Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2133(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0260/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0260/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 16/09/2021 - 2
PV 16/09/2021 - 8
PV 16/09/2021 - 15
CRE 16/09/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0396

Téacsanna atá glactha
PDF 179kWORD 62k
Déardaoin, 16 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
An trédhearcacht agus an t-ionracas in institiúidí AE a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách AE a chur ar bun
P9_TA(2021)0396A9-0260/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Meán Fómhair 2021 maidir leis an trédhearcacht agus an t-ionracas in institiúidí AE a neartú trí chomhlacht eitice neamhspleách AE a chur ar bun (2020/2133(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do na treoirlínte polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024, arna dtíolacadh an 10 Meán Fómhair 2019,

–  ag féachaint do litir mhisin an 1 Nollaig 2019 ó Uachtarán an Choimisiúin chuig Věra Jourová, an Leas-Uachtarán ainmnithe um Luachanna agus um Thrédhearcacht;

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2017 ar thrédhearcacht, cuntasacht agus ionracas in institiúidí AE(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 ar athbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha(2),

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 9 agus 10, 13, 14, 15, 16 agus 17 de,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), go háirithe Airteagail 223(2), 245 agus 295 de,

–  ag féachaint don Ionstraim maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach atá i gceangal le cinneadh ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 arna leasú,

–  ag féachaint don dréacht-chomhaontú idirinstitiúideach idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach ar Chlár Trédhearcachta éigeantach,

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa maidir le creataí eiticiúla institiúidí iniúchta an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa,

–  ag féachaint do chinneadh uaithi an 28 Meán Fómhair 2005 lena nglactar Reacht Chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa (2005/684/CE, Euratom)(3),

–  ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, go háirithe Rialacha 2, 10 agus 11, 176(1), Iarscríbhinn I, Airteagail 1 go 3, 4(6), 5 agus 6 agus Iarscríbhinn II,

–  ag féachaint do na tuarascálacha bliantúla ón gCoiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí,

–  ag féachaint do na tuarascálacha bliantúla maidir le cur i bhfeidhm an Chóid Iompair do Chomhaltaí den Choimisiún Eorpach, lena n-áirítear tuairimí an Choiste Eitice Neamhspleách,

–  ag féachaint do na moltaí ón Ombudsman Eorpach san fhiosrúchán comhpháirteach ar ghearáin 194/2017/EA, 334/2017/EA agus 543/2017/EA maidir leis an gcaoi ar dhéileáil an Coimisiún Eorpach le fostaíocht iar-Choimisinéirí agus iar-Uachtarán de chuid an Choimisiúin tar éis a sainorduithe agus maidir le ról a ‘Choiste Eitice’,

–  ag féachaint do na moltaí ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), ó Ghrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta (GSE) Chomhairle na hEorpa, agus ó ENRanna éagsúla,

–  ag féachaint do Rialacháin Foirne Oifigigh na gComhphobal Eorpach agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile na gComhphobal Eorpach, go háirithe Airteagail 11, 11(a), 12, 12(a), 12(b), 13, 15, 16, 17, 19, 21(a), 22(a), 22(c), 24, 27 agus 40 díobh,

–  ag féachaint do chumhachtaí agus freagrachtaí an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla i bParlaimint na hEorpa, faoi mar a leagtar amach iad in Iarscríbhinn VI a ghabhann lena Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Achainíocha,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0260/2021),

A.  de bhrí go sonraítear in CAE go ‘[n-urramóidh] an tAontas prionsabal chomhionannas a shaoránach agus gheobhaidh na saoránaigh cóir chomhionann óna chuid institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí’; de bhrí go dtugann sé sin le tuiscint go ndéantar cinntí poiblí ar mhaithe leis an leas coiteann;

B.  de bhrí go bhfuil córas bunaithe leis na Conarthaí ina roinntear cumhachtaí i measc institiúidí an Aontais agus lena sanntar a ról féin do gach institiúid laistigh de struchtúr institiúideach an Aontais agus i bhfeidhmiú na gcúraimí a leagtar ar an institiúid sin;

C.  de bhrí, cé go bhfuil an ceart chun ceannasachta eagraíochtúla ag gach institiúid den Aontas Eorpach, ní mór do gach institiúid den Aontas Eorpach na caighdeáin is airde neamhspleáchais agus neamhchlaontachta a chomhlíonadh;

D.  de bhrí go leagtar amach creat rialachais Eorpaigh le CAE agus CFAE, ar creat é atá bunaithe ar dheighilt na gcumhachtaí, lena leagtar sios cearta agus oibleagáidí éagsúla do gach institiúid;

E.  de bhrí go bhfuil ríthábhacht ag baint le neamhspleáchas, trédhearcacht agus cuntasacht institiúidí poiblí agus a n-ionadaithe tofa, a gCoimisinéirí agus a n-oifigeach, chun muinín na saoránach a chur chun cinn, a bhfuil gá léi ar mhaithe le feidhmiú dlisteanach institiúidí daonlathacha;

F.  de bhrí go bhfuil na caighdeáin eiticiúla is infheidhme maidir le hinstitiúidí an Aontais chun cinn ar na caighdeáin is infheidhme maidir lena n-institiúidí coibhéiseacha náisiúnta ar go leor bealaí, ach nár forfheidhmíodh iad ar bhealach sásúil;

G.  de bhrí go bhféadfaí feabhas a chur ar fhorfheidhmiú an chreata eiticiúil;

H.  de bhrí gur colún de chuid aon rialtais dhaonlathaigh í muinín na saoránach as institiúidí poiblí agus as próisis chinnteoireachta agus go n-éilítear leis sin gur eiseamláirí iad, go mbeidh ionracas, trédhearcacht agus cuntasacht ag baint leo agus go mbeidh na caighdeáin is airde iompraíochta eitice acu;

I.  de bhrí, mar gheall ar easpa tionchar míchuí ó ionadaithe sainleasa, lena n-áirítear trí ghníomhaíochtaí íoctha a sholáthar d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, bronntanais nó cuirí taistil, go bhfuil ríthábhacht ag baint le cruthú ionchas i dtaca le fostaíocht thodhchaíoch nuair a thiocfaidh deireadh le sainordú Feisire nó nuair tar éis foirceannadh seirbhíse oifigigh, mar aon le húsáid mhíchuí faisnéise nó teagmhálaithe, ionas go n-áiritheofar nach ngabhfaidh leasanna príobháideacha próisis dhaonlathacha agus go n-urramófar cearta na saoránach go hiomlán;

J.  de bhrí gurb é is cúis leis na heasnaimh i gcreat eitice reatha AE den chuid is mó ná go bhfuil sé ag brath ar chur chuige féinrialála, go bhfuil easpa dhlí coiriúil AE ann agus gur neamhleor na hacmhainní agus na hinniúlachtaí chun faisnéis a fhíorú; de bhrí gur gá go mbeadh bunús dlí soiléir ag aon fhorbairt ar chreat eitice AE agus deighilt na gcumhachtaí, faoi mar a leagtar síos sna Conarthaí í, á hurramú; de bhrí go bhféadfaí rannchuidiú le neartú muiníne as institiúidí AE agus as a ndlisteanacht dhaonlathach trí chomhlacht eitice neamhspleách a chruthú;

K.  de bhrí, mar thoradh air sin, go raibh cásanna iompraíochta ann a chruthaigh fadhbanna; de bhrí go gcuireann gach teagmhas d’iompraíocht neamh-eiticiúil agus míláimhseáil na gcásanna ag institiúidí AE an mhuinín atá ag saoránaigh na hEorpa as institiúidí AE i mbaol agus gur rannchuidigh siad go mór le damáiste a dhéanamh do chlú an Aontais Eorpaigh;

L.  de bhrí go bhfuil feiniméan an ‘dorais imrothlaigh’ go háirithe ag dul i méid go mór; de bhrí gur bhfuil roinnt mhaith Coimisinéirí agus aon trian díobh siúd a bhí ina bhFeisirí de Pharlaimint na hEorpa ó 2014 go 2019 earcaithe ag eagraíochtaí agus curtha isteach i gClár Trédhearcachta na hEorpa; de bhrí go bhfuil baol ann leis sin go mbeadh ann do choinbhleacht leasa le réimsí dlisteanacha inniúlachta na mBallstát agus institiúidí AE agus go nochtfaí nó go mí-úsáidfí faisnéis rúnda, mar aon le baol go n-úsáidfeadh iar-bhaill foirne a ndlúth-theagmhálaithe pearsanta agus a gcairdeas le hiar-chomhghleacaithe chun críoch stocaireachta;

M.  de bhrí go bhfuil creataí um chaighdeáin eitice atá ann faoi láthair ar leibhéal AE saincheaptha do shainiúlachtaí gach institiúide de chuid AE, a mbíonn próisis agus leibhéil éagsúla forfheidhmithe mar thoradh orthu, fiú ar Rialacháin Foirne chéanna an Aontais in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí éagsúla de chuid an Aontais, rud a fhágann go bhfuil córas casta ann atá deacair a thuiscint do shaoránaigh AE agus do na daoine sin a bhfuil orthu na rialacha a urramú araon;

N.  de bhrí gur mhol Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, i dTuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 uaithi, go bhfuil cúiseanna maithe ann le cineálacha cur chuige comhchuibhithe i roinnt mhaith réimsí maidir le saincheisteanna eiticiúla a láimhseáil taobh istigh d’institiúidí AE; de bhrí gur thug an tOmbudsman Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa foláireamh arís agus arís eile maidir le mórtheipeanna i mbeartais institiúidí AE maidir le coinbhleacht leasa a chosc; de bhrí gur chuir an tOmbudsman agus an Chúirt Iniúchóirí cúiseanna sonracha imní in iúl maidir le heaspa chreat eiticiúil comhchoiteann AE le nósanna imeachta agus cainéil tuairiscithe shoiléire; de bhrí go bhfuil baint ag an bhfadhb sin go háirithe le hobair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle, nach mór di aghaidh a thabhairt ar choinbhleachtaí leasa ardleibhéil, doirse imrothlacha agus rialacha trédhearcachta; de bhrí nach bhfuil rialacha eitice AE i gcomhréir le Treoirlínte ECFE maidir le Coinbhleacht Leasa a Bhainistiú sa tSeirbhís Phoiblí;

O.  de bhrí go bhfuil sampla ‘Haute Autorité pour la Transparence de la Vie Publique’ sa Fhrainc tar éis a léiriú gur uirlis éifeachtach agus chumhachtach é comhlacht aonair neamhspleách atá freagrach as faireachán, forfheidhmiú agus ceadú rialacha eitice is infheidhme maidir le comhlachtaí poiblí chun laghdú marthanach ar iompraíocht mhí-eiticiúil a bhaint amach;

P.  de bhrí gur ráthaíocht bhunúsach a thugann na Conarthaí do shaoránaigh AE í cothromaíocht na gcumhachtaí arna sannadh do na hinstitiúidí;

Q.  de bhrí, le dúnghaois Meroni a d’fhorbair Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), go gceadaítear inniúlachtaí institiúidí AE a tharmligean do chomhlachtaí seachtracha, lena n-áirítear inniúlachtaí nach bhfeidhmítear go fóill; de bhrí, de réir CBAE, gur gá aon tarmligean inniúlachtaí a bheith teoranta agus nach féidir leis baint a bheith aige ach amháin le cumhachtaí dea-shainithe, ar gá dá n-úsáid a bheith go hiomlán faoi réir mhaoirseacht na n-institiúidí a tharmligeann na cumhachtaí agus nach féidir le cumhachtaí lánroghnacha a bheith i gceist a bhfuil baint acu le breithiúnas polaitiúil ionas nach gcuirfear cothromaíocht na gcumhachtaí idir na hinstitiúidí i mbaol;

R.  de bhrí, de réir phrionsabal na tabhartha, nach féidir le hinstitiúidí cumhachtaí nach bhfuil acu féin a tharmligean trí bhíthin comhaontú idirinstitiúideach, mar shampla, i gcás ina ndéantar na cumhachtaí sin a thabhairt don Chúirt Iniúchóirí faoi na Conarthaí nó i gcás ina bhfuil na cumhachtaí sin fós ag na Ballstáit;

S.  de bhrí, le linn dóibh a bheith ag scrúdú coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ag na Coimisinéirí ainmnithe in 2019, gur chuir comhaltaí an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla béim ar theorainneacha suntasacha an nós imeachta reatha; de bhrí go n-áirítear leis na teorainneacha sin rochtain ar raon teoranta faisnéise, easpa ama chun scrúdú a dhéanamh, easpa cumhachtaí imscrúdaitheacha agus easpa tacaíochta ó shaineolaithe; de bhrí go bhforáiltear la hAirteagal 17(3) CAE go roghnófar comhaltaí an Choimisiúin Eorpaigh ‘as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras’;

T.  de bhrí gur gá tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an gcreat eiticiúil dian reatha le haghaidh Coimisinéirí ionas go ndúnfar bearnaí reachtacha atá ann, amhail gan reacht Coimisinéirí a bheith ann; á chur i bhfios go láidir go bhfuil dlúthnasc idir an próiseas sin agus grinnscrúdú agus formhaoirseacht pharlaiminteach agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá reacht Coimisinéirí a tharraingt suas i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh;

U.  de bhrí gur thacaigh na príomh-iarrthóirí uile i dtoghcháin Eorpacha 2019 le cruthú comhlachta eitice neamhspleách a bheadh coiteann d’institiúidí uile AE; de bhrí gur thacaigh Uachtarán an Choimisiúin leis sin ina treoirlínte polaitiúla;

V.  de bhrí go dtéann saoirse an tsainordaithe atá ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa chun leasa na saoránach ar a ndéanann siad ionadaíocht;

W.  de bhrí gurb é ceann de phríomhfheidhmeanna na Parlaiminte arna leagan síos in CAE rialú polaitiúil a fheidhmiú;

X.  de bhrí go gcumhdaítear baill foirne sna hinstitiúidí le Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh;

1.  á chreidiúint go bhféadfadh comhlacht eitice aonair neamhspleách AE cur chun feidhme comhsheasmhach agus iomlán caighdeán eitice a áirithiú ar bhealach níos fearr ar fud institiúidí AE chun go ráthófaí go ndéanfaí cinntí poiblí ar mhaithe leis an leas comhchoiteann agus le muinín na saoránach as institiúidí AE; á mholadh go dtabharfaí comhaontú idirinstitiúideach i gcrích bunaithe ar Airteagal 295 CFAE chun comhlacht eitice neamhspleách AE a chur ar bun a bheadh ann don Pharlaimint agus don Chomhairle agus a bheadh oscailte do rannpháirtíocht institiúidí, ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí uile AE, agus go gcuirfeadh an comhlacht sin oiliúint agus treoraíocht ghníomhach ar fáil do na hinstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí rannpháirteacha;

Prionsabail

2.  á mheas gur gá go n-urramófaí na forálacha agus na prionsabail seo a leanas le forálacha an chomhaontaithe idirinstitiúidigh sin:

   (a) prionsabal na bainistíochta fónta airgeadais, lena n-áirithítear bainistiú éifeachtúil agus éifeachtach acmhainní an Aontais,
   (b) prionsabal na tabhartha agus na deighilte cumhachtaí,
   (c) an tsaoirse chun slí bheatha a roghnú agus an ceart chun obair a dhéanamh mar a leagtar síos le hAirteagal 15 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,
   (d) an smacht reachta agus prionsabail bhunúsacha Eorpacha amhail toimhde na neamhchiontachta, an ceart éisteacht a fháil agus prionsabail na dlíthiúlachta agus na comhréireachta,
   (e) Reacht na bhFeisirí agus, go sonrach saoirse an tsainordaithe atá cumhdaithe in Airteagal 2 de,
   (f) gan dúbláil nó trasnaíocht a dhéanamh ar obair na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF), Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE), an Ombudsman Eorpaigh, Chúirt Iniúchóirí na hEorpa nó CBAE,
   (g) ceart fiosrúcháin Pharlaimint na hEorpa arna chumhdach in Airteagal 226 CFAE;

3.  á chreidiúint gur cheart don chomhlacht, faoi raon feidhme a chuid dualgas, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le faireachán agus iniúchadh, brath ar na cumhachtaí atá ag na hinstitiúidí cheana chun faisnéis a iarraidh ar a gcomhaltaí nó ar chomhaontú na n-údarás náisiúnta faisnéis a roinnt; á chur i bhfios go láidir go mbeidh Uachtarán na Parlaiminte, Choláiste an Choimisiúin nó údarás faoi seach institiúide rannpháirtí fós i seilbh na cumhachta cinnteoireachta deiridh go dtí go ndéanfar athbhreithniú féideartha ar na rialacha;

4.  á mheas gur cheart go n-áiritheofaí leibhéal iomchuí trédhearcachta leis an nós imeachta a leanfaidh an comhlacht eitice neamhspleách AE agus na ráthaíochtaí nós imeachta arna sonrú i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh á gcosaint agus gur cheart go n-áireofaí rialacha nós imeachta agus prótacal cosanta sonraí leormhaith sa chomhaontú idirinstitiúideach, lena dtagrófar don acquis atá ann cheana de phrionsabail chomhlachtaí eitice AE atá ann cheana, agus do chomhluachanna AE (Airteagal 2 CAE), do chearta an duine lena mbaineann éisteacht a fháil agus achomharc a dhéanamh, don oibleagáid comhoibriú agus do cheanglais foilseacháin;

Raon feidhme agus sainordú

5.  á mheas gur cheart liosta cúraimí arna gcomhaontú a tharmligean do chomhlacht nua eitice AE i dtaca le rialacha eitice a mholadh agus comhairle a thabhairt ina leith do Choimisinéirí, d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus d’fhoirne na n-institiúidí rannpháirteacha roimh, le linn agus i gcásanna áirithe, tar éis a dtéarmaí oifige nó a seirbhíse i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme, lena n-áirítear:

   (a) Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (Airteagail 2 agus 3),
   (b) Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa (Rialacha 2, 10 (5, 6 agus 7) agus 11, 176(1), Iarscríbhinn I (Airteagail 1 go 8), agus Iarscríbhinn II),
   (c) Rialacha Nós Imeachta an Choimisiúin (Airteagal 9), a Chód Iompair (Airteagail 2 go 13 agus Iarscríbhinn II), agus Cinneadh uaidh an 25 Samhain 2014 maidir le faisnéis a fhoilsiú faoi chruinnithe arna dtionól idir comhaltaí an Choimisiúin agus eagraíochtaí nó daoine aonair féinfhostaithe, agus an cinneadh céanna i leith a Ard-Stiúrthóra,
   (d) Airteagail 11, 11(a), 12, 12(a), 12(b), 13, 15, 16, 17, 19, 21(a), 22, 22(a), 22(c), 24, 26, 27, 40, 43, 86, 90, 91a agus Iarscríbhinn IX de na Rialacháin Foirne, le feidhm mutatis mutandis maidir leis na baill foirne uile arna bhfostú ag na gníomhaireachtaí más sínitheoirí den chomhaontú idirinstitiúideach iad,
   (e) an comhaontú idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta éigeantach;

6.  á chreidiúint gur cheart comhaltaí agus foirne na n-institiúidí rannpháirteacha a chumhdach leis an gcomhaontú roimh an téarma oifige nó seirbhíse, lena linn agus ina dhiaidh i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme; á mheas gur cheart go mbeadh feidhm ag an méid sin maidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, le Coimisinéirí agus le foireann uile AE a thagann faoi raon feidhme na Rialachán Foirne;

7.  á mheabhrú, a mhéid a bhaineann le daoine aonair arna gcumhdach leis na Rialacháin Foirne, go bhféadfaí an inniúlacht a tharmligean do chomhlacht eitice neamhspleách AE trí úsáid a bhaint as na clásail chumasúcháin in Airteagail 2(2) nó 9(1), nó iad araon, agus go mbeadh baint aige sin le faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar na hoibleagáidí eiticiúla, fad a bheadh na húdaráis cheapacháin fós ag déanamh forfheidhmiú ar oibleagáidí gairmiúla eile;

8.  á áitiú gur cheart don chomhaontú idirinstitiúideach a bheith oscailte do rannpháirtíocht institiúidí agus chomhlachtaí uile AE; agus á thabhairt le fios go bhféadfadh na comhreachtóirí a chinneadh gníomhaireachtaí a cheangal trína rialacháin bhunaidh; á chreidiúint gur cheart go gceadódh an comhaontú idirinstitiúideach don chomhlacht eitice faisnéis a mhalartú le húdaráis náisiúnta i gcás inar gá chun a chúraimí a fheidhmiú, agus an fhaisnéis sin á láimhseáil ar bhealach chomh rúnda céanna leis an údarás tionscnaimh, ar faisnéis í amhail faisnéis chánach, cláir thalún agus sonraí atá i seilbh comhlachtaí eitice náisiúnta agus dea-chleachtais agus athbhreithnithe piaraí a fhiosrú; á mheas, gan dochar do na prionsabail ghinearálta a leagtar amach i mír 2, agus i gcás inarb ábhartha le haghaidh fheidhmiú a chumhachtaí, gur cheart don chomhlacht eitice an fhéidearthacht a bheith aige dul i mbun comhar agus malartú faisnéise le comhlachtaí ábhartha AE amhail OLAF, OIPE, an tOmbudsman agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, faoi chuimsiú a sainorduithe ábhartha;

Inniúlachtaí agus cumhachtaí

9.  á mheas, gan dochar don chothromaíocht idir na hinstitiúidí arna leagan síos ag na Conarthaí, gur cheart do na hinstitiúidí rannpháirteacha uile, faoi chuimsiú a neamhspleáchais faoi seach, ar thaobh amháin ról coisctheach a chur de chúram ar chomhlacht eitice AE, trí mhúscailt feasachta agus treoraíocht eiticiúil, agus, ar an taobh eile, ról comhlíontachta agus comhairleach a chur de chúram air, leis an gcumas moltaí maidir le cúrsaí eitice a eisiúint, lena n-áirítear coinbhleachtaí leasa; á mheas gur cheart do na cumhachtaí cinnteoireachta a bheith fós ag an institiúid faoi seach go dtí go gcuirfear cumhachtaí cinnteoireachta de chúram ar chomhlacht eitice AE ar bhonn dlí cuí; á mheabhrú go dteorannófaí cúraimí chomhlacht eitice AE chun nach gcuimseofaí ach an liosta comhaontaithe de chúraimí arna dtarmligean ag na hinstitiúidí rannpháirteacha, agus go mbeidís, dá bhrí sin, gan dochar d’inniúlachtaí OLAF, OIPE agus na ndlínsí ábhartha agus go n-urramóidís iad go hiomlán, maidir le haon sárú ar dhlíthe a thiocfadh faoina n-inniúlachtaí; á chur i bhfáth, chun faireachán a dhéanamh ar ionracas, gur cheart don Pharlaimint staidéir a choimisiúnú go tráthrialta lena sainítear ionracas le tacar cuspóirí dea-shainithe agus táscairí feidhmíochta agus gur cheart di tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn a bheidh déanta;

10.  á mheas gur cheart go n-áireofaí leis an acmhainneacht faireacháin sin, i measc gnéithe eile, an fhéidearthacht seiceáil a dhéanamh ar fhírinneacht an dearbhaithe maidir le leasanna airgeadais, ar cheart do dhaoine aonair cumhdaithe é a thíolacadh go díreach do chomhlacht eitice AE, agus don Pharlaimint freisin a mhéid a bhaineann le Coimisinéirí ainmnithe, chun a áirithiú go sroichfidh siad na daoine uile atá freagrach as grinnscrúdú daonlathach agus/nó poiblí a luaithe agus is féidir, faoi mar a shonraítear sna rialacha is infheidhme, agus go n-áireofaí láimhseáil coinbhleachtaí leasa, rialacha a bhaineann le gníomhaíochtaí stocaireachta, seiceálacha ar oibleagáidí trédhearcachta, lena n-áirítear sa nós imeachta reachtach, agus fíorú comhlíontachta i dtaca le forálacha uile na gcód iompair agus na rialacha is infheidhme maidir le trédhearcacht, eitic agus ionracas;

11.  á thabhairt dá haire, laistigh d’institiúidí AE, go bhfuil sainmhínithe éagsúla ar an téarma ‘coinbhleacht leasa’ i bhforálacha éagsúla reachtacha agus forálacha eile arb é is aidhm dóibh coinbhleachtaí leasa a chosc; á thabhairt dá haire go mbíonn nádúr comhthéacsúil agus athraitheach ag sainmhíniú agus nach ráthaítear le trédhearcacht iomlán nach mbeidh aon choinbhleacht leasa ann, ná nach ráthaítear go ndéanfar muinín an phobail a ghnóthú ná a mhéadú; á thabhairt dá haire gur réamhchoinníoll iad forfheidhmiú rialacha eiticiúla agus cuntasacht phoiblí maidir le coinbhleachtaí leasa le haghaidh mhuinín na saoránach as institiúidí poiblí;

12.  á mheabhrú a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir coinbhleacht leasa a thagann chun solais le linn feidhmiú feidhme agus ceann a thagann chun solais níos déanaí, agus idir gníomhaíochtaí atá údaraithe má dhearbhaítear iad agus gníomhaíochtaí nach bhfuil údaraithe in aon chor;

13.  á thabhairt le fios gur bhunaigh Parlaimint na hEorpa an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí mar an comhlacht atá freagrach as treoir a thabhairt do na Feisirí maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme an Chóid Iompair; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndéanann an Coiste Comhairleach measúnú freisin ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair agus go gcuireann sé comhairle ar an Uachtarán maidir leis an ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a dhéanamh; á mheas gur cheart do Pharlaimint na hEorpa dea-shampla a thabhairt maidir le rialacha i ndáil le heitic agus forfheidhmiú na rialacha sin;

14.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí údarás a thabhairt do chomhlacht eitice AE freisin ar na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an gClár Trédhearcachta, agus gur cheart dó féachaint le cosaint níos fearr a thabhairt do sceithirí agus bainistiú níos fearr a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa i gcás cásanna éillithe agus calaoise;

15.  á mheas gur cheart an cúram a thabhairt do chomhlacht eitice AE tairseach phoiblí AE a fhorbairt le faisnéis ábhartha air maidir le rialacha eiticiúla, tuarascálacha maidir le dea-chleachtais, staidéir, agus staidreamh, mar aon le bunachar sonraí ina bhfuil dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais na n-institiúidí rannpháirteacha uile;

16.  á áitiú gur cheart go mbeadh an ceart ag comhlacht eitice neamhspleách AE tús a chur le himscrúdú ar a thionscnamh féin agus imscrúduithe ar an láthair agus taifead-bhunaithe a sheoladh bunaithe ar an bhfaisnéis a bheidh bailithe aige nó a bheidh faighte aige ó thríú páirtithe, amhail iriseoirí, na meáin, ENRanna, sceithirí, an tsochaí shibhialta, nó an tOmbudsman Eorpach; á áitiú gur gá aon tríú páirtí a chuireann ábhar chuig an gcomhlacht eitice neamhspleách de mheon macánta a chosaint agus gur gá a gcéannacht a choinneáil anaithnid; á mheas, nuair a chuireann sé tús le himscrúdú ar a thionscnamh féin, gur gá don chomhlacht an duine lena mbaineann agus an t-údarás atá freagrach as smachtbhannaí a chur i bhfeidhm sna hinstitiúidí faoi seach a chur ar an eolas, trí theachtaireacht rúnda; á chreidiúint, i gcás mar sin, gur féidir le húdarás faoi seach na hinstitiúide, na gníomhaireachta nó an chomhlachta sin a éileamh go gcuirfeadh an comhlacht míniú ar fáil;

17.  á chur i bhfáth gur idirghabhálacha sa dlí príobháideach é doiciméid chánach agus taifid bhainc a iarraidh, ar gá líomhaintí tromchúiseacha a bheith ann lena n-aghaidh, ar líomhaintí iad a thagann faoi inniúlacht OLAF;

18.  á chur i bhfáth gur gá don chomhlacht sceithirí a chosaint, go háirithe oifigigh phoiblí Eorpacha, ionas gur féidir leo a n-ábhair imní a chur in iúl maidir le sáruithe féideartha ar na rialacha gan eagla roimh dhíoltas; á mholadh, i ndáil leis sin, gur cheart don chomhlacht maoirseacht a dhéanamh ar na sásraí gearáin inmheánacha agus rúnda faoi Rialacháin Foirne Oifigigh eile an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile; á chur i bhfáth nach mbeidh oifigigh phoiblí in ann a n-ábhair imní a chur in iúl agus, ar an gcaoi sin, cuidiú le hobair an chomhlachta eitice neamhspleách a dhéanamh éifeachtach, ach amháin le timpeallacht oibre atá sábháilte agus cosantach;

19.  á chreidiúint, ionas go mbeadh sé lán-éifeachtach, go ndéanfadh an comhlacht feidhmeanna na gcomhlachtaí atá ann cheana atá freagrach as eitic a chumasc; á mheas gur cheart don chomhlacht comhairle a chur ar Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa nó ar Choimisinéirí nuair a lorgaíonn siad treoir maidir le saincheisteanna eitice; á mheas gur cheart don chomhlacht moltaí maidir le smachtbhannaí a eisiúint chuig an Údarás Ceapacháin agus é ag plé le hoibleagáidí eiticiúla do bhaill foirne, agus, a mhéid a bhaineann le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus le Coimisinéirí, gur cheart don chomhlacht moltaí a eisiúint chuig údaráis fhreagracha na n-institiúidí rannpháirteacha faoi seach; á mholadh go n-eiseodh an comhlacht eitice moltaí a d’fhéadfadh fónamh mar fhasaigh i gcásanna atá díreach mar an gcéanna nó atá comhchosúil; á mheas go n-áiritheofaí éifeachtúlacht, comhsheasmhacht agus intuarthacht leis sin agus go laghdófaí an t-ualach oibre go suntasach, go háirithe do chúrsaí foirne i gcás an iliomad cásanna comhchosúla a bheith ann;

20.  á mheas gur cheart do chomhlacht eitice AE ionracas a chur chun cinn agus gur cheart cúraimí comhairleacha a chur de chúram air chun comhairle iontaofa ar féidir brath uirthi a chur ar fáil d’aon duine aonair nó institiúid atá cumhdaithe ag a raon feidhme ar mian leo léirmhíniú ar chaighdeán eitice a iarraidh i ndáil le hiompar iomchuí i gcás sonrach; á mheas, ionas go n-áiritheofar cur i bhfeidhm comhsheasmhach na gcaighdeán eitice agus intuarthacht, gur cheart go mbeadh comhairle ceangailteach ar chomhlacht eitice neamhspleách AE ina sheasamh ar an ábhar céanna;

21.  á mheabhrú gur réamhchoinníoll riachtanach chun Coimisinéirí ainmnithe a cheapadh é deimhniú ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla nach ann d’aon choinbhleacht leasa agus go bhfuil cumhachtaí soiléire ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla diúltú do na Coimisinéirí ainmnithe má suíodh coinbhleacht leasa;

22.  á mheabhrú go bhféadfaidh an Pharlaimint muinín as Comhalta aonair den Choimisiún a tharraingt siar, agus ina dhiaidh sin nach mór d’Uachtarán an Choimisiúin a éileamh go n-éireoidh an Comhalta sin as oifig nó nach mór dó nó di míniú a thabhairt ar dhiúltú déanamh amhlaidh os comhair na Parlaiminte sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, i gcomhréir le pointe 5 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 20 Samhain 2010;

23.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil buntábhacht institiúideach agus dhaonlathach ag baint le scrúdú a dhéanamh ar na dearbhuithe arna gcur isteach ag na Coimisinéirí ainmnithe d’fhonn coinbhleacht leasa a ghlacadh mar thátal agus gur cheart é a dhéanamh go han-chúramach, le tiomantas agus le freagracht, trí bhíthin léirmhíniú atá go hiomlán oibiachtúil, daonlathach agus neamhspleách; á chreidiúint gur cheart go mbeadh feidhm freisin ag na rialacha maidir le scrúdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa féideartha maidir le dearbhú Uachtarán toghaí an Choimisiúin Eorpaigh;

24.  á chur i bhfios go láidir gur inniúlacht institiúideach de chuid Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla na Parlaiminte fós é cinneadh a dhéanamh maidir le coinbhleachtaí leasa Coimisinéirí ainmnithe roimh éisteachtaí; á chur i bhfáth, ina leith sin, gur cheart cumhachtaí imscrúdaitheacha iomchuí a thabhairt do chomhlacht eitice neamhspleách AE amach anseo, chomh maith leis an gcumhacht doiciméid riaracháin a iarraidh agus rochtain a fháil orthu, chun deis a thabhairt dó measúnuithe dea-réasúnaithe dea-dhoiciméadaithe a dhéanamh; á chur i bhfáth go bhfuil gá ann na rialacha maidir le rúndacht, príobháideachas agus cosaint sonraí pearsanta a chomhlíonadh go hiomlán chun na himpleachtaí a bhaineann le coinbhleacht leasa a fhíorú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart tuilleadh ama a thabhairt don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus gur cheart go ndéanfadh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, agus a inniúlacht maidir leis an ábhar á coinneáil go hiomlán aige, cinneadh maidir le coinbhleacht leasa na gCoimisinéirí ainmnithe a bheith ann tar éis moltaí neamhcheangailteacha, beachta agus réasúnaithe a fháil ó chomhlacht neamhspleách eitice AE, arbh é an toradh a bheadh air a ghníomhaíocht a neartú; á mheas gur cheart don Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla díospóireacht a thionól ar deireadh maidir leis na moltaí arna n-eisiúint ag comhlacht eitice neamhspleách AE; á mheas gur cheart na moltaí a fhoilsiú in éineacht le dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais na gCoimisinéirí ainmnithe; á mheas, sa bhreis ar an ngrinnscrúdú a dhéanann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar na dearbhuithe ó na Coimisinéirí ainmnithe, gur cheart scrúdú a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa, go ginearálta sula rachfar i mbun oifig phoiblí nó fostaíochta, lena linn agus tar éis sin, do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart acmhainní, uirlisí agus scileanna leordhóthanacha a sholáthar dó ionas go mbeidh sé in ann cros-seiceáil a dhéanamh ar fhaisnéis riachtanach agus an fhaisnéis sin a aimsiú chomh maith le faisnéis chomhlántach a iarraidh i gcás inar gá;

Comhdhéanamh

25.  á chreidiúint gur cheart don chomhlacht eitice a bheith comhdhéanta de naonúr comhaltaí, triúr arna roghnú ag an gCoimisiún, triúr arna dtoghadh ag an bParlaimint, agus triúr arna sannadh de jure as measc iar-bhreithiúna CBAE, na Cúirte Iniúchóirí agus iar-Ombudsmain AE; á chreidiúint, a mhéid a bhaineann le cúrsaí foirne, gur cheart ionadaithe foirne ó institiúid an duine lena mbaineann a áireamh; á thabhairt le fios gur cheart Iarscríbhinn II a ghabhann leis na Rialacháin Foirne a leasú dá réir sin;

26.  á mheas nach mór dá chomhaltaí a bheith neamhspleách, a bheith roghnaithe ar bhonn a n-inniúlachta, a dtaithí agus a gcáilíochtaí gairmiúla, mar aon lena n-ionracas pearsanta, taifead gan locht d’iompraíocht eiticiúil a bheith acu agus dearbhú maidir le heaspa coinbhleachtaí leasa a sholáthar; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart comhdhéanamh an chomhlachta a bheith cothrom ó thaobh inscne de; á chur i bhfios go láidir gur gá do na comhaltaí uile a bheith neamhspleách i bhfeidhmiú a ndualgas dóibh; á mheas gur cheart na comhaltaí a roghnú go ceann tréimhse sé bliana agus go ndéanfadh trian athnuachan uirthi gach dhá bhliain;

27.  á iarraidh go nglacfadh oifigeach eitice ceannas ar fhíorú dhearbhuithe na n-iarrthóirí; á mheas gur cheart do chomhaltaí oibriú le chéile le meon comhoibrithe agus comhsheasmhachta ina gcuid anailísí agus moltaí; á iarraidh go ráthófaí cothromaíocht inscne i gcomhdhéanamh an chomhlachta;

28.  á mheas gur cheart go mbeadh creat um fheidhmiú an tsainordaithe, mar aon le nós imeachta chun deireadh a chur leis an sainordú, ag gabháil le comhdhéanamh an chomhlachta eitice;

29.  á mholadh, ionas go n-áiritheofar tacaíocht leathan, go dtoghfadh an Pharlaimint comhaltaí an chomhlachta le tacaíocht ó thromlach mór, b’fhéidir ar nós an nós imeachta chun comhaltaí den Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a cheapadh nó cinntí a dhéanamh maidir le Duais Sakharov;

30.  á mholadh go roghnódh gach institiúid na comhaltaí sin go háirithe as measc iar-bhreithiúna CBAE, iar-uachtaráin OLAF agus na Cúirte Iniúchóirí, iarchomhaltaí nó comhaltaí reatha na gcúirteanna is airde sna Ballstáit, iar-Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa, iarbhaill foirne de na hinstitiúidí agus na comhlachtaí rannpháirteacha, iar-Ombudsmain AE, agus comhaltaí na n-údarás eitice sna Ballstáit; á mholadh, sa bhreis air sin, go dtoghfadh an comhlacht Uachtarán agus beirt Leas-Uachtarán as measc a chomhaltaí; á chur i bhfáth go bhfuil an méid sin gan dochar do cheart na bhfoirne a n-ionadaithe a eagrú iad féin a mhéid a bhaineann le cúrsaí foirne;

31.  á chur i bhfáth gur gá éagsúlacht a áirithiú i gcúlraí agus i saineolas neamhspleách na gcomhaltaí; á mholadh go gcuirfí teorainn le rannpháirtíocht iar-FPEanna agus iar-Choimisinéirí ionas nach mbeidh iontu ach aon trian de chomhdhéanamh an chomhlachta;

32.  á mholadh go dtacódh rúnaíocht leis an gcoláiste, ar rúnaíocht í a mbeadh acmhainní daonna, ábharacha agus airgeadais aici a bheadh ag teacht lena sainordú agus a cúraimí, lena n-áirítear oifigeach eitice, a bheadh freagrach as oiliúint eitice agus comhairle a thabhairt taobh istigh de chomhlacht eitice neamhspleách AE; á mheas go bhféadfaí feabhas a chur ar éifeachtúlacht in úsáid acmhainní agus go bhféadfadh sé go laghdófaí costais dá ndéanfaí buiséid agus pearsanra atá sannta do chomhlachtaí eitice éagsúla AE faoi láthair a chomhthiomsú agus na comhlachtaí sin á gcumasc;

Nósanna imeachta

33.  á chreidiúint gur cheart go rannchuideodh cruthú chomhlacht eitice AE le cultúr institiúideach a fhothú a bheadh bunaithe ar bhonn bunúsach ar chosc, tacaíocht agus trédhearcacht; á mholadh, chuige sin, go mbeadh cur chuige dhá chéim ann, ina ndéanfadh comhlacht eitice AE, i gcás ina bhfaigheadh sé amach go raibh sárú nó sárú féideartha ann ar rialacha eitice, gníomhaíochtaí a mholadh, faoi spriocdháta, lena gcuirfí deireadh leis an sárú; á mheas gur cheart go n-áiritheofaí rúndacht agus ceart an duine éisteacht a fháil agus na líomhaintí a bhréagnú leis an gcéad chéim choisctheach sin; á mholadh, i gcás ina ndiúltaíonn an duine lena mbaineann gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh agus ina leanann an sárú ar aghaidh, go ndéanfadh comhlacht eitice AE moladh réasúnaithe maidir le bearta pionóis agus go dtarchuirfeadh sé an fhaisnéis ábhartha uile faoin gcás chuig an údarás inniúil, a chinnfeadh conas freagairt a thabhairt ar an moladh laistigh de 20 lá oibre;

34.  á chreidiúint gur cheart an moladh réasúnaithe ón gcomhlacht neamhspleách eitice a phoibliú ag deireadh na tréimhse sin, gan dochar don Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus cearta pearsanta, in éineacht le cinneadh an údaráis inniúil, ar cheart dó míniú a thabhairt mura leantar na moltaí go hiomlán; á mheas, mar chéad bheart, go bhféadfadh foilsiú nó cur ar aghaidh moltaí agus cinntí a bheith ina smachtbhanna ann féin; á chur i bhfáth nach féidir le comhlacht den sórt sin teacht in ionad CBAE; á mholadh, i gcásanna eisceachtúla, ina dtugann an t-údarás inniúil údar cuí le tuilleadh ama a bheith ag teastáil chun imscrúdú a dhéanamh ar an gcás, go bhféadfaidh sé iarraidh ar an gcomhlacht eitice síneadh suas le 20 lá oibre a chur lena spriocdháta chun cinneadh a dhéanamh; á mheas gur cheart an cur chuige dhá chéim sin a chur i bhfeidhm aon uair nach raibh aon fhorais réasúnacha ag an duine aonair chun a chreidiúint go raibh an fhaisnéis fíor tráth an nochta, agus á mholadh gur cheart go measfaí sárú d’aon ghnó, mórfhaillí, ceilt fianaise, neamhchomhlíonadh nó easpa comhair mar imthosca géaraitheacha, a mhéid a bhaineann le moltaí le haghaidh smachtbhannaí, fiú nuair a bheidh deireadh leis an sárú féin;

35.  á iarraidh go mbeadh forálacha soiléire ann lena dtabharfaí ceart achomhairc don duine lena mbaineann i gcoinne cinneadh ar bith a dhéanfaidh an tUachtarán agus lánurraim á tabhairt do bhunphrionsabail an smachta reachta;

36.  á chreidiúint, mar riail ghinearálta, gur cheart do chomhlacht eitice AE cinneadh a dhéanamh trí thromlach simplí dá chomhaltaí;

37.  á áitiú gur gá na nósanna imeachta a leagtar síos sna Conarthaí a chur i bhfeidhm, amhail aistriú imscrúduithe ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chuig OLAF agus chuig CBAE;

Forálacha ginearálta

38.  á chreidiúint gur cheart do chomhlacht eitice AE staidéir a sheoladh agus staidreamh bliantúil a thiomsú ar dhearbhuithe maidir le leasanna airgeadais, cásanna de dhoirse imrothlacha agus faisnéis ábhartha eile, agus gur cheart dó tuarascáil bhliantúil a fhoilsiú ina mbeidh faisnéis maidir le comhlíonadh a chúraimí agus, i gcás inarb iomchuí, moltaí chun caighdeáin eiticiúla a fheabhsú, a bheidh le cur faoi bhráid na Parlaiminte; á mholadh go n-áireofaí líon na gcásanna arna n-imscrúdú sa tuarascáil bhliantúil, mar aon leis na hinstitiúidí as ar tháinig na daoine aonair, na cineálacha sáruithe a bhí i gceist, fad na nósanna imeachta, an t-achar ama inar cuireadh deireadh leis an sárú, méid na smachtbhannaí a cinneadh agus na moltaí;

39.  á chreidiúint gur cheart clásal athbhreithniúcháin a chur san áireamh sa chomhaontú idirinstitiúideach lena n-áiritheofaí go mbeadh institiúidí rannpháirteacha in ann, dhá bhliain tar éis a bhunaithe ar a dhéanaí, measúnú ar a ghníomhaíochtaí a ghlacadh, lena n-áirítear anailís ar fheidhmiú na rialacha agus na nósanna imeachta agus an taithí a fuarthas agus iad á gcur i bhfeidhm; á chur i bhfáth, go háirithe, gur cheart don chlásal athbhreithniúcháin sin díriú ar mheasúnú ar éifeachtacht chur chun feidhme shainordú chomhlacht eitice AE, agus gur cheart do mheasúnú na Parlaiminte ionchur ón gcomhlacht eitice féin a chur san áireamh;

40.  á mheas gur cheart go mbeadh sé d’inniúlacht ag comhlacht eitice nua an Aontais rannchuidiú, trí bhíthin tograí, le forbairt a dhéanamh ar chomhchreat eiticiúil d’institiúidí an Aontais agus lena thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta, lena n-áirítear rialacha comhchoiteanna agus múnla coiteann le haghaidh dearbhuithe maidir le leasanna airgeadais i bhformáid mheaisín-inléite agus togra chun a inniúlachtaí a leasú agus é a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa; á mheas gur cheart caighdeáin eiticiúla na n-institiúidí, na ngníomhaireachtaí agus na gcomhlachtaí go léir a chomhchuibhiú a luaithe is féidir; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur gá reacht na gCoimisinéirí a tharraingt suas i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach;

41.  ag moladh gur cheart don chomhlacht eitice neamhspleách oibriú chun sainmhíniú comhchoiteann a thabhairt ar choinbhleacht leasa d’institiúidí AE ar bhonn na gcaighdeán is airde; á chur i bhfáth go bhfuil rialacha diana ag a lán Ballstát; ag tabhairt dá haire sainmhíniú ECFE ar choinbhleacht leasa; ‘nuair atá duine aonair nó corparáid (bíodh sí ina corparáid phríobháideach nó ina corparáid rialtasach) in ann a ghairm nó a ngairm féin nó a cháil oifigiúil nó a gcáil oifigiúil féin a shaothrú ar bhealach éigin ar mhaithe le sochar pearsanta nó corparáideach’;

42.  á iarraidh go mbeidh trédhearcacht iomlán ann maidir leis na cruinnithe uile a eagróidh an comhlacht eitice le gníomhaithe príobháideacha agus lena n-ionadaithe, agus a mbeidh baint acu leo, lena n-áirítear eagraíochtaí brabúis agus eagraíochtaí neamhbhrabúis araon;

43.  á áitiú, gan dochar d’inniúlachtaí na Parlaiminte dá dtagraítear i mír 24, gur cheart go mbeadh bonn cirt cuí leis na moltaí ó chomhlacht eitice AE, go ndéanfaí iad a dhoiciméadú go maith agus go mbeidís ar fáil don chomhalta nó don chomhalta foirne agus don institiúid lena mbaineann; á chreidiúint gur cheart go dtabharfadh na hinstitiúidí rannpháirteacha gealltanas go gcomhoibreoidh siad go hiomlán sna nósanna imeachta uile a thagann faoi raon feidhme IIA arna chomhaontú, agus go háirithe gur cheart go ndéanfaidís an fhaisnéis agus na doiciméid uile is gá chun grinnscrúdú cuí a dhéanamh ar rialacha eiticiúla a chur in iúl do chomhlacht eitice neamhspleách AE; á chur i bhfios go mbeadh gníomhaíochtaí an chomhlachta eitice faoi réir gearáin a d’fhéadfaí a dhéanamh le Ombudsman AE, agus go leanfadh cinntí na n-institiúidí rannpháirteacha bunaithe ar na moltaí de bheith in-athbhreithnithe os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

44.  á chreidiúint gur cheart feabhas a chur ar an tsláine, ar an trédhearcacht agus ar an gcuntasacht mar aon leis na caighdeáin is airde iompair eiticiúil in institiúidí an Aontais agus próisis chinnteoireachta an Aontais a bheith mar chuid de na hábhair a phléitear faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa; á chur i bhfáth gur deis é sin do shaoránaigh AE athbhreithniú ar an gConradh a chaibidil agus go n-áiritheodh sé sin go mbeadh bunús dlí soiléir ann chun comhlacht eitice neamhspleách sin AE do na hinstitiúidí uile a thabhairt isteach tríd an ngnáthnós imeachta reachtach;

45.  á iarraidh go dtabharfaidh an comhlacht eitice neamhspleách dea-shampla ó thaobh na trédhearcachta de trí gach moladh, tuarascáil bhliantúil, cinneadh agus caiteachas a fhoilsiú i bhformáid sonraí oscailte meaisín-inléite a bheidh ar fáil do gach saoránach, agus i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí is infheidhme; ag moladh go láidir gur cheart aon bhogearraí a fhorbraítear chun cloí le caighdeáin eiticiúla i riarachán poiblí AE a chur ar fáil faoi cheadúnas bogearraí foinse oscailte saor in aisce agus go gcomhroinnfí iad le haon institiúid san Eoraip ar mian léi iad a úsáid; á iarraidh go mbeidh dlúthchomhar ann leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ina leith sin;

46.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéileálfar le cásanna coiriúla a bhaineann le sáruithe ar rialacha sláine, go háirithe na cásanna sin lena mbaineann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus polaiteoirí náisiúnta a bhfuil ról acu i gceapadh beartas AE, ar bhealach éifeachtúil agus gan moill mhíchuí;

47.  á chur in iúl gurb oth léi, agus é ina chúis imní di, go raibh easpa breithnithe agus bearta coisctheacha agus forfheidhmithe ann chun coinbhleachtaí leasa a sheachaint i nós imeachta an Choimisiúin maidir le tairiscintí poiblí;

48.  ag tabhairt dá haire gur léiríodh an iomarca laigí le cur i bhfeidhm na rialacha atá ann faoi láthair maidir le Coimisinéirí, Feisirí de Pharlaimint na hEorpa agus oifigigh AE; á mheabhrú, i gcomhréir le tuarascáil ó Transparency International EU, go luath in 2017, go raibh níos mó ná 50 % d’iar-Choimisinéirí agus 30 % d’iar-Fheisirí Pharlaimint na hEorpa a d’fhág an pholaitíocht ag obair d’eagraíochtaí atá cláraithe i gClár Trédhearcachta AE; á chur i bhfáth, go háirithe i gcás Feisirí tofa, go bhfuil gá le trédhearcacht agus cuntasacht maidir le gealltanais phearsanta agus airgeadais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil saincheisteanna trédhearcachta agus sláine ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta fite fuaite ina chéile; ag tacú, dá bhrí sin, leis an obair a dhéanann Grúpa Stát Chomhairle na hEorpa i gcoinne na hÉillitheachta (GSE), agus á iarraidh ar na Ballstáit a mholtaí a chur chun feidhme, go háirithe iad siúd maidir le cód iompair docht a chruthú do pholaiteoirí náisiúnta agus rialacha a thabhairt isteach maidir le fostaíocht iarphoiblí;

49.  á iarraidh go neartófar an creat rialála agus forfheidhmithe atá ann cheana le haghaidh coinbhleachtaí leasa fostaíochta réamhphoiblí agus iarphoiblí, chun teorainneacha iomchuí, soiléire agus comhréireacha a bhunú idir an earnáil phoiblí agus na hearnálacha príobháideacha agus neamhbhrabúis agus ar an gcaoi sin feabhas a chur ar chreidiúnacht chinnteoireacht AE i súile an phobail i gcoitinne;

50.  á thabhairt chun suntais gur údair imní athfhillteacha de chineál córasach iad cásanna fostaíochta iarphoiblí agus coinbhleachtaí leasa an ‘dorais imrothlaigh’agus gur fadhb é is coiteann do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí ar fud AE; á mholadh go nglacfaidh institiúidí uile AE tréimhsí comhchuibhithe agus leormhaithe fuaraithe agus go neartófaí forfheidhmiú na dtréimhsí sin; á mheas go bhféadfadh cásanna coinbhleachta leasa sláine institiúidí agus ghníomhaireachtaí AE a chur i gcontúirt, agus ar an gcaoi sin dochar a dhéanamh do mhuinín na saoránach iontu; ag cur béim ar an ngá atá ann reachtaíocht ábhartha AE agus cóid iompair ábhartha an Aontais a ailíniú agus a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear d’fhonn trédhearcacht iomlán a éileamh i ndáil leis an bhfostaíocht nó leis na tionscadail a ghlacann oifigigh ardleibhéil de chuid an Aontais tar éis dóibh an oifig phoiblí a fhágáil agus maidir le haon ghníomhaíochtaí imeallacha a dhéanann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc tar éis oifige poiblí nó fostaíochta poiblí a bheith infheidhme laistigh de thréimhse ama réasúnta agus na rialacha maidir le cúiteamh iomchuí á n-urramú ag an am céanna; á chur i bhfáth gur gá foghlaim ó na dea-chleachtais sna Ballstáit ina bhfuil údaráis eitice náisiúnta cheana féin a bhfuil saineolas ábhartha acu; á chur i bhfios go láidir gur ann do chleachtais náisiúnta éagsúla maidir le caighdeáin eiticiúla a fhorfheidhmiú; ag tabhairt dá haire go gceanglaítear ar ionadaithe tofa i roinnt Ballstát staonadh ó vótáil ar shaincheisteanna a bhfuil leas pearsanta acu iontu agus dá réir sin á iarraidh ar na Feisirí staonadh ó bheith ina Rapóirtéirí i gcásanna comhchosúla; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, na bhforálacha a leagtar síos in Airteagal 2 agus in Airteagal 3 sa Chód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le leasanna airgeadais agus coinbhleachtaí leasa;

51.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gearáin maidir le coinbhleachtaí leasa á láimhseáil ag an Ombudsman Eorpach in éagmais sásraí atá tiomanta don chúram sin sa bhreis ar a misin eile, agus gan an acmhainn ná an chumhacht chuí a bheith aige a cuid cinntí a fhorfheidhmiú;

52.  á chur i bhfáth nach leor comhlacht eitice neamhspleách AE ann féin chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar chásanna coinbhleachta leasa laistigh d’institiúidí agus gníomhaireachtaí AE; á mheas go bhféadfadh a bheith ar áireamh san athbhreithniú ar rialacha AE bearta amhail tréimhsí fógra agus aistarraingthe oifigeach sinsearach a shíneadh ar bhonn comhréireach cás ar chás, agus fós cóir chomhionann a áirithiú i gcomhréir le hAirteagal 15 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, neartú Threoir 2014/24/AE(4) maidir le soláthar poiblí, dífheistiú éigeantach leasanna i ngnóthais atá faoi réir údarás na hinstitiúide ar ceapadh oifigeach nua di nó a bhfuil plé acu leis an institiúid sin, scaoileadh éigeantach leasanna i ngnóthais atá faoi réir údarás na hinstitiúide ar ceapadh oifigeach ina leith nó a bhfuil déileáil acu leis an institiúid sin, scaoileadh éigeantach agus iad ag déileáil le hábhair a dhéanann difear d’iarfhostóir san earnáil phríobháideach, nó a chuireann cosc ar úinéireacht stoic aonair a bheith ag Coimisinéirí agus oifigigh shinsearacha institiúidí agus gníomhaireachtaí AE agus iad in oifig; á iarraidh athuair ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh athbhreithniú ar an gcreat dlíthiúil ábhartha a mholadh;

53.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim , má bhunaítear é ar nós imeachta oibiachtúil lena ngabhann critéir shoiléire, gur bearta dlíthiúla a bhfuil bonn cirt leo chun leas an phobail agus sláine comhlachtaí poiblí a chosaint iad tréimhsí ‘aistarraingthe’ níos faide d’oifigigh shinsearacha a fhágann gníomhaireacht nó institiúid;

54.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na nósanna imeachta chun oifigigh shinsearacha AE a cheapadh, láimhseáil coinbhleachtaí leasa na gCoimisinéirí agus sáruithe ar Chód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa , agus seiceálacha ar oibleagáidí trédhearcachta agus comhlíonadh rialacha maidir le doirse imrothlacha a fhíorú;

55.  á mheas gur cheart d’institiúidí AE na caighdeáin eitice is airde a chur i bhfeidhm chun cásanna de dhoirse imrothlacha nó coinbhleachtaí leasa a sheachaint, lena n-áirítear i ndáil le ceapacháin chun poist shinsearacha in institiúidí agus gníomhaireachtaí AE;

56.  á mheas gur cheart na nósanna imeachta chun iarrthóirí do phoist shinsearacha a roghnú a chur i gcrích ar bhonn critéar atá go hiomlán oibiachtúil agus gur cheart dóibh a bheith go hiomlán trédhearcach don phobal i gcoitinne; á thabhairt chun suntais gur cheart creat a bheith ann do cheisteanna agus d’agóidí, mar aon le nósanna imeachta leantacha oscailte agus an chumhacht cinntí a chur ar ceal a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil siad neamhdhóthanach ó thaobh trédhearcachta agus sláine de; á chur i bhfáth gur cheart meastóireacht rialta a dhéanamh ar na nósanna imeachta d’fhonn faireachán a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus feabhsuithe a chur i bhfeidhm nuair is gá;

57.  á chur i bhfáth nach mór ról lárnach a bheith ag an bParlaimint sa phróiseas chun córas formhaoirseachta eitice reatha AE is infheidhme in institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí uile AE a fheabhsú, chun muinín an phobail as próisis chinnteoireachta AE a mhéadú;

o
o   o

58.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO C 337, 20.9.2018, lch. 120.
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0327.
(3) IO L 262, 7.10.2005, lch. 1.
(4) Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, 28.3.2014, lch. 65).

An nuashonrú is déanaí: 12 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais