid na gcistí don oiliúint, d’oiliúint iascairí ar mhionscála go háirithe, agus go mbeidh ar CEMID nua na deacrachtaí sin a shárú chun cion éifeachtach a dhéanamh ar son oiliúint chriúnna;

54.  á thabhairt chun suntais go gcaithfear a áirithiú go ndéantar an buiséad beacht a d’úsáid gach Ballstát ar leith chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais réigiúnacha ó thaobh oideachais, oiliúna, fostaíochta agus ionchuimsitheachta a shonrú sna sonraí CEMID agus CSE+ i ndáil le cur i gcrích;

55.  á chur i bhfios, cé go bhfuil ag méadú i gcónaí ar na ceanglais a chaithfear a chomhlíonadh chun a bheith ag obair ar bord loinge, nach bhfuil mórán ann faoi oiliúint, rud a fhágann go mbíonn soithí ina suí uaireanta óir caithfidh an criú freastal ar oiliúint éigeantach ar tír mór; á iarraidh ar AE cuidiú chun cúrsaí oiliúna a chomhchuibhiú agus é a dhéanamh níos fusa laethanta oiliúna a dhéanamh ar bord trí chúrsaí cianfhoghlama a chur chun cinn le teicneolaíochtaí nua;

56.  á chur i bhfáth go mbíonn eolas agus nuáil riachtanach chun a áirithiú go mbeidh earnáil an iascaigh ag fás ar bhealach cliste, athléimneach agus inbhuanaithe;

57.  á chur i bhfios, ag cur san áireamh na bpost nua a d’fhéadfadh a bheith á gcruthú ag an ngeilleagar gorm, an geilleagar ciorclach agus turasóireacht iascaireachta agus ghastranómach, gur den chiall é gairmoiliúint thuarthach a fhorbairt i leith na ngairmeacha nua sin agus i leith riachtanais oillúna na n-earnálacha sin, amhail a moladh i gcás earnáil an chabhlaigh;

Comhionannas ó thaobh inscne a áirithiú sa rochtain agus san fhostaíocht san earnáil seo

58.  á chur i bhfios, ainneoin go léirítear sna sonraí staidrimh atá ar fáil nach ionann mná ach 12 % díobh siúd atá fostaithe i ngníomhaíocht tháirgiúil iascaigh, gur mar fhiontair bheaga teaghlaigh go minic a oibrítear go leor soithí, soithí iascaireachta cósta ar mhionscála go háirithe, agus gur mná a chuireann an tacaíocht riachtanach lóistíochtúil agus riaracháin ar fad ar fáil, ar bhonn neamhfhoirmiúil, agus gur mná iad sin nach bhfuil ag plé go hoifigiúil le haon chineál eile fostaíochta;

59.  á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé a ráthú go mbeidh rochtain ag iascairí ar oiliúint agus deimhniú, maidir le fostaíocht shéasúrach agus pháirtaimseartha go háirithe;

60.  á chur i bhfios go bhfuil Ballstáit ann nach dtugann gníomhaíocht chuiditheach neamhfhoirmiúil den sórt sin aon tuarastal nó teidlíochtaí leasa shóisialta nó pinsin nó breoiteachta áit oibre do na mná lena mbaineann, agus dá ndéanfaí oibriú na soithí a chur ar fionraí nó ar stad sealadach nó dá gcuirfí deireadh leis, gurb iad an fórsa saothair a aithnítear go hoifigiúil, amháin, a bheadh i dteideal sochair leasa shóisialta, ionas go gcuirfí a thuilleadh leis na héagothromaíochtaí reatha d’oibrithe; á chur i bhfáth nár mhór do na Ballstáit obair na mban sin a ghairmiúlú go hiomlán trína ról a aithint agus iad a lápháirtiú i gcórais náisiúnta cosaint shóisialta;

61.  á chur i bhfios go láidir maidir le gníomhaíochtaí chun daoine óga a mhealladh chuig gníomhaíocht iascaigh, go gcaithfidh siad cothroime inscne a áirithiú agus ról na mban i dtionscal na hiascaireachta uile a bhreithniú, ó éisc a ghabháil go bainistiú soithí, go dobharshaothrú, margú agus próiseáil táirgí iascaigh, chomh maith lena ról san eolaíocht agus sa riarachán;

62.  á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnaimh a sheoladh chun obair na mban san iascach a aithint agus pá comhionann a áirithiú idir na hinscní; á mheabhrú go gceanglaíonn an straitéis comhionannais inscne do 2020-2025 go dtacóidh cistí ábhartha an Aontais le gníomhaíochtaí chun rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus cothromaíocht oibre is saoil na mban a chur chun cinn, infheistíochtaí i saoráidí cúraim a chur chun cinn, tacú le fiontraíocht na mban agus leithscaradh inscne a chomhrac;

63.  á chreidiúint nach bhfuil cúis ar bith le mná a eisiamh ón ngairm sin ná bac a chur lena rochtain uirthi, agus sin á thaispeáint ag líon na mball criú agus scipéirí ar shoithí oibre ar mná iad agus atá ag dul i méid; á thabhairt faoi deara ar an dea-uair go bhfuil roinnt comhlachas an-ghníomhach ann a dhéanann ionadaíocht ar mhná in earnáil an iascaigh, i gcomhairlí comhairleacha iascaigh AE go háirithe agus i gcomhlachais earnála;

64.  á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh comhlachais do mhná in earnáil an iascaigh i roinnt tíortha san Aontas; á iarraidh ar AE agus na Ballstáti tacú le cur chun cinn agus bunú comhlachas nua chun cur le feiceálacht na mban agus cúnamh a chur ar fáil dóibh;

65.  á chreidiúint, ainneoin gur ról neamhfhoirmiúil a bhíonn ag mná in earnáil an iascaigh go minic, go gcaithfear aitheantas eacnamaíoch agus sóisialta a thabhairt dóibh agus iad a íoc i gceart; á chur i bhfios go mbeidh faisnéis níos fearr maidir lena ngníomhaíochtaí agus beartais chun a stádas a fheabhsú agus a bpróifíl a ardú in chuidiú, ní hamháin chun a ndul chun cinn pearsanta agus sóisialta a fheabhsú, ach chun an mistéir a bhaint dá ról in earnáil an iascaigh;

66.  á mheas go gcuireann na rialacha tomhais reatha i dtaca le hacmhainn rochtain na mban ar an earnáil i mbaol, óir bíonn cábáin ar leith, leithris agus cithfholcadáin ar leith ag teastáil chun a bpríobháideacht agus a ndea-bhail a ráthú;

67.  ag tathant ar an gCoimisiún agus na Ballstáit bearta a chur chun feidhme chun cáilíochtaí na mban a bhíonn ag plé leis an ngeilleagar gorm, le hiascaigh, sliogéisc, dobharshaothrú agus cannadóireacht go háirithe, a fheabhsú agus aitheantas oifigiúil dá gcion oibre i slabhra soláthair thionscal na mara a chur chun cinn; á mheas go bhfuil sé riachtanach thairis sin a áirithiú go ndéanfar ranníocaíocht shuntasach le cistiú CEMID faoi chuimsiú chreat 2021-2017 agus níos faide anonn le haghaidh cóir chothrom do mhná in earnáil an iascaigh mhuirí, ar ranníocaíocht í a chuirfí i leataobh go háirithe i gcomhair bearta chun a gcuid dálaí maireachtála, oibre agus sábháilteachta ar bord soithí iascaireachta a fheabhsú, agus a áirithiú go ndéanfar na hathruithe riachtanacha chuige sin;

Gníomhaíocht ghairmiúil iascaireachta a chur chun cinn, mar aon le hathnuachan glúine san earnáil

68.  á mheabhrú nach bhfuil ach 6 % de na gabhálacha éisc ar domhan arb é an tAontas Eorpach, an margadh aonair is mó maidir le táirgí iascaigh, faoi deara iad agus go mbíonn sé ag brath go mór ar allmhairí éisc agus allmhairí an dobharshaothraithe ó thíortha neamh-AE; á chur i bhfios go ngineann cuideachtaí agus soithí in úinéireacht Eorpach cion de na hallmhairí sin;

69.  á chur i bhfios go bhfuil caighdeáin CBI ar na caighdeáin is déine agus go gcuireann siad go suntasach leis an inbhuanaitheacht chomhshaoil, eacnamaíochta agus shóisialta agus cé go bhféadfaí an scéal a fheabhsú fós, go bhfuil an dul chun cinn atá déanta le fiche nó tríocha bliain anuas ina léiriú ar na féidearthachtaí sna cúrsaí sin, agus é ina chuidiú le hinbhuanaitheacht na stoc éisc agus na ngnáthóg éisc de pháirt amháin, agus le méadú ar thuilleamh iascairí agus úinéirí long den pháirt eile;

70.  á thabhairt chun suntais go bhfuil ríthábhacht le hardchaighdeáin a chur chun cinn maidir le hinbhuanaitheacht chomhshaoil agus shóisialta earnáil an iascaigh, mar aon le tosca eile, chun glúin nua iascairí a mhealladh agus cobhsaíocht eacnamaíoch fhadtéarmach a sholáthar don earnáil;

71.  á iarraidh go bhféachfaidh AE an fiú bearta amhail sceireacha saorga a leagan, ina limistéir eacnamaíocha eisiacha, chun an bheatha mhuirí a chosaint;

72.  á chur i bhfáth go bhfuil an titim leanúnach i dtacaíocht AE don earnáil faoi chreata airgeadais ilbhliantúla i ndiaidh a chéile, agus go mór mór an gearradh siar sa chistiú a thacaíonn le hearnáil an iascaigh agus Comheagrú na Margaí, go bhfuil an méid sin ar na tosca le cúrsaí a bheith ag dul in olcas san earnáil; á athdhearbhú, dá bhrí sin, nár mhór dlús a chur le tacaíocht airgeadais AE d’earnáil an iascaigh;

73.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit an ghníomhaíocht a ghlacadh atá riachtanach chun córais agus modhanna tacaíochta, lena n-áirítear cistiú, a chothabháil agus a threisiú chun comhchruinniú soláthair a chur chun cinn, lena n-áirítear trí thacaíocht iarbhír a chur ar fáil le haghaidh bunú agus feidhmiú eagraíochtaí táirgeoirí, maidir le hiascaireacht chósta mhionscála agus cheardaíochta go háirithe;

74.  á chur i bhfáth go gcaithfidh na cláir oibríochtaí na heagraíochtaí táirgeoirí a spreagadh – tríd an tacaíocht airgeadais riachtanach a chur ar fáil – chun a dtáirgí a mhargú go díreach, ag obair laistigh den slabhra luacha, slí chun cur le luach a dtáirgeachta agus borradh a chur faoi bhreisluach táirgí iascaigh;

75.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ag obair i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, sásraí tacaíochta a bhunú agus a chur chun feidhme le haghaidh iascaigh mhionscála, cheardaíochta agus chósta a chuirfidh ar a gcumas dul i ngleic leis na fadhbanna sonracha sa chuid sin den earnáil;

76.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé margaí baile a chur ar bun le haghaidh táirgí traidisiúnta ardcháilíochta, agus aontaí, gnólachtaí beaga agus an tionscal lónadóireachta ag tacú leo, óir chuirfeadh an méid sin le breisluach táirgí áitiúla agus dhéanfaí an fhorbairt áitiúil a chur chun cinn;

77.  á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an mbeadh bealaí níos fearr ann chun margú táirgí próiseáilte iascaigh a mbeadh breisluach níos airde acu a chur chun cinn, lena n-áirítear táirgí cannaithe, ag leanúint sampla táirgí talmhaíochta áirithe, agus cláir le haghaidh cur chun cinn seachtrach a dhéanamh ar tháirgí iascaigh AE, lena n-áirítear iad a chur i láthair ag taispeántais agus aontaí idirnáisiúnta;

78.  á chur i bhfios go bhfuil earnáil an iascaigh ríthábhachtach don staid shocheacnamaíoch, d’fhostaíocht agus don chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn sna réigúin is forimeallaí, ar réigiúin iad a ndéanann buansriantachtaí struchtúrtha difear dá ngeilleagair agus gan mórán féidearthachtaí acu maidir le héagsúlú eacnamaíoch; á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach, dá bhrí sin, go leanfaí de thacaíocht AE d’earnáil an iascaigh sna réigiúin sin agus go gcuirfí dlús léi, d’fhonn, go háirithe, fritháireamh a dhéanamh ar chostais bhreise na hiargúltachta nuair a bhíonn táirgí áirithe iascaigh ó chuid de na réigúin is forimeallaí á ndíol; ag tabhairt dá haire na ngnéithe sonracha de shlabhraí luacha earnáil an iascaigh sna réigúin is forimeallaí agus í suite de go bhfuil tacaíocht speisialta riachtanach chun iad a neartú agus rochtain ar mhargaí a éascú, aidhm a d’fhéadfaí a bhaint amach ní hamháin trí chlár roghanna a athbhunú a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus oileánacht (POSEI) maidir le hiascaigh ach freisin trí scéim POSEI a bhunú maidir le hiompar agus í dírithe ar bhealaí trádála ar leith a chur ar bun agus a oibriú;

79.  á chur i bhfáth gur den riachtanas é leanúnachas na gníomhaíochta iascaireachta, an athnuachan glúine agus breis aitheantais shóisialta a áirithiú don earnáil seo, agus a thábhachtaí atá sí don soláthar inbhuanaithe bia shláintiúil d’Eorpaigh, ar bia é a thagann ó ghnáthóga atá slán ó thaobh an chomhshaoil de;

80.  á chur i bhfáth go ndéanann iascairí cion suntasach maidir le heolas eolaíoch a chur ar aghaidh tríd an mbaint dhíreach atá acu le sonraí iascaireachta a bhailiú agus trína gcomhoibriú leis an eolaíocht agus faisnéis bhreise á cur ar fáil acu maidir le staid na timpeallachta muirí, na speiceas agus na ngnáthóg muirí agus maidir lena gcaomhnú chun críoch eolaíochta;

81.  ag tabhairt dá haire go bhféadfadh oiliúint d’iascairí ról tábhachtach a imirt maidir le leanúint den rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí iascaireachta agus de rannchuidiú na ngníomhaíochtaí iascaireachta le cosaint an dúlra, agus tacú le teicnící iascaireachta níos inbhuanaithe a chur chun feidhme agus a úsáid, i gcomhréir le cuspóirí CBI maidir le saothrú inbhuanaithe acmhainní;

82.  á chur i bhfios go bhfuil forbairt taighde mhuirí agus acmhainneacht don nuáil sna réigúin is forimeallaí fíor-riachtanach maidir le fás an gheilleagair ghoirm sna réigiúin sin a bhrú chun cinn; á rá, thairis sin, ach borradh a chur faoina rannpháirtíocht i líonraí taighde idirnáisiúnta a mbíonn a n-ollscoileanna bainteach leo agus cur amach acu ar a saintréithe uathúla, go bhféadfaí cuidiú leis na réigúin is forimeallaí a gcórais nuálaíochta a fheabhsú agus fostaíocht a chruthú; ag tathant ar an gCoimisiún iarracht a dhéanamh na réigiúin sin a threalmhú chun go mbeidh ar a gcumas staidéar a dhéanamh ar a mbithéagsúlacht agus í a chur chun tairbhe go héifeachtúil;

83.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sprioc chomhbheartais iascaigh ann maidir le hiascaireacht roghnaitheach agus sprioc AE maidir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais an dul chun cinn i dtreo cabhlach cuitéar ar bheagán astaíochtaí agus teicnící iascaireachta nuálacha a rannchuidíonn le sprioc 2050 agus cuspóir na roghnaitheachta araon a bhiant amach; á iarraidh ar an gCoimisiún na forbairtí sin a spreagadh agus tosaíocht a thabhairt dóibh chun go mbeidh dóchas ann don earnáil a bhuíochas don nuálaíocht;

84.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an longthógáil á forbairt i gcomhar le cur chuige eolaíoch na dtrí nialas: astaíochtaí nialasacha, fuíoll nialasach, gan aon timpistí ar bord, ina spreagadh chun athrú a dhéanamh ar dhearadh soithí na gcabhlach Eorpach, lena n-áirítear cabhlaigh iascaireachta cheardaíochta, agus dul i dtreo cur chuige níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe seachas cur chuige eacnamaíoch den chuid is mó;

85.  á thabhairt faoi deara, ach an oiliúint cheart a chur orthu agus scileanna sonracha a thabhairt dóibh, go bhféadfadh iascairí a thuilleadh fós a dhéanamh ar son eolas eolaíoch a chur ar aghaidh trí shonraí comhshaoil a bhailiú agus a chlárú in situ agus fíorú a sholáthar ar an méid a fhaightear trí chianfhaireachán ó shaitilítí agus gléasanna eile; á chur i bhfáth go mbíonn ról tábhachtach á imirt ag ollscoileanna agus lárionaid taighde mhuirí, i gcomhar le scoileanna muirí, maidir le hoiliúint a chur ar iascairí chun freastal ar an riachtanas sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur fheidhmigh cabhlach AE in 2019, cabhlach a raibh breis is 81 000 soitheach iascaireachta den uile mhéid ann, gur fheidhmigh sé mar a bheadh líon dosháraithe ardán ann trína rabhthas de shíor ag bailiú sonraí iascaireachta agus sonraí muirí eile ar bhonn laethúil, beagnach; ag tabhairt dá haire gur saoráid í ar féidir agus ar cheart a úsáid, le dreasuithe iomchuí chuige sin, chun a thuilleadh sonraí fós a bhailiú maidir le farraigí na hEorpa agus an daomhain; ag tathant ar chomhlachtaí comhairleacha oifigúla na n-iascach eolaíochta, amhail an Chomhairle Idirnáisiúnta um Thaiscéalaíocht na Mara (CITM) a thuilleadh úsáide a dhéanamh de na sonraí a bhailigh cabhlach AE;

86.  á chur i bhfios ach daoine óga a bheith bainteach leis, agus leis an athnuachan glúine, ní hamháin go n-áiritheofar leanúint na gníomhaíochta is sine den gheilleagar gorm, ach áiritheofar go mbeidh pobail i limistéir chósta freisin agus sna limistéir tuaithe mórthimpeall, ionas go ndéanfar oidhreacht chultúrtha lear mór pobal cósta a chaomhnú; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh na glúnta óga níos feasaí agus níos eolasaí maidir le ceisteanna inbhuanaitheachta, agus eolas nua acu, agus maidir lena riachtanaí atá sé go ndéanfadh gach duine a chion ar son dul i ngleic leis an athrú aeráide agus é a chomhrac, an rud is mó atá ag cur isteach ar an bhfarraige agus ar na limistéir chósta ar fud an phláinéid;

87.  á chreidiúint go mbeadh earnáil an iascaigh níos tarraingtí do bhreis daoine óga dá mbeadh sí nasctha agus á comhlánú le hearnálacha éiritheacha, an turasóireacht mar shampla; ag tathant ar na Ballstáit agus a réigiúin sa chomhthéacs sin, deireadh a chur leis an rómhaorlathas sa turasóireacht iascaireachta mar fhoinse ioncaim; á iarraidh thairis sin ar an gCoimisiún línte tacaíochta a chur chun cinn, faoi chuimsiú chláir reatha AE, chun oidhreacht inláimhsithe agus dholáimhsithe a bhaineann le gníomhaíochtaí muirí a athsholáthar, trína ndéanfar sainiúlacht na bpobal cósta agus a n-úsáid a fheabhsú don turasóireacht;

88.  ag tabhairt dá haire go bhfuil cosaint an chomhshaoil ina hábhar buartha atá ag dul i méid do dhaoine óga san Eoraip; á chur i bhfáth a thabháchtaí atá bainistiú inbhuanaithe na n-iascach chun iascairí óga a mhealladh; á iarraidh go ndéanfar iascaireacht bheagthionchair a chur chun cinn, ní hamháin mar bhealach chun laghdú ar thionchar na n-iascach ar an timpeallacht mhuirí ach freisin chun glúnta nua iascairí a mhealladh;

89.  á chur i bhfios go bhfuil acmhainn shuntasach nár baineadh leas aisti fós sa turasóireacht iascaireachta;

90.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iascairí a ionchuimsiú sa phleanáil spásúil mhuirí ar bhonn comhoibríoch agus pobalbhunaithe, le haghaidh forbairt inbhuanaithe agus cosaint an chomhshaoil mhuirí;

91.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an litearthacht aigéin, rud a chaithfeadh an litearthacht dhigiteach agus digitiú ghníomhaíochtaí iascaireachta a chur chun cinn; á chur i bhfáth, ainneoin scileanna feabhsaithe i measc úsáideoirí níos sine, go mbíonn feidhmchláir bogearraí níos fusa agus níos iomasaí do na glúnta óga nuair a bhíonn sonraí le bailiú agus le clárú faoin Rialachán nua maidir le Rialú ar Iascach, rialachán atá á athbhreithniú faoi láthair, nó nuair a bhíonn úsáid le baint as feidhmchláir agus trealaimh nua chun sábháilteacht, dálaí oibre agus folláine iascairí ar an bhfarraige a fheabhsú;

92.  á chur in iúl gur geal léi na hathruithe straitéiseacha in AE, go háirithe na haistrithe glasa agus digiteacha, aistrithe a chaithfeadh a bheith ag rannchuidiú chun na poist atá ann cheana a chosaint agus poist nua ardcháilíochta a chruthú i gcríocha a bhraitheann go mór ar an iascach agus ina gcuirfear dlús breise lena bhforbairt eacnamaíoch; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé slite beatha traidisiúnta in earnáil an iascaigh a choimirciú, agus aistriú cothromaithe a dhéanamh ionas nach gcaillfear breisluach na taithí atá faighte ag iascairí níos sine; ag tathant ar an gCoimisiún agus na Ballstáit córais foghlama ar feadh an tsaoil a bhunú chun scileanna a choinneáil cothrom le dáta agus deiseanna a chruthú do na cohóirt aoise uile;

93.  á chur i bhfios gur cuireadh le táirgiúlacht na n-iascairí agus lena meántuilleamh, a bhuíochas d’fheabhsuithe ar stádas caomhantais na stoc éisc, agus gur laghdaíodh ar an dé-ocsaíd charbóin agus ar astaíochtaí eile gás ceaptha teasa; ag tabhairt dá haire go bhfuil ag méadú i gcónaí ar an mbaint a bhíonn ag iascairí i mbailiú an bhruscair mhuirí ar fad, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do threalamh iascaireachta caillte nó tréigthe, agus go mba cheart an cion sin a dhéanann siad ar son na héiceolaíochta a aithint agus a spreagadh; á chur i bhfáth sa mhéid sin go bhféadfaí smaoineamh ar thacú le gníomhaíochtaí agus sruthanna ioncaim forlíontacha nua a chruthú ar gníomhaíochtaí agus sruthanna iad a bhaineann le bruscar muirí a bheith á bhailiú agus le cur chun feidhme straitéis na hEorpa maidir le plaistigh i ngeilleagar ciorclach;

94.  á chur i bhfáth gurb í bainistíocht inbhuanaithe na stoc éisc agus cuótaí éisc a shocrú i gcomhréir leis an gcuspóir faoina ndéanfar na stoic éisc a athchur agus a chothabháil os cionn na leibhéal bithmhaise a thabharfadh an t-uastáirgeadh inbhuanaithe, gurb í sin is tábhachtaí maidir le timpeallacht eacnamaíochta a chruthú ina mbeidh daoine óga muiníneach a ndóthain chun na hinfheistíochtaí a dhéanamh a cheanglaítear a dhéanamh chun a bheith ina n-iascairí;

95.  á chur i bhfáth gur den riachtanas é go ndéanfadh na Ballstáit na dreasachtaí eacnamaíocha agus an bonneagar calafoirt a bhunú a bheidh ag teastáil chun an fuíoll agus an plaisteach a bheidh pioctha suas ag iascairí óga a bhailiú agus a athchúrsáil i gceart, ar fuíoll é a d’fheadfadh a chur ar a gcumas airgead a thuilleamh de bhreis ar a bpríomhghníomhaíocht;

96.  á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ar an gComhbheartas Iascaigh, critéir maidir le haois a úsáid freisin agus na deiseanna iascaireachta atá ar fáil dóibh á leithdháileadh;

97.  á chur in iúl gur geal léi go gcuirfidh CEMID nua 2021-2027 cuidiú agus tacaíocht ar fáil le haghaidh iascairí óga atá i mbun a gcéad soitheach nó fiontar iascaireachta a cheannach; á chur i bhfáth go bhfuil sé riachtanch daoine óga a mhealladh, ní hamháin chuig gníomhaíochtaí iascaireachta farraige, ach chomh maith leis sin chuig bainistíocht fiontar iascaireachta agus dobharshaothraithe, chun an athnuachan glúine a áirithiú ar fud na hearnála uile; á iarraidh ar na Ballstáit an athnuachan sin a chur chun cinn trí bhacainní a bhaint agus tacú le daoine ar mian leo tús a chur le gairm in earnáil an iascaigh agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna amhail an costas ard a bhaineann le gnó a thosú i dtús báire, na modhanna chun deiseanna iascaireachta a leithdháileadh, éagobhsaíocht ioncaim, comhionannas inscne agus éiginnteacht faoi ré gairme;

98.  á athdhearbhú gur riachtanas é, mar bhealach chun tuilleamh ón iascaireacht a chosaint, cúiteamh eacnamaíoch agus sóisialta iomchuí a chur ar fáil don earnáil agus dá hoibrithe, mar fhritháireamh ar na bearta caomhnaithe acmhainne a bheidh á bhforchur nó cúnamh sealadach staid chun críocha bainistiú acmhainne; á mholadh, chuige sin ,go dtacóidh CEMID le ciste cúitimh tuarastail a bhunú a chúiteoidh an tuilleamh ar fad a chailltear agus a chumhdaíonn tréimhsí neamh-iascaireachta agus go gcaithfear leis na tréimhsí sin mar am oibre iarbhír chun críocha pinsin scoir agus teidlíochtaí eile sochair shóisialta; ag tacú, thairis sin, le híostuarastal ráthaithe a bhunú;

99.  á iarraidh ar an gCoimisiun agus na Ballstáit tacú le hiarrachtaí chun idirphlé sóisialta a chur chun cinn idir na comhpháirtithe, a bhaineann leis an méid seo a leanas go hairithe: (a) oiliúint le haghaidh fiontraithe óga in earnáil an iascaigh; (b) uasdátú gairmiúil agus forbairt scileanna le haghaidh iascaigh inbhuanaithe; (c) cur leis an bhfeasacht faoi na dea-chleachtais iascaireachta; (d) sábháilteacht agus cosaint na beatha daonna ar muir (e) sláinte agus sábháilteacht na n-oibrithe ar bord;

100.  á chur i bhfios gur cheart infheistíocht in athnuachan glúine a bheith ina tosaíocht don AE i gcónaí, go bhfuil neamthuilleamaí maidir le bia ar na príomhbhuanna a bhaineann lenár gcomhthionscadal agus go bhfuil aosú na n-oibrithe in earnáil an iascaigh ina fhíor-riosca.

101.  á mheas gur cheart aird agus tacaíocht a dhíriú go háirithe ar iascaigh ar mhionscála, nach bhfuil chomh creachóireach céanna agus a d’fhéadfadh a bheith níos inbhuanaithe, ní hamháin ó thaobh bainistiú acmhainní bitheolaíocha de ach ó thaobh na socheacnamaíochta de freisin;

102.  á chur i bhfios maidir leis an athnuachan glúine ina mbeidh iontógáil iascairí dea-oilte a bheidh ar an eolas faoi na teicneolaíochtaí agus na nósanna imeachta is nua-aimseartha agus faoi shlite chun inbhuanaitheacht acmhainní a áirithiú, gur bealach atá ansin don Aontas freisin chun a chion a dhéanamh ar son na gluaiseachta domhanda chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscthe agus neamhrialáilte (iascaireacht NNN) a chomhrac, a laghdú agus a dhíothú;

103.  á mheas go mbeidh an athnuachan glúine agus éagsúlú gníomhaíochtaí ina dhúshlán i gcónaí agus gur cheart do CEMID céimeanna a ghlacadh chun an gharimoiliúint agus forbairt ghairme a chur chun cinn, agus cur le hioncaim agus slándáil fostaíochta;

104.  á chur i bhfios go bhfuil sé riachtanach íomhá na hearnála, lena n-áirítear ról na mban, agus dálaí oibre, maireachtála agus sábháilteachta ar bord a fheabhsú chun glúnta nua a mhealladh, agus go bhfeidhmíonn na deacrachtaí le haitheantas do theastais iascaireachta, na bacainní ar ghluaiseacht iascairí idir na Ballstáit agus an géarghá le hoibrithe san earnáil sin, gur tosca iad a fheidhmíonn mar spreagadh chun iascairí ó thíortha lasmuigh den Aontas a fhostú, ar iascairí iad a fhostaítear go mídhleathach i gcásanna áirithe;

105.  á mheas, i gcomhréir le tuairim Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ar ghné shóisialta na n-iascach, go bhfuil sé fíor-riachtanach prionsabail ghinearálta agus treoirlínte oibríochtúla a fhorbairt le haghaidh seirbhísí córa saothair in earnáil na hiascaireachta ó tá tábhacht le hiascairí neamh-Eorpacha chun leanúint den ghníomhaíocht san earnáil i réigiúin éagsúla; á chur i bhfáth i ndáil leis sin gur cheart don Choimisiún agus na Ballstáit na treoirlínte a chur chun cinn maidir le fostaíocht chuibhiúil iascairí imirceacha, ar treoirlínte iad a d’fhorbair na comhpháirtithe sóisialta in 2020 in earnáil an iascaigh;

106.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Chomhairle AE an beartas trádála a úsáid chun a áirithiú go mbeidh caighdeáin chomhchosúla chomhshaoil agus inbhuanaitheachta á gcur i bhfeidhm ar oibreoirí Eorpacha agus eachtrannacha araon, ionas gur do tháirgí comhlíontacha amháin a osclófar an margadh inmheánach; ag tabhairt dá haire dá ndéanfaí a mhalairt go mbeadh an teachtaireacht mhícheart á cur chuig an bpobal idirnáisiúnta ag AE, agus go mbeidís siúd á gcúiteamh a bhfuil a laghad is féidir déanta acu ar son inbhuanaitheacht na stoc éisc agus cóir chothrom d’iascairí;

107.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid na n-iascairí a gceiltear go praiticiúil ceart vótála orthu, lena n-áirítear i dtoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, mar go bhfuil siad ar an bhfarraige; ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh baill chriú ar saoránaigh AE iad agus atá ar an bhfarraige in ann, go praiticiúil, vóta a chaitheamh sna próisis toghchánacha éagsúla;

108.  ag tabhairt dá haire gur cosúil go mbeidh iascaigh chósta ar mhionscála in ann cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur ar fáil d’iascairí, agus ar an ábhar sin á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat rialála a chur chun cinn a chosnaíonn iascaigh ar mhionscála;

109.  á iarraidh go ndéanfar cláir nua comhtháthaithe shóisialta a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi na treoirthionscadail nua i limistéir chósta AE a bhfuil an OTI is lú per capita iontu, lena n-áirítear sna réigúin is forimeallaí;

110.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur leis an bhfeasacht phoiblí san Eoraip, go háirithe i measc na nglúnta níos óige, lena n-áirítear scoileanna agus gníomhaireachtaí cuardaigh post, maidir lena thábhachtaí atá gníomhaíochtaí iascaireachta mar dheis ghairme; á chur i bhfáth freisin a bhfuil déanta ag na hiascairí ar son an tsoláthair bia san Eoraip, ar son chosaint agus caomhnú na n-aigéan agus na beatha muirí, agus múnlú cultúir agus slí maireachtála na bpobal cósta agus deireadh a chur leis an réamhthuairim nach bhfuil sna hiascairí ach creachadóirí nach bhfuil ar a n-intinn ach acmhainní a shaothrú gan smaoineamh ar an am le teacht;

111.  á mheabhrú go gcomhlíonann cabhlaigh na hEorpa na caighdeáin is airde ar domhan ó thaobh sábháilteachta, dálaí oibre, jabanna scilte, cosaint an chomhsahoil agus bithéagsúlacht, agus an lorg comhshaoil á íoslaghdú acu tá a dtiomantas don tosaíocht sin léirithe acu, agus iad ag tacú agus ag cuidiú le forbairt teicneolaíochtaí rialaithe nua trína bheith ag oiriúnú de shíor do rialacháin nua éilitheacha, agus cé go bhfuil feabhsuithe fós ar siúl ar bheartais na hEorpa, gur chuir CBI an gá le bainistíocht speiceas ar bhonn eolaíochta san áireamh le fiche nó tríocha bliain anua;.

112.  á mholadh don Choimisiún i gcomhar leis an Ballstáit agus a réigiúin chósta, straitéis iomchuí a dhearadh chun iasc na hEorpa, mar aon le tacaíocht airgeadais iomchuí, lena n-áirítear le haghaidh speiceas a mbíonn éileamh níos lú orthu agus ar lú a luach tráchtála, d’fhonn cur lena luach agus, ag an am céanna comhchruinniú iarrachta a chosc i gcás speiceas a bhfuil luach níos airde acu agus ar mó an seans dá réir go ndéanfar ró-iascaireacht orthu;

113.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá infheistíocht bhreise i dtaighde, nuachóiriú agus nuáil a rachadh chun tairbhe iascairí óga agus pobal cósta;

114.  á thabhairt chun suntais a riachtanaí atá sé tacaíocht a thabhairt do dhícharbónú an chabhlaigh iascaigh, a bhraitheann 100% ar bhreoslaí iontaise faoi láthair, agus an dícharbónú a chur chun cinn, chun go mbeidh earnáil an iascaigh in ann rannchuidiú go héifeachtach leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus tacú le rochtain ghlúnta níos óige ar earnáil an iascaigh le tionscnaimh nuálacha;

115.  á aithint gur soláthróirí bia agus oibrithe lárnacha iad iascairí, oibrithe a lean orthu fiú le linn teagmhais thubaisteacha amhail paindéim COVID-19, agus a thug gabhálacha i dtír ó lá go lá i dtimpeallachtaí dúshlánacha; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar suntasach eacnamaíoch agus sóisialta ag paindéim COVID-19 agus gur gá do na Ballstáit cistiú leordhóthanach AE a leithdháileadh chun tacaíocht a thabhairt do chosaint agus cruthú post in earnáil an iascaigh agus sa gheilleagar gorm;

116.  ag tarraingt aird ar thionchar tharraingt siar RA ón Aontas ar earnáil an iascaigh, go háirithe i réigiúin chósta na gcabhlach iascaireachta is mó a dhéanfar difear dóibh; á mheas go ndéanfaidh an tionchar sin difear ní hamháin do shoithí iascaireachta agus dá n-iascairí, ach do phobail iomlána agus d’fhostaíocht sna limistéir sin;

117.  á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh an athnuachan glúine cuspóirí Chomhaontú Glas don Eoraip a chur san áireamh agus an gá le haistriú digiteach a áirithiú sa gheilleagar gorm freisin; ag tabhairt dá haire go gciallaionn an méid sin, nach é amháin go gcaithfear spéis daoine óga a mhúscailt san iascaireacht ach go gcaithfear a áirithiú go mbeidh siad ar an eolas agus go mbeidh oiliúint iomchuí orthu, go mbeidh ionchais tharraingteacha ghairmréime ann dóibh agus deis acu a staid phearsanta a fheabhsú – go háirithe trína n-ioncam a fheabhsú agus a inbhuanaitheacht a áirithiú – agus cur le comhtháthú a bpobal áitiúil, go háirithe sna reigiúin chósta is mó atá ar leithlis agus sna réigiúin ar lú na deiseanna fostaíochta iontu, ionas go mbeidh ar a gcumas oibriú ar son athrú eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, agus ag an am céanna ról na mban san earnáil a fheabhsú le deiseanna feabhsaithe soghluaisteachta agus fostaíochta ar fud an Aontais agus gan deacrachtaí ná srianta maidir le haitheantas dá scileanna agus dá n-oiliúint; á mheas nár chóir gur easaontas idir na glúnta a bheadh mar thoradh ar an athnuachan glúine, agus gur cheart iascairí den uile aois a bheith san áireamh chun go mbeidh cothroime san aistriú éiceolaíochta agus digiteach, chun a áirithiú nach gcailltear oidhreacht na taithí;

118.  ag tabhairt dá haire maidir leis an gcéad ghlúin eile iascairí Eorpacha, nach amháin go ndéanfaidh siad an earnáil sin san Eoraip níos iomaíche amach anseo ach go mbeidh páirt acu freisin in áirithiú na soláthairtí bia san Eoraip sna blianta romhainn;

119.  ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na gnéithe agus éilimh a leagtar amach sa rún seo sa chéad tuarascáil eile uaidh maidir le cur chun feidhme CBI;

120.  ag teacht ar an gconclúid go dtugann an rún seo deis uathúil dúinn díriú ar luach earnáil an iascaigh san Eoraip amach anseo, earnáil a bhfuil tábhacht straitéisech léi, agus an chonair a bheidh le leanúint a léiriú don Eoraip: a thuilleadh iascairí óga, iascaireacht níos fearr agus cleachtais níos fearr;

o
o   o

121.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuid parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.

(1) IO L 25, 31.1.2017, lch. 12.
(2) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(3) IO C 14, 15.1.2020, lch. 67.
(4) IO C 285, 29.8.2017, lch. 150.
(5) https://ec.europa.eu/eurostat/statistics-explained/index.php/Fishery_statistics#The_factors_of_production
(6) https://ec.europa.eu/eurostat/documents/3217494/10166544/KS-02-19%E2%80%91681-EN-N.pdf/c701972f-6b4e-b432-57d2-91898ca94893
(7) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).
(8) Bunaithe ar chomhréir na soithí a bhí breis is 25 bliana d’aois versus an líon iomlán soithí: https://appsso.eurostat.ec.europa.eu/nui/submitViewTableAction.do
(9) https://ec.europa.eu/fisheries/facts_figures_en?qt-facts_and_figures=2
(10) https://ec.europa.eu/eurostat/cache/RCI/#?vis=outermost.population&lang=en
(11) IO L 131, 28.5.2009, lch. 114.
(12) IO L 34, 9.2.1998, lch. 1.
(13) Cinneadh (AE) 2015/799 ón gComhairle an 18 Bealtaine 2015 lena n-údaraítear do na Ballstáit a bheith ina bpáirtithe, ar mhaithe leis an Aontas Eorpach, i gCoinbhinsiún Idirnáisiúnta IMO maidir le Caighdeáin Oiliúna, Deimhniúcháin agus Faire do Phearsanra Soithi Iascaireachta (IO L 127, 22.5.2015, lch. 20).
(14) Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).

An nuashonrú is déanaí: 23 Lúnasa 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais