Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla (2020/2016(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagail 2 agus 6 de, agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 16 de,
– ag féachaint don Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), go háirithe Airteagail 6, 7, 8, 11, 12, 13, 20, 21, 24 agus 47 di,
– ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (ETS 108), agus dá phrótacal leasaitheach (Coinbhinsiún 108+),
– ag féachaint do Chairt Eiticiúil Eorpach an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Éifeachtúlacht an Cheartais (CEPEJ) de chuid Chomhairle na hEorpa maidir le húsáid na hintleachta saorga i gcórais bhreithiúnacha agus ina dtimpeallacht;
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 dar teideal ‘Muinín a Chothú san Intleacht Shaorga Duine-Lárnaithe’ (COM(2019)0168),
– ag féachaint do na Treoirlínte Eitice d’Intleacht Shaorga Iontaofa a d’fhoilsigh Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe an Choimisiúin um an Intleacht Shaorga an 8 Aibreán 2019,
– ag féachaint do pháipéar bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal Artificial Intelligence – A European approach to excellence and trust [An Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín] (COM(2020)0065),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020, dar teideal ‘Straitéis Eorpach maidir le sonraí’ (COM(2020)0066),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(1),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE(3),
– ag féachaint do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach)(4),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin(5),
– ag féachaint dá rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le hagóidí frithchiníochais tar éis bhás George Floyd(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2017 maidir le hiarmhairtí mórshonraí ar chearta bunúsacha: príobháideacht, cosaint sonraí, neamh-idirdhealú, slándáil agus forfheidhmiú an dlí(7),
– ag féachaint don éisteacht sa Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) an 20 Feabhra 2020 maidir leis an intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus maidir leis an úsáid a bhaineann na póilíní agus na húdaráis bhreithiúnacha aisti in ábhair choiriúla,
– ag féachaint don tuarascáil ó mhisean LIBE chuig na Stáit Aontaithe i mí Feabhra 2020,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0232/2021),
A. de bhrí go mbaineann gealltanais mhóra agus rioscaí móra le teicneolaíochtaí digiteacha i gcoitinne agus le hiomadú na próiseála sonraí agus na hanailísíochta arna chumasú leis an intleacht shaorga (IS) go háirithe; de bhrí go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag forbairt IS le blianta beaga anuas, rud a fhágann go bhfuil sí ar cheann de theicneolaíochtaí straitéiseacha an 21ú haois, lena bhféadfaí sochair shuntasacha a ghiniúint ó thaobh éifeachtúlachta, cruinnis agus áisiúlachta de, agus, ar an gcaoi sin, lena mbaineann athrú dearfach do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa, ach ina theannta sin rioscaí móra do chearta bunúsacha agus do dhaonlathais atá bunaithe ar an smacht reachta; de bhrí nár cheart go mbreathnófaí ar IS mar chríoch inti féin, ach mar uirlis chun freastal ar dhaoine, agus é mar aidhm dheiridh léi dea-bhail an duine, cumas an duine agus an tsábháilteacht a fheabhsú;
B. de bhrí, in ainneoin dul chun cinn leanúnach i luas próiseála agus cumas cuimhne na ríomhaireachta, nach bhfuil aon chlár ann go fóill ar féidir leis solúbthacht an duine a mheaitseáil thar réimsí níos leithne ná i gcúraimí lena n-éilítear tuiscint ar chomhthéacs nó anailís chriticiúil; de bhrí go bhfuil roinnt feidhmchlár IS tar éis leibhéil feidhmíochta saineolaithe agus gairmithe daonna a bhaint amach agus iad i mbun cúraimí sonracha áirithe (e.g. teicneolaíocht dhlíthiúil), agus gur féidir leo torthaí a sholáthar ar luas i bhfad níos airde agus ar scála i bhfad níos leithne;
C. de bhrí go mbaineann roinnt tíortha, lena n-áirítear roinnt Ballstát, níos mó úsáide as feidhmchláir IS, nó as córais leabaithe IS, i bhforfheidhmiú an dlí agus i mbreithiúna ná tíortha eile, arb é is cúis i bpáirt leis easpa rialála agus difríochtaí rialála lena gcumasaítear nó lena gcuirtear toirmeasc ar úsáid IS chun críocha áirithe; de bhrí go bhfuil úsáid mhéadaitheach IS i réimse an dlí choiriúil bunaithe go háirithe ar na gealltanais go laghdódh sí cineálacha áirithe coireachta agus go mbeadh cinntí níos oibiachtúla mar thoradh uirthi; de bhrí, áfach, nach fíor na gealltanais sin i gcónaí;
D. de bhrí gur cheart cearta agus saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a ráthú i gcaitheamh shaolré IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara, go háirithe agus iad á ndearadh, á bhforbairt, á n-imscaradh agus á n-úsáid, agus gur cheart feidhm a bheith acu maidir le forfheidhmiú an dlí i ngach uile chás;
E. de bhrí gur cheart teicneolaíocht IS a fhorbairt ar bhealach a mbeidh daoine ar thús cadhnaíochta inti, a mbeidh muinín ag an bpobal aisti agus a n-oibreoidh sí i gcónaí ar son leas daoine; de bhrí gur cheart go mbainfeadh ráthaíocht bhunaidh le córais IS go ndearfar iad ionas gur féidir le hoibreoir daonna iad a mhúchadh i gcónaí;
F. de bhrí gur gá córais IS a cheapadh ar mhaithe le cosaint agus tairbhe gach duine den tsochaí (lena n-áirítear pobail leochaileacha imeallaithe a chur san áireamh agus iad á ndearadh), go mbeidís neamh-idirdhealaitheach agus sábháilte, go mbeidh a gcinntí inmhínithe agus trédhearcach, agus go n-urramófar neamhspleáchas an duine agus cearta bunúsacha leo, chun go mbeidh siad iontaofa, mar a thuairiscítear sna Treoirlínte Eitice ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga;
G. de bhrí go bhfuil freagracht ríthábhachtach ar an Aontas i gcomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar na cinntí maidir le saolré agus úsáid fheidhmchláir IS i réimse an cheartais agus fhorfheidhmiú an dlí ar bhealach trédhearcach, go ndéanfaidh siad cearta bunúsacha a choimirciú go hiomlán, agus go háirithe nach mbuanóidh siad idirdhealú, laofacht nó claonadh i gcás inarb ann dóibh; de bhrí gur cheart go n-urramóidh na roghanna beartais ábhartha prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta chun bunreachtúlacht agus córas ceartais atá cóir agus daonnachtúil a ráthú;
H. de bhrí go bhféadfadh feidhmchláir IS deiseanna iontacha a chur ar fáil i réimse fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe ó thaobh modhanna oibre na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus na n-údarás breithiúnach a fhorbairt, agus ó thaobh cineálacha áirithe coireachta a chomhrac ar bhealach níos éifeachtúla, go háirithe coireacht airgeadais, sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne mar aon le cineálacha áirithe cibearchoireachta, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le sábháilteacht agus slándáil shaoránaigh AE, fad is a d’fhéadfadh rioscaí suntasacha a bheith ag gabháil leo do chearta bunúsacha daoine; de bhrí go mbeadh sé díréireach aon feidhm ghinearálta a bhaint as IS chun críche ollfhaireachais;
I. de bhrí go bhfuil baint ag an iliomad daoine aonair, eagraíochtaí, comhpháirteanna meaisín, algartaim bogearraí, agus úsáideoirí daonna le forbairt agus feidhmiú chórais IS d’údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha i dtimpeallachtaí a bhíonn casta agus dúshlánach go minic; de bhrí go bhfuil feidhmeanna IS i bhforfheidhmiú an dlí agus sna breithiúna ag céimeanna forbartha éagsúla, bíodh sin an coincheapadh, an fréamhshamhaltú nó an mheastóireacht nó go deimhin an úsáid tar éis an fhormheasta; de bhrí go bhféadfadh deiseanna nua úsáide teacht chun cinn sa todhchaí de réir mar a éireoidh teicneolaíochtaí níos aibí mar gheall ar an taighde eolaíoch atá ar siúl ar fud an domhain;
J. de bhrí go bhfuil géarghá le samhail shoiléir chun freagracht dhlíthiúil a shannadh maidir leis na héifeachtaí díobhálacha féideartha a bheadh ag córais IS i réimse an dlí choiriúil; de bhrí gur cheart go gcoimeádfaí cuntasacht dhaonna i gcónaí le forálacha rialála sa réimse sin agus nach mór é a bheith mar aidhm acu, ar an gcéad dul síos, aon éifeachtaí díobhálacha a sheachaint;
K. de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar na Ballstáit i ndeireadh na dála a ráthú go n-urramófar cearta bunúsacha ina n-iomláine nuair a úsáidtear córais IS i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna;
L. de bhrí nach mór don ghaol idir cearta bunúsacha a chosaint agus póilíneacht éifeachtach a bheith ina ghné bhunriachtanach den phlé i gcónaí maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart don earnáil forfheidhmithe dlí IS a úsáid agus conas ba cheart di sin a dhéanamh, i gcás ina bhféadfadh cinntí iarmhairtí fadtéarmacha a bheith acu ar shaol agus ar shaoirse daoine aonair; de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis sin toisc go bhfuil sé d’acmhainn ag IS a bheith ina cuid bhuan dár n-éiceachóras ceartais choiriúil lena gcuirtear anailís agus cúnamh imscrúdaitheach ar fáil;
M. de bhrí go bhfuil IS in úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí i bhfeidhmchláir amhail teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta, e.g. chun bunachair sonraí daoine atá faoi dhrochamhras a chuardach agus íospartaigh na gainneála ar dhaoine nó íospartaigh an teacht i dtír ghnéasaigh ar leanaí nó na mí-úsáide gnéasaí leanaí a shainaithint, uathaithint uimhirphlátaí, aithint cainteora, aithint gutha, teicneolaíochtaí chun beola a léamh, faireachas éisteachta (i.e. algartaim chun piléir ó ghunna a bhrath), taighde uathrialaitheach agus anailís ar bhunachair sonraí shainaitheanta, réamhaisnéis (póilíneacht thuarthach agus anailísíocht i ndáil le teophointe coireachta), uirlisí braite iompraíochta, arduirlisí scrúdaithe fhíorúil iarbháis chun cabhrú leis an gcúis leis an mbás a chinneadh, uirlisí uathrialaitheacha chun calaois airgeadais agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a shainaithint, faireachán ar na meáin shóisialta (eastóscadh agus cnuaschóipeáil sonraí le haghaidh mianadóireacht nasc) agus córais faireachais uathoibrithe ina bhfuil cumais bhraite éagsúla (amhail brath croíbhuille agus ceamairí teirmeacha); de bhrí go bhféadfadh éagsúlacht mhór iontaofachta agus chruinnis a bheith ag na feidhmchláir thuasluaite, mar aon le feidhmchláir eile a d’fhéadfadh a bheith ag teicneolaíocht IS i bhforfheidhmiú an dlí mar aon le tionchar ar chosaint na gceart bunúsach agus ar dhinimic na gcóras ceartais choiriúil; de bhrí go n-úsáidtear go leor de na huirlisí sin i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad ach go mbeidís mídhleathach faoi acquis cosanta sonraí an Aontais agus faoin gcásdlí; de bhrí gur féidir le gnáthúsáid algartam, fiú le ráta beag glactha bhréagaigh, a bheith ina cúis le foláirimh bhréagacha a bheith i bhfad níos líonmhaire ná foláirimh chearta;
N. de bhrí go mbaineann na breithiúna úsáid as uirlisí agus feidhmchláir IS i roinnt tíortha ar fud an domhain freisin, lena n-áirítear chun tacú le cinntí maidir le coinneáil réamhthrialach, chun pianbhreith a ghearradh, chun dóchúlachtaí a ríomh maidir le frithchiontú agus chun promhadh a chinneadh, chun díospóidí a réiteach ar líne, chun an cásdlí a bhainistiú agus chun rochtain éascaithe ar an dlí a sholáthar; de bhrí gur saobhadh agus gur laghdaíodh seansanna daoine de dhath agus mionlach eile dá bharr sin; de bhrí go bhfuil a n-úsáid teoranta go príomha d’ábhair shibhialta faoi láthair in AE, cé is moite de roinnt Ballstát;
O. de bhrí go mbaineann roinnt rioscaí, a d’fhéadfadh a bheith ard, agus i gcásanna áirithe do-ghlactha, le húsáid IS i bhforfheidhmiú an dlí maidir le cosaint chearta bunúsacha daoine aonair, amhail cinnteoireacht dhoiléir, cineálacha éagsúla idirdhealaithe agus earráidí a bhaineann leis an algartam foluiteach ar féidir iad a threisiú le lúbanna aischothaithe, mar aon le rioscaí maidir le cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, cosaint na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, toimhde na neamhchiontachta, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime, chomh maith le rioscaí maidir le saoirse agus slándáil daoine aonair;
P. de bhrí go bhfuil córais IS atá in úsáid ag forfheidhmiú an dlí agus na breithiúna i mbaol ionsaithe atá cumhachtaithe ag IS i gcoinne córais faisnéise nó nimhiú sonraí, ina n-áirítear tacar mícheart sonraí ar mhaithe le torthaí claonta a sholáthar; de bhrí go bhféadfadh an damáiste a eascraíonn astu a bheith níos suntasaí fós sna cásanna sin, agus go bhféadfadh leibhéil mhéadaithe dochair do dhaoine aonair agus do ghrúpaí araon a bheith mar thoradh air;
Q. de bhrí nár cheart breathnú ar imscaradh IS i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna mar fhéidearthacht theicniúil amháin ach mar chinneadh polaitiúil maidir le dearadh agus cuspóirí fhorfheidhmiú an dlí agus na gcóras ceartais choiriúil; de bhrí go bhfuil an dlí coiriúil nua-aimseartha bunaithe ar an smaoineamh go bhfreagraíonn na húdaráis do chion tar éis a dhéanta, gan glacadh leis go bhfuil gach duine contúirteach agus gur gá monatóireacht a dhéanamh orthu i gcónaí chun cosc a chur ar éagóir a d’fhéadfaí a dhéanamh; de bhrí go dtugann teicnící faireachais atá bunaithe ar IS dúshlán mór don chur chuige sin agus go bhfágann siad gur práinneach go ndéanfaidh reachtóirí ar fud an domhain measúnú críochnúil ar na hiarmhairtí a bhaineann le himscaradh teicneolaíochtaí lena laghdaítear ról an duine i bhforfheidhmiú an dlí agus sa bhreithniú;
1. á athdhearbhú, ós rud é go bhfuil próiseáil méideanna móra sonraí pearsanta i gcroílár IS, go bhfuil feidhm ag an gceart go ndéanfar an saol príobháideach a chosaint agus ag an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint i ngach réimse IS, agus nach mór creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh go hiomlán; á mheabhrú, dá bhrí sin, go bhfuil caighdeáin cosanta sonraí bunaithe ag AE cheana le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, ar caighdeáin iad atá mar bhonn faoi aon rialachán a dhéanfar amach anseo maidir le húsáid IS ag forfheidhmiú an dlí agus na breithiúna; á mheabhrú gur cheart go mbeadh próiseáil sonraí pearsanta dleathach agus cothrom, go ndéanfaí críocha na próiseála a shonrú agus go mbeidís sainráite agus dlisteanach, go mbeadh an phróiseáil leordhóthanach, ábhartha agus nach mbeadh sí iomarcach i ndáil leis an gcuspóir atá leis na sonraí a phróiseáil, go mbeadh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta agus go ndéanfaí sonraí míchruinne, ach amháin má bhíonn srianta i bhfeidhm, a cheartú nó a scriosadh, nár cheart sonraí a choinneáil níos faide ná mar is gá, gur cheart teorainneacha ama soiléire agus iomchuí a bhunú le haghaidh scriosadh nó athbhreithniú tréimhsiúil ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil, agus gur cheart na sonraí sin a phróiseáil ar bhealach slán; á chur i bhfios go láidir gur cheart cosc a chur ar an bhféidearthacht daoine aonair a shainaithint trí fheidhmchlár IS trí úsáid a bhaint as sonraí a ndearnadh anaithnidiú orthu roimhe sin;
2. á athdhearbhú nach mór do réitigh uile IS i réimsí fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais lán-urraim a thabhairt do phrionsabail dhínit an duine agus na neamh-idirdhealaithe, do shaoirse gluaiseachta, do thoimhde na neamhchiontachta agus don cheart chun cosanta, lena n-áirítear an ceart bheith i do thost, don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, do shaoirse comhthionóil agus comhlachais, do chomhionannas faoin dlí, do phrionsabal chomhionannas na n-arm agus don cheart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime, i gcomhréir leis an gCairt agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; á chur i bhfáth nach mór úsáid fheidhmchláir IS a thoirmeasc i gcás nach luíonn sí le cearta bunúsacha;
3. á aithint nach féidir liosta uileghabhálach d’fheidhmchláir a bheith ann mar gheall ar an luas ag a bhfuil feidhmchláir IS á bhforbairt agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le múnla soiléir, comhleanúnach rialachais lena ráthaítear cearta bunúsacha daoine aonair agus soiléireacht dhlíthiúil d’fhorbróirí araon, i bhfianaise éabhlóid leanúnach na teicneolaíochta; á mheas, áfach, i bhfianaise ról agus fhreagracht na bpóilíní agus na n-údarás breithiúnach, agus thionchar na gcinntí a ghlacann siad ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, gur gá úsáid fheidhmchláir IS a aicmiú mar úsáid ardriosca i gcásanna ina bhféadfaí tionchar suntasach a imirt ar shaol daoine aonair;
4. á mheas, i dtaca leis sin, gur cheart, ar a laghad, d’aon uirlisí IS, arna bhforbairt nó arna n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag na córais bhreithiúnacha, a bheith sábháilte, láidir, slán agus oiriúnach don fheidhm, go ndéanfaidís prionsabail na cothroime, an íoslaghdaithe sonraí, na cuntasachta, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hinmhínitheachta a urramú agus gur cheart go mbeadh a bhforbairt, a n-imscaradh agus a n-úsáid faoi réir measúnú riosca agus diantástáil riachtanais agus chomhréireachta, i gcás inar gá coimircí a bheith comhréireach leis na rioscaí sainaitheanta; á thabhairt chun suntais go bhfuil muinín ag saoránaigh as úsáid IS a fhorbraítear, a imscartar agus a úsáidtear in AE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir sin ina n-iomláine;
5. á aithint go rannchuidíonn cineálacha áirithe feidhmchlár IS go dearfach le hobair na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach ar fud an Aontais; á thabhairt chun suntais, mar shampla, gur feabhsaíodh bainistiú an chásdlí le huirlisí ag a bhfuil roghanna breise cuardaigh; á chreidiúint go bhfuil réimse úsáidí eile ann a d’fhéadfaí a bhaint as IS i gcomhair fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna agus a bhféadfaí iad a fhiosrú agus aird á tabhairt ar na cúig phrionsabal den Chairt Eitice maidir le húsáid na hintleachta saorga i gcórais bhreithiúnacha agus ina dtimpeallacht, arna glacadh ag CEPEJ, agus aird ar leith á tabhairt ar ‘na húsáidí atá le meas leis an bhforchoimeádas is tromchúisí’, arna sainaithint ag CEPEJ;
6. á chur i bhfios go láidir gur féidir feidhm nua a bhaint as aon teicneolaíocht agus, dá bhrí sin, á iarraidh go ndéanfaí dianrialú daonlathach agus maoirseacht neamhspleách ar aon teicneolaíocht atá cumasaithe ag IS agus atá in úsáid ag na húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus ag na húdaráis bhreithiúnacha, go háirithe iad siúd ar féidir feidhm nua a bhaint astu le haghaidh ollfhaireachais nó ollphróifílithe; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, agus é ina chúis mhór bhuartha di, an acmhainneacht ollmhór a bhaineann le teicneolaíochtaí áirithe IS a úsáidtear in earnáil fhorfheidhmiú an dlí chun críocha ollfhaireachais; á thabhairt chun suntais go bhfuil ceanglas dlíthiúil ann chun ollfhaireachas trí bhíthin teicneolaíochtaí IS a chosc, ar teicneolaíochtaí iad nach gcomhlíonann, de réir sainmhínithe, prionsabail an riachtanais ná na comhréireachta, agus chun toirmeasc a chur ar úsáid feidhmchlár a bhféadfadh sé sin a bheith mar thoradh uirthi;
7. ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann an cur chuige a glacadh i roinnt tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad maidir le teicneolaíochtaí ollfhaireachais a fhorbairt, a imscaradh agus a úsáid isteach go díréireach ar chearta bunúsacha agus, dá bhrí sin, nach leanfaidh AE é; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá coimircí i gcoinne mí-úsáid teicneolaíochtaí IS ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag údaráis bhreithiúnacha a rialáil go haonfhoirmeach ar fud an Aontais;
8. ag cur béim ar an mbaol atá ann go n-eascróidh claontacht agus idirdhealú as úsáid fheidhmchláir IS amhail an mheaisínfhoghlaim, lena n-áirítear na halgartaim ar a bhfuil na feidhmchláir sin bunaithe; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh claontaí a bheith ina ndlúthchuid de bhuntacair sonraí, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as sonraí stairiúla, a thugann forbróirí na n-algartam isteach nó a ghintear nuair a chuirtear na córais chun feidhme i gcomhthéacsanna réalaíocha; á chur i bhfios gur gá go mbíonn tionchar ag cáilíocht na sonraí a úsáidtear ar na torthaí a chuirtear ar fáil le feidhmchláir IS, agus gur nós leis na claontachtaí dúchasacha sin méadú de réir a chéile agus, ar an gcaoi sin, idirdhealú atá ann cheana a bhuanú agus a mhéadú, go háirithe i gcás daoine ar de ghrúpaí eitneacha áirithe nó de phobail áirithe ar a ndéantar ciníochú iad;
9. á chur i bhfios go láidir go bhfuil go leor teicneolaíochtaí sainaitheantais , atá bunaithe ar algartaim agus atá in úsáid faoi láthair ann a dhéanann mí-aitheantas agus mí-aicmiú díréireach ar dhaoine agus a dhéanann dochar, dá bhrí sin, do dhaoine a ndéantar ciníochú orthu, do dhaoine aonair a bhaineann le pobail eitneacha áirithe, do dhaoine LADTI, do leanaí agus do dhaoine scothaosta, chomh maith le mná; á mheabhrú nach amháin go bhfuil sé de cheart ag daoine a bheith sainaitheanta i gceart, ach go bhfuil sé de cheart acu freisin gan a bheith sainaitheanta in aon chor, ach amháin má cheanglaítear leis an dlí é ar mhaithe le leasanna láidre agus dlisteanacha poiblí; á chur i bhfáth go ndéantar cineálacha idirdhealaithe atá ann cheana a mhéadú agus a atáirgeadh de bharr réamhaisnéisí IS atá bunaithe ar thréithe grúpa daoine ar leith; á mheas gur cheart tréaniarracht a dhéanamh idirdhealú agus claontacht uathoibrithe a sheachaint; á iarraidh go mbeadh cosaintí breise láidre ann i gcás ina ndéantar córais IS a úsáid i bhforfheidhmiú an dlí nó sna breithiúna le mionaoisigh nó ina leith;
10. ag cur béim ar an neamhshiméadracht cumhachta atá idir na daoine a fhobraíonn agus a úsáideann teicneolaíochtaí IS agus na daoine atá faoina réir; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach nach mbeidh úsáid uirlisí IS ag údaráis forfheidhmithe dlí ná ag údaráis bhreithiúnacha ina gné den neamhionannas, den bhriseadh sóisialta ná den eisiamh; á chur i bhfios go láidir go mbíonn tionchar ag úsáid uirlisí IS ar chearta cosanta daoine atá faoi dhrochamhras, go mbaineann deacracht le faisnéis fhiúntach a fháil maidir lena bhfeidhmiú agus go mbaineann deacracht, dá bharr sin, le torthaí na n-uirlisí sin a cheistiú sa chúirt, go háirithe ag daoine aonair atá faoi imscrúdú;
11. ag tabhairt dá haire na rioscaí a bhaineann go háirithe le sceitheadh sonraí, le sáruithe ar shlándáil sonraí agus le rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta agus ar fhaisnéis eile a bhaineann, mar shampla, le himscrúduithe coiriúla nó cásanna cúirte agus a ndéanann córais IS próiseáil orthu; á chur i bhfios go láidir go gcaithfear gnéithe slándála agus sábháilteachta de chórais IS a úsáidtear i bhforfheidhmiú an dlí agus sna breithiúna a mheas go cúramach, agus go gcaithfidh siad a bheith stóinsithe agus athléimneach a ndóthain chun iarmhairtí ionsaithe mailíseacha ar chórais IS a d’fhéadfadh a bheith tubaisteach a chosc; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá slándáil trí dhearadh, chomh maith le maoirseacht shonrach dhaonna sula gcuirtear feidhmchláir chriticiúla áirithe i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar údaráis forfheidhmithe dlí agus ar údaráis bhreithiúnacha gan úsáid a bhaint ach as feidhmchláir IS a chloíonn le prionsabal an phríobháideachais agus na cosanta sonraí trí dhearadh chun leathnú feidhme a sheachaint;
12. á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfí ar chumas aon chórais IS a úsáideann lucht forfheidhmithe dlí nó na breithiúna dochar a dhéanamh do shláine fhisiciúil an duine, ná cearta a dháileadh nó oibleagáidí dlí a fhorchur ar dhaoine aonair;
13. á aithint gur deacair freagracht dhlíthiúil agus dliteanas i ndáil le dochar a d’fhéadfadh a bheith ann a shannadh i gceart, i bhfianaise chastacht fhorbairt agus oibriú chórais IS; á mheas gur gá córas soiléir agus cothrom a chruthú chun freagracht dhlíthiúil agus dliteanas a shannadh maidir le hiarmhairtí na n-ardteicneolaíochtaí digiteacha sin a d’fhéadfadh a bheith díobhálach; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór é a bheith mar aidhm, ar an gcéad dul síos, cosc a chur ar aon iarmhairtí den chineál sin teacht chun cinn in aon chor; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí prionsabal an réamhchúraim i bhfeidhm i ngach feidhmchlár IS i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí; á chur i bhfios go láidir nach mór go luífeadh an fhreagracht dhlíthiúil agus an dliteanas le duine nádúrtha nó dlítheanach i gcónaí, ar duine é nach mór a shainaithint i gcónaí i gcás cinntí a dhéantar le tacaíocht ó IS; ag cur béim, dá bhrí sin, ar an ngá atá le trédhearcacht na struchtúr corparáideach lena dtáirgtear agus lena mbainistítear córais IS a áirithiú;
14. á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, ar mhaithe le héifeachtacht fheidhmiú na gceart cosanta agus le trédhearcacht na gcóras ceartais choiriúil náisiúnta araon, go rialaítear le creat dlíthiúil sonrach, soiléir agus beacht na coinníollacha, na módúlachtaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid uirlisí IS i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna, chomh maith le cearta daoine spriocdhírithe, agus nósanna imeachta gearáin agus sásaimh atá éifeachtach agus ar fáil go héasca, lena n-áirítear sásamh breithiúnach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé de cheart ag páirtithe imeachta chóiriúil rochtain a bheith acu ar an bpróiseas bailithe sonraí agus ar na measúnuithe gaolmhara a dhéantar nó a fhaightear trí fheidhmchláir IS a úsáid; á chur i bhfios go láidir gur gá d’údaráis fhorghníomhaitheacha a bhfuil baint acu leis an gcomhar breithiúnach, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le hiarraidh ar eiseachadach (nó tabhairt suas) chuig Ballstát eile nó chuig tír nach tír den Aontas Eorpach í, a mheas an bhféadfadh úsáid uirlisí IS sa tír iarrthach an ceart bunúsach chun trialach cothroime a chur i mbaol go follasach; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le conas an measúnú sin a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla; á áitiú gur cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme, a áirithiú go gcuirtear daoine aonair ar an eolas nuair agus iad faoi réir úsáid fheidhmchláir IS ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ag na breithiúna;
15. á chur i bhfios nach bhféadfar measúnú neamhspleách a dhéanamh má bhíonn daoine ag brath ar na sonraí, ar na próifílí agus ar na moltaí a ghintear le meaisíní amháin; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha tromchúiseacha a bheith ann, go sonrach i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais, nuair a bhíonn an iomarca muiníne ag daoine aonair as cineál oibiachtúil agus eolaíoch uirlisí IS agus nuair a theipeann orthu a mheas go bhféadfadh torthaí na n-uirlisí sin a bheith mícheart, neamhiomlán, neamhábhartha nó idirdhealaitheach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart róspleáchas ar na torthaí a chuirtear ar fáil le córais IS a sheachaint, agus ag leagan béim ar an ngá atá ann go gcuirfeadh na húdaráis lena muinín agus lena n-eolas chun moladh algartamach a cheistiú nó a shárú; á mheas go bhfuil sé tábhachtach ionchais réadúla a bheith ann maidir le réitigh theicneolaíocha den sórt sin agus gan a ghealladh leo go dtiocfar ar réitigh fhoirfe maidir le forfheidhmiú an dlí ná go ndéanfar gach cion a dhéantar a bhrath;
16. á chur i bhfios go gcaithfidh duine daonna an cinneadh ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil nó chomhchosúil a dhéanamh i gcónaí i gcomhthéacsanna breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí, ar duine é a d’fheadfaí a thabhairt chun cuntais as na cinntí a dhéantar; á mheas nach go mbeidís siúd a bhíonn faoi réir córais atá cumhachtaithe ag IS leas a bhaint as réiteach; á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag duine, faoi dhlí AE, gan a bheith faoi réir cinneadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige, ar cinneadh é a bhaineann leis nó a dhéanann difear suntasach dó agus atá bunaithe ar phróiseáil uathoibríoch sonraí amháin; á chur i bhfios go láidir thairis sin nár cheart cinnteoireacht aonair uathoibrithe a bhunú ar shainchatagóirí sonraí pearsanta, ach amháin má tá bearta iomchuí i bhfeidhm chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú; á chur i bhfáth go gcuirtear toirmeasc, le dlí an Aontais, ar próifíliú a mbíonn idirdhealú in aghaidh daoine nádúrtha ar bhonn catagóirí speisialta sonraí pearsanta mar thoradh air; á thabhairt cinntí a mbíonn éifeacht dhlíthiúil acu ar an té lena mbaineann iad cinntí i réimse fhorfheidhmiú an dlí nach mór i gcónaí, mar gheall ar chineál feidhmiúcháin na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus a ngníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh úsáid IS dul i bhfeidhm ar chinntí an duine agus go bhféadfadh go mbeadh tionchar aige ar gach céim de nósanna imeachta coiriúla; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur gá d’údaráis a bhaineann úsáid as córais IS cloí le caighdeáin dhlíthiúla atá fíor-ard agus idirghabháil dhaonna a áirithiú, go háirithe agus anailís á déanamh ar shonraí a eascraíonn as na córais sin; á éileamh, dá bhrí sin, go seasfaí le discréid cheannasach na mbreithiúna agus leis an gcinnteoireacht a dhéantar de réir an cháis; á iarraidh go gcuirfí cosc ar úsáid IS agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara chun cinntí breithiúnacha a mholadh;
17. á iarraidh go mbeidh ann d’inmhínitheacht, trédhearcacht inrianaitheacht agus fíorú algartam mar chuid riachtanach den mhaoirseacht, chun a áirithiú go ndéanfaidh forbairt, imscaradh agus úsáid chórais IS i réimsí an cheartais agus fhorfheidhmiú an dlí cearta bunúsacha a chomhlíonadh, agus go mbeidh muinín ag saoránaigh astu, agus chun a áirithiú freisin go mbeidh na torthaí a ghintear trí algartaim IS intuigthe d’úsáideoirí agus dóibh siúd a bheidh faoi réir na gcóras sin, agus go mbeidh trédhearcacht ann maidir leis na sonraí foinse agus maidir leis an gcaoi ar tháinig an córas ar chonclúid áirithe; á chur i bhfios, chun trédhearcacht, stóinseacht agus cruinneas teicniúil a áirithiú, gur cheart nach gceadófaí ach d’údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis bhreithiúnacha san Aontas, a bhfuil a n-algartaim agus a loighic in-iniúchta agus in rochtana ar a laghad ag na póilíní agus na breithiúna agus ag na hiniúchóirí neamhspleácha, na huirlisí agus na córais sin a cheannach, ionas go bhféadfar meastóireacht, iniúchadh agus grinnfhiosrú a dhéanamh orthu, agus nár cheart do na díoltóirí iad a dhúnadh ná a lipéadú mar uirlisí agus córais dhílsithe; á chur i bhfios, thairis sin, gur cheart doiciméadacht a chur ar fáil i bhfriotal soiléir agus intuigthe maidir le cineál na seirbhíse, na huirlisí a forbraíodh, an fheidhmíocht agus na coinníollacha faoinar féidir a bheith ag súil lena bhfeidhmiú agus na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt astu; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis bhreithiúnacha agus ar na húdaráis forfheidhmithe dlí foráil a dhéanamh maidir le trédhearcacht réamhghníomhach agus iomlán i ndáil le cuideachtaí príobháideacha a chuireann córais IS ar fáil dóibh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna; á mholadh, dá bhrí sin, go n-úsáidfí bogearraí foinse oscailte i gcás inar féidir;
18. ag spreagadh na n-údarás forfheidhmithe dlí agus na n-údaráis breithiúnach na réimsí ina bhféadfadh roinnt réiteach saincheaptha IS a bheith tairbhiúil a shainaithint agus a mheasúnú agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le himscaradh IS; á iarraidh go nglacfaidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí AE próisis iomchuí soláthair phoiblí le haghaidh chórais IS nuair a úsáidtear i gcomhthéacs forfheidhmithe dlí nó i gcomhthéacs breithiúnach iad, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na cearta bunúsacha agus an reachtaíocht is infheidhme, lena n-áirítear a áirithiú go mbeidh doiciméadacht bogearraí agus algartaim ar fáil do na húdaráis inniúla agus mhaoirseachta agus go mbeidh rochtain acu orthu le haghaidh athbhreithnithe; á iarraidh, go háirithe, go mbeadh rialacha ceangailteacha ann lena gceanglaítear nochtadh poiblí maidir le comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, conarthaí agus éadálacha agus an cuspóir ar lena aghaidh a fhaightear iad; ag cur béim ar an ngá atá leis an maoiniú is gá a chur ar fáil do na húdaráis, chomh maith leis an saineolas is gá a thabhairt dóibh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na ceanglais eiticiúla, dhlíthiúla agus theicniúla a ghabhann le haon imscaradh IS;
19. á iarraidh go mbeidh ann d’inrianaitheacht chórais IS agus an phróisis cinnteoireachta lena leagfar amach a bhfeidhmeanna, lena sainmhíneofar cumais agus teorainneacha na gcóras, agus lena gcoinneofar taifead ar bhunús na saintréithe cinntitheacha de chinneadh, trí dhoiciméadacht éigeantach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé doiciméadú iomlán a choimeád ar shonraí oiliúna, ar an gcomhthéacs, ar an gcuspóir, ar an gcruinneas agus ar na fo-iarmhairtí a bhaineann leo, agus ar an bpróiseáil a dhéanann tógálaithe agus forbróirí na n-algartam orthu agus ar a mhéid a chomhlíonann siad na cearta bunúsacha; á thabhairt chun suntais go gcaithfidh sé a bheith indéanta i gcónaí ríomhanna córais IS a laghdú go foirm atá intuigthe don duine;
20. á iarraidh go ndéanfar measúnú tionchair éigeantach i dtaobh cearta bunúsacha roimh chur chun feidhme nó imscaradh aon chórais IS a bheidh le húsáid le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí nó i gcórais bhreithiúnacha, chun measúnú a dhéanamh ar aon rioscaí do chearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ann; á mheabhrú go bhfuil an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a rinneadh roimhe seo éigeantach maidir le haon chineál próiseála, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí nua a úsáid, ar dócha go mbeidh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha ag baint leis agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb é sin an cás i gcás fhormhór na dteicneolaíochtaí IS i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna; á chur i bhfios go láidir an saineolas atá ag údaráis cosanta sonraí agus gníomhaireachtaí um chearta bunúsacha agus measúnú á dhéanamh ar na córais sin; á chur i bhfáth gur cheart na measúnuithe tionchair sin ar chearta bunúsacha a dhéanamh ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir agus le rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta; á éileamh go saineofar go soiléir sna measúnuithe tionchair freisin na coimircí is gá chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad, a mhéid is féidir, sula n-imscarfar aon chóras IS;
21. á chur i bhfáth nach bhféadfar oibríochtú riachtanach phrionsabail na gceart bunúsach a éascú ach amháin trí rialachas láidir IS san Eoraip le meastóireacht neamhspleách; á iarraidh go ndéanfaidh údarás neamhspleách iniúchóireacht éigeantach ar na córais IS uile a mbaineann lucht forfheidhmithe dlí agus na breithiúna úsáid astu sa chás go bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh do shaol daoine, chun scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar chórais algartamacha agus ar an gcomhthéacs, cuspóir, cruinneas, feidhmíocht agus scála a bhaineann leo, agus nuair a bheidh na córais sin i bhfeidhm, chun aon éifeachtaí neamh-inmhianaithe nó díobhálacha a bhrath, a fhiosrú, a aithint agus a réiteach, agus chun a chinntiú go bhfuil na córais IS ag feidhmiú mar a bhí beartaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfar creat soiléir institiúideach isteach chuige sin, lena n-áireofar maoirseacht cheart rialála, chun cur i bhfeidhm iomlán a áirithiú agus chun díospóireacht dhaonlathach eolasach a ráthú maidir leis an ngá atá le IS agus maidir le comhréireacht IS i réimse an cheartais chóiriúil; á chur i bhfios go láidir gur cheart torthaí na n-iniúchtaí sin a chur ar fáil sna cláir phoiblí ionas go mbeidh na saoránaigh ar an eolas faoi na córais IS atá á n-imscaradh agus faoi cé acu bearta a dhéantar chun aon sárú ar chearta bunúsacha a leigheas;
22. á chur i bhfáth go bhféadfadh cóireáil dhifreálach agus idirdhealú díreach agus indíreach araon ar ghrúpaí daoine a bheith mar thoradh ar na tacair sonraí agus na córais algartamacha a úsáidtear agus aicmiú, measúnú agus tuartha á ndéanamh ag na céimeanna éagsúla den phróiseáil sonraí i bhforbairt IS agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara, go háirithe ós rud é go léirítear tosaíochtaí faireachais leanúnacha leis na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur ar algartaim phóilíneachta tuarthaí agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí claontachtaí reatha a atáirgeadh agus a mhéadú; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, go mbíonn taighde agus ionchur idirdhisciplíneach ag teastáil ó theicneolaíochtaí IS, go háirithe nuair a imscartar iad ar mhaithe le húsáid lucht forfheidhmithe dlí agus na mbreithiúna, lena n-áirítear ó réimsí staidéir eolaíochta agus teicneolaíochta, staidéir chriticiúla maidir leis an gcine, staidéir maidir leis an míchumas, agus disciplíní eile atá in ann riar ar an gcomhthéacs sóisialta, lena n-áirítear conas a chruthaítear difríocht, obair an aicmithe, agus na hiarmhairtí a bhaineann leis sin; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá infheistíocht a dhéanamh go córasach chun na disciplíní sin a chomhtháthú i staidéar agus i dtaighde IS ar gach leibhéal; á chur i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na foirne a dhéanann na córais IS sin a dhearadh, a fhorbairt, a thástáil, a chothabháil, a imscaradh agus a sholáthar d’fhorfheidhmiú an dlí agus do na breithiúna, nuair is féidir, éagsúlacht na sochaí i gcoitinne a léiriú mar mhodh neamhtheicniúil chun na rioscaí a bhaineann le hidirdhealú a laghdú;
23. á thabhairt chun suntais thairis sin go bhfuil gá le hoiliúint speisialaithe shuntasach maidir leis na forálacha eiticiúla, na contúirtí féideartha, na teorainneacha, agus ceartúsáid theicneolaíocht IS, go háirithe i gcás pearsanra póilíneachta agus breithiúnach, chun cuntasacht, freagracht agus dliteanas leordhóthanach a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-áiritheofaí le hoiliúint ghairmiúil agus cáilíochtaí oiriúnacha go gcuirfear oiliúint ar chinnteoirí maidir leis an gclaontacht a d’fhéadfadh a bheith ann, toisc go bhféadfadh sé go mbeadh na tacair sonraí bunaithe ar shonraí idirdhealaitheacha agus claonta; ag tacú le tionscnaimh múscailte feasachta agus oideachais a bhunú chun a áirithiú go mbeidh eolas agus tuiscint ag daoine aonair a oibríonn i bhforfheidhmiú an dlí agus sna breithiúna ar na teorainneacha, na cumais agus na rioscaí a bhaineann le húsáid chórais IS, lena n-áirítear an riosca go mbeidh claonadh uathoibrithe ann; á mheabhrú, má áirítear cásanna ciníochais le fórsaí póilíneachta agus iad i mbun a ndualgas i dtacair sonraí oiliúna IS go mbeidh claonadh ciníoch ar deireadh ann sna torthaí, scóir agus moltaí a ghintear le IS; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit, dá bhrí sin, beartais frith-idirdhealaithe a chur chun cinn agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt in aghaidh an chiníochais i réimse na póilíneachta agus an chórais cheartais;
24. ag tabhairt dá haire go bhfuil an phóilíneacht thuarthach i measc fheidhmchláir IS a úsáidtear i réimse fhorfheidhmiú an dlí, ach ag tabhairt rabhadh cé gur féidir leis an bpóilíneacht thuarthach anailís a dhéanamh ar na tacair sonraí áirithe chun patrúin agus comhghaolta a shainaithint, nach féidir léi ceist na cúisíochta a fhreagairt agus nach féidir léi tuartha iontaofa a dhéanamh maidir le hiompar aonair, agus dá bhrí sin nach féidir léi a bheith mar an t-aon bhunús le haghaidh idirghabhála; á chur i bhfios gur chuir roinnt cathracha sna Stáit Aontaithe deireadh leis an úsáid a bhaineann siad as córais phóilíneachta tuarthaí tar éis iniúchtaí; á mheabhrú gur chuir ranna póilíneachta i Nua-Eabhrac agus Cambridge, Massachusetts, in iúl do na Feisirí le linn mhisean Choiste LIBE go dtí na Stáit Aontaithe i mí Feabhra 2020, gur chuir siad deireadh lena gcláir phóilíneachta tuarthaí de bharr easpa éifeachtachta, tionchar idirdhealaitheach agus teip phraiticiúil, agus gur dhírigh siad ar phóilíneacht phobail ina ionad sin; ag tabhairt dá haire gur eascair laghdú ar rátaí coireachta as sin; ag cur, dá bhrí sin, i gcoinne úsáid IS ag údaráis forfheidhmithe dlí chun tuartha iompraíochta a dhéanamh maidir le daoine aonair nó grúpaí bunaithe ar shonraí stairiúla agus iompar san am a chuaigh thart, ballraíocht ghrúpa, suíomh, nó aon saintréithe eile den sórt sin, lena ndéantar, ar an gcaoi sin, iarracht daoine ar dócha go ndéanfaidh siad coir a shainaithint;
25. ag tabhairt dá haire na cineálacha éagsúla úsáide a bhaintear as an aghaidh-aithint, amhail fíorú/fíordheimhniú (i.e. aghaidh bheo a mheaitseáil le grianghraf i ndoiciméad aitheantais, e.g. teorainneacha cliste), sainaithint (i.e. grianghraf a mheaitseáil le bunachar sonraí grianghraf ar leith) agus brath (i.e. aghaidheanna a bhrath i bhfíor-am ó fhoinsí amhail scannánaíocht CCTV, agus iad a mheaitseáil le bunachair sonraí, e.g. faireachas fíor-ama), ach gan a bheith teoranta dóibh, ar cineálacha úsáide iad a bhfuil impleachtaí éagsúla ag gach ceann díobh i dtaca le cearta bunúsacha a chosaint; á chreidiúint go láidir gur cheart úsáid córas aghaidh-aitheanta ag forfheidhmiú an dlí a theorannú do chuspóirí a bhfuil údar soiléir leo agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na comhréireachta agus an riachtanais agus don dlí is infheidhme; á athdhearbhú nach mór, ar a laghad, go ndéanfadh úsáid teicneolaíochta aghaidh-aitheanta na riachtanais maidir le híoslaghdú sonraí, cruinneas sonraí, teorannú stórála, slándáil sonraí agus cuntasacht a chomhlíonadh, agus go mbeadh an úsáid sin dleathach, cothrom agus trédhearcach, agus go gcloífeadh sí le cuspóir sonrach, sainráite agus dlisteanach a shainítear go soiléir i ndlí an Bhallstáit nó i ndlí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, maidir le córais fíoraithe agus fíordheimhnithe, nach féidir leanúint dá n-imscaradh agus dá n-úsáid ach amháin más féidir a n-éifeachtaí díobhálacha a mhaolú agus na critéir thuas a chomhlíonadh;
26. á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfear toirmeasc buan ar úsáid anailíse uathoibrithe agus/nó aitheantais uathoibrithe gnéithe eile an duine, amhail coisíocht, méarloirg, DNA, guth, agus comharthaí bithmhéadracha agus iompraíochta eile, i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu;
27. á iarraidh, áfach, go gcuirfear moratóir ar úsáid córas aghaidh-aitheanta a bhfuil feidhm sainaitheanta acu chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin má úsáidtear go docht iad chun íospartaigh na coireachta a shainaithint, go dtí gur féidir a mheas go bhfuil na caighdeáin theicniúla go hiomlán comhlíontach le cearta bunúsacha, go bhfuil na torthaí a fhaightear neamhchlaonta agus neamh-idirdhealaitheach, go gcuirtear coimircí dochta ar fáil leis an gcreat dlíthiúil i gcoinne mí-úsáide, dianrialú daonlathach agus dianmhaoirseacht dhaonlathach, agus go bhfuil fianaise eimpíreach ann maidir leis an ngá atá le teicneolaíochtaí den sórt sin agus leis an gcomhréireacht a bhaineann lena n-úsáid; ag tabhairt dá haire, i gcás nach gcomhlíontar na critéir thuas, nár cheart na córais a úsáid ná a imscaradh;
28. á chur in iúl gur cúis mhór imní di an úsáid a bhaineann gníomhaithe forfheidhmithe dlí agus seirbhísí faisnéise as bunachair sonraí phríobháideacha aghaidh-aitheanta, amhail Clearview AI, ar bunachar sonraí é ina bhfuil breis agus trí bhilliún pictiúr a bailíodh go neamhdhleathach ó líonraí sóisialta agus ó chodanna eile den idirlíon, lena n-áirítear ó shaoránaigh AE; á iarraidh ar na Ballstáit iallach a chur ar ghníomhaithe forfheidhmithe dlí a nochtadh an bhfuil teicneolaíocht Clearview AI nó teicneolaíochtaí coibhéiseacha ó sholáthraithe eile á n-úsáid acu; á mheabhrú di an tuairim ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) gur dócha nach mbeadh an úsáid a bhainfeadh údaráis forfheidhmithe dlí san Aontas Eorpach as seirbhís amhail Clearview AI ‘comhsheasmhach le córas cosanta sonraí an Aontais’; á iarraidh go gcuirfí cosc ar úsáid a bhaint as bunachair phríobháideacha aitheantais aghaidhe i bhforfheidhmiú an dlí;
29. ag tabhairt dá haire staidéar indéantachta an Choimisiúin maidir le hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Chinneadh Prüm(8), lena n-áirítear maidir le híomhánna den aghaidh; ag tabhairt dá haire taighde a rinneadh roimhe seo nach mbeadh aon aitheantóirí féideartha nua, e.g. aithint imrisc nó aghaidhe, chomh hiontaofa céanna le DNA nó méarloirg i gcomhthéacs fóiréinseach; á mheabhrú don Choimisiún nach mór d’aon togra reachtach a bheith bunaithe ar fhianaise agus prionsabal na comhréireachta a urramú; ag tathant ar an gCoimisiún gan síneadh a chur le creat Chinneadh Prüm mura mbíonn fianaise dhaingean eolaíoch ann maidir le hiontaofacht na haghaidh-aitheanta i gcomhthéacs fóiréinseach i gcomparáid le DNA nó méarloirg, tar éis dó measúnú tionchair iomlán a dhéanamh, agus moltaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) agus EDPB á gcur san áireamh;
30. á chur i bhfáth, maidir le húsáid sonraí bithmhéadracha, go mbaineann sé ar bhonn níos leithne le prionsabal dhínit an duine atá mar bhunús de na cearta bunúsacha uile a ráthaítear leis an gCairt; á mheas, má dhéantar aon sonraí bithmhéadracha a úsáid agus a bhailiú chun críocha cianaitheantais, mar shampla trí aghaidh-aithint a sheoladh in áiteanna poiblí, agus ag geataí rialaithe teorann uathoibríocha a úsáidtear le haghaidh seiceálacha teorann ag aerfoirt, go bhféadfadh sé go mbeadh rioscaí ann do chearta an duine, a bhféadfadh na himpleachtaí de a bheith an-eagsúil ag brath ar chuspóir, comhthéacs agus raon na húsáide; ag cur béim, thairis sin, ar bhailíocht eolaíoch chonspóidte na teicneolaíochta um aitheantas mothachtála, amhail ceamaraí lena ndéantar corraithe súl agus athruithe ar mhéid mac imrisc a bhrath, i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart sainaithint bhithmhéadrach i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna a mheas i gcónaí a bheith ‘ardriosca’ agus dá bhrí sin gur cheart go mbeadh sé faoi réir ceanglais bhreise, de réir moltaí ó Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe an Choimisiúin um an Intleacht Shaorga;
31. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tionscadail taighde a mhaoinítear faoi Fhís 2020 lena n-úsáidtear intleacht shaorga ar theorainneacha seachtracha, amhail tionscadal iBorderCtrl, ar ‘córas cliste braite éithigh’ é lena ndéantar próifíliú ar thaistealaithe ar bhonn agallamh ríomhuathoibrithe a dhéantar ar cheamara gréasáin an taistealaí roimh an turas, agus anailís IS-bhunaithe ar 38 micreagothaí, a tástáladh san Ungáir, sa Laitvia agus sa Ghréig; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, toirmeasc ar aon phróiseáil sonraí bithmhéadracha a chur chun feidhme, lena n-áirítear íomhánna den aghaidh, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ar próiseáil é as a eascraíonn ollfhaireachas i spásanna atá inrochtana don phobal, agus é sin a dhéanamh trí mhodhanna reachtacha agus neamhreachtacha, agus trí imeachtaí um shárú más gá; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún deireadh a chur leis an maoiniú do thaighde maidir le bogearraí bithmhéadrachta, le hathlonnú na mbogearraí sin nó le cláir ar dócha go leanfaidh ollfhaireachas neamh-idirdhealaitheach in áiteanna poiblí astu; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar úsáid ladrann in oibríochtaí póilíneachta, agus gur cheart creat docht a chur i bhfeidhm ina leith;
32. ag tacú leis na moltaí ó Ghúpa Ardleibhéil Saineolaithe an Choimisiúin um an Intleacht Shaorga a mholann toirmeasc ar scóráil IS-chumasaithe daoine aonair ar mhórscála; á mheas, má dhéanann na húdaráis phoiblí aon chineál scórála normataí saoránach ar mhórscála, go háirithe laistigh de réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais, go mbeidh cailliúint neamhspleáchais ann, go gcuirfear prionsabal an neamh-idirdhealaithe i mbaol agus nach féidir é sin a mheas a bheith i gcomhréir le cearta bunúsacha, go háirithe dínit an duine, faoi mar a chódaítear i ndlí AE;
33. á iarraidh go mbeidh níos mó trédhearcachta ann go ginearálta chun tuiscint chuimsitheach a fhorbairt maidir le húsáid fheidhmchláir IS san Aontas; á iarraidh go soláthróidh na Ballstáit faisnéis chuimsitheach maidir leis na huirlisí arna n-úsáid ag a n-údaráis forfheidhmithe dlí agus a n-údaráis bhreithiúnacha, na cineálacha uirlisí atá in úsáid, na críocha ar chucu a úsáidtear iad, na cineálacha coireachta a bhfuil feidhm acu maidir leo, agus ainmneacha na gcuideachtaí nó na n-eagraíochtaí a d’fhorbair na huirlisí sin; á iarraidh ar údaráis forfheidhmithe dlí agus ar na húdaráis bhreithiúnacha freisin an pobal a chur ar an eolas maidir leis an úsáid a bhaineann siad as IS agus as teicneolaíochtaí gaolmhara agus a gcumhachtaí á gcur chun feidhme acu, lena n-áirítear nochtadh rátaí bréagdheimhniúcháin agus rátaí bréagdhiúltacha i dtaca leis an teicneolaíocht i dtrácht; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a thiomsú agus a nuashonrú in aon áit amháin; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin faisnéis a fhoilsiú agus a nuashonrú maidir le húsáid IS ag gníomhairechtaí an Aontais a bhfuil cúraimí i dtaca le forfheidhmiú an dlí agus cúraimí breithiúnacha orthu; á iarraidh ar EDPB measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na dteicneolaíochtaí agus na bhfeidhmchlár IS sin atá in úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag na breithiúna;
34. á mheabhrú go bhfuil feidhmchláir IS, lena n-áirítear na feidhmchláir sin arna n-úsáid i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí agus réimse an cheartais, á bhforbairt go mear ar fud an domhain; ag tathant ar na geallsealbhóirí Eorpacha go léir, lena n-áirítear na Ballstáit agus an Coimisiún, rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe lasmuigh de AE a áirithiú, trí chomhar idirnáisiúnta, chun caighdeáin a ardú ar an leibhéal idirnáisúnta agus chun teacht ar chomhchreat comhlántach dlíthiúil agus eiticiúil i dtaca le húsáid IS, go háirithe ar mhaithe le forfheidhmiú an dlí agus na córais bhreithiúnacha, lena dtugtar lán-urraim don Chairt, don acquis Eorpach maidir le cosaint sonraí agus do chearta an duine ar bhonn níos leithne;
35. á iarraidh go ndéanfaidh Gníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha, i gcomhar le EDPB agus MECS, treoirlínte cuimsitheacha, moltaí agus dea-chleachtas a dhréachtú chun na critéir agus na coinníollacha a shonrú tuilleadh maidir le forbairt, úsáid agus imlonnú fheidhmchláir agus réitigh IS lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha; á ghealladh go ndéanfaidh sí staidéar ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Forfheidhmiú an Dlí(9) chun a shainaithint conas ar áirithíodh cosaint sonraí pearsanta i ngníomhaíochtaí próiseála ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha, go háirithe nuair a bhí teicneolaíochtaí nua á bhforbairt nó á n-imlonnú; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, breithniú a dhéanamh i dtaobh cibé an bhfuil gá le gníomhaíocht reachtach shonrach maidir leis na critéir agus na coinníollacha a shonrú tuilleadh i dtaca le forbairt, úsáid agus imlonnú fheidhmchláir agus réitigh IS ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha;
36. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).
Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).