Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Creat Beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Na chéad chéimeanna eile i dtreo 'Fís Nialais’ (2021/2014(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 dar teideal EU Road Safety Policy Framework 2021-2030 – Next steps towards “Vision Zero” [Creat Beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Na chéad chéimeanna eile i dtreo “Fís Nialais”] (SWD(2019)0283),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal “Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí” (COM(2020)0789),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena ndéantar éascaíocht ar mhalartú trasteorann faisnéise maidir le cionta mótarthráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre(1) (an Treoir maidir le Forfheidhmiú Trasteorann),
– ag féachaint do Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána(2) (an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána)
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre(3) (Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta),
– ag féachaint do rún uaithi an 27 Aibreán 2021 maidir leis an tuarascáil ar an gcur chun feidhme maidir le gnéithe sábháilteachta bóthair an Phacáiste Ródacmhainneachta(4),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2017 dar teideal road safety –‘endorsing the Valletta Declaration of March 2017 [sábháilteacht ar bhóithre – Dearbhú Vaileite ó Mhárta 2017 á fhormhuiniú’],
– ag féachaint do Dhearbhú Stócólm an 19-20 Feabhra 2020 arna dhéanamh le linn an Tríú Comhdháil Aireachta Domhanda maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre
– ag féachaint do dhearbhú ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2015 maidir le rothaíocht mar mhodh iompair atá neamhdhíobhálach don aeráid, arna shíniú ag airí iompair AE ag cruinniú neamhfhoirmiúil i Lucsamburg,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0211/2021),
A. de bhrí go gcailltear thart ar 22 700 duine gach bliain i gcónaí ar bhóithre an Aontais agus go ndéantar thart ar 120 000 duine a ghortú go dona; de bhrí gur maraíodh níos mó ná 11 800 leanbh agus duine óg suas le 17 mbliana d’aois in imbhuailtí tráchta ar bhóithre in AE le 10 mbliana anuas; de bhrí nach bhfuil aon athrú le blianta beaga anuas ar an dul chun cinn maidir le rátaí básanna san Aontas a laghdú, agus dá réir sin, nár aimsíodh an sprioc líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath idir 2010 agus 2020; de bhrí gur praghas do-ghlactha daonna agus sóisialta do shaoránaigh in AE na figiúirí sin agus de bhrí gurb ionann costas seachtrach timpistí bóthair in AE agus thart ar 2 % dá OTI bliantúil;
B. de bhrí go bhfuil treochtaí agus dúshláin nua ann don Aontas Eorpach leis an uathoibriú, treochtaí agus dúshláin a bhféadfadh an-tionchar a bheith acu ar an tsábháilteacht ar bhóithre; de bhrí nár mhór aghaidh a thabhairt ar an seachmall de bharr gléasanna soghluaiste, feiniméan atá ag dul i dtreis; de bhrí go gcruthófar riosca nua sa neastodhchaí d’úsáideoirí bóthair gan chosaint go háirithe, amhail gluaisrothaithe, rothaithe agus coisithe, i dtrácht measctha de bharr feithiclí a mbeidh raon leathan gnéithe uathoibrithe/nasctha iontu agus feithiclí traidisiúnta, araon;
C. de bhrí go soláthraíonn dul chun cinn teicneolaíochta, nascacht, uathoibriú agus an geilleagar comhroinnte deiseanna nua do shábháilteacht ar bhóithre agus chun dul i ngleic le plódú, go háirithe i gceantair uirbeacha; de bhrí go bhféadfadh astaíochtaí CO2 níos ísle a bheith mar thoradh ar na sineirgí idir bearta sábháilteachta agus inbhuanaitheachta a fhorbairt agus an t-aistriú módach a dhéanamh i dtreo modhanna iompair phoiblí agus soghluaisteacht ghníomhach, cáilíocht an aeir a fheabhsú agus stíleanna maireachtála níos gníomhaí agus níos folláine a fhorbairt;
D. de bhrí, de réir na dtástálacha is déanaí le haghaidh an Chláir Eorpaigh um Measúnú Gluaisteán Nua (Euro NCAP), go bhfuil an baol go bhfaighidh paisinéirí bás i bhfeithiclí a bhfuil rátáil 5 réalta acu laghdaithe 68% agus a riosca díobhála tromaí 23% i gcomparáid le paisinéirí i bhfeithiclí a bhfuil rátáil 2 réalta acu;
E. de bhrí go bhfuil sciar na n-úsáideoirí bóthair gan chosaint a mharaítear ar na bóithre ag dul i méid, ó tharla gur úsáideoirí gluaisteán is mó a thairbhigh den tsábháilteacht feithicle feabhsaithe agus de bhearta eile i réimse na sábháilteachta ar bhóithre; de bhrí go bhfuil meáchan, cumhacht agus luas uasta na ngluaisteán nua a dhíoltar in AE ag méadú, ag cruthú rioscaí níos mó do shábháilteacht ar bhóithre; de bhrí gur ábhar práinne é aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht gluaisrothaithe, rothaithe agus coisithe;
F. de bhrí, cé nach ndéanann siad ach 2% de líon iomlán na gciliméadar a thaistealaítear, go bhfuil feithiclí dhá roth faoi thiomáint freagrach as 17% de líon iomlán na mbásanna ar bhóithre; de bhrí go bhfuil difríochtaí suntasacha idir tíortha; de bhrí gur cheart do AE tosaíocht a thabhairt do thuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun sábháilteacht na bhfeithiclí sin a fheabhsú sna deich mbliana amach romhainn;
G. de bhrí, de réir staidéar ón gCoimisiún, nach dtarlaíonn ach 8% de na básanna ar mhótarbhealaí, agus go dtarlaíonn 37% i gceantair uirbeacha agus 54% ar bhóithre tuaithe; de bhrí go bhfuil infheistíocht nua agus cothabháil cheart an bhonneagair atá ann ar feadh a shaolré ríthábhachtach do shábháilteacht ar bhóithre;
H. de bhrí nach dtuairiscítear gach íospartach timpiste, rud a dhéanann na staitisticí atá ar fáil a shaobhadh; de bhrí go gcaithfear modhanna tástála éifeachtacha a fhorbairt chun líon iarbhír íospartaigh timpistí bóthair a chinneadh;
I. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach iompar sábháilte úsáideoirí bóithre a áirithiú agus a fhorfheidhmiú, mar shampla taisteal ar an luas ceart, trealamh cosanta mar chriosanna sábhála agus clogaid tuairteála a úsáid, gan a bheith ag tiomáint agus iad faoi thionchar alcóil nó drugaí, agus ag tiomáint, ag marcaíocht agus ag siúl gan seachráin chun tuairteanna marfacha bóthair a chosc agus a mhaolú;
J. de bhrí go bhfuil éagothroime inscne, aoise agus shóisialta i bhfeidhm maidir le soghluaisteacht agus sábháilteacht ar bhóithre;
K. de bhrí go n-éilíonn spriocanna nua sábháilteachta bóthair AE iarrachtaí comhoibrithe níos déine chun beartais láidre sábháilteachta bóthair na hEorpa a fhorbairt le geallsealbhóirí, tacaíocht taighde agus nuálaíochta chun réitigh bunaithe ar bheartas a ullmhú ar bhonn sonraí daingne agus anailís tionchair, agus níos mó beart forfheidhmithe náisiúnta agus iad dírithe níos fearr agus comhar trasteorann éifeachtach maidir le pionóis a fhorfheidhmiú;
L. de bhrí gur timpistí bóthair iad 40 go 60% de na básanna go léir a bhaineann le hobair a tharlaíonn le linn na hoibre nó le linn dóibh taisteal chun na hoibre; de bhrí go mbíonn tuirse thiomána coitianta ar bhóithre an Aontais;
M. de bhrí, le cur chun feidhme na bpleananna sábháilteachta do bhóithre náisiúnta agus an creat nua Aontais i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre, go gceanglaítear acmhainní airgeadais cobhsaí agus leordhóthanacha ó na Ballstáit agus ó bhuiséad an Aontais, araon;
Creat beartais AE um shábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 – na chéad chéimeanna eile i dtreo Fís Nialais
1. á chur in iúl gur geal léi gur athdhearbhaigh an tAontas Eorpach ina chreat beartais um shábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 a fhís straitéiseach fhadtéarmach líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre AE a laghdú go nialas nó geall leis faoi 2050 (Fís Nialais), agus a sprioc mheántéarmach laghdú 50 % a dhéanamh ar líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha faoi 2030 i gcomhréir le Dearbhú Valletta; á thabhairt chun suntais gur cur chuige comhordaithe, dea-phleanáilte, córasach agus dea-mhaoinithe i leith na sábháilteachta ar bhóithre ar leibhéal AE, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil an bonn taca ba cheart a bheith faoi na cuspóirí agus spriocanna Aontais sin a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre;
2. á chur in iúl gur geal léi i ndáil leis seo gur glacadh cur chuige an chórais shábháilte ar leibhéal AE, agus é bunaithe ar chreat feidhmíochta agus spriocanna amaithe chun líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú; á chur in iúl gur geal léi bunú eochairtháscairí feidhmíochta a socraíodh i gcomhar leis na Ballstáit chun go bhféadfaí anailís níos fócasaithe agus níos spriocdhírithe a dhéanamh ar fheidhmíocht na mBallstát agus easnaimh a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna toraidh a bhunú faoi 2023; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar leanúnach idir an tAontas agus na Ballstáit i ndáil leis sin, agus ag tathant ar na Ballstáit uile a bheith lántiomanta don fhreachnamh sin agus modheolaíocht chomhchuibhithe a chomhaontú maidir le heochairtháscairí feidhmíochta faoinar féidir le Ballstáit sonraí a chur i gcomparáid; á iarraidh treochlár mionsonraithe a bheith ann mar chuid de ghníomhaíocht an Aontais chun feidhmíocht a mheas agus comhlachtaí ar leith a dhéanamh cuntasach as torthaí;
3. á chreidiúint, áfach, go bhfuil go leor le feabhsú ar na heochairtháscairí feidhmíochta thuasluaite agus ag tathant ar an gCoimisiún smaoineamh ar na táscairí sin a leathnú agus iad a nuashonrú ina phlean gníomhaíochta straitéiseach Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre; á chreidiúint gur cheart an eochairtháscaire feidhmíochta do threalamh cosanta a chomhlánú le heochairtháscaire feidhmíochta a bhailíonn sonraí risíochta de réir achar taistil agus ama do gach úsáideoir bóthair, arna mhiondealú de réir sciar módúil agus cineál bóthair chun tuiscint níos fearr a fháil ar na cóimheasa riosca agus na contúirtí éagsúla atá i gceist; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun eochairtháscaire feidhmíochta a shainiú do bhonneagar bóithre, ag léiriú cáilíocht sábháilteachta líonra bóithre atá neamhspleách ar iompar úsáideoirí bóthair nó teicneolaíocht feithiclí, bunaithe ar mhodheolaíocht rátála comónta comhaontaithe; á chur in iúl gur oth léi go dtugann eochairtháscairí feidhmíochta maidir le sábháilteacht feithiclí neamhaird ar shábháilteacht feithiclí cumhachtaithe dhá roth; á iarraidh an gCoimisiún innéacs sábháilteachta feithiclí a dhréachtú d’fheithiclí de chatagóir L agus ag cur béim ar an ngá gach eochairtháscaire feidhmíochta le haghaidh feithiclí de chatagóir‑L a áireamh ann;
4. á thabhairt chun suntais go bhfuil cistiú AE ríthábhachtach chun infheistíocht a dhéanamh i réitigh sábháilteachta bóithre inbhuanaithe agus cliste agus chun baint amach torthaí sábháilteachta ar bhóithre ar fud AE a luathú; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht AE i sábháilteacht ar bhóithre a chosaint agus a mhéadú ar fud na gclár maoinithe ábhartha Aontais go léir, lena n-áirítear i dtaighde agus i nuálaíocht; á iarraidh ar na Ballstáit uile thairis sin cion leordhóthanach dá mbuiséad náisiúnta a chur ar leataobh ar cheart go gcuirfeadh sé ar a gcumas, ach cistiú Aontais a chur leis, a gcláir náisiúnta sábháilteachta ar bhóithre, mar aon le Creat nua AE um beartas sábháilteachta bóithre do 2021-2030, a chur chun feidhme; á iarraidh ar na Ballstáit cistí náisiúnta sábháilteachta ar bhóithre a chruthú mar shásraí chun fíneálacha a bhailiú faoina gcóid tráchta agus chun an t-airgead a bhailítear le haghaidh sábháilteacht ar bhóithre a athdháileadh; á iarraidh ar an gCoimisiún an clár um Malartú Sábháilteachta ar Bhóithre AE a leathnú chuig gach Ballstát, ar clár é atá deartha chun feidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre a fheabhsú ach nach ndíríonn faoi láthair ach ar shé Bhallstát;
5. ag spreagadh na mBallstát réadlanna náisiúnta a bhunú maidir le sábháilteacht ar bhóithre chun bunachair sonraí náisiúnta sábháilteachta ar bhóithre a bhailiú, a phróiseáil agus a chothabháil. á iarraidh ar na Ballstáit a straitéisí náisiúnta sábháilteachta ar bhóithre a ailíniú le cuspóirí chreat beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre do 2021-2030 agus aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a bhaineann leis sin a luaithe is féidir;
Bonneagar sábháilte
6. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do na hinfheistíochtaí a sholáthraíonn na tairbhí is mó ó thaobh sábháilteachta ar bhóithre de, ag díriú go sonrach ar chriosanna leis an líon is mó tionóiscí, lena n-áirítear infheistíochtaí chun an bonneagar atá ann cheana a chothabháil mar thosaíocht agus chun bonneagar nua a thógáil, i gcás inar gá; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar foráil sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa do 2021-2027 do mhaoiniú i dtionscadail bhonneagair agus soghluaisteachta atá sábháilte agus slán, lena n-áirítear sábháilteacht ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún deiseanna maoinithe AE a chur chun cinn tuilleadh tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, cistí réigiúnacha agus comhtháthaithe, InvestEU agus an tArdán Iompair níos Sábháilte a sheol an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), go háirithe i mBallstáit a bhfuil feidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre réasúnta lag acu; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé na critéir incháilitheachta do na hionstraimí sin a dhéanamh níos soiléire do ghníomhartha sábháilteachta ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit agus iad a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i líonra iompair ilmhódach níos sábháilte, níos inbhuanaithe agus níos athléimní trína bplean náisiúnta um théarnamh agus athléimneacht; á iarraidh ar an gCoimisiún a bunáiteanna le haghaidh cinntí infheistíochta sábháilteachta ar bhóithre sa todhchaí a leagan amach san athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T(5), lena n-áirítear bunphlean faireacháin líonra a chur chun feidhme maidir le cothabháil ar leibhéal AE;
7. á thabhairt chun suntais go mbeidh measúnú réamhghníomhach ar ghréasán bóithre an Aontais ina uirlis úsáideach chun sábháilteacht ionsuite na mbóithre a mheas agus chun infheistíocht a spriocdhíriú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis seo, an mhapáil ar riosca i gcás mótarbhealaí agus príomhbhóithre agus an rátáil sábháilteachta ina leith a tionscnaíodh san athbhreithniú le deireanas ar rialacha sábháilteachta an bhonneagair Aontais(6), agus á iarraidh ar na Ballstáit a oiread príomhbhóithre ina gcríoch agus is féidir a ainmniú chun cur le hacmhainneacht na treorach nua sin i leith sábháilteacht ar bhóithre; á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir leis an treoir, córais náisiúnta a bhunú le haghaidh tuairisciú deonach, ar cheart go mbeidís inrochtana ar líne agus ar fáil do gach úsáideoir bóthair, chun bailiú sonraí faoi tharluithe a tharchuireann úsáideoirí bóithre agus feithiclí agus aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a mheasann an tuairisceoir mar ghuais iarbhír nó fhéideartha do shábháilteacht bonneagair bóthair, d’fhonn a áirithiú go rannchuideoidh saoránaigh AE ar bhealach trédhearcach, láithreach agus díreach le sábháilteacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit modheolaíocht a chomhaontú a luaithe is féidir chun measúnuithe bóthair córasacha a dhéanamh ar fud an ghréasáin faoi mar a shainordaítear san athbhreithniú ar an ngníomh thuasluaite, lena n-áirítear aon ghnéithe atá tábhachtach do shábháilteacht úsáideoirí gníomhacha bóithre;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an obair ar shonraíochtaí AE, i gcomhair fheidhmíocht na gcomharthaí bóthair agus na marcálacha bóthair chun an bealach a réiteach le haghaidh uaithoibriu níos mó i gcás feithiclí; ag meabhrú a thábhachtaí atá feidhmíocht comharthaí bóthair agus marcálacha, lena n-áirítear a gcur, a n-infheictheacht agus a n-ais-fhrithchaiteacht, go háirithe maidir le héifeachtacht na gcóras cúnaimh tiománaithe amhail cúnamh cliste luais agus córais coimeádta lánaí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé bonneagar a úsáid chun bóithre inléite, féin-fhorfheidhmithe agus ‘a thugann maithiúnas’ a thógáil ar mhaithe le sábháilteacht gach rannpháirtí tráchta bóthair, go háirithe i gceantair chontúirteacha nó i gceantair ina bhfuil líon suntasach úsáideoirí soghonta bóithre;
9. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ceanglais cháilíochta a cheapadh maidir le bonneagar siúil agus rothaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an leibhéal sábháilteachta neamhleor d’úsáideoirí gníomhacha bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún curaclaim choitianta AE a dhréachtú d’iniúchóirí agus do chigirí bonneagair bóthair, lena n-áirítear oiliúint shonrach ar riachtanais úsáideoirí soghonta bóithre, mar chuid dá fhóram nua d’iniúchóirí Eorpacha um shábháilteacht ar bhóithre;
10. ag tabhairt dá haire go bhfuil riachtanais speisialta ag úsáideoirí bóithre a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus faoi mhíchumais eile ba cheart a chur i gcuntas agus bonneagar nua bóithre á phleanáil agus á thógáil. á iarraidh ar na Ballstáit tacú le hinfheistíochtaí i dtionscadail atá dírithe ar bhonneagar bóithre a dhéanamh cuimsitheach agus inrochtana do gach duine;
11. ag tabhairt dá haire dá aire, i gcomhréir leis an athhbhreithniú deireanach ar rialacha sábháilteachta bonneagair AE, go bhfuil sé de dhualgas ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2004/54/CE maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin(7) faoi 2021 agus breithniú a dhéanamh ar thogra reachtach nua a ghlacadh maidir le híoscheanglais sábháilteachta do dhroichid; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid shábháilte tollán a fheabhsú tuilleadh trí, inter alia, feachtais feasachta a eagrú agus na staidéir ábhartha a chur i gcrích;
12. ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát grúpa saineolaithe a bhunú chun creat aicmithe bóithre a dhréachtú a dhéanann an luasteorainn a oiriúnú níos fearr le dearadh agus le leagan amach bóithre, i gcomhréir le cur chuige an chórais shábháilte;
13. á iarrraidh bearta a bheith ann chun sábháilteacht ar bhóithre a neartú tuilleadh i nóid uirbeacha agus i limistéir fho-uirbeacha agus thuaithe agus chun sábháilteacht oibríochtúil a fheabhsú ar feadh shaolré an bhonneagair chriticiúil amhail tolláin agus droichid, agus breithniú á dhéanamh freisin ar theicneolaíochtaí nua faireacháin a úsáid le haghaidh bonneagar leochaileacha, agus chun sainiú a dhéanamh sainchuspóirí sábháilteachta agus ceanglais cháilíochta san athbhreithniú atá le teacht ar Rialachán TEN-T;
14. á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le hathrú módúil i dtreo modhanna gníomhacha amhail siúl agus rothaíocht agus modhanna iompair phoiblí inbhuanaithe mar uirlisí tábhachtacha chun an chontúirt ar bhóithre a laghdú, agus chun infheistíochtaí leormhaithe a leithdháileadh chuige sin; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, seoladh an tionscnaimh maidir le hArdán Iompair Níos Sábháilte, a éilíonn go sainráite saoráidí níos fearr le haghaidh iompar inbhuanaithe, lena n-áirítear do rothaithe agus do choisithe, agus do thionscadail maolaithe timpistí. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BEI feachtais feasachta agus faisnéise a sheoladh chun a áirithiú go mbeidh gach geallsealbhóir ar an eolas go maith faoi na coinníollacha agus go ndéanfaidh siad breithniú ar iad a úsáid;
15. á iarraidh sineirgí méadaithe a bheith ann idir líonra bealaí rothar na hEorpa EuroVelo agus TEN-T chun bonneagar rothaíochta a dhéanamh níos sábháilte agus go mbeadh sé nasctha níos fearr. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cosáin siúlóide agus rothaíochta leanúnacha a áirithiú i dtionscadail TEN-T i gcás inarb indéanta; á iarraidh ar an gCoimisiún ath-thiontú línte iarnróid nach bhfuil in úsáid a spreagadh agus tacú go gníomhach le tionscadail rothar traenach agus le hidirmhódúlacht; ag tabhairt dá haire go dtugann cineálacha nua bonneagair amhail réamh-líne stoptha, boscaí rothair, sráideanna rothar nó mórbhealaí rothaíochta féidearthachtaí nua maidir le soghluaisteacht ghníomhach shábháilte; ag cur béim ar an ngá atá le hoibriú chun na rialacha maidir le comharthaíocht Bóithre a chomhchuibhiú agus a fhorfheidhmiú chun mearbhall a sheachaint agus sábháilteacht agus éascaíocht úsáide a mhéadú;
16. á chreidiúint gur cheart don Choimisiún a sheacht ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go bhfanfaidh an bonneagar rothaíochta agus siúil a úsáideann na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 i bhfeidhm agus go leathnófar é chun taisteal gníomhach sábháilte a chur chun cinn tuilleadh;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú go dlúth le réigiúin agus le cathracha chun aon bhonneagar míle dheireanaigh atá in easnamh agus naisc idirmhódacha agus trasteorann ar fud an TEN-T a chur i gcrích, agus ar an gcaoi sin úsáid níos gan uaim agus níos éifeachtúla a bhaint as bonneagar agus seirbhísí agus sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú;
Feithiclí sábháilte
18. á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú le deireanas ar an Rialachán um Shábháilteacht Ghinearálta faoina mbeidh gnéithe nua sábháilteachta éigeantach i bhfeithiclí san Aontas Eorpach amhail ó 2022 i leith, gnéithe amhail córais luasrialaithe chliste agus córais éigeandála chun fanacht i lána a chuideodh b’fhéidir chun thart ar 7 300 beatha a shábháil faoi 2030 agus 38 900 gortú tromchúiseach a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún ar an gCoimisiún reachtaíocht thánaisteach uaillmhianach thráthúil a ghlacadh, ar cheart go n-éileodh sé freisin córais chliste ardfheidhmíochta um chúnaimh luais a fheistiú i ngach feithicil nua; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, breithniú a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm praiticiúil é a dhéanamh éigeantach gluaisrothair a threalmhú leis na córais seo agus indéantacht, inghlacthacht agus impleachtaí féideartha do shábháilteacht ar bhóithre a bheadh ag cúnamh cliste luais na chéad ghlúine eile do ghluaisteáin, veaineanna, trucailí agus busanna;
19. á mheabhrú a thábhacthtaí atá an nuálaíocht i dteicneolaíocht feithiclí, rud a chuideoidh le déine na dtimpistí a mhaolú agus leis an dóchúlacht go dtarlóidh timpistí a laghdú trí ghnéithe sábháilteachta gníomhacha agus éighníomhacha. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin feithiclí paisinéirí sa todhchaí i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nua agus tosca a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shábháilteacht ar bhóithre amhail mais, cumhacht, luas agus méid an limistéir tosaigh a chur san áireamh;
20. á iarraidh ar an gCoimisiún é a dhéanamh éigeantach gluaisrothair a fheistiú le córais choscánaithe frithghlasála san athbhreithniú atá le teacht ar fhormheas cineáil feithiclí de chatagóir L. á iarraidh ar an gCoimisiún na catagóirí feithiclí a bhfuil sé riachtanach eCall a shuiteáil ina leith a leathnú, agus aird ar leith á tabhairt ar fheithiclí cumhachtaithe dhá roth faoi;
21. á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na riachtanais maidir le hinfhaighteacht i leith cineálcheadú feithicle agus iad a áireamh in athbhreithnithe reachtaíochta amach anseo, ar cheart dóibh na critéir is déanaí de thástálacha tuairteála Euro NCAP a ionchorprú a dhéanann faireachán ar thionchar imbhualadh ar fheithiclí eile agus ar úsáideoirí soghonta bóithre, agus é mar aidhm leis comhchuibhiú íoschaighdeán a bhaint amach agus sábháilteacht paisinéirí a chomhionannú;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cathracha bunachair sonraí luasteorainneacha a bhunú chun imscaradh na teicneolaíochta cúnaimh chliste luais a chur chun cinn, mar a éilíonn an Rialachán Ginearálta Sábháilteachta;
23. á chur i bhfáth go bhféadfaí contúirt agus minicíocht timpistí idir trucailí agus úsáideoirí soghonta bóithre a laghdú go suntasach trí chúntóirí casaidh a úsáid go forleathan; á thabhairt chun suntais go mbeidh cúntóirí casaidh éigeantach do chineálacha nua trucailí in 2022 agus do gach trucail nua in 2024; a iarraidh ar an gCoimisiún clár gníomhaíochta Eorpach a bhunú maidir le cúntóirí casaidh chun tairbhí na teicneolaíochta sin a chur chun cinn agus geallsealbhóirí a spreagadh a luaithe is féidir chun feithiclí nua agus feithiclí atá ann cheana a fheistiú le cúntóirí casaidh. ag moladh an tionscnaimh a thacaíonn le tabhairt isteach deonach cúntóirí casaidh éigeantacha; a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais a sholáthar chun cúntóirí casaidh a shuiteáil i bhfeithiclí nua agus i bhfeithiclí atá ann cheana;
24. á chur i bhfios go láidir go mbaineann ardriosca sábháilteachta le hionramháil agus le calaois i ngnéithe leictreonacha sábháilteachta, amhail ardchórais cúnaimh tiomána agus dá bhrí sin gur cheart go dtabharfaí aghaidh orthu trí oiliúint shonrach do chigirí maidir le sláine bogearraí a sheiceáil;
25. á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin riochtáin tástála tuairte a fhorbairt a léiríonn níos mó gnéithe éagsúla amhail aois, inscne, méid agus stádas d’úsáideoirí laistigh agus lasmuigh d’fheithiclí;
26. á iarraidh ar na Ballstáit dreasachtaí cánach a sholáthar agus á iarraidh ar árachóirí príobháideacha scéimeanna tarraingteacha árachas gluaisteáin a thairiscint chun feithiclí leis na caighdeáin sábháilteachta is airde a cheannach agus a úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún an reachtaíocht maidir le lipéadú gluaisteán a athbhreithniú chun faisnéis bhreise a chur san áireamh ag an díolphointe agus go digiteach maidir le rátáil sábháilteachta feithiclí nua;
27. á chur in iúl gur geal léi an ceanglas meabhrúcháin criosa sábhála do gach suíochán a dhéanamh éigeantach faoin Rialachán Ginearálta Sábháilteachta athbhreithnithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin a dhréachtú le haghaidh riachtanais faisnéise maidir le paraiméadair shábháilteachta na gcóras srianta linbh; á iarraidh ar na Ballstáit feachtais ardaithe feasachta a sheoladh do thuismitheoirí agus caomhnóirí ar shábháilteacht leanaí in iompar de bhóthar chun leanúint d’fheasacht a chur chun cinn maidir leis an ngá criosanna sábhála a úsáid, lena n-áirítear i suíocháin chúil, i bhfianaise na rioscaí sábháilteachta a bhaineann leis na daoine atá i bhfeithicilí in go leor de na feithiclí atá in úsáid faoi láthair – agus a bheidh fós in úsáid go ceann blianta atá le teacht – nach bhfuil an teicneolaíocht mheabhrúcháin sin i dtaobh criosanna sábhála i bhfeidhm acu;
28. ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhréir le rún ón bParlaimint an 27 Aibreán 2021 i daobh na tuarascála cur chun feidhme maidir leis na gnéithe sábháilteachta ar bhóithre den Phacáiste Ródacmhainneachta, aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil maidir leis na gnéithe sábháilteachta feithicle dá bhforáiltear sa Rialachán nua um Shábháilteacht Ghinearálta, agus ardchórais sábháilteachta a áireamh faoi raon feidhme an chéad athbhreithnithe eile ar an bPacáiste Ródacmhainneachta chun a áirithiú go ndéanfar iad a sheiceáil le linn cigireachtaí teicniúla tréimhsiúla; á iarraidh ar na húdaráis inniúla, ina leith sin, oiliúint bhreise, uas-sciliú agus an athsciliú a áirithiú do na cigirí a dhéanann na cigireachtaí teicniúla tréimhsiúla; á iarraidh ceanglais níos déine maidir le féindiagnóis feithiclí a bheith ann chun cosc a chur ar mhífheidhmiú ardchóras cúnaimh tiomána, atá deartha chun sábháilteacht a fheabhsú, ó bheith ina ghuais sa deireadh;
29. á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na forálacha sa Phacáiste Ródacmhainneachta a bhaineann le hiniúchadh ar dhaingniú lasta éigeantach; á iarraidh ar an gCoimisiún na forálacha sin a neartú le linn an chéad athbhreithnithe eile ar an bpacáiste;
30. á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí níos mó chun calaois odoméadair a chosc agus ar an gcaoi sin cáilíocht agus sábháilteacht feithiclí athláimhe a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, úsáid a bhaint as an gcóras malairte léitheoireachta odóiméadair a d’fhorbair Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Shoghluaisteacht agus Iompar (AS MOVE), ardán EU MOVEHUB agus a mhodúl ODOCAR mar thoradh ar an tionscadal píolótach a mhol an Pharlaimint maidir le córas Eorpach chun calaois odóiméadair (OREL) a theorannú;
31. á iarraidh ar an gCoimisiún creat rialála comhchuibhithe nua a mholadh le haghaidh gluaisteán uathoibrithe chun a áirithiú, trí bhíthin tástálacha cuimsitheacha lena n-áirítear faoi dhálaí tiomána iarbhíre, go n-oibreoidh gluaisteáin uathoibrithe go sábháilte amach is amach dá dtiománaithe agus d’úsáideoirí eile bóithre, go háirithe ó thaobh a n-idirghníomhú le gnáthfheithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre;
32. á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú, idir an dá linn, ar na rioscaí do shábháilteacht ar bhóithre ó thaobh na gcóras tiomána cúnaimh atá ar fáil faoi láthair, amhail róspleáchas tiománaithe agus seachrán. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú ar riachtanas a thabhairt isteach chun ‘modh tiomána sábháilte’ a thabhairt do ghléasanna soghluaiste agus leictreonacha tiománaithe agus suiteáil chaighdeánach uirlisí eile teicneolaíochta chun seachráin a laghdú agus iad ag tiomáint;
33. ag cur béim ar an bhfioras, mar a léiríonn plean gníomhaíochta straitéiseach AE maidir le sábháilteacht ar bhóithre, go dtugann soláthar poiblí deis spéisiúil tionchar dearfach a imirt ar shábháilteacht ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún aird shoiléir a thabhairt ar an bhfíoras gur cheart na tairiscintí is buntáistí ó thaobh an gheilleagair de i soláthar poiblí seirbhísí iompair paisinéirí poiblí ar bhóithre a mheas ar bhonn an chóimheasa is fearr idir praghas agus cáilíocht, ar cheart a bheith ar áireamh ann freisin sábháilteacht feithiclí, nuálaíocht, saincheisteanna cáilíochta, inbhuanaitheachta agus sóisialta; ag tathant ar na Ballstáit agus ar údaráis chonarthacha gnéithe sábháilteachta a mheas mar cheann de na príomhchritéir agus conarthaí poiblí á ndámhachtain le haghaidh seirbhísí iompair de bhóthar;
34. ag tabhairt dá haire go bhféadfadh feistí gluaiseachta pearsanta a bheith ina n-ábhar imní a bhainfeadh ní hamháin le sábháilteacht na bhfeistí féin ach lena n-úsáid shábháilte sa trácht; á chur in iúl gurb oth léi nár tionscnaíodh reachtaíocht faoin gceist sin ach i gcúpla Ballstát, agus go bhféadfadh an easpa comhchuibhithe san Aontas mearbhall a chur ar dhaoine agus deacrachtaí a chruthú do chuairteoirí cloí le rialacha áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú ar chreat cineálcheadaithe maidir leis na feistí gluaiseachta nua sin agus treoirlínte a eisiúint do na Ballstáit maidir le gnéithe sábháilteachta a bhainistiú, lena n-áirítear rialacha tráchta i gcomhthéacs na feistí sin a bheith in úsáid go sábháilte; á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit an gá atá le feachtais feasachta agus oideachais AE agus náisiúnta a chur i chun feidhme maidir le húsáid shábháilte a bhaint as feistí micrea-shoghluaisteachta, agus fócas ar leith ar úsáideoirí soghonta bóithre amhail leanaí, daoine scothaosta nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na cleachtais is fearr a mhalartú maidir le conas úsáid shábháilte feistí micrea-shoghluaisteachta a fheabhsú;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún riachtanais bhunachar sonraí timpistí bóthair AE (CARE) a nuashonrú agus go n-iochorprófaí sainaithint imbhuailtí feistí micrea-shoghluaisteachta amhail scútair agus scútair leictreacha agus rothair eile le cúnamh leictreach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta sábháilteachta coisctheacha nithiúla a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ar bhonn na faisnéise i mbunachar sonraí CARE;
Bóithre a úsáid go sábháilte
36. ag tabhairt dá haire go meastar de réir staidéir ón gCoimisiún, go mbíonn alcól páirteach in thart ar 25 % de na básanna uile ar na bóithre, agus go mbíonn drugaí páirteach i 15 % de na básanna ar na bóithre(8); ag tabhairt dá haire, maidir leis an tiúchan ceadaithe alcóil san fhuil, go dtéann moladh AE siar go 2001; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholtaí a thabhairt cothrom le dáta agus creat teorann neamhfhulaingte ar thiomáint faoi thionchar an óil a áireamh ann, agus moladh AE a thionscnamh maidir le neamhfhulaingt ar dhrugaí sícighníomhacha aindleathacha agus caighdeáin a thionscnamh maidir leis an bhforfheidhmiú cois bóthair i gcás tiomáint faoi thionchar drugaí; á chur i bhfios go n-éascóidh comhchuibhiú na leibhéil alcóil fola ceadaithe in AE do gach catagóir feithicle comparáidí faoi na heochairtháscairí feidhmíochta a bhaineann le neamh-mheisce ar na bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a dhréachtú maidir le lipéadú cógais a théann i bhfeidhm ar chumas daoine feithicil a thiomáint agus feachtais faisnéise a sheoladh chun feasacht maidir le seirbhísí míochaine, lena n-áirítear dochtúirí teaghlaigh, a ardú sa réimse sin; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir maidir le feistiú córais chomhghlasála i gcás meisce a áireamh sna moltaí athbhreithnithe freisin, agus fócas ar leith ar athchiontóirí, ciontóirí céaduaire ardleibhéil agus na tiománaithe gairmiúla uile;
37. ag tabhairt dá haire go mbíonn an tiomáint róghasta ina príomh-imthoisc i gcás thart ar 30 % de na tuairteanna bóthair marfacha, agus ina himthoisc ghéaraitheach i bhformhór na dtuairteanna. á iarraidh ar an gCoimisiún moladh a dhéanamh chun teorainneacha sábháilte luais a fheidhmiú i gcomhréir le cur chuige an Chórais Shábháilte maidir le bóithre den uile chineál, amhail uasteorainneacha luais 30km/u i limistéir chónaithe agus i limistéir ina mbíonn líon ard rothaithe agus coisithe, agus an fhéidearthacht ann go mbeadh teorainneacha níos airde i bpríomhbhóithre artaireacha le cosaint chuí d’úsáideoirí soghonta bóithre. á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht i bhforfheidhmiú luais agus i gcumarsáid ardchaighdeáin maidir le lárnacht an luais agus na bainistíochta luais; á iarraidh ar na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm chun luas a dhíspreagadh, lena n-áirítear córais pointí pionóis, agus breithniú a dhéanamh ar chúrsaí feasachta luais a thabhairt isteach chun athchiontóirí a athshlánú;
38. ag tabhairt dá haire go mbraitear, de réir mheastacháin an Choimisiúin(9), 10 milliún mórchion tráchta bóthair a bheith á ndéanamh ag neamhchónaitheoirí san Aontas Eorpach gach bliain, ar cionta iad a bhaineann le tiomáint róghasta, tiomáint trí shoilse dearga agus tiomáint faoi thionchar an óil; á admháil go ndearnadh dul chun cinn maidir le creat a bhunú i gcomhair forfheidhmiú trasteorann na gcionta bóthair ó 2015 i leith ach gurb oth léi, faoin gcreat reatha maidir le forfheidhmiú trasteorann cionta tráchta arna leagan síos sa Treoir Forfheidhmiúcháin Trasteorann, nach ndéantar áirithiú leordhóthanach maidir le himscrúdú chun pionóis a fhorfheidhmiú nó cinntí a aithint i gcás pionós; á chreidiúint gurbh fhearr a chomhlíonfaí na rialacha sin ach forfheidhmiú trasteorann níos fearr a dhéanamh ar na rialacha tráchta bóthair, agus go mbeadh an forfheidhmiú trasteorann ina dhíspreagadh, rud a laghdódh ar an iompraíocht chontúirteach agus a d’fheabhsódh an tsábháilteacht ar na bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna thuasluaite sa chéad athbhreithniú eile ar an treoir agus ceist an aitheantais fhrithpháirtigh a mheas i gcás dícháiliúchán ón tiomáint agus pointí pionóis, agus raon feidhme na treorach a athbhreithniú chun forfheidhmiú dola a áireamh chun tiomáint chontúirteach a chosc agus cáilíocht an bhonneagair a chothabháil;
39. á mheabhrú gur bunaíodh múnla comhchuibhithe maidir le ceadúnas AE leis an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána agus gur tionscnaíodh íoscheanglais chun ceadúnais a fháil; ag tabhairt dá haire go mbeidh sé riachtanach an treoir a choinneáil suas chun dáta maidir le forbairtí teicneolaíochta nua ar theicneolaíocht feithicle agus bonneagair agus maidir le huathoibriú feithiclí agus maidir le curaclaim oiliúna, go háirithe do thiománaithe gairmiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún go bhforbrófaí íoschaighdeáin maidir le hoiliúint tiománaithe agus oideachas sábháilteachta tráchta, agus foirm, ábhar agus torthaí cúrsaí tiomána ar fud AE á ailíniú de réir a chéile, agus breithniú a dhéanamh ar mhaitrís Spriocanna um Oideachas Tiománaithe a áireamh san athbhreithniú atá le teacht, a bhfuil trí chatagóir ann: eolas agus scileanna, gnéithe a mhéadaíonn riosca agus féinmheasúnú; á iarraidh ina theannta sin, ar chóras ceadúnaithe céimnithe a thabhairt isteach a spreagann tiománaithe nua chun níos mó taithí a fháil ar scileanna príomhúla mar thrácht i radharc, féinmheasúnú agus aireachtáil guaise agus chun gníomhaíochtaí ardriosca áirithe mar thiomáint ag oíche agus le paisinéirí, agus riachtanais soghluaisteachta daoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta agus rochtain theoranta ar iompar poiblí á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, go bhforbrófaí na híoschaighdeáin maidir le hoiliúnóirí tiomána agus marcaíochta a chomhchuibhiú tuilleadh, lena n-áirítear oiliúint thréimhsiúil, oiliúint ar bhrath guaise, íosoideachas níos déine agus scileanna cumarsáide; ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ceadúnais tiomána a bheith á n-eisiúint go mírialta a thuairisciú i gcuid mhaith Ballstát agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an gceist sin;
40. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar oiliúint agus tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla a dhéanamh éigeantach chun ceadúnas tiomána a fháil do gach catagóir feithiclí cumhachtaithe dhá roth.
41. á iarraidh ar an gCoimisiún eochairtháscairí feidhmíochta a fhorbairt maidir le hoideachas sábháilteachta tráchta agus soghluaisteachta a sholáthar sna Ballstáit, agus uirlisí AE a fhorbairt chun oideachas sábháilteachta tráchta agus soghluaisteachta a dhearadh, a chur chun feidhme agus a mheas. ag spreagadh na mBallstát go léir chun soláthar oideachais sábháilteachta ar bhóithre ar ardchaighdeán a áirithiú, ar cheart dó tosú ar scoil agus a bheith mar chuid den fhoghlaim leanúnach ar feadh an tsaoil;
42. ag tabhairt dá haire, de bharr phaindéim COVID-19, go bhfuil borradh ar earnáil an tseachadta ar bhaile agus, go sonrach, go mbíonn veaineanna, feithiclí cumhachtaithe dhá roth amhail móipéidí agus rothair in úsáid, rud a chuireann borradh faoi theacht chun cinn cineálacha nua oibre ardáin agus samhlacha gnó; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéantar oiliúint chuí ar thiománaithe veain ghairmiúla agus dul i ngleic le ceist tuirse agus luas na dtiománaithe veain, go háirithe mar thoradh ar an méadú mór ar líon na seachadtaí baile; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, breithniú a dhéanamh ar an gcóras tástála um ródacmhainneacht a dhéanamh níos doichte agus oibleagáid seiceálacha breise a thabhairt isteach maidir le veaineanna a úsáideann soláthraithe seirbhíse seachadta beartán nuair a bhíonn míleáiste sonrach bainte amach, agus breithniú a dhéanamh ar an oibleagáid sin a leathnú chuig feithiclí eile sna catagóirí seo a úsáidtear le haghaidh tuilleadh críoch tráchtála mar chuid den athbhreithniú ar an bPacáiste um Róacmhainneachta; á iarraidh ar an gCoimisiún teacht ar mholadh maidir le sábháilteacht pearsanra i mbun seachadadh, lena n-áirítear ceanglais d’fhostóirí agus do chuideachtaí chun soláthar agus úsáid trealaimh sábháilteachta agus feithiclí sábháilte a áirithiú, chomh maith le hoiliúint sna huirlisí digiteacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu a úsáid, mar fheidhmchláir agus ardáin idirghníomhacha;
43. á chur in iúl gur cúis mhór imní di faoi thuirse tiománaithe i lasta tráchtála agus in iompar paisinéirí mar chúis le timpistí bóthair; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, a áirithiú go gcuirtear Treoir 89/391/CEE ón gComhairle maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe(10) i bhfeidhm i gceart maidir le gnéithe sábháilteachta ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, eochairtháscaire feidhmíochta a thabhairt isteach le haghaidh tuirse tiománaithe i lasta tráchtála agus iompar paisinéirí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit líon na limistéar páirceála slán in TEN-T a mhéadú agus a áirithiú go ndéantar iad a oiriúnú do riachtanais tiománaithe, agus faisnéis a sholáthar maidir lena n-infhaighteacht trí shuíomh gréasáin nuashonraithe agus furasta le húsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag suiteáil aerchóiritheoirí nó córais aerchóiriúcháin choibhéiseacha do chábáin i bhfeithiclí earraí troma ar thuirse tiománaithe agus ar shábháilteacht ar bhóithre, ós rud é gur féidir leis na córais sin a bheith ar siúl go neamhspleách ón bpríomhinneal;
44. á thabhairt chun suntais, go bhfuil ar áireamh i bhfreagairt iarthuairte éifeachtach agus iomlán, in éineacht le cúram leighis agus athshlánú, tacaíocht mheabhrach agus shóisialta a sholáthar, aitheantas do na híospartaigh, agus imscrúdú críochnúil chun cúiseanna na dtimpistí agus na mbeart a aithint chun iad a chosc ó atarlú sa todhchaí, chomh maith le himeachtaí coiriúla agus sibhialta i gcás inarb iomchuí; á iarraidh ar na Ballstáit comhoibriú níos dlúithe a bhunú idir a n-údaráis um shábháilteacht ar bhóithre agus earnáil na sláinte úsáid cheart chonairí éigeandála a fhorfheidhmiú chun oibríochtaí tarrthála a bhrostú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, thairis sin, maoiniú leordhóthanach a sholáthar do bhonneagar éigeandála éifeachtach, lena n-áirítear seirbhísí liachta aeir, go háirithe i réigiúin iargúlta, sléibhtiúla agus oileánda. á iarraidh ar an gCoimisiún oiliúint gharchabhrach a dhéanamh éigeantach san athbhreithniú ar an Treoir um Cheadúnais Tiomána amach anseo; á iarraidh ar na Ballstáit coincheap na gconairí éigeandála a chumhdach ina gcóid mhórbhealaigh náisiúnta agus tuilleadh feachtas feasachta a sheoladh; á mheabhrú a thábhachtaí atá tacaíocht leantach éifeachtach d’íospartaigh;
45. á iarraidh ar na Ballstáit a bpríomhlíonraí tráma a fhorbairt agus treoirlínte a ghlacadh maidir le comhar frithpháirteach chun a chumasú do sheirbhísí cúraim éigeandála othair a sheachadadh go tapa, lena n-áirítear thar theorainneacha;
46. á chur i bhfáth go mbaineann droch-fhorfheidhmiú na rialacha tráchta ar bhóithre an bonn de na hiarrachtaí Fís Nialais a bhaint amach; ag spreagadh na mBallstát chun spriocanna bliantúla maidir le forfheidhmiú agus comhlíontacht a shocrú ina gcuid pleananna sábháilteachta ar bhóithre agus a áirithiú go ndéantar cistiú leormhaith orthu chomh maith le beart leantach bliantúil a dhéanamh agus a fhoilsiú ag déanamh anailíse ar na spriocanna a baineadh amach agus na torthaí a fuarthas; á chur i bhfios go láidir gur le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin comhsheasmhacha agus oideachas trí fhorfheidhmiú, arna míniú go soiléir agus iad i mbéal an phobail, amháin, a rachfar i bhfeidhm ar an iompraíocht tiomána san fhadtéarma; ag tabhairt dá haire go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a thuilleadh má dhéantar uathoibriú a bheag nó a mhór ar láimhseáil fíneálacha as sáruithe braite a uathoibriú;
47. ag tabhairt dá haire go gcuireann úsáid fón póca nó gléasanna leictreonacha eile agus tú ag tiomáint nó ag marcaíocht isteach go mór ar chumas tiomána agus go bhfuil ról aige i 10-30% d’imbhuailtí bóthair; á iarraidh ar na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a thabhairt isteach as úsáid fón póca, lena n-áirítear pionóis neamhairgeadais, chun feasacht a mhúscailt faoi na rioscaí atá i gceist agus chun forfheidhmiú a fheabhsú.
Creat atá in oiriúint don am atá le teacht
48. á thabhairt chun suntais go gcruthaíonn imthosca seachtracha agus treochtaí sochaíocha éiritheacha dúshláin gan réamhfhasach don tsábháilteacht ar bhóithre faoi straitéis AE 2030 agus níos faide anonn; ag tabhairt dá haire gur cheart don Aontas an bealach a réiteach chun feithiclí nasctha agus uathoibrithe a bheith á leathadh amach in am trátha, agus gur cheart na rioscaí féideartha a mheas a bhainfeadh le feithiclí den sórt sin agus feithiclí traidisiúnta a bheith in éindí i dtrácht measctha, mar aon le húsáideoirí soghonta bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar líon níos mó feithiclí uathoibrithe ar thrácht i gceantair uirbeacha agus ar an gcomhshaol; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé go mbeadh sé riachtanach bonneagar a uasghrádú chun a ráthú go n-oibríonn feithiclí uathoibrithe agus leath-uathoibrithe go sábháilte, agus sábháilteacht do ghnáthfheithiclí a fheabhsú agus ar an gcaoi sin a bheith chun tairbhe gach úsáideora bóthair.
49. á iarraidh ar na Ballstáit scéimeanna traipisithe feithiclí a chur ar bun faoi dhálaí glasa chun go spreagfaí ceannach agus úsáid feithiclí níos sábháilte, glan agus tíosach ar fhuinneamh agus athnuachan cabhlach feithiclí poiblí agus príobháideacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le BEI chun staidéar a dhéanamh ar scéimeanna cistithe nua chun infheistíocht i seirbhísí iompair atá sábháilte agus inbhuanaithe agus cabhlaigh feithiclí atá sábháilte agus inbhuanaithe a éascú;
50. á chur i bhfios go mbeidh príomhról ag sonraí i bhfeabhsú na sábháilteachta ar bhóithre; á mheabhrú go bhfuil an-tábhacht le sonraí infheithicle maidir le bainistiú tráchta, tástálacha ródacmhainneachta agus anailís tuairteanna; á iarraidh ar an gCoimisiún creat a bhunú chun rochtain a fháil ar shonraí infheithicle taobh amuigh den mhargadh deisiúcháin i gcomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí(11), chun críche taighde timpistí agus tástálacha ródacmhainneachta amháin; ag cur béim, ina leith sin, ar thábhacht na sonraí digiteacha atá stóráilte i dtaifeadáin sonraí eachtra (EDR) chun anailísí críochnúla tuairteála a dhéanamh chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcaithfidh EDR na heilimintí sonraí go léir a bhaineann le hanailís dhomhain ar thubaistí agus taighde sábháilteachta ar bhóithre (lena n-áirítear suíomh, dáta agus am) a thaifeadadh agus a stóráil;
51. á mheabhrú cé gur comhfhreagracht í sábháilteacht ar bhóithre i measc na ngníomhaithe agus na n-údarás ábhartha uile ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, ba cheart do AE ceannaireacht láidir a fheidhmiú chun a áirithiú go bhfanfaidh sábháilteacht ar bhóithre mar thosaíocht in iompar de bhóthar chun cuidiú leis an mbearna shábháilteachta ar bhóithre idir an na Ballstáit a dhúnadh agus a áirithiú go bhfanfaidh AE ina cheannaire domhanda sa réimse sin; ag cur béim ar fhreagracht AE comhar agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn le tríú tíortha, amhail an Ríocht Aontaithe, chun Dearbhú Stócólm maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbaineann cuspóirí bheartas sábháilteachta ar bhóithre AE leis na cláir sheachtracha ábhartha go léir agus chun córas éifeachtach a fhorbairt chun faisnéis faoi chionta tráchta a mhalartú le tíortha comharsanacha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chun forfheidhmiú a fheabhsú, agus a áirithiú go ndéantar aon chomhroinnt ba cheart go mbeadh faisnéis faoi réir cosaintí dochta, iniúchtaí agus coinníollacha maoirseachta, agus rialacha AE is infheidhme á gcomhlíonadh go hiomlán;
52. á iarraidh ar an gCoimisiún, ag féachaint don athbhreithniú ar an bPacáiste um Shoghluaisteacht Uirbeach atá ar na bacáin, sineirgí a chur chun cinn idir an tsábháilteacht agus bearta inbhuanaitheachta i limistéir uirbeacha; á iarraidh, in leith sin, bonneagar iompair a athdhíriú i gceantair uirbeacha, lena n-áirítear spásanna poiblí a iarfheistiú, amach ó iompar meicnithe indibhidiúil i dtreo modhanna iompair inbhuanaithe, níos sábháilte agus níos sláintiúla amhail iompar poiblí, siúl agus rothaíocht, agus riachtanais speisialta úsáideoirí bóithre leochaileacha, amhail leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta; ag spreagadh infheistíochtaí agus cómhaoiniú níos mó trí ionstraimí maoinithe AE do pháirceáil agus do chriosanna nascachta soghluaisteachta eile ag an mbealach isteach chuig limistéir uirbeacha, ag soláthar do rochtain éasca ar mhodhanna éagsúla iompair phoiblí, i bhfianaise an ghá atá le plódú uirbeach agus astaíochtaí CO2 a laghdú; á chur in iúl gur geal léi rún BEI tacú le cláir infheistíochta uaillmhianacha chun cabhrú le húdaráis phoiblí soghluaisteacht inbhuanaithe a chothú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, amhail pleananna soghluaisteachta uirbeacha inbhuanaithe agus tionscadail iompair phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna agus gníomhartha sábháilteachta ar bhóithre AE a chomhtháthú níos fearr sna treoirlínte maidir leis na pleananna soghluaisteachta uirbeacha inbhuanaithe trí fhaireachán ar na cleachtais is fearr agus iad a chur chun cinn, lena n-áirítear táscaire a bhunú maidir le maoiniú AE a úsáid chun sábháilteacht ar bhóithre uirbeacha a fheabhsú go héifeachtach.
53. ag tabhairt dá haire gurb ionann agus ceantair thuaithe freagrach as thart ar 83 % de chríoch AE agus go bhfuil 30,6 % dá dhaonra ann; á chur i bhfios go bhfuil easpa bonneagair iompair ardchaighdeáin agus comhsheirbhísí iompair phoiblí rialta i gceantair thuaithe agus i limistéir inar tearc an daonra, rud a mbíonn tionchar díreach aige ar shábháilteacht ar bhóithre ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtarlaíonn 54% de bhásanna ar bhóithre in AE ar bhóithre tuaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh feabhas ar inrochtaineacht, nascacht agus sábháilteacht ar bhóithre do cheantair thuaithe mar chuid den Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste; á iarraidh ar an gCoimisiún an straitéis sin a chur i gcuntas ina chumarsáid atá ar na bacáin maidir le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe;
54. ag cur béim ar an ngá le cur chuige comhtháite a chur chun cinn chun cuspóirí Fhís Nialais a chur i gcrích agus chun comhoibriú idirearnálac a chothú, lena n-áirítear teagmháil le ENRanna, leis an tsochaí shibhialta, agus le gnólachtaí agus leis an tionscal ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus AE; á iarraidh ar chuideachtaí agus ar FBManna, i gcomhréir le Dearbhú Stócólm, sábháilteacht ar bhóithre a shaothrú trí phrionsabail córais shábháilte a chur i bhfeidhm ar fud a gcuid slabhraí luacha, lena n-áirítear cleachtais inmheánacha i bpróisis soláthair, táirgeachta agus dáilte, agus tuairisciú ar fheidhmíocht sábháilteachta a áireamh ina gcuid tuarascálacha inbhuanaitheachta agus ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla; á iarraidh, thairis sin, ar chuideachtaí agus FBManna, i gcás inarb infheidhme, oiliúint thiomnaithe sábháilteachta ar bhóithre a thairiscint dá dtiománaithe, agus breithniú ar ról ‘bainisteoir soghluaisteachta’ a ionchorprú chun riachtanais soghluaisteachta a gcuid cuideachta maidir le hiompar earraí agus oibrithe ar fud an tslabhra lóistíochta iomláin;
55. á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú leis na Ballstáit, leis an tsochaí shibhialta agus le príomhpháirtithe leasmhara eile chun cultúr sábháilteachta ar bhóithre ar fud na hEorpa a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi lainseáil ghradam AE um Shábháilteacht Bóithre Uirbeacha, mar chuid den tSeachtain Eorpach um Shoghluaisteacht agus gur athchóiríodh an Chairt Eorpach um Shábháilteacht ar Bhóithre, an t-ardán sochaí sibhialta is mó maidir le sábháilteacht ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh, “Bliain Eorpach um Shábháilteacht ar Bhóithre” a eagrú sna blianta romhainn, mar chuid de chreat AE um Beartas Sábháilteachta Bóithre 2021‑2030; ag moladh, thairis sin, i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na gCathracha Níos Glaise in 2022, lipéad 'cathrach níos sábháilte' a bhunú, a mhaoiniú agus faireachán a dhéanamh air, ar cheart dó a bheith bunaithe ar chritéir ar na caighdeáin sábháilteachta bóthair is airde do gach úsáideoir agus spásanna poiblí a bhfuil sé níos éasca maireachtáil iontu, lena n-áirítear cáilíocht aeir níos fearr agus astaíochtaí laghdaithe CO2;
56. ag aithint Lá Cuimhneacháin Domhanda d’Íospartaigh Tráchta ar Bhóithre, a thionóltar ar an tríú Domhnach de Shamhain gach bliain chun cuimhneamh ar na milliúin iomadúla a maraíodh nó a gortaíodh go dona ar bhóithre an domhain, chun buíochas a ghabháil leis na seirbhísí éigeandála as a gcuid oibre, agus chun machnamh a dhéanamh ar an ualach agus an costas ollmhór atá ar an tubaiste leanúnach laethúil seo do theaghlaigh, do phobail agus do thíortha; ag aithint an lae sin go foirmiúil agus ag iarraidh ar an gComhairle Eorpach agus ar an gCoimisiún an rud céanna a dhéanamh trí imeacht bliantúil a reáchtáil le tacaíocht ó na trí institiúid;
57. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, má táthar chun na chéad chéimeanna eile sa bheartas Aontais um shábháilteacht ar bhóithre a chur chun feidhme i gceart, faoi “Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste”, straitéis uileghabhálach, go mbeidh gá le hacmhainneachtaí nua i réimse na sábháilteachta ar bhóithre, go háirithe i ndáil leis na feidhmeanna comhordaithe, faireacháin agus meastóireachta agus i ndáil le tacaíocht theicniúil don straitéis i gcoitinne; á iarraidh ar an gCoimisiún, maidir leis seo, breithniú a dhéanamh ar ghníomhaireacht Eorpach um iompar de bhóthar a bhunú chun tacú le hiompar de bhóthar inbhuanaithe, sábháilte agus cliste nó - mura bhfuil sé indéanta - an cúram sin a chur ar iontaoibh gníomhaireachta atá ann cheana;
o o o
58. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.
Treoir (AE) 2019/1936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú (IO L 305, 26.11.2019, lch. 1).