Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0227(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0326/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0326/2021

Díospóireachtaí :

PV 23/11/2021 - 12
CRE 23/11/2021 - 12

Vótaí :

PV 24/11/2021 - 10
CRE 24/11/2021 - 10

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0465

Téacsanna atá glactha
PDF 230kWORD 95k
Dé Céadaoin, 24 Samhain 2021 - Strasbourg
Nós imeachta buiséadach 2022: téacs comhpháirteach
P9_TA(2021)0465A9-0326/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Samhain 2021 maidir leis an téacs comhpháirteach ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2022 a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh faoin nós imeachta buiséadach (13911/2021 – C9-0428/2021 – 2021/0227(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don téacs comhpháirteach a d’fhormheas an Coiste Idir-réitigh agus na ráitis ábhartha ón bParlaimint, ón gComhairle agus ón gCoimisiún (13911/2021 – C9-0428/2021),

–  ag féachaint do dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2022, a ghlac an Coimisiún an 9 Iúil 2021 (COM(2021)0300),

–  ag féachaint don seasamh maidir le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2022, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 6 Meán Fómhair 2021 agus é a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint an 10 Meán Fómhair 2021 (11352/2021 – C9-0353/2021),

–  ag féachaint do Litir leasaitheach Uimh.1/2022 a ghabhann le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2022, a thíolaic an Coimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2021 (COM(2021)0642),

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2022(1) agus do na leasuithe buiséid atá ann,

–  ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/2053 ón gComhairle an 14 Nollaig 2020 maidir le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2014/335/AE, Euratom(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012(3),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027(4),

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach i ndáil le smacht buiséadach, maidir le comhar in ábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistíocht fhónta airgeadais, mar aon le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(5),

–  ag féachaint do Rialacha 95 agus 96 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil óna toscaireacht chuig an gCoiste Idir-réitigh (A9-0326/2021),

1.  ag formheas an téacs chomhpháirtigh;

2.  ag formheas na ráiteas comhpháirteach atá i gceangal leis an rún seo;

3.  ag cur sonrú sna ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

4.  á threorú dá hUachtarán a dhearbhú go bhfuil buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh do bhliain airgeadais 2022 glactha go críochnaitheach agus socrú a dhéanamh le haghaidh a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán an rún reachtach sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na hinstitiúidí agus na comhlachtaí eile lena mbaineann agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0432.
(2) IO L 424, 15.12.2020, lch. 1.
(3) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(4) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(5) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.


IARSCRÍBHINN

CRÍOCHNAITHEACH

Buiséad 2022 – Gnéithe maidir le conclúidí comhpháirteacha:

Cumhdaíonn na conclúidí comhpháirteacha sin na ranna seo a leanas:

1.  Buiséad 2022

2.  Buiséad 2021 – Dréachtbhuiséid Leasaitheacha Uimh. 5/2021 agus Uimh. 6/2021

3.  Ráitis

Achoimre ar an staid mar atá

A.  Buiséad 2022

De réir na ngnéithe maidir le conclúidí comhpháirteacha:

—  Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad 2022 socraithe ag EUR 169 515,8 milliún. San iomlán, fágann sé sin corrlach EUR 1 167.8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, méid atá faoi bhun uasteorainneacha CAI don bhliain 2022.

—  Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí i mbuiséad 2022 socraithe ag EUR 170 603,3 milliún. San iomlán, fágann sé sin corrlach EUR 1 695.8 milliún i leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí, méid atá faoi bhun uasteorainneacha CAI don bhliain 2022.

—  Baintear leas as an Ionstraim Sholúbthachta do 2022 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh suim EUR 368,4 milliún le haghaidh cheannteideal 6 Comharsanacht agus an Domhan.

Tá sé measta ag an gCoimisiún gurb ionann na leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí in 2019 a bhaineann le slógadh na Ionstraime Solúbthachta in 2019, 2020, 2021 agus 2022 agus EUR 467,2 milliún. Tá sceideal íocaíochta measta na méideanna gaolmhara gan íoc do na blianta sin sonraithe sa tábla seo a leanas:

An Ionstraim Sholúbthachta – próifíl íocaíochta (i milliúin EUR)

Bliain slógtha

2022

2023

2024

2025

Iomlán

2019

140,9

82,2

0,0

0,0

223,2

2020

66,2

39,9

0,0

0,0

106,1

2021

40,9

10,3

7,6

0,0

58,9

2022

219,2

62,7

49,8

36,7

368,4

Iomlán

467,2

195,2

57,4

36,7

756,6

B.  Buiséad 2021

Formheastar Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2021 mar a mhol an Coimisiún.

Formheastar Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 6/2021 mar a mhol an Coimisiún.

1.  Buiséad 2022

1.1.  Línte ‘iata’

Mura luaitear a mhalairt sna conclúidí seo, deimhnítear na línte buiséid go léir mar a mhol an Coimisiún sa dréachtbhuiséad do 2022 arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2022.

Ina theannta sin, deimhnítear na línte buiséid go léir arna leasú ag an gComhairle agus arna gcomhaontú ag an bParlaimint ina léamh mar atá leasaithe ag an gComhairle.

I gcás na línte buiséid eile, tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir leis na conclúidí a áirítear i roinn 1.2 go roinn 1.7 thíos.

1.2.  Saincheisteanna cothrománacha

Gníomhaireachtaí díláraithe

Ranníocaíocht AE (i bhfoirm leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus an líon post) do na gníomhaireachtaí díláraithe uile, tá siad socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa dréachtbhuiséad do 2022 arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2022 cé is moite de:

—  Faoi fho-cheannteideal 2b:

—  Tá Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust, Airteagal buiséid 07 10 07) a bhfuil 5 phost breise leithdháilte ina leith agus leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí méadaithe de EUR 380 000 i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana.

—  Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE, airteagal buiséid 07 10 08) a bhfuil méadú EUR 3 750 000 tagtha ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí ina leith, i bhfianaise earcú an athneartaithe atá molta ag an gCoimisiún sa dréachtbhuiséad do 2022, arna leasú i Litir Leasaitheach Uimh. 1/2022 ar an gcéad ráithe, ar an meán, in ionad lár na bliana.

—  Faoi cheannteideal 4

—  Tá an Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO, airteagal buiséid 10 10 01) a bhfuil 5 phost breise leithdháilte ina leith agus leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí méadaithe de EUR 380 000 i bhfianaise earcaíocht ar an meán i lár na bliana.

—  An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex, airteagal buiséid 11 10 01) a ndéantar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí a laghdú EUR 65 000 000 ina leith.

Gníomhaireachtaí feidhmiúcháin

Ranníocaíocht AE (i bhfoirm leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí agus an líon post) do na gníomhaireachtaí feidhmiúcháin, tá siad socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú ag Litir Leasaitheach Uimh. 1/2022.

Treoirthionscadail/Gníomhaíochtaí Ullmhúcháin

Comhaontaítear pacáiste cuimsitheach de 56 threoirthionscadal/gníomhaíocht ullmhúcháin (PP/PA), do mhéid iomlán de EUR 89,5 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, mar atá molta ag an bParlaimint.

Áirítear leis sin na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear “chun Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú” a chuirfidh an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) chun feidhme.

Urramaítear leis an bpacáiste sin na huasteorainneacha do threoirthionscadail agus do ghníomhaíochtaí ullmhúcháin a leagtar síos sa Rialachán Airgeadais.

1.3.  Ceannteidil chaiteachais an chreata airgeadais - leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

Tar éis dó na conclúidí thuas maidir le línte buiséid, gníomhaireachtaí agus treoirthionscadail agus réamhghníomhaíochtaí ‘dúnta’ a chur i gcuntas, tháinig an Coiste Idir-réitigh ar chomhaontú maidir leis an méid seo a leanas:

Ceannteideal 1 – An Margadh Aonair, Nuálaíocht agus Cúrsaí Digiteacha];

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022 ach leis na coigeartuithe, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla seo a leanas.

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

1.0.11

Fís Eorpach

12 179 157 276

12 239 157 276

60 000 000

01 02 02 10

An Bhraisle ‘Sláinte’

571 730 809

606 730 809

35 000 000

01 02 02 40

An Bhraisle ‘Cúrsaí Digiteacha, an Tionscal agus an Spás’:

1 264 161 905

1 272 161 905

8 000 000

01 02 02 50

An Bhraisle ‘Aeráid, Fuinneamh agus Soghluaisteacht’:

1 281 577 680

1 290 577 680

9 000 000

01 02 02 60

An Bhraisle ‘Bithgheilleagar, Acmhainní Nádúrtha, Talmhaíocht agus Comhshaol’

1 003 750 348

1 011 750 348

8 000 000

1.0.31

An Clár don Mhargadh Aonair

583 544 000

613 544 000

30 000 000

03 02 02

Iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, a fheabhsú agus tacú lena gcuid rochtana ar mhargaí

121 450 000

151 450 000

30 000 000

IARSCRÍBHINN

Treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin

 

 

40 937 500

 

Iomlán

 

 

130 937 500

Ón méadú EUR 30,0 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas do Chlár an Mhargaidh Aonair (Feabhas a chur ar iomaíochas fiontar, go háirithe FBManna, agus tacú leis an rochtain atá acu ar mhargaí, Airteagal 03 02 02), tá EUR 10,0 milliún le tiomnú chun cineálacha éagsúla tacaíochta a sholáthar d’earnáil na turasóireachta.

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 21 775,1 milliún, rud a fhágann corrlach EUR 102,9 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 1.

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais(1), comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis na línte buiséid taighde le haghaidh iomlán EUR 117,3 milliún i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas, i.e. méadú EUR 40,0 milliún i gcomparáid leis an leibhéal a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022. Treisítear an líne bhuiséid seo a leanas agus déantar a barúlacha buiséid a athbhreithniú dá réir sin:

 

 

(In EUR)

Líne bhuiséid

Ainm

Leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

01 02 02 10

An Bhraisle ‘Sláinte’

40 000 000

Iomlán

 

40 000 000

Is cuid iad na leithreasaí sin den mhéid foriomlán suas le EUR 0,5 billiún (i bpraghsanna 2018) don tréimhse 2021-2027 mar a comhaontaíodh faoi chuimsiú chomhaontú CAI. Fágann sé sin suas le EUR 372,8 milliún i bpraghsanna 2018 atá ar fáil don tréimhse 2023-2027.

Fo-cheannteideal 2a – Comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022 ach leis na coigeartuithe, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla seo a leanas:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

PPPA

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

2 681 000

 

Iomlán

 

 

2 681 000

Dá bhrí sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 49 708,8 milliún, rud a fhágann corrlach EUR 30,2 milliún faoi uasteorainn chaiteachais Fho-cheannteideal 2a.

Fo-cheannteideal 2b – Athléimneacht agus Luachanna

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022 ach leis na coigeartuithe, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla seo a leanas.

I bhfianaise na timpeallachta rátaí úis reatha agus oibríochtaí maoiniúcháin NGEU le déanaí – féadfar na leithreasuithe do líne bhuiséid 06 04 01 a laghdú faoi EUR 244,7 milliún, agus an acmhainneacht chun an ghné neamh-inaisíoctha de NGEU in 2022 a mhaoiniú á caomhnú ina hiomláine. I gcomparáid leis an Dréachtbhuiséad, déanfar EUR 20 milliún sa bhreis a shiar-ualú go dtí 2027, chun tús-ualú comhfhreagrach a fhritháireamh le haghaidh an chláir EU4Health.

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

2.2.13

Tacaíocht do Phobal Turcach na Cipire

33 276 000

34 276 000

1 000 000

05 04 01

Tacaíocht airgeadais chun forbairt eacnamaíoch phobal Turcach na Cipire a spreagadh

31 402 525

32 402 525

1 000 000

2.2.23

Costas maoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)

389 706 000

145 000 000

-244 706 000

06 04 01

Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) – cúpón tréimhsiúil agus fuascailt a íoc tráth na haibíochta

384 706 000

140 000 000

-244 706 000

2.2.24

Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (RescEU)

95 254 030

101 254 030

6 000 000

06 05 01

Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (RescEU)

95 254 030

101 254 030

6 000 000

2.2.25

EU4Health

788 672 701

839 672 701

51 000 000

06 06 01

Clár EU4Health

764 213 775

815 213 775

51 000 000

2.2.312

Fostaíocht agus Nuálaíocht Shóisialta

104 482 000

106 482 000

2 000 000

07 02 04

ESF+ — Snáithe Fostaíochta agus Nuálaíochta Sóisialta

102 482 000

104 482 000

2 000 000

2.2.32

Erasmus+

3 366 740 438

3 401 740 438

35 000 000

07 03 01 01

Soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna — Bainistíocht indíreach

2 331 521 972

2 361 274 626

29 752 654

07 03 02

Soghluaisteacht foghlama neamhfhoirmiúil agus rannpháirtíocht i measc daoine óga a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse na hóige

346 973 114

351 400 945

4 427 831

07 03 03

Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuálaíocht ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartas spóirt

64 216 157

65 035 672

819 515

2.2.33

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach (ESC)

138 427 764

141 427 764

3 000 000

07 04 01

An Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach

131 710 226

134 710 226

3 000 000

2.2.34

Eoraip na Cruthaitheachta

401 027 982

406 527 982

5 500 000

07 05 01

Cultúr

125 597 589

131 097 589

5 500 000

2.2.352

Saoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna

209 402 193

214 902 193

5 500 000

07 06 02

Rannpháirtíocht na saoránach i saol daonlathach an Aontais a chur chun cinn

39 671 295

40 671 295

1 000 000

07 06 03

Daphne

29 581 401

33 581 401

4 000 000

07 06 04

Luachanna an Aontais a chosaint agus a chur chun cinn

91 787 552

92 287 552

500 000

2.2.3DAG

Gníomhaireachtaí Díláraithe

242 132 181

246 262 181

4 130 000

07 10 07

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

45 423 578

45 803 578

380 000

07 10 08

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

53 351 846

57 101 846

3 750 000

2.2.3SPEC

Sainphribhléidí

180 389 773

182 889 773

2 500 000

07 20 04 06

Inniúlachtaí sonracha i réimse an bheartais shóisialta, lena n-áirítear an t-idirphlé sóisialta

23 020 900

25 520 900

2 500 000

TTGU

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

35 303 000

 

Iomlán

 

 

-93 773 000

An méadú EUR 3,0 milliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chór Dlúthpháirtíochta Eorpach (an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, airteagal buiséid 07 04 01) agus EUR 5,0 milliún ón méadú EUR 35 mhilliún ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas le haghaidh Erasmus+ - le haghaidh éifeacht chomhcheangailte EUR 8 milliún – tá siad le cur i leataobh d’ullmhú agus do chur i gcrích gníomhaíochtaí i gcomhréir le Bliain Eorpach na hÓige 2022.

Dá bhrí sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 6 330,2 milliún, rud a fhágann corrlach EUR 130,8 milliún faoi uasteorainn chaiteachais Fho-cheannteideal 2b.

Ceannteideal 3 – Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022 ach leis na coigeartuithe, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla seo a leanas:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

3.2.21

An Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE)

708 045 484

755 545 484

47 500 000

09 02 01

An dúlra agus an bhithéagsúlacht

265 601 888

284 032 563

18 430 675

09 02 02

Geilleagar ciorclach agus cáilíocht saoil

169 866 127

181 653 495

11 787 368

09 02 03

Maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin

120 050 994

128 381 585

8 330 591

09 02 04

An t-aistriú chuig fuinneamh glan

128 996 883

137 948 249

8 951 366

PPPA

Treoirthionscadail agus réamhbhearta

 

 

9 611 500

 

Iomlán

 

 

57 111 500

Dá bhrí sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 56 235,4 milliún, rud a fhágann corrlach EUR 283,6 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 4, ar de sin EUR 270,1 milliún faoin bhfo-chorrlach le haghaidh ‘Caiteachas a bhaineann leis an margadh agus íocaíochtaí díreacha’.

Ceannteideal 4 – Imirce agus Bainistiú Teorainneacha

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022 ach leis na coigeartuithe, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla seo a leanas:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

4.0.11

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

1 099 455 000

1 119 455 000

20 000 000

10 02 01

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

1 096 455 000

1 116 455 000

20 000 000

4.0.1DAG

Gníomhaireachtaí Díláraithe

153 281 205

153 661 205

380 000

10 10 01

An Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO)

153 281 205

153 661 205

380 000

4.0.211

An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) - an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (BMVI)

646 117 589

671 117 589

25 000 000

11 02 01

Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorann agus do víosaí

644 117 589

669 117 589

25 000 000

4.0.2DAG

Gníomhaireachtaí Díláraithe

1 073 823 593

1 008 823 593

-65 000 000

11 10 01

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

757 793 708

692 793 708

-65 000 000

 

Iomlán

 

 

-19 620 000

Tá an méadú de EUR 20 milliún i leithreasaí faoi chomhair gealltanas don Chiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, airteagal buiséid 10 02 01) le cur i leataobh chun athlonnú dídeanaithe Afganastánacha a mhaoiniú.

Tá an méadú EUR 25 mhilliún ar leithreasaí faoi chomhair gealltanas don Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) – an Ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (IBTV) (Ionstraim le haghaidh tacaíocht airgeadais do bhainistiú teorann agus do víosaí, airteagal buiéid11 02 01), le cur i leataobh do bhainistiú ghéarchéim na n-imirceach ag teorainn na Bealarúise.

Dá bhrí sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 3 091,2 milliún, rud a fhágann corrlach EUR 99,8 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 4.

Ceannteideal 5 – Slándáil agus cosaint

Déantar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a shocrú ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú ag Litir Leasaitheach Uimh. 1/2022. Dá bhrí sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 1 785,3 milliún, rud a fhágann corrlach EUR 82,7 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 5.

Ceannteideal 6 – Comharsanacht agus an Domhan

Tá na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ar an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022 ach leis na coigeartuithe, arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh, a shonraítear sa tábla seo a leanas:

Líne bhuiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

6.0.111

An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda (NDICI – An Eoraip Dhomhanda)

12 526 647 047

12 716 647 047

190 000 000

14 02 01 10

Comharsanacht an Deiscirt

1 604 861 026

1 629 861 026

25 000 000

14 02 01 11

Comharsanacht an Oirthir

699 703 445

709 703 445

10 000 000

14 02 01 30

An Meánoirthear agus an Áise Láir

384 765 942

414 765 942

30 000 000

14 02 02 40

Daoine – Dúshláin Dhomhanda

137 191 715

187 191 715

50 000 000

14 02 04

An cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn

1 463 311 470

1 538 311 470

75 000 000

6.0.12

Cabhair Dhaonnúil (HUMA)

1 595 059 463

1 806 059 463

211 000 000

14 03 01

Cabhair dhaonnúil

1 506 901 913

1 717 901 913

211 000 000

 

Iomlán

 

 

401 000 000

Maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda, tá na méaduithe ar leithreasuithe faoi chomhair gealltanas de EUR 75 mhilliún (an cúlchiste do dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn, airteagal buiséid 14 02 04) agus EUR 50 milliún (Daoine – Dúshláin Dhomhanda, airteagal buiséid 14 02 02 40) le cur i leataobh le haghaidh na mbeart chun an phaindéim a chomhrac, lena n-áirítear vacsaíní.

Dá bhrí sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasaí faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 17 170,4 milliún, gan aon chorrlach fágtha faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 6, agus úsáid á baint as an Ionstraim Sholúbthachta do mhéid EUR 1 368,4 mhilliún.

Ceannteideal 7 –An Riarachán Poiblí Eorpach

Comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh le líon na bpost i bpleananna bunaíochta na n-institiúidí agus na leithreasuithe a mhol an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022, leis na heisceachtaí seo a leanas:

—  An roinn de Pharlaimint na hEorpa, dá bhformheastar a léamh;

—  An roinn den Chomhairle, dá bhformheasfar a léamh;

—  An roinn de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a bhfuil 9 bpost curtha leis an bplean bunaíochta ina leith agus a bhfuil méadú EUR 684 000 tagtha ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochta ina leith, i bhfianaise earcaíocht i lár na bliana ar an meán;

—  An roinn de Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) a bhfuil 13 phost, nasctha le NGEU agus go dtí 2027, curtha leis an bplean bunaíochta ina leith agus a bhfuil méadú EUR 988 000 ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochta ina leith, i bhfianaise earcaíocht i lár na bliana ar an meán;

—  An roinn den tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) a bhfuil (i) acmhainní foirne méadaithe ina leith faoi 7 bpost plean bunaíochta agus 3 Bhall Foirne ar Conradh agus méadú EUR 655 000 ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochta ina leith, i bhfianaise earcaíocht i lár na bliana ar an meán, (ii) méadú EUR 990 500 ar leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochta ina leith chun na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear chun “Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú” a chur chun feidhme, mar a mhol Parlaimint na hEorpa ina léamh agus (iii) leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus íocaíochta méadaithe faoi EUR 1,0 mhilliún ina leith le haghaidh “Acmhainneacht na Cumarsáide Straitéisí”, mír bhuiséid 2 2 1 4;

Déantar na coigeartuithe, a mbíonn méadú EUR 0,8 milliún ar cheannteideal 7 mar thoradh orthu, a mhionsonrú sna táblaí seo a leanas:

Cuid 2 – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

Líne buiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

1 1 0 0

Buntuarastail

265 982 044

265 970 746

-11 298

1 1 0 2

Teidlíochtaí faoi na Rialacháin Foirne maidir le himthosca pearsanta an chomhalta foirne

66 765 000

66 778 000

13 000

1 1 0 3

Cumhdach slándála sóisialta

10 946 000

10 947 000

1 000

2 0 1 0

Glanadh agus cothabháil

18 635 000

18 335 000

-300 000

2 1 0 0

Fáil trealaimh agus bogearraí

14 385 716

12 285 716

-2 100 000

2 1 0 1

Cúnamh seachtrach chun córais ríomhaireachta a oibriú agus a fhorbairt

27 839 685

27 509 685

-330 000

2 2 0 4

Caiteachas ilghnéitheach ar chruinnithe inmheánacha

5 235 000

4 635 000

-600 000

2 2 1 3

Faisnéis agus imeachtaí poiblí

5 358 250

5 158 250

-200 000

 

Iomlán

 

 

-3 527 298

Cuid 4 – Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Líne buiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

1 2 0 0

Luach saothair agus liúntais

287 078 950

287 762 950

684 000

 

Iomlán

 

 

684 000

Cuid 5 – Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

Líne buiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

1 2 0 0

Luach saothair agus liúntais

118 344 775

119 332 775

988 000

 

Iomlán

 

 

988 000

Cuid 10 – An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

Líne buiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas (in EUR)

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

1 1 0 0

Buntuarastail

116 638 000

117 170 000

532 000

1 2 0 0

Comhaltaí foirne ar conradh

18 671 800

18 794 800

123 000

2 2 1 4

Acmhainn Cumarsáide Straitéisí

4 000 000

5 000 000

1 000 000

2 2 5 0

Treoirthionscadal – I dtreo Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú

990 500

990 500

 

Iomlán

 

 

2 645 500

Dá thoradh sin, tá leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas socraithe ag EUR 10 620,1 milliún, rud a fhágann corrlach EUR 437,9 milliún faoi uasteorainn chaiteachais cheannteideal 7, ar de sin EUR 240,1 milliún faoin bhfo-chorrlach le haghaidh ‘Caiteachas riaracháin sna hinstitiúidí’.

Ionstraimí speisialta téamacha: EGF, SEAR agus BAR

Maidir leis na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas don Chiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (EGF), don Chúlchiste Dlúthpháirtíochta agus do Chabhair Éigeandála (SEAR) agus do Chúlchiste coigeartaithe Brexit (BAR), tá siad socraithe ag an leibhéal a mholann an Coimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022.

1.4.  Leithreasuithe íocaíochta

Tá leibhéal foriomlán na leithreasuithe íocaíochta i mBuiséad 2022 socraithe ar leibhéal an Dréachtbhuiséid, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022 leis na coigeartuithe seo a leanas arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh:

1.  Cuirtear san áireamh leibhéal comhaontaithe na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i gcomhair caiteachas neamhdhifreáilte (ceannteidil 1 go 6), a bhfuil leibhéal na leithreasuithe íocaíochta cothrom le leibhéal na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ina leith. Tá an méid sin infheidhme maidir le laghdú EUR 244,7 milliún ar chostas maoinithe hIonstraim Téarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI). I bhfianaise an choigeartaithe ar ranníocaíocht an Aontais do ghníomhaireachtaí díláraithe freisin, is é an éifeacht chomhcheangailte laghdú – EUR 305,2 milliún;

2.  An coigeartú faoi cheannteideal 7 a bhfuil méadú EUR 0,8 milliún mar thoradh air;

3.  Socraítear na leithreasuithe íocaíochta do na treoirthionscadail nua uile agus do na gníomhaíochtaí ullmhúcháin uile arna moladh ag an bParlaimint ag 25 % de na leithreasuithe comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas, nó ar an leibhéal arna mholadh ag an bParlaimint, más ísle iad. I gcás síneadh a chur leis na treoirthionscadail agus na gníomhaíochtaí ullmhúcháin atá ann cheana, is é leibhéal na leithreasuithe íocaíochta an ceann a shainmhínítear sa Dréachtbhuiséad arna leasú leis an Litir Leasaitheach 1/2022 móide 25 % de na leithreasuithe nua comhfhreagracha faoi chomhair gealltanas, nó ar an leibhéal arna mholadh ag an bParlaimint, más ísle sin. Is é an éifeacht chomhcheangailte méadú EUR 22,1 milliún;

4.  Maidir leis na coigeartuithe ar línte buiséid i gcomhair caiteachas difreáilte, is é an éifeacht chomhcheangailte ná laghdú – EUR 262,0 milliún.

Déantar na coigeartuithe, a mbíonn méadú EUR 20,3 milliún mar thoradh orthu, a mhionsonrú sna táblaí seo a leanas:

Líne buiséid / Clár

Ainm

Éagsúlacht i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas

DB 2022 (AL1 san áireamh)

Buiséad 2022

Difríocht

Ceannteideal 1

1.0.23

Clár don Eoraip Dhigiteach

898 530 703

848 530 703

-50 000 000

02 04 01 11

An Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Tionsclaíochta Cibearshlándála, Teicneolaíochta Cibearshlándála agus Taighde Cibearshlándála

33 192 982

17 192 982

-16 000 000

02 04 03

An intleacht shaorga

245 811 860

214 811 860

-31 000 000

02 04 04

Scileanna

52 000 000

49 000 000

-3 000 000

TTGU

Treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin

10 234 375

 

Iomlán Cheannteideal 1

 

 

-39 765 625

Fo-cheannteideal 2a

TTGU

Treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin

670 250

 

Iomlán Fo-cheannteideal 2a

 

 

670 250

Fo-cheannteideal 2b

2.2.23

Costas maoiniúcháin Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI)

389 706 000

145 000 000

-244 706 000

06 04 01

Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) – cúpón tréimhsiúil agus fuascailt a íoc tráth na haibíochta

384 706 000

140 000 000

-244 706 000

2.2.24

An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (RescEU)

180 866 480

186 866 480

6 000 000

06 05 01

An Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (rescEU)

94 547 220

100 547 220

6 000 000

2.2.32

Erasmus+

3 273 756 286

3 300 756 286

27 000 000

07 03 01 01

Soghluaisteacht foghlama daoine aonair a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, barrfheabhas, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse an oideachais agus na hoiliúna — Bainistíocht indíreach

2 220 525 000

2 243 477 048

22 952 048

07 03 02

Soghluaisteacht foghlama neamhfhoirmiúil agus rannpháirtíocht i measc daoine óga a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí agus beartas i réimse na hóige;

310 000 000

313 415 755

3 415 755

07 03 03

Soghluaisteacht foghlama cóitseálaithe agus foirne spóirt a chur chun cinn, mar aon le comhar, cuimsiú, cruthaitheacht agus nuáil ar leibhéal eagraíochtaí spóirt agus beartas spóirt.

55 000 000

55 632 197

632 197

2.2.3DAG

Gníomhaireachtaí díláraithe

233 643 002

237 773 002

4 130 000

07 10 07

Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust)

45 226 899

45 606 899

380 000

07 10 08

Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE)

53 351 846

57 101 846

3 750 000

TTGU

Treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin

8 825 750

 

Iomlán Fho-cheannteideal 2b

 

 

-198 750 250

Ceannteideal 3

TTGU

Treoirthionscadail agus gníomhaíochtaí ullmhúcháin

2 402 875

 

Iomlán Cheannteideal 3

 

 

2 402 875

Ceannteideal 4

4.0.11

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

1 276 766 000

1 291 766 000

15 000 000

10 02 01

An Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht

661 766 000

676 766 000

15 000 000

4.0.1DAG

Gníomhaireachtaí díláraithe

153 281 205

153 661 205

380 000

10 10 01

An Oifig Tacaíochta Eorpach do Chúrsaí Tearmainn (EASO)

153 281 205

153 661 205

380 000

4.0.211

An Ciste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha (IBMF) – An ionstraim um bainistiú teorainneacha agus um víosaí (BMVI)

490 891 340

510 891 340

20 000 000

11 02 01

Ionstraim le haghaidh tacaíochta airgeadais do bhainistiú teorainneacha seachtracha agus víosaí

191 891 340

211 891 340

20 000 000

4.0.2DAG

Gníomhaireachtaí díláraithe

1 050 691 460

985 691 460

-65 000 000

11 10 01

An Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex)

757 793 708

692 793 708

-65 000 000

 

Iomlán Cheannteideal 4

 

 

-29 620 000

Ceannteideal 5

Ceannteideal 6

6.0.111

An Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta– An Eoraip Dhomhanda (NDICI – An Eoraip Dhomhanda)

7 858 721 595

7 891 721 595

33 000 000

14 02 04

An cúlchiste um dhúshláin agus tosaíochtaí atá ag teacht chun cinn

1 000 000 000

1 033 000 000

33 000 000

6.0.12

Cabhair Dhaonnúil (HUMA)

1 880 645 990

2 091 645 990

211 000 000

14 03 01

Cabhair dhaonnúil

1 797 851 440

2 008 851 440

211 000 000

 

Iomlán Cheannteideal 6

 

 

244 000 000

Ceannteideal 7

7.2.2

An Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle

615 000 854

611 473 556

-3 527 298

7.2.4

Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

464 090 000

464 774 000

684 000

7.2.5

Cúirt Iniúchóirí na hEorpa

161 153 175

162 141 175

988 000

7.2.X

An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí

775 069 920

777 715 420

2 645 500

Iomlán Cheannteideal 7

 

 

790 202

IOMLÁN

 

 

-20 272 548

Ar an iomlán, is é an toradh a bhíonn air sin ná leibhéal leithreasuithe íocaíochta EUR 170 603,3 milliún, ar laghdú EUR 20,3 milliún é i gcomparáid leis an Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022.

1.5.  Cúlchistí

Níl aon chúlchistí sa bhreis ar na cúlchistí sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022.

1.6.  Barúlacha maidir leis an mBuiséad

Tá an téacs ina bhfuil na barúlacha maidir leis an mBuiséad ag teacht leis an Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022 leis na coigeartuithe seo a leanas arna gcomhaontú ag an gCoiste Idir-réitigh:

—  Formheastar na línte buiséid a bhfuil leasuithe tugtha isteach ag Parlaimint na hEorpa ina leith ar a cuid féin gan aon mhodhnú.

—  Na línte buiséid a bhfuil leasuithe tugtha isteach ag Parlaimint na hEorpa ina leith gan aon mhodhnú:

Airteagal 07 10 01 — An Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound)

Déantar an téacs a leasú mar a leanas:

Déanann an Foras Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú (Eurofound) eolas tábhachtach faoi chúrsaí oibre agus sóisialta a sheachadadh agus a scaipeadh chun cur le beartais fhónta atá bunaithe ar fhianaise sna réimsí sin. Baineann a chroíghníomhaíocht le taighde i réimsí na fostaíochta, dálaí oibre, an chaidrimh thionsclaíoch agus chaighdeán na beatha. Rannchuidíonn gníomhaíochtaí Eurofound leis na tosaíochtaí seo a leanas: rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a mhéadú agus dífhostaíocht a chomhrac trí phoist a chruthú, feidhmiú mhargadh an tsaothair a fheabhsú agus lánpháirtiú agus comhionannas inscne;lánpháirtiú; a chur chun cinn; dálaí oibre a fheabhsú agus obair a dhéanamh inbhuanaithe ar feadh an tsaoil, caidreamh tionsclaíoch a fhorbairt chun réitigh chothroma tháirgiúla a áirithiú i gcomhthéacs athraitheach beartas, caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú agus comhtháthú sóisialta a chur chun cinn i bhfianaise éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus neamhionannais shóisialta amhail an bhearna fostaíochta idir na hinscní agus an bhearna phá idir na hinscní. neamhionannas.

—  Línte buiséid a bhformheastar an ráiteas buiséid faoi seach mar a mholtar sa Dréachtbhuiséad arna leasú leis an Litir Leasaitheach ina leith, leis na modhnuithe seo a leanas:

—  Mír 01 02 02 53 — an Cnuasach Aeráide, Fuinnimh agus Soghluaisteachta – Comhghnóthas Iarnróid na hEorpa

Déantar an mhír seo a leasú mar a leanas:

Rannchuideoidh Comhghnóthas Iarnróid na hEorpa le cur chun feidhme Fís Eorpach, go háirithe an cnuasach Aeráide, Fuinnimh agus Soghluaisteachta. Cuirfidh sé dlús le forbairt agus le húsáid teicneolaíochtaí nuálacha (go háirithe an teicneolaíocht dhigiteach agus an t-uathoibriú) chun córas iarnróid Eorpach éifeachtúil a bhaint amach a bheidh níos tarraingtí, níos soláimhsithe, níos iomaíche, níos inacmhainne, níos éasca a chothabháil agus a sheachadadh, mar shampla, cuid shuntasach den 75 % den lastas intíre a iompraítear de bhóthar a aistriú chuig iompar d’iarnród agus d’uiscebhealaí intíre.

—  Mír 07 20 04 06 – Inniúlachtaí sonracha i réimse an bheartais shóisialta, lena n-áirítear an t-idirphlé sóisialta

Déantar an mhír seo a leasú mar a leanas:

—  gníomhaíochtaí maidir le réamhchruinnithe comhairliúcháin idir ionadaithe na gceardchumann Eorpach, go háirithe chun costais a chlúdach d’fhonn cabhrú leo a dtuairimí a chur i dtoll a chéile agus a seasaimh maidir le forbairt bheartais an Aontais a chomhchuibhiú, go háirithe tar éis ghéarchéim COVID-19.

—  Mír 1 3 0 1, Cuid 10 An tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí — Oiliúint

Cuirtear an téacs seo a leanas isteach:

Leis an mbuiséad le haghaidh oiliúna, ba cheart go léireofaí agus go dtacófaí go soiléir leis an tábhacht a bhaineann le comhionannas inscne, íogaireacht inscne a chothú agus claontacht inscne a chomhrac, lena n-áirítear beartas frithchiaptha, ar fud ár n-institiúidí féin (lena n-áirítear Ceanncheathrú SEGS, Toscaireachtaí an Aontais, agus misin agus oibríochtaí CBSC) i nósanna imeachta roghnúcháin freisin. Ba cheart go n-áireofaí leis sin oiliúint agus tionscnaimh éigeantacha, agus aird ar leith á tabhairt ar fhreagracht na meánbhainistíochta agus na hardbhainistíochta sna réimsí sin, i gcomhréir leis na forálacha sa Phlean Gníomhaíochta maidir le hInscne III agus leis an Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis.

—  I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, comhaontaíonn an Coiste Idir-réitigh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a chur ar fáil arís maidir leis an líne buiséid 01 02 02 10. Déanfar barúlacha buiséid a choigeartú dá réir sin:

Líne bhuiséid

Ainm

01 02 02 10

Cuirtear an téacs seo a leanas isteach:

I gcomhréir le hAirteagal 15.3 den Rialachán Airgeadais, tá méid EUR 40 000 000 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas ar fáil le haghaidh na míreanna buiséid seo tar éis saoradh a rinneadh in 2020 toisc nár cuireadh go hiomlán nó go páirteach tionscadail taighde chun feidhme.

Tá glacadh leis nach féidir le leasuithe a dhéanfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle raon feidhme an bhunúis dlí atá ann cheana a mhodhnú ná a leathnú, ná nach féidir cur isteach ar neamhspleáchas riaracháin na n-institiúidí, agus gur féidir an beart a chumhdach leis na hacmhainní atá ar fáil.

1.7.  Ainmníocht bhuiséadach

Comhaontaítear an ainmníocht bhuiséadach atá molta ag an gCoimisiún sa Dréachtbhuiséad, arna leasú le Litir Leasaitheach 1/2022, agus na treoirthionscadail agus na gníomhaíochtaí ullmhúcháin nua a chur san áireamh ach amháin an treoirthionscadal nua “Faireachán a dhéanamh ar na spriocanna forbartha inbhuanaithe i réigiúin an Aontais – Na bearnaí sonraí a líonadh” a chuirfear chun feidhme faoi cheannteideal CAI 1, airteagal buiséid ¨PP 01 22 06 seachas faoi fho-cheannteideal 2b CAI).

2.  Buiséad 2021

Formheastar Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 5/2021 arna mholadh ag an gCoimisiún.

Formheastar Dréachtbhuiséad Leasaitheach Uimh. 6/2021 mar a mhol an Coimisiún.

3.  Ráitis

3.1.  Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí

Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún leanúint de dhlúthfhaireachán gníomhach a dhéanamh le linn na bliana 2022 ar chur chun feidhme chláir na CAInna atá ann faoi láthair agus a bhí ann roimhe sin (go háirithe i bhfo-cheannteideal 2a agus Forbairt Tuaithe). Chuige sin, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún tíolacadh a dhéanamh, ar bhonn tráthúil, ar fhigiúirí nuashonraithe a mhéid a bhaineann le staid na himeartha agus le meastacháin maidir le leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí 2022 (agus cruinneas réamhaisnéisí feabhsaithe na mBallstát á gcur i gcuntas i gcás inarb infheidhme). Má léirítear leis na figiúirí nach leor na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad 2022 chun na riachtanais a chumhdach, iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún réiteach iomchuí, inter alia dréachtbhuiséad leasaitheach a thíolacadh a luaithe is féidir, d’fhonn lamháil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle aon chinntí is gá a dhéanamh a luaithe is féidir gan moill mhíchuí i gcás riachtanais a bhfuil bonn cirt leo. I gcás inarb infheidhme, cuirfidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle i gcuntas práinn an ábhair, lena ngiorrófar an tréimhse 8 seachtaine le haghaidh cinnidh má mheastar gur gá sin. Is amhlaidh an cás mutatis mutandis má léirítear leis na figiúirí go bhfuil na leithreasuithe a iontráladh i mbuiséad 2022 níos airde ná mar is gá.

3.2.  Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le costas maoinithe Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh (EURI) in 2022

A bhuíochas leis an timpeallacht ráta úis fhabhrach atá ann faoi láthair agus ag cur san áireamh an costas eisiúna a bhaineann le hoibríochtaí maoinithe NGEU go dtí seo i mbliana, is féidir na leithreasuithe atá beartaithe do chostas maoinithe na hionstraime Eorpaí don Téarnamh [líne buiséid 06 04 01] a laghdú agus caomhnú iomlán á dhéanamh ar an acmhainneacht chun an chomhpháirt neamh-iníoctha de NGEU in 2022 a mhaoiniú.

Leagtar síos in Airteagal 5(2) den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse ‘go gcuirfear tús le haisíocaíochtaí phríomhshuim na gcistí roimh dheireadh thréimhse CAI 2021-2027, le híosmhéid, sa mhéid is gur féidir é sin a dhéanamh leis na méideanna nach n-úsáidtear d’íocaíochtaí úis atá dlite faoin iasacht dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, agus aird chuí á tabhairt ar an nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 314 CFAE’

Ina theannta sin, luaitear in aithris 20 den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse ‘méideanna nach n-úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí úis mar a fhoráiltear, úsáidfear iad le haghaidh aisíocaíochtaí luatha roimh dheireadh CAI 2021-2027, le híosmhéid, agus is féidir iad a mhéadú os cionn an leibhéil sin ar choinníoll gur tugadh isteach acmhainní dílse nua tar éis 2021 i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar amach sa tríú mír d’Airteagal 311 CFAE’.

Ós rud é nach mbeifear in ann an phríomhshuim a aisíoc in 2022:

—  déanfar suim EUR 90 milliún, a n-áirítear EUR 70 milliún de cheana sa Dréachtbhuiséad, a shiarchoinneáil go dtí 2027 nuair is féidir é a úsáid le haghaidh íocaíochtaí úis nó aisíocaíochtaí luatha. Déantar an siarchoinneáil sin a fhritháireamh trí thús-ualú comhfhreagrach a dhéanamh ar an gclár EU4Health.

—  Gan dochar do shainchumais an údaráis bhuiséadaigh, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle méadú EUR 224,7 milliún a dhéanamh ar na méideanna atá ar fáil ar líne buiséid 06 04 01 thar thréimhse 2024-2027, bunaithe ar thogra ón gCoimisiún agus tar éis measúnú a dhéanamh ar na riachtanais agus ar na féidearthachtaí maidir le haisíocaíochtaí luatha, trí úsáid a bhaint as na corrlaigh atá ar fáil agus tríd an Ionstraim Corrlaigh Aonair a shlógadh agus an clársceidealú airgeadais do na cláir faoi Cheannteideal 2b á urramú.

Áirithítear leis an sásra sin go mbainfear úsáid as an méid iomlán don líne EURI a áirítear sa chlárú airgeadais bunaidh do 2022 ar íocaíochtaí úis nó ar aisíocaíochtaí luatha le linn CAI 2021-2027.

3.3.  Ráiteas aontaobhach ón gCoimisiún maidir le stuamacht bhuiséadach maidir leis an líne úis EURI

Meabhraíonn an Coimisiún go bhfónann an líne úis EURI ([líne buiséid 06 04 01]) d’íocaíocht na gcostas maoinithe agus leachtachta a bhaineann le hiasachtaí NGEU a mhéid a chuirtear i leith bhuiséad AE iad. Bainfear úsáid as na méideanna nach n-úsáidtear le haghaidh íocaíochtaí úis i gcomhair aisíocaíochtaí luatha an fhiachais i gcomhréir le hAirteagal 5(2) agus le hAithris 20 den Chinneadh maidir le hAcmhainní Dílse.

Éilíonn an méadú ar bhoilsciú stuamacht bhuiséadach threisithe maidir leis an mbainistiú ar líne úis EURI i bhfianaise na féidearthachta go mbeidh rátaí úis ainmniúla níos airde ná mar a measadh i gcláreagrú na líne sin.

Molfaidh an Coimisiún, dá bhrí sin, agus a fhreagrachtaí faoi Airteagal 314 (CFAE), mír 2, mír 5 agus mír 8 á gcomhlíonadh aige, bearta buiséadacha lena n-áiritheofar, má ghlactar iad, go n-úsáidfear ina iomláine an méid foriomlán a beartaíodh i dtosach sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 [EUR 14 976 mhilliún i bpraghsanna reatha] le haghaidh líne EURI chun costas úis nó aisíocaíochtaí luatha a íoc.

Tuairisceoidh an Coimisiún gach bliain laistigh de chreat chur i láthair an dréachtbhuiséid maidir le cur chun feidhme carnach na líne EURI, méideanna arna siarchoinneáil ar líne EURI agus an méid atá curtha i leataobh faoin Ionstraim Corrlaigh Aonair chun an cuspóir sin a bhaint amach.

3.4.  Ráiteas aontaobhach ón gCoimisiún Eorpach maidir le bochtaineacht leanaí a chomhrac faoi Chiste Sóisialta na hEorpa+

Beidh sé níos tábhachtaí fós dul i ngleic le bochtaineacht leanaí, go háirithe i gcomhthéacs an théarnaimh ó ghéarchéim COVID-19 agus ní foláir acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil ina leith sin. Chuige sin, ceanglaítear le Rialachán (AE) 2021/1057 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) ar na Ballstáit méid iomchuí dá n-acmhainní bainistíochta comhroinnte CSE+ a leithdháileadh chun Ráthaíocht Leanaí a chur chun feidhme trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe agus trí athchóirithe struchtúracha chun dul i ngleic le bochtaineacht leanaí. Leagtar síos leithdháileadh íosta sainráite 5 % do gach Ballstát a raibh meánráta aige atá os cionn mheánráta an Aontais maidir le leanaí atá níos lú ná 18 mbliana d’aois atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta don tréimhse idir 2017 agus 2019.

Tá an chaibidlíocht maidir le cláir 2021-27 idir an Coimisiún agus na Ballstáit fós ar siúl agus beidh na méideanna beachta atá le clárú chun tacú leis an Ráthaíocht Leanaí sna Ballstáit go léir ar eolas nuair a bheidh an próiseas sin tugtha chun críche.

I gcomhréir leis an Moladh ón gComhairle lena mbunaítear Ráthaíocht Eorpach do Leanaí {SWD(2021) 62 final} agus ag tógáil ar na tuarascálacha ó chomhordaitheoirí um Ráthaíocht Leanaí na mBallstát agus ón gCoiste um Chosaint Shóisialta, tabharfaidh an Coimisiún tuairisc rialta ar chur chun feidhme an Mholta lena mbunaítear Ráthaíocht Leanaí. Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán freisin ar chur chun feidhme an Mholta seo i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh. Ba mhaith leis an gCoimisiún a chur i bhfáth freisin gur féidir leis na Ballstáit cistiú a chlárú chun Ráthaíocht do Leanaí a chur chun feidhme sa bhreis ar na híoscheanglais a leagtar síos i Rialachán CSE+. Is féidir leo freisin úsáid a bhaint as acmhainní eile de chuid an Aontais, amhail an tSaoráid um Théarnamh agus um Athléimneacht, chomh maith lena gcistiú náisiúnta féin.

3.5.  Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir lena bhfuil ar intinn acu acmhainní uasta a sholáthar i gcás tubaistí nádúrtha faoi shnáithe CDAE de SEAR in 2022

Aithníonn na trí institiúid go gcruthaíonn méid eisceachtúil na dtubaistí nádúrtha a tharla in 2021 brú ar na hinfhaighteachtaí faoi Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE). Déantar CDAE a mhaoiniú go heisiach ón gCúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR), gan aon deis a bheith ann dul ar iontaoibh foinsí eile maoinithe.

D’aontaigh an Coiste Idir-réitigh go ndéanfaí an chabhair dhaonnúil a atreisiú faoi Cheannteideal 6 le EUR 211 mhilliún i mbuiséad 2022. Is féidir, dá bhrí sin, teorainn a chur le dul ar iontaoibh imchlúdach SEAR i gcás éigeandálaí seachtracha le linn na tréimhse idir an 1 Eanáir agus an 31 Lúnasa 2022, agus ar an gcaoi sin shaorfaí acmhainní breise do CDAE an 1 Meán Fómhair 2022 a bheidh coibhéiseach le méid atreisiú na cabhrach daonnúla faoi Cheannteideal 6. Leis sin, beifear in ann an dlúthpháirtíocht is mó is féidir a léiriú leis na Ballstáit lena mbaineann na tubaistí nádúrtha agus, ag an am céanna, cuirfear le cumas bhuiséad an Aontais freagairt go mear d’éigeandálaí seachtracha.

3.6.  Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le plean bunaíochta na Cúirte Iniúchóirí a atreisiú

Aithníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go mbeidh NGEU ina siocair le hualach oibre breise don Chúirt Iniúchóirí nach féidir a fhritháireamh go hiomlán trí ath-imlonnú laistigh den bhuiséad atá cheana ann. Comhaontaíonn siad, dá bhrí sin, plean bunaíochta na Cúirte a mhéadú le 20 post in 2022.

Leagann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle béim ar an tábhacht a bhaineann le hobair na Cúirte Iniúchóirí, go háirithe maidir le hiniúchtaí airgeadais agus comhlíontachta a dhéanann an Chúirt chun a príomhchúram a chomhlíonadh chun a scrúdú an bhfuarthas an t-ioncam uile agus ar tabhaíodh an caiteachas uile ar bhealach dleathach rialta, atá nasctha go dlúth le hiniúchtaí ar fheidhmíocht chun scrúdú a dhéanamh ar bharainneacht, éifeachtúlacht agus éifeachtacht i mbainistiú Bhuiséad AE, mar dhá thaobh den bhonn céanna. Bunchloch do dhlisteanacht an Aontais is ea fóntacht bhainistiú airgeadais a bhuiséid.

Sa chomhthéacs sin, measann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle go bhfuil sé ríthábhachtach go leithdháilfaidh an Chúirt acmhainní leordhóthanacha chun na príomhghníomhaíochtaí sin a chur chun feidhme.

Go ginearálta, aithníonn Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle tábhacht na moltaí a dhéanann an Chúirt de bhun Airteagal 287(4) an dara fomhír de CFAE, agus thug siad dá haire go bhfuil sé soiléirithe ag an gCúirt Bhreithiúnais ‘go bhfuil sé beartaithe leis an bhforáil seo rannchuidiú le feabhas a chur ar bhainistiú airgeadais an Aontais trí fhoráil a dhéanamh do thuarascálacha a bheidh le tarchur chuig na hinstitiúidí agus go ndéanfadh na hinstitiúidí sin freagra a thabhairt orthu’.

Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCúirt forléargas a áireamh sna doiciméid oibre do chleachtaí buiséadacha amach anseo ar leithdháileadh na foirne sa bhliain roimhe sin i leith gníomhaíochtaí le haghaidh iniúchtaí airgeadais, iniúchtaí ar chomhlíonadh agus iniúchtaí feidhmíochta, le haghaidh na hoibre atá bunaithe ar Airteagal 287(4) CFAE agus le haghaidh seirbhísí tacaíochta.

3.7.  Comhráiteas ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le héabhlóid na paindéime in 2022 a athbhreithniú

Tá na trí institiúid tiomanta d’athbhreithniú a dhéanamh ar éabhlóid na freagartha ar an bpaindéim faoi dheireadh mhí an Mheithimh 2022, go háirithe maidir le vaicsínithe idirnáisiúnta agus ar an mbonn sin déanfaidh siad aon ghníomhaíocht is gá mar atá molta ag an gCoimisiún a mheas.

3.8.  Ráiteas aontaobhach ón gCoimisiún maidir leis an imirce

I bhfianaise na riachtanas leanúnach dá bhforáiltear sna blianta atá le teacht, deimhníonn an Coimisiún a phlean chun a áirithiú go bhfanfaidh an meánchistiú bliantúil le haghaidh na himirce do Chomharsanacht an Deiscirt ó Chomharsanacht NDICI-GE, agus, más gá, ó ionstraimí eile, ar an leibhéal atá beartaithe don bhliain 2022 ar a laghad.

3.9.  Ráiteas aontaobhach ón gCoimisiún maidir le Ceannteideal 7

Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil clársceidealú airgeadais Cheannteideal 7 bunaithe ar an toimhde go bhfuil líon foirne na n-institiúidí cobhsaí i gcónaí. Tugann sé faoi deara nach bhfuil Buiséad 2022 ag teacht leis an toimhde sin agus cuireann sé i bhfios go láidir, i bhfianaise an bhoilscithe atá ag dul i méid, go bhféadfadh brúnna ar Cheannteideal 7 i gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a bheith mar thoradh ar mhéaduithe foirne amach anseo.

(1) Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

An nuashonrú is déanaí: 2 Márta 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais