Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh cheapachán Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (ESMA) (N9-0058/2021 – C9-0369/2021 – 2021/0902(NLE))
(Formheas)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do ghearrliosta na n-iarrthóirí cáilithe don phost mar Chathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí arna tharraingt suas ag a Bhord Maoirseoirí an 26 Samhain 2020,
– ag féachaint do litir ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2021 ina moltar go gceapfaí Verena Ross ina Cathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (C9-0369/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa tar éis fostaíocht phoiblí a chosc(3),
– ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0272/2021),
A. de bhrí gur tháinig deireadh le téarma oifige Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí an 31 Márta 2021;
B. de bhrí, an 29 Meán Fómhair 2021, gur mhol an Chomhairle Verena Ross a cheapadh ina Cathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí go ceann téarma oifige cúig bliana, i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;
C. de bhrí, an 30 Meán Fómhair 2021, gur reáchtáil an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta éisteacht le Verena Ross, ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;
1. ag formheas cheapachán Verena Ross mar Chathaoirleach ar an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus chuig rialtais na mBallstát.