Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2923(RSP)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
Na doiciméid roghnaithe :

Téacsanna arna gcur síos :

RC-B9-0535/2021

Díospóireachtaí :

PV 19/10/2021 - 14
CRE 19/10/2021 - 14

Vótaí :

PV 21/10/2021 - 10
PV 21/10/2021 - 16

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0441

Téacsanna atá glactha
PDF 147kWORD 55k
Déardaoin, 21 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil (CEEAG)
P9_TA(2021)0441RC-B9-0535/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 ar na treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil (CEEAG) (2021/2923(RSP))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach lena mbunaítear nach foláir do mhargadh inmheánach an Aontais oibriú ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe na hEorpa, agus d’Airteagail 9 agus 11 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus d’Airteagal 37 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh lena n-iarrtar cosaint an chomhshaoil agus chosaint shláinte an duine a chomhtháthú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais an Aontais,

–  ag féachaint don dréacht-teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2021 dar teideal Guidelines on State aid for climate, environmental protection and energy 2022 [Treoirlínte maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh 2022],

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal Tackling rising energy prices: a toolbox for action and support [Dul i ngleic le hardú na bpraghsanna fuinnimh: Bosca uirlisí le haghaidh gníomhaíochta agus tacaíochta] (COM(2021)0660),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition – Investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Ag cur le huaillmhian 2030 na hEorpa don aeráid – Infheistiú i dtodhchaí aeráidneodrach chun leas ár bpobail] (COM(2020)0562),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal A Renovation Wave for Europe – greening our buildings, creating jobs, improving lives [Rabharta Athchóirithe don Eoraip – glasú na bhfoirgneamh seo againne, cruthú post agus feabhsú na cáilíochta saoil] (COM(2020)0662),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do Chomhaontú Pháras de chuid 21ú Comhdháil na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus don 11ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe ag fónamh mar Chruinniú Pháirtithe Phrótacal Kyoto (CMP11), a tionóladh i bPáras, an Fhrainc, ón 30 Samhain go dtí an 11 Nollaig 2015,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Iúil 2021 dar teideal ‘Fit for 55’: delivering the EU’s 2030 Climate Target on the way to climate neutrality’ [Pacáiste um oiriúnú don sprioc 55%: Sprioc Aeráide an Aontais do 2030 i dtreo neodracht aeráide a bhaint amach] (COM(2021)0550),

–  ag féachaint do Mholadh (AE) 2021/1749 ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2021 dar teideal Energy Efficiency First: from principles to practice [Tús Áite don Éifeachtúlacht Fuinnimh: ó phrionsabail go cleachtas’] agus na treoirlínte atá i gceangal leis(1),

–  ag féachaint don mheastóireacht a rinne an Coimisiún ar rialacha AE maidir le státchabhair,

–  ag féachaint don chomhairliúchán poiblí ar na treoirlínte athbhreithnithe maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil (CEEAG),

–  ag féachaint don chomhairliúchán poiblí maidir leis an athbhreithniú spriocdhírithe ar Rialachán Ginearálta na Blocdhíolúine (Státchabhair): rialacha athbhreithnithe maidir le státchabhair lena gcuirtear an t-aistriú glas agus digiteach chun cinn,

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn(2) (An Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh(3),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE(4),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas(5),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide(6),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088(7) (an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail(8) (Rialachán Aarhus),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 maidir straitéis Eorpach i ndáil le comhtháthú córas fuinnimh(9),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)(10),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Iúil 2021 maidir le Beartas Iomaíochta 2020 (COM(2021)0373),

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsiún Aarhus),

–  ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí gur cheart go mbeadh na rialacha maidir le státchabhair do thionscadail aeráide, fuinnimh agus chomhshaoil oiriúnach don aistriú inbhuanaithe agus gur cheart dóibh a bheith i gcomhréir le spriocanna agus uaillmhianta an Aontais i dtaca leis an aeráid, le fuinneamh, le ciorclaíocht, le truailliú nialasach agus leis an mbithéagsúlacht;

B.  de bhrí go rachaidh treoirlínte reatha 2014-2020 maidir le státchabhair le haghaidh chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh (EEAG) in éag an 31 Nollaig 2021;

C.  de bhrí go bhfuil gá le hathbhreithniú forleathan agus domhain a dhéanamh ar EEAG chun na treoirlínte a ailíniú go hiomlán leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Comhaontú Pháras agus le spriocanna aeráide 2030 agus 2050 AE;

D.  de bhrí go bhfuil gá le creat státchabhrach atá láidir agus trédhearcach chun margaí iomaíocha a chothabháil agus chun saobhadh margaidh atá díréireach agus nach bhfuil údar leis a sheachaint;

E.  de bhrí gur leag EEAG amach na coinníollacha faoina bhféadfar a mheas go bhfuil státchabhair don fhuinneamh agus do chosaint an chomhshaoil comhoiriúnach leis an margadh aonair;

F.  de bhrí go bhfuil dúshláin ann nach bhfacthas a leithéid roimhe seo le cuspóirí uaillmhianacha fuinnimh agus aeráide AE a mbeidh gá le leibhéil ollmhóra d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach ina leith; de bhrí go mbeadh easpa gnímh sa réimse níos costasaí ós rud é bhféadfadh costas suas le 5,6 % d’OTI AE in 2050 a bheith i gceist i gcás mainneachtana nó moilleadóireacht ar infheistíochtaí chun an claochlú éiceolaíoch a ghnóthú;

G.  de bhrí go leagtar amach go sonrach sa teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip gur cheart na rialacha maidir le státchabhair a athbhreithniú chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a léiriú, chun tacú le haistriú costéifeachtach chuig aeráidneodracht faoi 2050 agus chun go ndéanfar éascú ar dheireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise, go háirithe iad siúd is mó truailliú, lena n-áiritheofar leis sin machaire comhréidh sa mhargadh inmheánach;

H.  de bhrí go ndearnadh laghdú suntasach i ndréacht-CEEAG an Choimisiúin ar liosta na n-earnálacha atá dian ar fhuinneamh agus atá incháilithe do státchabhair;

I.  de bhrí go n-eisiatar le CEEAG reatha cur chuige difreáilte atá bunaithe ar shainiúlachtaí réigiúnacha agus ar dháileadh réigiúnach, lena gcuirtear moill ar an leathnú riachtanach ar fhuinneamh inathnuaite faoin tuath i mBallstáit a bhfuil dálaí nádúrtha ilchineálacha acu;

J.  de bhrí gur sheol an Coimisiún comhairliúchán poiblí spriocdhírithe an 7 Meitheamh 2021 agus gur fhoilsigh sé an dréacht-CEEAG; de bhrí gur tháinig deireadh leis an tréimhse chomhairliúcháin an 2 Lúnasa 2021;

K.  de bhrí go bhfuil sé ráite ag an gCoimisiún gurb iad an dá phríomhchúis atá leis an athbhreithniú ar EEAG ná leathnú ar raon feidhme na dtreoirlínte chuig réimsí nua agus chuig na teicneolaíochtaí uile ar féidir leo rannchuidiú le Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach agus níos mó solúbthachta i rialacha comhoiriúnachta a thabhairt i gcrích; de bhrí go bhfuil ailíniú agus comhsheasmhacht le reachtaíocht chomhshaoil agus fuinnimh ábhartha uile AE agus le acquis an Aontais i gcoitinne bunriachtanach;

L.  de bhrí, chun AE a chur ar chonair fhreagrach chun a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, go bhfuil cinneadh déanta ag AE a astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 agus go bhfuil sé molta ag an gCoimisiún an reachtaíocht ábhartha aeráide agus fuinnimh uile a ailíniú dá réir sin, lena n-áirítear trí spriocanna an Aontais do 2030 a mholadh chun sciar na bhfoinsí inathnuaite fuinnimh a mhéadú 40 % ar a laghad agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú 36 % ar a laghad mar chuid den phacáiste um oiriúnú don sprioc 55 %;

M.  de bhrí go bhfuil sé ráite ag an gCoimisiún go mbeidh EUR 350 billiún d’infheistíocht bhliantúil bhreise de dhíth ar na spriocanna aeráide agus fuinnimh seo amháin;

N.  de bhrí gur cheart, le rialacha maidir le státchabhair, go háirithe na rialacha sin a bhaineann leis an aeráid, leis an bhfuinneamh agus le cosaint an chomhshaoil, go ndéanfaí éascú ar dheireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, agus nár cheart go mbeidís ina gcúis nó rannchuidiú a dhéanamh le héifeachtaí gaibhnithe astaíochtaí gás ceaptha teasa nó le cruthú sócmhainní tréigthe;

O.  de bhrí gur cheart do na rialacha maidir le státchabhair fónamh a dhéanamh ar chur chun feidhme ‘chéadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh’, ar prionsabal é a bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit é a chur i bhfeidhm ina gcuid cinntí pleanála, beartais agus infheistíochta fuinnimh i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide;

P.  de bhrí gur cheart go seasfadh na rialacha nuachóirithe maidir le státchabhair i bhfad na haimsire agus gur cheart, dá bhrí sin, go mbeidís faoi réir faireachán rialta agus athbhreithniú rialta;

Q.  de bhrí gur cheart go rannchuideodh an t-athbhreithniú ar rialacha státchabhrach CEEAG le haistriú cóir agus go gcuirfí gnéithe sóisialta, dá bhrí sin, san áireamh ina gcuspóirí, lena n-áirítear sna treoirlínte maidir le sásraí tairisceana, chun dul i ngleic le hiarmhairtí sóisialta agus neamhionannais atá díréireach agus neamhbheartaithe, agus é á chur san áireamh go bhfuil 30 milliún duine, nó 6.9 % de dhaonra AE, ag maireachtáil faoi bhochtaineacht fuinnimh, agus go bhfuil difríochtaí suntasacha ann idir na Ballstáit;

R.  de bhrí go bhfuil gá le creat státchabhrach láidir chun margaí iomaíocha a chothabháil agus gur féidir leis ról a bheith aige freisin mar chreat cumasúcháin chun tacú le tionscal AE san aistriú chuig geilleagar aeráidneodrach;

1.  á chur in iúl gur geal léi an dréacht-teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le CEEAG agus na hiarrachtaí atá á ndéanamh aige chun EEAG a neartú agus díriú ar leibhéal níos airde cosanta don chomhshaol, lena n-áirítear dícharbónú na hearnála fuinnimh; á chur in iúl gur geal léi an bhéim mhéadaithe ar an athrú aeráide a chomhrac agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i ndréacht-CEEAG, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh na treoirlínte sin fite fuaite le cosaint an chomhshaoil agus na sláinte;

2.  ag tabhairt dá haire, i bhfianaise an athraithe theicneolaíoch a d’eascair as an aistriú i dtreo na samhla ar lú a lorg carbóin, nach mór méid áirithe solúbthachta a bheith sna rialacha maidir le státchabhair;

3.  á mheabhrú gurb ann do chuspóir aeráide an Aontais i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030, mar a leagtar síos sa Dlí Aeráide Eorpach, agus gurb ann don sprioc aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á aithint go bhfuil go leor dlíthe aeráide agus fuinnimh á n-athbhreithniú faoi láthair chun iad a chur i gcomhréir leis na spriocanna sin, gurb ionann spriocanna beartaithe 2030 don fhuinneamh inathnuaite anois agus ‘40 % ar a laghad’ agus ‘36 % ar a laghad’ i gcás spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh; á chur i bhfios go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach ón earnáil phríobháideach agus ón earnáil phoiblí araon don aistriú chuig samhail eacnamaíoch aeráidneodrach; á chur i bhfios go láidir gur léir go bhfuil costas na neamhghníomhaíochta níos airde ná an costas a bhaineann le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais a chomhlíonadh;

4.  á áitiú go bhfuil státchabhair atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de ríthábhachtach chun cuspóirí AE maidir leis an aeráid, leis an bhfuinneamh agus le cosaint an chomhshaoil a bhaint amach; á chreidiúint gur cheart don Choimisiún comhartha soiléir a thabhairt gur cheart go mbeadh aon tacaíocht i gcomhoiriúint le Comhaontú Pháras agus le cuspóirí aistrithe glas agus cuspóirí sóisialta an Aontais;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún na catagóirí éagsúla cabhrach a ailíniú leis an Dlí Aeráide Eorpach, lena dtacófar, dá bhrí sin, le haistriú costéifeachtach agus cóir chuig aeráidneodracht agus lena ndéanfar éascú ar dheireadh a chur le breoslaí iontaise de réir a chéile; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh féidearthachtaí tacaíochta ag gabháil leis an gcéimniú amach de réir a chéile do theicneolaíochtaí nua nach bhfuil chomh dian sin ar charbón i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 den Rialachán Tacsanomaíochta agus do chonair chomhsheasmhach i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050;

6.  ag tabhairt dá haire go bhfuil sé mar aidhm leis na treoirlínte maidir le Státchabhair céimniú amach breoslaí iontaise a éascú; á chur i bhfáth, áfach, gur cheart aon tacaíocht atá fós ann do thionscadail gháis iontaise a bheith ina siocair le laghdú suntasach ar astaíochtaí foriomlána agus gaibhniú fadtéarmach breoslaí iontaise a sheachaint trí dhearadh a sheasfaidh an aimsir a bheith acu, mar shampla tionscadail gháis a bhfuil creat ama ceangailteach acu chun a bheith ina sócmhainní hidrigine tiomnaithe i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le bonneagar fuinnimh; á chur i bhfios go bhfuil gá le sceidil infheistíochta inathnuaite chomhréireacha a éilíonn dlúthghrinnscrúdú agus dianchritéir;

7.  á chur i bhfáth go bhfuil an Státchabhair i réimse na haeráide, na cosanta comhshaoil agus an fhuinnimh ina príomhuirlis mheántéarmach chun aghaidh a thabhairt ar arduithe tobanna ar phraghsanna fuinnimh, go háirithe trí thacú le bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus foinsí fuinnimh inathnuaite inbhuanaithe; á chreidiúint go bhfuil beartais agus bearta maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, go háirithe i gcás foirgneamh, tábhachtach do dhaoine leochaileacha; á chur in iúl gur ábhar imní di nach leor uaillmhian na catagóire cabhrach le haghaidh ‘feabhas a chur ar fheidhmíocht fuinnimh agus chomhshaoil foirgneamh’ sa dréacht de CEEAG ós rud é nach bhforáiltear léi ach do mhion-athchóirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún an bunriachtanas maidir leis an éileamh ar fhuinneamh príomhúil i bhfoirgnimh a laghdú a mhéadú go 40 % ar a laghad, arb é sin an t-íosleibhéal is gá chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 in earnáil na tógála; á iarraidh ar an gCoimisiún leathnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann na treoirlínte maidir le Státchabhair a mhaolú le haghaidh bearta comhshaoil maidir le tithíocht shóisialta ar fud an Aontais;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-aicmiú earnála a chur i gcrích le gráinneacht leordhóthanach ionas nach ndéanfar cuideachtaí atá incháilithe ar shlí eile a eisiamh ó Státchabhair i ngeall ar aicmiú earnála neamhfhabhrach;

9.  á chur i bhfáth, i bhfianaise uaillmhian an phacáiste um oiriúnú don sprioc 55%, go bhféadfadh sé go mbeadh tacaíocht phoiblí de dhíth ar níos mó earnálacha seachas ar níos lú earnálacha trí Státchabhair; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh earnálacha a áireamh le bheith incháilithe do Státchabhair laistigh de ‘Treoirlínte 2022 maidir le Státchabhair le haghaidh na haeráide, chosaint an chomhshaoil agus an fhuinnimh’; go háirithe don chabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh;

10.  á thabhairt chun suntais gur gá reachtaíocht agus beartais AE maidir leis an aeráid, maidir leis an gcomhshaol, maidir le truailliú nialasach, maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir le fuinneamh a phríomhshruthú sa chreat nua maidir le Státchabhair agus fós a áirithiú go leanfaidh siad de bheith cothrom le dáta agus i gcomhréir leis an gcreat aeráide agus fuinnimh nuashonraithe atá á athbhreithniú faoi láthair;

11.  á thabhairt chun suntais gurb amhlaidh, dá mainneofaí rialacha urrúnta maidir le státchabhair a bhunú i gcomhréir leis an bpacáiste um oiriúnú don sprioc 55% arna chaibidliú agus leis an gComhaontú Glas don Eoraip, go bhféadfadh iarmhairtí diúltacha a bheith ann d’iomaíochas agus inbhuanaitheacht thionscal AE, go bhféadfaí cruthú post agus téarnamh eacnamaíoch AE a chur i mbaol, agus, ar deireadh thiar, go bhféadfaí an bonn a bhaint ó éifeachtacht chlár oibre an Aontais maidir leis an aeráid;

12.  á chur i bhfáth go n-éileofar le huaillmhian an phacáiste um oiriúnú don sprioc 55 % go bhfaighidh earnálacha áirithe atá dian ar fhuinneamh méid áirithe tacaíochta poiblí chun an t-aistriú a sheasamh; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar liosta na n-earnálacha atá incháilithe do chúiteamh i bpraghsanna fuinnimh;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún aicmiú earnála a chur i gcrích le gráinneacht leordhóthanach ionas nach ndéanfar cuideachtaí atá incháilithe ar shlí eile a eisiamh ó Státchabhair i ngeall ar aicmiú earnála neamhfhabhrach;

14.  á chur in iúl gur geal léi na cuspóirí ginearálta maidir le raon feidhme EEAG a leathnú chun réimsí nua amhail soghluaisteacht ghlan a chuimsiú, lena méadaítear solúbthacht agus lena ndéantar cuíchóiriú ar na rialacha reatha; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil gá le breis uaillmhéine maidir le Státchabhair don thionscadail aeráide, cosanta comhshaoil, fuinnimh inathnuaite agus éifeachtúlachta fuinnimh, agus go bhfuil gá le sainmhínithe soiléire agus modheolaíochtaí measúnaithe do choincheapa nua arna dtabhairt isteach le CEEAG;

15.  á chur i bhfáth gur cheart do CEEAG tacú go leormhaith le claochlú éiceolaíoch chuideachtaí an Aontais Eorpaigh san aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de, agus an téarnamh ó ghéarchéim COVID-19, cruthú post san Aontas agus iomaíochas á gcoimirciú ag an am céanna;

16.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé i gceist le CEEAG soiléiriú a dhéanamh ar conas is féidir leis na Ballstáit scor luath na ngníomhaíochtaí guail, móna agus scealla ola a dhreasachtú; á chreidiúint, áfach, gur cheart feabhas suntasach a chur ar an gcatagóir cabhrach sin, mar shampla trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:

   (i) coimircí soiléire a thabhairt isteach maidir le céimniú amach breoslaí iontaise agus gníomhaíochtaí gaolmhara, agus aird á tabhairt ar na fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha a fuarthas san am a chuaigh thart, freagrachtaí corparáideacha na suíomhanna a thiontú i ndiaidh a ndúnta, agus, go ginearálta, na dliteanais uile de réir an phrionsabail gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, nach bhféadfar a íoc as le Státchabhair; na coimircí sin a ghnóthú trí dhátaí dúnta éigeantacha a shocrú, mar shampla; dáta deiridh a shocrú don chóras dúnta cabhrach agus/nó do chéimniú amach na cabhrach;
   (ii) a cheangal go dtíolacfaí measúnú tionchair iomlánaíoch agus comparáidí le roghanna malartacha atá tíosach ar fhuinneamh agus, i gcás nach leor iad, le roghanna eile fuinnimh inathnuaite níos inbhuanaithe do na riachtanais fuinnimh atá fós ann chun a léiriú go dtugtar Státchabhair don réiteach fadtéarmach is cost-éifeachtúla, is éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de, agus is inbhuanaithe, atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite, i gcomhréir leis an eolaíocht is déanaí agus le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, go háirithe na spriocanna sin maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus maidir le fuinneamh inathnuaite;
   (iii) a shainiú cad is brí le ‘costais bhreise’ atá incháilithe do Státchabhair chun scor gníomhaíochtaí brabúsacha a éascú, mar a rinneadh i gcás na Státchabhrach chun scor gníomhaíochtaí neamhiomaíocha a éascú;
   (iv) a cheangal go mbeadh trédhearcacht sna pleananna dúnta do ghníomhaíochtaí breosla iontaise agus go ndéanfaí cabhair a dheonú sa chomhthéacs sin;

17.  á chur i bhfáth gur gá, chun a bheith neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050, bearta éifeachtúlachta fuinnimh agus teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite inbhuanaithe a úsáid láithreach agus go fada fairsing; á chur i bhfáth nach é amháin go laghdófar astaíochtaí san fhadtéarma le hinfheistíocht phoiblí san éifeachtúlacht fuinnimh agus san fhuinneamh inathnuaite ach go laghdófar agus go gcobhsófar praghsanna fuinnimh freisin, rud a fhágfaidh go mbeidh breis ioncaim indiúscartha ann, agus, ar deireadh thiar, go neartófar rathúnas agus slándáil fuinnimh an Aontais; ag tabhairt dá haire agus á chur in iúl gur cúis imní di go scriostar sa dréacht-CEEAG an chatagóir chabhrach atá dírithe ar thacaíocht a thabhairt don fhuinnimh inathnuaite, rud a chuireann san iomaíocht é don Státchabhair le réitigh ísealcharbóin eile; á iarraidh, dá bhrí sin, go n-áireofar sa leagan críochnaitheach de CEEAG caibidil ar leith maidir le tacaíocht a thabhairt don fhuinneamh inathnuaite, agus go gcuirfear i bhfios ann gur cheart gur scéimeanna tacaíochta a bhaineann go sonrach leis an teicneolaíocht a bheith ina ngnáthnós agus ní ina n-eisceacht agus go ndéanfar foráil ann maidir leis an bhféidearthacht leibhéil tacaíochta atá difreáilte go réigiúnach a bheith ann chun éascaíocht a dhéanamh ar éagsúlú agus comhtháthú costéifeachtach córais an fhuinnimh inathnuaite ar an leibhéal réigiúnach; á iarraidh, i gcomhréir leis an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite, go dtabharfaí isteach caibidil shonrach ina mbeadh forálacha ar leith chun tacú le pobail fuinnimh inathnuaite de gach méid agus le gníomhaithe beaga, lena n-áirítear díolúine ó cheantáil éigeantach agus/nó méadú suntasach a dhéanamh ar na tairseacha dá ndíolúine ó cheantáil nó, ina éagmais sin, iad a choinneáil ar leibhéil EEAG ar a laghad;

18.  á chur i bhfáth go bhfuil an sprioc 15 % maidir le hidirnascadh leictreachais trasteorann a ghnóthú, scrogaill náisiúnta a dhíothú, an acmhainneacht stórála fuinnimh inathnuaite a mhéadú agus eangacha tarchurtha agus dáileacháin a dhéanamh níos cliste ina bhealach lárnach eile chun idirnascadh fuinnimh trasteorann a leathnú, rud atá riachtanach chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a mhéadú, chun luaineacht a laghdú agus chun neamhspleáchas fuinnimh an Aontais a chothú;

19.  ag áitiú gur cheart go mbeadh na rialacha maidir le Státchabhair solúbtha a ndóthain chun éascaíocht a dhéanamh ar réitigh nua astaíochtaí nialasacha, ciorclacha agus inbhuanaithe a bheith á gcomhtháthú sna hearnálacha uile, go háirithe in earnálacha ina bhfuil sé deacair astaíochtaí a mhaolú;

20.  á iarraidh go ndéanfaí prionsabail an ordlathais fuinnimh a chomhtháthú in CEEAG, ar dá réir a thugtar tosaíocht do choigilt agus éifeachtúlacht fuinnimh, agus leictriúchán díreach inathnuaite agus úsáidí feabhsaithe teasa inathnuaite ina dhiaidh sin, agus, ar deireadh, trí úsáid acmhainní eile inbhuanaithe atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite le haghaidh feidhmeanna nach bhfuil roghanna malartacha acu le haghaidh a n-aistrithe; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gcabhair i bhfoirm laghduithe ar thobhaigh leictreachais d’úsáideoirí dianfhuinnimh i bhfianaise na bprionsabal sin trína áirithiú go nascfar an tacaíocht sin le fíor-infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh agus i bhfuinneamh inathnuaite dá bpróisis;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chomhtháthú go sainráite in CEEAG, go háirithe tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

   (i) an prionsabal a úsáid mar bhonnlíne thosaíochta chun a mheas an bhfuil gá le beart in earnáil an fhuinnimh, go háirithe maidir le bearta cabhrach don táirgeadh fuinnimh (roinn 4.1), cabhair do shlándáil an tsoláthair, go háirithe i gcomhthéacs sásraí luacha saothair acmhainne (roinn 4.8) agus cabhair don bhonneagar fuinnimh (roinn 4.9);
   (ii) an prionsabal a chomhtháthú sa réasúnaíocht a bhaineann le bearta maidir le scéimeanna éifeachtúlachta fuinnimh (e.g. nósanna imeachta tairisceana atá sonrach ó thaobh na teicneolaíochta de faoi chatagóir na garchabhrach – roinn 4.1) agus feabhsú feidhmíochta fuinnimh agus comhshaoil foirgneamh (roinn 4.2) nó le haghaidh téamh agus fuarú ceantair (roinn 4.10);

22.  á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áiritheofaí leis na rialacha Eorpacha maidir le Státchabhair cothrom na Féinne i measc na mBallstát, ós rud é nach mbeidh na Ballstáit uile in ann an leibhéal céanna tacaíochta a chur ar fáil dá ngnólachtaí, rud a chruthódh an baol go mbeidh saobhadh ar an margadh, ilroinnt agus tuilleadh dibhéirseachtaí idir tíortha, rud a chruthódh tuilleadh éagothromaíochtaí sóisialta sa mhargadh inmheánach;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú cúramach a dhéanamh ar cibé an mbeidh éifeacht ar son na hiomaíochta agus ar son na nuála ag na hathruithe atá beartaithe nó ar dóchúla go gcruthóidh siad bacainní nua ar an iomaíocht, go háirithe do FBManna; á iarraidh ar an gCoimisiún na hiarmhairtí fadtéarmacha a chur san áireamh ar chúngú na gconairí claochlaithe a d’fhéadfadh a bheith ann;

24.  ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le hintuarthacht eacnamaíoch chun rioscaí infheistíochta i dteicneolaíochtaí fuinneamhéifeachtúla agus inathnuaite a íoslaghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún scéimeanna cabhrach a údarú ar feadh tréimhse atá fada go leor lena gcuirtear san áireamh tráthchláir phleanála agus forbartha na dtionscadal ábhartha i gcomhréir leis na forálacha a shainítear sa reachtaíocht ábhartha;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do scéimeanna tacaíochta a formheasadh cheana faoin seanchóras státchabhrach; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra athbhreithnithe a áireamh in CEEAG ionas go n-áiritheofar comhsheasmhacht agus comhleanúnachas leis na gníomhartha reachtacha críochnaitheacha agus le gníomhartha cur chun feidhme an phacáiste um oiriúnú don sprioc 55 %;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún leibhéil iomarcacha d’ualach cruthúnais agus dlisteanaithe a sheachaint sna treoirlínte nua chun maorlathas agus neamhchinnteacht a sheachaint lena gcuirfí bac ar chuspóirí beartais an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus ar ghnóthú spriocanna laghdaithe 2030;

27.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé poist inbhuanaithe ardcháilíochta a chaomhnú agus a chruthú i gcomhthéacs an aistrithe inbhuanaithe;

28.  á iarraidh ar an gCoimisiún foráil a dhéanamh maidir leis an bhféidearthacht Státchabhair eisceachtúil a bheith ann i gcás nach gcumhdódh codanna eile de na treoirlínte tacaíocht den sórt sin ach i gcás ina mbeidh tionchar dearfach ag an nuálaíocht a fhaigheann tacaíocht ar shochaí AE nó ar gheilleagar AE i gcomhréir le cuspóirí beartais an Aontais;

29.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an easpa trédhearcachta i dtaca leis na malartuithe idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le fógra a thabhairt i ndáil le bearta náisiúnta státchabhrach agus formheas a thabhairt ina leith, agus maidir leis na critéir a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann bearta Státchabhrach náisiúnta cuspóirí agus dlíthe AE maidir leis an gcomhshaol, maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir le cosaint na haeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin trí, inter alia, uainiú na gcéimeanna nós imeachta sa chlár státchabhrach a nochtadh, tríd an gcinneadh maidir le réamhfhógra a fhoilsiú agus leis na litreacha chuig na Ballstáit i gcás nach gcáilíonn na bearta atá beartaithe mar Státchabhair, feabhas a chur ar na teimpléid a úsáideann na Ballstáit le haghaidh fógraí a thabhairt maidir le státchabhair, agus feabhas a chur ar mheasúnuithe an Choimisiúin ar chomhlíonadh;

30.  á mheabhrú gur chinn an Coiste um Chomhlíonadh Choinbhinsiún Aarhus (ACCC) ina chinntí i gcás ACCC/C/2015/128 a glacadh an 17 Márta 2021, nach raibh AE ag comhlíonadh Airteagal 9(3) agus (4) de Choinbhinsiún Aarhus toisc go bhfuil sé dodhéanta don tsochaí shibhialta faoi láthair agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí maidir le státchabhair arna ndéanamh ag an gCoimisiún faoi Airteagal 108(2) CFAE, ar cinntí iad a d’fhéadfadh sárú a dhéanamh ar dhlí an Aontais a bhaineann leis an gcomhshaol; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tiomantas iomlán a léiriú d’oibleagáidí idirnáisiúnta AE maidir le ceartas comhshaoil; ag moladh don Choimisiún seasamh leis an ngealltanas a tugadh sa ráiteas a ghabhann le Rialachán Aarhus arna athbhreithniú, i.e. measúnú a dhéanamh ar na roghanna atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar thorthaí ACCC faoi dheireadh 2022, agus bearta a chur chun cinn, más iomchuí, faoi dheireadh 2023;

31.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.

(1) IO L 350, 4.10.2021, lch. 9.
(2) IO L 328, 21.12.2018, lch. 82.
(3) IO L 328, 21.12.2018, lch. 210.
(4) IO L 158, 14.6.2019, lch. 125.
(5) IO L 158, 14.6.2019, lch. 54.
(6) IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.
(7) IO L 198, 22.6.2020, lch. 13.
(8) IO L 264, 25.9.2006, lch. 13.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0240.
(10) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 20 Eanáir 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais