Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0359(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0343/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0343/2021

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 14/12/2021 - 15

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2021)0490

Téacsanna atá glactha
PDF 132kWORD 47k
Dé Máirt, 14 Nollaig 2021 - Strasbourg
Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit
P9_TA(2021)0490A9-0343/2021
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit i ndáil leis an tsraith creathanna talún a tharla ón 28 Nollaig 2020 amach (COM(2021)0963 – C9-0403/2021 – 2021/0359(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0963 – C9-0403/2021),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 9 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), agus go háirithe pointe 10 de,

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le hiarmhairtí creathanna talún sa Chróit a mhaolú(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le héifeachtacht na húsáide a bhaineann na Ballstáit as airgead ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh i gcásanna tubaistí nádúrtha(5),

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0343/2021),

1.  ag cur a dlúthpháirtíocht ó chroí agus a comhbhrón ó chroí leis na daoine go léir dá ndearna na creathanna talún difear, lena muintir, agus le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla na Cróite a bhí rannpháirteach sna hiarrachtaí fóirithinte in iúl;

2.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar léiriú inláimhsithe agus infheicthe ar dhlúthpháirtíocht an Aontais lena shaoránaigh agus leis na réigiúin sa Chróit dá ndearna na creathanna talún a tharla idir an 28 Nollaig 2020 agus an 21 Feabhra 2021 difear;

3.  á chur i bhfáth gur gá, mar ábhar práinne, cúnamh airgeadais a scaoileadh trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) chun a áirithiú go dtabharfar tacaíocht, in am trátha, do na réigiúin dá ndearnadh difear;

4.  á chur in iúl gur oth léi an t-am a glacadh ó iarratas na Cróite ar chúnamh airgeadais, an 18 Márta 2021, go dtí an togra ón gCoimisiún maidir le slógadh ag deireadh Dheireadh Fómhair 2021; á chur i bhfios go láidir, arís, a thábhachtaí atá sé Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh go pras amach anseo chun faoiseamh a thabhairt do dhaoine agus do réigiúin atá i ngátar;

5.  á thabhairt chun suntais go raibh CDAE faoi bhrú suntasach sa chéad bhliain de CAI 2021-2027, go bhfuil tubaistí nádúrtha dothuartha iontu féin agus, i ngeall ar an athrú aeráide, gur dócha go dtiocfaidh méadú ar líon agus ar dhéine na dtubaistí sin le himeacht ama agus ar an gcostas a bhaineann leo; ag leagan béim, dá bhrí sin, ar an imní mhéadaitheach atá uirthi maidir le ganntanas na n-acmhainní atá ar fáil do CDAE le linn na tréimhse 2021-2027; á mheas nach n-áirithítear le méid foriomlán an mhaoinithe agus leis na socruithe leithdháilte don Chúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála (SEAR) éifeachtacht bharrmhaith CDAE agus á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar SEAR ag an gcéad athbhreithniú eile ar CAI 2021-2027;

6.  ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;

7.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

8.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0023.
(5) Téacsanna arna nglacadh P9_TA(2021)0429.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Chróit i ndáil leis an tsraith creathanna talún a tharla ón 28 Nollaig 2020 amach

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/49.)

An nuashonrú is déanaí: 22 Márta 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais