Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 18 Bealtaine 2021 - Brussels
Ceapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí - Iarrthóir : Natasha Cazenave
 Ceapachán Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde - Iarrthóir: Petra Hielkema
 An Ciste um Aistriú Cóir ***I
 Athbhreithniú ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh
 Clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár Pericles IV): leathnú go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha ***
 Comhaontú AE/Chúba: modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ***
 Prótacal a ghabhann le Comhaontú Comhlachais Eora-Mheánmhara AE/na Túinéise (aontachas na Cróite) ***
 Prótacail a ghabhann le Comhaontú Comhlachais AE-Mheiriceá Láir (aontachas na Cróite) ***
 Comhaontú AE/SAM/na hÍoslainne/na hIorua: Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú ***
 Scéim dleachtanna duga sna réigiúin is forimeallaí de chuid na Fraince *
 Cuspóirí na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 den Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach
 Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: iarratas EGF/2020/002 EE/Turasóireacht - an Eastóin
 Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d'Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
 Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ***II
 Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt ***II

Ceapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí - Iarrthóir : Natasha Cazenave
PDF 114kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cheapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí (N9-0005/2021 – C9-0114/2021 – 2021/0900(NLE))
P9_TA(2021)0217A9-0137/2021

(Formheas)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do thogra ó Bhord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí an 12 Márta 2021 (C9‑0114/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 51(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (an tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc(3),

–  ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0137/2021),

A.  de bhrí go dtiocfaidh deireadh le téarma oifige Stiúrthóir Feidhmiúcháin reatha an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí an 29 Bealtaine 2021;

B.  de bhrí gur mhol Bord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, an 12 Márta 2021, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte, Natasha Cazenave a cheapadh ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ceann téarma oifige 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 51(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010;

C.  de bhrí gur reáchtáil an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta éisteacht le Natasha Cazenave, an 22 Aibreán 2021, ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag formheas cheapachán Natasha Cazenave mar Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.
(2) IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.


Ceapachán Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde - Iarrthóir: Petra Hielkema
PDF 114kWORD 43k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cheapachán Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) (N9-0022/2021 – C9-0163/2021 – 2021/0901(NLE))
P9_TA(2021)0218A9-0162/2021

(Formheas)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do ghearrliosta iarrthóirí cáilithe do phost mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde an 22 Márta 2021 arna tharraingt suas ag a Bhord Maoirseoirí,

–  ag féachaint do litir ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 ina moltar go mbeadh Petra Hielkema mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (C9-0163/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 48(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc(3),

–  ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0162/2021),

A.  de bhrí gur tháinig deireadh le téarma oifige Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC) an 28 Feabhra 2021;

B.  de bhrí gur mhol an Chomhairle Petra Hielkema a cheapadh mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde, an 6 Bealtaine 2021, go ceann téarma oifige 5 bliana, i gcomhréir le hAirteagal 48(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010;

C.  de bhrí gur reáchtáil an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta éisteacht le Petra Hielkema, an 10 Bealtaine 2021, ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag formheas cheapachán Petra Hielkema mar Chathaoirleach an Údaráis Eorpaigh um Árachas agus Pinsin Cheirde;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde agus chuig rialtais na mBallstát.

(1) IO L 331, 15.12.2010, lch. 48.
(2) IO C 23, 21.1.2021, lch. 105.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.


An Ciste um Aistriú Cóir ***I
PDF 120kWORD 53k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir (COM(2020)0022 – C9-0007/2020 – 2020/0006(COD))
P9_TA(2021)0219A9-0135/2020

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0022) agus an togra leasaithe (COM(2020)0460),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus don tríú mír d’Airteagal 175 agus d’Airteagal 322(1)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9-0007/2020),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach Ionadaithe na Seice, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 20 Iúil 2020(1),

–  ag féachaint do thuairimí ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Meitheamh 2020 agus an 18 Meán Fómhair 2020(2),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 2 Iúil 2020(3),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 3 Márta 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0135/2020),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é(4);

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 18 Bealtaine 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir

P9_TC1-COD(2020)0006


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/1056)

(1) IO C 290, 1.9.2020, lch. 1.
(2) IO C 311, 18.9.2020, lch. 55 agus IO C 429, 11.12.2020, lch. 240.
(3) IO C 324, 1.10.2020, lch. 74.
(4) Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe a glacadh an 17 Meán Fómhair 2020 (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0223).


Athbhreithniú ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh
PDF 157kWORD 55k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 maidir le hathbhreithniú Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (2020/2087(INI))
P9_TA(2021)0220A9-0052/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 174, 175, 212(2) agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1) (‘Rialachán CDAE’) agus do na leasuithe ina dhiaidh sin air an 15 Bealtaine 2014 agus an 20 Márta 2020,

–  ag féachaint do na tuarascálacha go léir a d’fhoilsigh an Painéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide, agus go háirithe tuarascáil uaidh an 31 Márta 2014 dar teideal ‘Athrú Aeráide 2014: Tionchair, Oiriúnú agus Leochaileacht’,

–  ag féachaint do Chomhaontú Pháras, a síníodh an 22 Aibreán 2016,

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2013 maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh, cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 1 Nollaig 2016 dar teideal ‘Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh: measúnú’(3),

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 15 Bealtaine 2019 maidir le hathbhreithniú Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh 2002-2017 (SWD(2019)0186),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí(4),

–  ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(5),

–  ag féachaint do sheasamh Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Márta 2020 ar an togra le haghaidh Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí (COM(2020)0114),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0052/2021),

A.  de bhrí go soláthraíonn Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) a bunaíodh le Rialachán CDAE tar éis na mórthuilte a bhuail lár na hEorpa in 2002 cúnamh airgeadais do Bhallstáit agus do thíortha aontachais ar bhuail mórthubaiste nádúrtha nó tubaiste réigiúnach nó móréigeandálaí sláinte poiblí iad; de bhrí gur fíor-bhreisluach AE é CDAE agus go bhfuil toil ann chun dlúthpháirtíocht a léiriú leis na daoine atá ina gcónaí i réigiúin AE atá buailte ag tubaistí den sórt sin;

B.  de bhrí gur chuir an Parlaimint na hEorpa i bhfios, i rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac, nach bhfuil an dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit ina rogha, ach go deimhin ina hoibleagáid a eascraíonn as inter alia Airteagail 2 agus 21 de Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus gur colún í de na luachanna atá i bpáirt againn le AE mar a leagtar amach in Airteagal 3 CAE iad; de bhrí, sa rún céanna, go n-iarrann Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún gach comhpháirt dá shásraí bainistithe géarchéime agus dá shásraí freagartha ar thubaistí a neartú;

C.  ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go gcreideann dhá thrian de shaoránaigh an Aontais, de réir suirbhé a rinneadh le déanaí, gur cheart níos mó inniúlachtaí a bheith ag an Aontas Eorpach chun déileáil le géarchéimeanna gan choinne amhail COVID-19, agus go gcreideann níos mó ná leath acu gur cheart níos mó acmhainní airgeadais a bheith ag an Aontas chun dul i ngleic leis na géarchéimeanna sin(6); de bhrí go bhfuil gné dhaonna an-suntasach ag an ngéarchéim sláinte atá ann faoi láthair agus gur cheart do AE agus do na Ballstáit gníomhú dá réir sin de mheon na dlúthpháirtíochta;

D.  de bhrí, go dtí seo, go bhfuil idirghabhálacha ó CDAE á ndíriú ar thart ar chéad tubaiste nádúrtha atá ag tarlú i 23 Bhallstát agus i dtír aontachais amháin, arb ionann a luach iomlán agus tuairim is EUR 6.6 billiún(7);

E.  de bhrí gurbh ionann in 2017 agus in 2018 tubaistí tuilte agus dhá thrian d’iarratais CDAE, in ainneoin gurbh ann do stoirmeacha móra, dóiteáin foraoise agus creathanna talún sa tréimhse tuairiscithe;

F.  ag tabhairt dá haire a úsáidí atá CDAE, mar a léiríodh sa mheastóireacht ón gCoimisiún, go háirithe maidir leis an ualach ar gach údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a laghdú i ndáil le tacú leis an iarracht téarnaimh i ndiaidh mórthubaistí nádúrtha náisiúnta nó réigiúnacha nó móréigeandálaí sláinte poiblí, mar a shainmhínítear i Rialachán CFAE (arna leasú);

G.  de bhrí go ndearnadh athbhreithniú ar chreat rialála CFAE in 2014 trí Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 661/2014(8), go háirithe d’fhonn na nósanna imeachta a shimpliú, an t-am chun freagra a thabhairt tar éis iarrataí a dhéanamh a ghiorrú, na critéir incháilithe maidir le hiarrataí ar chúnamh i gcás tubaistí réigiúnacha a shoiléiriú, cur leis an tréimhse cur chun feidhme agus íocaíochtaí ionchasacha a thabhairt isteach, mar a d’iarr an Pharlaimint arís agus arís eile; de bhrí go ndearnadh tuilleadh dul chun cinn trí leasú mhí an Mhárta 2020 ar an rialachán, go háirithe maidir leis an méadú ar leibhéal na réamhíocaíochtaí agus maidir le próiseas leithdháilte CDAE a shimpliú;

H.  de bhrí gurb é 100 % an ráta formheasa do na hiarrataí ar chúnamh i gcás mórthubaistí, cé gur tháinig méadú ó 32 % go 85 % ar líon na n-iarrataí i gcás tubaistí réigiúnacha, an chatagóir is coitianta, tar éis athbhreithniú ar Rialachán CDAE in 2014;

I.  de bhrí gur chuidigh an t-athchóiriú ar an rialachán in 2014 le síneadh a chur leis an tréimhse ama chun iarratas ar ranníocaíocht airgeadais ó CDAE a ullmhú agus a chur isteach ó 10 go 12 seachtaine, tá gá fós le nuashonrú ar chion suntasach de na cásanna, rud a fhágann go mbíonn moill ann maidir le rochtain a fháil ar na deontais; de bhrí gur cheart don Choimisiún, ar an gcúis sin, treoir shimplithe a thabhairt maidir leis na ceanglais iarratais agus, á dhéanamh sin dó, an t-ualach riaracháin a laghdú;

J.  de bhrí go bhféadfaí an t-am a thógann sé an deontas iomlán atá le húsáid a laghdú tuilleadh chun an géarghá atá le dlúthpháirtíocht AE a chomhlíonadh;

K.  de bhrí nach gcumhdaíonn cúnamh CFAE ach athbhunú an riocht ina raibh bonneagar roimhe sin i réimsí an fhuinnimh, an uisce agus an fhuíolluisce, na teileachumarsáide, an iompair, na sláinte agus an oideachais, agus nach gcumhdaítear na costais bhreise chun bonneagar atá níos seasmhaí ó thaobh tubaistí de agus níos athléimní ó thaobh na haeráide de a thógáil, mar a iarradh sa Chomhaontú Glas don Eoraip, a chaithfidh an stát is tairbhí a mhaoiniú as acmhainní dílse agus as cistí eile de chuid an Aontais, amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Ciste Comhtháthaithe;

L.  ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol spéise di, go bhfuil gá, mar a léiríodh le géarchéim COVID-19, le leibhéal níos airde sineirgí idir ionstraimí an bheartais chomhtháthaithe agus CDAE; ag aithint gur cruthaíodh CDAE chun freagairt do thubaistí nádúrtha sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma, agus ag an am céanna go bhfuil an beartas comhtháthaithe (CFRE agus an Ciste Comhtháthaithe) dírithe ar phleanáil níos fadtéarmaí don chosaint shibhialta agus don infheistíocht sa chosaint shibhialta, sa bhonneagar coisctheach, sa bhonneagar bainistithe riosca agus sna bearta athléimneachta, ag rannchuidiú ar an gcaoi sin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

M.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún chun raon feidhme CDAE a leathnú ionas go n-áireofar air móréigeandálaí sláinte poiblí, agus teacht i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/461 ina dhiaidh sin;

N.  de bhrí gur dócha go ngéaróidh tubaistí nádúrtha de dheasca an athraithe aeráide; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a úsáidí atá an sásra buiséadach maidir le leithdháileadh gníomhach a cuireadh i bhfeidhm in 2014, rud a chuir ar chumas CFAE, i measc nithe eile, EUR 1.2 billiún, an ranníocaíocht mó riamh ó CFAE, a chur ar fáil mar thacaíocht le linn na gcreathanna talún san Iodáil in 2016 agus in 2017;

O.  de bhrí gur cheart, mar a leagtar síos in Airteagal 7 de Rialachán CDAE, go mbeadh oibríochtaí arna maoiniú ag an gciste comhoiriúnach le forálacha CFAE agus leis na hionstraimí arna nglacadh faoi, agus le beartais agus bearta AE, go háirithe i réimsí chosaint an chomhshaoil, cosc agus bainistiú rioscaí tubaiste nádúrtha, agus oiriúnú don athrú aeráide, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais;

P.  de bhrí go ndéantar foráil sa chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) nua d’imchlúdach buiséadach ar a dtugtar ‘an Cúlchiste um Dhlúthpháirtíocht agus Cabhair Éigeandála’(SEAR) a thugann le chéile CDAE agus an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála (EAR) agus atá beartaithe freagairt do chásanna éigeandála de dheasca mórthubaistí i mBallstáit nó i dtíortha aontacha ar thaobh amháin (CDAE), agus do riachtanais phráinneacha shonracha in AE nó i dtíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe i gcás géarchéimeanna daonnúla, ar an taobh eile (an Cúlchiste um Chabhair Éigeandála);

Q.  de bhrí, mar a aithnítear in Airteagal 349 CFAE, go bhfuil an staid dheacair aeráide ar cheann de na tosca dianseasmhacha a chuireann isteach go mór ar fhorbairt na réigiún is forimeallaí (ORanna); de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, bearta sonracha a ghlacadh ina leagfar síos coinníollacha chun na conarthaí a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear comhbheartais;

R.  de bhrí nach mór aird ar leith a thabhairt ar ORanna, do na hoileáin, agus do réigiúin shléibhtiúla, do réigiúin inar tearc an daonra, agus do na críocha go léir atá go mór i mbaol tubaistí nádúrtha;

S.  á chur in iúl gur oth léi nach gceadaítear faoi láthair le Rialachán CDAE iarratais ar chabhair a chur isteach ar bhonn trasteorann, cé go dtéann limistéir áirithe atá an-leochaileach i leith tubaistí nádúrtha, amhail réigiúin shléibhtiúla, thar theorainneacha go minic;

1.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach dtiocfaidh ach méadú agus géarú ar theagmhais adhaimsire agus tubaistí nádúrtha leis an athrú aeráide; á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach infheistíocht a dhéanamh i gcosc agus i maolú ar an athrú aeráide i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun infheistíocht a dhéanamh i mbearta laghdaithe a bhfuil tionchar ag an athrú aeráide orthu, agus é á chur san áireamh go bhfuil go leor tubaistí nádúrtha ina n-iarmhairt dhíreach ar ghníomhaíochtaí an duine agus gur féidir le tuilte, creathanna talún, dóiteáin foraoise, triomaigh agus tubaistí nádúrtha eile dul ó smacht, lena n-iarrtar go nglacfaí bearta leormhaithe;

2.  ag tabhairt dá haire go bhfuil CDAE ar cheann de na léirithe is nithiúla de dhlúthpháirtíocht AE, agus go bhfuil gach saoránach AE ag súil go dtaispeánfaí é nuair a tharlaíonn tubaistí nó éigeandálaí tromchúiseacha sláinte poiblí;

3.  ag cur béim gur cúis imní di go raibh ar dhaoine in AE aghaidh a thabhairt ar iliomad tubaistí le blianta beaga anuas a scrios saol daoine, maoin, an comhshaol agus oidhreacht chultúrtha;

4.  ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus móréigeandálaí sláinte poiblí ag tarlú ar bhonn rialta anois, le samplaí le déanaí lena n-áirítear paindéim COVID-19 – a bhfuil tionchar an-mhór aige ar shaol na nEorpach agus gheilleagar na hEorpa – dóiteáin foraoise ar fud na mór-roinne, lena n-áirítear in áiteanna neamhghnácha amhail an tArtach, agus sraith mórchreathanna talún san Eoraip, go háirithe san Iodáil in 2016 agus 2017, arbh é ba chúis leis na céadta básanna agus thart ar EUR 22 billiún damáiste, agus sa Chróit i mí an Mhárta agus i mí na Nollag 2020; á mheabhrú chomh maith gur scrios stoirmeacha, báisteach fhoircneach agus tuilte go leor cathracha agus gleannta, agus go ndéanann hairicíní atá ag éirí níos measa i gcónaí léirscrios sna ORanna, amhail Hairicín Irma in Saint-Martin in 2017 agus Hairicín Lorenzo san Asóir in 2019, a raibh ollscrios ag baint leo; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gurb iad críocha leochaileacha, amhail oileáin agus réigiúin shléibhtiúla, na réigiúin is lú daonra agus na réigiúin is forimeallaí is mó atá thíos le tionchar an athraithe aeráide;

5.  á chur i bhfios go bhfuil sé ríthábhachtach cabhair agus cistí a sheoladh chomh tapa, chomh héasca agus chomh solúbtha agus is féidir chuig na réigiúin atá buailte agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil sineirgí idir CDAE agus Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta, comhpháirt maidir le hoiriúnú don athrú aeráide CFRE agus na cláir maidir le comhar críochach bunriachtanach chun pacáiste cuimsitheach freagartha agus athléimneachta a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá chuid oibre ar threoir d’úsáid shimplithe CDAE chun gníomhaíochtaí na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil a éascú; á áitiú gur cheart sineirgí idir CDAE agus ionstraimí cistiúcháin AE réamhluaite, i measc ionstraimí eile, a úsáid ar bhealach solúbtha agus a mhéid is féidir; á mheabhrú gur cheart mionsonraí a thabhairt sa tuarascáil cur chun feidhme ó gach tír is tairbhí ar na bearta coisctheacha – lena n-áirítear cistí struchtúracha AE a úsáid – a dhéantar nó atá beartaithe chun damáiste sa todhchaí a theorannú agus chun atarlú tubaistí nádúrtha comhchosúla a sheachaint, a mhéid is féidir;

6.  á chur i bhfios, de réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, go raibh 7 348 mórthubaiste nádúrtha ann le 20 bliain anuas (2000-2019), ina bhfuair 1,23 milliún duine bás, ina ndearnadh difear do 4,2 billiún duine agus arbh é USD 2,97 trilliún a bhí mar thoradh orthu i gcaillteanais eacnamaíocha ar fud an domhain;

7.  á chur i bhfios de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil (EEA), go raibh teagmhais adhaimsire a bhain leis an aeráid ina gcúis le caillteanais EUR 446 billiún san iomlán i mballtíortha LEE idir 1980 agus 2019;

8.  den tuairim go bhfuil tionchar eacnamaíoch agus sóisialta níos doimhne ag tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ag móréigeandálaí sláinte poiblí sna críocha is lú forbairt agus is leochailí, amhail oileáin, limistéir shléibhtiúla agus réigiúin faoi líon beag daoine, agus gur cheart, dá bhrí sin, bearta níos leordhóthanaí a dhéanamh faoi CDAE;

Bainistiú tubaiste, measúnú ar dhamáiste agus simpliú nósanna imeachta

9.  ag tabhairt dá haire go bhfuil cineálacha éagsúla rioscaí os comhair AE agus á chur i bhfios go láidir nach leis an athrú aeráide amháin a chinntear déine roinnt tubaistí nádúrtha, ach i gcásanna áirithe go mbíonn tionchar ag tosca a de dhéantús an duine orthu, lena n-áirítear pleanáil spásúlachta neamhaireach; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach infheistiú i gcosc agus i mbainistiú rioscaí i gcás tubaistí in AE trí bhonneagar coisctheach a thógáil; á mholadh do na Ballstáit i ndáil leis sin, pleananna coiscthe agus bainistithe tubaistí a chur i bhfeidhm, i gcomhar leis an gCoimisiún, ionas gur féidir meastóireacht chruinn agus mhear a dhéanamh ar an damáiste; á chur i bhfáth go bhfuil sé i gceist le CDAE a bheith ina ionstraim shimplí a fhéadfaidh AE a chur ar fáil d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs athchóiriú a dhéanfar amach anseo ar CDAE, leanúint dá chuid oibre chun an nós imeachta iarratais do na Ballstáit a shimpliú agus a bhrostú, mar shampla trí aird ar leith a thabhairt ar iarratais a shimpliú maidir le CDAE a ghníomhachtú i roinnt réigiún i gcomhthéacs tubaistí trasteorann, chun a áirithiú go dtabharfar freagairt níos tapa ar dhlús a chur le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí;

11.  á mheas go bhfuil réigiúin agus críocha ag éirí níos leochailí de bharr an athraithe aeráide agus tubaistí nádúrtha de bheith ag méadú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, féachaint ar CDAE a athbhreithniú chun tubaistí réigiúnacha a chur san áireamh ar bhealach níos fearr; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil ról ag cláir CFRE, i sineirgíocht le cláir forbartha tuaithe, maidir le rioscaí a chosc agus a mhaolú, amhail rioscaí teicstíleacha agus hidrigeolaíocha; ag aithint, ina theannta sin, gur áiríodh triomaigh i raon feidhme Rialachán CDAE le linn athbhreithniú 2014, ach ag tabhairt dá haire gur gné athfhillteach d’fhorbairtí aeráide AE iad agus go bhfuil sé deacair measúnú a dhéanamh ar a dtionchar eacnamaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchair shonracha na dtriomach agus aghaidh a thabhairt orthu mar is iomchuí i gcomhthéacs athchóiriú ar CDAE amach anseo;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an taighde agus an t-oideachas a neartú d’fhonn córas a chur ar bun chun ullmhacht níos fearr a áirithiú chun tubaistí a chosc agus a bhainistiú agus chun tionchar géarchéimeanna den sórt sin a íoslaghdú;

13.  á iarraidh comhordú agus comhar méadaithe a bheith ann idir institiúidí taighde agus forbartha na mBallstát, go háirithe iad siúd a bhfuil rioscaí comhchosúla ag bagairt orthu; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar chórais luathrabhaidh sna Ballstáit agus go gcruthófaí agus go neartófaí na naisc idir na córais éagsúla luathrabhaidh;

14.  á mholadh do na Ballstáit infheistíochtaí, tionscadail agus uirlisí a shainaithint ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta chun damáiste ó thubaistí nádúrtha agus ó thubaistí sláinte a chosc agus a theorannú;

15.  á iarraidh ar an gCoimisiún scaipeadh dea-chleachtas maidir le rialachas agus struchtúir chomhordúcháin institiúideacha a úsáid i gcás tubaistí;

16.  ag tarraingt aird ar na deacrachtaí a bhíonn ag tíortha is tairbhí maidir le méideanna beachta damáiste a chinneadh laistigh de thréimhsí an-ghearr ama agus á mholadh don Choimisiún treoir ar mhodhanna simplithe atá le húsáid a ullmhú chun méid na cabhrach a chuirtear ar fáil trí CDAE a chinneadh, agus freisin chun an fhéidearthacht earráidí agus moilleanna breise a íoslaghdú;

17.  á thabhairt chun suntais gur chothaigh úsáid CDAE próiseas foghlama i measc na n-údarás náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, a thug orthu measúnú a dhéanamh ar a mbeartais níos leithne maidir le bainistiú rioscaí tubaistí; ag cur béim ar an ngá atá ann an t-ualach maorlathach a laghdú agus méadú a dhéanamh ar fhorbairt acmhainní trí thacaíocht theicniúil agus riaracháin do thíortha tairbhíocha, chun cabhrú leo straitéisí bainistithe agus fadtéarmacha a fhorbairt lena ndírítear ar laghdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ag móréigeandálaí sláinte poiblí; á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcumarsáid leis na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha sna céimeanna comhleanúnacha den mheastóireacht, den ullmhúchán d’iarratais agus de chur chun feidhme na dtionscadal, d’fhonn dlús a chur leis na nósanna imeachta riaracháin;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún díriú, a mhéid is féidir, agus athbhreithniú amach anseo á dhéanamh ar CDAE , ar na réigiúin is mó atá i mbaol tubaistí móra nádúrtha nó réigiúnacha nó mór-éigeandálaí sláinte poiblí, go háirithe na ORanna, na hoileáin, na réigiúin sléibhtiúla, agus na réigiúin a bhfuil claonadh iontu dianghníomhaíocht seismeach nó bolcánach nó géarchéimeanna sláinte poiblí a bheith acu sa todhchaí;

19.  á chreidiúint gur cheart ceachtanna a fhoghlaim ó hairicíní a bhí ann cheana a bhuail tíortha agus críocha thar lear (OCTanna); den tuairim gur cheart ionstraimí EAR agus ionstraimí eile um chabhair sheachtrach a úsáid ina n-iomláine chun an damáiste a tabhaíodh a mhaolú; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de thairis sin gur gá acmhainní leormhaithe airgeadais a leithdháileadh ar na hionstraimí cabhrach seachtraí sin chun cabhrú le tíortha agus críocha thar lear;

Acmhainní cistithe agus leithdháileadh tapa leithreasaí

20.  á chur i bhfios go ndearna an Coimisiún foráil, i dtogra athbhreithnithe uaidh an 27 Bealtaine 2020 maidir le CAI 2021-2027, do bhuiséad uasta bliantúil EUR 1 bhilliún (i bpraghsanna 2018) do CDAE agus ag tabhairt dá haire, de réir an chomhaontaithe maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua, go ndearnadh CDAE a chumasc le EAR i bpacáiste nua SEAR, le leithdháileadh foriomlán bliantúil buiséid EUR 1.2 billiún;

21.  á mheas go bhféadfadh sé go mbeadh roinnt solúbthachta ag baint le cruthú SEAR; á chur i bhfios, mar sin féin, go bhfuil leithdháileadh CDAE fós neamhchinnte, mar atá sé faoi láthair, ós rud é go bhfuil sé ag brath ar na méideanna arna leithdháileadh faoi EAR; á mheas gur gá dlúthfhaireachán a dhéanamh ar bhainistiú SEAR chun féachaint an gcomhlíonann méid agus scála leithdháileadh na gcistí dá bhforáiltear san ionstraim airgeadais nua sin riachtanais CDAE, i bhfianaise leathnú a raon feidhme agus méid agus iomadú na n-éigeandálaí a eascraíonn go háirithe ó thubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus ó mhóréigeandálaí sláinte poiblí;

22.  á chur in iúl gur geal léi gur mhéadaigh an t-athbhreithniú ar CDAE arna ghlacadh i mí an Mhárta 2020 luach na n-íocaíochtaí a bhí beartaithe ó10 % go 25 % den ranníocaíocht lena bhfuiltear ag súil agus an uasteorainn ó EUR 30 milliún go EUR 100 milliún; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá réamhíocaíochtaí chun éifeachtacht na gclár cúnaimh a mhéadú, go háirithe i réigiúin agus i bpobail áitiúla a bhfuil foinsí cistithe malartacha teoranta acu; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhealaí breise chun an rogha sin a chur chun cinn agus á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí oibríochtúla méadaithe chun go laghdófaí an meán-am chun réamhíocaíochtaí a scaoileadh, agus a áirithiú ag an am céanna go gcosnófar buiséad AE;

23.  á chur i bhfios gur foirgnimh phoiblí iad formhór na bhfoirgneamh atá suite sna ORanna (amhail calafoirt, aerfoirt agus ospidéil), agus in ainneoin go bhfuil siad bunriachtanach d’fheidhmiú na gcríoch beag sin, go bhfuil siad thíos go mór le tubaistí comhshaoil; á chreidiúint, dá bhrí sin, í gur cheart go mbeadh tacaíocht airgeadais ó CDAE do na ORanna níos airde ná 2,5 % den mhéid a fuarthas chun tubaistí a tharla san am a chuaigh thart a leigheas, ionas go mbeidh siad in ann filleadh ar an riocht ina raibh siad roimhe sin agus feabhas a chur air go gasta;

24.  á aithint gurb ionann an tréimhse atá de dhíth chun íocaíochtaí a bhfuiltear ag súil leo a íoc agus cúig mhí ar a laghad agus á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar réitigh níos frithghníomhaí;

25.  ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtógann sé bliain ar an meán do mhéid iomlán deontais CDAE chun an tairbhí a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar bhealaí chun leithdháileadh an chiste a shimpliú agus a dhéanamh chomh solúbtha agus is féidir i gcomhthéacs athchóiriú amach anseo, chun gníomhaíocht ghasta agus faoiseamh pras a áirithiú do na réigiúin agus/nó do na tíortha sin atá buailte ag tubaiste;

26.  á chreidiúint, agus aird á tabhairt ar an méid thuas agus leathnú raon feidhme an chiste, go bhféadfadh gá a bheith le measúnú ar bhuiséad CDAE amach anseo, agus go bhféadfaí é a leanúint, más gá, trí choigeartú comhfhreagrach ar an gcistiú, chun an méid is gá a sholáthar d’fhíoruirlis do dhlúthpháirtíocht AE agus chun a ráthú go mbeidh buiséad mór go leor ann chun déileáil go héifeachtach le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí, ní hamháin chun damáiste a dheisiú ach chun athléimneacht i leith an athraithe aeráide a fhorbairt freisin;

27.  á chur i bhfáth gur cheart bronnadh, bainistiú agus cur chun feidhme dheontais CDAE a bheith chomh trédhearcach agus is féidir, agus gur gá na deontais a úsáid i gcomhréir le prionsabail na bainistíochta fónta airgeadais;

Rioscaí a chosc agus cáilíocht atógála

28.  á iarraidh, maidir leis a critéir chun tionscadail a chinneadh atá ‘incháilithe’ chun cúnamh a fháil ón gciste, go dtabharfaí aird níos mó ar na prionsabail is déanaí maidir le rioscaí a chosc agus á iarraidh go ndéanfaí an prionsabal ‘Atógáil Ar Bhealach Níos Fearr’ a chomhtháthú go hiomlán in Airteagal 3 de Rialachán CDAE in athbhreithniú amach anseo, d’fhonn rannchuidiú le feabhas a chur ar cháilíocht an bhonneagair sna réigiúin sin le linn na hatógála agus chun iad a ullmhú níos fearr chun tubaistí amach anseo a sheachaint trí bhonneagar coisctheach a thógáil;

29.  den tuairim go bhféadfaí na hionstraimí amhail ‘iasachtaí creata’, arna gcur chun feidhme ag an mBanc Eorpach Infheistíochta a úsáid freisin chun maoiniú a dhéanamh bhonneagar níos athléimní, níos sábháilte agus níos glaise a atógáil;

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí idir CDAE agus cistí an bheartais chomhtháthaithe a neartú agus a shimpliú, mar aon leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, d’fhonn rioscaí a bhainistiú go héifeachtúil agus go struchtúrtha do thionscadail atógála sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma, agus ní hamháin trí bhonneagar atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh fuinnimh agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a thógáil, ach freisin trí bhearta coisctheacha a úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin solúbthacht a léiriú maidir le clársceidealú agus maidir le leasú a dhéanamh ar chláir náisiúnta nó réigiúnacha a mhéid a bhaineann le déileáil le tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus le móréigeandálaí sláinte poiblí; á athdhearbhú, ina leith sin, gur cheart, le cúnamh airgeadais CDAE, díriú ar athléimneacht níos láidre agus ar inbhuanaitheacht na n-infheistíochtaí sna réimsí lena mbaineann;

Éigeandálaí sláinte

31.  á chur in iúl gur geal léi, tar éis an athbhreithnithe ar rialachán CDAE a mhol an Coimisiún an 13 Márta 2020, go bhfuil na hoibríochtaí atá incháilithe faoin gciste á leathnú anois chuig cásanna ina bhfuil móréigeandálaí sláinte poiblí ann, lena gcumhdaítear ní hamháin cúnamh leighis ach bearta chun scaipeadh galar a chosc nó a rialú, agus faireachán a dhéanamh orthu;

32.  á thabhairt chun suntais gur léir ó leathnú raon feidhme an chiste chun tionchar phaindéim COVID-19 a chomhrac go bhfuil sé d’acmhainn ag CDAE a bheith níos solúbtha, ina raon feidhme agus ina incháilitheacht araon, agus go bhfuil sé in ann cúnamh a chur ar fáil ní hamháin le linn mórthubaistí nádúrtha, ach freisin cúnamh mear a thabhairt le linn cineálacha eile mórthubaistí, amhail paindéimí;

33.  á mheas, leis an leathnú sin ar raon feidhme CDAE, gur gá buiséad níos mó;

34.  á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit a gcomhar a neartú le seirbhísí ábhartha na hEagraíochta Domhanda Sláinte atá dírithe ar ullmhacht do chásanna éigeandála, chun pleananna mearfhreagartha d’éigeandálaí sláinte a fhorbairt;

Infheictheacht cúnaimh airgeadais an chiste

35.  ag athdhearbhú a thábhachtaí atá na sochair nithiúla a eascraíonn as CDAE a chur in iúl don phobal, chun muinín na saoránach as uirlisí agus cláir AE a mhéadú tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheictheacht chúnamh an chiste a fheabhsú trí ghníomhaíochtaí cumarsáide ad hoc, spriocdhírithe, i gcomhthreo le tosaíocht a thabhairt do mhearfhreagairt agus do soláthar cabhrach, go sonrach chun breisluach AE a thabhairt chun suntais i gcás tubaistí nádúrtha móra agus réigiúnacha agus mór-éigeandálaí sláinte poiblí, ar léiriú nithiúil é ar dhlúthpháirtíocht AE agus ar chumas an Aontais fíorchúnamh frithpháirteach a chur i bhfeidhm trí acmhainní buiséadacha suntasacha a sholáthar; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin, mar chuid den athbhreithniú a dhéanfar ar an rialachán amach anseo, iallach a chur ar thíortha tairbhíocha a gcuid saoránach a chur ar an eolas faoi thacaíocht airgeadais AE do na hoibríochtaí a cuireadh chun feidhme;

o
o   o

36.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na Ballstáit.

(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO C 440, 30.12.2015, lch. 13.
(3) IO C 224, 27.6.2018, lch. 140.
(4) IO L 99, 31.3.2020, lch. 9.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0054.
(6) https://www.europarl.europa.eu/news/ga/press-room/20201113IPR91602/eu-survey-confirms-citizens-call-for-eu-to-have-more-powers-to-tackle-pandemic
(7) https://cohesiondata.ec.europa.eu/stories/s/An-overview-of-the-EU-Solidarity-Fund-2002-2019/qpif-qzyn
(8) Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (IO L 189, 27.6.2014, lch. 143)


Clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár Pericles IV): leathnú go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha ***
PDF 111kWORD 43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an dréachtrialachán ón gComhairle lena leathnaítear cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2021/... lena mbunaítear clár um malartú, cúnamh agus oiliúint chun an euro a chosaint ar ghóchumadh don tréimhse 2021-2027 (clár ʻPericles IV’), agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 331/2014, go dtí na Ballstáit neamh-rannpháirteacha (13255/2020 – C9-0017/2021 – 2018/0219(APP))
P9_TA(2021)0221A9-0165/2021

(An nós imeachta reachtach speisialta – toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtrialachán ón gComhairle (13255/2020),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 352 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0017/2021),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0165/2021),

1.  ag tabhairt a toilithe don dréachtrialachán ón gComhairle;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Comhaontú AE/Chúba: modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach ***
PDF 115kWORD 43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chúba de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT), comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha i ndáil le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (10637/2020 – C9-0097/2021 – 2020/0233(NLE))
P9_TA(2021)0222A9-0129/2021

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10637/2020),

–  ag féachaint don Chomhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Chúba de bhun Airteagal XXVIII de Chomhaontú Ginearálta 1994 um Tharaifí agus Trádáil (CGTT) i ndáil le modhnú lamháltas ar na cuótaí ráta taraife go léir a áirítear i Sceideal AE CLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (10638/20),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0097/2021),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0129/2021),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Chúba.


Prótacal a ghabhann le Comhaontú Comhlachais Eora-Mheánmhara AE/na Túinéise (aontachas na Cróite) ***
PDF 110kWORD 43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát, Prótacail a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (COM(2018)0603 – C9-0302/2020 – 2018/0310(NLE))
P9_TA(2021)0223A9-0150/2021

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12294/2018),

–  ag féachaint don dréacht-Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Túinéise, den pháirt eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (12295/2018),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 217 agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0302/2020),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0150/2021),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Túinéise.


Prótacail a ghabhann le Comhaontú Comhlachais AE-Mheiriceá Láir (aontachas na Cróite) ***
PDF 110kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais agus a Bhallstát, an Phrótacail a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir, ar an taobh eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (06048/2020 – C9-0383/2020 – 2020/0024(NLE))
P9_TA(2021)0224A9-0148/2021

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06048/2020),

–  ag féachaint don dréacht-Phrótacal a ghabhann leis an gComhaontú lena mbunaítear Comhlachas idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, ar thaobh amháin, agus Meiriceá Láir ar an taobh eile, chun aontachas Phoblacht na Cróite leis an Aontas Eorpach a chur san áireamh (06049/2020),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 217 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0383/2020),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0148/2021),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an Phrótacail;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Mheiriceá Láir.


Comhaontú AE/SAM/na hÍoslainne/na hIorua: Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú ***
PDF 111kWORD 43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais Eorpaigh, an Chomhaontaithe maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua (11645/2020 – C9-0392/2020 – 2019/0126(NLE))
P9_TA(2021)0225A9-0125/2021

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (11645/2020),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú maidir le Teorainneacha Ama do na Socruithe lena Soláthraítear Aerárthaí le Criú idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá, an Íoslainn, agus Ríocht na hIorua (10584/19),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 100(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fhomhír, pointe (a)(v), agus le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0392/2020),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0125/2021),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig rialtais agus parlaimintí Stáit Aontaithe Mheiriceá, na hÍoslainne, agus Ríocht na hIorua.


Scéim dleachtanna duga sna réigiúin is forimeallaí de chuid na Fraince *
PDF 109kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le scéim dleachtanna duga sna réigiúin is forimeallaí de chuid na Fraince agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 940/2014/AE (COM(2021)0095 – C9-0105/2021 – 2021/0051(CNS))
P9_TA(2021)0226A9-0138/2021

(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0095),

–  ag féachaint d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0105/2021),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0138/2021),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Cuspóirí na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 den Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach
PDF 170kWORD 60k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar chuspóirí na hoibleagáide maidir le gabhálacha a thabhairt i dtír faoi Airteagal 15 den Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach (2019/2177(INI))
P9_TA(2021)0227A9-0147/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2019 maidir leis an Staid mar atá i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh agus an Comhairliúchán faoi Dheiseanna Iascaireachta do 2020 (COM(2019)0274),

–   ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2020 dar teideal Towards more sustainable fishing in the EU: state of play and orientations for 2021 [I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2021] (COM(2020)0248),

–   ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 43(2) de,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla(2),

–  ag féachaint do thuarascálacha na Gníomhaireachta Eorpaí um Rialú ar Iascach (EFCA) lena ndéantar meastóireacht ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír don Mhuir Thuaidh (2016-2017), d’Uiscí an Iarthuaiscirt (2016-2017) agus do ronnach sa Mhuir Thuaidh agus in Uiscí an Iarthuaiscirt (2015-2017),

–  ag féachaint do thuarascálacha de chuid suí iomlánaigh ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) (PLEN 20-01, 19-01, 18-01 agus 17-01), agus dá thuarascálacha dar teidil Evaluation of Member States' Annual Reports on the Landing Obligation (for 2019) [Meastóireacht ar Thuarascálacha Bliantúla na mBallstát maidir leis an Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír (le haghaidh 2019)] (Adhoc-20-02), Monitoring the performance of the Common Fisheries Policy [Faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an Chomhbheartais Iascaigh] (Adhoc-20-01) agus Evaluation of Joint Recommendations on the Landing Obligation and on the Technical Measures Regulation [Meastóireacht ar Mholtaí Comhpháirteacha i ndáil leis an Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír agus i ndáil leis an Rialachán maidir le Bearta Teicniúla] (STECF-20-04),

–   ag féachaint do Threoir (AE) 2017/159 ón gCoimisiún ag 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Coinbhinsiún 2007 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht(3),

–  ag féachaint don alt dar teideal The unintended impact of the European discard ban a foilsíodh in ICES Journal of Marine Science(4),

–   ag féachaint don staidéar dar teideal Implementation of the EU fisheries control system by Member States (2014-19) [Cur chun feidhme chóras rialaithe iascaigh AE ag na Ballstáit (2014-19)], arna iarraidh an Coiste um Iascach,

–  ag féachaint do na staidéir a d’iarr an Coiste um Iascach ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus tachtspeicis in iascaigh ilspeiceas agus mheasctha sa Mhuir Thuaidh(5), in Uiscí an Iarthuaiscirt(6) agus in Uiscí an Iardheiscirt(7), agus do na staidéir ar an toirmeasc ar ábhair mhuirí a aischur, ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus ar an uastáirgeacht inbhuanaithe (UTI) sa Mheánmhuir Thiar(8),(9)

–   ag féachaint don leabhar dar teideal The European Landing Obligation, Reducing discards in complex, multi-species and multi-jurisdictional fisheries(10), a foilsíodh in 2019,

–   ag féachaint don tuarascáil dar teideal A third assessment of global marine fisheries discards, a d’fhoilsigh an Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta (FAO) in 2019,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0147/2021),

A.  de bhrí, le sprioc 14,4 de Sprioc 14 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, go dtathantaítear ar an gcomhphobal idirnáisiúnta saothrú éisc a rialú go héifeachtach, deireadh a chur leis an ró-iascaireacht, leis an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte agus le cleachtais iascaireachta dhíobhálacha, agus pleananna bainistithe eolaíochtbhunaithe a chur chun feidhme faoi 2020, chun stoic éisc a athbhunú a luaithe is féidir, go dtí na leibhéil sin ar a laghad ar féidir UTI a bhaint amach, mar a chinntear de réir a saintréithe bitheolaíocha;

B.  de bhrí go meastar gurb é 9.1 milliún tona méid bliantúil na n-ábhar muirí aischurtha in iascaigh gabhála muirí ar fud an domhain, arb ionann é agus 10,8 % de mheánghabháil bhliantúil 2010-2014; de bhrí go raibh na rátaí is ísle d’ábhair mhuirí aischurtha ag iascaigh a dhíríonn ar speicis tuinnín agus ar speicis pheiligeacha eile, agus ag an am céanna go raibh na rátaí is airde d’ábhair mhuirí aischurtha ag iascaigh a dhíríonn ar chrústaigh; de bhrí gur tháirg iascaigh a dhíríonn ar éisc ghrinnill na méideanna is mó ábhar muirí aischurtha agus gur tháirg iascaigh a dhíríonn ar mhoilisc (seachas ceifileapóid) na méideanna is ísle; de bhrí gur baineadh amach buaic na n-ábhar muirí aischurtha bliantúil domhanda ag thart ar 18,8 milliún tona in 1989 agus gur tháinig laghdú de níos lú ná 10 milliún tona orthu de réir a chéile faoi 2014(11);

C.  de bhrí gur gnáthchleachtas iascaigh é ábhar muirí a aischur, ina gcuirtear gabhálacha de thaisme ar ais san fharraige, bíodh siad marbh nó beo, de bharr éisc a ndearnadh damáiste dóibh, de bharr éisc aonair a bheith róbheag (srianta maidir le híosmhéid), de bharr cúiseanna indíoltachta agus easpa cuótaí nó rialacha maidir le comhdhéanamh gabhála; de bhrí, sular tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, nach raibh sé ceadaithe éisc róbheaga a bheith ar bord ná iad a thabhairt i dtír;

D.  de bhrí gur cur amú suntasach acmhainní nádúrtha lena gcaitheamh ag an duine iad gabhálacha de thaisme agus ábhair mhuirí aischurtha agus go bhféadfadh éifeacht dhíobhálach a bheith acu ar shaothrú inbhuanaithe na stoc éisc, ar éiceachórais mhuirí agus ar inmharthanacht airgeadais iascach, rud a tharlaíonn go minic; de bhrí nach féidir leibhéal áirithe foghabhála de thaisme agus aischuir ábhar muirí a sheachaint, go háirithe in iascaigh mheasctha;

E.  de bhrí go raibh leibhéil arda na n-ábhar muirí aischurtha a bhí ann roimhe seo i roinnt iascach AE ina bhfadhb thromchúiseach d’inbhuanaitheacht fhadtéarmach iascaigh AE, rud a tharraingíonn amhras ar inchreidteacht bheartas iascaigh an Aontais;

F.  de bhrí nach ndearnadh an toirmeasc ar chleachtas maidir le roghnú na scotha (iasc indíolta a aischur), a tugadh isteach in AE in 2010, a chur chun feidhme mar ba cheart;

G.  de bhrí go n-áiritheofar leis an gcomhbheartas iascaigh (CBI), a ndearnadh athchóiriú air in 2013, go ndéanfar tionchair dhiúltacha gníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí a íoslaghdú, agus gur tugadh isteach na cuspóirí seo a leanas leis: (a) ‘deireadh céimneach a chur le hábhair mhuirí aischurtha ar bhonn cás ar chás agus an chomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil á cur san áireamh trí ghabhálacha de thaisme a sheachaint agus a laghdú a mhéid is féidir agus a dheimhniú go céimneach go dtugtar gabhalácha de speicis tráchtála rialaithe i dtír’ agus (b) ‘nuair is gá, an úsáid is fearr a bhaint as gabhálacha de thaisme, gan margadh a chruthú do na gabhálacha sin atá faoi bhun an íosmhéid tagartha caomhnaithe’;

H.  de bhrí nach bhfuil aon sonraí iontaofa maidir le hábhair mhuirí aischurtha ná aon fhianaise eolaíoch ann a thugann le fios go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar ghabhálacha de thaisme mar thoradh ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; de bhrí go bhféadfadh sé go raibh cailliúint infheictheachta gabhálacha i roinnt iascach agus díghrádú ar an gcomhairle eolaíoch agus ar cháilíocht na sonraí mar thoradh ar a cur chun feidhme lag;

I.   de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta ag earnáil an iascaigh i dtreo chuspóir UTI a bhaint amach; de bhrí gur ó iascaigh, a bhí á mbainistiú go hinbhuanaithe, a tháinig 99 % de na gabhálacha ar tugadh i dtír i Muir Bhailt, sa Mhuir Thuaidh agus san Atlantach in 2020, arna mbainistiú ag AE go heisiach, agus a bhfuil measúnuithe eolaíocha ar fáil ina leith; de bhrí go raibh an bhithmhais le haghaidh stoc a ndearnadh measúnú iomlán orthu 48 % níos airde san Atlantach Thoir Thuaidh in 2018 ná mar a bhí in 2003; de bhrí go bhfuil dúshláin shuntasacha fós ann, go háirithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, áit a bhfuil róshaothrú á dhéanamh ar thart ar 75 % de stoic a ndéantar measúnú eolaíoch orthu;

J.  de bhrí, leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a tugadh isteach de réir a chéile thar cheithre bliana (2015-2019), go bhfuil sé éigeantach gabhálacha uile speiceas a thabhairt i dtír agus a bhaint de na cuótaí is infheidhme, ar gabhálacha speiceas iad atá faoi réir teorainneacha gabhála agus, sa Mheánmhuir, atá faoi réir íosmhéideanna in uiscí AE, nó i gcásanna áirithe gur gabhálacha speiceas ag soithí AE in uiscí idirnáisiúnta iad, agus go gcuirtear toirmeasc ar éisc róbheaga a úsáid lena gcaitheamh go díreach ag an duine;

K.  de bhrí, de réir STECF(12), nár cuireadh aon fhaisnéis ar fáil maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír do na cabhlaigh fhad-achair a oibríonn lasmuigh d’uiscí an Aontais; de bhrí gur thug an Chomhairle Chomhairleach um Chabhlach Fad-Achair (LDAC) chun suntais nach bhfuil feidhm i gcleachtas ag an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír maidir le soithí AE a bhíonn ag iascaireacht lasmuigh d’uiscí AE;

L.  de bhrí go leantar d’éisc arna dtabhairt i dtír atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe a úsáid do mhin éisc, do bhia peataí nó mar bhaoite d’iascaigh phota, ina bhfuil torthaí eacnamaíocha ísle; de bhrí go bhfuil na húsáidí malartacha sin indéanta go heacnamaíoch nuair a bhíonn saoráid táirgthe in aice leis an gcalafort tabhartha i dtír, ach tagann laghdú ar an indéantacht (nó imíonn sí) nuair a bhíonn gá le lóistíocht agus bonneagar le haghaidh iompar fad-achair nó infheistíochtaí i saoráidí nua táirgthe(13);

M.  de bhrí go molann roinnt Ballstát gur cheart reachtaíocht a leasú chun go gceadófaí éisc faoi na híosmhéideanna tagartha caomhnaithe ábhartha atá faoi réir oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a úsáid chun críoch carthanach;

N.  de bhrí nach toirmeasc lán-chuimsitheach ar ábhair mhuirí a aischur í an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír toisc nach bhfuil feidhm aici ach amháin maidir le speicis rialaithe (gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) agus iarracht iascach rialáilte ar sainíodh íosmhéid gabhála ina leith) agus go n-áirítear inti díolúintí d’iasc a léiríonn damáiste a rinne creachadóirí agus d’ardmharthanas agus díolúine de minimis suas go dtí 5 % i gcásanna ina bhfuil sé deacair méaduithe ar roghnaíocht a bhaint amach nó ina mbaineann costais dhíréireacha le láimhseáil gabhálacha de thaisme; de bhrí go mbraitheann cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír freisin ar úsáid fhorleathan díolúintí sealadacha a éilíonn athbhreithniú bunaithe ar mheasúnú eolaíoch, lena mbaineann am agus iarracht ó chinnteoirí agus ó earnáil na hiascaireachta;

O.   de bhrí go bhfuil éagsúlachtaí móra idir leibhéil ábhar muirí aischurtha de réir réigiúin agus speiceas, gan ábhair mhuirí aischurtha nó beagán ábhar muirí aischurtha in iascaigh ina bhfuil luach tráchtála ag an gcuid is mó den ghabháil nó an ghabháil ar fad agus ina bhfuiltear ag baint leas as, mar is amhlaidh an cás in iascaigh ar mhionscála nó thraidisiúnta agus in iascaigh a bhfuil a dtáirgeadh ar mhaithe lena chaitheamh go díreach ag an duine;

P.  de bhrí, leis an iascaireacht ar mhionscála, go bhfostaítear níos mó oibreoirí agus go n-úsáidtear trealamh níos roghnaithí, rud is cúis le níos lú damáiste don chomhshaol agus a imríonn ról sóisialta agus eacnamaíoch lárnach, mar a léirigh tuarascáil 2018 ón gCoimisiúin Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir (GFCM) maidir le Staid an Iascaigh sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (SoMFi);

Q.  de bhrí go rannchuidíonn ábhair mhuirí aischurtha de chuid iascach le raon speiceas scroblachóirí a bheathú, ó phobail éan go pobail mhéisipheiligeacha agus bheantacha, a bhfuil tábhacht ag baint leo sa slabhra éiceolaíochta trófaí; de bhrí gurb é tátal na litríochta eolaíche go bhféadfadh laghdú ar ábhair mhuirí aischurtha tríd an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír difear a dhéanamh do phobail de chuid speiceas i roinnt áiteanna, ach ní dócha gurb amhlaidh a bheidh an cás;

R.  de bhrí gur speicis éisc nó stoic éisc iad ‘tachtspeicis’ a bhfuil níos lú deiseanna iascaireachta (cuóta) ag Ballstát, ag cabhlach nó ag soitheach ina leith ná i leith speicis eile; de bhrí go gciallódh comhlíonadh iomlán agus docht na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, go háirithe in iascaigh mheasctha, go ndúnfaí an t-iascach ábhartha (tachtadh) a luaithe a bheadh an cuóta (teoranta) don speiceas sin úsáidte chun stop a chur le haon ghabhálacha eile de; de bhrí gur fadhb thromchúiseach fós í an fhéidearthacht tachta in iascaigh mheasctha agus go bhféadfadh sé gur chuir sé le cur chun feidhme íseal na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus le malartuithe cuótaí a chiorrú idir na Ballstáit, agus ar an gcaoi sin tearcúsáid na bhféidearthachtaí iascaireachta a ghéarú;

S.  de bhrí nach réiteoidh roghnaíocht na fadhbanna a bhaineann leis na hiascaigh sin go hiomlán ós rud é go bhféadfadh sé a bheith deacair go teicniúil gabhálacha de stoic thachtspeicis ábhartha a laghdú gan caillteanais mhóra de ghabhálacha indíolta eile a chruthú, rud a chruthódh deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha do na cabhlaigh lena mbaineann; de bhrí gur glacadh comhthiomsuithe cuótaí le haghaidh foghabhálacha le déanaí chun cur i gcoinne cásanna tachtspeiceas, a bhfuil measúnú fós le déanamh ar a n-éifeachtacht;

T.  de bhrí gur féidir an méid éisc a ghabhtar de thaisme sa líon agus a tharraingítear ar bord a laghdú go suntasach ar an gcéad dul síos trí bhearta maidir le seachaint spásúla agus ama agus trí bhearta maidir le roghnaíocht theicniúil, rud a laghdódh an t-am láimhseála, ídiú breosla agus riachtanais stórála;

U.  de bhrí go dtugtar chun suntais le STECF go raibh líon measartha beag beart dírithe ar roghnaíocht a mhéadú sna moltaí comhpháirteacha ó ghrúpaí réigiúnacha na mBallstát maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír in 2021; de bhrí go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na dtreoirthionscadal chun trealamh níos roghnaithí nó straitéisí seachanta a thástáil, i gcomhréir le hAirteagal 14 de CBI;

V.  de bhrí go bhfuil roinnt speiceas bainte de liosta TACanna ag an gComhairle le blianta beaga anuas, agus ar an gcaoi sin iad a bhaint ó bheith faoi réir na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír freisin;

W.  de bhrí gur ionstraim í an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír chun sprioc CBI maidir le roghnaíocht a bhaint amach seachas mar sprioc inti féin;

X.  de bhrí gur glacadh comhthiomsuithe cuótaí le haghaidh foghabhálacha le déanaí chun cur i gcoinne cásanna tachtspeiceas;

Y.  de bhrí gur feiniméan atá i ngach iascach ar fud an domhain é gabhálacha de thaisme a aischur agus nach fadhb ar leith é don Eoraip; de bhrí go bhfuil uiscí AE suntasach mar gheall ar a bhflúirse iascach measctha; de bhrí gur bhunaigh roinnt tríú tíortha agus críoch féinrialaitheach toirmisc ar ábhair mhuirí a aischur ar leibhéil éagsúla, lena n-áirítear Ceanada, Oileáin Fharó, an Iorua, an Íoslainn, an tSile agus an Nua-Shéalainn; de bhrí nach bhfuil toirmeasc curtha ag tríú tíortha eile, amhail SAM, ar ábhair mhuirí aischurtha ós rud é go n-úsáideann a reachtaíocht iascaigh cineálacha eile cur chuigí chun gabhálacha de thaisme a laghdú; de bhrí go ndearnadh toirmisc de chuid na hIorua agus na hÍoslainne ar aischuir ábhar muirí a oiriúnú thar 30 bliain mar fhreagairt ar fhadhbanna sonracha; de bhrí nach eol go hiomlán go fóill an tionchar atá ag toirmeasc na Sile ar ábhair mhuirí a aischur toisc nach bhfuil sí ach tosaithe é a chur chun feidhme; de bhrí go bhfuil ábhair mhuirí aischurtha fós ina bhfadhb ollmhór i mbainistiú iascaigh na Nua-Shéalainne;

Z.  de bhrí go leagtar síos le prionsabal na cobhsaíochta coibhneasta, a leagadh amach den chéad uair i mbunrialachán CBI ó 1983 agus arna chur chun feidhme le Rialachán maidir le TACanna agus Cuótaí den bhliain chéanna, eochair dháileacháin de TAC de réir Ballstáit bunaithe ar phrionsabail leithdháilte na ngabhálacha stairiúla (1973-1978), ar spleáchas mar a chumhdaítear i Sainroghanna na Háige de 1976, agus ar chaillteanais dlínse (1973-1976);

AA.  de bhrí gur foilsíodh beagnach 4 000 páipéar eolaíoch ar ábhair mhuirí aischurtha, a bhfuil baint ag níos mó ná 3 700 díobh le hiascaigh thionsclaíocha, agus go bhfuil níos lú ná 200 páipéar dírithe ar iascaigh chósta ar mhionscála;

AB.  de bhrí, ó bhí tuairim is 1950 ann, go bhfuil go leor speiceas muirí trasna grúpaí éagsúla tar éis athruithe i raon geografach agus i ngníomhaíochtaí séasúracha a dhéanamh mar fhreagairt ar théamh aigéin agus ar athruithe bith-gheoiceimiceacha, amhail cailliúint ocsaigine, maidir lena ngnáthóga, a bhfuil athruithe ar chomhdhéanamh speiceas, ar fhlúirse agus ar tháirgeadh bithmhaise na n-éiceachóras, ón meánchiorcal go dtí na poil, mar thoradh orthu; de bhrí go bhfuil tionchar ag an athrú ar dháileadh stoc éisc ar bhainistiú iascach amach anseo agus, dá bhrí sin, ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír freisin;

AC.  de bhrí go ndearna an Coimisiún measúnú tionchair shocheacnamaíoch ar bheartais lena laghdaítear ábhair mhuirí aischurtha sula ndearnadh a thogra le haghaidh bunrialachán nua CBI i mí Iúil 2011, ach gur theip air go dtí seo anailís iomlán a dhéanamh ar an tionchar socheacnamaíoch agus ar na héifeachtaí ar shábháilteacht ar bord nó freagraí a thabhairt ar na hábhair imní maidir le cur chun feidhme a tharraing na Comhairlí Comhairleacha agus na Ballstáit anuas;

AD.  de bhrí nach eol go fóill an méid a laghdaíodh ábhair mhuirí aischurtha; de bhrí nár thug suas le cúig Bhallstát aon fhreagra ar cheistneoir an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír le haghaidh 2019, agus gur theip ar dhá cheann de na Ballstáit sin é sin a dhéanamh le trí bliana anuas;

AE.  de bhrí gur féidir machaire aimhréidh laistigh de na Ballstáit agus eatarthu a bheith mar thoradh ar éagsúlachtaí i rialú agus i bhforfheidhmiú na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír; de bhrí, ina chuid tuarascálacha ina ndearnadh meastóireacht ar chomhlíonadh na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, gur mheas EFCA nach leor an cur chun feidhme arna dhéanamh ag na Ballstáit agus thíolaic sé moltaí chun rialú a fheabhsú;

AF.  de bhrí nach mór don Choimisiún tuarascáil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur chun feidhme CBI, lena n-áirítear an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, faoin 31 Nollaig 2022;

1.  á athdhearbhú cuspóir foriomlán an Aontais saothrú inbhuanaithe stoc éisc a áirithiú agus éiceachórais mhuirí a chosaint; á thabhairt chun suntais gur tosaíocht beartais phoiblí é ábhair mhuirí aischurtha a laghdú agus gabhálacha de thaisme a íoslaghdú, ar tosaíocht í a múnlaíodh mar fhreagairt ar ábhair imní maidir le cuntasacht, caomhnú agus diomailt acmhainní nádúrtha, chomh maith go bhfuil gá eolaíoch le gach cúis básmhaireachta éisc a chur san áireamh go hiomlán;

2.  á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil mórán faisnéise sna tuarascálacha bliantúla ón gCoimisiún maidir le staid imeartha CBI maidir le cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus nach bhfuil aon fhaisnéis iontu go dtí seo maidir leis an méid a laghdaíodh ábhair mhuirí aischurtha faoin oibleagáid agus nach bhfuil aon anailís déanta ar thionchar socheacnamaíoch na hoibleagáide ná ar éifeachtaí a cur chun feidhme ar shábháilteacht ar bord soithí iascaireachta;

3.  ag aithint gur aistriú paraidíme é tabhairt isteach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus go bhfuil sé ar cheann de na dúshláin is mó i stair bhainistiú iascaigh AE – ó thabhairt i dtír a thaifeadadh, agus fiú amháin ábhair mhuirí aischurtha a dhéanamh éigeantach in amanna, chuig córas lena ndéantar taifead ar an ngabháil iomlán – a raibh, in éineacht le tabhairt isteach bheartas UTI, raon forleathan tionchar éiceolaíoch agus socheacnamaíoch aige sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, ar ndóigh; ag cur béim ar an ngá atá le measúnú a dhéanamh ar thionchar socheacnamaíoch na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

4.  ag tabhairt dá haire nach dtugtar le tuiscint le beartas UTI nach ndéantar aon ábhar muirí a aischur, agus má dhéantar ábhair mhuirí a aischur ní chiallaíonn sé sin nach rabhthas in ann UTI a bhaint amach – tá fianaise an dá ráiteas le fáil i roinnt mhaith stoc, lena n-áirítear speicis foghabhála;

5.  ag leagan béim ar an dul chun cinn atá déanta maidir le comhar leis na geallsealbhóirí agus maidir leis na bearta a rinneadh chun feabhas a chur ar roghnaíocht; ag tabhairt dá haire, áfach, de réir an Choimisiúin agus STECF, go bhfuil cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír íseal ar an iomlán i gcónaí agus go bhfuil aischur ábhar muirí ag tarlú ag rátaí atá inchomparáide, a bheag nó a mhór, leis na blianta sular tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír;

6.  ag aithint go bhfuil oibleagáid ann ó 2010 i leith ábhair mhuirí aischurtha a thaifeadadh sa logleabhar faoin Rialachán maidir le Rialú ar Iascach; a chur in iúl gur saoth léi, in ainneoin gur tugadh isteach an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír, go bhfuil teorainn fós le sonraí iontaofa agus le heolas maidir le méid na n-ábhar muirí aischurtha, go bhfuil méadú tagtha ar líon TACanna réamhchúraim, i gcodarsnacht leis an laghdú ar chainníochtaí TACanna anailíseacha, agus nach bhfuil feabhas suntasach tagtha ar infhaighteacht na faisnéise eolaíche maidir le stádas na stoc;

7.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír fós ina cúis imní i dtionscal na hiascaireachta agus laistigh de phobal na heolaíochta mar gheall ar bhacainní éagsúla; á thabhairt chun suntais gurb iad cúiseanna imní d’earnáil an iascaigh easpa an bhonneagair leormhaith ag calafoirt, costais oibriúcháin atá ag dul i méid, easpa dreasachtaí le haghaidh comhlíonta atá ar fáil ag na húdaráis, agus deacrachtaí maidir le roghnaíocht níos fearr a bhaint amach i roinnt iascach gan inmharthanacht eacnamaíoch na hiascaireachta a chur i mbaol, go háirithe in iascaigh mheasctha atá neamhchosanta ar mhórbhaol cásanna tachta as a n-eascraíonn tearcúsáid na gcuótaí atá ar fáil, an fhéidearthacht go ndúnfadh na h-iascaigh go luath agus deacrachtaí tromchúiseacha eacnamaíocha a chruthú do na cabhlaigh lena mbaineann; ag tabhairt dá haire nár tuairiscíodh ach dhá chás go dtí seo: sól (an Bheilg) agus tuinnín mórshúileach (an Fhrainc);

8.  á chur in iúl gur oth léi go bhfuil léiriú diúltach ar iascairí agus ar iarrachtaí earnáil an iascaigh mar thoradh ar na deacrachtaí a tháinig chun cinn maidir leis an toirmeasc ar aischur ábhar muirí a chur chun feidhme, in ainneoin an dul chun cinn a rinneadh maidir le cuspóir UTI a bhaint amach;

9.  ag tabhairt na bearta a rinneadh go dtí seo dá haire – malartuithe cuótaí agus comhthiomsuithe cuótaí i gcás speicis foghabhála – cé gur bearta neamhbhuana iad na bearta sin den chuid is mó agus go bhfuil siad faoi réir idirbheartaíochta idir na Ballstáit agus gur gá measúnú críochnúil a dhéanamh ar a n-éifeachtúlacht go fóill; á thabhairt chun suntais gur gá bacainní riaracháin ar chur chun feidhme éifeachtach na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír a bhaint agus feabhas a chur ar fhorbairt agus ar ghlacadh trealaimh roghnaithigh nua agus pleananna éifeachtacha um laghdú foghabhála a fhorbairt tuilleadh chun stoic leochaileacha a athbhunú;

10.  ag cur béim ar an acmhainneacht agus ar an ngá atá le húsáid a bhaint as na heisceachtaí (ard-inmharthanacht agus an díolúine de minimis) dá bhforáiltear sa rialachán chun cur chun feidhme a éascú agus chun cur i gcoinne cásanna tachta a d’fhéadfadh a bheith ann; á mheabhrú gur gá fianaise agus sonraí atá iontaofa agus cruinn a chur ar fáil agus ag moladh gur cheart an próiseas maidir le deonú díolúintí a chuíchóiriú, lena n-áirítear bailiú sonraí eolaíocha níos fearr;

11.  á chur i bhfáth gur aithin STECF go bhfuil feabhas ginearálta tagtha ar cháilíocht na n-aighneachtaí chun tacú leis na díolúintí ó tíolacadh na chéad mholtaí comhpháirteacha in 2014; ag aithint gur féidir leis a bheith dúshlánach sonraí agus faisnéis a chur ar fáil chun tacú leis na díolúintí mar gheall ar an gcineál sonraí atá de dhíth; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, áfach, gur tugadh chun suntais le STECF go bhfuil go leor cásanna ann ina dtugtar eolas agus faisnéis nach bhfuil sonrach do speiceas agus/ná d’iascach agus go n-úsáidtear na staidéir agus na toimhdí céanna chun tacú le díolúintí iolracha; á chur i bhfáth, de bharr easpa sonraí agus faisnéise atá sonrach do speiceas agus d’iascach, go bhfuil sé deacair meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar is dócha a bheidh ag díolúine atá beartaithe nó an gcomhlíonann an díolúine na dálaí do dhíolúintí de minimis nó ardmharthanais;

12.  á chur cur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh laghdú céimnitheach ar shocruithe solúbtha áirithe, amhail an díolúine de minimis, a bheith ina chúis leis an éifeacht tachta, nó leis an éifeacht sin a ghéarú, agus go bhféadfadh dúnadh iascach a bheith mar thoradh air; ag cur béim ar an ngá atá ann leanúint de scéimeanna éifeachtacha um laghdú foghabhála a fhorbairt in iascaigh nach bhfuil chomh roghnaitheach sin amhail limistéir pheiligeacha trálaeireachta;

13.  á mheabhrú nach sprioc inti féin atá san oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ach gur uirlis í chun feabhsúcháin in iascaireacht agus in iompraíocht oibríochtúil a bhrú ar aghaidh, chun forbairt agus úsáid trealaimh níos roghnaithí a dhreasú, arb é is aidhm dó gabhálacha de thaisme a íoslaghdú, agus chun feabhas a chur ar dhoiciméadacht i ndáil le gabhálacha ar mhaithe le tuiscint níos fearr ar stoic éisc agus measúnú eolaíoch níos fearr a dhéanamh orthu; ag tabhairt dá haire nach gcomhaontaíonn go leor iascairí leis an nasc idir cuspóirí na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír agus a cur chun feidhme, rud a chuireann bac ar chomhlíonadh; ag aithint, cé go bhfuil am agus eolas leordhóthanach ag teastáil chun an cuspóir foriomlán sin a shaothrú, go bhfuil gá le hiarrachtaí níos fearr chun comhthuiscint air a chur chun cinn agus torthaí na staidéar a rinne na heolaithe agus na hiascairí a chur i gcleachtas chun roghnaíocht a fheabhsú agus chun foghabhálacha de thaisme a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do phleananna chun roghnaíocht a fheabhsú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, trí dhreasachtaí a úsáid chun trealamh níos roghnaithí a ghlacadh;

14.  ag cur béim ar shainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí, go háirithe maidir le soithí, cabhlaigh atá ag dul in aois, agus calafoirt ina bhfuil cumas laghdaithe stórála agus próiseála, rud a d’fhéadfadh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a dhéanamh neamhphraiticiúil;

15.  ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéil ábhar muirí aischurtha ó iascaigh agus ó imchuacha farraige thar a bheith éagsúil, as a leanann an dearcadh go bhféadfadh sé nach mbeadh an cur chuige ‘riail amháin a oireann do chách’ an stráitéis is fearr chun iascairí a spreagadh a bheith níos roghnaithí; á iarraidh ar an gCoimisiún na príomheasnaimh a shainaithint agus réitigh oiriúnaithe agus shaincheaptha d’iascaigh shonracha le haghaidh gach imchuach farraige a mholadh, agus aird ar leith á tabhairt ar iascaireacht ar mhionscála, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí;

16.  á mheabhrú, sa chreat dlíthiúil atá ann faoi láthair, go ndéantar foráil do Bhallstáit a bheith ag obair le chéile go gníomhach chun rialacha roghnaitheacha maidir le hiascaireacht a shainiú ar bhealach níos solúbtha agus chun uirlisí maolaithe atá cruthaithe go heolaíoch a imlonnú; á iarraidh ar na Ballstáit a gcomhar a fheabhsú trí chur chuige réigiúnach, lena n-áirítear rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí ábhartha agus na gComhairlí Comhairleacha, agus leas iomlán a bhaint as na fóirdheontais atá ar fáil dóibh chuige sin; á athdhearbhú gur gá machaire comhréidh a áirithiú i gcur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír;

17.  á chur in iúl gur geal léi na staidéir eolaíocha a rinneadh le déanaí (e.g. DiscardLess, MINOUW agus LIFE iSEAS) maidir le roghnaíocht trealaimh nuálaigh, stráitéisí seachanta agus modhnuithe ar shoithigh chun dul i ngleic le gabhálacha de thaisme ar bord; á mheas gur gá leanúint leis na hiarrachtaí taighde chun feabhas a chur ar roghnaíocht trealaimh, ar straitéisí seachanta agus ar láimhseáil gabhálacha de thaisme; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tuarascáil dar teideal Mission Starfish 2030: Restore our Ocean and Waters [Misean Crosóige Mara 2030: Ár nAigéin agus ár nUiscí a athbhunú] atá beartaithe agus á mheas go gcuideoidh misean i réimse na n-aigéan, na bhfarraigí agus na n-uiscí cósta agus intíre atá sláintiúil le réitigh a fhorbairt a bhfuil géarghá leo agus a mbeidh tionchar díreach acu ar earnáil na hiascaireachta agus ar úsáid agus bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní aigéin;

18.  á chur i bhfáth gur gá go mbeadh doiciméid um ghabháil agus sonraí eolaíocha atá cruinn agus iontaofa mar thaca ag córais bainistithe éifeachtúla iascaigh, lena n-áirítear a bheith in ann úsáid a bhaint as na heilimintí uile chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme go cuí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun reachtaíocht AE is infheidhme a chur chun feidhme go hiomlán más gá agus gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun doiciméadú iomlán agus bailiú sonraí a áirithiú, ar bhealach atá comhréireach lena gcumas iascaireachta le haghaidh cabhlach cósta ar mhionscála;

19.  á chur in iúl gur cúis imní di an easpa rialaithe chuí ar an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus an easpa comhlíonta léi, agus á chur i bhfios go láidir an tionchar diúltach a bhíonn ag easnaimh den sórt sin ar inbhuanaitheacht, i ngeall freisin go socraítear TACanna bunaithe ar ghabháil iomlán lena n-áirítear ‘breisithe’, mar a thugtar orthu, chun éisc a aischuireadh roimhe sin a chumhdach;

20.  á thabhairt chun suntais go bhfágann an iliomad rialacha, díolúintí agus maoluithe a glacadh le blianta beaga anuas gur níos casta atá sé an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme agus gur sé níos casta atá sé do EFCA an mheastóireacht ar chomhlíonadh a dhéanamh, rud a fhágann gur níos deacra atá sé na cuspóirí a bhaint amach maidir le hinbhuanaitheacht iascach a chosaint agus a fheabhsú; á chur i bhfáth go bhfuil sé fíorthábhachtach do chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír úsáid a bhaint as na díolúintí dá bhforáiltear in CBI;

21.  á iarraidh go mbainfí úsáid níos fearr as teicneolaíochtaí nua agus as réitigh dhigiteacha arna bhforbairt i gcomhar le hearnáil na hiascaireachta agus le húdaráis na mBallstát chun feabhas a chur ar fhaireachán, ar rialú agus ar fhaireachas, agus lánurraim á tabhairt do chearta chun príobháideachais agus do rúndacht ghnó;

22.  ag cur béim ar an ról ríthábhachtach atá ag iascairí agus ag geallsealbhóirí eile maidir le beartais a chur chun feidhme, agus ar an gcaoi sin cultúr comhlíonta a chothú, mar aon le hathruithe inoiriúnaithe agus de réir a chéile sna rialacha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír le himeacht ama; á thabhairt chun suntais go bhfuil tairbhí breise ag baint le scéimeanna atá deonach agus nasctha le dreasachtaí chun rannpháirtíocht na n-iascairí a fheabhsú;

23.  á chur i bhfáth, cé nach mór leanúint d’ardtosaíocht a thabhairt d’fheabhas a chur ar an roghnaíocht, go bhfuil gá le cur chuige trasearnálach agus dreasachtaí soiléire a cheapadh, arb é is aidhm dóibh dea-chleachtas maidir le maolú a spreagadh, chun an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a chur chun feidhme; ag moladh na mbeart tionlacain agus na n-uirlisí bainistithe seo a leanas:

   a. uirlisí atá bunaithe ar chuótaí a úsáid agus a bharrfheabhsú tuilleadh, i gcomhréir le prionsabail CBI agus ar choinníoll go gcuirfear bearta éifeachtacha rialaithe i bhfeidhm, amhail:
   dáileadh cuótaí i gcomhréir leis an gcomhdhéanamh gabhála a bhfuiltear ag dréim leis;
   coigeartuithe trí mhalartuithe cuótaí le Ballstáit eile agus le tríú tíortha comharsanachta a chomhroinneann an tAontas stoic leo, a dhéantar ar bhealach solúbtha agus éifeachtúil chun tearcúsáid cuótaí a sheachaint trí, mar shampla, dul i dtreo sásraí buana agus ní hamháin sásraí a dhéantar athnuachan orthu gach bliain tar éis TACanna agus cuótaí a shocrú, i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil;
   dáileadh scaire cuótaí measta d’ábhair mhuirí aiscurtha le haghaidh iascairí, go háirithe iad siúd a oibríonn ar mhionscála, a roghnaíonn trealamh níos roghnaithí a úsáid;
   b. staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé pleanáil spásúil mhuirí agus cur chuige bainistithe atá bunaithe ar limistéar a chur chun feidhme chun ábhair mhuirí aischurtha a sheachaint trí iascairí a threorú chuig limistéir inar lú an dóchúlacht go mbeidh éisc róbheaga iontu, agus á áirithiú ag an am céanna nach mbeidh neamhúsáid speiceas eile de mhéid tráchtála mar thoradh ar bhearta den sórt sin.
   c. níos mó solúbthachta a sholáthar chun lamháil d’iascairí réitigh trealaimh a roghnú, in éineacht le níos mó freagrachta as doiciméadacht a bheith acu (doiciméadú iomlán ar ghabhálacha);
   d. sásraí solúbtha a sholáthar maidir le cineálacha nua trealaimh roghnaithí a fhormheas d’fhonn geallsealbhóirí a dhreasú chun iarratas a dhéanamh ar threoirthionscadail agus iad a dhéanamh;
   e. rochtain eisiach ar shuímh iascaireachta nó tréimhsí iascaireachta a dheonú chun roghnaíocht a spreagadh;
   f. straitéisí a ghlacadh chun an úsáid is fearr a bhaint as gabhálacha de thaisme chun críoch eile seachas lena gcaitheamh ag an duine gan éileamh ar ghabhálacha róbheaga a chruthú agus ar an gcoinníoll go bhfuil go mbeadh sé indéanta d’iascairí i dtéarmaí eacnamaíocha agus oibríochtúla;
   g. atlas ábhar muirí a fhorbairt mar fhardal ar na gabhálacha de thaisme sna hiascaigh éagsúla agus sna háiteanna éagsula chun pleananna réigiúnacha i ndáil le foghabháil éisc a fhorbairt ar bhealach níos fearr, ina mbeidh na Ballstáit agus tionscal na hiascaireachta rannpháirteach, agus a dhéanfaidh an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe tacaíocht a thabhairt dó;
   h. uirlisí intleachta saorga atá deonach agus nasctha le dreasachtaí a úsáid agus a fhorbairt chun roghnaíocht agus rialú a mhéadú agus chun sainaithint speiceas a fheabhsú, i gcomhar le hearnáil na hiascaireachta agus le húdaráis na mBallstát;
   i. an ceanglas a thabhairt isteach de réir a chéile maidir le comhlíonadh an bheartais aischuir chéanna le haghaidh allmhairí táirgí iascaigh ó thríú tíortha chun deireadh a chur leis an míbhuntáiste comparáideach agus leis an iomaíocht éagórach don chabhlach Eorpach, agus ag an am céanna dul i dtreo cosaint níos fearr d’acmhainní iascaigh domhanda;
   j. athnuachan a dhéanamh ar an oibleagáid atá ar an gCoimisiún tuairisciú a dhéanamh go bliantúil ar staid imeartha CBI agus ar chur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, agus tuilleadh faisnéise a chur ar fáil maidir lena cur chun feidhme, lena n-áirítear an tionchar socheacnamaíoch agus, i measc gnéithe eile, ídiú breosla, spás stórála, na héifeachtaí ar shábháilteacht agus ar dhálaí oibre ar bord soithí iascaireachta, an laghdú ar ábhair mhuirí aischurtha agus ar ghabhálacha de thaisme, agus an stádas feabhsaithe ar stoic (UTI);

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú na tuarascála meastóireachta maidir le cur chun feidhme CBI atá le bheith déanta in 2022, an méid seo a leanas a dhéanamh go háirithe:

   a. measúnú a dhéanamh ar a mhéid a baineadh amach an laghdú ar ábhair mhuirí aischurtha faoin oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus ar rannchuidigh sé le feabhas a chur ar stádas na stoc (UTI) agus leis an tionchar ar an éiceachóras muirí a laghdú;
   b. measúnú a dhéanamh ar thionchar socheacnamaíoch na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír, ar an gcóras luacha saothair, ar líon na gcomhaltaí foirne agus ar na dálaí sábháilteachta agus oibre ar bord, i gcomhréir le moltaí FAO agus EIS;
   c. iascaigh a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu i gcás ina dtugann fianaise eolaíoch le fios go bhfuil sé deacair faoi láthair méaduithe sa roghnaíocht a bhaint amach;
   d. measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar infheidhmeacht na gcomhthiomsuithe cuótaí le haghaidh foghabhálacha a glacadh le déanaí mar uirlis éifeachtúil agus infheidhme chun cásanna tachtspeiceas a chomhrac;
   e. measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ar inbhuanaitheacht na speiceas a bhain an Chomhairle den liosta stoc atá faoi réir TACanna le blianta beaga anuas agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag baint lena n-athbhunú faoin gcóras TAC a mheas;
   f. deacrachtaí riaracháin a shainaithint agus a bhaint a thagann chun cinn agus treoirthionscadail roghnaíochta á bhfhorbairt agus á gcur chun feidhme, ar tionscadail iad a chuireann bac ar iarrachtaí na n-iascairí a bheith níos roghnaithí;
   g. deiseanna tráchtála agus/nó carthanacha a shainaithint mar iarracht chun an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na gabhálacha dosheachanta sin arna dtabhairt i dtír atá faoi bhun íosmhéideanna tagartha caomhnaithe agus gabhálacha de thaisme, chun cur amú acmhainní nádúrtha a sheachaint, mar aon le cur i mbaol chuspóirí inbhuanaitheachta CBI a sheachaint;
   h. measúnú a dhéanamh an bhfuil an beartas reatha maidir leis an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír oiriúnach don fheidhm agus measúnú a dhéanamh ar a indéanta atá sé an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír a oiriúnú ar bhonn cás ar chás de réir iascaigh agus/nó de réir stoic;
   i. measúnú a dhéanamh ar bhealaí chun Airteagal 15 de CBI a oiriúnú agus a shimpliú ar shlí níos fearr chun go n-éascófar a chur chun feidhme agus an tuiscint atá ag na geallsealbhóirí go léir air agus, go háirithe, an úsáid a bhaineann na Ballstáit as na huirlisí foriomlána atá ar fáil leis an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm chun roghnaíocht a fheabhsú agus chun gabhálacha de thaisme a laghdú;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh, bunaithe ar an meastóireacht sin agus más iomchuí, chun na cuspóirí a bhaint amach ar bhealach níos fearr maidir le hábhair mhuirí aischurtha a laghdú agus stoic a fheabhsú;

26.  á chur i bhfios go láidir nach mbíonn stoic a chomhroinntear le tríú tíortha faoi réir na bhforálacha céanna maidir le hábhair mhuirí aischurtha i gcónaí; ag cur béim ar an ngá atá le cóineasú céimnitheach maidir le príomhchuspóirí an bhainistithe iascaigh chun na caighdeáin is airde a áirithiú chun dea-stádas comhshaoil a bhaint amach maidir leis an éiceachóras muirí comhroinnte, maidir le hinbhuanaitheacht na gníomhaíochta iascaireachta agus maidir le machaire comhréidh a choinneáil le tríú tíortha, go háirithe leis an Ríocht Aontaithe;

27.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(2) IO L 198, 25.7.2019, lch. 105.
(3) IO L 25, 31.1.2017, lch. 12.
(4) Borges, L., The unintended impact of the European discard ban, ICES Journal of Marine Science, Imleabhar 78, Eagrán 1, Eanáir-Feabhra 2021, lgh. 134–141, https://doi.org/10.1093/icesjms/fsaa200
(5) An Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír agus Tachtspeicis in Iascaigh Ilspeiceas agus Mheasctha - An Mhuir Thuaidh.
(6) An Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír agus Tachtspeicis in Iascaigh Ilspeiceas agus Mheasctha - Uiscí an Iarthuaiscirt.
(7) An Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír agus Tachtspeicis in Iascaigh Ilspeiceas agus Mheasctha - Uiscí an Iardheiscirt.
(8) Toirmeasc ar ábhair mhuirí a aischur, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus UTI sa Mheánmhuir Thiar - cás na Spáinne.
(9) Toirmeasc ar ábhair mhuirí a aischur, an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír agus UTI sa Mheánmhuir Thiar - cás na hIodáile.
(10) Uhlmann, Sven & Ulrich, Clara & Kennelly, Steven. (2019). The European Landing Obligation Reducing Discards in Complex, Multi-Species and Multi-Jurisdictional Fisheries: Reducing Discards in Complex, Multi-Species and Multi-Jurisdictional Fisheries.
(11) A third assessment of global marine fisheries discards, FAO, 2019.
(12) Evaluation of Member States' Annual Reports on the Landing Obligation (for 2019) [Meastóireacht ar Thuarascálacha Bliantúla na mBallstát maidir leis an Oibleagáid Gabhálacha a Thabhairt i dTír (le haghaidh 2019)] (STECF-Adhoc-20-02).
(13) Market outlets for unwanted catches [Asraonta margaidh le haghaidh gabhálacha de thaisme]. EUMOFA. 2020.


Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh: iarratas EGF/2020/002 EE/Turasóireacht - an Eastóin
PDF 133kWORD 50k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh ó fuarthas iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Estonia Tourism (COM(2021)0151 – C9-0127/2021 – 2021/0076(BUD))
P9_TA(2021)0229A9-0158/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0151 – C9‑0127/2021),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (2014-2020) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1927/2006(1) (‘Rialachán CED’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3) (‘IIA de 16 Nollaig 2020’), agus go háirithe pointe 9 de,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0158/2021),

A.  de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha ar phatrúin na trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cabhair a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh seo ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;

B.  de bhrí gur chuir an Eastóin iarratas EGF/2020/002 EE/Estonia Tourism isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 10 080 iomarcaíocht(4) sna hearnálacha eacnamaíocha atá aicmithe faoi NACE Athbhreithniú 2 Rannán 45 (Trádáil agus deisiú mórdhíola agus miondíola mótarfheithiclí agus gluaisrothar), Rannán 49 (Iompar talún agus iompar trí phíblínte), Rannán 50 (Iompar uisce), Rannán 51 (Aeriompar), Rannán 52 (Trádstóráil agus gníomhaíochtaí tacaíochta le haghaidh iompair), Rannán 55 (Cóiríocht), Rannán 56 (Gníomhaíochtaí na seirbhíse bia agus dí), Rannán 74 (Gníomhaíochtaí eile gairmiúla, eolaíochta agus teicniúla), Rannán 77 (Gníomhaíochtaí cíosa agus léasaithe), Rannán 79 (Gníomhaíochtaí gníomhaireachta taistil, tionscnóra turas agus seirbhísí eile áirithinte, agus gníomhaíochtaí gaolmhara), Rannán 90 (Gníomhaíochtaí cruthaitheacha, ealaíon agus siamsaíochta), Rannán 91 (Leabharlanna, cartlanna, músaeim agus gníomhaíochtaí cultúrtha eile), Rannán 92 (Gníomhaíochtaí cearrbhachais agus gealltóireachta), Rannán 93 (Gníomhaíochtaí spóirt agus gníomhaíochtaí siamsaíochta agus áineasa) i réigiún leibhéal 2 NUTS Eesti (EE00) san Eastóin(5), laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 13 Márta 2020 go dtí an 11 Samhain 2020;

C.  de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 715 duine féinfhostaithe ar cuireadh deireadh lena ngníomhaíocht agus 8 365 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht i dtionscal na turasóireachta san Eastóin;

D.  de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar chritéir idirghabhála Airteagal 4(2) de Rialachán CED, a lamhálann, in imthosca eisceachtúla, go háirithe maidir le comhiarratais a bhaineann le FBManna, go bhféadfar a mheas go bhfuil iarratais inghlactha fiú mura ndéantar na critéir a leagtar síos in Airteagal 4(1) den Rialachán sin a chomhlíonadh ina n-iomláine, nuair a bhíonn mórthionchar ag na hiomarcaíochtaí ar fhostaíocht agus ar an ngeilleagar áitiúil, réigiúnach nó náisiúnta;

E.  de bhrí gur tharla na teagmhais as ar eascair na hiomarcaíochtaí agus an scor de ghníomhaíocht gan choinne go luath in 2020 i ngeall ar leathadh domhanda phaindéim COVID-19 agus an ghéarchéim eacnamaíoch ghaolmhar a bhuail tionscal na turasóireachta go háirithe, agus go bhfuil srianta tobanna ar ghluaiseacht ar siúl go hidirnáisiúnta, atá ina siocair le laghdú géar gan choinne ar thaisteal agus ar thurasóireacht idirnáisiúnta;

F.  de bhrí gur thug paindéim COVID-19 agus an ghéarchéim eacnamaíochta dhomhanda a lean í suaitheadh mór do gheilleagar na hEastóine, go háirithe tionscal na turasóireachta, áit ar gineadh 90 % de chaiteachas na turasóireachta san Eastóin leis an turasóireacht idirnáisiúnta roimh an ngéarchéim fad a bhí an meán do thíortha ECFE thart ar 25 %;

G.  de bhrí gur shroich tuilleamh turasóireachta na hEastóine in 2019 curiarracht nua 2,1 billiún agus gur measadh go raibh an turasóireacht ina hearnáil shuntasach d’iomaíochas na hEastóine agus go ndearnadh infheistíochtaí suntasacha chun í a fhorbairt tuilleadh;

H.  de bhrí go bhfuil FBManna faoi smacht ag earnáil na turasóireachta a bhfuil athléimneacht géarchéime níos laige acu i gcomparáid le cuideachtaí móra agus FBManna arb ionann iad agus 79,2 % den fhórsa saothair iomlán san Eastóin;

I.  de bhrí gur féidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú, tríd an tacaíocht a chuirfidh sé ar fáil d’oibrithe, cabhrú leis an aistriú chuig turasóireacht níos inbhuanaithe agus an Eoraip a chumasú, dá bhrí sin, a hoidhreacht nádúrtha agus chultúrtha agus a hacmhainní nádúrtha agus cultúrtha a chosaint agus a chur chun cinn agus deiseanna nua á gcur ar fáil aige ag an am céanna le haghaidh poist agus gnólachtaí nuálacha a chruthú;

J.  de bhrí gur dhearbhaigh an Coimisiún go raibh géarchéim eacnamaíoch mar thoradh ar ghéarchéim sláinte COVID-19, gur leag sé amach plean téarnaimh don gheilleagar, agus gur leag sé béim ar ról CED a bheidh le húsáid mar uirlis éigeandála(6) chun cabhrú le daoine a chaill a bpost mar gheall ar an ngéarchéim eacnamaíoch dhomhanda;

K.  de bhrí gur baineadh úsáid as tacaíocht náisiúnta agus tacaíocht Eorpach araon san Eastóin chun fostaíocht a choinneáil trí scéimeanna oibre gearr-ama agus trí ionstraim SURE chun tionchar phaindéim COVID-19 agus na géarchéime gaolmhaire ar mhargadh an tsaothair a mhaolú;

L.  de bhrí gurb é seo an chéad slógadh de CED mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, tar éis é a bheith luaite i rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh (EGF/2020/000 TA 2020 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)(7) go bhféadfaí CED a shlógadh chun tacú le hoibrithe dífhostaithe go buan agus le daoine féinfhostaithe i gcomhthéacs na géarchéime domhanda a tháinig as COVID-19 gan Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013 a leasú;

1.  ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2) de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Eastóin i dteideal ranníocaíocht airgeadais de EUR 4 474 480 faoin Rialachán sin a fháil, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán EUR 7 457 468, a chuimsíonn EUR 7 452 468 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 5 000 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;

2.  ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na hEastóine an t-iarratas isteach an 12 Samhain 2020, agus, i ndiaidh don Eastóin faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 31 Márta 2021 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;

3.  ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas ar an iomlán le 10 080 oibrí, 1 715 duine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht agus 8 365 oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht in earnáil turasóireachta na hEastóine; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Eastóin ag dréim leis nach nglacfaidh ach 5 060 as na tairbhithe incháilithe iomlána páirt sna bearta (tairbhithe spriocdhírithe);

4.  á mheabhrú go meastar go mbeidh tionchar sóisialta suntasach ag na hiomarcaíochtaí ar na hoibrithe in earnáil na turasóireachta ós rud é go gcuimsítear leo sciar mór d’oibrithe ar bheagán scileanna, oibrithe gan aon cháilíochtaí gairmiúla, daoine óga agus oibrithe séasúracha agus páirtaimseartha;

5.  á chur i bhfios gur mná iad níos mó ná 60 % de na daoine incháilithe leis an aoisghrúpa is mó atá buailte idir 30 agus 64 bliana d’aois;

6.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Eastóin ag soláthar seirbhísí pearsantaithe do na tairbhithe spriocdhírithe an 1 Eanáir 2021 agus, dá bhrí sin, gur ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Eanáir 2023 a bheidh an tréimhse incháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED, cé is moite de chúrsaí oideachais fhoirmiúla nó oiliúna, lena n-áirítear gairmoiliúint, a mhaireann 2 bhliain nó níos mó, ar cúrsaí iad a bheidh incháilithe go dtí an 1 Iúil 2023;

7.  á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: oiliúint sa mhargadh saothair, fóirdheontas nuathionscanta gnó agus tacaíocht leantach, printíseachtaí, tacaíocht do staidéir fhoirmiúla agus do liúntais oiliúna, lena n-áirítear liúntais ghairmoiliúna;

8.  ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Eastóin ag tabhú caiteachas riaracháin chun CED a chur chun feidhme an 1 Eanáir 2021 agus, dá bhrí sin, go mbeidh caiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe chun ranníocaíocht airgeadais a fháil ó CED ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2023;

9.  ag tabhairt dá haire gurb í an Fhondúireacht um sheirbhísí agus tairbhí an mhargaidh saothair an fhoinse náisiúnta réamh-mhaoinithe nó chómhaoinithe agus gur leis an bhfoinse sin a chuireann Ciste na hEastóine um Árachas Dífhostaíochta (EUIF), ina cháil mar an tseirbhís fostaíochta phoiblí, bearta gníomhacha maidir leis an margadh saothair ar fáil san Eastóin; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Fhondúireacht bunaithe ar shócmhainní ón gciste iontaobhais sochair um árachas dífhostaíochta - an ciste iontaobhais le haghaidh sochair a chuirtear ar fáil i gcás iomarcaíochtaí agus dócmhainneacht fostóirí - agus go bhfuil sé bunaithe freisin ar na cistí a leithdháiltear ó bhuiséad an stáit tríd an Aireacht Gnóthaí Sóisialta;

10.  á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Eastóin an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle leis na húdaráis ábhartha agus ionadaithe comhlachais agus go bpléifear an dul chun cinn i mBord Maoirseachta EUIF, lena n-áirítear na comhpháirtithe sóisialta – beirt chomhaltaí ó Chónaidhm Fhostóirí na hEastóine, duine ó Chónaidhm Cheardchumainn na hEastóine, agus duine ó Chónaidhm Chumainn Fostaithe na hEastóine; á chur in iúl gur geal léi comhairliúcháin bhreise le hionadaithe ó thionscal na turasóireachta a thabharfar chun críche tar éis anailís a dhéanamh ar phróifíl na n-oibrithe dífhostaithe;

11.  ag tabhairt dá haire go ndéanfar comhairliúcháin bhreise le hionadaithe ó thionscal na turasóireachta tar éis anailís a dhéanamh ar phróifíl na n-oibrithe dífhostaithe agus go sainaithneofar an cineál tacaíochta is oiriúnaí, agus aird á tabhairt ar struchtúr aoise, próifíl oideachais agus tréithe eile na dtairbhithe; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil sé beartaithe go bhféadfadh Comhlachas Óstán agus Bialanna na hEastóine a bheith rannpháirteach i ndearadh cuid de na bearta oiliúna a bhaineann leis an tionscal;

12.  á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na hEastóine nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais de chuid an Aontais;

13.  á athdhearbhú nach ceadmhach ranníocaíocht airgeadais ó CED a chur in ionad gníomhaíochtaí atá mar fhreagracht ar chuideachtaí, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún go n-íoslaghdófar an t-am is gá chun measúnú a dhéanamh ar iarrataí ar chúnamh CED agus chun CED a shlógadh, chun an brú ar na córais náisiúnta slándála sóisialta a laghdú i gcomhthéacs ghéarchéim COVID-19;

15.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

16.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

17.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú a shlógadh tar éis iarratas ón Eastóin – EGF/2020/002 EE/Estonia Tourism

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/886.)

(1) IO L 347, 20.12.2013, lch. 855.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.
(4) De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.
(5) Níl Poblacht na hEastóine roinnte i réigiúin leibhéal 2 NUTS.
(6) COM(2020)0442.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0141.


Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d'Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí
PDF 126kWORD 48k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d’Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí (COM(2021)0201 – C9-0117/2021 – 2021/0077(BUD))
P9_TA(2021)0230A9-0157/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0201 – C9‑0117/2021),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/461 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle chun cúnamh airgeadais a sholáthar do Bhallstáit agus do thíortha a bhfuil a n-aontachas leis an Aontas Eorpach á chaibidliú acu, atá buailte go trom ag mór-éigeandáil sláinte poiblí(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(3), agus go háirithe Airteagal 9 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(4), go háirithe pointe 10 de,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0157/2021),

1.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh mar chomhartha coincréiteach, follasach agus feiceálach de dhlúthpháirtíocht an Aontais le saoránaigh agus réigiúin an Aontais a buaileadh le tubaistí nádúrtha agus leis an mór-éigeandáil sláinte poiblí arbh í paindéim COVID-19 ba chúis léi in 2020;

2.  ag moladh go ndearnadh leathnú ar raon feidhme Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ó Mhárta 2020 chun mór-éigeandálaí sláinte poiblí a chuimsiú ann, amhail paindéim COVID-19 a leanann go fóill.

3.  ag léiriú a comhbhá agus dlúthpháirtíochta le híospartaigh uile tubaistí nádúrtha uafásacha mar aon le híospartaigh uile phaindéim COVID-19;

4.  á chur i bhfáth go bhfuil gá práinneach le cúnamh airgeadais a chur ar fáil trí Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (an ‘Ciste’) agus a thábhachtaí atá sé a áirithiú go rachaidh sé chomh fada leis na réigiúin agus na tairbhithe sna tíortha atá buailte;

5.  á chur in iúl gur oth léi an méid ama a glacadh chun na hiarratais ar chúnamh airgeadais de bharr phaindéim COVID-19 in 2020 a mheasúnú agus a cuireadh isteach faoin spriocdháta oifigiúil deiridh an 24 Meitheamh 2020, arb é a bhí mar thoradh air nár thíolaic an Coimisiún a thogra le haghaidh an Ciste a shlógadh ach ag deireadh Mhárta 2021; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfar an Ciste a shlógadh go mear sa todhchaí chun fóirithint a bheadh ag teastáil go géar a chur ar fáil i ndiaidh mórthubaistí nádúrtha nó mór-éigeandálaí sláinte poiblí;

6.  á chur i bhfios go mbeidh tubaistí nádúrtha ag éirí níos fíochmhaire agus ag tarlú níos minicí de bharr an athraithe aeráide; á chur i bhfáth go bhfuil réigiúin áirithe, amhail oileáin agus réigiúin chósta, go mór i mbaol ó thubaistí nádúrtha; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil sa Chiste ach ionstraim íceach agus go n-éilíonn an t-athrú aeráide beartas coisctheach thar aon rud eile chun iarmhairtí an athraithe aeráide sa todhchaí a sheachaint i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus an Comhaontú Glas don Eoraip; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i maolú ar an athrú aeráide agus in oiriúnú don athrú sin do réigiúin atá an-leochaileach go háirithe agus chun sineirgí éifeachtacha a áirithiú idir an Ciste agus cláir chistiúcháin ábhartha an Aontais;

7.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

8.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

9.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a shlógadh chun cúnamh a thabhairt don Ghréig agus don Fhrainc i ndáil le tubaistí nádúrtha agus don Albáin, don Bheilg, don Chróit, don Eastóin, d'Éirinn, don Fhrainc, don Ghearmáin, don Ghréig, don Iodáil, don Laitvia, don Liotuáin, do Lucsamburg, do Mhontainéagró, don Ostair, don Phortaingéil, don Rómáin, don tSeicia, don tSeirbia, don Spáinn, agus don Ungáir i ndáil le héigeandáil sláinte poiblí

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/885.)

(1) IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
(2) IO L 99, 31.03.2020, lch. 9.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(4) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.


Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ***II
PDF 116kWORD 44k
Rún
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) 2018/1475 agus (AE) Uimh. 375/2014 (14153/1/2020 – C9-0143/2021 – 2018/0230(COD))
P9_TA(2021)0234A9-0156/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (14153/1/2020 – C9‑0143/2021),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Nollaig 2018(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0440),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0156/2021),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

4.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hArdrúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArdrúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

6.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir le líon na ngníomhaithe áitiúla a chuireann i bhfeidhm an t-eolas, na prionsabail agus na bealaí cur chuige a foghlaimíodh trí na gníomhaíochtaí daonnúla ina raibh an saorálaí agus na saineolaithe páirteach

Tugann an Coimisiún Eorpach aird ar an togra ó Pharlaimint na hEorpa go ndéanfaí breithniú ar ‘líon na ngníomhaithe áitiúla a chuireann i bhfeidhm an t-eolas, na prionsabail agus na bealaí cur chuige a foghlaimíodh trí na gníomhaíochtaí daonnúla ina raibh an saorálaí agus na saineolaithe páirteach’ nuair a fhorlíonann sé an Rialachán le forálacha maidir le creat faireacháin agus meastóireachta a bhunú.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 201.
(2) IO C 86, 7.3.2019, lch. 282.
(3) IO C 23, 21.1.2021, lch. 218.


Erasmus+: clár an Aontais um oideachas agus oiliúint, an óige agus spórt ***II
PDF 116kWORD 44k
Rún
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 18 Bealtaine 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, oiliúint, an óige agus spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 (14148/1/2020 – C9-0135/2021 – 2018/0191(COD))
P9_TA(2021)0235A9-0159/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (14148/1/2020 – C9‑0135/2021),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019(2),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(3) ar an togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0367),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0159/2021),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

4.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta ar fad curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú, in éineacht leis an ráiteas ón gCoimisiún ina leith, in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

6.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún Eorpach maidir leis na leithdháiltí sonracha le haghaidh ardáin na nIonad barr feabhais gairme

Gan dochar do chumhachtaí an údaráis reachtaigh agus bhuiséadaigh, geallann an Coimisiún go ndéanfar méid táscach EUR 400 milliún i bpraghsanna reatha a leithdháileadh chun tacú le hardáin na nIonad barr feabhais gairme le linn thréimhse iomlán an chláir, ar choinníoll go ndeimhneofar leis an meastóireacht eatramhach ar an gclár measúnú dearfach ar thorthaí na gníomhaíochta.

(1) IO C 62, 15.2.2019, lch. 194.
(2) IO C 168, 16.5.2019, lch. 49.
(3) IO C 108, 26.3.2021, lch. 965.

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais