Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2258(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0245/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0245/2021

Díospóireachtaí :

PV 06/10/2021 - 10
CRE 06/10/2021 - 10

Vótaí :

PV 07/10/2021 - 2
PV 07/10/2021 - 8

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0416

Téacsanna atá glactha
PDF 207kWORD 68k
Déardaoin, 7 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
Beartas AE i dtaca le cleachtais chánach dhíobhálacha a athchóiriú (lena n-áirítear an Mheitheal um an gCód Iompair a athchóiriú)
P9_TA(2021)0416A9-0245/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le beartas an Aontais i dtaca le cleachtais chánach dhíobhálacha a athchóiriú (lena n-áirítear an Mheitheal um an gCód Iompair a athchóiriú) (2020/2258(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 113, 115 agus 116 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint don Rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát i dtaca le cód iompair maidir le cánachas gnó, arna ghlacadh an 1 Nollaig 1997(1) arb é is cuspóir dó srian a chur le hiomaíocht dhíobhálach chánach laistigh den Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Aibreán 2009 dar teideal Promoting Good Governance in Tax Matters [Dea-rialachas a chur chun feidhme i gcúrsaí cánach] (COM(2009)0201),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2015 dar teideal A Fair and Efficient Corporate Tax System in the European Union: 5 Key Areas for Action [Córas Cánach Corparáide atá Cothrom agus Éifeachtúil san Aontas Eorpach: 5 Phríomhréimse Gníomhaíochta]: (COM(2015)0302),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Eanáir 2016 maidir le straitéis sheachtrach i dtaca le cánachas éifeachtach (COM(2016)0024),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 8 Márta 2016 i dtaca leis an gcód iompair maidir le cánachas gnó(2),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Iúil 2016 maidir le bearta breise chun feabhas a chur ar an trédhearcacht agus ar an gcomhrac i gcoinne na himghabhála cánach (COM(2016)0451), lena n-áirítear míniú ar phróiseas liostaithe an Aontais do dhlínsí cánach neamh-chomhoibríocha,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 8 Samhain 2016 maidir leis na critéir agus an próiseas i dtaca le bunú liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach,

–  ag féachaint don toradh a bhí ar chruinniú den Chomhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Ecofin) an 5 Nollaig 2017,

–  ag féachaint don Mheitheal um an gCód Iompair (Cánachas Gnó): clár oibre le linn Uachtaránacht na Portaingéile(3) an 9 Feabhra 2021

–  ag féachaint don nuashonrú is déanaí ón gComhairle maidir le liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críoch cánach an 26 Feabhra 2021(4),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 dar teideal An Action Plan for Fair and Simple Taxation Supporting the Recovery Strategy [Plean Gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh] (COM(2020)0312),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Iúil 2020 maidir le dea-rialachas i réimse an chánachais san Aontas agus níos faide i gcéin (COM(2020)0313),

–  ag féachaint dá seasamh maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Comhbhonn don Cháin Chorparáide (CCTB)(5) agus maidir leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh Treoir maidir le Comhbhonn Comhdhlúite don Cháin Chorparáide (CCCTB)(6),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 dar teideal Business taxation for the 21st century [Cánachas Gnó don 21ú hAois] (COM(2021)0251),

–  ag féachaint do rúin uaithi an 25 Samhain 2015 maidir le rialuithe cánach agus bearta eile atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus éifeachta de(7), an 6 Iúil 2016 maidir le rialuithe cánach agus bearta eile atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus éifeachta de(8), agus an 26 Márta 2019 maidir le coireanna airgeadais, imghabháil cánach agus seachaint cánach(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Nollaig 2015, maille le moltaí don Choimisiún maidir le trédhearcacht, comhordú agus cóineasú a chur i bhfeidhm i mbeartais cánach corparáide san Aontas(10),

–  ag féachaint do mholadh ón bParlaimint an 13 Nollaig 2017 don Chomhairle agus don Choimisiún d’aithle an fhiosrúcháin ar sciúradh airgid, seachaint chánach agus imghabháil cánach(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le liosta an Aontais de na tearmainn chánach a athchóiriú(12) agus dá ceisteanna ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle maidir le liosta an Aontais de na tearmainn chánach a athchóiriú (O-000082/2020 – B9-0002/2021 agus O-000081/2020 – B9-0001/2021),

–  ag féachaint d’obair leantach an Choimisiúin ar gach ceann de na rúin agus na moltaí ó Pharlaimint na hEorpa thuasluaite(13),

–  ag féachaint don tuarascáil a d’ullmhaigh an Lárionad um Thaighde Eacnamaíoch Eorpach (ZEW GmbH) don Choimisiún dar teideal The Impact of Tax Planning on Forward-Looking Effective Tax Rates [Tionchar na pleanála cánach ar rátaí cánach éifeachtacha réamhbhreathnaitheacha](14),

–  ag féachaint don tuarascáil a ullmhaíodh don Choimisiún dar teideal Aggressive tax planning indicators [Táscairí pleanála ionsaithí cánach](15),

–  ag féachaint don staidéar dar teideal An overview of shell companies in the European Union [Forléargas ar chuideachtaí chaocha san Aontas Eorpach], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh an 17 Deireadh Fómhair 2018(16),

–  ag féachaint don tuarascáil ó Phainéal Ardleibhéil na Náisiún Aontaithe maidir le Cuntasacht, Trédhearcacht agus Sláine Airgeadais Idirnáisiúnta chun Clár Oibre 2030 a bhaint amach (Painéal FACTI) dar teideal Financial Integrity for Sustainable Development [Sláine Airgeadais don Fhorbairt Inbhuanaithe](17),

–  ag féachaint don obair leanúnach atá á déanamh ag Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis (BEPS) i ndáil leis na dúshláin chánach a eascraíonn as an digiteáil,

–  ag féachaint don mheasúnú ar thionchar tionscanta maidir le comhrac a chur ar úsáid eintiteas caoch agus ar úsáid socruithe caocha chun críoch cánach(18),

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta dar teideal Taxing Multinationals in Europe [Cáin a ghearradh ar Chuideachtaí Ilnáisiúnta san Eoraip](19),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1164 ón gComhairle an 12 Iúil 2016 lena leagtar síos rialacha i gcoinne cleachtais seachanta cánach a mbíonn tionchar díreach acu ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh (an ‘Treoir i gcoinne Seachaint Cánach’ nó ‘ATAD I’)(20) agus Treoir (AE) 2017/952 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 lena leasaítear Treoir (AE) 2016/1164 a mhéid a bhaineann le neamhréireanna hibrideacha le tríú tíortha (‘ATAD II’)(21),

–  ag féachaint do Threoir 2003/49/CE ón gComhairle an 3 Meitheamh 2003 maidir leis an gcóras coiteann cánachais is infheidhme ar íocaíochtaí úis agus ríchíosa arna ndéanamh idir cuideachtaí comhlachaithe Ballstát éagsúil (an ‘Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna’)(22),

–  ag féachaint do Threoir 2011/96/AE ón gComhairle an 30 Samhain 2011 maidir le córas comhchoiteann cánach is infheidhme i gcás máthairchuideachtaí agus fochuideachtaí as Ballstáit difriúla (an ‘Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí’)(23),

–  ag féachaint do Threoir 2011/16/AE ón gComhairle an 15 Feabhra 2011 maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais agus lena n-aisghairtear Treoir 77/799/CEE (an ‘Treoir maidir le comhar riaracháin i réimse an chánachais’ nó ‘DAC 1’)(24), Treoir (AE) 2015/2376 ón gComhairle an 8 Nollaig 2015 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais (‘DAC 3’)(25), Treoir (AE) 2016/881 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais (‘DAC 4’)(26) agus Treoir (AE) 2018/822 an 25 Bealtaine 2016 lena leasaítear Treoir 2011/16/AE a mhéid a bhaineann le le huathmhalartú éigeantach faisnéise i réimse an chánachais i ndáil le socruithe intuairiscithe trasteorann (‘DAC 6’)(27),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0245/2021),

A.  de bhrí, ó 1997 i leith, gurb é an Cód Iompair maidir le Cánachas Gnó (an Cód Iompair) príomhionstraim an Aontais chun bearta cánach díobhálacha a chosc; de bhrí go sainmhínítear bearta cánach díobhálacha sa Chód Iompair maidir le Cánachas Gnó mar bhearta (lena n-áirítear cleachtais riaracháin) a imríonn tionchar, nó a d’fhéadfadh tionchar a imirt, ar bhealach suntasach, ar shuíomh gníomhaíochta gnó san Aontas, agus a dhéanann foráil maidir le leibhéal cánachais atá i bhfad níos ísle ná na leibhéil cánachais a bhfuil feidhm acu go ginearálta sa Bhallstát i dtrácht;

B.  de bhrí, de réir na Tuarascála Bliantúla maidir le Cánachas 2021 ón gCoimisiún, go meastar go gcailltear EUR 36-37 mbilliún d’ioncam ó cháin ioncaim chorparáide gach bliain mar thoradh ar sheachaint cánach in AE(28);

C.  de bhrí gur tháinig meath ar chórais fhabhracha ar fud an domhain, go háirithe san Aontas, mar thoradh ar bheartais i gcoinne seachaint cánach; de bhrí, de réir Ghníomhaíocht 6 BEPS ECFE, gur córas gurb ea córas fabhrach a chuireann fabhar tráchtála de chineál éigin ar fáil i gcomparáid le prionsabail ghinearálta an chánachais sa tír ábhartha; de bhrí go bhféadfadh réimse leathan foirmeacha a bheith ag fabhar arna chur ar fáil ag córas, lena n-áirítear laghdú ar an leibhéal cánach nó an bonn cánach nó téarmaí fabhracha maidir le híocaíocht nó aisíocaíocht cánacha(29); de bhrí go bhfuil foirmeacha nua cleachtas cánach díobhálach tagtha chun cinn, go háirithe de bharr an chlaochlaithe ó chórais fhabhracha go córais ionsaitheacha ghinearálta;

D.  de bhrí gurb é atá i gceist le pleanáil ionsaitheach cánach leas a bhaint as mionsonraí teicniúla córais chánach nó as mí-oiriúnuithe idir dhá chóras cánach nó níos mó chun dliteanais cánach a laghdú; de bhrí nár cheart go gcuirfeadh bearta cánach bac ar thionscnaimh phríobháideacha lena lamháiltear d’fhás inbhuanaithe; de bhrí, de réir taighde eimpíreach, go bhfuil an leibhéal cánach éifeachtach níos ísle do chuideachtaí ilnáisiúnta móra ná do FBManna intíre(30);

E.  de bhrí go n-áirítear glacadh reachtaíochta, reachtaíochta boige agus comhar idir-rialtasach san obair a dhéanann an tAontas in aghaidh cleachtais chánach dhíobhálacha; de bhrí go dtéitear i gcomhairle leis an bParlaimint i réimse na cánach dírí agus go n-urramaíonn sí ceannasacht na mBallstát sa réimse sin;

F.  de bhrí gur tháinig imní faoi chleachtais chánach dhíobhálacha chun cinn san Aontas go luath sna 1990idí nuair a bunaíodh Coiste Saineolaithe Neamhspleácha agus nuair a chuir an coiste sin tuarascáil ar fáil ina raibh moltaí maidir le cánachas corparáideach laistigh den Aontas (‘Tuarascáil Ruding’)(31); de bhrí gur bhunaigh Comhairle an Aontais Eorpaigh Cód Iompair maidir le Cánachas Gnó in 1997; de bhrí gur bunaíodh an Mheitheal um an gCód Iompair laistigh den Chomhairle chun measúnú a dhéanamh ar bhearta cánach a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an Chóid Iompair; de bhrí go dtugann taighde eimpíreach(32) le fios go gcailleann Ballstáit AE go léir an chuid is mó d’ioncam ó cháin chorparáide chun tairbhe Bhallstáit eile AE ná chun tairbhe na dtríú tíortha; á chur i bhfios go láidir gurb é an príomhchúis atá leis an gcaillteanas ioncaim sin ná an easpa gníomhaíochta reachtaí i gcoinne cleachtais chánach ionsaitheacha laistigh den Aontas agus iomaíocht dhíobhálach cánach;

G.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Meitheal um an gCód Iompair measúnú a dhéanamh ar na bearta cánach a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an Chóid Iompair maidir le Cánachas Gnó agus gurb ionann é agus spás le haghaidh comhair agus chun measúnú piaraí a dhéanamh ar chórais dhíobhálacha fhéideartha laistigh de AE; de bhrí go bhfuil údarás áirithe faighte ag an gCód Iompair i measc Ballstát, trí phiarbhrú a chur orthu athchóiriú a dhéanamh, agus, ar an gcaoi sin, gur chuir sé brú ar thríú tíortha comhoibriú faoi chuimsiú phróiseas liostaithe AE;

H.  de bhrí go raibh an Mheitheal um an gCód Iompair éifeachtúil ó thaobh córais chánach fhabhracha a dhíspreagadh; de bhrí gur cosúil go raibh tionchar ag iomaíocht cánach san Eoraip ar an titim ar rátaí cánach ioncaim corparáide, ar titim é a d’fhág go bhfuil an meánráta cánach ioncaim corparáide san Eoraip níos lú ná an meánráta i dtíortha OECD(33); de bhrí gur rannchuidigh an Cód Iompair le cosc a chur ar iomaíocht ionsaitheach cánach idir Ballstáit trí phrionsabail maidir le hiomaíocht chóir a leagan amach; de bhrí gur mhainnigh an Mheitheal um an gCód Iompair deireadh a chur le socruithe éagóracha cánach a chuireann roinnt Ballstát ar fáil do chuideachtaí móra, amhail réamhshocruithe díobhálacha praghsála (‘rialuithe cánach’), agus an buntáiste iomaíoch éagórach a leanann as; de bhrí gur díríodh ar chórais maoine intleachtúla sna measúnuithe piaraí is déanaí a rinne an Mheitheal um an gCód Iompair; de bhrí go bhfuil an Mheitheal um an gCód Iompair de chineál idir-rialtasach amháin;

I.  de bhrí go bhfuil dá cholún an chomhaontaithe dhomhanda a bheidh ann amach anseo i gcomhréir le fís an Choimisiúin i dtaca le creat um chánachas gnó a léiríodh sa teachtaireacht a d’eisigh an Coimisiún le déanaí dar teideal ‘Cánachas Gnó don 21ú haois’; de bhrí gur fhógair an Coimisiún sa teachtaireacht sin togra le haghaidh treoir lena léireofar Rialacha Samhla ECFE ina mbeidh na coigeartuithe riachtanacha chun Colún II maidir le cánachas íosta éifeachtach a chur chun feidhme;

J.  de bhrí gur éirigh leis an Meitheal um an gCód Iompair tús a chur le hidirphlé le dlínsí tríú tír a n-iarrtar orthu a gcuid cleachtas cánach díobhálach a aisghairm chun nach n-áireofaí iad ar liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha chun críocha cánach (‘liosta an Aontais’); de bhrí nach mór gur ionstraim a bheadh i liosta AE chun cleachtais chánach dhíobhálacha ag dlínsí tríú tíortha a dhíspreagadh chun iomaíocht chóir dhomhanda a chaomhnú; de bhrí nach bhfuil ach 12 dhlínse i liosta reatha an Aontais(34) agus nach bhfuil tearmainn chánach mhíchlúiteacha áirithe san áireamh, ar an drochuair; de bhrí go mbunaítear liosta an Aontais ar bhonn na gcritéar a shainítear sa Chód Iompair maidir le Cánachas Gnó;

K.  de bhrí go bhfuil na critéir le haghaidh liosta an Aontais fós éagsúil ó na critéir a úsáidtear i gcomhthéacs mheasúnú piaraí an Aontais ar chleachtais chánach dhíobhálacha, agus go ndéanann an Mheitheal um an gCód Iompair an dá mheasúnú; de bhrí go bhfuair sé Bhallstát moltaí tír-shonracha maidir lena gcóras cánach a neartú i leith riosca na pleanála ionsaithí cánach;

L.  de bhrí gur ghlac an Coimisiún teachtaireacht maidir le dea-rialachas i réimse an chánachais in AE agus níos faide i gcéin agus go mbeartaítear leis athchóiriú ar an gCód Iompair agus feabhsuithe ar liosta an Aontais;

M.  de bhrí go bhfuil geilleagar AE thíos leis an gcúlú eacnamaíoch is measa dá bhfuil ann le blianta beaga anuas mar thoradh ar phaindéim COVID-19, agus nach bhfuil comharthaí téarnaimh le feiceáil ach le déanaí; de bhrí, mar chuid dá bhfreagairt ar phaindéim COVID-19, gur thug rialtais ar fud an Aontais bearta cánach isteach go tapa chun leachtacht a sholáthar do ghnólachtaí agus do theaghlaigh araon(35), rud a d’fhág go raibh ioncam cánach laghdaithe ann do na Ballstáit; de bhrí gur cheart cánachas gnó a bheith ina uirlis chun tacú le téarnamh trí rialacha cánach simplí, cobhsaí agus fabhrach do FBManna nach gcuireann bac ar théarnamh eacnamaíoch trí ualach iomarcach cánach;

Beartais reatha an Aontais chun dul i ngleic le cleachtais chánach dhíobhálacha san Aontas

1.  de bhrí go bhfuil borradh tagtha faoi chlár oibre beartais AE maidir le cleachtais chánach dhíobhálacha mar thoradh ar roinnt scannal cánach, go háirithe LuxLeaks, Páipéir Phanama, Páipéir Pharthais agus, níos déanaí fós, fiosrúchán OpenLux; á chur i bhfáth, mar thoradh ar imghabháil cánach agus seachaint cánach, go bhfuil caillteanas do-ghlactha ioncaim shubstaintiúil ann do na Ballstáit, ar ioncam é a bhfuil gá leis faoi láthair chun dul i ngleic le hiarmhairtí tubaisteacha na paindéime; á mheabhrú na meastacháin choimeádacha ó ECFE maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis a chosnaíonn thart ar 4-10 % d’ioncaim dhomhanda na cánach corparáide nó USD 100-240 (EUR 84-202) billiún gach bliain(36); ag meabhrú, de réir mheastacháin na Parlaiminte, go bhfuil idir EUR 160 billiún agus EUR 190 billiún i gceist le seachaint cánach corparáide nuair a chuirtear creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis agus córais chánach eile san áireamh(37); á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú rialta a dhéanamh ar scála na himghabhála cánach agus na seachanta cánach;

2.  á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí suntasacha a rinneadh ar leibhéal AE agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun prionsabail na trédhearcachta cánach a neartú, iomaíocht cánach dhíobhálach a chomhrac, agus a áirithiú go ndéanfar bearta i gcoinne cleachtais chánach dhíobhálacha a urramú; á chur in iúl gur geal léi an comhaontú idirinstitiúideach ar thángthas air maidir leis an treoir lena leasaítear Treoir 2013/34/AE(38) maidir le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe (tuairisciú poiblí de réir tíre); ag tnúth leis go nglacfaidh an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh ionas gur féidir an treoir a ghlacadh agus teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir; ag tabhairt dá haire éagsúlacht ionstraimí an Aontais a glacadh chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais chánach dhíobhálacha laistigh den Aontas, lena n-áirítear ATAD I agus II, an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna, an Treoir maidir le Máthairchuideachtaí agus Fochuideachtaí, an Treoir maidir le Comhar Riaracháin i réimse an Chánachais, agus, go háirithe, DAC 3, 4 agus 6 (maidir le rialuithe cánach, tuairisciú de réir tíre agus rialacha nochta éigeantaigh d’idirghabhálaithe), na moltaí éagsúla ón gCoimisiún chuig an gComhairle, an Cód Iompair, agus na moltaí ón gComhairle faoi chuimsiú an tSeimeastair Eorpaigh chun déileáil le pleanáil ionsaitheach cánach;

3.  á mheabhrú go bhforáiltear le reachtaíocht an Aontais caighdeáin íosta do ghníomhaíochtaí comhoibritheacha agus do mhalartú faisnéise i réimse an chánachais; ag tacú le tuilleadh plé i measc na mBallstát chun comhar riaracháin i réimse an chánachais a neartú; á chur i bhfáth gur cheart béim a chur ar chur chun feidhme agus faireachán cuí i dtaca leis na rialacha atá ann cheana; á thabhairt chun suntais, laistigh de gheilleagar sóisialta margaidh AE, go gcabhraíonn leibhéil leormhaithe cánach agus rialacha cánach simplí agus soiléire le poist a chruthú, feabhas a chur ar iomaíochas AE, agus go gcuireann siad leis an gcomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus na seachanta cánach; á aithint go bhfuil an lánrogha ag na Ballstáit cinneadh a dhéanamh maidir lena mbeartas cánach de réir mar a mheasann siad a bheith iomchuí, i bhfianaise a gcúinsí féin; á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur cheart do na Ballstáit a gcuid inniúlachtaí a fheidhmiú i gcomhréir le dlí an Aontais;

4.  á thabhairt dá haire go bhfeidhmíonn an Cód Iompair ar an mbonn, cé nach bhfuil fadhbanna per se ag baint le hiomaíocht cánach i measc tíortha, gur gá go mbeadh prionsabail chomhchoiteanna ann maidir lena mhéid is féidir leo a gcórais chánach agus a mbeartais chánach a úsáid chun gnólachtaí agus brábúis a mhealladh; á thabhairt chun suntais go n-aithníonn an Coimisiún go bhfuil athrú substaintiúil tagtha ar nádúr agus cineál na hiomaíochta cánach le fiche bliain anuas agus nach bhfuil forbairt tagtha ar an gCód Iompair chun dul i ngleic leis na dúshláin nua sin, rud a thugann dúshlán do bhunchlocha na cothroime(39);

5.  á chur in iúl gur geal léi an ghné inmheánach agus sheachtrach den obair a rinne an Mheitheal um an gCód Iompair maidir le cleachtais chánach dhíobhálacha; ag tabhairt dá haire gurb í an Mheitheal um an gCód Iompair is mó a phléann le gné sheachtrach na gcleachtas cánach díobhálach tríd an gcritéar maidir le ‘Cánachas Cothrom’ a chur i bhfeidhm; á mheas nach mór athchóiriú a dhéanamh ar phróiseas liostaithe AE; á mholadh go ndéanfaí an próiseas sin a chur ar bhonn foirmiúil i ndlí AE, go háirithe trí ionstraim cheangailteach; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh faisnéise a sholáthar chun measúnú a dhéanamh ar an gcomhleanúnachas idir na critéir nach bhfuil chomh dian maidir le cleachtais chánach dhíobhálacha, a bhfuil feidhm acu maidir leis na Ballstáit, agus na critéir níos déine, go háirithe maidir le tábhacht eacnamaíoch, a bhfuil feidhm acu maidir le dlínsí tríú tíortha sa phróiseas liostaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart do na Ballstáit critéar na ‘Trédhearcachta’ a urramú freisin, i gcomhréir le cur chun feidhme Threoir DAC; á thabhairt dá haire go mbraitheann tionchar an Aontais maidir le himghabháil cánach agus cleachtais chánach dhíobhálacha a chomhrac ar fud an domhain ar an dea-shampla a thugann sé sa bhaile; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an, an fógra maidir le dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne úsáid éagórach cuideachtaí caocha agus tá sí ag tnúth leis an togra maidir le rialacha i ndáil le tábhacht eacnamaíoch do chuideachtaí caocha a luaitear sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cánachas Gnó don 21ú haois, arb é is aidhm leis aghaidh a thabhairt ar na deiseanna do pleanáil ionsaitheach cánach atá nasctha le húsáid cuideachtaí gan aon láithreacht shuntasach nó a bhfuil láithreacht shuntasach íosta acu agus ag a bhfuil fíorghníomhaíocht eacnamaíoch i gcríoch;

6.  á thabhairt dá haire, ó 1997, gurb é an Cód Iompair príomhionstraim an Aontais chun iomaíocht dhíobhálach cánach a chosc; á mheabhrú gur cruthaíodh Fóram maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha laistigh de ECFE in 1998 agus é mar chúram air faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar chleachtais chánach, agus béim á leagan ar shaintréithe na gcóras cánach fabhrach; á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar cinntitheach ag meastóireachtaí an Fhóraim maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha ar cháiliú córas díobhálach i bpróiseas liostaithe an Aontais; á iarraidh go mbeidh an Cód Iompair fós neamhspleách ar an bhFóram maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha agus measúnú á dhéanamh ar chleachtais chánach dhíobhálacha;

Moltaí maidir le hobair an Aontais amach anseo ar chleachtais chánach dhíobhálacha

7.  ag cur béim ar athchóiriú Cholún II ar Chreat Cuimsitheach ECFE/G20 um BEPS (Creat Cuimsitheach) atá beartaithe, arb é is aidhm dó aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá fós ann maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis agus rialacha a leagan amach lena dtugtar ceart chun cánachais do dhlínsí i gcás nach bhfuil a gcearta príomha chun cánachais feidhmithe ag dlínsí eile nó ina bhfuil an íocaíocht faoi réir leibhéil ísle cánachais éifeachtaigh ar shlí eile, chun cleachtais chánach dhíobhálacha a chomhrac agus ráta cánach éifeachtach a fhorchur(40); ag tnúth le, i ndáil leis sin, comhdhearcadh a comhaontaíodh ar bhonn domhanda atá i gcomhréir le leasanna an Aontais maidir le prionsabail agus caighdeáin cánach shimplí agus chóra a bheith ann;

8.  á thabhairt dá haire an móiminteam nua i gcaibidlíochtaí maidir le Creat Cuimsitheach ECFE/G20 arna gcruthú leis na tograí le déanaí ó Rialtas na Stát Aontaithe,, mar aon leis an gCreat-Chomhaontú Cuimsitheach ar thángthas air le déanaí agus Communiqué na nAirí Airgeadais, lena bhféadfaí comhaontú maidir le Colún II a éascú faoi lár 2021, trí níos mó ná 130 tír a thabhairt le chéile; ag comhroinnt thiomantas G7 amhail ón 13 Meitheamh 2021 do ‘cháin íosta dhomhanda de 15 % ar a laghad de réir gach tíre’ mar bhonn do chaibidlíocht bhreise, a athdheimhníodh an 1 Iúil 2021 sa Statement on a Two-Pillar Solution to Address the Tax Challenges Arising From the Digitalisation of the Economy [Ráiteas maidir le réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair];

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair ar an toradh a bheidh ar chaibidlíocht idirnáisiúnta maidir le cáin a chur ar aghaidh; á mheabhrú thiomantas an Choimisiúin réiteach a mholadh atá cosúil le réiteach Cholún II maidir le cánachas íosta éifeachtach, gan beann ar chomhaontú a bheith tugtha i gcrích nó gan a bheith tugtha i gcrích ar leibhéal Chreat Cuimsitheach ECFE;

10.  á iarraidh go ndéanfar sainmhíniú ar ‘íosleibhéal tábhachta eacnamaíche’ a ghlacadh, atá comhoiriúnach le caighdeán domhanda ECFE agus le hobair a dhéanfar ina dhiaidh sin a bhaineann le Gníomhaíocht 6 BEPS, bunaithe ar chur chuige foirmleach más féidir, agus a thiocfadh forbairt air diaidh ar ndiaidh de réir mar a thagann méadú ar ioncam dearbhaithe; á mholadh go bhféadfaí an critéar sin a úsáid chun a mheas an bhféadfadh córas cánach dochar a dhéanamh; á mheas go ndéanann an Coimisiún breithniú i dtaobh ceanglais nua maidir le tábhacht eacnamaíoch agus i dtaobh táscairí i ndáil le fíorghníomhaíocht eacnamaíoch chun críocha rialacha cánachais sa teachtaireacht uaidh maidir le Cánachas Gnó don 21ú hAois; ag leagan béim ar an gceanglas maidir le tábhacht eacnamaíoch atá san áireamh cheana féin i gcritéar liosta an Aontais maidir le ‘Cánachas Cothrom’; á mheas, áfach, go bhféadfaí bríonna éagsúla a bhaint as an gcritéar sin agus go bhfuil sé fós ródhoiléir, ós rud é go lamhálann sé fós do thearmainn chánach mhíchlúiteacha a bheith díliostaithe tar éis athchóirithe de minimis;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a chur ar fáil faoi cé mar is féidir dreasachtaí córa agus trédhearcacha cánach a cheapadh ina mbeadh níos lú rioscaí go ndéanfaí an Margadh Aonair a shaobhadh, agus lena n-áiritheofaí iomaíocht chóir agus lena dtabharfaí tús áite do chruthú poist, go háirithe trí scrúdú a dhéanamh ar chineál (brabúsbhunaithe nó costasbhunaithe), nádúr ama (sealadach nó buan), teorainn gheografach (limistéir eacnamaíocha) agus déine (díolúintí iomlána nó páirteacha) na ndreasachtaí sin; ag tabhairt dá haire staidéar arna choimisiniú ag Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir leis an laghdú ar rátaí cánach corparáide agus an tionchar atá aige sin ar ioncaim agus fás(41);

12.  á chur in iúl gur geal léi go n-aithníonn an Coimisiún gur cheart breithniú a dhéanamh ar íoschaighdeán cánachais domhanda amach anseo sa Chód Iompair gan beann ar chomhdhearcadh a bheith ann ar an leibhéal domhanda nó gan a bheith ann, chun a áirithiú go n-íocfaidh gach gnólacht méid chothrom cánach agus brabúis á nginiúint acu sa mhargadh aonair(42); ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún tograí reachtacha le déanaí ina theachtaireacht maidir le ‘Cánachas Gnó don 21ú hAois’, ar tograí iad a bheidh riachtanach chun Colún II a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear athbhreithniú ar ATAD chun na rialacha maidir le corparáid faoi rialú eachtrach a oiriúniú don Riail comhaontaithe i gColún II maidir le hIoncam a Áireamh, athmhúnlú na Treorach maidir le hÚs agus Ríchíosanna, athchóiriú ar an gCód Iompair agus tabhairt isteach Cholún II sna critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar thríú tíortha i liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, a ráthú go ndéanfar na rialacha cur chun feidhme maidir le ráta cánach íosta éifeachtach a cheapadh gan costais iomarcacha chomhlíonta; á chur in iúl go dtuigeann sí, ar an iomlán, nár cheart do ráta cánach éifeachtach náisiúnta aon ghnóthais mhóir titim faoi bhun an íosráta cánach, de réir loighic thogra reatha Cholún II;

13.  á mheabhrú go bhfuil an togra chun an Treoir maidir le hÚs agus Ríchíosanna a leasú á chosc sa Chomhairle ó 2012 i leith, go háirithe mar gheall ar easaontas maidir le cáin íosta iarchoimeádta; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an Uachtaránacht caibidlíochtaí a chur ar bun an athuair i ndáil leis sin;

14.  á thabhairt chun suntais gur gá cáin a ghearradh ar chorparáidí ilnáisiúnta ar bhonn foirmle atá cothrom agus éifeachtach chun cearta cánachais a leithdháileadh idir Ballstáit; á chur in iúl gur oth léi nár tháinig an Chomhairle ar chomhaontú i leith thograí CCTB agus CCCTB; ag tathant ar an gCoimisiún amlíne na togra reachtaí BEFIT a bheidh ann amach anseo a choigeartú de réir an chláir oibre idirnáisiúnta maidir le cáin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa straitéise soiléire chun a áirithiú go dtacóidh na Ballstáit le creat nua maidir le cánachas gnó san Aontas;

15.  á chur i bhfios go láidir, de réir an Chiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta(43), cé go bhfuil rátaí cánach corparáide ar bhealach ag dul i laghad, go bhfuil bailiú ioncaim ó cháin ioncaim chorparáideach mar chéatadán de OTI gan athrú le himeacht ama, agus an timthriall gnó á chur san áireamh;

16.  á áitiú, le cur chun feidhme uirlisí nua an Aontais i gcoinne cleachtais chánach dhíobhálacha amach anseo, gur cheart tús áite a thabhairt do leas a bhaint as ionstraimí ceangailteacha agus féachaint ar na deiseanna uile a chuirtear ar fáil le CFAE a fhágann go bhfuil cinnteoireacht níos éifeachtaí; á mheabhrú gur féidir an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 116 CFAE a chur i bhfeidhm i gcás ina bhfuil cleachtais chánach dhíobhálacha ag saobhadh choinníoll na hiomaíochta sa mhargadh inmheánach agus nach n-athraíonn foráil na Treorach seo dáileadh na n-inniúlachtaí idir an tAontas agus na Ballstáit;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht na dticbhoscaí paitinní agus na gcóras eile maoine intleachtúla faoi chur chuige nua an chumarphointe a shainítear i nGníomhaíocht 5 de Phlean Gníomhaíochta BEPS maidir le Cleachtais Chánach Dhíobhálacha, lena n-áirítear an tionchar ar chaillteanais ioncaim; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a chur ar aghaidh i gcás ina suítear leis an meastóireacht nach bhfuil tionchar ag córais maoine intleachtúla ar fhíorghníomhaíochtaí eacnamaíocha; á thabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag Rialtas na Stát Aontaithe a Ioncam Doláimhsithe Eachtrach a aisghairm;

18.  á thabhairt chun suntais go ndéantar faireachán ar bheartais chánachais na mBallstát tríd an Seimeastar Eorpach; á chreidiúint go bhféadfaí an Seimeastar Eorpach a fhorbairt tuilleadh mar uirlis chun tacú le srian a chur le pleanáil ionsaitheach cánach laistigh de AE trí mholtaí tiomnaithe tírshonracha;

Áthchóiriú a dhéanamh ar an gCód Iompair maidir le Cánachas Gnó;

19.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil measúnú déanta ag an Meitheal um an gCód Iompair ar 480 córas ó bunaíodh é, ina meastar go bhfuil thart ar 130(44) córas díobhálach(45); á aithint go raibh tionchar ag an measúnú piaraí ar chórais chánach náisiúnta a rinneadh faoi chuimsiú an Chóid Iompair ar iomaíocht dhíobhálach cánach a laghdú agus go bhfuil laghdú iarmhartach tagtha ar chórais chánach fhabhracha laistigh den Aontas mar thoradh air; ag súil leis go bhféadfadh tionchar comhchosúil a bheith ann ar an leibhéal domhanda trí phróiseas liostaithe AE; ag tabhairt rabhadh, áfach, faoi fhorbairt córas díobhálach neamhfhabhrach; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil na critéir reatha lena sainítear cleachtais chánach dhíobhálacha sa Chód Iompair as dáta i bpáirt i bhfianaise a fhócais ar chórais fhabhracha; ag cur béim ar an ngá atá ann feabhas a chur ar éifeachtacht an Chóid Iompair i bhfianaise scannál cánach a bhí ann le déanaí agus dúshlán reatha amhail domhandú, digiteáil agus an tábhacht méadaitheach a bhaineann le sócmhainní doláimhsithe;

20.  á iarraidh ar an Meitheal um an gCód Iompair lánúsáid a bhaint as raon feidhme reatha a sainordaithe; á iarraidh ar an gComhairle, áfach, leanúint de raon feidhme an tsainordaithe a athchóiriú go mear agus i gcás inarb iomchuí, agus go háirithe féachaint ar tháscairí pleanála ionsaithí cánach uile de réir an Bhallstáit, lena n-áirítear saintréithe ginearálta córais chánach, chun a chinneadh cibé an gcuimsítear bearta cánach díobhálaha ina reachtaíocht; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach a dhéanamh ar theachtaireacht ón gCoimisiún ó mhí Iúil 2021 maidir le dea-rialachas i réimse an chánachais san Aontas agus níos faide i gcéin, lena moltar athchóiriú ar an gCód Iompair chun iomaíocht chóir laistigh den Aontas a áirithiú; á thabhairt dá haire go bhfuil sé sin á dhéanamh go páirteach cheana féin ag an Meitheal um an gCód Iompair, go háirithe i dtaca le córais asbhaint úis bharúlaigh agus córais díolúine maidir le hioncam ó fhoinsí eachtracha agus faoi chuimsiú phróiseas liostaithe AE;

21.  á thabhairt chun suntais gur ionstraim dlí bhoig í an Cód Iompair arb é is aidhm dó creat cánach AE a chaomhnú lena lamháiltear do mhachaire comhréidh maidir le cánachas, ar bhonn measúnú piaraí agus piarbhrú; á chur in iúl gur oth léi, áfach, cineál neamhcheangailteach an Chóid Iompair; á thabhairt dá haire go bhféadfadh na Ballstáit moill a chur le córas díobhálach a aisghairm agus córas den sórt sin a choinneáil fiú, gan aon iarmhairtí a bheith i gceist; á áitiú gur cheart an doiciméadacht maidir le cinnteoireacht an Chóid Iompair a bheith ar fáil go poiblí;

22.  á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar chritéir, rialachas agus raon feidhme an Chóid Iompair trí ionstraim cheangailteach atá bunaithe ar na socruithe idir-rialtasacha reatha agus trí nós imeachta cinnteoireachta níos éifeachtaí; á chreidiúint gur cheart athbhreithniú a dhéanamh ar an gCód Iompair trí úsáid a bhaint as próiseas daonlathach, trédhearcach agus cuntasach agus le rannpháirtíocht sainghrúpa ina bhfuil saineolaithe ó réimse na sochaí sibhialta, ón gCoimisiún agus ón bParlaimint; á iarraidh go ndéanfar an ionstraim athbhreithnithe a chur i bhfeidhm ar bhealach níos trédhearcaí agus níos éifeachtaí, agus go ndéanfar foráil ann maidir le rannpháirtíocht leormhaith na Parlaiminte sa phróiseas maidir le beartais nua agus critéir a cheapadh agus a ghlacadh chun cleachtais chánach dhíobhálacha a chomhrac;

23.  á mheas gur cheart an t-athchóiriú ar chritéir an Chóid Iompair a dhéanamh go práinneach agus gur cheart go n-áireofaí leis, mar chéad chéim, critéar maidir le ráta cánach éifeachtach atá i gcomhréir leis an íosráta cánach éifeachtach a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta faoi chuimsiú Cholún II den Chreat Cuimsitheach, agus ceanglais maidir le tábhacht eacnamaíoch atá láidir agus forásach, agus san am céanna go lamhálfaí leis iomaíocht chóir, ar toradh féideartha idéalach é d’iarracht uaillmhianach, atá spreagtha den chuid is mó ag an Aontas agus ag na Stáit Aontaithe, arb é an comhpháirtí is tábhachtaí atá aige;

24.  á mheas go bhféadfadh réimse leathan tosca riosca féideartha aistriú brabúis a éascú, amhail líon na n-eintiteas sainchuspóireacha, athshocrú sócmhainní doláimhsithe agus ardleibhéal ioncaim éighníomhaigh (ríchíosanna, leasanna, díbhinní, etc.);

25.  ag tacú le rún an Choimisiúin, mar a leagtar amach ina Phlean Gníomhaíochta le haghaidh cánachas cothrom agus simplí a thacaíonn leis an straitéis téarnaimh, chun raon feidhme an Chóid Iompair a leathnú chun tuilleadh cineálacha córas agus gnéithe ginearálta de chórais náisiúnta cánach corparáide a chumhdach; á mholadh go n-áireofaí córais fhabhracha um cháin ioncaim phearsanta, chun scéimeanna saoránachta speisialta a chumhdach nó bearta chun daoine saibhre an-soghluaiste agus fánaithe digiteacha a mhealladh, a bhfhéadfadh saobhadh suntasach an Mhargaidh Aonair a bheith mar thoradh orthu;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh i dtaobh ‘Creat maidir le Socruithe Ionsaitheacha Cánach agus Rátaí Ísle’ (FATAL) ar na bealaí seo a leanas, agus a thiocfadh in ionad an Chóid Iompair reatha:

A.  Gan dochar do réimsí inniúlachta faoi seach na mBallstát agus an Aontais, baineann an creat seo leis na bearta sin a imríonn tionchar, nó a d’fhéadfadh tionchar a imirt, ar bhealach suntasach, ar shuíomh gníomhaíochta gnó san Aontas agus ar athshocrú ioncaim agus caipitil phearsanta (córais cánachais aonair).

Áirítear le gníomhaíocht gnó, i ndáil leis sin, gach gníomhaíocht a dhéantar laistigh de ghrúpa comhlachtaí.

Áirítear dlíthe nó rialacháin agus cleachtais riaracháin leis na bearta cánach a chumhdaítear leis an gcreat.

B.  Faoin raon feidhme a shonraítear i mír A, maidir le bearta cánach lena ndéantar foráil maidir le leibhéal éifeachtach cánach atá i bhfad níos ísle, lena n-áirítear cánachas nialasach, ná na leibhéil sin a bhfuil feidhm acu go hiondúil sa Bhallstát atá i gceist, nó atá faoi bhun aon íosleibhéil éifeachtaigh cánach a comhaontaíodh sa Chreat Cuimsitheach maidir le BEPS nó i bhfóraim idirnáisiúnta ina bhfuil AE ionadaithe, tá siad le háireamh mar bhearta a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus dá bhrí sin a chumhdaítear leis an gcód seo (critéar na tairsí).

D’fhéadfadh leibhéal cánachais den sórt sin feidhmiú de bhua an ráta cánach ainmniúil, agus/nó an bhoinn cánach nó aon toisc ábhartha eile a chineann an ráta cánach éifeachtach.

Agus measúnú á dhéanamh ar cibé an bhfuil na bearta sin díobhálach, ba cheart aird a thabhairt ar na nithe seo a leanas, inter alia:

   1. cibé an dtugtar buntáistí do neamhchónaitheoirí nó i leith idirbhearta a dhéantar le neamhchónaitheoirí; nó
   2. cibé an ndéantar buntáistí a imfhálú ón ngeilleagar baile, sa chaoi nach ndéanfaidh siad difear don bhonn cánach náisiúnta; nó
   3. cibé an dtugtar buntáistí fiú gan aon fhíorghníomhaíocht eacnamaíoch agus láithreacht eacnamaíoch shubstaintiúil laistigh den Bhallstát a chuireann na buntáistí cánach sin ar fáil, mar atá sainithe ag an gCoimisiún Eorpach agus bunaithe ar cheanglas maidir le tábhacht eacnamaíoch comhréireach a fhorbraíonn diaidh ar ndiaidh de réir mar a mhéadaíonn ioncam dearbhaithe laistigh den Bhallstát i dtrácht. Tabharfar aird ar leith ar na córais maoine intleachtúla i dtaca leis sin;
   4. maidir leis na rialacha le haghaidh cinneadh brabúis i leith gníomhaíochtaí laistigh de ghrúpa ilnáisiúnta cuideachtaí, cibé an imíonn siad ó phrionsabail a bhfuil glacadh leo go hidirnáisiúnta, go háirithe na rialacha a comhaontaíodh laistigh de ECFE; nó
   5. cibé an bhfuil easpa trédhearcachta sna beartais chánach, lena n-áirítear i gcás ina ndéantar forálacha dlí a mhaolú ar an leibhéal riaracháin ar bhealach neamh-thrédhearcach.

C.  Faoin raon feidhme a shonraítear i mír A, tá córais chánach fhabhracha maidir le hiomcam pearsanta agus caipiteal as a eascraíonn leibhéal éifeachtach cánach atá i bhfad níos ísle, lena n-áirítear cánachas nialasach, ná na leibhéil sin a bhfuil feidhm acu go hiondúil sa Bhallstát atá i gceist, le háireamh mar bhearta a d’fhéadfadh a bheith díobhálach agus dá bhrí sin a chumhdaítear leis an gcód seo. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh sé go gcumhdófaí córais chánach maidir le hioncam pearsanta agus rachmas a mbeadh saobhadh suntasach an Mhargaidh Aonair a bheith mar thoradh orthu faoin raon feidhme agus go ndéanfaí measúnú orthu.

Tréimhse neamhghníomhaíochta agus rolladh siar

Tréimhse neamhghníomhaíochta

D.  Tugann na Ballstáit tiomantas nach dtabharfaidh siad bearta cánach nua isteach atá díobhálach de réir bhrí an chreata seo. Dá bhrí sin, urramóidh na Ballstáit na prionsabail atá mar bhonn leis an gcreat seo agus an beartas a bheidh ann amach anseo á chinneadh acu agus tabharfaidh siad aird chuí ar an bpróiseas athbhreithnithe dá dtagraítear i míreanna E go I agus measúnú á dhéanamh maidir le cibé an bhfuil aon bheart cánach nua díobhálach.

Rolladh siar

E.  Tugann na Ballstáit tiomantas go ndéanfaidh siad athscrúdú ar na dlíthe atá ann cheana féin agus ar chleachtais sheanbhunaithe, ag féachaint do na prionsabail atá mar bhonn leis an gcreat seo agus don phróiseas athbhreithnithe a leagtar amach i míreanna E go I. Déanfaidh na Ballstáit leasú ar na dlíthe agus ar na cleachtais sin de réir mar is gá d’fhonn deireadh a chur le haon bhearta díobhálacha a luaithe is féidir agus aird á tabhairt ar phléití na Comhairle agus an Choimisiúin tar éis an phróisis athbhreithnithe.

An próiseas athbhreithnithe

Faisnéis ábhartha a sholáthar

F.  I gcomhréir le prionsabail na trédhearcachta agus na hoscailteachta, cuirfidh na Ballstáit a chéile ar an eolas faoi bhearta cánach atá ann cheana agus atá beartaithe a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an chreata. Go háirithe, iarrtar ar na Ballstáit, arna iarraidh sin ag Ballstát eile, faisnéis a sholáthar maidir le haon bheart cánach ar cosúil go dtagann sé faoi raon feidhme an chreata. I gcás ina n-éilítear formheas na parlaiminte le bearta cánach atá beartaithe, ní gá an fhaisnéis sin a thabhairt go dtí go mbeidh an Pharlaimint curtha ar an eolas maidir leo. Ba cheart na córais a ndéanfar measúnú orthu faoi raon feidhme an chreata seo a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa mar eolas.

Measúnú ar bhearta díobhálacha

G.  Féadfaidh aon Bhallstát a iarraidh go bpléifí beart cánach Ballstáit eile agus go ndéanfaí trácht air, ar beart é a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an chreata. Ar an gcaoi sin, beifear in ann measúnú a dhéanamh i dtaobh cibé an bhfuil na bearta cánach i dtrácht díobhálach, i bhfianaise na n-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith acu laistigh den Aontas. Leis an measúnú sin, déanfar na tosca uile a shainaithnítear i míreanna B agus C a chur san áireamh.

H.  Leagann an Coimisiún béim freisin ar an ngá atá ann measúnú cúramach a dhéanamh sa mheasúnú sin ar na héifeachtaí a bhíonn ag bearta cánach ar Bhallstáit eile, inter alia i bhfianaise na caoi a ghearrtar cáin go héifeachtach ar na gníomhaíochtaí i dtrácht ar fud an Aontais.

Sa mhéid a úsáidtear na bearta cánach chun tacú le forbairt eacnamaíoch réigiún ar leith, déanfar measúnú i dtaobh cibé an bhfuil na bearta i gcomhréir leis na cuspóirí inmhianaithe agus spriocdhírithe ar na cuspóirí sin. Agus measúnú á dhéanamh air sin, tabharfar aird ar leith ar ghnéithe speisialta agus ar shrianta i gcás na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán beag, gan an bonn a bhaint d’iomláine agus comhleanúnachas dhlíchóras an Aontais, lena n-áirítear an margadh inmheánach agus comhbheartais. Leis an measúnú sin, dhéanfaí ceanglais fhorchéimnitheacha maidir le láithreacht eacnamaíoch shubstaintiúil íosta mar a shainítear i mír B a chur san áireamh.

Nós imeachta

I.  Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún grúpa a chur ar bun go comhpháirteach chun measúnú a dhéanamh ar na bearta cánach a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme an chreata seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar na faisnéise maidir leis na bearta sin. Iarrann an Chomhairle ar gach Ballstát agus ar an gCoimisiún ionadaí agus leas-ionadaí ardleibhéil a cheapadh don ghrúpa sin, a ndéanfaidh ionadaí ó Bhallstát ionadaíocht air. Déanfaidh an grúpa, a thiocfaidh le chéile go rialta, bearta cánach a roghnú agus a athbhreithniú i gcomhréir leis na forálacha a leagtar síos i míreanna E go G. Déanfaidh an grúpa tuairisc a thabhairt go rialta maidir leis na bearta a ndearnadh measúnú orthu. Cuirfear na tuarascálacha ar aghaidh chuig an gComhairle lena bplé agus, má chinneann an Chomhairle amhlaidh a dhéanamh, foilseofar iad. Ba cheart na doiciméid a chur in iúl don Pharlaimint arna iarraidh sin agus a nochtadh a luaithe a bheidh an próiseas meastóireachta thart.

Forfheidhmiú

J.  Tá teideal ag na Ballstáit frithbhearta a chur chun feidhme lena laghdófaí dreasachtaí seachanta cánach i gcás ina mainníonn Ballstát córas a rolladh siar laistigh de dhá bhliain, ar córas é a measadh a bheith díobhálach i gcomhthéacs an chreata seo agus go háirithe:

   (a) neamh-inasbhainteacht costas;
   (b) bearta cánach iarchoimeádta;
   (c) teorainn a chur leis an díolúine ó rannpháirtíocht;
   (d) ceanglais speisialta doiciméadachta, go háirithe maidir le praghsáil aistrithe;

Leathnú geografach

K.  Measann an Chomhairle go bhfuil sé inmholta gur cheart prionsabail a ghlacadh ar an mbonn geografach is leithne is féidir arb é is aidhm dóibh deireadh a chur le cleachtais chánach dhíobhálacha. Chuige sin, tugann Ballstáit tiomantas go ndéanfaidh siad glacadh na bprionsabal sin a chur chun cinn i dtríú tíortha; tugann siad tiomantas freisin go ndéanfaidh siad glacadh na bprionsabal sin a chur chun cinn i gcríocha nach bhfuil feidhm ag an gConradh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Chomhairle agus don Choimisiún brath ar chritéir maidir le trédhearcacht cánach, cánachas cothrom agus cur i bhfeidhm bhearta frith-BEPS chun liosta AE de dhlinsí neamh-chomhoibríocha a bhunú. Ba cheart na critéir maidir le cánachas cothrom a bhunú ar thosca a aithnítear i míreanna B agus C den chreat seo.

L.  Ballstáit a bhfuil spleáchríocha nó críocha comhlachaithe acu, nó a bhfuil freagrachtaí speisialta nó sainchumais chánachais acu i leith críocha eile, tugann siad tiomantas, faoi chuimsiú a socruithe bunreachtúla, go n-áiritheoidh siad go gcuirfear na prionsabail sin i bhfeidhm sna críocha sin. I ndáil leis sin, déanfaidh na Ballstáit sin breithniú ar an staid i bhfoirm tuarascálacha chuig an ngrúpa dá dtagraítear i mír H, a ndéanfaidh measúnú orthu faoin bpróiseas athbhreithnithe a thuairiscítear thuas.

Faireachán agus athbhreithniú

M.  Chun cur chun feidhme cothrom agus éifeachtach an chreata a áirithiú, iarrann an Chomhairle ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt di ar bhonn bliantúil maidir le cur chun feidhme an chreata sin agus maidir le cur i bhfeidhm Státchabhrach fioscaí. Ba cheart an tuarascáil a chur ar fáil go poiblí. Déanfaidh an Chomhairle agus na Ballstáit athbhreithniú ar fhorálacha an chreata dhá bhliain tar éis a ghlactha;

27.  á chur in iúl gur geal léi an malartú tuairimí le Lyudmila Petkova, Cathaoirleach na Meithle um an gCód Iompair, ar an 19 Aibreán 2021; á iarraidh ar Chathaoirleach na Meithle um an gCód Iompair teacht os comhair na Parlaiminte ag éisteacht phoiblí uair sa bhliain ar a laghad agus an tuarascáil ar dhul chun cinn a chur faoi bhráid na Comhairle;

28.  á chur in iúl gur geal léi foilsiú thuarascálacha leathbhliantúla na Meithle um an gCód Iompair chuig an gComhairle; á chreidiúint gur cheart uirlis thiomnaithe ar líne a chruthú ionas nach mbeifear ag brath ar Chonclúidí ón gComhairle amháin chun faisnéis bhunriachtanach faoin mbeartas cánach ar leibhéal an Aontais a fháil; is mór aici na hiarrachtaí a rinneadh chun doiciméid agus obair a bhaineann leis an Meitheal um an gCód Iompair a scaoileadh; á iarraidh go gcuirfear an fhaisnéis phoiblí ar fáil ar ardán soláimhsithe;

29.  á iarraidh ar an Meitheal um an gCód Iompair cuireadh a thabhairt d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa chuig pleití na Meithle um an gCód Iompair mar bhreathnóirí. á mholadh don Mheitheal um an gCód Iompair cuid dá gcruinnithe a shruthú go poibí nuair nach bhfuil pléití rúnda ag teastáil ina leith;

o
o   o

30.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) Iarscríbhinn I a ghabhann le conclúidí chruinniú na Comhairle Gnóthaí Eacnamaíocha agus Airgeadais (Ecofin), a tionóladh an 1 Nollaig 1997 maidir le beartas cánach – Rún ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle an 1 Nollaig 1997 i dtaca le cód iompair maidir le cánachas gnó (IO C 2, 6.1.1998, lch. 2).
(2) https://www.consilium.europa.eu/ga/press/press-releases/2016/03/08/ecofin-conclusions-code-conduct-business-taxation/
(3) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-6004-2021-INIT/en/pdf
(4) IO C 331, 7.10.2020, lch. 3 agus IO C 66, 26.2.2021, lch. 40.
(5) IO C 162, 10.5.2019, lch. 182.
(6) IO C 162, 10.5.2019, lch. 152.
(7) IO C 366, 27.10.2017, lch. 51.
(8) IO C 101, 16.3.2018, lch. 79.
(9) IO C 108, 26.3.2021, lch. 8.
(10) IO C 399, 24.11.2017, lch. 74.
(11) IO C 369, 11.10.2018, lch. 132.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0022.
(13) an obair leantach chomhpháirteach ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa (an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta) maille le moltaí don Choimisiún maidir le trédhearcacht, comhordú agus cóineasú a chur i bhfeidhm i mbeartais cánach corparáide san Aontas agus i bParlaimint na hEorpa (an Coiste Speisialta um Rialuithe Cánach agus Bearta Eile atá Comhchosúil ó thaobh Cineáil agus Éifeachta de (TAXE 1)) maidir le rialuithe cánach agus bearta eile atá comhchosúil ó thaobh cineáil nó éifeachta de, a ghlac an Coimisiún an 16 Márta 2016; an obair leantach ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa (an Coiste Speisialta um Rialuithe Cánach agus Bearta Eile atá Comhchosúil ó thaobh Cineáil agus Éifeachta de (TAX2)) maidir le rialuithe cánach agus bearta eile atá comhchosúil ó thaobh cineáil nó éifeachta de, a ghlac an Coimisiún an 16 Samhain 2016; an obair leantach ar rún neamhreachtach an 12 Nollaig 2017 ó Pharlaimint na hEorpa (an Coiste Fiosrúcháin chun imscrúdú a dhéanamh ar sháruithe agus drochriarachán a líomhnaítear i bhfeidhmiú dhlí an Aontais i ndáil le sciúradh airgid, seachaint cánach agus imghabháil cánach (PANA)) maidir le dréachtmholadh ó Pharlaimint na hEorpa chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún d’aithle an fhiosrúcháin ar sciúradh airgid, seachaint cánach agus imghabháil cánach, a ghlac an Coimisiún i mí Aibreáin 2018; agus obair leantach an 27 Lúnasa 2019 ar an rún ó Pharlaimint na hEorpa (an Coiste Speisialta um choireanna airgeadais, um imghabháil cánach agus um sheachaint cánach (TAX3)) maidir le coireanna airgeadais, seachaint cánach agus imghabháil cánach.
(14) Páipéir Chánachais, Doiciméad Oibre Uimh. 64, 31 Lúnasa 2016, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/taxation_customs/system/files/2016-11/taxation_paper_64.pdf
(15) Páipéir Chánachais, Doiciméad Oibre Uimh. 71, Institiúid Ard-Léinn i gcuibhreannas le CPB agus DONDENA, 2017, ar fáil ag: https://ec.europa.eu/taxation_customs/system/files/2018-03/taxation_papers_71_atp_.pdf
(16) Kiendl Krišto, I. agus Thirion, E., An overview of shell companies in the European Union, [Forléargas ar chuideachtaí chaocha san Aontas Eorpach] Parlaimint na hEorpa, Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, an tAonad um Meastóireacht Ex Post agus an tAonad um Breisluach Eorpach, 17 Deireadh Fómhair 2018, ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/cmsdata/155724/EPRS_STUD_627129_Shell%20companies%20in%20the%20EU.pdf
(17) https://www.un.org/pga/75/wp-content/uploads/sites/100/2021/02/FACTI_Panel_Report-compressed.pdf
(18) https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12999-Seachaint-canach-comhrac-a-chur-ar-usaid-eintiteas-caoch-agus-ar-usaid-socruithe-caocha-chun-crioch-canach_ga
(19) Crivelli, E., De Mooij, R., De Vrijer, J.E.J., Hebous, S., Klemm, A., Taxing Multinationals in Europe [Cáin a ghearradh ar Chuideachtaí Ilnáisiúnta san Eoraip], 2021 (https://www.imf.org/en/Publications/Departmental-Papers-Policy-Papers/Issues/2021/05/25/Taxing-Multinationals-in-Europe-50129)
(20) IO L 193, 19.7.2016, lch. 1.
(21) IO L 144, 7.6.2017, lch. 1.
(22) IO L 157, 26.6.2003, lch. 49.
(23) IO L 345, 29.12.2011, lch. 8.
(24) IO L 64, 11.3.2011, lch. 1.
(25) IO L 332, 18.12.2015, lch. 1.
(26) IO L 146, 3.6.2016, lch. 8.
(27) IO L 139, 5.6.2018, lch. 1.
(28) Tuarascáil Bhliantúil maidir le Cánachas 2021 - Athbhreithniú ar bheartais chánach i mBallstáit AE (https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/db46de2a-b785-11eb-8aca-01aa75ed71a1/language-en).
(29) OECD (2015), Countering Harmful Tax Practices More Effectively, Taking into Account Transparency and Substance, Action 5 [Cleachtais Chánach Dhíobhálacha a Chomhrac ar Bhealach níos Éifeachtaí, agus Trédhearcacht agus Tábhacht Eacnamaíoch á gCur san Áireamh] - Tuarascáil Chríochnaitheach 2015, Tionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, OECD Publishing, Páras http://dx.doi.org/10.1787/9789264241190-en
(30) Tuarascáil CAI, Taxing Multinationals in Europe [Cáin a Ghearradh ar Chuideachtaí Ilnáisiúnta san Eoraip], 2021: https://www.imf.org/en/Publications/Departmental-Papers-Policy-Papers/Issues/2021/05/25/Taxing-Multinationals-in-Europe-50129
(31) Le fáil ag: https://op.europa.eu/en/publication-detail/-/publication/0044caf0-58ff-4be6-bc06-be2af6610870
(32) Tørsløv, T., Wier, L., agus Zucman, G., The Missing Profits of Nations [Brábúis na Náisiún ar Iarraidh], Páipéar Oibre, Aibreán 2020, le fáil ar https://missingprofits.world/.
(33) CAI, op.cit. 2021.
(34) Samó Mheiriceá; Angaíle; Doiminice; Fidsí; Guam; Oileáin Palau; Panama; Samó; Oileán na Tríonóide agus Tobága; Ógh-Oileáin na Stát Aontaithe; Vanuatú; na Séiséil.
(35) An Coimisiún Eorpach, Tuarascáil Bhliantúil maidir le Cánachas 2021.
(36) https://www.oecd.org/tax/beps/
(37) Drover, R., Ferrett, B., Gravino, D., Jones, E. agus Merler, S., Bringing transparency, coordination and convergence to corporate tax policies in the European Union [Trédhearcacht, comhordú agus cóineasú a chur i bhfeidhm i mbeartais cánach corparáide san Aontas Eorpach], Parlaimint na hEorpa, An Ard-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh, An tAonad um Breisluach Eorpach, an 24 Samhain 2015. Le fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2015/558773/EPRS_STU(2015)558773_EN.pdf
(38) Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le ráitis airgeadais bhliantúla, ráitis airgeadais chomhdhlúite agus tuarascálacha gaolmhara ó chineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lch. 19).
(39) COM(2020)0313.
(40) Tionscadal ECFE/G20 maidir le Creimeadh an Bhoinn agus Aistriú Brabúis, Tax Challenges Arising from Digitalisation – Report on Pillar One Blueprint: Inclusive Framework on BEPS, [Na dúshláin chánach a eascraíonn as an digiteáil – Tuarascáil ar Treoirphlean Cholún a hAon: Creat Cuimsitheach um BEPS], Foilsitheoireacht OECD, Páras, 2020, lch. 12. Le fáil ag: https://www.oecd.org/tax/beps/tax-challenges-arising-from-digitalisation-report-on-pillar-two-blueprint.pdf
(41) Baert, P., Lange. F., Watson, J., The Role of Taxes on Investment to Increase Jobs in the EU – An Assessment of Recent Policy Developments in the Field of Corporate Taxes [Ról na gCánacha ar Infheistíocht chun Poist in AE a Mhéadú], Bealtaine 2019.
(42) COM(2020)0313.
(43) https://www.elibrary.imf.org/view/journals/087/2021/012/article-A001-en.xml
(44) Malartú tuairimí an Fhochoiste um Chúrsaí Cánach le Lyudmila Petkova, Cathaoirleach na Meithle um an gCód Iompair, a tionóladh an 19 Aibreán 2021.
(45) https://data.consilium.europa.eu/doc/document/ST-9639-2018-REV-4/en/pdf

An nuashonrú is déanaí: 16 Nollaig 2021Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais