Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2018/0216(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A8-0200/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A8-0200/2019

Díospóireachtaí :

PV 20/10/2020 - 5
CRE 20/10/2020 - 5
PV 23/11/2021 - 2
CRE 23/11/2021 - 2

Vótaí :

PV 20/10/2020 - 21
PV 21/10/2020 - 9
PV 21/10/2020 - 17
PV 22/10/2020 - 2
PV 22/10/2020 - 12
PV 22/10/2020 - 16
CRE 22/10/2020 - 2
PV 23/10/2020 - 3
PV 23/10/2020 - 11
PV 23/11/2021 - 6

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0287
P9_TA(2021)0456

Téacsanna atá glactha
PDF 133kWORD 60k
Dé Máirt, 23 Samhain 2021 - Strasbourg
Comhbheartas talmhaíochta - tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit agus atá le maoiniú ag CERT agus CETFT ***I
P9_TA(2021)0456A8-0200/2019
Rún
 Téacs
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2018)0392 – C8-0248/2018 – 2018/0216(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0392),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 42 agus 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0248/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais 1979, agus go háirithe mír 6 de Phrótacal Uimh. 4 ar chadás atá ag gabháil léi,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Tionól Náisiúnta na Fraince, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 25 Deireadh Fómhair 2018(3),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 23 Iúil 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0200/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(4);

2.  ag formheas a ráitis chomh maith leis an ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 214.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 173.
(3) IO C 41, 1.2.2019, lch. 1.
(4) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh ar 23 Deireadh Fómhair 2020 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0287)


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013
P9_TC1-COD(2018)0216

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2115.)


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le ról na Comhairle Eorpaí i ndáil le gnéithe reachtacha den chomhbheartas talmhaíochta

Is saoth le Parlaimint na hEorpa gur ghlac an Chomhairle Eorpach cinntí, ina conclúidí an 21 Iúil 2020, maidir le gnéithe reachtacha den chomhbheartas talmhaíochta ba cheart a chinneadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach i gcomhréir leis na Conarthaí. Measann Parlaimint na hEorpa nach bhfuil na cinntí aontaobhacha réamhghabhálacha sin inghlactha agus go gcuireann siad isteach ar chearta Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir atá ag gníomhú ar chomhchéim leis an gComhairle.

Is saoth le Parlaimint na hEorpa nach raibh an Chomhairle toilteanach, dá bhrí sin, dul i mbun caibidlíocht fhónta le Parlaimint na hEorpa maidir leis na heilimintí sin ar an bhforas go raibh cinneadh ina leith déanta cheana ag an gComhairle Eorpach.

Go háirithe, tugann Parlaimint na hEorpa dá haire nach ndeachaigh an Chomhairle i mbun caibidlíocht fhónta maidir leis na forálacha uasteorannaithe agus céimlaghdaitheachta a leagtar síos in Airteagal 17 agus maidir leis an tsolúbthacht idir leithdháiltí íocaíochtaí díreacha agus leithdháiltí CETFT a leagtar síos in Airteagal 96, agus measann sí nach bhfuil toradh na caibidlíochta ar na hAirteagail sin sásúil.

Is oth le Parlaimint na hEorpa go mór cur chuige na Comhairle agus measann sí go mbaineann sé an bonn d’fheidhmiú cuí an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Dá bhrí sin, áitíonn Parlaimint na hEorpa nár cheart é sin a dhéanamh arís in aon chaibidlíocht amach anseo i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh.

Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gné shóisialta an chomhbheartais talmhaíochta

Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh, trí staidéar a bheidh le déanamh dhá bhliain tar éis an chéad dá bhliain de chur i bhfeidhm na coinníollachta sóisialta ag na Ballstáit uile, ar thionchar an tsásra ar dhálaí oibrithe agus ar fheidhmiú an chórais pionós agus, i gcás inarb iomchuí, tograí a chur ar aghaidh chun gné shóisialta CBT a fheabhsú.

Faoi 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé Iarscríbhinn XX, Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe a áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé tograí ar aghaidh chuige sin.

Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht don Bheilg dhá Phlean Straitéiseacha CBT a thíolacadh

I bhfianaise fhorálacha Airteagal 104 de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT a chomhaontaigh na comhreachtóirí agus freisin ar chur chreat bunreachtúil ar leith na Beilge san áireamh, deimhníonn an Coimisiún go bhfuil sé inghlactha aige go dtíolacfadh an Bheilg Plean Straitéiseach CBT ar leith le haghaidh gach ceann dá heintitis chónasctha ábhartha. Ní dhéanann sin difear d’oibleagáidí na Beilge faoi Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT ná ní athraíonn sé na hoibleagáidí sin.

An nuashonrú is déanaí: 2 Márta 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais