Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Máirt, 14 Meán Fómhair 2021 - Strasbourg
Cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí: síneadh a chur leis an tréimhse chosanta le haghaidh cineálacha áirithe ***I
 Iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Guy Verhofstadt
 Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach *
 I dtreo iompar ar uiscebhealaí intíre (IWT) san Eoraip a sheasfaidh an aimsir
 I dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas
 Cur chuige nua i leith straitéis mhuirí an Atlantaigh
 Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú ***I
 Bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte ***I

Cearta Comhphobail maidir le cineálacha plandaí: síneadh a chur leis an tréimhse chosanta le haghaidh cineálacha áirithe ***I
PDF 131kWORD 44k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 maidir le togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le haghaidh na speiceas asparagais agus le haghaidh na ngrúpaí speiceas bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha (COM(2021)0036 – C9-0010/2021 – 2021/0019(COD))
P9_TA(2021)0363A9-0171/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0036),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus don chéad mhír d’Airteagal 118 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0010/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 24 Márta 2021(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 14 Iúil 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0171/2021),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 14 Meán Fómhair 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le síneadh a chur le tréimhse chosanta na gceart Comhphobail maidir le cineálacha plandaí le haghaidh chineálacha an speicis Asparagus officinalis L. agus na ngrúpaí speiceas bleibeanna bláthanna, torthaí adhmadacha beaga agus plandaí adhmadacha ornáideacha

P9_TC1-COD(2021)0019


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/1873.)

(1) IO C 220, 9.6.2021, lch. 86.


Iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Guy Verhofstadt
PDF 128kWORD 46k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 ar an iarraidh ar chosaint phribhléidí agus dhíolúintí Guy Verhofstadt (2021/2030(IMM))
P9_TA(2021)0364A9-0238/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’iarraidh ó Guy Verhofstadt an 12 Márta 2021, a fógraíodh sa suí iomlánach an 24 Márta 2021, ar chosaint a phribhléidí agus a dhíolúintí i ndáil le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh roimh Procura Distrettuale della Repubblica presso il Tribunale di Trento (an Iodáil),

–  tar éis di éisteacht a thabhairt do Guy Verhofstadt i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint do Riail 5(2), agus Rialacha 7 agus 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0238/2021),

A.  de bhrí gur iarr Guy Verhofstadt, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, go ndéanfaí a dhíolúine pharlaiminteach a chosaint i ndáil le himeachtaí coiriúla atá le tionscnamh ina choinne roimh Procura Distrettuale della Repubblica presso il Tribunale di Trento (an Iodáil) as clúmhilleadh líomhnaithe trí bhíthin líonra sóisialta; de bhrí gur thug Procura Distrettuale della Repubblica presso il Tribunale di Trento a réamh-imscrúdú ar an gcás chun críche an 22 Nollaig 2020;

B.  de bhrí gur phostáil Guy Verhofstadt an tvuít seo a leanas ar a phróifíl Twitter féin an 13 Feabhra 2020: ‘Tá cúisimh roimh Matteo Salvini mar gheall ar imircigh a choinneáil go neamhdhleathach ar muir tar éis don Gregoretti iad a tharrtháil. Bravo Italia! Ní mór an ceart a dhéanamh. Tá súil againn go ndéanfar an rud céanna maidir lena éilliú ollmhór a bhaineann le síneadh láimhe agus ola Rúiseach!’;

C.  de bhrí, agus na barúlacha sin á gcur in iúl aige, go líomhnaítear gur chlúmhill Guy Verhofstadt Teachta de Pharlaimint na hIodáile, faoi mar a shainítear in Airteagal 595(1) agus (3) de Chód Coiriúil na hIodáile;

D.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, nach mbeidh comhaltaí Pharlaimint na hEorpa inchurtha faoi aon saghas fiosrúcháin, coinneála ná imeachtaí dlíthiúla i leith tuairimí a thug siad nó vótaí a chaith siad ag comhlíonadh a ndualgas dóibh;

E.  de bhrí go bhfuil lánrogha leathan ag an bParlaimint i dtaca leis an treoir is mian léi a thabhairt do chinneadh tar éis iarraidh ó Fheisire léi ar chosaint díolúine(2);

F.  de bhrí, de bhun Riail 5 dá Rialacha Nós Imeachta: ‘i bhfeidhmiú a cumhachtaí i ndáil le pribhléidí agus díolúintí, gníomhóidh an Pharlaimint chun a hiomláine mar thionól reachtach daonlathach a chaomhnú agus chun neamhspleáchas a Feisirí a áirithiú le linn dóibh a gcuid dualgas a chomhlíonadh’;

G.  de bhrí go bhféadfadh gurb ionann ráiteas a dhéanann Feisire lasmuigh de Pharlaimint na hEorpa agus tuairim arna tabhairt i gcomhlíonadh a dhualgas nó a dualgas de réir bhrí Airteagal 8 den Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, i gcás ina bhfuil measúnú suibiachtúil ann a bhfuil baint dhíreach agus shoiléir aige le comhlíonadh dhualgais an Fheisire sin i bParlaimint na hEorpa; de bhrí gur gá a cinneadh cibé atá nó nach bhfuil an cás sin i gceist bunaithe ar chineál agus ábhar an ráitis agus ní an áit ina ndearnadh é;

H.  de bhrí gur cheart cineál sonrach, ach freisin ábhar, an ráitis a mheas i bhfianaise an chomhthéacs atá aige agus an róil agus na feidhme faoi seach ina ndearna an Feisire é;

I.  de bhrí gur léir go ndearna Guy Verhofstadt na ráitis ina tvuít ina cháil mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa, óna chuntas Twitter féin, a choimeádtar, dar leis an bhFeisire Verhofstadt, go heisiach dá chumarsáid pholaitiúil i gcomhthéacs fheidhmiú a shainordaithe mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

J.  de bhrí go dtarlaíonn an díospóireacht pholaitiúil a nglacann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa páirt inti níos mó agus níos mó lasmuigh d’áitribh na Parlaiminte na laethanta seo, lena n-áirítear ar an idirlíon nó trí úsáid a bhaint as seirbhísí líonraithe sóisialta amhail Twitter;

K.  de bhrí go ndearnadh an ráiteas sin i gcomhthéacs níos leithne na díospóireachta polaitiúla, a mbíonn a hábhar á phlé arís agus arís eile i suí iomlánach Pharlaimint na hEorpa, agus idir lámha ag go leor soláthraithe preasa;

L.  de bhrí, sa chomhthéacs sin, gur thug Guy Verhofstadt tuairimí comhchosúla uaidh ar an idirlíon, roimh agus tar éis an ráitis ar Twitter atá á mheas, amhail ar Facebook i mí Eanáir 2019, breis is bliain roimh an ráiteas ar Twitter, i ndáil le naisc líomhnaithe Matteo Salvini leis an Rúis(3) nó nuair a rinne an Feisire Verhofstadt dearbhuithe roinnt míonna ina dhiaidh sin i gcomhthéacs polaitiúil comhchosúil le linn na díospóireachta sa suí iomlánach ar Staid an Aontais an 16 Meán Fómhair 2020;

M.  de bhrí, i bhfianaise an mhéid sin, gur féidir a mheas gurb ann do nasc díreach agus soiléir idir an ráiteas atá á bhreithniú agus sainordú parlaiminteach Guy Verhofstadt mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa;

1.  á chinneadh pribhléidí agus díolúintí Guy Verhofstadt a chosaint;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh chuig údaráis inniúla na hIodáile agus chuig Guy Verhofstadt.

(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Cás T-42/06, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, a luaitear thuas, mír 101.
(3) Postáil ar Facebook an 9 Eanáir 2019: ‘Níl aon t-léine le Putin uirthi ag an Uasal Salvini inniu! Feisteas na bpóilíní ina hionad sin. Ach tá comhaontú ag an Uasal Salvini le páirtí Putin, an Rúis Aontaithe & ní féidir le muintir na Polainne muinín a bheith acu as’.


Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach *
PDF 109kWORD 42k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Comhlachú na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear an caidreamh idir an tAontas Eorpach, de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge, den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachú Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn) (08656/2021 – C9-0189/2021 – 2018/0244(CNS))
P9_TA(2021)0365A9-0244/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréacht ón gComhairle (08656/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 203 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0189/2021),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0244/2021),

1.  ag formheas an dréachta ón gComhairle;

2.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

3.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


I dtreo iompar ar uiscebhealaí intíre (IWT) san Eoraip a sheasfaidh an aimsir
PDF 190kWORD 66k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 i dtreo iompar ar uiscebhealaí intíre (IWT) san Eoraip a sheasfaidh an aimsir (2021/2015(INI))
P9_TA(2021)0367A9-0231/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 25 Feabhra 2021 dar teideal Evaluation of Directive 2005/44/EC on Harmonised River Information Services (RIS) [Meastóireacht ar Threoir 2005/44/CE maidir le Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS) Comhchuibhithe] (SWD(2021)0050),

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 24 Feabhra 2021 dar teideal Evaluation of the 2013 Urban Mobility Package [Meastóireacht ar Phacáiste um Shoghluaisteacht Uirbeach 2013] (SWD(2021)0047),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal Sustainable and Smart Mobility Strategy – putting European transport on track for the future [Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí] (COM(2020)0789), agus don doiciméad inmheánach oibre a ghabhann léi (SWD(2020)0331),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 18 Meán Fómhair 2018 dar teideal Mid-term progress report on the implementation of the NAIADES II action programme for the promotion of inland waterway transport (covering the period 2014‑2017) [Tuarascáil mheántéarma ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme chlár gníomhaíochta NAIADES II chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn (lena gcumhdaítear an tréimhse 2014-2017)] (SWD(2018)0428),

–  ag féachaint do pháipéar bán ón gCoimisiúin an 28 Márta 2011 dar teideal Roadmap to a Single European Transport Area – Towards a competitive and resource efficient transport system [Treochlár i dtreo Limistéar Iompair Eorpach Aonair – I dtreo córas iompair atá iomaíoch agus tíosach ar acmhainní] (COM(2011)0144),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2017/2397 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2017 maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint(1),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2016/1629 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 lena leagtar síos ceanglais theicniúla le haghaidh soithí uiscebhealaí intíre(2),

–  ag féachaint do Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le himscaradh bonneagar breoslaí malartacha(3), agus don athbhreithniú a dhéanfar uirthi amach anseo,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt(4) (Rialachán TEN-T), agus don athbhreithniú a dhéanfar air amach anseo,

–  ag féachaint do Threoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú do chineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit(5), agus don athbhreithniú a dhéanfar uirthi amach anseo,

–  ag féachaint do Threoir 2005/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) comhchuibhithe ar uiscebhealaí intíre sa Chomhphobal(6),

–  ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2020 maidir le breithnithe beartais do phlean teagmhasachta le haghaidh paindéimí agus mór-ghéarchéimeanna eile d’earnáil iompair lasta na hEorpa,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2020 maidir le hearnáil uisce-iompair AE – an t-ionchas don todhchaí: i dtreo earnáil uisce-iompair AE atá neodrach ó thaobh carbóin de, saor ó thionóiscí, uathoibrithe agus iomaíoch,

–  ag féachaint na conclúidí ón gComhairle an 15 Samhain 2018 maidir le hiompar ar uiscebhealaí intíre – ní hacmhainn go cur chun cinn!;

–  ag féachaint do rún uaithi an 27 Aibreán 2021 ar na bearta teicniúla agus oibríochtúla chun go mbeadh muiriompar níos éifeachtúla agus níos glaine ann(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Feabhra 2019 ar NAIADES II – Plean gníomhaíochta chun tacú le hiompar ar uiscebhealaí intíre(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 22 Samhain 2016 maidir le leas iomlán a bhaint as iompar paisinéirí ar uisce(10),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0231/2021),

A.  de bhrí gur leas straitéiseach atá in earnáil uisce-iompair AE, lena n-áirítear iompar ar uiscebhealaí intíre, do shláine a soláthair agus d’iomaíochas a cuid calafort; de bhrí go dtarlaíonn 75 % de loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre thar theorainneacha agus gur ríthábhachtach, dá bhrí sin, an comhordú don mhargadh aonair;

B.  de bhrí go bhfuil réimse uiscebhealaí inseolta móra agus níos lú agus flíteanna éagsúla de shoithí intíre ag tíortha Eorpacha, rud a fhágann go bhfuil iompar ar uiscebhealaí intíre an-áisiúil agus úsáideach chun cineálacha éagsúla agus cainníochtaí móra lasta a iompar go dtí cinn scríbe éagsúla thar uisce;

C.  de bhrí gur colún bunriachtanach é an t-iompar ar uiscebhealaí intíre san aistriú i dtreo an iompair ilmhódaigh inbhuanaithe, ach go bhfuil dúshláin shuntasacha roimhe chomh maith; de bhrí gurb ionann uiscebhealaí intíre agus cion an-bheag den iompar lastais in AE (6,1 %), fad is atá cion 76,3 % ag na bóithre agus cion 17,6 % ag na hiarnróid; de bhrí go bhfuil an cion módach reatha den iompar ar uiscebhealaí intíre i bhfad róbheag agus go bhfuil gá le méadú géar chun brú tráchta ar bhóithre a laghdú, sábháilteacht a fheabhsú, astaíochtaí a laghdú agus córas iompair níos inbhuanaithe a áirithiú tríd is tríd; de bhrí go bhfuil géarghá le tuilleadh gníomhaíochta chun an cuspóir a bhaint amach, is é sin cuid shuntasach den 76,3 % den lastas intíre atá á iompar de bhóthar a aistriú go hiarnróid agus go huiscebhealaí intíre; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, i ndáil leis sin, margaí nua inbhuanaithe ciorclacha agus fuinnimh a nascadh le hiompar ar uiscebhealaí intíre;

D.  de bhrí gur bunchloch é earnáil na n-uiscebhealaí intíre a fhorbairt tuilleadh chun gréasán Eorpach iompair atá cliste, inbhuanaithe agus iomaíoch a thógáil; de bhrí go bhfuil inseoltacht reatha uiscebhealaí na hEorpa easnamhach agus go gcuireann scrogaill, naisc in easnamh agus easpa iontaofachta uiscebhealaí intíre saorshreabhaidh isteach ar an aistriú módach; de bhrí gur féidir ról bunúsach a bheith ag uiscebhealaí intíre chun cuspóirí aeráide AE a chomhlíonadh, mar cheann de na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol lena mbaineann acmhainneacht bhreise maidir le méideanna móra earraí a iompar ar fud an Aontais Eorpaigh, ar acmhainneacht í ar beag leas a baineadh aisti go fóill;

E.  de bhrí gurb ionann cion iomlán an lastais trasteorann a iompraítear ar ár n-uiscebhealaí intíre agus 54 % ar chonair na Réine-na nAlp, 35 % ar chonair Mhuir Thuaidh-na Meánmhara agus 38 % ar chonair Mhuir Thuaidh-Mhuir Bhailt. de bhrí gur tábhachtach dlús a chur le críochnú chroíghréasán uiscebhealaí intíre TEN-T agus leis na naisc leis an ngréasán cuimsitheach.

F.  de bhrí go bhfuil trácht uiscebhealaí na hEorpa ag brath ar naisc thrasteorann atá réidh agus socair, rud a fhágann gur fíorthábhachtach go gcríochnófaí croíghréasáin TEN-T faoi 2030;

G.  de bhrí gur léiríodh i bpáipéar bán an Choimisiúin maidir le hiompar, a foilsíodh chomh fada siar le 2011, gur gá an cion módach d’uiscebhealaí intíre san Eoraip a mhéadú agus de bhrí nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach ó shin i leith;

H.  de bhrí go bhfuil comhdhearcach láidir ann in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre go bhfuil an glasú ríthábhachtach chun iomaíochas fadtéarmach na hearnála a áirithiú agus chun cur ar a cumas ról suntasach, iontaofa agus inchreidte a bheith aici san aistriú ilmhódach; de bhrí go bhfuil machnamh leathan á dhéanamh go fóill san earnáil ar an gcaoi a maoineofar an t-aistriú glas sin; de bhrí go bhfuil sé in am bearta, uirlisí agus modhanna níos nithiúla a cheapadh chun an uaillmhian sin a chur i ngníomh;

I.  de bhrí go bhfuil riaráiste ann mar thoradh ar infheistíochtaí bonneagair neamhleora; de bhrí gurb é bonneagar cáilíochtúil is bonn agus is cnámh droma le hearnáil rathúil uiscebhealaí intíre; de bhrí go mbaineann teorainneacha le méadú acmhainneachta agus gur cheart fócas cothrom a bheith ar an bhfeidhmíocht a mhéadú agus ar iontaofacht na hearnála a áirithiú i gcónaí;

J.  de bhrí go mbaineann cion suntasach d’iompar lastais ar uiscebhealaí intíre AE le calafoirt farraige; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag calafoirt farraige agus intíre araon mar mhoil ilmhódacha, lena gcuirtear naisc ar fáil le modhanna eile iompair ar féidir leo lastaí lastais a ghlacadh orthu féin freisin; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach, dá bhrí sin, agus go gceanglaítear leis na treoirlínte TEN-T gur cheart calafoirt farraige agus intíre a nascadh go maith lena chéile agus gur cheart naisc mhaithe a bheith acu leis an gcúlchríoch; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh calafoirt intíre ina moil fuinnimh do bhreoslaí malartacha inbhuanaithe;

K.  de bhrí go bhfuil an triomach agus an t-athrú aeráide ar dhá cheann de na príomhfhadhbanna atá roimh iompar Eorpach ar uiscebhealaí intíre; de bhrí gur bualadh an t-iompar ar uiscebhealaí intíre go dian i roinnt réigiúin Eorpacha le linn na tréimhse fada triomaigh in 2018 mar gheall ar leibhéil uisce an-íseal; de bhrí gur thubaisteach na hiarmhairtí don Réin agus dá craobh-aibhneacha, don Danóib uachtair agus láir agus don Eilbe uachtair agus láir; de bhrí gur tháinig laghdú EUR 5 bhilliún ar tháirgeadh tionsclaíoch sa Ghearmáin dá bharr sin; de bhrí, thairis sin, gur gnách go mbíonn limistéir uisce intíre i dTuaisceart na hEorpa reoite le linn mhíonna is déine an gheimhridh, rud a chuireann isteach ar an trácht;

L.  de bhrí go mbaineann an t-aistriú módach ó bhóthair go huiscebhealaí intíre ní hamháin le hiompar lastais ach le hiompar paisinéirí freisin, go háirithe i gceantair uirbeacha; de bhrí, ós rud é go gcónaíonn 50 % de dhaonra AE gar don fharraige agus feadh aibhneacha, go gcuireann iompar paisinéirí ar uiscebhealaí intíre rogha eile ar fáil atá neamhdhíobhálach don chomhshaol ó thaobh ídiú fuinnimh agus astaíochtaí torainn araon; de bhrí go gcuidíonn sé freisin leis an mbrú tráchta ar ghréasáin bóithre atá ró-ualaithe a laghdú agus go gcuireann sé rogha eile ar fáil seachas bonneagar bóithre a leathnú i limistéir dhlúthdhaonra;

M.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag turais abhann, báid farantóireachta, soithí turais lae, tacsaithe uisce agus tointeálaithe uisce i dturasóireacht na hEorpa agus gur cheart go mbeidís ina rogha níos glaine do thurasóireacht agus d’iompar poiblí i réigiúin agus i gcathracha ina bhfuil aibhneacha, canálacha agus lochanna inrochtana agus inseolta, rud a fhágfadh go mbeadh soghluaisteacht uirbeach níos inbhuanaithe agus níos éifeachtaí freisin; de bhrí gur cheart an méid sin a chur san áireamh sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste;

N.  de bhrí go mbeidh ról fíorthábhachtach ag iompar lastais ar uiscebhealaí intíre, mar aon le hiarnróid, chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach ó thaobh aistriú glas an iompair lastais de; de bhrí gur cheart an dá mhodh i slabhraí soláthair a phríomhshruthú agus a dhéanamh níos inrochtana;

O.  de bhrí go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag an iompar ar uiscebhealaí intíre don iompar muirí ó thaobh digitiú a fheabhsú agus ó thaobh scála a chruthú maidir le réitigh ar chórais tiomána saor ó astaíochtaí, amhail leictriú agus hidrigin;

P.  de bhrí go bhfuil na nósanna imeachta chun deimhniú a fháil do shoitheach hidrigine fós an-fhada; de bhrí, i gcás sraith soithí hidrigine a bhfuil na saintréithe teicniúla ceannann céanna acu, nach mór iarratais ar leith a chur isteach in aghaidh gach soithigh ar leith; de bhrí go ndéanann an cineál sin ualaigh riaracháin an infheistíocht phríobháideach a dhíspreagadh agus dá bhrí sin go gcuireann sé bac ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus ar fheabhsuithe ó thaobh éifeachtúlacht costais de;

Q.  de bhrí gur dúshlán é an t-aistriú fuinnimh d’earnáil na loingseoireachta intíre freisin in ainneoin gurb iad na huiscebhealaí intíre ceann de na modhanna iompair is neamhdhíobhálaí don chomhshaol; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach ról na gconraitheoirí a chur san áireamh sa slabhra soláthair iomlán chun feabhas a chur ar an gcás gnó le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre;

R.  de bhrí gur gá an cabhlach d’uiscebhealaí intíre a nuachóiriú agus a oiriúnú chun an dul chun cinn teicniúil a chur in iúl chun feidhmíocht chomhshaoil soithí a fheabhsú tuilleadh; de bhrí nach bhfuil teicneolaíochtaí atá saor ó astaíochtaí inmharthana ar scála fós in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre mar gheall ar dhrochaibíocht theicniúil, easpa bonneagair agus praghsanna neamhiomaíocha;

S.  de bhrí go ndearna earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre dáileadh leanúnach earraí riachtanacha a áirithiú le linn phaindéim COVID-19, agus gur bhain codanna áirithe den earnáil buaicphointí tráchta amach fiú, rud a léiríonn a solúbthacht agus a athléimneacht;

Aistriú módach in iompar lastais: ó bhóthar go huiscebhealaí intíre

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún seasamh chun tosaigh maidir le ceannaireacht ghlas, éifeachtúil agus dhigiteach agus cur le cláir atá ann cheana amhail NAIADES, lenar cheart tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do na geallsealbhóirí go léir in earnáil an iompair ar uiscebhealaí, chomh maith le modhanna eile iompair, agus go háirithe earnáil an iarnróid, oibriú le chéile chun todhchaí inbhuanaithe agus shóisialta a bhaint amach, agus é ag tacú leis an bhfiontraíocht, le cosaint oibrithe agus le hiomaíochas na hearnála ina hiomláine ag an am céanna; ag cur béim ar an bhfíoras gur modh iompair den scoth iad uiscebhealaí intíre le haghaidh tráchtearraí a thagann as margaí nua an gheilleagair chiorclaigh agus go bhfuil sé ríthábhachtach beartais iompair, chomhshaoil agus thionsclaíocha a chomhordú chun na deiseanna sin a thapú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a chur san áireamh ar bhealach níos fearr gur teaghlaigh a mbíonn leanaí ar bord acu iad siúd a oibríonn in earnáil na n-uiscebhealaí intíre go minic agus infheistíocht a dhéanamh i saoráidí leordhóthanacha rialta feadh uiscebhealaí chun dálaí maireachtála cuibhiúla a chur ar fáil ar an mbealach;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún tograí le haghaidh creata rialachais agus rialála a thíolacadh i gcomhréir leis an gcéad Chlár Gníomhaíochta Comhtháite Eorpach eile um Iompar ar Uiscebhealaí Intíre, lena n-áiritheofar comhchuibhiú agus caighdeánú ar leibhéal an Aontais maidir le hinseoltacht, soithí agus cáilíochtaí foirne ar ardchaighdeán; á chur i bhfios gur cheart go n-éascódh an creat sin comhordú infheistíochtaí, cláir ghníomhaíochta agus na comhlachtaí éagsúla a bhfuil baint acu le forbairt an iompair ar uiscebhealaí intíre, lena n-áirítear údaráis riaracháin na mBallstát, gníomhaireachtaí AE, comhordaitheoirí TEN-T, coimisiúin aibhneacha agus coistí um chaighdeánú; á thabhairt chun suntais go bhfuil deis ann mapáil a dhéanamh, trí chlár gníomhaíochta NAIADES III, ar aistriú módach a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le hiompar earraí chuig uiscebhealaí intíre; á thabhairt chun suntais go gcabhródh an t-aistriú módach sin agus comhordú níos fearr idir beartais thionsclaíocha agus iompair le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, lena gceanglófaí go ndéanfaí claochlú inbhuanaithe agus ciorclach ar nach mór gach earnáil thionsclaíoch;

4.  á chur in iúl gur geal léi rún an Choimisiúin a cuireadh in iúl sa Straitéis um an tSoghluaisteacht Inbhuanaithe agus Chliste níos mó earraí a aistriú ó bhóthar go huiscebhealaí intíre agus loingseoireacht ghearrthurais, lena n-áirítear iompar lastais réigiúnach, uirbeach agus idirchathrach; á chur i bhfáth, mar sin féin, go bhfuil acmhainneacht shuntasach nach bhfuil leas bainte aisti fós agus raon feidhme ann chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a leathnú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, meastóireacht rialta a dhéanamh agus dlús a chur lena uaillmhianta maidir le spriocanna aistrithe mhódaigh an iompair ar uiscebhealaí intíre agus buntáistí na hearnála a bhreith leis; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, tacú le glacadh dea-chleachtas maidir le seirbhísí iompair ar uiscebhealaí intíre a chomhtháthú i slabhraí lóistíochta ilmhódacha; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh i ndearadh long atá níos solúbtha agus níos nuálaí agus i nglasú an chabhlaigh d’iompar ar uiscebhealaí intíre atá ann cheana, lena bhforbrófar inter alia longa atá curtha in oiriúint d’aibhneacha agus réitigh aibí, inbhuanaithe eile chun rogha níos iomaíche agus níos inbhuanaithe a chur ar fáil seachas an t-iompar de bhóthar;

5.  á chur i bhfáth gur ríthábhachtach tuilleadh infheistíochta agus infheistíocht rialta a dhéanamh i leathnú, nuashonrú agus uasghrádú bhonneagar fisiciúil agus digiteach uiscebhealaí intíre, amhail loic, droichid agus úsáid idir-inoibritheach teicneolaíochtaí thar theorainneacha, chun borradh a chur faoi iomaíochas na hearnála, chun a meath a chosc, chun feabhas a chur ar a feidhmíocht, iontaofacht agus intuarthacht fhadtéarmach thar theorainneacha, chun inseoltacht ardchaighdeáin a chumasú agus chun an t-aistriú módach a éascú, agus ábhair imní maidir leis an mbithéagsúlacht agus an dlí comhshaoil is infheidhme, amhail an Treoir Réime maidir le hUisce(11) agus na Treoracha maidir leis an Dúlra, á n-urramú(12); á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas a éascú ar fud na mBallstát, agus aird ar leith á tabhairt ar riachtanais fauna agus flora i dtionscadail bhonneagair;

6.  ag tathant ar na Ballstáit urraim iomlán a thabhairt don oibleagáid atá orthu croíghréasán uiscebhealaí intíre TEN-T a chur i gcrích faoi 2030 agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar chomhordaitheoirí TEN-T an mhaoirseacht i ndáil leis an méid sin a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur leis na naisc atá in easnamh, dul i ngleic le scrogaill agus bonneagar fisiciúil agus digiteach ar ardchaighdeán a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais, go háirithe, an gá atá le hinfheistíochtaí a mhéadú i mbonneagar ilmhódach leordhóthanach i gcalafoirt agus i naisc chúlchríche calafort intíre, amhail naisc iarnróid agus críochfoirt gan uaim, agus lena n-acmhainn stórála a mhéadú chun iompar ilmhódach iomaíoch san Eoraip a éascú agus chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht sa slabhra soláthair;

7.  á mheas gur gá cur chuige gréasáin dhá shraith a thabhairt isteach trí chroíghréasán na n-uiscebhealaí intíre atá ann cheana a chomhlánú le gréasán cuimsitheach d’uiscebhealaí intíre chun an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a threisiú; á chur i bhfios, maidir le huiscebhealaí inseolta atá nasctha le calafoirt farraige agus nach bhfuil stádas aicme IV acu ach a bhfuil an acmhainneacht acu laghdú a dhéanamh ar sheachtrachtaí diúltacha comhshaoil, lena n-áirítear plódú bóthair, gur cheart iad a mheas le haghaidh an ghréasáin chuimsithigh; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá gréasán TEN-T a leathnú chun codanna nua d’uiscebhealaí intíre a ionchorprú i gcroíghréasáin agus i ngréasáin chuimsitheacha chun moil nua iompair ilmhódaigh a bhunú;

8.  á mheas go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt d’acmhainneacht neamhshaothraithe uiscebhealaí beaga chun iomaíocht dhíreach leis an iompar de bhóthar a fheabhsú, trí ghréasán mionsonraithe, cuimsitheach agus casta a áirithiú, a choinneofar cothrom le dáta agus inseolta; á iarraidh ar an gCoimisiún ní hamháin uiscebhealaí móra a mheas, ach uiscebhealaí beaga a chur san áireamh san aistriú digiteach;

9.  á chur i bhfios go láidir go mbaineann acmhainneacht shuntasach le huiscebhealaí agus canálacha nasctha a athchóiriú, go háirithe i réigiúin atá thíos leis na blianta d’infheistíocht neamhleor i mbonneagar uiscebhealaí intíre;

10.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach sa phróiseas ildisciplíneach pleanála do thionscadail nua loingseoireachta agus do bhearta nua cothabhála chun réitigh a mbeidh glacadh coitianta leo a cheapadh i gcomhréir le reachtaíocht AE;

11.  ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le gréasán bonneagair atá níos éifeachtaí, níos iontaofa, níos sábháilte agus níos aeráid-díonaí chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr le fadhb na dtuilte agus le leibhéil ísle uisce, rud nach rachaidh ach in olcas de bharr éifeachtaí an athraithe aeráide; á chur in iúl gur saoth léi nár tugadh aird chuí ar na fadhbanna a dhéanann difear d’earnáil na n-uiscebhealaí intíre, arb iad tuilte agus leibhéil ísle uisce is cúis leo, agus go bhfuil sé ríthábhachtach inseoltacht a áirithiú; á chur i bhfáth gur gá, dá bhrí sin, gníomhaíocht chomhleanúnach a dhéanamh, amhail cabhlaigh a oiriúnú, lena n-áirítear na cineálacha long, líon na long sa chabhlach agus acmhainn bhreise, dearadh long a bharrfheabhsú, solúbthacht soithí uiscebhealaí intíre a chur san áireamh, bainistiú agus forbairt bonneagair níos fearr a áirithiú, faisnéis níos cruinne a chur ar fáil maidir le leibhéil uisce agus réamhaisnéis, comhoibriú le hiarnróid i rith tréimhsí ísealuisce, conarthaí cairtfhostaithe ama a dhréachtú do shoithí atá in ann oibriú le linn tréimhsí taoide dia-thrá, uirlisí digiteacha a chur chun feidhme, agus acmhainn stórála sna calafoirt a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna gníomhaíochta a tharraingt suas chun leibhéil ísle uisce a chomhrac agus ag cur béim ar an ngá atá le comhordú chun na críche sin;

12.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé sonraí agus seirbhísí spáis a úsáid le haghaidh seirbhísí iompair ar uiscebhealaí intíre chun earnáil níos sábháilte, níos inbhuanaithe, níos éifeachtúla agus níos iomaíche a áirithiú; á mheas, go háirithe, gur cheart seirbhísí nua i gcláir Galileo agus Copernicus agus Breis-seirbhís na hEorpa um Loingseoireacht Gheochobhsaí (EGNOS) a áireamh san athbhreithniú ar an Treoir maidir le Córais Chliste Iompair (CCI)(13) agus i dtionscnaimh reachtacha eile maidir le soghluaisteacht chliste;

Iompar ar uiscebhealaí intíre a ghlasú

13.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an aistriú fuinnimh ar bhealach costéifeachtach agus inrochtana, agus an raon éagsúil cineálacha soithí atá ann á aithint, trí dhlús a chur le hinfhaighteacht agus le cur i bhfeidhm meascán ilchineálach de bhreoslaí ionadúla glana, de bhonneagar breoslaí ionadúla agus de mhodhanna tiomána don loingseoireacht le cur chuige líonra agus i gcomhréir le prionsabal na neodrachta teicneolaíche; ag aithint thairis sin, úsáid na roghanna uile is féidir a úsáid go héasca chun astaíochtaí loingseoireachta intíre a laghdú, lena n-áirítear breoslaí idirlinne agus córais idirthréimhseacha; ag cur béim ar an bhfíoras, arís eile, go bhfuil aistriú fuinnimh sa loingseoireacht intíre ríthábhachtach chun an clár oibre aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050;

14.  á chur i bhfios go bhfuil easpa réitigh aeráidneodracha ann atá réidh don mhargadh agus gur cheart, dá bhrí sin, go mbeadh údaráis i dteideal cistiú fothaithe acmhainneachta chun cabhrú leis an earnáil rochtain a fháil ar chistiú agus chun tacú léi agus í ag dul i dtreo na haeráidneodrachta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tionscadail taighde agus forbartha a dhreasú tuilleadh le haghaidh breoslaí agus teicneolaíochtaí lena laghdaítear go mór an tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol chun cabhlaigh a mhéadú go mear agus slabhraí soláthair agus barainneachtaí scála a mhéadú; á aithint go bhféadfadh earnáil na n-uiscebhealaí intíre gníomhú mar ghrinneall tástála agus mar chatalaíoch d’éifeachtaí iarmharta dearfacha in earnáil na loingseoireachta muirí; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, treochlár réalaíoch a fhorbairt chun truailleáin agus astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú tuilleadh chun earnáil dhícharbónaithe uiscebhealaí intíre a bhaint amach, agus an t-iomaíochas, an iontaofacht agus an tsábháilteacht á gcosaint ag an am céanna;

15.  á chur i bhfios gur cheart ról ar leith a bheith ag uiscebhealaí intíre i Straitéis Hidrigine AE, ó thaobh an t-iompar ar uiscebhealaí intíre a bhreoslú go glan agus ó thaobh a ríthábhachtaí atá uiscebhealaí intíre agus calafoirt chun hidrigin a dháileadh go glan agus go héifeachtúil ar fud ghréasáin iompair agus bhraislí tionscail AE;

16.  á thabhairt chun suntais gur cheart roghanna eile lena laghdaítear go mór an tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol a bheith ar fáil go forleathan, níos inacmhainne agus níos tarraingtí ó thaobh airgeadais de ná mar atá gnáthchórais tiomána; á chur i bhfáth gur gá dlús a chur le glacadh na roghanna malartacha sin trí chéatadán measctha réalaíoch a áirithiú, mar shampla, bunaithe ar mheasúnú tionchair lena gcumhdaítear anailís saolré ar bhreoslaí agus i gcomhréir le critéir inbhuanaitheachta AE, agus trí chobhsaíocht rialála agus tacaíocht airgeadais, lena n-áirítear dreasachtaí cánach arna ndeonú ag na Ballstáit; á mheas, thairis sin, gur cheart go mbeadh an deis ag na Ballstáit ráta cánach laghdaitheach nó nialasach a shocrú d’úsáid leictreachais cois cladaigh agus do réitigh inbhuanaithe eile; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, tacú le húsáid na n-ionstraimí airgeadais ábhartha chun leas a bhaint as breoslaí agus teicneolaíochtaí malartacha inbhuanaithe agus an úsáid sin a dhreasú go suntasach;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht scéim AE um lipéadú astaíochtaí a cheapadh d’iompar ar uiscebhealaí intíre lena soláthrófar faisnéis a bheidh ar fáil go héasca maidir le feidhmíocht fuinnimh long, lena gcuirfear éifeachtúlacht fuinnimh chun cinn, agus lena gcruthófar timpeallacht chobhsaí le haghaidh cinntí infheistíochta, rud ar cheart cás gnó inmharthana agus toradh ar infheistíocht do lastóirí eascairt as; á thabhairt chun suntais nach mór é a bheith mar aidhm leis an scéim sin astaíochtaí a laghdú go héifeachtach agus cabhrú leis an earnáil trí rochtain níos fearr a sholáthar ar mhaoiniú, ar iasachtaí agus ar ráthaíochtaí bunaithe ar fheidhmíocht a cuid astaíochtaí, feabhas a chur ar fhaireachán ar astaíochtaí, buntáistí a chruthú trí údaráis chalafoirt a dhreasú chun idirdhealú a dhéanamh idir muirir ar bhonneagar calafoirt agus, i ndeireadh thiar, an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí ina hiomláine; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir phraiticiúil agus bosca uirlisí praiticiúil a chur ar fáil maidir le breoslaí inbhuanaithe agus na feidearthachtaí teicneolaíochta a bhaineann leis an loingseoireacht intíre agus an loingseoireacht ghearrthurais chun tacú le húinéirí long ina gcinnteoireacht; á thabhairt chun suntais gur cheart díriú ar uiscebhealaí intíre agus ar shoithí loingseoireachta gearrthurais, i bhfianaise na saintréithe teicniúla comhchosúla atá acu;

18.  á chur i bhfios go soláthraíonn tógáil long ar bhonn modúlach solúbthacht, intuarthacht agus laghdú ar chostais; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, go gcruthaíonn comhpháirteanna, dearadh agus forbairt long ar bhonn caighdeánaithe bunús maith ar féidir a úsáid ar bhealaí éagsúla (trasmhodúlacht), agus, ina theannta sin, go n-éascófar iarfheistiú córas tiomána níos inbhuanaithe a luaithe a thiocfaidh siad isteach ar an margadh; á thabhairt chun suntais, chomh maith leis na sochair a bhaineann leis an gcomhshaol, gur féidir le tógáil mhodúlach laghdú a dhéanamh ar chostais agus ar rioscaí a bhuí leis an bpróiseas intuartha táirgthe agus tógála agus gur cheart, dá bhrí sin, í a dhreasú agus a chur chun cinn;

19.  á chreidiúint, i bhfianaise ár spriocanna aeráide, go bhfuil earnáil na loingseoireachta in ann iompar níos inbhuanaithe a bheidh slán i bhfad na haimsire a thairiscint; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún agus do na húdaráis náisiúnta ról nasctha agus comhordaithe a imirt sa chéim forbartha seo agus dul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí leasmhara uile, lena n-áirítear úsáideoirí uiscebhealaí intíre agus an tionscal longthógála; ag spreagadh na mBallstát chun treoirthionscadail a úsáid ina mbeadh réitigh nuálacha amhail coimeádáin cheallra inmhalartaithe; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá práinneach le tacaíocht don nuálaíocht, le plean maoinithe AE, agus le deimhniú agus ceadanna chun seoladh le breoslaí malartacha a éascú;

20.  á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá calafoirt agus a longchlóis speisialaithe, eadhon an áit a ndéantar longa a thógáil, a athchóiriú agus a iarfheistiú, don aistriú fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, cistiú agus infheistíocht iomchuí a leithdháileadh chun acmhainneacht agus bonneagar leordhóthanach a áirithiú i gcalafoirt chun athnuachan cabhlaigh agus aistriú fuinnimh earnáil na loingseoireachta a éascú; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil gá le soláthar cumhachta agus bonneagar athbhreoslaithe ar an gcósta chun foinsí malartacha fuinnimh a fhorbairt do shoithí;

21.  á thabhairt chun suntais gur cheart, le glasú cabhlaigh, díriú ní hamháin ar dhul i ngleic le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, ach ar thruailliú aibhneacha a laghdú freisin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé, dá bhrí sin, saoráidí scaoilte dramhaíola a chur ar fáil i gcalafoirt agus úsáid péinte nuálaí frithscreamha agus ardteicneolaíochta cothabhála cabhlach amhail ladrainn faoi uisce a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún creat rialachais a mholadh chun faireachán a dhéanamh ar thruailliú abhantracha, lena n-éascófar comhordú bearta, infheistíochtaí agus clár gníomhaíochta náisiúnta agus Aontais;

22.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé bainistiú fónta agus trasnaí acmhainní uisce a áirithiú, rud lena mbaineann córais hiodrálacha a riar, forbairt an hidrileictreachais a chothú, úsáidí éagsúla uisce a ráthú agus bithéagsúlacht a chaomhnú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart baint a bheith ag geallsealbhóirí iompair, fuinnimh, talmhaíochta, tionsclaíocha agus comhshaoil le bainistiú uisce;

Digiteáil agus loingseoireacht uathrialaitheach

23.  á thabhairt dá haire gur féidir le digiteáil agus bailiú sonraí atá forleathan cur le comhshaol níos glaine agus le sábháilteacht níos fearr ar bord agus ródú níos éifeachtúla, níos lú plódaithe i gcalafoirt agus malartú cumarsáide agus faisnéise níos fearr idir longa, calafoirt agus bonneagar a bhaint amach; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh tairbhí suntasacha a bheith ag baint le digiteáil i dtaca le sábháilteacht agus éifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh bailiú sonraí agus anailís a dhéanamh orthu maidir le hearnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre, rud a chuireann le laghdú breise astaíochtaí; á iarraidh go mbeadh straitéis ann chun teicneolaíochtaí digiteacha agus uathoibrithe a fhorbairt agus a chur in úsáid in earnáil na n-uiscebhealaí intíre, lenar cheart go leagfaí amach caighdeáin idir-inoibritheacha thar mhodhanna agus teorainneacha, agus na gníomhaíochtaí agus cistiú i ndáil le taighde riachtanach, lena n-áirítear trí ghlaonna ar leith laistigh de chlár Fís Eorpach; á chur i bhfáth gur gá, i ndáil leis sin, caighdeáin theicniúla a thabhairt cothrom le dáta ag an gCoiste Eorpach um Ullmhú Caighdeán i Réimse na Loingseoireachta Intíre (CESNI) agus na seirbhísí faisnéise tráchta abhann (RIS) a chomhchuibhiú tuilleadh, lena shimpleofaí na nósanna imeachta maidir le rialáil na loingseoireachta intíre, lena laghdófaí na fadhbanna a eascraíonn as léirmhínithe éagsúla ar chaighdeáin theicniúla agus an easpa sonraí inchomparáide, agus lena bhféadfaí réitigh nuálacha a fhorbairt agus a úsáid go tapa; á chur i bhfios go láidir gur gá ullmhú do chreat comhchoiteann le haghaidh malartú idir-inoibritheach sonraí idir modhanna iompair;

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid dhigiteach chomhchuibhithe agus glacadh doiciméad leictreonach maidir le criú agus soitheach ar fud an Aontais a áirithiú a luaithe is féidir, lena neartófar an faireachán a dhéantar ar dhálaí sóisialta agus fostaíochta, lena gcuirfear feabhas ar éifeachtúlacht agus ar tharraingteacht an iompair ar uiscebhealaí intíre agus ar a idirghníomhú agus a chomhtháthú réidh le modhanna eile iompair, agus lena gcuirfear borradh faoi idir-inoibritheacht na gcóras malartaithe sonraí ar fud an tslabhra lóistíochta ar fad; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfadh rioscaí suntasacha sábháilteachta a bheith ag baint le heaspa sosa chuí d’oibrithe ar bord; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, go bhfuil cumas rialaithe dhigitigh iontaofa, fíor-ama ríthábhachtach chun sonraí maidir le hamanna oibre agus sosa na n-oibrithe ar bord a léamh, a stóráil agus a ghiniúint;

25.  ag cur béim ar an ngá atá leis an Rialachán maidir le Faisnéis Leictreonach ar Iompar Lastais (eFTI)(14) a chur chun feidhme go pras chun go mbeidh oibreoirí iompair in ann faisnéis a roinnt le húdaráis forfheidhmithe go pras, go héasca agus i bhformáid dhigiteach;

26.  ag tabhairt dá haire gur príomhuirlis bainistithe sócmhainní iad comhtháthú agus comhchuibhiú sonraí chun iontaofacht an iompair ar uiscebhealaí intíre a neartú agus chun an úsáid a bhaintear as i slabhraí lóistíochta a mhéadú; ag tabhairt dá haire gur gá na sonraí a idirnascadh le bonneagar cliste chun pleanáil agus cumarsáid éifeachtúil le modhanna eile iompair a chumasú agus ilmhódúlacht agus córais shioncramhódacha a éascú; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh ardáin sonraí comhtháite feabhas a chur ar ghnóthachain trédhearcachta, amhail rianú agus rialú, agus ar ghnóthachain éifeachtúlachta, amhail pleanáil bealaí agus bainistiú sócmhainní;

27.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé sonraí a bhailiú maidir leis an gcóras Eorpach lóistíochta i gcomhordú leis na geallsealbhóirí ábhartha mar ullmhúchán don togra le haghaidh Treoir athbhreithnithe maidir le hIompar Comhcheangailte(15) agus bearta eile lena n-áiritheofar pleanáil lóistíochta agus úsáid bonneagair fhisiciúil níos éifeachtúla; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, teacht ar fhorléargas idirmhódúil ar shreabhadh na n-earraí agus na gcoimeádán a thagann isteach san Eoraip agus ar na bealaí a úsáidtear chun na hearraí a thabhairt chuig a gceann scríbe deiridh, rud a d’fhéadfadh a bheith tairbheach chun beartas éifeachtach aistrithe mhódúil a tharraingt suas; á mheas gur cheart féachaint ar bhorradh a chur faoin aistriú módúil mar thosaíocht ós rud é nach ndéantar coimeádáin mhara a iompar go héifeachtúil i gcónaí ó chalafoirt mhara go dtí an chúlchríoch faoi láthair, as a n-eascraíonn costais níos airde agus amanna taistil níos faide; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhreisluach na n-algartam agus na hintleachta saorga maidir le hiompar cúlchríche coimeádán chun pleanáil agus próiseáil a bharrfheabhsú chuige sin;

28.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creataí beartais iompair dhigitigh atá ann cheana a nascadh agus a chinntiú go bhfuil sonraí iompair ilmhódúil ar fáil trí phointe rochtana aonair chun gnóthachain éifeachtúlachta a bhaint amach in uisce-iompar lasta agus idir-inoibritheacht sonraí le modhanna eile iompair a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, plean gníomhaíochta AE a dhearadh le haghaidh bonneagar digiteach an iompair ilmhódúil lena gcumasófar comhroinnt sonraí agus idir-inoibritheacht, a mbeidh sé mar aidhm leis córas iompair sioncramhódach, nasctha agus uathoibrithe a bhaint amach faoi 2035 ar a dhéanaí; á mheas go bhfuil gá le struchtúr tiomnaithe rialachais chun faireachán, meastóireacht agus feabhsuithe leanúnacha agus rialta a dhéanamh d’fhonn na teicneolaíochtaí agus an nuálaíocht is cothroime le dáta a úsáid;

29.  á chur i bhfios go bhfuil gá le dreasachtaí chun ardáin chalafoirt dhigiteacha ilmhódúla a fhorbairt; á iarraidh, i ndáil leis sin, go gcruthófaí tionscadal breisluacha Eorpach i gcomhair inseoltacht agus nasc ilmhódúil chonairí uiscebhealaí intíre TEN-T;

30.  á chur i bhfáth go bhfuil acmhainneacht mhór ag an iompar ar uiscebhealaí intíre le haghaidh taisteal uathrialaitheach ar uisce agus á thabhairt chun suntais go bhfágann níos mó uathoibrithe go bhfuil staid ina mbeadh iompar sioncramhódach ann san Eoraip ag éirí níos cóngaraí; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar bhonn measúnú tionchair agus comhairliúchán leathan leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, breithniú a dhéanamh i dtaobh athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha uile, i gcás inar gá, chun glacadh loingseoireachta uathrialaithí a éascú, le haird ar leith ar fhreagrachtaí criú i gcás éigeandálaí nó cliseadh córais, ar shoiléireacht ar shaincheisteanna dliteanais i gcásanna maidir le damáiste agus, ar bhonn níos ginearálta, ar ghnéithe sábháilteachta na soithí uathrialacha, d’fhonn leibhéal áirithe comhchuibhithe a bhaint amach agus glacadh teicneolaíochta ar leibhéal AE a mhéadú; á áitiú, dá bhrí sin, go gcruthófaí treochlár Eorpach do chórais iompair chliste agus uathrialaitheacha ar uiscebhealaí intíre, ar cheart dó tacú le reachtaíocht atá dírithe ar an todhchaí, le taighde, le treoirthionscadail, le saotharlanna allamuigh, agus le forbairt agus le húsáid rathúil long uathrialaitheach, calafort cliste agus idir-inoibritheachta digití bunaithe ar chórais iompair chliste, chomh maith lena áirithiú go n-úsáidfí cianrialú soithí agus cianbhainistiú glas; á chur i bhfáth, i ndáil leis sin, an gá atá le bonneagar cliste agus le hoiliúint, uasoiliúint agus athoiliúint is gá a chur ar chriú, a bhféadfaí tacaíocht a thabhairt dóibh faoi ionú infheistíochtaí sóisialta agus scileanna chlár InvestEU; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, an rannchuidiú luachmhar a dhéanann caighdeáin CESNI don chriú, do shoithí agus do theicneolaíocht faisnéise; á iarraidh ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do dhigiteáil, do chomhchuibhiú agus do bhuanna tapa (malartú gan pháipéar) an iompair ar uiscebhealaí intíre, agus bunsraith a leagan síos d’earnáil uathrialaitheach;

31.  á thabhairt chun suntais go n-éilítear le loingseoireacht shábháilte agus uathrialaitheach comhroinnt chaighdeánaithe faisnéise a théann níos faide ná suíomhanna aeróige soithí, amhail staidiúir shoithigh, comhrian na cabhlach agus modhnuithe ar uiscebhealaí chun oibríochtaí uathrialaitheacha a bhainistiú, imbhuailtí a d’fhéadfadh tarlú idir soithí a bhfuil an seolbhealach céanna á roinnt acu a chosc, agus an fhaisnéis is déanaí maidir le seolbhealaí a chur ar fáil do scipéirí; ag leagan béim ar acmhainneacht réitigh spáis mar chumasóirí don iompar ar uiscebhealaí intíre agus ar rannchuidiú úsáideach shócmhainní spáis Galileo, EGNOS agus Copernicus de chuid AE i ndáil leis sin;

Calafoirt a sheasfaidh an aimsir: moil fuinneamh agus chiorclacha

32.  á chur i bhfáth go bhfuil ról ag calafoirt intíre mar nóid ilmhódúla straitéiseacha sa chóras lóistíochta; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh naisc éifeachtúla cúlchríche ag calafoirt intíre chomh maith le calafoirt mhara, go háirithe le bonneagar iarnróid, agus gur cheart go n-áireofaí saoráidí trasloingsithe, a dhíríonn ar nascadh le croíghréasáin chuimsitheacha TEN-T i gcás inar féidir; ag tacú le comhar agus cnuasú níos mó idir calafoirt mhara agus calafoirt intíre;

33.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá calafoirt mhara i dtaobh aistriú módúil a chumasú i dtreo an iompair ar uiscebhealaí intíre; ag tabhairt dá haire go n-éascófar iompar níos éifeachtúla ar uiscebhealaí intíre chuig calafoirt mhara agus uathu trí chuachadh lasta uiscebhealaí intíre a fheabhsú; á thabhairt chun suntais, le dlúthchomhar idir na calafoirt éagsúla mhara agus intíre agus na geallsealbhóirí uile sa slabhra lóistíochta, amhail i réimse na hinbhuanaitheachta, go gcruthaítear tuilleadh féidearthachtaí chun feabhas a dhéanamh ó thaobh costais agus éifeachtúlacht oibríochtúla de agus go dtéitear chun tairbhe don fhorbairt réigiúnach agus don fhostaíocht;

34.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcoimeádfaidh calafoirt intíre na naisc iarnróid atá ann cheana agus go dtabharfadh na Ballstáit tús áite d’uasghrádú a ngréasán lasta iarnróid chun sreafaí iompair idirmhódúil idir na huiscebhealaí intíre agus an t-iarnród a áirithiú;

35.  á thabhairt chun suntais gur cheart go gcuirfí san áireamh le húsáid bonneagair breoslaí malartacha an t-éileamh a d’fhéadfadh a bheith ar chalafoirt agus saintréithe margaidh na gcalafort agus conairí ionchasacha á dtarraingt suas i dtreo earnáil aeráidneodrach uiscebhealaí intíre; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go ndéanfadh straitéis Eorpach maidir le rolladh amach breoslaí malartacha le haghaidh úsáid ilmhódúil agus thionsclaíoch tríd an athbhreithniú ar TEN-T agus trí Threoir 2014/94/AE maidir le bonneagar breoslaí malartacha a úsáid, cur chuige gréasáin a leanúint, ar cur chuige é a bhainfeadh amach bonneagar atá pleanáilte go héifeachtúil, a bheadh bunaithe ar shaintréithe ionchasacha an éilimh margaidh i gcalafort agus ina chúlchríoch agus, i gcás inar gá, feadh bealaí uisce, i gcomhréir le prionsabal neodracht na teicneolaíochta; á chur i bhfáth, thairis sin, an acmhainneacht atá ag córas solúbtha bonneagair amhail leas a bhaint as gineadóirí cumhachta soghluaiste agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar réitigh sholúbtha maidir le dáileadh agus soláthar breosla, mar shampla scéimeanna cíosa do shoithí;

36.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sineirgí idir bonneagar na n-uiscebhealaí intíre agus na Gréasáin Fuinnimh Thras-Eorpacha a neartú, lena n-éascófar aistriú fuinnimh na loingseoireachta intíre agus lena dtacófar le forbairt calafort mar mhoil fuinnimh; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, gur gá bonneagar na n-uiscebhealaí intíre a chomhtháthú níos fearr san eangach fuinnimh Eorpach chun úsáid an tsoláthair cumhachta ar an mórthír a éascú; á chur i bhfáth, ina theannta sin, an acmhainneacht atá ag uiscebhealaí intíre maidir le breoslaí malartacha a iompar; á chur i bhfáth an gá atá le bonneagar leictreach a thógáil ar fud chalafoirt intíre na hEorpa d’fhonn freastal ar shoithí ag a bhfuil foinsí cumhachta leictrí amach anseo agus d’fhonn na saoráidí agus an trealamh a chuirtear ar fáil ag an mbeart a mhéadú agus a uasghrádú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú aeir i gcalafoirt agus sna limistéir máguaird a laghdú, i gcomhréir leis an gcuspóir nach mbeidh aon truailliú i mbeart;

37.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le saincheist na sreabhántachta i gcalafoirt trína áirithiú go bhfuil go leor acmhainne chun cur i mbeart agus go leor acmhainne d’áiteanna feithimh do shoithí intíre;

38.  á chur i bhfáth an acmhainneacht atá ag uiscebhealaí intíre chun earraí contúirteacha agus dramhaíl a iompar, lena n-éilítear infheistíochtaí i mbonneagar agus soithí atá leormhaith agus sábháilte agus i bhfórsa saothair oilte; á thabhairt chun suntais go bhfuil cosúlacht mhaith ar ról na gcalafort sa gheilleagar ciorclach agus ar acmhainneacht speisialta na n-uiscebhealaí intíre chun tráchtearraí a thagann as margaí nua ciorclacha a iompar; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, nasc níos láidre a bhunú idir a gheilleagar ciorclach agus beartais iompair ar uiscebhealaí intíre; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, bearta a fhorbairt chun tacú le gníomhaíochtaí geilleagair chiorclaigh i gcalafoirt agus coincheap an mheasúnaithe saolré a chur chun cinn agus é mar aidhm aige idirphlé a thionscnamh agus calafoirt intíre a spreagadh chun córais bhainistithe chomhtháite a dhearadh do, inter alia, uisce, fuinneamh, dramhaíl, láithreáin tógála, pleanáil spásúil agus limistéir ghlasa uirbeacha chun an glas a bhaint dá n-acmhainneacht a bheith ina moil fuinnimh chiorclacha agus ghlana;

Oideachas agus oiliúint, dálaí oibre, agus taighde agus nuálaíocht

39.  á chur i bhfáth gur gá oideachas agus oiliúint na loingseoireachta intíre a nuachóiriú, lena ndíreofar ar scileanna glasa agus digiteacha a fhorbairt agus bacainní teanga a shárú, rud a chruthóidh poist tharraingteacha do dhaoine óga agus do mhná, agus aird chuí á tabhairt ar chaighdeáin shóisialta agus sábháilteachta agus ar leibhéil cháilíochta atá ard agus comhchuibhithe; ag tacú, i ndáil leis sin, le caighdeáin CESNI a fhorbairt tuilleadh chun na scileanna riachtanacha a áirithiú do bhaill chriú na soithí loingseoireachta intíre; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil le scéimeanna oiliúna éigeantacha, leanúnacha agus rialta do bhaill foirne uile, lena n-áirítear cúrsaí malartaithe idirnáisiúnta, chun uasoiliúint, athoiliúint, soghluaisteacht optamach lucht saothair agus sábháilteacht ar fud na hearnála a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil gá le caighdeáin sláinte agus sábháilteachta i gcomhréir leis an bprionsabal nach mbeadh aon tionóisc ann; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, Treoir (AE) 2017/2397, maidir le cáilíochtaí gairmiúla sa loingseoireacht intíre a aithint, a chur chun feidhme go cuí faoin 17 Eanáir 2022;

40.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé dálaí maithe oibre agus tuarastail chuibhiúla san iompar ar uiscebhealaí intíre a ráthú; á iarraidh ar na Ballstáit cumhdach leormhaith slándála sóisialta a áirithiú do na hoibrithe uile ar bord i gcomhréir le reachtaíocht shóisialta AE; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le dlí soiléir maidir le saothar agus slándáil shóisialta in earnáil an iompair ar uiscebhealaí intíre; á chur i bhfáth gur gá cosaint shóisialta agus cearta do bhaill foirne Eorpacha agus tríú tíortha a choimirciú;

41.  á chur i bhfios a thábhachtaí atá comhar agus sineirgí breise idir na tionscnaimh agus institiúidí taighde agus nuálaíochta éagsúla, trí eolas, sonraí, fios gnó agus dea-chleachtais a chomhroinnt agus trí fhorléargas ar thionscadail atá ar siúl faoi láthair a chur ar fáil ar ardán poiblí;

42.  á chur i bhfáth gur gá spreagadh a thabhairt d’fhorbairt tionscadail de shoithí nuálacha uiscebhealaí intíre agus do bhonneagar comhfhreagrach calafoirt faoi chomhpháirtíocht chlár Fís Eorpach maidir le huisce-iompar astaíochtaí nialasacha;

Plean maoinithe AE

I.Féidearthachtaí maoinithe trí ionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana

43.  á thabhairt chun suntais an fhéidearthacht a bhaineann le hionstraimí cistiúcháin AE atá ann cheana chun earnáil Eorpach an iompair ar uiscebhealaí intíre a ghlasú agus a dhigiteáil, amhail an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE), an clár Fís Eorpach agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, lena n-áirítear an Ciste Comhtháthaithe, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á chur i bhfáth gur gá na hionstraimí sin a shlógadh chun croíghréasáin chuimsitheacha TEN-T a chur i gcrích, chun infheistíochtaí a mhaoiniú i bhforbairt agus leathadh amach breoslaí malartacha inbhuanaithe agus córas tiomána malartach do shoithí agus don bhonneagar riachtanach, chun sineirgí cliste a chumasú idir iompar, fuinneamh, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide, agus digiteáil, agus chun nuachóiriú agus athléimneacht na n-uiscebhealaí intíre a áirithiú; á chur i bhfáth, áfach, nach mbíonn na hionstraimí cistiúcháin sin oiriúnach i gcónaí do FBManna, do ghnólachtaí teaghlaigh agus do mhicrifhiontair eile, mar go bhfuil an baol ann nach mbeidh tionscadail bheaga incháilithe do chistiú; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur gá soiléireacht a chur ar fáil maidir le maoiniú inbhuanaithe agus infheistíochtaí príobháideacha san iompar ar uiscebhealaí intíre;

44.  á mheabhrú gur dúshlán teicneolaíoch agus airgeadais é an t-aistriú fuinnimh chuig aeráidneodracht d’earnáil na loingseoireachta intíre, rud a éilíonn an tacaíocht iomchuí; á chreidiúint, i ndáil leis sin, nach mór do na Ballstáit leas a bhaint as an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta mar dheis uathúil chistiúcháin le haghaidh uiscebhealaí intíre, rud a chomhcheanglaíonn éifeachtaí gearrthéarmacha téarnaimh eacnamaíoch le tairbhí fadtéarmacha na n-infheistíochtaí spriocdhírithe bonneagair agus loingseoireachta;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún a chuid acmhainní inmheánacha don iompar ar uiscebhealaí intíre agus cur chun feidhme chlár gníomhaíochta NAIADES a atreisiú, lena n-áirítear acmhainní daonna, agus iad á gcur i gcomhréir leis na huaillmhianta don earnáil faoin gComhaontú Glas, leis an aistriú módúil agus leis an Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste;

46.  á chur i bhfios go láidir, thairis sin, a ríthábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar an iompair ar uiscebhealaí intíre i gcalafoirt mhara agus timpeall orthu; á thabhairt chun suntais gur gá le dlúthchomhar idir na geallsealbhóirí uile sa slabhra luacha lóistíochta;

II.An gá atá le ciste AE d’uiscebhealaí intíre

47.  á thabhairt chun suntais go gcruthóidh an chonair i dtreo earnáil uiscebhealaí intíre atá aeráidneodrach agus an t-aistriú fuinnimh atá inmhianaithe bearna chistiúcháin atá ag druidim le EUR 10 mbilliún(16), rud nach féidir leis an earnáil amháin a mhaoiniú; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil easpa cáis ghnó d’úinéirí soithí príobháideacha chun infheistíocht a dhéanamh i dteicneolaíochtaí tiomána lena laghdaítear go mór an tionchar ar an aeráid agus ar an gcomhshaol; á chur i bhfáth gur gá tacaíocht phoiblí agus infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh chuige sin;

48.  á chur i bhfáth gur FBManna, gnólachtaí teaghlaigh agus calafoirt níos lú atá in earnáil na n-uiscebhealaí intíre den chuid is mó, rud a fhágann gur deacair dóibh infheistíochtaí costasacha a dhéanamh chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais a chomhlíonadh; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart inscálaitheacht na n-infheistíochtaí riachtanacha a fheabhsú, ualaí riaracháin a laghdú go suntasach, agus rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú;

49.  á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ciste tiomnaithe d’uiscebhealaí intíre AE a bhunú le haghaidh an aistrithe inbhuanaithe, lena n-áirítear córas ionaid ilfhreastail a mbeidh rochtain éasca air chun cabhair agus cúnamh a fháil agus a d’fhéadfadh tionscadail a chur le chéile in aon iarratas amháin, rud a mhéadódh na deiseanna ar mhaoiniú; á chur i bhfáth gur cheart don chiste na cúlchistí atá ann cheana agus a cruthaíodh faoi Rialachán (AE) Uimh. 546/2014(17) a chomhlánú, agus go mbeadh ranníocaíochtaí suntasacha breise airgeadais ó ionstraimí maoinithe AE agus náisiúnta agus ó infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí eile, chun infheistíochtaí breise ón tionscal a ghiaráil agus chun aghaidh a thabhairt ar an mbearna infheistíochta atá ann faoi láthair maidir leis an aistriú inbhuanaithe a mhaoiniú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart foráil a dhéanamh leis an gciste sin freisin maidir leis an bhféidearthacht cumasc a dhéanamh le SCE, le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, lena n-áirítear an Ciste Comhtháthaithe, agus le hionstraimí airgeadais ón mBanc Eorpach Infheistíochta;

50.  á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh an ciste tiomnaithe sin ar iarfheistiú agus athnuachan long chun éifeachtúlacht fuinnimh long a fheabhsú agus tacú le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha agus coigilte fuinnimh chomh maith le bonneagar calafoirt, go háirithe úsáid breoslaí malartacha, agus ar an gcaoi sin cuidiú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, le téarnamh inbhuanaithe agus le córas iompair níos inbhuanaithe ina iomláine a bhaint amach;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a inmharthana atá sé scéim traipisithe nua Eorpach agus athnuachan cabhlaigh a áireamh mar chuid den chiste, agus aird chuí á tabhairt ar astaíochtaí saolré na soithí lena mbaineanna, chun aistriú tapa chuig aeráidneodracht a éascú; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na dálaí ina ndéantar diúscairt agus ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an chiorclaíocht ríthábhachtach;

III.Maoiniú ón mBanc Eorpach Infheistíochta

52.  á mheabhrú go gcuireann an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI) cistiú ar fáil d’iasachtaí caipitil atá tarraingteach, lena n-áirítear tionscal na longthógála; á mheas, áfach, go mbraitheann réadú agus éifeachtacht chistiú BEI ar a inrochtaineacht agus á áitiú, dá bhrí sin, ar an méid seo a leanas:

   (i) a áirithiú gur cheart feidhm a bheith ag Clár Ráthaíochta um Loingseoireacht Ghlas de chuid BEI freisin maidir le hidirbhearta níos lú, lena n-áirítear coinníollacha iasachta níos solúbtha, mar shampla, trí mheánré feidhme oibríochtaí loinge le linn na tréimhse aisíoca a chur san áireamh;
   (ii) a áirithiú go gcuireann BEI maoiniú réamhsheachadta agus iarsheachadta araon ar fáil do longthógálaithe chun cur chun feidhme agus inmharthanacht tionscadal nuálaíoch longthógála a ráthú;
   (iii) tosaíocht a thabhairt do chistiú clár taighde agus nuálaíochta maidir le longthógáil ghlas;

53.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh go cúramach ar infheistíochtaí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad i gcalafoirt Eorpacha, i bhfianaise an róil atá acu i mbonneagar straitéiseach na hEorpa mar mhoil ilmhódúil, mar nóid fuinnimh lárnacha agus mar bhraislí tionscail;

Iompar paisinéirí, soghluaisteacht uirbeach, lóistíocht cathrach d’uisce agus turasóireacht

54.  á chur in iúl gur geal léi an mheastóireacht le déanaí ón gCoimisiún ar Phacáiste um Shoghluaisteacht Uirbeach 2013(18); á thabhairt chun suntais, i ndáil leis sin, maidir leis na torthaí a bhfuiltear ag dréim leo ón bPlean um Shoghluaisteacht Uirbeach, eadhon laghdú ar astaíochtaí CO2 agus astaíochtaí truailleán aeir, níos lú plódaithe agus níos lú taismeach ar bhóithre i gceantair uirbeacha, nár tharla siad go comhsheasmhach ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, na Ballstáit agus cathracha a spreagadh chun uisce-iompar poiblí, lóistíocht cathrach agus lastdáileadh áitiúil a áireamh, i gcás inar féidir, mar mhodh iompair atá sábháilte, inbhuanaithe agus éifeachtach ina bpleanáil maidir le soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe agus feabhas a chur ar a mbailiú sonraí maidir le soghluaisteacht uirbeach; á chur i bhfáth gur gá, ina theannta sin, modhanna uisce-iompair phoiblí a áireamh in ardáin soghluaisteachta digití, amhail soghluaisteacht mar sheirbhís, chomh maith i bhfeidhmchláir seachadta lasta;

55.  á thabhairt chun suntais gur ann d’acmhainneacht neamhshaothraithe na n-uiscebhealaí intíre i gceantair uirbeacha, mar a léirítear sa Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste; á chur i bhfáth go bhfuil méadú ag teacht ar an bplódú atá ar limistéir uirbeacha agus nach mbíonn sé éifeachtúil ó thaobh costais de i gcónaí bonneagar nua bóthair a thógáil; á iarraidh ar an gCoimisiún uisce-iompar a áireamh i sprioc na Straitéise Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste maidir le húsáid níos fearr a bhaint as uiscebhealaí intíre i gcathracha agus tograí nithiúla a dhearadh arb é is aidhm dóibh borradh a chur faoi lóistíocht ar ár n-uiscebhealaí intíre agus seachadadh deiridh trí rothair lasta a chur san áireamh, rud a chuirfeadh dlús leis an aistriú módúil; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, feabhas a chur ar a bhailiú sonraí maidir le soghluaisteacht uirbeach le haghaidh uisce-iompar paisinéirí agus lasta agus á thabhairt chun suntais an acmhainneacht atá ag iompar ar uiscebhealaí intíre don mhíle deiridh i lóistíocht uirbeach inbhuanaithe;

56.  á thabhairt chun suntais gur léiríodh i bhfigiúirí 2019 maidir leis an éileamh ar iompar paisinéirí go raibh cuma shláintiúil ar earnáil Eorpach na cúrsóireachta abhann, lena n-áirítear soithí turais lae agus seirbhísí farantóireachta, roimh phaindéim COVID-19; ag tabhairt dá haire, áfach, gur tháinig beagnach stad iomlán ar an earnáil sa chéad leath de 2020 mar gheall ar an staid shláintíoch leanúnach, rud a raibh drochthionchar aige ar an ngeilleagar agus a chruthaigh deacrachtaí airgeadais do chuideachtaí, agus gur éiginnte go fóill é an bhfillfidh trácht paisinéirí ar an ngnáth-thrácht in 2021(19); á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, turasóireacht uiscebhealaí intíre a áireamh sa Chlár Oibre Eorpach do Thurasóireacht 2050 atá ar na bacáin d’fhonn cás gnó a chur chun cinn ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe, nuálach agus athléimneach na turasóireachta abhann, agus tairbhí eacnamaíocha na turasóireachta abhann i réigiúin chalafoirt á gcur san áireamh i dtéarmaí breisluacha, cruthú fostaíochta agus ioncam calafoirt;

57.  á chur i bhfáth gur gá féachaint tuilleadh ar acmhainneacht na n-uiscebhealaí intíre don loingseoireacht áineasa agus do ghníomhaíochtaí eile ar imeall an uisce, rud a chuirfeadh borradh faoin bhfás, a chruthódh deiseanna fostaíochta nua agus a chuirfeadh feabhas ar thurasóireacht sna réigiúin lena mbaineann;

58.  á iarraidh ar na Ballstáit an Deimhniú Idirnáisiúnta d’Oibreoirí Árthaí Pléisiúir a fhormhuiniú trí rún Uimh. 40 ó Choiste Iompair Intíre de chuid Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip a ghlacadh chun aitheantas trasteorann a cheadú do cheadúnais agus loingseoireacht áineasa a éascú san Eoraip;

o
o   o

59.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 345, 27.12.2017, lch. 53.
(2) IO L 252, 16.9.2016, lch. 118.
(3) IO L 307, 28.10.2014, lch. 1.
(4) IO L 348, 20.12.2013, lch. 1.
(5) IO L 368, 17.12.1992, lch. 38.
(6) IO L 255, 30.9.2005, lch. 152.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0131.
(8) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(9) IO C 449, 23.12.2020, lch. 154.
(10) IO C 224, 27.6.2018, lch. 29.
(11) IO L 327, 22.12.2000, lch. 1.
(12) An Treoir maidir le Gnáthóga (IO L 206, 22.7.1992, lch. 7) agus an Treoir maidir le hÉin (IO L 20, 26.1.2010, lch. 7).
(13) Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair, (IO L 207, 6.8.2010, lch. 1).
(14) IO L 249, 31.7.2020, lch. 33.
(15) IO L 368, 17.12.1992, lch. 38.
(16) Lárionad Forbartha do Theicneolaíocht Long agus do Chórais Iompair (DST), Assessment of technologies in view of zero-emission IWT [Measúnú ar theicneolaíochtaí i bhfianaise an iompair ar uiscebhealaí intíre atá saor ó astaíochtaí], mar chuid den staidéar uileghabhálach a rinne an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin dar teideal Financing the energy transition towards a zero-emission European IWT sector [An t-aistriú fuinnimh a mhaoiniú i dtreo earnáil Eorpach an iompair ar uiscebhealaí intíre atá saor ó astaíochtaí], Tuarascáil Uimh. 2293, lch. 95.
(17) Rialachán (AE) Uimh. 546/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 718/1999 ón gComhairle maidir le beartas i ndáil le hacmhainneacht chabhlach an Chomhphobail chun iompar ar uiscebhealaí intíre a chur chun cinn, (IO L 163, 29.5.2014, lch. 15).
(18) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 24 Feabhra 2021 (SWD(2021)0047.
(19) an Lárchoimisiún um Loingseoireacht ar an Réin, Market observation report 2020: inland navigation in Europe [Tuarascáil 2020 maidir le grinniú margaidh: loingseoireacht intíre san Eoraip], Meán Fómhair 2020.


I dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas
PDF 193kWORD 65k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 i dtreo comhpháirtíocht níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas (2020/2120(INI))
P9_TA(2021)0368A9-0241/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna), mar a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe iad an 25 Meán Fómhair 2015,

–  ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ar an 12 Nollaig 2015 i bPáras ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) (‘Comhaontú Pháras’), go háirithe Airteagal 7(2) agus Airteagal 11(2) de, lena n-aithnítear na gnéithe áitiúla, fonáisiúnta agus réigiúnacha den athrú aeráide agus den ghníomhú ar son na haeráide,

–   ag féachaint don Tuarascáil Speisialta maidir le Téamh Domhanda 1,5 °C, don Chúigiú Tuarascáil Mheasúnachta agus do Thuarascáil Sintéise an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide (IPCC), do Thuarascáil Speisialta IPCC ar an Athrú Aeráide agus ar Thalamh, agus do Thuarascáil Speisialta IPCC ar an Aigéan agus an Criosféar i gComhthéacs an Athraithe Aeráide,

–  ag féachaint do Chomhaontú an 15 Aibreán 2021 idir an tAontas Eorpach agus Eagraíocht na Stát san Afraic, sa Mhuir Chairib agus san Aigéan Ciúin,

–  ag féachaint do Chreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua an Aontais Eorpaigh don tréimhse 2021-2027, arna fhormheas ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle i mí na Nollag 2020,

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 dar teideal ‘Eoraip Buanseasmhach a thógáil – Straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide’ (COM(2021)0082) agus an Measúnú Tionchair agus Leochaileachta gaolmhar do na Réigiúin is Forimeallaí san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal ‘EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives’ [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta an 23 Márta 2020 maidir le cur chun feidhme na teachtaireachta ón gCoimisiún dar teideal ‘A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions’ [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach] (COM(2020)0104),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal ‘A stronger and renewed strategic partnership with the EU's outermost regions’ [Comhpháirtíocht straitéiseach neartaithe athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas Eorpach] (COM(2017)0623),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meitheamh 2012 dar teideal ‘Na réigiúin is forimeallaí den Aontas Eorpach: i dtreo comhpháirtíochta le haghaidh fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach (COM(2012)0287),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Deireadh Fómhair 2008 dar teideal ‘Na réigiúin is forimeallaí: acmhainn don Eoraip’ (COM(2008)0642),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meán Fómhair 2007 dar teideal ‘Straitéis do na réigiúin is forimeallaí: a bhfuil bainte amach agus ionchais amach anseo’ (COM(2007)0507),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Bealtaine 2004 dar teideal ‘Comhpháirtíocht neartaithe leis na réigiúin is forimeallaí’ (COM(2004)0343),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025’ (COM(2020)0152),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais go dtí  2030,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mbithéagsúlacht,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 19 Samhain 2019 maidir leis na haigéin agus na farraigí,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 10 Nollaig 2020 maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach i ndáil le cur chun feidhme comhpháirtíochta straitéisí athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí den Aontas Eorpach (2021/C 37/10),

–  ag féachaint do na dearbhuithe ó Uachtaráin na réigiún is forimeallaí, go háirithe an dearbhú a glacadh ag XXVú Comhdháil Uachtaráin na Réigiún is Forimeallaí arna tionól in Mayotte an 26 agus an 27 Samhain 2020,

–  ag féachaint don dearbhú comhpháirteach ó Chomhdháil Uachtaráin na Réigiún is Forimeallaí den Aontas Eorpach, a d’eascair as an gcruinniú idirsheisiúnach an 3 Bealtaine 2021,

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir le beartas comhtháthaithe agus an geilleagar ciorclach,

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir leis an athrú aeráide – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras(4),

–  ag féachaint do staidéar ó Pharlaimint na hEorpa in 2021 dar teideal ‘Beartas Comhtháthaithe agus an Athrú Aeráide’,

–  ag féachaint do rún uaithi an 6 Iúil 2017 maidir le comhtháthú agus forbairt a chur chun cinn sna réigiúin is forimeallaí san Aontas: Airteagal 349 CFAE a chur chun feidhme(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 27 Aibreán 2017 maidir le cabhlaigh iascaireachta a bhainistiú sna réigiúin is forimeallaí(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Feabhra 2014 maidir leis an leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht na réigiún is forimeallaí trí shineirgí a chruthú idir na Cistí Struchtúracha agus cláir eile de chuid an Aontais(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Aibreán 2012 maidir le ról an bheartais chomhtháthaithe sna réigiúin is forimeallaí den Aontas Eorpach i gcomhthéacs na straitéise ‘Eoraip 2020’(8),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0241/2021),

A.  de bhrí go bhfuil tábhacht ag baint leis an gComhaontú Glas don Eoraip, leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFIanna) agus le Comhaontú Pháras;

B.  de bhrí go bhfuil tábhacht ag baint leis na prionsabail a leagtar amach i gcolún Eorpach na gceart sóisialta, lena n-áirítear an méid a chuireann sé le neamhionannais a dhíothú, comhionannas inscne a chur chun cinn agus le príomhshruthú inscne;

C.  á mheabhrú go bhfuil na réigiúin is forimeallaí nasctha le trí Bhallstát, agus go bhfuil naoi gcinn acu ann faoi láthair – Guáin na Fraince, Guadalúip, La Réunion, Mayotte, Martinique agus Saint-Martin (an Fhrainc), na hAsóir agus Maidéara (an Phortaingéil) agus na hOileáin Chanáracha (an Spáinn) – agus iad scaipthe thar dhá aigéan, an tAigéan Atlantach agus an tAigéan Indiach, agus go bhfuil níos mó ná 4,8 milliún áitritheoir iontu;

D.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil 80 % de bhithéagsúlacht na hEorpa le fáil sna RFanna agus i dtíortha agus críocha thar lear agus go bhfuil luach straitéiseach ag na críocha sin ó thaobh gheopholaitíocht chaomhnú na bithéagsúlachta domhanda de;

E.  á chur i bhfios go láidir go gcuireann na RFanna le gné mhuirí an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil an spás muirí is mó ar domhan, ina bhfuil níos mó ná 25 mhilliún km² de limistéar eacnamaíoch eisiach agus mórdheiseanna eacnamaíocha, ag gabháil leo;

F.  á chur in iúl gur cúis imní di gurb iad na RFanna, níos mó ná aon réigiún ilchríochach eile san Eoraip, a bhuaileann an truailliú mara, mar gheall ar a n-oileánachas, a bhfuil tionchar aige ar a bhforbairt ó thaobh an chomhshaoil agus an gheilleagair de;

G.  á chur cur in iúl gurb oth léi go bhfuil an ráta luathfhágála scoile i measc daoine idir 18-24 bliana d’aois os cionn 20 %, ráta atá roinnt mhaith os cionn an mheáin 10 % in AE(9);

H.  á mheas go bhfuil saibhreas cultúrtha neamhghnách ag na réigiúin is forimeallaí, ar saibhreas é a chuireann le tionchar na hEorpa agus a threisíonn a ‘chumhacht bhog’ ar domhan agus, sa teachtaireacht ón gCoimisiún a glacadh in 2017, go sainaithnítear an cultúr mar shaintréith thábhachtach agus mar ghné éagsúlachta idir na RFanna;

I.  á chur in iúl gur oth léi gur thug géarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair chun suntais, ar bhealach ar cúis imní é, na geilleagair a bhí leochaileach cheana féin sna RFanna, agus go mbeidh iarmhairtí fadtéarmacha sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil, críochacha agus cultúrtha ag an ngéarchéim seo agus ag Brexit comh maith;

J.  á mheas go bhfuil an ghéarchéim sláinte tar éis leochaileacht sheirbhísí sláinte réigiúnacha na réigiún is forimeallaí a ghéarú freisin, agus bearta measartha docht á bhforchur chun dul i ngleic leis an bpaindéim sna réigiúin sin;

K.  á chur in iúl gur cúis imní di go bhféadfadh an ghéarchéim phaindéimeach atá ann faoi láthair difear a dhéanamh do roinnt earnálacha den gheilleagar gorm, lena n-áirítear an turasóireacht chósta agus mhuirí;

TEIDEAL 1: An dul chun cinn a chomhdhlúthú, aghaidh a thabhairt ar leochaileachtaí agus na RFanna a chur i gcroílár ghníomhaíocht na hEorpa

1.  á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil ón gCoimisiún i mí an Mhárta 2020 inar dréachtaíodh athbhreithniú tosaigh ar chur chun feidhme na comhpháirtíochta straitéisí athneartaithe agus athnuaite leis na RFanna, a seoladh i mí Dheireadh Fómhair 2017, agus na hiarrachtaí a rinneadh sna RFanna agus sna Ballstáit lena mbaineann agus sna hinstitiúidí Eorpacha araon í a chur i bhfeidhm; á iarraidh go ndéanfaí an dul chun cinn sin a chomhdhlúthú i straitéis nua an Aontais do na réigiúin sin;

2.  ag cur béim ar an dul chun cinn suntasach a rinneadh do na RFanna faoi CAI nua 2021-2027, ar leibhéil bhuiséadacha agus reachtacha araon trí choigeartuithe sonracha sna Cistí Struchtúracha agus sna cláir chothrománacha, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di na bearta breise a rinneadh do na RFanna mar chuid de phlean téarnaimh ‘Next generation EU’; ag leagan béim ar an ngá atá ann Airteagal 349 CFAE a léamh i gcomhar le hAirteagal 7 ionas go bhféadfar cur chuige difreáilte a chur i bhfeidhm maidir leis na RFanna i gcur chun feidhme dhlí AE, agus a saintréithe sonracha agus a srianta struchtúracha á gcur san áireamh ina n-iomláine, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 15 Nollaig 2015;

3.  ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, roinnt maoluithe cánach do na RFanna a bheith á síneadh agus á gcoinneáil go dtí 2027 (cáin AIEM (‘Arbitrio sobre Importaciones y Entregas de Mercancías en las Islas Canarias’, is infheidhme maidir leis na hOileáin Chanáracha), dleachtanna duga, rátaí cánach laghdaithe do licéir, rum agus biotáillí sna hAsóir agus i Maidéara, agus rumanna traidisiúnta sna ranna thar lear); á mheabhrú a thábhachtaí atá sé na sásraí atá bunaithe ar Airteagal 349 CFAE a choinneáil ar bun do na RFanna, ar sásraí iad lena gcaithfear réiteach a fháil idir an gá déach atá le táirgeadh áitiúil a chosaint agus an t-ardchostas maireachtála a chomhrac, agus á áirithiú ag an am céanna go gcuirfear saoránaigh na RFanna ar an eolas mar is ceart faoi chur chun feidhme na mbeart sin;

4.  á iarraidh ar sheirbhísí an Choimisiúin, ach ar údaráis náisiúnta agus réigiúnacha freisin, cothromaíocht a bhaint amach idir rialú dlisteanach agus rialú riachtanach ar úsáid chistí AE agus na rialacha riaracháin is gá chun iad a nuachóiriú a shimpliú agus a dhéanamh solúbtha, d’fhonn tionscnaimh áitiúla a spreagadh;

A.‘Nós Eorpach RF’ a chórasú

5.  á iarraidh go mbeadh ‘nós Eorpach RF’ sna hinstitiúidí Eorpacha bunaithe ar chur chuige trasearnála agus comhtháite a ghlacadh i mbeartais phoiblí na hEorpa ar fad maidir leis an staid iarbhír ina bhfuil na RFanna agus na dúshláin a bhíonn rompu;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhréir lena ról mar ‘chaomhnóir na gConarthaí’, ‘caomhnóir chur i bhfeidhm ceart Airteagal 349 CFAE’ a dhéanamh d’Aonad RF in AS REGIO agus breithniú a dhéanamh ar stiúrthóireacht lánfheidhme a chruthú, ar stiúrthóireacht í a bhfuil baint dhíreach aici le ‘comhfhreagraithe RF’ sna hArd-Stiúrthóireachtaí eile;

7.  á iarraidh ar an gComhairle coiste sonrach ‘RF’ a bhunú, bunaithe ar an gCoiste Speisialta um Thalmhaíocht, agus é mar aidhm aige a áirithiú go ndéanfar tosaíochtaí agus staid iarmhír na RFanna a chomhtháthú i dtionscnaimh agus i reachtaíocht éagsúla na hEorpa;

8.  á iarraidh go gcruthófaí post an ‘bhuanrapóirtéara RF’ chun faireachán Pharlaimint na hEorpa ar chur i bhfeidhm ceart Airteagal 349 CFAE i mbeartais phoiblí Eorpacha a neartú;

B.Cumarsáid agus faisnéis níos fearr

9.  á iarraidh go mbunófaí fíorstraitéis chumarsáide lena ndíreofaí, go háirithe, ar dhaoine óga a bheith rannpháirteach agus ar iad a chur ar an eolas faoi na deiseanna a chuireann an tAontas ar fáil, agus ar fheasacht a mhúscailt maidir le tairbhe na hEorpa sa saol laethúil; á iarraidh go mbunófaí oifig de chuid an Choimisiúin i ngach RF, i bhfianaise chineál oileánach roinnt de na réigiúin sin, an iliomad críoch atá iontu agus a scoite amach óna chéile atá siad;

10.  á mholadh go mbainfí úsáid níos fearr as na hardáin mhalartaithe éagsúla idir riaracháin, amhail an clár TAIEX-REGIO PEER 2 PEER le haghaidh cistí comhtháthaithe, an clár TAIEX-EIR PEER 2 PEER maidir leis an gcomhshaol agus freisin Ardán Eorpach Gheallsealbhóirí an Gheilleagair Chiorclaigh;

11.  á mholadh go gcruthófaí ‘Erasmus’ do lucht riaracháin a bhainistíonn cistí Eorpacha sna RFanna, d’fhonn dea-chleachtais agus eiseamláirí a roinnt chun an leas is fearr is féidir a bhaint as cistí comhtháthaithe;

12.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an leathanach gréasáin(10) atá tiomnaithe do staidreamh ó na RFanna (Eurostat), a cuireadh i dtoll a chéile i gcomhar le seirbhísí staidrimh na Portaingéile, na Spáinne agus na Fraince agus na RFanna; á chur in iúl gur oth léi an easpa sonraí cuimsitheacha maidir le Saint-Martin, rud a fhágann nach féidir anailís chuimsitheach agus chomparáideach a dhéanamh ar na RFanna uile; ag tathant ar an gCoimisiún, agus go háirithe ar Eurostat, sonraí iontaofa, comhiomlánaithe agus cothrom le dáta a bhailiú ó na RFanna uile, lena bhféadfar anailísí earnálacha a dhéanamh, chomh maith le measúnú a dhéanamh ar thionchar chur chun feidhme na mbeartas Eorpach sna RFanna;

C.An todhchaí a thógáil

13.  á iarraidh go ndéanfaí na RFanna a chomhtháthú níos fearr i bplé na Comhdhála maidir le todhchaí na hEorpa, go háirithe trí Chomhdháil Uachtaráin na RFanna, d’fhonn í a shaibhriú ó thaobh RFanna de agus d’fhonn cur i bhfeidhm éifeachtach Airteagal 349 CFAE a áirithiú sna cláir agus sna beartais éagsúla de chuid an Aontais atá ar na bacáin;

14.  á chur i bhfáth gur gné bhunúsach é an t-idirphlé leis na saoránaigh chun gaireacht agus nasc a bhunú idir na RFanna agus na hinstitiúidí Eorpacha; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an idirphlé sin, go háirithe sna RFanna;

15.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis nua a chomhthógáil le haghaidh na RFanna agus leis na RFanna, ar straitéis í lena bhfreagrófar don staid iarbhír áitiúil agus do riachtanais áitiúla agus lena léireofar moltaí Pharlaimint na hEorpa agus a bheidh bunaithe ar urraim do ghnéithe sonracha, ar chomhdhlúthú an acquis agus ar optamú na sásraí atá ann cheana, maidir le nuálaíocht agus maidir le luacháil na RFanna mar ‘chríocha réiteach’;

16.  á mholadh go ndéanfaí fíorphlean gníomhaíochta a tharraingt suas don chomhpháirtíocht straitéiseach nua sin, i gcomhar leis na príomh-gheallsealbhóirí, go háirithe údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, gníomhaithe eacnamaíocha agus sóisialta, an tsochaí shibhialta, lucht léinn agus eagraíochtaí neamhrialtasacha;

17.  á iarraidh go gcuirfí chun feidhme an straitéis nua agus an plean gníomhaíochta a ghabhann léi a luaithe is féidir d’fhonn cur leis an téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta sna RFanna;

TEIDEAL 2: Infheistíocht a dhéanamh i bpoist chuibhiúla, an dlúthpháirtíocht a chomhdhlúthú agus gníomhú mar thosaíocht don óige

18.  ag tabhairt dá haire go gcuireann na RFanna deiseanna ar fáil don Aontas treoirthionscadail a cheapadh i bhfianaise dúshláin shocheacnamaíocha agus aeráide, ach gur gá, chuige sin, dlús a chur le laghdú an riaráiste atá ann de bharr míbhuntáistí struchtúracha, chomh maith le comhdhlúthú agus imfhálú a dhéanamh ar na huirlisí le haghaidh chúiteamh na míbhuntáistí struchtúracha sin a bhaineann leis an stoiteachas agus le hoileánachas, rudaí atá bunriachtanach chun go mbeidh na RFanna in ann iad féin a chomhtháthú go hiomlán agus go cothrom sa limistéar Eorpach;

A.An dlúthpháirtíocht a chomhdhlúthú

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na RFanna tosaíochtaí na dlúthpháirtíochta Eorpaí a dhéanamh den chomhrac i gcoinne na bochtaineachta, na dífhostaíochta agus an eisiaimh shóisialta – lena n-áirítear maidir le daoine faoi mhíchumas, agus infheistíocht á déanamh san oideachas agus san oiliúint, chomh maith le tionscadail amach anseo lena ndíreofar ar an nuálaíocht, go háirithe nuálaíocht shóisialta, athoiliúint agus éagsúlú;

20.  á mheas gur cheart go mbeadh an beartas comhtháthaithe níos éifeachtaí do mhná a bhfuil cónaí orthu sna RFanna agus gur cheart dó comhionannas inscne agus cur chun feidhme éifeachtach straitéis AE a chur chun cinn maidir le comhionannas inscne sna RFanna;

21.  ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag an ngeilleagar atá bunaithe ar an tsochaí agus ar an dlúthpháirtíocht sna RFanna, ar comhpháirtí é de chuid na n-údarás réigiúnach agus áitiúil maidir leis an gcomhrac i gcoinne na srianta a bhaineann leis na réigiúin is forimeallaí, leis an mbochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, agus maidir le poist a chruthú agus tionscnaimh a fhorbairt sna réigiúin sin, i gcomhréir leis na straitéisí Eorpacha éagsúla; á mholadh go dtabharfaí aitheantas don fhíoras sin ar an leibhéal Eorpach agus go mbeadh rochtain dhíreach ag an earnáil neamhbhrabúis sin ar fhóirdheontais Eorpacha;

B.An tsláinte a chosaint

22.  á chur i bhfios go láidir go bhfágann sainiúlachtaí na RFanna go mbíonn siad níos leochailí d’imeachtaí domhanda, amhail paindéim COVID-19; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhfoghlaimeofaí na ceachtanna is fearr ón ngéarchéim seo agus go gcuirfí san áireamh cás ar leith na RFanna i bhfianaise imeachtaí den chineál sin a bheidh ann amach anseo;

23.  á mholadh go gcruthófaí lárionad taighde, tiomnaithe do ghalair thógálacha thrópaiceacha agus do ghalair a fhaightear go háirithe sna RFanna, amhail diaibéiteas, murtall agus ailsí áirithe, agus go mbainfí leas as na cistí is gá chun laghdú a dhéanamh ar an riaráiste cúraim sláinte sna RFanna;

24.  á mholadh go seolfaí treoirthionscadal i gcomhréir le réamhghníomhaíocht BEST chun tacú leis an obair ar phlandaí íocshláinte sna RFanna;

C.Daoine óga: tosaíocht ó thaobh gníomhaíochtaí agus torthaí de

25.  á athdhearbhú, maidir leis na RFanna, gur mórshócmhainn é neart na ndaoine óga agus gur minic nach gcuirtear luach leordhóthanach air agus gur cheart tosaíocht a thabhairt dó chun réitigh nithiúla a fhorbairt trí chistí Eorpacha a chur ar fáil le haghaidh oideachais, oiliúna agus tacaíocht do dhaoine óga;

26.  ag cur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur gá infheistíocht a dhéanamh i ngach leibhéal den oideachas agus den fhoghlaim ar feadh an tsaoil mar thosaíocht sna RFanna, d’fhonn luathfhágáil na scoile a chomhrac; ag tathant ar an gCoimisiún a mheas gur ‘cuspóir tosaíochta’ é an t-oideachas chun na RFanna a fhorbairt, ag cabhrú leis na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla beartais phoiblí a cheapadh lena spreagfar daoine óga agus lena dtairgfear deiseanna nua tarraingteacha oideachais, oiliúna, cáilíochta agus athoiliúna dóibh ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, lena n-áirítear scileanna digiteacha, tríd an seomra ranga nó tríd an gcianfhoghlaim, chun gur féidir leo conair scileanna aitheanta a thógáil;

27.  á mholadh go mbainfí leas as cistí Eorpacha chun, de pháirt amháin, ‘Campas Barr Feabhais’ a bhunú i limistéir gheografacha na RFanna trí idirnascadh a chur chun cinn idir scoileanna, ollscoileanna agus lárionaid oiliúna sna RFanna agus, den pháirt eile, lárionaid taighde a chruthú chun staidéar níos fearr a dhéanamh ar bhithéagsúlacht na RFanna;

28.  á mheabhrú, i bhfianaise na rátaí dífhostaíochta i measc daoine óga sna RFanna, gur gá seifteanna sonracha a chruthú, go háirithe tríd an Tionscnamh Fostaíochta don Aos Óg; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis sin, gur cruthaíodh leithdháileadh breise do na RFanna faoi CSE+ 2021-2027 agus á iarraidh ar na réigiúin lena mbaineann an fhoinse nua maoinithe sin a thapú chun tacú le hinfhostaitheacht, soghluaisteacht agus oiliúint sna RFanna;

29.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le fostaíocht do dhaoine óga sna RFanna trí ionad ilfhreastail digiteach a bhunú i gcomhar leis an earnáil phríobháideach, le hollscoileanna agus le húdaráis áitiúla chun tacú le cuardach a dhéanamh ar chéad phost agus chun tacú le gnólachtaí a chruthú nó a thógáil ar láimh sna RFanna;

D.Comhtháthú staid iarbhír na RFanna a neartú in ERASMUS+

30.  á iarraidh, agus clár Erasmus+ á chur chun feidhme, go ndeonófaí an uasmhéid cabhrach do mhic léinn ó na RFanna, le méadú airgeadais más gá chun fíorchostais taistil a chumhdach, agus á iarraidh go ndéanfaí soghluaisteacht a chur chun cinn i dtríú tíortha i limistéar geografach, cultúrtha agus stairiúil gach RF, chomh maith le malartuithe laistigh de RFanna;

31.  ag leagan béim freisin ar an ngá atá ann rannpháirtíocht na RFanna a neartú i ngach gníomhaíocht faoin gclár Erasmus+ agus malartuithe láidre comhair agus soghluaisteachta idir institiúidí oideachais, sóisialta agus spóirt a chur chun cinn;

TEIDEAL 3: Fás inbhuanaithe a fhorbairt, geilleagar glas agus gorm a úsáid agus gairmeacha nua a chothú chun an aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050

32.  ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé tionscnaimh áitiúla a spreagadh trí thacú le gach fiontar táirgthe sna RFanna, agus aird ar leith á tabhairt ar mhicrifhiontair, fiontair bheaga agus fiontair mheánmhéide chomh maith leis na hearnálacha turasóireachta, ceardaíochta, tionsclaíocha, tógála agus digiteacha; á áitiú gur gá infheistíochtaí nuálacha, inbhuanaithe agus athléimneacha a dhéanamh;

33.  á mholadh do na RFanna nascadh leis an líonra ‘Áitiúil 2030’ agus scórchláir forbartha inbhuanaithe a fhorbairt chun a réiteach a chomhroinnt ar bhealach níos fearr;

34.  á athdhearbhú gur gá na gairmeacha a bhaineann le feirmeoireacht, beostoc, iascach, gairmeacha mara agus gairmeacha comhshaoil a dhéanamh níos tarraingtí sna RFanna, mar gheall ar a struchtúr eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil, agus borradh leanúnach á chur faoi dhaoine óga;

A.An beartas talmhaíochta agus an geilleagar glas

35.  ag leagan béim ar an ngá atá ann gnéithe sonracha agus samhlacha talmhaíochta na RFanna a ionchorprú i bpleananna straitéiseacha agus i mbainistiú chláir forbartha tuaithe CBT le haghaidh cur chuige níos réigiúnaithe agus níos solúbtha;

36.  á iarraidh go gcoinneofaí bearta sonracha agus leithdháiltí airgeadais faoin scéim POSEI, nó go ndéanfaí iad a atreisiú fiú, chun cuspóirí maidir le neamhspleáchas bia, aistriú agrai-éiceolaíoch, fás glas, éagsúlú agus freagrúlacht do ghéarchéimeanna sa mhargadh sna réigiúin is forimeallaí a bhaint amach; á mheabhrú, murab ionann agus íocaíochtaí eile a dhéantar faoi CBT, nach ndearnadh méideanna na scéime POSEI a thabhairt cothrom le dáta i bhfianaise an bhoilscithe;

37.  á áitiú go bhfuil an scéim POSEI riachtanach chun comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn laistigh den Aontas, chun an comhshaol tuaithe a chothabháil agus chun bánú sna RFanna a chomhrac, agus ag leagan béim, maidir leis sin, ar an meastóireacht dhearfach a rinne an Coimisiún ar an scéim POSEI;

38.  ag tabhairt dá haire, mar gheall ar an deireadh le cuótaí agus praghsanna ráthaithe, a thosaigh le hathchóiriú 2005 ar chomheagrú an mhargaidh siúcra, go bhfuil táirgeoirí siúcra cána sna RFAnna i staid leochaileach; ag leagan béim ar an ngá atá ann na sásraí sonracha ar fad a cuireadh ar bun faoi Airteagal 349 CFAE a choinneáil ar siúl chun iomaíochas inbhuanaithe an tionscail sin a áirithiú; á iarraidh go mbunófaí sásra tacaíochta do shaothraithe cána i gcás ina dtitfidh praghsanna domhanda siúcra;

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún na buiséid d’fheachtais a mhéadú chun scéimeanna cáilíochta an Aontais a chur chun cinn, chun feasacht a ardú ina leith agus chun iad a luacháil, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

   (i) táirgí a bhfuil sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint (STFC) acu, táirgí a bhfuil tásc geografach faoi chosaint (TGFC) acu, sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR) agus scéimeanna deimhniúcháin deonacha;
   (ii) modhanna táirgeachta orgánaí;
   (iii) lógó tháirgí talmhaíochta ar cháilíocht shonrach na RFanna;

40.  ag tacú leis an straitéis ‘Ón bhfeirm go dtí an Forc’, lena gcuirtear teorainn bhreise le hoibreáin um chosaint plandaí don Aontas, ach á chur i bhfios go láidir gur gá na sainiúlachtaí a bhaineann le barra trópaiceacha agus fothrópaiceacha sna RFanna a chur san áireamh agus a bheith ag gabháil leis an aistriú;

41.  á athdhearbhú, ar deireadh, a thábhachtaí atá sé an ráta cómhaoinithe a choinneáil ag 85 % do na RFanna faoi CETFT, chun, go háirithe, an bhithéagsúlacht sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht a athbhunú, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus forbairt na limistéar tuaithe a chur chun cinn sna RFanna;

B.An beartas iascaigh agus an geilleagar gorm

42.  ag athdhearbhú ról bunúsach an gheilleagair ghoirm sna RFanna agus do na réigiúin sin; á iarraidh go mbeadh réitigh dúlra-bhunaithe ann agus ag leagan béim ar an ngá atá ann an chothromaíocht idir acmhainní na n-aigéan agus forbairt gníomhaíochtaí muirí a urramú;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún treoirthionscadail a chruthú sna RFanna lena ndíreofar ar an ngeilleagar agus ar oiliúint ghorm, ionas go mbeidh na réigiúin sin ar thús cadhnaíochta maidir le rialachas na n-aigéan, agus chun tacú leis an nuálaíocht agus leis an taighde, lena n-áirítear ábhair hidrea-in-bhithdhíghrádaithe d’fhonn an t-aistriú chuig geilleagar ciorclach a bhaint amach, gan na hábhair sin a mheas, áfach, mar leigheas ar thruailliú mara;

44.  á iarraidh go neartófaí bearta sonracha faoin gcomhbheartas iascaigh tríd an gCiste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe (CEMI) chun cuspóir an neamhspleáchais bia a bhaint amach agus chun tacú le fás gorm na RFanna, go háirithe trí réitigh éifeachtacha agus phragmatacha a sholáthar chun táirgí iascaigh na RFanna a iompar, ionas go dtiocfaidh siad go tapa agus ar an mbealach is fearr is féidir ar na príomhmhargaí;

45.  á chur in iúl gur cúis imní di staid na gcabhlach iascaireachta, a bhfuil codanna dóibh i staid dhíghrádaíthe agus ag dul in aois sna RFanna, agus á chur in iúl gur cúis imní di an tionchar a bhíonn ag an gcontúirt sin ar iascairí agus ar an gcomhshaol; á meabhrú, sna réigiúin sin, go bhfuil gníomhaíocht iascaireachta bunaithe den chuid is mó ar chleachtais thraidisiúnta, agus gur oth léi, dá bhrí sin, nach féidir tacú le cabhlaigh cheardaithe na RFanna a athnuachan don tréimhse 2021-2027, a fhad atá cothromaíocht ann idir an acmhainn iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta sna RFanna (an uastáirgeacht inbhuanaithe a urramú);

46.  ag tathant ar an gCoimisiún cabhrú leis na Ballstáit feabhas a chur ar bhailiú na sonraí eolaíocha is gá chun na coinníollacha incháilitheachta um Státchabhair a chomhlíonadh chun cabhlaigh iascaireachta a athnuachan sna RFanna;

47.  á mheabhrú gur ghabh an Coimisiún air féin, faoi Airteagal 29 d de Rialachán CEMID, tuarascáil mheántéarmach a thíolacadh ar an gcaibidil maidir le RFanna (Caibidil V) agus anailís a dhéanamh ar an ngá atá le rialachán uathrialach maidir le hiascaigh sna RFanna;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle ionstraim tacaíochta a bhunú, amhail ó 2027, a bheadh cosúil le POSEI, don earnáil mhuirí agus iascaigh sna RFanna, agus é mar aidhm léi maoiniú a fháil chun freastal ar riachtanais shonracha na réigiún sin;

49.  á mheabhrú gur gá na RFanna a chosaint, agus comhaontuithe iascaigh á dtabhairt i gcrích le tríú tíortha;

C.Le haghaidh turasóireacht inbhuanaithe

50.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú go láidir le hearnáil na turasóireachta sna RFanna chun téarnamh agus fás inbhuanaithe a chur chun cinn, agus chun an claochlú sóisialta, comhshaoil agus digiteach is gá a bhaint amach san earnáil, go háirithe in FBManna;

51.  á athdheabhrú gur gá díriú ar an turasóireacht inbhuanaithe trí thacú le treoirthionscadail nuálacha chun réitigh níos glaise agus níos digití a chur chun cinn, ar turasóireacht í lena ndíreofaí ar acmhainneacht nádúrtha na réigiún a shaothrú agus a urramú trí thionscadail éiceathurasóireachta;

52.  á iarraidh, san fhadtéarma, go gcruthófaí lipéad Eorpach aonair don turasóireacht inbhuanaithe, lena n-ionchorpraítear freisin gnéithe cáilíochta, inrochtaineachta agus cuimsithe, agus aird ar leith á tabhairt ar na RFanna;

D.Comhshaol, bithéagsúlacht, aeráid agus fuinneamh

53.  á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear san áireamh sa Chomhaontú Glas agus i Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais go dtí 2030 an acmhainneacht eisceachtúil don bhithéagsúlacht sna RFanna;

54.  ag tacú go láidir le cur chun cinn SDGanna na Náisiún Aontaithe agus an phrionsabail ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ de réir bhrí Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852(11) maidir le tacsanomaíocht;

55.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar mhinicíocht agus ar fhoréigean feiniméan aimsire sna RFanna, feiniméin atá nasctha go díreach leis an athrú aeráide, agus á athdhearbhú go bhfuil gá le gníomhaíocht láidir ar gach leibhéal chun comhordú a dhéanamh ar na hinfheistíochtaí is riachtanach d’oiriúnú, d’athléimneacht agus do chosc i bhfianaise na mbagairtí méadaithe aeráide sin; á mholadh go mbainfí níos mó úsáide as an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;

56.  á mheabhrú, mar gheall ar na dúshláin shonracha atá roimh na RFanna, amhail ardú leibhéil na farraige, ardú theocht na farraige agus minicíocht mhéadaithe na gcreathanna talún agus na dtuilte, go n-éilítear creat reachtach an Aontais chun na sainiúlachtaí sin a chur san áireamh agus, más gá, foráil a dhéanamh do mhaoluithe agus do dhreasachtaí airgeadais agus teicniúla;

57.  á chur i bhfios go láidir nach mór cur chun feidhme na straitéise bithéagsúlachta sna RFanna a chomhordú leis na hiarrachtaí chun forbairt inbhuanaithe a dhéanamh ar earnáil na talmhaíochta, na foraoiseachta, an iascaigh agus an dobharshaothraithe sna réigiúin sin;

58.  ag spreagadh gairmeacha nua a theacht chun cinn a bhaineann leis an gcomhshaol agus tacaíocht do ghníomhaithe ar an láthair a bhfuil baint acu le cosaint na bithéagsúlachta, go háirithe comhlachais agus, maidir leis sin, á mholadh go neartófaí prionsabal na comhpháirtíochta;

59.  á iarraidh ar an Lárionad Eolais nua don Bhithéagsúlacht dá bhforáiltear i Straitéis Bithéagsúlachta AE go dtí 2030 áit níos fearr a thabhairt do shonraí na n-eintiteas Eorpach go léir thar lear agus cur chuige ultramhuirí a fhorbairt maidir le plean athchóirithe dúlra AE;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lena mbaineann tacú go gníomhach leis na cuspóirí a bhaineann le cosaint agus athbhunú an dúlra agus sna RFanna, agus á iarraidh freisin go gcruthófaí gréasán dúlra tras-RF;

61.  ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil tionchar diúltach ar acmhainneachtaí bainistithe foraoise ag imirce na ndaoine óga ó na háiteanna is iargúlta sna RFanna agus go méadaíonn sí an baol ó thinte de dheasca bainistiú neamhleor ar na hacmhainní sin agus ar fhorbairt plandaí ionracha; á iarraidh go mbeadh sásraí ann lena gcosnófaí ár gcomhshaol, go háirithe tríd an mbánú a chomhrac, tríd an bpobal a mhealladh isteach níos sna háiteanna sin agus a choinneáil iontu níos mó agus trí ghníomhaíochtaí a bhaineann le talmhaíocht inbhuanaithe agus leis an dúlra a spreagadh;

62.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go gcomhtháthaítear an tionscnamh BEST leis an gclár LIFE; á iarraidh go ndéanfaí leithdháileadh bliantúil EUR 8 milliún ar a laghad ar an tionscnamh BEST sin chun gabháil le críocha i gcur chun feidhme Straitéis Bithéagsúlachta nua AE, lena n-éilítear go mbeadh ar a laghad 30 % de limistéir mhuirí agus talún faoi chosaint; á mholadh go ndéanfaí measúnú tionchair ar chur chun feidhme féideartha an chláir Natura 2000 maidir le RFanna na Fraince, chun na huirlisí is oiriúnaí a shainaithint chun an bhithéagsúlacht agus an comhshaol a chosaint sna réigiúin sin;

63.  ag athdhearbhú an chuspóra maidir le neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach do na RFanna agus ag tacú go láidir leis an gcuspóir maidir le 100 % d’fhuinneamh a bheith in-athnuaite sna RFanna a bhaint amach trí dheireadh a chur de réir a chéile le húsáid breoslaí iontaise agus trí acmhainneacht mhéadaitheach an fhuinnimh inbhuanaithe agus inathnuaite a threisiú, lena n-áirítear ar an mórmhuir, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis an ngealltanas Eorpach neodracht carbóin a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus leis na spriocanna aeráide do 2030;

64.  á iarraidh go gcuirfí feabhas ar éifeachtúlacht fuinnimh na dtithe sna RFanna; ag leagan béim ar na sainiúlachtaí agus na srianta a bhaineann le rochtain ar ábhair dheimhnithe; á dheimhniu a thábhachtaí atá an Ciste um Aistriú Cóir agus an ionstraim REACT-EU, lena maoinítear aistrithe sna RFanna;

E.Geilleagar ciorclach comhtháite agus luachbhunaithe

65.  á chur i bhfios go láidir nach mór an geilleagar ciorclach, cuspóir an truaillithe nialasaigh, éifeachtúlacht fuinnimh agus caomhnú na bithéagsúlachta a bheith ina mbunphrionsabail sa straitéis nua sin do na RFanna agus nach mór cleachtais níos inbhuanaithe a bheith mar thoradh uirthi ar mhaithe le críocha a chaomhnú chomh maith le forbairt eacnamaíoch, fostaíocht agus comhtháthú a bhaint amach;

66.  á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht láidir do na RFanna chun tacú le samhail eacnamaíoch inbhuanaithe nua trí thionscnaimh a struchtúrú chun an geilleagar ciorclach a fhorbairt agus poist agus gairmeacha nua ‘glasa’ a chur chun cinn;

67.  ag leagan béim ar an ngá atá ann an geilleagar ciorclach a chomhtháthú i mbeartais bainistithe dramhaíola sna RFanna; á iarraidh go bhforbrófaí réitigh nuálacha maidir le dramhaíl a laghdú agus a aisghabháil sna RFanna; ag tabhairt rabhaidh faoi chastacht agus costais an bhainistithe dramhaíola sna RFanna, rud a éilíonn tacaíocht d’infheistíochtaí sa bhonneagar chun an t-aistriú i dtreo geilleagar ciorclach a chur chun cinn;

68.  á iarraidh ar an gCoimisiún freisin lárionad don chomhrac i gcoinne an truaillithe mara a bhunú sna RFanna chun tacú le bonneagar bailithe agus cóireála bruscair muirí a chruthú;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún, faoin gclár Fís Eorpach, glaonna a sheoladh le haghaidh tionscadail taighde eolaíochta dírithe ar na RFanna, ag leanúint ó na torthaí a baineadh amach leis an gclár Fís 2020;

TEIDEAL 4: Oiriúnú do dhúshláin agus do dheiseanna an tsaoil dhomhandaithe

70.  á mheabhrú go bhfuil acmhainneacht mhór agus dea-thréithe sonracha ag na RFanna a rachaidh chun tairbhe an Aontais ina iomláine, agus nach mór don Eoraip a bheith ag brath ar na RFanna, agus ar a gcomhar leis na tíortha ina gcomharsanacht, chun a luachanna daonlathacha agus a cuspóirí comhshaoil agus sóisialta a chur chun cinn;

71.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéisí macrairéigiúnacha a dhréachtú agus a chur chun cinn do na RFanna ina limistéir gheografacha faoi seach, ag féachaint ar na féidearthachtaí go léir maidir le comhordú iarbhír níos fearr a dhéanamh ar idirghabhálacha comhuaineacha chistí éagsúla AE (i.e. CFRE, an Cinneadh maidir leis na tíortha agus na críocha thar lear agus an Eoraip Dhomhanda (an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta));

72.  á iarraidh ar an gCoimisiún freisin na RFanna a chur san áireamh i straitéis mhacrairéigiúnach an Atlantaigh, agus téamaí atá níos oiriúnaí do na réigiúin sin a gcur san aíreamh;

73.  á mholadh go ndéanfaí an chomhpháirt nua atá tiomanta don chomhar leis na RFanna a chur chun úsáide sa chlár nua INTERREG;

74.  ag leagan béim ar an ngá atá le forbairt tionscadal comhair idir na RFanna éagsúla a neartú, a spreagadh agus a chur chun cinn, chun a staid gheostraitéiseach agus gheo-eacnamaíoch a fheabhsú agus chun dea-chleachtais a roinnt;

A.Beartas iomaíochta cothrom agus iomchuí

75.  ag cur béim ar an ngá atá le geilleagair na RFanna a chosaint ar chleachtais tráchtála ionsaitheacha, amhail margaí saortha agus mí-úsáid suíomhanna monaplachta;

76.  á áitiú ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar shaintréithe na RFanna, go háirithe a n-iargúltacht ó mhór-roinn na hEorpa agus ar mhéid teoranta a gcuid margaí, agus a bheartas iomaíochta á chur chun feidhme aige, agus ag leagan béim ar a úsáidí atá maoluithe státchabhrach do na RFanna;

77.  á chur in iúl gur díol sásaimh di reachtaíocht an Aontais maidir le státchabhair a bheith á cur in oiriúint do ghéarchéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí cuid de na bearta eisceachtúla sin a choimeád do na RFanna, agus na bearta atá ann cheana do na réigiúin sin sa Rialachán ginearálta maidir le blocdhíolúine(12) (GBER) agus sna treoirlínte maidir le státchabhair réigiúnach á gcoimeád ag an am céanna;

78.  á iarraidh go gcruthófaí stádas sonrach d’fhiontair sna RFanna d’fhonn a n-iomaíochas a mhéadú, go háirithe ina limistéir réigiúnacha;

B.Iompar agus oscailt rochtana

79.  á áitiú go bhfuil srianta tromchúiseacha ar na RFanna a bhaineann le hiargúltacht, nascacht íseal, spleáchas ar chalafoirt agus ar aerfoirt agus le tíreolaíocht; á mheas gur gá beartas iompair a chur i bhfeidhm a bheidh oiriúnaithe go hiomlán do staid iarmhír na RFanna faoi chuimsiú CFRE agus na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE); á iarraidh ar an gCoimisiún freisin POSEI le haghaidh iompair a chur chun feidhme mar uirlis bhreise chun na míbhuntáistí agus na caillteanais carntha sin a chúiteamh;

80.  ag leagan béim ar an ngá atá ann naisc mhuirí agus aeir a chomhdhlúthú agus a fhorbairt idir na RFanna, laistigh de na RFanna, ach freisin le mórthír na hEorpa agus le tríú tíortha comharsanachta chun tacú lena n-inrochtaineacht;

81.  ag leagan béim ar an ngá atá ann úsáid modhanna iompair atá níos inbhuanaithe agus ar lú an truailliú a dhéanann siad a spreagadh sna réigiúin sin trí roghanna malartacha ar bhreoslaí iontaise a chur chun cinn;

82.  ag tacú leis an tiomantas Eorpach don iompar muirí glas agus do ghníomhaíochtaí nuálacha calafoirt chun an lorg carbóin agus an lorg comhshaoil san Aontas a laghdú agus á iarraidh ar na RFanna tairbhe a bhaint as sin;

83.  ag leagan béim ar an ngá atá le costais iompair a laghdú, bíodh siad ar iompar paisinéirí nó ar iompar lastais, chun prionsabal an leanúnachais chríochaigh agus an chomhtháthaithe a ráthú, chomh maith le comhdheiseanna do na saoránaigh uile; á iarraidh go ndéanfaí bainistiú ar phraghsanna an aeriompair (go dtí na réigiúin sin agus uathu), an iompair ar an talamh (inmheánach, idir cathracha) agus an mhuiriompair (idir réigiúin agus oileáin); á mheas, i ndáil leis sin, gur cheart maoluithe do na RFanna a bheartú sa scéim trádála astaíochtaí CO2 i leith an mhuiriompair agus an aeriompair araon, agus, i gcás inarb iomchuí, i leith dreasachtaí airgeadais agus teicniúla;

84.  á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi SCE, glao sonrach ar thairiscintí a sheoladh agus na critéir incháilitheachta do na RFanna a oiriúnú chun creat tacaíochta a chur ar fáil do bhonneagar soláthair breosla mhalartaigh agus inbhuanaithe i bpríomhchalafoirt na réigiún sin, maidir le soghluaisteacht uirbeach agus eitlíocht;

85.  á iarraidh ar an gCoimisiún freisin, agus athbhreithniú á dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 maidir leis an ngréasán tras-Eorpach iompair(13), gné na RFanna a ionchorprú trí idirnascadh idir an croíghréasán agus an gréasán cuimsitheach a áirithiú agus tríd an gcreat coincheapúil do mhótarbhealaí na farraige a mhaolú;

86.  á mheas gur gá don Choimisiún tacaíocht theicniúil a chur ar fáil chun rochtain a éascú do RFanna ar mhaoiniú Eorpach, go háirithe le haghaidh tionscadail a bhaineann leis an gComhaontú Glas agus le bonneagar mór a thógáil faoin gclár InvestEU;

C.Digiteach agus an spás

87.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gclár don Eoraip Dhigiteach chun nascacht mhéadaithe agus scileanna digiteacha níos fearr a chur chun cinn sna RFanna; á iarraidh ar an gCoimisiún an tacaíocht theicniúil is gá a chur ar fáil chun Moil Nuálaíochta Digití Eorpacha a chruthú sna RFanna, mar a fhoráiltear sa chlár don Eoraip Dhigiteach;

88.  ag cur béim ar an ngá atá ann nascacht dhigiteach na RFanna a áirithiú i gcomhréir leis an gclár oibre digiteach Eorpach mar uirlis mar uirlis le haghaidh forbairt eacnamaíoch agus comhdheiseanna i saol domhandaithe agus i ndomhan an-digitithe;

89.  ag tarraingt aird ar an bhfíoras go gcuireann satailítí nascacht gan bhriseadh agus nascacht fíor-ardacmhainneachta ar fáil, rud atá bunriachtanach chun an deighilt dhigiteach a dhúnadh, go háirithe sna RFanna; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an straitéis Eorpach um spáis a thabhairt cothrom le dáta trí bhearta sonracha a ghlacadh do na RFanna;

D.Beartas tráchtála

90.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbainfidh na RFanna tairbhe iomlán as comhaontuithe idirnáisiúnta (CCEnna, comhaontuithe saorthrádála, etc.) arna dtabhairt i gcrích idir AE agus tríú tíortha trí thascfhórsa maidir le ‘Tionchar an bheartais trádála ar na RFanna’ a bhunú, a mbeadh baint éifeachtach ag na RFanna leis, lena n-áirítear ag ionadaithe ó earnálacha RFanna;

91.  á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh lena dtomhaisfear éifeachtaí carnacha comhaontuithe trádála le tríú tíortha ar fhorbairt shocheacnamaíoch na RFanna;

92.  á iarraidh go gcomhlíonfaí caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta Eorpacha i gcomhaontuithe trádála le tríú tíortha agus á iarraidh go n-áiritheofaí comhlíonadh na gcomhaontuithe sin trí bhearta éifeachtúla agus oibríochtúla;

93.  ag tabhairt dá haire, má thagann iomadú ar na comhaontuithe trádála a thugtar i gcrích le tríú tíortha a tháirgeann táirgí talmhaíochta lena n-onnmhairiú, arb iad na táirgí céanna a tháirgeann na RFanna, ach go mbíonn dálaí éagsúla sóisialta agus comhshaoil ag na tríú tíortha sin, go bhféadfadh sé sin an iomaíocht a shaobhadh agus dáileadh an mhargaidh a athrú trí iomaíochas tháirgeoirí na dtráchtearra sin sa Chomhphobal a chur i mbaol;

94.  á iarraidh go gcaithfí ar bhealach difreáilte le táirgeadh na RFanna i ngach athchaibidlíocht maidir le comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche agus comhaontuithe saorthrádála chun cothromaíocht chóir a bhaint amach idir cosaint do tháirgí talmhaíochta íogaire agus cosaint do leasanna ionsaitheacha an Aontais, trí chlásail choimirce, idirthréimhsí agus cuótaí iomchuí do tháirgí na RFanna a bhreithniú agus, i gcásanna áirithe, trí eisiamh a dhéanamh le haghaidh na dtáirgí is íogaire, amhail siúcraí speisialta;

95.  ag meabhrú an ráitis chomhpháirtigh ó na trí institiúid atá i gceangal leis an rialachán maidir leis an sásra cobhsaíochta tar éis aontachas Eacuadór leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach agus Peiriú agus an Cholóim, ar ráiteas é ina luaitear go ndéanfaidh an Coimisiún anailís ar fhorbairt na margaí tar éis an sásra a bheith dulta in éag agus, i gcás ina rachaidh an staid ina bhfuil táirgeoirí bananaí na hEorpa in olcas, go rachaidh sé i mbun idirghabhála, tar éis dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara;

96.  á mholadh go mbeadh faireachán ar leith ón bPríomh-Oifigeach Forfheidhmithe Trádála (Chief Trade Enforcement Officer), chun cásanna atá idirdhealaitheach do na RFanna a sheachaint, agus á iarraidh go gcuirfí prionsabal ‘na comhréireachta’ i bhfeidhm maidir le hallmhairí ó thríú tíortha i ndáil le táirgí orgánacha;

E.Forbairt chultúrtha a chur chun cinn

97.  á chur i bhfios go láidir gur ambasadóirí iad na RFanna maidir le réimse tionchair an Aontais a mhéadú agus gurb ionann iad agus deis iarbhír do bheartais sheachtracha an Aontais mar gheall ar a ngaireacht agus a gcaidreamh díreach le líon mór tríú tíortha;

98.  ag leagan béim ar na buntáistí a ghabhann leis na suíomhanna geostraitéiseacha agus leis an gcaidreamh stairiúil atá ag roinnt RFanna san Atlantach le mór-roinn Mheiriceá agus le stáit oileánacha Mhuir Chairib; á mholadh go mbainfí tairbhe as suíomh fabhrach na gcríoch sin chun caidreamh idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh a spreagadh sa réigiún sin;

99.  á mheabhrú go bhfuil an cultúr ina cholún d’fhorbairt phearsanta agus de shaibhriú frithpháirteach; á mheas gur gá tacaíocht níos fearr a thabhairt do mhalartuithe i réimse an chultúir;

100.  á iarraidh go ndéanfaí teangacha réigiúnacha na RFanna a chosaint agus go dtabharfaí tacaíocht dóibh, teangacha ar chuid den saibhreas cultúrtha iad agus atá ina modhanna chun lánpháirtíocht agus comhroinnt mhacrairéigiúnach a bhaint amach;

F.Beartas imirce

101.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go mbíonn tionchar ag na sreafaí imirce sna RFanna; á chur in iúl cur in iúl gur cúis imní di staid na n-imirceach ar mionaoisigh neamhthionlactha iad sna RFanna agus á iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm na caighdeáin glactha daonnúla is airde atá curtha in oiriúint do na mionaoisigh sin; ag leagan béim ar an ngá atá le cur chuige daonnachtúil lena bhféadfaí bainistiú éifeachtach ar shreabha imirce a áirithiú i gcomhréir leis an gComhshocrú Nua maidir le hImirce agus Tearmann agus le luachanna an Aontais;

102.  á iarraidh go mbainfí leas as acmhainní ón gCiste um ‘Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht’ agus go gcuirfí cistí breise sonracha ar fáil chun tacaíocht mhéadaithe a thabhairt do na Ballstáit sin a bhfuil a RFanna faoi bhrú mór ó thaobh imirce de;

o
o   o

103.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig na Ballstáit agus chuig Comhdháil Uachtaráin na RFanna.

(1) IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.
(2) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(3) IO C 28, 27.1.2020, lch. 40.
(4) IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.
(5) IO C 334, 19.9.2018, lch. 168.
(6) IO C 298, 23.8.2018, lch. 92.
(7) IO C 285, 29.8.2017, lch. 58.
(8) IO C 258 E, 7.9.2013, lch. 1.
(9) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/demography_report_2020_n.pdf
(10) https://ec.europa.eu/eurostat/cache/RCI/#?vis=outermost.population⟨=en
(11) Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
(12) Rialachán (AE) Uimh. 651/2014 ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2014 ina ndearbhaítear go bhfuil catagóirí áirithe cabhrach comhoiriúnach leis an margadh inmheánach i gcur i bhfeidhm Airteagal 107 agus Airteagal 108 den Chonradh (IO L 187, 26.6.2014, lch. 1).
(13) IO L 348, 20.12.2013, lch. 1.


Cur chuige nua i leith straitéis mhuirí an Atlantaigh
PDF 185kWORD 61k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 ar chur chuige nua i leith straitéis mhuirí an Atlantaigh (2020/2276(INI))
P9_TA(2021)0369A9-0243/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 174, 225 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Iúil 2020 dar teideal A new approach to the Atlantic maritime strategy – Atlantic action plan 2.0: An updated action plan for a sustainable, resilient and competitive blue economy in the European Union Atlantic area [Cur chuige nua i leith straitéis mhuirí an Atlantaigh – plean gníomhaíochta Atlantach 2.0: Plean gníomhaíochta nuashonraithe do gheilleagar gorm inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch i limistéar Atlantach an Aontais Eorpaigh’ (COM(2020)0329),

–   ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030: Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

–  ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP 21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras)(1),

–   ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 dar teideal The European Green Deal [An Comhaontú Glas don Eoraip] (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(2),

–  ag féachaint don chéad phlean gníomhaíochta an Atlantaigh dar dáta an 13 Bealtaine 2013 (COM(2013)0279) agus athbhreithniú mheántéarma an 23 Feabhra 2018 (SWD(2018)0049) maidir leis,

–  ag féachaint do straitéisí AE an 10 Meitheamh 2009 do réigiún Mhuir Bhailt (COM(2009)0248), an 8 Nollaig 2010 do réigiún na Danóibe (COM(2010)0715), an 28 Iúil 2015 don réigiún Alpach (COM(2015)0366) agus 17 Meitheamh 2014 don réigiún Aidriadach-Iónach(COM(2014)0357), agus do na rúin uaidh maidir leis na straitéisí sin(3),

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol(4),

–  ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (Treoir maidir le hÉin)(5), agus do Threoir 2009/147/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le héin fhiáine a chaomhnú (Treoir maidir le Gnáthóga)(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir leis an 15ú cruinniú de Chomhdháil na bPáirtithe (COP15) sa Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch(7),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste Tearmainn, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíochta Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Viosaí(8),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh(9),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle(10),

–  ag féachaint do thogra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2018 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2018)0390),

–   ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(11),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 19 Márta 2021 maidir le teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal A new approach to the Atlantic maritime strategy – Atlantic action plan 2.0: An updated action plan for a sustainable, resilient and competitive blue economy in the European Union Atlantic area [Cur chuige nua i leith straitéis mhuirí an Atlantaigh – plean gníomhaíochta Atlantach 2.0: Plean gníomhaíochta nuashonraithe do gheilleagar gorm inbhuanaithe, athléimneach agus iomaíoch i limistéar Atlantach an Aontais Eorpaigh’,

–  ag féachaint don rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le straitéis AE do thurasóireacht inbhuanaithe a bhunú(12),

–  ag féachaint do thuarascáil ón mBord Misin de chuid an Choimisiúin maidir le haigéin, farraigí agus uiscí cósta agus intíre sláintiúla an 21 Meán Fómhair 2020 dar teideal Mission Starfish 2030:Restore our Ocean and Waters by 2030 [Misean Crosóige Mara 2030: Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú]’,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le straitéisí macrairéigiúnacha AE a chur chun feidhme,

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2011 maidir le Straitéis Eorpach maidir le réigiún an Atlantaigh(13),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2012 maidir leis an Straitéis do réigiún an Atlantaigh faoi Chuimsiú Bheartas Comhtháthaithe AE(14),

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2014 maidir le rialachas straitéisí macrairéigiúnacha (COM(2014)0284),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 26 Eanáir 2011dar teideal Regional policy contributing to sustainable growth in Europe 2020 [Beartas réigiúnach ag cur leis an bhfás inbhuanaithe i gcomhthéacs na straitéise Eoraip 2020](COM(2011)0017),

–  ag féachaint do Threoir 2014/52/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena leasaítear Treoir 2011/92/AE maidir le measúnú a dhéanamh ar éifeachtaí tionscadal poiblí agus príobháideach áirithe ar an gcomhshaol(15),

–   ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 dar teideal A new approach for a sustainable blue economy in the EU – Transforming the EU's Blue Economy for a Sustainable Future [Cur chuige nua i ndáil le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas – Geilleagar Gorm an Aontais a chlaochlú le haghaidh todhchaí inbhuanaithe] (COM(2021)0240),

–  ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)(16),

–  ag féachaint do Threoir 2007/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2007 maidir le measúnú agus bainistiú baol tuilte(17),

–  ag féachaint do Threoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le measúnú a dhéanamh ar na héifeachtaí a bhíonn ag pleananna agus ag cláir áirithe ar an gcomhshaol(18),

–  ag féachaint don staidéar arna ndéanamh ag a Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha (Roinn Beartais B: Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe) an 15 Eanáir 2015 dar teideal New Role of Macro-Regions in European Territorial Cooperation [Ról Nua na Macrairéigiún sa Chomhar Críochach Eorpach],

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do thuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Iascach,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0243/2021),

A.  de bhrí go ndearnadh iarmhairtí socheacnamaíocha COVID-19 agus ag éifeachtaí diúltacha Brexit difear tromchúiseach ar limistéar an Atlantaigh;

B.  de bhrí gurb é limistéar an Atlantaigh an t-imchuach farraige is mó san Aontas Eorpach;

C.  de bhrí go bhfuil turasóireacht chósta agus mhuirí ina foinse mhór fostaíochta do limistéir an Atlantaigh agus go raibh tionchar ar leith ag an ngéarchéim shocheacnamaíoch arb í paindéim COVID-19 is siocair léi ar an turasóireacht sin;

D.  de bhrí go bhfuil iarmhairtí tromchúiseacha ag an ngéarchéim aeráide agus ag an ardú ar leibhéil na farraige ar aghaidheanna muirí agus ar oileáin uile limistéar an Atlantaigh, a bhfuil thimpeallacht leochaileach agus uathúil talún agus mhuirí araon i gceist leo;

E.  de bhrí go gcuimsítear Maidéara, na hAsóir, na hOileáin Chanáracha, Guáin na Fraince, Martinique, Guadalúip agus Saint-Martin i limistéar Atlantaigh an Aontais Eorpaigh mar réigiúin is forimeallaí, agus de bhrí gur cheart go mbeadh plean gníomhaíochta nua an Atlantaigh dírithe ar na réigiúin sin uile agus dlúthchomhar á chothú san am céanna le tíortha agus críocha thar lear (TCTanna) an Atlantaigh agus le tíortha nach Ballstáit den Aontas iad agus a réigiúin;

F.  de bhrí in 2015, gurb é EUR 2 175 bhilliún OTI iomlán limistéar an Atlantaigh, arb ionann é agus 15 % de OTI an Aontais(19),

G.  de bhrí gur cheart go n-áireofaí i straitéis an Atlantaigh sreafaí malairte inláimhsithe agus doláimhsithe le TCTanna an Atlantaigh agus le tíortha neamh-AE, ag glacadh réigiúin Atlantacha an Aontas, lena n-áirítear na réigiúin is forimeallaí, mar bhunús;

H.  de bhrí go bhfuil straitéis bhithéagsúlachta nua AE do 2030, an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite(20) agus an geilleagar gorm ina bpríomhghnéithe san aistriú chuig geilleagar an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite, lena n-áirítear critéir inbhuanaithe atreisithe;

I.  de bhrí go bhfuil ról bunúsach ag na haigéin ó thaobh oiriúnú don athrú aeráide de;

J.  de bhrí go bhfuil aigéin shláintiúla agus caomhnú agus athbhunú a n-éiceachóras bunriachtanach don chine daonna mar rialaitheoirí aeráide, mar tháirgeoirí an tsoláthair ocsaigine in ocsaigin in atmaisféar an Domhain, mar óstaigh na bithéagsúlachta, mar acmhainn don tslándáil bia agus do shláinte an duine, agus mar acmhainn do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha amhail iascach, iompar, longthógáil, trádáil, turasóireacht, gastranamaíocht, fuinneamh inathnuaite, taighde agus táirgí sláinte;

K.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ córas bia cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a bhaint amach;

L.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag calafoirt agus ag an iompar ar an iomlán i gcur chun cinn na forbartha inbhuanaithe agus san aistriú chuig geilleagar atá saor ó charbón agus bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite;

M.  de bhrí gur cheart d’earnáil mhuirí an Aontais rannchuidiú freisin le dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta agus le díghrádú comhshaoil, agus le cuspóirí straitéis bhithéagsúlachta nua AE do 2030;

N.  de bhrí nach foláir do phlean gníomhaíochta athbhreithnithe an Atlantaigh 2.0 leas a bhaint as acmhainneacht an gheilleagair ghoirm i réigiún an Atlantaigh, agus caomhnú á dhéanamh leis ar na héiceachórais mhuirí ag an am céanna agus rannchuidiú á dhéanamh leis le hoiriúnú don athrú aeráide agus le maolú ar an athrú aeráide;

O.  de bhrí go rannchuideofar le rath na straitéise trí oideachas agus oiliúint scileanna gorma, tionscadail taighde chomhpháirteacha agus feasacht phoiblí faoi acmhainneacht agus leochaileacht na n-aigéan mar thimpeallacht nádúrtha a mhúscailt;

P.  de bhrí nach bhfuil tagairt do réigiúin Atlantacha is forimeallaí i bplean gníomhaíochta an Atlantaigh 2.0, ar réigiúin iad a chuireann le gné mhuirí agus Atlantach an Aontais Eorpaigh;

Tionchar Straitéis an Atlantaigh ó 2013 i leith

1.  á thabhairt chun suntais an obair atá déanta ag gach gníomhaí áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus de chuid an Aontais, agus go háirithe obair ghrúpa straitéise an Atlantaigh;

2.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, éifeachtaí Brexit agus phaindéim COVID-19 ar limistéir mhuirí agus chósta an Atlantaigh; ag tabhairt faoi deara mar iarmhairt air sin go bhféadfadh an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a bheith curtha i mbaol, le baol mór ann go gcuirfí dlús le treochtaí dídhaonraithe;

3.  á mheas gur rannchuidigh plean gníomhaíochta an Atlantaigh 2013 le léargas níos cuimsithí a fhorbairt den mhéid atá ag tarlú ar fud an Atlantaigh, ach de bharr a raoin feidhme fhairsing, go raibh an rannchuidiú teoranta ó thaobh tionchar a imirt ar thosaíochtaí agus tacú le forbairt tionscadal ábhartha de;

4.  á thabhairt chun suntais na hiarrachtaí chun gné idirnáisiúnta de straitéis an Atlantaigh a chur chun cinn, go háirithe leis an rath a bhí ar Ráiteas na Gaillimhe an 24 Bealtaine 2013 maidir le Comhar san Aigéan Atlantach agus ar Ráiteas Belém an 14 Iúil 2017 maidir le Comhar Taighde agus Nuálaíochta san Atlantach; á mheabhrú go gcabhraíonn an ghné idirnáisiúnta de phlean gníomhaíochta an Atlantaigh 2013 agus an tacaíocht dá chur chun feidhme le tuiscint a fháil ar na hathruithe atá ar siúl san Aigéan Atlantach, mar aon lena n-éifeachtaí ar phobail chósta éagsúla;

5.  á chur in iúl gurb oth léi gur mór an difear a bhí idir na torthaí ginearálta agus acmhainneacht an phlean gníomhaíochta agus á chur in iúl gur saoth léi an easpa leithdháileadh buiséid agus castacht rialachas na straitéise;

6.  á chur i bhfáth nach é go hiomlán mar thoradh ar phlean gníomhaíochta an Atlantaigh 2013 a bhfuil ann do na 1 200 tionscadal muirí nua agus beagnach EUR 6 bhilliún d’infheistíochtaí arna dtabhairt chun suntais ag an gCoimisiún(21), ach á chur in iúl gur geal léi gur mheall nó gur spreag straitéis an Atlantaigh cuid de na hinfheistíochtaí agus de na tionscadail sin; á chur in iúl gurb oth léi, thairis sin, nach tionscadail trasnáisiúnta(22) iad ach thart ar 30 % de na tionscadail a tugadh chun suntais agus nach dtugann an t-athbhreithniú meántéarma fíor-fhorléargas ar na tionscadail a cuireadh i gcrích le linn na straitéise; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach raibh baint leordhóthanach ag réigiúin an Atlantaigh le rialachas na straitéise;

7.  á chur in iúl gur saoth léi, cé gur cuireadh san áireamh i straitéis an Atlantaigh 2013 iad, gur fágadh earnálacha na n-iascach inbhuanaithe agus an dobharshaothraithe go mór as measúnú athbhreithnitheach meántéarma an Choimisiúin 2017;

PLEAN NUA GNÍOMHAÍOCHTA 2.0: MOLTAÍ FEABHAIS

Barúlacha ginearálta

8.  á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a rinneadh ar an bplean gníomhaíochta agus ag aithint an dul chun cinn a rinneadh ó thaobh a rialachais de; á chur in iúl gur oth léi, áfach, marthanacht na n-easnamh éagsúil;

9.  á chur in iúl gur geal léi roghnaíocht mhéadaithe thosaíochtaí an phlean gníomhaíochta nua i gcomparáid le plean gníomhaíochta an Atlantaigh 2013 agus á iarraidh go ndéanfar gníomhaíochtaí nithiúla a chur i gcrích, mar thoradh díreach ar an straitéis; á mholadh go gcuirfear treochláir shonracha nó garspriocanna sonracha san áireamh le haghaidh gach cuspóra chun na gníomhaíochta sainmhínithe a dhéanamh níos sonraí agus níos éasca le measúnú;

10.  á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil aon leithreasuithe curtha in áirithe i mbuiséad AE do phlean gníomhaíochta an Atlantaigh; á mholadh, sna cláir agus deiseanna cistiúcháin atá ann cheana faoi CAI 2021-2027, amhail Interreg, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Saoráid um Chónascadh na hEorpa agus Fís Eorpach, go gcuirfear chun cinn glaonna ar thionscadail chun déileáil le dúshláin agus deiseanna ilghnéithe de chuid réigiúin an Atlantaigh;

11.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le sineirgí níos mó idir cistí, straitéisí agus cláir éagsúla AE, go háirithe cláir a ndéantar bainistíocht dhíreach orthu agus cláir náisiúnta agus réigiúnacha, chun tacú le geilleagar gorm inbhuanaithe, láidir agus iomaíoch i réigiúin an Atlantaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar lipéadú a dhéanamh ar thionscadail a chomhlíonann tosaíochtaí agus cuspóirí éagsúla na straitéise nua, ionas go mbeadh sé níos éasca iad a mhaoiniú faoi chláir agus cistí ábhartha an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit agus na réigiúin lena mbaineann an straitéis a lua i gcláir agus cistí an bheartais chomhtháthaithe a bhaineann leis na réigiúin sin;

12.  á chreidiúint go bhféadfadh an straitéis pleanáil chomhpháirteach agus forbairt earnálacha an gheilleagair ghoirm i limistéar an Atlantaigh a spreagadh, ag leanúint dhea-chleachtais na pleanála spásúla muirí comhoibríoch, cuimsitheach agus trasearnálach agus trí bhuarthaí comhshaoil, bithéagsúlachta agus aeráide a chur ag a croílár, agus ar an mbealach sin, rannchuidiú le cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach agus le teicneolaíochtaí giniúna leictreachais inathnuaite amach ón gcósta, amhail fuinneamh taoide, fuinneamh tonnta, fuinneamh gréine agus fuinneamh gaoithe, a chur chun cinn;

13.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go scaipfear scéal faoi chláir le cistiú ón Aontas i measc tairbhithe féideartha agus á iarraidh ar an gCoimisiún treoir shoiléir shimplí faoi na deiseanna sin uile a eisiúint; á iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin tionscadail lipéadaithe a bhreithniú chun an ghné Eorpach a dhéanamh sofheicthe don phobal;

Na réigiúin is forimeallaí agus oileáin

14.  á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil ach tagairt ghearr i straitéis nua Atlantaigh d’oileáin na mBallstát san Atlantach, go háirithe na réigiúin is forimeallaí, cé go bhfuil na limistéir sin ag brath go mór ar an ngeilleagar gorm dá n-inbhuanaitheacht shocheacnamaíoch agus go bhfuil sciar suntasach de bhithéagsúlacht an Aontais le fáil iontu;

15.  á mheabhrú go dtugann na réigiúin is forimeallaí gné fhíor-Atlantach don Aontas agus go bhfuil lánpháirtiú iomlán na réigiún sin sa straitéis bunriachtanach chun go n-éireodh leis an straitéis agus gur cheart iad a threisiú dá bhrí sin; á mheabhrú gur cheart go gcuirfear a n-oileánachas, a n-iargúltacht agus a mbeagmhéid san áireamh, i gcomhréir le hAirteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chun fíorchomhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach a chur chun cinn, ach chomh maith leis sin, chun a n-acmhainneacht uathúil agus sócmhainní sainiúla, amhail a staid gheostraitéiseach, a chur chun cinn freisin;

16.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé straitéisí a fhorbairt a dhéanfaidh na srianta ar réigiúin an Atlantaigh a chomhrac, ar shrianta de bharr iargúltachta nó dlús íseal daonra iad, go háirithe ar oileáin na mBallstát agus na réigiúin is forimeallaí, nó trí naisc iompair níos inbhuanaithe a chur chun cinn, deireadh a chur le spleáchas fuinnimh trí glacadh le cineálacha fuinnimh inathnuaite amhail fuinneamh gréine, taoide, agus gaoithe, agus líonraí faisnéise comhordaithe a fhorbairt;

Tionscal agus poist

17.  á mholadh go bhforbrófar straitéis tionsclaíochta ar leibhéal an Atlantaigh, le gné láidir, inbhuanaithe, chomhshaoil agus shocheacnamaíoch maidir leis an ngeilleagar gorm, agus á mholadh gur cheart go ndíreodh an plean gníomhaíochta ar thionscail shuaitheanta a fhorbairt, mar aon le beartais ábhartha earnála a bhaineann go sonrach le limistéar an Atlantaigh nó le limistéir ina bhfuil an acmhainneacht is mó ag iarrachtaí breise chun comhoibriú ar leibhéal imchuach farraige a neartú;

18.  á iarraidh go ndíreofar go láidir sa straitéis ar fhostaíocht cháilíochtúil a chruthú; á mheas nach ndéantar coimirciú leordhóthanach ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i bplean gníomhaíochta nua an Atlantaigh agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur gá gné shóisialta níos láidre a chur san áireamh sa straitéis; á iarraidh go mbeadh gné uaillmhianach shóisialta ann chun an bhochtaineacht agus eisiamh sóisialta a chomhrac agus chun cruthú post ar bhonn cáilíochtúil a chur chun cinn agus, go háirithe, oiliúint do ghairmeacha muirí agus rochtain ar ghairmeacha muirí do dhaoine óga, i réimsí amhail tógáil long agus deisiú long, dobharshaothrú agus iascach;

Iascach inbhuanaithe

19.  á chur in iúl gurb oth léi nach luann an straitéis iascach inbhuanaithe agus dobharshaothrú, cé go bhfuil ról ríthábhachtach socheacnamaíoch agus comhshaoil ag na tionscail sin fad chósta an Atlantaigh agus sna réigiúin is forimeallaí; á iarraidh go gcuirfear príomhearnáil seo an gheilleagair ghoirm san áireamh sa straitéis nua, i gcomhréir le teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2021 maidir leis an gcur chuige nua i ndáil le geilleagar gorm inbhuanaithe san Aontas; á mheas gur cheart go ndéanfadh tagairtí do na tionscail sin tagairt i gcónaí do chur chun feidhme an chur chuige éiceachórais i leith bainistiú muirí;

20.  ag tabhairt rabhaidh maidir le héifeachtaí díobhálacha na ró-iascaireachta agus á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit agus do réigiúin limistéar an Atlantaigh comhoibriú go héifeachtach in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí neamhthuairiscithe;

21.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar idir an Coimisiún, stáit chósta agus gníomhaireachtaí an Atlantaigh ó thaobh cosaint a dhéanamh ar stoic éisc de, lena ndéanfar uastáirgeacht inbhuanaithe a bhaint amach agus lena gcuirfear deireadh le ró-iascaireacht;

22.  á chur i bhfáth gur cheart go ndéanfadh plean gníomhaíochta nua an Atlantaigh 2.0 sineirgí níos mó leis an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ agus an straitéis bhithéagsúlachta do 2030 a chur chun cinn chun tacú le geilleagar gorm láidir, iomaíoch agus inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, go sóisialta agus go heacnamaíoch i réigiúin an Atlantaigh;

23.  ag tabhairt dá aire, le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE go bhféadfadh athrú teacht ar an gcaoi a ndéanann soithí AE a ngníomhaíochtaí a chur i gcrích san Aigéan Atlantach agus ar dhinimic sheanbhunaithe sa réigiún;

Turasóireacht inbhuanaithe

24.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le turasóireacht ardcháilíocht, chliste agus inbhuanaithe a fhorbairt toisc gur earnáil ríthábhachtach í sin den gheilleagar gorm, agus ag dréim leis go ndéanfaidh an Pharlaimint agus an Coimisiún tionscadail phíolótacha a thionscnamh sa réimse sin; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar plean gníomhaíochta an Atlantaigh 2.0 a ailíniú go cuí leis an straitéis do thurasóireacht chósta agus mhuirí agus á iarraidh athbhreithniú láithreach na straitéise sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, thairis sin, cineálacha nua turasóireachta inbhuanaithe muirí agus cósta a chuireann le luach na limistéar sin trí na gníomhaíochtaí atá ar fáil iontu a éagsúlú, agus trí na limistéir sin a chaomhnú ag an am céanna trí dhul chun comhraic leis na héifeachtaí díobhálacha atá ag an ollturasóireacht ar chóstaí, ar an gcomhshaol agus ar an oidhreacht chultúrtha; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an geilleagar ciorclach in earnáil na turasóireachta ó thaobh cleachtais níos inbhuanaithe a fhorbairt a rachaidh chun tairbhe na forbartha áitiúla agus na fostaíochta áitiúla le linn na bliana; ag tabhairt dá haire acmhainneacht shuntasach na turasóireachta gastranómaí a bhaineann go háirithe le táirgí iascaigh agus dobharshaothraithe;

25.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá REACT-AE, lena bhféadfaí tús nua a thabhairt do réigiúin an Atlantaigh trí thurasóireacht chósta inbhuanaithe, trí nuálaíocht agus trí bonneagar calafoirt; á mheabhrú gur gá bonneagar sonrach muirí atá ann cheana, amhail saoráidí tacaíochta loingseoireachta agus áineasa, a chruthú, a oiriúnú agus a nuachóiriú;

Colún I - Calafoirt mar thairseacha agus moil don gheilleagar gorm

26.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar ról chalafoirt an Atlantaigh agus ar an ngá atá le hinfheistíochtaí i mbonneagar cliste, mar aon leis an tábhacht a bhaineann le forbairt agus bainistiú inbhuanaithe calafort, lena n-áirítear calafoirt ghlasa; á chur i bhfios go láidir ról bunúsach agus straitéiseach na gcalafort mar thairseacha chuig AE, ardáin lóistíochta, teophointí don turasóireacht, acmhainní táirgthe fuinnimh, moil stórála agus moil tionsclaíochta; ag tabhairt dá haire an gá atá le bearta a ghlacadh go mear chun an deis a thabhairt do chalafoirt iad féin a chosaint ó iarmhairtí an athraithe aeráide, go háirithe arduithe ar leibhéal na farraige;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar a réigiúin tionscadail nuálacha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na socheacnamaíocha de a chothú in earnálacha muirí an Atlantaigh, i gcalafoirt agus timpeall orthu, ar fud líne chladaigh an Atlantaigh agus ar chríocha muirí, amhail bonneagar lódála muirí ‘glas’ a shuiteáil;

28.  á iarraidh ar an gCoimisiún bearta breise a chur san áireamh sa phlean gníomhaíochta nua don Atlantach chun nascacht idir calafoirt agus aerfoirt a chur chun cinn, nuair is infheidhme, trína n-inbhuanaitheacht a fheabhsú agus trí cheantair chúlchríche mhuirí a fhorbairt trí naisc ilmhódacha; á chur in iúl gurb oth léi na fadhbanna leanúnacha maidir le hidir-inoibritheacht an iompair d’iarnród i gConair an Atlantaigh;

29.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscadail tosaíochta a thabhairt chun críche a áirítear sa ghréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) do Chonair an Atlantaigh, go háirithe i limistéir thrasteorann agus i gcomhthéacs na dtreoirlínte TEN-T a bheidh ann amach anseo agus na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (2021-2027), chun lánfhorbairt mhótarbhealaí TEN‑T na farraige a nascann oileáin leis an mórthír a chur chun cinn agus infheistiú a dhéanamh san fhorbairt sin;

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar réigiúin an Atlantaigh straitéisí a fhorbairt chun deireadh a chur le scrogaill iarnróid, leanúint de naisc iarnróid ardluais a fhorbairt agus de línte traidisiúnta a uasghrádú go comhthreomhar, leanúnachas trasteorann a chur ar fáil, pleananna a tharraingt suas maidir le haistriú ilmhódach chuig modhanna inbhuanaithe iompair, tacú le mótarbhealach iarnróid an Atlantaigh a fhorbairt, naisc iarnróid-calafoirt a fheabhsú agus iad a nascadh le mórchonairí TEN-T eile, go háirithe conairí na Meánmhara, Mhuir Thuaidh-na Meánmhara agus conairí na Réine-na nAlp, mar aon le línte eile ar Chonair an Atlantaigh, agus cuspóirí eile an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus cuspóirí eile straitéis bhithéagsúlachta AE do 2030 á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire, agus is díol sásaimh di, an t-athailíniú atá beartaithe ar na conairí muirí idir mór-roinn na hEorpa agus Éire tar éis Brexit, agus go háirithe comhtháthú na hÉireann isteach i gConair an Atlantaigh;

31.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an obair atá á déanamh ag geallsealbhóirí náisiúnta agus réigiúnacha chun leibhéil sábháilteachta an bhonneagair a choinneáil agus a fheabhsú trí reachtaíocht iomchuí a chur chun feidhme, trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a roinnt;

32.  á iarraidh ar an gCoimisiún borradh a chur faoi dhícharbónú an iompair mhuirí mar bhealach chun infheistíochtaí a fheabhsóidh an inbhuanaitheacht a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar thionscal an mhuiriompair meastóireacht a dhéanamh ar an tairbhe a bhaineann le comhpháirtíocht AE a bhunú don iompar muirí, chun nuálaíocht a chothú laistigh den earnáil, chun rannchuidiú leis an dícharbónú, chun bonneagar a chruthú chun breoslaí malartacha a luchtú, a stóráil agus a sholáthar i gcalafoirt agus i gcríochfoirt lastais, agus chun pleananna bainistithe dramhaíola a fhorbairt do chalafoirt an Atlantaigh;

Colún II - Scileanna gorma na todhchaí agus tuiscint ar na haigéin

33.  á chur i bhfáth an gá atá le líonraí a chruthú idir ollscoileanna agus ionaid foghlama i réimse an taighde agus na hoiliúna maidir le hábhair ghorma, agus ag tabhairt dá haire agus is díol spéise di, na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gclár Erasmus+ 2021-2027 trí thionscnaimh nua de chomhghuaillíochtaí na nOllscoileanna Eorpacha agus Ionaid Barr Feabhais Gairme; á mholadh go bhforbrófar tuilleadh na Scoileanna Gorma Eorpacha; á chur i bhfáth go gcabhródh oideachas agus oiliúint shonrach maidir leis an ngeilleagar gorm, lena n-áirítear trí Chiste Sóisialta na hEorpa Plus, le feasacht ar éiceachórais mhuirí a ardú agus leis an ngá atá ann iad a chosaint trí dhul i ngleic le fadhb an bhruscair mhuirí;

34.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé luathfhágáil na scoile a chomhrac agus a thábhachtaí atá oideachas foirmiúil agus neamhfhoirmiúil chun scileanna na bpobal muirí a fheabhsú agus á spreagadh iarrachtaí chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na n-earnálacha ábhartha éagsúla chun fás gorm cuimsitheach agus iomaíoch a chur chun cinn;

35.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tionscadail phíolótacha a sheoladh i réigiún an Atlantaigh i réimse an rialachais agus an eolais aigéan, sna réigiúin is forimeallaí agus in áiteanna eile, le rannpháirtíocht ollscoileanna, ionad taighde agus coláistí muirí;

36.  á chur in iúl gur geal léi an méadú atá tagtha ar fhorbairt mhéadaitheach taighde nua biteicneolaíochta muirí mar gheall ar an úsáid a d’fhéadfaí a bhaint as le haghaidh feidhmeanna tionsclaíocha agus leighis; á mheabhrú gur féidir le tionscadail agus tionscnaimh nuálaíochta cur le forbairt na gcumas taighde, le líonrú agus le comhroinnt dea-chleachtas;

Colún III - Fuinneamh inathnuaite muirí

37.  á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh chun dlús a chur leis an oiriúnú don athrú aeráide agus chun an sprioc a bhaint amach maidir le bheith ina mór-roinn atá neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050, amhail Comhaontas Scileanna an uile-Atlantaigh agus dreasachtaí a chruthú chun suiteáil saoráidí fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus intíre a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar idir stáit chósta an Atlantaigh maidir le taighde agus forbairt i gcineálacha fuinnimh inathnuaite atá ag teacht chun cinn amhail fuinneamh gréine, fuinneamh tonnta, fuinneamh taoide, agus fuinneamh gaoithe; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil fuinneamh in-athnuaite amach ón gcósta fós tearcfhorbartha i réigiún an Atlantaigh;

38.  á chur i bhfios gur féidir le geilleagar gorm athchóirithe i limistéar an Atlantaigh cur leis an aistriú chuig fuinneamh glan, trí leas a bhaint as acmhainneacht mhéadaitheach an fhuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta agus as bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar an spás muirí i gcomhréir leis an gComhomhaontú Glas don Eoraip, lena leagtar béim ar an ról ríthábhachtach atá ag táirgeadh fuinnimh in-athnuaite amach ón gcósta don aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh aeráide de;

Colún IV - Aigéan sláintiúil agus cóstaí athléimneacha

39.  á chur in iúl gurb oth leis nach ndéantar aon tagairt i bplean gníomhaíochta an Atlantaigh 2.0 agus ina cholúin do chur chun feidhme an chur chuige éiceachórais i leith bainistiú muirí de réir mar a cheanglaítear leis an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí(23) agus á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh feidhm aige i leith na ngníomhaíochtaí uile atá mar chuid den Gheilleagar Gorm;

40.  ag tacú le taighde ar na haigéin agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar réigiúin an Atlantaigh, faoi Cholún IV den phlean gníomhaíochta, mórthionscadal comhpháirteach a chur chun cinn chun an tAigéan Atlantach agus a ghrinneall a ghlanadh, chun tacú le taighde agus breathnóireacht aigéanghrafach ar urlár an aigéin, agus chun bearta inbhuanaithe a chur chun cinn chun truailliú a chosc; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go bhforbrófar gníomhaíochtaí chun rannchuidiú le cosaint agus dícharbónú foinsí muirí, amhail an carbón a tháirgeann soithí;

41.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an geilleagar ciorclach a leathnú trí bhruscar muirí a bhailiú agus é a thabhairt isteach sa gheilleagar arís; ag tathant ar an gCoimisiún tacú le tógáil lárionad chun plaistigh agus dramhaíl mhuirí eile a bhailiú agus a chóireáil, go háirithe sna réigiúin Atlantacha is forimeallaí, a bhfuil tionchar ollmhór ag dramhaíl arna hiompar ag sruthanna muirí orthu; ag moladh go mbunófaí ionad chun truailliú mara a chosc agus a chomhrac i gceann de na réigiúin Atlantacha is forimeallaí;

42.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, agus ar a gcuid réigiún, acmhainní feabhsaithe coisctheacha agus bainistithe riosca a fhorbairt chun déileáil le tionóiscí ar talamh agus ar muir agus le tubaistí nádúrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i ndlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí chun tacú leis na Ballstáit rioscaí comhshaoil a bhaineann le loingseoireacht a mhaolú agus chun inbhuanaitheacht agus sábháilteacht fhoriomlán na hearnála muirí a fheabhsú;

43.  á chur in iúl gur geal léi an tagairt i bplean gníomhaíochta an Atlantaigh 2.0 do bhogaigh chósta a mhapáil agus a chaomhnú, nó a athchruthú, mar chuid de Sprioc 6 maidir le hathléimneacht chósta níos láidre a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil pleananna bainistíochta éifeachtacha ag na limistéir sin;

44.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cláir thiomnaithe amhail Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa/Interreg atá dírithe go háirithe ar mhaolú ar an athrú aeráide agus ar oiriúnú dó, agus ar mheasúnú a dhéanamh agus ar chosc a chur ar rioscaí hidrigeolaíocha i limistéir chósta agus i mbogaigh;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún go dtarraingeofaí suas tionscnaimh uaillmhianacha i gcomhar leis an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus treochlár do dhícharbónú long bunaithe ar mhionmheasúnú tionchair;

46.  á iarraidh ar na Ballstáit limistéir mhuirí leathana faoi chosaint a bhunú, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé gach speiceas muirí a chosaint; á chur i bhfios go láidir nach é amháin go gcosnaíonn limistéir mhuirí faoi chosaint éiceachórais mhuirí ach go bhfuil ról acu freisin sa maolú ar an athrú aeráide agus san oiriúnú don athrú sin agus go rannchuidíonn siad le haigéin shláintiúla agus athléimneacha; ag athdhearbhú na hiarrata ón gCoimisiún, i straitéis bhithéagsúlachta 2030 uaidh, go ndéanfar 30 % ar a laghad de limistéar farraige AE a chosaint, lena n-áirítear trí limistéir téarnaimh stoc éisc, amhail dá bhforáiltear faoin gcomhbheartas iascaigh, agus go ndéanfar 10 % ar a laghad d’uisce AE a chur faoi dianchosaint(24);

47.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé iarrachtaí an Choimisiúin agus na mBallstát a ailíniú chun sláinte agus maoirseacht na n-aigéan a fheabhsú agus bainistiú inbhuanaithe a acmhainní a chur chun cinn, mar a leagtar amach i Ráiteas na Gaillimhe agus Ráiteas Belém;

48.  á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le ‘Misean Crosóige Mara 2030: Ár n-aigéan agus ár n-uiscí a athbhunú’, ar tuarascáil í do phlean gníomhaíochta an Atlantaigh agus á iarraidh go ndéanfaí bearta tacaíochta agus comhordú leis na Ballstáit agus lena réigiúin chun beartais a chur chun feidhme chun na cúig chuspóir ghinearálta atá sa tuairisc a bhaint amach: eolas, athghiniúint, neamhthruailliú, dícharbónú agus rialachas;

Rialachas

49.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil lánpháirtiú níos fearr ag réigiún an Atlantaigh anois i rialachas straitéis an Atlantaigh, go bhfuil sé de shaoirse ag toscaireachtaí náisiúnta cuireadh a thabhairt d’ionadaithe a gcuid réigiún a bheith rannpháirteach sa choiste straitéiseach maidir le hobair réigiún an Atlantaigh, agus gur iarradh ar Chomhdháil na Réigiún Muirí Forimeallach (CPMR) ról chomhairleach a ghlacadh; á chur i bhfios, leis an nasc sin, go bhféadfadh réigiúin, bailte, cathracha agus bardais chósta rannchuidiú go suntasach leis an bplean gníomhaíochta seo a chur chun feidhme;

50.  á iarraidh go mbeadh lánpháirt ag ionadaithe ó na réigiún uile lena mbaineann sna toscaireachtaí náisiúnta agus go dtabharfar cuireadh do TCTanna an Atlantaigh agus do thíortha nach Ballstáit den Aontas iad rannpháirt a ghlacadh sa straitéis;

51.  ag tarraingt aird ar an rath Straitéis na nAlp ó thaobh a struchtúir rialachais de;

52.  ag moladh cruinnithe bliantúla ar a laghad nó níos minice idir na Ballstáit, na réigiúin atá páirteach sa straitéis, an Coimisiún, an Pharlaimint agus na geallsealbhóirí uile chun comhordú níos fearr agus faireachán rialta ar na bearta atá curtha i bhfeidhm ag gach réigiún a chur chun cinn; á chreidiúint gur cheart níos mó infheictheachta a thabhairt don struchtúr nua rialachais agus do chruinnithe amach anseo;

53.  á mholadh go mbunóidh na páirtithe i straitéis an Atlantaigh agus comhaltaí Choiste Faireacháin do Limistéar an Atlantaigh Interreg cuspóirí coiteanna agus nósanna imeachta cinnteoireachta chun réitigh a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin réigiúnacha i réimsí na nuálaíochta, na héifeachtúlachta acmhainní, an chomhshaoil agus an chultúir, agus tacaíocht a thabhairt don fhorbairt réigiúnach agus don fhás inbhuanaithe; á chur i bhfáth nach bhfuil an cumas riaracháin ná airgeadais ag clár limistéar an Atlantaigh Interreg de bheith an t-aon fhoinse chistiúcháin do thionscadail a thagann faoin straitéis Atlantach;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs chuspóirí sonracha straitéis an Atlantaigh, díriú ar na réigiúin is lú forbartha i limistéir an Atlantaigh; á mheas go bhfuil sé bunriachtanach líon na nglaonna sonracha ar thionscadail i réigiúin an Atlantaigh a mhéadú, lena n-áirítear do thionscadail thrasatlantacha bheaga, mheánmhéide agus mhóra, maidir leis na tosaíochtaí socheacnamaíocha beagfhorbartha de chuid straitéis an Atlantaigh; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé prionsabal na comhpháirtíochta a chur chun feidhme ina iomláine, le comhpháirtithe socheacnamaíocha agus geallsealbhóirí eile a bheith rannpháirteach i ndréachtú na gclár beartais chomhtháthaithe i réigiúin an Atlantaigh, agus chomh maith leis sin chun a áirithiú go ndéanfar na tionscadail ar an láthair a phleanáil agus a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr;

55.  ag tathant ar na Ballstáit, i gcomhar lena n-údaráis réigiúnacha agus áitiúla, mar aon le geallsealbhóirí eile, dlús a chur lena rannpháirtíocht agus tionscadail straitéiseacha chomhpháirteacha a chur chun feidhme; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na hearnálacha straitéiseacha a chumhdaítear sa phlean gníomhaíochta sin, amhail iompar, fuinneamh, turasóireacht inbhuanaithe, cosaint an chomhshaoil agus úsáid inbhuanaithe acmhainní, taighde agus oideachas;

56.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart d’eagraíochtaí comhshaoil neamhrialtasacha a bhfuil baint dhíreach ag a ngníomhaíochtaí leis an bhfarraige a bheith níos gníomhaí i gcruthú, i gcur chun cinn agus i gcur chun feidhme tionscadal nua, san oideachas agus in earnálacha eile, amhail éiceachórais agus bithéagsúlacht an Atlantaigh a chosaint;

57.  á iarraidh ar pháirtithe straitéis an Atlantaigh, le tacaíocht ón gCoimisiún, ardán faisnéise sonrach a fhorbairt chun taithí agus dea-chleachtais atá ábhartha do phlean gníomhaíochta an Atlantaigh 2.0 a mhalartú;

58.  ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an straitéis reatha, i bhfianaise na n-easnamh tromchúiseach a sainaithníodh;

Ionsar mhacrairéigiún Atlantach

59.  á mheabhrú go raibh an Chomhairle, i gconclúidí uaithi an 5 Meitheamh 2019 maidir le straitéisí macrairéigiúnacha AE a chur chun feidhme, fós toilteanach go bhféadfaí macrai-réigiúin nua a bhunú; á iarraidh ar an gComhairle Eorpach sainordú a thabhairt don Choimisiún samhail mhacra-réigiún Atlantach a bhunú lena dtreiseofar cuimsiú na n-údarás réigiúnach agus ról na réigiún Atlantach is forimeallaí i rialachas straitéis an Atlantaigh, a stiúrann tionscadail uaillmhianacha do limistéar an Atlantaigh, a dhéanann comhordú níos fearr ar úsáid chistiú AE sna réigiúin agus a oibríonn ar bhealach comhtháite, ag díriú ar na sineirgí idir an ghné mhuirí agus comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún grinnanailís a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le macrairéigiún Atlantach a chur chun feidhme do na Ballstáit agus dá réigiúin, lena dtabharfaí aghaidh ar na dúshláin choiteanna atá os comhair na réigiún sin; á iarraidh ar an gCoimisiún sainiúlachtaí na réigiún is forimeallaí a chur san áireamh sa phlean gníomhaíochta agus san anailís uaidh ar mhacra-réigiún Atlantach a chruthú agus á chur i bhfáth an gá atá ann aird chuí a thabhairt ar a gcuid sainiúlachtaí trí straitéisí tiomnaithe a fhorbairt i ngach imchuach – imchuach Mhuir Chairib, imchuach na hAmasóine agus imchuach na Macarainéise – lena ndíreofar ar na dúshláin ar leith atá os comhair na réigiún is forimeallaí, agus ar an gcaoi sin go n-áiritheofaí nach bhfágfar aon réigiún ar lár;

o
o   o

61.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig na Ballstáit agus chuig parlaimintí réigiúnacha na Fraince, na hÉireann, na Portaingéile agus na Spáinne atá rannpháirteach sa straitéis, agus chuig Coiste na Réigiún agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa.

(1) IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
(2) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(3) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2011 maidir le straitéis AE do réigiún na Danóibe a chur chun feidhme, (IO C 188 E, 28.6.2012, lch. 30); Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Meán Fómhair 2016 maidir le straitéis AE don réigiún Alpach, (IO C 204, 13.6.2018, lch. 57); agus Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Deireadh Fómhair 2015 maidir le straitéis AE don réigiún Aidriadach-Iónach, (IO C 355, 20.10.2017, lch. 23).
(4) IO L 75, 19.3.2015, lch. 4.
(5) IO L 206, 22.7.1992, lch. 7.
(6) IO L 20, 26.1.2010, lch. 7
(7) IO C 270, 7.7.2021, lch. 94.
(8) IO L 231, 30.6.2021, lch. 159
(9) IO L 231, 30.6.2021, lch. 94
(10) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(11) IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0109.
(13) IO C 199 E, 7.7.2012, lch. 95.
(14) IO C 353 E, 3.12.2013, lch. 122.
(15) IO L 124, 25.4.2014, lch. 1.
(16) IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.
(17) IO L 288, 6.11.2007, lch. 27.
(18) IO L 197, 21.7.2001, lch. 30.
(19) Staidéar ón gCoimisiún ó Nollaig 2017 dar teideal Study feeding into the mid-term review of the implementation of the Atlantic Action Plan [Staidéar ag cur le hathbhreithniú meántéarma ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Atlantaigh].
(20) Treoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, (IO L 328, 21.12.2018, lch. 82).
(21) An Coimisiún Eorpach, The Atlantic Strategy and the 2013-2020 Action Plan [Straitéis an Atlantaigh agus Plean Gníomhaíochta 2013-2020], arna rochtain an 20 Iúil 2021, ar fáil ag: https://atlanticstrategy.eu/en/atlantic-strategy-glance/atlantic-strategy
(22) Staidéar ón gCoimisiún ó Nollaig 2017 dar teideal Study feeding into the mid-term review of the implementation of the Atlantic Action Plan [Staidéar ag cur le hathbhreithniú meántéarma ar chur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta an Atlantaigh].
(23) In Airteagal 1 den Treoir, luaitear nach mór an cur chuige éiceachórais a chur i bhfeidhm ar bhealach lena n-áirithítear ‘go gcoimeádfar brú comhchoiteann na ngníomhaíochtaí sin laistigh de leibhéil atá comhoiriúnach le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach agus nach gcuirfear i mbaol cumas na n-éiceachóras muirí freagairt d’athruithe de dhéantús an duine, agus ag an am céanna go mbeifear in ann úsáid inbhuanaithe a bhaint as earraí agus seirbhísí muirí ag an nglúin atá ann agus ag na glúine atá le teacht’.
(24) Leagtar amach i straitéis bithéagsúlachta AE do 2030 na cuspóirí chun 30 % de limistéir talún AE agus 30 % dá limistéar farraige ar a laghad a chosaint ó thaobh dlí de agus conairí éiceolaíocha a chomhtháthú (rud arb ionann agus 4 % breise de thalamh agus 19 % breise de limistéir farraige i gcomparáid leis an lá atá inniu ann). Ina theannta sin, éilítear inti go mbeadh 10 % de thalamh an Aontais agus 10 % d’fharraigí an Aontais ina limistéir faoi dhianchosaint (níl ach 3 % den talamh agus níos lú ná 1 % de limistéir mhuirí faoi dhianchosaint sa lá atá inniu ann).


Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú ***I
PDF 305kWORD 99k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (COM(2020)0726 – C9-0366/2020 – 2020/0320(COD))(1)
P9_TA(2021)0376A9-0253/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  Tá an tAontas tiomanta do shláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú, go háirithe chun móraicídí sláinte trasteorann a chomhrac, bearta maidir le faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith, agus na bagairtí sin a chomhrac.
(1)  Tá an tAontas tiomanta mar thosaíocht do shláinte an duine a chosaint agus a fheabhsú trí ghalair a chosc agus trí dhul i ngleic le móraicídí sláinte trí bhíthin faireachán, measúnú agus cumarsáid a dhéanamh i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, lena bhfeabhsaítear an ullmhacht ina gcomhair, lena soláthraítear luathrabhadh ina leith, agus lena ndéantar na bagairtí sin a chomhrac.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 a (nua)
(2a)  Chun go mbeidh ann do chórais sláinte ardfheidhmíochta a bheidh inrochtana do chách, tá gá le cur chuige iomlánaíoch i leith na sláinte poiblí. Ba cheart é a chur de chúram ar an Lárionad sainaithint agus faireachán a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht atá idir mórghalair neamhtheagmhálacha, d’fhonn measúnú a dhéanamh ar an tionchar atá ag galair ionfhabhtaíocha ar chórais sláinte i gcoitinne agus ar éifeacht na gcomhghalrachtaí ar thorthaí sláinte amhail a tugadh faoi deara le linn phaindéim COVID-19. Bunaithe ar an taithí fhairsing atá ag an Lárionad ar fhaireachas agus ar fhaireachán a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha ar leibhéal an Aontais, ar an uirlis atá aige faoi láthair le haghaidh bailiú sonraí (TESSy) agus ar na naisc atá aige leis na comhlachtaí náisiúnta sláinte poiblí i gcás galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha araon, tá seasamh uathúil ag an Lárionad chun faisnéis chuimsitheach maidir leis an tsláinte phoiblí a chur ar fáil, ar faisnéis í is féidir a úsáid le haghaidh cinnteoireacht beartais.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur paindéim dhomhanda í ráig an choróinvíris nua (COVID-19). Ó na dúshláin a bhí ann le linn freagairt don phaindéim, ba léir gur cheart ról an Lárionaid i gcreat an Aontais maidir le hullmhacht agus freagairt do ghéarchéimeanna sláinte a láidriú.
(3)  An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur paindéim dhomhanda í ráig an choróinvíris nua (COVID-19). I bhfianaise na ndúshlán a bhí ann le linn freagairt don phaindéim, go háirithe do dhaoine a bhí ag fulaingt le galair neamhtheagmhálacha, agus i bhfianaise na mbearnaí éifeachtachta a sainaithníodh i bhfreagairt an Aontais ina leith sin, ba léir gur cheart creat an Aontais i gcás ullmhacht agus freagairt do ghéarchéimeanna sláinte a láidriú agus a leathnú chun úsáid níos fearr a bhaint as acmhainneacht inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát chun freagairt do phaindéimí sa todhchaí.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
(3a)  I gcinneadh an Ombudsman Eorpaigh an 5 Feabhra 2021 i bhfiosrúchán straitéiseach OI/3/2012/TE, sainaithníodh roinnt bearnaí éifeachtachta tábhachtacha i bhfreagairt an Lárionaid do phaindéim COVID-19. De dheasca chóras bailithe faisnéise an Lárionaid fágtar gur ann d’easpa sonraí atá tráthúil, iomlán agus inchomparáide agus go ndéantar difear, dá bhrí sin, d’acmhainneacht samhaltaithe agus réamhaisnéise an Lárionaid, do leibhéal trédhearcachta na faisnéise sin agus conas a dhéantar í a chur in iúl don phobal. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh sin sa Rialachán seo chun a áirithiú, inter alia, go mbeidh ann do chomhordú agus d’fhaireachas eipidéimeolaíoch feabhsaithe, agus do chumarsáid thráthúil maidir le gníomhaíochtaí an Lárionaid agus go mbeidh na gníomhaíochtaí sin níos trédhearcaí.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 b (nua)
(3b)  Beidh acmhainneacht an Lárionaid i leith cúraimí nua a chur chun feidhme ag brath ar an leibhéal cúnaimh airgeadais a bheidh ar fáil ón Aontas, agus ar na hacmhainní daonna inmheánacha agus seachtracha a bheidh ar fáil. Chun go mbeifear in ann na cúraimí nua a cuireadh de chúram air i ngeall ar phaindéim COVID-19 a dhéanamh, beidh gá ag an Lárionad le cistiú méadaithe agus le tuilleadh fostaithe. Ní féidir leis an Lárionad teacht ar na hacmhainní nua sin ach ó chistí ad hoc amháin atá dírithe ar thionscadail, amhail na cistí sin a leithdháiltear i gcomhréir le Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a (an ‘Clár EU4Health’), agus ní leor na cistí atá leithdháilte cheana ar an Lárionad i dtréimhse chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027. Tá sé tábhachtach, dá bhrí sin, go ndéanfar cistiú agus líon foirne an Lárionaid a mhéadú a luaithe agus is féidir.
_______________
1a Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (IO L 107, 26.3.2021, lch. 1).
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 c (nua)
(3c)  Cabhrófar leis an tsoghabháltacht a laghdú i leith ráigeanna ionfhabhtaíocha sa todhchaí trí fheabhas a chur ar shláinte an daonra fhoriomláin trí ghalair a chosc. Ba cheart cothú a dhéanamh ar shineirgí le tionscnaimh sláinte eile an Aontais, mar shampla, Plean Sáraithe Ailse na hEorpa, nó ionstraimí an Aontais, amhail an Clár EU4Health.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 d (nua)
(3d)  Tá an dúshaothrú ar an bhfhiadhúlra agus ar acmhainní nádúrtha eile agus cailliúint luathaithe na bithéagsúlachta ina bhaol do shláinte an duine. Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus ag an gcomhshaol le chéile, tá sé ríthábhachtach an cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ a ghlacadh i leith aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim reatha agus ar ghéarchéimeanna atá ag teacht chun cinn.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Leathnaítear leis an Rialachán seo, dá réir sin, misean agus cúraimí an Lárionaid chun feabhas a chur ar inniúlacht an Lárionaid an saineolas eolaíochta a sholáthar agus tacú le gníomhaíochtaí riachtanacha atá ábhartha maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte san Aontas a chosc, a chomhrac, agus ullmhúchán a dhéanamh agus freagairt a phleanáil ina leith i gcomhréir le Rialachán AE .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 [ISC/2020/12524].
(5)  Leathnaítear leis an Rialachán seo, dá réir sin, misean agus cúraimí an Lárionaid chun feabhas a chur ar inniúlacht an Lárionaid an saineolas eolaíochta stóinsithe agus neamhspleách a bhfuil gá leis a sholáthar agus tacú le gníomhaíochtaí atá ábhartha maidir le cosc, ullmhacht, pleanáil freagartha agus comhrac i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte san Aontas, lena n-áirítear i ndáil leis an tionchar atá ag galair theagmhálacha ar mhórghalair neamhtheagmhálacha agus go háirithe na hidirnaisc atá eatarthu, i gcomhréir le Rialachán AE .../... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 [ISC/2020/12524].
__________________
__________________
10 Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an DÁTA maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE [IO: cuir isteach teideal iomlán agus tagairt foilseacháin don Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte (SCBTH).]
10 Rialachán (AE) XXXX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an DÁTA maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE [IO: cuir isteach teideal iomlán agus tagairt foilseacháin don Rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte (SCBTH).]
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Chuige sin, ba cheart é a chur de chúram ar an Lárionad faisnéis eipidéimeolaíoch agus anailís uirthi sin, samhaltú eipidéimeolaíoch, réamhaíocht agus réamhaisnéisiú, measúnuithe riosca agus moltaí ábhartha a sholáthar, ina leagtar amach roghanna chun galair theagmhálacha a chosc agus a rialú. Ba cheart a ghníomhaíochtaí a bheith comhsheasmhach le cur chuige Aon Sláinte Amháin, lena n-aithnítear na hidirnaisc atá idir sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol. Ba cheart dó faireachán a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte náisiúnta chun freagairt do bhagairtí galar teagmhálach, go háirithe mar gheall ar thábhacht na faisnéise sin chun pleananna ullmhachta agus freagartha náisiúnta a ullmhú. Ba cheart don Lárionad tacú le cur chun feidhme gníomhaíochtaí arna maoiniú ag cláir chistiúcháin agus ionstraimí ábhartha an Aontais agus a bhaineann le galair theagmhálacha, treoirlínte a sholáthar le haghaidh cóireála agus bainistiú cáis bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar an bhfianaise is déanaí, tacú le freagairtí d'eipidéimí agus ráigeanna sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, agus faisnéis thráthúil, iontaofa a bhfuil rochtain éasca uirthi ar ghalair theagmhálacha a sholáthar don phobal. Ba cheart don Lárionad freisin nósanna imeachta soiléire a bhunú le haghaidh comhar le gníomhaithe sláinte poiblí i dtríú tíortha, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil i réimse na sláinte poiblí, rud a chuirfidh le tiomantas an Aontais chun inniúlacht ullmhachta agus freagartha na gcomhpháirtithe a atreisiú.
(6)  Chuige sin, ba cheart é a chur de chúram ar an Lárionad faisnéis thráthúil eipidéimeolaíoch agus anailís uirthi sin, samhaltú eipidéimeolaíoch, réamhaíocht agus réamhaisnéisiú, measúnuithe riosca agus moltaí ábhartha a sholáthar, ina leagtar amach roghanna chun galair theagmhálacha a chosc agus a rialú. Ba cheart a ghníomhaíochtaí a bheith comhsheasmhach le cur chuige na hAon Sláinte Amháin, lena n-aithnítear na hidirnaisc atá idir sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an comhshaol, ós rud é gur de bhunadh zónóiseach iad go leor de na ráigeanna. Ba cheart dó faireachán agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte náisiúnta agus tacaíocht a thabhairt ina leith sin chun freagairt do bhagairtí maidir le galair theagmhálacha, go háirithe mar gheall ar thábhacht na faisnéise sin chun pleananna ullmhachta agus freagartha náisiúnta a ullmhú, d’fhonn a chur ar chumas na mBallstát inniúlachtaí a gcóras sláinte a fheabhsú. Ba cheart go n-áireofaí sna pleananna sin moltaí le haghaidh idirghabhálacha beartais a bhaineann le maolú a dhéanamh ar thionchar na ngalar teagmhálach ar sheirbhísí agus ar chúraim sláinte, go háirithe maidir le staid na n-othar atá ag fulaingt le mórghalair neamhtheagmhálacha. Ba cheart don fhaireachán ar inniúlacht chórais sláinte na mBallstát a bheith bunaithe ar tháscairí agus ar shainmhínithe coiteanna ar mhaithe le hinchomparáideacht a áirithiú. Ba cheart go mbeadh sé de cheart ag an Lárionad cuairteanna rialta ar na Ballstáit a eagrú chun measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte i leith bainistiú a dhéanamh ar ghéarchéimeanna sláinte agus ar chigireachtaí ad hoc sna Ballstáit chun ullmhacht agus pleananna freagartha a fhíorú. Ba cheart don Lárionad tacú le cur chun feidhme gníomhaíochtaí arna gcistiú ag cláir chistiúcháin agus ionstraimí ábhartha an Aontais agus a bhaineann le galair theagmhálacha, treoirlínte a sholáthar le haghaidh cóireála agus bainistiú cáis bunaithe ar mheasúnú críochnúil ar an bhfianaise is déanaí, tacú le freagairtí d’eipidéimí agus do ráigeanna sna Ballstáit agus i dtríú tíortha, lena n-áirítear freagairt allamuigh agus oiliúint pearsanra agus faisnéis thráthúil oibiachtúil , iontaofa ar ghalair theagmhálacha a bhfuil rochtain éasca uirthi a sholáthar don phobal. Ba cheart don Lárionad freisin nósanna imeachta soiléire a bhunú don chomhar le gníomhaithe sláinte poiblí i dtríú tíortha, chomh maith le heagraíochtaí idirnáisiúnta atá inniúil i réimse na sláinte poiblí, rud a chuirfidh le tiomantas an Aontais chun inniúlacht ullmhachta agus freagartha na gcomhpháirtithe a atreisiú.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Chun tacú go héifeachtach le hobair an Lárionaid agus lena áirithiú go gcomhlíonann sé a mhisean, ba cheart é a chur de chúram ar na Ballstáit sonraí a chur in iúl don Lárionad maidir le faireachas ar ghalair theagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta eile amhail frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus ionfhabhtuithe atá bainteach leis an gcúram sláinte a bhaineann le galair theagmhálacha, sonraí eolaíochta agus teicniúla agus faisnéis atá ar fáil atá ábhartha do mhisean an Lárionaid, chun fógra a thabhairt don Lárionad faoi aon bhagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte, faisnéis maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha agus inniúlachtaí na gcóras cúraim sláinte, agus faisnéis ábhartha a chur ar fáil a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun an fhreagairt a chomhordú, chomh maith le comhlachtaí inniúla agus saineolaithe sláinte poiblí aitheanta a shainaithint agus atá ar fáil chun cuidiú le freagairtí an Aontais do bhagairtí sláinte.
(7)  Réamhchoinníoll don Lárionad is ea rochtain a bheith aige ar shonraí tráthúla agus iomlána chun go mbeidh ar a chumas measúnuithe riosca meara a dhéanamh, lena n-áirítear samhaltú eipidéimeolaíoch agus réamhaisnéisiú. Chun tacú go héifeachtach le hobair an Lárionaid agus comhlíonadh a mhisin a áirithiú, ba cheart do na Ballstáit, ar bhonn tráthúil, sonraí inchomparáide agus ar ardcháilíocht a chur in iúl don Lárionad maidir leis an bhfaireachas ar ghalair theagmhálacha, amhail VEID, heipitíteas víreasach B agus C agus an Eitinn, agus maidir le saincheisteanna sláinte speisialta eile amhail frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte agus a dtionchar ar mhórghalair neamhtheagmhálacha, lena n-áirítear na galair sin a bhaineann le míchumas meabhrach. Ba cheart do na Ballstáit sonraí agus faisnéis eolaíochta agus theicniúil atá ar fáil agus atá ábhartha do mhisean an Lárionaid a sholáthar, fógra a thabhairt don Lárionad faoi aon bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus faisnéis maidir le hullmhacht agus pleanáil freagartha agus inniúlacht na gcóras sláinte a sholáthar. Chun dúbailt ar iarrachtaí agus ar mholtaí éagsúla, ar amlínte, ar shainmhínithe cáis, ar tháscairí agus ar chaighdeáin a sheachaint, ba cheart prótacail agus nósanna imeachta i gcás cumarsáide a bheith comhaontaithe idir an Lárionad agus na Ballstáit agus ba cheart go mbeadh ann do mhalartú faisnéise rianúil idir an Lárionad, EDS agus na gníomhaireachtaí náisiúnta.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7 a (nua)
(7a)  Ba cheart don Choimisiún i gcomhar leis an Lárionad, an Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán agus leis an Údarás Eorpach um Shábháilteacht Bia cothú a dhéanamh ar chomhtháthú córasach na hanailíse agus an mheasúnaithe ar rioscaí a bhaineann le tosca comhshaoil, aeráide agus bia, agus laigí na gcóras náisiúnta sláinte agus ar líon na ngrúpaí leochaileacha sa daonra á gcur san áireamh, chun oibriú ionsar chur chuige iomlánaíoch i leith galair theagmhálacha a chosc agus a bhrath go luath. Chun na críche sin, ba cheart úsáid a bhaint as ionstraimí atá cheana ann, amhail an Fhaireachlann Eorpach Aeráide agus Sláinte agus ionstraimí atá á bhforbairt, amhail an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Fhreagairt d’Éigeandáil Sláinte (HERA).
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Chun feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí pleanála ullmhachta agus freagartha san Aontas, ba cheart oibríocht líonraí tiomnaithe agus gníomhaíochtaí líonraithe an Lárionaid a leathnú chun raon feidhme an Rialacháin (AE) …/… a léiriú. [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Chuige sin, ba cheart don Lárionad comhordú agus saineolas teicniúil agus eolaíochta a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit trí líonraí tiomnaithe le comhlachtaí comhordaithe inniúla, lena n-áirítear líonraí nuabhunaithe do shaotharlanna agus chun tacú le haistriú, trasphlandú agus atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine,
(8)  Chun feabhas a chur ar ullmhacht agus ar ghníomhaíochtaí pleanála freagartha san Aontas, ba cheart oibríocht líonraí tiomnaithe agus gníomhaíochtaí líonraithe an Lárionaid a leathnú chun raon feidhme an Rialacháin (AE) …/… a léiriú. [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Chuige sin, ba cheart don Lárionad saineolas teicniúil agus eolaíochta a chomhordú agus a sholáthar don Choimisiún, do na Ballstáit agus don Choiste Slándála Sláinte (‘HSC’) trí líonraí tiomnaithe le comhlachtaí comhordaithe inniúla, lena n-áirítear trí chomhar a spreagadh laistigh de líonraí nuabhunaithe an Aontais do shaotharlanna agus le haghaidh tacaíocht a thabhairt d’aistriú, trasphlandú agus d’atáirgeadh le cuidiú míochaine.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  D'fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht an fhaireachais eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta gaolmhara san Aontas, ba cheart é a chur de chúram ar an Lárionad forbairt bhreise a dhéanamh ar ardáin agus ar fheidhmchláir dhigiteacha, tacú le faireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais, éascaíocht a dhéanamh ar úsáid teicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga, i mbailiú sonraí agus anailís a dhéanamh ar na sonraí sin, agus comhairle theicniúil agus eolaíoch a sholáthar do na Ballstáit chun córais faireachais eipidéimeolaíocha chomhtháite a bhunú. I gcás ardáin agus feidhmchláir dhigiteacha den sórt sin ba cheart iad a fhorbairt le sonraí comhtháite arna nginiúint ó spás sonraí an Aontais agus é mar rún aige sin iad a chomhtháthú sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte a bheidh ann amach anseo arna rialú ag reachtaíocht an Aontais.
(9)  D’fhonn feabhas a chur ar éifeachtacht an fhaireachais eipidéimeolaíoch agus faireachán a dhéanamh ar thástáil agus ar chóireáil i gcomhair galair theagmhálacha, ar an idirnasc atá acu le mórghalair neamhtheagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta gaolmhara san Aontas, ba cheart é a chur de chúram ar an Lárionad forbairt bhreise a dhéanamh ar ardáin agus ar fheidhmchláir dhigiteacha a bheidh slán agus idir-inoibritheach, lena dtacófar le faireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais, lena gcumasófar an úsáid a bhainfear as teicneolaíochtaí digiteacha, amhail an intleacht shaorga agus samhaltú agus ionsamhlú ar ríomhaire, i mbailiú sonraí agus anailís a dhéanamh ar na sonraí sin, agus lena soláthrófar comhairle theicniúil agus eolaíoch do na Ballstáit chun córais faireachais eipidéimeolaíocha chomhtháite a chur ar bun. Ba cheart na hardáin agus na feidhmchláir dhigiteacha sin a fhorbairt le sonraí comhtháite AE a ghintear sa spás agus é mar intinn leis iad a chomhtháthú sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte a bheidh ann amach anseo arna rialú ag reachtaíocht an Aontais.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Chun inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát a láidriú i dtaca le measúnú a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch agus measúnú riosca agus freagairt bheacht a dhéanamh, ba cheart don Lárionad, go háirithe, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí i ngalair theagmhálacha, tacú le gníomhaíocht freagartha atá bunaithe ar fhianaise agus an ghníomhaíocht sin a éascú, moltaí a chur ar fáil chun cláir coiscthe agus rialaithe galar teagmhálach a fheabhsú, ar cláir iad a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte náisiúnta maidir le galair theagmhálacha a dhiagnóisiú, a chosc agus a chóireáil, lena n-áirítear sin a dhéanamh ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne, grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil gá acu le bearta ar leith a shainaithint, anailís a dhéanamh ar an gcomhchoibhneas ráta tarlaithe galar le tosca sochaíocha agus comhshaoil, agus tosca riosca don tarchur agus déine galair na ngalar teagmhálach a shainaithint, agus riachtanais agus tosaíochtaí taighde a shainaithint. Ba cheart don Lárionad oibriú le pointí fócasacha náisiúnta ainmnithe don fhaireachas, pointí a bheidh mar chuid de líonra a chuireann comhairle straitéiseach ar fáil don Lárionad ar ábhair den sórt sin agus a chuirfeadh úsáid earnálacha cumasúcháin chun cinn, amhail sonraí spáis agus seirbhísí an Aontais.
(10)  Chun inniúlachtaí an Aontais agus na mBallstát a láidriú i dtaca le measúnú a dhéanamh ar an staid eipidéimeolaíoch agus measúnú riosca agus freagairt bheacht a dhéanamh, ba cheart don Lárionad, go háirithe, bunaithe ar thacar táscairí coiteanna arna moladh ag an Lárionad agus arna bhforbairt i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit, bagairtí sláinte atá ag teacht chun cinn a shainaithint, faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí i ngalair theagmhálacha, tacú, comhordú agus éascú a dhéanamh ar ghníomhaíocht freagartha atá bunaithe ar fhianaise, moltaí a thabhairt chun cláir coiscthe agus rialaithe galar teagmhálach a fheabhsú, ar cláir iad a bhunaítear ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais, faireachán agus measúnú a dhéanamh ar na Ballstáit agus tacú leo, leis an aidhm cóineasú aníos a bhaint amach ó thaobh inniúlacht na gcóras náisiúnta sláinte de i gcás diagnóisiú, cosc, cóireáil agus imshrianadh ar leathadh galar teagmhálach, lena n-áirítear ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne de, grúpaí daonra atá i mbaol a shainaithint a bhfuil gá acu le bearta ar leith, anailís a dhéanamh ar an gcomhchoibhneas ráta tarlaithe galar le tosca sochaíocha agus comhshaoil, an tionchar atá ag comhghalrachtaí ar othair a bhfuil galair theagmhálacha ag gabháil dóibh agus an tionchar atá aige sin ar a gcóireáil a mheas agus tosca riosca i gcás tharchur agus dhéine galair na ngalar teagmhálach a shainaithint, agus riachtanais agus tosaíochtaí taighde a shainaithint. Ba cheart don Lárionad oibriú le pointí fócasacha náisiúnta ainmnithe don fhaireachas, lena gcruthófaí líonra a chuirfeadh comhairle straitéiseach ar fáil don Lárionad ar ábhair den sórt sin agus a chuirfeadh úsáid earnálacha cumasúcháin chun cinn, amhail sonraí spáis agus seirbhísí.
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Ba cheart don Lárionad cuidiú leis an inniúlacht laistigh den Aontas a láidriú chun gníomhairí teagmhálacha a dhiagnóisiú, a bhrath, a shainaithint agus a shaintréithriú, ar gníomhairí iad a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt ar an tsláinte phoiblí trí oibriú líonra shaotharlanna tagartha an Aontais a áirithiú i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Tá an líonra sin freagrach as dea-chleachtais agus ailíniú ar dhiagnóisic, modhanna tástála, agus úsáid tástálacha a chur chun cinn, chun a áirithiú gur faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach a dhéantar ar ghalair, agus go neartaítear cáilíocht na dtástálacha agus an fhaireachais.
(11)  Ba cheart don Lárionad cabhrú leis an inniúlacht laistigh den Aontas a láidriú chun oibreáin ionfhabhtaíoch a dhiagnóisiú, a bhrath, a shainaithint agus a shaintréithriú, ar oibreáin iad a d’fhéadfadh a bheith ina mbagairt ar an tsláinte phoiblí trína áirithiú go ndéanfar oibriú an líonra tiomnaithe de shaotharlanna tagartha an Aontais ar bhealach comhtháite i gcomhréir le Rialachán (AE) …/… [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Tá an líonra sin freagrach as dea-chleachtais a chur chun cinn agus ailíniú a dhéanamh ar dhiagnóisic, modhanna tástála, oiliúint i dtaca le nósanna imeachta reatha agus nuálacha agus úsáid tástálacha, chun a áirithiú go ndéanfar faireachas, fógra aonfhoirmeach a thabhairt agus tuairisciú caighdeánaithe ar ghalair, agus go neartófar cáilíocht na dtástálacha agus an fhaireachais.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  I gcás bagairtí trasteorann ar shláinte mar gheall ar ghalair theagmhálacha, féadfaidh na seirbhísí fola agus trasphlandaithe sna Ballstáit bealach a sholáthar chun mearthástáil a dhéanamh ar an daonra deontóirí agus measúnú a dhéanamh ar nochtadh agus imdhíonacht ar an ngalar sa daonra i gcoitinne. Braitheann na seirbhísí sin ar mheasúnuithe riosca tapa ag an Lárionad chun othair óna dteastaíonn teiripe ó shubstaint de bhunús daonna a chosaint ar tharchur galair theagmhálaigh den chineál sin. Bíonn measúnuithe riosca den sórt sin mar bhunús le hoiriúnú iomchuí a dhéanamh ar na bearta lena leagtar amach caighdeáin do cháilíocht agus sábháilteacht substaintí de bhunús daonna. Ba cheart don Lárionad, dá bhrí sin, líonra seirbhísí fola agus trasphlandaithe náisiúnta agus a n-údaráis a bhunú agus a oibriú chuige sin.
(12)  I gcás bagairtí trasteorann ar an tsláinte mar gheall ar ghalair theagmhálacha, féadfaidh na seirbhísí fola agus trasphlandaithe sna Ballstáit modh a sholáthar chun mearthástáil a dhéanamh ar an daonra deontóirí agus measúnú a dhéanamh ar nochtadh don ghalar agus ar imdhíonacht ón ngalar sa daonra i gcoitinne. Braitheann na seirbhísí sin ar mheasúnú riosca tapa, cuimsitheach agus cruinn ag an Lárionad chun othair óna dteastaíonn teiripe ó shubstaint de bhunús daonna a chosaint ar tharchur galair theagmhálaigh den chineál sin. Bíonn measúnuithe riosca den sórt sin mar bhunús le hoiriúnú iomchuí a dhéanamh ar na bearta lena leagtar amach caighdeáin do cháilíocht agus sábháilteacht substaintí de bhunús daonna. Ba cheart don Lárionad, dá bhrí sin, líonra de sheirbhísí náisiúnta agus dá n-údaráis a chur ar bun agus a oibriú le haghaidh sábháilteacht mhicribhitheolaíocha substaintí de bhunús daonna (SoHO) lena gcuimsítear aistriú, trasphlandú agus atáirgeadh le cuidiú míochaine.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Agus é mar aidhm aige an líon eipidéimí a laghdú agus inniúlachtaí a neartú chun galair theagmhálacha a chosc san Aontas, ba cheart don Lárionad creat maidir le cosc galar teagmhálach a fhorbairt, creat a thugann aghaidh ar shaincheisteanna amhail galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, oideachas sláinte, litearthacht sláinte agus athrú iompraíochta.
(13)  Agus é mar aidhm aige an líon eipidéimí a laghdú agus inniúlachtaí a neartú chun galair theagmhálacha a chosc san Aontas, ba cheart don Lárionad, agus é ag obair i gcomhar leis na Ballstáit chun a dtaithí agus a staideanna faoi seach a chur i gcuntas, creat a fhorbairt chun cosc a chur ar ghalair theagmhálacha, ar creat é a thugann aghaidh ar shaincheisteanna amhail galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, drogall roimh an vacsaíniú, feasacht ar bhealaí tarchuir, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, oideachas sláinte, litearthacht sláinte, éagothromaíochtaí sláinte agus galair a chosc, athrú iompraíochta agus naisc leis na mórghalair neamhtheagmhálacha. Ba cheart don Lárionad treoirlínte a sholáthar do na Ballstáit agus faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata sin ag na Ballstáit.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  Ba cheart don Lárionad feabhas a chur ar inniúlachtaí ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí shaineolas eolaíoch agus teicniúil a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Lárionad, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, lena n-áirítear pleananna ullmhachta agus freagartha náisiúnta agus pleananna ullmhachta agus freagartha de chuid an Aontais agus faireachán ullmhachta agus creata meastóireachta a fhorbairt, moltaí a dhéanamh maidir le hinniúlachtaí chun ráigeanna galar a chosc agus ullmhú agus freagairt dóibh agus maidir le córais sláinte náisiúnta a neartú. Maidir leis an mbailiú sonraí atá ag an Lárionad, agus an anailís a dhéanann siad orthu, ba cheart dó iad a leathnú maidir le faireachas eipidéimeolaíoch agus saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, éabhlóid cásanna eipidéime, feiniméan eipidéime neamhghnách nó galar nua de bhunadh anaithnid, lena n-áirítear tríú tíortha, sonraí ar phataigin móilíneach agus sonraí ar chórais sláinte. Chuige sin, ba cheart don Lárionad tacair sonraí iomchuí a áirithiú chomh maith leis na nósanna imeachta chun comhairliúchán agus tarchur agus rochtain sonraí a éascú, agus chun meastóireacht eolaíochta agus theicniúil a dhéanamh ar bhearta coiscthe agus rialaithe ar leibhéal an Aontais agus oibriú le gníomhaireachtaí, comhlachtaí agus eagraíochtaí inniúla a oibríonn i réimse an bhailithe sonraí.
(14)  Ba cheart don Lárionad feabhas a chur ar inniúlachtaí ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais trí shaineolas eolaíoch agus teicniúil a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún. Sa chomhthéacs sin, ba cheart don Lárionad, i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus leis an gCoimisiún, gníomhaíochtaí éagsúla a dhéanamh, lena n-áirítear an fhorbairt ar phleananna ullmhachta agus freagartha an Aontais agus lena rannchuideofar leis an bhforbairt ar na pleananna ullmhachta agus freagartha agus ar na creata ullmhachta faireacháin agus monatóireachta náisiúnta, moltaí a dhéanamh maidir le hinniúlachtaí chun ráigeanna galar a chosc, ullmhú ina gcomhair agus freagairt dóibh agus maidir leis na córais náisiúnta sláinte a neartú, lena n-áirítear trí oiliúint a chur ar fáil agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt. Ba cheart don Lárionad leathnú a dhéanamh ar a bhailiúchán sonraí agus ar anailís na sonraí sin ó thaobh faireachas eipidéimeolaíoch agus saincheisteanna sláinte speisialta gaolmhara de, dul chun cinn staideanna eipidéimeolaíocha, feiniméan eipidéime neamhghnách nó galair nua de bhunadh anaithnid, lena n-áirítear i dtríú tíortha, ó thaobh sonraí ar phataigin móilíneach de, sonraí ar chórais sláinte, agus sonraí maidir leis na hidirnaisc atá idir galair theagmhálacha agus mórghalair neamhtheagmhálacha. Chuige sin, ba cheart don Lárionad tacair sonraí iomchuí a áirithiú chomh maith leis na nósanna imeachta chun comhairliúchán agus tarchur agus rochtain shlán ar shonraí a éascú, agus chun meastóireacht eolaíochta agus theicniúil a dhéanamh ar bhearta coiscthe agus rialaithe ar leibhéal an Aontais agus oibriú le EDS, le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, le comhlachtaí agus eagraíochtaí inniúla a oibríonn i réimse an bhailithe sonraí.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Rialachán .../... [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]] déantar foráil maidir leis an gcóras luathrabhaidh agus freagartha lenar féidir fógra a thabhairt ar leibhéal an Aontais, faoi fholáirimh a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, ar foláirimh iad a leanann ECDC dá bhfeidhmiú fós. Ós rud é gur féidir le teicneolaíochtaí nua-aimseartha tacú go suntasach le bagairtí sláinte a chomhrac agus le heipidéimí a chúlú, ba cheart do ECDC féachaint leis an gcóras sin a nuashonrú chun gur féidir teicneolaíochtaí intleachta saorga agus uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha agus cosanta príobháideachais a úsáid, amhail feidhmchláir shoghluaiste, le feidhmiúlachtaí rianaithe chun daoine i mbaol a shainaithint.
(15)  Rialachán .../... [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]] déantar foráil maidir leis an gcóras luathrabhaidh agus freagartha lenar féidir fógra a thabhairt ar leibhéal an Aontais, faoi fholáirimh a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, ar foláirimh iad a leanann ECDC dá bhfeidhmiú fós. I bhfianaise gur féidir le teicneolaíochtaí nua-aimseartha tacú go suntasach le bagairtí sláinte a chomhrac agus le heipidéimí a chúlú, ba cheart do ECDC féachaint leis an gcóras sin a nuashonrú chun gur féidir úsáid a bhaint as intleacht shaorga, ríomhaireacht ardfheidhmíochta, trialacha cliniciúla in silico agus teicneolaíochtaí leathchúpla dhigitigh agus uirlisí digiteacha idir-inoibritheacha agus cosanta príobháideachais, amhail feidhmchláir shoghluaiste, le feidhmiúlachtaí rianaithe chun daoine i mbaol a shainaithint, lena ndéantar maolú ar na rioscaí, amhail na rioscaí sin a bhaineann le tacair sonraí atá claonta, dearadh córais atá lochtach, easpa cáilíocht sonraí agus róspleáchas ar chinnteoireacht uathoibrithe agus á chur i gcuntas á thábhachtaí atá sé coimircí a bhunú chun maolú a dhéanamh ar na rioscaí sin le linn chéimeanna deartha agus chur chun feidhme na dteicneolaíochtaí intleachta saorga.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16
(16)  Ba cheart don Lárionad na hinniúlachtaí iomchuí a bhunú chun tacú le freagairt idirnáisiúnta agus allamuigh, i gcomhréir le Rialachán …/… [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Leis na hinniúlachtaí seo ba cheart é a bheith ar a chumas don Lárionaid foirne um chúnamh ráige a shlógadh agus a imscaradh, foirne ar a dtugtar ‘Tascfhórsa Sláinte an Aontais’, chun cuidiú le freagairtí áitiúla do ráigeanna galair. Ba cheart don Lárionad inniúlacht a áirithiú, dá bhrí sin, chun misin chuig na Ballstáit a dhéanamh, chomh maith le tríú tíortha, agus chun moltaí a sholáthar maidir le freagairt do bhagairtí ar shláinte. Beifear in ann na foirne sin a imscaradh freisin faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta le tacaíocht ón Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha. Ba cheart don Lárionad tacú freisin le hinniúlachtaí ullmhachta a láidriú faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) i dtríú tíortha, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte agus ar na hiarmhairtí lena mbaineann.
(16)  Ba cheart don Lárionad na hinniúlachtaí iomchuí a chur ar bun chun tacú le freagairt idirnáisiúnta, idir-réigiúnach agus allamuigh, i gcomhréir le Rialachán …/… [IO: cuir isteach tagairt do Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]]. Leis na hinniúlachtaí sin ba cheart é a bheith ar chumas an Lárionaid foirne um chúnamh ráige a shlógadh agus a imscaradh, ar foirne iad ar a dtugtar ‘Tascfhórsa Sláinte an Aontais’, chun cabhrú le freagairtí áitiúla do ráigeanna galar agus sonraí ó obair allamuigh a bhailiú. Ba cheart don Lárionad inniúlacht bhuan a áirithiú, dá bhrí sin, chun misin chuig na Ballstáit a dhéanamh, chomh maith le tríú tíortha, agus chun moltaí a sholáthar maidir le freagairt do bhagairtí ar an tsláinte. Beifear in ann na foirne sin a imscaradh freisin faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta le tacaíocht ón Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha. Ba cheart don Lárionad tacú freisin le hinniúlachtaí ullmhachta a láidriú faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) i dtríú tíortha, chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus ar na hiarmhairtí lena mbaineann.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  Chun cabhrú le freagairtí do ráigeanna, ar ráigeanna iad a d’fhéadfadh scaipeadh laistigh den Aontas nó chuig an Aontas, tá an Lárionad chun creat a fhorbairt chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais a shlógadh i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11 agus chun rannpháirtíocht saineolaithe um fhreagairt allamuigh an Aontais ar fhoirne freagartha idirnáisiúnta a éascú chun tacú leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta. Ba cheart don Lárionad cur le hinniúlacht a fhoirne chomh maith le hinniúlacht na saineolaithe ó thíortha an Aontais agus EEA, tíortha is iarrthóirí agus na tíortha ionchasacha is iarrthóirí, chomh maith le tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha comhpháirtíochta an Aontais dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 , chun rannpháirtíocht éifeachtach a ghlacadh i misin allamuigh agus sa bhainistiú géarchéime.
(17)  Chun cabhrú le freagairtí do ráigeanna, ar ráigeanna iad a d’fhéadfadh leathadh laistigh den Aontas nó chuig an Aontas, tá an Lárionad chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais ar bhonn buan agus creat lena shlógadh a fhorbairt i gcomhréir le Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle11 agus chun rannpháirtíocht shaineolaithe um fhreagairt allamuigh an Aontais i bhfoirne freagartha idirnáisiúnta a éascú chun tacú leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta agus chun bheith i ndlúthchomhar leis. Ba cheart don Lárionad cur le hinniúlacht a fhoirne chomh maith le hinniúlacht na saineolaithe ó thíortha an Aontais agus EEA, tíortha is iarrthóirí agus na tíortha is iarrthóirí ionchasacha, mar aon le tíortha Bheartas Comharsanachta na hEorpa agus tíortha comhpháirtíochta an Aontais dá dtagraítear i Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 , chun rannpháirtíocht éifeachtach a ghlacadh i misin allamuigh agus sa bhainistiú géarchéime. Ba cheart don Lárionad, dá bhrí sin, creat maidir le leibhéil inaitheanta saineolais a fhorbairt.
__________________
__________________
11 Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
11 Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
12 Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44).
12 Rialachán (AE) Uimh. 233/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim maoinithe maidir le comhar um fhorbairt don tréimhse 2014-2020 (IO L 77, 15.3.2014, lch. 44).
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 a (nua)
(17a)  Ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún agus don Lárionad comhlachtaí inniúla agus saineolaithe sláinte poiblí aitheanta a shainaithint, i réimsí na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmhálach araon, a bhfuil fáil orthu chun cabhrú le freagairtí an Aontais i leith bagairtí ar an tsláinte. Ba cheart do na saineolaithe agus do na geallsealbhóirí sin, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bheith rannpháirteach go struchtúrach le linn ghníomhaíochtaí uile an Lárionaid agus rannchuidiú lena phróisis chomhairliúcháin agus chinnteoireachta. Ba cheart lánchomhlíontacht leis na rialacha trédhearcachta agus coinbhleachta leasa i gcás rannpháirtíocht geallsealbhóirí a áirithiú.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 b (nua)
(17b)  Chun Aontas Sláinte na hEorpa láidir a thógáil, ba cheart don Lárionad éascú a dhéanamh ar an gcomhar méadaithe agus ar an malartú dea-chleachtas le hinstitiúidí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais, lena n-áirítear HERA a bheidh ann amach anseo, agus comhordú ar chuir chuige a áirithiú mar aon le dúbláil iarrachtaí a laghdú.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 c (nua)
(17c)  Ba cheart don Lárionad oibriú i ndlúthchomhar le comhlachtaí inniúla agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse na sláinte poiblí, go háirithe le EDS.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 d (nua)
(17d)  Ba cheart don Lárionad cumarsáid a dhéanamh leis an pobal i gcoitinne faoi rioscaí sláinte atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn ar bhealach éifeachtach agus trédhearcach. Ba cheart don Lárionad na staidéir eolaíocha, forléargais, suirbhéanna, tuarascálacha, mearmheasúnuithe riosca agus na measúnuithe ar inniúlachtaí na gcóras sláinte i dtaobh méadú a dhéanamh ar thrédhearcacht a fhoilsiú in am tráthúil. Ba cheart don Lárionad, ina leith sin, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le trédhearcacht mar a luaitear i gcinneadh an Ombudsman Eorpaigh an 5 Feabhra 2021 i bhfiosrúchán straitéiseach OI/3/2012/TE.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 e (nua)
(17e)  Ba cheart don Lárionad cothromaíocht inscne agus gheografach a áirithiú ar na leibhéil foirne agus bhainistíochta mar aon le cur chuige atá íogair ó thaobh na hinscne de a áirithiú ina oibríochtaí uile.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  D’fhonn measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na bhforálacha dlíthiúla infheidhme maidir leis an Lárionad, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le meastóireacht thráthrialta de chuid an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Lárionaid.
(18)  Chun measúnú a dhéanamh ar éifeachtacht agus éifeachtúlacht na bhforálacha dlíthiúla is infheidhme i leith an Lárionaid, is iomchuí foráil a dhéanamh maidir le meastóireacht bhliantúil de chuid an Choimisiúin ar fheidhmíocht an Lárionaid.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
(19)  Níor cheart go dtabharfadh an Rialachán seo aon chumhachtaí rialaitheacha don Lárionad.
(19)  Níor cheart go dtabharfadh an Rialachán seo aon chumhachtaí rialaitheacha don Lárionad. Mar sin féin, ba cheart don Lárionad inniúlachtaí leathana comhordaithe a fheidhmiú agus go mbeadh sé de chumhacht aige moltaí a chur ar fáil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idir-réigiúnach i bhfoirm tograí soiléire agus aonfhoirmeacha atá bunaithe ar an eolaíocht.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20 a (nua)
(20a)  Mar gheall ar nádúr íogair na sonraí sláinte, ba cheart don Lárionad coimirciú a dhéanamh agus ráthú a thabhairt go n-urramaíonn a chuid oibríochtaí próiseála prionsabail na cosanta sonraí maidir le dlíthiúlacht, cothromas, trédhearcacht, teorannú cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, teorannú stórála, sláine agus rúndacht. Maidir leis na cúraimí nua a thugtar don Lárionad leis an Rialachán seo, ba cheart don Lárionad bearta sonracha a ghlacadh chun íoslaghdú a dhéanamh ar rioscaí is féidir a theacht chun cinn ón aistriú ar shonraí claonta nó neamhiomlána ó fhoinsí iomadúla, mar aon le nósanna imeachta a bhunú chun cáilíocht na sonraí a athbhreithniú. Ba cheart don Lárionad prionsabail na cosanta sonraí mar a leagtar amach in Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a a urramú go docht, agus bearta slándála teicniúla agus eagraíochtúla á gcinneadh aige freisin i gcomhréir le hAirteagal 33 den Rialachán sin.
__________________
1a Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20 b (nua)
(20b)  Ba cheart don Mhaoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí a bheith freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm fhorálacha an Rialacháin seo i ndáil le cosaint cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha maidir leis an bpróiseáil ar shonraí pearsanta ag an Lárionad, agus as comhairle a chur ar an Lárionad agus ar ábhair sonraí maidir le gach ábhar a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta. I gcás nach bhfuil gá le próiseáil sonraí pearsanta chun gníomhaíochtaí an Lárionaid a chur i gcrích, ba cheart bearta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go mbeidh an úsáid a bhainfear as sonraí anaithnide i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí. I gcás nach lamhálfaí le hanaithnidiú do chuspóir sonrach na próiseála a bhaint amach, ba cheart na sonraí a chur faoi ainm bréige. I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an phróiseáil sin a dhéanamh i gcomhréir le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta. Ba cheart aon phróiseáil ar shonraí pearsanta atá bunaithe ar an Rialachán seo a dhéanamh i gcomhréir le Rialacháin (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a, Rialachán (AE) 2018/1725 agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b. Ba cheart an Rialachán seo a bheith gan dochar d’oibleagáidí na mBallstát faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus faoi Threoir 2002/58/CE.
__________________
1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
1b Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.07.2002, lch. 37).
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20 c (nua)
(20c)  Chun an reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí a chomhlíonadh, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún, i leith chatagóirí na n-ábhar sonraí a thagann faoi raon feidhme na próiseála agus chatagóirí na sonraí pearsanta a phróiseáiltear a leagan amach, mar aon le tuairisc ar na bearta sonracha chun coimirciú a dhéanamh ar chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr1a . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
__________________
1a 1a IO L 123, 12.5.2016, lch 1.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
(22)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach chun misean agus cúraimí an Lárionaid a leathnú ar mhaithe le hinniúlacht an Lárionaid a fheabhsú chun an saineolas eolaíochta riachtanach a sholáthar agus chun tacú le gníomhaíochtaí lena ndéantar bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chomhrac san Aontas, ach gur fearr is féidir, de bharr nádúr trasteorann na mbagairtí sláinte trasteorann agus an gá atá le freagairt mhear, chomhordaithe agus chomhleanúnach ina leith, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
(22)  Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach chun misean agus cúraimí an Lárionaid a leathnú ar mhaithe le hinniúlacht an Lárionaid a fheabhsú chun an saineolas eolaíochta riachtanach a sholáthar agus chun tacú le gníomhaíochtaí lena ndéantar bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chomhrac san Aontas, ach gur fearr is féidir, de bharr nádúr trasteorann na mbagairtí sláinte agus an gá atá le freagairt mhear atá comhordaithe níos fearr agus comhleanúnach i leith na mbagairtí nua sláinte atá ag teacht chun cinn, iad a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta mar a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 1 a (nua)
(1a)  ciallaíonn ‘galar daonna a chosc agus a rialú’ an raon beart arna n-eisiúint agus an raon beart arna ndéanamh ag na húdaráis inniúla sláinte poiblí sna Ballstáit agus san Aontas, amhail an Lárionad, chun leathadh galair a chosc agus a stopadh;
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3
(3)  ciallaíonn ‘líonra tiomnaithe’ aon líonra ar leith maidir le galair, saincheisteanna sláinte speisialta nó feidhmeanna sláinte poiblí chun comhar idir comhlachtaí inniúla comhordaithe na mBallstát a áirithiú;
(3)  ciallaíonn ‘líonra tiomnaithe’ aon líonra ar leith maidir le galair, saincheisteanna sláinte speisialta nó feidhmeanna sláinte poiblí a fhaigheann tacaíocht ón Lárionad agus atá comhordaithe aige agus atá beartaithe comhar idir comhlachtaí inniúla comhordaithe na mBallstát a áirithiú;
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 2 – mír 1 – fomhír 4 a (nua)
(4a)  ciallaíonn ‘mórghalar neamhtheagmhálach’ galar lena mbaineann baol báis nó galar ainsealach lena ngabhann ré fhada de ghnáth agus ar toradh é ar theaglaim de thosca géiniteacha, fiseolaíocha, comhshaoil agus iompraíochta, amhail galar cardashoithíoch, ailse, galar riospráide, diaibéiteas nó meabhairghalar, agus a dhéanann difear do líon suntasach daoine san Aontas;
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 1
D’fhonn inniúlacht an Aontais agus na mBallstát a bhreisiú chun sláinte an duine a chosaint trí galair theagmhálacha a chosc agus a rialú i ndaoine agus iad siúd le saincheisteanna sláinte speisialta mar a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) …/ [IO: cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], is é an misean a bheidh ag an Lárionad bagairtí reatha agus atá ag teacht chun cinn ar shláinte an duine ó galair theagmhálacha a shainaithint, a mheasúnú agus tuairisciú orthu, agus moltaí a thabhairt i gcomhair freagairt ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta, chomh maith leis an leibhéal réigiúnach, más gá.
Chun inniúlacht an Aontais agus na mBallstát a fheabhsú chun sláinte an duine a chosaint trí galair theagmhálacha i ndaoine agus mórghalair neamhtheagmhálacha agus saincheisteanna sláinte ábhartha a chosc agus a rialú, lena n-áirítear na saincheisteanna sláinte speisialta a leagtar amach in Airteagal 2 de Rialachán (AE) …/ [IO: cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], is é an misean a bheidh ag an Lárionad sainaithint, measúnú agus tuairisciú a dhéanamh agus, i gcás inarb iomchuí, a áirithiú go gcuirfear faisnéis i láthair ar bhealach atá inrochtana go héasca ar bhagairtí reatha agus bagairtí atá ag teacht chun cinn ar shláinte an duine ó ghalair theagmhálacha agus ó mhórghalair neamhtheagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte ábhartha i gcomhar le comhlachtaí inniúla na mBallstát nó ar a thionscnamh féin, tríd an líonra tiomnaithe, agus moltaí agus tacaíocht a thabhairt i gcomhordú na freagartha ar leibhéal an Aontais agus ar na leibhéil náisiúnta, agus ar an leibhéal idir-réigiúnach agus réigiúnach, i gcás inarb ábhartha. Agus moltaí den sórt sin á sholáthar aige, déanfaidh an Lárionad na pleananna bainistíochta géarchéime náisiúnta atá ann cheana agus imthosca faoi seach gach Ballstáit a chur i gcuntas.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 2
I gcás ráigeanna eile tinnis de bhunadh anaithnid a d'fhéadfadh scaipeadh laistigh den Aontas nó chuig an Aontas, feidhmeoidh an Lárionad ar a thionscnamh féin go dtí go mbeidh foinse na ráige ar eolas. I gcás ráige a bhfuil sé soiléir nach galar teagmhálach is cúis léi, ní fheidhmeoidh an Lárionad ach i gcomhar leis an gcomhlacht inniúil ar iarraidh ón gcomhlacht sin.
I gcás ráigeanna eile tinnis de bhunadh anaithnid a d'fhéadfadh leathadh laistigh den Aontas nó chuig an Aontas, feidhmeoidh an Lárionad ar a thionscnamh féin go dtí go mbeidh foinse na ráige ar eolas. I gcás ráig a bhfuil sé soiléir nach galar teagmhálach is cúis léi, ní fheidhmeoidh an Lárionad ach i gcomhar leis na comhlachtaí inniúla arna iarraidh sin dóibh agus déanfaidh sé measúnú riosca a sholáthar.
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 1 – fomhír 3
Agus a mhisean á chomhlíonadh, glacfaidh an Lárionad cuntas iomlán ar fhreagrachtaí na mBallstát, an Choimisiúin agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí Aontais eile, agus ar fhreagrachtaí na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse na sláinte poiblí, d’fhonn cuimsitheacht, comhleanúnachas agus comhlántacht gníomhaíochta a áirithiú.
Agus a mhisean á shaothrú aige, glacfaidh an Lárionad cuntas iomlán ar fhreagrachtaí agus inniúlachtaí na mBallstát, an Choimisiúin agus chomhlachtaí nó ghníomhaireachtaí eile an Aontais, agus ar fhreagrachtaí na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta atá gníomhach i réimse na sláinte poiblí, chun comhordú, cuimsitheacht, comhtháthú, comhsheasmhacht agus comhlántacht gníomhaíochta a áirithiú.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Déanfaidh an Lárionad, laistigh dá chumas maoinithe agus dá shainordú, an cúraimí seo a leanas:
2.  Déanfaidh an Lárionad, laistigh dá shainordú, na cúraimí seo a leanas:
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe a
(a)  sonraí agus faisnéis eolaíochta agus theicniúil atá ábhartha a chuardach, a bhailiú, a chomhthiomsú agus a scaipeadh, lena mbreithnítear na teicneolaíochtaí is déanaí;
(a)  sonraí agus faisnéis eolaíochta agus theicniúil atá ábhartha a chuardach, a bhailiú, a chomhthiomsú agus a scaipeadh, lena gcuirtear i gcuntas na teicneolaíochtaí is déanaí atá ar fáil, lena n-áirítear intleacht shaorga;
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe a a (nua)
(aa)  táscairí ábhartha coiteanna le haghaidh nósanna imeachta caighdeánaithe maidir le bailiú sonraí agus measúnuithe riosca a fhorbairt i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit agus lena dtacófar le cóineasú aníos maidir leis an mbainistiú ar ghalair theagmhálacha ag na Ballstáit;
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe a b (nua)
(ab)  i ndlúthchomhar agus i ndlúthchomhairle leis na Ballstáit, amlínte agus nósanna imeachta a bhunú chun faisnéis a mhalartú ar mhórghalair neamhtheagmhálacha dá dtagraítear i bpointe (ha) agus ar tháscairí riachtanacha chun measúnú a dhéanamh ar na hiarmhairtí dá dtagraítear sa phointe sin;
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe b
(b)  anailís, comhairle eolaíochta, tuairimí agus tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí an Aontais agus na mBallstát mar gheall ar bhagairtí trasteorann ar shláinte, lena n-áirítear measúnuithe riosca, anailís ar fhaisnéis eipidéimeolaíoch, samhaltú eipidéimeolaíoch, réamhaíocht agus réamhaisnéis, moltaí do ghníomhaíochtaí chun bagairtí ó ghalair theagmhálacha a chosc agus a rialú agus saincheisteanna sláinte speisialta eile, rannchuidiú le tosaíochtaí taighde a shainiú, agus cúnamh eolaíochta agus teicniúil lena n-áirítear oiliúint agus gníomhaíochtaí eile laistigh dá shainordú;
(b)  anailís, comhairle eolaíochta, tuairimí, treoirlínte agus tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí ag an Aontas agus na Ballstáit ar bhagairtí trasteorann ar an tsláinte, lena n-áirítear measúnuithe riosca, anailís ar fhaisnéis eipidéimeolaíoch, samhaltú eipidéimeolaíoch, réamhaíocht agus réamhaisnéis, moltaí do ghníomhaíochtaí chun bagairtí ó ghalair theagmhálacha a chosc agus a rialú agus saincheisteanna sláinte speisialta eile, lena n-áirítear iarmhairtí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ann d’othair atá ag fulaingt le mórghalair neamhtheagmhálacha, agus rannchuidithe maidir le tosaíochtaí taighde a shainiú;
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)  sainaithint agus faireachán a dhéanamh ar an tionchar atá ag mórghalair neamhtheagmhálacha ar rátaí tarlaithe, déine agus básmhaireachta na ngalar teagmhálach;
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe c
(c)  líonrú Eorpach na gcomhlachtaí a oibríonn sna réimsí laistigh de mhisean an Lárionaid a chomhordú, lena n-áirítear líonraí a eascraíonn as gníomhaíochtaí sláinte poiblí arna dtacú ag an gCoimisiún agus na líonraí tiomnaithe a oibriú;
(c)  líonrú Eorpach na gcomhlachtaí, eagraíochtaí agus saineolaithe a oibríonn sna réimsí laistigh de mhisean an Lárionaid a chomhordú, lena n-áirítear líonraí a eascraíonn as gníomhaíochtaí sláinte poiblí arna dtacú ag an gCoimisiún agus oibriú na líonraí tiomnaithe, agus lánchomhlíonadh leis na rialacha maidir le trédhearcacht agus coinbhleachtaí leasa á áirithiú;
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe d
(d)  faisnéis, saineolas agus dea-chleachtas a mhalartú;
(d)  faisnéis, saineolas agus dea-chleachtas a mhalartú, mar aon le cúnamh eolaíoch agus teicniúil a sholáthar, lena n-áirítear oiliúint;
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe e
(e)  faireachán a dhéanamh ar inniúlachtaí na gcóras sláinte ábhartha don bhainistiú ar bhagairtí galar teagmhálach agus saincheisteanna sláinte speisialta eile;
(e)  faireachán a dhéanamh ar inniúlachtaí na gcóras sláinte ábhartha don bhainistiú ar bhagairtí galar teagmhálach agus saincheisteanna sláinte speisialta eile, bunaithe ar na táscairí coiteanna dá dtagraítear i bpointe (aa) den mhír seo agus ar na heilimintí a leagtar amach in Airteagal 7 (1) de Rialachán (AE) … /… [ Rialachán SCBTH]; déanfaidh an Lárionad cuairteanna rialta ar na Ballstáit a eagrú chun measúnú ar an toirt a dhéanamh ar inniúlacht a gcóras sláinte dá dtagraítear sa chéad chuid den phointe seo agus faisnéis a mhalartú leis na húdaráis inniúla chun géarchéimeanna sláinte a bhainistiú;
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea)  cigireachtaí ag an foinse a eagrú sna Ballstáit, ar bhonn cás ar chas, chun tacaíocht sa bhreis a sholáthar agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i gcur chun feidhme agus i gcomhlíonadh leis na hoibleagáidí a leagtar amach in Airteagal 5b den Rialachán seo, más gá, i bhfianaise thorthaí na dtastálacha struis dá dtagraítear in Airteagal 5(5) de Rialachán (AE) .../... [Rialachán SCBTH]; cuirfear torthaí na cigireachta i mBallstát i dtuarascáil chuig an gCoimisiún, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais;
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe e b (nua)
(eb)  tacú le faireachán náisiúnta ar an bhfreagairt do mhórghalair theagmhálacha chun an dul chun cinn a dhéantar i ndul i ngleic leo ar fud an Aontais a thomhas;
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe f
(f)  forbairt agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí, arna maoiniú ag cláir cistiúcháin agus ionstraimí ábhartha an Aontais, a éascú, lena n-áirítear cur chun feidhme gníomhaíochtaí comhpháirteacha;
(f)  forbairt agus cur chun feidhme gníomhaíochtaí, arna gcistiú ag cláir agus ionstraimí cistiúcháin ábhartha de chuid an Aontais, a éascú, lena n-áirítear cur chun feidhme gníomhaíochtaí comhpháirteacha i réimse na sláinte;
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe g
(g)  treoirlínte maidir le cóireáil agus bainistiú cáis do ghalair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta eile atá ábhartha don tsláinte phoiblí a chur ar fáil, ar iarraidh ón gCoimisiún nó ón gCoiste Slándála Sóisialta, nó dá thionscnamh féin, i gcomhar le sochaithe ábhartha;
(g)  treoirlínte a sholáthar, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gCoiste Slándála Sláinte (‘HSC’) a bunaíodh faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE)… /… [Rialachán SCBTH],ar a thionscnamh féin, treoirlínte, moltaí agus tograí le haghaidh gníomhaíocht chomhordaithe i gcomhair faireachas, faireachán, fáthmheas, cóireáil agus cás-bhainistiú galar teagmhálach agus fadhbanna sláinte speisialta eile atá ábhartha do shláinte an phobail, amhail mórghalair neamhtheagmhálacha lena n-áirítear i gcomhar le heagraíochtaí ábhartha a bhfuil taithí agus saineolas acu ar chóireáil agus cás-bhainistiú na ngalar agus na bhfadhbanna sláinte sin, agus fós aon dúbailt ar threoirlínte atá ann cheana a sheachaint, ach amháin i gcásanna inar gá sin chun na treoirlínte sin a thabhairt cothrom le dáta má bhíonn sonraí eolaíochta nua ar fáil;
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe h
(h)  tacú le freagairt eipidéime agus ráige sna Ballstáit, agus i dtríú tíortha, i gcomhlántacht le hionstraimí freagartha éigeandála eile an Aontais, go háirithe an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;
(h)  tacú le freagairt eipidéime agus ráige sna Ballstáit, agus i dtríú tíortha, i gcomhlántacht agus i ndlúthchomhar le hionstraimí freagartha éigeandála eile an Aontais, go háirithe an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, trí mholtaí ar stoc-charnadh frithbheart leighis i gcomhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais;
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe h a (nua)
(ha)  faisnéis a bhailiú, laistigh dá bhonneagar atá ann cheana, maidir le galair neamhtheagmhálacha, go háirithe iad sin a n-imríonn paindéimí, amhail ailse, diaibéiteas nó meabhairghalar, tionchar suntasach ar a bhforbairt agus a gcóireáil;
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe j
(j)  teachtaireachtaí cumarsáide bunaithe ar fhianaise a sholáthar, ar iarraidh ón gCoimisiún nó ón gCoiste Slándála Sláinte, a chur ar fáil don phobal maidir le galair theagmhálacha, ar bhagairtí ar shláinte mar gheall orthu agus ar na beartas coiscthe agus rialaithe ábhartha.
(j)  arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ag HSC, nó ar a thionscnamh féin, teachtaireachtaí cumarsáide atá tráthúil, atá inrochtana go héasca agus atá bunaithe ar fhianaise a sholáthar don phobal, i dteangacha oifigiúla uile an Aontais, maidir le galair theagmhálacha, maidir leis na bagairtí ar an tsláinte atá ann mar gheall orthu, maidir leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith acu ar othair ar a bhfuil mórghalair neamhtheagmhálacha, agus maidir leis na bearta coiscthe agus rialaithe ábhartha;
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 2 – pointe j a (nua)
(ja)  bunachar sonraí atá ar fáil don phobal a bhunú agus a nuashonrú go seasta i dteannta comhlachtaí inniúla náisiúnta aitheanta agus a saineolaithe ar an tsláinte phoiblí a ghníomhaíonn faoi raon feidhme mhisean an Lárionaid, agus sonraí ábhartha á soláthar ag na Ballstáit.
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 3 – mír 3
3.  Oibreoidh an Lárionad, an Coimisiún, na comhlachtaí ábhartha Aontais nó gníomhaireachtaí agus Ballstáit an Aontais i gcomhar chun comhleanúnachas éifeachtach idir a ngníomhaíochtaí faoi seach a chur chun cinn.’;
3.  Oibreoidh an Lárionad, an Coimisiún, comhlachtaí ábhartha an Aontais nó gníomhaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit i gcomhar le chéile, le trédhearcacht iomlán, chun comhleanúnachas éifeachtach idir a ngníomhaíochtaí faoi seach a chur chun cinn.
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Déanfaidh na Ballstáit an méid seo a leanas:
Áiritheoidh na Ballstáit go gcomhoibreofar agus go n-oibreofar i gcomhar leis an Lárionad maidir leis na misin agus na tascanna go léir a leagtar amach in Airteagal 3, trí:
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a
(a)  cumarsáid a dhéanamh leis an Lárionad ar bhonn tráthúil agus de réir sainmhínithe cáis, táscairí, caighdeán, prótacal agus sonraí nósanna imeachta a chomhaontaítear maidir le faireachas ar ghalair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta eile arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], agus sonraí agus faisnéis eolaíocha agus teicniúla atá ar fáil agus atá ábhartha do mhisean an Lárionaid, lena n-áirítear ar ullmhacht, agus inniúlachtaí na gcóras sláinte chun ráigeanna galar theagmhálach a bhrath, a chosc, freagairt dóibh agus téarnamh uathu;
(a)  cumarsáid a dhéanamh leis an Lárionad go rialta de réir amlínte, sainmhínithe cáis, táscairí, caighdeán, prótacal agus sonraí nósanna imeachta arna gcomhaontú maidir le faireachas ar ghalair theagmhálacha agus fadhbanna sláinte speisialta eile arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], agus sonraí agus faisnéis eolaíocha agus teicniúla atá ar fáil agus atá ábhartha do mhisean an Lárionaid, lena n-áirítear ar ullmhacht, agus inniúlachtaí na gcóras sláinte ráigeanna galar theagmhálach a bhrath, a chosc, freagairt dóibh agus téarnamh uathu;
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)  na táscairí dá dtagraítear in Airteagal 3(2) a úsáid chun measúnú a dhéanamh ar a staid sláinte bhaile agus iad a chur in iúl don Lárionad chun go bhféadfar comparáid a dhéanamh idir na sonraí;
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b
(b)  an Lárionad a chur ar an eolas faoi aon bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, a luaithe a bhraitear iad, tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS), agus bearta freagartha a glacadh a chur in iúl go pras, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun an fhreagairt a chomhordú dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]]; agus
(b)  an Lárionad a chur ar an eolas faoi aon bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, a luaithe a bhraitear iad, tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha (EWRS), agus bearta freagartha arna nglacadh a chur in iúl go pras, chomh maith le haon fhaisnéis ábhartha eile a d’fhéadfadh a bheith úsáideach chun an fhreagairt a chomhordú amhail dá dtagraítear in Airteagal 21 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]];
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c
(c)  comhlachtaí inniúla agus saineolaithe sláinte poiblí sainaitheanta a shainaithint a d’fhéadfadh a bheith ar fáil chun cabhrú le freagairtí an Aontais do bhagairtí sláinte, ar nós tabhairt faoi mhisin chuig na Ballstáit chun comhairle shaineolach agus imscrúduithe allamuigh a sholáthar i gcás braislí nó ráigeanna galair, laistigh de raon feidhme mhisean an Lárionaid.’;
(c)  comhlachtaí inniúla, saineolaithe sláinte poiblí agus eagraíochtaí aitheanta a d’fhéadfadh a bheith ar fáil chun cúnamh a thabhairt don Aontas agus freagairtí á dtabhairt aige ar bhagairtí sláinte a shainaithint, faoi raon feidhme mhisean an Lárionaid, amhail trí thabhairt faoi mhisin chuig na Ballstáit, chuig réigiúin trasteorann nó chuig tríú tíortha chun comhairle shaineolach a thabhairt agus imscrúduithe allamuigh a dhéanamh i gcás braislí nó ráigeanna galair.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  pleananna ullmhachta agus freagartha náisiúnta a fhorbairt i gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán SCBTH], iad a thabhairt cothrom le dáta ar bhealach tráthúil agus moltaí an Lárionaid á gcur san áireamh, agus tuairisciú a dhéanamh ar a bpleanáil ullmhachta agus freagartha agus ar chur chun feidhme na pleanála sin ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán sin;
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c b (nua)
(cb)  éascaíocht a dhéanamh ar dhigitiú an bhailithe sonraí agus an phróisis cumarsáide sonraí idir na córais faireachais náisiúnta agus córais faireachais an Aontais agus fós a áirithiú go mbeidh na hacmhainní airgeadais ann chun seachadadh tráthúil na faisnéise is gá a sholáthar; agus
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c c (nua)
(cc)  fógra a thabhairt láithreach don Lárionad faoi aon mhoill ar thuairisciú na sonraí maille le míniú air sin agus an dáta atá beartaithe don tarchur.
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 1
1.  Tacóidh an Lárionad le gníomhaíochtaí líonraithe na gcomhlachtaí inniúla arna sainaithint ag na Ballstáit trí chomhordú agus saineolas teicniúil agus eolaíoch a sholáthar don Choimisiún agus do Bhallstáit agus trí líonraí tiomnaithe a oibriú.
1.  Tacóidh an Lárionad le gníomhaíochtaí líonraithe na gcomhlachtaí inniúla atá aitheanta ag na Ballstáit, agus déanfaidh sé iad a fhorbairt go leanúnach, trí chomhordú agus saineolas teicniúil agus eolaíoch a sholáthar don Choimisiún agus do na Ballstáit agus trí na líonraí tiomnaithe a oibriú.
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1
Áiritheoidh an Lárionad oibríocht chomhtháite an líonra faireachais eipidéimeolaíoch ar na galair theagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]].
Áiritheoidh an Lárionad oibríocht chomhtháite an líonra um fhaireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta, amhail méadú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ar mhórghalair neamhtheagmhálacha nó riochtaí ainsealacha agus ar ghuaiseacha comhshaoil a bhaineann leis an tsláinte, lena n-áirítear iad siúd dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]].
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2 – pointe a
(a)  forbairt bhreise ar ardáin agus ar fheidhmchláir dhigiteacha a thacaíonn le faireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais a áirithiú, ag tacú leis na Ballstáit le comhairle theicniúil agus eolaíoch chun córais chomhtháite faireachais a bhunú ag cumasú faireachas fíor-ama i gcás inarb iomchuí, ag tairbhiú de bhonneagair agus seirbhísí spáis AE reatha;
(a)  a áirithiú go ndéanfar forbairt leanúnach ar na hardáin agus na feidhmchláir dhigiteacha, lena n-áirítear an t-ardán faireachais arna bhunú faoi Airteagal 14 de Rialachán (AE) ... / ... [Rialachán SCBTH], tacú leis an bhfaireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais, tacú leis na Ballstáit le comhairle theicniúil agus eolaíoch chun córais faireachais chomhtháite trínar féidir faireachas a dhéanamh i bhfíor-am, i gcás inarb iomchuí, a bhunú, agus riachtanas agus comhréireacht an bhailithe sonraí na húsáide sonraí de dhroim measúnú tionchair ar chosaint sonraí (‘DPIA’) a chruthú, tairbhiú de bhonneagair agus seirbhísí spáis digiteacha AE atá ann cheana, agus é mar aidhm leis sin an próiseas malartaithe sonraí a shimpliú agus laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát; déanfar na hardáin agus na feidhmchláir dhigiteacha sin a chur chun feidhme le cosaint sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú de bhun Airteagal 27 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, agus na teicneolaíochtaí úrscothacha reatha á gcur san áireamh;
____________________
* Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2 – pointe b
(b)  dearbhú cáilíochta a sholáthar trí fhaireachán agus measúnú a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faireachais eipidéimeolaíoch (lena n-áirítear caighdeáin faireachais a shocrú agus faireachán a dhéanamh ar iomláine sonraí) na líonraí faireacháin tiomnaithe lena n-oibríocht optamach a áirithiú;
(b)  dearbhú cáilíochta a sholáthar trí fhaireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí faireachais eipidéimeolaíoch (lena n-áirítear caighdeáin faireachais a shocrú agus faireachán a dhéanamh ar iomláine sonraí agus táscairí measúnaithe) na líonraí faireacháin tiomnaithe chun oibríocht optamach a áirithiú;
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2 – pointe c
(c)  bunachair sonraí don fhaireachas eipidéimeolaíoch a chothabháil, comhordú le hóstaigh bunachar sonraí ábhartha eile, agus oibriú i dtreo cuir chuige chomhchuibhithe chun sonraí a bhailiú agus samhaltú;
(c)  bunachar sonraí nó bunachair sonraí don fhaireachas eipidéimeolaíoch sin a chothabháil, oibriú i gcomhar le hóstaigh bunachar sonraí ábhartha eile, agus oibriú i dtreo cuir chuige chomhchuibhithe i leith an bhailithe sonraí agus an tsamhaltaithe chun sonraí inchomparáide uile-Aontais a sholáthar mar bhonn leis an gcinnteoireacht; agus an ról sin á chomhlíonadh aige, íoslaghdóidh an Lárionad na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as sonraí neamhchruinne, neamhiomlána nó débhríocha a aistriú ó bhunachar sonraí amháin chuig bunachar sonraí eile, agus freisin bunóidh sé nósanna imeachta urrúnta don athbhreithniú ar cháilíocht na sonraí;
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  faisnéis arna soláthar ag na Ballstáit maidir le tionchar paindéimí ar na cúiseanna atá le mórghalair neamhtheagmhálacha ábhartha, agus ar chóireáil mórghalar neamhtheagmhálach ábhartha, a bhailiú agus a anailísiú;
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2 – pointe d
(d)  torthaí na hanailíse ar na sonraí a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit;
(d)  torthaí na hanailíse ar na sonraí a chur in iúl don Choimisiún agus do na Ballstáit agus cumarsáid a mholadh chun an pobal a chur ar an eolas;
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 2 – pointe g
(g)  idir-inoibritheacht na n-ardán digiteach don fhaireachas le bonneagair dhigiteacha a áirithiú lena cheadú na sonraí maidir le sláinte a úsáid don chúram sláinte, taighde, déanamh beartais agus chun críocha rialúcháin d’fhonn na hardáin agus na bonneagair sin a chomhtháthú sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte, arna rialú ag reachtaíocht an Aontais, agus úsáid a bhaint as sonraí ábhartha eile, mar shampla tosca comhshaoil.
(g)  idir-inoibritheacht na n-ardán digiteach don fhaireachas le bonneagair dhigiteacha a áirithiú rud a fhágfaidh go mbeifear in ann na sonraí maidir le sláinte a úsáid don chúram sláinte, do thaighde, do dhéanamh beartais agus chun críocha rialúcháin, i gcomhréir le pointí (h) agus (i) d’Airteagal 9(2) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, tar éis DPIA a dhéanamh agus tar éis aon rioscaí do chearta agus saoirse na n-ábhar sonraí a mhaolú, agus d’fhonn na hardáin agus na bonneagair sin a chomhtháthú sa Spás Eorpach Sonraí Sláinte, arna rialáil ag reachtaíocht an Aontais, agus úsáid a bhaint as sonraí ábhartha eile, mar shampla tosca comhshaoil nó feiniméin a bhféadfadh mórthionchar sláinte a bheith acu ar leibhéal an Aontais nó ar an leibhéal idir-réigiúnach.
__________________
* Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 3
3.  Tacóidh an Lárionad le hobair HSC, na Comhairle agus struchtúir eile an Aontais chun freagraí do bhagairt tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chomhordú laistigh dá shainordú.
3.  Tacóidh an Lárionad le hobair HSC, obair na Comhairle agus, i gcás inarb ábhartha, obair struchtúr eile de chuid an Aontais chun freagairtí ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chomhordú laistigh dá shainordú.
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 4 – pointe a
(a)  faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí i ngalair theagmhálacha le himeacht ama agus ar fud na mBallstát agus i dtríú tíortha, bunaithe ar tháscairí comhaontaithe, chun an staid reatha a mheasúnú agus gníomhaíocht iomchuí atá bunaithe ar fhianaise a éascú, lena n-áirítear trí na sonraíochtaí do bhailiú sonraí comhchuibhithe ó na Ballstáit a shainaithint
(a)  faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí i ngalair theagmhálacha agus a n-idirnasc le mhórghalair neamhtheagmhálacha agus riochtaí ainsealacha agus na himpleachtaí d’othair ar a bhfuil na galair agus na riochtaí sin le himeacht ama agus ar fud na mBallstát agus i dtríú tíortha, bunaithe ar tháscairí comhaontaithe, chun an staid reatha a mheasúnú agus gníomhaíocht iomchuí atá bunaithe ar fhianaise a éascú, lena n-áirítear trí na sonraíochtaí do bhailiú sonraí comhchuibhithe ó na Ballstáit a shainaithint;
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 4 – pointe d
(d)  faireachán agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte chun galair theagmhálacha shonracha a aithint, a chosc agus a chóireáil, chomh maith le sábháilteacht na n-othar;
(d)  faireachán agus measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte i leith galair theagmhálacha shonracha a fháthmheas, a chosc agus a chóireáil agus freisin i leith shábháilteacht na n-othar agus athléimneacht na gcóras sláinte náisiúnta i gcás ráigeanna mórghalar, bunaithe ar tháscairí agus sainmhínithe comhchoiteanna;
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 4 – pointe f
(f)  rannchuidiú le hualach na ngalar teagmhálach ar an daonra a mheasúnú trí shonraí amhail leitheadúlacht galair, castachtaí, ospidéalú agus básmhaireacht a úsáid, agus a áirithiú go ndí-chomhshuimítear na sonraí sin de réir aoise, inscne agus míchumais;
(f)  rannchuidiú le hualach na ngalar teagmhálach ar an daonra a mheasúnú trí shonraí amhail leitheadúlacht galair, castachtaí, ospidéalú agus básmhaireacht a úsáid, agus a áirithiú go ndí-chomhshuimítear na sonraí sin de réir aoise, inscne agus míchumais, agus comhghalrachtaí othar;
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 4 – pointe h
(h)  tosca riosca don tarchur galair a shainaithint, chomh maith leis na grúpaí is mó atá i mbaol, lena n-áirítear comhchoibhneas agus déine ráta tarlaithe galair le tosca sochaíocha agus comhshaoil, agus tosaíochtaí agus riachtanais taighde.
(h)  tosca riosca don tarchur galair a shainaithint, chomh maith leis na grúpaí is mó atá i mbaol, lena n-áirítear comhchoibhneas agus déine ráta tarlaithe galair le tosca sochaíocha, comhshaoil agus aeráide, agus tosaíochtaí agus riachtanais taighde.
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 5 – fomhír 1
Déanfaidh gach Ballstát comhlacht inniúil comhordaithe a ainmniú agus pointe fócasach náisiúnta agus pointí teagmhála oibríochtúla a ainmniú as a bheith ábhartha d’fheidhmeanna sláinte poiblí, lena n-áirítear faireachas eipidéimeolaíoch, agus le haghaidh grúpaí galar agus galair aonair éagsúla.
Déanfaidh gach Ballstát comhlacht inniúil comhordaithe a ainmniú agus pointe fócasach náisiúnta agus pointí teagmhála oibríochtúla a ainmniú as a bheith ábhartha d’fheidhmeanna sláinte poiblí, lena n-áirítear faireachas eipidéimeolaíoch, agus le haghaidh grúpaí galar agus galair aonair éagsúla. Beidh na pointí fócasacha náisiúnta, a mhéid is féidir, mar a chéile le Pointí Fócasacha Náisiúnta IHR, chun dúbailt acmhainní agus iarrachtaí a íoslaghdú.
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 5 – fomhír 3
Beidh pointí fócais náisiúnta agus pointí teagmhála oibríochtúla ainmnithe d’idirghníomhaíochtaí sonrach don ghalar leis an Lárionad ina líonraí sonrach don ghalar nó ina líonraí sonrach don ghrúpa galar agus áireofaí ar a gcúraimí sonraí faireachais náisiúnta a tharchur chuig an Lárionad.
Beidh pointí fócais náisiúnta agus pointí teagmhála oibríochtúla arna n-ainmniú d’idirghníomhaíochtaí leis an Lárionad atá sonrach don ghalar ina líonraí atá sonrach don ghalar nó ina líonraí atá sonrach don ghrúpa galar agus áireofar ar a gcúraimí sonraí faireachais náisiúnta, chomh maith le tograí le haghaidh cosc agus rialú galar teagmhálach, a tharchur chuig an Lárionad.
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 6
6.  Áiritheoidh an Lárionad oibríocht an líonra de shaotharlanna tagartha AE dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], do dhiagnóisiú, brath, sainaithint agus shaintréithriú gníomhairí tógálacha a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol don tsláinte phoiblí.
6.  Áiritheoidh agus comhordóidh an Lárionad oibríocht an líonra de shaotharlanna tagartha AE dá dtagraítear in Airteagal 15 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], do dhiagnóisiú, brath, sainaithint, seicheamhú géiniteach agus saintréithriú oibreán tógálach a d’fhéadfadh a bheith ina mbaol don tsláinte phoiblí.
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 6 a (nua)
6a.  Tabharfaidh an Lárionad cúnamh teicniúil agus eolaíoch do na Ballstáit i dtreo is go mbeidh siad in ann a n-acmhainneachtaí braite agus seicheamhaithe a fhorbairt, agus tabharfaidh sé cúnamh go háirithe do na Ballstáit sin nach bhfuil acmhainneachtaí leordhóthanacha acu.
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 8 – fomhír 1
Áiritheoidh an Lárionad oibríocht an líonra seirbhísí Ballstát a thacaíonn le haistriú, le trasphlandú agus le hatáirgeadh daonna le cuidiú míochaine le go mbeifí in ann rochtain leanúnach thapa a fháil ar shonraí séireipidéimeolaíocha trí shuirbhéanna séireipidéimeolaíocha laistigh den daonra, lena n-áirítear chun nochtadh agus imdhíonacht an daonra deontóra a mheasúnú.
Áiritheoidh an Lárionad oibríocht agus comhordú an líonra seirbhísí Ballstát a thacaíonn le sábháilteacht mhicribhitheolaíochta substaintí de bhunús daonna a chuimsíonn aistriú, trasphlandú agus atáirgeadh daonna le cuidiú míochaine a bhunaítear faoi Airteagal 16 de Rialachán (AE)… /… [Rialachán SCBTH] l chun go mbeifear in ann rochtain leanúnach agus thapa a fháil ar shonraí séireipidéimeolaíocha trí shuirbhéanna séireipidéimeolaíocha laistigh den daonra, lena n-áirítear measúnú ar nochtadh agus imdhíonacht an daonra deontóra.
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 8 – fomhír 2
Tacóidh an líonra dá dtagraítear sa chéad fhomhír leis an Lárionad trí fhaireachán a dhéanamh ar ráigeanna galair atá ábhartha do shubstaintí de bhunús daonna agus a soláthar d’othair, agus le forbairt treoirlínte maidir le sábháilteacht agus cáilíocht fola, fíochán agus ceall.
Tacóidh an líonra dá dtagraítear sa chéad fhomhír leis an Lárionad trí fhaireachán a dhéanamh ar ráigeanna de ghalair theagmhálacha atá ábhartha do shábháilteacht agus leordhóthanacht soláthair substaintí de bhunús daonna agus a soláthar d’othair, agus le forbairt treoirlínte maidir le sábháilteacht agus cáilíocht fola, fíochán agus ceall.
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5a – mír 1
1.  Tacóidh an Lárionad leis na Ballstáit chun a gcórais coiscthe agus rialaithe galar teagmhálach a láidriú.
1.  Tacóidh an Lárionad leis na Ballstáit chun a n-acmhainneachtaí coiscthe agus rialaithe galar teagmhálach a neartú, agus chun feabhas a chur ar phróisis bailithe sonraí maille le comhroinnt sonraí fíor-ama agus idir-inoibritheach, agus chun an méid sin a éascú.
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5a – mír 2
2.  Forbróidh an Lárionad creat maidir le galair theagmhálacha agus saincheisteanna speisialta a chosc, lena n-áirítear galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, oideachas sláinte, litearthacht sláinte agus athrú iompraíochta.
2.  I ndlúthchomhar leis na Ballstáit, le EMA agus le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, agus freisin i ndlúthchomhar le heagraíochtaí idirnáisiúnta, forbróidh an Lárionad creat maidir le galair theagmhálacha agus deacrachtaí speisialta a chosc, lena n-áirítear tosca riosca socheacnamaíocha, galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, cur chun cinn na sláinte, oideachas sláinte, litearthacht sláinte agus athrú iompraíochta.
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Leis an gcreat sin, ba cheart go n-éascófaí comhairliúchán buan le hionadaithe den tsochaí shibhialta agus den tionscal, go háirithe comhlachtaí eolaíocha, i dtaca le gníomhaíochtaí an Lárionaid atá dírithe ar ghalair theagmhálacha a chosc, mífhaisnéis maidir le vacsaíniú is cúis le drogall roimh an vacsaíniú a chomhrac, bearta coisctheacha agus cóir leighis, mar aon le feachtais faisnéise maidir leis na naisc idir limistéir galair agus maidir leis na rioscaí d’othair ar a bhfuil mórghalair neamhtheagmhálacha.
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5a – mír 3
3.  Déanfaidh an Lárionad meastóireacht agus faireachán ar chláir chun galair theagmhálacha a chosc agus a rialú chun an fhianaise a sholáthar do mholtaí chun na cláir sin a neartú agus a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéil an Aontais, agus i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal idirnáisiúnta.
3.  Féadfaidh an Lárionad, arna iarraidh sin, treoirlínte a sholáthar maidir le cláir coiscthe agus rialaithe galar teagmhálach a chruthú, agus déanfaidh sé meastóireacht agus faireachán ar chláir coiscthe agus rialaithe galar teagmhálach chun an fhianaise le moltaí chun na cláir sin a chomhordú, a neartú, agus a fheabhsú ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal idir-réigiúnach agus ar leibhéil an Aontais, agus i gcás inarb iomchuí ar an leibhéal idirnáisiúnta, a sholáthar.
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5a – mír 3 a (nua)
3a.  Forbróidh an Lárionad ardán chun faireachán a dhéanamh ar leibhéal an chuimsithe vacsaínithe ag na Ballstáit, agus sainiúlachtaí na scéimeanna vacsaínithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach á gcur san áireamh.
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5b – mír 1 – fomhír 1
Soláthróidh an Lárionad saineolas eolaíoch agus teicniúil do na Ballstáit agus don Choimisiún i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, i gcomhréir le socruithe oibre iomchuí arna mbunú leis an gCoimisiún i réimse na pleanála ullmhachta agus freagartha.
Soláthróidh an Lárionad moltaí agus saineolas eolaíoch agus teicniúil do na Ballstáit agus don Choimisiún i gcomhar le comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, eagraíochtaí agus ionadaithe den tsochaí shibhialta idirnáisiúnta i gcomhréir le socruithe oibre iomchuí arna mbunú leis an gCoimisiún i réimse na pleanála ullmhachta agus freagartha.
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5b – mír 1 – fomhír 2 – pointe c
(c)  féinmheasúnuithe agus measúnú seachtrach ar phleanáil ullmhachta agus freagartha na mBallstát a éascú, agus cur le tuairisciú agus iniúchóireacht ar phleanáil ullmhachta agus freagartha faoi Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]];
(c)  measúnú a dhéanamh ar phleanáil ullmhachta agus freagartha na mBallstát, agus rannchuidiú le tuairisciú agus iniúchadh ar an bpleanáil ullmhachta agus freagartha faoi Airteagail 7 agus 8 de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]]; déanfaidh an Lárionad a mheasúnú, maille le moltaí, a chur chuig na Ballstáit agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é;
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5b – mír 1 – fomhír 2 – pointe e
(e)  beartais, athbhreithnithe le linn gníomhaíochta agus tar éis gníomhaíochta a fhorbairt agus gníomhaíochtaí um fhothú acmhainneachta a eagrú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí acmhainneachta agus cumais ullmhachta a shainaithint;
(e)  freachnaimh, tástálacha struis, athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta a fhorbairt agus gníomhaíochtaí um fhothú acmhainneachta a eagrú chun aghaidh a thabhairt ar bhearnaí san acmhainneacht agus sa chumas ullmhachta arna sainaithint;
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5b – mír 1 – fomhír 2 – pointe f
(f)  gníomhaíochtaí sonracha ullmhachta a fhorbairt ina dtugtar aghaidh ar ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, cumas saotharlainne agus bithshlándáil i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin agus bunaithe ar bhearnaí sainaitheanta;
(f)  gníomhaíochtaí sonracha ullmhachta a fhorbairt ina dtugtar aghaidh, i measc nithe eile, ar ghalair atá inchoiscthe trí vacsaíniú, ar an bhfrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, ar acmhainneacht saotharlainne agus ar an mbithshlándáil i gcomhréir le tosaíochtaí an Choimisiúin agus bunaithe ar bhearnaí arna sainaithint;
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5b – mír 1 – fomhír 2 – pointe h
(h)  gníomhaíochtaí dírithe a fhorbairt a thugann aghaidh ar ghrúpaí atá i mbaol agus ullmhacht phobail;
(h)  gníomhaíochtaí spriocdhírithe a fhorbairt a thugann aghaidh ar ghrúpaí atá i mbaol agus ar ullmhacht an phobail, agus aird á tabhairt go háirithe ar na rioscaí a bhaineann leis na cúiseanna atá le mórghalair neamhtheagmhálacha ábhartha, agus ar chóireáil mórghalar neamhtheagmhálach ábhartha;
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 5b – mír 1 – fomhír 2 – pointe i
(i)  measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte chun ráigeanna galar teagmhálach a bhrath, a chosc, freagairt dóibh agus téarnamh uathu, bearnaí a shainaithint agus moltaí a chur ar fáil chun córais sláinte a neartú, lena gcur chun feidhme le tacaíocht an Aontais de réir mar is iomchuí;
(i)  measúnú a dhéanamh ar inniúlacht na gcóras sláinte, bunaithe ar tháscairí comhchoiteanna, ráigeanna galar teagmhálach agus rioscaí sláinte gaolmhara a bhrath, a chosc, freagairt dóibh agus téarnamh uathu, bearnaí a shainaithint agus moltaí le haghaidh neartú a dhéanamh ar chórais sláinte a sholáthar, go háirithe a mhéid a bhaineann le hacmhainneachtaí tástála íosta, lena gcur chun feidhme le tacaíocht an Aontais de réir mar is iomchuí; déanfaidh an Lárionad a mheasúnú, maille le moltaí, a chur chuig na Ballstáit agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é;
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 6 – mír 1a
1a.  Soláthróidh an Lárionad anailísí agus moltaí coincréiteacha do ghníomhaíochta chun bagairtí galar teagmhálach a chosc agus a rialú ar iarraidh ón gCoimisiún.’;
1a.  Soláthróidh an Lárionad anailísí agus moltaí nithiúla i leith gníomhaíochta chun galair theagmhálacha agus bagairtí eile trasteorann ar an tsláinte a chosc agus a rialú arna iarraidh sin ag an gCoimisiún.
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 6 – mír 3 – fomhír 1
Féadfaidh an Lárionad staidéir eolaíocha a chur chun cinn agus a thionscnamh atá riachtanach d’fheidhmíocht a mhisin agus staidéir agus tionscadail eolaíochta feidhmí ar indéantacht, forbairt agus ullmhacht a ghníomhaíochtaí. Déanfaidh an Lárionad dúbailt a sheachaint le cláir thaighde agus sláinte an Choimisiúin, na mBallstát agus an Aontais, agus déanfaidh sé idirchaidreamh idir an earnáil sláinte poiblí agus taighde de réir mar is gá.
Féadfaidh an Lárionad staidéir eolaíocha a chur chun cinn agus a thionscnamh atá riachtanach d’fheidhmíocht a mhisin mar aon le staidéir agus tionscadail eolaíochta feidhmí ar indéantacht, forbairt agus ullmhacht a ghníomhaíochtaí. Déanfaidh an Lárionad dúbailt a sheachaint le cláir thaighde agus sláinte an Choimisiúin, na mBallstát, an Aontais, agus EDS, agus déanfaidh sé idirchaidreamh idir an earnáil sláinte poiblí agus taighde trína mholadh go rachfaí i gcomhairle le saineolaithe sláinte poiblí, agus go n-oibreofaí i gcomhar leo.
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 6 – mír 3 – fomhír 2
Chun na staidéir dá dtagraítear sa chéad mhír a dhéanamh, beidh rochtain ag an Lárionad ar na sonraí maidir le sláinte a chuirtear ar fáil nó a mhalartaítear trí bhonneagair agus feidhmchláir dhigiteacha, i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí, ag fágáil go mbeifear in ann sonraí maidir le sláinte a úsáid ar mhaithe le cúram sláinte, taighde, déanamh beartais agus chun críocha rialúcháin. Chun críocha na staidéar faoin gcéad mhír, bainfidh an Lárionad úsáid as sonraí ábhartha eile freisin, ar thosca comhshaoil agus socheacnamaíocha mar shampla.’;
Chun na staidéir dá dtagraítear sa chéad mhír a dhéanamh, beidh rochtain ag an Lárionad ar na sonraí maidir le sláinte a chuirtear ar fáil nó a mhalartaítear trí bhonneagair agus feidhmchláir dhigiteacha, i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí, rud a fhágfaidh go mbeifear in ann sonraí maidir le sláinte a úsáid ar mhaithe le cúram sláinte, sláinte, taighde, déanamh beartais agus chun críocha rialúcháin i réimse na sláinte, agus ar maithe leosan amháin. Chun críocha na staidéar faoin gcéad mhír, bainfidh an Lárionad úsáid as sonraí ábhartha eile freisin, ar thosca comhshaoil agus socheacnamaíocha mar shampla, tar éis é a chruthú gur riachtanach agus gur comhréireach na sonraí sin a úsáid.
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 6 – mír 3 a (nua)
3a.  Féadfaidh an Lárionad a acmhainní a úsáid agus úsáid a bhaint as saotharlanna tagartha, chun taighde goirt, cruinniú sonraí, agus anailísiú sonraí a dhéanamh chun cuidiú le comhlachtaí náisiúnta ábhartha sonraí iontaofa a chruinniú.
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe c
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 6 – mír 4
4.  Rachaidh an Lárionad i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais maidir le staidéir thaighde agus shláinte poiblí a phleanáil agus tosaíochtaí a shocrú ina leith.’;
4.  Rachaidh an Lárionad i gcomhairle leis an gCoimisiún, le CSS agus le comhlachtaí nó gníomhaireachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais maidir le staidéir thaighde agus shláinte poiblí a phleanáil agus tosaíochtaí a shocrú ina leith.
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 7 – mír 1 – pointe c
(c)  arna iarraidh sin don Choimisiún; agus
(c)  arna iarraidh sin don Choimisiún nó do EMA;
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 7 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  arna iarraidh sin do HSC; agus
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 7 – mír 2
2.  Míneofar go soiléir le hiarrataí le haghaidh tuairim eolaíoch dá dtagraítear i mír 1 an tsaincheist eolaíoch a dtabharfar aghaidh orthu agus leas an Aontais agus beidh eolas cúlra leormhaith maidir leis an tsaincheist sin ag gabháil leo.
2.  Míneofar go soiléir le hiarrataí ar thuairim eolaíoch dá dtagraítear i mír 1 an tsaincheist eolaíoch ar a mbeidh aghaidh le tabhairt agus leas an Aontais agus an gá le gníomhú, agus beidh eolas cúlra leordhóthanach maidir leis an tsaincheist sin ag gabháil leo.
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 7 – mír 4
4.  I gcás ina ndéanfar iarrataí difriúla maidir leis an tsaincheist chéanna nó mura gcomhlíonann an iarraidh mír 2, féadfaidh an Lárionad diúltú tuairim eolaíoch a eisiúint nó leasuithe ar an iarraidh sin a mholadh i gcomhairle leis an institiúid nó leis an mBallstát a rinne an iarraidh. I gcás ina ndiúltófar don iarraidh, tabharfar réasúnú don institiúid nó do na Ballstáit a rinne an iarraidh.
4.  I gcás ina ndéanfar iarrataí difriúla maidir leis an tsaincheist chéanna nó mura gcomhlíonann an iarraidh mír 2, féadfaidh an Lárionad diúltú tuairim eolaíoch a eisiúint nó leasuithe ar an iarraidh sin a mholadh i gcomhairle leis an institiúid, an ghníomhaireacht nó an Ballstát a rinne an iarraidh. I gcás ina ndiúltófar don iarraidh, tabharfar réasúnú don institiúid, don ghníomhaireacht nó do na Ballstáit a rinne an iarraidh.
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 8
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 7 – mír 5
5.  I gcás ina mbeidh tuairim eolaíoch tugtha ag an Lárionad cheana féin maidir leis an tsaincheist shonrach ab ábhar don iarraidh agus ina dtiocfaidh sé ar an gconclúid nach bhfágann aon eilimintí eolaíocha go bhfuil údar leis an tsaincheist a athscrúdú, tabharfar faisnéis a thacóidh leis an gconclúid sin don institiúid nó don Bhallstát a rinne an iarraidh.
5.  I gcás ina mbeidh tuairim eolaíoch tugtha ag an Lárionad cheana maidir leis an tsaincheist shonrach ab ábhar don iarraidh agus ina dtiocfaidh sé ar an gconclúid nach bhfágann aon eilimintí eolaíocha go bhfuil údar leis an tsaincheist a athscrúdú, tabharfar faisnéis a thacóidh leis an gconclúid sin don institiúid, don ghníomhaireacht nó don Bhallstát a rinne an iarraidh.
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8 – mír 1
1.  Tacóidh agus cabhróidh an Lárionad leis an gCoimisiún tríd an EWRS a fheidhmiú agus tríd an inniúlacht chun freagairt ar bhealach comhordaithe a áirithiú leis na Ballstáit.
1.  Tacóidh agus cabhróidh an Lárionad leis an gCoimisiún tríd an EWRS dá bhforáiltear in Airteagal 18 de Rialachán (AE) .../... [Rialachán SCBTH] a oibriú agus tríd an inniúlacht chun freagairt ar bhealach comhordaithe agus tráthúil a áirithiú leis na Ballstáit.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8 – mír 2 – pointe b
(b)  faisnéis, oilteacht, comhairle agus measúnú riosca a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún; agus
(b)  faisnéis, oilteacht, comhairle, oiliúint agus measúnú riosca a sholáthar do na Ballstáit agus don Choimisiún; agus
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8 – mír 2 a (nua)
2a.  Oibreoidh an Lárionad leis an gCoimisiún, le HSC agus leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar thuairisciú sonraí ábhartha trí EWRS, agus é mar aidhm leis sin an próiseas a dhigitiú agus é a chomhtháthú i gcórais faireachais náisiúnta.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8 – mír 3
3.  Oibreoidh an Lárionad leis an gCoimisiún agus leis an gCoiste Slándála Sláinte maidir le nuashonruithe EWRS, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid, cosúil le haipeanna digiteacha móibíleacha, samhlacha intleachta saorga, nó teicneolaíochtaí eile chun rianú teagmhálaithe uathoibríoch a dhéanamh, ag forbairt na dteicneolaíochtaí rianaithe teagmhálaithe arna bhforbairt ag na Ballstáit agus maidir le ceanglais fheidhmiúla EWRS a shainiú.
3.  Oibreoidh an Lárionad leis an gCoimisiún agus leis an gCoiste Slándála Sláinte maidir le nuashonruithe leanúnacha EWRS, lena n-áirítear i gcomhair úsáid teicneolaíochtaí nua-aimseartha, amhail feidhmchláir dhigiteacha agus mhóibíleacha, an intleachta shaorga agus samhaltú ar ríomhaire agus samhlacha ionsamhlúcháin, nó teicneolaíochtaí eile le haghaidh rianú teagmhálaithe uathoibríoch, agus na teicneolaíochtaí rianaithe teagmhálaithe arna bhforbairt ag na Ballstáit ina mbonn leis an méid sin. Úsáidfear na teicneolaíochtaí sin chun críche paindéimí a chomhrac, agus chun na críche sin amháin, i gcás ina gcruthaítear gur leormhaith, gur riachtanach agus gur comhréireach iad, agus Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle á gcomhlíonadh go hiomlán*, agus maidir le fheidhmiúla EWRS a shainiú.
________________
* Treoir 2002/58/EC ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le cosaint príobháideachais san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach), (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37).
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 9
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8 – mír 5
5.  Beidh sé d’fhreagracht ar an Lárionad mar phróiseálaí slándáil agus rúndacht oibríochtaí próiseála na sonraí pearsanta arna ndéanamh laistigh de EWRS a áirithiú agus i gcomhthéacs idir-inoibritheacht aipeanna rianaithe teagmhálaithe, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagal 33, Airteagal 34(2) agus Airteagal 36 de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*
5.  Beidh sé d’fhreagracht ar an Lárionad slándáil agus rúndacht oibríochtaí próiseála na sonraí pearsanta arna ndéanamh laistigh de EWRS a áirithiú agus i gcomhthéacs idir-inoibritheacht aipeanna rianaithe teagmhálaithe, i gcomhréir leis na hoibleagáidí a leagtar síos in Airteagail 33, agus 36 de Rialachán (AE) 2018/1725.
___________
* Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).’;
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8a – mír 1
1.  Soláthróidh an Lárionad measúnuithe riosca tapa go tráthúil, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE)…/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], i gcás bagartha dá dtagraítear i bpointe (i) agus pointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) den Rialachán sin lena n-áirítear bagairt do shubstaintí de bhunús daonna, cosúil le fuil, orgáin, fíocháin agus cealla a bhféadfadh tionchar a bheith ag galair theagmhálacha orthu, nó i bpointe (d) d’Airteagal 2(1) den Rialachán sin
1.  Soláthróidh an Lárionad measúnuithe riosca tráthúla, i gcomhréir le hAirteagal 20 de Rialachán (AE)…/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]], i gcás bagartha dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) den Rialachán sin lena n-áirítear bagairt ar shubstaintí de bhunús daonna, amhail fuil, orgáin, fíocháin agus cealla a bhféadfadh tionchar a bheith ag galair theagmhálacha orthu, nó i bpointe (d) d’Airteagal 2(1) den Rialachán sin.
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8a – mír 1 a (nua)
1a.  Déanfar na measúnuithe riosca dá dtagraítear i mír 1 ar bhealach tráthúil agus i dtréimhse ama chomh gearr agus is féidir chun an fhaisnéis riachtanach a bhailiú.
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8a – mír 2
2.  Beidh moltaí ginearálta agus spriocdhírithe sa mheasúnú riosca maidir le freagairt mar bhonn le comhordú sa Choiste Slándála Sláinte.
2.  Sna measúnuithe riosca dá dtagraítear i mír 1, áireofar, i gcás inar féidir, moltaí ginearálta agus spriocdhírithe maidir le freagairt mar bhonn le comhordú sa Choiste Slándála Sláinte, lena n-áireofar iad seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
(a)   réamhaisnéis ar éabhlóid géarchéime sláinte agus an baol go mbeadh éigeandáil sláinte ann;
(b)   réamhaisnéis ar an éileamh ar chógais, vacsaíní, trealamh leighis, trealamh cosanta agus spás sna hospidéil, lena n-áirítear laistigh den Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta;
(c)   sainaithint grúpaí leochaileacha sa tsochaí, amhail othair ar a bhfuil riochtaí ainsealacha, othair ar a bhfuil mórghalair neamhtheagmhálacha, daoine scothaosta, leanaí, mná torracha agus gairmeacha a bhfuil ardriosca ionfhabhtaithe nó tras-seolta ag baint leo, lena n-airítear riachtanais shonracha ar chógais agus acmhainneacht ospidéil do na grúpaí leochaileacha sin;
(d)   sainaithint beart cosanta ionchasach agus measúnú ar a n-éifeachtúlacht;
(e)   measúnú ar an ngá a d’fhéadfadh a bheith ann le Tascfhórsa Sláinte an Aontais a ghníomhachtú.
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8a – mír 3
3.  Chun críocha mhír 1, comhordóidh an Lárionad ullmhú measúnuithe riosca tapa trí shaineolaithe ó na Ballstáit agus gníomhaireachtaí ábhartha a thabhairt isteach, más gá.
3.  Chun críocha mhír 1, comhordóidh an Lárionad ullmhú measúnuithe riosca tapa trí ról a thabhairt do shaineolaithe ó na Ballstáit agus do ghníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha ann.
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8a – mír 4 a (nua)
4a.  Oibreoidh an Lárionad i gcomhar leis na Ballstáit chun feabhas a chur ar a n-acmhainneacht measúnaithe riosca.
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8b – mír 1 – pointe a
(a)  freagairtí náisiúnta don bhagairt tromchúiseach trasteorann ar shláinte;
(a)  freagairtí náisiúnta nó idir-réigiúnacha ar an mbagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte;
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8b – mír 1 – pointe b
(b)  treoraíocht do na Ballstáit a ghlacadh chun bagairt tromchúiseach trasteorann ar shláinte a chosc agus a rialú.
(b)  glacadh treorlínte comhchoiteanna do na Ballstáit i dtaobh bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte a chosc, a láimhseáil agus a rialú;
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 4 – mír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  Tascfhórsa Sláinte AE a imscaradh.
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 11
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 8b – mír 2
2.  Tacóidh an Lárionad le freagairt arna comhordú ag an Aontas arna iarraidh sin do Bhallstát, don Chomhairle, don Choimisiún, do chomhlachtaí nó do ghníomhaireachtaí an Aontais.
2.  Tacóidh an Lárionad le freagairt arna comhordú ag an Aontas i gcomhréir le hAirteagal 21 de Rialachán (AE)…/… [Rialachán SCBTH].
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 9 – mír 2
2.  Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, tríú tíortha, go háirithe tíortha comhpháirtíochta an Aontais, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta (go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) iarraidh ar an Lárionad cúnamh eolaíoch nó teicniúil a sholáthar in aon réimse laistigh de raon feidhme a mhisin. Féadfaidh cabhair don Choimisiún agus do na Ballstáit a bheith san áireamh leis an gcúnamh chun treoirlínte teicniúla a fhorbairt maidir le dea-chleachtas agus maidir le bearta cosanta a bheidh le déanamh mar fhreagairt ar bhagairtí do shláinte an duine, chomh maith le cúnamh saineolach a sholáthar, agus foirne imscrúdúcháin a ghríosú agus a chomhordú. Soláthróidh an Lárionad saineolas agus cúnamh eolaíoch agus teicniúil laistigh dá chumas maoinithe agus dá shainordú, agus i gcomhréir leis na socruithe oibre iomchuí arna mbunú leis an gCoimisiún.
2.  Féadfaidh an Coimisiún, na Ballstáit, tríú tíortha, go háirithe tíortha comhpháirtíochta an Aontais, agus eagraíochtaí idirnáisiúnta (go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte) a iarraidh ar an Lárionad cúnamh eolaíoch nó teicniúil a sholáthar in aon réimse laistigh de raon feidhme a mhisin. Mar chuid den chúnamh sin, féadfar cuidiú leis an gCoimisiún agus na Ballstáit treoirlínte teicniúla a fhorbairt maidir le dea-chleachtas agus maidir le bearta cosanta a bheadh le déanamh mar fhreagairt ar bhagairtí ar shláinte an duine, féadfar cúnamh saineolach a sholáthar, foirne imscrúdúcháin a imlonnú agus a chomhordú agus measúnú a dhéanamh ar éifeachtúlacht beart freagartha. Soláthróidh an Lárionad saineolas agus cúnamh eolaíoch agus teicniúil laistigh dá acmhainneacht maoinithe agus dá shainordú, agus i gcomhréir leis na socruithe oibre iomchuí arna mbunú leis an gCoimisiún.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 12 – pointe c
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 9 – mír 6
6.  Comhordóidh agus tacóidh an Lárionad, de réir mar is iomchuí, le cláir oiliúna, go háirithe maidir le faireachas eipidéimeolaíoch, imscrúduithe allamuigh, ullmhacht agus cosc, agus taighde sláinte poiblí.
6.  De réir mar is iomchuí, tacóidh an Lárionad le cláir oiliúna, agus déanfaidh sé iad a chomhordú, go háirithe san fhaireachas eipidéimeolaíoch, in imscrúduithe allamuigh, in ullmhacht agus cosc, san fhreagairt ar éigeandáilí sláinte poiblí, sa taighde ar an tsláinte phoiblí, agus sa chumarsáid maidir le rioscaí. Sna cláir sin, cuirfear san áireamh gur gá an oiliúint a choinneáil bord ar bhord leis an aimsir agus urramófar prionsabal na comhréireachta agus riachtanais oiliúna na mBallstát.
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11 – mír 1
1.  Comhordóidh an Lárionad bailiú sonraí, bailíochtú, anailísiú agus scaipeadh sonraí ar leibhéal an Aontais.
1.  Comhordóidh an Lárionad caighdeánú, bailiú, bailíochtú, anailísiú agus scaipeadh sonraí ar leibhéal an Aontais.
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11 –mír 1a – pointe a
(a)  faireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann dá dtagraítear i bpointe (i) agus pointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin SCBTH [ISC/2020/12524]];
(a)  faireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha, bagairtí eile sláinte, amhail mórghalair neamhtheagmhálacha agus ar dheacrachtaí sláinte speisialta gaolmhara dá dtagraítear i bpointe (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir Rialachán SCBTH [ISC/2020/12524]];
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11 –mír 1a – pointe a
(b)  dul chun cinn cásanna eipidéimeolaíocha, lena n-áirítear le haghaidh samhaltú, réamhaíocht na gcásanna insamhlaithe sin agus iad a fhorbairt;
(b)  dul chun cinn cásanna eipidéimeolaíocha, lena n-áirítear do shamhaltú, réamhaíocht agus forbairt cásanna, don mheasúnú ar ghrúpaí leochaileacha agus don réamhaisnéis ar an éileamh sonrach ar chógais, ar threalamh agus ar spás sna hospidéil;
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11 – mír 1a – pointe e a (nua)
(ea)  cur chun feidhme mholtaí an Lárionaid ar fhrithbhearta ag na Ballstáit agus torthaí na bhfrithbheart sin.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 – pointe c
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11 – mír 2 – pointe c
(c)  oibriú i ndlúthchomhar le comhlachtaí inniúla na n-eagraíochtaí a fheidhmíonn i réimse an bhailithe sonraí ón Aontas, ó thríú tíortha, ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; agus
(c)  oibriú i ndlúthchomhar le comhlachtaí inniúla na n-eagraíochtaí agus na gcontrapháirtithe ábhartha a fheidhmíonn i réimse an bhailithe sonraí ón Aontas, ó thríú tíortha, ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, agus ó phobal na heolaíochta, agus fós a áirithiú go mbeidh coimircí urrúnta maidir le trédhearcacht agus cuntasacht i bhfeidhm; agus
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 – pointe c
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11 – mír 2 – pointe d
(d)  réitigh a fhorbairt chun sonraí ábhartha maidir le sláinte, a chuirtear ar fáil nó a mhalartaítear trí bhonneagair dhigiteacha, a rochtain i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí, ag fágáil go mbeifear in ann na sonraí maidir le sláinte a úsáid ar mhaithe le cúram sláinte, taighde, beartais a dhéanamh agus chun críocha rialúcháin; agus rochtain rialaithe ar shonraí maidir le sláinte a sholáthar agus a éascú chun tacú le taighde sláinte poiblí.’;
(d)  réitigh a fhorbairt chun sonraí ábhartha maidir le sláinte, lena n-áirítear sonraí anaithnide agus sonraí faoi ainm bréige, i gcás ina gcuirtear na sonraí sin ar fáil nó ina malartaítear iad trí bhonneagair dhigiteacha, a rochtain i gcomhréir le rialacha cosanta sonraí, agus fós foráil a dhéanamh maidir leis na sonraí sláinte a úsáid ar mhaithe le cúram sláinte, sláinte, taighde, beartais a dhéanamh agus chun críocha rialúcháin i réimse na sláinte, agus ar mhaithe leis sin amháin; agus rochtain rialaithe ar shonraí maidir le sláinte a sholáthar agus a éascú chun tacú le taighde sláinte poiblí.
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 13 – pointe d
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11 – mír 4
4.  I gcásanna práinneacha a bhaineann le déine nó le húrnuacht bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte nó le luas a leata i measc na mBallstát, cuirfidh an Lárionad réamhaisnéisí eipidéimeolaíocha dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 5(4) ar fáil, arna iarraidh sin don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, ar bhealach oibiachtúil, iontaofa agus so-rochtana agus ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil.
4.  I gcásanna práinneacha a bhaineann le déine nó úrnuacht bagartha trasteorann tromchúisí ar an tsláinte nó le luas a leata i measc na mBallstát, cuirfidh an Lárionad réamhaisnéisí eipidéimeolaíocha amhail dá dtagraítear i bpointe (g) d’Airteagal 5(4) ar fáil, arna iarraidh sin do Bhallstát, don Choimisiún nó don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, ar bhealach oibiachtúil, iontaofa agus sorochtana agus ar bhonn na faisnéise is fearr atá ar fáil.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11a – mír 1
1.  Bunóidh an Lárionad inniúlacht chun Tascfhórsa Sláinte AE a ghríosú agus a imscaradh lena n-áirítear foireann an Lárionaid agus saineolaithe ó na Ballstáit agus ó chláir chomhaltachtaí, le cabhrú leis an bhfreagairt áitiúil ar ráigeanna de ghalair theagmhálacha i mBallstáit agus i dtríú tíortha.
1.  Bunóidh an Lárionad inniúlacht bhuan, mar aon le hinniúlacht éigeandála fheabhsaithe chun Tascfhórsa Sláinte AE a imlonnú agus a imscaradh lena n-áirítear foireann an Lárionaid, saineolaithe ó na Ballstáit, cláir chomhaltachtaí agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus neamhbhrabúsacha, chun cabhrú leis an bhfreagairt áitiúil ar ráigeanna de ghalair theagmhálacha i mBallstáit agus i dtríú tíortha.
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11a – mír 1 a (nua)
1a.  Forbróidh an Lárionad cumais chun taighde allamuigh a dhéanamh agus sonraí ábhartha a bhailiú, amhail maidir le héagsúlacht ghéiniteach galar teagmhálach, agus úsáid á baint as an líonra saotharlainne tagartha tiomnaithe nó as a acmhainní féin.
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11a – mír 2
2.  Forbróidh an Lárionad creat agus bunóidh nósanna imeachta leis an gCoimisiún chun Tascfhórsa Sláinte AE a ghríosú.
2.  Forbróidh an Lárionad creat agus bunóidh nósanna imeachta leis an gCoimisiún chun an bhuaninniúlacht a imscaradh agus chun acmhainn éigeandála Thascfhórsa Sláinte AE a ghríosú.
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11a – mír 4 – fomhír 1
Forbróidh an Lárionad creat leis an gCoimisiún chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh a ghríosú, i bhfianaise gníomhaíochta faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE*.
Forbróidh an Lárionad creat leis an gCoimisiún chun an bhuaninniúlacht a imscaradh agus chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh a ghríosú, i bhfianaise gníomhaíochta faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE*.
__________
_____________
Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 14
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 11a – mír 6
6.  Coinneoidh an Lárionad inniúlacht ar bun chun misin chuig na Ballstáit a dhéanamh, arna iarraidh sin don Choimisiún agus do na Ballstáit, chun moltaí a sholáthar maidir le freagairt do bhagairtí don tsláinte laistigh dá shainordú.
6.  Coinneoidh an Lárionad buaninniúlacht ar bun chun misin chuig na Ballstáit a dhéanamh, arna iarraidh sin don Choimisiún agus do na Ballstáit, chun moltaí a sholáthar maidir le freagairt do bhagairtí don tsláinte laistigh dá shainordú.
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 12 – mír 1 – fomhír 2
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go dtabharfar faisnéis oibiachtúil, iontaofa, a bheidh bunaithe ar fhianaise agus so-rochtana don phobal nó d’aon pháirtithe leasmhara go tapa maidir le torthaí a cuid oibre. Cuirfidh an Lárionad faisnéis ar fáil don phobal i gcoitinne, lena n-áirítear trí shuíomh gréasáin tiomnaithe. Foilseoidh sé freisin a thuairimí arna dtáirgeadh i gcomhréir le hAirteagal 6.
Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go dtabharfar faisnéis oibiachtúil, iontaofa, a bheidh bunaithe ar fhianaise agus so-rochtana don phobal nó d’aon pháirtithe leasmhara go tapa maidir le torthaí a cuid oibre. Cuirfidh an Lárionad faisnéis ar fáil don phobal i gcoitinne, go háirithe trí shuíomh gréasáin tiomnaithe ar a bhfuil faisnéis bhunriachtanach a bheidh ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Foilseoidh sé a thuairimí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 6 gan mhoill freisin.
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 12 – mír 2
(b)  scriostar mír 2;
scriosta
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 15 – pointe c
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 12 – mír 3
3.  Oibreoidh an Lárionad i gcomhar leis na comhlachtaí inniúla eile sna Ballstáit agus le páirtithe leasmhara eile de réir mar is iomchuí maidir le feachtais faisnéise don phobal.
3.  Oibreoidh an Lárionad i gcomhar leis na comhlachtaí inniúla eile sna Ballstáit, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus le páirtithe leasmhara eile de réir mar is iomchuí maidir le feachtais faisnéise don phobal.
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 14 – mír 2 – fomhír 3
Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus féadfar an téarma sin a fhadú.
Trí bliana a bheidh i dtéarma oifige na gcomhaltaí agus féadfar an téarma sin a fhadú, más gá.
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 14 – mír 5 – fomhír 1 – pointe e
(e)  dréacht-doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh ar aon dul le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715* ón gCoimisiún agus treoirlínte gaolmhara an Choimisiúin don Doiciméad Clársceidealaithe Aonair**;
(e)  faoin 30 Samhain gach bliain, dréacht-doiciméad clársceidealaithe aonair a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 32 de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715* ón gCoimisiún agus le treoirlínte gaolmhara an Choimisiúin don Doiciméad Clársceidealaithe Aonair; glacfar an doiciméad clársceidealaithe aonair i gcás ina bhfuil tuairim dhearfach tugtha ag an gCoimisiún agus, a mhéid a bhaineann le clársceidealú ilbhliantúil, tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa agus leis an gComhairle;
________
___________
* Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).
* Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/715 ón gCoimisiún an 18 Nollaig 2018 maidir leis an rialachán réime airgeadais do na comhlachtaí arna mbunú faoi CFAE agus faoi Chonradh Euratom agus dá dtagraítear in Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 122, 10.5.2019, lch. 1).
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 16 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 14 – mír 5 – fomhír 1 – pointe i
(i)  na rialacha lena rialaítear teangacha an Lárionaid a chinneadh, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ndéanfar idirdhealú idir oibriú inmheánach an Lárionaid agus an chumarsáid sheachtrach, lena gcuirfear san áireamh an gá atá le rochtain ar obair an Lárionaid ag gach páirtí leasmhar sa dá chás, agus rannpháirtíocht san obair sin, a áirithiú.
(i)  na rialacha lena rialaítear teangacha an Lárionaid a chinneadh d’aontoil, lena n-áirítear an fhéidearthacht go ndéanfar idirdhealú idir gnáthoibriú inmheánach an Lárionaid agus a chumarsáid sheachtrach, lena gcuirfear san áireamh an gá atá le rochtain do na páirtithe leasmhara go léir ar obair an Lárionaid in oiread teangacha oifigiúla de chuid an Aontais agus is féidir, chomh maith le grinnscrúdú saineolaíoch ar thorthaí eolaíocha agus tuiscint an phobail ar obair agus ar mholtaí an Lárionaid; féadfar a áireamh ar na rialacha sin ateangairí cáilithe a úsáid (ag obair le teanga chomharthaíochta, nó trí ateangaireacht ó bhéal nó ateangaireacht thadhlach) más gá.
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 17 – mír 1
(18)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17:
scriosta
‘1. Gan dochar d’Airteagal 3(2), déanfaidh an Bord Bainistíochta an stiúrthóir a cheapadh ar feadh tréimhse cúig bliana, a fhéadfar a fhadú uair amháin ar feadh tréimhse eile suas le cúig bliana, ar bhonn liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún tar éis comórtas oscailte, tar éis glao ar léirithe spéise, a fhoilseofar in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus in áiteanna eile.; ’
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 18
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 17 – mír 2
2.   Sula ndéanfar an ceapachán, iarrfar ar an iarrthóir a bheidh ainmnithe ag an mBord Bainistíochta ráiteas a dhéanamh gan mhoill os comhair Pharlaimint na hEorpa agus ceisteanna ó chomhaltaí na hinstitiúide sin a fhreagairt.
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 – pointe c
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 18 – mír 8
8.  Féadfaidh an stiúrthóir iarraidh ar shaineolaithe ar ionadaithe comhlachtaí gairmiúla nó eolaíocha, nó ar eagraíochtaí neamhrialtasacha a bhfuil taithí aitheanta acu i ndisciplíní a bhaineann le hobair an Lárionaid oibriú i gcomhar le chéile maidir le cúraimí sonracha agus páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí ábhartha an Fhóraim Chomhairligh. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún a mholadh don stiúrthóir go n-iarrfar ar shaineolaithe nó ar ionadaithe comhlachtaí gairmiúla nó eolaíocha, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha ar bhonn ad-hoc.
8.  Rachaidh an Lárionad i dteagmháil ó thaobh struchtúir de le saineolaithe sláinte poiblí, le hionadaithe comhlachtaí gairmiúla agus eolaíochta agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha, go háirithe leo siúd a bhfuil taithí aitheanta acu i ndisciplíní a bhaineann le hobair an Lárionaid, agus i réimsí eile chomh maith, lena n-áirítear galair neamhtheagmhálacha agus cosaint an chomhshaoil, chun páirt a ghlacadh i bpríomhghníomhaíochtaí uile an Lárionaid, líonraí tiomnaithe agus an Fóram Comhairleach agus chun comhoibriú ar chúraimí sonracha. Ina theannta sin, féadfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit a mholadh don Lárionad go n-iarrfar ar shaineolaithe nó ar ionadaithe comhlachtaí gairmiúla nó eolaíocha, nó eagraíochtaí neamhrialtasacha a rachfaí i gcomhairle leo ar bhonn ad-hoc.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 19 a (nua)
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 19 – mír 2
(19a)  in Airteagal 19, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
2.  Maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an stiúrthóir, comhaltaí an Fhóraim Chomhairligh, chomh maith le saineolaithe seachtracha atá rannpháirteach i bpainéil eolaíocha, déanfaidh siad dearbhú tiomantais agus dearbhú leasanna, ina sonróidh siad nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas. Poibleofar na dearbhuithe sin go bliantúil.
"2. Maidir le comhaltaí an Bhoird Bainistíochta, an stiúrthóir, comhaltaí an Fhóraim Chomhairligh, chomh maith le saineolaithe seachtracha atá rannpháirteach i bpainéil eolaíocha, déanfaidh siad dearbhú tiomantais agus dearbhú leasanna, ina sonróidh siad nach bhfuil aon leas acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas nó go bhfuil leas díreach nó indíreach acu a bhféadfaí a mheas ina leith gur ní é a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh dá neamhspleáchas. Déanfar na dearbhuithe sin i scríbhinn go bliantúil agus beidh siad ar fáil don phobal.”
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 a (nua)
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 20 – mír 4
(20a)  in Airteagal 20, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 4:
4.  Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil nó a chur in iúl ach amháin i gcás ina mbeidh géarghá leis sin ar mhaithe le comhlíonadh mhisean an Lárionaid. I gcásanna mar sin, beidh feidhm ag Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2000 maidir le cosaint daoine aonair i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin (8).
"4. Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil nó a chur in iúl ach amháin i gcás ina mbeidh géarghá leis sin ar mhaithe le comhlíonadh mhisean an Lárionaid. Sna cásanna sin beidh feidhm ag Rialachán (AE) 2018/1725.’;
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 b (nua)
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 20 – mír 4 a (nua)
(20b)  in Airteagal 20, cuirtear an mhír seo a leanas leis:
“4a. Beidh an Rialachán seo gan dochar d'oibleagáidí na mBallstát a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann siad ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE, nó d'oibleagáidí an Údaráis a bhaineann leis an bpróiseáil a dhéanann sé ar shonraí pearsanta faoi Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle* nuair atá a chuid freagrachtaí á gcomhlíonadh aige.
Cuirfidh an Lárionad nósanna imeachta agus coimircí cosanta sonraí i bhfeidhm, ar nósanna imeachta agus coimircí iad atá ceaptha chun a ráthú go n-urramaíonn a oibríochtaí próiseála na prionsabail na cosanta sonraí maidir le dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht, teorannú de réir cuspóra, íoslaghdú sonraí, cruinneas, teorannú stórála, sláine, rúndacht agus cosaint sonraí d’aon ghnó agus mar réamhshocrú.
Ní phróiseálfaidh an Lárionad sonraí pearsanta, go háirithe i gcás sonraí sláinte a bhaineann le daoine aonair sainaitheanta nó inaitheanta, ach amháin nuair a chruthófar go bhfuil siad riachtanach agus comhréireach chun déanamh amhlaidh. Nuair is féidir, i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, bainfidh an Lárionad úsáid as sonraí anaithnide, a bhainfear amach trí theicnící amhail randamú nó ginearálú.
Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 20a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na catagóirí ábhar sonraí atá faoi raon feidhme na próiseála agus chatagóirí na sonraí pearsanta arna bpróiseáil a leagan amach, mar aon le tuairisc ar na bearta sonracha chun cearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí lena mbaineann a choimirciú, i gcomhréir le reachtaíocht ábhartha maidir le cosaint sonraí, go háirithe maidir le coimircí nithiúla chun mí-úsáid nó rochtain nó aistriú neamhdhleathach a chosc, agus maidir leis na tréimhsí stórála.”;
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 20 c (nua)
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 20 a (nua)
(20c)  cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
“Airteagal 20a
An tarmligean a fheidhmiú
1.  Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 20(4a) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse den sórt sin.
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 20(4a) a chúlghairm aon tráth. Le cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Beidh éifeacht leis an lá tar éis an cinneadh a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta ina dhiaidh a shonrófar ann. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.
4.  Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr*.
5.  A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 20(4a) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
_________________
* IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.”;
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 21
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 21 – mír 6
6.  Déanfaidh an Lárionad córas faisnéise a fhorbairt, a imscaradh agus a fheidhmiú a bheidh ábalta faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a mhalartú mar a shonraítear san Airteagal seo.
6.  Déanfaidh an Lárionad córas faisnéise a fhorbairt, a imscaradh agus a fheidhmiú a bheidh ábalta faisnéis rúnaicmithe agus faisnéis neamh-rúnaicmithe íogair a mhalartú mar a shonraítear san Airteagal seo, i gcomhréir le hAirteagail 27 agus 33 de Rialachán (AE) 2018/1725.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 23 – pointe c
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 23 – mír 8
8.  Faoin 30 Meán Fómhair ar a dheireanaí, seolfaidh an stiúrthóir freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar bharúlacha na Cúirte sin. Ina theannta sin, cuirfidh an stiúrthóir an freagra seo chuig an mBord Bainistíochta agus chuig an gCoimisiún.
8.  Faoin 30 Meán Fómhair ar a dheireanaí, seolfaidh an stiúrthóir freagra chuig an gCúirt Iniúchóirí ar bharúlacha na Cúirte sin. Ina theannta sin, seolfaidh an stiúrthóir an freagra seo chuig an mBord Bainistíochta, chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 23 a (nua)
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 24
(23a)  Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 24:
Airteagal 24
“Airteagal 24
Cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais
Cur i bhfeidhm an Rialacháin Airgeadais
Beidh feidhm ag Airteagal 185 den Rialachán Airgeadais maidir le hurscaoileadh bhuiséad an Lárionaid, lena iniúchtaí agus maidir lena rialacha cuntasaíochta.
Beidh feidhm ag Airteagal 70 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 maidir le hurscaoileadh bhuiséad an Lárionaid, lena iniúchtaí agus maidir lena rialacha cuntasaíochta.”
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 28
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 31 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Faoin [cuir isteach dáta trí bliana tar éis dáta theacht i bhfeidhm] 2023, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Bhoird Bainistíochta maidir le gníomhaíochtaí an Lárionaid, lena n-áirítear measúnú ar na nithe seo a leanas:
Faoin ... [cuir isteach dáta trí bliana tar éis dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Bhoird Bainistíochta maidir le gníomhaíochtaí an Lárionaid, lena n-áirítear measúnú ar na nithe seo a leanas:
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 28
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 31 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a a (nua)
(aa)  an chaoi a bhfuil na struchtúir rialachais dá dtagraítear in Airteagail 14, 17 agus 18 curtha chun feidhme ag an Lárionad;
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 28
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 31 – mír 2
2.  Faoin [cuir isteach dáta trí bliana tar éis dáta theacht i bhfeidhm] 2028, agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht an Lárionaid i ndáil lena chuspóirí, a shainordú, a thascanna, a nós imeachta agus a shuíomh. Tabharfar aghaidh go háirithe, sa mheastóireacht ar an ngá féideartha a bheidh ann sainordú an Lárionaid a mhodhnú, agus impleachtaí airgeadais aon mhodhnú den sórt sin.
2.  Faoin … [cuir isteach dáta cúig bliana tar éis dháta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh seo], agus gach cúig bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar fheidhmíocht an Lárionaid i ndáil lena chuspóirí, a shainordú, a thascanna, a nós imeachta agus a shuíomh. Tabharfar aghaidh go háirithe, sa mheastóireacht ar an ngá féideartha a bheidh ann sainordú an Lárionaid a mhodhnú, agus impleachtaí airgeadais aon mhodhnú den sórt sin.
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 28
Rialachán (CE) Uimh. 851/2004
Airteagal 31 – mír 3
3.  I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh le hoibríocht leanúnach an Lárionaid maidir lena chuspóirí, sainordú agus tascanna sannta, féadfaidh sé a mholadh go leasófaí nó go n-aisghairfí forálacha ábhartha an Rialacháin seo dá réir sin.
3.  Bunaithe ar an measúnú dá dtagraítear i mír 2, cuirfidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach isteach chun an Rialachán seo a leasú. I gcás ina measann an Coimisiún nach bhfuil údar a thuilleadh le hoibríocht leanúnach an Lárionaid maidir lena chuspóirí, sainordú agus tascanna sannta, féadfaidh sé a mholadh go leasófaí nó go n-aisghairfí forálacha ábhartha an Rialacháin seo dá réir sin.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0253/2021).


Bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte ***I
PDF 368kWORD 117k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (COM(2020)0727 – C9-0367/2020 – 2020/0322(COD))(1)
P9_TA(2021)0377A9-0247/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
1a.  Tá forálacha sláinte na gConarthaí fós tearcúsáidte den chuid is mó ó thaobh na gcuspóirí a bhí le baint amach lena gceapadh de. Mar sin, ba cheart an Rialachán seo a dhíriú ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na forálacha sláinte sin, chun neart bheartas sláinte an Aontais a chur in iúl, agus gnáthfheidhmiú an mhargaidh aonair a choinneáil i gcás ina dtiocfadh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte chun cinn.
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19 atá fós ar siúl, agus chun ullmhacht agus freagairt iomchuí a éascú ar fud an Aontais i ndáil le gach bagairt trasteorann ar an tsláinte, is gá an creat dlíthiúil le haghaidh faireachas eipidéimeolaíoch, faireachán agus luathrabhadh i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus an chaoi a dtéitear i ngleic leo, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1082/2013/AE, a leathnú maidir le ceanglais tuairiscithe bhreise agus anailís a dhéanamh ar tháscairí córas sláinte, agus comhar na mBallstát leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC). Thairis sin, d’fhonn freagairt éifeachtach an Aontais a áirithiú i ndáil le bagairtí trasteorann nua ar shláinte, ba cheart a bheith in ann, leis an gcreat dlíthiúil chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chomhrac, sainithe cáis a ghlacadh láithreach chun faireachas a dhéanamh ar bhagairtí nua agus ba cheart foráil a dhéanamh ann maidir le líonra de shaotharlanna tagartha an Aontais a bhunú, mar aon le líonra chun tacú le faireachán a dhéanamh ar ráigeanna galair a bhaineann le substaintí de bhunús daonna. Ba cheart an acmhainneacht le haghaidh rianú teagmhálaithe a neartú trí chóras uathoibríoch a chruthú agus teicneolaíochtaí nua-aoiseacha á n-úsáid.
(2)  I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19 atá fós ar siúl, agus chun cosc, ullmhacht agus freagairt iomchuí a éascú ar fud an Aontais i ndáil le gach bagairt trasteorann ar an tsláinte, lena n-áirítear bagairtí zónóiseacha, is gá an creat dlíthiúil le haghaidh faireachas eipidéimeolaíoch, faireachán agus luathrabhadh i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus an chaoi a dtéitear i ngleic leo, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1082/2013/AE, a leathnú maidir le ceanglais tuairiscithe bhreise agus anailís a dhéanamh ar tháscairí córas sláinte, agus comhar idir na Ballstáit, agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpacha (EMA), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Thairis sin, d’fhonn freagairt éifeachtach an Aontais a áirithiú i ndáil le bagairtí trasteorann nua ar shláinte, ba cheart a bheith in ann, leis an gcreat dlíthiúil chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chomhrac, sainithe cáis a ghlacadh láithreach chun faireachas a dhéanamh ar bhagairtí nua agus ba cheart foráil a dhéanamh ann maidir le líonra de shaotharlanna tagartha an Aontais a bhunú, mar aon le líonra chun tacú le faireachán a dhéanamh ar ráigeanna galair a bhaineann le substaintí de bhunús daonna. Ba cheart an acmhainneacht le haghaidh rianú teagmhálaithe a neartú trí chóras uathoibríoch a chruthú agus teicneolaíochtaí nua-aoiseacha á n-úsáid, agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘RCCS’)1a á urramú ag an am céanna.
__________________
1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Tá ról tábhachtach á chomhlíonadh ag an gCoiste Slándála Sláinte chun pleanáil ullmhachta agus freagartha a chomhordú i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, mar a bunaíodh go foirmiúil le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE. Ba cheart freagrachtaí breise a thabhairt don Choiste maidir le treoir agus tuairimí a ghlacadh d’fhonn tacú níos fearr leis na Ballstáit chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chosc agus a rialú.
(3)  Tá ról tábhachtach á chomhlíonadh ag an gCoiste Slándála Sláinte chun pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a chomhordú i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, mar a bunaíodh go foirmiúil le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE. Ba cheart freagrachtaí breise a thabhairt don Choiste maidir le treoir agus tuairimí a ghlacadh d’fhonn tacú níos fearr leis na Ballstáit chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chosc agus a rialú, agus tacú níos fearr le comhordú idir na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin. Ba cheart d’ionadaithe arna n-ainmniú ag Parlaimint na hEorpa a bheith in ann a bheith rannpháirteach sa Choiste Slándála Sláinte mar bhreathnóirí.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Baineann straitéisí coisc agus cuir chun cinn le beartais earnála uile lena n-áirítear beartas fioscach, tráchtála, eacnamaíoch, agra-chomhshaoil, oideachais, tithíochta, cultúrtha agus a bhaineann le cúnamh sóisialta. Ba cheart go mbeadh sé mar phrionsabal beartas poiblí uile ‘an tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartas’. Ionstraim a úsáidtear cheana féin ar an leibhéal náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag beartais earnála éagsúla ar an tsláinte is ea an Tástáil Sláinte, mar a thugtar uirthi. Ba cheart measúnú ar an tionchar ar an tsláinte a dhéanamh le haghaidh na gclár uile atá á mbainistiú ag an Aontas.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do bhearta ceangailteacha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha nó caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh earraí áirithe, lena ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí speisialta agus uirlisí chun faireachán a dhéanamh i gcomhair bagairtí áirithe de chineál trasteorann, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus chun iad a chomhrac. Áirítear leis na bearta sin, go háirithe, reachtaíocht ábhartha an Aontais i réimse na n-ábhar imní coiteann maidir le sábháilteacht i gcúrsaí sláinte poiblí, lena gcumhdaítear earraí ar nós táirgí cógaisíochta, feistí leighis agus táirgí bia, substaintí de bhunús daonna (fuil, fíocháin agus cealla, orgáin), agus nochtadh don radaíocht ianúcháin.
(5)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do bhearta ceangailteacha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha nó caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh earraí áirithe, lena ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí speisialta agus uirlisí chun faireachán a dhéanamh i gcomhair bagairtí áirithe de chineál trasteorann, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus chun iad a chomhrac, amhail Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) d’Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Áirítear leis na bearta sin, go háirithe, reachtaíocht ábhartha an Aontais i réimse na n-ábhar imní coiteann maidir le sábháilteacht i gcúrsaí sláinte poiblí agus comhshaoil, lena gcumhdaítear earraí ar nós táirgí cógaisíochta, feistí leighis, feistí leighis diagnóiseacha in vitro, agus táirgí bia, substaintí de bhunús daonna (fuil, plasma, fíocháin agus cealla, orgáin), agus nochtadh don radaíocht ianúcháin.
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5 a)   Tá an dúshaothrú ar an bhfiadhúlra agus ar acmhainní nádúrtha eile agus cailliúint na bithéagsúlachta a bhfuil dlús fúithi ina mbaol do shláinte an duine. Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus ag an gcomhshaol le chéile, tá sé ríthábhachtach cloí le prionsabail an chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Tá gné trasghearrtha i gceist le sláinte an duine a chosaint agus baineann sé sin le go leor beartas agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais. Chun ardleibhéal cosanta a ghnóthú do shláinte an duine, agus chun aon fhorluí gníomhaíochtaí, dúbailt nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht a sheachaint, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na sásraí agus na struchtúir a bhunaítear faoin Rialachán seo, agus sásraí agus struchtúir eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), a bhfuil a ngníomhaíochtaí ábhartha don phleanáil ullmhachta agus freagartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbaileofaí faisnéis ábhartha ó na córais mear-rabhaidh agus faisnéise éagsúla ar leibhéal an Aontais agus faoi Chonradh Euratom agus go gcuirfí an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha (‘EWRS’) arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2119/98/CE.
(6)  I gcomhréir leis na cuir chuige ‘Aon Sláinte Amháin’” agus ‘“An tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartais’”, tá gné trasghearrtha i gceist le sláinte an duine a chosaint agus baineann sí le go leor beartas agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais. Ba cheart don Aontas tacú leis na Ballstáit an éagothroime sláinte a laghdú sna Ballstáit agus idir Ballstáit, clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin grúpaí leochaileacha. Ba cheart don Aontas freisin na Ballstáit a ghríosú chun na moltaí tír-shonracha a bhaineann go sonrach le sláinte a chur chun feidhme agus tacú leis na Ballstáit athléimneacht, freagrúlacht agus ullmhacht córas cúraim sláinte a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear paindéimí. Chun ardleibhéal cosanta a ghnóthú do shláinte an duine, agus chun aon fhorluí gníomhaíochtaí, dúbailt nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht a sheachaint, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, amhail gairmithe sláinte, comhlachais othar, tionscal agus gníomhartha an tslabhra soláthair, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na sásraí agus na struchtúir a bhunaítear faoin Rialachán seo, agus sásraí agus struchtúir eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), a bhfuil a ngníomhaíochtaí ábhartha don phleanáil ullmhachta agus freagartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo. Ba cheart, leis na sásraí sin, sineirgí a lorg idir bearta an Aontais agus bearta náisiúnta, agus ag an am céanna nach ndéanfaí dúbailt ar bhearta arna ndéanamh i gcomhthéacs chreat EDS. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbaileofaí faisnéis ábhartha ó na córais mear-rabhaidh agus faisnéise éagsúla ar leibhéal an Aontais agus faoi Chonradh Euratom agus go gcuirfí an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha (‘EWRS’) arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2119/98/CE.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Is eilimintí riachtanacha iad pleanáil ullmhachta agus freagartha chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo. Dá réir sin, is gá don Choimisiún plean an Aontais um ghéarchéim sláinte agus ullmhacht chun paindéime a bhunú agus caithfidh an Coiste Slándála Sláinte é a fhormheas. Ba cheart é sin a dhéanamh in éineacht le nuashonruithe ar phleananna ullmhachta agus freagartha na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí go bhfuil siad comhoiriúnach laistigh de na struchtúir ar leibhéal réigiúnach. Chun tacú leis na Ballstáit leis an tasc sin, ba cheart oiliúint spriocdhírithe agus gníomhaíochtaí malartaithe eolais a sholáthar do bhaill foirne cúram sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí agus ba cheart don Choimisiún agus do Ghníomhaireachtaí an Aontais an t-eolas agus na scileanna is gá a sholáthar. D’fhonn cur i bhfeidhm agus reáchtáil na bpleananna sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta a dhéanamh leis na Ballstáit. Ba cheart na pleananna sin a chomhordú, ba cheart go mbeidís feidhmiúil agus nuashonraithe agus go leor acmhainní a bheith ar fáil dá n-oibríochtú. Tar éis tástálacha struis agus athbhreithnithe a dhéanamh ar na pleananna, ba cheart gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme agus ba cheart an Coimisiún a choinneáil ar an eolas faoi na nuashonruithe go léir.
(7)  Is eilimintí riachtanacha iad pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo. Dá réir sin, is gá don Choimisiún plean an Aontais um ghéarchéim sláinte agus ullmhacht chun paindéime a bhunú agus caithfidh an Coiste Slándála Sláinte é a fhormheas. Ba cheart é sin a dhéanamh in éineacht le nuashonruithe ar phleananna coisc, ullmhachta agus freagartha na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí go bhfuil siad comhoiriúnach laistigh de na struchtúir ar leibhéal réigiúnach. Ba cheart na pleananna a chur chun feidhme trí bhíthin pleanáil réamhaíochta géarchéime idir-réigiúnach le haird ar leith a thabhairt ar réigiúnacha trasteorann chun a gcomhar sláinte a fheabhsú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na húdaráis réigiúnacha a bheith rannpháirteach i ndréachtú na bpleananna sin. Chun tacú leis na Ballstáit leis an tasc sin, ba cheart don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí an Aontais oiliúint spriocdhírithe a sholáthar agus ba cheart dóibh comhroinnt na ndea-chleachtas is fearr a éascú do bhaill foirne cúram sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí chun a gcuid eolais a fheabhsú agus chun na scileanna is gá a áirithiú. D’fhonn cur i bhfeidhm agus reáchtáil na bpleananna sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta a dhéanamh leis na Ballstáit. Ba cheart go n-áireofaí sna pleananna sin moltaí le haghaidh idirghabhálacha beartais a bhaineann le tionchar na ngalar teagmhálach ar sheirbhísí agus ar chúram sláinte a mhaolú, lena n-áirítear ar mhórghalair neamhtheagmhálacha (NCDanna). Ba cheart na pleananna a chomhordú, ba cheart go mbeidís feidhmiúil agus nuashonraithe agus go leor acmhainní a bheith ar fáil dá n-oibríochtú. Ba cheart breithnithe sonracha a thabhairt ar réigiúin teorann, inar cheart cleachtaí comhpháirteacha trasteorann a chur chun cinn agus cleachtóirí sláinte a spreagadh chun eolas a chur ar na córais sláinte poiblí i dtíortha comharsanachta. Tar éis tástálacha struis agus athbhreithnithe a dhéanamh ar na pleananna, ba cheart gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme agus ba cheart an Coimisiún a choinneáil ar an eolas faoi na nuashonruithe go léir.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún faoin staid is déanaí maidir lena bpleanáil ullmhachta agus freagartha agus lena cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na gnéithe a bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit a thuairisciú don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i gcomhthéacs na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit15. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le staid na hoibre agus an dul chun cinn atá déanta i ndáil le hullmhacht, pleanáil freagartha agus cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le gníomhaíochtaí ceartaitheacha, gach 2 bhliain chun a áirithiú go bhfuil na pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha leormhaith. Chun tacú le measúnú a dhéanamh ar na pleananna sin, ba cheart iniúchtaí an Aontais a dhéanamh sna Ballstáit, i gcomhar le gníomhaireachtaí an Aontais agus ECDC. Ba cheart ullmhacht leordhóthanach earnálacha criticiúla sa tsochaí a bheith san áireamh leis an bpleanáil sin, mar shampla fuinneamh, iompar, cumarsáid nó cosaint shibhialta, a bhíonn ag brath, i ngéarchéim, ar chórais sláinte poiblí dea-ullmhaithe atá íogair ó thaobh inscne de agus bíonn na córais sin ag brath ar fheidhmiú na n-earnálacha sin agus ar sheirbhísí bunriachtanacha a bheith coinnithe ar leibhéal leormhaith. I gcás bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte de thionscnamh ionfhabhtú zónóiseach, bíonn sé tábhachtach idir-inoibritheacht a áirithiú idir earnálacha sláinte agus tréidliachta ar mhaithe le pleanáil ullmhachta agus freagartha.
(8)  Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún faoin staid is déanaí maidir lena bpleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha agus lena cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal réigiúnach i gcás inarb infheidhme. Ba cheart na gnéithe a bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit a thuairisciú don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i gcomhthéacs na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit15. Is réamhchoinníoll é go mbeadh rochtain ar shonraí tráthúla agus iomlána le haghaidh measúnuithe meara riosca agus maolú géarchéime. Chun dúbailt iarrachtaí agus moltaí éagsúla a sheachaint, ba cheart sainmhínithe caighdeánaithe, i gcás inar féidir, agus malartuithe faisnéise réidhe a dhéanamh idir gníomhaireachtaí an Aontais, EDS agus gníomhaireachtaí náisiúnta. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le staid na hoibre agus an dul chun cinn atá déanta i ndáil le cosc, ullmhacht, pleanáil freagartha agus cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le gníomhaíochtaí ceartaitheacha, gach bliain chun a áirithiú go bhfuil na pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha leormhaith. Chun tacú le measúnú a dhéanamh ar na pleananna sin, ba cheart iniúchtaí an Aontais a dhéanamh sna Ballstáit, i gcomhar le gníomhaireachtaí an Aontais agus ECDC. Ba cheart ullmhacht leormhaith maidir le cúram sláinte fadtéarmach agus earnálacha criticiúla na sochaí a bheith san áireamh leis an bpleanáil sin, mar shampla talmhaíocht, fuinneamh, iompar, cumarsáid nó cosaint shibhialta, a bhíonn ag brath, i ngéarchéim, ar chórais sláinte poiblí dea-ullmhaithe atá íogair ó thaobh inscne de agus bíonn na córais sin ag brath ar fheidhmiú na n-earnálacha sin agus ar sheirbhísí bunriachtanacha a bheith coinnithe ar leibhéal leormhaith. I gcás bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte de thionscnamh ionfhabhtú zónóiseach, bíonn sé tábhachtach idir-inoibritheacht a áirithiú idir earnálacha sláinte agus tréidliachta ar mhaithe le pleanáil ullmhachta agus freagartha.
__________________
__________________
15 An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. An Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR, 2005) https://www.who.int/ihr/publications/9789241596664/en/
15 An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. An Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR, 2005) https://www.who.int/ihr/publications/9789241596664/en/
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
(8a)  Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 atá fós ar siúl go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise agus níos déine ar leibhéal an Aontais chun tacú le comhar agus comhordú i measc na mBallstát, go háirithe idir réigiúin teorann máguaird. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh i bpleananna náisiúnta na mBallstát a roinneann teorainn le Ballstát amháin eile ar a laghad pleananna chun feabhas a chur ar an ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte i limistéir teorann i réigiúin máguaird, ar an gcosc a dhéantar orthu agus ar an bhfreagairt dóibh, lena n-áirítear trí oiliúint éigeantach trasteorann a chur ar bhaill foirne cúraim sláinte agus trí chleachtaí comhordúcháin le haghaidh aistriú leighis othar. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt go tráthrialta ar staid na himeartha i ndáil le hullmhúchán le haghaidh géarchéimeanna trasteorann sna réigiúin máguaird.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 b (nua)
(8b)   Tá an ról atá ag gairmithe sláinte túslíne tagtha chun solais le linn na paindéime ós rud é go raibh siad tábhachtach maidir le rochtain ar leigheas agus leanúnachas cúraim a áirithiú, tacaíocht mhorálta a chur ar fáil agus mar fhoinse faisnéise iontaofa i gcoinne faisnéis bhréagach. I gcás éigeandálaí amach anseo, is gá an t-eolas atá ag gairmithe sláinte a neartú trí rialacha a leagan síos chun oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe i réimsí an chúraim sláinte agus na sláinte poiblí. Is gá freisin iad a chomhtháthú trína n-eagraíochtaí gairmiúla sa sainmhíniú ar bheartais sláinte poiblí agus sa chlaochlú digiteach chun cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras sláinte a fheabhsú agus a n-inbhuanaitheacht a áirithiú don obair comhtháthaithe sláinte, shóisialta agus chríochaigh a dhéanann siad.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 c (nua)
(8c)   Tá ról bunúsach ag feasacht maidir leis an tsláinte i dtaobh tionchar bagairtí trasteorann a chosc agus a mhaolú, agus cur le tuiscint níos fearr an phobail ar fhrithbhearta agus ar mheasúnú riosca na mbagairtí éagsúla. Ba cheart béasaíocht riospráide, níochán lámh ceart, seachaint dlúth-theagmhála neamhriachtanaí le haon duine ag a bhfuil comharthaí fliú, agus seachaint teagmhála neamhchosanta le hainmhithe fiáine a bheith mar chuid d’fheachtais oideachais sláinte chun iompar an phobail a fheabhsú, bunaithe ar an bhfianaise is déanaí atá ar fáil.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 d (nua)
(8d)   Ag cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, ba cheart don Rialachán seo sainordú níos láidre a chruthú le haghaidh comhordú ar leibhéal an Aontais. Le fógairt maidir le staid éigeandála Aontais, spreagfaí comhordú méadaithe agus lamhálfaí do fhrithbhearta leighis a fhorbairt go tráthúil, a stoc-charnadh agus a sholáthar go comhpháirteach.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 e (nua)
(8e)   Áirithítear gníomhaíocht chomhordaithe ag leibhéal an Aontais leis an Rialachán seo chomh maith, chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an margadh inmheánach mar is ceart, agus chun a áirithiú go bhfuil saorghluaiseacht ag soláthairtí bunúsacha, lena n-áirítear cógais leighis, táirgí leighis agus trealamh cosanta pearsanta (TCP).
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 f (nua)
(8f)  Ba cheart do na sásraí lóistíochta sláinte ceanglais dhlíthiúla shonracha Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b a chomhlíonadh.
__________________
1a Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
1b Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Ós rud é nach mbíonn bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte teoranta do theorainneacha an Aontais amháin, ba cheart soláthar comhpháirteach frithbheart leighis a leathnú chun Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus tíortha is iarrthóirí an Aontais a chur san áireamh, i gcomhréir leis an reachtaíocht Aontais is infheidhme. Ba cheart an Comhaontú um Sholáthar Comhpháirteach, lena gcinntear na socruithe praiticiúla a rialaíonn an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna bhunú faoi Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE, a oiriúnú chomh maith chun clásal eisiachais a chuimsiú maidir le caibidlíocht agus soláthar poiblí do thíortha rannpháirteacha i nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, chun comhordú níos fearr leis an Aontas a éascú. Ba cheart don Choimisiún comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na heintitis a eagraíonn gníomhaíocht ar bith faoi shásraí difriúla arna mbunú faoin Rialachán seo agus struchtúir ábhartha eile an Aontais a bhaineann le soláthar poiblí agus frithbhearta leighis a stoc-charnadh, mar shampla an cúlchiste straitéiseach rescEU faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16 .
(9)  Ós rud é nach mbíonn bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte teoranta do theorainneacha an Aontais amháin, ba cheart don Aontas cur chuige comhordaithe a ghlacadh, a mbeadh an dlúthpháirtíocht agus freagracht ina saintréithe de, chun bagairtí den sórt sin a chomhrac. Ba cheart, dá bhrí sin, soláthar comhpháirteach na bhfrithbheart leighis a leathnú chun Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, tíortha is iarrthóirí an Aontais, Prionsacht Andóra, Prionsacht Mhonacó, Poblacht San Mairíne agus Stát Chathair na Vatacáine a áireamh, i gcomhréir leis an reachtaíocht Aontais is infheidhme.
Dhéanfadh soláthar comhpháirteach frithbheart leighis seasamh caibidlíochta na dtíortha rannpháirteacha a neartú, slándáil an tsoláthair a fheabhsú agus rochtain chothrom ar fhrithbhearta leighis a áirithiú.
Ba cheart d’fheidhmiú an Chomhaontaithe maidir le Soláthar Comhpháirteach agus rescEU cloí le hardchaighdeáin trédhearcachta, lena n-áirítear i ndáil le nochtadh na méideanna arna n-ordú ag gach tír rannpháirteach agus arna seachadadh orthu agus sonraí maidir lena ndliteanais.
Ba cheart an Comhaontú maidir le Soláthar Comhpháirteach, lena gcinntear na socruithe praiticiúla a rialaíonn an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna bhunú faoi Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE, a oiriúnú chomh maith chun clásal eisiachais a chuimsiú maidir le caibidlíocht agus soláthar poiblí do thíortha rannpháirteacha i nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, chun comhordú níos fearr leis an Aontas a éascú. Ba cheart go mbeadh sé i gceist leis an gclásal eisiachais nach ndéanfaidh tíortha atá rannpháirteach sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh caibidlíocht agus síniú ar chonarthaí comhuaineacha le táirgeoirí, agus ba cheart go shaineofaí iarmhairtí soiléire dóibh siúd a dhéanann amhlaidh. Ba cheart don Choimisiún comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na heintitis a eagraíonn agus atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bith faoi shásraí difriúla arna mbunú faoin Rialachán seo agus struchtúir ábhartha eile an Aontais a bhaineann le soláthar poiblí agus frithbhearta leighis a stoc-charnadh, mar shampla an cúlchiste straitéiseach rescEU faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cúlchiste leordhóthanach de tháirgí leighis criticiúla ann chun dul i ngleic le ganntanais táirgí criticiúla.
__________________
__________________
16 Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
16 Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
(9a)  Ba cheart soláthar comhpháirteach a bheith bunaithe ar fhreagrachtaí comhroinnte agus ar chur chuige cothrom ina mbeadh cearta agus oibleagáidí do na páirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart foráil a dhéanamh do ghealltanais shoiléire agus iad a urramú, agus na leibhéil táirgthe chomhaontaithe á seachadadh ag monaróirí agus na méideanna forchoimeádta comhaontaithe á gceannach ag na húdaráis.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 b (nua)
(9b)  Ba cheart don Choimisiún bearta sealadacha a thabhairt isteach tráth géarchéime chun maolú ar ghanntanais agus cúrsaíocht na gcógas leighis a éascú idir na Ballstáit, lena n-áirítear glacadh le formáidí pacáistíochta éagsúla, nós imeachta athúsáide chun sealbhóirí údaruithe margaíochta a chumasú chun formheas a fháil i mBallstát eile, síneadh ar bhailíocht deimhnithe dea-chleachtais monaraíochta, tréimhsí éaga níos faide, agus úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta. Ba cheart don Choimisiún faireachán dian a dhéanamh ar úsáid na mbeart sin, chun a áirithiú nach gcuirfear sábháilteacht othar i mbaol, agus chun a áirithiú go mbeadh soláthar cógas leighis ar fáil i gcás deacrachtaí nó ganntanas.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 c (nua)
(9c)  Ba cheart soláthar comhpháirteach a dhéanamh ar bhealach trédhearcach, tráthúil agus éifeachtach. I ndáil leis sin, ba cheart céimeanna soiléire agus trédhearcacha a shainiú don phróiseas, don raon feidhme, do thairiscintí, do shonraíochtaí, d’amlínte agus d’fhoirmiúlachtaí. Ba cheart go ráthófaí réamhchéim chomhairliúcháin, faoi réir coimircí leordhóthanacha i gcoinne coinbhleacht leasa agus neamhshiméadracht faisnéise, a mbeadh baint ag gníomhaithe ábhartha leo, chomh maith le cumarsáid dhá threo le linn an nóis imeachta.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 d (nua)
(9d)   Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú go n-áirítear freisin soláthar drugaí dílleachta i soláthar comhpháirteach frithbheart leighis de réir bhrí Airteagal 12.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 e (nua)
(9e)  Má úsáidtear soláthar comhpháirteach, ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas dámhachtana critéir cháilíochtúla, amhail cumas an mhonaróra slándáil an tsoláthair a áirithiú le linn géarchéime sláinte, chomh maith le praghas.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 f (nua)
(9f)  Chun trédhearcacht a bhaint amach, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa grinnscrúdú a dhéanamh ar chonarthaí arna dtabhairt i gcrích faoin Nós Imeachta Soláthair Chomhpháirtigh. Ba cheart don Choimisiún faisnéis iomlán, thráthúil agus chruinn a chur ar fáil don Pharlaimint faoin gcaibidlíocht leanúnach agus rochtain a thabhairt ar na doiciméid tairisceana agus ar na conarthaí arna dtabhairt i gcrích.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 g (nua)
(9g)   I gcás nár úsáideadh nós imeachta soláthair chomhpháirtigh chun frithbhearta leighis a cheannach, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a spreagadh chun faisnéis ar phraghsáil agus dátaí seachadta na bhfrithbheart a mhalartú, leibhéal méadaithe trédhearcachta a sholáthar agus, ar an gcaoi sin, lamháil do na Ballstáit frithbhearta leighis a rochtain agus a chaibidliú le dálaí níos cothroime.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 h (nua)
(9h)  Tráth géarchéime, ba cheart leas a bhaint as sásraí eile chun freagairt dhomhanda agus maolú ar ghéarchéimeanna a chumasú. D’fhéadfaí a áireamh i sásraí den sórt sin, mar shampla, sásra rialaithe onnmhairí de chuid an Aontais, comhaontuithe comhair fheabhsaithe maidir le frithbhearta leighis a tháirgeadh, cuid de sholáthar comhpháirteach an Aontais a leithdháileadh roimh ré, agus comhthiomsuithe saineolais teicneolaíochta deonacha agus éigeantacha araon agus comhaontuithe ceadúnaithe idir cuideachtaí, lenar cheart rochtain ar fhrithbhearta a éascú do dhaoine, lena n-áirítear iad siúd i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Murab ionann agus galair theagmhálacha, a ndéanann ECDC faireachas orthu ar leibhéal an Aontais ar bhonn buan, ní gá do Ghníomhaireachtaí an Aontais faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ionchais ar shláinte faoi láthair. Dá bhrí sin, tá cur chuige bunaithe ar riosca, ina ndéanann na Ballstáit faireachán agus ina ndéantar an fhaisnéis a fhaightear a mhalartú trí EWRS, níos iomchuí do bhagairtí den sórt sin.
(10)  Murab ionann agus galair theagmhálacha, a ndéanann ECDC faireachas orthu ar leibhéal an Aontais ar bhonn buan, ní gá do Ghníomhaireachtaí an Aontais faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ionchais ar shláinte faoi láthair. Dá bhrí sin, tá cur chuige bunaithe ar riosca, ina ndéanann na Ballstáit faireachán agus ina ndéantar an fhaisnéis a fhaightear a mhalartú trí EWRS, níos iomchuí do bhagairtí den sórt sin. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé ar chumas ECDC faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngalar teagmhálach ar mhórghalair neamhtheagmhálacha, lena n-áirítear meabhairghalair, agus measúnú a dhéanamh ar leanúnachas scagthástála, diagnóise, faireacháin, cóireála agus cúraim sa chóras cúraim sláinte, i gcomhardú leis na tacair sonraí, na huirlisí agus na cláir atá ann cheana.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Ba cheart don Choimisiún comhar agus gníomhaíochtaí a neartú idir na Ballstáit, ECDC, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘EMA’), Gníomhaireachtaí eile an Aontais, bonneagair thaighde agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun an cosc ar ghalair theagmhálacha a fheabhsú, ar nós galar atá inchoiscthe le vacsaín, chomh maith le saincheisteanna sláinte eile, cuir i gcás frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.
(11)  Ba cheart don Choimisiún comhar agus gníomhaíochtaí a neartú idir na Ballstáit, ECDC, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘EMA’), Gníomhaireachtaí eile an Aontais, bonneagair thaighde agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun an cosc ar ghalair theagmhálacha, tríd an gcur chuige Aon Sláinte Amháin, a fheabhsú, ar nós galar atá inchoiscthe le vacsaín, chomh maith le saincheisteanna sláinte eile, cuir i gcás frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus mórghalair neamhtheagmhálacha eile. Le linn géarchéimeanna sláinte, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar leanúnachas scagthástála, diagnóise, faireacháin, cóireála agus cúraim do ghalair agus riochtaí eile, agus ar impleachtaí meabhairshláinte na géarchéime agus riachtanais shíceasóisialta an phobail.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  I gcás bagairtí sláinte trasteorann mar gheall ar ghalar teagmhálach, féadfaidh seirbhísí fola agus trasphlandaithe sna Ballstáit bealach a sholáthar i gcomhair mearthástála ar an daonra deontóra agus measúnú a dhéanamh ar nochtadh agus imdhíonacht ón ngalar sa daonra i gcoitinne. Braitheann na seirbhísí sin ar mheasúnuithe riosca tapa á ndéanamh ag ECDC chun othair óna dteastaíonn teiripe ó shubstaint de bhunús daonna a chosaint ó tharchur galar teagmhálach den chineál sin. Bíonn measúnú riosca den chineál sin ina bhunús le hoiriúnú iomchuí na mbeart lena leagtar síos caighdeáin maidir le cáilíocht agus sábháilteacht substaintí den chineál sin de bhunús daonna. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunódh agus go n-oibreodh ECDC líonra seirbhísí náisiúnta fola agus trasphlandaithe agus a n-údaráis chun an dhá chuspóir sin a chomhlíonadh.
(12)  I gcás bagairtí sláinte trasteorann mar gheall ar ghalar teagmhálach, féadfaidh seirbhísí fola agus trasphlandaithe, cógaslanna agus bunaíochtaí cúraim sláinte ceadúnaithe eile sna Ballstáit bealach a sholáthar i gcomhair mearthástála ar an daonra deontóra agus measúnú a dhéanamh ar nochtadh agus imdhíonacht ón ngalar sa daonra i gcoitinne. Braitheann na seirbhísí sin ar mheasúnuithe riosca tapa á ndéanamh ag ECDC chun othair óna dteastaíonn teiripe ó shubstaint de bhunús daonna nó atá ag dul faoi phróiseas atáirgthe dhaonna le cuidiú míochaine a chosaint ó tharchur galar teagmhálach den chineál sin. Bíonn measúnú riosca den chineál sin ina bhunús le hoiriúnú iomchuí na mbeart lena leagtar síos caighdeáin maidir le cáilíocht agus sábháilteacht substaintí den chineál sin de bhunús daonna. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunódh agus go n-oibreodh ECDC líonra seirbhísí náisiúnta fola agus trasphlandaithe agus a n-údaráis, chomh maith le seirbhísí cógaslainne agus seirbhísí agus bunaíochtaí cúraim sláinte ceadúnaithe eile, chun an dhá chuspóir sin a chomhlíonadh.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
(12a)  Chun luath-ullmhacht maidir le teacht chun cinn bagairtí sláinte trasteorann a fheabhsú, agus chun freagairt dóibh, tá sé ríthábhachtach rochtain leanúnach agus thapa a chumasú ar shonraí maidir le hinfhaighteacht na bhfrithbheart leighis is gá. Dá bhrí sin, ba cheart líonra de sheirbhísí na mBallstát lena sholáthrófaí faisnéis atá cothrom le dáta maidir le stoc-chairn straitéiseacha náisiúnta agus infhaighteacht frithbheart leighis, stoc-chairn táirgí leighis, táirgí sláinte bunriachtanacha agus tástálacha diagnóiseacha a bhunú, a oibriú agus a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Is gá neartú a dhéanamh ar chomhordú agus ar mhalartú faisnéise leis na Ballstáit maidir le stoc-chairn straitéiseacha agus frithbhearta leighis atá ar fáil chun feabhas a chur ar bhailiú, ar shamhaltú agus ar úsáid sonraí ionchasacha lena lamháiltear d’fhógraí foláirimh luaithe san Aontas.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Bunaíodh córas lenar féidir foláirimh a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a fhógairt ar leibhéal an Aontais trí bhíthin Chinneadh Uimh. 2119/98/CE chun a áirithiú go gcuirtear údaráis sláinte poiblí inniúla sna Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas mar is iomchuí ar bhealach tráthúil. Cumhdaíonn EWRS gach bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte arna gcumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart go bhfanfadh oibriú EWRS faoi réimse freagrachta ECDC. Ní gá foláireamh a thabhairt ach amháin i gcás ina bhfuil scála agus déine na bagartha lena mbaineann chomh suntasach sin go bhfuil, nó go bhféadfadh, tionchar a bheith aici ar níos mó ná Ballstát amháin agus go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe ina leith ar leibhéal an Aontais nó go bhféadfadh gá a bheith lena leithéid. Chun dúbailt a sheachaint agus chun comhordú ar fud chórais rabhaidh an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus do ECDC a áirithiú go mbíonn ceangail idir na fógraí foláirimh faoi EWRS agus córais mear-rabhaidh eile ar leibhéal an Aontais a mhéid is féidir, ionas go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, a mhéid is féidir, nach n-eisítear an foláireamh céanna trí chórais dhifriúla ar leibhéal an Aontais agus d'fhéadfaidís tairbhe a bhaint as na foláirimh ghuaise uile a fháil ó aon fhoinse comhordaithe amháin.
(13)  Bunaíodh córas lenar féidir foláirimh a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a fhógairt ar leibhéal an Aontais trí bhíthin Chinneadh Uimh. 2119/98/CE chun a áirithiú go gcuirtear údaráis sláinte poiblí inniúla sna Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas mar is iomchuí ar bhealach tráthúil. Cumhdaíonn EWRS gach bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte arna gcumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart go bhfanfadh oibriú EWRS faoi réimse freagrachta ECDC. Ní gá foláireamh a thabhairt ach amháin i gcás ina bhfuil scála agus déine na bagartha lena mbaineann chomh suntasach sin go bhfuil, nó go bhféadfadh, tionchar a bheith aici ar níos mó ná Ballstát amháin agus go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe ina leith ar leibhéal an Aontais nó go bhféadfadh gá a bheith lena leithéid. Chun dúbailt a sheachaint agus chun comhordú ar fud chórais rabhaidh an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus do ECDC a áirithiú maidir leis ceangail idir na fógraí foláirimh faoi EWRS agus córais mear-rabhaidh eile ar leibhéal an Aontais go mbeidh siad idir-inoibritheach ina n-iomláine agus, faoi réir formhaoirseacht dhaonna, go mbeidh ceangal uathoibríoch eatarthu a mhéid is féidir, ionas go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, a mhéid is féidir, nach n-eisítear an foláireamh céanna trí chórais dhifriúla ar leibhéal an Aontais agus d’fhéadfaidís tairbhe a bhaint as na foláirimh ghuaise uile a fháil ó aon fhoinse comhordaithe amháin.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  D’fhonn a áirithiú go ndéantar rioscaí don tsláinte phoiblí ar leibhéal an Aontais mar gheall ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a mheasúnú ar bhealach comhsheasmhach agus cuimsitheach ó thaobh sláinte phoiblí de, ba cheart an saineolas eolaíoch atá ar fáil a shlógadh ar bhealach comhordaithe, trí na cainéil nó struchtúir iomchuí ag brath ar an gcineál bagartha atá i gceist. Ba cheart an measúnú sin ar rioscaí do shláinte phoiblí a fhorbairt trí bhíthin próisis atá iomlán trédhearcach agus ba cheart é a bheith bunaithe ar phrionsabail na sármhaitheasa, an neamhspleáchais, na neamhchlaontachta agus na trédhearcachta. Is gá páirtíocht ghníomhaireachtaí an Aontais sna measúnuithe riosca sin a leathnú de réir a speisialtachta, chun cur chuige uile-ghuaise a áirithiú, trí líonra buan de ghníomhaireachtaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin chun tacú le measúnuithe riosca a ullmhú.
(14)  D’fhonn a áirithiú go ndéantar rioscaí don tsláinte phoiblí ar leibhéal an Aontais mar gheall ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a mheasúnú ar bhealach comhsheasmhach agus cuimsitheach ó thaobh sláinte phoiblí de, ba cheart an saineolas eolaíoch atá ar fáil a shlógadh ar bhealach comhordaithe agus ildisciplíneach, trí na cainéil nó struchtúir iomchuí ag brath ar an gcineál bagartha atá i gceist. Ba cheart an measúnú sin ar rioscaí do shláinte phoiblí a fhorbairt trí bhíthin próisis atá iomlán trédhearcach agus ba cheart é a bheith bunaithe ar phrionsabail na sármhaitheasa, an neamhspleáchais, na neamhchlaontachta agus na trédhearcachta. Is gá páirtíocht ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais sna measúnuithe riosca sin a leathnú de réir a speisialtachta, chun cur chuige uile-ghuaise a áirithiú, trí líonra buan de ghníomhaireachtaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin chun tacú le measúnuithe riosca a ullmhú. Chun leibhéal leordhóthanach saineolais agus éifeachtachta a bhaint amach, ba cheart acmhainní airgeadais agus daonna ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais a mhéadú.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
(14a)  Ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, agus an cur chuige Aon Sláinte Amháin á chur i bhfeidhm acu, eagraíochtaí agus saineolaithe aitheanta sláinte poiblí a shainaithint, i réimse na ngalar teagmhálach agus na mórghalar neamhtheagmhálach araon, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile ar fud earnálacha, atá ar fáil chun cabhrú le freagairtí an Aontais ar bhagairtí sláinte. Ba cheart do na saineolaithe agus do na geallsealbhóirí sin, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bheith rannpháirteach go struchtúrach i ngach gníomhaíocht maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna agus rannchuidiú leis na próisis chinnteoireachta. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta dul i gcomhairle freisin le hionadaithe eagraíochtaí othar agus le comhpháirtithe sóisialta náisiúnta in earnáil an chúraim sláinte agus na seirbhísí sóisialta i gcur chun feidhme an rialacháin seo i gcás inarb iomchuí. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta agus coinbhleachta leasa maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 b (nua)
(14b)   Níor cheart lánaí glasa a mheas mar uirlis iomchuí ach amháin i gcás paindéime ina mbeadh éigeandáil sláinte poiblí fógartha agus é mar aidhm leo a áirithiú go bhfuil earraí bunriachtanacha, frithbhearta leighis agus oibrithe trasteorann in ann gluaiseacht gan srian agus go sábháilte laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart go ndéanfadh cruthú lánaí glasa i gcásanna den sórt sin difear d’fhorálacha ábhartha an chonartha nó don reachtaíocht lena rialaítear rialuithe teorann.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15 a (nua)
(15a)  Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, tráth a fhógraítear staid éigeandála, go bhfuiltear ar an eolas faoi líon na saoráidí cóiríochta in ospidéil sna Ballstáit, mar aon le líon na n-aonad cóiríochta atá ar fáil in aonaid dianchúraim sna Ballstáit, chun críoch shaorghluaiseacht na n-othar.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 a (nua)
(16a)  Ba cheart idirphlé agus malartú faisnéise rialta idir údaráis, tionscal, eintitis ábhartha an tslabhra soláthair cógaisíochta, gairmithe cúraim sláinte agus eagraíochtaí othar a áirithiú freisin, chun tús a chur leis an bplé luath faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte sa mhargadh, trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi shrianta soláthair a bhfuiltear ag dréim leo nó trí riachtanais shonracha cliniciúla a tharraingt anuas, agus, ar an gcaoi sin, comhordú níos fearr, sineirgí níos fearr agus freagairt iomchuí a lamháil nuair is gá.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cumarsáid neamhréireach leis an bpobal agus le geallsealbhóirí, ar nós gairmithe cúram sláinte, ar éifeachtacht na freagartha ó thaobh sláinte poiblí de agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Dá bhrí sin, mar chuid den fhreagairt a chomhordú laistigh den Choiste, le cabhair ó fhoghrúpaí ábhartha, ba cheart mear-mhalartú faisnéise a bhunú maidir le teachtaireachtaí cumarsáide agus straitéisí agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chumarsáide d’fhonn cumarsáid riosca agus géarchéime a chomhordú, bunaithe ar mheasúnú láidir agus neamhspleách ar rioscaí sláinte poiblí, a gcuirfear in oiriúint é do riachtanais agus dálaí náisiúnta. Tá sé beartaithe le malartuithe faisnéise den sórt sin faireachán a éascú ar shoiléire agus comhleanúnachas na dteachtaireachtaí don phobal agus do ghairmithe cúram sláinte. Ós rud é gur géarchéim de chineál trasearnála í seo, ba cheart comhordú le toghlaigh ábhartha eile a áirithiú chomh maith, mar shampla Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17.
(17)  D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cumarsáid neamhréireach leis an bpobal agus le geallsealbhóirí, ar nós gairmithe cúram sláinte agus sláinte poiblí, ar éifeachtacht na freagartha ó thaobh sláinte poiblí de agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Dá bhrí sin, mar chuid den fhreagairt a chomhordú laistigh den Choiste, le cabhair ó fhoghrúpaí ábhartha, ba cheart mear-mhalartú faisnéise a bhunú maidir le teachtaireachtaí cumarsáide agus straitéisí agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chumarsáide d’fhonn cumarsáid riosca agus géarchéime a chomhordú, bunaithe ar mheasúnú iomlánaíoch, láidir agus neamhspleách ar rioscaí sláinte poiblí, a gcuirfear in oiriúint é do riachtanais agus dálaí náisiúnta agus réigiúnacha. Sna Ballstáit sin le réigiúin a bhfuil inniúlachtaí sláinte acu, ba cheart do na réigiúin sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Tá sé beartaithe le malartuithe faisnéise den sórt sin faireachán a éascú ar shoiléire agus comhleanúnachas na dteachtaireachtaí don phobal agus do ghairmithe cúram sláinte. Ag éirí as na moltaí a thug ECDC do na Ballstáit agus do ghairmithe cúraim sláinte, ba cheart dó a chuid gníomhaíochta cumarsáide a leathnú chun go mbeidh an gnáthphobal san áireamh, trí thairseach ar líne a bhunú agus a bhainistiú chun faisnéis fhíoraithe a chomhroinnt agus cur i gcoinne na bréagaisnéise. Ós rud é gur géarchéim de chineál trasearnála í seo, ba cheart comhordú le toghlaigh ábhartha eile a áirithiú chomh maith, mar shampla Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17.
__________________
__________________
17 Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 77I, 20.3.2019, lch. 1).
17 Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 77I, 20.3.2019, lch. 1).
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  Ba cheart an t-aitheantas a thugtar d’éigeandálaí sláinte poiblí agus éifeachtaí dlíthiúla an aitheantais sin arna soláthar le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE a leathnú. Chuige sin, ba cheart go gceadódh an Rialachán seo don Choimisiún éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais. Ionas go bhféadfaí staid éigeandála den sórt sin a aithint, ba cheart don Choimisiún coiste comhairleach neamhspleách a bhunú, a chuirfidh saineolas ar fáil maidir le cibé an bhfuil bagairt ina héigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus a thabharfaidh comhairle maidir le bearta freagartha sláinte poiblí agus foirceannadh an aitheantais éigeandála sin. Ba cheart saineolaithe neamhspleácha a bheith ar an gcoiste comhairleach, arna roghnú ag an gCoimisiún ó na réimsí saineolais agus taithí is ábhartha don bhagairt shonrach atá ag tarlú, in éineacht le hionadaithe ECDC, ionadaithe EMA agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais mar bhreathnóirí. Ach éigeandáil sláinte poiblí a aithint ar leibhéal an Aontais, cuirfear an bonn ar fáil chun bearta sláinte poiblí oibríochtúla a thabhairt isteach i ndáil le táirgí leighis agus feistí leighis, sásraí solúbtha chun frithbhearta leighis a fhorbairt, a sholáthar, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm chomh maith le tacaíocht ó ECDC a ghníomhachtú chun foirne cúnaimh ráige a ghríosú agus a imscaradh, ar a dtabharfaí ‘Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh’.
(18)  Ba cheart an t-aitheantas a thugtar d’éigeandálaí sláinte poiblí agus éifeachtaí dlíthiúla an aitheantais sin arna soláthar le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE a leathnú. Chuige sin, ba cheart go gceadódh an Rialachán seo don Choimisiún éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais. Ionas go bhféadfaí staid éigeandála den sórt sin a aithint, ba cheart don Choimisiún coiste comhairleach neamhspleách a bhunú, a chuirfidh saineolas ar fáil maidir le cibé an bhfuil bagairt ina héigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus a thabharfaidh comhairle maidir le bearta freagartha sláinte poiblí agus foirceannadh an aitheantais éigeandála sin. Ba cheart saineolaithe neamhspleácha, ionadaithe na n-oibrithe sláinte agus cúraim, lena n-áirítear altraí agus dochtúirí leighis, agus ionadaithe na sochaí sibhialta, a bheith ar an gcoiste comhairleach, arna roghnú ag an gCoimisiún ó na réimsí saineolais agus taithí is ábhartha don bhagairt shonrach atá ag tarlú, in éineacht le hionadaithe ECDC, ionadaithe EMA agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais mar bhreathnóirí. Ba cheart baill uile an Choiste Chomhairligh dearbhuithe leasa a sholáthar. Ba cheart don choiste comhairleach oibriú i ndlúthchomhar le comhlachtaí comhairleacha náisiúnta. Agus éigeandáil sláinte poiblí á haithint ar leibhéal an Aontais, cuirfidh sé an bonn faoi bhearta sláinte poiblí oibríochtúla a thabhairt isteach i ndáil le táirgí leighis agus feistí leighis, sásraí rialaithe onnmhairí de chuid an Aontais, sásraí solúbtha chun frithbhearta leighis a fhorbairt, a sholáthar, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm chomh maith le tacaíocht ó ECDC a ghníomhachtú chun foirne cúnaimh ráige a ghríosú agus a imscaradh, ar a dtabharfaí ‘Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh’.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
(20)  Is cosúil go mbeidh iarmhairtí ar fud an Aontais ag imeacht a tharlaíonn atá ag teacht le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte, agus d’éilleofaí ar na Ballstáit lena mbaineann bearta áirithe rialaithe nó rianaithe teagmhálaithe a ghlacadh ar bhealach comhordaithe d’fhonn daoine atá éillithe cheana féin nó daoine a nochtadh do riosca a shainaithint. Chun comhordú den sórt sin a dhéanamh d’fhéadfadh gá a bheith ann sonraí pearsanta a mhalartú tríd an gcóras, lena n-áirítear faisnéis íogair a bhaineann le sláinte agus faisnéis faoi chásanna deimhnithe nó amhrasta den ghalar i ndaoine, idir na Ballstáit sin atá rannpháirteach go díreach sna bearta rianaithe teagmhálaithe. Ní mór do na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sláinte a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18.
(20)  Is cosúil go mbeidh iarmhairtí ar fud an Aontais ag imeacht a tharlaíonn atá ag teacht le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte, agus cheanglófaí ar na Ballstáit lena mbaineann nó a d’fhéadfadh a bheith bainteach leo bearta áirithe rialaithe nó rianaithe teagmhálaithe a ghlacadh ar bhealach comhordaithe d’fhonn daoine atá éillithe cheana féin nó daoine a nochtadh do riosca a shainaithint. Chun comhordú den sórt sin a dhéanamh d’fhéadfadh gá a bheith ann sonraí pearsanta a mhalartú tríd an gcóras, lena n-áirítear faisnéis íogair a bhaineann le sláinte agus faisnéis faoi chásanna deimhnithe nó amhrasta den ghalar nó ionfhabhtú i ndaoine, idir na Ballstáit sin atá rannpháirteach go díreach sna bearta rianaithe teagmhálaithe. Ní mór do na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sláinte a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18.
__________________
__________________
18 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
18 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)  Ba cheart comhar idirnáisiúnta a chothú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse na sláinte poiblí. Tá sé fíorthábhachtach a áirithiú go ndéanfaí faisnéis a mhalartú le EDS faoi na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Beidh gá leis an gcomhar treisithe sin chomh maith chun rannchuidiú le tiomantas an Aontais chun tacaíocht a neartú do chórais sláinte agus chun cumas ullmhachta agus freagartha na gcomhpháirtithe a threisiú. D’fhéadfadh an tAontas tairbhe a bhaint as comhaontuithe comhair idirnáisiúnta a dhéanamh le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte san áireamh, chun malartú faisnéise ábhartha a chothú ó chórais faireacháin agus foláirimh maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte. Laistigh de theorainneacha inniúlachtaí an Aontais, d’fhéadfaí nithe mar iad seo a leanas a áireamh le comhaontuithe den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtíocht tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin sa líonra ábhartha um monatóireacht faireachais eipidéimeolaíoch agus in EWRS, malartú dea-chleachtais maidir le hullmhacht agus cumas freagartha agus pleanáil, measúnú riosca sláinte poiblí agus dul i gcomhar maidir le comhordú na freagartha, lena n-áirítear an fhreagairt taighde.
(21)  Ba cheart comhar idirnáisiúnta a chothú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse na sláinte poiblí. Tá sé fíorthábhachtach a áirithiú go ndéanfaí faisnéis a mhalartú le EDS faoi na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Beidh gá leis an gcomhar treisithe sin chomh maith chun rannchuidiú le tiomantas an Aontais chun tacaíocht a neartú do chórais sláinte agus chun cumas ullmhachta agus freagartha na gcomhpháirtithe a threisiú. D’fhéadfadh an tAontas tairbhe a bhaint as comhaontuithe comhair idirnáisiúnta a dhéanamh le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte san áireamh, chun malartú faisnéise ábhartha a chothú ó chórais faireacháin agus foláirimh maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte. Laistigh de theorainneacha inniúlachtaí an Aontais, d’fhéadfaí nithe mar iad seo a leanas a áireamh le comhaontuithe den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtíocht tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin sa líonra ábhartha um monatóireacht faireachais eipidéimeolaíoch, amhail an Córas Eorpach um Fhaireachas (TESSy), agus in EWRS, malartú dea-chleachtais maidir le hullmhacht agus cumas freagartha agus pleanáil, measúnú riosca sláinte poiblí agus dul i gcomhar maidir le comhordú na freagartha, lena n-áirítear an fhreagairt taighde. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit oibriú go gníomhach chun creat-choinbhinsiún de chuid EDS maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí a bhunú, lenar cheart prionsabail agus tosaíochtaí a leagan síos maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí. Ba cheart do chreat-choinbhinsiún den sórt sin cur chun feidhme na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005)1a a éascú agus tacú leis an gcreat idirnáisiúnta sláinte a neartú agus comhar a fheabhsú maidir le luathbhrath, cosc, freagairt agus athléimneacht i ndáil le paindéimí a bheidh ann amach anseo.
__________________
1a An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005), an Tríú hEagrán ar fáil ag https://www.who.int/publications/i/item/9789241580496
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
(22)  I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh le hoibriú EWRS maidir le coimircí sonracha le haghaidh malartú slán agus dlíthiúil sonraí pearsanta chun críche na mbeart rianaithe teagmhálaithe arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, áiríonn EWRS feidhm teachtaireachtaí trínar féidir sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus sonraí maidir le sláinte, a chur in iúl do na húdaráis ábhartha sin amháin a mbeidh baint acu le bearta rianaithe teagmhálaithe.
(22)  De bharr nádúr íogair sonraí sláinte, ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí an Aontais a choimirciú agus a ráthú go n-urramaíonn a n-oibríochtaí próiseála na prionsabail cosanta sonraí i gcomhréir le hAirteagal 5 RGCS. I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le RCGS agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh le hoibriú EWRS maidir le coimircí sonracha le haghaidh malartú slán agus dlíthiúil sonraí pearsanta chun críche na mbeart rianaithe teagmhálaithe arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, áiríonn EWRS feidhm teachtaireachtaí trínar féidir sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus sonraí maidir le sláinte, a chur in iúl do na húdaráis ábhartha sin amháin a mbeidh baint acu le rianú teagmhálaithe. Ba cheart Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a urramú go docht agus bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla slándála a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Rialachán sin.
__________________
__________________
19 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
19 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas: teimpléid is ceart a úsáid agus an fhaisnéis á soláthar maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha; gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú do bhaill foirne cúram sláinte agus sláinte poiblí; liosta de ghalair theagmhálacha a bhunú agus a nuashonrú, in éineacht le saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, faoi réir an líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus na nósanna imeachta chun líonra den sórt sin a oibriú; sainithe cáis a ghlacadh le haghaidh na ngalar teagmhálach sin agus na saincheisteanna sláinte speisialta arna gcumhdach leis an líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus, i gcás inar gá, le haghaidh bagairtí tromchúiseacha trasteorann eile ar shláinte faoi réir faireachán ad hoc; na nósanna imeachta maidir le EWRS a oibriú; feidhmiú an ardáin faireachais; saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh a ainmniú chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta; na nósanna imeachta chun faisnéis a mhalartú maidir le freagairtí na mBallstát agus iad a chomhordú; staideanna éigeandála sláinte poiblí a aithint ar leibhéal an Aontais agus aitheantas den sórt sin a fhoirceannadh, agus na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go bhfuil oibriú EWRS agus próiseáil sonraí á ndéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí.
(25)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas: teimpléid is ceart a úsáid agus an fhaisnéis á soláthar maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha; gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú do bhaill foirne cúram sláinte agus sláinte poiblí; liosta de ghalair theagmhálacha a bhunú agus a nuashonrú, in éineacht le saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, faoi réir na nósanna imeachta d’oibriú an líonra faireachais eipidéimeolaíoch; saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh a ainmniú chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus réigiúnacha; na nósanna imeachta chun faisnéis a mhalartú maidir le freagairtí na mBallstát agus iad a chomhordú; staideanna éigeandála sláinte poiblí a aithint ar leibhéal an Aontais agus aitheantas den sórt sin a fhoirceannadh, agus na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go bhfuil oibriú EWRS agus próiseáil sonraí á ndéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
(28)  Chun staid cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais a fháil amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le nósanna imeachta, caighdeáin agus critéir i gcomhair na n-iniúchtaí a bheidh dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar phleanáil ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201621. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(28)  Chun gnéithe áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus chun staid cur chun feidhme na bpleananna ullmhachta náisiúnta agus réigiúnacha agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais a fháil amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: liosta de ghalair theagmhálacha a bhunú agus a nuashonrú, in éineacht le saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, faoi réir an líonra faireachais eipidéimeolaíoch; sainmhínithe cáis a ghlacadh ar na galair theagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta sin a chumhdaítear leis an líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus, i gcás inar gá, ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann eile ar shláinte atá faoi réir faireachán ad hoc; na ceanglais is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibriú EWRS agus próiseáil sonraí na Rialacháin ábhartha; liosta de shonraí ábhartha sláinte a bheidh le bailiú go huathoibríoch trí ardán digiteach, faoi réir formhaoirseacht dhaonna, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta; feidhmiú an ardáin faireachais; agus na nósanna imeachta, caighdeáin agus critéir i gcomhair na n-iniúchtaí a bheidh dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar phleanáil ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201621. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
__________________
__________________
21 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
21 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28 a (nua)
(28a)  I dtaca le liosta de ghalair theagmhálacha agus na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann a bhunú agus a nuashonrú faoi réir an líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus na nósanna imeachta chun líonra den sórt sin a oibriú, i dtaca le sainmhínithe cáis a ghlacadh ar na galair theagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta sin a chumhdaítear faoin líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus i dtaca leis na sainmhínithe cáis a bheidh le húsáid san fhaireachán ad hoc, ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoin nós imeachta práinne i gcás inar gá de bharr mórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le déine nó úrnuacht bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte nó le luas a leata idir na Ballstáit.
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe c
(c)  soláthar comhpháirteach frithbheart leighis;
(c)  soláthar comhpháirteach, bainistiú agus imlonnú frithbheart leighis;
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)   líonra de stoc-chairn straitéiseacha náisiúnta agus de fhrithbhearta leighis atá ar fáil;
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3
3.  Tacófar le cur chun feidhme an Rialacháin seo le cistiú ó chláir agus ionstraimí ábhartha an Aontais.
3.  I gcomhréir leis na cuir chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ agus ‘An tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartais’, tacófar le cur chun feidhme an Rialacháin seo le cistiú ó chláir agus ionstraimí ábhartha an Aontais. Oibreoidh creat sláinte neartaithe an Aontais lena dtugtar aghaidh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann sláinte i sineirgí le beartais agus cistí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach atá comhlántach leo, amhail gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi Chlár EU4Health, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach, cúlchiste rescEU, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (EIS) agus Clár an Mhargaidh Aonair (SMP).
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3 a (nua)
3a.   Leis an Rialachán seo, áiritheofar maidir le héigeandálaí sláinte amach anseo nach gcuirfear stop le brath, le hidirghabhálacha sláinte agus le cóireáil galar tromchúiseach eile.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3 b (nua)
3b.  Déanfar an Rialachán seo a chur chun feidhme agus dínit, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine á n-urramú ina n-iomláine.
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe a – pointe i
(i)  galair theagmhálacha;
(i)  galair theagmhálacha, lena n-áirítear iad siúd de thionscnamh zónóiseach;
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2
2.  Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le faireachas eipidéimeolaíoch a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann chomh maith.
2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le faireachas eipidéimeolaíoch a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha, faireachán a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag galair den sórt sin ar mhórghalair neamhtheagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, amhail meabhairshláinte, agus an tionchar maidir le scagthástáil, diagnóis, faireachán, cóireáil agus cúram a chur siar do ghalair agus riochtaí eile.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 3 a (nua)
3a.   Leis an Rialachán seo, déanfar cur chun feidhme na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta a chur chun cinn, laghdófar an t-ualach riaracháin agus dúbailt acmhainní, agus neartófar na bearnaí a nochtadh le linn phaindéim COVID-19 maidir le bagairtí ar shláinte phoiblí a chosc, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 4
4.  I staideanna éigeandála eisceachtúla, féadfaidh Ballstát nó an Coimisiún a iarraidh go ndéanfaí freagairt a chomhordú laistigh den choiste slándála sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21, maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte seachas na cinn sin a luaitear in Airteagal 2(1), má mheastar nach leor iad na bearta sláinte poiblí a glacadh roimhe seo chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine.
4.  I staideanna éigeandála eisceachtúla, féadfaidh Ballstát nó an Coimisiún a iarraidh go ndéanfaí freagairt a chomhordú laistigh den choiste slándála sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21, maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte seachas na cinn sin a luaitear in Airteagal 2(1), go háirithe maidir le mórghalair neamhtheagmhálacha, má mheastar nach leor iad na bearta sláinte poiblí a glacadh roimhe seo chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 5
5.  Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise idir na sásraí agus na struchtúir arna mbunú faoin Rialachán seo, agus sásraí agus struchtúir chomhchosúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó faoi Chonradh Euratom, a bhfuil a ngníomhaíochtaí ábhartha don phleanáil ullmhachta agus freagartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo.
5.  Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise idir na sásraí agus na struchtúir arna mbunú faoin Rialachán seo, agus sásraí agus struchtúir chomhchosúla arna mbunú ar leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó faoi Chonradh Euratom, a bhfuil a ngníomhaíochtaí ábhartha don phleanáil ullmhachta agus freagartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo.
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 6
6.  Coinneoidh na Ballstáit an ceart chun socruithe, nósanna imeachta agus bearta breise a chothabháil nó a thabhairt isteach ina gcórais náisiúnta sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear socruithe dá bhforáiltear i gcomhaontuithe nó i gcoinbhinsiúin dhéthaobhacha nó iltaobhacha atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, ar choinníoll nach ndéanfaidh na socruithe, nósanna imeachta agus bearta breise sin dochar do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
6.  Coinneoidh na Ballstáit an ceart chun socruithe, nósanna imeachta agus bearta breise a chothabháil nó a thabhairt isteach ina gcórais náisiúnta sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear socruithe dá bhforáiltear i gcomhaontuithe nó i gcoinbhinsiúin dhéthaobhacha nó iltaobhacha atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, ar choinníoll nach ndéanfaidh na socruithe, nósanna imeachta agus bearta breise sin dochar do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Iarrfaidh an tAontas go mbunófar creat-choinbhinsiún EDS maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí. Beidh an coinbhinsiún sin de chineál a éascóidh cur chun feidhme an Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)1a agus a réiteoidh laigí an Rialacháin sin, a sainaithníodh le linn ghéarchéim COVID-19.
___________________
1aAn Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. An Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR, 2005) https://www.who.int/ihr/publications/9789241596664/en/
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 6 a (nua)
6a.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin, i gcás inarb iomchuí, maidir le húdaráis inniúla réigiúnacha, córais agus cláir sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3
(3)  ciallaíonn ‘rianú teagmhálaithe’ bearta a chuirtear chun feidhme chun daoine a rianú a bhí neamhchosanta ar fhoinse bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte, agus atá i mbaol galar a fhorbairt nó a bhfuil galar forbartha acu, trí theagmháil láimhe nó trí mhodhanna teicneolaíocha eile;
(3)  ciallaíonn ‘rianú teagmhálaithe’ bearta chun daoine a shainaithint, a mheas agus a bhainistiú a bhí neamhchosanta ar fhoinse bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte, agus atá i mbaol a bheith ionfhabhtaithe nó a bheith ionfhabhtaíoch nó a bhfuil galar teagmhálach forbartha acu, trí mhodh láimhe nó modhanna teicneolaíocha eile, agus gan de chuspóir leis ach sainaithint thapa a dhéanamh ar dhaoine a d’fhéadfadh a bheith nua-ionfhabhtaithe agus arbh fhéidir a bhí i dteagmháil le cásanna reatha, chun tuilleadh tras-seolta a laghdú;
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4
(4)  ciallaíonn ‘faireachas eipidéimeolaíoch’ an bailiú, taifeadadh, anailís, léirmhíniú agus scaipeadh córasach sonraí agus anailíse maidir le galair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann;
(4)  ciallaíonn ‘faireachas eipidéimeolaíoch’ an bailiú, taifeadadh, anailís, léirmhíniú agus scaipeadh córasach sonraí agus anailíse maidir le galair theagmhálacha, faireachán ar thionchar na ngalar sin ar mhórghalair neamhtheagmhálacha, amhail iad sin a bhaineann le meabhairshláinte, agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann;
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
(5a)  ciallaíonn ‘cur chuige Aon Sláinte Amháin’ cur chuige ilearnála lena n-aithnítear go bhfuil sláinte an duine nasctha le sláinte ainmhithe agus leis an gcomhshaol, agus nach mór na trí ghné sin a chur san áireamh le gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le bagairtí ar shláinte;
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 b (nua)
(5b)  ciallaíonn ‘An tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartas’ cur chuige maidir le beartais phoiblí a fhorbairt, a chur chun feidhme agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, gan beann ar an earnáil, trína gcuirtear na himpleachtaí sláinte atá ag cinntí san áireamh, agus lena bhféachtar le sineirgí a bhaint amach, agus tionchair dhíobhálacha sláinte a d’fheadfadh a bheith mar thoradh ar bheartais den sórt sin a sheachaint, chun sláinte an daonra agus cothromas sláinte a fheabhsú;
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 7 a (nua)
(7a)   ciallaíonn ‘mórghalar neamhtheagmhálach’ galar mar a shainmhínítear i bpointe (4a) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) [Rialachán ECDC, tagairt cheart le cur isteach];
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8
(8)  ciallaíonn ‘frithbheart leighis’ táirgí leighis lena n-úsáid ag an duine agus feistí leighis mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 agus i Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24 nó earraí nó seirbhísí eile chun críche ullmhachta agus freagartha i dtaca le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte.
(8)  ciallaíonn ‘frithbheart leighis’ táirgí leighis lena n-úsáid ag an duine agus feistí leighis mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 agus i Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24 nó earraí nó seirbhísí eile chun críoch diagnóis agus cóireáil a éascú faoi chuimsiú ullmhachta agus freagartha i dtaca le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte.
___________________
___________________
23 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
23 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
24 Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
24 Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8 a (nua)
(8a)   ciallaíonn ‘Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta a ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte in 2005;
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8 b (nua)
(8b)   ciallaíonn ‘feiste leighis’ feiste leighis mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/745, arna léamh in éineacht le pointe (2) d’Airteagal 1 agus pointe (a) d’Airteagal 1(6) den Rialachán sin, agus feiste leighis diagnóiseach in vitro mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/746, araon;
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8 c (nua)
(8c)  ciallaíonn ‘lánaí glasa’ conairí idirthurais intaistil agus sábháilte a chaomhnaíonn slabhraí soláthair i gcás éigeandála sláinte poiblí fógartha ar leibhéal an Aontais le linn staid paindéime trína áirithiú gur féidir le hearraí bunriachtanacha, frithbhearta leighis agus oibrithe trasteorann gluaiseacht gan srian agus go sábháilte laistigh den mhargadh inmheánach, agus Airteagal 77(2)(e) CFAE á urramú go hiomlán ag an am céanna.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 a (nua)
1a.  Beidh ionadaithe ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Slándála Sláinte mar bhreathnóirí.
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe b
(b)  comhordú i gcuibhreann leis an gCoimisiún i dtaca le pleanáil ullmhachta agus freagartha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10;
(b)  comhordú i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais i dtaca le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10;
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe c
(c)  comhordú i gcuibhreann leis an gCoimisiún maidir le cumarsáid agus freagairtí riosca agus géarchéime na mBallstát i dtaca le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, i gcomhréir le hAirteagal 21;
(c)  comhordú i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais maidir le cumarsáid agus freagairtí riosca agus géarchéime na mBallstát i dtaca le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, i gcomhréir le hAirteagal 21;
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe d a (nua)
(da)  clár gníomhaíochta a ghlacadh, ar bhonn bliantúil chun tosaíochtaí agus cuspóirí a leagan síos go soiléir ar leibhéil na meithle ardleibhéil agus na meithle teicniúla.
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4
4.  Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar an gCoiste Slándála Sláinte. Tiocfaidh an Coiste Slándála Sláinte le chéile go tráthrialta agus nuair a bheidh gá leis, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát.
4.  Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar an gCoiste Slándála Sláinte gan ceart vótála. Tiocfaidh an Coiste Slándála Sláinte le chéile go tráthrialta agus nuair a bheidh gá leis, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 a (nua)
5a.  Áiritheoidh comhaltaí an Choiste Slándála Sláinte agus an Coimisiún comhairliúchán críochnúil le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le saineolaithe sláinte poiblí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le geallsealbhóirí, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte.
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 a (nua)
7a.  Ainmneoidh Parlaimint na hEorpa ionadaithe chun a bheith rannpháirteach sa Choiste Slándála Sláinte mar bhreathnóirí.
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 b (nua)
7b.  Déanfar an liosta de chomhaltaí an Choiste Slándála Sláinte ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil araon a chur ar fáil don phobal ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin agus na Comhairle. Ní bheidh aon leasanna airgeadais ná aon leasanna eile ag comhaltaí an Choiste a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhchlaontacht. Gníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail agus ar bhealach neamhspleách agus déanfaidh siad dearbhú bliantúil maidir lena gcuid leasanna airgeadais. Déanfar gach leas díreach a d’fhéadfadh baint a bheith aige leis an earnáil leighis nó le hearnáil iomchuí eile a iontráil i gclár atá i seilbh an Choimisiúin agus beidh rochtain ag an bpobal air, arna iarraidh sin.
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 c (nua)
7c.  Déanfar rialacha nós imeachta, treoir, cláir oibre agus miontuairiscí chruinnithe an Choiste Slándála Sláinte a fhoilsiú ar thairseach ghréasáin an Choimisiúin.
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Caibidil II – teideal
II PLEANÁIL ULLMHACHTA AGUS FREAGARTHA
II PLEANÁIL COISC, ULLMHACHTA AGUS FREAGARTHA
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – teideal
Plean ullmhachta agus freagartha an Aontais
Plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
1.  Bunóidh an Coimisiún, i gcomhar le Ballstáit agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, plean géarchéime sláinte agus paindéime don Aontas (‘plean ullmhachta agus freagartha an Aontais’) chun freagairt éifeachtach chomhordaithe ar bhagairtí trasteorann ar shláinte ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn.
1.  Bunóidh an Coimisiún, i gcomhar le Ballstáit agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus creat EDS á chur san áireamh, plean géarchéime sláinte agus paindéime don Aontas (‘plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais’) chun freagairt éifeachtach chomhordaithe ar bhagairtí trasteorann ar shláinte ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn.
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2
2.  Cuirfidh plean ullmhachta agus freagartha an Aontais leis na pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 6.
2.  Cuirfidh plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais leis na pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 6.
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Áireoidh plean ullmhachta agus freagartha an Aontais socruithe le haghaidh rialú, inniúlachtaí agus acmhainní don mhéid seo a leanas go háirithe:
3.  Áireoidh plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais socruithe le haghaidh rialú, inniúlachtaí agus acmhainní don mhéid seo a leanas go háirithe:
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 - mír 3 - pointe c
(c)  an faireachas agus faireachán eipidéimeolaíochta;
(c)  an faireachas agus faireachán eipidéimeolaíoch, chomh maith le tionchar na ngalar teagmhálach ar mhórghalair neamhtheagmhálacha;
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe e
(e)  an chumarsáid riosca agus géarchéime;
(e)  an chumarsáid riosca agus géarchéime, lena ndíreofar ar ghairmithe sláinte agus ar shaoránaigh;
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe f a (nua)
(fa)  acmhainneacht táirgthe de tháirgí sláinte san Aontas ina iomláine a mhapáil;
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe f b (nua)
(fb)  stoc de tháirgí íocshláinte criticiúla, frithbhearta leighis agus trealamh cosanta pearsanta de chuid an Aontais a bhunú mar chuid de chúlchiste éigeandála rescEU;
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g a (nua)
(ga)  na critéir chun na gníomhaíochtaí a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú;
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g b (nua)
(gb)  a áirithiú go gcuirtear seirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear scagthástáil, diagnóis, faireachán, cóireáil agus cúram i leith galair agus riochtaí eile, ar fáil gan cur isteach orthu le linn éigeandálaí sláinte;
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g c (nua)
(gc)  a áirithiú go bhfuil na córais sláinte náisiúnta cuimsitheach agus go gcuirtear rochtain chomhionann ar sheirbhísí sláinte agus ar sheirbhísí gaolmhara ar fáil leo, agus go bhfuil cóireálacha ar ardchaighdeán ar fáil gan mhoill;
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g d (nua)
(gd)  leibhéal foirne leormhaith agus atá dírithe ar riachtanais;
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g e (nua)
(ge)  faireachán a dhéanamh ar cibé an bhfuil measúnuithe riosca, pleananna ullmhachta agus cúrsaí oiliúna leormhaithe beartaithe do ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta.
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4
4.  I bplean ullmhachta agus freagartha an Aontais, áireofar eilimintí freagartha idir-réigiúnach chun bearta sláinte poiblí comhtháite ilearnála trasteorann a bhunú, go háirithe inniúlachtaí tástála, rianú teagmhálaithe, saotharlanna agus cóireáil speisialaithe nó dianchúram a bhreithniú thar réigiúin máguaird. Áireofar sna pleananna modhanna ullmhachta agus freagartha chun aghaidh a thabhairt ar na saoránaigh sin a mbaineann ardriosca leo.
4.  I bplean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais, áireofar pleananna freagartha trasteorann agus idir-réigiúnach chun bearta sláinte poiblí comhtháite ilearnála trasteorann a bhunú, go háirithe breithniú ar inniúlachtaí maidir le tástáil, rianú teagmhálaithe, saotharlanna, oiliúint a chur ar bhaill foirne agus cóireáil speisialaithe nó dianchúram ar fud na réigiúin máguaird. Áireofar sna pleananna modhanna ullmhachta agus freagartha chun aghaidh a thabhairt ar na saoránaigh sin a mbaineann ardriosca leo.
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 a (nua)
4a.  Forálfar freisin le plean ullmhachta agus freagartha an Aontais bearta chun a áirithiú go bhfeidhmeodh an margadh aonair mar is gnách i gcás ina dtiocfadh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte chun cinn.
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5
5.  D’fhonn oibriú phlean ullmhachta agus freagartha an Aontais a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta le Ballstáit, agus tabharfaidh sé an plean cothrom le dáta de réir mar is gá.
5.  D’fhonn oibriú phlean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta le Ballstáit, agus tabharfaidh sé an plean cothrom le dáta de réir mar is gá. Cuirfear san áireamh sa phlean coisc, ullmhachta agus freagartha sonraí na gcóras sláinte agus sonraí ábhartha a bheidh le bailiú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach.
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 a (nua)
5a.  Chun freagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún Eorpach moltaí a eisiúint, bunaithe ar shonraí chórais sláinte an Aontais, maidir leis na hacmhainní íosta is gá, i ndáil le daonra gach Ballstáit, i measc nithe eile, chun clúdach sláinte uilíoch bunlíne de cháilíocht leormhaith a sholáthar, lena n-áirítear maidir leis an rogha acmhainní a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais.
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 b (nua)
5b.  Foilseofar na hathbhreithnithe agus aon choigeartuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bplean chun trédhearcacht an phróisis maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a mhéadú.
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – teideal
Pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha
Pleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
1.  Agus pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha á n-ullmhú, comhordóidh gach Ballstát leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht a bhaint amach le plean ullmhachta agus freagartha an Aontais, agus cuirfidh sé an Coimisiún agus an Coiste Slándála Sláinte ar an eolas gan mhoill faoi aon athbhreithniú mór ar an bplean náisiúnta.
1.  Agus pleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha á n-ullmhú, rachaidh gach Ballstát i gcomhairle le heagraíochtaí othar, le heagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte, le geallsealbhóirí tionscail agus an tslabhra soláthair agus le comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, comhordóidh sé leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht a bhaint amach le plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais, a bheidh i gcomhréir le socruithe le haghaidh rialachais, acmhainneachtaí agus acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 5(3), lena n-áirítear maidir le ceanglais náisiúnta um stoc-charnadh agus bainistiú chúlchistí straitéiseacha an Aontais, agus cuirfidh siad an Coimisiún agus an Coiste Slándála Sláinte ar an eolas gan mhoill faoi aon athbhreithniú mór ar an bplean náisiúnta.
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
1a.  Áireofar sna pleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha socruithe le haghaidh rialachais agus faisnéis maidir le hacmhainneachtaí agus acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 5(3).
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – teideal
Pleanáil ullmhachta agus freagartha a thuairisciú
Pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a thuairisciú
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1
1.  Cuirfidh Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún, faoi dheireadh mhí na Samhna 2021 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, maidir lena bpleanáil ullmhachta agus freagartha agus lena cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.
1.  Cuirfidh Ballstáit tuarascáil nuashonraithe ar fáil don Choimisiún, [laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an rialacháin seo] agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, maidir lena bpleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha agus lena cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar na leibhéil réigiúnacha agus trasteorann.
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach
Cumhdófar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
Beidh an tuarascáil sin gonta, bunaithe ar chomhtháscairí, ina mbeidh forléargas ar na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit, agus cumhdófar inti an méid seo a leanas:
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a)  stádas cur chun feidhme na gcaighdeán inniúlachta maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha de réir mar a chinnfear iad ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh na hearnála sláinte, mar a soláthraíodh do EDS i gcomhréir leis an Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR), a shainaithint agus a thabhairt cothrom le dáta;
(a)  stádas cur chun feidhme na gcaighdeán inniúlachta maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha de réir mar a chinnfear iad ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh na hearnála sláinte, mar a soláthraíodh do EDS i gcomhréir leis an Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR), a shainaithint agus a thabhairt cothrom le dáta;
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a a (nua)
(aa)  cur síos ar na bearta nó na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo idir-inoibritheacht a áirithiú idir an earnáil sláinte agus earnálacha eile a bhíonn criticiúil i gcás éigeandála;
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a b (nua)
(ab)  cur síos ar na pleananna leanúnachais gnó, na bearta nó na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go ndéanfar seirbhísí agus táirgí criticiúla a sheachadadh go leanúnach;
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  eilimintí ullmhachta éigeandála, go háirithe:
(b)  nuashonrú, más gá, ar na heilimintí coisc, ullmhachta agus freagartha i gcás éigeandálaí, go háirithe:
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b – pointe i
(i)  rialachas: lena n‑áirítear beartais agus reachtaíocht náisiúnta ina gcomhtháthaítear ullmhacht éigeandála; pleananna maidir le hullmhacht, freagairt agus athshlánú éigeandála; sásraí comhordaithe;
(i)  rialachas: lena n‑áirítear beartais agus reachtaíocht náisiúnta agus, más iomchuí, beartais agus reachtaíocht réigiúnach ina gcomhtháthaítear cosc agus ullmhacht éigeandála; pleananna maidir le cosc, ullmhacht, freagairt agus athshlánú éigeandála, agus sásraí comhordaithe ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach agus trasteorann; leanúnachas cúraim sláinte chriticiúil fhadtéarmaigh;
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b – pointe ii
(ii)  inniúlachtaí: lena n-áirítear measúnuithe ar rioscaí agus inniúlachtaí chun tosaíochtaí maidir le hullmhacht éigeandála a chinneadh; faireachas agus luathrabhadh, bainistiú faisnéise; rochtain ar sheirbhísí diagnóiseacha le linn éigeandálaí; seirbhísí sláinte agus éigeandála bunúsacha slána atá íogair ó thaobh inscne; cumarsáid maidir le rioscaí; forbairt taighde agus meastóireachtaí le bheith mar fhaisnéis don ullmhacht éigeandála agus a chuirfidh dlús leis;
(ii)  inniúlachtaí: lena n-áirítear measúnuithe ar rioscaí agus inniúlachtaí chun tosaíochtaí maidir le hullmhacht éigeandála a chinneadh; faireachas agus luathrabhadh, bainistiú faisnéise; na hinniúlachtaí táirgí íocshláinte a tháirgeadh; stoic de fhrithbhearta leighis, lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta ar an gcáilíocht is airde; rochtain chothrom ar sheirbhísí agus ar uirlisí diagnóiseacha, agus ar tháirgí leighis le linn éigeandálaí; faisnéis atá ábhartha don mhargadh inmheánach agus do chúlchistí straitéiseacha tháirgí leighis an Aontais; seirbhísí sláinte agus éigeandála atá cothrom, bunúsach, sábháilte, íogair ó thaobh inscne de agus ar ardchaighdeán a chuireann riachtanais na bpobal atá i mbaol níos mó san áireamh; leanúnachas scagthástála, diagnóise, faireacháin agus cóireála do chúram i ndáil le galair agus riochtaí eile, go háirithe cúram sláinte criticiúil fadtéarmach; cumarsáid maidir le rioscaí; forbairt taighde agus meastóireachtaí le bheith mar fhaisnéis don ullmhacht éigeandála agus a chuirfidh dlús leis;
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b – pointe iii
(iii)  acmhainní: lena n-áirítear acmhainní airgeadais le haghaidh ullmhacht éigeandála agus cistiú teagmhasach le haghaidh freagartha; sásraí lóistíochta agus soláthairtí riachtanacha le haghaidh na sláinte; agus acmhainní daonna tiomanta, oilte agus trealmhaithe le haghaidh éigeandálaí; agus
(iii)  acmhainní: lena n-áirítear acmhainní airgeadais le haghaidh ullmhacht éigeandála agus cistiú teagmhasach le haghaidh freagartha; sásraí lóistíochta agus soláthairtí riachtanacha le haghaidh na sláinte; bearta chun leanúnachas cúraim sláinte chriticiúil fhadtéarmaigh a áirithiú; agus seirbhísí sláinte agus sóisialta ag a bhfuil líon leormhaith acmhainní daonna tiomnaithe, oilte agus trealmhaithe le haghaidh éigeandálaí;
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b – pointe iii a (nua)
(iiia)  stoc-charn straitéiseach: cuirfidh gach Ballstát faisnéis ar fáil maidir le líon agus infhaighteacht na bhfrithbheart leighis agus na dtáirgí íocshláinte bunriachtanacha eile agus na bhfeistí leighis criticiúla eile chun na bagairtí a leagtar amach in Airteagal 2(1) a rialú, chomh maith maidir leis an inniúlacht iad a choimeád slán agus a stóráil. Maidir le stóráil, chun go mbeidh inniúlacht freagartha níos fearr ann, déanfar é sna háitribh is gaire do na háiteanna ina bhfuil líon mór daonra agus is mó a bhfuil rochtain acu orthu, gan cur isteach ar inrochtaineacht na dtáirgí sin do dhaoine i réigiúin iargúlta, i réigiúin tuaithe agus i réigiúin is forimeallaí, ar áitribh iad a chomhlíonann na ceanglais is gá chun an tseirbhís a sholáthar i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le táirgí íocshláinte, feistí leighis1b agus frithbhearta leighis eile; agus
__________________
1b Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  an comhairliúchán a rinneadh le comhpháirtithe ábhartha chun a áirithiú go ndéantar measúnuithe riosca, pleananna coisc, ullmhachta agus freagartha agus cur chun feidhme a chomhroinnt ar an iomlán agus go dtacaítear leo agus go bhfuil siad i gcomhréir leis an reachtaíocht saothair agus leis na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme;
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c b (nua)
(cb)  bearnaí a aimsítear sa chur chun feidhme agus aon ghníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanfaidh na Ballstáit chun a n-ullmhacht agus a gcumas freagartha a fheabhsú.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 3
Áireofar sa tuarascáil, nuair is ábhartha, eilimintí idir-réigiúnach ullmhachta agus freagartha ar aon dul le pleananna an Aontais agus pleananna náisiúnta, lena gcumhdaítear go háirithe na hinniúlachtaí, acmhainní agus sásraí comhordaithe atá ann cheana thar réigiúin máguaird.
Maidir le Ballstáit a roinneann teorainn talún le Ballstát amháin eile ar a laghad, áireofar sa tuarascáil pleananna coisc, ullmhachta agus freagartha trasteorann, idir-réigiúnacha agus idirearnála le réigiúin máguaird, lena n-áirítear sásraí comhordaithe do na heilimintí go léir a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c), oiliúint trasteorann agus comhroinnt dea-chleachtas do bhaill foirne cúraim sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí agus sásraí comhordaithe le haghaidh aistriú leighis othar. Rachaidh eintitis de chuid an Aontais nó eintitis náisiúnta, a bhíonn i mbun táirgí leighis a stoc-charnadh, i mbun plé leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir le tuairisciú a dhéanamh ar stoic atá ar fáil agus a chuirtear san áireamh i bpleanáil ullmhachta agus freagartha an Aontais agus náisiúnta araon.
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 3 a (nua)
Áireofar sa tuarascáil freisin, a mhéid is féidir, faisnéis maidir le tionchar na ngalar teagmhálach ar mhórghalair neamhtheagmhálacha.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 3 b (nua)
Beidh an leagan is déanaí de na pleananna coisc, ullmhachta agus freagartha i gceangal leis an tuarascáil.
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 4
Foilseofar moltaí na tuarascála ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Foilseofar moltaí na tuarascála ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin agus ECDC.
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – teideal
Iniúchóireacht ar phleanáil ullmhachta agus freagartha
Iniúchóireacht ar phleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
1.  Gach 3 bliana, déanfaidh ECDC iniúchtaí sna Ballstáit atá ceaptha chun staid cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais a fháil amach. Cuirfear na hiniúchtaí sin chun feidhme le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, arna ndíriú ar phleanáil ullmhachta agus freagartha a mheasúnú ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
1.  Gach 2 bhliain, déanfaidh ECDC iniúchtaí sna Ballstáit chun staid cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais a fháil amach. Beidh na hiniúchtaí sin bunaithe ar thacar táscairí agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, arna ndíriú ar phleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a mheasúnú ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Tíolacfaidh na Ballstáit plean gníomhaíochta ina dtabharfar aghaidh ar mholtaí beartaithe an iniúchta agus ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus na garspriocanna comhfhreagracha.
2.  I gcás ina sainaithnítear easnaimh san iniúchadh, tíolacfaidh an Ballstát, laistigh de shé mhí tar éis dó a chonclúidí a fháil, plean gníomhaíochta ina dtabharfar aghaidh ar mholtaí beartaithe an iniúchta agus ina leagfar amach na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus garspriocanna comhfhreagracha.
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Má chinneann Ballstát gan moladh a leanúint, luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin.
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – teideal
Tuarascáil an Choimisiúin maidir le pleanáil ullmhachta
Tuarascáil an Choimisiúin maidir le pleanáil coisc agus ullmhachta
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
1.  Ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7, agus ar bhonn thorthaí na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 8, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le staid na hoibre agus dul chun cinn i ndáil le pleanáil ullmhachta agus freagartha ar leibhéal an Aontais a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi mhí Iúil 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
1.  Ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7, agus ar bhonn thorthaí na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 8, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le staid na hoibre agus dul chun cinn i ndáil le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha ar leibhéal an Aontais a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi mhí Iúil 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
1a.  Áireofar sa tuarascáil ón gCoimisiún staid na pleanála ullmhachta agus freagartha trasteorann sna réigiúin máguaird.
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2
2.  Féadfaidh an Coimisiún moltaí a ghlacadh maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha arna ndíriú chuig Ballstáit bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.
2.  Féadfaidh an Coimisiún moltaí a ghlacadh maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha arna ndíriú chuig Ballstáit bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1. Féadfar a chumhdach leis na moltaí sin, inter alia, na hacmhainní íosta is gá chun freagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí i ndáil le méid an daonra, i measc nithe eile, agus forbrófar iad ar bhonn dea-chleachtais agus measúnuithe beartais.
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – teideal
Comhordú na pleanála ullmhachta agus freagartha ar an gCoiste Slándála Sláinte
Comhordú na pleanála coisc, ullmhachta agus freagartha ar an gCoiste Slándála Sláinte
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 1
1.  Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile laistigh den Choiste Slándála Sláinte chun a n-iarrachtaí a chomhordú maidir lena n-inniúlachtaí a fhorbairt, a neartú agus a chothabháil chun faireachán, luathrabhadh, measúnú agus freagairt a dhéanamh i dtaobh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte.
1.   Oibreoidh an Coimisiún, gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit le chéile laistigh den Choiste Slándála Sláinte chun a n-iarrachtaí a chomhordú maidir lena n-inniúlachtaí a fhorbairt, a neartú agus a chothabháil chun faireachán, cosc, luathrabhadh, measúnú agus freagairt a dhéanamh i dtaobh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a)  dea-chleachtas agus an taithí maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha a chomhroinnt;
(a)  dea-chleachtas agus an taithí maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a chomhroinnt;
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  idir-inoibritheacht na pleanála náisiúnta ullmhachta agus ghné na pleanála ullmhachta agus freagartha idir na hearnálacha ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn;
(b)  idir-inoibritheacht na pleanála náisiúnta coisc, ullmhachta agus ghné na pleanála coisc, ullmhachta agus freagartha idir na hearnálacha ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn;
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 2 – pointe e
(e)  faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, bearnaí agus bearta a shainaithint chun pleanáil ullmhachta agus freagartha a neartú, lena n-áirítear i réimse an taighde, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
(e)  faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, bearnaí agus gníomhaíochtaí a shainaithint chun pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a neartú, lena n-áirítear i réimse an taighde, ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 a (nua)
1a.  Beidh idirphlé ag an gCoimisiún agus na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí oibrithe sláinte agus cúraim, geallsealbhóirí tionscail agus an tslabhra soláthair, agus eagraíochtaí othar agus tomhaltóirí. Áireofar san idirphlé sin malartuithe faisnéise rialta idir údaráis, tionscal agus gníomhaithe ábhartha sa slabhra soláthair cógaisíochta chun srianta soláthair ionchasacha a shainaithint d’fhonn comhordú níos fearr, forbairt sineirgí agus freagairtí iomchuí a éascú.
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1
1.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí oiliúna do bhaill foirne cúram sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí sna Ballstáit a eagrú, lena n-áirítear inniúlachtaí ullmhachta faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.
1.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí oiliúna, arna dtacú ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, a eagrú i ndlúthchomhar le comhlachais leighis agus eagraíochtaí othar, do bhaill foirne cúraim sláinte, do bhaill foirne seirbhíse sóisialta agus do bhaill foirne sláinte poiblí sna Ballstáit, go háirithe oiliúint idirdhisciplíneach maidir le hAon Sláinte Amháin, lena n-áirítear inniúlachtaí ullmhachta faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2
Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sin a eagrú i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.
Eagróidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sin i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann nó a d’fhéadfadh a bheith bainteach leo, agus i gcomhordú, i gcás inar féidir, le EDS chun dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint, lena n-áirítear cumais ullmhachta faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
I réigiúin trasteorann, déanfar oiliúint chomhpháirteach trasteorann agus comhroinnt dea-chleachtas do bhaill foirne cúraim sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí a chur chun cinn agus beidh eolas ar chórais sláinte poiblí éigeantach.
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2 b (nua)
Bainfidh an Coimisiún leas as an acmhainneacht is iomláine cianfhoghlama chun líon na n-oiliúnaithe a leathnú.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2
2.  Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 an t-eolas agus na scileanna is gá a sholáthar do bhaill foirne dá dtagraítear sa mhír sin, go háirithe chun na pleananna náisiúnta ullmhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a fhorbairt agus a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus inniúlachtaí faireachais a neartú, lena n-áirítear uirlisí digiteacha a úsáid, a chur chun feidhme.
2.  Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 an t-eolas agus na scileanna is gá a sholáthar do bhaill foirne dá dtagraítear sa mhír sin, go háirithe chun na pleananna náisiúnta ullmhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a fhorbairt agus a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus inniúlachtaí faireachais, lena n-áirítear úsáid uirlisí digiteacha, a neartú, leanúnachas seirbhísí cúraim sláinte criticiúla fadtéarmacha a áirithiú agus a bheith comhsheasmhach leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin.
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
3.  Féadfar na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 a oscailt d’fhoireann údarás inniúil tríú tíortha agus féadfar iad a eagrú lasmuigh den Aontas.
3.  Féadfar na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 a oscailt d’fhoireann údarás inniúil tríú tíortha agus féadfar iad a eagrú lasmuigh den Aontas i gcomhordú, i gcás inar féidir, le gníomhaíochtaí ECDC sa réimse sin.
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5
5.  Féadfaidh an Coimisiún tacú le cláir a eagrú, i gcomhar leis na Ballstáit, chun foireann cúram sláinte agus foireann sláinte poiblí a mhalartú idir dhá Bhallstát nó níos mó agus chun foireann a thabhairt ar iasacht go sealadach ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.
5.  Féadfaidh an Coimisiún tacú le cláir a eagrú, i gcomhar leis na Ballstáit, chun foireann cúram sláinte agus foireann sláinte poiblí a mhalartú idir dhá Bhallstát nó níos mó agus chun foireann a thabhairt ar iasacht go sealadach ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Agus na cláir sin á n-eagrú, cuirfear san áireamh rannchuidiú arna dhéanamh eagraíochtaí gairmiúla sláinte i ngach ceann de na Ballstáit.
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
1.  Féadfaidh an Coimisiún agus aon Bhallstát ar mian leo dul i mbun nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna dhéanamh de bhun Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 d’fhonn frithbhearta leighis i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a réamhcheannach.
1.  Féadfaidh an Coimisiún agus aon Bhallstáit dul i mbun nós imeachta soláthair chomhpháirtigh mar pháirtithe conarthacha arna dhéanamh de bhun Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 d’fhonn frithbhearta leighis i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a réamhcheannach laistigh de thréimhse ama réasúnta.
__________________
__________________
29 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
29 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe a
(a)  beidh rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh ar oscailt do gach Ballstát, do Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus do thíortha is iarrthóirí don Aontas i gcomhréir le hAirteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;
(a)  beidh rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh ar oscailt do gach Ballstát, do Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus do thíortha is iarrthóirí don Aontas i gcomhréir le hAirteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus do Phrionsacht Andóra, do Phrionsacht Mhonacó, do Phoblacht San Mairíne agus do Stát Chathair na Vatacáine;
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c
(c)  Déanfaidh na Ballstáit, Stáit CSTE agus tíortha is iarrthóirí don Aontas a bheidh rannpháirteach i soláthar comhpháirteach an frithbheart leighis atá i gceist a sholáthar tríd an nós imeachta sin agus ní sholáthróidh siad ar bhealaí eile é, agus ní rachaidh siad i mbun próisis chaibidlíochta eile don táirge sin ag an am céanna;
(c)  déanfaidh tíortha a bheidh rannpháirteach i soláthar comhpháirteach an frithbheart leighis atá i gceist a sholáthar tríd an nós imeachta sin agus ní sholáthróidh siad ar bhealaí eile é, agus ní rachaidh siad i mbun próisis chaibidlíochta chomhuaineacha eile don táirge sin ón am sin ar aghaidh. Déanfar tíortha a ghlacfaidh páirt i bpróisis chaibidlíochta chomhuaineacha ón am sin ar aghaidh a eisiamh ó ghrúpa na dtíortha rannpháirteacha, beag beann ar shroich na próisis sin céim an tsínithe;
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  saineofar sa soláthar comhpháirteach céimeanna soiléire nós imeachta don phróiseas, do raon feidhme, do shonraíochtaí agus d’amlínte tairisceana, agus éileoidh sé ar gach páirtí gealltanais shoiléire a chomhlíonadh agus a urramú, lena n-áirítear monaróirí a sheachadann cainníochtaí táirgthe comhaontaithe agus údaráis a cheannaíonn méideanna forchoimeádta comhaontaithe. Nochtfar na méideanna beachta arna n-ordú ag gach tír rannpháirteach agus arna soláthar dóibh, mar aon le mionsonraí faoina ndliteanais;
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c b (nua)
(cb)  Cuirfear leibhéal ard trédhearcachta i bhfeidhm maidir le gach gníomhaíocht soláthair chomhpháirtigh agus gach comhaontú ceannaigh gaolmhar. Beidh rochtain iomlán ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar na doiciméid ábhartha uile chun grinnscrúdú bliantúil cruinn a sholáthar ar na conarthaí sínithe agus ar an infheistíocht phoiblí lena mbaineann;
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c c (nua)
(cc)  má úsáidtear soláthar comhpháirteach, déanfar critéir cháilíochtúla a mheas sa phróiseas dámhachtana, sa bhreis ar chostas. Cuirfear san áireamh sna critéir sin freisin, mar shampla, cumas an mhonaróra shlándáil an tsoláthair a áirithiú le linn géarchéim sláinte;
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c d (nua)
(cd)  déanfar an soláthar comhpháirteach a reáchtáil ar bhealach lena neartófar cumhacht ceannaigh na dtíortha rannpháirteacha, lena bhfeabhsófar slándáil soláthair agus lena n-áiritheofar rochtain chothrom ar na frithbhearta leighis in aghaidh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte;
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na heintitis a bheidh ag eagrú aon bhirt, lena n-áirítear nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh, stoc-charnadh agus deonú frithbhirt leighis faoi shásraí difriúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais ach gan a bheith teoranta dóibh sin, go háirithe faoin méid seo a leanas:
3.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na heintitis a bheidh ag eagrú agus a bheidh rannpháirteach in aon ghníomhaíocht, lena n-áirítear nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh, forbairt, stoc-charnadh i saoráidí lena gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla shonracha maidir le frithbhearta leighis a stóráil agus a bhfuil an ghaireacht agus an inrochtaineacht is mó acu d’áiteanna ina bhfuil daoine, gan cur isteach ar inrochtaineacht na dtáirgí sin do dhaoine i réigiúin iargúlta, tuaithe agus is forimeallaí, dáileachán agus deonú frithbheart leighis, a rachaidh chun tairbhe tíortha ísealioncaim agus meánioncaim, faoi shásraí difriúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais ach gan a bheith teoranta dóibh sin, go háirithe faoin méid seo a leanas:
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – pointe a
(a)  stoc-charnadh faoi rescEU dá dtagraítear in Airteagal 12 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE;
(a)  stoc-charnadh faoi rescEU dá dtagraítear in Airteagal 23 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE;
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – pointe f
(f)  ionstraimí eile lena dtugtar tacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt bithleighis ar leibhéal an Aontais le haghaidh inniúlacht agus ullmhacht fheabhsaithe chun freagairt do bhagairtí agus d’éigeandálaí trasteorann.
(f)  cláir agus ionstraimí eile lena dtugtar tacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt bithleighis ar leibhéal an Aontais le haghaidh inniúlacht agus ullmhacht fheabhsaithe chun freagairt do bhagairtí agus d’éigeandálaí trasteorann.
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 a (nua)
3a.  Áiritheoidh tíortha rannpháirteacha go bhfuil stoc-charnadh agus dáileadh leormhaith d’fhrithbhearta leighis arna soláthar. Leagfar amach na mionsonraí agus saintréithe príomha maidir leis an stoc-charnadh agus dáileadh sin i bpleananna náisiúnta.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 b (nua)
3b.  I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go rialta faoin gcaibidlíocht a bhaineann le soláthar comhpháirteach frithbheart leighis.
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 c (nua)
3c.  Faoi na rialacha rúndachta atá ann cheana, forchoimeádann Parlaimint na hEorpa an ceart grinnscrúdú a dheanamh, am ar bith, ar ábhar na gconarthaí ar fad nach ndearnadh cinsireacht orthu arna dtabhairt i gcrích in imeachtaí faoin Airteagal seo.
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 d (nua)
3d.  Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta, inrochtana agus soiléir ar fáil do thomhaltóirí maidir lena gcearta agus lena ndualgais i dtaca le frithbhearta leighis a sholáthraítear go comhpháirteach, lena n-áirítear mionsonraí maidir le dliteanas i leith damáistí, agus rochtain ar chosaint dlí agus ar ionadaíocht tomhaltóirí.
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 e (nua)
3e.   I gcás nach gcuirtear an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh d’fhrithbhearta leighis ar bhagairtí trasteorann ar shláinte i bhfeidhm, spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun faisnéis a mhalartú maidir le praghsáil agus dátaí seachadta d’fhrithbhearta leighis.
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
1.  Déanfaidh an líonra um fhaireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) cumarsáid bhuan a áirithiú idir an Coimisiún, ECDC, agus na húdaráis inniúla atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta as faireachas eipidéimeolaíoch.
1.  Déanfaidh an líonra um fhaireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha, lena n-áirítear galair theagmhálacha de bhunadh zónóiseach, agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) cumarsáid bhuan a áirithiú idir an Coimisiún, ECDC, agus na húdaráis inniúla atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta as faireachas eipidéimeolaíoch.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)   faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngalar teagmhálach ar leanúnachas scagthástála, diagnóise, faireacháin, cóireála agus cúraim do ghalair agus do riochtaí eile;
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe b b (nua)
(bb)   faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngalar teagmhálach ar mheabhairshláinte.
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe d
(d)  tosca riosca maidir le tarchur galair, grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil spriocbhearta coisctheacha de dhíth orthu a shainaithint;
(d)  tosca riosca maidir le leathadh galair, grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil spriocbhearta coisctheacha de dhíth orthu a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu;
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe e
(e)  rannchuidiú le hualach na ngalar teagmhálach ar an daonra a mheasúnú trí shonraí amhail leitheadúlacht galar, castachtaí, ospidéalú agus básmhaireacht a úsáid;
(e)  rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar ualach na ngalar teagmhálach ar chórais sláinte agus ar chúram sláinte a chur ar fáil agus ar an daonra a úsáideann sonraí den sórt sin amhail leitheadúlacht galar, aimhréidheanna, ospidéalú, básmhaireacht, an tionchar ar mheabhairshláinte, scagthástáil, diagnóis, faireachán, cóireáil agus cúram iarchurtha do ghalair agus do riochtaí eile agus a dtionchar sóisialta agus eacnamaíoch;
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe h a (nua)
(ha)  aon laigí sa slabhra soláthair domhanda, a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus monarú na bhfrithbheart leighis is gá chun galair theagmhálacha a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a sheiceáil, a shainaithint, agus pleananna a dhéanamh chun na laigí sin a mhaolú; B’fhéidir go bhfágfadh sásraí eile, amhail sásra rialaithe onnmhairí de chuid an Aontais, solúbthacht rialála, comhaontuithe comhair, agus comhaontuithe ceadúnúcháin éigeantacha nó deonacha idir cuideachtaí, go mbeadh an tAontas in ann éascaíocht a dhéanamh ar rochtain ar fhrithbhearta dá shaoránaigh agus dá chónaitheoirí agus freisin do dhaoine ó thíortha i gComhpháirtíocht an Oirthir agus ó thíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 – pointe f a (nua)
(fa)   faisnéis maidir le hinfhaighteacht na bhfrithbheart leighis atá riachtanach chun an galar a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a sheiceáil.
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 a (nua)
3a.   Déanfar an fhaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a thuairisciú ar leibhéal NUTS II ar a laghad don Chóras Eorpach um Fhaireachas (TESSy) nó d’ardán eile, ar bhealach tráthúil arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7.
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 6 – fomhír 2 a (nua)
Tacóidh ECDC leis na Ballstáit chun bailiú agus comhroinnt sonraí tráth géarchéime sláinte agus oibríocht chomhtháite an líonra um fhaireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus ar na deacrachtaí sláinte speisialta dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) a áirithiú. Déanfaidh ECDC, i gcás inarb iomchuí, a shaineolas sa réimse sin a chur ar fáil do thríú tíortha freisin.
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
9.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta:
9.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i ndáil leis an méid seo a leanas a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta:
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9 – fomhír 1 – pointe c
(c)  nósanna imeachta maidir le hoibríocht an líonra faireachais eipidéimeolaíoch mar a fhorbrófar é de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE).../... [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]].
scriosta
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9 a (nua)
9a.  Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine nó úrnuacht bagartha trasteorann tromchúisí ar an tsláinte nó le luas a leata idir na Ballstáit, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 28a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9 b (nua)
9b.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta maidir le hoibríocht an líonra faireachais eipidéimeolaíoch arna fhorbairt de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE).../... [IO:, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta. Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]].
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 10
10.  Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine nó úrnuacht na bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte nó leis an luas lena leathadh i measc na mBallstát, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(3) maidir le sainithe cáis, nósanna imeachta agus táscairí faireachais a ghlacadh i mBallstáit i gcás bagartha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1). Tacóidh na táscairí thuasluaite freisin le hinniúlacht a mheasúnú maidir le haithint, cosc agus cóireáil.
10.  Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine nó úrnuacht bagartha trasteorann tromchúisí ar an tsláinte nó le luas a leata i measc na mBallstát, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(3) i gcomhair na nósanna imeachta glactha um fhaireachas i mBallstáit i gcás bagairt dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) a bheith ann.
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
1.  Cinnteoidh ECDC go ndéanfar an t-ardán digiteach a fhorbairt tuilleadh trína ndéantar sonraí a bhainistiú agus a mhalartú go huathoibríoch, chun córais faireachais comhtháite idir-inoibritheacha a bhunú trínar féidir faireachas fíor-ama a dhéanamh i gcás inarb iomchuí, chun críche tacú i dtaobh galair theagmhálacha a chosc agus a rialú.
1.  Áiritheoidh ECDC go leanfar d’fhorbairt a dhéanamh ar an ardán digiteach tar éis dó measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh agus ar é aon rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a mhaolú, trína ndéantar sonraí a bhainistiú agus a mhalartú go huathoibríoch, chun córais faireachais chomhtháite agus idir-inoibritheacha a bhunú trínar féidir faireachas fíor-ama a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun tacú le cosc agus rialú galar teagmhálach. Áiritheoidh sé go ndéanfar formhaoirseacht dhaonna ar an árdán digiteach agus áireoidh sé bearta sonracha le haghaidh rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as aistriú claontachtaí nó sonraí neamhiomlána ó fhoinsí iomadúla a mhaolú, agus freisin bunóidh sé nósanna imeachta um an athbhreithniú ar cháilíocht na sonraí. Na hardáin agus na feidhmchláir dhigiteacha lena dtacaítear leis an bhfaireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh de bhun Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe a
(a)  cumasófar bailiú uathoibríoch na sonraí faireachais agus saotharlainne, bainfear úsáid as faisnéis ó ríomhthaifid sláinte, déanfar faireachán ar na meáin, agus cuirfear intleacht shaorga i bhfeidhm le haghaidh bailíochtú sonraí, anailíse agus tuairisciú uathoibríoch;
(a)  cumasófar bailiú uathoibríoch na sonraí faireachais agus saotharlainne, bainfear úsáid as faisnéis sláinte ábhartha ó liosta arna shainaithint roimhe seo agus údaraithe ó ríomhthaifid sláinte agus bunachair sonraí sláinte, déanfar faireachán ar na meáin, agus cuirfear an intleacht shaorga i bhfeidhm le haghaidh bailíochtú sonraí, anailíse agus tuairisciú staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 22 GDPR;
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe b
(b)  ceadófar láimhsiú agus malartú ríomhairithe faisnéise, sonraí agus doiciméad.
(b)  foráil a dhéanamh do phróiseáil agus malartú ríomhairithe faisnéise, sonraí agus doiciméad, á chur dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta san áireamh;
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)   foráil a dhéanamh d’fhógra uathoibríoch ar EWRS nuair a éiríonn galair theagmhálacha thar thairseacha rabhaidh, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13(2). Déanfaidh an t-údarás sláinte inniúil an fógra a bhailíochtú.
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
3.  Tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú go ndéantar faisnéis, sonraí agus doiciméid thráthúla iomlána a tharchuirtear agus a mhalartaítear tríd an ardán digiteach a chur isteach sa chóras faireachais comhtháite ar bhonn rialta.
3.  Tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú go ndéantar faisnéis, sonraí agus doiciméid thráthúla, iomlána agus chruinne a tharchuirtear agus a mhalartaítear tríd an ardán digiteach a chur isteach sa chóras faireachais comhtháite ar bhonn rialta. Cuirfidh na Ballstáit chun cinn uathoibriú an phróisis sin idir an córas faireachais náisiúnta agus córas faireachais an Aontais.
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
5.  Chun críocha eipidéimeolaíocha, beidh rochtain ag ECDC ar shonraí ábhartha maidir le sláinte a fhaightear nó a chuirtear ar fáil trí na bonneagair dhigiteacha lenar féidir na sonraí maidir le sláinte a úsáid chun críocha taighde, ceapadh beartas agus rialála.
5.  Chun críocha faireachas eipidéimeolaíoch, beidh rochtain ag ECDC freisin ar shonraí ábhartha maidir le sláinte a fhaightear nó a chuirtear ar fáil trí na bonneagair dhigiteacha lenar féidir na sonraí maidir le sláinte a úsáid chun críocha taighde, ceapadh beartas agus rialála. Beidh an rochtain ar na sonraí sláinte comhréireach le críocha sonracha agus nithiúla a bheidh sainaitheanta roimhe seo ag ECDC.
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
6.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le feidhmiú an ardáin faireachais lena leagtar síos an méid seo a leanas:
6.  Déanfaidh an Coimisiún, de dhroim chur i gcrích nós imeachta comhairliúcháin mar a leagtar amach in Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i dtaobh fheidhmiú an ardáin faireachais lena leagtar síos an méid seo a leanas:
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 – pointe a
(a)  sonraíochtaí teicniúla an ardáin, lena n-áirítear an sásra do mhalartú leictreonach sonraí lena ndéantar sonraí a mhalartú le córais náisiúnta atá ann cheana, sainaithint na gcaighdeán is infheidhme, sainmhíniú ar struchtúir teachtaireachtaí, foclóirí sonraí, malartú prótacal agus nósanna imeachta;
(a)  sonraíochtaí teicniúla an ardáin, lena n-áirítear an sásra do mhalartú leictreonach sonraí lena ndéantar sonraí a mhalartú le córais idirnáisiúnta agus náisiúnta atá ann cheana, sainaithint na gcaighdeán is infheidhme, sainmhíniú ar struchtúir teachtaireachtaí, foclóirí sonraí, malartú prótacal agus nósanna imeachta;
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 - mír 6 - pointe c
(c)  socruithe teagmhasacha atá le cur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil aon cheann d'fheidhmiúlachtaí an ardáin ar fáil;
(c)  socruithe teagmhasacha agus cúltacaí sonraí slána a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás nach mbeidh aon cheann d’fheidhmiúlachtaí an ardáin ar fáil;
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 – pointe d
(d)  na cásanna inar féidir páirt-rochtain ar fheidhmiúlachtaí an ardáin a thabhairt do thríú tíortha agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann, na coinníollacha faoinar féidir leis sin tarlú agus na socruithe praiticiúla maidir le rochtain den sórt sin;
(d)  na cásanna ina bhféadfar páirt-rochtain ar fheidhmiúlachtaí an ardáin a thabhairt d'o na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann, na coinníollacha faoina bhféadfar déanamh amhlaidh, agus na socruithe praiticiúla maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir go hiomlán le Rialacháin (AE) 2018/1725 agus (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680;
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 – pointe f a (nua)
(fa)   a áirithiú go ndéanfar an bonneagar maidir le stóráil, próiseáil agus anailísiú sonraí a chaighdeánú.
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 a (nua)
6a.   Na hardáin agus na feidhmchláir dhigiteacha lena dtacaítear leis an bhfaireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh de bhun Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
1.  I réimse na sláinte poiblí nó i gcás réimsí sonracha sláinte poiblí atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo nó na bpleananna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saotharlanna tagartha an Aontais a ainmniú chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta chun dea-chleachtas agus ailíniú na mBallstát ar bhonn deonach a chur chun cinn maidir le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfaidh na Ballstáit faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.
1.  I réimse na sláinte poiblí nó i gcás réimsí sonracha sláinte poiblí atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo nó cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saotharlanna tagartha an Aontais a ainmniú chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta chun dea-chleachtas agus ailíniú na mBallstát maidir le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfaidh na Ballstáit faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair, a chur chun cinn.
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe f
(f)  faireachán, rabhadh agus tacaíocht sa fhreagairt ráige;
(f)  faireachán, foláireamh agus tacaíocht sa fhreagairt ar an ráig, i gcás paitiginí atá ag teacht chun cinn go háirithe; agus
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3
3.  Déanfaidh ECDC líonra shaotharlanna tagartha an Aontais a oibriú agus a chomhordú.
3.  Déanfaidh ECDC an líonra de shaotharlanna tagartha an Aontais a oibriú agus a chomhordú, i gcomhar le saotharlanna líonra EDS chun dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint. Le struchtúr rialachais an líonra, cumhdófar an comhar agus an comhordú le saotharlanna agus líonraí tagartha náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana.
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3 a (nua)
3a.   Rannchuideoidh na saotharlanna dá dtagraítear i mír 1 le dea-chleachtais a mhalartú agus le feabhas a chur ar an bhfaireachas eipidéimeolaíoch dá dtagraítear in Airteagal 13.
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
4.  Leanfaidh na hainmnithe dá bhforáiltear i mír 1 próiseas roghnúcháin poiblí, beidh siad teoranta ó thaobh ama, mairfidh siad 5 bliana ar a laghad, agus déanfar athbhreithniú orthu go tráthrialta. Bunófar le hainmnithe freagrachtaí agus cúraimí na saotharlann ainmnithe.
4.  Leanfaidh na hainmnithe dá bhforáiltear i mír 1 próiseas roghnúcháin poiblí, beidh siad teoranta ó thaobh ama de, mairfidh siad 5 bliana ar a laghad, agus déanfar athbhreithniú orthu go tráthrialta. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus ECDC chun téarmaí tagartha agus critéir an phróisis ainmnithe a mhionsaothrú. Bunófar le hainmnithe freagrachtaí agus cúraimí na saotharlann ainmnithe. Beidh cuibhreannais saotharlann incháilithe lena n-ainmniú.
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 5 – pointe a
(a)  beidh siad neamhchlaonta, saor ó aon choinbhleacht leasa agus go háirithe, ní bheidh siad i staid ina bhféadfaí, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú a gcúraimí mar shaotharlainne tagartha de chuid an Aontais;
(a)  beidh siad neamhchlaonta, saor ó aon choinbhleacht leasa agus go háirithe, ní bheidh siad i staid ina bhféadfaí, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú a gcúraimí mar shaotharlainne tagartha de chuid an Aontais; Tabharfar aird ar leith ar thástálacha agus modhanna dílseánaigh arbh fhéidir gur le saotharlanna iad;
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 a (nua)
1a.   Úsáidfear an Córas Eorpach um Fhaireachas (TESSy) chun faireachán ad hoc a dhéanamh ar bhagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte dá dtagraítear i bpointe (iii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) agus i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 2(1).
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 1
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcás inar gá, na sainithe cáis a bheidh le húsáid le haghaidh faireacháin ad hoc, d’fhonn inchomparáideacht agus comhoiriúnacht na sonraí a bhaileofar ar leibhéal an Aontais a áirithiú.
Glacfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 maidir leis na sainithe cáis a bheidh le húsáid le haghaidh faireacháin ad hoc, chun inchomparáideacht agus comhoiriúnacht na sonraí a bhaileofar ar leibhéal an Aontais a áirithiú.
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 2
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
scriosta
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 3
Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine na bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte nó le luas a leata idir na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún na sainithe cáis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta trí ghníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(3).
Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine nó úrnuacht bagartha trasteorann tromchúisí ar an tsláinte nó le luas a leata idir na Ballstáit, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 28a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
1.  Cuirfidh EWRS ar chumas an Choimisiúin agus na n-údarás inniúil atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta a bheith i mbuanchumarsáid chun críocha ullmhachta, luathrabhaidh agus freagartha, foláirimh, rioscaí sláinte poiblí a mheasúnú agus cinneadh a dhéanamh faoi na bearta a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint.
1.  Cuirfidh EWRS ar chumas an Choimisiúin, ECDC, agus na n-údarás inniúil atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta a bheith i mbuanchumarsáid le chéile chun críocha ullmhachta, luathrabhaidh agus freagartha, foláirimh, rioscaí sláinte poiblí a mheasúnú agus cinneadh a dhéanamh faoi na bearta a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint.
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Bíonn malartú sonraí pearsanta i gceist le bainistiú agus le húsáid EWRS i gcásanna sonracha i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis na hionstraimí dlí ábhartha. Áirítear leis sin:
Bíonn malartú sonraí pearsanta i gceist le bainistiú agus le húsáid oibríochtúil EWRS i gcásanna sonracha i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis na hionstraimí dlí ábhartha. Áirítear leis sin:
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 2
Déanfaidh ECDC EWRS a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach le go mbeifí in ann teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid, amhail feidhmchláir mhóibíleacha dhigiteacha, samhlacha intleachta saorga, feidhmchláir spáschumasaithe, nó teicneolaíochtaí eile le haghaidh uathrianú teagmhálaithe, ag tógáil ar na teicneolaíochtaí rianaithe teagmhálaithe arna bhforbairt ag na Ballstáit.
Déanfaidh ECDC EWRS a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach le go mbeifí in ann teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid, amhail feidhmchláir mhóibíleacha dhigiteacha, samhlacha na hintleachta saorga, feidhmchláir spáschumasaithe, nó teicneolaíochtaí eile le haghaidh uathrianú teagmhálaithe, agus na teicneolaíochtaí rianaithe teagmhálaithe arna bhforbairt ag na Ballstáit nó ag an Aontas, arna n-úsáid d’aon ghnó chun an phaindéim a chomhrac agus ar léiríodh iad a bheith leormhaith, riachtanach agus comhréireach, ina mbonn leis sin, agus i lán-chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE.
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)
Chun cáilíocht agus comhsheasmhacht sonraí a áirithiú, déanfaidh EWRS próisis sonraí stóinsithe, bheachta agus idir-inoibritheacha a chur chun feidhme leis na Ballstáit. Oibreoidh ECDC i gcomhar leis na Ballstáit i gcaitheamh na bpróiseas malartaithe sonraí sin, ó mheasúnú a dhéanamh ar na ceanglais sonraí, iad a tharchur agus a bhailiú, go dtí achtáil agus léirmhíniú sonraí, agus fós comhoibriú láidir idir an Coimisiún, ECDC agus comhlachtaí inniúla náisiúnta agus réigiúnacha a áirithiú.
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 a (nua)
2a.   Forbróidh ECDC EWRS, agus cuirfidh sé feabhas air, chun cur le huathoibriú na faisnéise, an bhailithe agus na hanailíse, chun aicmiú an fhógra a uasghrádú, cumarsáid téacs oscailte a laghdú, chun an t-ualach riaracháin a laghdú, agus chun feabhas a chur ar chaigdeánú na bhfógraí.
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 b (nua)
2b.   Cuirfear feabhas ar EWRS chun ualach an mhaorlathais agus dúbailtí an fhógra a laghdú. Ceadóidh EWRS do na húdaráis inniúla náisiúnta fógra a thabhairt do EDS faoi eachtraí a d’fhéadfadh a bheith ina n-éigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad i gcomhréir le hAirteagal 6 de IHR, agus comhtháthóidh sé an fhaisnéis sin i gcóras EWRS, chun fógra a thabhairt go huathoibríoch faoi fholáireamh i EWRS.
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4
4.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta a ghlacadh a bhaineann le faisnéis a mhalartú le córais mear-rabhaidh eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear sonraí pearsanta a mhalartú, d’fhonn feidhmiú ceart EWRS a áirithiú agus chun forluí gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht le struchtúir agus le sásraí atá ann cheana maidir le hullmhacht, faireachán, luathrabhadh agus comhrac na mbagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a sheachaint.
4.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta a bhaineann le faisnéis a mhalartú le córais eile mear-rabhaidh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear sonraí pearsanta a mhalartú, chun feidhmiú ceart EWRS a áirithiú agus chun forluí gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht le struchtúir agus sásraí atá ann cheana maidir le hullmhacht, faireachán, luathrabhadh agus comhrac na mbagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte a sheachaint.
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 a (nua)
4a.   Beidh EWRS in ann faisnéis a bhailiú go huathoibríoch ó bhunachair sonraí thábhachtacha, amhail iad siúd a chuimsíonn sonraí maidir leis an gcomhshaol, sonraí maidir leis an aeráid, sonraí maidir le huisciú an uisce agus sonraí eile atá ábhartha do bhagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte, a d’fhéadfadh tuiscint a éascú agus an baol go bhféadfadh bagairtí a bheith ann ar an tsláinte a mhaolú.
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
2.  I gcás ina dtugann na húdaráis náisiúnta inniúla fógra do EDS maidir le himeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-éigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta iad i gcomhréir le hAirteagal 6 de IHR, déanfaidh siad foláireamh a thabhairt do EWRS ag an am céanna ar a dheireanaí, ar choinníoll go dtagann an bhagairt faoi réim iad sin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo.
2.  I gcás ina dtugann na húdaráis náisiúnta inniúla fógra do EDS maidir le himeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-éigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad i gcomhréir le hAirteagal 6 de IHR, amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(2b), tabharfar fógra faoi fholáireamh go comhuaineach in EWRS, ar an gcoinníoll go dtagann an bhagairt faoi réim iad sin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo.
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – pointe f
(f)  rioscaí sláinte poiblí;
(f)  rioscaí sláinte poiblí, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear, a mhéid is féidir, a dtionchar ar mhórghalair neamhtheagmhálacha;
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – pointe h
(h)  bearta seachas bearta sláinte poiblí;
(h)  bearta ilearnála seachas bearta sláinte poiblí;
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – pointe i a (nua)
(ia)   na láithreáin táirgthe atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann, agus gan d’aidhm leis sin ach a fhágáil gur féidir leis an Aontas na hacmhainneachtaí táirgthe straitéisigh don Aontas ina iomláine a mhapáil;
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – pointe j
(j)  iarrataí ar chúnamh éigeandála trasteorann agus tairiscintí cúnaimh éigeandála trasteorann;
(j)  iarrataí ar chúnamh éigeandála trasteorann agus tairiscintí cúnaimh éigeandála trasteorann, amhail aistriú leighis othar nó soláthar foirne cúraim sláinte ag Ballstát amháin do Bhallstát eile, go háirithe i limistéir trasteorann sna réigiúin máguaird;
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 4 a (nua)
4a.   Déanfaidh an Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt cothrom le dáta de réir mar a bheidh sonraí nua ar fáil.
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  I gcás ina dtugtar fógra foláirimh de bhun Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá chun an fhreagairt ar leibhéal an Aontais a chomhordú nó arna iarraidh sin don Choiste Slándála Sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21 nó ar a thionscnamh féin, measúnú riosca ar dhéine ionchasach na bagartha ar shláinte phoiblí, lena n-áirítear bearta sláinte poiblí féideartha, a chur ar fáil go pras do na húdaráis náisiúnta inniúla agus don Choiste Slándála Sláinte, trí EWRS. Is mar seo a leanas a dhéanfar an measúnú riosca sin:
1.  I gcás ina dtugtar fógra faoi fholáireamh de bhun Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá chun an fhreagairt ar leibhéal an Aontais a chomhordú nó arna iarraidh sin don Choiste Slándála Sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21 nó ar a thionscnamh féin, measúnú riosca ar dhéine ionchasach na bagartha ar an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear bearta sláinte poiblí féideartha, lena n-áirítear measúnú riosca ar mheabhairshláinte an phobail lena mbaineann, a chur ar fáil go pras do na húdaráis náisiúnta inniúla agus don Choiste Slándála Sláinte, trí EWRS. Is mar seo a leanas a dhéanfar an measúnú riosca sin:
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – pointe a
(a)  ECDC i gcomhréir le hAirteagal 8a de Rialachán (AE) .../...[IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]] maidir le bagairt dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) lena n-áirítear substaintí de bhunús daonna: fuil, orgáin, fíocháin agus cealla a bhféadfadh tionchar a bheith ag galair theagmhálacha orthu; nó pointe (d) d'Airteagal 2(1); agus/nó
(a)  ECDC i gcomhréir le hAirteagal 8a de Rialachán (AE) .../...[IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]] maidir le bagairt dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) lena n-áirítear substaintí de bhunús daonna: amhail fuil, orgáin, fíocháin agus cealla a bhféadfadh tionchar a bheith ag galair theagmhálacha orthu; nó pointe (d) d'Airteagal 2(1); agus/nó
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)   an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/... [cuir isteach uimhir an Rialacháin athbhreithnithe EMA 2020/0321(COD)], i gcás bagairt atá nasctha le táirge leighis easnamhach nó i gcás bagairt atá ag dul in olcas mar thoradh ar ghanntanas táirgí leighis lena n-úsáid ag an duine nó ganntanas feistí leighis; agus/nó
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – pointe f a (nua)
(fa)   Eintitis de chuid an Aontais nó eintitis náisiúnta atá i mbun stoc-charnadh feistí leighis.
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2
2.  Arna iarraidh sin ag an ngníomhaireacht nó ag an gcomhlacht a dhéanfaidh an measúnú riosca laistigh dá sainordú, déanfaidh na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis agus sonraí ábhartha atá ar fáil acu a sholáthar.
2.  Arna iarraidh sin ag an ngníomhaireacht nó ag an gcomhlacht a dhéanfaidh an measúnú riosca laistigh dá sainordú, déanfaidh na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, gan moill mhíchuí, aon sonraí faisnéise agus saineolas ábhartha atá ar fáil dóibh a sholáthar. Agus a measúnú riosca á thabhairt aige, ainmneofar an ghníomhaireacht nó an comhlacht mar an phríomhghníomhaireacht i gcomhréir le mír 3. Áiritheoidh an ghníomhaireacht nó an comhlacht go dtabharfaidh sí nó sé aird ar aon fhaisnéis nó saineolas a gheofar ó ghníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 1.
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 1
I gcás ina mbíonn an measúnú riosca atá ag teastáil go hiomlán nó go páirteach lasmuigh de shainordú na ngníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 1, agus go meastar gur gá an fhreagairt a chomhordú ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an gCoiste Slándála Sláinte nó ar a thionscnamh féin, measúnú riosca ad hoc a sholáthar.
I gcás ina mbíonn an measúnú riosca atá ag teastáil go hiomlán nó go páirteach lasmuigh de shainorduithe na ngníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 1, agus ina meastar go bhfuil gá leis chun an fhreagairt a chomhordú ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an gCoiste Slándála Sláinte nó ar a thionscnamh féin, measúnú riosca ad hoc a sholáthar. I gcás ina dtagann an measúnú riosca is gá faoi shainordú roinnt de na gníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh an Coimisiún príomhghníomhaireacht le bheith i gceannas ar an measúnú riosca a chur i gcrích, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí eile lena mbaineann, agus leagfaidh sé síos sprioc-am faoina mbeidh ar an ngníomhaireacht sin an measúnú a thíolacadh.
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2
Déanfaidh an Coimisiún an measúnú riosca a chur ar fáil go pras do na húdaráis náisiúnta inniúla trí EWRS, agus, más iomchuí, trí chórais foláirimh nasctha. I gcás ina bhfuil an measúnú riosca le cur ar fáil go poiblí, gheobhaidh na húdaráis náisiúnta inniúla é sula bhfoilseofar é.
Déanfaidh an Coimisiún an measúnú riosca a chur ar fáil go pras do na húdaráis náisiúnta inniúla trí EWRS, agus, más iomchuí, trí chórais foláirimh nasctha. I gcás ina bhfuil an measúnú riosca le cur ar fáil go poiblí, gheobhaidh na húdaráis náisiúnta inniúla é sula bhfoilseofar é trí EWRS agus HSC.
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 3
Cuirfear an fhaisnéis ábhartha, más ann di, a chuireann eintitis eile ar fáil san áireamh sa mheasúnú riosca, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le héigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í.
Déanfar faisnéis ábhartha, más ann di, arna soláthar ag saineolaithe sláinte poiblí agus eintitis eile, go háirithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le héigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta í, a chur san áireamh sa mheasúnú riosca.
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe b
(b)  cumarsáid riosca agus géarchéime, le cur in oiriúint do riachtanais agus do dhálaí Ballstát, atá dírithe ar fhaisnéis chomhsheasmhach chomhordaithe san Aontas a chur ar fáil don phobal agus do ghairmithe cúraim sláinte;
(b)  cumarsáid riosca agus géarchéime, a bheidh le cur in oiriúint do riachtanais agus dálaí na mBallstát, atá dírithe ar fhaisnéis chomhsheasmhach agus chomhordaithe a sholáthar don phobal, do ghairmithe cúraim sláinte agus do shaineolaithe sláinte poiblí san Aontas;
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe c
(c)  tuairimí agus treoir a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le bearta freagartha sonracha do na Ballstáit maidir le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte a chosc agus a rialú.
(c)  tuairimí agus treoir a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le bearta freagartha sonracha do na Ballstáit le haghaidh bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta freagartha a chomhordú.
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)   srianta taistil náisiúnta agus srianta trasteorann eile ar ghluaiseacht agus cruinniú daoine, mar aon le ceanglais choraintín agus maoirseacht ar choraintíní tar éis taisteal trasteorann.
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2
2.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát bearta sláinte poiblí a ghlacadh chun bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte a chomhrac, déanfaidh sé, sula nglacann sé na bearta sin, na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chineál, faoi chuspóir agus faoi raon na mbeart agus rachaidh siad i gcomhairle leo maidir leis sin, mura mbíonn an gá chun sláinte phoiblí a chosaint chomh práinneach sin gur gá na bearta a ghlacadh láithreach.
2.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát bearta sláinte poiblí a ghlacadh chun bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte a chomhrac, nó scor díobh, déanfaidh sé, sula nglacann sé na bearta sin, nó sula scoireann sé díobh, na Ballstáit eile, go háirithe na Ballstáit chomharsanacha, an Coimisiún agus an Coiste Slándála Sláinte a chur ar an eolas faoi chineál, cuspóir agus raon feidhme na mbeart, rachaidh sé i gcomhairle leo maidir leis sin agus déanfaidh sé comhordú leo maidir leis sin, mura rud é go mbeidh sé chomh práinneach sin an tsláinte phoiblí a chosaint gur gá na bearta a ghlacadh láithreach.
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3
3.  I gcás inar gá do Bhallstát, ar bhonn práinne, bearta sláinte poiblí a ghlacadh mar fhreagairt ar bhagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte a theacht nó a bhorradh, cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas, láithreach ar iad a ghlacadh, maidir le cineál, cuspóir agus raon na mbeart sin.
3.  I gcás inar gá do Bhallstát, ar bhonn práinne, bearta sláinte poiblí a ghlacadh mar fhreagairt ar bhagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte a theacht nó a bhorradh, cuirfidh sé na Ballstáit eile, na húdaráis réigiúnacha ábhartha, an Coimisiún agus an Coiste Slándála Sláinte ar an eolas, láithreach ar iad a ghlacadh, maidir le cineál, cuspóir agus raon feidhme na mbeart sin i réigiúin trasteorann go háirithe.
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3 a (nua)
3a.   I gcás na n-acmhainneachtaí freagartha náisiúnta i mBallstát a bheith thar a riocht ag bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte, féadfaidh an Ballstát sin cúnamh a iarraidh ar Bhallstáit eile trí ERCC dá bhforáiltear i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.
___________________
1a Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta.
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe c
(c)  beidh siad comhréireach leis na rioscaí sláinte poiblí a bhaineann leis an mbagairt a bheidh i gceist, lena seachnófar go háirithe aon srian nach bhfuil gá léi ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí.
(c)  beidh siad riachtanach, oiriúnach agus comhréireach leis na rioscaí sláinte poiblí a bhaineann leis an mbagairt a bheidh i gceist, lena seachnófar go háirithe aon srian nach bhfuil gá léi ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí, agus aon srian ar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus lena gcuirfear chun cinn comhordú na mbeart idir na Ballstáit;
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)   beidh siad teoranta ó thaobh ama de, agus scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu a luaithe nach mbeidh ceann amháin de na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach i pointí (a), (b) agus (c) á chomhlíonadh a thuilleadh;
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe c b (nua)
(cb)  cuirfear san áireamh an gá atá le margadh inmheánach a fheidhmíonn mar is gnách, go háirithe gur ann do lánaí glasa do shaorghluaiseacht bia agus frithbheart leighis.
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3
3.  Sula n-aithnítear staid éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún idirchaidreamh a dhéanamh le EDS d’fhonn anailís an Choimisiúin ar staid na ráige a chomhroinnt agus chun a chur in iúl do EDS go bhfuil sé ar intinn aige glacadh le cinneadh den sórt sin.
3.  Sula n-aithnítear staid éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Coimisiún idirchaidreamh le EDS chun anailís an Choimisiúin ar staid na ráige a chomhroinnt agus chun a chur in iúl do EDS go bhfuil sé ar intinn aige cinneadh den sórt sin a ghlacadh.
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 4 – fomhír 2
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Chun críche éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais, bunóidh an Coimisiún Coiste Comhairleach maidir le héigeandálaí sláinte poiblí (‘An Coiste Comhairleach’) a thabharfaidh, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, comhairle don Choimisiún trína thuairimí a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas:
1.  Chun críche éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais, bunóidh an Coimisiún, ar é a dhul i gcomhairle leis an gCoiste Slándála Sláinte, Coiste Comhairleach maidir le héigeandálaí sláinte poiblí (‘An Coiste Comhairleach’) a thabharfaidh, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gCoiste Slándála Sláinte, comhairle don Choimisiún agus don Choiste Slándála Sláinte trína thuairimí ar an méid seo a leanas a sholáthar:
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe c – pointe ii
(ii)  bearnaí, neamhréireachtaí nó easnaimh shuntasacha sna bearta a tógadh nó atá le tógáil a aithint agus a mhaolú, agus an bhagairt shonrach a bhainistiú agus a tionchar a shárú, lena n-áirítear maidir le bainistiú agus cóireáil chliniciúil, frithbhearta neamhchógaisíochta agus riachtanais taighde sláinte poiblí;
(ii)  bearnaí, neamhréireachtaí nó easnaimh shuntasacha sna bearta a tógadh nó atá le tógáil a shainaithint agus a mhaolú, agus an bhagairt shonrach a bhainistiú agus a tionchar a shárú, lena n-áirítear maidir le bainistiú agus cóireáil chliniciúil, agus riachtanais taighde sláinte poiblí;
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe c – pointe ii a (nua)
(iia)  i gcomhairle le EMA de bhun Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir Rialachán EMA] cobhsaíocht slabhraí soláthair agus acmhainneacht táirgeachta slabhraí soláthair leighis a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus monarú na bhfrithbheart leighis is gá chun an galar lena mbaineann a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a sheiceáil;
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2
2.  Beidh saineolaithe neamhspleácha ar an gCoiste Comhairleach, arna roghnú ag an gCoimisiún de réir na réimsí saineolais agus taithí is ábhartha don bhagairt shonrach a bheidh ag tarlú. Ba cheart ballraíocht ildisciplíneach a bheith ag an gCoiste ionas gur féidir leis comhairle a thabhairt ar ghnéithe bithleighis, iompraíochta, sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha agus idirnáisiúnta. Beidh ionadaithe ECDC agus EMA rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an gCoiste Comhairleach. Beidh ionadaithe comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais atá ábhartha don bhagairt shonrach rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an gCoiste seo de réir mar is gá. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar ar an gclár oibre páirt a ghlacadh in obair an Choiste Chomhairligh ar bhonn ad-hoc.
2.  Beidh an Coiste Comhairleach comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha, ionadaithe ar oibrithe sláinte agus cúraim agus ionadaithe den tsochaí shibhialta, arna roghnú ag an gCoimisiún de réir na réimsí saineolais agus taithí is ábhartha don bhagairt shonrach a bheidh ag tarlú. Ba cheart ballraíocht ildisciplíneach a bheith ag an gCoiste ionas gur féidir leis comhairle a thabhairt ar ghnéithe sláintíochta, bithleighis, iompraíochta, sóisialta, eacnamaíocha, taighde, forbartha, monaraíochta, cultúrtha, iompair agus idirnáisiúnta. Glacfaidh ionadaithe ECDC agus EMA páirt ghníomhach ar an gCoiste Comhairleach. Beidh ionadaithe comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais atá ábhartha don bhagairt shonrach rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an gCoiste seo de réir mar is gá. Féadfaidh an Coimisiún nó an Coiste Slándála Sláinte a iarraidh ar shaineolaithe agus geallsealbhóirí a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar ar an gclár oibre páirt a ghlacadh in obair an Choiste Chomhairligh ar bhonn ad-hoc. Foilseoidh an Coimisiún ainmneacha na saineolaithe arna roghnú chun a bheith ina gcuid den Choiste Comhairleach mar aon le mionsonraí na gcúlraí gairmiúla agus/nó eolaíocha ba bhunús lena gceapachán.
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 a (nua)
2a.  Déanfaidh an Coimisiún an liosta de chomhaltaí an Choiste Chomhairligh agus na cáilíochtaí a thacaíonn lena gceapachán a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Áireofar go mbeidh cothromaíocht gheografach ann sa bhallraíocht nuair is féidir. Gníomhóidh na comhaltaí ar mhaithe le leas an phobail agus ar bhealach neamhspleách. Déanfaidh siad dearbhuithe leasa agus dearbhuithe gealltanas. Áireofar sna dearbhuithe sin aon ghníomhaíocht, aon phost, aon imthosca nó fíricí ar bith eile a bhféadfadh leas díreach nó indíreach a bheith i gceist ina leith, chun go bhféadfar leasanna arbh fhéidir a mheas go bhfuil siad chun dochair do neamhspleáchas na saineolaithe sin a shainaithint.
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 3
3.  Tiocfaidh an Coiste Comhairleach le chéile nuair a bheidh gá leis, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag Ballstát.
3.  Tiocfaidh an Coiste Comhairleach le chéile nuair a bheidh gá leis, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ag an gCoiste Slándála Sláinte nó ag Ballstát.
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6
6.  Bunóidh an Coiste Comhairleach rialacha nós imeachta lena n-áirítear rialacha maidir le dearbhú agus foirceannadh staide éigeandála, agus moltaí a ghlacadh agus vótáil. Tiocfaidh na rialacha nósanna imeachta i bhfeidhm tar éis don Choimisiún tuairim fhabhrach a thabhairt ina leith.
6.  Bunóidh an Coiste Comhairleach a rialacha nós imeachta lena n-áirítear maidir leis na rialacha le haghaidh dearbhú agus foirceannadh staide éigeandála, agus moltaí a ghlacadh agus vótáil. Tiocfaidh na rialacha nós imeachta i bhfeidhm tar éis tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún agus ón gCoiste Slándála Sláinte.
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6 a (nua)
6a.   Beidh miontuairiscí an Choiste Chomhairligh ar fáil go poiblí.
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6 b (nua)
6b.   Oibreoidh an coiste comhairleach i ndlúthchomhar le comhlachtaí comhairleacha náisiúnta.
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe b
(b)  sásraí chun ganntanais frithbheart leighis a fhaire, agus iad a fhorbairt, a fháil, a bhainistiú agus a imscaradh;
(b)  sásraí chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais, forbairt, monarú, agus soláthar frithbheart leighis, ar ghníomhaíochtaí arna ndéanamh chun slándáil soláthair frithbheart leighis a áirithiú, agus ar bhainistiú, stóráil, dáileadh agus cur i bhfeidhm frithbheart leighis;
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe c
(c)  gníomhachtú na tacaíochta ó ECDC dá dtagraítear i Rialachán (AE) .../... [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]] chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais a shlógadh agus a chur in úsáid.
(c)  gníomhachtú na tacaíochta ó ECDC amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) .../... [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]] chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais a shlógadh agus a chur in úsáid, agus go háirithe liosta saoráidí cóiríochta in aonaid dianchúraim sna Ballstáit a bhunú chun críche aistriú trasteorann othar a d’fhéadfadh tarlú;
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)   sásra rialaithe onnmhairí de chuid an Aontais chun a chur ar chumas an Aontais rochtain thráthúil agus éifeachtach ar fhrithbhearta a áirithiú;
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe c b (nua)
(cb)  lánaí glasa dá dtagraítear in Airteagal 25a den Rialachán seo, i gcásanna eisceachtúla.
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 a (nua)
Airteagal 25a
Lánaí glasa
1.  I ndiaidh dó éigeandáil sláinte poiblí maidir le cás paindéime a aithint faoi Airteagal 23(1), bunóidh an Coimisiún lánaí glasa, i gcás srianta trasteorann, chun a áirithiú gur féidir le hearraí bunriachtanacha, frithbhearta leighis agus oibrithe trasteorann gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den mhargadh inmheánach.
2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le bunú na lánaí glasa dá dtagraítear i mír 1.
3.  Ní fhéadfaidh Ballstát onnmhairithe frithbheart leighis a thoirmeasc ná a shrianadh ach i gcásanna a shainmhínítear in Airteagal 36 CFAE le linn éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, ar choinníoll go bhfaighidh sé údarú roimh ré ón gCoimisiún.
4.  Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh ar réamhúdarú laistigh de chúig lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Mura ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar an t-údarú a bheith tugtha.
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1
1.  Áireoidh EWRS feidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha trínar féidir sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus sonraí maidir le sláinte, a chur in iúl d’údaráis náisiúnta inniúla amháin a mbeidh baint acu leis na bearta rianaithe teagmhálaithe lena mbaineann. Déanfar an fheidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha sin a dhearadh agus a oibriú ionas go n-áiritheofar sábháilteacht agus próiseáil shlán dhleathach sonraí pearsanta agus go nascfadh sé le córais rianaithe teagmhálaithe ar leibhéal an Aontais.
1.  Áireoidh EWRS feidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha trína bhféadfar sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus sonraí maidir le sláinte, a chur in iúl d’údaráis náisiúnta inniúla a mbeidh baint acu leis na bearta rianaithe teagmhálaithe lena mbaineann, agus dóibh siúd amháin. Déanfar an fheidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha sin a dhearadh agus prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú á urramú, agus déanfar í a oibriú ionas go n-áiritheofar sábháilteacht agus próiseáil shlán dhleathach sonraí pearsanta agus go nascfaidh sí le córais rianaithe teagmhálaithe ar leibhéal an Aontais.
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 5
5.  D’fhéadfaí sonraí pearsanta a mhalartú freisin i gcomhthéacs an rianaithe teagmhálaithe uathoibríoch, trí fheidhmchláir rianaithe teagmhálaithe a úsáid.
5.  Féadfar sonraí pearsanta a mhalartú freisin i gcomhthéacs an rianaithe teagmhálaithe uathoibríoch, trí fheidhmchláir rianaithe teagmhálaithe a úsáid, i lán-chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ('GDPR')1a
__________________
1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
6.  Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
6.  De dhroim nós imeachta réamhchomhairliúcháin mar a leagtar amach in Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i dtaobh an mhéid seo a leanas:
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír  1 – pointe b
(b)  nósanna imeachta chun EWRS a idirnascadh le córais rianaithe teagmhálaithe ar leibhéal an Aontais;
(b)  nósanna imeachta chun EWRS a idirnascadh le córais rianaithe teagmhálaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 1 – pointe d
(d)  rialacha mionsonraithe chun na feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe uathoibríocha a phróiseáil agus idir-oibritheacht na bhfeidhmchlár sin, chomh maith le cásanna ina bhféadfaí go ndeonófar rochtain ar thríú tíortha ar idir-inoibritheacht rianaithe teagmhálaithe, agus na coinníollacha faoina ndeonófar an rochtain sin, agus socruithe praiticiúla na rochtana sin.
(d)  na modúlachtaí chun feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe uathoibríocha a phróiseáil mar aon le hidir-oibritheacht na bhfeidhmchlár sin, chomh maith leis na cásanna ina bhféadfar rochtain ar idir-inoibritheacht rianaithe teagmhálaithe a thabhairt do thríú tíortha, agus na coinníollacha faoina bhféadfar an rochtain sin a thabhairt, agus socruithe praiticiúla na rochtana sin, agus EUDPR agus cásdlí is infheidhme na Cúirte Breithiúnais á gcomhlíonadh go hiomlán;
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
(da)   cur síos mionsonraithe ar róil na ngníomhaithe a bheidh páirteach i bpróiseáil sonraí pearsanta trí na huirlisí agus na córais TF a mholtar.
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 2
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
scriosta
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh bhunúsaigh nó dáta ar bith eile á leagan síos ag comhreachtóirí].
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8(3), 13(9), 14(6), 17(3), 25a(2), agus 26(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8(3), 13(9), 14(6), 17(3), 25a(2) agus 26(6) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 6
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(3), 13(9), 14(6), 17(3), 25a(2) agus 26(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 a (nua)
Airteagal 28a
An nós imeachta práinne
1.  Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.
Leasú 240
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
Faoi 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an mheastóireacht a reáchtáil i gcomhréir le treoirlínte rialála níos fearr an Choimisiúin. Áireofar leis an meastóireacht, go háirithe, measúnú ar oibriú EWRS agus an líonra faireachais eipidéimeolaíoch, chomh maith le comhordú na freagartha leis an gCoiste Slándála Sláinte.
Faoi 2025 agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an mheastóireacht i gcomhréir le treoirlínte an Choimisiúin maidir le rialáil níos fearr. Áireofar sa mheastóireacht, go háirithe, measúnú ar oibriú EWRS agus an líonra faireachais eipidéimeolaíoch, chomh maith le comhordú ar an bhfreagairt le HSC agus tionchar an Rialacháin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair nuair a bhíonn bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte ann.
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1 a (nua)
Bunaithe ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 2, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0247/2021).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais