Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2019/2178(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0225/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0225/2021

Díospóireachtaí :

PV 04/10/2021 - 17
CRE 04/10/2021 - 17

Vótaí :

PV 05/10/2021 - 9
PV 06/10/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0408

Téacsanna atá glactha
PDF 175kWORD 62k
Dé Céadaoin, 6 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
Stoic éisc a athbhunú sa Mheánmhuir
P9_TA(2021)0408A9-0225/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le stoic éisc a athbhunú sa Mheánmhuir: meastóireacht agus na chéad chéimeanna eile (2019/2178(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(1),

–   ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘“Ón bhFeirm go dtí an Forc” – le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),

–  ag féachaint do straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, a leagadh amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – an dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380), go háirithe, do pointe 2.2.6 di maidir le ‘Stádas maith comhshaoil na n-éiceachóras muirí a athneartú’, ‘lena n-áirítear trí dhreasachtaí airgeadais a sholáthar trí na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo le haghaidh iascaigh agus beartas muirí le haghaidh limistéir mhuirí faoi chosaint (lena n-áirítear limistéir de chuid Natura 2000 agus na limistéir sin a bunaíodh le comhaontuithe idirnáisiúnta nó réigiúnacha)’,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2020 dar teideal Towards more sustainable fishing in the EU: state of play and orientations for 2021 [I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2021] (COM(2020)0248),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Annual Sustainable Growth Strategy 2021 [Straitéis Bhliantúil don Fhás Inbhuanaithe, 2021] (COM(2020)0575),

–   ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir(2),

–   ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)(3),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú(4),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh(5),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh(6) agus don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2018)0390),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, 2007, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche)(7),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh(8),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT)(9),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar(10),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)(11),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe(12),

–   ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 25 Meitheamh 2020 maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE) (COM(2020)0259),

–   ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 26/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 26 Samhain 2020 dar teideal Marine Environment: EU protection is wide but not deep [An Comhshaol Muirí: tá cosaint AE leathan ach níl sí domhain],

–   ag féachaint do Theachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 9 Feabhra 2021 dar teideal Renewed partnership with the Southern Neighbourhood – A new Agenda for the Mediterranean [Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre nua don Mheánmhuir] (JOIN(2021)0002),

–  ag féachaint d’Airteagail 38 agus 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS),

–  ag féachaint do straitéis mheántéarma (2017-2020) GFCM, arb é is aidhm di gníomhaíochtaí iascaireachta sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh a chur i riocht níos inbhuanaithe,

–  ag féachaint do thuarascáil 2018 GFCM maidir le staid an iascaigh sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh,

–  ag féachaint do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 ‘Na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe’, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015,

–   ag féachaint do thuarascáil 2020 ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an chomhbheartais iascaigh (STECF-Adhoc-20-01),

–   ag féachaint do staidéar siarghabhálach meastóireachta an Choimisiúin, Bealtaine 2016, ar Rialachán na Meánmhara,

–   ag féachaint do thuarascáil Uimh. 17/2019 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal Marine messages II – Navigating the course towards clean, healthy and productive seas through implementation of an ecosystem‑based approach [Teachtaireachtaí muirí II – An cúrsa a aimsiú i dtreo farraigí glana sláintiúla táirgiúla trí chur chuige éiceachóras-bhunaithe a chur chun feidhme],

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Cosaint na Muirthimpeallachta agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) agus do phrótacail ghaolmhara agus do chinntí gaolmhara an Aontais,

–  ag féachaint do Dhearbhú Aireachta na Stát ar Chósta na Meánmhara, MedFish4Ever, a glacadh i Vaileite, Málta, an 30 Márta 2017,

–   ag féachaint do Dhearbhú Aireachta Shóifia an 7 Meitheamh 2018,

–  ag féachaint do Dhearbhú Aireachta an 26 Meán Fómhair 2018 lena ndírítear ar Phlean Réigiúnach Gníomhaíochta maidir le hIascaigh Bheaga agus Inbhuanaithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh a chur chun feidhme,

–   ag féachaint do thuarascáil mheasúnachta dhomhanda 2019 ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta (IPBES),

–   ag féachaint do thuarascáil speisialta 2019 ar an Aigéan agus ar an gCrióisféar in Aeráid atá ag Athrú ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC),

–  ag féachaint do Chuid II, Roinn 2 de UNCLOS dar teideal ‘Limits of the territorial sea’,

–   ag féachaint don Chéad Tuarascáil Mheasúnaithe maidir leis an Meánmhuir (MAR1) ón líonra neamhspleách Saineolaithe Meánmhara maidir leis an Athrú Aeráide agus Comhshaoil (MedECC),

–  ag féachaint don tuarascáil ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus ó GFCM dar teideal ‘The State of Mediterranean and Black Sea Fisheries 2020’,

–  ag féachaint don tuarascáil óna Coiste um Iascach maidir le hiarmhairtí an ardaithe ar theocht na farraige do stoic éisc agus d’iascaigh (2019/2163(INI)),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach don Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe maidir le Straitéis “ón bhFheirm go dtí an Forc” do chóras bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (2020/2260(INI)) PECH_AD(2021)662054,

–  ag féachaint do rún reachtach uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a mhaolú (COM(2020)0142 – C9-0093/2020 – 2020/0059(COD))(13),

–   ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 dar teideal ‘Tuilleadh éisc sna farraigí? Bearta chun téarnamh stoic os cionn na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) a chur chun cinn, lena n-áirítear limistéir athshlánaithe éisc agus limistéir mhuirí faoi chosaint’(14),

–  ag féachaint do thionchar diúltach socheacnamaíoch reatha agus fadtéarmach phaindéim COVID-19 ar an earnáil, lena n-áirítear miondíoltóirí agus trádáil bia úir ar mhionscála,

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0225/2021),

A.  de bhrí go bhfuil an Mheánmhuir ar cheann de na limistéir ina bhfuil an bhithéagsúlacht is mó ar domhan chomh maith le bheith ina himchuach ina bhfuil cónaí ar phobail chósta atá ag brath den chuid is mó ar an iascaireacht, agus go háirithe ar an iascaireacht ar mhionscála; de bhrí go bhfuil an stádas comhshaoil atá aici faoi láthair, ar díol imní é agus ar de thoradh ró-iascaireachta go páirteach é, ina chúis le contúirt a bheith ar an mbithéagsúlacht agus freisin ar mharthanas earnála a bhféadfadh iarmhairtí socheacnamaíocha an-diúltach a bheith ag a caillteanas brabúis ar phobail iascaireachta, ar an tionscal agus ar a earnálacha coimhdeacha;

B.  de bhrí nach bhfuil acmhainneacht síolraithe neamhtheoranta ag stoic éisc agus go bhfuil an t-éileamh ar iasc agus tomhaltas éisc ag dul i méid i gcónaí;

C.  de bhrí go bhfuil an Mheánmhuir – go háirithe sa Mheánmhuir Thiar mar a bhfuil bearta nua á gcur chun feidhme, cé go bhfuil sé róluath measúnú iomlán a dhéanamh orthu ós rud é go bhfuil gá le tionscnaimh bhreise – agus an Mhuir Dhubh gan athrú den chuid is mó ó cuireadh tús le bailiú sonraí in 2003, cé go bhféadfadh sé go bhfuil méadú beag tagtha ar an mbithmhais ó 2012 i leith;

D.  de bhrí, de réir thuarascáil 2020 ó GFCM maidir le staid iascaigh na Meánmhara agus na Mara Duibhe, gur laghdaigh an cion de na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu sa Mheánmhuir ó 88 % in 2014 go 75 % in 2018, rud a thaispeánann go soiléir go bhfuil go leor oibre le déanamh fós, ach a léiríonn go bhfuil feabhas ag teacht de réir a chéile ar na torthaí de bharr thiomantas na n-iascairí ar fud an réigiúin; de bhrí go bhfuil cás a lán stoic éisc i riocht géarchéime go fóill ós rud é go bhfuil níos mó ná 80 % de na stoic a ndéantar measúnú eolaíoch orthu á saothrú os cionn leibhéil na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI), de réir STECF;

E.  de bhrí gur glacadh in 2019 an Rialachán lena mbunaítear plean ilbhliantúil chun iascaigh ghrinnill a bhainistiú sa Mheánmhuir thiar, agus de bhrí gur gá dúinn foighne a dhéanamh go bhfaighfear amach cé na héifeachtaí a bheidh ag na bearta arna nglacadh ansin;

F.  de bhrí go mbaineann an tionchar socheacnamaíoch suntasach atá ag srianta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta an bonn de bhrabúsacht na mílte cuideachtaí go dtí go gcuirtear a marthanas i mbaol, rud a bhféadfadh tionchar tubaisteach a bheith aige ar an bhfostaíocht agus ar an gcomhtháthú sóisialta i limistéir chósta;

G.  de bhrí go bhfuil ídiú stoic agus creimeadh a bithéagsúlachta muirí ag bagairt ar shlándáil bia na bpobal cósta, ar phoist agus ar ioncaim ó thús deireadh shlabhra luacha an iascaigh ar mhionscála;

H.  de bhrí go gcuirtear bac ar chomhlíonadh na n-aidhmeanna a luadh de bharr na leibhéal míchothrom comhlíontachta leis na srianta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, rud a fhágann go bhfuil siad siúd a chomhlíonann iad faoi mhíbhuntáiste soiléir;

I.  de bhrí gur cheart an Ciste Eorpach Iascaigh agus Dobharshaothraithe a úsáid chun éifeachtaí socheacnamaíocha diúltacha a mhaolú agus chun an earnáil a éagsúlú;

J.  de bhrí gur soithí iascaireachta ar mhionscála formhór chabhlach iascaireachta na Meánmhara, arb ionann iad agus 84 % den chabhlach iascaireachta agus 60 % de na poist in imchuach na Meánmhara, agus de bhrí, cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar roinnt cabhlach agus an laghdú sin ar leibhéil éagsúla ar fud an Aontais agus i dtíortha neamh-Eorpacha a bhfuil mórthionchar acu ar gheilleagair áitiúla, go bhfuil na treochtaí i dtaobh líon na soithí fós cobhsaí go leor;

K.  de bhrí, i gcás fhormhór na limistéar cósta agus oileánach, gur cineál traidisiúnta iascaireachta í an iascaireacht ar mhionscála, ar cuid de stíl mhaireachtála í agus a chuireann sí slí bheatha shuntasach ar fáil lena n-éilítear bearta sonracha agus tacaíocht shonrach chun go bhféadfaidh sí fás agus forbairt;

L.  de bhrí gur gá leibhéil shláintiúla stoc éisc a bhaint amach chun nach gcaillfear poist agus chun earnálacha eacnamaíocha tábhachtacha atá ag brath ar an iascach a chothú;

M.  de bhrí, i dteannta na hiascaireachta, go n-áirítear ar na tosca lena gcuirtear brú ar stoic éisc na Meánmhara agus ar an mbithéagsúlacht mhuirí fadhbanna ar cinntí daoine is cúis leo amhail truailliú plaisteach, scaipeadh breosla, cailleadh gnáthóg, trácht muirí, agus an t-athrú aeráide, agus leathadh na speiceas coimhthíoch ionrach;

N.  de bhrí go léirítear leis an staidreamh méadú seasta ar thomhaltas táirgí éisc mar aon le méadú coibhneasta ar allmhairí;

O.  de bhrí go bhféadfaí feabhas a chur ar lipéadú táirgí Eorpacha d’fhonn luach iascaigh na Meánmhara a mhéadú agus inrianaitheacht a fheabhsú agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) á chomhrac;

P.  de bhrí go bhfuil laghdú seasta tagtha ar an táirgeadh agus gur gá bearta chun inbhuanaitheacht na n-acmhainní a athneartú;

Q.  de bhrí go bhfuil an iascaireacht agus an dobharshaothrú i measc na n-earnálacha is mó atá buailte ag paindéim COVID-19, mar gur tháinig meath tobann ar an éileamh;

R.  de bhrí gur mhol an Coimisiún raon bearta sealadacha agus spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair phobal an bhia mara de bharr COVID-19;

S.  de bhrí go bhfuil an éagobhsaíocht pholaitiúil agus an chorraíl sa Libia ina bhfíorbhagairt d’iascairí an Aontais atá gníomhach sa Mheánmhuir theas, rud a chuireann a saoirse phearsanta agus sábháilteacht na n-oibríochtaí iascaireachta i mbaol;

T.  de bhrí, cé go gceanglaítear ar iascairí an Aontais na rialacha maidir le caomhnú stoc éisc a chomhlíonadh, nach gceanglaítear orthu siúd ó thíortha eile de chuid na Meánmhara na rialacha céanna a chomhlíonadh, agus an bonn bainte dá réir de na hiarrachtaí stoic a atógáil agus iad in iomaíocht go héagórach le hiascach an Aontais;

U.  de bhrí go bhfuil an Mheánmhuir ag téamh de réir ráta suas le 20 % níos tapúla ná an chuid eile den domhan; de bhrí go bhféadfadh an t-athrú aeráide a bheith ina chúis le díobhadh áitiúil suas le 50 % de na héisc thráchtála agus d’inveirteabraigh mhuirí faoi 2050, de réir MedECC;

Feabhas a chur ar na gnéithe reachtacha

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach na Meánmhara (MED-AC), sonrú a dhéanamh ar na bacainní ar an bpróiseas chun stoic éisc a atógáil, lena n-áirítear anailís ar chur chun feidhme straitéis GFCM, 2017-2020, d’fhonn a chuid fionnachtana a chur san áireamh i straitéis 2021-2030, lena n-áiritheofar go ndéanfar bearta praiticiúla chun stoic éisc a atógáil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha araon a mheas, más gá agus más iomchuí;

2.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún, i straitéis bhithéagsúlachta 2030 uaidh, go ndéanfaí 30 % ar a laghad de limistéar farraige AE a chosaint, lena n-áirítear trí limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú, amhail dá bhforáiltear faoin gComhbheartas Iascaigh (CBI);

3.  á mheas gur gá a áirithiú go ndéanfar comhdhlúthú agus forbairt éifeachtach ar na limistéir mhuirí faoi chosaint atá ann cheana agus go mbeidh na hiascairí rannpháirteach i gcéim an ullmhúcháin agus an bhainistithe;

4.  ag cur béim ar an ngá atá leis an meastóireacht ar ainmniú agus rath na limistéar sin a áireamh sa tuarascáil a bheidh ann amach anseo maidir le feidhmiú an chomhbheartais iascaigh (CBI); á iarraidh ar GFCM tarraingt ar shampla rathúil limistéar athshlánaithe stoic éisc Jabuka/Pomo Pit;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún cothroime iomaíochta a áirithiú do na hearnálacha eacnamaíocha uile agus limistéir mhuirí faoi chosaint (MPAnna) arna mbainistiú agus arna nascadh go héifeachtach á gcur chun feidhme;

6.  ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar riachtanais thíortha na Meánmhara trí thacaíocht eolaíoch agus theicniúil a chur ar fáil do na tíortha sin chun leas a bhaint as sásraí cistiúcháin réigiúnacha agus idirnáisiúnta, agus chun tionscadail forbartha inbhuanaithe a fhorbairt;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil gá le pleananna nua bainistithe stoc chun prionsabail na hinbhuaine sóisialta, eacnamaíche agus comhshaoil a leagtar amach sa Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach;

8.  ag meabhrú an chuspóra de chuid an Chomhbheartais Iascaigh ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2020 ar a dhéanaí i ndáil leis na stoic uile;

9.  ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go bhfuil a lán stoc ann fós lena ngabhann stádas anaithnid; á iarraidh go gcuirfear dlús leis na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí d’fhonn feabhas a chur ar na socruithe chun na bearta bainistithe is gá a cheapadh;

10.  ag meabhrú an chuspóra de chuid na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí Dea-stádas Comhshaoil a bhaint amach nó a choimeád sa muirthimpeallacht faoin mbliain 2020 ar a dhéanaí;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as sampla rathúil an tuinnín ghoirm trí staidéar a dhéanamh ar ghabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a thabhairt isteach i bhfad na haimsire i ndáil le roinnt speiceas, lena n-áirítear an colmóir, agus togra a chur chun cinn le linn na meastóireachta ar an bplean ilbhliantúil in 2024;

12.  á mheabhrú go bhfuil rath MPAnna agus limistéar eile faoi chosaint ag brath ar iascairí, pobail chósta agus geallsealbhóirí eile a bheith á nglacadh chucu féin; á iarraidh ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar an ngá atá le rannpháirtíocht ghníomhach na hearnála iascaigh a éascú, lena n-áirítear comhpháirt an iascaigh ar mhionscála den earnáil, na pobail áitiúla agus na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir le ceapadh, bainistiú agus faireachán MPAnna;

13.  á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit gníomhú chun deireadh a chur le ‘páirceanna páipéir’ sa Mheánmhuir agus MPAnna a bhunú mar chuid de líonra comhleanúnach de limistéir atá á mbainistiú agus nasctha go héifeachtach, lena n-áirítear limistéir amach ón gcósta agus limistéir dhomhainfharraige; agus á mheabhrú gur gá deireadh a chur le hiascaireacht le gléas grinnill faoi bhun 400 m i limistéir arb eol gur ann d’éiceachórais leochaileacha mhuirí (VMEnna) iontu nó ar dóigh dóibh tarlú iontu;

14.  á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit líonra na limistéar aisghabhála stoic faoi CBI agus faoi GFCM a leathnú, go háirithe i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir gur ann do chomhchruinnithe troma d’éisc faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó do láithreacha sceite; ag cur béim ar an ngá atá leis an meastóireacht ar ainmniú agus ar rath na limistéar sin a áireamh sa tuarascáil atá le bheith ann go luath maidir le feidhmiú CBI; á iarraidh ar GFCM tarraingt ar shampla rathúil limistéar athshlánaithe stoic éisc Jabuka/Pomo Pit;

15.  á iarraidh ar CGIM comhstraitéis nua uaillmhianach agus iomlánaíoch a mholadh don iascach agus don dobharshaothrú sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh do 2021-2025, nach mór bearta bainistíochta éifeachtacha agus inbhuanaithe a áireamh inti ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta, agus cur chuige uastáirgeachta inbhuanaithe á leanúint; á iarraidh ar CIGM dul i ngleic le saincheisteanna amhail téamh domhanda agus iascaireacht NNN agus áineasa, agus limistéir nua athshlánaithe stoic éisc a bhunú;

16.  Ag cur in iúl gur oth léi an easpa sonraí eolaíocha maidir le hiascaigh áineasa; á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais agus ar GFCM measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar agus ar rannchuidiú iascaigh áineasa maidir le bainistiú acmhainní iascaigh agus iad a áireamh ina bpleananna bainistithe;

17.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá faireachán agus rialú agus comhar éifeachtach réigiúnach maidir le bainistiú acmhainní bitheolaíocha na mara;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar leibhéal GFCM a chur chun cinn agus tacú le rialachas inbhuanaithe na n-aigéan agus le bainistiú stoic éisc trí chistiú leormhaith;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar measúnú tionchair fadréimseach roimh gach togra reachtach a mbíonn d’aidhm leis stoic éisc a mhéadú agus lena gcuirtear srian le gníomhaíochtaí iascaireachta chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar socheacnamaíoch agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith aige ar phobail chósta agus ar tháirgiúlacht agus iomaíochas ghnóthais iascaigh an Aontais agus an tslabhra táirgeachta, agus go mbeidh na sonraí eolaíocha is fearr dá bhfuil le fáil arna gcomhroinnt leis na geallsealbhóirí a bhaineann leis an earnáil iascaigh ina dtaca ag gach togra reachtach den sórt sin;

20.  á iarraidh, ina theannta sin, i bhfianaise fhorbairt an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise Bithéagsúlachta agus na Straitéise “ón bhFeirm go dtí an Forc” atá mar bhonn dó, agus an tionchair mhóir a bheidh aige ar ghníomhaíocht iascaireachta go ginearálta agus sa Mheánmhuir go háirithe, go ndéanfar measúnú tionchair roimh ré ar na bearta sin agus ar a gcur chun feidhme ar an earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe, i bhfianaise stádas sonrach na Meánmhara mar fharraige arna comhroinnt le tíortha lasmuigh den Aontas a bhfuil rialacháin éagsúla acu;

21.  á chur i bhfios go láidir nach bhfuil cainníochtú beacht déanta ar na hiarmhairtí a bheidh ann do stoic éisc de bharr na dtionchar féideartha uile sa bhreis ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, amhail truailliú, téamh domhanda, speicis choimhthíocha, saothrú hidreacarbón, dreidireacht agus muiriompar; á chur i bhfáth nach féidir cinnteoireacht sách leordhóthanach agus éifeachtach a dhéanamh leis an easpa faisnéise seo chun caomhnú na stoc éisc agus na n-éiceachóras muirí a áirithiú;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhroinnfear gach togra reachtach agus neamhreachtach le cumainn iascairí, lena n-áirítear cuallachtaí (cofradías), faoi shamhail chomhbhainistithe;

23.  á chur i bhfáth gur cheart aon bhearta reachtacha amach anseo chun athshlánú na stoc éisc sa Mheánmhuir a chur chun cinn – ar bearta reachtacha iad a bhfuil tionchar acu ar ghníomhaíocht iascaireachta earnáil iascaigh na hEorpa – a chur chun feidhme de réir i chéile agus i gcomhréir le hacmhainneacht na hearnála gníomhú; á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach ndéanfar le haon togra reachtach a bheidh ann amach anseo ró-ualach maorlathach agus airgeadais a chur ar earnáil iascaigh na hEorpa, go háirithe ar iascach ar mhionscála;

24.  ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart aon tionscnamh reachtach atá dírithe ar stoic a chosaint agus a atógáil sa Mheánmhuir a bheith teoranta do bhearta lena gcuirtear srian ar ghníomhaíochtaí iascaireachta amháin, ach gur cheart dó cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir leis an bhfadhb agus aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar na bagairtí uile ar ídiú stoc;

25.  á chur i bhfáth gur gá reachtaíocht a rith ar bhonn cur chuige éiceachórais is féidir a úsáid chun na hidirghníomhaíochtaí go léir a mbíonn tionchar acu ar stoic éisc a shainaithint agus a anailísiú, agus ní hamháin gníomhaíochtaí iascaireachta á gcur san áireamh, ach fachtóirí eile atá le cur sa mheá agus láithreacht speiceas ionrach nua;

26.  á thabhairt chun suntais go mbeadh tionchar dearfach ag athnuachan na gcabhlach iascaireachta aosta atá ag feidhmiú sa Mheánmhuir, maidir le soithí agus innill araon, mar go laghdófaí dá barr an tionchar a bheadh acu ar an gcomhshaol, go gcothófaí dá barr éifeachtúlacht breosla agus dícharbónú na soithí agus go bhfeabhsófaí dá barr sábháilteacht agus dálaí oibre ar bord; á mheabhrú go n-éascaítear tacaíocht i ndáil leis sin leis an gcomhaontú maidir leis an gCiste Eorpach um Iascach Muirí agus Dobharshaothrú (EMFAF);

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún iomaíochas agus forbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh ina hiomláine agus a slabhra táirgeachta a chosaint, agus luach táirgí iascaigh á mhéadú agus feabhas á chur ar lipéadú agus ar inrianaitheacht agus béim ar leith á cur ar bhearta lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí allmhairithe na caighdeáin Eorpacha;

28.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún measúnú dearfach a dhéanamh ar sheasamh na Parlaiminte san athbhreithniú leanúnach ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008(15) (Rialachán NNN), agus go háirithe i ndáil leis an togra ón bParlaimint bearta cosanta a thabhairt isteach, faoi réir coinníollacha áirithe, faoina gcuirtear taraifí fabhracha ar fionraí go sealadach i ndáil le stáit neamh-AE nach gcomhoibríonn i gceart chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac;

29.  á iarraidh go gcuirfeadh an Coimisiún agus na Ballstáit feabhas ar lipéadú agus inrianaitheacht na dtáirgí bia mara uile chun faisnéis níos soiléire a sholáthar do thomhaltóirí maidir le bunús an táirge, maidir leis na speicis agus maidir le faisnéis faoi ghnéithe eile amhail modhanna táirgthe agus na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le gabháil agus próiseáil lena n-áirítear ó allmhairí neamh-AE;

30.  á iarraidh ar an gCoimisinéir atá freagrach as gnóthaí iascaigh agus muirí comhlacht comhairliúcháin a bhunú le rannpháirtíocht tíortha nach Ballstáit den Aontas iad i limistéar na Meánmhara d’fhonn iomaíocht éagórach a laghdú agus cothroime iomaíochta a áirithiú d’iascairí na hEorpa agus do mhná atá ag obair san earnáil;

31.  á iarraidh ar na Ballstáit iascaireacht NNN a chomhrac trí thrédhearcacht oibríochtaí iascaireachta, agus iarrachtaí faireacháin agus rialúcháin, a mhéadú;

32.  á iarraidh ar na Ballstáit an acmhainneacht rialúcháin iascaigh a fheabhsú agus malartú dea-chleachtas agus spriocanna idir na Ballstáit a éascú ar leibhéal gearrthéarmach oirbheartaíochta, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA);

33.  ag tathant ar Bhallstáit na Meánmhara líon breise de limistéir shrianta iascaigh GFCM a bhunú le héifeacht láithreach, ar mhaithe le héiceachórais mhuirí róshaothraithe a chosaint, agus limistéar srianta iascaigh Jabuka/Pomo Pit á chur san áireamh mar shampla den dea-chleachtas;

34.  á iarraidh ar an gCoimisiún a mharana a dhéanamh ar iascach a chomhtháthú i mBeartas Comharsanachta an Aontais, mar uirlis chun borradh a chur faoin gcomhar réigiúnach;

35.  á áitiú gur cheart go mbeadh sé mar chuspóir le cur chun feidhme cuí sainordaitheach CBI an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir inbhuaine chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta;

36.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar shonraí comhshaoil agus socheacnamaíocha a bhaineann leis na pobail áitiúla agus le hearnáil iascaigh na Meánmhara chun measúnú a dhéanamh ar thionchar ghéarchéim COVID-19 ar an tionscal agus ar stoic éisc, agus á iarraidh go gcuirfear an measúnú sin san áireamh sa chinnteoireacht a dhéanfar amach anseo;

37.  á iarraidh ar an gCoimisiún an anailís sin a úsáid agus beartais á bhforbairt, comhar taighde á éascú agus comhar á dhéanamh leis na gníomhaithe uile ar fud na Meánmhara, lena n-áirítear bruachthíortha de chuid an Aontais agus bruachthíortha nach bhfuil san Aontas araon, chun díospóidí a d’fhéadfadh a bheith ann i measc cabhlaigh a dhíríonn ar na hacmhainní bitheolaíocha muirí céanna, atá lonnaithe i limistéir íogaire d’uiscí idirnáisiúnta, a mheas agus a sheachaint;

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil, chomh maith leis na héifeachtaí ar stoic éisc san earnáil iascaireachta áineasa, d’fhonn an anailís sin a chur san áireamh in aon bhearta a d’fhéadfaí a ghlacadh;

39.  ag tathant ar na Ballstáit úsáid cheart a bhaint as acmhainní EMFAF chun iascaigh ar mhionscála a chúiteamh, arb iascaigh iad a bhfuil orthu a ngníomhaíocht a chur ar fionraí go sealadach de bharr bearta caomhantais, i gcomhréir le rialacha agus forálacha EMFAF;

40.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cothú a dhéanamh ar na deiseanna atá ann de thoradh comhbhainistiú agus de thoradh bainistiú éiceachórais, oiriúnaitheach agus réamhchúraim agus é mar aidhm dheiridh leis sin bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh a bhaint amach, bunaithe ar fhaireachán a dhéanamh ar iarrachtaí iascaireachta agus roghnaíocht a áirithiú i ngníomhaíocht eastóscach iascaireachta sa Mheánmhuir;

Dul i ngleic leis na tionchair a bhíonn ag gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile agus ag brúnna ar théarnamh stoc éisc

41.  á chur in iúl gur geal léi an obair a rinneadh ar leibhéal GFCM ó 2017 i leith chun straitéisí a fhorbairt agus a ghlacadh chun déileáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar an iascach;

42.  á iarraidh ar na Ballstáit rialacha a ghlacadh chun toirmeasc a chur ar shoithí móra príobháideacha dul ar ancaire agus múráil laistigh de 300 méadar den chósta agus i ngnáthóga cosanta, ar an teorainn 300 méadar sin agus i róid, i bhfianaise an tionchair mhóir atá acu ar éiceachórais leochaileacha amhail insí posidonia oceanica;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a fhoilsiú maidir leis an tionchar atá ag gníomhaíochtaí ilchineálacha an duine agus ag na foinsí ilchineálacha truaillithe, idir chinn talún agus chinn mhuirí, ar stoic éisc agus ar éiceachórais mhuirí;

44.  á thabhairt chun suntais go bhfuil easpa acmhainní ann chun taighde eolaíoch agus measúnuithe stoic a dhéanamh sa Mheánmhuir, go háirithe acmhainní daonna;

45.  á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint saineolaithe eolaíocha nua a mhaoiniú;

Bailiú sonraí agus taighde a threisiú

46.  á chur i bhfáth gur gá iascaigh chósta ar mhionscála agus teicnící iascaireachta ísealtionchair a chur chun cinn sa Mheánmhuir, lena n-áirítear é a chur de cheangal ar na Ballstáit sciar níos mó de na deiseanna iascaireachta don dá iascach inar tugadh TACanna isteach a leithdháileadh ar na hiascaigh sin, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

Rannpháirtíocht na n-oibrithe i bpróisis chinnteoireachta agus i mbailiú sonraí a neartú

47.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís eacnamaíoch a dhéanamh ar na héifeachtaí sóisialta agus fostaíochta arb é laghdú na n-acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir is cúis leo d’fhonn bearta tacaíochta iomchuí a aimsiú chun aistriú cothrom cothromasach chuig iascach ísealtionchair a ráthú;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh an anailís ar na sonraí agus aon bhearta a d’fhéadfadh teacht as úsáid a bhaint as cistí EMFAF chun tacú leis an inbhuaine agus leis an nuálaíocht san earnáil agus le héagsúlú na hearnála;

49.  á iarraidh go mbeidh údaráis agus institiúidí eolaíocha áitiúla agus réigiúnacha mar aon le hoibrithe áitiúla níos rannpháirtí i mbailiú sonraí a bhaineann le hiascaireacht roghnaíoch, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF);

50.  á iarraidh go malartófar dea-chleachtais agus nuálaíocht maidir le trealamh iascaireachta níos roghnaithí agus modhanna bailithe dramhaíola muirí a fhorbairt, agus aitheantas á thabhairt don ról atá ag iascairí mar ‘chaomhnóirí na farraige’, d’fhonn a gcion féin a dhéanamh ar son muirthimpeallacht níos sláintiúla agus níos glaine;

51.  á chur i bhfáth go bhfuil gnóthú iomlán aon chuspóra a bhaineann le téarnamh an stoic sa Mheánmhuir agus cur chun feidhme cuí na rialacha arna nglacadh ag reachtóirí Eorpacha ag brath ar rannpháirtíocht éifeachtach na hearnála iascaireachta;

52.  á iarraidh ar an gCoimisiún an comhar agus an t-idirphlé leis na comhairlí comhairleacha, leis na hiascairí agus leis na gairmithe in earnáil an chósta a fheabhsú agus a neartú, agus aird chuí á tabhairt ar a dtuairimí agus aitheantas á thabhairt dá thábhachtaí atá iascairí, mná atá ag obair san earnáil agus eagraíochtaí gairmiúla ábhartha agus eagraíochtaí sochaí sibhialta maidir le rialacha a bheidh le cur chun feidhme agus próisis chinnteoireachta a cheapadh;

53.  ag tathant ar na Ballstáit samhlacha comhbhainistithe a cheadú le haghaidh iascaigh ar an leibhéal áitiúil, bunaithe ar rannpháirtíocht, ar chomhairliúchán agus ar chinnteoireacht chomhpháirteach idir na geallsealbhóirí ábhartha; ag tabhairt dá haire gur gá faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar ghabhálacha i bpleananna bainistithe den sórt sin chun saothrú inbhuanaithe acmhainní a áirithiú, chomh maith le cothromaíocht chóir a áirithiú maidir le dálaí socheacnamaíocha laistigh d’earnáil an iascaigh d’fhonn difríochtaí idir codanna den chabhlach a fhritháireamh;

54.  á chur i bhfáth gur ar chothabháil na seirbhísí éiceachórais agus ar chaomhnú na n-éiceachóras saothraithe trí chosaint a thabhairt dóibh atá samhlacha comhbhainistithe bunaithe, rud a chiallaíonn cur chuige éiceachórais a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú iascaigh agus oiriúnaitheach, trí chóras buan faisnéise, anailíse agus gníomhaíochta a bhunú lena ngabhann foghlaim leanúnach agus aiseolas seasta agus cinnteoireacht shofhreagrúil;

55.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Plean Gníomhaíochta 2018 chun todhchaí inbhuanaithe a áirithiú don iascach ar mhionscála agus don mhuirthimpeallacht sa réigiún chomh maith le seoladh an ardáin ‘Cairde Iascaigh ar Mhionscála’;

56.  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh aon spriocanna cosanta bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil le fáil;

Seasamh leis an smacht reachta

57.  ag cáineadh na sáruithe leanúnacha ar dhlí na mara sa Mheánmhuir, lena n-áirítear fuadaigh, foréileamh soithí, príosúnacht neamhdhleathach, imeaglú, rialuithe, ciapadh, ionsaithe agus trialacha éagóracha i gcoinne iascairí an Aontais as a gcuid oibre a dhéanamh, ar sáruithe soiléire iad ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

58.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an staid sa Mheánmhuir agus féachaint an bhféadfaí socruithe oibríochtúla de chineál éigin a bhunú chun maraithe agus soithí Eorpacha a chosaint;

59.  á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé leis na tíortha sin san Afraic Thuaidh nach gcomhlíonann beartais agus cinntí UNCLOS agus GFCM, lena n-áirithítear sábháilteacht agus cothroime iomaíochta do gach iascaire de chuid an Aontais;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí comhpháirteacha le tíortha comharsanachta a spreagadh chun comhlíonadh na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh a éascú agus chun rannpháirtíocht i ndea-bhainistiú agus athshlánú stoc éisc a éascú;

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún, trína ghníomhaireachtaí, dlús a chur lena iarrachtaí faireachán a dhéanamh ar uiscí críochacha an Aontais chun soithí neamh-AE a bhíonn ag iascaireacht go neamhdhleathach in uiscí teorann an Aontais agus i limistéir mhuirí faoi chosaint a shainaithint agus chun na dálaí ina n-oibríonn iascairí an Aontais a chur i riocht níos sábháilte; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach cistiú agus daonchumhacht leordhóthanach a chur ar fáil do na gníomhaireachtaí sin chun na críche sin;

62.  á iarraidh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dlús a chur le hiarrachtaí an Aontais sa Mheánmhuir theas seasamh leis an dlí idirnáisiúnta, leis an tslándáil agus an smacht reachta;

o
o   o

63.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(2) IO L 409, 30.12.2006, lch. 11.
(3) IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.
(4) IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(5) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(6) IO L 149, 20.5.2014, lch. 1.
(7) IO L 25, 31.1.2017, lch. 12.
(8) IO L 157, 20.6.2017, lch. 1.
(9) IO L 315, 30.11.2017, lch. 1.
(10) IO L 172, 26.6.2019, lch. 1.
(11) IO L 164, 20.6.2019, lch. 1.
(12) IO L 130, 24.4.2020, lch. 11.
(13) IO C 316, 6.8.2021, lch. 28.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0017.
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 16 Nollaig 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais