Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe (09722/1/2021 – C9-0371/2021 – 2016/0107(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (09722/1/2021– C9‑0371/2021),
– ag féachaint don ráiteas ar chúiseanna na Comhairle lena seasamh ar an gcéad léamh,
– ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Tithe an Oireachtais in Éirinn agus Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2016(1),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0198),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0305/2021),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.