Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/0289(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0152/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0152/2021

Díospóireachtaí :

PV 19/05/2021 - 18
CRE 19/05/2021 - 18

Vótaí :

PV 20/05/2021 - 12
PV 20/05/2021 - 20
CRE 20/05/2021 - 12
PV 05/10/2021 - 9

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0254
P9_TA(2021)0397

Téacsanna atá glactha
PDF 125kWORD 47k
Dé Máirt, 5 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
An Comhshaol: Rialachán Aarhus ***I
P9_TA(2021)0397A9-0152/2021
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail (COM(2020)0642 – C9-0321/2020 – 2020/0289(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0642),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0321/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Eanáir 2021(1),

–  tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 23 Iúil 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0152/2021),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 123, 9.4.2021, lch. 66
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh ar 20 Bealtaine 2021 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2021)0254).


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 5 Deireadh Fómhair 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus ar chomhlachtaí Comhphobail
P9_TC1-COD(2020)0289

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/1767)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

Leanann an Coimisiún de bheith tiomanta a áirithiú go n-urramaíonn an tAontas a chuid oibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cúrsaí a bhaineann le Coinbhinsiún Aarhus agus sa chomhthéacs sin admhaíonn sé na hábhair imní a cuireadh in iúl agus na torthaí a ghlac an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus i gcás ACCC/C/2015/128(1) maidir le státchabhair an 17 Márta 2021 Sna torthaí, iarrtar ar an Aontas “na bearta reachtacha, rialála agus eile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go leasófar Rialachán Aarhus, nó go nglacfar reachtaíocht nua de chuid an Aontais Eorpaigh, chun rochtain a chur ar fáil go soiléir don phobal ar nósanna imeachta riaracháin nó breithiúnacha chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le bearta státchabhrach arna nglacadh ag an gCoimisiún Eorpach faoi Airteagal 108(2) CFAE lena sáraítear dlí an Aontais i ndáil leis an gcomhshaol, i gcomhréir le hAirteagal 9(3) agus (4) den Choinbhinsiún.”

Tá an Coimisiún ag déanamh anailíse faoi láthair ar impleachtaí na dtorthaí agus tá measúnú á dhéanamh aige ar na roghanna atá ar fáil. Déanfaidh an Coimisiún an measúnú sin a chríochnú agus a fhoilsiú faoi dheireadh 2022. Más iomchuí, faoi dheireadh 2023, cuirfidh an Coimisiún bearta chun cinn chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist, i bhfianaise na n-oibleagáidí atá ar an Aontas agus ar na Ballstáit faoi Choinbhinsiún Aarhus agus rialacha dhlí an Aontais maidir le státchabhair á gcur san áireamh.

(1) Do chás ACCC/C/2015/128 le do thoil féach https://unece.org/env/pp/cc/accc.c.2015.128_european-union, mír 131.

An nuashonrú is déanaí: 17 Nollaig 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais