Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2038(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0250/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0250/2021

Díospóireachtaí :

PV 05/10/2021 - 2
CRE 05/10/2021 - 2

Vótaí :

PV 06/10/2021 - 2
PV 06/10/2021 - 12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0410

Téacsanna atá glactha
PDF 323kWORD 86k
Dé Céadaoin, 6 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
An todhchaí don chaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe
P9_TA(2021)0410A9-0250/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 ar an todhchaí don chaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe (2021/2038(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 2 Nollaig 2020 maidir le clár nua AE-SAM don athrú domhanda (JOIN(2020)0022),

–  ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón Idirphlé Trasatlantach Reachtóirí an 24 Lúnasa 2020 maidir leis an gcaidreamh idir AE agus SAM,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe an 7 Nollaig 2020,

–   ag féachaint don fhianaise ó Státrúnaí na Stát Aontaithe, Antony Blinken, os comhair Choiste Seanaid na Stát Aontaithe um Chaidreamh Eachtrach an 19 Eanáir 2021,

–  ag féachaint do ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 26 Feabhra 2021 maidir le slándáil agus cosaint,

–  ag féachaint don phreasráiteas comhpháirteach ón Uachtarán von der Leyen agus ó Státrúnaí na Stát Aontaithe, Anthony Blinken, an 24 Márta 2021,

–  ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó Státrúnaí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 24 Márta 2021,

–  ag féachaint don ráiteas ó Roinn Stáit na Stát Aontaithe an 26 Aibreán 2021 dar teideal US Commitment to the Western Balkans [Tiomantas na Stát Aontaithe do na Balcáin Thiar],

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 14 Samhain 2016 maidir leis an Straitéis Dhomhanda do bheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh, dar teideal Shared vision common action: a stronger Europe [Fís chomhroinnte, comhghníomhaíocht: Eoraip níos láidre],

–  ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gcomhar idir AE agus ECAT a shínigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Ard-Rúnaí ECAT i Vársá an 8 Iúil 2016,

–  ag féachaint don mhalartú tuairimí le hArd-Rúnaí ECAT le linn chruinniú comhpháirteach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, an Fhochoiste um Shlándáil agus um Chosaint, agus na Toscaireachta don chaidreamh le Tionól Parlaiminteach ECAT, a tionóladh an 15 Márta 2021,

–  ag féachaint do rannpháirtíocht VP/HR i gcruinniú Airí Cosanta ECAT an 17 agus an 18 Feabhra 2021, agus i gcruinniú Airí Gnóthaí Eachtracha ECAT an 23 agus an 24 Márta 2021,

–  ag féachaint don ráiteas a d’eisigh na Cinn Stáit agus Rialtais a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 2021,

–  ag féachaint don ráiteas ó Chruinniú Mullaigh AE-SAM dar teideal Towards a Renewed Transatlantic Partnership [I dTreo Comhpháirtíocht Thrasatlantach Athnuaite], a eisíodh an 15 Meitheamh 2021,

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir leis an gcaidreamh idir AE agus ECAT(1),

–  ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an gcaidreamh trasatlantach, go háirithe a rún an 26 Márta 2009 maidir le staid an chaidrimh thrasatlantaigh i ndiaidh thoghcháin SAM(2), a rún an 13 Meitheamh 2013 maidir le ról AE i gComhpháirtíocht Thrasatlantach níos leithne a chur chun cinn(3) agus a rún an 12 Meán Fómhair 2018 maidir le staid an chaidrimh idir AE agus SAM(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2020(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le rialú CBAE an 16 Iúil 2020 – an Coimisinéir um Chosaint Sonraí v Facebook Ireland Limited agus Maximillian Schrems (‘Schrems II’) – Cás C-311/18(7),

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0250/2021),

A.  de bhrí gur sheas an chomhpháirtíocht thrasatlantach, le 75 bliana, don tsaoirse, don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta, don trádáil agus don chomhar eacnamaíoch agus don tslándáil; de bhrí gurb iad na Stáit Aontaithe an comhpháirtí straitéiseach is dlúithe agus is tábhachtaí atá ag an Aontas i gcónaí; de bhrí go bhfuil an chomhpháirtíocht sin bunaithe ar naisc láidre pholaitiúla, chultúrtha, eacnamaíocha agus stairiúla agus ar luachanna comhroinnte amhail an tsaoirse, an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta, agus go mbaineann an-acmhainneacht léi ó thaobh idirphlé, comhar agus baint amach saincheisteanna, cuspóirí agus tosaíochtaí leasa choitinn nó tosaíochtaí ar ábhar imní iad ar fud an speictrim beartais;

B.  de bhrí go bhfuil luachanna coiteanna agus leas coiteann bunúsach ag AE agus SAM i dtaca le timpeallacht idirnáisiúnta riailbhunaithe a mhúnlú lena neartófar an t-iltaobhachas agus luachanna daonlathacha, lena gcosnófar cearta an duine, lena gcaomhnófar an dlí idirnáisiúnta agus lena gcuirfear chun cinn ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus lena gcuirfear chun cinn ar an gcuma chéanna réiteach síochánta coinbhleachta agus forbairt inbhuanaithe ar fud an domhain;

C.  de bhrí gur cruthaíodh deiseanna nua le toghadh Joe Biden mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe agus Kamala Harris mar Leas-Uachtarán chun an chomhpháirtíocht thrasatlantach riachtanach sin a shaothrú agus a athbheochan, chun obair agus nuálaíocht a atosú ar gach leibhéal den chomhar fadbhunaithe sin agus chun comhoibriú níos fearr ar shaincheisteanna iltaobhacha, amhail an t-athrú aeráide, an t-aistriú digiteach agus glas, an daonlathas agus an tslándáil idirnáisiúnta; de bhrí gur cheart do AE agus SAM an deis athnuaite seo a thapú dlúth-idirphlé agus dlúthchomhar a bheith acu chun a mbuanoibleagáidí i leith na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann an péire acu a chomhlíonadh agus chun comhordú agus comhroinnt dualgas níos fearr a áirithiú thar réimse leathan saincheisteanna geopholaitiúla as seo amach; de bhrí gur buanchuspóir de chuid AE é an comhar leis na Stáit Aontaithe, beag beann ar an rialtas in oifig;

D.  de bhrí gur dhearbhaigh riarachán Biden go bhfuil sé ar intinn aige an caidreamh le AE agus le comhghuaillithe daonlathacha eile a neartú; de bhrí gur chuig an Eoraip a chuaigh Biden ar a chéad chuairt thar lear, áit ar ghlac sé páirt i gCruinniú Mullaigh ECAT agus i gCruinniú Mullaigh AE-SAM sa Bhruiséil an 14-15 Meitheamh 2021; de bhrí go ndeimhnítear leis sin a thiomanta atá na Stáit Aontaithe dá gcaidreamh leis an Aontas Eorpach agus lena Bhallstáit a neartú agus dá bhfuil i ndán don chomhshlándáil agus don chomhchosaint laistigh de Chomhghuaillíocht an Atlantaigh Thuaidh agus leis an Aontas Eorpach; de bhrí gur mhol an tUachtarán Biden Cruinniú Mullaigh um an Daonlathas a eagrú, ina lorgófar gealltanais chomhpháirteacha le AE agus le daonlathais eile chun ár ndaonlathais a neartú agus chun comhar feabhsaithe a chothú idir stáit dhaonlathacha, agus ag an am céanna an t-údarásaíochas agus sáruithe ar chearta an duine a chomhrac ar fud an domhain;

E.  de bhrí go bhfuil gá le hidirphlé leanúnach, cuiditheach agus cothrom bunaithe ar chuspóirí comhroinnte chun clár oibre láidir uaillmhianach trasatlantach a fhorbairt agus chun aghaidh a thabhairt ar aon réimsí ina bhfuil difríochtaí trasatlantacha, trí chomhar níos doimhne, lena n-áirítear i réimsí amhail an caidreamh leis an tSín agus leis an Rúis, gealltanais agus cumais chosanta, coinbhleachtaí sa Mheánoirthear agus saincheisteanna slándála agus cobhsaíochta eile, agus chun cur chuige coiteann a shainaithint nuair is féidir; de bhrí gur léir nach féidir talamh slán a dhéanamh den chomhghuaillíocht thrasatlantach agus nach mór dlús a chur léi agus í a neartú an athuair;

F.  de bhrí gur cheart do AE, agus comhar trasatlantach á shaothrú agus á dhoimhniú aige, iarracht a dhéanamh comhpháirtíocht i gceannaireacht a bhaint amach leis na Stáit Aontaithe, agus béim ar leasanna comhroinnte a shaothrú; de bhrí gur cheart do AE a neamhspleáchas straitéiseach maidir le cosaint agus caidreamh eacnamaíoch a chothú mar bhealach chun a leasanna dlisteanacha taidhleoireachta, slándála agus eacnamaíocha féin a shaothrú, agus an nasc trasatlantach á neartú aige, agus chun giaráil chomhpháirteach AE agus na Stát Aontaithe ar an ardán domhanda a mhéadú, ach freisin d’fhonn cur lena chumas freagracht níos mó a ghlacadh as aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin dhomhanda agus réigiúnacha agus cinntí a dhéanamh agus gníomhú go neamhspleách, más gá, ó thaobh gnóthaí eachtracha agus cúrsaí slándála agus cosanta;

G.  de bhrí go bhfuil an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó ag AE agus ag na Stáit Aontaithe agus go bhfuil an caidreamh eacnamaíoch is comhtháite ar domhan acu;

H.  de bhrí go bhfuil roinnt dúshláin nua choiteanna roimh AE agus SAM araon, amhail tionchar díobhálach réimeas údarásach, a bhaineann an bonn d’institiúidí iltaobhacha, tionchar socheacnamaíoch na paindéime, cur chun cinn na sláinte domhanda, an t-athrú aeráide agus an gá atá le dul chun cinn a dhéanamh maidir le bearta maolaithe aeráide, an brú chun cinn i gcoinne maidhm dhomhanda údarásaíochais, an comhrac i gcoinne líonraí coiriúla domhanda agus na sceimhlitheoireachta, an comhionannas inscne agus an frith-idirdhealú a fhíorú, aghaidh a thabhairt ar an deighilt mhéadaitheach idir limistéir uirbeacha agus thuaithe agus an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a shaothrú mar bhealach le nuachóiriú inbhuanaithe a bhaint amach, dul chun cinn na teicneolaíochta, amhail an intleacht shaorga agus an chibearshlándáil, seachaint cánach agus dúshláin níos leithne a eascraíonn as digiteáil an gheilleagair;

I.  de bhrí go gcruthódh spreagadh athnuaite don chaidreamh trasatlantach comhthéacs fabhrach polaitiúil chun dul i ngleic leis na dúshláin choiteanna ar bhealach cuiditheach agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna nach mbímid ar aon tuairim fúthu;

J.  de bhrí gur thíolaic an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) straitéis cibearshlándála nua de chuid an Aontais i mí na Nollag 2020, arb é is aidhm di ‘go ndéanfadh AE dlús a chur leis an gceannaireacht ar noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta sa chibearspás, agus comhar a neartú le comhpháirtithe ar fud an domhain chun cibearspás domhanda, oscailte, cobhsaí agus slán a chur chun cinn, bunaithe ar an smacht reachta, ar chearta an duine, ar shaoirsí bunúsacha agus ar luachanna daonlathacha’(8);

K.  de bhrí go bhfuil tacaíocht láidir dhépháirteach sna Stáit Aontaithe chun oibriú le comhghuaillithe daonlathacha chun athléimneacht an chomhphobail thrasatlantaigh i gcoinne bagairtí hibrideacha ó réimis fhorlámhacha a mhéadú;

L.  de bhrí go dtugtar dúshlán an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe agus na luachanna daonlathacha le teacht chun cinn an údarásaíochais theanntásaigh agus an meath atá tagtha ar an daonlathas i dtríú tíortha, agus ó laistigh de AE agus na Stáit Aontaithe trí theacht chun cinn gluaiseachtaí pobalacha frithdhaonlathacha agus gluaiseachtaí i bhfad ar amach ar an eite dheis;

M.  de bhrí go bhféadfadh go ndéanfaí an tírdhreach straitéiseach a ilroinnt tuilleadh mar thoradh ar imeacht na Ríochta Aontaithe ó AE, ní hamháin maidir leis an gcaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe ach freisin i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, G7, G20 agus formáidí iltaobhacha eile;

N.  de bhrí gur réigiún é Meiriceá Laidineach a roinneann go leor luachanna, leasanna, naisc stairiúla agus naisc eacnamaíocha agus dhaonna thábhachtacha le AE agus leis na Stáit Aontaithe;

1.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an togra nua ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála le haghaidh clár oibre AE-SAM don athrú domhanda i mí na Nollag 2020 mar threoirphlean do chomhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite agus neartaithe;

2.  ag athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an gcomhar, comhpháirtíocht agus cairdeas láidir idir AE agus na Stáit Aontaithe, a chuir le forbairt, rathúnas agus comhtháthú rathúil na hEorpa le 70 bliain anuas agus arb é is bunús lena cobhsaíocht agus lena slándáil ó tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda; á chur i bhfios go láidir go bhfuil caidreamh AE leis na Stáit Aontaithe bunaithe ar luachanna coiteanna; á mheabhrú go bhfuil córais pholaitiúla na Stát Aontaithe agus AE araon bunaithe ar phrionsabail dhaonlathacha, ar an smacht reachta agus ar urraim do shaoirsí bunúsacha; á chur in iúl gur deimhin léi gur fearr is féidir, trí chomhar trasatlantach, rannchuidiú le réiteach síochánta, inbhuanaithe agus cuiditheach ar na dúshláin dhomhanda agus réigiúnacha atá ann cheana, lena n-áirítear trí dhíriú ar an ngeilleagar a atógáil ar bhealach inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050, agus éagóir réigiúnach, shóisialta, chiníoch agus inscne a shárú; ag áitiú gur cheart go mbeadh an chomhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite bunaithe ar chomhionannas na gcomhpháirtithe; á chur i bhfáth nach féidir neamhspleáchas straitéiseach AE a shaothrú gan feabhas cáilíochtúil a chur ar chur chun feidhme thosaíochtaí agus phrionsabail bheartas eachtrach agus cosanta an Aontais agus ar chumas AE gníomhú ar bhealach féinrialaitheach, nuair is gá, agus a leasanna dlisteanacha á saothrú aige, lena n-áirítear comhpháirtíocht agus comhar uaillmhianach leis na comhghuaillithe is gaire don Aontas, amhail na Stáit Aontaithe;

3.  á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) athdhearbhú a dhéanamh ar ábharthacht leanúnach an chaidrimh straitéisigh thrasatlantaigh chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhach a atógáil agus a athbheochan, agus córas na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta ina chroílár sin, chun an daonlathas agus luachanna daonlathacha a neartú ar fud an domhain agus cearta an duine a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar díobhálach agus ar bhréagaisnéis réimeas forlámhach, agus chun rialacha na todhchaí digití agus teicneolaíche a mhúnlú de réir luachanna coiteanna, forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, fás eacnamaíoch ionchuimsitheach agus poist ionchuimsitheacha ar fud an domhain, seasamh comhordaithe i leith na Rúise agus na Síne agus tairiscint choiteann maidir le hinfheistiú i dtionscnaimh bhonneagair dhomhanda i gcomhréir le straitéis nascachta AE; á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá straitéis nascachta AE agus á iarraidh go gcuirfear feabhas ar an gcomhar idir AE agus na Stáit Aontaithe i bpríomhréimse na nascachta; ag tacú leis na hiarrachtaí trasatlantacha atá ar bun chun spleáchas fuinnimh a sheachaint trí éagsúlú fuinnimh a chur chun cinn agus, ar bhonn níos leithne, nascacht a chur chun cinn trí gach sásra is féidir, mar a léirítear freisin i ráiteas G7 dar teideal Our shared agenda for global action to build back better [Ár gclár oibre comhpháirteach le haghaidh gníomhaíocht dhomhanda chun atógáil ar bhealach níos fearr];

4.  ag tabhairt dá haire agus ag tacú freisin leis an rún nua trasatlantach maidir le tacaíocht don daonlathas ar fud an domhain, go háirithe trí shaoirse na meán a chosaint, trí thacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus trí iriseoirí a chosaint; á chur in iúl gur geal léi tiomantas soiléir na Stát Aontaithe raon feidhme an chaidrimh thrasatlantaigh a neartú agus a leathnú tuilleadh trí chinneadh Uachtarán SAM taisteal chun na hEorpa le linn a chéad turais thar lear agus páirt a ghlacadh i gCruinniú Mullaigh AE-SAM i mí an Mheithimh 2021; ag tacú leis na conclúidí oibríochtúla ón gCruinniú Mullaigh mar a shonraítear iad sa ráiteas ó Chruinniú Mullaigh AE-SAM dar teideal Towards a Renewed Transatlantic Partnership [I dTreo Comhpháirtíocht Thrasatlantach Athnuaite], a eisíodh an 15 Meitheamh 2021 agus lena ndearbhaítear tiomantas láidir ón dá pháirtí sineirgí a shaothrú agus idirphlé agus comhar trasatlantach a dhoimhniú; ag tabhairt dá haire go háirithe an tiomantas trasatlantach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla agus chun seasamh ar son an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta chomh maith leis an mbonn acmhainní don ghníomhaíocht dhaonnúil a leathnú; ag tabhairt dá haire freisin agus ag tacú leis an rún atá ann feabhas a chur ar an gcomhar trasatlantach maidir le húsáid smachtbhannaí chun cuspóirí comhroinnte beartais eachtraigh agus slándála a shaothrú;

5.  á iarraidh go mbeadh clár oibre trasatlantach nua ann lena saothrófar leasanna coiteanna agus lena ndéanfar neart comhchoiteann a ghiaráil, agus lena gcuirfear comhar iltaobhach chun cinn ar mhaithe le domhan níos cothroime agus níos sláintiúla mar aon leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus réiteach síochánta agus inbhuanaithe coinbhleachtaí, lena n-áirítear coinbhleachtaí réigiúnacha, bunaithe ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, rialú arm, neamhleathadh arm núicléach agus dí-armáil; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ár spriocanna straitéiseacha comhroinnte i gcroílár an chláir oibre sin, amhail ár slabhra soláthair le haghaidh cógas a neartú agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a athchóiriú, rochtain leordhóthanach ar vacsaíní a áirithiú do thíortha leochaileacha, ár spleáchas ar chúltacaí fuinnimh seachtracha a ísliú, infheistíocht in ardteicneolaíochtaí a mhéadú, neamhionannais a chomhrac, claochlú éiceolaíoch a chur chun cinn, agus comhoibriú le chéile agus le tríú tíortha ábhartha agus slándáil agus cobhsaíocht Chomharsanacht Oirthear agus Dheisceart AE, na mBalcán Thiar agus mhór-roinn na hAfraice ina chroílár sin;

6.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leis an gcomhar reachtach a dhoimhniú agus struchtúir níos láidre a bhunú don chomhar reachtach agus d’idirphlé cuimsitheach trasatlantach bunaithe ar bhrainsí reachtacha AE agus SAM araon, amhail tionól reachtóirí trasatlantacha; ag tabhairt dá haire go n-athbhunófaí muinín sa chomhar trasatlantach agus marthanacht agus éifeachtúlacht an chomhair féin dá n-ardófaí feasacht maidir le struchtúir amhail an tIdirphlé Trasatlantach Reachtóirí agus dá n-eagrófaí níos mó cruinnithe agus cuairteanna idir an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha sa Pharlaimint agus a chomhghleacaithe sna Stáit Aontaithe, mar shampla cuairteanna bliantúla rialta ar na coistí faoi seach; ag tathant ar Chomhdháil SAM an tIdirphlé Trasatlantach Reachtóirí a fheabhsú trí údarás a thabhairt dó mar chomhlacht foirmiúil ag a bhfuil ballraíocht bhuan agus atá tiomanta don chaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach a chur chun cinn agus mar chontrapháirt nádúrtha thoscaireacht idirpharlaiminteach Pharlaimint na hEorpa don chaidreamh le Comhdháil SAM; á chur in iúl gur geal léi athsheoladh Chácas an Aontais Eorpaigh i gComhdháil SAM agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthchomhar agus dlúthchaidreamh le gníomhaíochtaí an Idirphlé Thrasatlantaigh Reachtóirí; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá coiste stiúrtha an Idirphlé Thrasatlantaigh Reachtóirí chun comhordú na ngníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an gcomhar trasatlantach maidir le hiarrachtaí reachtacha i bParlaimint na hEorpa a áirithiú, d’fhonn an mhaoirseacht pharlaiminteach a neartú;

7.  á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé trasatlantach saibhir ar leibhéal na sochaí sibhialta agus á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe luach breise a chur leis an idirphlé sin agus páirt a thabhairt do na geallsealbhóirí sóisialta agus eacnamaíocha uile sa díospóireacht maidir lena bhfuil i ndán don chaidreamh trasatlantach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí idirphlé rialta trasatlantach leis an tsochaí shibhialta a bhunú chun na críche sin; á chur i bhfáth go gcuirtear, le teagmháil idir saoránaigh AE agus SAM, le forbairt luachanna coiteanna, muiníne agus comhthuisceana idir comhpháirtithe trasatlantacha; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfar níos mó tacaíochta do chur chun cinn agus d’éascú clár soghluaisteachta agus clár malartaithe, amhail Erasmus+, agus do mhalartuithe intéirneachta idir an Chomhdháil agus Parlaimint na hEorpa; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé teagmhálacha idirphearsanta a fheabhsú i réimsí na heolaíochta, an taighde agus an oideachais;

8.  á iarraidh go mbeidh comhar idirpharlaiminteach níos láidre ann idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, Comhaltaí na Comhdhála, comhaltaí de pharlaimintí náisiúnta Bhallstáit AE agus comhaltaí de reachtais Stáit na 50 Stát Cónaidhme sna Stáit Aontaithe, i réimsí éagsúla téamacha a d’fhéadfadh malartú dea-chleachtas a chumasú, lena n-áirítear idirphléití fonáisiúnta amhail ‘Comhghuaillíocht Under2’, mar aon le comhordú feabhsaithe ní hamháin maidir le dúshláin dhomhanda ach dúshláin intíre chomhroinnte freisin, amhail aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas eacnamaíoch agus sóisialta, cearta an duine agus caighdeáin dhaonlathacha a chosaint in ainneoin bagairtí frithdhaonlathacha méadaitheacha, go hinmheánach agus go seachtrach, an dlí idirnáisiúnta a chosaint agus comhaontuithe atá ceangailteach ó thaobh dlí a choimirciú, leasanna straitéiseacha coiteanna a chur chun cinn, clúdach sláinte uilíoch, cóineasú reachtach maidir leis an intleacht shaorga dhuinelárnach de gach cineál, tacaíocht do chomhar idir cuideachtaí SAM agus AE, an nuálaíocht agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail 5G agus 6G agus biteicneolaíochtaí, taighde, forbairt agus nuálaíocht, cánachas cuideachtaí teicneolaíochta, freagracht agus cuntasacht ardán ar líne, lena n-áirítear tríd an maoirseacht is gá a sholáthar chun a áirithiú go bhfuil beartais ardán ar líne ag teacht leis na príomhluachanna daonlathacha, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, lena n-áirítear mar bhagairt slándála, an cuspóir maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta, staid shaor agus neamhspleách na meán a chosaint agus ár dtoghcháin dhaonlathacha a chosaint ar chur isteach eachtrach; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá comhar AE-SAM maidir leis an spás agus Idirphlé Spáis AE-SAM; á chur in iúl gur geal léi an fógra inar gealladh an comhar trasatlantach maidir leis an spás a neartú trí fhorbairt a dhéanamh ar Chomhaontú Galileo-GPS; á chreidiúint go bhféadfadh comhar AE-SAM maidir leis an spás caighdeáin sábháilteachta agus dea-chleachtais spáis a chur chun cinn ar fud an chomhphobail idirnáisiúnta;

9.  ag tathant ar AE agus SAM oibriú le chéile maidir le dúshláin dhomhanda chánach, ag cur leis an obair a dhéanann ECFE, amhail athchóiriú ar an gcóras idirnáisiúnta cánach corparáide, d’fhonn deireadh a chur leis an bhféidearthacht atá ag oibreoirí eacnamaíocha leas a bhaint as straitéisí maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) chun cánacha corparáide a sheachaint; ag tacú, i ndáil leis an méid sin, leis an obair atá á déanamh ag Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS; á chur i bhfios go láidir nach mór díothú tearmann cánach a áireamh sna hiarrachtaí athchóirithe; á thabhairt chun suntais gur féidir, leis na bearta sin, éagothromaíochtaí eacnamaíocha a laghdú; ag dearbhú thiomantas AE do chánachas cothrom sa gheilleagar digiteach, mar a iarradh i gclár oibre nua AE-SAM don athrú domhanda;

10.  ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le cómhalartacht víosaí idir AE agus SAM agus ag spreagadh an dá thaobh teacht ar réiteach a bheadh inghlactha acu araon trí rannpháirtíocht taidhleoireachta ghníomhach lena gcumasófaí córas gan víosa do shaoránaigh uile Bhallstáit AE; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Pholainn san áireamh i gClár Tarscaoilte Víosa na Stát Aontaithe agus gur dearbhaíodh go gcomhlíonann an Chróit na ceanglais uile chun go gcuirfí san áireamh í freisin; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe dlús a chur le próiseas aontachais na Bulgáire, na Cipire agus na Rómáine leis an gClár Tarscaoilte Víosa;

An t-iltaobhachas a athbhunú

11.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na Stáit Aontaithe tiomanta an athuair don iltaobhachas riailbhunaithe agus do na comhghuaillíochtaí lena gcomhpháirtithe, agus ag cur béim ar an bhfíoras go gcuirtear deis thábhachtach ar fáil leis sin dul i gcomhar leis na Stáit Aontaithe an athuair chun an caidreamh trasatlantach a atógáil, a chomhdhlúthú agus a leathnú tuilleadh, lena n-áirítear i réimsí amhail an t-iltaobhachas agus cearta an duine, agus chun an t-ord domhanda riailbhunaithe a neartú le chéile, mar chomhpháirtithe comhionanna, de mheon ár luachanna coiteanna daonlathacha liobrálacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthchomhar leis na Stáit Aontaithe agus le stáit eile atá ar aon intinn leo maidir le heagraíochtaí iltaobhacha a nuachóiriú chun go mbeidh siad oiriúnach dá bhfeidhm agus chun feabhas a chur ar chur chun cinn na síochána agus na slándála domhanda, na gceart bunúsach, luachanna uilíocha agus an dlí idirnáisiúnta; ag cur béim freisin ar a riachtanaí atá sé go n-áireofaí tíortha ón Domhan Theas sna hiarrachtaí sin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dlúthchomhar agus comhordú laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, dá ghníomhaireachtaí, dá eagraíochtaí agus dá mhisin, lena n-áirítear maidir le soláthar foirne do phoist cheannaireachta;

12.  ag athdhearbhú a tiomantais don chomhar idirnáisiúnta laistigh de na Náisiúin Aontaithe mar fhóram fíor-riachtanach um réitigh iltaobhacha ar dhúshláin dhomhanda agus um bheartais pholaitiúla, idirphlé beartais agus forbairt comhdhearcaidh ar fud an chomhphobail idirnáisiúnta;

13.  á iarraidh go méadófar maoiniú comhpháirteach AE-SAM ar thionscadail cheannródaíocha bunaithe ar theicneolaíochtaí teorann, infheistíochtaí comhpháirteacha sa taighde agus san fhorbairt, malartuithe acadúla idirphearsanta in ETIM, agus tacaíocht chomhpháirteach do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna teicneolaíochta;

14.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh rialtas Biden a bheith rannpháirteach i gComhaontú Pháras athuair agus gur ceapadh Toscaire Speisialta Uachtaránachta maidir leis an Aeráid, John Kerry; á chur in iúl gur geal léi an fógra maidir le Grúpa Ardleibhéil AE-SA um Ghníomhú ar son na hAeráide a bhunú; ag tathant ar AE agus ar na Stáit Aontaithe dul chun cinn a dhéanamh maidir le tograí nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar ghlasú na trádála, agus oibríochtú na teicneolaíochta glaise a chur chun cinn, lena n-áirítear hidrigin, airgeadas inbhuanaithe agus bithéagsúlacht;

15.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar domhanda maidir leis na dúshláin thrasnáisiúnta a bhaineann leis an oideachas, an eolaíocht, an óige agus an éagsúlacht chultúrtha agus an t-idirphlé a chothú; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach arís in Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO);

16.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Stát Aontaithe a bheith rannpháirteach san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte athuair; á iarraidh go mbeadh ceannaireacht thrasatlantach ann maidir le taidhleoireacht sláinte chun comhordú a dhéanamh ar an gcur chuige chun stop a chur le COVID-19 ar an leibhéal domhanda, chomh maith le géarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus chun an tslándáil dhomhanda sláinte a neartú, go háirithe an athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus an iarracht chomhpháirteach thrasatlantach chun rochtain chothrom dhomhanda ar vacsaíní, tástálacha agus cóireálacha COVID-19 agus a ndáileadh cothrom domhanda a áirithiú, go háirithe i dtíortha ísealioncaim; ag áitiú go gcothófar comhar chun nósanna imeachta níos fearr a bhunú ar mhaithe le hullmhú do phaindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, lena n-áirítear trí chur chuige cliniciúil agus rialála a bheidh comhleanúnach agus comhsheasmhach agus a bheidh comhlántach le slabhraí soláthair domhanda chun solúbthacht agus athléimneacht a áirithiú; á iarraidh go ndéanfar imscrúdú neamhspleách neamhchlaonta ar fhoinse agus scaipeadh phaindéim COVID-19, chomh maith lena láimhseáil ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ag an tús;

17.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le taidhleoireacht fheabhsaithe phoiblí maidir le vacsaíní, ar féidir le AE agus leis na Stáit Aontaithe ról ceannasach a bheith acu inti, ós rud é gurb é an vacsaíniú domhanda an t-aon bhealach le deireadh a chur leis an bpaindéim; á chur in iúl gur geal léi ranníocaíochtaí airgeadais an AE agus na Stát Aontaithe le Saoráid COVAX agus cur chun cinn an chomhair idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar inrochtaineacht vacsaíní ar fud an domhain, trí chur chuige comhordaithe a ghlacadh agus aghaidh á tabhairt ar an togra maidir le rialacha cosanta maoine intleachtúla a mhaolú le haghaidh vacsaíní; ag tathant, sa chiall sin, ar na comhpháirtithe trasatlantacha oibriú le chéile chun go mbeifear in ann vacsaíní a tháirgeadh agus a sheachadadh go tapa cibé áit is gá; ag spreagadh malartú dea-chleachtas idir SAM agus AE maidir le himscaradh vacsaíne chun ullmhacht agus athléimneacht níos fearr a áirithiú don todhchaí;

18.  á iarraidh go mbeadh cur chuige comhbheartaithe idir AE agus SAM sna Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear maidir le hathchóiriú Eagraíocht na Náisiún Aontaithe chun a héifeachtacht mar eagraíocht iltaobhach a neartú, chun níos mó trédhearcachta a thabhairt don institiúid agus chun a hinchreidteacht a fheabhsú; á iarraidh iarrachtaí comhordaithe a bheith ann chun gealltanais uaillmhianacha a bhaint amach ag cruinnithe mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht in 2021 (COPS 26); á iarraidh ar AE agus SAM ról ceannasach a bheith acu laistigh de Chreat na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus i bhfóraim eile amhail an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur ríthábhachtach comhar maidir le fuinneamh glan agus taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus maidir le teicneolaíochtaí agus táirgí ísealcharbóin, chomh maith le comhar maidir le saincheisteanna práinneacha eile amhail neamhleathadh, réiteach coinbhleachtaí agus cur i gcoinne an radacaithe fhoréignigh agus na sceimhlitheoireachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an tSín tar éis a cuid astaíochtaí carbóin a mhéadú faoi thrí le tríocha bliain anuas agus go bhfuil 27 % de gháis cheaptha teasa an domhain á n-astú aici anois, rud a fhágann nach leor in aon chor iarrachtaí AE agus SAM aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gan gealltanas agus cur chun feidhme soiléir ón tSín;

19.  á iarraidh go ndéanfar dlí idirnáisiúnta na farraige a chosaint agus, i ndáil leis sin, á iarraidh arís ar na Stáit Aontaithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a dhaingniú; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe páirt a ghlacadh in iarrachtaí AE glacadh conartha idirnáisiúnta maidir le bruscar muirí agus truailliú plaisteach san fharraige a spreagadh ag an gcéad Chomhthionól Comhshaoil eile de chuid na Náisiún Aontaithe; ag tathant ar na Stáit Aontaithe agus ar an Aontas a gcomhar a neartú maidir leis an gcomhrac i gcoinne iascaigh neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte ar fud an domhain;

20.  ag tabhairt dá haire gur fhógair an tUachtarán Biden sprioc nua dícharbónaithe idir 50 % agus 52 % faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005; ag tabhairt dá haire freisin gur reáchtáil an tUachtarán Biden Cruinniú Mullaigh fíorúil na gCeannairí maidir leis an Aeráid chun dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag geilleagair mhóra gníomhú ar son na haeráide;

21.  á aithint go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht an aeir sna Stáit Aontaithe le blianta beaga anuas, rud atá spreagtha den chuid is mó ag feabhas teicneolaíochta agus ag an nuálaíocht in earnáil an fhuinnimh;

22.  á chreidiúint gur cheart do AE, i gcomhar leis na Stáit Aontaithe, athdhearbhú a dhéanamh ar lárnacht na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe mar chreat le haghaidh comhar iltaobhach éifeachtach, agus an tSín a bheith rannpháirteach ann freisin nuair is féidir, ar an gcoinníoll go dtugann an tSín fíorghealltanas idirphlé agus comhar a shaothrú ar bhealach neamhshárálach agus le clár oibre lena dtreisítear príomhstruchtúir agus príomhchuspóirí chlár oibre 2030;

23.  á iarraidh go ndéanfar comhordú níos fearr maidir le húsáid beart sriantach, lena n-áirítear smachtbhannaí ar chearta an duine, agus ag tathant ar an gComhairle comhpháirt éillithe a ghlacadh mar chuid de Chóras Domhanda Smachtbhannaí AE maidir le Cearta an Duine; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe a mbeartais smachtbhannaí a chomhordú aon uair is féidir agus is úsáideach;

24.  á chur in iúl gur geal léi fógra rialtas Biden a thiomantas dul i dteagmháil arís le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, rud a léiríonn rún athnuaite na Stát Aontaithe cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain sa tsúil go neartófar iarrachtaí chun cearta an duine a chaomhnú ar fud an domhain agus go gcuirfear cosc ar athshainmhíniú údarásaíoch ar chearta an duine mar choincheap státlárnach; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe, i gcomhar le comhghuaillithe atá ar aon intinn leo, oibriú chun an Chomhairle um Chearta an Duine a athchóiriú agus go háirithe chun critéir shoiléire a leagan síos dá ballraíocht;

25.  á iarraidh go neartófar tiomantas AE agus SAM maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain, agus maidir le dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar an údarásaíochas agus ar réimis mhíliobrálacha; ag moladh go mbunófar comhbhosca cuimsitheach uirlisí AE-SAM chun dul i ngleic le sáruithe ar chearta an duine; á iarraidh ar institiúidí AE oibriú i ndlúthchomhar le comhdhaonlathais chun cearta bunúsacha an duine agus luachanna daonlathacha a chosaint agus a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta trí dhlúthchomhar treisithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus ESCE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh an Pharlaimint agus an Chomhdháil comhoibriú le chéile maidir le cásanna de ghéarleanúint agus príosúnacht chosantóirí chearta an duine agus ionadaithe na sochaí sibhialta gan chúis nó chun a gcuid gníomhaíochtaí a chur faoi chois;

26.  á chur in iúl gur geal léi gur chuir rialtas Biden deireadh le smachtbhannaí na Stát Aontaithe ar oifigigh shinsearacha na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC); ag spreagadh na Stát Aontaithe chun dul isteach i Reacht na Róimhe lena mbunaítear an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh sna himscrúduithe agus sna himeachtaí dlíthiúla atá ar bun ag an gCúirt faoi láthair, i gcomhar léi;

27.  ag athdhearbhú gur iarr sí ar na Stáit Aontaithe deireadh a chur le pionós an bháis agus a chóras ceartais choiriúil a athchóiriú;

28.  ag áitiú go mbeadh idirphlé agus malartú dea-chleachtas ann idir AE agus SAM maidir le comhionannas ciníoch agus inscne a chur chun cinn; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe céimeanna cinntitheacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas sistéamach, mar a léirítear san fhoréigean póilíneachta lena ndírítear go díréireach ar mhionlaigh eitneacha agus chiníocha, agus ar neamhionannais láidre lena gcothaítear agóidí dlisteanacha síochánta;

29.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir le AE agus SAM le chéile comhionannas agus urraim do chearta an duine a chur chun cinn agus a áirithiú go léireofar go cuí iad agus go dtacófar leo i gcinnteoireacht fóram iltaobhach; ag moladh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar ardán buan don idirphlé idir AE agus SAM chun céimeanna nithiúla a ghlacadh ar mhaithe leis an gciníochas, an fhuathchaint agus an t-idirdhealú a chomhrac, lena n-áirítear idirdhealú in aghaidh daoine LADTIA, agus á iarraidh go mbeadh comhar iltaobhach níos dlúithe ann i ndáil leis an méid sin le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ESCE, na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Afracach, OAS agus Comhairle na hEorpa; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir leis an bhFrithchiníochas a eagrú le chéile lena ndíreofaí ar an gciníochas agus ar an idirdhealú domhanda a chomhrac;

30.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur ghlac Reachtas Texas Acht Texas um Buille an Chroí, lena gcuirtear toirmeasc de facto ar ghinmhilleadh, mar ionsaí tromchúiseach ar chearta gnéis agus atáirgthe na mban; á chur in iúl gurb oth léi gur dhiúltaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, trí chinneadh deighilte, rialú a thabhairt maidir le glacadh an dlí sin, nach raibh a leithéid ann riamh roimhe sin;

31.  ag áitiú go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun comhionannas inscne agus cearta na mban a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le foréigean inscne agus sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, i measc rudaí eile;

32.  á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a gcomhar leis na Stáit Aontaithe a neartú chun an tsaoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn ar fud an domhain; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe oidhreacht chultúrtha agus stairiúil na hEorpa agus na Stát Aontaithe a chosaint agus a chaomhnú go frithpháirteach sna Stáit Aontaithe agus san Aontas Eorpach;

33.  ag spreagadh rialtas Biden, a d’fhógair pleananna maidir le saoráid choinneála Guantanamo a dhúnadh, na pleananna sin a chur i gcrích go pras; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil 40 príosúnach fós faoi choinneáil beagnach 20 bliain tar éis bhunú na saoráide, lena n-áirítear cúigear ar tugadh cead go scaoilfí saor iad faoi rialtas Obama; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a gcúnamh a thabhairt chun an próiseas a éascú;

34.  ag moladh do na Stáit Aontaithe rochtain chothrom agus oscailte ar sheirbhísí fíor-riachtanacha amhail an córas cúraim sláinte agus scéimeanna cosanta sóisialta a ráthú do sciar níos mó den daonra; ag spreagadh rialtas nuacheaptha Biden gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh chun seilbh arm i measc shaoránaigh SAM a rialú;

35.  á thabhairt chun suntais go bhfuil réimse leathan dúshláin choiteanna os comhair an phobail thrasatlantaigh, ón gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta go bagairtí hibrideacha, an t-athrú aeráide, bréagaisnéis, cibirionsaithe, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha (EDTanna), agus aistriú chóimheá na cumhachta domhanda, mar aon leis an dúshlán a eascraíonn as sin don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;

Comhar feabhsaithe i réimse na trádála agus na n-infheistíochtaí idirnáisiúnta

36.  á chur i bhfáth gur gá oibriú i gcomhar leis na Stáit Aontaithe, ag tógáil ar mhóiminteam dearfach, chun an córas iltaobhach trádála a neartú agus chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú; á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar chruinniú mullaigh AE-SAM, ‘I dTreo Comhpháirtíocht Thrasatlantach Athnuaite’, an 15 Meitheamh 2021, a bhí ina léiriú ar rannpháirtíocht athmhúscailte agus chuiditheach; á chur in iúl gur geal léi an chomhthuiscint maidir le Creat Comhoibríoch d’Aerárthaí Móra Sibhialta; ag tabhairt dá haire an t-aitheantas atá sa ráiteas ó chruinniú mullaigh AE-SAM go bhfuil teannas sa chaidreamh trasatlantach tar éis do SAM taraifí a chur i bhfeidhm ar allmhairí ón Aontas Eorpach faoi Roinn 232 SAM, agus ag moladh an gealltanas sainráite a tugadh sa ráiteas céanna na difríochtaí atá ann faoi láthair maidir le ró-acmhainneacht cruach agus alúmanaim a réiteach roimh dheireadh na bliana; á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbunófar roinnt ardán le haghaidh plé buan, amhail an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta agus Idirphlé Comhpháirteach AE-SAM maidir le Beartas Iomaíochta Teicneolaíochta, toisc go gcumasófar tráchtáil thrasatlantach tuilleadh leo, agus ag tathant ar an gCoimisiún struchtúr éifeachtúil agus ionchuimsitheach don Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta a chur ar bun ar thaobh an Aontais a luaithe is féidir; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Tascfhórsa Comhpháirteach AE-SAM um Mhonaraíocht agus um Shlabhra Soláthair;

37.  á chur i bhfáth go bhfuil an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta mar chuid den chlár oibre trádála trasatlantach dearfach, agus é mar aidhm dheiridh aici luachanna agus eitic dhaonlathach a chumhdach i dteicneolaíochtaí nua chun a bheith ina struchtúr institiúideach trédhearcach agus chun bheith ar thús cadhanaíochta sa chlaochlú digiteach domhanda; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, gur tionóladh an cruinniú tionscnaimh mar a bhí beartaithe in ainneoin an teannais a chaithfear a phlé ar bhealach oscailte neamhbhalbh; á chur i bhfios go bhféadfaí roinnt tairbhí gasta a bhaint amach, rud a chuirfeadh feabhas ar thrádáil dhéthaobhach, agus dá bhrí sin ag tathant ar an dá thaobh díriú ar thorthaí nithiúla inláimhsithe; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, torthaí an chéad chruinnithe den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta a tionóladh an 29 Meán Fómhair in Pittsburgh, a ghlac téamaí nithiúla do gach ceann den 10 meitheal; ag tacú, i measc na ngealltanas uile, leis an ngealltanas comhoibriú maidir le bacainní nua neamhriachtanacha ar thrádáil a sheachaint i dteicneolaíochtaí nua agus i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, maidir le scagadh infheistíochta agus onnmhairiú earraí dé-úsáide, chomh maith leis an ngealltanas feabhas a chur ar éifeachtacht na mbeartas lena dtugtar aghaidh ar bheartais agus ar chleachtais neamh-mhargaidh a shaobhann an trádáil; á chur in iúl gur geal léi gur sainaithníodh téamaí sonracha amhail aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le geilleagair neamh-mhargaidh, agus comhoibriú i ndáil le cearta saothair agus beartais aeráide a bhaineann le trádáil sa Mheitheal um Dhúshláin Trádála Dhomhanda; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar maidir le caighdeáin idirnáisiúnta teicneolaíochta a shocrú; á iarraidh go mbunófaí Fochoiste um Thrádáil agus Teicneolaíocht laistigh d’Idirphlé na Reachtóirí Trasatlantacha chun an chuid feidhmiúcháin den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta a chomhlánú agus chun rialú daonlathach i leith na Comhairle seo a fheidhmiú; á chur i bhfios nach fóram í an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta chun comhaontú trádála idir AE agus na Stáit Aontaithe a chaibidliú, gan dochar do thionscnaimh chun é sin a dhéanamh amach anseo;

38.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an caidreamh eacnamaíoch is comhtháite ar domhan ag an Aontas Eorpach agus ag na Stáit Aontaithe, arb é an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó agus is doimhne é freisin, agus gur mó ná EUR 1 trilliún in aghaidh na bliana an trádáil in earraí agus i seirbhísí; á mheabhrú gurb ionann geilleagair AE agus na Stát Aontaithe le chéile agus breis agus 40 % de OTI an domhain agus beagnach an tríú cuid de shreabha trádála an domhain;

39.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé dlús a chur an athuair leis an gcaidreamh trádála trasatlantach atá againn mar chomhghuaillithe stairiúla agus comhpháirtithe trádála, go háirithe i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair, agus é mar aidhm leis an t-iltaobhachas a chur chun cinn, córas trádála atá oscailte agus bunaithe ar rialacha a chothú agus teacht ar réitigh choiteanna ar dhúshláin phráinneacha dhomhanda, lena n-áirítear an tsláinte dhomhanda;

40.  ag cur sonrú sa mhéid atá curtha ar fáil cheana féin ag contrapháirtithe na Stát Aontaithe agus na ráitis ó Katherine Tai, Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe, ag an éisteacht maidir le clár oibre trádála 2021 rialtas Biden;

41.  á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go dtacaíonn sí le straitéis trádála nua an Aontais, lena ndírítear, trí chlár oibre trasatlantach an Aontais freisin, ar shineirgí idir cuspóirí beartais intíre agus seachtracha i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

42.  á aithint gur uirlis gheopholaitiúil straitéiseach don chlár oibre trasatlantach é an beartas trádála; ag cur béim ar an bhfíoras gur comhpháirtí trádála ríthábhachtach é SAM agus, dá bhrí sin, gur díol sásaimh di na comharthaí dearfacha ó rialtas Biden maidir lena phleananna chun an caidreamh déthaobhach leis an Aontas a neartú, agus á iarraidh go mbeadh comhar athnuaite ann ar cheart torthaí marthanacha nithiúla a bheith mar thoradh air sna blianta atá le teacht, agus é á chur i gcuntas go mbeidh tionchar ag leasanna slándála freisin ar ár gcaidreamh eacnamaíoch i gcomhthéacs neamhspleáchas straitéiseach oscailte;

43.  á thabhairt chun suntais gur gá gníomhaíochtaí comhpháirteacha bunaithe ar leasanna agus luachanna comhroinnte agus ar rioscaí agus bagairtí roinnte a shainaithint chun rannchuidiú le téarnamh eacnamaíoch domhanda inbhuanaithe agus cuimsitheach ó phaindéim COVID-19;

44.  ag cur béim ar an ngá atá ann an córas trádála domhanda a athchóiriú, ionas go n-áiritheofar machaire comhréidh ar fud an domhain agus go n-oibreoidh sé le chéile chun rialacha nua a fhorbairt, go háirithe maidir le cleachtais éagóracha trádála, ós rud é go bhfuil éifeacht mhór ag iomaíocht éagórach ar ár gcuideachtaí agus ar ár n-oibrithe;

45.  ag tacú le cur chuige na comhpháirtíochta i gceannaireacht leis na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear seasamh comhordaithe vis-à-vis an Rúis agus an tSín, lena ndírítear ar leasanna comhroinnte a shaothrú i gclaochlú glas agus digiteach ár ngeilleagar, chomh maith le tionscnaimh chomhchoiteanna maidir le hearraí poiblí domhanda a sholáthar; á chur i bhfáth go n-áirítear ‘oibrithe agus pá’, chomh maith le slabhraí soláthair atá níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos freagraí, sa chlár oibre sin; i ndáil leis an méid sin, ag moladh don dá thaobh a gcur chuige maidir le saothar éigeantais agus dálaí dúshaothraithe saothair a chomhordú agus comhoibriú chun an urraim do chearta oibrithe agus do chaighdeáin chomhshaoil i gcomhaontuithe trádála a fheabhsú, agus ar an leibhéal iltaobhach, lena n-áirítear trí chur leis an taithí atá ag a chéile na forálacha sin a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla;

46.  ag cur béim ar an ngá atá ann a léiriú go rachaidh an caidreamh trádála feabhsaithe idir an tAontas agus SAM chun tairbhe na saoránach, go háirithe iad siúd atá fágtha ar gcúl de bharr an domhandaithe, agus gnólachtaí ar dhá thaobh an Atlantaigh; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe oibriú le chéile agus a gcuid straitéisí a ailíniú chun sineirgí infheistíochta a chruthú, go háirithe chun aistrithe inbhuanaithe, cuimsitheacha digiteacha agus glasa a bhaint amach dá ngeilleagair;

47.  ag tabhairt dá haire gur de chineál neamh-mhíleata na dúshláin chomónta idir AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus gur laistigh dár gcomhpháirtíocht eacnamaíoch atá siad; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí idirphlé leanúnach agus feabhsaithe idir Parlaimint na hEorpa agus Comhdháil na Stát Aontaithe maidir le trádáil idir Parlaimint na hEorpa agus Comhdháil na Stát Aontaithe trí idirghníomhaíocht idir Coiste Pharlaimint na hEorpa um Thrádáil Idirnáisiúnta ar thaobh AE agus an Coiste Bealaí agus Modhanna, a fhochoiste um thrádáil agus Coiste Airgeadais an tSeanaid ar Thaobh na Stát Aontaithe, agus faoi chuimsiú Idirphlé na Reachtóirí Trasatlantacha chomh maith;

48.  á chur in iúl gur mórdhíol sásaimh di tacaíocht SAM d’Ard-Stiúrthóir nua EDT, Ngozi Okonjo-Iweala, agus filleadh SAM ar Chomhaontú Pháras; á chur in iúl gur geal léi fionraí shealadach tharaifí Aerbus-Boeing ceithre mhí, a raibh tionchar diúltach díréireach aige ar tháirgí agraibhia an Aontais, mar chéim dhearfach i dtreo réiteach marthanach a fháil ar fhóirdheontais d’aerárthaí sibhialta; á thabhairt dá haire go dtiocfaidh deireadh le fionraí na dtaraifí sin i mí Iúil 2021, agus ag tathant go dtiocfar ar réiteach a mbeidh sé mar thoradh air go mbainfear na taraifí sin go buan;

49.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na Stáit Aontaithe toilteanach tús a chur leis an bplé chun aghaidh a thabhairt ar an ró-acmhainneacht dhomhanda cruach agus alúmanaim; ag cur sonrú sa chinneadh ón gCoimisiún an méadú ar tharaifí i gcoinne allmhairí SAM a chur ar fionraí chun bearta na Stát Aontaithe a fhrithchothromú;

50.  ag cur in iúl gur geal léi freisin gur tugadh comhaontú EDT maidir le cuótaí ráta taraife i gcrích go pras, comhaontú arbh é an chéad chomhaontú é leis na Stáit Aontaithe faoi rialtas nua Biden agus lena léirítear go bhfuil an rialtas nua toilteanach comhaontuithe a lorg leis an Aontas Eorpach i gcreat na hEagraíochta Domhanda Trádála;

51.  á aithint ag an am céanna go bhfuil roinnt leasanna atá an-éagsúil fós ann; ag tathant ar an dá thaobh, i ndáil leis an méid sin, díospóidí déthaobhacha a réiteach; ag tathant ar na Stáit Aontaithe bearta trádála aontaobhacha agus bagairtí ar bhearta breise maidir le cánacha seirbhíse digití a bhaint, staonadh ó thuilleadh beart a dhéanamh, agus díriú ar na nithe a thugann le chéile sinn; ag cur a lán béime ar a thábhachtaí atá an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i mí an Mheithimh 2021 mar chloch choirnéil chun leanúint den chaidreamh trádála atá eadrainn agus chun plé a dhéanamh ar réimsí nár baineadh leas astu fós chun comhar níos fearr a bhaint amach;

52.  ag tathant ar na Stáit Aontaithe, in ainneoin na gcainteanna atá ar siúl faoi láthair, deireadh a chur láithreach le taraifí roinn 232 ar chruach agus ar alúmanam toisc nach féidir a mheas gur bagairt slándála náisiúnta ó na Stáit Aontaithe iad cuideachtaí Eorpacha agus ag cur béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt, ar bhonn comhpháirteach, ar na hábhair imní a bhaineann leis an ró-acmhainneacht cruach agus alúmanaim ó thríú tíortha; ag athdhearbhú inter alia, uaillmhian an Aontais deireadh a chur le taraifí le haghaidh earraí tionsclaíocha idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe;

53.  agus tabhairt i gcrích imscrúduithe 301 ar chánacha digiteacha á cháineadh aici, á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh ar fionraí sé mhí an frithbheart trádála ar earnálacha eacnamaíocha amhail coisbheart sna Ballstáit a bhfuil cáin seirbhísí digiteacha curtha chun feidhme acu fad atá caibidlíochtaí ag leanúint ar aghaidh i gcreat ECFE; ag cur a himní in iúl maidir le réamhliosta Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe de tharaifí díoltais a eascraíonn as imscrúduithe 301 ar chánacha éagsúla seirbhísí digiteacha AE, lena n-áirítear earnálacha faireacháin atá thar a bheith íogair amhail coisbheart agus tionscail leathair, a d’fhéadfaí a eisiamh ó mhargadh na Stát Aontaithe dá nglacfaí taraifí breise; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an gcaibidlíocht faoi chuimsiú thogra ECFE maidir le cánachas digiteach agus í a thabhairt chun críche a luaithe is féidir agus gach bealach a shaothrú chun damáiste eacnamaíoch breise do chuideachtaí an Aontais a sheachaint, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe i gcomhthéacs straitéisí téarnaimh COVID-19; á mheas i bhfianaise inniúlacht eisiach AE i réimse an chomhbheartais tráchtála agus i bhfianaise bhagairtí frithbheartaíochta na Stát Aontaithe i ndáil le dlíthe cánachais dhigitigh, gur fearr cur chuige comhchoiteann AE ná cur chuige aonair ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe chun an tras-ghéarú trasatlantach taraife breise a sheachaint;

54.  ag aithint go bhfuil deiseanna fós ann nach mbainfear leas astu chun maorlathas suntasach a bhaint agus an chomhpháirtíocht eacnamaíoch thrasatlantach a neartú; i gcomhthéacs na hiomaíochta teicneolaíochta leanúnaí, ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le spás rialála trasatlantach láidir a bheith ann dár ngnólachtaí, go háirithe le haghaidh teicneolaíochtaí digiteacha, teicneolaíochtaí fuinnimh agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an aeráid; ag dréim leis go dtabharfaidh an dá thaobh aghaidh, in idirphlé, ar ábhair imní AE maidir le hAcht SAM um Cheannach earraí Meiriceánacha agus Acht Jones, lena n-áirítear soláthar poiblí agus rochtain ar mhargaí do sheirbhísí;

55.  ag moladh cur chuige comhpháirteach maidir le dul i ngleic le géarchéim COVID-19 trí, i measc bearta eile, infhaighteacht agus inacmhainneacht vacsaíní a mhéadú; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe oibriú le chéile agus iarrachtaí a stiúradh chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas vacsaíní chun a áirithiú go ndéanfar vacsaíní a sheachadadh ar fud an domhain agus go dtí an líon is mó daoine is féidir; á chur in iúl gur geal léi fógra na comhpháirtíochta idir AE agus na Stáit Aontaithe an iarracht dhomhanda ar vacsaíniú COVID-19 a fhorbairt tuilleadh, trí 70 % den domhan a vacsaíniú faoi Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an bhliain seo chugainn; ag meabhrú go bhfuil ganntanas domhanda vacsaíní os comhair an domhain; dá bhrí sin, chun cothromas vacsaíní a bhaint amach, á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe oibriú le monaróirí chun cumas monaraíochta domhanda vacsaíní agus a gcomhpháirteanna a mhéadú; á iarraidh ar an dá thaobh staonadh ó aon bhearta lena gcuirfear srian ar onnmhairiú, lena áirithiú go bhfeidhmeoidh slabhraí soláthair mar is ceart, chun na haistrithe teicneolaíochta is gá a dhaingniú agus chun ullmhacht a fheabhsú i gcás éigeandálaí sláinte domhanda amach anseo; ag spreagadh an dá thaobh cur leis an gcomhar rialála chun rochtain riachtanach ar chógais a éascú;

56.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar rialtas Biden tacaíocht ghníomhach a thabhairt do thionscnaimh nua AS na hEagraíochta Domhanda Trádála a bhaineann, go háirithe, leis an tsláinte; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar sheasamh na Parlaiminte maidir le tarscaoileadh féideartha i ndáil leis an gcomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) arna chur in iúl ina rún an 10 Meitheamh 2021(9);

57.  á mheas, cé go n-aithníonn sí an tábhacht a bhaineann le cearta maoine intleachtúla Eorpacha a chosaint chun cumas nuálaíochta gnólachtaí a chothabháil, go bhfuil sé ábhartha scrúdú a dhéanamh ar na solúbthachtaí uile is infheidhme laistigh de chomhaontú TRIPS ar mhaithe le hacmhainneacht dhomhanda mhonaraíochta vacsaíní agus comhpháirteanna vacsaíní a mhéadú; á chur i bhfáth, maidir le teacht ar réitigh i ndáil le cearta maoine intleachtúla, nach féidir leis ach a bheith mar chuid amháin den chomhfhreagairt dhomhanda;

58.  á chur i bhfios go láidir gurb í an Eagraíocht Dhomhanda Trádála fós cloch choirnéil an chórais trádála iltaobhaigh atá bunaithe ar rialacha; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann maidir le hathchóiriú EDT, lena n-áirítear athchóiriú a dhéanamh ar a thrí phríomhfheidhm, lena n-áirítear an comhlacht achomhairc a athchóiriú agus a athbhunú mar ábhar práinne agus feidhmeanna faireacháin agus breithniúcháin EDT a threisiú, trí chomhaontuithe ilpháirtithe oscailte a chur chun cinn, i measc bealaí eile;

59.  ag tathant ar an dá thaobh comhoibriú chun trádáil i dtáirgí sláinte a rialáil, rialacha a fhorbairt don trádáil dhigiteach agus clár oibre uaillmhianach don aeráid agus don chomhshaol a leagan síos, i measc gníomhaíochtaí eile, tríd an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú maidir le hEarraí Comhshaoil a sheoladh an athuair, agus obair a dhéanamh ar thograí comhchoiteanna, inter alia, ar dhisciplíní maidir le fóirdheontais agus deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise;

60.  ag dréim leis go dtiocfaidh an dá thaobh ar chomhaontú maidir le spriocanna insoláthartha nithiúla don 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (MC12) chun go mbeidh EDT ullamh don aistriú glas agus digiteach, lena n-áirítear comhaontú maidir le hiascach, dearbhú maidir le trádáil agus sláinte, clár oibre le haghaidh athchóiriú ar an gcóras réitithe díospóidí, clár oibre maidir le fóirdheontais thionsclaíocha agus fiontair atá faoi úinéireacht an stáit, agus dul chun cinn suntasach i ndáil leis an gcaibidlíocht maidir le ríomhthráchtáil;

61.  ag spreagadh an dá thaobh oibriú i gcomhar lena chéile chun rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála a thabhairt cothrom le dáta maidir le fiontair atá faoi úinéireacht an stáit, fóirdheontais thionsclaíocha, ró-acmhainneacht agus aistriú teicneolaíochta chun go mbeidh an eagraíocht oiriúnach go héifeachtúil do dhúshláin an 21ú haois; i ndáil leis an méid sin, ag tacú le leathnú an tionscnaimh thríthaobhaigh leis an tSeapáin agus á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe a bheith i gceannas ar chomhghuaillíocht de thíortha atá ar aon intinn le chéile ag EDT d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le rialacha nua, agus ionstraim uathrialach á forbairt i gcoinne fóirdheontais éagóracha eachtracha; ag dréim leis go ndéanfaidh an dá thaobh comhaontuithe iltaobhacha a chur chun cinn agus go bhféachfaidh siad lena mbaint amach; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe a ghealltanais maidir le Comhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais a athnuachan;

62.  ag cur sonrú sa toradh a bhí ar an gcéad chruinniú ardleibhéil den idirphlé idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir leis an tSín, inar athdhearbhaigh an dá thaobh go bhfuil a gcaidreamh trádála leis an tSín ilghnéitheach agus go bhfuil gnéithe den chomhar, den iomaíocht agus den iomaíocht shistéamach ann; ag moladh, nuair is féidir, cur chuige comhpháirteach straitéiseach i leith na Síne a bheith ann, chomh maith le comhar laistigh de chreataí iltaobhacha maidir le dúshláin choiteanna amhail an t-athrú aeráide, cleachtais éagóracha trádála as a n-eascraíonn saobhadh ar an margadh agus easpa cothroime iomaíochta;

63.  ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé seasamh comhordaithe a bheith ann chun dul i ngleic le fóirdheontais thionsclaíocha atá saofa - go háirithe i ndáil le fiontair atá faoi úinéireacht an stáit agus ró-acmhainneacht in earnálacha criticiúla -, le haistriú éigeantach teicneolaíochta, le goid maoine intleachtúla, le comhfhiontair éigeantacha, le bacainní margaidh agus le saothar éigeantais a thoirmeasc trí phlé a dhéanamh ar chomhaontú na Stát Aontaithe leis an tSín agus ar Chomhaontú Cuimsitheach an Aontais maidir le hInfheistíochtaí;

64.  ag tabhairt dá haire nach féidir na saincheisteanna sin a réiteach go haontaobhach ná go déthaobhach agus go bhfuil gá le comhghuaillíocht comhpháirtithe atá ar aon intinn le chéile ar an leibhéal idirnáisiúnta faoi chuimsiú EDT;

65.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí urramú chearta an duine sa straitéis chomhpháirteach idir AE agus SAM agus laistigh de EDT, lena n-áirítear in oibriú gnólachtaí idirnáisiúnta; á chur i bhfios maidir leis sin gur gá reachtaíocht díchill chuí cheangailteach agus á iarraidh ar na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach sa chur chuige sin agus tacú leis an gcur chuige sin ar fud an tslabhra soláthair;

66.  ag creidiúint gur cheart don Aontas agus do na Stáit Aontaithe an comhar trasatlantach a neartú maidir le nascacht atá bunaithe ar rialacha agus nascacht inbhuanaithe mar fhreagairt ar Thionscnamh ‘Chrios agus Ród na Síne’ agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go mbeidh comhar ann amach anseo agus aird ar leith á tabhairt ar chaighdeáin ardcháilíochta a chaomhnú;

67.  á iarraidh ar an gCoimisiún, agus idirphlé agus comhghníomhaíocht á gcur chun cinn aige, leasanna AE agus a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a chur chun cinn ar bhealach teanntásach agus freagairt do dhleachtanna SAM gan údar, do chur i bhfeidhm seachtrach smachtbhannaí, atá contrártha leis an dlí idirnáisiúnta, agus do bhacainní margaidh; ag cur béim ar an ngá atá le bearta trádála uathrialacha an Aontais a neartú;

68.  á iarraidh, go háirithe, ar na Stáit Aontaithe a áirithiú go mbeidh a nósanna imeachta maidir le soláthar poiblí trédhearcach, oscailte agus intuartha bunaithe ar phrionsabal na córa comhionainne;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a dhréachtú maidir le hionstraim chun gníomhaíochtaí comhéigneacha ó thríú tíortha a dhíspreagadh agus chun gníomhú ina gcoinne, mar aon le reachtaíocht chun tacú le cuideachtaí Eorpacha a bhfuil na smachtbhannaí sin dírithe orthu agus atá ag feidhmiú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

70.  ag spreagadh an dá thaobh páirt a ghlacadh in idirphlé uaillmhianach agus creat a aimsiú le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach agus comhaontuithe trádála agus infheistíochta roghnaitheacha a lorg trí idirphlé straitéiseach ardleibhéil a chur ar bun an athuair;

71.  á iarraidh go mbeadh comhpháirtíocht rialála, ghlas, inbhuanaithe agus dhigiteach níos láidre ann tríd an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta; á iarraidh go dtiocfar ar chomhaontú maidir le measúnú comhréireachta, a rachaidh chun tairbhe do FBManna go háirithe, go mbeadh cur chuige comhordaithe ann maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos do theicneolaíochtaí criticiúla agus do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga, agus comhar rialála do chuideachtaí móra teicneolaíochta mar aon le cánacha digiteacha agus domhanda; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe faisnéis a mhalartú agus comhoibriú maidir le scagadh infheistíochta coigríche in earnálacha straitéiseacha, lena n-áirítear maidir le táthcheangail naimhdeacha a d’fhéadfadh a bheith ann;

72.  ag spreagadh an dá thaobh dea-chleachtais rialála a mhalartú lena chéile; ag tathant ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe leanúint leis an gcaibidlíocht maidir le measúnú comhréireachta chun deireadh a chur le bacainní neamhtharaifí a bhfuil ualach airgeadais ag baint leo; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé don dá thaobh comhghuaillíocht comhpháirtithe atá ar aon intinn le chéile a ailíniú agus a stiúradh chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeáin idirnáisiúnta as caighdeáin thrasatlantacha;

73.  á iarraidh ar an dá thaobh leas a bhaint as an trádáil mar bhealach chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun cóineasú aníos a bhaint amach; i ndáil leis sin, ag tathant ar an dá thaobh comhoibriú maidir le praghsáil carbóin agus go háirithe comhordú a dhéanamh maidir le sásra coigeartaithe teorann carbóin a fhorbairt, agus maidir le bearta éifeachtacha i gcoinne trádáil aindleathach arm agus feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht na trádála arm, lena n-áirítear onnmhairí arm na Stát Aontaithe agus na mBallstát;

74.  á iarraidh ar na Stáit Aontaithe agus ar an Aontas oibriú i gcomhar le chéile ar cháin chorparáideach dhomhanda faoi chuimsiú ECFE, agus fáilte ar leith á cur roimh an gcomhaontú ar tháinig tíortha G7 air maidir le hathchóiriú cánach domhanda agus ag cur béim ar an gcomhaontú maidir le híosráta domhanda cánach corparáide 15 % ar a laghad, agus comhoibriú chun cleachtais trádála chalaoiseacha agus dhíobhálacha a chomhrac;

75.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhghuaillíocht níos láidre ann mar thoradh ar chomhpháirtithe trádála agus eacnamaíocha níos láidre; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an dá thaobh chun a slabhraí soláthair a dhéanamh níos athléimní, go háirithe maidir le hamhábhair chriticiúla;

76.  á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an gcomhar idir an tAontas agus SAM san Artach, agus breithniú á dhéanamh ar bhealaí nua loingseoireachta a oscailt agus ar acmhainní nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i ngeall ar an athrú aeráide, agus aird á tabhairt ar an leas eacnamaíoch atá ag dul i méid san Artach atá ag tíortha eile, amhail an tSín; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt freisin ar na deiseanna agus ar na dúshláin sin ina Straitéis Artach atá ar na bacáin;

77.  ag tathant ar an gCoimisiún, mar chleachtas comhchoiteann, a bheith trédhearcach ina chomhar leis na Stáit Aontaithe trí, inter alia, na tograí go léir a chuirtear chuig na Stáit Aontaithe a fhoilsiú agus trí rannpháirtíocht na Parlaiminte agus na sochaí sibhialta a ráthú i bhforbairt na dtograí sin ionas go gcuirfear le muinín na dtomhaltóirí agus na saoránach.

Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus chosanta le chéile

78.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an chomhghuaillíocht thrasatlantach ríthábhachtach i gcónaí do shlándáil agus do chobhsaíocht mhór-roinn na hEorpa, ós rud é gurb é ECAT is bonn le cosaint chomhchoiteann na hEorpa agus gur colún lárnach de shlándáil na hEorpa é; á athdhearbhú freisin nach mór do chomhghuaillithe agus do chomhpháirtithe ECAT agus don Aontas Eorpach i dteannta a chéile níos mó a dhéanamh chun ionchais chothroma a chomhlíonadh mar chomhpháirtithe trasatlantacha inchreidte agus comhionanna atá ábalta agus toilteanach iad féin a chosaint agus géarchéimeanna ina gcomharsanachtaí féin a bhainistiú, agus ag an am céanna a bheith ar thús cadhnaíochta nuair is gá, ach i ndlúthchomhar leis na Stáit Aontaithe; ag tacú le hathchothromú na bhfreagrachtaí sa chaidreamh trasatlantach slándála trí níos mó féintuilleamaíochta a chothú do Bhallstáit AE i gcúrsaí cosanta mar bhealach chun an t-ualach ar na Stáit Aontaithe a laghdú agus ar bhealach a chruthóidh sineirgí idir ballraíocht ECAT agus cumais chosanta AE; á chur i bhfáth go bhfuil an comhar idir an tAontas agus ECAT bunaithe ar 74 ghníomhaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann i réimsí sonracha; á mheabhrú go bhfuil cúraimí agus tosaíochtaí éagsúla ag an dá eagraíocht, le ECAT i gceannas ar chosaint chríochach chomhchoiteann a chuid comhaltaí, agus AE ag díriú ar bhainistiú géarchéimeanna míleata thar lear, le féidearthachtaí chun tuilleadh idirphlé agus comhair a bheith ann maidir le dúshláin slándála agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha, bunaithe ar thacaíocht chomhchoiteann do bhunluachanna an daonlathais, na saoirse agus chur chun cinn na síochána; á chur i bhfáth go ndéantar na cumais atá ar fáil do ECAT a neartú freisin trí chomhar, comhthiomsú agus comhroinnt níos doimhne agus le hearnáil Eorpach cosanta atá éifeachtúil agus trédhearcach; á chur i bhfios go láidir, dá ndéanfaí bonn tionsclaíoch láidir de chuid an Aontais agus cumais mhíleata níos láidre ar leibhéal an Aontais a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh sa tsoghluaisteacht mhíleata agus san idir-inoibritheacht, nach amháin go neartófaí an tAontas ach go ndéanfaí an chomhghuaillíocht thrasatlantach a atreisiú ag an am céanna agus go mbeadh sé sin sineirgeach le ról agus le hábharthacht an Aontais agus a Bhallstát in ECAT; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sí tiomanta go hiomlán do na tionscnaimh Eorpacha chosanta, go háirithe CEF, PESCO agus SSE, i measc tionscnaimh eile; á chur i bhfios go láidir nach bhféadfar rath a bheith ar an gcomhpháirtíocht thrasatlantach ach amháin má chomhlíonann na Ballstáit uile a ngealltanais, lena n-áirítear gealltanais infheistíocht a dhéanamh sa chosaint, agus má thugann siad faoi thacaíocht fhrithpháirteach agus má shaothraíonn siad comhroinnt ualaigh atá níos cothroime; á chur i bhfios go láidir gur gá do chomhghuaillithe uile ECAT infheistíocht airgeadais a dhéanamh chun na cumais, atá ag teastáil ó ECAT chun a chuid saoránach a chosaint, a fhorbairt, a fháil agus a chothabháil; ag tarraingt aird freisin ar phróiseas dréachtaithe leanúnach Chompás Straitéiseach an Aontais, a bheidh ina chloch mhíle do chomhar níos láidre i réimse na cosanta agus na slándála san Eoraip, agus á chur i bhfios gur cheart dlúthnasc a bheith ann idir an Compás Straitéiseach agus dréachtú Choincheap Straitéiseach ECAT, agus á chur in iúl go gcreideann sé go bhfuil deis ar leith ann leis na próisis chomhthreomhara sin an chomhpháirtíocht pholaitiúil agus slándála thrasatlantach a chur chun cinn agus a nuashonrú agus é a dhéanamh oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá i ndán don Aontas agus do na Stáit Aontaithe araon faoi láthair; á chur i bhfáth nach mbaineann uaillmhian neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa an bonn ó ECAT beag ná mór ach go bhfuil sé comhlántach leis; á iarraidh go dtabharfaí chun críche socrú riaracháin idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus na Stáit Aontaithe agus á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Aontais agus SAM, mar a léirítear sa ráiteas a eisíodh ag deireadh an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe an 15 Meitheamh 2021, tús a chur leis an bplé a luaithe is féidir; á chur in iúl go dtacaíonn sí le bunú na bpróiseas chun comhordú a dhéanamh ar bheartas eachtrach agus beartas slándála agus cosanta idir na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe;

79.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh dearfach ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena n-údaraítear comhordaitheoir an tionscadail Soghluaisteachta Mhíleata, an Ísiltír, a iarraidh ar na Stáit Aontaithe, ar Cheanada agus ar an Iorua, tar éis a n-iarrataí faoi seach, a bheith rannpháirteach i dtionscadal PESCO maidir le soghluaisteacht mhíleata; á chur i bhfáth go gcuirfear feabhas, leis an rannpháirtíocht sin, ar chomhleanúnachas chumais an Aontais agus ECAT agus ar idir-inoibritheacht, ullmhacht agus athléimneacht fórsaí trasatlantacha;

80.  á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir an tAontas, na Stáit Aontaithe agus ECAT agus ár gcomharsana san oirthear, go háirithe, an tSeoirsia, an Úcráin agus an Mholdóiv, i gcúrsaí slándála agus cosanta, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do shláine chríochach na dtíortha sin, agus a n-athléimneacht a neartú i gcoinne na mbagairtí cibearshlándála, faisnéise, spiaireachta agus eile atá dírithe orthu;

81.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Stát Aontaithe tarraingt siar fhórsaí SAM ón Aontas a aisiompú agus dlús a chur lena láithreacht mhíleata i mBallstáit AE mar chomhartha tiomantais den chomhar slándála trasatlantach; ag cur a buíochas in iúl don iliomad pearsanra seirbhíse de chuid na Stát Aontaithe a chabhraigh le slándáil agus sábháilteacht na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint le blianta fada anuas;

82.  ag tathant ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe dlúthchomhar a chothú, ní hamháin maidir le bagairtí traidisiúnta slándála, ach maidir le bagairtí atá ag teacht chun cinn freisin amhail ceannasacht naimhdeach theicneolaíoch choigríche, bagairtí hibrideacha, feachtais bhréagaisnéise agus cur isteach urchóideacha ar phróisis toghcháin; ag tathant ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe dlúthchomhar a fhorbairt i réimse na cibearshlándála; ag tathant ar an Aontas cibear-acmhainneachtaí níos éifeachtúla a fhorbairt chun cur lena chumas é féin a chosaint ar chibearbhagairtí; ag cur in iúl gur geal léi straitéis nua Chibearshlándála an Choimisiúin mar bhonn chun noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos sa chibearspás; á iarraidh go ndéanfaí na cumais is gá a fhorbairt, a fháil agus a chothabháil faoi chuimsiú ECAT freisin, lena n-áirítear i dtéarmaí faisnéis a roinnt, agus go mbeadh comhordú níos fearr ann idir gníomhaireachtaí AE, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), agus a gcontrapháirteanna Meiriceánacha; á aithint, go pointe áirithe, go bhfuil an chibearchosaint níos éifeachtaí más ann do roinnt modhanna agus bearta ionsaitheacha, ar choinníoll go bhfuil an úsáid a bhainfear astu comhlíontach leis an dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige comhchoiteann maidir le cosc a chur ar airm mharfacha uathrialacha gan rialú fóinteach ag an duine, chun neamhspleáchas na gcóras armán a rialáil ar an leibhéal domhanda, agus chun srian a chur ar onnmhairiú agus leathadh cibearuirlisí agus na teicneolaíochta ollfhaireachais; á chur i bhfios go láidir gur gá rialú domhanda armán a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar chibeardhúshláin agus ar na dúshláin a bhaineann leis an intleacht shaorga; á iarraidh ar na comhpháirtithe trasatlantacha tacú le hiarraidh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe ar shos comhraic domhanda agus rannchuidiú go gníomhach leis an iarraidh sin;

83.  á chun in iúl go bhfuil sí den tuairim gur ceist slándála domhanda atá i bpróisis dhaonlathacha agus thoghchanacha a chosaint; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, go ndéanfaí creat struchtúrtha a fhorbairt go comhpháirteach le haghaidh freagairtí ar chur isteach ar phróisis toghcháin, bunaithe ar Chód Cleachtais Trasatlantach le haghaidh Próisis Dhaonlathacha atá Saor agus Athléimneach, lena n-iarrtar bearta struchtúracha agus cuimsitheacha chun freagairt do chineál hibrideach cur isteach, ag comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ESCE; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe comhar idirnáisiúnta níos dlúithe agus níos uaillmhianaí a chur chun cinn maidir le breathnóireacht toghcháin, i gcomhpháirt leis na comhpháirtithe ábhartha uile, go háirithe le heagraíochtaí a fhormhuiníonn 'an Dearbhú Prionsabal maidir le breathnóireacht idirnáisiúnta toghchán', chun cur i gcoinne bagairtí méadaitheacha ar an tslándáil phoiblí do phróisis toghcháin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur i gcoinne comhpháirteach fheiniméan méadaitheach na breathnóireachta bréagaí baile, rud a bhaineann an bonn den mhuinín atá ag an bpobal i mbreathnóireacht toghcháin ar an iomlán, agus measúnú domhain a dhéanamh ar na deiseanna, ar na dúshláin agus ar na rioscaí a bhaineann le húsáid mhéadaitheach a bhaint as teicneolaíochtaí nua na faisnéise agus cumarsáide toghcháin; á áitiú gur gá an comhar riachtanach a threisiú le heagraíochtaí ábhartha breathnóireachta toghcháin baile ar gach leibhéal, agus go bhfuil gá lena gcosaint faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí;

84.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé acmhainneachtaí ríomhaireachta candamaí a bhaint amach agus á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar chomhar AE-SAM sa réimse sin chun a áirithiú go ndéanfaidh comhpháirtithe, a bhfuil dea-chaidreamh eatarthu agus a bhfuil na cuspóirí céanna acu, an ríomhaireacht chandamach a bhaint amach ar dtús;

85.  á chur i bhfáth a thábhachtaí go straitéiseach atá na cáblaí teileachumarsáide fomhuirí san Atlantach Thuaidh a sholáthraíonn breis agus 95 % den teileachumarsáid idirnáisiúnta; á athdhearbhú a thábhachtaí atá an comhar trasatlantach neartaithe chun urraim do na hionstraimí idirnáisiúnta lena rialaítear cáblaí fomhuirí, lena n-áirítear UNCLOS, a chosaint agus a áirithiú;

86.  ag tacú le cruthú an Idirphlé idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le Slándáil agus Cosaint agus á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí é a sheoladh a luaithe is féidir; ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé ionadaithe ECAT a áireamh san idirphlé sin chun sineirgí a chur chun cinn leis an gcomhar leanúnach i gcreat AE-ECAT agus aon dúbláil ar fhreagairtí beartais a sheachaint; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí san Idirphlé Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe comhar maidir le tionscnaimh shlándála agus chosanta, bainistiú géarchéime, oibríochtaí míleata agus cúrsaí déthaobhacha slándála, mar atá sonraithe i gclár oibre AE-SAM don athrú domhanda; á thabhairt chun suntais go mbeadh comhroinnt faisnéise ina cuid thábhachtach den idirphlé sin;

87.  á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé go mbeadh ár sochaithe páirteach i bpróiseas inbhreathnaitheach maidir lenár luachanna coiteanna daonlathacha, agus maidir leis an meas ar an gceann eile agus ar éagsúlacht na dtuairimí, chun an daonlathas domhanda a athbheochan agus a chosaint i gcoinne an fhorlámhais atá ag dul i méid, mar atá á chur chun cinn ag an Rúis agus ag an tSín araon, ach freisin laistigh den phobal trasatlantach, inter alia trí chuntasacht agus athléimneacht ár gcóras daonlathach a neartú, trí chur i gcoinne dearcaí antoisceacha agus ciníochais forimeallacha a chuireann sárdheiseanna ar fáil do bhláthú gluaiseachtaí frithdhaonlathacha, trí sheasamh le chéile go geopholaitiúil i gcoinne thionchar urchóideach na ngníomhaithe forlámhacha agus trí thabhairt faoi idirphlé trasatlantach agus beartais chuimsitheacha shóisialta agus eacnamaíochta a théann i ngleic le bunchúiseanna an neamhionannais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an t-idirphlé trasatlantach agus an comhar maidir le beartais a thacaíonn leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an smacht reachta, agus a chuidíonn an bhréagaisnéis agus an cur isteach eachtrach a chomhrac; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le go dtabharfadh an dá thaobh aghaidh ar na nithe is cúis le laghdú mhuinín an phobail i mbeartas agus in institiúidí; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sna hiarrachtaí a dhéantar chuige sin muinín a chothú san eolaíocht agus i bhfíricí, líontán sábhála de bheartais neamh-idirdhealaitheacha a leathnú, agus diúltú d’idirdhealú ciníoch agus reiligiúnach agus aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú sin;

88.  á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe, thairis sin, tacaíocht eacnamaíoch, pholaitiúil agus oibríochtúil a chur ar fáil go comhpháirteach do na heagraíochtaí réigiúnacha atá lonnaithe san Afraic, amhail an tAontas Afracach, Fórsa G5 na Saiheile agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS)

89.  á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe a gcuid iarrachtaí a shioncrónú chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus leis an radacú agus a áirithiú go dtacófar leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leis na hacmhainní is gá agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na bagairtí atá ann; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don dá chomhpháirtí feabhas a chur ar na cleachtais reatha de chomhroinnt faisnéise i measc na mBallstát, le béim ar leith ar fheasacht staide chomhchoiteann níos fearr a bhaint amach i bpríomhréimsí, lena n-áirítear tearmainn do sceimhlitheoirí agus an úsáid a bhaineann sceimhlitheoirí as EDTanna, chomh maith le hoirbhearta hibrideacha;

90.  ag spreagadh comhoibriú láidir idir an tAontas agus SAM maidir le hiarrachtaí díradacaithe agus frithsceimhlitheoireachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oiliúna comhpháirteacha, cúrsaí frithsceimhlitheoireachta comhroinnte, cláir mhalartaithe d’oifigigh, druileanna oirbheartaíochta agus tionscnaimh oideachais a bhunú;

91.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint le prionsabail dhaonlathacha, atá mar bhonn don dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch atá déanta againn agus dár sochaithe saora; ag tacú leis an togra ón Uachtarán Biden Cruinniú Mullaigh a thionól i gcomhair Daonlathais chun luachanna uilíocha a chur chun cinn; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe leas a bhaint as an taithí a fuarthas ó Chomhdháil AE maidir le Todhchaí na hEorpa, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tacú leis an tionscnamh ón gCruinniú Mullaigh go polaitiúil agus go praiticiúil araon; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an gCruinniú Mullaigh atá beartaithe maidir leis an Daonlathas iltaobhachas luach-bhunaithe agus dlúthpháirtíocht idir daonlathais a chur chun cinn nuair a bheidh siad faoi bhrú, an daonlathas a neartú go hinmheánach agus ar fud an domhain, go háirithe rannpháirtíocht na saoránach sa rialachas daonlathach a mhéadú, ábhair imní a chur in iúl agus réitigh shíochánta a lorg ar an gcniogbheartaíocht leanúnach ar ghluaiseachtaí daonlathacha agus ar chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear cosantóirí comhshaoil, ar fud an domhain, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an tionchar méadaitheach atá ag réimis fhorlámhacha; ag cur béim, i ndáil leis sin, ar go bhféadfadh iarracht den sórt sin cabhrú le treochlár soiléir a leagan amach chun cur i gcoinne an phobalachais agus an údarásaíochais agus chun luachanna bunúsacha daonlathacha agus chearta an duine a chosaint; á mholadh gur cheart do AE comhghuaillíocht thrasatlantach a bhunú le SAM chun an daonlathas a chosaint ar fud an domhain agus sraith straitéisí um chosaint an daonlathais a mholadh, inar cheart go n-áireofaí gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le smachtbhannaí, beartais frithsciúrtha airgid, rialacha maidir le coinníollacht cúnaimh eacnamaíoch agus airgeadais, imscrúduithe idirnáisiúnta, agus tacaíocht do ghníomhaithe ar son chearta an duine agus do chosantóirí an daonlathais; á iarraidh go mbeadh cumarsáid níos fearr ann leis na saoránaigh agus idir na saoránaigh ar an dá thaobh, maidir le tábhacht mharthanach an naisc thrasatlantaigh agus ar a ábhartha atá sé inniu; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil luach ag baint leis na malartuithe idir reachtóirí, gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta;

Comhordú níos dlúithe maidir leis an mbeartas eachtrach

92.  á chreidiúint gur cheart do AE níos mó a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe agus an chomhpháirtíocht straitéiseach a athnuachan maidir le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus maidir leis na Balcáin Thiar chun sochaithe il-eitneacha a bheidh athléimneach, rathúil agus daonlathach a chothú iontu, a bheidh in ann cur i gcoinne thionchar suaiteach na bhfórsaí údarásaíocha áitiúla agus seachtracha araon; á mheabhrú gur ceist síochána agus slándála don réigiún agus don Aontas Eorpach í cobhsaíocht na mBalcán Thiar agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú mór tagtha ar an gcomhordú idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach chun tacú le tíortha na mBalcán Thiar ar an mbóthar i dtreo lánpháirtiú leis an Eoraip agus chun ballraíocht AE a bhaint amach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuirfeadh comhordú rialta, institiúidithe, idir an Chomhairle um Ghnóthaí Eachtracha agus Rúnaí Stáit SAM, maidir leis seo agus le cúrsaí beartais eachtraigh eile, feabhas ar an idirphlé trasatlantach agus ar an gcomhar maidir le cúrsaí beartais eachtraigh agus go gcothódh sé cóineasú breise ar sheasaimh bheartais agus ar an leibhéal trasatlantach; ag meabhrú an mholta a rinne sí Comhairle Pholaitiúil Thrasatlantach (TPC) a chruthú chun comhairliúchán agus comhordú córasach a dhéanamh ar an mbeartas eachtrach agus slándála, a bheadh faoi stiúir an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí agus Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe agus a mbeadh teagmháil rialta le stiúrthóirí polaitiúla mar bhonn taca léi; á iarraidh go mbeadh ceannaireacht láidir AE agus comhordú éifeachtach leis na Stáit Aontaithe ann chun brú ar ais i gcoinne na dtionscnamh lena ndírítear ar theorainneacha a athshainiú, agus i gcoinne na dtionscnamh fho-náisiúnta comhchosúil a fhéachann leis an deighilt eitneach agus an leithscaradh a dhoimhniú, chomh maith le saincheist na hinfheistíochta agus an mhaoinithe ón tSín ar fud an réigiúin agus an tionchar atá aige sin ar rialachas daonlathach agus ar an gcomhshaol; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dlúthchomhar agus dlúthchomhordú idir an tAontas Eorpach agus SAM maidir le gabháil stáit, éilliú, coireacht eagraithe, cur isteach ón gcoigríoch agus ionsaithe ar shaoirse na meán a chomhrac, agus an smacht reachta, athchóirithe doimhne, dea-chaidreamh comharsanachta agus athmhuintearas a chur chun cinn, agus cuspóir an lánpháirtithe Eora-Atlantaigh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ceannasach ag an Aontas sa phróiseas chun an caidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv a normalú;

93.  á chur i bhfáth gur chun ár leasa choitinn tacú le síocháin inbhuanaithe fhadtéarmach, cobhsaíocht, slándáil, athléimneacht, daonlathas agus urraim do chearta an duine sa Chugas Theas; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht SAM sa réigiún, i gcomhar le AE, lena n-áirítear trí shásraí amhail Grúpa ESCE Mhionsc;

94.  á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe aghaidh a thabhairt i gcomhar le chéile ar na bagairtí comhsheasmhacha agus méadaitheacha ar chosaint agus ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, lena n-áirítear smuigleáil chultúrtha, go háirithe i limistéir choinbhleachta; ag áithiú go nglacfaí le straitéis lena n-áirítear feachtais láidre feasachta poiblí, cáineadh uilíoch na gáinneála ar sheaniarsmaí neamhchruthaithe, cód aonair iompair a bhunú maidir le láithreáin chultúrtha a chosaint, comhar níos fearr a chothú i measc gníomhaireachtaí éagsúla forfheidhmithe dlí lena n-áirítear faisnéis a roinnt láithreach i measc gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéise, agus comhar méadaithe idir lucht forfheidhmithe an dlí agus na pobail ealaíne agus seandálaíochta;

95.  ag tabhairt dá haire gur thug tionchar eacnamaíoch na Síne, cumhacht gheopholaitiúil agus cineálacha éagsúla teilgin chumhachta ón tSín, chomh maith lena neart míleata, a córas rialachais fhorlámhaigh i gcoinbhleacht le córais rialachais an Iarthair atá bunaithe ar luachanna daonlathacha liobrálacha; á mheabhrú go bhfuil méadú tagtha ar láithreacht na Síne ar an leibhéal idirnáisiúnta agus san Eoraip trína Tionscnamh Creasa agus Bóthair, agus trína gníomhaíochtaí sa chibearspás, sna réigiúin Artacha agus san Afraic; á chur i bhfáth i ndáil leis sin go bhfuil an tSín anois ina céile comhraic sistéamach agus ina hiomaitheoir, ach gur cheart di a bheith ina comhpháirtí tábhachtach maidir le dul i ngleic le go leor fadhbanna domhanda; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhfuil cur chuige trasatlantach comhpháirteach i leith an chaidrimh leis an tSín ar an mbealach is fearr chun caidreamh fadtéarmach síochánta, inbhuanaithe agus frithpháirteach a áirithiú leis an tSín; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin gur athsheoladh idirphlé cuimsitheach ardleibhéil AE-SAM maidir leis an tSín le déanaí agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go gcuirfí ar fáil leis sin príomhshásra chun ár leasanna a chur chun cinn agus chun ár ndifríochtaí a bhainistiú agus féachaint ar na deiseanna atá ann do rannpháirtíocht AE-SAM le Daon-Phoblacht na Síne i gcreataí iltaobhacha maidir le dúshláin choiteanna agus dhomhanda, amhail an t-athrú aeráide, rioscaí a bhaineann leis an tsláinte, urraim do chearta an duine, cibearspás, rialú armán, neamhleathadh agus teicneolaíochtaí suaiteacha atá ag teacht chun cinn; ag cur béim ar an ngá atá le gné láidir pharlaiminteach don idirphlé sin; á iarraidh go bhforbrófaí raon leathan ionstraimí beartais agus, i gcás inar féidir, go ndéanfaí sineirgí trasatlantacha a chuardach chun déileáil leis an tSín; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil cúiseanna tromchúiseacha comhchoiteanna imní ag an Aontas Eorpach agus ag Stáit Aontaithe Mheiriceá araon faoi sháruithe córasacha ar chearta an duine sa tSín, go háirithe maidir le Pobal na nUigiúrach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim láidir go gcaithfear comhluachanna daonlathacha a chosaint agus a chur chun cinn i gcónaí leis an gcaidreamh le Daon-Phoblacht na Síne, idir dhéthaobhach agus eile, agus go gcaithfidh sé a bheith ina chroílár ag aon chlár oibre iltaobhach an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán agus cearta an duine a chosaint;

96.  ag cur béim ar an ngá atá ann féachaint ar cóineasaithe, comhar a d’fhéadfadh a bheith ann agus comhordú agus comhairliúchán níos fearr idir na Stáit Aontaithe agus AE maidir leis an tSín, chun teannas trasatlantach a sheachaint, amhail na teannais a tháinig i ndiaidh ghlacadh an chomhaontaithe slándála tríthaobhaigh idir na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe agus an Astráil, ar a dtugtar AUKUS, gan dul i gcomhairle le comhghuaillithe an Aontais, go háirithe maidir le cearta an duine agus cearta mionlaigh a chosaint, agus an lasóg a bhaint den bharrach i Muir na Síne Theas agus i Muir na Síne Thoir, Hong Cong agus thar Chaolas na Téaváine; ag cur béim ar ábharthacht UNCLOS mar bhunús dlí chun coinbhleachtaí a réiteach; ag athdhearbhú a tacaíochta do thionscnaimh chomhroinnte nascachta, faoi chuimsiú straitéis nuafhógartha an Aontais, ‘Tairseach Dhomhanda’, freisin;

97.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh le déanaí ar an straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach de chuid an Aontais; á iarraidh go gcuirfí an straitéis sin i bhfeidhm go tapa agus go cuimsitheach toisc go dtéann sí chun leas an Aontais agus go gcuirtear a luachanna chun cinn leis, agus á thabhairt chun suntais tábhacht an réigiún geostraitéiseach sin, ina bhfuil cairde agus comhpháirtithe coiteanna trasatlantacha daonlathacha, amhail an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Astráil agus an Nua-Shéalainn, mar aon leis an Téaváin, agus á iarraidh go mbeadh comhpháirtíocht agus comhordú feabhsaithe AE-SAM maidir le réigiún an Aigéin India-Aigéanaigh; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé naisc straitéiseacha le comhaltaí ASEAN agus le Fóram Oileáin an Aigéin Chiúin (PIF) a chothú;

98.  á thabhairt chun suntais go bhfuil teicneolaíocht á úsáid ag réimis neamhdhaonlathacha amhail an tSín níos mó ná riamh chun a saoránaigh a smachtú agus a bhrú faoi chois, ag cur srian le feidhmiú ceart bunúsach, sóisialta agus polaitiúil; á iarraidh go mbeadh comhar méadaithe AE-SAM ann maidir le teicneolaíocht dhuine-lárnaithe a fhorbairt a urramaíonn príobháideachas agus a laghdaíonn claontaí agus idirdhealú;

99.  á aithint gur minic go n-úsáidtear éadálacha maoine intleachtúla na Síne agus dul chun cinn teicneolaíochta ag ceannionaid taighde chun a cuid cuspóirí míleata a chur chun cinn, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go n-oibreodh an tAontas chun straitéis fhadtéarmach a fhorbairt chun comhrac a dhéanamh ar straitéis cumaisc mhíleata-shibhialta na Síne san Eoraip;

100.  á aithint gur cheart do AE agus SAM comhordú a dhéanamh ar shaincheisteanna i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí na Síne contrártha le leasanna slándála Eora-Atlantacha; á chur i bhfáth gur cheart tosaíocht a thabhairt do dhúshláin sna cibirtheicneolaíochtaí, sna teicneolaíochtaí hibrideacha, sna teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus sna teicneolaíochtaí bunathraitheacha (EDT), sa spás, i rialú arm agus i réimsí neamhleata;

101.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di comhéigean eacnamaíoch na Síne i gcoinne Ballstát agus tríú tíortha; ag tacú leis an smaoineamh go mbeadh cosaint chomhchoiteann eacnamaíoch ann trí chomhoibriú le tíortha daonlathacha atá ar aon intinn i gcoinne chomhéigean eacnamaíoch na Síne;

102.  á chur in iúl gur chúis bhuartha di na dlúthnaisc idir Páirtí Cumannach na Síne agus an tionscal sa tSín, go háirithe cuideachtaí slándála; á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit iniúchadh inmheánach ar chleachtais soláthair chun a áirithiú go bhfuil na táirgthe atá comhtháite ina gcuid líonraí náisiúnta agus institiúidí cosanta saor ó theicneolaíochtaí a thagann ó chuideachtaí sa tSín;

103.  á iarraidh dlúthchomhar a bheith ann chun oibriú i dtreo plean coiteann rannpháirtíochta le Cónaidhm na Rúise agus, go comhthreomhar, chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar réimse na mbagairtí a thagann ó Chónaidhm na Rúise, amhail díchobhsú leanúnach na hÚcráine, na Seoirsia agus Phoblacht na Moldóive, tacaíocht do rialú neamhdhlisteanach Lukashenka sa Bhealarúis, ról agus tionchar na Rúise sna Balcáin Thiar agus sa Mhuir Dhubh, an cur isteach millteanach ar phróisis dhaonlathacha san Aontas agus sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear toghcháin, páirtithe polaitiúla antoisceacha agus beartais athbhreithnitheacha a mhaoiniú, bagairtí hibrideacha agus feachtais bhréagaisnéise, agus ag an am céanna comhar roghnaitheach a shaothrú sna réimsí lena mbaineann an leas trasatlantach comhroinnte, go háirithe i réimse ollstruchtúr an rialaithe arm, lena n-áirítear an Conradh um Fhórsaí Núicléacha le Meánraon, mar aon le taidhleoireacht um athrú aeráide, athbheochan an Phlean Chuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta (JCPOA) agus cobhsú na hAfganastáine; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó rialtas reatha SAM fad a chur le conradh nua rialaithe arm START; ag cur béim ar an ngá atá leis na cainteanna maidir le rialú arm a athbheochan idir na príomhghníomhaithe domhanda, amhail SAM agus an Rúis, a bhfuil iarmhairt dhíreach orthu ar shlándáil na hEorpa, agus an tSín a áireamh i gcaibidlíocht rialaithe arm amach anseo; á chur i bhfáth an gá atá le hatógáil phráinneach ghnáth-ollstruchtúr an rialaithe arm, chun teorainn a chur leis an raon feidhme maidir le hiomaíocht armála agus le teagmhais gan choinne; á chur in iúl gur geal léi ullmhacht rialtas Biden chun idirphlé agus caibidlíocht leis an Rúis a athbhunú agus tacú leis an bplean ón Aontas Eorpach agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá idirphlé ardleibhéil AE-SAM maidir leis an Rúis a bhunú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go dtacódh an tAontas agus a Bhallstáit go gníomhach le tóraíocht bealaí chun cur leis an idirphlé agus gur cheart dóibh rannchuidiú le hiontaoibh fhrithpháirteach a atógáil; á chur i bhfáth, go comhthreomhar leis sin, a thábhachtaí atá idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus tacaíocht d’eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta sa Rúis a fhéachann le hidirphlé ar iolrachas polaitiúil, gníomhaíocht agus mianta daonlathacha dlisteanacha phobal na Rúise a chur chun cinn;

104.  á mheas nach mór do AE agus do SAM a gcur chuige dériain maidir le díspreagadh agus idirphlé leis an Rúis a chomhordú laistigh de na paraiméadair a comhaontaíodh ag Cruinnithe Mullaigh na Breataine Bige agus Vársá;

105.  á iarraidh ar AE agus ar SAM gníomhú go tráthúil agus le diongbháilteacht i gcoinne ghníomhaíochtaí suaiteacha sheirbhísí fáisnéisíochta na Rúise ar chríoch an Aontais; á mholadh do na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar agus roinnt faisnéise idir seirbhísí frithfhaisnéise;

106.  á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar an gComhairle cur chuige straitéiseach nua a cheapadh do chaidreamh an Aontais leis an Rúis, nach mór dó tacú níos fearr leis an tsochaí shibhialta, teagmhálacha idirphearsanta le saoránaigh na Rúise a neartú, línte dearga a shainiú go soiléir maidir le comhar le gníomhaithe Stáit Rúiseacha, úsáid a bhaint as caighdeáin theicneolaíocha agus an t-idirlíon oscailte chun tacú le spáis oscailte agus chun srian a chur le teicneolaíochtaí leatromacha, agus dlúthpháirtíocht le Comhpháirtíochtaí an Aontais san Oirthear a léiriú, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna slándála agus réiteach coinbhleachta go síochánta; á chur i bhfios go láidir nach mór aon idirphlé idir AE agus SAM leis an Rúis a bheith bunaithe ar an urraim don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine;

107.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar agus comhoibriú AE-SAM i dtaca le mór-roinn na hAfraice, a réigiúin agus a tíortha, agus á iarraidh go mbeadh an comhar agus comhoibriú sin ann, d’fhonn forbairt inbhuanaithe a áirithiú agus an tslándáil, an chobhsaíocht agus an rathúnas a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le comhpháirtíocht láidir agus chóir idir SAM, AE agus an Afraic, agus aird á tabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide agus a impleachtaí déimeagrafacha, cliseadh na bithéagsúlachta, dúshaothrú acmhainní nádúrtha na hAfraice ag an tSín, oideachas san fhorbairt inbhuanaithe shocheacnamaíoch, an digitiú, an smacht reachta, cur chun cinn an daonlathais agus neartú chearta an duine, na sochaí sibhialta agus an chomhionannais inscne; á chreidiúint gur cheart go mbeadh aon chúnamh slándála bunaithe ar chur chuige maidir le slándáil an duine agus ar riachtanais na bpobal áitiúil, go gcomhlíonfaí an dlí idirnáisiúnta leis agus go n-áireofaí ann cuntasacht phoiblí agus sásraí daonlathacha agus parlaiminteacha formhaoirseachta; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas ó rialtas Biden maidir le comhar a neartú leis an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta don tSaiheil; ag tathant ar SAM agus ar AE oibriú le chéile chun dul i ngleic leis an méadú atá tagtha ar antoisceachas foréigneach, ar sceimhlitheoireacht ó chraobhacha ISIS agus al-Qaeda, agus ar na dúshláin dhaonnúla, eacnamaíocha agus rialachais sa tSaiheil agus i réigiún MENA (an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh) i gcoitinne; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an idirphlé agus ar an gcomhordú maidir le comhpháirtithe trasatlantacha a shuí i leith na ndúshlán atá os comhair tíortha amhail an Iaráic, an Liobáin, an tSiria, an Iaráin agus an Libia;

108.  á iarraidh go mbeadh comhar níos fearr san Artach, agus aird á tabhairt ar an leas atá ag dul i méid san Artach ag tíortha eile amhail an tSín, agus ar na gníomhaíochtaí agus carnadh míleata atá ar bun ag an Rúis san Artach; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe, arna fhianú leis an ráiteas a eisíodh tar éis Chruinniú Mullaigh AE-SAM an 15 Meitheamh 2021, oibriú le chéile chun an tArtach a choinneáil mar réigiún síochána agus cobhsaíochta agus comhoibriú tríd an gComhairle Artach;

109.  á thabhairt chun suntais an gá atá leis an gcaidreamh straitéiseach struchtúracha idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe a chothabháil agus, i gcás inar infheidhme, a dhoimhniú, agus sochar á bhaint as ár luachanna, leasanna agus dúshláin chomhchoiteanna, lena n-áirítear ó thaobh cursaí slándála de, agus uathriail chinnteoireacht an Aontais á háirithiú ag an am céanna;

110.  á chur in iúl gur saoth léi gabháil fhoréigneach na hAfganastáine ag an Talaban tar éis d’fhórsaí na Stát Aontaithe agus na hEorpa tarraingt siar, agus na sáruithe forleathana ar chearta an duine, go háirithe ar chailíní, ar mhná, agus ar mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha, chomh maith leis an ngéarchéim dhaonnúil atá ag titim amach sa tír; ag athdhearbhú a seasaimh nach mór don chomhphobal trasatlantach iarrachtaí i bhfad níos mó a chur isteach ar son na síochána, na cobhsaíochta agus an dul chun cinn fhadtéarmaigh san Afganastáin trí thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na hAfganastáine agus do chosantóirí chearta an duine, go háirithe cosantóirí chearta na mban, gníomhaithe polaitiúla, iriseoirí, an lucht acadúil, ealaíontóirí agus grúpaí agus daoine eile atá i mbaol; á iarraidh go ndéanfaí comhordú agus comhairliúchán trasatlantach láidir chun faisnéis maidir leis an mbagairt sceimhlitheoireachta ón Afganastáin, go háirithe ó ISIS, Al-Qaeda agus a gcleamhnaithe, a ghnóthú, a chaomhnú agus a chomhroinnt; á iarraidh go mbeadh cur chuige trasatlantach comhbheartaithe ann ina gcuirfí san áireamh an gá atá le teagmháil oibríochtúil leis an Talaban chun críocha daonnúla agus frithsceimhlitheoireachta agus coinníollacha soiléire don teagmháil leis an rialtas a bheidh faoi stiúir an Talaban amach anseo, cur chuige inar cheart go n-áireofaí leis tiomantas do chearta an duine a urramú agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac; á iarraidh go ndéanfaí machnamh domhain trasatlantach ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón misean san Afganastáin, agus é mar aidhm leis teacht ar na conclúidí is gá do na hiarrachtaí a dhéanfar amach anseo chun cobhsaíocht, slándáil agus dea-rialachas a chur chun cinn ar fud an domhain; á iarraidh, thairis sin, ar chomhpháirtithe trasatlantacha teagmháil a dhéanamh le comharsana uile na hAfganastáine, agus aird á tabhairt ar chruachás na ndaoine Afganastánacha atá tar éis tearmann a lorg ansin agus ar an ngá atá le cabhrú leo; ;

111.  ag cur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht athnuaite na Stát Aontaithe sa Mheánmhuir Thoir, go háirithe le Gníomh na Meánmhara Thoir 2019, lena n-údaraítear cúnamh slándála nua don Chipir agus don Ghréig, agus lena neartaítear an comhar fuinnimh i measc gníomhaithe réigiúnacha; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe, arna fhianú leis an ráiteas a eisíodh tar éis Chruinniú Mullaigh AE-SAM an 15 Meitheamh 2021, oibriú as láimh a chéile chun an lasóg a bhaint den bharrach sa Mheánmhuir Thoir go hinbhuanaithe, áit ar ceart difríochtaí a shocrú trí idirphlé de mheon macánta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; ag tacú leis an ráiteas ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe go bhfuil sé ar intinn acu díriú ar chaidreamh comhoibritheach le Tuirc daonlathach a rachadh chun tairbhe an dá thaobh;

112.  ag tacú le comhar feabhsaithe leis na Stáit Aontaithe agus le tíortha Mheiriceá Laidinigh maidir leis an iolrachas, luachanna daonlathacha, forbairt inbhuanaithe, cearta an duine agus caighdeáin an dlí idirnáisiúnta, fás eacnamaíoch, an comhrac i gcoinne neamhionannas, an comhrac i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe, an bhithéagsúlacht agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas agus do na Stáit Aontaithe dul i mbun idirphlé le Meiriceá Laidineach agus réigiún Mhuir Chairib ar bhealach níos gníomhaí mar chomhghuaillithe ríthábhachtacha i bhfóraim idirnáisiúnta agus mar chomhpháirtithe straitéiseacha i gcosaint an iltaobhachais; á iarraidh go mbeadh ‘Comhghuaillíocht Triantánach Atlantach’ idir AE-SAM agus Meiriceá Laidineach a chuirfidh ar chumas an dá réigiún tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i réimsí amhail an daonlathas, an tslándáil agus an gháinneáil ar dhrugaí, an comhrac i gcoinne neamhionannais agus an comhar um fhorbairt; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go léirítear an comhar sin leis na Stáit Aontaithe agus le tíortha Mheiriceá Laidinigh sna hiarrachtaí comhpháirteacha chun tacú le freasúraí agus le heasaontóirí a bhfuil díoltas i ndán dóibh i dtíortha éagsúla mar thoradh ar luachanna an daonlathais agus ar chearta an duine a chosaint; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe agus ar an Aontas, i ndáil leis an méid sin, oibriú i gcomhar le chéile agus le tíortha eile chun cearta an duine agus an daonlathas a athbhunú i Veiniséala trí thoghcháin a bheith go hiomlán faoi shaoirse, inchreidte, cuimsitheach, trédhearcach agus go hiomlán daonlathach, agus trí thacaíocht do na fórsaí polaitiúla dlisteanacha atá aitheanta ag Parlaimint na hEorpa; á athdhearbhú a thiomanta atá sí don daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha uile Mheiriceá Laidinigh; á iarraidh go ndéanfaí comhordú níos fearr idir AE-SAM maidir le smachtbhannaí; ag athdhearbhú a molta gur cheart do na Stáit Aontaithe agus don Aontas a dtuairimí a mhalartú go rialta maidir lena gcruinnithe mullaigh faoi seach le tíortha Mheiriceá Laidineach, eadhon cruinnithe mullaigh AE-CELAC agus Cruinniú Mullaigh Críocha Mheiriceá arna thionóil ag Eagraíocht na Stát Meiriceánach;

113.  á chur i bhfios á thábhachtaí atá réigiún MENA don tslándáil agus don chobhsaíocht Eorpach, agus don tslándáil agus don chobhsaíocht thrasatlantach dá réir sin; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh idirphlé agus comhordú feabhsaithe ann le comhpháirtithe trasatlantacha a shuí i leith réigiún MENA, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta atá ag tarlú sa réigiún; ag tathant ar na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach i JCPOA athuair mar bhunchloch do réimeas domhanda maidir le neamhleathadh agus mar dhúshraith chun an lasóg a bhaint den bharrach sa Mheánoirthear agus i réigiún Mhurascaill na Peirse; ag tacú leis an nglao ó na Stáit Aontaithe go mbeadh comhaontú núicléach ‘níos faide agus níos láidre’ ann leis an Iaráin agus ag tathant go mbeadh comhar trasatlantach ann maidir leis an ábhar sin mar an chéad chéim eile; ag cur in iúl gur geal léi cinneadh na Stát Aontaithe a mhaoiniú do UNRWA a athnuachan; á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí trasatlantacha athnuaite chun Próiseas Síochána an Mheánoirthir a athbheochan go fónta agus é a thabhairt chun críche go rathúil, rud as a dtiocfadh réiteach inmharthana dhá stát; ag cur in iúl gur geal léi síniú agus cur chun feidhme Chomhaontú Abraham agus ag spreagadh comhar trasatlantach chun na naisc sin a dhoimhniú;

o
o   o

114.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Beartas Slándála, agus, mar eolas, do Roinn Stáit SAM agus do Chomhdháil SAM.

(1) IO C 28, 27.1.2020, lch. 49.
(2) IO C 117 E, 6.5.2010, lch. 198.
(3) IO C 65, 19.2.2016, lch. 120.
(4) IO C 433, 23.12.2019, lch. 89.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0012.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0013.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0256.
(8) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/IP_20_2391
(9) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021 maidir le tabhairt faoi dhúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú TRIPS EDT maidir le vacsaíní, cóireáil agus trealamh COVID-19, lena ndéantar méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht mhonaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha, Téacs arna ghlacadh (P9_TA(2021)0283).

An nuashonrú is déanaí: 16 Nollaig 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais