Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2046(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0193/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0193/2021

Díospóireachtaí :

PV 15/09/2021 - 8
CRE 15/09/2021 - 8

Vótaí :

PV 16/09/2021 - 8
PV 16/09/2021 - 15

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0392

Téacsanna atá glactha
PDF 199kWORD 70k
Déardaoin, 16 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Cur chun feidhme cheanglais an Aontais maidir le faisnéis chánach a mhalartú
P9_TA(2021)0392A9-0193/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cur chun feidhme cheanglais an Aontais maidir le faisnéis chánach a mhalartú: dul chun cinn, ceachtanna a foghlaimíodh agus bacainní le sárú (2020/2046(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 4 agus 14 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint d’Airteagail 113 agus 115 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE(1) (DAC),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1286/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear clár gníomhaíochta chun feabhas a chur ar oibriú na gcóras cánachais san Aontas Eorpach don tréimhse 2014-2020 (Fiscalis 2020) agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1482/2007/CE(2),

–  ag féachaint do Threoir 2014/107/AE ón gComhairle an 9 Nollaig 2014 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais(3),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais(4),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais(5),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2016/2258 ón gComhairle an 6 Nollaig 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le rochtain a bheith ag na húdaráis chánach ar fhaisnéis faoin gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid(6),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/822 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe infhógartha trasteorann(7),

–  ag féachaint do thogra ón gCoimisiúin an 15 Iúil 2020 le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (DAC7) (COM(2020)0314),

–  ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 2020 maidir le todhchaí an chomhair riaracháin i réimse an chánachais in AE,

–  ag féachaint dá seasamh an 10 Márta 2021 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais(8),

–  ag féachaint do mheasúnú tionchair tosaigh ón gCoimisiún an 23 Samhain 2020 ar an togra le haghaidh Treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2011/16/AE maidir le bearta chun na rialacha atá ann cheana a neartú agus chun an creat malartaithe faisnéise i réimse an chánachais a leathnú ionas go n-áireofar criptea-shócmhainní agus ríomh-airgead ann,

–  ag féachaint do thogra ón gCoimisiúin an 18 Nollaig 2017 maidir le cur i bhfeidhm Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais (COM(2017)0781),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiúin an 17 Nollaig 2018 maidir le forbhreathnú agus measúnú ar an staidreamh agus faisnéis ar na huathmhalartuithe i réimse an chánachais dhírigh (COM(2018)0844),

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 12 Meán Fómhair 2019 i ndáil leis an meastóireacht ar Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (SWD(2019)0327),

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 03/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Faisnéis chánach a úsáid san Aontas Eorpach: bunús láidir, scoilteanna i gcur chun feidhme’,

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Márta 2019 maidir le coireanna airgeadais, seachaint cánach agus imghabháil cánach(9),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc (C(2020)2800),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh’ (COM(2020)0312),

–  ag féachaint don staidéar dar teideal ‘Cur chun feidhme cheanglais AE maidir le malartú faisnéise cánach’ a d’fhoilsigh a Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh(10),

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta ECFE um Chreimeadh an Bhoinn Cánach agus Aistriú Brabúis (BEPS) an 19 Iúil 2013,

–  ag féachaint do thuarascáil ECFE an 9 Nollaig 2020 dar teideal ‘Athbhreithniú Piaraí ar Fhaisnéis maidir le hUathmhalartú Cuntas Airgeadais 2020’

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Bearta éifeachtúla agus comhordaithe AE chun calaois chánach, seachaint cánach, sciúradh airgid agus tearmainn chánach a chomhrac’(11),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0193/2021),

A.  de bhrí go bhfuil cleachtais chánach éagóracha nó ionsaitheacha os comhair AE, amhail go gcailleann Ballstáit an Aontais Eorpaigh idir EUR 160 billiún agus EUR 190 billiún in aghaidh na bliana(12) mar thoradh ar imghabháil cánach agus aistriú brabúis ag cuideachtaí ilnáisiúnta; de bhrí go bhfuil an caillteanas sin chomh mór sin i ngeall ar an ngéarchéim sláinte, shóisialta agus eacnamaíoch a bhfuil an tAontas ag tabhairt fúithi faoi láthair, agus é ag streachailt leis sin; de bhrí go raibh EUR 1.5 trilliún eischósta ag cáiníocóirí AE in 2016, rud a d’fhág go raibh meánchaillteanas ioncaim cánach EUR 46 billiún in AE mar thoradh ar imghabháil cánach ag daoine aonair(13); de bhrí nach bhfuil sna suimeanna sin ach cuid d’fhadhb ghinearálta na seachanta cánach ag daoine aonair agus ag cuideachtaí agus go mbaintear an luach sin go neamhdhlisteanach ó bhuiséid náisiúnta agus, dá bhrí sin, gur ualach breise é ar cháiníocóirí comhlíontacha;

B.  de bhrí go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar an gcomhar idir riaracháin chánach ar leibhéal AE, agus ar an leibhéal domhanda, le blianta beaga anuas, agus é mar aidhm leis sin srian a chur ar imghabháil cánach, ar sheachaint cánach agus ar chalaois chánach ar bhealach níos éifeachtaí, go háirithe mar thoradh ar Chomhchaighdeán Tuairiscithe G20/ECFE a formheasadh in 2014;

C.  de bhrí, leis na scannail éagsúla a thug iriseoirí imscrúdaitheacha chun solais, amhail LuxLeaks, Páipéir Phanama, Páipéir Pharthais, na scannail cum-ex/cum-cum agus, le déanaí, OpenLux, gur cuireadh le feasacht mhéadaithe agus gur cuireadh brú ar AE tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a thacar uirlisí i gcoinne na seachanta cánach, na himghabhála cánach agus na calaoise cánach; de bhrí gur léirigh an méid a tháinig chun solais in OpenLux gur gá malartú faisnéise cánach a bheith níos cáilíochtúla agus torthaí a bhaint amach;

D.  de bhrí gur leagadh síos le DAC, a tháinig i bhfeidhm i mí Eanáir 2013 agus a cuireadh in ionad Threoir 77/799/CEE ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach ó údaráis inniúla na mBallstát i réimse an chánachais dhírigh, na rialacha agus na nósanna imeachta don chomhar idir na Ballstáit maidir le malartú faisnéise (EOI) idir riaracháin chánach na mBallstát, go háirithe malartú uathoibríoch faisnéise (AEOI) maidir le hioncam agus sócmhainní;

E.  de bhrí gur leasaíodh an DAC cúig huaire ina dhiaidh sin chun raon feidhme AEOI a leathnú de réir a chéile chuig faisnéis maidir le cuntais airgeadais agus maidir le hioncam gaolmhar (DAC2), réamhrialuithe trasteorann (ACBRanna) agus réamhshocruithe praghsanna (APAanna) (DAC3), Tuarascálacha Tír-ar-Tír (CbCR) arna gcomhdú ag fiontair ilnáisiúnta (DAC4), chun rochtain a sholáthar d’údaráis chánach ar fhaisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil arna bailiú faoi na rialacha maidir le Frithsciúradh Airgid (AML) (DAC5), agus ar deireadh raon feidhme AEOI a leathnú chuig socruithe pleanála cánach trasteorann agus rialacha maidir le nochtadh éigeantach d’idirghabhálaithe (DAC6) a thabhairt isteach;

F.  de bhrí gur féidir measúnú a dhéanamh ar na forálacha do AEOI faoi DAC1 go DAC4 a tháinig i bhfeidhm idir Eanáir 2015 agus Meitheamh 2017, agus ar an tionchar tosaigh a bhí leo, cé go bhfuil sé ró-luath measúnú a dhéanamh ar thionchar fhorálacha DAC5 agus DAC6, nár tháinig i bhfeidhm ach in Eanáir 2018 agus in Iúil 2020 faoi seach;

G.  de bhrí gur mhol an Coimisiún leasú breise i mí Iúil 2020 chun raon feidhme AEOI a leathnú chuig, inter alia, an ioncam a thuilltear trí ardáin dhigiteacha (DAC7) agus gur fhógair sé leasú breise chun rochtain ar fhaisnéis maidir le criptea-sócmhainní (DAC8) a chur ar fáil; de bhrí go bhféadfadh athbhreithniú den sórt sin a bheith ina dheis chun feabhas a chur ar an gcreat don mhalartú faisnéise ina iomláine;

H.  de bhrí go bhfuil an chaibidlíocht maidir le roinnt athbhreithnithe DAC tugtha chun críche ag an gComhairle, lena n-áirítear an togra DAC7 a rinneadh le déanaí, gan tuairim Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh, beart a théann in aghaidh phrionsabail an chomhair dhílis agus in aghaidh ról Pharlaimint na hEorpa i bpróiseas comhairleach mar a luaitear in Airteagal 115 CFAE;

I.  de bhrí nach dtugann na deacrachtaí a tháinig chun cinn sa Chomhairle ar theacht ar chomhaontú maidir leis na feabhsuithe atá curtha chun cinn ag an gCoimisiún freagraí leordhóthanacha ar shaincheisteanna cánach domhanda;

J.  de bhrí go bhfuil roinnt neamhréireachtaí ann fós idir na caighdeáin idirnáisiúnta agus na caighdeáin Eorpacha, go háirithe maidir leis an spriocdháta chun faisnéis chánach a chur in iúl; de bhrí go n-eisíonn formhór na mBallstát faisnéis chomhiomlán CbCR faoi Ghníomhaíocht 13 de Phlean Gníomhaíochta BEPS;

K.  de bhrí go bhfuil comhaontuithe sínithe ag an Aontas le tríú tíortha, lena n-áirítear Andóra, Lichtinstéin, Monacó, San Mairíne agus an Eilvéis chun a áirithiú go gcomhroinnfear faisnéis choibhéiseach DAC2 leis na Ballstáit; de bhrí nach raibh leaganacha níos déanaí den DAC faoi réir comhaontuithe comhchosúla;

L.  de bhrí nach bhfuil ach faisnéis an-teoranta ar fáil don phobal maidir le cur chun feidhme DAC1 go DAC4, agus gan aon fhaisnéis chainníochtúil ann nach mór maidir le malartú faisnéise a bhaineann le CbCRanna faoi DAC4, agus de bhrí gur annamh a bhíonn faisnéis chainníochtúil maidir le cur chun feidhme DAC ar leibhéal na mBallstát;

M.  de bhrí go n-urramaíonn an Pharlaimint prionsabal na ceannasachta cánach náisiúnta go hiomlán;

N.  de bhrí go léiríonn an fhaisnéis atá ar fáil go bhfuil méadú suntasach tagtha ar EOI faoi fhorálacha DAC1 agus DAC2 do AEOI ó tháinig sé i bhfeidhm, agus go ndearna na Ballstáit thart ar 11 000 teachtaireacht a mhalartú ina ndearnadh tagairt do bheagnach 16 mhilliún cáiníocóirí agus d’ioncam agus/nó sócmhainní ar fiú os cionn EUR 120 billiún iad faoi fhorálacha DAC1 idir 2015 agus lár 2017, agus thart ar 4 000 teachtaireacht lena gcumhdaítear thart ar 8,3 milliún cuntas ag a bhfuil luach iomlán beagnach EUR 2,9 trilliún faoi DAC2 ó 2018;

O.  de bhrí gur tháinig méadú suntasach ar ACBRanna agus APAnna tuairiscithe mar thoradh ar fhorálacha AEOI faoi DAC3 i gcomparáid leis an tréimhse roimhe sin, nuair nár comhroinneadh iad ach ar ócáidí neamhchoitianta agus ar bhonn spontáineach, in ainneoin ceanglais atá ceangailteach ó thaobh dlí go leor ACBRanna agus APAnna a chomhroinnt ó 1977, mar gur tuairiscíodh 17 652 ACBRanna/APAnna in 2017 i gcomparáid le 2 529 in 2016, 113 in 2015 agus 11 in 2014; de bhrí nach féidir rath a thomhas le méadú iomlán ar ACBRanna agus APAnna arna dtuairisciú, agus a thomhas mar sin amháin, mar a léiríodh leis an méid a tháinig chun solais i LuxLetters;

P.  de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar an bParlaimint, agus ar an gComhairle, grinnscrúdú polaitiúil a fheidhmiú ar an gCoimisiún, mar a leagtar síos sna Conarthaí de réir Airteagal 14 CAE, lena n-áirítear a bheartas forfheidhmithe agus cur chun feidhme, agus de bhrí go bhfuil gá le rochtain leormhaith ar fhaisnéis ábhartha chuige sin; de bhrí nach mór don Choimisiún a bheith freagrach do Pharlaimint na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 17(8) CAE;

Q.  de bhrí gur chuir an Coimisiún tús le 73 nós imeachta um shárú san iomlán, a bhain go príomha le moilleanna ar thrasuí DAC ag na Ballstáit, agus go bhfuil dhá nós imeachta um shárú fós ar siúl ó mhí Eanáir 2021 ar aghaidh; de bhrí go raibh bonn cirt le roinnt nósanna imeachta um shárú mar gheall ar thrasuí DAC ag Ballstáit a raibh moill air nó a bhí easnamhach agus de bhrí go dtugann an cás seo údar don Pharlaimint ina seasamh maidir le rialú docht a bheith á dhéanamh ag an gCoimisiún ar reachtaíocht na hEorpa maidir le cúrsaí cánach a thrasuí agus, go sonrach, maidir le forálacha DAC;

R.  de bhrí gur chruthaigh ECFE caighdeán domhanda do AEOI lena Chomhchaighdeán Tuairiscithe (CRS) in 2014 agus go bhfuil gealltanas tugtha ag níos mó ná 100 dlínse ar fud an domhain d’uathmhalartú faisnéise na gcuntas airgeadais ó 2021 ar aghaidh;

S.  de bhrí go n-aithníonn an Pharlaimint nach bhfuil aon chumhacht reachtach aici i réimse an chánachais dhírigh agus nach bhfuil ach cumhacht reachtach theoranta aici ar chánachas indíreach;

T.  de bhrí gur cheart aird chomhionann a thabhairt ar chumas agus ar thoilteanas na riarachán cánach comhlíonadh a éascú agus freastal ar leasanna cáiníocóirí le creat an DAC;

U.  de bhrí nach mór don Treoir maidir le Comhar Riaracháin i réimse an Chánachais a bheith ina hionstraim chun obair chomhordaithe riarachán náisiúnta cánach a fheabhsú, ach nach mór di gnéithe amhail na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh: i) acmhainní riarachán cánach a threisiú (in acmhainní daonna, airgeadais agus bonneagair – bonneagar digiteach den chuid is mó); ii) cearta na gcáiníocóirí, amhail cosaint sonraí, a chosaint; iii) cosaint rún gairmiúil agus tionsclaíoch, le hardchaighdeáin chibearshlándála i bpróiseas malartaithe faisnéise; iv) an t-ualach riaracháin agus maorlathach atá ar cháiníocóirí agus ar chuideachtaí a laghdú; v) caighdeáin feidhmíochta níos airde a chur chun cinn do riaracháin chánach, le spriocdhátaí níos déine chun na rialacha Eorpacha a chomhlíonadh; agus vi) iomaíochas ár gcuideachtaí a chosaint, le bealaí níos simplí agus níos tapúla chun comhlíonadh na gceanglas riaracháin a ráthú;

V.  de bhrí gur theastaigh iarrachtaí ollmhóra fioscacha agus buiséadacha ó rialtais, lena n-áirítear i bhfoirm cabhair do chuideachtaí, mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch a thosaigh le paindéim COVID-19; de bhrí nach mór do thairbhithe na tacaíochta sin a bhfreagrachtaí sóisialta a chomhlíonadh, amhail comhoibriú go leormhaith le húdaráis chánach, chun malartú cuimsitheach faisnéise cánach a ráthú;

W.  de bhrí go mbraitheann éifeachtacht an mhalartaithe faisnéise cánach níos lú ar mhéid na sonraí a mhalartaítear, ach ar cháilíocht na sonraí sin; de bhrí go bhfuil cáilíocht agus iomláine sonraí riachtanach dá bhrí sin chun na sochair is mó ó chreat DAC a bhaint amach; de bhrí go bhfuil sé i bhfad níos deacra grinnscrúdú daonlathach a dhéanamh ar na parlaimintí náisiúnta agus ar Pharlaimint na hEorpa mar gheall ar an easpa faisnéise atá ar fáil go poiblí maidir le sonraí cainníochtúla EOI arna fheidhmiú faoi DAC1 go DAC4;

X.  de bhrí go bhfuil gnéithe casta agus dúshlánacha ag baint le geilleagar atá ag éirí níos digitithe agus níos domhandaithe de réir a chéile, amhail sócmhainní digiteacha agus criptea-sócmhainní, tá sé tábhachtach, mar sin féin, comhar a mhéadú idir riaracháin chánach náisiúnta sa réimse sin; de bhrí go mbeadh sé tábhachtach sainmhíniú soiléir a thabhairt ar chripte-sócmhainní, i gcomhréir leis an obair leanúnach laistigh de ECFE agus den Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF), chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus chun cánachas cothrom a chur chun cinn; de bhrí gur saincheist thráthúil é leathadh criptea-airgeadraí agus gur cheart é a mheas in aon iarracht chun comhar riaracháin a mhéadú, bunaithe ar phrionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta;

Y.  de bhrí go bhfuil beartais chánach ag croílár na ceannasachta náisiúnta fioscacha agus cánach, agus gurb ionann iad agus inniúlachtaí náisiúnta; de bhrí nach mór aon chinneadh mór ar an leibhéal Eorpach a bheith bunaithe ar urramú docht ar an loighic idir-rialtasach lena rialaítear réimse seo na lánpháirtíochta Eorpaí; de bhrí nach mór cinntí tábhachtacha maidir le lánpháirtiú breise a dhéanamh i ndáil leis an ábhar seo i gcónaí chun na conarthaí, inniúlachtaí náisiúnta agus an cheannasacht náisiúnta fhioscach agus chánach a urramú; de bhrí go n-aontaíonn an Pharlaimint leis an uaillmhian teacht ar réitigh nuálacha ar chúrsaí cánach, agus aird á tabhairt ar an gcreat institiúideach ar mian linn é a chaomhnú;

Z.  de bhrí nach mór comhar riaracháin i réimse an chánachais a bheith ina ionstraim chun feabhas a chur ar an gcomhrac i gcoinne calaois chánach agus imghabháil cánach ag daoine aonair agus ag fiontair, trí bhealaí cumarsáide feabhsaithe agus trí chleachtais éifeachtacha EOI;

AA.  de bhrí go gcruthaíonn na hathbhreithnithe ar an Treoir um Chomhar Riaracháin i Réimse an Chánachais a rinneadh as a chéile gur ábhar suime i gcónaí í do na Ballstáit agus do lucht ceaptha beartas na hEorpa, go bhfuil na hionstraimí Eorpacha ag athrú beagán ar bheagán de réir loighic an chomhair níos dlúithe, agus go bhfuil na saoránaigh ar an eolas faoi bhreisluach na réiteach Eorpach maidir le dul i ngleic le saincheisteanna a bhaineann le cánachas, go príomha chun seachaint cánach, imghabháil cánach agus calaois chánach a chomhrac;

AB.  de bhrí go mbaineann cuideachtaí caocha an bonn de EOI ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla ó dhaoine aonair, go háirithe i gcás maoin dhochorraithe;

AC.  de bhrí nach bhfuil úinéirí tairbhiúla na scaireanna i gcuideachtaí á malartú go huathoibríoch faoin gcreat reatha;

AD.  de bhrí gur minic go mbíonn sócmhainní móra trasteorann ag oifigí teaghlaigh trí úinéireacht dhíreach cuideachtaí nó trí eintitis infheistíochta atá i ndlúthsheilbh(14); de bhrí go bhféadfadh institiúidí airgeadais den sórt sin a bheith thíos le leasanna coinbhleachta, a rannchuidíonn le tuairisciú neamhiontaofa faisnéise cánach; de bhrí gur ar éigean atá gnóthachain chaipitiúla neamhréadaithe ag daoine aonair atá á sealbhú thar lear i gcuideachtaí ísealchánach á gcumhdach ag córais chánach náisiúnta ar chor ar bith; de bhrí go gcuireann an dá rud sin ar chumas daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu saibhreas a charnadh, ag tógáil ar ioncam íseal-cháinithe cé nach féidir leis na meánaicmí rachmas a charnadh ach amháin ar ioncam iomlán cáinte;

AE.  de bhrí go bhféadfaí an brú buiséadach sna Ballstáit uile a mhaolú le creat éifeachtach EOI a fheidhmíonn go cuí;

Ceanglais maidir le cumhdach agus tuairisciú

1.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil institiúidí AE ag feabhsú agus ag leathnú raon feidhme EOI go leanúnach chun srian a chur le calaois chánach, le himghabháil cánach agus le seachaint cánach, lena n-áirítear an togra le déanaí maidir le DAC7, chomh maith leis na pleananna do DAC8; ag tabhairt dá haire, áfach, cé go bhfuil méadú leanúnach tagtha ar raon feidhme chreat DAC, gur beag aird a tugadh ar cháilíocht agus ar iomláine na sonraí a fheabhsú go cothrom;

2.  á thabhairt chun suntais go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar EOI idir riaracháin chánach ar an leibhéal domhanda agus ar leibhéal an Aontais araon; á mheabhrú go bhfuil baint dhíreach ag DAC2, DAC3, DAC4, DAC6 agus DAC7 leis an obair a dhéantar ar leibhéal ECFE; á mheas gur íoschaighdeán don Aontas iad na bearta a comhaontaíodh ar an leibhéal domhanda;

3.  ag tabhairt dá haire go bhfuil gá leis na rialacha a chur chun feidhme agus a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr ag na húdaráis chánach chun an riosca maidir le neamhdhearbhú ioncaim a íoslaghdú agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún forfheidhmiú feabhsaithe na rialacha a ráthú; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil cineálacha áirithe ioncaim agus sócmhainní eisiata fós ón raon feidhme, áfach, rud a fhágann go bhfuil baol ann go rachfaí timpeall ar oibleagáidí cánach. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an ngá atá ann agus ar an mbealach is iomchuí chun an fhaisnéis seo a leanas maidir le húinéireacht, ítimí ioncaim agus sócmhainní neamhairgeadais a áireamh in AEOI, agus tograí nithiúla a thíolacadh ina leith sin: (a) úinéirí tairbhiúla maoine dochorraithe agus cuideachtaí; (b) gnóthachain chaipitiúla a bhaineann le maoin dhochorraithe agus gnóthachain chaipitiúla a bhaineann le sócmhainní airgeadais, lena n-áirítear trádáil airgeadra, go háirithe chun teacht ar bhealaí chun riaracháin chánach a chur ar an eolas níos fearr chun gnóthachain chaipitil réadaithe a shainaithint; (c) ioncam díbhinne neamhchoimeádta; (d) sócmhainní neamhairgeadais amhail airgead tirim, ealaín, ór nó earraí luachmhara eile a shealbhaítear ag saorphoirt, trádstórais custam nó taisceadáin; (e) úinéireacht luamh agus scairdeitleán príobháideach; agus (f) cuntais ag ardáin a dhéanann iasachtú níos mó idir piaraí, ardáin sluachistiúcháin agus ardáin chomhchosúla;

4.  ag tabhairt faoi deara go bhfuil srian mór ar éifeachtacht DAC1 toisc nach bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit ach dhá chatagóir ioncaim ar a laghad a thuairisciú; ag tabhairt dá haire an leasaithe a rinneadh le déanaí lena gcuirtear d’oibleagáid ar na Ballstáit an fhaisnéis go léir atá ar fáil a mhalartú, maidir le ceithre chatagóir ioncaim ar a laghad i ndáil le tréimhsí inchánacha ó 2024 ar aghaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis measúnú tionchair, é a dhéanamh éigeantach tuarascáil a thabhairt ar gach catagóir ioncaim agus sócmhainní sa raon feidhme; á iarraidh ar na Ballstáit clárlanna éifeachtacha agus inrochtana a fhorbairt chun críocha EOI; ag tabhairt dá haire go rachaidh na hiarrachtaí sin chun tairbhe bailiú cánach intíre freisin;

5.  ag tabhairt faoi deara go bhfuil dúshlán ag baint le faisnéis a bhailiú faoi ríomh-airgead agus/nó criptea-shócmhainní, agus a dheacra atá sé iad a áireamh in AEOI mar gheall ar a neamhspleáchas ó idirghabhálaithe; á iarraidh go mbunófaí creat cuimsitheach chun faisnéis a bhailiú maidir le ríomh-airgead agus criptea-shócmhainní;

6.  ag tabhairt faoi deara go bhfuil baol ann go mbeidh teacht timpeall agus maorlathas méadaithe ag baint leis an sainmhíniú ar Institiúidí Airgeadais tuairiscithe (FInna) agus leis na cineálacha cuntas nach mór a thuairisciú in DAC2. á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú agus, más iomchuí, togra chun na hoibleagáidí tuairiscithe a leathnú chuig cineálacha ábhartha eile idirghabhálaithe airgeadais, agus rómhaorlathas breise á sheachaint ag an am céanna, ach athbhreithniú a dhéanamh ar cháiliú Eintitis Infheistíochta atá á mbainistiú go dlúth mar institiúidí airgeadais, athbhreithniú a dhéanamh ar shainmhíniú na gcuntas eisiata agus na tairseacha is infheidhme maidir le cuntais eintitis a bhí ann cheana a bhaint; á mheabhrú, le córais leormhaithe TF a bheith i bhfeidhm, gur féidir le cleachtas díolúintí nialasacha agus tairseacha nialasacha rannchuidiú le níos lú maorlathais; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar na hionstraimí airgeadais, i gcás nach bhfuil aon fhaisnéis ann le tuairisciú, torthaí nialasacha a chomhdú chun maorlathas a laghdú;

7.  ag tabhairt faoi deara go bhfuil caochspotaí áirithe in DAC3 agus go bhféadfadh éifeachtaí diúltacha neamhbheartaithe a bheith leo amhail riaracháin chánach nach malartaíonn ACBRanna más rófhabhrach iad sin, nó riaracháin chánach a bhaineann leas as socruithe neamhfhoirmiúla chun malartuithe a sheachaint, mar a nochtar i gcleachtas na rialuithe scáthchánach trí ‘litreacha faisnéise’ i Lucsamburg; á chur in iúl gur saoth léi go gcaitear go fabhrach le daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí raon feidhme EOI faoi DAC3 a leathnú chun go gcuirfí san áireamh socruithe neamhfhoirmiúla, seachas APAnna agus ACBRanna ‘roimh ré’ (mar shampla comhaontuithe iar-idirbhearta nó tar éis na tuairisceáin a chomhdú), daoine nádúrtha agus rialuithe atá fós bailí, ach a eisíodh, a leasaíodh nó a athnuadh roimh 2012; á chur in iúl gurb oth léi go ndearnadh neamhshuim de na glaonna a rinne Parlaimint na hEorpa i ndáil leis seo go dtí seo; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil iontrálacha sonraí DAC 3 ar ardcháilíocht agus nach mbaineann riaracháin chánach na mBallstát úsáid ná saothrú forleathan astu go fóill; á mholadh gur cheart fógra sonrach a sheoladh chuig na riaracháin chánach i gcás ina bhfuil láithreacht inchánach ag cuideachta a thairbhíonn de rialú cánach i raon feidhme DAC 3;

8.  á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil APAnna déthaobhacha agus iltaobhacha eisiata ó EOI faoi DAC3 i gcás nach gceadaítear a nochtadh le comhaontú cánach idirnáisiúnta gaolmhar; á iarraidh ar na Ballstáit comhaontuithe cánach idirnáisiúnta atá ann cheana a athchaibidliú, agus gan comhaontú le haon chomhaontuithe a bheidh ann amach anseo nach gceadaíonn APAnna a nochtadh;

9.  á chur in iúl gurb oth léi gur minic a bhíonn an fhaisnéis achoimre san eolaire lárnach le haghaidh ACBRanna agus APAnna ró-ghearr le húsáid gan an gá faisnéis bhreise a iarraidh; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a fhorbairt maidir leis an méid ba cheart do riaracháin chánach a chur ar fáil mar achoimre, inar cheart go n-áireofaí na himpleachtaí ábhartha cánach uile, idir dhíreach agus indíreach, amhail na rátaí cánach éifeachtacha;

10.  á chur in iúl gur saoth léi cleachtas na rialuithe scáthchánach i Lucsamburg, mar a tháinig chun solais i nochtadh LuxLetters, rud a fhágann nach dtuairiscítear socruithe neamhfhoirmiúla de réir mar a éilíonn DAC3; ag tathant ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh go práinneach ar shárú a d’fhéadfadh Lucsamburg agus Ballstáit eile, ag a bhfuil cleachtais chomhchosúla, a dhéanamh ar cheanglais DAC3 agus imeachtaí um shárú a thionscnamh más gá;

11.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil líon mór tíortha, lena n-áirítear a lán Ballstát, ag scaoileadh faisnéis anaithnidithe agus faisnéis chomhiomlánaithe, a bhaintear as CbCRanna mar a cheanglaítear faoi DAC4 nó faoi Ghníomhaíocht 13 de Phlean Gníomhaíochta BEPS; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil an fhaisnéis sin á foilsiú ag mionlach de na Ballstáit i mbunachair sonraí idirnáisiúnta; á iarraidh go mbeadh cur chuige comhchuibhithe ann maidir leis sin agus á áitiú go ndéanfadh an Coimisiún an ceanglas sin a chomhtháthú san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an DAC;

12.  á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar raon feidhme na faisnéise arna soláthar ag fiontair ilnáisiúnta (MNEanna) a bhfuil úinéireacht acu ar roinnt eintiteas laistigh den dlínse chéanna chun cáilíocht na faisnéise a fheabhsú agus costais iomarcacha chomhlíonta á seachaint ag an am céanna;

13.  ag tabhairt faoi deara go n-imrítear tionchar diúltach ar chomhsheasmhacht na nochtálaithe éigeantacha faoi DAC6 de bharr dhébhríocht an léirmhínithe ar shainmharcanna atá ag Ballstáit aonair; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeidh soiléireacht níos fearr ann i bhfoirmliú na príomhthástála sochair le haghaidh sainmharcanna i gcatagóirí A agus B;

14.  á mheabhrú go bhfuil forálacha an DAC infheidhme maidir le gach fiontar a bhfuil dualgas tuairiscithe air; á mheabhrú, áfach, go bhfuil difríochtaí suntasacha idir MNEanna agus FBManna ó thaobh a gcuid beartas comhlíonta agus nach mór é sin a chur san áireamh in athbhreithnithe DAC amach anseo; á chur in iúl go dtuigeann sí, dá bhrí sin, nach mór costais chomhlíonta agus ualach riaracháin FBManna a laghdú;

15.  á mheabhrú nach dtagann na rialacha Eorpacha maidir le comhar riaracháin in ionad na rialacha náisiúnta ach go bhforáiltear leo caighdeáin íosta do mhalartú faisnéise agus do ghníomhaíochtaí comhoibritheacha;

16.  á aithint nach mór an bhéim a leagan ar na bearnaí atá ann faoi láthair i gcur chun feidhme agus i bhfaireachán a dhúnadh seachas ar rialacha reachtacha nua a chruthú chun cuspóirí DAC a fheabhsú;

Oibleagáidí díchill chuí agus úinéireacht thairbhiúil

17.  ag tabhairt dá haire gur mór an méid atá san fhaisnéis a mhalartaítear ach go bhfuil sí teoranta ó thaobh cáilíochta de; á chur in iúl gur geal léi na moltaí ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE); ag tabhairt faoi deara go bhfuil deacrachtaí áirithe ag comhchuntais d’idirghabhálaithe airgeadais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh nach n-eireoidh le malartú faisnéise i gcás ina bhfuil gá leis mar thoradh ar fhaisnéis mhíchruinn nó as dáta maidir le cónaí cánach atá i seilbh idirghabhálaithe airgeadais agus mar thoradh ar mhí-úsáid trí iliomad cónaitheachtaí; á chur in iúl gur saoth léi go n-úsáidtear víosaí agus pasanna órga chun dul timpeall ar EOI agus ag athdhearbhú a hiarrata deireadh a chur de réir a chéile leis na scéimeanna reatha sin go léir; á iarraidh ar an gCoimisiún a imeachtaí um shárú a leathnú chuig na Ballstáit uile a thairgeann víosaí órga; á iarraidh go mbeadh nósanna imeachta forfheidhmithe níos láidre ann ar leibhéal na mBallstát agus go mbunófaí córais intíre pionós le haghaidh tuairisciú mícheart nó neamhiomlán a mbeidh éifeacht dhíspreagtha éifeachtach leo; á iarraidh ar an gCoimisiún cuairteanna ar an láthair sna Ballstáit a áireamh agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht a scéimeanna faireacháin; á iarraidh ar na Ballstáit córas seiceálacha cáilíochta agus iomláine ar shonraí DAC a bhunú, aiseolas a sholáthar go rialta le haghaidh na faisnéise a fhaightear agus tuarascálacha maidir le húsáideacht na n-idirghabhálacha don Choimisiún a údarú chun cinnteoireacht amach anseo a fheabhsú, chomh maith le nósanna imeachta chun eintitis faoi oibleagáid tuairiscithe a iniúchadh i ndáil le cáilíocht agus iomláine na sonraí a sheoltar; á aithint go bhfuil an fhaisnéis a mhalartaítear idir na Ballstáit trí DAC agus na bunchórais faoi rún;

18.  á chur i bhfios nach bhfuil aon smachtbhannaí forordaithe ann le haghaidh FInna nach dtuairiscíonn faisnéis nó a thuairiscíonn faisnéis go bréagach nó go mícheart, agus go bhfuil éagsúlacht shuntasach sna bearta ar fud na mBallstát; á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit, i gcomhréir le hAirteagal 25a de DAC2, pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a chur chun feidhme d’eintitis tuairiscithe; á chur in iúl gurb oth léi nach ndéanann an Coimisiún measúnú ar mhéid ná ar éifeacht dhíspreagthach na bpionós i ngach Ballstát, agus nár thairg an Coimisiún aon tagarmharc le haghaidh comparáide ná treorach ina leith sin; á iarraidh go mbeadh smachtbhannaí níos comhchuibhithe agus níos éifeachtaí ann ag a mbeadh éifeacht dhíspreagthach ar neamhchomhlíonadh;

19.  á mholadh gur cheart marcóir a chur isteach chun comhúinéireacht na sealbhóirí cuntais éagsúla a léiriú chun tuairisciú dúblach a sheachaint agus chun sainaithint chruinn na n-iarmhéideanna cuntais a éascú; á mholadh freisin go bhféadfadh eintitis sciar úinéireachta gach sealbhóra cuntais a thaifeadadh, agus nóta a bhreacadh nuair atá cuntas i seilbh úinéirí ó dhlínsí éagsúla;

20.  ag tabhairt dá haire gur sholáthair DAC5 rochtain d’údaráis chánach ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil mar a bailíodh faoi rialacha i gcoinne sciúradh airgid (AML); ag tabhairt dá haire gur leathnaíodh leis an gcúigiú Treoir maidir le Sciúradh Airgid (AMLD5) an raon feidhme don idirghníomhaíocht idir AML agus DAC, agus gur cheart do na Ballstáit AMLD5 a thrasuí faoin 10 Eanáir 2020; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go mbraitheann éifeachtacht DAC go mór ar threoracha AML atá i bhfeidhm ar leibhéal na mBallstát; ag tabhairt dá haire go mbaintear an bonn d’éifeachtacht an DAC de bharr chur chun feidhme mícheart na dtreoracha sin, easpa forfheidhmithe éifeachtaigh agus na laigí atá fós sa chreat AML amhail (i) nach gcinntear úinéireacht thairbhiúil do chuntais aonair arna sealbhú trí eintitis ghníomhacha neamhairgeadais (NFE), (ii) an easpa faisnéise úinéireachta tairbhiúla maidir le réadmhaoin agus conarthaí árachais saoil, (iii) easpa na gclárlann náisiúnta idirnasctha, go háirithe réadmhaoin ag a bhfuil clárlanna úinéireachta tairbhiúla, agus (iv) easpa sainmhínithe coiteanna maidir le húinéireacht thairbhiúil, dícheall cuí agus coireacht chánach;

21.  á chur in iúl gurb oth léi staid reatha thrasuí AMLD4 ar fud na mBallstát(15), agus nósanna imeachta um shárú á seoladh ag an gCoimisiún i gcoinne ocht mBallstát i mí na Nollag 2020 agus trí Bhallstát i mí Feabhra 2021(16), ag tabhairt dá haire gurbh é an 27 Meitheamh 2017 an spriocdháta le haghaidh trasuí na bhforálacha sin; á chur in iúl gur oth léi freisin, i gcás AMLD5(17), gur seoladh nósanna imeachta um shárú in aghaidh 16 Bhallstát(18), le spriocdháta trasuímh an 10 Eanáir 2020;

22.  ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, i gcás an mheasúnaithe a rinne an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) le déanaí ar bhearta AML na dtíortha, nár éirigh go maith leis na 18 mBallstát a áiríodh ann(19) i réimse na bpríomhtháscairí éifeachtachta - nuair a rangaíodh iad ar bhearta AML a chur i bhfeidhm go leormhaith, mar shampla, measadh go raibh an chuid is mó de na Ballstáit sa raon feidhme ag léiriú leibhéal éifeachtachta ‘measartha’ nó ‘íseal’, gan ach an Spáinn a rátáladh go raibh leibhéal éifeachtachta ‘substaintiúil’ aici, agus gan aon Bhallstát ann a bhain leibhéal éifeachtachta ‘ard’ amach(20);

23.  ag tabhairt faoi deara go bhfuil struchtúir atá ag éirí níos casta á n-úsáid chun na húinéirí tairbhiúla deiridh a cheilt, ionas nach bhféadfaidh rialacha AML a chur chun feidhme go héifeachtach; ag tabhairt faoi deara na laigeachtaí a nochtadh mar thoradh ar scéal OpenLux. á chreidiúint nár cheart go mbeadh aon tairseach ann chun na húinéirí tairbhiúla a thuairisciú; á mheabhrú gur cheart go mbeadh an leibhéal céanna trédhearcachta ag úinéireacht thairbhiúil iontaobhas agus atá ag cuideachtaí faoi AMLD5, agus coimircí iomchuí á n-áirithiú ag an am céanna;

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach measúnú ar an idirghníomhaíocht idir AML agus DAC a chur i láthair, in am trátha;

Dúshláin dhlíthiúla agus phraiticiúla

25.  ag tabhairt dá haire go ndéanann an Coimisiún faireachán ar thrasuí reachtaíocht DAC sna Ballstáit; á chur i bhfios, áfach, nach ndearna sé gníomhaíocht dhíreach agus éifeachtach go dtí seo chun aghaidh a thabhairt ar easpa cáilíochta na sonraí a sheoltar idir na Ballstáit, ná nach ndearna sé cuairteanna ar na Ballstáit, ná nach bhfuil éifeachtacht na smachtbhannaí arna bhforchur ag na Ballstáit le haghaidh sáruithe ar fhorálacha tuairiscithe DAC áirithithe aige; ag tathant ar an gCoimisiún dlús a chur lena chuid gníomhaíochtaí i ndáil leis an méid sin agus gníomhaíochtaí díreacha éifeachtacha a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar an easpa cáilíochta sonraí arna seoladh ag na Ballstáit, chun tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a threoir do na Ballstáit maidir le reachtaíocht DAC a chur chun feidhme, anailís riosca a dhéanamh agus faisnéis chánach a fhaightear a úsáid, agus nósanna imeachta um shárú a sheoladh, agus leas á bhaint as athbhreithnithe an Fhóraim Dhomhanda(21) agus an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais, i measc nithe eile; á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach tús áite a thabhairt don tsaincheist maidir le cáilíocht sonraí a fheabhsú in athbhreithnithe a dhéanfar ar chreat DAC amach anseo;

26.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur léiríodh i meastóireacht 2019 an Choimisiúin nach dtéann na Ballstáit go minic thar íoscheanglais an DAC maidir le faisnéis a mhalartú, agus gur chuidigh sé sin le scannal na calaoise cánach cum-ex/cum-cum; ag tabhairt faoi deara go háirithe nach raibh na Ballstáit ag comhoibriú go leordhóthanach trí shásraí iomchuí amhail uathmhalartú chun Ballstáit ábhartha eile a chur ar an eolas faoi scéimeanna den sórt sin; ag tabhairt faoi deara freisin nach bhfuil ach mionlach beag de na Ballstáit ann a bhfuil faisnéis iomlán acu ar gach ceann de na sé chatagóir ioncaim agus caipitil DAC1 atá ar fáil; á chur i bhfáth go bhfuil gá le malartuithe níos éifeachtaí, níos iomláine agus níos minice;

27.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil measúnú déanta le déanaí ag an bhFóram Domhanda ar chur chun feidhme dlíthiúil an Chomhchaighdeáin Tuairiscithe (CRS)(22) dá ngairtear DAC2 san Aontas, agus ag tabhairt faoi deara nach bhfuil gach Ballstát i gcomhréir go hiomlán le hathbhreithniú piaraí an Fhóraim Dhomhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar na Ballstáit agus nósanna imeachta um shárú a sheoladh go dtí go mbeidh na Ballstáit go léir go hiomlán comhlíontach; ag súil le hathbhreithniú piaraí an Fhóraim Dhomhanda ar fhorfheidhmiú praiticiúil CRS agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ullmhú go díograiseach don phróiseas sin;

28.  á chur in iúl gurb oth léi gurb annamh a nascann na Ballstáit an fhaisnéis a sheolann siad chuig uimhir aitheantais chánach (TIN) arna eisiúint ag tír chónaithe an cháiníocóra; ag tabhairt dá haire gurb iad an Liotuáin agus Éire amháin a chuimsíonn TIN, mar atá aitheanta ag an tír ghlactha(23); ag tabhairt dá haire go bhfuil comhroinnt uimhreacha aitheantais chánach (TINanna) ríthábhachtach do phróisis éifeachtúla EOI; ag tabhairt dá haire gur cheart TINanna na gcorparáidí a thuairisciú chomh maith, chun comhoiriúnú faisnéise cánach ábhartha a éascú tuilleadh; á mheabhrú go gcaithfidh gach beart chun aithint cáiníocóirí a éascú cearta bunúsacha a urramú, go háirithe an ceart chun príobháideachta agus chun cosaint sonraí;

29.  á chur in iúl gur geal léi an ceanglas in DAC7 TIN an Bhallstáit chónaithe do DAC1 agus do DAC2 a áireamh chun feabhas a chur ar mheaitseáil sonraí agus ar shainaithint sonraí ar fud na mBallstát, toisc go bhfuil sainaithint chuí cáiníocóirí riachtanach chun EOI éifeachtach idir riaracháin chánach a chinntiú; á chur in iúl gur ábhar imní di nach ndéantar méideanna móra faisnéise a chur i gcomparáid le cáiníocóirí ábhartha agus nach mbaintear go leor úsáide as, rud a fhágann go mbíonn easnaimh sa chánachas;

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit, uirlis bhailíochtaithe a chruthú do TINanna; ag tabhairt dá haire go méadófaí éifeachtacht tuairiscithe na n-ionstraimí airgeadais go suntasach leis an uirlis bhailíochtaithe sin, agus go laghdófaí na costais chomhlíonta do na hinstitiúidí sin dá bharr; á iarraidh ar an gCoimisiún athscrúdú a dhéanamh ar chruthú TIN Eorpach, tar éis anailís chuí agus measúnú tionchair a dhéanamh; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar anailís níos córasaí ar shonraí DAC1 agus DAC2 gan chomhoiriúnú, agus nósanna imeachta a thabhairt isteach chun anailís chórasach riosca a dhéanamh ar an bhfaisnéis a fhaightear;

31.  ag tabhairt dá haire gur minic a fhaightear amach go bhfuil faisnéis a mhalartaítear ar iarratas (EOIR) neamhiomlán agus go bhfuil soiléirithe breise ag teastáil ina leith; á chur in iúl gurb oth léi gur minic a thógann údaráis EOIR suas le sé mhí agus níos faide chun faisnéis a chur ar fáil ón dáta a fhaightear an t-iarratas; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil aon teorainneacha ama ann le haghaidh malartuithe leantacha ar bith, rud a chruthaíonn an deis tuilleadh moille a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún an fhoráil seo a athbhreithniú, lena n-áirítear iarrataí leantacha, tráth nach déanaí ná trí mhí; ag moladh go ndeonófaí an sainordú don Choimisiún chun measúnú córasach a dhéanamh ar mhéid an chomhair idir tríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na tásca nach bhfuil EOIR le roinnt tríú tíortha sásúil, lena n-áirítear an Eilvéis;

32.  á chur in iúl gur saoth léi go bhfuair Ballstát amháin, Málta, scór foriomlán ‘páirt-chomhlíontach’ san athbhreithniú piaraí a rinne an Fóram Domhanda um EOIR, a chiallaíonn nach bhfuil caighdeán EOIR á chur chun feidhme ach go páirteach, agus go bhfuil éifeachtaí praiticiúla suntasacha ag baint leis sin(24); ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann 19 mBallstát ‘faisnéis úinéireachta agus céannachta’(25) go hiomlán; ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann sé Bhallstát ‘faisnéis chuntasaíochta’(26) go hiomlán; ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann cúig Bhallstát ‘faisnéis bhaincéireachta’(27) go hiomlán; ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann seacht mBallstát ‘rochtain ar fhaisnéis’(28) go hiomlán; ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann trí Bhallstát ‘cearta agus coimircí’(29) go hiomlán; ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann cúig Bhallstát ‘sásraí EOI’(30) go hiomlán; ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann trí Bhallstát ‘rúndacht’(31) go hiomlán; ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann trí Bhallstát ‘cearta agus coimircí’(32) go hiomlán; ag tabhairt dá haire nach gcomhlíonann naoi mBallstát ‘cáilíocht agus tráthúlacht na bhfreagraí’(33) go hiomlán; ag tabhairt dá haire, mar achoimre, nár sainaithníodh aon easnaimh ábhartha in ocht gcinn de na Ballstáit(34); á chur in iúl gur oth léi gur sainaithníodh easnaimh ábhartha in 18 mBallstát(35); á chur in iúl gur oth léi go mór go bhfaigheann Ballstáit áirithe rátáil íseal ar shaincheisteanna sonracha amhail úinéireacht agus faisnéis chéannachta; á iarraidh ar na Ballstáit rátáil chomhlíontach a bhaint amach ag an gcéad athbhreithniú piaraí eile; ag tabhairt dá haire go mbaineann tearcfheidhmíocht na mBallstát an bonn go mór ó chreidiúnacht AE maidir le himghabháil agus seachaint cánach a chomhrac go hidirnáisiúnta; ag dréim leis go ndéanfaidh an Coimisiún gach uirlis dhlíthiúil agus neamhdhlíthiúil a úsáid gan mhoill chun a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht chun feidhme go cuí; á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le nósanna imeachta um shárú go dtí go mbeidh na Ballstáit go léir go hiomlán comhlíontach; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit gealltanas iomlán a thabhairt do chuspóirí DAC agus do dhea-chleachtais EOI a chur chun feidhme;

33.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún in DAC7 chun caighdeán na ‘hábharthachta intuartha’ a shoiléiriú, ar caighdeán é is gá a chur i bhfeidhm i gcomhthéacs EOIR, agus á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a chur ar fáil chun cur chuige caighdeánaithe agus úsáid níos éifeachtaí forálacha EOIR a áirithiú;

34.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil uirlisí éagsúla curtha ar fáil ag an gCoimisiún do na Ballstáit chun EOI agus dea-chleachtais a fhorbairt, chomh maith le tacaíocht TF, go príomha tríd an gclár Fiscalis 2020; á chur i bhfáth go bhfuil gá le malartú dea-chleachtas a chur chun cinn tuilleadh agus treoir a fhorbairt maidir le faisnéis a úsáid, go háirithe maidir le DAC3 agus DAC4;

35.  ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le réamhúdarú ón mBallstát seolta, nach ndeonaítear i gcónaí, chun faisnéis a úsáid faoin DAC maidir le hábhair neamhchánach, cé go bhféadfadh an fhaisnéis sin a bheith úsáideach chun éifeachtúlacht imscrúduithe coiriúla agus imscrúduithe eile a mhéadú, agus gur minic go mbíonn an iarraidh bunaithe ar théarmaí a bhfuil údar leo; á áitiú gur cheart úsáid faisnéise a mhalartaítear faoi DAC a údarú i gcónaí chun críocha seachas cúrsaí cánach i gcás ina gceadaítear sin faoi dhlíthe an Bhallstáit ghlactha le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí; ag tathant, sa chomhthéacs sin, ar na Ballstáit tiomantas iomlán a thabhairt d’ardchaighdeáin maidir le hurraim do chearta bunúsacha na saoránach mar cháiníocóirí;

36.  á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil an Chomhairle tar éis na hathruithe ar DAC7 atá beartaithe ag an gCoimisiún a lagú, go háirithe maidir le hiniúchtaí comhpháirteacha agus iarratais ó ghrúpaí; á iarraidh ar an gComhairle a seasamh reatha a athbhreithniú agus na hathruithe a mhol an Coimisiún a ghlacadh mar a mholtar; ag tabhairt dá haire go bhfuil líon na n-iarratas ó ghrúpa an-teoranta, ós rud é nár seoladh iarratas amháin ó ghrúpa nó níos mó ná sin ach chuig cúig Bhallstát in 2017; á iarraidh ar an gCoimisiún foirm chaighdeánach iarratais ó ghrúpa a ullmhú agus í a chur san áireamh sa rialachán ábhartha cur chun feidhme(36); á mheabhrú, ionas go dtiocfaidh torthaí ón deis seo, agus ó sheiceálacha comhuaineacha freisin, go bhfuil gá le hoiliúint riachtanach d’fhostaithe na n-údarás cánach i reachtaíocht eachtrach chánach, i dteangacha agus i scileanna speisialtóireachta agus idirphearsanta;

37.  á aithint go bhfuil breisluach ag baint le comhroinnt dea-chleachtas agus na tacaíochta buaine ón gCoimisiún maidir le cumhacht a thabhairt do riaracháin chánach náisiúnta; á chur i bhfios go láidir ról speisialta an chláir Fiscalis 2020 i ndáil leis an méid sin; á mheabhrú, mar sin féin, gur gá do riaracháin chánach náisiúnta atreisiú suntasach a dhéanamh ar a n-acmhainní daonna, airgeadais agus bonneagair; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, tiomantas a thabhairt do leibhéil leordhóthanacha infheistíochta i riaracháin chánach náisiúnta; ag súil leis na torthaí ó ghrúpa tionscadail nua Fiscalis maidir le hanailísíocht ardfhorbartha a úsáid chun cáilíocht sonraí a thomhas laistigh de chreat coiteann;

38.  ag tabhairt dá haire torthaí CIE(37) gur féidir níos mó a dhéanamh maidir le faireachán a dhéanamh, cáilíocht sonraí a áirithiú agus úsáid a bhaint as an bhfaisnéis a fhaightear chun malartú faisnéise cánach a dhéanamh níos éifeachtaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit torthaí CIE a chur san áireamh san obair a dhéanfar amach anseo maidir le creat DAC;

Rochtain ar shonraí agus faireachán

39.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, nach bhfuil dóthain fianaise ann chun cáilíocht an tuairiscithe faoi fhorálacha DAC1 agus DAC2 a mheasúnú, ós rud é nach ndéanann ach cúpla Ballstát seiceálacha cáilíochta go córasach ar na sonraí a mhalartaítear faoi DAC1 agus DAC2; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar mór imní di, go bhfuil an fhaisnéis tearcthuairiscithe, agus nach bhfuil dóthain úsáide á baint as an méid atá á thuairisciú; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach ndéantar mórán faireacháin ar éifeachtacht an chórais; á chur in iúl gurb oth léi nach leor na sonraí maidir le EOI faoi fhorálacha DAC, atá ar fáil go poiblí, chun measúnú leormhaith a dhéanamh ar éabhlóid malartuithe faisnéise agus ar a n-éifeachtacht;

40.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil aon chreat coiteann de chuid an Aontais ann chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar a bhfuil bainte amach ag an gcóras, rud a mhéadaíonn an baol go bhfuil na sonraí a tuairiscíodh neamhiomlán nó míchruinn; ag tabhairt dá haire thairis sin nach bhfuil nósanna imeachta curtha ar bun agus curtha i bhfeidhm ach ag roinnt Ballstát maidir le faisnéis iniúchóireachta arna tíolacadh ag idirghabhálaithe airgeadais faoi DAC2;

41.  á chur in iúl gurb oth léi nach ndéanann an Coimisiún, dar le CIE, faireachán réamhghníomhach ar chur chun feidhme na reachtaíochta sin, lena dtugtar treoir leordhóthanach nó lena ndéantar tomhas ar thorthaí agus ar thionchar an chórais; á chur in iúl gur cúis mhór imní di nach ndearna ach ceann amháin de na cúig Bhallstát a scrúdaigh CIE iad seiceálacha ar cháilíocht sonraí, agus nach raibh ann ach seiceálacha láimhe ar shampla teoranta sonraí agus nár cuireadh chun feidhme iad mar phróiseas córasach;

42.  á chur i bhfios go léiríonn rátaí comhoiriúnaithe nach n-úsáidtear méideanna móra faisnéise, ós rud é nach gcuirtear i comparáid iad le cáiníocóirí ábhartha, agus nach bhfuil na Ballstáit ag déanamh seiceálacha breise ar shonraí gan chomhoiriúnú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat coiteann a bhunú chun tionchar agus costais is tairbhe an DAC a thomhas agus chun malartuithe DAC a dhéanamh in-iniúchta agus inrianaithe go hiomlán ón tionscnamh chun na sonraí a úsáid trí aitheantóir tionscnaimh a áireamh i ngach tacar sonraí; á iarraidh ar an gCoimisiún achoimre bhliantúil ar an bhfaisnéis a fhaigheann na Ballstáit a fhoilsiú, agus cearta agus rúndacht na gcáiníocóirí á gcur san áireamh; á chur in iúl, áfach, nach mór go mbeadh sonraí comhiomlánaithe agus mionsonraithe sa tuarascáil seo chun grinnscrúdú daonlathach cuí ag an bParlaimint a cheadú; ag tabhairt dá haire nár cheart go bhféachfaí ar an bhfaisnéis a chuirtear chuig an gCoimisiún mar fhaisnéis atá go hiomlán faoi rún mura féidir an fhaisnéis a leagadh ar cháiníocóirí aonair; á athdhearbhú gur cheart go mbeadh an Coimisiún i dteideal tuarascálacha agus doiciméid a chur ar fáil agus a fhoilsiú agus úsáid á baint as an bhfaisnéis a mhalartaítear ar bhealach anaithnidithe, chun ceart na gcáiníocóirí chun rúndachta a chur san áireamh agus i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001(38) maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún staidreamh a fhoilsiú ar bhonn bliantúil do na Ballstáit uile, ar staidreamh é a bheidh anaithnidithe agus comhiomlánaithe de réir tíre; á iarraidh ar na Ballstáit tuarascálacha de réir tíre a fuarthas a chur in iúl do sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin;

44.  á chur i bhfáth gur léiríodh sa mheastóireacht a rinne an Coimisiún in 2019 gur ghá faireachán comhsheasmhach a dhéanamh ar éifeachtacht chreat DAC; á iarraidh ar na Ballstáit staidreamh, gnóthachain ioncaim chánach agus gach faisnéis ábhartha eile is gá chun measúnú ceart a dhéanamh ar éifeachtacht na malartuithe uile a chur in iúl don Choimisiún ar bhonn bliantúil; á iarraidh, i gcás EOIR, go ndéanfaí an fhaisnéis a sholáthraítear a dhí-chomhiomlánú de réir tíre agus rialacha cosanta sonraí á n-urramú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint d’fhaireachán agus de mheastóireacht cheart a dhéanamh ar éifeachtacht EOI agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí meastóireacht chuimsitheach nua faoi mhí Eanáir 2023;

45.  á chur i bhfáth gur cheart do riaracháin chánach leas iomlán a bhaint as an gclaochlú digiteach agus as an acmhainneacht atá acu faisnéis a leithdháileadh ar bhealach níos éifeachtúla agus costais chomhlíonta agus maorlathas neamhriachtanach a laghdú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá méadú iomchuí ar acmhainní airgeadais, daonna agus TF do riaracháin chánach a bheith ag gabháil leis sin;

Comhsheasmhacht le forálacha eile

46.  á aithint go bhfuil forálacha DAC comhleanúnach le CRS ECFE den chuid is mó, agus go bhfuil forluí suntasach eatarthu leis an Acht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach (FATCA) de chuid na Stát Aontaithe, ach go bhfuil difríochtaí tábhachtacha eatarthu freisin;

47.  á chur in iúl gur saoth léi an easpa cómhalartachta faoi FATCA; ag tabhairt faoi deara go bhfuil na Stáit Aontaithe ag éirí ina gcumasóir suntasach rúndachta airgeadais do shaoránaigh nach saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe iad; ag tabhairt faoi deara go bhfuil dhá phríomhlúb ar lár ann: ní roinntear ach faisnéis faoi shócmhainní na Stát Aontaithe, agus ní roinntear aon fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta nua leis na Stáit Aontaithe i gcreat ECFE chun cómhalartacht iomlán a bhaint amach i gcreat CRS a chomhaontófar agus a neartófar go comhchoiteann; á chur i bhfáth go mbeadh dul chun cinn suntasach mar thoradh air sin, go laghdófaí na costais chomhlíonta do na hionstraimí airgeadais agus go laghdófaí go mór na hualaí maorlathacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta le haghaidh Coinbhinsiún Cánach de chuid na Náisiún Aontaithe;

48.  á chur in iúl gur saoth léi na fo-iarmhairtí atá ag FATCA fós ar ‘Mheiriceánaigh theagmhasacha’, mar a thugtar orthu; á chur in iúl gurb oth léi nár thángthas ar réiteach buan ar an leibhéal Eorpach go dtí seo;

49.  ag tabhairt faoi deara na n-easaontas a d’fhéadfadh a bheith ann idir creat DAC agus Rialachán (AE) 2016/679(39) agus Rialachán (AE) 2018/1725(40); á chur i bhfáth gurb é an t-aon chuspóir amháin atá leis an bpróiseáil sonraí dá bhforáiltear i bhforálacha DAC freastal ar leas ginearálta an phobail i réimse an chánachais sna Ballstáit, eadhon srian a chur le calaois chánach, seachaint cánach agus imghabháil cánach, ioncam cánach a chosaint, agus cánachas cothrom a chur chun cinn;

50.  ag tacú leis an iarraidh ón gComhairle ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar a mhéid a bheadh sé indéanta raon feidhme na n-uirlisí atá ar fáil d’údaráis chánach faoi Threoir 2011/16/AE ón gComhairle a ailíniú tuilleadh le forálacha sonracha Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle(41);

51.  á chur in iúl gur geal léi na comhaontuithe atá cosúil le Treoir 2014/107/AE maidir le faisnéis faoi chuntais airgeadais a mhalartú go huathoibríoch le tríú tíortha amhail Andóra, Lichtinstéin, Monacó, San Mairíne agus an Eilvéis; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar chur chun feidhme an chomhaontaithe sin, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí meastóireacht eile, i bhfianaise an chomhaontaithe CRS atá ann faoi láthair; á iarraidh, thairis sin, go mbeadh comhaontuithe comhchosúla ann le haghaidh DACanna 3, 5, 6 agus 7;

Conclúidí

52.  ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú cuimsitheach ar chreat DAC a chur chun cinn a luaithe is féidir, bunaithe ar thograí na Parlaiminte agus ar chomhairliúchán leathan poiblí; á iarraidh go láidir ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tuairimí maidir leis an ábhar a mhalartú leis an bParlaimint; á chur in iúl gurb oth léi gur ghlac an Chomhairle cinntí arís agus arís eile lenar lagaíodh na tograí ón gCoimisiún chun creat DAC a neartú;

53.  á chur in iúl gurb oth go mór léi gur dhiúltaigh na Ballstáit uile – cé is moite den Fhionlainn agus den tSualainn – rochtain a thabhairt don Pharlaimint ar na sonraí ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme fhorálacha DAC; á chur in iúl gur saoth léi nár thug an Coimisiún rochtain don Pharlaimint ar na sonraí ábhartha atá ina sheilbh; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil bac á chur i ndáiríre ar an bParlaimint óna feidhm ghrinnscrúdaithe pholaitiúil a fheidhmiú ar an gCoimisiún faoi Airteagal 14 agus Airteagal 17(8) araon CAE; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil easnaimh shuntasacha sa tuarascáil cur chun feidhme seo; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún scor de dhiúltú doiciméid ábhartha a chomhroinnt i gcomhréir le Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 a bhfuil feidhm dhíreach aige, agus prionsabal an chomhair dhílis in Airteagal 13(2) CAE a urramú; á iarraidh ar an bParlaimint gach modh dlíthiúil atá ar fáil di a úsáid chun a áirithiú go bhfaighidh sí na doiciméid uile is gá chun measúnú iomlán a dhéanamh ar chur chun feidhme DAC;

54.  á chur in iúl go dtuigeann sí gur gné idir-rialtasach de lánpháirtiú na hEorpa é an DAC, toisc go mbaineann sé le cúrsaí cánach; á mheabhrú, áfach, go bhfuil beartais chánach struchtúrtha chun cuspóirí straitéiseacha AE a chomhlíonadh, ar cuspóirí iad a bhaineann go príomha le AML, le maoiniú sceimhlitheoireachta, leis an gcomhrac i gcoinne calaoise agus imghabhála cánach, etc.; á chur in iúl gur saoth léi seasamh na Comhairle sraith athbhreithnithe a dhéanamh ar DAC i ndiaidh a chéile, bunaithe ar mhaolú a dhéanamh arís agus arís eile ar thograí ón gCoimisiún agus ar neamhaird ar sheasaimh na Parlaiminte; á iarraidh ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar a dearcadh i leith na Parlaiminte maidir le cúrsaí cánach agus, go sonrach, maidir le hathbhreithnithe DAC; ag tathant ar an gComhairle rochtain a thabhairt ar fhaisnéis ábhartha maidir le cur chun feidhme DAC chun grinnscrúdú daonlathach cuí ag an bParlaimint a ráthú;

55.  á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil dhá éifeacht ag an DAC: calaois a bhrath trí chomhroinnt faisnéise agus í a dhíspreagadh trí sainaithint na gcalaoiseoirí a dhéanamh níos dóchúla gan pionós a chur orthu; á aithint go bhfuil sé níos deacra éifeacht dhíspreagthach den sórt sin a thomhas, ach á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh machnaimh a dhéanamh ar an ngné sin den DAC sna meastóireachtaí a dhéanfar amach anseo;

o
o   o

56.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.
(2) IO L 347, 20.12.2013, lch. 25.
(3) IO L 359, 16.12.2014, lch. 1.
(4) IO L 332, 18.12.2015, lch. 1.
(5) IO L 146, 3.6.2016, lch. 8.
(6) IO L 342, 16.12.2016, lch. 1.
(7) IO L 139, 5.6.2018, lch. 1.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0072.
(9) IO C 108, 26.3.2021, lch. 8.
(10) Staidéar - ‘Cur chun feidhme cheanglais AE maidir le malartú faisnéise cánach’, Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, an Stiúrthóireacht um Measúnú Tionchair agus um Breisluach Eorpach, an tAonad Meastóireachta Ex-Post, 4 Feabhra 2021.
(11) IO C 429, 11.12.2020, lch. 6.
(12) Dover, R. et al: ‘Trédhearcacht, comhordú agus cóineasú a tabhairt isteach i mbeartais chánach corparáide san Aontas Eorpach, Cuid I: Measúnú ar mhéid na pleanála ionsaithí cánach corparáidí’, Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, an tAonad um Breisluach Eorpach, Meán Fómhair 2015.
(13) An Coimisiún Eorpach, Ard-Stiúrthóireacht an Chánachais agus an Aontais Chustaim, Páipéir Chánachais, Doiciméad Oibre Uimh. 76, ‘Imghabháil Idirnáisiúnta Cánach ag Daoine Aonair a Mheas’, Meán Fómhair 2019, https://ec.europa.eu/taxation_customs/sites/taxation/files/2019-taxation-papers-76.pdf
(14) Tuarascáil Deiridh, Ecorys, ‘Monitoring the amount of wealth hidden by individuals in international financial centres and impact of recent internationally agreed standards on tax transparency on the fight against tax evasion’ [Monatóireacht a dhéanamh ar an méid rachmais atá á cheilt ag daoine aonair in ionaid airgeadais idirnáisiúnta agus ar thionchar na gcaighdeán a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta maidir le trédhearcacht chánach ar an gcomhrac i gcoinne imghabhála cánach].
(15) Ón 25 Samhain 2020. Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, Treoir IV maidir le frithsciúradh airgid (AMLD IV) – stádas trasuímh ag: https://ec.europa.eu/info/publications/anti-money-laundering-directive-4-transpositi%20onstatus_ga
(16) Eolas an 22 Nollaig 2020: An tSeicia, an Danmhairg, an Eastóin, Éire, an Iodáil, Lucsamburg, an Rómáin agus an tSlóvaic (féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: https://ec.europa.eu/info/strategy/decision-making-process_ga I mí Feabhra 2021, seoladh trí nós imeachta um shárú i gcoinne na Gearmáine, na Portaingéile agus na Rómáine https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/inf_21_441
(17) Ón 25 Samhain 2020 amach. Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh, Treoir V maidir le frithsciúradh airgid (AMLD V) – stádas trasuímh ag: https://ec.europa.eu/info/publications/anti-money-laundering-directive-4-transpositi onstatus_en
(18) Eolas an 22 Nollaig 2020: An Ostair, an Bheilg, an Chipir, an Eastóin, Éire, an Ghréig, an Iodáil, an Ísiltír, Lucsamburg, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn agus an Ungáir. Féach suíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh: https://ec.europa.eu/info/strategy/decision-making-process_ga
(19) An Bheilg, an Chipir, an Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir
(20) An Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais, an 4ú babhta de Rátálacha, Samhain 2020, An Bheilg, an Chipir, an Danmhairg, Éire, an Fhionlainn, an Ghréig, an Iodáil, an Laitvia, an Liotuáin, Málta, an Ostair, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóivéin, an tSlóvaic, an Spáinn, an tSualainn, an Ungáir.
(21) An Fóram Domhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun Críocha Cánach.
(22) https://www.oecd-ilibrary.org/docserver/175eeff4-en.pdf?expires=1614245801&id=id&accname=ocid194994&checksum=C36736F5E5628939095D507381D7D7C5
(23) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/662603/EPRS_STU(2021)662603_EN.pdf
(24) https://www.oecd-ilibrary.org/taxation/global-forum-on-transparency-and-exchange-of-information-for-tax-purposes-malta-2020-second-round_d92a4f90-en
(25) An Bheilg, an Bhulgáir, an Chipir, an Chróit, an Danmhairg, an Eastóin, an Ghearmáin, an Ghréig, an Ísiltír, Lucsamburg, Málta, an Ostair, an Pholainn, an Phortaingéil, an Rómáin, an tSeicia, an tSlóvaic, an Spáinn, an Ungáir. Foinse: fonótaí 25-34: https://www.oecd-ilibrary.org/taxation/global-forum-on-transparency-and-exchange-of-information-for-tax-purposes-peer-reviews_2219469x?_ga=2.61374444.131706240.1621422687-1265388792.1602508229
(26) An Chróit, an Chipir, an Ghréig, Málta, an tSlóvaic agus an Spáinn.
(27) An Danmhairg, an Ísiltír, Málta, an tSlóvaic agus an Ungáir.
(28) An Bheilg, an Laitvia, an Ostair, an Phortaingéil, an tSeicia, an tSlóvaic, an Ungáir.
(29) An Bheilg, Lucsamburg agus an Ungáir.
(30) An Chipir, an Laitvia, an Ostair, an Phortaingéil agus an tSeicia.
(31) An Bheilg, an Laitvia agus an Ungáir.
(32) An Laitvia, an tSeicia agus an Ungáir.
(33) An Bhulgáir, an Fhrainc, an Iodáil, Lucsamburg, Málta; An Ghréig, an Ghearmáin, an Rómáin agus an Phortaingéil.
(34) An Eastóin, Éire, an Fhrainc, an Fhionlainn, an Iodáil, an Liotuáin, an tSlóivéin agus an tSualainn.
(35) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2021/662603/EPRS_STU(2021)662603_EN.pdf
(36) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2378 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le forálacha áirithe de Threoir 2011/16/AE ón gComhairle maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais a chur chun feidhme agus lena n-aisghairtear Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 1156/2012 (IO L 332, 18.12.2015, lch. 19).
(37) https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=57680
(38) Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (IO L 145, 31.5.2001, lch. 43).
(39) Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(40) Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE, (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39)
(41) Rialachán (AE) Uimh. 904/2010 ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2010 maidir le comhar riaracháin, agus maidir le calaois a chomhrac i réimse na cánach breisluacha (IO L 268, 12.10.2010, lch. 1)

An nuashonrú is déanaí: 12 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais