Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2041(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0265/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0265/2021

Díospóireachtaí :

PV 19/10/2021 - 9
CRE 19/10/2021 - 9

Vótaí :

PV 20/10/2021 - 2
PV 21/10/2021 - 2
CRE 21/10/2021 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0431

Téacsanna atá glactha
PDF 150kWORD 57k
Déardaoin, 21 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
Caidreamh agus comhar polaitiúil AE-na Téaváine
P9_TA(2021)0431A9-0265/2021

Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le caidreamh agus comhar polaitiúil AE-na Téaváine (2021/2041(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do thuarascálacha bliantúla ó Pharlaimint na hEorpa ar CBES agus na ranna díobh a bhaineann le caidreamh AE-na Téaváine,

–  ag féachaint do Shásra Idirphlé um Bheartas Tionsclaíoch AE-na Téaváine, arna bhunú in 2015,

–  ag féachaint don rún uaithi an 9 Deireadh Fómhair 2013 maidir le caidreamh trádála AE-na Téaváine(1),

–  ag féachaint do rannpháirtíocht na Téaváine sa Líonra Fiontar Eorpach, san Ardán Eorpach um Chomhar Braisle agus san Idirphlé ar an nGeilleagar Digiteach,

–  ag féachaint don ráiteas ó Airí Gnóthaí Eachtracha agus Forbartha G7 an 5 Bealtaine 2021, go háirithe an chuid de maidir le tacaíocht do rannpháirtíocht fhónta na Téaváine san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus sa Chomhthionól Domhanda Sláinte,

–  ag féachaint do na comhaontuithe comhair maidir le calaois tráchtála a chomhrac, agus do chur chun feidhme caighdeáin idirnáisiúnta an Téaváin maidir le dea-rialachas cánach amhail ó 2017,

–  ag féachaint do chomhar agus rannpháirtíocht rathúil na Téaváine i gCláir Réime an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhairliúchán Saothair AE-na Téaváine a bunaíodh in 2018,

–  ag féachaint do tharscaoileadh víosa AE do shealbhóirí pasanna na Téaváine ó 2011,

–  ag féachaint do bheartas an Aontais ‘Aon Sín Amháin’,

–  ag féachaint do Ráiteas Cheannairí Comhpháirteacha SAM-na Seapáine an 16 Aibreán 2021,

–  ag féachaint do Ráiteas Comhpháirteach Cheannairí SAM-Phoblacht na Cóiré an 21 Bealtaine 2021,

–  ag féachaint do Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2020 dar teideal Tackling COVID-19 disinformation – Getting the facts right [Dul i ngleic le bréagaisnéis COVID-19 – Na fíricí a bheith i gceart] (JOIN(2020)0008),

–  ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 i ndáil le Straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (JOIN(2021)0024),

–  ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0265/2021),

A.  de bhrí gur comhpháirtithe ar aon intinn iad an tAontas agus an Téaváin agus go bhfuil comhluachanna na saoirse, an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta acu;

B.  de bhrí go bhfuil meon trodach míleata leanúnach na Síne agus gníomhaíochtaí ‘limistéir léith’, chomh maith le cineálacha eile briogtha, amhail spiaireacht, cibear-ionsaithe agus póitseáil tallainne, i gcoinne na Téaváine, ina mbagairt thromchúiseach ar an status quo idir an Téaváin agus an tSín, agus ar shíocháin agus ar chobhsaíocht an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh agus go bhféadfadh géarú contúirteach teacht astu; de bhrí gur mhaígh Chiu Kuo-cheng, Aire Cosanta na Téaváine, i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh agus leanúnaigh, go bhféadfadh an tSín a bheith in acmhainn ionradh ‘lánscála’a dhéanamh ar an Téaváin faoi 2025; de bhrí go bhfuil an teannas atá idir an tSín agus an Téaváin chomh tromchúiseach anois agus a bhí le 40 bliain anuas, agus go bhfuil 150 eitleán cogaidh, lena n-áirítear scairdeitleáin trodaíochta agus buamadóirí le hacmhainn núicléach, seolta ag an tSín isteach i zón aitheantais aerchosanta na Téaváine ón 1 Deireadh Fómhair 2021; de bhrí go bhfuil an réigiún sin an-tábhachtach don Aontas mar gheall ar líon mór dlúthpháirtithe a bheith aige ann, agus toisc go bhfuil críocha thar lear sa réigiún ag ceann dá Bhallstáit, an Fhrainc;

C.  de bhrí gur gheall AE in 2016 gach bealach a bhí ar fáil a úsáid chun tionscnaimh a spreagadh a bheadh dírithe ar idirphlé, comhar agus cothú muiníne a chur chun cinn idir an dá thaobh de Chaolas na Téaváine; de bhrí go bhfuil na mianta sin fós gan chomhlíonadh;

D.  de bhrí, an 9 Deireadh Fómhair 2021, gur gheall Uachtarán na Síne, Xi Jinping, go saothrófaí ‘athaontú’ leis an Téaváin trí mhodhanna a líomhnaítear a bheith síochánta, ach gur thug sé rabhadh gurbh é an bac ba mhó a bhí roimhe sin ná gluaiseacht ‘neamhspleáchais na Téaváine’; de bhrí go bhfuil amhras mór ann faoin gcur chuige síochánta sin i ngeall ar ráitis agus gníomhaíochtaí trodacha na Síne; de bhrí, de réir suirbhé a d’eisigh Ionad Staidéir Toghcháin Ollscoil Náisiúnta Chengchi in Taipei in Iúil 2021, nach dtacaíonn ach 1,5 % de mhuintir na Téaváine le haontú le mórthír na Síne a luaithe is féidir, agus go dtacaíonn tromlach thar a bheith mór leis an status quo a choinneáil, sa ghearrthéarma ar a laghad;

E.  de bhrí gur cruthaíodh go bhfuil iarrachtaí na Téaváine chun srian a choimeád ar leathadh an choróinvíris i measc na n-iarrachtaí is éifeachtaí ar domhan; de bhrí, maidir le hiarrachtaí na Téaváine rannchuidiú go gníomhach ar bhealaí éagsúla le leas an phobail idirnáisiúnta le linn na paindéime, lena n-áirítear trí staidéir idirnáisiúnta iomadúla, gurb ionann na hiarrachtaí sin agus sampla inbhraite den Téaváin a bheith ag gníomhú mar chomhpháirtí, agus gur cruthúnas iad gur cheart déileáil léi mar chomhpháirtí; de bhrí go léiríonn an méid sin go bhfuil sé d’acmhainn ag an Téaváin rannchuidithe atá chomh luachmhar céanna a dhéanamh leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun déileáil le lear mór dúshlán eile ár linne; de bhrí gur cúis imní tromchúiseach iad an borradh a tháinig le déanaí ar ionfhabhtuithe COVID, easpa vacsaíní agus cur isteach ón tSín ar iarrachtaí na Téaváine iad a sholáthar go díreach;

F.  de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach fós ar an bhfoinse is mó d’infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) sa Téaváin, le luach carntha EUR 48 mbilliún go dtí 2019, arb ionann é agus 31 % de IDC isteach na Téaváine; de bhrí go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann chun IDC na Téaváine in AE a mhéadú; de bhrí gurb í an Téaváin ag a bhfuil an lámh in uachtar ar mhargaí monaraíochta na leathsheoltóirí, agus tuairim is 50 % d’aschur leathsheoltóra ar fud an domhain á monarú ag a cuid táirgeoirí;

G.  de bhrí go bhfágann suíomh na Téaváine, a ról ríthábhachtach i slabhraí soláthair ardteicneolaíochta domhanda, agus an dóigh bheatha dhaonlathach atá sa tír go mbaineann tábhacht straitéiseach léi do dhaonlathais Eorpacha;

H.  de bhrí gur shroich méid iomlán na trádála déthaobhaí idir AE agus an Téaváin EUR 51 bhilliún in 2019, agus gurb í an Téaváin an cúigiú comhpháirtí trádála is mó de chuid an Aontais san Áis agus a 15ú comhpháirtí trádála is mó ar domhan;

1.  á mholadh go ndéanfadh Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún an méid seo a leanas:

   (a) oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun caidreamh polaitiúil AE-na Téaváine a threisiú agus chun comhpháirtíocht chuimsitheach, fheabhsaithe a shaothrú faoi threoir bheartas an Aontais ‘Aon Sín Amháin’; a mheas gur comhpháirtí agus comhghuaillí daonlathacha lárnach í an Téaváin sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, as a fiúntas féin, mar dhaonlathas láidir agus mar gheilleagar atá sárfhorbartha ó thaobh na teicneolaíochta de, a d’fhéadfadh rannchuidiú le hord riailbhunaithe a choinneáil i lár móriomaíochta cumhachta atá ag dul i ndéine;
   (b) tús a chur go práinneach le measúnú tionchair, le comhairliúchán poiblí agus le cleachtadh scóipe i dtaobh Comhaontú Déthaobhach Infheistíochta (BIA) le húdaráis na Téaváine mar ullmhúchán d’idirbheartaíocht chun naisc dhéthaobhacha eacnamaíocha a dhoimhniú, ós rud é go mbeadh sé mar thoradh ar BIA den sórt sin go ndéanfadh infheisteoirí agus táirgeoirí Eorpacha sa Téaváin ceanglais ‘inneachair féin’ a laghdú; a mheabhrú, i gcomhthéacs na dinimice réigiúnaí, a thábhachtaí atá trádáil agus caidreamh eacnamaíoch idir AE agus an Téaváin, lena n-áirítear maidir le hábhair a bhaineann leis an iltaobhachas agus le ETD, leis an teicneolaíocht agus leis an tsláinte phoiblí, chomh maith le comhar buntábhachtach maidir le soláthairtí criticiúla amhail leathsheoltóirí; a mholadh don Téaváin méadú a dhéanamh ar infheistíochtaí in AE, agus a thabhairt d’aire go bhfuil an Téaváin ina comhalta iomlán de EDT;
   (c) a chur in iúl gur cúis mhór imní dóibh meon trodach míleata leanúnach na Síne i gcoinne na Téaváine agus an brú atá á chur uirthi, go háirithe trí infheistíocht shuntasach na Síne i gcumais mhíleata, trína cleachtaí ionsaithe agus trí sháruithe rialta ar zón aitheantais aerchosanta na Téaváine; a iarraidh ar an tSín deireadh a chur láithreach bonn lena ruathair leanúnacha i zón aitheantais aerchosanta na Téaváine, go háirithe ós rud é go ndearnadh thart ar 150 ruarthar aerárthaigh a chlárú sa zón idir an 1 agus an 4 Deireadh Fómhair 2021, lena n-áirítear scairdeitleáin trodaíochta; ina theannta sin, dúshlán a chur roimh an tSín mar gheall ar a comharthaíocht reitrice maidir lena bheith i gceist aici an Téaváin a ionchorprú faoi riail ollsmachtach Pháirtí Cumannach na Síne (CCP), agus é á mhaíomh aici ag an am céanna go bhfuil forbairt shíochánta á shaothrú aige ar an gcaidreamh leis an Téaváin, ar dhá chuspóir iad a bhfuil cuma fhrithráiteach orthu, agus a áitiú nach ceart aon athrú ar chaidreamh tras-chaolais a dhéanamh go haontaobhach ná i gcoinne thoil shaoránaigh na Téaváine; AE agus na Ballstáit a ghríosú chun ról réamhghníomhach a ghlacadh i ndáil le hoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht ar fud Chaolais na Téaváine a shaothrú, agus comhpháirtíochtaí a bhunú le rialtas daonlathach na Téaváine;
   (d) a chur in iúl gur cúis mhór imní dóibh an staid mar atá i Muir na Síne Thoir agus Theas, agus go bhfuil siad go mór i gcoinne aon iarrachtaí aontaobhacha an status quo a athrú agus an teannas a mhéadú; a athdhearbhú a thábhachtaí atá sé an dlí idirnáisiúnta a urramú, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS) a bhfuil forálacha atá ann maidir leis an oibleagáid díospóidí a réiteach trí bhealaí síochánta, agus maidir le saoirse loingseoireachta agus traseitilte a choinneáil;
   (e) a chur in iúl gur cúis mhór bhuartha dóibh cumas na Síne ionradh lánscála a dhéanamh ar an Téaváin faoi 2025; cáineadh láidir a dhéanamh ar an sárú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ag an tSín ar zón aitheantais aerchosanta na Téaváine ón 1 Deireadh Fómhair 2021 i leith, ina raibh 150 eitleán cogaidh rannpháirteach ann, lena n-áirítear scairdeitleáin trodaíochta agus buamadóirí le hacmhainn núicléach; a chur in iúl go bhfuil siad den tuairim go gcaitheann an briogadh míleata leis an tSín le déanaí amhras ar intinn fhadtéarmach na Síne réiteach síochánta a shaothrú;
   (f) a mheabhrú gur leas bunúsach don Aontas agus dá chuid Ballstát é an tsíocháin agus an chobhsaíocht a choinneáil sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; a chur i bhfáth nach amháin go gcruthódh coinbhleacht mhíleata i gCaolas na Téaváine suaitheadh suntasach eacnamaíoch a dhéanfadh difear do leasanna na hEorpa, ach go mbainfeadh sí an bonn go mór freisin den ord riailbhunaithe sa réigiún, agus de rialachas daonlathach le cearta an duine a bhfuil an daonlathas agus an smacht reachta ina chroílár;
   (g) a chuimhneamh gur mór ag AE an tslándáil i gCaolas na Téaváine agus go bhfuil nasc díreach idir rathúnas na hEorpa agus slándáil na hÁise agus, dá bhrí sin, go mbeadh iarmhairtí don Eoraip dá leathadh coinbhleacht i bhfad níos faide ná an réimse eacnamaíoch; a dhearbhú go mbeidh iarmhairtí ag gníomhaíochtaí na Síne i gcoinne na Téaváine agus i Muir na Síne Theas ar chaidreamh AE-na Síne;
   (h) a chur in iúl gur cúis imní dó reachtaíocht na Síne a bhaineann leis an Téaváin agus a thabhairt chun suntais gur fhág forchur an Dlí Slándála Náisiúnta ar Hong Cong nach féidir aon iontaoibh a chur sa mhaíomh i ndlí frithscartha 2005 go ndeonófaí ardleibhéal neamhspleáchais don Téaváin i gcás aontaithe;
   (i) béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé, go háirithe i bhfianaise bhriogaireacht agus mhéadú míleata leanúnach na Síne, leibhéil uile na comhpháirtíochta agus an chomhair idir AE agus an Téaváin a chur chun cinn tuilleadh; a thabhairt chun suntais, go háirithe, an ról ceannasach is féidir a bheith ag Parlaimint na hEorpa a mhéid a bhaineann le réimsí le haghaidh tuilleadh comhair a shainaithint, mar aon le haird a tharraingt agus sainaithint a dhéanamh go soiléir ar bhriogaireacht na Síne agus dlúthpháirtíocht a léiriú leis an Téaváin;
   (j) a chur in iúl go bhfuil sé go mór i bhfabhar rannpháirtíocht fhónta na Téaváine mar bhreathnóir i gcruinnithe, sásraí agus gníomhaíochtaí comhlachtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Eagraíochta Dhomhanda Sláinte (EDS), an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol) agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC); na Ballstáit agus ar institiúidí AE a ghríosú chun tacú le tionscnaimh idirnáisiúnta lena n-iarrtar go mbeadh an Téaváin rannpháirteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta; a chur in iúl arís gur geall leis comhoibriú réamhghníomhach na Téaváine leis an gcomhphobal idirnáisiúnta maidir le foghlaim faoi phaindéim COVID-19 agus maidir le teacht ar na bealaí is fearr le freagairt uirthi, agus a chur i bhfios go láidir go bhfuil sé cruthaithe leis an gcás sin go ngabhfadh breisluach do shláinte agus folláine na saoránach agus a chuid comhaltaí uile le hionchur na Téaváine in EDS;
   (k) a mholadh go mbeadh malartú méadaithe eacnamaíoch, eolaíoch, cultúrtha, polaitiúil agus duine le duine, cruinnithe agus comhar idir AE agus an Téaváin, agus malartuithe le rannpháirtíocht ionadaithe na mBallstát, lena n-áirítear ar na leibhéil is sinsearaí, ionas go léireofaí an dlúthchomhar dinimiciúil agus ilghnéitheach atá idir AE agus an Téaváin mar chomhpháirtithe ar aon intinn; cáineadh a dhéanamh ar na bagairtí ó Dhaon-Phoblacht na Síne go mbainfeadh sí díoltas amach agus ar an mbrú atá á chur aici ar Miloš Vystrčil, Uachtarán Sheanad Phoblacht na Seice, mar gheall ar an gcuairt a thug sé ar an Téaváin i mí Lúnasa 2020, agus a thabhairt d’aire go bhfuil sé de cheart ag Poblacht na Seice agus ag gach tír cheannasach eile comhar eacnamaíoch agus cultúrtha a fhorbairt leis an Téaváin;
   (l) leanúint de thacaíocht a thabhairt do chuimsiú na Téaváine i Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach AE; aird dhearfach a thabhairt ar an bhfoilseachán le déanaí ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar straitéis AE don chomhar sa réigiún Ind Chiúin-Aigéanach, lena dtugtar ar aird go bhfuil méadú míleata suntasach na Síne ina shiocair leis an méadú ar an teannas sna teophointí réigiúnacha amhail Muir Theas agus Thoir na Síne, mar aon le Caolas na Téaváine, agus a dhearbhú a bhunriachtanaí atá sé do AE an comhar le comhpháirtithe réigiúnacha a athneartú ar mhaithe leis an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an rathúnas a áirithiú ar fud an chalaois; a thathant ar AE leanúint d’oibriú i ndlúthchomhar le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leis trí straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin Aigéanach chun aghaidh a thabhairt ar sheasamh teanntásach na Síne sa réigiún, agus chun an t-ord riailbhunaithe a neartú, i bhfianaise leasanna an Aontais féin sa réigiún;
   (m) leanúint de thionscnaimh a ghlacadh chun caidreamh eacnamaíoch déthaobhach agus teagmháil duine le duine a fheabhsú, go háirithe i measc daoine óga, agus lena n-áireofar an saol acadúil, an tsochaí shibhialta, spórt, cultúr agus oideachas, chomh maith le comhpháirtíochtaí idir cathracha agus idir réigiúin; comhpháirtíochtaí comhchathracha atá ann faoi láthair idir cathracha Eorpacha agus Téaváine a mholadh agus taidhleoireacht chathrach a spreagadh mar uirlis chun cabhrú le rannpháirtíocht na Téaváine i dtionscnaimh idirnáisiúnta, rud lena gcuirfí ar chumas na Téaváine dul timpeall ar iarrachtaí na Síne a leithlisiú taidhleoireachta a mhéadú tuilleadh;
   (n) comhar na hEorpa agus na Téaváine in earnáil na meán a spreagadh, chun timpeallacht mheáin na Sínise in AE a éagsúlú agus chun rogha mhalartach ar asraonta meán atá faoi rialú Dhaon-Phoblacht na Síne a chur ar fáil;
   (o) a mholadh do AE agus do na Ballstáit feasacht a mhúscailt san Eoraip maidir leis an staid i gCaolas na Téaváine, chomh maith le castacht an chaidrimh idir an Téaváin agus an tSín trí chláir thiomnaithe a bhunú agus a chistiú agus trí thaighde a dhíríonn ar an tsochaí i gcoitinne; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i ndíospóireacht chuimsitheach ar fud na mBallstát, á mhíniú don phobal Eorpach cad iad na rioscaí a bhainfeadh le dul chun cinn forlámhach sa réigiún Ind-Chiúin Aigéanach trí sheasamh teanntásach na Síne agus trína hiarrachtaí an bonn a bhaint den daonlathas, go háirithe sa Téaváin, agus na himpleachtaí don daonlathais ar fud an domhain a bhainfeadh le bagairtí den sórt sin a fhágáil gan aghaidh a thabhairt orthu;
   (p) idirphlé agus comhar leis an Téaváin sna hearnálacha agus sna slabhraí soláthair uile a spreagadh, go háirithe i dtionscail atá ag teacht chun cinn agus tionscail a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo amhail feithiclí leictreacha, róbataic agus an mhonaraíocht chliste, mar aon le teicneolaíochtaí leathsheoltóra;
   (q) tacú le tionscnaimh a neartú tuilleadh lenar féidir leis an Aontas dul i mbun comhpháirtíochtaí leis an Téaváin i réimsí an TFC, na bithteicneolaíochta, na sláinte agus na slándála, agus obair a dhéanamh ar chomhar agus ar thionscnaimh nithiúla idir Straitéis an Aontais maidir le Nascacht agus Beartas Nua ó Dheas na Téaváine; tacú go láidir le comhpháirtíocht an dá thaobh maidir le leathsheoltóirí a threisiú;
   (r) aitheantas a thabhairt do ról lárnach na Téaváine i dtionscail straitéiseacha amhail an cúigiú glúin den bhonneagar cumarsáide (5G), ós rud é gur sa Téaváin atá an teilgcheárta is mó ar domhan agus gurb í an Téaváin an táirgeoir is mó leathsheoltóirí dá bhfuil ann; a chur i bhfáth go mbeidh ról lárnach ag micrishliseanna amach anseo maidir leis an ord domhanda a mhúnlú agus gurb iad siúd a mbeidh dearadh agus monarú micrishliseanna faoina rialú a leagfaidh síos an bealach sa 21ú aois; a mheabhrú gur fhág an suaitheadh ar shlabhraí soláthair domhanda a tháinig as an bpaindéim go bhfuil an Téaváin i lár an aonaigh maidir leis an iarracht theicneolaíoch, agus go bhfuil a leochaileachtaí féin aitheanta ag an Aontas, agus béim á leagan aige ar a phráinne atá sé a spleáchas ar ghníomhaithe seachtracha a laghdú; a thathant, dá bhrí sin, go mbeadh comhar méaduithe ann leis an Téaváin chun tacú le clár oibre an AE maidir lena haistriú glas agus digiteach, chomh maith le hiarrachtaí AE i dtreo slabhraí luacha agus soláthair a éagsúlú, mar tá dlús curtha ag an bpaindéim leis an éileamh ar an dá rud, agus béim á leagan ar an ngá atá le hinfheistíocht agus le tacaíocht pholaitiúil, go háirithe i slabhraí luacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, amhail micrileictreonaic, tiomáint uathrialach agus intleacht shaorga (IS), ar réimsí iad ina bhfuil ról lárnach ag an Téaváin;
   (s) fáilte a chur roimh eagrú an chéad Fhóraim Eorpach um Infheistíocht Inbhuanaithe a bhí ann riamh, a reáchtáladh sa Téaváin i mí Mheán Fómhair 2020, agus tuilleadh infheistíochta déthaobhaí a spreagadh sa dá threo; a thathant go ndéanfaí méadú ar infheistíocht den sórt sin i dtionscail ina bhfuil an Téaváin ar thús cadhnaíochta, eadhon teicneolaíochtaí criticiúla lena n-áirítear leathsheoltóirí, a thacódh le hiarrachtaí AE a acmhainneacht micrileictreonach féin a neartú; a thabhairt d’aire, tar éis Idirphlé na Téaváine-AE in 2020 maidir leis an nGeilleagar Digiteach, gur cheart do AE agus don Téaváin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bplé a bhí acu maidir le comhar taighde agus teicneolaíochta, blocshlabhra, intleacht shaorga, deimhniú cibearshlándála, an geilleagar sonraí agus nascacht dhigiteach, chun tuilleadh sineirgí a shainaithint, malartú beartais maidir le forbairt an gheilleagair dhigitigh a leathnú, agus comhpháirtíochtaí níos fairsinge a bhunú;
   (t) fáilte a chur roimh na gealltanais dheonacha a thug an Téaváin go gcabhródh sí leis an téamh domhanda a chomhrac, agus, ar an gcaoi sin, go rannchuideodh sí le cur chun feidhme chuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide;
   (u) an tAontas agus na Ballstáit a spreagadh chun an comhar leis an Téaváin a threisiú maidir le haghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis ó thríú tíortha díobhálacha, lena n-áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt, cur chuige comhpháirteach maidir le saoirse agus iriseoireacht na meán a chothú, comhar maidir le cibearshlándáil agus cibearbhagairtí a dhoimhniú, feasacht na saoránach a mhúscailt agus litearthacht dhigiteach fhoriomlán a fheabhsú i measc an phobail chun athléimneacht ár gcóras daonlathach a neartú; tacú le dlús a chur leis an gcomhar idir meithleacha machnaimh ábhartha de chuid na hEorpa agus na Téaváine sa réimse seo;
   (v) breathnú ar fhoghlaim ó thaithí na Téaváine maidir leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise ón mórthír lena spriocdhírítear ar neamhspleáchas na Téaváine trí úsáid a bhaint as ardáin na meán sóisialta, trí insíothlú isteach i dteilifís agus i meáin chlóite na Téaváine chun tionchar a imirt ar thuairimí an phobail, ag iarraidh an bonn a bhaint de thoghcháin sa Téaváin; an Téaváin a mholadh as litearthacht sna meáin a mheas mar uirlis úsáideach ríthábhachtach chun daoine a chur ar an eolas maidir le bréagaisnéis a shainaithint, agus dá bhrí sin, litearthacht sna meáin a ionchorprú i gcuraclam na scoile;
   (w) a chur i bhfáth go bhfuil níos mó ná an Téaváin féin i gceist leis na buntáistí a bhaineann lena cuid iarrachtaí chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun dul i ngleic leis an mbréagnuacht, iarrachtaí a théann i bhfeidhm ní hamháin ar an tsochaí ar an oileán, ach freisin ar phobal labhartha na Sínise i Hong Cong agus i dtíortha eile san Áise Thoir Theas;
   (x) cáineadh a dhéanamh ar iarrachtaí na Síne míchlú a tharraingt ar láimhseáil na paindéime ag rialtas na Téaváine; cur chuige éifeachtach ó bhun aníos na Téaváine a mholadh, ar cur chuige é atá faoi stiúir a cuid saoránach, chun an nuacht agus an fhaisnéis a sheiceáil, ag baint úsáid as an teicneolaíocht, amhail an intleacht shaorga, chun iarrachtaí a uas-scálú agus chun a chur ar chumas seiceálaithe fíricí na dearbhuithe is díobhálaí a chuirtear thart ar ardáin na meán sóisialta a shainaithint agus, ar an gcaoi sin, deireadh a chur lena scaipeadh;
   (y) a mheabhrú go bhfuil an bhagairt ar an Téaváin ó oibríochtaí bréagaisnéise na Síne ina cuid d’fhadhb níos mó atá os comhair daonlathas ar fud an domhain i ré ina bhfuil ról lárnach ag teicneolaíochtaí cumarsáide san iomaíocht gheopholaitiúil don cheannaireacht dhomhanda; a mheabhrú go bhfuil an tSín, in éineacht le tíortha neamhdhaonlathacha eile, fós ina mórbhagairt do dhaonlathais san Eoraip trí fheachtais bhréagaisnéise, ar bagairt í atá méadaithe go suntasach leis an bpaindéim, mar a tugadh ar aird sa tuarascáil ó SEGS i mí an Mheithimh 2020; a thabhairt d’aire, dá bhrí sin, gur chun leasa an Aontais agus na Téaváine araon atá an comhar sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise;
   (z) an comhar reatha idir AE agus an Téaváin maidir le taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn tuilleadh i gCreatchlár Fís Eorpach (2021-2027); rannpháirtíocht níos mó taighdeoirí ón Téaváin i bhFís Eorpach amach anseo a ghríosú;
   (aa) an turasóireacht agus malartuithe ógra leis an Téaváin a chur chun cinn tuilleadh trí thionscnaimh amhail na cláir saoire oibre, Erasmus nó Scoláireacht Nascachta na Téaváine na hEorpa, agus deiseanna comhair a fhiosrú san ardoideachas agus i réimsí eile arb é is aidhm dóibh saineolas na Síne agus na Téaváine san Eoraip a neartú agus rannchuidiú le tuiscint níos fearr ar an Eoraip a bhaint amach sa Téaváin;
   (ab) AE agus a chuid Ballstát a spreagadh chun feabhas a chur ar an gcomhar leis an Téaváin sa Chreat Domhanda um Chomhar agus Oiliúint, ar ardán um chomhar réigiúnach é le haghaidh cláir fothaithe acmhainneachta agus oiliúna do thríú tíortha ar fud an domhain;
   (ac) ainm na hOifige Eorpaí Eacnamaíche agus Trádála sa Téaváin a athrú go dtí ‘Oifig an Aontais Eorpaigh sa Téaváin’ chun raon feidhme leathan na nasc eadrainn a chur in iúl;
   (ad) fáilte a chur roimh na pleananna chun Oifig Ionadaíocha de chuid na Téaváine a chur ar bun sa Liotuáin; cáineadh a dhéanamh ar fhorchur smachtbhannaí eacnamaíocha ag an tSín mar fhreagairt ar sin; a tacaíocht agus a dlúthpháirtíocht leis an Liotuáin a léiriú ina leith sin, bearta iomchuí a dhéanamh, agus a iarraidh ar an gComhairle déanamh amhlaidh;
   (ae) an Téaváin a mholadh mar chomhpháirtí den scoth maidir le cearta an duine agus an tsaoirse creidimh a chur chun cinn sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; aitheantas a thabhairt d’fheidhmíocht na Téaváine as sampla a thabhairt sa réigiún, agus cruthúnas láidir ann go dtugann sí urraim do shaoirsí bunúsacha, idir eacnamaíocha agus sóisialta, chomh maith le cearta polaitiúla agus cultúrtha, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le cearta daoine LGBTQI, agus cearta pobal dúchasach; Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine agus Toscaire Speisialta um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach a bheith rannpháirteach i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta sa Téaváin maidir le cearta an duine agus gníomhaíocht nithiúl a dhéanamh chun oibriú leis an Téaváin chun cearta an duine agus an tsaoirse creidimh, an geilleagar digiteach agus fás inbhuanaithe na dtíortha i mbéal forbartha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a bhrú chun tosaigh;
   (af) comhar leis an Téaváin a neartú d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú maidir le paindéim COVID-19 a láimhseáil, ag seoladh tionscnaimh chun soláthar vacsaíní a éascú agus ag leanúint de chomhar an Aontais leis an Téaváin a fheabhsú i réimse na sláinte agus i rialú galar teagmhálach; rialtas na Téaváine agus a mhuintir a mholadh as bheith measartha rathúil maidir leis an bpaindéim a shrianadh sa bhaile agus as a fhlaithiúla a bhí sé maidir le cúnamh a thairiscint do thíortha eile; a mheabhrú go raibh freagairt éifeachtach na Téaváine ag brath ar thrédhearcacht, oscailteacht agus úsáid na teicneolaíochta i gcomhar leis an tsochaí, cur chuige a bhí fréamhaithe i muinín an phobail;
   (ag) gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta na Téaváine leis an Aontas a mholadh, mar a léiríodh trí dheonú os cionn seacht milliún masc máinliachta do roinnt Ballstát le linn na míonna millteanacha ag tús na paindéime, chomh maith le cúig líne táirgthe masc do Phoblacht na Seice; a iarraidh go ndéanfaí an dlúthpháirtíocht sin a chúiteamh ar an mbealach céanna;
   (ah) leanúint de chomhroinnt faisnéise idir na Ballstáit agus an Téaváin a spreagadh mar aon leis an gcomhrac comhpháirteach i gcoinne na coireachta trasteorann;
   (ai) aitheantas a thabhairt don fhíoras gur leag na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin béim den chéad uair ar a thábhachtaí atá an tsíocháin agus an chobhsaíocht i gCaolas na Téaváine sa ráiteas comhpháirteach ó chruinniú mullaigh déthaobhach le déanaí, agus gur tháinig ráiteas den chineál céanna ón G7 ina dhiaidh sin go luath i mí na Bealtaine; AE a ghríosú chun oibriú i gcomhar le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leis, amhail an Astráil, an Nua-Shéalainn, an India, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus na Stáit Aontaithe, agus breathnú ar chuireadh a thabhairt do Théaváin a bheith rannpháirteach lena chomhpháirtithe sna hardáin atá ann cheana agus i ngrúpaí oibre maidir le tionscail chriticiúla;
   (aj) na Ballstáit nach bhfuil Comhaontú chun Cánachas Dúbailte a Sheachaint agus Cosc a chur le hImghabháil Fhioscach ná Comhaontú Malartaithe Faisnéise Cánach leis an Téaváin acu a spreagadh chun caibidlíocht maidir le comhaontuithe den sórt sin a thionscnamh a luaithe is féidir;

2.  á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus do Rialtas na Téaváine.

(1) IO C 181, 19.5.2016, lch. 52.

An nuashonrú is déanaí: 20 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais