Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht Eorpach Mhéadreolaíochta arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (COM(2021)0089 – C9-0083/2021 – 2021/0049(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0089),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 185 agus don dara mír d’Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0083/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Deireadh Fómhair 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0242/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Samhain 2021 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/2084)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ón gCoimisiún
D’fhonn cuidiú leis na Ballstáit sineirgí a neartú idir Fís Eorpach agus an Beartas Comhtháthaithe, forbróidh an Coimisiún treoirlínte a bheidh dírithe ar na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gcistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus leis an aistriú acmhainní.