Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0209(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0267/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0267/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 05/10/2021 - 9

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0403

Téacsanna atá glactha
PDF 109kWORD 42k
Dé Máirt, 5 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
Na hOileáin Chanáracha: dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha ar allmhairí táirgí tionsclaíocha áirithe a chur ar fionraí go sealadach *
P9_TA(2021)0403A9-0267/2021

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Deireadh Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena ndéantar na dleachtanna Comhtharaife Custaim uathrialaitheacha ar allmhairí táirgí tionsclaíocha áirithe isteach sna hOileáin Chanáracha a chur ar fionraí go sealadach (COM(2021)0392 – C9-0351/2021 – 2021/0209(CNS))

(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0392),

–  ag féachaint d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0351/2021),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0267/2021),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs arna fhormheas ag an bParlaimint;

3.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag an bParlaimint a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

An nuashonrú is déanaí: 16 Nollaig 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais