Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2035(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0249/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0249/2021

Díospóireachtaí :

PV 15/09/2021 - 11
PV 15/09/2021 - 13
CRE 15/09/2021 - 11
CRE 15/09/2021 - 13

Vótaí :

PV 16/09/2021 - 2
PV 16/09/2021 - 8
CRE 16/09/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0388

Téacsanna atá glactha
PDF 215kWORD 72k
Déardaoin, 16 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE
P9_TA(2021)0388A9-0249/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maille le moltaí don Choimisiún maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse nua coireachta a liostaítear in Airteagal 83(1) CFAE (2021/2035(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 2 agus Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

–  ag féachaint d’Airteagail 8, 10 agus 19, Airteagal 83(1) agus Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 1 go 4, 6 go 8, 10 go 12, 21, 23 go 26, 47 agus 49 di,

–  ag féachaint do na tuarascálacha faireacháin tíre ón nGrúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar Mhná agus Foréigean Baile

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025],

–  ag féachaint do theachtaireacht an 24 Meitheamh 2020 ón gCoimisiún dar teideal EU Strategy on victims’ rights (2020-2025) [Straitéis de chuid an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025)],

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA+ 2020-2025],

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 25 Samhain 2020 dar teideal EU Gender Action Plan (GAP) III: an ambitious agenda for gender equality and women’s empowerment in EU external action, [Plean Gníomhaíochta Inscne AE (GAP) III: clár oibre uaillmhianach don chomhionannas inscne agus do chumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais],

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 dar teideal EU strategy on the rights of the child [Straitéis AE maidir le cearta an linbh],

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis AE 2021-2025 maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac,

–  ag féachaint do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2002/629/CGB ón gComhairle(1),

–  ag féachaint do Threoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an Ordú Cosanta Eorpach(2).

–  ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta, agus lena n-ionadaítear Cinneadh Réime 2001/220/CGB ón gComhairle(3),

–  ag féachaint do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe Uimh. 5 na Náisiún Aontaithe ‘Comhionannas Inscne’,

–  ag féachaint do Mholadh ginearálta Uimh. 33 ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú an 3 Lúnasa 2015 maidir le rochtain na mban ar an gceartas,

–  ag féachaint do Mholadh ginearálta Uimh. 35 ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú an 14 Iúil 2017 maidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, lena nuashonraítear moladh ginearálta Uimh. 19,

–  ag féachaint don suirbhé ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal Violence against women: an EU-wide survey [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais], a foilsíodh in 2014,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal Crime, safety and victims’ rights [An choireacht, an tsábháilteacht agus cearta íospartach], a foilsíodh in 2021,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac,

–  ag féachaint do Dhearbhú Bhéising agus don Chlár Oibre Gníomhaíochta a ghlac an Ceathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná an 15 Meán Fómhair 1995 agus do na doiciméid toraidh ina dhiaidh sin a glacadh ag seisiúin speisialta na Náisiún Aontaithe Béising + 5 (2000), Béising +10 (2005), Béising +15 (2010) agus Béising +20 (2015),

–  ag féachaint do ghluais na hInstitiúide Eorpaí um Chomhionannas Inscne,

–  ag féachaint do na conclúidí a comhaontaíodh ag an gcúigiú seisiún is seasca de Choimisiún na Náisiún Aontaithe um Stádas na mBan a bhí ar siúl ón 15 go dtí an 26 Márta 2021;

–  ag féachaint d’fhorálacha ionstraimí dlí na Náisiún Aontaithe i réimse chearta an duine, go háirithe na hionstraimí sin a bhaineann le cearta na mban, agus d’ionstraimí eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban, lena n-áirítear Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForéigean in aghaidh na mBan a Dhíothú an 20 Nollaig 1993,

–  ag féachaint dá rún an 5 Aibreán 2011 maidir le tosaíochtaí agus achoimre ar chreat beartais nua AE chun an foréigean in aghaidh na mban a chomhrac(4),

–  ag féachaint dá rún an 25 Feabhra 2014 maille le moltaí don Choimisiún maidir leis an bhForéigean in aghaidh na mBan a chomhrac(5),

–  ag féachaint dá rún an 12 Meán Fómhair 2017 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach(6),

–  ag féachaint dá rún an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE(7),

–  ag féachaint dá rún an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac(8),

–  ag féachaint dá rún an 26 Samhain 2020 maidir leis an gcosc de facto ar an gceart chun ginmhillte sa Pholainn(9),

–  ag féachaint dá rún an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime(10),

–  ag féachaint dá rún an 21 Eanáir 2021 ar Stráitéis AE maidir le Comhionannas Inscne(11),

–  ag féachaint dá rún an 10 Feabhra 2021 maidir le cur chun feidhme Threoir 2011/36/AE maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus na híospartaigh atá thíos léi a chosaint(12),

–  ag féachaint dá rún an 11 Feabhra 2021 maidir le dúshláin amach anseo i ndáil le cearta na mban san Eoraip: breis is 25 bliana i ndiaidh Dhearbhú Bhéising agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising(13),

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, a foilsíodh an 10 Nollaig 2018,

–  ag féachaint do dhoiciméad na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘COVID-19 agus Deireadh a chur le Foréigean in aghaidh na mBan agus na gCailíní’, a foilsíodh in 2020(14),

–  ag féachaint do thuairim dhlíthiúil na hAbhcóide Ginearálta ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac, arb é is aidhm dó an éiginnteacht dhlíthiúil a shoiléiriú i dtaobh an féidir leis an Aontas an Coinbhinsiún a thabhairt i gcrích agus a dhaingniú agus conas is féidir leis an Aontas déanamh amhlaidh, a seachadadh an 11 Márta 2021(15),

–  ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0249/2021),

A.  de bhrí gur bunluach de chuid an Aontais é an comhionannas idir mná agus fir a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus a aithnítear in Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”) de bhrí gur ceart bunúsach atá cumhdaithe sna Conarthaí agus sa Chairt é an ceart chun córa comhionainne agus chun neamh-idirdhealaithe; de bhrí gur réamhriachtanas é deireadh a chur le foréigean fireann in aghaidh ban agus cailíní chun fíor-chomhionannas a bhaint amach idir mná agus fir;

B.  de bhrí gur le hAirteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ceanglaítear ar an Aontas, ina ghníomhaíochtaí uile, é a bheith d’aidhm aige neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh;

C.  de bhrí gurb é an foréigean inscne, ar líne agus as líne araon, agus an easpa rochtana ar chosaint leormhaith, an léiriú is tromchúisí ar idirdhealú atá bunaithe ar inscne agus gurb ionann é agus sárú ar chearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt, amhail an ceart chun dínit an duine, an ceart chun na beatha, an ceart chun iomláine coirp agus intinne, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éigeantais, an ceart chun saoirse agus slándála agus an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú;

D.  de bhrí, de bhun an tríú fomhír d’Airteagal 83(1) CFAE, ar bhonn forbairtí sa choireacht, go bhféadfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí eile coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar thoradh ar chineál na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann;

E.  de bhrí, agus cinneadh den sórt sin á ghlacadh faoin tríú fomhír d’Airteagal 83(1) CFAE, go ngníomhóidh an Chomhairle d’aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa;

F.  de bhrí go ndéanann an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’) an foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a shainmhíniú mar fhoréigean atá dírithe ar bhean toisc gur bean í, nó mar fhoréigean lena ndéantar difear díréireach do mhná; de bhrí go gciallaíonn an téarma ‘foréigean in aghaidh ban’ aon ghníomh foréigin inscnebhunaithe in aghaidh ban as a n-eascraíonn dochar nó fulaingt fhisiceach, gnéis, síceolaíochta nó eacnamaíoch do mhná nó a bhféadfadh dochar nó fulaingt den sórt sin eascairt as, lena n-áirítear na gníomhartha sin a bhagairt, comhéigean nó cailleadh treallach saoirse, bíodh sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach;

G.  de bhrí gur íospartaigh foréigin inscnebhunaithe iad daoine LADTIA+ freisin mar gheall ar a n-inscne, a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne agus a saintréithe gnéis;

H.  de bhrí go n-áirítear le foréigean inscnebhunaithe i gcoinne daoine LADTIA+ foréigean fisiceach, foréigean síceolaíoch, póstaí éigeantais, foréigean gnéasach, lena n-áirítear éigniú ‘ar scáth ceartú’ agus ciapadh gnéasach, ciorrú ball giniúna ban agus daoine idirghnéasacha, steiriliú éigeantach daoine trasinscneacha agus idirghnéasacha, coireanna ‘onóra’ mar a thugtar orthu, teiripe comhshó, fuathchaint, idir ar líne agus as líne, bulaíocht agus ciapadh, díothacht shocheacnamaíoch agus foréigean a tharlaíonn sa teaghlach agus/nó san aonad baile;

I.  de bhrí gur faoi Choinbhinsiún Iostanbúl, sainmhínítear inscne mar na róil, na hiompraíochtaí, na gníomhaíochtaí agus na saintréithe atá bunaithe ar an tuiscint atá ag an tsochaí orthu agus a mheasann sochaí faoi leith gur iomchuí do mhná agus d’fhir iad, ina meabhraítear go bhfuil go leor cineálacha foréigin in aghaidh na mban fréamhaithe i neamhionannas idir mná agus fir ó thaobh cumhachta de;

J.  de bhrí go meabhraítear leis an nath ‘ina n-éagsúlacht uile’ sa rún seo an seasamh go gcuirtear mná, fir agus daoine neamhdhénártha i gcatagóirí ilchineálacha, lena n-áirítear, ach gan bheith teoranta dóibh, i ndáil le cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú inscne nó tréithe gnéis, staid na sláinte, stádas pósta nó stádas imirceach nó dídeanaí; de bhrí go ndearbhaítear leis an abairt sin an gealltanas gan aon duine a fhágáil ar lár agus Eoraip atá comhionann ó thaobh inscne de a bhaint amach do chách; de bhrí nach féidir dul chun cinn ceart a dhéanamh maidir le comhionannas inscne gan cur chuige trasnach;

K.  de bhrí go bhfuil foréigean inscnebhunaithe fréamhaithe i steiréitíopaí inscne, i struchtúir heitreaphatrarcacha, i neamhshiméadrachtaí cumhachta agus neamhionannais struchtúracha agus institiúideacha; de bhrí go ndéanann an foréigean inscnebhunaithe difear do gach réimse den tsochaí;

L.  de bhrí go ndíríonn an foréigean inscnebhunaithe ar mhná agus ar chailíní ina n-éagsúlacht ar fad agus ar dhaoine LADTIA+, agus é á spreagadh ag dúil pionós a chur ar na daoine sin a mheastar a bheith ag sárú noirm shochaíocha ordlathais inscne, léiriú inscne agus córais dénártha inscne; de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag foréigean inscnebhunaithe neamhionannais inscne a bhunú, a fhorfheidhmiú nó a bhuanú agus noirm agus steiréitíopaí inscne a threisiú;

M.  de bhrí go dtugann EIGE an sainmhíniú seo ar an bhfeimeamharú: mná agus cailíní a mharú mar gheall ar a n-inscne; de bhrí gur féidir an feimeamharú a bheith i bhfoirmeacha éagsúla amhail dúnmharú na mban mar thoradh ar fhoréigean dlúthpháirtí, marú ban agus cailíní mar gheall ar inscne, gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne, léiriú inscne nó tréithe gnéis, ciorrú ball giniúna ban agus daoine idirghnéasach agus ‘maruithe onóra’ mar a thugtar orthu; de bhrí gurb ionann feimeamharuithe agus adhléiriú na gcineálacha foréigin in aghaidh na mban atá ann cheana agus gurb ionann iad agus gníomh deiridh an fhoréigin, rud a fhulaingítear i gcontanam foréigin; de bhrí nach ndéantar go leor cineálacha feimeamharuithe a áireamh i bhfigiúirí oifigiúla agus go bhfanann siad dofheicthe;

N.  de bhrí go mbíonn tionchar tromchúiseach ag nochtadh d’fhoréigean dlúthpháirtí, bíodh sin fisiciúil, gnéasach nó síceolaíoch, ar leanaí agus go mbuanaíonn sé mí-úsáid sna glúine atá le teacht mar leanaí a fheiceann foréigean dlúthpháirtí in aghaidh a máthar nó i gcoinne duine dá dtuismitheoirí ina dhiaidh sin, mar íospartaigh agus mar dhéantóirí araon; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag dlíthe lena gcosnaítear dínit an linbh agus lena n-aithnítear an leanbh mar íospartach sa chás sin chun íospartaigh mná agus leanaí araon a chosaint; de bhrí nach mór dlíthe maidir le coimeád a cheapadh ar bhealach nach dtugann cearta coimeádta do lucht an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh;

O.  de bhrí go n-áirítear an foréigean inscnebhunaithe go leor cineálacha foréigin, lena n-áirítear foréigean páirtí dlúthchaidrimh agus foréigean teaghlaigh; de bhrí go sainíonn EIGE, cosúil le Coinbhinsiún Iostanbúl, foréigean teaghlaigh mar gach gníomh foréigin fhisiciúil, ghnéasaigh, shíceolaíoch nó eacnamaíoch a tharlaíonn sa teaghlach nó san aonad baile, beag beann ar an ngaol bitheolaíoch nó dlíthiúil teaghlaigh, nó idir iarchéilí nó céilí nó comhpháirtithe reatha, cibé acu an bhfuil nó nach bhfuil an t-áit chónaithe chéanna ag déantóir na coire leis an íospartach;

P.  de bhrí gur de chineál trasteorann iad foréigean inscnebhunaithe ar líne agus gnéaschiapadh ar líne; de bhrí go n-imríonn foréigean i bhfoirm cibearfhoréigin, lena n-áirítear ciapadh ar líne, cibearbhulaíocht, cibearstalcaireacht, fuathchaint ghnéasaíoch, nochtadh neamh-chomhsheasmhach íomhánna gnéasacha, docsáil, goid aitheantais nó haiceáil, tionchar díréireach ar mhná agus ar chailíní;

Q.  de bhrí go bhfuil an foréigean in aghaidh ban agus cailíní ar cheann de na sáruithe is forleithne ar chearta na mban san Eoraip; de bhrí gur léir ó shuirbhéanna a rinne an tAontas go bhfuil foréigean fisiciúil agus/nó gnéasach fulaingthe ag bean amháin as gach triúr san Aontas, arb ionann iad agus 62 mhilliún bean, ó 15 bliana d’aois agus gur fhulaing bean amháin as gach beirt (55 %) gnéaschiapadh; de bhrí go dtuairiscíonn an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur thuairiscigh beagnach aon trian (27 %) de mhná idir 15 bliana agus 49 mbliana d’aois a bhí i gcaidreamh go raibh siad faoi réir cineál éigin foréigin fhisiciúil agus/nó ghnéasaigh ag a bpáirtnéir páirtí dlúthchaidrimh; de bhrí go dtuairiscíonn EDS go bhfuil 38 % de dhúnmharuithe uile na mban tiomanta do dhlúth-chomhpháirtithe ar fud an domhain;

R.  de bhrí go bhfuil easpa sonraí nuashonraithe, inchomparáide agus imdhealaithe maidir le gach cineál foréigin inscnebhunaithe ar fud an Aontais; de bhrí gur easpa comhchuibhithe i sainmhínithe atá nasctha le foréigean inscnebhunaithe is cúis freisin leis an easpa sonraí inchomparáide; de bhrí go bhfuil sonraí imdhealaithe cuimsitheacha inchomparáide bunriachtanach chun an foréigean inscnebhunaithe agus na bunchúiseanna a bhaineann leis a dhoiciméadú; de bhrí gur fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha an suirbhé is déanaí uaithi maidir le foréigean in aghaidh na mban in 2014, agus de bhrí nach bhfuil na figiúirí is déanaí ar fáil;

S.  de bhrí go mbaineann costais thábhachtacha dár sochaithe Eorpacha le foréigean inscnebhunaithe, bíodh sin i dtéarmaí aschur eacnamaíoch caillte nó soláthar seirbhísí, lena n-áirítear seirbhísí sláinte, dlíthiúla, sóisialta agus speisialaithe; de bhrí, áfach, gurb iad íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe a íocann na costais is airde, agus go gcaithfidh siad maireachtáil go buan le himní mhothúchánach na n-eispéiris trámacha sin; de bhrí gur cheart go mbeadh folláine íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe mar threoir do ghníomhaíocht an Aontais;

T.  de bhrí gur tháinig méadú suntasach ar an bhforéigean inscnebhunaithe mar thoradh ar thionchar na géarchéime COVID-19, go háirithe foréigean páirtí dlúthchaidrimh, lena n-áirítear foréigean fisiciúil agus síceolaíoch, rialú comhéigneach, agus foréigean ar líne; de bhrí gur thuairiscigh Ballstáit na hEagraíochta Domhanda Sláinte san Eoraip gur tháinig méadú 60 % ar ghlaonna éigeandála ó mhná atá faoi fhoréigean ag a gcomhpháirtí pearsanta; de bhrí go bhfuil sé níos deacra ar íospartaigh an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh cúnamh a lorg toisc gur minic a bhíonn siad teoranta dá mí-úsáideoirí agus go bhfuil rochtain theoranta acu ar sheirbhísí tacaíochta, agus toisc go bhfuil méadú tagtha ar ‘scáthphaindéim’ atá ann cheana féin mar gheall ar easpa struchtúr tacaíochta agus acmhainní;

U.  de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an oideachas chun foréigean inscnebhunaithe a chosc, go háirithe trí na noirm dhiúltacha shóisialta a bhrúnn an feiniméan sin chun cinn a cheistiú agus tríd an óige a chumhachtú chun na gníomhartha sin a aithint, chun aghaidh a thabhairt orthu agus iad a chosc;

V.  de bhrí nach ndéantar i gcónaí foréigean inscnebhunaithe a thuairisciú go hiomlán san Aontas; de bhrí nach ndéanann dhá thrian d’íospartaigh foréigean inscnebhunaithe a thuairisciú do na húdaráis(16);

W.  de bhrí, de réir EIGE, íospairt thánaisteach, ar a dtugtar athíospairt freisin, ‘go dtarlaíonn tuilleadh dochair don íospartach ní mar thoradh díreach ar an ngníomh coiriúil ach mar gheall ar an gcaoi a ndéileálann institiúidí agus daoine aonair eile leis an íospartach’; de bhrí, de réir EIGE, ‘go bhféadfadh íospairt thánaisteach a bheith ann, mar shampla, an t-íospartach a nochtadh arís is arís eile do dhéantóir na coire, ceistiú a dhéanamh arís is arís eile faoi na fíricí céanna, teanga mhíchuí a úsáid nó tuairimí neamhíogaire a dhéanann gach duine a bhíonn i dteagmháil le híospartaigh’;

X.  de bhrí go bhféadfadh daoine atá i bpoist údaráis foréigean inscnebhunaithe a bhuanú, agus iad a chur i suíomhanna coimeádta amhail príosúin, saoráidí meabhairshláinte, ionaid choinneála, saoráidí leasa agus campaí do dhídeanaithe; de bhrí go bhféadfadh foréigean inscnebhunaithe a bheith mar thoradh ar chásanna plódaithe, ardleibhéil struis agus easpa príobháideachta; de bhrí, trína áirithiú go bhfuil oiliúint speisialta ar oifigigh phóilíneachta chun go mbeidh na scileanna boga acu chun éisteacht go cúramach le gach bean a d’fhulaing foréigean inscnebhunaithe agus chun iad a thuiscint agus meas a léiriú orthu, gur féidir leo cabhrú aghaidh a thabhairt ar thearcthuairisciú, ar athíospairt agus timpeallacht níos sábháilte a chruthú do mharthanóirí an fhoréigin inscnebhunaithe;

Y.  de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach go n-áiritheofar rochtain inacmhainne agus shábháilte ar chóras ceartais neamhspleách chun timpeallacht níos sábháilte a chur chun cinn do gach duine a d’fhulaing foréigean inscne; de bhrí go bhfuil gá le cláir oiliúna a chur ar bun do na gairmithe lena mbaineann, amhail oibrithe sóisialta, soláthraithe cúraim sláinte, oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí, daoine atá ag obair sa chóras ceartais, chun go mbeidh siad in ann foréigean inscnebhunaithe a shainaithint, dul i ngleic leis agus freagairt dó;

Z.  de bhrí go bhfuil na rátaí ciontaithe i leith déantóirí an fhoréigin in aghaidh na mban, agus go háirithe foréigean gnéasach lena n-áirítear éigniú agus ionsaí gnéasach, ar leibhéal íseal atá do-ghlactha i ngach Ballstát, lena léirítear go bhfuil easnaimh chórasacha sa chaoi a dtugann údaráis forfheidhmithe dlí aghaidh ar fhoréigean inscnebhunaithe, agus de bhrí go mbíonn mar thoradh air sin, cultúr forleathan saoirse ó phionós agus lagú tromchúiseach ar chomhionannas inscne agus an comhrac i gcoinne an fhoréigin inscnebhunaithe;

AA.  de bhrí go bhfuil foréigean gnéasach mar chuid de leanúntas d’idirdhealú inscnebhunaithe agus d’fhoréigean atá fite fuaite le héagothromaíochtaí seasmhacha agus le hionsaithe níos ginearálta ar chomhionannas inscne agus ar chearta daonna na mban agus na gcailíní;

AB.  de bhrí gurb é Coinbhinsiún Iostanbúl an ionstraim is cuimsithí san Eoraip chun cineálacha sonracha d’fhoréigean fireann in aghaidh na mban agus na gcailíní a chomhrac, chomh maith le foréigean teaghlaigh de bhrí go mbunaíonn Coinbhinsiún Iostanbúl creat cuimsitheach de bhearta dlíthiúla agus beartais chun an foréigean sin a chosc, chun tacú le híospartaigh agus chun pionós a ghearradh ar dhéantóirí na coire;

AC.  de bhrí go gcuirtear, le feachtais bhréagaisnéise chun an bonn a bhaint ó chomhionannas inscne, bac ar dhul chun cinn maidir leis an tsaincheist maidir le foréigean in aghaidh na mban a dhíothú, mar a chonacthas i ndáil le Coinbhinsiún Iostanbúl, as ar eascair freasúra poiblí agus cinntí polaitiúla aiféala i roinnt Ballstát;

AD.  de bhrí go bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl sínithe ag na Ballstáit go léir agus daingnithe faoi 21; de bhrí nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl daingnithe go fóill ag an mBulgáir, ag an tSeicia, ag an Ungáir, ag an Laitvia, ag an Liotuáin agus ag an tSlóvaic; de bhrí gur fhógair an Pholainn go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as Coinbhinsiún Iostanbúl; de bhrí gur fasach dona é tarraingt siar na Tuirce as Coinbhinsiún Iostanbúl; de bhrí nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl daingnithe ag an Aontas go fóill;

AE.  de bhrí gur de chineál idirnáisiúnta, uile-Eorpach agus trasteorann iad sáruithe ar chearta na mban; de bhrí nach mbaineann mná agus cailíní san Eoraip agus íospartaigh eile an fhoréigin inscnebhunaithe tairbhe as an leibhéal céanna cosanta in aghaidh an fhoréigin ar fud an Aontais de bharr creataí reachtacha náisiúnta éagsúla agus sásraí cosanta agus coisc;

AF.  de bhrí go n-éilítear, le gníomhaíocht an Aontais a bhfuil sé d’aidhm aige deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh ban agus cailíní agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe, go saothródh an Coimisiún roinnt bealaí comhthreomhara, idir ghníomhartha reachtacha agus neamhreachtacha, lena n-áirítear go ndéanfaí foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) CFAE agus, ag an am céanna, treoir maidir le foréigean inscnebhunaithe a mholadh agus leas á bhaint as an Airteagal sin mar bhunús dlí;

AG.  de bhrí gur príomhthosaíocht de Straitéis Comhionannais Inscne an Aontais agus de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais é an foréigean inscnebhunaithe a chomhrac; de bhrí gur fhógair an Coimisiún ina chlár oibre do 2021 togra reachtach nua chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac bunaithe ar Airteagail 82, 83 agus 84 CFAE, chomh maith le togra sonrach chun cur leis an liosta de réimsí na coireachta fíorthromchúisí lena mbaineann gné thrasteorann a leagtar amach sa dara fomhír d’Airteagal 83(1), CFAE chun gach cineál coireachta fuatha agus fuathchainte a áireamh; cé go bhfuil an comhrac in aghaidh foréigean inscnebhunaithe ar cheann de thosaíochtaí Uachtarán an Choimisiúin(17).

Cúiseanna agus tionchar an fhoréigin inscnebhunaithe, agus cur chuige iomlánaíoch á áirithiú maidir lena chosc

1.  ag cáineadh gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní ina n-éagsúlacht ar fad agus i gcineálacha eile foréigin inscnebhunaithe, amhail foréigean in aghaidh daoine LADTIA+ ar bhonn inscne, féiniúlacht inscne, léiriú inscne nó tréithe gnéis, a mheastar a thagraíonn do ghníomhartha éagsúla foréigin ar líne agus as líne a bhfuil díobháil nó fulaingt fhisiciúil, ghnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch mar thoradh orthu nó ar dócha go mbeidh díobháil nó fulaingt fhisiciúil, ghnéasach, shíceolaíoch nó eacnamaíoch mar thoradh orthu;

2.  á thabhairt chun suntais, de bharr bearta dianghlasála agus scartha shóisialta le linn phaindéim COVID-19, go bhfuil méadú tagtha ar an bhforéigean inscnebhunaithe a fhulaingíonn mná agus cailíní ar fud an Aontais, lena n-áirítear foréigean páirtí dlúthchaidrimh, foréigean fisiceach, gnéasach, eacnamaíoch agus síceolaíoch, rialú comhéigneach agus cibearfhoréigean, mar thoradh ar an ngá ollmhór atá ann le seirbhísí tacaíochta do na híospartaigh sin;

3.  á áitiú go gcaithfidh cailíní atá faoi bhun 18 mbliana d’aois a bheith san áireamh sa sainmhíniú ar ‘mná’ agus aghaidh á tabhairt ar fhoréigean in aghaidh na mban;

4.  ag cáineadh an fheimeamharaithe mar an cineál is measa d’fhoréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní; á chur i bhfáth gur sárú an-mhór ar chearta an duine é an feimeamharú agus gur cheart don Aontas plean a tharraingt suas chun foréigean a chosc agus a chomhrac, chun cásanna riosca a bhrath, agus chun tacú le híospartaigh agus chun iad a chosaint;

5.  á chur i bhfáth go bhfuil an foréigean in aghaidh na mban agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe fós faoi bhrat rúndachta agus gur toradh é ar léiriú leanúnach ar rochtain éagothrom stairiúil ar chumhacht agus ar acmhainní agus ar dháileadh na cumhachta agus na n-acmhainní sin, a bhfuil forlámhas agus idirdhealú in aghaidh na mban ag fir mar thoradh orthu, chomh maith le foréigean atá dírithe ar dhaoine LADTIA+, a bhfuil tionchar ollmhór aige ar íospartaigh, ar a dteaghlaigh agus ar a bpobail;

6.  á chur in iúl gur díol sásaimh dó an ghluaiseacht #MeToo, lena ndéantar siombalú ar ghlór na mban ag sárú dhúthost an chiaptha ghnéasaigh agus an fhoréigin ghnéasaigh in aghaidh na mban ina n-éagsúlacht ar fud gach aoisghrúpa, earnála agus áite; ag cáineadh an fhíorais go bhfuil níos mó ná riamh cúiseamh á dhéanamh i roinnt tíortha ar íospartaigh ghnéaschiaptha agus foréigin ghnéasaigh agus go bhfuil siad ciontaithe i gclúmhilleadh fiú, rud a chruthaíonn éifeacht scanrúil, lena ndéantar na mná a bhfuil sé de mhisneach acu labhairt amach, lena ndéantar iad a athíospairt agus a chur ina dtost;

7.  á aithint gur tharla dul chun cinn i dtreo an chomhionannais a bhuíochas leis an streachailt fheimineach a troideadh go crua i gcoinne an leatroim dhomhanda ar mhná agus ar chailíní;

8.  á chur i bhfios go láidir go ndéantar an staid sin níos measa fós mar gheall ar neamhionannais shóisialta agus eacnamaíocha agus laghduithe suntasacha ar an gcistiú atá ar fáil, go háirithe le linn géarchéime, agus mar thoradh air sin go bhfuil bearnaí pá agus pinsin ann, go ndéantar baineannú ar obair fhorbhásach agus go bhfuil dálaí maireachtála níos forbhásaí ag mná; á thabhairt chun suntais gur de chineál trasnach agus domhanda iad na neamhionannais agus na héagothroimí cumhachta sin, atá coiteann do chríoch iomlán an Aontais, agus nach bhfuil teoranta do Bhallstáit ar leith;

9.  á chur i bhfios go láidir go gcuireann noirm dhochta inscne atá bunaithe ar steiréitíopaí patrarcacha le hidirdhealú agus le smachtú na mban, lena n-áirítear mná leispiacha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha, go dtagann méadú ar an nochtadh d’fhoréigean inscnebhunaithe d’aon duine nach gcloíonn leo agus a chuireann le dofheictheacht an fhoréigin a fhulaingíonn fir aeracha, dhéghnéasacha agus idirghnéasacha;

10.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an gcaidreamh comhionann stádais agus cumhachta idir fir agus mná agus idir buachaillí agus cailíní agus é a chur chun cinn tríd an oideachas, agus deireadh a chur leis an gclaontacht agus le steiréitíopaí inscne a mbíonn noirm dhíobhálacha shóisialta inscne mar thoradh orthu; á chur in iúl gur saoth léi an líon ard cásanna foréigin lena ndírítear ar mhná ina n-éagsúlacht uile, lena n-áirítear leispiaigh, mná déghnéasacha agus trasghnéasacha, chomh maith le daoine trasinscneacha, idirghnéasacha agus neamh-dhénártha;

11.  á chur i bhfios go láidir go mbíonn réimse leathan tionchar síceolaíoch ag an bhforéigean inscnebhunaithe ar íospartaigh, lena n-áirítear strus, a mhothú nach bhfuil siad slán nó go bhfuil siad leochaileach, fadhbanna aird a dhíriú ar rudaí, imní, taomanna scaoill, leithlisiú sóisialta, féinmheas íseal, dúlagar, neamhord strus iarthrámach, easpa muiníne i ndaoine eile agus easpa féinsmachta, chomh maith le heagla agus féinmharú a bheith ar intinn acu; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé seirbhísí meabhairshláinte a chur ar fáil d’íospartaigh na gcoireanna sin, ar seirbhísí iad a chuireann eagraíochtaí neamhrialtasacha agus gníomhaithe na sochaí sibhialta ar fáil go minic freisin;

12.  á mheabhrú go bhfuil tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus daonlathach ag foréigean inscnebhunaithe, amhail easpa rochtana ar fhostaíocht, leithlisiú, tarraingt siar ón saol poiblí nó díth acmhainní ábharacha nó airgeadais, rud a threisíonn staid mhíbhuntáisteach na mban; á chur i bhfáth go bhfeidhmítear foréigean inscnebhunaithe mar bhealach chun smacht comhéigneach a imirt ar mhná lena gcuirtear cosc ar chomhionannas inscne, ar shoghluaisteacht shóisialta, ar chumhachtú eacnamaíoch agus ar fheidhmiú a gceart mar shaoránaigh an Aontais, lena n-áirítear a rannpháirtíocht iomlán shibhialta agus saorfhorbairt an tsaoil acu saor ó fhoréigean;

13.  á thabhairt chun suntais go bhféadfadh tionchar díobhálach eacnamaíoch a bheith ag an bhforéigean inscnebhunaithe, agus ag na saincheisteanna meabhairshláinte a bhaineann leis sin, ar íospartaigh, lena n-áirítear a gcumas fostaíocht a lorg agus an t-ualach airgeadais a chuirtear orthu má thionscnaíonn siad caingean dlí agus á chur i bhfios go sáraíonn na costais bhliantúla mheasta a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe (EUR 290 billiún) (idir EUR 49 mbilliún agus EUR 89.3 billiún le haghaidh cibearchiaptha agus cibearstalcaireachta) na costais bhliantúla mheasta a bhaineann le coireanna tromchúiseacha go háirithe mar a liostaítear in Airteagal 83(1), an dara fomhír, CFAE(18);

14.  á chur i bhfáth gurb é Coinbhinsiún Iostanbúl fós an caighdeán idirnáisiúnta agus go bhfuil sé ina phríomhuirlis chun foréigean inscnebhunaithe a dhíothú trí chur chuige iomlánaíoch agus comhordaithe a leanúint lena gcuirtear cearta an íospartaigh ag a chroílár agus lena dtugtar aghaidh ar na saincheisteanna ó réimse leathan dearcthaí; á athdhearbhú gur iarradh go ndéanfaí daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl ag an Aontas a thabhairt i gcrích ar bhonn aontachas leathan, agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go ndaingneoidh an Bhulgáir, an tSeicia, an Ungáir, an Laitvia, an Liotuáin agus an tSlóvaic é; ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di é go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh i roinnt Ballstát bréagaisnéis a scaipeadh faoi Choinbhinsiún Iostanbúl, amhail a shéanadh gurb ann don fhoréigean inscnebhunaithe; á cháineadh go bhfuil an bhréagaisnéis sin ag dul chun cinn san Eoraip agus go bhfuil sí ag cur, dá bhrí sin, leis an deacracht a bhaineann le cearta na mban a chosaint;

15.  á chur i bhfios gur cheart a thuiscint gurb é Coinbhinsiún Iostanbúl an t-íoschaighdeán chun deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe agus gur cheart don Aontas bearta reachtacha atá níos cinntithí agus níos éifeachtaí a shaothrú ina leith sin; á mheabhrú gur cheart go mbeadh bearta reachtacha nua den sórt sin comhsheasmhach, in aon chás, leis na cearta agus leis na hoibleagáidí a leagtar síos le Coinbhinsiún Iostanbúl agus gur cheart go mbeidís comhlántach lena dhaingniú; á iarraidh ar na Ballstáit na moltaí a rinne an Grúpa Saineolaithe um Ghníomhaíocht in aghaidh Foréigean ar mhná agus Foréigean Baile a chur i gcuntas agus feabhas a chur ar a ndlíthe náisiúnta chun iad a chur i gcomhréir níos fearr le forálacha Choinbhinsiún Iostanbúl chun cur chun feidhme agus forfheidhmiú cuí a áirithiú;

16.  ag cáineadh an tionchair dhiúltaigh ar an gcomhrac in aghaidh foréigean inscnebhunaithe a bhíonn ag ionsaithe ar chearta na mban agus na gcailíní agus ar an gcomhionannas inscne; ag cáineadh ghníomhaíochtaí na ngluaiseachtaí frithinscneacha agus frith-fheimineacha san Eoraip agus ar fud an domhain a dhéanann ionsaí córasach ar chearta na mban agus ar chearta LADTIA+, lena n-áirítear cearta gnéis agus atáirgthe, agus arb é is aidhm leo na dlíthe atá ann cheana lena gcosnaítear iad a chur ar ceal, agus ar an gcaoi sin an urraim do chearta an duine agus don smacht reachta a chur i mbaol; ag cáineadh na bréagaisnéise uile a scaiptear d’aon ghnó maidir le Coinbhinsiún Iostanbúl agus maidir le huirlisí agus tionscnaimh eile chun foréigean in aghaidh na mban san Aontas a chomhrac, rud a chuireann bac ar mhná a chosaint ar fhoréigean; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú nach ndéanfaidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a fhaigheann tacaíocht agus cistiú ón Aontas, idirdhealú ar bhonn inscne a chur chun cinn;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú fadtéarmach a mhéadú agus a dhaingniú atá dírithe ar an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus cineálacha eile foréigin atá inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac tríd an gClár um Shaoránaigh, um Chomhionannas, um Chearta agus um Luachanna, lena n-áirítear tacaíocht d’eagraíochtaí dídine agus d’eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta atá ag obair sa réimse sin; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé tagarmharcanna agus táscairí a úsáid chun dul chun cinn a thomhas;

18.  á chur i bhfáth go bhfuil difríochtaí suntasacha sa sainmhíniú dlíthiúil ar fhoréigean inscne, agus sa chaoi a gcaitear leis an bhforéigean sin, ar fud na mBallstát; á chur i bhfios go gcuireann sé sin bac mór ar ghníomhaíochtaí reachtacha an Aontais i gcoinne foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear Treoracha 2012/29/AE, 2011/36/AE agus 2011/99/AE;

19.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá bearta coisctheacha chun an foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní a chomhrac; ag tabhairt dá haire go n-éilítear leis na bearta sin fócas níos soiléire i measc na mbreithiúna ar fad, agus i scoileanna agus i gcúram sláinte, chun an baol foréigin a chosc agus a íoslaghdú;

20.  á áitiú go nglacfaí gníomhaíochtaí lena dtabharfaí aghaidh ar bhunchúiseanna an neamhionannais inscne, lena n-áirítear dul i ngleic leis an ngnéasachas, noirm inscne, steiréitíopaí agus luachanna patrarcacha; á chur in iúl gurb oth léi an easpa taighde agus eolais atá mar bhonn le haghaidh an bheartais agus na reachtóireachta éifeachtaí chun foréigean inscnebhunaithe a chosc; á iarraidh, dá bhrí sin, ar EIGE agus ar Eurostat feidhmiú mar mhol eolais ar an bhforéigean in aghaidh cailíní san Aontas; á chur i bhfios go láidir go gcuirtear tús le foréigean na bhfear in aghaidh na mban le foréigean na mbuachaillí in aghaidh na gcailíní; á mheas, dá bhrí sin, nach mór tús a chur le bearta coisctheacha ag aois luath; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le háit lárnach a bheith ag comhionannas inscne san oideachas agus á iarraidh go ndéanfaí bearta oideachais atá dírithe ar dhaoine óga agus a chuirfear chun feidhme in éineacht leo, lena n-áirítear faisnéis a bheidh oiriúnach do réir aoise, oideachas gnéasachta cuimsitheach, caidrimh neamhfhoréigneacha a fhorbairt, oiliúint féinchosanta feimineach i gcomhthéacs chur chun feidhme Airteagal 12(6) de Choinbhinsiún Iostanbúl agus mhír 125(g) de chuspóir straitéiseach D.1. de Chlár Oibre Gníomhaíochta Bhéising, agus gníomhaíochtaí níos ginearálta chun an leithscaradh, an neamhionannas inscne agus an t-idirdhealú a chomhrac;

21.  á chur i bhfáth gur minic gur gné amháin é an t-ionsaí ar chearta na mban agus ar chomhionannas inscne de mheath níos leithne i staid an daonlathais, an smachta reachta agus na gceart bunúsach, agus dá bhrí sin á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle sáruithe ar chearta na mban agus LADTIA+ a mheas i gcomhthéacs imeachtaí leanúnacha Airteagal 7 CAE;

22.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le feachtais múscailte feasachta ar fud an Aontais lena n-áirítear faisnéis atá dírithe ar oiliúint a chur ar shaoránaigh óga an Aontais maidir le comhionannas inscne agus maidir le tionchar an fhoréigin inscnebhunaithe ar líne agus as líne, lena dtacófaí leis na hiarrachtaí chun a áirithiú gur féidir le mná agus cailíní a saol a chaitheamh gan bhac agus go sábháilte i ngach réimse;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go rachfar i ngleic go héifeachtach leis an bhforéigean inscnebhunaithe ar fud na gcuraclam náisiúnta; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh feachtas uile-Aontais i dtaca le steiréitíopaí inscne a áirítear sa Straitéis maidir le Comhionannas Inscne agus a thiomantas maidir le ‘hoideachas a chur ar bhuachaillí agus ar chailíní ó aois luath maidir le comhionannas inscne agus tacú le caidrimh neamhfhoréigneacha a fhorbairt’, a bheith lárnach sa chosc éifeachtach;

24.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhar a chur chun cinn idir na Ballstáit maidir le saincheist an fhoréigin inscnebhunaithe, lena gcuirtear ar chumas na mBallstát a bhfuil beartais rathúla acu a dtaithí a roinnt trí dhea-chleachtas a mhalartú;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar infhaighteacht rialta agus ar inchomparáideacht sonraí ardchaighdeáin atá imdhealaithe maidir le gach cineál foréigin inscnebhunaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta agus go ndéanfaí córais bailithe sonraí a chomhchuibhiú i measc na mBallstát tríd an gcomhar le Eurostat, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus le EIGE; á chreidiúint go mbeidh sonraí ardchaighdeáin bunriachtanach le haghaidh spriocanna soiléire intomhaiste chun deireadh a chur leis an bhforéigean inscnebhunaithe; á chur in iúl gur geal léi gur fhógair Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha suirbhé nua uile-Aontais maidir le leitheadúlacht agus dinimic na gcineálacha uile foréigin in aghaidh na mban;

26.  á chur i bhfáth, chun cur leis an tuiscint ar fhoréigean inscnebhunaithe laistigh den Aontas, gur gá a áirithiú go n-áireofar na catagóirí seo a leanas ar a laghad sa bhailiú sonraí ar leibhéal na hidirghabhála i bhforfheidhmiú an dlí: (a) inscne an íospartaigh; (b) inscne dhéantóir na coire; (c) an caidreamh idir an t-íospartach agus déantóir na coire; (d) cibé an bhfuil gné den fhoréigean gnéasach ag baint leis; (e) cibé an bhfuil spreagadh inscneach ag baint leis an bhforéigean, agus (f) sainghnéithe sochdhéimeagrafacha ábhartha eile le haghaidh anailís thrasnach; á chur i bhfáth, i dteannta na sonraí sin, gur gá sonraí ginearálta a bheith ann maidir le líon na ngearán, líon agus cineálacha na n-orduithe cosanta arna n-eisiúint, na rátaí maidir le gearáin a dhíbhe agus a tharraingt siar, rátaí ionchúisimh agus ciontaithe, an t-am a ghlactar chun déileáil le cásanna, faisnéis faoi na pianbhreitheanna a ghearrtar ar dhéantóirí na gcoireanna, lena n-áirítear cúiteamh a chuirtear ar fáil d’íospartaigh, teagmhais a tuairiscíodh ar línte cabhracha nó do seirbhísí sláinte a bhíonn ag déileáil le foréigean in aghaidh na mban agus suirbhéanna samplacha;

Aghaidh a thabhairt ar gach cineál foréigin inscnebhunaithe

27.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le reachtaíocht agus beartais spriocdhírithe ag a bhfuil cur chuige trasnach chun dul i ngleic le cás íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe a ndéantar idirdhealú orthu, ar idirdhealú é de chineál trasnach, bunaithe ar fhéiniúlacht inscne nó ar shaintréithe gnéis agus ar fhorais eile amhail cine, dath, bunús eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht de mhionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh, staid na sláinte, stádas pósta nó stádas imirceach nó dídeanaí; ag cur béim ar an ngá atá ann tiomantais shonracha agus intomhaiste a chur leis an mbeartas agus leis an reachtóireacht, lena n-áirítear i ndáil le grúpaí a chosnaítear ar idirdhealú le dlí an Aontais agus le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

28.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, laistigh dá gcuid oibre chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac, a áirithiú go mbeidh sé d’aidhm ag gach tionscnamh reachtach agus neamhreachtach gach cineál foréigin inscnebhunaithe a dhíothú, go háirithe lena n-áirítear mná ina n-éagsúlacht uile agus foréigean i gcoinne daoine LADTIA+ ar fhorais féiniúlachta inscne, léirithe inscne agus saintréithe gnéis; á mheabhrú gur spreag an Pharlaimint na Ballstáit go láidir roimhe seo chun dlíthe agus beartais a ghlacadh lena gcuirtear cosc ar theiripe tiontaithe, ar chiorruithe ball giniúna ban agus idirghnéasacha agus ar chleachtais aimridithe éigeantais;

29.  á chur i bhfáth gur sárú tromchúiseach é an foréigean inscne ar chearta an duine agus ar an dínit, agus go bhféadfaidh sé tarlú mar fhoréigean síceolaíoch, fisiciúil, gnéasach agus eacnamaíoch, agus áirítear leis, inter alia, feimeamharú, foréigean páirtí dlúthchaidrimh, ciapadh gnéasach, cibearfhoréigean, stalcaireacht, éigniú, luathphósadh agus pósadh éigeantais, ciorrú ball giniúna ban, coireanna a dhéantar in ainm 'onóra' mar a thugtar air, an ginmhilleadh éigeantais, aimridiú éigeantais, teacht i dtír gnéasach agus gáinneáil ar dhaoine, foréigean institiúideach, foréigean den dara hord, foréigean ionadach agus íospairt thánaisteach;

30.  á mheabhrú gur cineál amháin den fhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní é an gháinneáil ar dhaoine agus an teacht i dtír gnéasach agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de i leith na gáinneála ar dhaoine;

31.  ag cáineadh an fheiniméin ar a dtugtar foréigean den dara hord, ar foréigean fisiciúil nó síceolaíoch é, bearta díoltais, náiriú agus géarleanúint i gcoinne daoine a thacaíonn le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe; á chur i bhfáth go gcuireann na gníomhartha sin bac ar chosc a chur ar chásanna d’fhoréigean inscnebhunaithe, ar na cásanna sin a bhrath, ar thacú leis na mná agus ar a n-athshlánú;

32.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di é cineál, méid agus tromchúis an fhoréigin inscnebhunaithe agus an chiaptha san ionad oibre; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur ghlac an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair Coinbhinsiún Uimh. 190 maidir le foréigean agus ciapadh i saol na hoibre agus á iarraidh ar na Ballstáit é a dhaingniú agus a chur chun feidhme gan mhoill; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an creat atá ann cheana do bhearta éifeachtacha a thabhairt chun críche go leordhóthanach chun cosc a chur ar fhoréigean agus ciapadh san ionad oibre, chomh maith le bearta coisctheacha, rochtain éifeachtach ar shásraí gearáin agus réitigh díospóide a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, atá sábháilte agus éifeachtach agus feachtais oiliúna agus múscailte feasachta, seirbhísí tacaíochta síceolaíocha agus leigheasanna;

33.  á áitiú gur cineál amháin den fhoréigean inscnebhunaithe é an cibearfhoréigean, lena n-áirítear ciapadh gnéasach agus síceolaíoch ar líne, cibearbhulaíocht, cibearstalcaireacht, nochtadh neamh-chomhthoiliúil d’íomhánna gnéis, fuathchaint ghnéasach ar líne agus cineálacha nua ciaptha ar líne amhail zúmbhuamáil nó bagairtí ar líne;

34.  á chur in iúl gurb oth léi go ndéanann an cibearfhoréigean difear díréireach do mhná agus do chailíní agus go bhfuil sé ag éirí níos coitianta de réir a chéile; á mheabhrú gur leanúntas den fhoréigean as líne é an cibearfhoréigean inscnebhunaithe agus go bhfuil sé doscartha ón bhforéigean sin toisc go bhfuil an dá rud fite fuaite ina chéile; á chur i bhfáth go bhfuil an cibearfhoréigean ag bagairt ar dhul chun cinn maidir le comhionannas inscne agus go bhfuil éifeacht tosta aige atá díobhálach do phrionsabail dhaonlathacha an Aontais; á chur in iúl gurb oth léi go ndéantar an cibearfhoréigean inscnebhuanaithe a spriocdhíriú go minic ar mhná a bhfuil próifíl phoiblí acu, amhail polaiteoirí, iriseoirí, ealaíontóirí agus gníomhaithe, agus é ar intinn a láithreacht sa saol poiblí agus i réimsí cinnteoireachta a dhíspreagadh;

35.  á chur i bhfáth gur de chineál trasteorann é an cibearfhoréigean, le déantóirí a úsáideann ardáin nó fóin phóca atá nasctha nó á n-óstáil ag Ballstáit seachas na Ballstáit sin ina bhfuil an t-íospartach lonnaithe; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le cur chuige comhordaithe ón Aontas chun feabhas a chur ar uirlisí tuairiscithe tráthúla agus inrochtana, ar shásraí éifeachtacha chun inneachar a bhaint anuas, agus go bhfuil gá le comhar éifeachtach idir ardáin ar líne agus údaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát chun foréigean inscnebhunaithe ar líne a chomhrac i gcomhréir iomlán le cearta bunúsacha;

36.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta sonracha a ghlacadh chun gach cineál den fhoréigean ar líne a dhíothú, lena n-áirítear trí oiliúint iomchuí a chur ar oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí, ar foréigean é a bhfuil tionchar díréireach aige ar mhná agus ar chailíní, agus aghaidh a thabhairt go sonrach ar an méadú atá tagtha ar an bhforéigean sin le linn phaindéim COVID-19;

37.  á mheabhrú gur cineál den fhoréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus daoine trasinscneacha agus neamh-dhénártha é aon sárú ar chearta gnéasacha agus ar chearta atáirgthe, mar a léirítear i Straitéis maidir le Comhionannas LADTIA, lena n-áirítear foréigean gnéasach, foréigean agus cleachtais dhíobhálacha ghínéiceolaíocha agus chnáimhseacha agus gur bac iad ar chomhionannas inscne;

38.  ag spreagadh an Choimisiúin chun malartú rialta dea-chleachtais a chur chun cinn idir na Ballstáit agus geallsealbhóirí maidir le cearta gnéasacha agus atáirgthe laistigh dá thograí le haghaidh bearta breise chun cineálacha foréigin inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac;

39.  á thabhairt chun suntais gur cineál foréigin inscnebhunaithe é an comhéigean atáirgthe agus diúltú don chúram do ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil; á chur i bhfáth gur rialaigh an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine roinnt uaireanta go sáraítear cearta daonna na mban le dlíthe sriantacha maidir le ginmhilleadh agus le heaspa cur chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras gur réamhchoinníollacha iad neamhspleáchas na gcailíní agus na mban agus a gcumas cinntí saora agus neamhspleácha a dhéanamh maidir lena gcoirp agus lena saol, chun go mbeidís neamhspleách go heacnamaíoch, chun comhionannas inscne a bhaint amach agus chun deireadh a chur le foréigean inscnebhunaithe; ag cáineadh go láidir go ndéantar ionsaí ar chearta na mban agus ar chomhionannas inscne san Aontas, go háirithe an t-ionsaí a rinneadh ar shláinte agus ar chearta gnéis agus atáirgthe na mban agus ar chearta na mban de facto agus an cosc de facto ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil sa Pholainn;

40.  á chur in iúl gur saoth léi na heasnaimh shofheicthe sa chóras forfheidhmithe dlí, as a n-eascraíonn rátaí ísle ciontaithe i gcásanna d’fhoréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus na gcailíní, agus saoirse ó phionós do dhéantóirí na coire; á iarraidh ar na Ballstáit uile na sainmhínithe ar ‘fhoréigean gnéasach’ agus ‘éigniú’ a leasú ina ndlíthe náisiúnta ionas go mbeidh siad bunaithe ar easpa toilithe, mar a leagtar síos i gCoinbhinsiún Iostanbúl;

41.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di é an gnéasú a dhéantar ar leanaí, go háirithe gnéasú cailíní ag fir; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar an gcosaint a thugtar faoi dhlíthe coiriúla maidir le cionta gnéasacha in aghaidh leanaí, go háirithe i gcás ina léiríonn déantóirí na gcionta faillí maidir le haois an linbh;

42.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil dhá uair go cúig huaire níos mó de sheans ann go bhfulaingeoidh mná faoi mhíchumas foréigean ná mná eile; á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Aontas, mar pháirtí i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas, bearta a ghlacadh chun a áirithiú go n-urramófar go hiomlán cearta uile an duine agus saoirsí bunúsacha na mban agus na gcailíní atá faoi mhíchumas; ag tabhairt dá haire gur cheart don Aontas a iarrachtaí a chur chun cinn sa treo sin, inter alia trí Choinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú;

43.  á chur i bhfáth go bhfuil tionchar díréireach ag foréigean inscne ar mhná ó mhionlaigh agus, go háirithe, ar mhná Romacha agus ar mhná Moslamacha, lena n-áirítear iad siúd a chaitheann éadach reiligiúnach, go háirithe sa spás poiblí, san ionad oibre agus ar líne; á thabhairt chun suntais gur cheart aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe i gcoinne na mban Romach agus in aghaidh na mban Moslamach le cur chuige trasnach lena gcuirtear san áireamh idirdhealú ar fhorais inscne i gcomhar le hidirdhealú ar fhorais reiligiúin agus eitneachta;

44.  ag tabhairt dá haire nach mór don Choimisiún aghaidh a thabhairt ar chás ar leith chosaint na mban in aghaidh foréigean inscnebhunaithe, go háirithe cásanna d’fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh ina mbraitheann stádas cónaithe an íospartaigh ar chomhchónaí nó ar stádas pósta, agus á mheabhrú nach mór go mbeadh rochtain faoi Threoir 2012/29/AE ar chosaint iomchuí, ar sheirbhísí tacaíochta agus ar leigheasanna éifeachtacha ar fáil d’íospartaigh uile an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear an ceart faisnéis a fháil agus a bheith in ann páirt a ghlacadh in imeachtaí coiriúla, agus go gcaithfidh gach ceart a bheith i bhfeidhm ar bhealach neamh-idirdhealaitheach, lena n-áirítear maidir lena stádas cónaithe;

45.  á chur i bhfios go láidir nach dtugtar aghaidh sa chuid is mó de na dlíthe imirce agus dídeanaithe atá san Eoraip ar leochaileacht na mban is imircigh agus na mban is dídeanaithe, ar a n-áirítear i measc a iarmhairtí méadú ar fhoréigean inscnebhunaithe agus, de réir mar atá siad ag taisteal, coinníollacha glactha neamhshábháilte, bearta cosanta neamhleora agus easpa rochtana ar cheartas d’imircigh san Aontas;

46.  á mheas, nach amháin gur coir é an foréigean páirtí dlúthchaidrimh i gcoinne íospartach an fhoréigin ach gur cheart breathnú air freisin mar choir i gcoinne aon leanbh a fhianaíonn é, lena n-áirítear mar gheall ar na héifeachtaí diúltacha fadtréimhseacha ar fholláine agus ar fhorbairt an linbh; ag cáineadh a mhinice a dhéanann lucht déanta fhoréigean an pháirtí dlúthchaidrimh drochíde a thabhairt do leanaí mar bhealach chun cumhacht agus foréigean a fheidhmiú i gcoinne na máthar, feiniméan ar a dtugtar foréigean ionadach agus ar cineál amháin den fhoréigean inscnebhunaithe é;

Cosaint, Tacaíocht agus Cúiteamh 

47.  á iarraidh ar na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun tacaíocht agus cúiteamh do mhná agus cailíní ina n-éagsúlacht uile a chur chun cinn agus a áirithiú agus do mharthanóirí uile an fhoréigin inscnebhunaithe agus chun a gcosaint i gcoinne na gcineálacha uile foréigin a chur chun cinn agus a áirithiú, á mheabhrú gur cheart na bearta sin a bheith leordhóthanach, curtha i bhfeidhm ar bhealach tráthúil, iomlánaíoch agus i gcomhréir le tromchúis na díobhála a fulaingíodh agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais na ndaoine sin a fhulaingíonn cineálacha trasnacha idirdhealaithe agus foréigin;

48.  á iarraidh ar na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a chomhlíonadh trí bhearta cosanta agus tacaíochta a chur ar fáil do mhná bunaithe ar thuiscint inscneach ar fhoréigean in aghaidh na mban agus ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh agus lena ndírítear ar chearta an duine agus ar shábháilteacht an íospartaigh, agus ar an gcaoi lena seachnaítear foréigean institiúideach ar íospartaigh mar thoradh ar dhlíthe nó ar chleachtais riaracháin nó forfheidhmithe atá neamhíogair do bhreithnithe inscne agus/nó nach bhfuil dóthain eolais nó nósanna imeachta iomchuí ag gabháil leo, óna n-eascródh saoirse ó phionós do dhéantóirí agus athíospairt;

49.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go measfar leanaí a bheith ina n-íospartaigh d’fhoréigean inscnebhunaithe i gcás foréigean páirtí dlúthchaidrimh, agus gurb iad a ndínit agus a sábháilteacht na rudaí is tábhachtaí; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, dlíthe lena ndéantar coir as leanbh a nochtadh d’fhoréigean i ndlúthchaidreamh; á iarraidh ar na Ballstáit thairis sin a áirithiú go bhfuil dlíthe maidir le caomhnóireacht i gcomhréir leis an bprionsabal sin, sa chiall nach dtabharfar cearta caomhnóireachta do thuismitheoirí ar déantóirí an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh iad;

50.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil tacaíocht agus seirbhísí ann do mharthanóirí foréigin inscnebhunaithe atá curtha in oiriúint dá riachtanais shonracha, lena n-áirítear le linn géarchéime; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé, sa chomhthéacs sin, tacaíocht a chur ar fáil d’eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta agus d’eagraíochtaí dídine na mban, arb iad na heagraíochtaí sin a bhfuil an fios gnó acu is gá chun cosaint na mban a áirithiú;

51.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain a ráthú d’íospartaigh ar sheirbhísí tacaíochta agus ar sheirbhísí riachtanacha, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, agus an rochtain sin i gceantair thuaithe a ráthú freisin; á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir le seirbhísí poiblí a chur ar fáil ag gach céim de na próisis chúitimh, go háirithe maidir le tacaíocht riachtanach shíceolaíoch, dhlíthiúil agus fostaíochta a chur ar fáil;

52.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún feasacht a mhúscailt agus a áirithiú go mbeidh faisnéis d’íospartaigh agus do dhéantóirí an fhoréigin inscnebhunaithe ar fáil i ngach teanga de chuid an Aontais, chun a áirithiú go n-urramófar cearta na n-íospartach nuair a fheidhmíonn siad a gceart bunúsach chun saorghluaiseachta laistigh den Aontas;

53.  i bhfianaise chomhthéacs struchtúrach an idirdhealaithe agus an neamhionannais, á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur lena gcuid oibre chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag íospartaigh ar an gceartas agus ar chóras breithiúnach neamhspleách a bheidh ar fáil go fisiciúil, go heacnamaíoch, go sóisialta agus go cultúrtha do gach íospartach den fhoréigean inscnebhunaithe agus a ráthú go gcuirfear cearta an íospartaigh ag croílár na hiarrachta chun idirdhealú, trámú nó athíospairt a sheachaint le linn imeachtaí breithiúnacha, leighis agus póilíneachta trí ghné na hinscne a phríomhshruthú ar fud an phróisis;

54.  á chur i bhfios go láidir gur cúis imní di go bhfuil saincheisteanna fós ag formhór na mBallstát maidir le trasuíomh iomlán nó trasuíomh ceart agus/nó cur i bhfeidhm praiticiúil Threoir 2012/29/AE, mar a léirítear i Straitéis an Choimisiúin maidir le Cearta Íospartach, agus á iarraidh ar na Ballstáit í a thrasuí go cuí agus go dícheallach, go hiomlán agus i gceart;

55.  á chur i bhfios go láidir gur rannchuiditheoir tábhachtach é an teip aghaidh a thabhairt ar an easpa iontaoibhe agus muiníne sna húdaráis forfheidhmithe dlí agus sa chóras breithiúnach ag marthanóirí an fhoréigin inscnebhunaithe le ganntuairisciú a dhéanamh; á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar acmhainní agus ar oiliúint cleachtóirí agus oifigeach um fhorfheidhmiú an dlí, lena n-áirítear breithiúna, ionchúisitheoirí poiblí, foireann bhreithiúnach, saineolaithe fóiréinseacha agus gairmithe eile a bhíonn ag plé le híospartaigh an fhoréigin inscne; á iarraidh ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht cúirteanna speisialaithe a bhunú chuige sin; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de, dá n-áiritheofaí go mbeadh eolas agus scileanna boga méadaithe ag oifigigh phóilíneachta agus ag breithiúna chun éisteacht go cúramach le gach duine a d’fhulaing foréigean inscnebhunaithe agus chun iad a thuiscint agus a urramú, go rannchuideofaí le haghaidh a thabhairt ar an nganntuairisciú agus ar an athíospairt agus go gcruthófaí timpeallacht níos sábháilte do mharthanóirí an fhoréigin inscnebhunaithe;

56.  á iarraidh ar na Ballstáit uile Coinbhinsiún Iostanbúl a chomhlíonadh go hiomlán trí chláir chóireála a ghlacadh do dhéantóirí an fhoréigin inscnebhunaithe agus an fhoréigin baile d’fhonn tuilleadh foréigin a chosc, léargais a thabhairt maidir le noirm dhíobhálacha inscne, caidreamh cumhachta neamhshiméadrach agus luachanna atá mar bhonn le foréigean inscnebhunaithe agus a áirithiú go mbeidh sábháilteacht agus cearta daonna na n-íospartach ina bpríomhchúiseanna imní;

57.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain do cheartas a áirithiú do mharthanóirí uile an fhoréigin inscnebhunaithe a bhaineann le coinbhleacht, lena n-áirítear rochtain ar chúnamh dlíthiúil ar ardchaighdeán, agus an cuntasacht iomlán do dhéantóirí gach coire insncebhunaithe in aghaidh ban agus cailíní a bhaineann le coinbhleacht, agus in aghaidh fear agus buachaillí, trí nósanna imeachta dlíthiúla a ghníomhachtú ar leibhéal náisiúnta, ar leibhéal réigiúnach agus ar leibhéal idirnáisiúnta, go háirithe trí Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta;

58.  á iarraidh ar na Ballstáit Treoracha 2011/99/AE, 2012/29/AE agus 2011/36/AE a chur chun feidhme go hiomlán;

59.  á chur i bhfios go láidir, ós rud é nach bhfuil gníomh dlí de chuid an Aontais ann chun an foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus i ngeall ar na héagothromaíochtaí i ndlíthe náisiúnta na mBallstát, go bhfuil leibhéil éagsúla cosanta ann do mharthanóirí;

60.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin i ndáil leis na réimsí coireachta a liostaítear faoi Airteagal 83(1), an dara fomhír, CFAE, a leathnú chun an fhuathchoireacht agus an fhuathchaint a chuimsiú; ag tathant ar an gCoimisiún treoshuíomh gnéasach, féiniúlacht inscne, léiriú inscne agus saintréithe gnéis a áireamh mar fhorais idirdhealaithe a chumhdaítear go sonrach leis an Airteagal sin; á mheas go bhfuil beart den sórt sin bunriachtanach chun cosaint daoine LADTIA+ san Aontas a áirithiú;

61.  á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé leas iomlán a bhaint as na deiseanna oiliúna atá ar fáil do na Ballstáit trí chláir, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí éagsúla an Aontais agus á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint athfhillteach agus éifeachtach a sholáthar lena n-áirítear gné na hinscne, gné chearta an duine agus caighdeáin idirnáisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an ceart ag íospartaigh cúnamh dlíthiúil poiblí ardcháilíochta a fháil roimh imeachtaí dlíthiúla agus lena linn;

62.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin togra a chur i dtoll a chéile in 2021 maidir le treoir chun an foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac chun caighdeáin Choinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme; á chur i bhfáth nach mór don treoir nua sin a bheith comhlántach le bearta reachtacha agus neamhreachtacha atá ann cheana agus atá ar na bacáin chun gníomhaíocht chomhleanúnach de chuid an Aontais maidir le comhionannas inscne a bhaint amach, agus chun Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú ar deireadh; á iarraidh an athuair, dá bhrí sin, ar an Aontas Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú; ag meabhrú, thairis sin, thiomantas Uachtarán an Choimisiúin na réimsí coireachta a leathnú chun cineálacha sonracha an fhoréigin inscnebhunaithe a chuimsiú i gcomhréir le hAirteagal 83(1) CFAE;

Na chéad chéimeanna eile ar leibhéal an Aontais 

63.  á chur i bhfáth gur coir thromchúiseach agus sárú forleathan ar chearta bunúsacha agus saoirsí san Aontas é an foréigean inscnebhunaithe, ar líne agus as líne araon, nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhealach níos éifeachtúla agus nach mór a chinneadh le níos mó díograise ar bhonn comhchoiteann; á chur i bhfáth go n-eascraíonn an foréigean inscnebhunaithe as neamhionannais inscne struchtúrtha shochaíocha agus shistéamacha a mbíonn gné thrasteorann ag baint leo; ag cur béim, go háirithe, ar na gluaiseachtaí frithinscne, frith LADTIA+ agus frithbhan atá ag dul i méid, ar gluaiseachtaí dea-eagraithe agus de chineál trasteorann iad; á mheas, thairis sin, mar thoradh ar ghné thrasteorann an chibearfhoréigin inscnebhunaithe agus ar an mórthionchar aonair, eacnamaíoch agus sochaíoch a bhíonn ag an bhforéigean inscnebhunaithe ar fud na mBallstát uile, go n-athdhearbhaítear gur gá dul i ngleic leis na gnéithe iomadúla den fhoréigean inscnebhunaithe ar bhonn comhchoiteann de chuid an Aontais;

64.  á iarraidh ar an Aontas aghaidh a thabhairt go práinneach ar an méadú atá tagtha ar fhoréigean inscnebhunaithe le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar an gCoimisiún prótacal de chuid an Aontais a fhorbairt maidir le foréigean inscnebhunaithe i dtráth géarchéime agus seirbhísí cosanta d’íospartaigh, amhail línte cabhrach, cóiríocht shábháilte agus seirbhísí sláinte, a áireamh mar ‘sheirbhísí bunriachtanacha’ sna Ballstáit chun foréigean inscnebhunaithe a chosc agus chun tacú le híospartaigh an fhoréigin le linn géarchéimeanna amhail paindéim COVID-19;

65.  á chur i bhfáth go léirítear, le glacadh ionstraimí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, amhail Coinbhinsiún Iostanbúl, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForéigean in aghaidh na mBan a Dhíothú agus rúin eile ó na Náisiúin Aontaithe, gur gá gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chomhrac ar bhonn comhchoiteann;

66.  á chur i bhfáth, maidir leis an ngá faoi leith atá ann foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe a chomhrac ar bhonn comhchoiteann, go n-eascraíonn sé freisin as an riachtanas íosrialacha a bhunú maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú, lena n-áirítear sainmhíniú comhchoiteann ar an bhforéigean inscnebunaithe, mar aon le híosrialacha maidir le príomh-shaincheisteanna a bhaineann le cosc, le tearcthuairisciú, le cosaint íospartach, le tacaíocht agus cúiteamh dóibh, agus le déantóirí an fhoréigin inscnebhunaithe a ionchúiseamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir cuir chuige agus leibhéil gealltanais na mBallstát chun an foréigean insncebhunaithe a chosc agus a chomhrac agus, dá bhrí sin, go rannchuideodh cur chuige ar bhonn comhchoiteann freisin le forfheidhmiú an dlí in oibríochtaí trasteorann;

67.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar bhonn Airteagal 83(1), an tríú fomhír, CFAE, togra a thíolacadh le haghaidh cinneadh ón gComhairle lena sainaithnítear gur réimse nua coireachta é an foréigean inscnebhunaithe lena gcomhlíontar na critéir a shonraítear san Airteagal sin, i gcomhréir leis na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo, agus á iarraidh ar an gCoimisiún an réimse nua coireachta sin a úsáid mar bhunús dlí do threoir de chuid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle a bheidh iomlánaíoch agus dírithe ar íospartaigh chun gach cineál foréigin inscnebhunaithe, ar líne agus as líne araon, a chosc agus a chomhrac;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún treoir chuimsitheach maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe a mholadh lena gcuirtear chun feidhme caighdeáin Choinbhinsiún Iostanbúl agus caighdeáin idirnáisiúnta eile amhail moltaí maidir le foréigean inscnebhunaithe ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú agus lena n-áirítear ar a laghad na gnéithe seo a leanas:

   ­ bearta coisctheacha, lena n-áirítear trí chláir oideachais atá inscne-íogair agus freagrúil ó thaobh trasnachais de atá dírithe ar chailíní agus ar bhuachaillí araon, agus trí chumhachtú na mban agus na gcailíní;
   ­ seirbhísí tacaíochta agus bearta cosanta agus cúitimh d’íospartaigh;
   ­ bearta chun gach cineál foréigin insncebhunaithe a chomhrac, lena n-áirítear foréigean i gcoinne dhaoine LADTIA+ ar fhorais a bhaineann le hinscne, féiniúlacht insnce, léiriú inscne agus saintréithe gnéis, agus foréigean inscnebhunaithe ar líne agus teacht i dtír gnéasach agus mí-úsáid ghnéasach;
   ­ íoschaighdeáin maidir le forfheidhmiú an dlí;
   ­ cur chuige a bheidh dírithe ar íospartaigh ar cur chuige trasnach é;
   ­ oibleagáidí do na Ballstáit chun a áirithiú go dtabharfar aird leordhóthanach ar chearta coimeádta agus cuairte i dtaca le leanaí i gcás ina bhfuil foréigean inscnebhunaithe i gceist, trí chearta an íospartaigh a chur ag croílár a ndlíthe;
   ­ bearta lena n-áirithítear go gcuirfear faisnéis ar fáil i ngach teanga iomchuí; agus
   ­ bearta chun comhar i measc na mBallstát agus malartú dea-chleachtas, faisnéise agus saineolais a áirithiú;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún comhordaitheoir i gcoinne foréigean in aghaidh na mban agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe a cheapadh;

o
o   o

70.  á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

(1) IO L 101, 15.4.2011, lch. 1.
(2) IO L 338, 21.12.2011, lch. 2.
(3) IO L 315, 14.11.2012, lch. 57.
(4) IO C 296 E, 2.10.2012, lch. 26.
(5) IO C 285, 29.8.2017, lch. 2.
(6) IO C 337, 20.9.2018, lch. 167.
(7) IO C 449, 23.12.2020, lch. 102.
(8) IO C 232, 16.6.2021, lch. 48.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0336.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0024.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0025.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0041.
(13) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0058.
(14) https://www.unwomen.org/-/media/headquarters/attachments/sections/library/publications/2020/issue-brief-covid-19-and-ending-violence-against-women-and-girls-en.pdf?la=en&vs=5006
(15) https://curia.europa.eu/juris/document/document.jsf?docid=238745&doclang=en
(16) https://www.unwomen.org/en/what-we-do/ending-violence-against-women/facts-and-figures
(17) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/political-guidelines-next-commission_en_0.pdf
(18) Measúnú Breisluacha Eorpaigh (MBLE) eatramhach de chuid EPRS maidir le foréigean inscnebhunaithe, lch. 35.


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN:

CINNEADH ÓN gCOMHAIRLE

maidir le foréigean inscnebhunaithe a shainaithint mar réimse coireachta a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 83(1) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Ag féachaint don toiliú ó Pharlaimint na hEorpa,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá an comhionannas idir mná agus fir ina dhlúthchuid de luachanna an Aontais agus tá sé ar cheann de bhunphrionsabail an Aontais a chumhdaítear sna Conarthaí agus a aithnítear in Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’). Is ceart bunúsach atá cumhdaithe sna Conarthaí agus sa Chairt é an ceart chun córa comhionainne agus chun neamh-idirdhealaithe. Is réamhriachtanas é deireadh a chur le foréigean fireann in aghaidh ban agus cailíní chun fíor-chomhionannas a bhaint amach idir mná agus fir.

(2)  Le hAirteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ceanglaítear ar an Aontas, ina ghníomhaíochtaí uile, é a bheith d’aidhm aige neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh.

(3)  De bhun Airteagal 83(1), an tríú fomhír, CFAE, féadfaidh an Chomhairle, ar bhonn forbairtí sa choireacht, cinneadh a ghlacadh lena sainaithneofar réimsí coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo, sa bhreis ar na réimsí coireachta a shonraítear in Airteagal 83(1), an dara fomhír, CFAE, a eascraíonn as nádúr na gcionta sin nó as an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.

(4)  Agus cinneadh den sórt sin á ghlacadh faoi Airteagal 83(1), an tríú fomhír, CFAE, tá an Chomhairle le gníomhú d’aon toil tar éis toiliú a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

(5)  Déanann an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE) agus Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’) an foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a shainmhíniú mar fhoréigean atá dírithe ar bhean toisc gur bean í, nó mar fhoréigean lena ndéantar difear díréireach do mhná. Faoi Choinbhinsiún Iostanbúl, sainmhínítear an téarma ‘foréigean in aghaidh ban’ mar aon ghníomh foréigin inscnebhunaithe as a n-eascraíonn dochar nó fulaingt fhisiceach, gnéis, síceolaíochta nó eacnamaíoch do mhná nó a bhféadfadh dochar nó fulaingt den sórt sin eascairt as, lena n-áirítear gníomhartha den sórt sin a bhagairt, comhéigean nó cailleadh treallach saoirse, bíodh sin sa saol poiblí nó sa saol príobháideach.

(6)  Is íospartaigh foréigin inscnebhunaithe iad daoine LADTIA+ freisin mar gheall ar a n-inscne, a bhféiniúlacht inscne, a léiriú inscne agus a saintréithe gnéis.

(7)  Áirítear le foréigean inscnebhunaithe i gcoinne daoine LADTIA+ foréigean fisiceach, foréigean síceolaíoch, póstaí éigeantais, foréigean gnéasach, lena n-áirítear éigniú ‘ar scáth ceartú’ agus ciapadh gnéasach, ciorrú ball giniúna ban agus daoine idirghnéasacha, steiriliú éigeantach daoine trasinscneacha agus idirghnéasacha, coireanna ‘onóra’ mar a thugtar orthu, teiripe tiontaithe, fuathchaint, ar líne agus as líne araon, bulaíocht agus ciapadh, díothacht shocheacnamaíoch agus foréigean a tharlaíonn sa teaghlach agus/nó san aonad baile mar gheall ar fheiniúlacht insnce, léiriú inscne nó saintréithe gnéis an íospartaigh.

(8)  Tá foréigean inscnebhunaithe fréamhaithe i steiréitíopaí inscne, i struchtúir heitreaphatrarcacha, i neamhshiméadrachtaí cumhachta agus neamhionannais struchtúracha agus institiúideacha. Déanann an foréigean inscne difear do gach réimse den tsochaí.

(9)  Faoi Choinbhinsiún Iostanbúl, sainmhínítear inscne mar ‘na róil, na hiompraíochtaí, na gníomhaíochtaí agus na saintréithe a mheasann sochaí faoi leith gur iomchuí do mhná agus d’fhir iad’, ina meabhraítear go bhfuil go leor cineálacha foréigin in aghaidh na mban fréamhaithe i neamhionannas idir mná agus fir ó thaobh cumhachta de;

(10)  Is é an foréigean inscne, ar líne agus as líne araon, agus an easpa rochtana ar chosaint leormhaith, an léiriú is tromchúisí ar idirdhealú inscnebhunaithe agus is ionann é agus sárú ar chearta bunúsacha mar a chumhdaítear sa Chairt, amhail an ceart chun dínit an duine, an ceart chun na beatha, an ceart chun iomláine coirp agus intinne, toirmeasc ar chéasadh agus ar íde nó pionós atá mídhaonna nó táireach, toirmeasc ar an sclábhaíocht agus ar shaothar éigeantais, an ceart chun saoirse agus slándála agus an ceart go ndéanfar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh a urramú.

(11)  Is coir thromchúiseach agus sárú forleathan ar chearta bunúsacha agus saoirsí san Aontas é an foréigean inscnebhunaithe, ar líne agus as líne araon, nach mór aghaidh a thabhairt air ar bhealach níos éifeachtúla agus nach mór a chinneadh ar bhonn comhchoiteann.

(12)  Le glacadh ionstraimí réigiúnacha agus idirnáisiúnta, amhail Coinbhinsiún Iostanbúl, Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir leis an bhForéigean in aghaidh na mBan a Dhíothú agus rúin eile ó na Náisiúin Aontaithe, léirítear gur gá gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chomhrac ar bhonn comhchoiteann.

(13)  An gá faoi leith foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus cineálacha eile foréigin inscnebhunaithe a chomhrac ar bhonn comhchoiteann, d’eascair sé freisin as an riachtanas íosrialacha a bhunú maidir le cionta coiriúla agus smachtbhannaí a shainiú, lena n-áirítear sainmhíniú coiteann ar fhoréigean inscnebhunaithe, agus íosrialacha maidir le príomh-shaincheisteanna a bhaineann le cosc, tearcthuairisciú, cosaint íospartach, tacaíocht agus cúiteamh dóibh, agus le déantóirí an fhoréigin inscnebhunaithe a ionchúiseamh. Tá éagsúlacht shuntasach idir na cuir chuige agus na leibhéil gealltanais sna Ballstáit chun foréigean insncebhunaithe a chosc agus a chomhrac agus, dá bhrí sin, rannchuideofaí freisin, le cur chuige ar bhonn comhchoiteann, le forfheidhmiú an dlí in oibríochtaí trasteorann.

(14)  Leis an bhforéigean inscnebhunaithe, comhlíontar na critéir chun é a shainaithint mar réimse nua coireachta faoi Airteagal 83(1) CFAE,

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Aithnítear leis seo gur réimse coireachta é an foréigean inscnebhunaithe a chomhlíonann na critéir a shonraítear in Airteagal 83(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

   Thar ceann na Comhairle

   An tUachtarán

An nuashonrú is déanaí: 23 Lúnasa 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais