Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2018(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0294/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0294/2021

Díospóireachtaí :

PV 11/11/2021 - 4
CRE 11/11/2021 - 4

Vótaí :

PV 11/11/2021 - 6.12

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0454

Téacsanna atá glactha
PDF 165kWORD 54k
Déardaoin, 11 Samhain 2021 - Brussels
Reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí Eorpacha
P9_TA(2021)0454A9-0294/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (2021/2018(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint d’Airteagail 224 agus 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha(1) (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta), arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2018/673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Bealtaine 2018(2) agus Rialachán (AE, Euratom) 2019/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019(3), agus go háirithe Airteagal 38(1) de,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais(4) (an Rialachán Airgeadais),

–  tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (dá ngairtear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) agus lena thuarascálacha bliantúla,

–  ag féachaint do thuarascáil ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa chuig an mBiúró an 19 Aibreán 2021 maidir le cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, ar an leibhéal Eorpach,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0294/2021),

A.  de bhrí go bhfuil páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla láidre ar leibhéal AE riachtanach chun fíor-réimse polaitiúil AE a fhorbairt;

B.  de bhrí gur cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha ról níos lárnaí a bheith acu i bpróiseas na dtoghchán Eorpach agus rannchuidiú le feasacht pholaitiúil AE a chruthú agus le toil shaoránaigh AE a chur in iúl; de bhrí go bhfuil an éagsúlacht pholaitiúil riachtanach don dioscúrsa poiblí agus chun roghanna na saoránach a chur in iúl;

C.  de bhrí nach féidir a mheas gur eintitis neamhpháirtíneacha iad páirtithe le linn iomaíocht pholaitiúil agus de bhrí nach féidir a maoiniú a laghdú go speansais neamhpholaitiúla;

D.  de bhrí go bhfuil sainordú ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chuimsíonn feasacht pholaitiúil ar shaincheisteanna beartais AE agus ar phróiseas an lánpháirtithe Eorpaigh a ardú agus cur leis an díospóireacht sin, agus laistigh den chreat sin, forbraíonn siad freisin tairiscintí nach bhfuil dírithe go heisiach ar bhaill nó ar vótálaithe páirtí ar leith, ach atá ar oscailt do chách ar na téarmaí céanna;

E.  de bhrí gur cheart do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha comhoibriú lena mballpháirtithe agus comhpháirtithe náisiúnta, chun tacú leo an tAontas agus a bheartais a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus chun an dlisteanacht dhaonlathach a fheabhsú;

F.  de bhrí gur cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha comhoibriú lena gcontrapháirtithe náisiúnta comhfhreagracha chun rannpháirtíocht idirghníomhach maidir le saincheisteanna AE a éascú;

G.  de bhrí, chun leanúint de bheith feasach ar thoil shaoránaigh an Aontais agus chun í a chur in iúl, go bhfuil sé riachtanach nach bhfuil ról agus feidhmiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha teoranta do shaincheisteanna atá d’ábharthacht Eorpach amháin ar leibhéal an Aontais; de bhrí gur cheart go mbeadh cead ag na páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sin a gcistí a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a rannchuidíonn le saoránaigh AE a chur ar an eolas agus feasacht a mhéadú ar shaincheisteanna a bhaineann le beartais AE;

H.  de bhrí gur réamhriachtanas iad acmhainní airgeadais leordhóthanacha do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun a gcuid cúraimí a ghlacadh, agus ba cheart trédhearcacht agus cuntasacht iomlán a bheith mar choinníoll le cistí poiblí a fháil ó bhuiséad an Aontais;

I.  de bhrí gur féidir le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ról a imirt i gcur chun cinn bheartais AE maidir le tíortha comharsanachta faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus mar chuid de chaidreamh seachtrach an Aontais; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbeidís oscailte do bhallraíocht páirtithe nó daoine aonair ó na tíortha sin agus go mbeadh siad in ann ranníocaíochtaí a fháil uathu, ar choinníoll go n-áiritheofaí trédhearcacht iomlán agus comhlíonadh iomlán Airteagal 325 CFAE agus rialacha an Aontais maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus na caimiléireachta;

J.  de bhrí gur cheart go mbeadh sé indéanta catagóirí breise ioncaim a bheith ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha seachas ranníocaíochtaí agus tabhartais;

K.  de bhrí go gcuirfeadh ailíniú an ráta cómhaoinithe le haghaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha leis an leibhéal a fhorchuirtear ar fhondúireachtaí polaitiúla cosc ar charnadh fiachais;

L.  de bhrí gur cheart an córas um rialú riaracháin ar chaiteachas a shimpliú, agus urraim chuí á tabhairt don trédhearcacht agus d’úsáid chuí cistí poiblí, agus gur cheart deireadh a chur leis an gceanglas cuntais a thíolacadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais toisc nach bhfreagraíonn sé do chineál páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, agus gur ualach fadálach agus costasach é nach bhfuil gá leis;

M.  de bhrí go seachnófaí an dara sraith d’iniúchadh dá ndéanfaí an tréimhse tugtha anonn d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a ailíniú leis na ceanglais a fhorchuirtear ar pháirtithe polaitiúla agus, dá bhrí sin, go laghdófaí go suntasach an t-ualach riaracháin ar fhondúireachtaí;

Meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin

1.  ag meabhrú gurb é Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus fhondúireachtaí polaitiúla AE, an creat dlíthiúil lena mbunaítear a gcearta agus a n-oibleagáidí; ag tabhairt chun suntais gur cuid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh é an cistiú arna dhámhachtain faoin Rialachán sin agus gur cheart, dá bhrí sin, é a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, agus béim ar phrionsabal ginearálta na bainistíochta fónta airgeadais;

2.  ag tabhairt dá haire gurb í 2018 an chéad bhliain de chur chun feidhme an Rialacháin; á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2019 arna tíolacadh ag an Údarás; ag cur sonrú sna príomhghníomhaíochtaí agus na príomhdhúshláin a tháinig chun cinn le linn 2019; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás a chéad athbhreithniú ar chuntais páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhthéacs thoghcháin Eorpacha 2019, lena n-áirithítear go gcomhlíontar an Rialachán, agus ag an am céanna d’áirithigh Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa gur comhlíonadh an Rialachán Airgeadais; ag cur in iúl gur geal léi nach raibh ar an Údarás smachtbhannaí a fhorchur ar aon pháirtí ná ar aon fhondúireacht pholaitiúil Eorpach in 2019; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an tÚdarás idiragairt in imeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus go ndearna sé idirchaidreamh le Ballstáit chun líonra de phointí teagmhála agus d’údaráis chosanta sonraí náisiúnta a chur ar bun;

3.  ag meabhrú, le hAirteagal 38 den Rialachán, go gceanglaítear ar an bParlaimint tuarascáil a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin faoi dheireadh 2021, agus go gceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir leis an ábhar céanna sé mhí tar éis an dáta sin, nach mór togra reachtach a bheith ag gabháil léi chun an Rialachán a leasú; ag tabhairt dá haire go n-áirítear i dtreochlár an Choimisiúin na rialacha airgeadais agus na rialacha forfheidhmithe a dhéanamh níos doichte, an t-ualach riaracháin a laghdú, trédhearcacht a fheabhsú agus fíor-ionadaíocht thoghchánach shaoránaigh AE a neartú; ag cur i bhfios, thairis sin, a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an mbaol go ndéanfaí trasnaíocht eachtrach agus go sárófaí rialacha cosanta sonraí;

4.  á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta nua um an daonlathas Eorpach, lena n-áirítear togra reachtach chun trédhearcacht níos mó a áirithiú maidir le fógraíocht pholaitiúil íoctha agus athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le maoiniú pháirtithe agus fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha; ag athdhearbhú a togra chun an Rialachán a leasú, a cuireadh in iúl i rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le hathbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha(5), i dtaca le rannpháirtíocht sna toghcháin Eorpacha, trédhearcacht cistiúcháin agus toirmeasc ar thabhartais ó chomhlachtaí príobháideacha agus poiblí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;

5.  ag aithint, leis an Rialachán, go bhfuil feabhas tagtha ar stádas páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomparáid leis an gcreat dlíthiúil a bunaíodh roimhe le Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003(6), go háirithe trína aithint go bhfuil pearsantacht dhlítheanach Aontais ag na heintitis sin agus tríd an Údarás;

6.  ag aithint ról an Údaráis, a ghlac na cúraimí a chuirtear air faoin rialachán;

7.  ag aithint, áfach, go bhfuil roinnt bacainní riaracháin agus polaitiúla fós ag cur cosc ar pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach mar ghníomhaithe gníomhacha agus infheicthe i ndaonlathas na hEorpa, ar an leibhéal Eorpach agus i mBallstáit AE araon;

8.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú, ós rud é go n-éilítear leis go gcomhlíonfar coinníollacha uile an Rialacháin, go háirithe urraim do bhunluachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, agus go mbíonn incháilitheacht le haghaidh cistiú ó bhuiséad an Aontais ag brath ar chomhlíonadh den sórt sin, chomh maith leis an ngá trédhearcacht iomlán a áirithiú;

9.  á chreidiúint, i ndáil leis sin, gur cheart an Rialachán a leasú chun a shoiléiriú gur cheart go mbeadh feidhm ag urraim do bhunluachanna AE maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach féin agus lena bhallpháirtithe araon;

10.  á chur in iúl gur díol sásaimh di treisiú na bhforálacha maidir le faireachán a dhéanamh ar urraim na bpáirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha do bhunluachanna an Aontais agus don nós imeachta chun déileáil le sáruithe, lena n-áirítear smachtbhannaí agus aisghabháil cistí;

11.  á mheas gurbh úsáideach an chéad chéim a bhí sa leasú is déanaí ar an Rialachán, lenar tugadh isteach smachtbhannaí i leith sáruithe ar rialacha cosanta sonraí, ach gur cheart é a neartú tuilleadh;

12.  á mheas, maidir leis an gcóras atá ann faoi láthair chun urraim do na rialacha maidir le húsáid ranníocaíochtaí agus deontas a fhíorú, go caithfear é a fheabhsú ó thaobh soiléireachta, éifeachtúlachta agus luais de;

13.  á mheas gur foinse mhearbhaill agus éiginnteachta dlíthiúla é páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla AE a chur faoi réir rialacha Eorpacha agus náisiúnta, a leagtar síos in ionstraimí dlíthiúla éagsúla; ag moladh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na rialacha lena rialaítear páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chomhchuibhiú tuilleadh agus a neartú chun creat dlíthiúil cuimsitheach AE a áirithiú do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, lena rachfar i ngleic, go háirithe, le coinníollacha maidir le clárú, le struchtúr agus oibríochtaí, le hinfheictheacht agus trédhearcacht, agus le smachtbhannaí;

14.  á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh cistiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bheith trédhearcach, go gcaithfidh sé a bheith faoi réir Airteagal 325 CFAE, go gcaithfidh nach féidir mí-úsáid a bhaint as agus go gcaithfear tacaíocht a thabhairt leis, go heisiach, do chláir agus do ghníomhaíochtaí polaitiúla i gcomhréir le prionsabail bhunaidh an Aontais Eorpaigh arna gcur in iúl in Airteagal 2 CAE;

Na fadhbanna a sainaithníodh

15.  ag meabhrú go gceanglaítear ar na ballpháirtithe náisiúnta, leis an Rialachán, lógó, clár polaitiúil agus nasc gréasáin a bpáirtí Eorpaigh cleamhnachta a thaispeáint ar a suíomhanna gréasáin sa chaoi go mbeidís le feiceáil go soiléir agus ar bhealach soláimhsithe mar choinníoll do pháirtí polaitiúil Eorpach, rochtain a fháil ar chistí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir thionscadal Logos de chuid European Democracy Consulting, go dteipeann go mór ar bhallpháirtithe náisiúnta ceanglas taispeána an Rialacháin a chur chun feidhme i gceart, mar nach ndéanann ach 15 % díobh an lógó a thaispeáint ar bhealach soiléir atá soláimhsithe don úsáideoir;

16.  á chur i bhfios go láidir gur gá an sainmhíniú ar chistiú indíreach ó pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chuig contrapháirtithe agus comhaltaí náisiúnta a dhéanamh níos beaichte agus níos simplí ionas nach gcuirfear isteach ar a gcomhar riachtanach maidir le beartais AE a chur chun cinn agus a mhíniú, mar aon lena rannpháirtíocht le saoránaigh AE;

17.  á chur i bhfáth go dtéann an toirmeasc ar fheachtais reifrinn ar shaincheisteanna AE a mhaoiniú i gcoinne chuspóir na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;

18.  ag tabhairt chun suntais go bhfuil nasc bunúsach idir cistiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus critéir chlárúcháin a liostaítear sa Rialachán; ag aithint gur gá a áirithiú go bhforáiltear le critéir chlárúcháin agus le critéir bhallraíochta, fíor-ionadaíocht chuimsitheach ar pháirtithe polaitiúla atá gníomhach ar leibhéal AE, agus bac ar ionadaíocht dhaonlathach na bpáirtithe polaitiúla beaga ar leibhéal AE a sheachaint ag an am céanna; ag meabhrú na ndíospóireachtaí a tionóladh i gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla sa Pharlaimint i ndáil leis an tairseach le haghaidh clárúcháin agus tacaíocht do shaoránaigh; ag tabhairt dá haire, i ndiaidh Brexit, go bhfuil gá méadaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar chatagóirí éagsúla de bhallraíocht páirtithe agus ar bhailiú táillí ballraíochta; ag moladh, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar na ceanglais chlárúcháin agus ar na critéir ionadaíochtúla, lena n-áirítear machnamh ar bhallraíocht dhíreach na saoránach;

19.  á chur in iúl gur oth léi an léirmhíniú cúng ar choincheap na ballraíochta arna bhunú le cásdlí, an easpa sainmhínithe soiléire ar mhódúlachtaí ballraíochta i bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus an easpa leibhéil dhifreáilte cleamhnachta i leith fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, nach gceadaíonn solúbthacht in eagrú inmheánach páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le comhaltaí comhlacha agus comhpháirtithe fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, lena n-áirítear iad siúd ó iar-Bhallstáit agus ó thíortha Eorpacha eile; á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil sé d’éifeacht ag an léirmhíniú cúng sin cosc a chur, gan cúis mhaith, ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha ó ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ó chomhaltaí den sórt sin; á mheas gur cheart módúlachtaí ballraíochta agus cleamhnachta le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, chomh maith le comhpháirtíochtaí taighde leo, a shoiléiriú freisin;

20.  á mheas gur cheart an toirmeasc ar bhallraíocht traspháirtí agus ar bhallraíocht trasfhondúireachta a shoiléiriú agus a leathnú;

21.  á chur i bhfios go láidir go sainmhínítear na catagóirí ioncaim go róchúng sa rialachán agus, go háirithe, nach gcuirtear san áireamh leo acmhainní dílse eile a d’fhéadfaí a fháil go dleathach;

22.  á chur i bhfáth gur léiríodh go bhfuil sé an-deacair an leibhéal cómhaoinithe a fhorchuirtear, go háirithe ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha, a bhaint amach;

23.  á mheas nach gcuirtear luach ar bith leis an gceanglas cuntais na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhunú i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe agus i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, agus go bhfuil costais agus moilleanna ama i gceist nach bhfuil gá leo;

24.  á chur in iúl go bhfuil aiféala uirthi go bhfuil dearadh lochtach sa Rialachán ag cur bac ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha a ról mar pháirtithe polaitiúla nua-aimseartha a nascann saoránaigh leis an gcóras polaitiúil a chomhlíonadh toisc nach bhfuil cur amach ag na saoránaigh orthu de bharr ballraíocht theoranta aonair agus de bharr go bhfuil ról teoranta ag na páirtithe sin i ndéanamh beartas agus i múnlú clár oibre poiblí, agus ar an gcaoi sin, nach ionann in aon chor an leibhéal de shlógadh gníomhaithe a spreagann siad agus líon na ngníomhaithe atá páirtithe náisiúnta agus réigiúnacha in ann a chruinniú;

25.  ag cur i bhfios go bhfuil cumhachtaí teoranta ag an Údarás i ndáil le fíorú a dhéanamh an bhfuil páirtí polaitiúil nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ag sárú luachanna comhroinnte AE agus nár spreag sé nós imeachta casta chomhlíonta na luachanna go dtí seo; á iarraidh go neartófaí bunú an Údaráis chun go mbeifear in ann faireachán níos fearr a dhéanamh ar na critéir uile a leagtar síos sa Rialachán, lena n-áirítear urraim do luachanna an Aontais agus do rialachas daonlathach páirtithe polaitiúla Eorpacha agus comhlíonadh na rialacha ábhartha agus cur chun feidhme smachtbhannaí, agus freisin chun a neamhspleáchas agus neodracht iomlán a áirithiú;

26.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil cead ag roinnt páirtithe polaitiúla trasnáisiúnta atá gníomhach i bpolaitíocht AE agus a bhfuil ionadaíocht acu i bParlaimint na hEorpa clárú go hoifigiúil mar pháirtithe polaitiúla Eorpacha mar gheall ar cheanglais dhíréireacha atá leagtha síos sa Rialachán a chuireann bac ar ionadaíocht dhaonlathach páirtithe polaitiúla níos lú ar leibhéal AE;

Moltaí le haghaidh feabhsúcháin

27.  á mheas gur cheart tacar soiléir rialacha agus coinníollacha a bhunú le haghaidh eagrú agus cómhaoiniú comhpháirteach gníomhaíochtaí a bhaineann le saincheisteanna AE ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus ag a mballpháirtithe; á mheas, i gcás na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha sin, gur cheart go mbeadh gá le lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a thaispeáint in éineacht le lógó an bhallpháirtí náisiúnta;

28.  á chur i bhfios go láidir nár cheart go gcuirfeadh aon riail cosc ar rannpháirtíocht ionadaithe agus oibrithe páirtithe polaitiúla in imeachtaí fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, a bhfuil bonn cirt leis mar gheall ar chineál na n-imeachtaí sin;

29.  á iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais shoiléire agus treoirlínte mionsonraithe a chur ar fáil maidir le hinfheictheacht an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh cleamhnachta d’fhonn a áirithiú go ndéanfar Airteagal 18(2)(a) den Rialachán maidir le lógónna páirtithe polaitiúla Eorpacha a thaispeáint taobh le lógónna páirtithe náisiúnta nó réigiúnacha a fhorfheidhmiú;

30.  ag tabhairt chun suntais gur sainaithníodh feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh, sa chéad athbhreithniú ar na cuntais, go háirithe maidir le leibhéal na sonraí agus leibhéal inchomparáideachta na faisnéise iarrtha a chuireann páirtithe agus fondúireachtaí Eorpacha ar fáil; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach teimpléid in 2020 chun an próiseas a éascú; ag tabhairt dá haire in 2019, gur caitheadh formhór acmhainní airgeadais páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ar phearsanra, ar chruinnithe agus ar bhailiú faisnéise;

31.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le rialacha dochta lena sainítear incháilitheacht caiteachais chun bainistíocht fónta airgeadais agus trédhearcacht a bhaint amach; á iarraidh go gcruthófaí forálacha sainráite le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéantar le heagraíochtaí idirnáisiúnta níos mó agus le comhpháirtithe lasmuigh den Aontas mar aon le rialacha mionsonraithe maidir le costais phearsanra agus costais chruinnithe, go háirithe i dtéarmaí uasteorainneacha agus nósanna imeachta tairisceana;

32.  á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an toirmeasc ar fheachtais reifrinn a mhaoiniú chun go bhféadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha feachtais reifrinn a bhaineann le cur chun feidhme CAE nó CFAE a mhaoiniú;

33.  á áitiú go n-aithneofaí catagóirí éagsúla ballraíochta do pháirtithe, fondúireachtaí agus comhpháirtíochtaí taighde le fondúireachtaí, go gceadófaí cleamhnacht comhaltaí ó Bhallstáit Chomhairle na hEorpa agus ó thíortha Eorpacha eile, go gcruthófaí catagóir comhpháirtithe taighde d’fhondúireachtaí, agus go mbeadh cead ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha táillí ballraíochta a bhailiú go dlíthiúil ar bhonn ordú ginearálta ranníocaíochta is infheidhme go comhionann lena gcomhaltaí uile;

34.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le sainmhíniú ar chomhaltaí d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a bheith ann maidir leis na cineálacha éagsúla ballraíochta atá ann, maidir le caidreamh na gcomhaltaí leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena gcloíonn siad agus maidir leis na ceanglais nach mór dóibh a chomhlíonadh;

35.  á mholadh go ndéanfaí raon feidhme an toirmisc ar bhallraíocht traspháirtí a leathnú chuig comhaltaí na bparlaimintí agus na dtionól náisiúnta agus réigiúnach;

36.  ag tacú le cruthú catagóirí breise ioncaim d’fhonn gach foinse ioncaim de chuid páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla a chumhdach, seachas díreach ranníocaíochtaí agus tabhartais, amhail catagóir nua ‘acmhainní dílse eile’ a chruthú lena n-áirítear ranníocaíochtaí ó ghníomhaíochtaí comhpháirteacha, díolacháin foilseachán, táillí rannpháirtíochta do chomhdhálacha nó do cheardlanna, nó gníomhaíochtaí eile atá nasctha go díreach le gníomhaíocht pholaitiúil;

37.  á mholadh go n-ísleofaí an ráta acmhainní dílse is gá do pháirtithe polaitiúla go 5 %, seachas 10 %, chun é a ailíniú leis an ráta is infheidhme maidir le fondúireachtaí;

38.  ag moladh go gcuirfí síneadh leis an tréimhse tugtha anonn d’fhondúireachtaí go dtí an bhliain iomlán dar gcionn (N+1), lena ndéanfaí í a ailíniú leis an tréimhse is infheidhme maidir le páirtithe;

39.  á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an oibleagáid atá ar pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a ráitis airgeadais bhliantúla a thíolacadh ar bhonn na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, sa bhreis ar na Prionsabail Chuntasaíochta a bhfuil Glactha leo go Ginearálta;

40.  ag meabhrú ról na gcásanna eile de rialú airgeadais laistigh dá sainorduithe, eadhon, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh; ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs na hiniúchóireachta agus an rialaithe, a thábhachtaí atá sé caiteachas pháirtithe polaitiúla Eorpacha a chur ní hamháin faoi bhráid córas iniúchóireachta inmheánaí agus breithiúnas a gcomhaltaí, ach faoi bhráid údaráis phoiblí agus grinnscrúdú poiblí;

41.  á mholadh go mbeadh caiteachas páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha faoi réir sásra féin-rialaithe, a mbeadh córas iniúchóireachta inmheánaí ag gabháil leis, agus a bheadh faoi réir formhaoirseachta ag iniúchóir seachtrach agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus faoi réir formhaoirseacht phoiblí;

42.  ag moladh go n-úsáidfí tráthchlár comhchuibhithe le haghaidh tuairisciú agus le haghaidh na rialuithe arna ndéanamh ag páirtithe polaitiúla Eorpacha, an tÚdarás agus an Pharlaimint faoi seach, ionas nach gá athríomh a dhéanamh ar mhéideanna deiridh an chistithe, agus na spriocdhátaí a fhorchuirtear leis na rialacha ábhartha á gcur san áireamh ag an am céanna;

43.  ag moladh go ndéanfaí an trédhearcacht a mhéadú chomh fada agus a bhaineann le maoiniú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha trí oibleagáid a chur ar Pharlaimint na hEorpa na ráitis airgeadais bhliantúla a fhaigheann sí a fhoilsiú ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir; ag cur i bhfios go láidir gur cheart an fhaisnéis lena gcumhdaítear clárú agus staid airgeadais páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chur ar fáil go poiblí a mhéid is féidir agus gur cheart í a bheith iomlán agus cothrom le dáta;

44.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an fhaisnéis arna foilsiú ag an bParlaimint agus ag an Údarás a chur i láthair i bhformáidí atá oscailte agus inléite ag meaisín agus ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir;

45.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur trédhearcaí a bheadh tionchar seachtrach suntasach ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha dá ndéanfadh an tÚdarás grinnscrúdú níos fearr ar na tabhartais chomhiomlána a thuairiscítear, arb ionann iad agus breis agus EUR 3 000; á chreidiúint gur cheart don Údarás an grinnscrúdú sin a dhíriú ar chásanna ina bhfeictear dó go bhfuil méaduithe suntasacha agus tobanna ar líon comhiomlán na dtabhartas beag;

46.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, thairis sin, gur cheart tabhartais ón deontóir céanna do pháirtí polaitiúil Eorpach, dá bhallpháirtithe náisiúnta agus dá fhostruchtúir réigiúnacha a bheith faoi réir a bhfoilsithe ag an Údarás chun trédhearcacht cistiúcháin a neartú; á chur in iúl, ina theannta sin, go bhfuil sí den tuairim nach mór ionstraimí oiriúnacha a bheith i bhfeidhm faoin mbliain airgeadais 2027 ar a dhéanaí chun a áirithiú nach dtabharfar tabhartais d’eintitis atá neamhspleách go dlíthiúil agus atá mar chuid den pháirtí polaitiúil Eorpach céanna chun teacht timpeall ar rialacha trédhearcachta, a sháródh na teorainneacha trédhearcachta le chéile;

47.  ag moladh go n-áiritheofar, faoin mbliain féilire 2027, go mbeidh aon tabhartas a thugann deontóir do pháirtí polaitiúil Eorpach comhionann, faoin dlí cánach, le tabhartais a thugtar do pháirtithe polaitiúla náisiúnta i dtír chónaithe an deontóra faoi seach;

48.  ag tacú leis an smaoineamh go méadófaí an tábhacht a bhaineann le hacmhainní dílse na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus an méid a mhaoiníonn an tAontas á ríomh;

49.  á chreidiúint, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht, gur cheart na forálacha uile is infheidhme maidir le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, lena n-áirítear iad siúd atá mar chuid den Rialachán Airgeadais faoi láthair, a thabhairt le chéile i ngníomh dlí amháin de chuid an Aontais, eadhon Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

50.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil na rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais róchúng agus gur cheart a cheadú do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha maoiniú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a eagraítear ní hamháin mar imeacht inmheánach ach atá ar oscailt don phobal i gcoitinne freisin agus a rannchuidíonn le feasacht pholaitiúil AE a mhéadú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl;

51.  á mholadh go mbunófaí fíorstádas dlíthiúil AE agus pearsantacht dhlítheanach AE do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha trí choinníollacha íosta a leagan síos do struchtúr agus feidhmiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus, ag an am céanna, iad a dhéanamh níos neamhspleáiche ar an dlí náisiúnta;

52.  á chur i bhfáth, go háirithe, gur gá bearta a chur san áireamh chun a áirithiú nach n-aicmítear páirtithe polaitiúla Eorpacha mar eintitis dhlíthiúla eachtracha faoin dlí náisiúnta sna Ballstáit;

53.  á áitiú nach mór do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus a gcomhaltaí struchtúr daonlathach a bheith acu agus na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a urramú agus nach mór dóibh cloí le nósanna imeachta daonlathacha agus leis an trédhearcacht, agus a gceannairí páirtí agus a n-iarrthóirí á roghnú acu le haghaidh toghcháin, agus nach mór dóibh vótáil dhaonlathach a reáchtáil freisin chun a rialacha inmheánacha agus a gclár polaitiúil a ghlacadh;

54.  ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán d’fhonn na rialacha maidir le clárú, maoiniú, feachtasaíocht pholaitiúil agus toghcháin agus ballraíocht a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh páirtithe polaitiúla Eorpacha ina n-urlabhraithe ag na saoránaigh maidir le polaitíocht agus ceapadh beartais AE agus chun saoránaigh AE a thabhairt níos gaire do chinnteoireacht AE;

55.  á iarraidh go háirithe go ndéanfar athbhreithniú ar an Rialachán chun coinníollacha clárúcháin faoi Airteagal 3 de a éascú agus chun go mbeidh ballraíocht oscailte ann do shaoránaigh uile AE chun foráil a dhéanamh d’ionadaíocht níos cuimsithí de pháirtithe polaitiúla atá gníomhach ar leibhéal AE;

56.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart stádas hibrideach an Údaráis a shoiléiriú, agus gur cheart a struchtúr a athshainiú, agus gur cheart foráil a dhéanamh freisin maidir leis an bhféidearthacht achomharc riaracháin a dhéanamh ar chinntí an Údaráis, ós rud é, faoin Rialachán reatha, nach féidir le gearánaithe achomharc a dhéanamh ach chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

57.  á mholadh go mbunófaí idirdhealú soiléir idir díchlárú mar bheart rogha deiridh agus smachtbhannaí airgeadais agus go gcuirfí feabhas ar chomhleanúnachas chóras na smachtbhannaí airgeadais;

58.  á mheas gur gá feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar dheimhneacht dhlíthiúil forálacha áirithe den Rialachán, gur gá na cúiseanna le díchlárú a fhorbairt agus a shoiléiriú tuilleadh, go bhfuil gá le tacar coiteann rialacha maidir le foilsiú, teacht i bhfeidhm agus éifeacht cinntí díchláraithe agus gur gá na rialacha maidir le haisghabháil a shoiléiriú;

59.  á mheas gur gá rialacha maoinithe páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí a chur i gcomhréir le feachtas toghlaigh uile-Eorpach sna toghcháin Eorpacha;

60.  ag moladh go neartódh an Coimisiún na forálacha maidir le cosaint sonraí trí thagairtí do na cionta a shainmhínítear in Airteagail 3 go 6 de Threoir 2013/40/AE maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise, a chur san áireamh(7); á chur in iúl gur geal léi go bhfuil líonra d’údaráis náisiúnta cosanta sonraí bunaithe ag an Údarás chun an nós imeachta nua fíorúcháin a dhéanamh lánoibríochtúil.

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar na tograí sin agus a thogra le haghaidh rialacháin lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 á dhréachtú agus á thíolacadh aige;

o
o   o

62.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1) IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.
(2) IO L 114 I, 4.5.2018, lch. 1.
(3) IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 7.
(4) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(5) IO C 425, 20.10.2021, lch. 98.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena gcistiú (IO L 297, 15.11.2003, lch. 1).
(7) IO L 218, 14.8.2013, lch. 8.

An nuashonrú is déanaí: 8 Feabhra 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais