Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0215(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0297/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0297/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 23/11/2021 - 6

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0461

Téacsanna atá glactha
PDF 125kWORD 44k
Dé Máirt, 23 Samhain 2021 - Strasbourg
Earraí infheistíochta pacáistithe miondíola atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna): doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach ***I
P9_TA(2021)0461A9-0297/2021
Rún
 Téacs

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh (COM(2021)0397 – C9-0326/2021 – 2021/0215(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0397),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0326/2021),

—  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

—  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021(1),

—  ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 5 Samhain 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0297/2021),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.


Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh
P9_TC1-COD(2021)0215

(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2259.)

An nuashonrú is déanaí: 2 Márta 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais