Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2903(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
Na doiciméid roghnaithe :

Téacsanna arna gcur síos :

RC-B9-0523/2021

Díospóireachtaí :

PV 19/10/2021 - 8
CRE 19/10/2021 - 8

Vótaí :

PV 21/10/2021 - 10
PV 21/10/2021 - 16

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0440

Téacsanna atá glactha
PDF 126kWORD 51k
Déardaoin, 21 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
Staid sa Túinéis
P9_TA(2021)0440RC-B9-0523/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an staid sa Túinéis (2021/2903(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint dá rún an 25 Feabhra 2016 maidir le tús a chur le caibidlíocht le haghaidh Comhaontú Saorthrádála idir AE agus an Túinéis(1),

–  ag féachaint don tuarascáil deiridh ó Mhisean Breathnóireachta Toghchán AE maidir leis na toghcháin uachtaránachta agus pharlaiminteacha sa Túinéis an 15 Meán Fómhair agus an 6 Deireadh Fómhair 2019,

–  ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Túinéis, agus do na cruinnithe téamacha éagsúla a tionóladh faoina chreat in 2019 agus 2020,

–  ag féachaint do Chonclúidí Bhord Feidhmiúcháin CAI an 26 Feabhra 2021 faoi Airteagal IV Comhairliúchán leis an Túinéis,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe an 4 Meitheamh 2021, ‘Maidir le comhpháirtíocht athnuaite’

–  ag féachaint d’Fhoraithne Uimh. 2021-69 an 26 Iúil 2021 ón Túinéis lena bhfoirceanntar feidhmeanna an Chinn Rialtais agus chomhaltaí an Rialtais, d’Fhoraithne Uachtaráin Uimh. 2021-80 an 29 Iúil 2021 maidir le fionraí chumhachtaí Thionól Ionadaithe na nDaoine, d’Fhoraithne Uachtaráin Uimh. 2021-109 na Túinéise an 24 Lúnasa 2021 a bhaineann le síneadh a chur le bearta eisceachtúla a bhaineann le cumhachtaí Thionól Ionadaithe na nDaoine a chur ar fionraí, agus d’Fhoraithne Uachtaránachta Uimh. 2021-117 na Túinéise maidir le bearta eisceachtúla 22 Meán Fómhair 2021

–  ag féachaint don ráiteas a rinne Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) thar ceann an Aontais Eorpaigh an 27 Iúil 2021 agus dá ráitis chuig an bpreas i dTúinis an 10 Meán Fómhair 2021,

–  ag féachaint do Bhunreacht na Túinéise 2014,

–  ag féachaint don Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, a bhfuil an Túinéis ina páirtí ann,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW), a dhaingnigh an Túinéis in 1985 agus as a tharraing sí siar a forchoimeádais in 2014,

–  ag féachaint don Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta (PGN) maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 2018-2022, a glacadh in 2018,

–  ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí gur comhpháirtí ar leith de chuid AE í an Túinéis, agus gur tosaíocht a bhí sa tacaíocht agus sa tionlacan leanúnach, agus Misin Bhreathnóireachta Toghchán ann in 2011, 2014, 2018 agus 2019 lenar ndeimhníodh tiomantas daingean AE don daonlathas sa Túinéis; de bhrí gur ócáid thábhachtach d’fhorbairt dhaonlathach na Túinéise é comóradh 10 mbliana Réabhlóid na Túinéise i mbliana;

B.  de bhrí go raibh marbhántacht eacnamaíoch forleathan, a bhaineann leis an gcomhthéacs polaitiúil inmheánach, agus géarchéim sláintíochta ina bhfuil an dara ráta is airde ar domhan de bhásanna COVID-19, mar phríomhghné den staid shocheacnamaíoch; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar gheilleagar leochaileach na Túinéise mar gheall ar phaindéim COVID-19, mar gheall ar an easpa turasóireachta agus leibhéil arda dífhostaíochta i measc na n-óg agus leibhéil arda bhoilscithe; de bhrí go bhfuil an t-éilliú eindéimeach, ceartas idirthréimhseach neamhiomlán agus dúshláin thromchúiseacha eacnamaíocha agus slándála fós ina mbacainní móra ar chomhdhlúthú daonlathach iomlán na Túinéise;

C.  de bhrí, sa chomhthéacs sin, go ndearna an tUachtarán Kais Saied Airteagal 80 de Bhunreacht na Túinéise a agairt an 25 Iúil 2021, lena dtugtar an chumhacht dó bearta eisceachtúla a achtú chun dul i ngleic le garchontúirt don stát, agus de bhrí gur fhógair sé dífhostú an Phríomh-Aire Hichem Mechichi, cur ar fionraí Thionól Ionadaithe na nDaoine (ARP) ar feadh tréimhse insínte 30 lá, an deireadh le díolúine pharlaiminteach na n-ionadaithe uile; de bhrí gur chuir an tUachtarán síneadh le fionraí na Parlaiminte an 24 Lúnasa 2021;

D.  de bhrí gur mhol rialtais UAE, na hAraibe Sádaí agus na hÉigipte tionscnamh an Uachtaráin Saied láithreach, agus gur chuir siad tacaíocht reitriciúil in iúl;

E.  de bhrí gur údar imní tromchúiseach iad aistriú daonlathach na Túinéise agus cearta bunúsacha na tíre mar thoradh ar easpa foirmíochta na Cúirte Bunreachtúla agus ar neamhábaltacht na bhFeisirí achomharc a dhéanamh in aghaidh aon leathnú aontaobhach ar staid éigeandála an Uachtaráin, mar a bunaíodh in airteagal ábhartha an Bhunreachta;

F.  de bhrí gur eisigh an tUachtarán, an 22 Meán Fómhair 2021, Foraithne Uimh. 2021-117 ón Uachtarán, ina bhfuil forálacha lena ndaingnítear féincheannas agus tosaíocht na foraithne ar an mbunreacht, lena mbaintear an bonn, dá bhrí sin, den Bhunreacht, agus lena gcomhchruinnítear cumhachtaí uile an Stáit i bpearsa an Uachtaráin Kais Saied; de bhrí nach ndéanfar forálacha an bhunreachta maidir le cearta agus saoirsí a urramú agus a ráthú ach amháin nuair nach sáraíonn siad dlíthe bunaithe ar fhoraitheanta agus dlíthe uachtaránachta agus ar na bearta eisceachtúla; de bhrí nach gceadaíonn Foraithne 117 ón Uachtarán aon achomharc ar chinneadh a dhéanamh i gcúirt dlí, lena n-áirítear os comhair na Cúirte Riaracháin is airde sa Túinéis agus os comhair Chúirt Achomhairc na Túinéise;

G.  de bhrí gur dílsíodh comhchruinniú sin na gcumhachtaí i lámha an Uachtaráin gan aon teorainn ama; de bhrí gur thug an tUachtarán lánchumhacht reachtach dó féin na dlíthe lena rialaítear páirtithe polaitiúla, toghcháin, córas na mbreithiúna, ceardchumainn agus comhlachais, saoirse an phreasa agus saoirse faisnéise, eagrúchán na roinne ceartais, fórsaí slándála inmheánaí, cearta agus saoirsí an duine, an Cód um Stádas Pearsanta, fórsaí slándála inmheánaí, custaim agus buiséad an stáit a mhodhnú le foraithne;

H.  de bhrí, cé gur chuir sochaí shibhialta na Túinéise in iúl go poiblí go bhfuil sí buartha go mór faoi shrianta nua, go raibh tacaíocht phoiblí shuntasach ag bearta mhí Iúil an Uachtaráin Kais Saied, rud a léiríonn go bhfuil an pobal míshásta leis an staid thromchúiseach shocheacnamaíoch agus go bhfuil an tír faoi dhian-mhífheidhmiú ó thaobh rialtais de; de bhrí gur eisigh 18 n-eagraíocht neamhrialtasacha áitiúla agus idirnáisiúnta rabhadh comhpháirteach maidir le staid an daonlathais sa Túinéis; de bhrí gur iarr G7 ar an Túinéis ord bunreachtúil a athbhunú agus gníomhaíochtaí parlaiminteacha a atosú;

I.  de bhrí gur dhún póilíní na Túinéise oifigí Al Jazeera sa Túinéis an 26 Iúil 2021, gan aon mhíniúchán a thabhairt;

J.  de bhrí go bhfuil an tsochaí shibhialta sa Túinéis forbartha agus comhdhlúite go maith, agus go bhfuil ról bunúsach aici maidir le haistriú daonlathach na Túinéise a mhúnlú agus a neartú ó 2011 i leith, agus go bhfuil go leor gníomhaithe ag iarraidh athchóirithe práinneacha a dhéanamh, lena n-áirítear bearta frith-éillithe, agus de bhrí go bhfuil an t-idirphlé náisiúnta ar cheann de thréithe ar leith na tíre; de bhrí gur gnéithe riachtanacha de shochaí oscailte, shaor agus dhaonlathach iad saoirse an phreasa agus saoirse foilsithe; de bhrí, ón 26 Iúil 2021 i leith, nár áiríodh an tsochaí shibhialta san agallamh náisiúnta agus nach ndeachthas i gcomhairle léi maidir leis na bearta a ghlac an tUachtarán Kais Saied;

K.  de bhrí gur thíolaic Aontas Ginearálta Saothair na Túinéise (UGTT) an 10 Meán Fómhair 2021 a threochlár chun coiste comhairleach náisiúnta a bhunú chun creat dlíthiúil a áirithiú le haghaidh athchóirithe cuimsitheacha sóisialta agus polaitiúla sa tír, go háirithe an córas polaitiúil agus an dlí toghcháin a athchóiriú, chomh maith le leasú an Bhunreachta;

L.  de bhrí go bhfuil geilleagar na Túinéise ag brath go mór ar infheistíocht eachtrach, ar an turasóireacht agus ar onnmhairiú táirgí chuig AE; de bhrí go bhfuil athchóirithe struchtúracha daingne de dhíth ar na heasnaimh i gcuntas reatha na Túinéise agus ar a heasnaimh fhioscacha de réir an Bhainc Dhomhanda; de bhrí gurb é AE an comhpháirtí trádála is mó atá ag an Túinéis, arb ionann é agus 57,9 % dá trádáil in 2020, agus go dtéann 70,9 % d’onnmhairí na Túinéise chuig an Aontas Eorpach agus go dtagann 48,3 % dá hallmhairí ón Aontas Eorpach; de bhrí nach féidir leis an ngeilleagar bláthú ach amháin má thugtar an daonlathas ar ais, agus má áirithítear slándáil agus cobhsaíocht;

M.  de bhrí gur chuir paindéim COVID-19 leis an staid sa Túinéis a bhí leochaileach cheana féin; de bhrí go raibh ganntanas soláthairtí ocsaigine agus vacsaíní ann, ar sholáthairtí agus vacsaíní iad a bhí ag teastáil chun freagairt éifeachtach a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte;

N.  de bhrí go bhfuil líon méadaitheach de mhuintir na Túinéise ag fágáil a dtíre, agus iad ag cur a mbeatha i mbaol uaireanta tríd an Meánmhuir a thrasnú; de bhrí go bhfuil ceann de na rátaí is airde d’imirce daoine oilte i measc na dtíortha Arabacha ag an Túinéis;

O.  de bhrí go bhfuil iarrachtaí suntasacha leanúnacha déanta ag AE chun tacú leis an Túinéis, lena gcuirtear os cionn EUR 2 billiún de dheontais ar fáil chun tacú le tiomantas na Túinéise glacadh leis an aistriú i dtreo an daonlathais, lena n-áirítear EUR 260 milliún in 2020 agus EUR 200 milliún ó mhí an Mheithimh 2021 mar chuid dá cúnamh macra-airgeadais; de bhrí gur cuireadh tráthchuid de EUR 600 milliún ar fáil i mí na Bealtaine 2021 faoin gclár Cúnaimh Macrairgeadais don Túinéis agus é mar chuspóir sonrach aici drochiarmhairtí eacnamaíocha phaindéim COVID-19 sa tír a mhaolú; de bhrí, don tréimhse ó 2021 go 2027, go gcuirfidh AE an Ionstraim nua um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI) – an Eoraip Dhomhanda in ionad na n-ionstraimí éagsúla, agus de bhrí gurb é ceann de phríomhchuspóirí chúnamh seachtrach AE arna chur ar fáil faoin ionstraim an daonlathas, an smacht reachta agus urraim do chearta an duine a chomhdhlúthú, tacú leo agus iad a chur chun cinn;

P.  de bhrí gur athdhearbhaíodh tiomantas AE do dhlús a chur faoina iarrachtaí an daonlathas a chur chun cinn i bPlean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus maidir leis an Daonlathas a ghlac an Chomhairle i mí na Samhna 2020;

Q.  de bhrí go n-iarrtar saoirse creidimh agus coinsiasa i mBunreacht 2014 na Túinéise;

1.  á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta don chomhpháirtíocht tosaíochta idir AE agus an Túinéis, agus do phróiseas daonlathach na Túinéise; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur bunaíodh comhchruinniú éiginnte cumhachtaí i lámha an Uachtaráin le Foraithne Uimh. 2021-117 ón Uachtarán; á athdhearbhú nach mór urraim don smacht reachta, don bhunreacht agus don chreat reachtach a chaomhnú, agus go bhfuil gá le Parlaimint dhlisteanach a fheidhmíonn go maith toisc gur institiúid í a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal; ag cáineadh, dá bhrí sin, gur chuir an tUachtarán Saied Parlaimint na Túinéise ar fionraí gan teorainn ón 24 Lúnasa 2021;

2.  á iarraidh go bhfillfí ar ghnáthfheidhmiú na n-institiúidí stáit, lena n-áirítear filleadh ar an daonlathas parlaiminteach agus atosú ar ghníomhaíocht pharlaiminteach a luaithe is féidir, mar chuid d’idirphlé náisiúnta, agus go bhfógrófar treochlár soiléir;

3.  á chur i bhfios go han-láidir gur institiúid ríthábhachtach den daonlathas í an pharlaimint, agus gur riachtanach í d’aon athchóiriú bunreachtúil; á thabhairt chun suntais gur féidir léirmhíniú agus cur i bhfeidhm forleathan a dhéanamh ar Airteagal 80 den Bhunreacht toisc nach ann do Chúirt Bhunreachtúil sa Túinéis agus go gcuirtear cosc ar na Feisirí den Pharlaimint achomharc a dhéanamh chun breithiúnas dlíthiúil a fháil maidir lena chur ar fionraí agus na bearta breise a ghlac an tUachtarán ar bhonn Airteagal 80; á iarraidh ar an Túinéis cúirt bhunreachtúil a bhunú a mbeidh sé d’aidhm aici míthuiscintí agus mí-úsáid an Bhunreachta;

4.  á athdhearbhú gur iarr an Leas-Uachtarán agus an tArdionadaí go ndéanfaí an chobhsaíocht institiúideach a athbhunú a luaithe is féidir, agus go háirithe go n-urramófaí cearta bunúsacha agus saoirsí a chumhdaítear i mBunreacht 2014 na Túinéise agus go staonfaí ó gach cineál foréigin;

5.  á thabhairt dá haire gur ceapadh Najla Bouden Ramadhan mar Phríomh-Aire an 29 Meán Fómhair agus gur ceapadh Oifig na nAirí an 11 Deireadh Fómhair 2021; á thabhairt dá haire gur ceapadh deichniúr ban mar Airí;

6.  á iarraidh ar an Uachtarán athmhachnamh a dhéanamh ar a sheasamh agus tacú go gníomhach le gach céim chun cearta comhionanna a ráthú idir mná agus fir i ngach réimse, go háirithe maidir le dlíthe i gcoinne na mban i gcearta oidhreachta, cearta coimeádta leanaí, cearta a dheonaítear mar cheann an teaghlaigh, an ceart chun saoire thuismitheoireachta, agus cearta saothair, go háirithe i gcás oibrithe tí agus ban-oibrithe talmhaíochta;

7.  á iarraidh ar údaráis na Túinéise an bunreacht a urramú agus cearta bunúsacha na saoránach uile a urramú; á mheabhrú gur de chineál doshannta atá cearta bunúsacha agus cearta an duine, agus go bhfuil forlámhas neamhchoinníollach acu, agus á iarraidh go ndéanfaí an bunreacht a athbhunú mar reachtaíocht phríomha; á iarraidh ar an Túinéis pionós an bháis a dhíothú go hiomlán;

8.  á iarraidh ar na húdaráis an éiginnteacht dhlíthiúil a chruthaítear le toirmisc taistil, faireachas stáit agus braighdeanais baile; á mheas go bhfuil an-fhadhb ag baint le trialacha sibhialtach ag cúirteanna míleata, á iarraidh go n-athbhunófaí breithiúnacht neamhspleách, a mbeadh athchóiriú ar chúirteanna míleata na Túinéise mar thoradh uirthi chun fáil réidh le trialacha míleata sibhialtach;

9.  á áitiú nach féidir an bunreacht ná an córas polaitiúil a athrú ach amháin laistigh de theorainneacha an bhunreachta; ag tabhairt dá haire gur cháin Conradh na Túinéise um Chosaint Chearta an Duine agus eagraíochtaí eile na sochaí sibhialta comhchruinniú cumhachtaí i lámha an Uachtaráin; á chur i bhfios go láidir nach mór tús áite a thabhairt don daonlathas, do chothromaíocht cumhachtaí agus do scaradh cumhachtaí;

10.  á aithint go bhfuil ról lárnach ag an gCeathairéad Idirphlé Náisiúnta, ina bhfuil UGTT, Cónaidhm Thionscal na Túinéise, Trádáil agus Léamhcheardaíocht (UTICA), Conradh Chearta an Duine sa Túinéis (LTDH), Ord Dlíodóirí na Túinéise, chun idirphlé cuimsitheach náisiúnta a éascú, ar bronnadh duais Nobel na Síochána air in 2015; á iarraidh ar an Uachtarán cur le creat náisiúnta do na geallsealbhóirí go léir chun an t-idirphlé sin a atosú go héifeachtach; á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag Grúpa Tacaíochta Daonlathais agus Comhordaithe Toghchán Pharlaimint na hEorpa maidir le hidirphlé a chur chun cinn idir an tsochaí shibhialta agus ceannairí polaitiúla na Túinéise;

11.  á thabhairt chun suntais gur gá go práinneach an ghéarchéim shocheacnamaíoch atá os comhair na tíre a shárú trí athchóirithe struchtúracha agus beartais a chur i bhfeidhm;

12.  á athdhearbhú go bhfuil sé de thiomantas daingean ag AE tacaíocht a thabhairt don Túinéis chun an ghéarchéim airgeadais agus eacnamaíoch a shárú, agus freisin agus í ag dul i dtreo comhdhlúthú daonlathach breise a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) dlús a chur leis an idirphlé le húdaráis na Túinéise, leis na heintitis eacnamaíocha agus le sochaí shibhialta na Túinéise; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinstitiúidí cobhsaí agus feidhmiúla chun dul chun cinn a dhéanamh sna hathchóirithe struchtúracha is gá chun iasacht tarrthála ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta a fháil;

13.  á chur i bhfios go láidir gurb ionann comhthuiscint ar an smacht reachta, ar an daonlathas agus ar chearta an duine agus an bhunchloch le haghaidh comhpháirtíocht láidir idir AE agus an Túinéis; ag tathant ar an Uachtarán feidhmiú iomlán agus ceart chomhlachtaí neamhspleácha rialála an stáit a cheadú arís, lena n-áirítear an comhlacht sealadach chun athbhreithniú a dhéanamh ar bhunreachtúlacht na ndlíthe agus an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Fhrith-Éilliú;

14.  á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil trasnnaíochtaí eachtracha ag baint an bhoinn ó dhaonlathas na Túinéise;

15.  á iarraidh ar AE leanúint de chláir lena dtugtar tacaíocht do shaoránaigh na Túinéise, agus dlús a chur le cúnamh nuair is gá i bhfianaise na géarchéime atá ann faoi láthair, lena n-áirítear le tacaíocht cúram sláinte tríd an gcóras COVAX chun cabhrú leis an tír bainistiú a dhéanamh ar an tionchar tromchúiseach atá ag paindéim COVID-19;

16.  á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit súil ghéar a choinneáil ar an staid sa Túinéis, agus á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tuairisc a thabhairt go rialta don Choiste um Ghnóthaí Eachtracha sa Pharlaimint chun a áirithiú go mbeidh idirphlé ceart parlaiminteach ann maidir leis an staid thábhachtach seo ar ábhar imní é;

17.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig SEGS, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na Túinéise.

(1) IO C 35, 31.1.2018, lch. 117.

An nuashonrú is déanaí: 20 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais