Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Dé Céadaoin, 6 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
Ról an bheartais forbartha sa fhreagairt do chailliúint na bithéagsúlachta i dtíortha atá i mbéal forbartha, i gcomhthéacs bhaint amach Chlár Oibre 2030
 An intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla
 An tionchar a bhíonn ag foréigean páirtí dlúthchaidrimh agus cearta coimeádta ar mhná agus leanaí
 Creat Beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Moltaí maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo 'Fís Nialais'
 Stoic éisc a athbhunú sa Mheánmhuir
 An todhchaí don chaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe

Ról an bheartais forbartha sa fhreagairt do chailliúint na bithéagsúlachta i dtíortha atá i mbéal forbartha, i gcomhthéacs bhaint amach Chlár Oibre 2030
PDF 205kWORD 75k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 ar ról an bheartais forbartha sa fhreagairt do chailliúint na bithéagsúlachta i dtíortha atá i mbéal forbartha, i gcomhthéacs bhaint amach Chlár Oibre 2030 (2020/2274(INI))
P9_TA(2021)0404A9-0258/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Aontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe,1992, maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch (CBD) agus don 15ú cruinniú amach anseo de Chomhdháil na bPáirtithe leis sin (COP15),

–  ag féachaint don Chonradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht,

–  ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, 2007,

–  ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a Oibríonn i gCeantair Thuaithe, 2018,

–  ag féachaint don tuarascáil speisialta ó Phainéal Idir-Rialtasach na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir leis an athrú aeráide agus le talamh, 2019,

–  ag féachaint don tuarascáil speisialta ó IPCC maidir leis an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú, 2019,

–  ag féachaint don tuarascáil mheasúnachta dhomhanda ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais, 2019,

–  ag féachaint do Thuarascáil Cheardlainne IPBES an 29 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Bithéagsúlacht agus Paindéimí,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta na bpobal dúchasach a cuireadh faoi bhráid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe in 2016,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le pobail dhúchasacha agus threibheacha, 1989,

–  ag féachaint d’Ionchas Domhanda Bithéagsúlachta 5 an 15 Meán Fómhair 2020 ó Rúnaíocht an Choinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch,

–  ag féachaint do Chruinniú Mullaigh na Náisiún Aontaithe an 30 Meán Fómhair 2020 maidir le Bithéagsúlacht,

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,

–  ag féachaint do Ráiteas Cancún maidir le Tréadachas Inbhuanaithe a Chur Chun Cinn agus Táirgeadh Beostoic do Chaomhnú na Bithéagsúlachta i bhFéarthailte agus i dTailte Féaraigh COP 13 de CBD an 14 Nollaig 2016,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Phainéal Ardleibhéil Saineolaithe ar Shlándáil Bia agus ar Chothú den Choiste maidir le Sábháilteacht Sholáthar Bia an Domhain (CFS), mí Iúil 2019, dar teideal Agroecological and other innovative approaches for sustainable agriculture and food systems that enhance food security and nutrition [Cuir chuige agrai-éiceolaíocha agus nuálacha eile le haghaidh talmhaíocht inbhuanaithe agus córais bhia a fheabhsaíonn slándáil bia agus cothú],

–  ag féachaint don tuarascáil ó FAO maidir le Riocht eolais na bithéagsúlachta ithreach – Stádas, dúshláin agus féidearthachtaí, a foilsíodh in 2020,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Trádáil Idirnáisiúnta i Speicis Fauna agus Flora Fiáine i mBaol (CITES) agus an Coinbhinsiún maidir le Caomhnú na Speiceas Imirceach Ainmhithe (CMS),

–  ag féachaint d’anailís dhomhanda, 2020, ó Front Line Defenders,

–  ag féachaint do Chuíchóiriú Táscairí Eorpacha na Bithéagsúlachta (SEBI) 2020, a d’eisigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Márta 2020, dar teideal Towards a comprehensive Strategy with Africa [I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic](JOIN(2020)0004),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], (COM(2021)0082),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Bealtaine 2020 dar teideal EU biodiversity strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta AE do 2030 – An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

–  ag féachaint do mholadh 2013/396/AE ón gCoimisiún an 11 Meitheamh 2013 maidir le prionsabail chomhchoiteanna le haghaidh meicníochtaí comhshásaimh de chineál urghaire agus cúiteach sna Ballstáit a bhaineann le sáruithe ar chearta a thugtar faoi Dhlí an Aontais(1),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 23 Iúil 2019 maidir le dlús a chur le gníomhaíocht AE chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú (COM(2019)0352) agus do na conclúidí ón gComhairle ina dhiaidh sin,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 15 Bealtaine 2017 maidir le pobail dhúchasacha,

–  ag féachaint don Chomhdhearcadh nua Eorpach maidir le Forbairt, 2017,

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE i ndáil le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí arna ghlacadh i mí na Samhna 2003,

–  ag féachaint don mhionanailís maidir leis an Trádáil agus an Bhithéagsúlacht, a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha i mí an Mheithimh 2020(2),

–  ag féachaint d’athbhreithniú meántéarma ar straitéis bhithéagsúlachta an Aontais(3),

–  ag féachaint don mhionanailís dar teideal The link between biodiversity loss and the increasing spread of zoonotic diseases [An nasc idir cailliúint na bithéagsúlachta agus méadú leathadh na ngalar zónóiseach], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha i mí na Nollag 2020(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 3 Iúil 2018 maidir le sárú ar chearta pobal dúchasach an domhain, lena n-áirítear grabáil talún(5),

–  ag féachaint don staidéar dar teideal Indigenous peoples, extractive industries and human rights [Pobail dhúchasacha, tionscail eastóscacha agus cearta an duine] a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha i mí Mheán Fómhair 2014(6),

–  ag féachaint don mhionanailís dar teideal Challenges for environmental and indigenous peoples’ rights in the Amazon region [Dúshláin a bhaineann le cearta comhshaoil agus cearta pobal dúchasach i réigiún na hAmasóine], a d’fhoilsigh a hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Sheachtracha i mí an Mheithimh 2020(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 22 Deireadh Fómhair 2020 maille le moltaí don Choimisiún maidir le creat dlíthiúil AE chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda atá á thiomáint ag AE agus chun é a aisiompú(8),

–  ag féachaint don Chomhaontú Glas don Eoraip,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt (A9-0258/2021),

A.  de bhrí go mbraitheann thart ar 70 % de bhoicht an domhain go díreach ar an mbithéagsúlacht bhitheolaíoch dá slite beatha;

B.  de bhrí go dtarlaíonn an chuid is mó de chailliúint na bithéagsúlachta i dtíortha i mbéal forbartha;

C.  de bhrí gur foinse chriticiúil i gcónaí í an bhithéagsúlacht chun cógais leighis a fhorbairt;

D.  de bhrí go dtugtar le tuiscint leis an meastachán domhanda is cuimsithí go soláthraíonn seirbhísí éiceachórais tairbhí de USD 125-140 trilliún in aghaidh na bliana, i.e. níos mó ná uair go leith méid an OTI domhanda(9);

E.  de bhrí go ndéanann an t-athrú aeráide difear don bhithéagsúlacht agus go gcuireann sí go mór leis an maolú ar an athrú aeráide agus leis an oiriúnú don athrú sin trí na seirbhísí éiceachórais a dtacaíonn sí léi;

F.  de bhrí go meastar go dtiocfaidh laghdú ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais sna blianta amach romhainn, agus go meastar go dtiocfaidh méadú ar sholáthar ábhar agus ar éileamh na n-ábhar sin a eascraíonn as acmhainní nádúrtha a bhfuil luach margaidh reatha acu (bia, beatha, adhmad agus bithfhuinneamh);

G.  de bhrí go n-áirítear caillteanas gnáthóg agus ilroinnt (go háirithe ó fhairsingiú agus diansaothrú na talmhaíochta), róshaothrú acmhainní nádúrtha (e.g. éisc), truailliú, speicis choimhthíocha ionracha agus athrú aeráide, i measc na bpríomhbhrúnna ar bhithéagsúlacht talún, mhuirí agus uisceach eile;

H.  de bhrí, de réir thuarascáil mheasúnachta dhomhanda 2019 de chuid IPBES maidir le bithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais, go bhfuil an chuid is mó de Spriocanna Bithéagsúlachta Aichi do 2020 caillte;

I.  de bhrí gur sainaithníodh i dTuarascáil 2020 an Fhóraim Dhomhanda Eacnamaíoch maidir le Rioscaí Domhanda rioscaí comhshaoil mar na rioscaí sistéamacha is mó dár ngeilleagar domhanda;

J.  de bhrí go measann ECFE gurb ionann na sreafaí airgeadais a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don bhithéagsúlacht (bunaithe ar bhreoslaí iontaise agus fóirdheontais talmhaíochta) agus USD 500 billiún in aghaidh na bliana, ord deich n-uaire níos airde ná sreafaí airgeadais domhanda do chaomhnú na bithéagsúlachta agus d’úsáid inbhuanaithe, agus de bhrí go bhfuil costas na neamhghníomhaíochta maidir le cailliúint na bithéagsúlachta ard agus meastar go dtiocfaidh méadú air sin(10);

K.  de bhrí go dtuairiscíonn IPBES gur athrú ar úsáid talún, leathnú talamhaíochta agus uirbiú is cúis le níos mó ná 30 % de theagmhais ghalair atá ag teacht chun cinn;

L.  de bhrí go léirítear i staidéir a rinneadh le déanaí go bhfuil idir 1,65 agus 1,87 billiún duine dúchasach, pobal áitiúil agus sliocht na hAfraice ina gcónaí i limistéir thábhachtacha an domhain maidir le caomhnú na bithéagsúlachta; de bhrí go léiríonn toradh eile go bhfuil 56 % de na daoine a bhfuil cónaí orthu i limistéir thábhachtacha maidir le caomhnú na bithéagsúlachta i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim ísil; de bhrí nach bhfuil ach 9 % díobh ina gcónaí i dtíortha ardioncaim; de bhrí go leagtar béim leis sin ar an tionchar díréireach a bhíonn ag an gcaomhnú ar an Domhan Theas, de réir an Tionscnaimh um Chearta agus Acmhainní;

M.  de bhrí go bhfuil fianaise eolaíoch ann de nasc casta idir cailliúint na bithéagsúlachta agus riosca méadaitheach galar zónóiseach amhail COVID-19;

N.  de bhrí go bhfuil pobail dhúchasacha agus pobail áitiúla (PDA) ag brath go mór ar thalamh, ar acmhainní nádúrtha agus ar éiceachórais dá riachtanais bhunúsacha agus dá slite beatha, agus é á chur san áireamh go bhféadfadh coinbhleachtaí criticiúla maidir le húsáid acmhainní nádúrtha agus cearta talún a bheith mar thoradh ar a gcaighdeán maireachtála íseal agus ar a n-eisiamh ón saol polaitiúil agus ón saol eacnamaíoch;

O.  de bhrí go gcuimsíonn críocha dúchasacha traidisiúnta thart ar 22 % de dhromchla talún an domhain agus go gcomhfhreagraíonn siad do 80 % de bhithéagsúlacht an phláinéid;

P.  de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag limistéir faoi chosaint an bhithéagsúlacht a chosaint ar mhaithe leis an gcine daonna i gcoitinne, ach go bhfuil baint acu freisin, i gcásanna áirithe, le sáruithe mórscála ar chearta an duine in aghaidh PDA;

Q.  de bhrí go bhfuil daoine dúchasacha fós ar na daoine is boichte, agus de bhrí go bhfuil sé ar cheann de na deacrachtaí ollmhóra atá roimh phobail dhúchasacha ar fud an domhain aitheantas dlíthiúil a fháil d’úinéireacht chomhchoiteann ar a gcuid tailte dúchasacha, go háirithe más rud é gur dearbhaíodh iad sin mar chríocha faoi chosaint;

R.  de bhrí go meastar gur bunaíodh 50 % de limistéir faoi chosaint ar thailte a bhí á n-áitiú agus á n-úsáid go traidisiúnta ag pobail dhúchasacha, agus go bhfuil an céatadán is airde de i gCríocha Mheiriceá, áit a bhféadfadh sé dul thar 90 % i Meiriceá Láir;

S.  de bhrí go ngineann an easpa aitheantais do ghnáthchearta talún na bpobal dúchasach riosca na grabála talún, agus ar an gcaoi sin go gcuirtear a slite beatha agus a gcumas freagairt don athrú aeráide nó do chailliúint na bithéagsúlachta i mbaol;

T.  de bhrí gur shainaithin Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le pobail dhúchasacha na tionscail eastóscacha mar phríomhfhoinse coinbhleachta agus foréigin ar chríocha na bpobal dúchasach;

U.  de bhrí, de réir anailís dhomhanda, 2020 ó Front Line Defenders, gur dúnmharaíodh ar a laghad 331 chosantóir chearta an duine in 2020, arbh chosantóirí comhshaoil 69 % díobh agus gur oibrigh 26 % díobh go sonrach ar chearta na bpobal dúchasach;

V.  de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag AE iarracht a dhéanamh go mbeadh sprioc 30 % ar a laghad ann maidir leis an mbithéagsúlacht a chosaint faoi CBD;

W.  de bhrí go léiríonn bailiúchán taighde atá ag dul i méid go bhfuil eolas ríthábhachtach ag PDA agus go bhfuil ról ríthábhachtach aige i mbainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus i gcaomhnú na bithéagsúlachta, chomh maith le feabhas a chur ar shlite beatha tuaithe agus athléimneacht pobal áitiúil a fheabhsú; de bhrí nach féidir spriocanna bithéagsúlachta domhanda a bhaint amach gan cearta PDA a aithint agus a urramú;

X.  de bhrí go bhfuil gealltanais agus spriocanna éiceolaíocha láidre curtha chun tosaigh ag AE leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ach go bhfuil lorg éiceolaíoch iomlán AE fós ard, a bhfuil iarmhairtí diúltacha aige don chomhshaol i dtíortha i mbéal forbartha; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm le Straitéis Bhithéagsúlachta AE staid a bhaint amach ina mbeidh éiceachórais uile an domhain athchóirithe, athléimneach agus cosanta go leormhaith faoi 2050, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe, agus go léirítear inti tiomantas don chuspóir deireadh a chur le díothú speiceas is daoine is cúis leis faoi 2050, faoi threoir freagracht idirghlúine agus phrionsabal an chomhionannais, lena n-áirítear cearta a urramú, agus rannpháirtíocht iomlán agus éifeachtach PDA; de bhrí gur cheart straitéis AE agus a Bhallstát chun tacú le tíortha atá i mbéal forbartha a bheith ceaptha chun éifeachtaí an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta a réamh-mheas;

Y.  de bhrí go bhfuil an bhithéagsúlacht ríthábhachtach don tslándáil bia, do dhea-bhail an duine agus don fhorbairt ar fud an domhain; de bhrí go n-áirítear ar na tairbhí a eascraíonn ó éiceachórais, i measc nithe eile, íonú uisce agus aeir, rialú lotnaidí agus galar, pailniú barr, torthúlacht ithreach, éagsúlacht ghéiniteach, soláthar uisce úir, cosaint ar thuilte, ceapadh carbóin agus athléimneacht i leith athrú aeráide; de bhrí go bhfuil os cionn 75 % de bhithéagsúlacht talún an domhain agus níos mó ná 25 % de dhaonra an domhain ag brath ar acmhainní foraoise le haghaidh a slite beatha; de bhrí gur leag paindéim COVID-19 béim ar réimsí neamhionannais ar fud na gcóras agraibhia agus ar an ngá atá le táirgeadh gabháltas beag a oiriúnú agus a fheabhsú go hinbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, córais agraibhia a chlaochlú agus an talmhaíocht a atreorú i dtreo inbhuanaitheacht aeráide;

Z.  de bhrí go léirítear i dtuarascáil speisialta IPCC ar athrú aeráide agus ar thalamh an 8 Lúnasa 2019 go bhfuil teist fhada ar phobail dhúchasacha dul in oiriúint don inathraitheacht aeráide, agus leas á bhaint as an eolas traidisiúnta atá acu, rud a chuireann lena n-athléimneacht;

AA.  de bhrí go dtugtar sa tuarascáil speisialta ó IPCC maidir leis an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú an 24 Meán Fómhair 2019 fianaise freisin ar na tairbhí a bhaineann le heolas eolaíoch agus eolas áitiúil agus dúchasach a chomhcheangal chun athléimneacht a áirithiú;

AB.  de bhrí go gcuireann Airteagal 8(j) de CBD ceangal ar na Stáit is páirtithe eolas, nuálaíochtaí agus cleachtais na bpobal dúchasach agus áitiúil a urramú agus a chothabháil, ar nithe iad atá ábhartha maidir le caomhnú agus le húsáid inbhuanaithe na héagsúlachta bitheolaíche; de bhrí nach n-aithnítear go sainráite in CBD, áfach, cearta daonna na bpobal dúchasach;

AC.  de bhrí go measann Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) gur cailleadh thart ar 75 % den éagsúlacht ghéiniteach i bplandaí ar fud an domhain, agus nach ngintear 75 % de bhia an domhain anois ach ó 12 phlanda agus cúig speiceas ainmhithe, rud a bhfuil baol tromchúiseach ag baint leis do shlándáil an tsoláthair bia ar fud an domhain;

AD.  de bhrí go méadaíonn cailliúint na héagsúlachta géinití, go háirithe ionadú na bpórtha áitiúla dea-oiriúnaithe, leochaileacht lotnaidí, galar agus athruithe comhshaoil, lena n-áirítear athrú aeráide; de bhrí go bhfuil domhandú margaidh na talmhaíochta ina spreagadh treisiúcháin do chreimeadh na bithéagsúlachta talmhaíochta den sórt sin, rud a chiallaíonn gur lú an acmhainn chun nuáil a dhéanamh agus chun oiriúnú don athrú aeráide;

AE.  de bhrí go meastar gur trádáil idirnáisiúnta is cúis le 30 % de bhagairtí speicis ar fud an domhain;

AF.  de bhrí gur féidir le trádáil neamhdhleathach fiadhúlra agus trádáil neamhdhleathach adhmaid agus amhábhar dlús a chur le díghrádú agus scrios na bithéagsúlachta i dtíortha ina bhfuil institiúidí agus rialacháin chomhshaoil laga;

AG.  de bhrí gur taiscumair ollmhóra bhithéagsúlachta agus príomhrialtán na haeráide domhanda iad na haigéin; de bhrí go bhfuil a gcaomhnú criticiúil don fhorbairt inbhuanaithe agus do dhíothú na bochtaineachta, lena gcuirtear slite beatha inbhuanaithe agus slándáil bia ar fáil do na billiúin duine; de bhrí gur fadhb dhomhanda agus áitiúil araon é truailliú éiceachóras muirí le plaistigh agus go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ann don fhiadhúlra, do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus do shláinte an duine i dtíortha i mbéal forbartha; de bhrí go ndearnadh tearcmheastachán mór ar scála an truaillithe sin agus go bhfuil bearnaí fós san eolas, go háirithe na tionchair ar thailte agus ar phobail chósta; de bhrí, de réir thuarascáil Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe le déanaí dar teideal Neglected: Environmental Justice Impacts of Marine Litter and Plastic Pollution [Faillí: Tionchar an Bhruscair Mhuirí agus an Truaillithe Phlaistigh ar Cheartas Comhshaoil], bíonn tionchar díréireach ag bruscar agus truailliú den sórt sin ar dhaoine leochaileacha, rud a chuireann teachtadh iomlán agus éifeachtach chearta an duine i mbaol, agus is bacainní suntasacha iad maidir le SDGanna a bhaint amach;

AH.  de bhrí go bhfuil Straitéis Bhithéagsúlachta AE tiomanta do na tairbhí a bhaineann le húsáid acmhainní géiniteacha atá nasctha leis an mbithéagsúlacht a chomhroinnt ar bhealach cothrom agus cothromasach agus do chreat cumasúcháin a chothú, agus úsáid á baint as uirlisí taighde, nuálaíochta agus teicneolaíochta;

AI.  de bhrí go gcuireann coireanna comhshaoil, a bhfuil sé measta ag Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus ag Interpol go bhfuil a luach suas le dhá oiread an bhuiséid cabhrach domhanda, go gcuireann siad dlús le cailliúint na bithéagsúlachta agus leis an athrú aeráide, go háirithe trí choireanna foraoiseachta;

AJ.  de bhrí go bhfuil forluí ann idir teophointí bithéagsúlachta agus limistéir atá thíos leis an mbochtaineacht, ós rud é go bhfuil formhór na dteophointí caomhnaithe suite i dtíortha ina bhfuil leitheadúlacht ard bochtaineachta agus neamhshlándála bia;

AK.  de bhrí gur iarr Poblacht Oileáin Mhaildíve, ina ráiteas an 3 Nollaig 2019, leasú a dhéanamh ar Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta chun aitheantas a thabhairt do ghníomhartha coiriúla arbh ionann iad agus éiceadhíothú;

AL.  de bhrí go dtuairiscíonn IPBES go bhfuil méadú 500 % tagtha ar luach na trádála dleathaí idirnáisiúnta fiadhúlra ó 2005 i leith, agus 2 000 % ó na 1980idí i leith(11);

AM.  de bhrí go bhfuil AE ar cheann de na hallmhaireoirí is mó ar domhan d’fhiadhúlra agus de tháirgí a bhaineann leis an bhfiadhúlra;

AN.  de bhrí go bhfuil an gháinneáil dhomhanda ar fhiadhúlra ar cheann de na cineálacha is brabúsaí de ghníomhaíocht choiriúil eagraithe trasteorann;

AO.  de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis, i gcás ‘gnó mar is gnách, go laghdóidh an t-athrú aeráide an bhithmhais éisc faoi 30 go 40 % i roinnt réigiún trópaiceach faoi 2100, rud a mbeidh tionchar mór aige ar bhithéagsúlacht mhuirí; de bhrí go bhfuil tíortha sna limistéir sin ag brath go mór ar iascach, ach nach bhfuil acmhainní sóisialta agus airgeadais acu chun oiriúnú agus ullmhú don todhchaí;

AP.  de bhrí go molann an tAontas Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra go ndéanfaí ar a laghad 30 % de na gnáthóga muirí uile a chlaochlú faoi 2020 ina líonra de limistéir mhuirí faoi ardchosaint;

AQ.  de bhrí go gcuireann iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) inbhuanaitheacht na n-acmhainní muirí domhanda i mbaol trí rannchuidiú lena róshaothrú;

1.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di go bhfuil cailliúint na bithéagsúlachta agus na seirbhísí éiceachórais ag baint an bhoinn den dul chun cinn i dtuairim is 80 % de na spriocanna measúnaithe le haghaidh SDGanna; á iarraidh ar AE leanúint dá iarrachtaí chun a lorg bithéagsúlachta ar fud an domhain a laghdú agus é a chur i gcomhréir le teorainneacha an phláinéid;

2.  á chur i bhfios go bhfuil beagnach leath den phobal daonna ag brath go díreach ar acmhainní nádúrtha le haghaidh a slí bheatha, agus go mbraitheann go leor de na daoine is leochailí agus is boichte go díreach ar an mbithéagsúlacht chun a riachtanais chothaithe laethúla a chomhlíonadh; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil an baol ann go gcuirfidh cailliúint na bithéagsúlachta leis an neamhionannas agus le himeallú na ndaoine is leochailí, tríd an rochtain atá acu ar shaol sláintiúil a laghdú agus trína saoirse rogha agus saoirse gníomhaíochtaí a laghdú; á mheabhrú go bhfuil an bhithéagsúlacht faoi bhagairt ag an athrú aeráide, rud a chuireann le leochaileacht na ndaoine sin agus a bhaineann an bonn dá gcearta bunúsacha agus dá ndínit; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór tacú le tíortha atá i mbéal forbartha chun beartais éifeachtacha maidir le maolú agus oiriúnú don athrú aeráide a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

3.  á iarraidh ar AE aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar bhunchúiseanna chailliúint na bithéagsúlachta agus na hoibleagáidí maidir le caomhnú, úsáid inbhuanaithe acmhainní agus athchóiriú éiceachóras a phríomhshruthú isteach ina bheartas agus ina chomhpháirtíochtaí maidir le comhar um fhorbairt sheachtrach, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe beartais don fhorbairt d’fhonn an brú ar bhithéagsúlacht ar fud an domhain a laghdú;

4.  á mheabhrú go n-éilítear leis an bhforbairt inbhuanaithe cothromaíocht mhaith a bhaint amach idir na gnéithe eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil; á mheabhrú freisin go bhfuil caomhnú, úsáid agus athbhunú na bithéagsúlachta ríthábhachtach chun a lán cuspóirí beartais forbartha a bhaint amach, lena n-áirítear sláinte an duine, maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú sin, luathrabhadh, laghdú rioscaí tubaiste, uisce, slándáil bia agus cothaithe, forbairt tuaithe agus cruthú post, úsáid inbhuanaithe foraoisí, éiceachórais talmhaíochta agus córais bhia athléimneacha a chruthú nó a chaomhnú; á mheabhrú go n-iompraíonn daoine bochta, go háirithe mná agus daoine óga, chomh maith le daoine dúchasacha agus pobail nádúrtha eile atá ag brath ar acmhainní go díréireach éifeachtaí díobhálacha dhíghrádaithe an éiceachórais;

5.  á thabhairt chun suntais go bhfuil AE freagrach freisin as caomhnú na bithéagsúlachta domhanda agus as úsáid inbhuanaithe na héagsúlachta bitheolaíche; á chur i bhfáth gur cheart go dtógfaí cuspóirí agus spriocanna bithéagsúlachta AE ar eolas eolaíoch fónta agus go ndéanfaí iad a chomhtháthú go hiomlán i ngníomhaíocht sheachtrach AE, go háirithe faoi shainchúram straitéisí agus comhaontuithe comhpháirtíochta, lena n-áirítear comhaontuithe iascaigh le tíortha atá i mbéal forbartha; ag áitiú gur cheart iarrachtaí caomhnaithe agus athchóirithe i dtíortha den sórt sin, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach, a ghéarú;

6.  ag meabhrú fhreagracht AE agus na dtríú tíortha forbartha maidir le cailliúint na bithéagsúlachta ar an leibhéal domhanda; á iarraidh ar AE dlús a chur leis an tacaíocht airgeadais agus theicniúil do thíortha atá i mbéal forbartha ar fud an domhain chun na spriocanna nua domhanda a bhaint amach, chun an choireacht chomhshaoil a chomhrac agus chun dul i ngleic leis na nithe a spreagann cailliúint na bithéagsúlachta;

7.  ag cur béim ar dhualgas na stát éiceachórais nádúrtha agus éiceachórais atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de a chosaint agus a bhainistiú go hinbhuanaithe, agus cearta an duine agus cearta talún PDA agus shliocht na hAfraice a bhraitheann ar na héiceachórais sin chun maireachtáil a choimirciú;

8.  á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit aitheantas don cheart chun comhshaoil shábháilte, ghlain, shláintiúil agus inbhuanaithe a áireamh sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tacú leis an aitheantas domhanda don cheart sin mar cheart daonna agus tacú le cosaint chuimsitheach an dúlra, na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras a chumhdach mar bhunús do bheatha, lena dtabharfaí aitheantas d’idirspleáchas agus do cheart gach duine, lena n-áirítear na glúnta atá le teacht, i leith an dúlra, go háirithe trí chaighdeáin dhiana maidir le trédhearcacht, rannpháirtíocht phoiblí agus rochtain ar cheartas a fhorfheidhmiú i gcomhréir le Coinbhinsiún Aarhus agus leis an dlí idirnáisiúnta; á mheas, sa chomhthéacs sin, agus i bhfianaise go ndéantar an damáiste is tromchúisí d’éiceachórais i dtíortha atá i mbéal forbartha, gur gá gach cineál damáiste don chomhshaol a chomhrac, lena n-áirítear i dtríú tíortha uile a gcomhoibríonn AE leo, agus i dtimpeallachtaí a mbíonn daoine bochta an domhain ag brath orthu agus scrúdú a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, ar ábharthacht agus ar leas cearta chun dúlra a dheonú;

9.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di an bhearna ollmhór sna sonraí, sna táscairí agus sa mhaoiniú is gá chun stop a chur le cailliúint na bithéagsúlachta, agus neamhréireachtaí sa tuairisciú agus sa rianú ar mhaoiniú na bithéagsúlachta; á mheabhrú go bhfuil sé bunriachtanach spriocanna agus táscairí sonracha, intomhaiste agus cainníochtúla a bhunú don chreat tar éis 2020 chun feabhas a chur ar an gcumas faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn;

10.  á chur in iúl gur díol sásaimh di tionscnamh na hAfraice maidir leis an ‘mBalla Mór Glas’ agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an tionscadal sin;

11.  á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí chun measúnú agus luacháil níos fearr a dhéanamh ar an mbithéagsúlacht agus ar sheirbhísí éiceachórais agus na luachanna sin a chomhtháthú sa chinnteoireacht;

12.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go rannchuideoidh an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI)-An Eoraip Dhomhanda le sprioc bhithéagsúlachta an chreata airgeadais ilbhliantúil fhoriomláin (CAI); á chur i bhfios go láidir go bhfuil pleanáil, grinnscrúdú agus faireachán NDICI-na hEorpa Domhanda ríthábhachtach chun spriocanna bithéagsúlachta domhanda AE a bhaint amach; á mheabhrú gur cheart do NDICI-an Eoraip Dhomhanda rannchuidiú leis an uaillmhian 7,5 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta sa bhliain 2024 agus 10 % den chaiteachas bliantúil faoi CAI a chur ar fáil do chuspóirí bithéagsúlachta ó 2026 ar aghaidh; á iarraidh go ndéanfaí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chur i bhfeidhm go héifeachtach ar fud chaiteachas agus chláir AE; á iarraidh go bhfeabhsófaí creat tuairiscithe agus faireacháin bheartas seachtrach bithéagsúlachta AE, inter alia trí fhorálacha mionsonraithe maidir le cuspóirí agus táscairí bithéagsúlachta; á iarraidh, ar bhonn níos leithne, ar AE agus ar na Ballstáit taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn maidir le caomhnú agus cosaint na bithéagsúlachta, agus réitigh agrai-éiceolaíocha chun príomhthairbhí forbartha a sholáthar, agus ar an gcaoi sin cuidiú le cur chun feidhme SDGanna;

13.  á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil buiséad seachtrach AE maidir le tacú le beartas bithéagsúlachta fós an-íseal i gcomparáid leis an mbuiséad atá curtha i leataobh do bheartais maidir leis an athrú aeráide; á iarraidh go méadófaí go héifeachtach na cistí do chosaint na bithéagsúlachta, i gcomhréir le comhaontú CAI, agus do chúnamh teicniúil chun uirlisí breise maidir le slógadh acmhainní a fhorbairt d’fhonn freagairt do ghealltanais dhomhanda maidir leis an mbithéagsúlacht; á chur i bhfáth gur gá fóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol a rianú, a thuairisciú agus a chéimniú amach de réir a chéile, agus iad a dhíriú i dtreo gníomhaíochtaí atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht, i gcomhréir le Clár Oibre 2030 agus leis na Coinbhinsiúin agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha; á iarraidh go gcuirfí sciar suntasach de chúnamh oifigiúil forbartha AE atá tiomnaithe do ghníomhaíocht ar son na haeráide chuig tacú le comhthairbhí chaomhnú na bithéagsúlachta i maolú agus oiriúnú don athrú aeráide;

14.  á iarraidh ar AE dlí éigeantach maidir le dícheall cuí a rith chun freagracht dhíreach a chur ar chuideachtaí agus ar a gcuid airgeadaithe as a áirithiú nach mbeidh a n-allmhairí faoi smál ag sáruithe ar chearta an duine, amhail grabáil talún agus díghrádú comhshaoil (lena n-áirítear dífhoraoisiú agus cailliúint na bithéagsúlachta); á iarraidh, ar bhonn níos leithne, ar AE a cheangal ar institiúidí gnó agus airgeadais a dtiomantas don bhithéagsúlacht a mhéadú, mar shampla trí fhorálacha láidre agus éigeantacha maidir le measúnú tionchair, bainistiú riosca, nochtadh agus ceanglais maidir le tuairisciú seachtrach; á iarraidh ar ECFE tacar gníomhaíochtaí praiticiúla a fhorbairt maidir le dícheall cuí agus maidir leis an mbithéagsúlacht chun tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag lucht gnó;

15.  á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas an Choimisiúin togra reachtach a fhorbairt maidir le cearta an duine agus dícheall cuí corparáideach comhshaoil do chuideachtaí ar fud a slabhraí soláthair; ag moladh gur cheart don togra reachtach seo tacú le forbairt modheolaíochtaí comhchoiteanna chun an tionchar ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide a thomhas, agus an fhorbairt sin a éascú; ag cur béim ar a thábhachtaí atá comhairliúchán éifeachtach, fóinteach agus feasach leis na geallsealbhóirí uile a ndearnadh difear dóibh nó a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, amhail cosantóirí chearta an duine agus cosantóirí an chomhshaoil, an tsochaí shibhialta, ceardchumainn agus PDA; ag cur in iúl gurb oth léi na heasnaimh thromchúiseacha i gcur chun feidhme chreat na Náisiún Aontaithe maidir le ‘Cosaint, Meas agus Leigheas’ agus na Treoirphrionsabail maidir le Gnó agus Cearta an Duine i dtaca le cearta na bpobal dúchasach agus cearta talún araon; á iarraidh an athuair ar AE páirt a ghlacadh in obair Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine ar bhealach cuiditheach maidir le hionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí chun gníomhaíochtaí corparáidí trasnáisiúnta agus fiontar eile gnó a rialú, sa dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, agus lenar cheart go n-áireofaí caighdeáin shonracha chun pobail dhúchasacha a chosaint;

16.  ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún togra a thíolacadh go práinneach maidir le creat dlíthiúil AE chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda agus díghrádú foraoise faoi thionchar AE agus iad a aisiompú, lena bhforchuirfí ceanglas ar chuideachtaí dícheall cuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbaineann na táirgí a chuirtear ar mhargadh AE le dífhoraoisiú, le hathrú éiceachóras nádúrtha agus le sáruithe ar chearta PDA;

Comhtháthú beartais le haghaidh forbartha

17.  á mheabhrú go mbraitheann éifeachtacht bheartas seachtrach bithéagsúlachta AE ar chomhtháthú beartais idir an bhithéagsúlacht agus príomhbheartais sheachtracha eile de chuid AE, amhail comhaontuithe trádála agus infheistíochta;

18.  ag tabhairt dá haire go léirítear sa tuarascáil mheasúnachta dhomhanda 2019 de chuid IPBES maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais teorainneacha an chur chuige maidir le bithéagsúlacht a chosaint trí fhairsinge spásúil na limistéar talún agus muirí faoi chosaint, arb ionann iad agus cuid de bheagán na Spriocanna Bithéagsúlachta Aichi a baineadh amach go páirteach;

19.  á thabhairt chun suntais go bhfuil an bhithéagsúlacht i gcroílár a lán gníomhaíochtaí eacnamaíocha, go háirithe iad siúd a bhaineann le talmhaíocht barr agus beostoic, foraoiseacht, iascach agus go leor cineálacha turasóireachta atá bunaithe go díreach ar an dúlra agus ar éiceachórais shláintiúla; ag tathant ar AE seirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais a phríomhshruthú i réimsí beartais gaolmhara uile, go háirithe talmhaíocht, iascach, foraoiseacht, fuinneamh, mianadóireacht, trádáil, turasóireacht agus athrú aeráide, chomh maith i mbeartais agus gníomhaíochtaí forbartha agus laghdaithe bochtaineachta a chur chun cinn, agus réitigh nuálacha agus a bhféadfaí a chur chun feidhme a chur chun cinn d’fhonn dul i ngleic le cailliúint na bithéagsúlachta agus bia sláintiúil, sábháilte, inrochtana agus inacmhainne a áirithiú do chách ag an am céanna;

20.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb ionann tomhaltas AE agus tuairim is 10 % de sciar dhomhanda an dífhoraoisithe, go háirithe trína spleáchas ar allmhairí tráchtearraí talmhaíochta amhail ola pailme, feoil, soighe, cócó, caife, grán buí, adhmad agus rubar; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún togra a thíolacadh in 2021 le haghaidh chreat dlíthiúil AE chun stop a chur le dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE agus é a aisiompú, trína áirithiú nach ndéanann margaí agus patrúin tomhaltais AE difear díobhálach d’fhoraoisí agus don bhithéagsúlacht i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus toradh iarmhartach na nithe sin ar a bpobail á chur san áireamh; á iarraidh ar AE tacaíocht a thabhairt do na tíortha sin chun inbhuanaitheacht na gcóras bia a chur chun feidhme, trí shlabhraí soláthair gairide a chruthú, an agra-éiceolaíocht a fhorbairt, tacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí beaga, agus cearta talún agus cearta pobal áitiúil á n-áirithiú ag an am céanna;

21.  á iarraidh go gcuirfidh AE chun cinn, ina ghníomhaíocht idirnáisiúnta um fhorbairt, cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe chun foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú, agus aird ar leith á tabhairt ar bhainistiú inbhuanaithe acmhainní uisce, ar athbhunú talún díghrádaithe agus ar chosaint agus athbhunú limistéar bithéagsúil ina bhfuil ardseirbhísí éiceachórais agus acmhainneacht chun an t-athrú aeráide a mhaolú; á iarraidh go gcuirfidh AE dlús le cur chun feidhme a Phlean Gníomhaíochta maidir le Forfheidhmiú an Dlí, Rialachas agus Trádáil i dtaca le Foraoisí (FLEGT) agus, go háirithe, cur chun feidhme na gComhaontuithe Comhpháirtíochta Deonaí, chun an t-éileamh ar adhmad neamhdhleathach agus an trádáil ghaolmhar a laghdú, agus chun cearta IPLC dá ndéanann an lománaíocht difear a neartú;

22.  á mheabhrú go bhfuil éileamh méadaitheach AE ar adhmad lena úsáid in ábhair, i bhfuinneamh agus sa bhithgheilleagar ag dul thar theorainneacha a sholáthair, rud a fhágann baol níos mó a bheith ann go ndéanfar dífhoraoisiú allmhaire-chorpraithe, grabáil talún, easáitiú éigeantach agus sáruithe ar chearta na bpobal dúchasach; ag athdhearbhú gur cheart go bhfreagródh beartas bithfhuinnimh AE do dhianchritéir chomhshaoil agus shóisialta;

23.  á chur i bhfios go láidir gur gá infheistíocht dá dtugtar tacaíocht ón Aontas sa talmhaíocht, i bhforaoisí nó in iascaigh, nó i ngnóthais a bhfuil tionchar acu ar ithir, ar fhéarthailte, ar fhoraoisí, ar uisce nó ar an bhfarraige, a bheith i gcomhréir, inter alia, le Treoirlínte Deonacha FAO/an Choiste maidir le Sábháilteacht Sholáthar Bia an Domhain (CFS) ar Rialachas Freagrach ar Thionacht Talún, Iascaigh agus Foraoisí i gcomhthéacs Shlándáil Náisiúnta an tSoláthair Bia (VGGTanna) agus Prionsabail FAO/CFS um Infheistíocht Fhreagrach sa Talmhaíocht agus i gCórais Bhia chun éiceachórais a chosaint agus chun cailliúint na bithéagsúlachta a chosc;

24.  á iarraidh go dtabharfar tosaíocht do chosaint agus athbhunú foraoisí agus do chosaint na bithéagsúlachta a NDICI atá le teacht; ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir le foraoisí a bhfeidhmeanna iomlána don aeráid agus don chomhshaol a fhorbairt ach má bhainistítear go hinbhuanaithe iad;

25.  á chur i bhfios go láidir nach bhfuil cosaint na bithéagsúlachta agus maolú ar an athrú aeráide ag tacú go huathoibríoch le chéile; á iarraidh go bhfágfaidh an t-athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (RED II) í a bheith comhsheasmhach le gealltanais idirnáisiúnta AE faoi Chlár Oibre 2030, Comhaontú Pháras agus an Coinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, arb é is aidhm leis, i measc nithe eile, critéir inbhuanaitheachta sóisialta a thabhairt isteach, agus fós na rioscaí a bhaineann le grabáil talún a chur san áireamh; á chur i bhfáth, chun na críche sin, gur cheart go gcomhlíonfadh RED II caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta tionachta, i.e. Coinbhinsiún EIS Uimh. 169 agus Treoirlínte Deonacha FAO/CFS maidir le Tionacht Talún agus Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach sa Talmhaíocht agus i gCórais Bhia;

Talmhaíocht agus iascach

26.  ag meabhrú go bhfuil córais agraibhia agus feirmeoirí beaga ag brath ar an mbithéagsúlacht agus go bhfuil tionchar suntasach acu ar an mbithéagsúlacht; á thabhairt chun suntais, chun an bhithéagsúlacht a phríomhshruthú go héifeachtach sa talmhaíocht, gur gá a áirithiú go soláthrófar dreasachtaí airgeadais agus gníomhaíochtaí deonacha agus rialála lena gcuirtear chun cinn glacadh agus seachadadh na bithéagsúlachta agus tairbhí comhshaoil de pháirt feirmeoirí trí oiliúint, trí úsáid na teicneolaíochta agus tríd an nuálaíocht, mar aon le dea-chleachtais inbhuanaithe talmhaíochta, rud a fhágann, i measc nithe eile, gur gá acmhainní teoranta uisce a athshlánú agus aghaidh a thabhairt ar dhíghrádú talún agus ar fhású; á thabhairt chun suntais gur cheart, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe beartais don fhorbairt, fóirdheontais lena ndéantar dochar don chomhshaol a shainaithint agus deireadh a chur leo de réir a chéile i gcomhréir leis na cinntí arna nglacadh ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ndéanfar Measúnuithe Tionchair Comhshaoil (EIAanna) éigeantacha ex ante agus ex post éigeantacha ar an infheistíocht ghaolmhar a fhaigheann tacaíocht ón Aontas; á iarraidh, chuige sin, go gcuirfidh AE dlús lena thacaíocht airgeadais agus theicniúil do thíortha atá i mbéal forbartha;

27.  á mheabhrú gur aithníodh acmhainneacht uathúil na hagra-éiceolaíochta na gnéithe eacnamaíocha, comhshaoil agus sóisialta den inbhuanaitheacht a thabhairt chun réitigh i dtuarascálacha cinniúnacha ó IPCC agus IPBES agus freisin tríd an measúnú talmhaíochta domhanda faoi stiúir an Bhainc Dhomhanda agus FAO (IAASTD); á áitiú gur cheart go mbeadh cistiú seachtrach AE don talmhaíocht i gcomhréir le nádúr bunathraitheach Chlár Oibre 2030, Chomhaontú Páras agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an mBithéagsúlacht; á mheas gur cheart tosaíocht a thabhairt dá réir sin d’infheistíocht i mbarra, agrai-éiceolaíocht, agrafhoraoiseacht agus éagsúla arna n-oiriúnú go háitiúil agus atá tíosach ar acmhainní;

28.  ag meabhrú go gcumhdaítear úsáid síolta géinmhodhnaithe le paitinní a bhaineann an bonn ó chearta feirmeoirí beaga agus pobal dúchasach a síolta a shábháil, a úsáid, a mhalartú agus a dhíol, rud atá cumhdaithe i gcomhaontuithe idirnáisiúnta amhail an Conradh Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA), Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach (UNDRIP) agus Dearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a Oibríonn i gCeantair Thuaithe (UNDROP); ag meabhrú gur minic a bhaineann barra géinmhodhnaithe le mórúsáid luibhicídí; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibleagáidí an Aontais faoi chomhaontuithe idirnáisiúnta a chur san áireamh agus a áirithiú nach n-úsáidfear cabhair um fhorbairt chun teicneolaíochtaí géinmhodhnaithe (GM) a chur chun cinn i dtíortha atá i mbéal forbartha;

29.  ag meabhrú go bhfuil éagsúlacht síolta agus barr a fheabhsú trí aistriú chuig cineálacha frithsheasmhacha ríthábhachtach chun athléimneacht na talmhaíochta a chothú, chun dul in oiriúint do dhálaí athraitheacha amhail an t-athrú aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, nuaghalair zónóiseacha, lotnaidí, triomach nó tuilte, agus an t-éileamh ar bhia agus an tslándáil bia atá i dtíortha i mbéal forbartha á gcur san áireamh; á iarraidh go dtacódh an Coimisiún, faoi shainchúram a bheartas maidir le cabhair um fhorbairt agus a bheartas trádála agus infheistíochta trádála agus infheistíochta, leis an bhfeirmeoireacht atá i gcomhréir le forálacha ITPGRFA, lena gcosnaítear cearta feirmeoirí beaga a síolta agus a n-eolas traidisiúnta féin a choinneáil, a rialú, a chosaint agus a fhorbairt (lena n-áirítear ó thaobh airgeadais de, go teicniúil, chun bainc síl a bhunú chun síolta traidisiúnta a chaomhnú agus a mhalartú, agus laistigh de chomhaontuithe saorthrádála chomh maith); á chur i bhfios go láidir nach n-oireann an tAontas do Chosaint an Chórais um Chineálacha Nua Plandaí (córas UPOV) do leasanna tíortha atá i mbéal forbartha ina bhfuil córais síolta arna mbainistiú ag feirmeoirí (earnáil neamhfhoirmiúil na síolta) agus na cleachtais maidir le síolta a shábháil, a úsáid, a mhalartú agus a dhíol forleathan; ag tathant ar an Aontas córas neamhfhoirmiúil na síolta a chur chun cinn agus córas UPOV a athchóiriú sa chaoi go mbeidh feirmeoirí beaga in ann síolta sábháilte a úsáid agus sásra cothrom maidir le comhroinnt tairbhí a thabhairt isteach; ag meabhrú gur gheall an Coimisiún go dtabharfadh sé tosaíocht do chur chun feidhme éifeachtach an CBD i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta, agus ag tathant ar an Aontas tacú le fhorbairt cineálacha síolta arna n-oiriúnú go háitiúil agus síolta feirm-shábháilte, lena ndéantar cearta feirmeoirí acmhainní géiniteacha a choinneáil ar mhaithe leis an tslándáil bia agus le hoiriúnú don athrú aeráide a choimirciú;

30.  á iarraidh ar AE tacú le réimis ceart maoine intleachtúla a fheabhsaíonn forbairt cineálacha síolta atá oiriúnaithe ar bhonn áitiúil agus síolta saothraithe ag feirmeoirí;

31.  ag meabhrú gur siocair iad cleachtais neamhinbhuanaithe sa talmhaíocht agus san fhoraoiseacht, amhail asbhaint iomarcach uisce agus truailliú de bharr ceimiceáin ghuaiseacha, ina le díghrádú suntasach comhshaoil agus le cailliúint na bithéagsúlachta; á iarraidh go dtacóidh AE leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag tíortha atá i mbéal forbartha ar rialú rioscaí lotnaidicídí a neartú, meastóireacht a dhéanamh ar a gclárúcháin lotnaidicídí agus iad a ailíniú le Cód Iompair Idirnáisiúnta FAO/EDS maidir le Bainistiú Lotnaidicídí, lena n-áirítear trí chomhar Theas-Theas, an taighde ar roghanna eile ar lotnaidicídí, agus an t-oideachas ina leith, a neartú agus a n-infheistíochtaí i gcleachtais agrai-éiceolaíocha agus orgánach agus i dtáirgeadh agrai-éiceolaíoch agus orgánach a mhéadú, lena n-áirítear i gcleachtais inbhuanaithe uisciúcháin agus bainistithe uisce; á iarraidh, sa bhreis air sin, go gcuirfeadh AE stop le honnmhairí uile táirgí cosanta barr a bhfuil cosc orthu in AE, i gcomhréir le gealltanais AE i leith an chomhtháthaithe beartais don fhorbairt, an Comhaontú Glas, prionsabal na neamhdhíobhála agus Coinbhinsiún Rotterdam 1998; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh chun toirmeasc a chur ar shubstaintí guaiseacha a bhfuil cosc orthu in AE a onnmhairiú ó AE; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhlíonfaidh táirgí onnmhairithe na caighdeáin chéanna a chaithfidh táirgeoirí Eorpacha a chomhlíonadh, agus fós substaintí guaiseacha nach bhfuil ceadaithe in AE a sheachaint agus an bealach a réiteach do mhachaire réidh ar fud an domhain;

32.  ag tabhairt dá haire go bhfuil teicneolaíochtaí géinfhuadair, amhail i gcás muiscítí GM le haghaidh galair veicteoir-iompartha a rialú, ina mbagairtí tromchúiseacha agus núíosacha ar an gcomhshaol agus ar an dúlra, lena n-áirítear athruithe do-athraithe ar shlabhraí bia agus ar éiceachórais, agus meath na bithéagsúlachta, ar a mbraitheann na daoine is boichte ar domhan dá slí bheatha; ag athdhearbhú gur cúis bhuartha di na dúshláin nua dhlíthiúla, chomhshaoil, bhithshábháilteachta agus rialachais a d’fhéadfadh teacht as scaoileadh orgánach ghéinfhuadair géin-innealtóireachta sa chomhshaol, lena n-áirítear chun críocha chaomhnú an dúlra; ag athdhearbhú nach mór toiliú saor, roimh ré agus feasach IPLC a lorg agus a fháil sula scaoilfear aon teicneolaíochtaí a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar a n-eolas traidisiúnta, ar a nuálaíocht, ar a gcleachtais, ar a slite beatha agus ar an úsáid a bhaineann siad as talamh, as acmhainní agus as uisce; á chur i bhfáth nach mór é sin a dhéanamh ar bhealach rannpháirteach lena mbeidh baint ag na pobail uile a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh sula n-úsáidfear iad; á mheas, ós rud é go bhfágann teicneolaíochtaí géinfhuadair ceisteanna a bheith ann faoi na deacrachtaí a bhaineann lena n-iompar a thuar, agus go bhféadfadh orgánaigh ghéinfhuadair a bheith ina speiceas ionrach iontu féin, nár cheart scaoileadh ar bith orgánach géinfhuadair ar a ndearnadh innealtóireacht ghéiniteach a cheadú, lena n-áirítear chun críocha an dúlra a chaomhnú, i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim;

33.  ag meabhrú go bhfuil caomhnú, athbhunú agus bainistiú inbhuanaithe éiceachóras muirí ríthabhachtach le haghaidh straitéisí maidir leis an athrú aeráide a mhaolú, agus fós a áirithiú go n-urramófar cearta agus slite beatha iascairí ar mhionscála agus pobal cósta; á chur i bhfios go bhfuil, sa tuarascáil speisialta ó IPCC ar an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú, fianaise ar na tairbhí a bhaineann le heolas eolaíoch a chomhcheangal le heolas áitiúil agus dúchasach chun athléimneacht a fhorfheidhmiú; ag tathant ar AE forbairt a dhéanamh ar chur chuige atá bunaithe ar chearta an duine i leith rialachas na n-aigéan;

34.  á thabhairt chun suntais go mbraitheann tuairim is 3 bhilliún duine ar fud an domhain ar tháirgí iascaigh mar phríomhfhoinse próitéine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht iomarcach iascaireachta faoi chuimsiú na trádála idirnáisiúnta éisc, amhail i gcás an tuinnín buí in uiscí na Séiséal, ina bagairt ar shlándáil bia na bpobal cósta agus ar éiceachórais mhuirí i dtíortha atá i mbéal forbartha; ag meabhrú go bhfuil an tAontas tiomanta do phrionsabal an chomhtháthaithe beartais don fhorbairt agus don dea-rialachas; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart Comhaontuithe Comhpháirtíochta maidir le hIascaigh Inbhuanaithe a fheabhsú chun go mbeidís inbhuanaithe go fíor, go mbeidís i gcomhréir leis an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus go gcuirfí san áireamh leo éifeachtaí carnacha na gcomhaontuithe éagsúla iascaigh atá i bhfeidhm; á iarraidh go dtacóidh AE le gníomhaíochtaí iascaigh inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha, d’fhonn éiceachórais mhuirí agus chósta a athbhunú agus a chosaint; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé leanúint den chomhrac i gcoinne na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), agus dlús a chur leis an gcomhrac sin, trí phionóis ar chleachtais choiriúla ghaolmhara a mhéadú agus trí acmhainní airgeadais a thiomnú chun na críche sin;

35.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cláir dhomhanda fothaithe acmhainneachta chun an bhithéagsúlacht ithreach agus Faireachlann Dhomhanda na Bithéagsúlachta Ithreach a úsáid agus a bhainistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na hiarrachtaí atá ar bun i gCoimisiún FAO maidir le hAcmhainní Géiniteacha do Bhia agus don Talmhaíocht le haghaidh Plean Gníomhaíochta Domhanda chun aghaidh a thabhairt ar mheath na bithéagsúlachta do bhia agus don talmhaíocht agus chun bainistiú inbhuanaithe na bithéagsúlachta a chur chun cinn;

36.  á thabhairt chun suntais go bhfuil iascairí ar mhionscála ag brath go díreach ar an mbithéagsúlacht chósta agus mhuirí dá slí bheatha; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil aigéin agus cóstaí an domhain go mór faoi bhagairt ag, mar shampla, iascaireacht neamh-inbhuanaithe, athrú aeráide tapa, truailliú talamhbhunaithe arna dhul isteach sna farraigí agus sna haigéin, truailliú mara, díghrádú na n-aigéan, eotrófú agus aigéadú; ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit na bearta uile is gá a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt, ar bhealach iomlánaíoch, ar bhunchúiseanna an truaillithe mhuirí agus an ídithe éisc trí bhíthin cur chuige cuimsitheach agus comhtháite lena gcuirtear san áireamh tionchar seachtrach bheartais earnálacha uile an Aontais, lena n-áirítear truailliú mara a eascraíonn óna bheartas talmhaíochta, chun freagairt go héifeachtach dá ghealltanais idirnáisiúnta maidir leis an mbithéagsúlacht agus maidir leis an athrú aeráide;

37.  ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá acmhainní muirí chun freastal ar bhunriachtanais dhaonna i dtíortha atá i mbéal forbartha; á iarraidh go dtabharfar aitheantas don aigéan mar acmhainn choiteann dhomhanda d’fhonn rannchuidiú le comhlíonadh na spriocanna forbartha inbhuanaithe i dtíortha atá i mbéal forbartha agus d’fhonn cosaint éifeachtach an aigéin; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá réir sin, tacú le samhail rialachais uaillmhianach maidir leis an mbithéagsúlacht mhuirí agus acmhainní géiniteacha muirí lasmuigh de dhlínsí náisiúnta i bhfóraim iltaobhacha idirnáisiúnta, amhail na heagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh; á chur i bhfáth, sa bhreis air sin, gur gá cur chuige comhtháite, atá bunaithe ar éiceachórais, i leith na n-earnálacha uile den Gheilleagar Gorm, bunaithe ar an eolaíocht, a chur chun feidhme; ag cur béim ar an bhfíoras, dá réir sin, go bhfuil sé de dhualgas ar stáit staonadh ó bhearta a dhéanamh, lena n-áirítear mórthionscadail forbartha, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do shlí bheatha, críocha nó cearta rochtana iascairí beaga intíre agus mara, mura rud é go bhfaightear a dtoiliú saor, roimh ré agus feasach, agus a áirithiú go gcosnóidh na cúirteanna na cearta sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart measúnuithe ex ante a dhéanamh ar thionscadail sa tionscal eastóscach, go háirithe chun meastóireacht a dhéanamh ar an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann ar chearta an duine i gcomhthéacs pobail iascaireachta áitiúla;

Trádáil

38.  á thabhairt chun suntais go bhfuil sé d’fhreagracht ar AE na tosca atá taobh thiar de chailliúint na bithéagsúlachta a laghdú, tríd an mbithéagsúlacht a chur san áireamh go córasach i gcaibidlíochtaí trádála agus in idirphlé le tíortha atá i mbéal forbartha;

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cúramach a dhéanamh ar thionchar comhaontuithe trádála ar an dífhoraoisiú, ar chailliúint na bithéagsúlachta agus ar chearta an duine sna Measúnuithe Tionchair Inbhuanaitheachta (SIAnna), bunaithe ar shonraí eolaíocha cuimsitheacha, daingne, agus ar mhodheolaíochtaí meastóireachta;

40.  á chur i bhfios gurb amhlaidh, de réir FAO, a chailltear nó a dhiomlaítear tuairim is aon trian de bhia an domhain, agus gurb amhlaidh a chailltear isteach is amach le haon trian den bhia buainte san iompar bia nó i slabhra an chlaochlaithe; ag tathant ar an Aontas agus ar na Ballstáit cleachtais a chur chun cinn lena laghdaítear cailliúint agus cur amú bia ar fud an domhain agus cearta na dtíortha atá i mbéal forbartha chun na ceannasachta bia a choimirciú mar bhealach chun slándáil chothaitheach, laghdú ar an mbochtaineacht, agus slabhraí soláthair domhanda agus margaí áitiúla agus réigiúnacha cuimsitheacha, inbhuanaithe agus cothroma a bhaint amach, agus fós aird ar leith a thabhairt ar an bhfeirmeoireacht teaghlaigh, chun soláthar bia inacmhainne agus inrochtana a áirithiú; á iarraidh, i gcomhréir leis sin, go dtabharfar tosaíocht don táirgeacht áitiúil agus don tomhaltas áitiúil a thacaíonn leis an bhfeirmeoireacht ar scála beag, a théann chun tairbhe do mhná agus do dhaoine óga go háirithe, a áirithíonn go gcruthaítear poist áitiúla, a ráthaíonn praghsanna cothroma do tháirgeoirí agus do thomhaltóirí, agus a laghdaíonn spleáchas tíortha ar allmhairí mar aon le leochaileacht na dtíortha atá i mbéal forbartha i leith luaineachtaí praghsanna idirnáisiúnta;

41.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil na caibidlí maidir leis an trádáil agus maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe (TSD) de chomhaontuithe saorthrádála an Aontais (CSTanna) infhorfheidhmithe go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún caibidlí TSD a atreisiú i gcomhthéacs CSTanna AE, go háirithe maidir le forálacha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht; á chur i bhfáth, chun go mbeidís infhorfheidhmithe go héifeachtach, nach mór forálacha a bhaineann leis an mbithéagsúlacht agus cuspóirí comhshaoil CSTanna AE a bheith soiléir agus nithiúil agus nach mór cur chun feidhme na bhforálacha agus na gcuspóirí sin a bheith infhíoraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú an athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an bplean gníomhaíochta 15 phointe, breithniú a dhéanamh i dtaobh breis gníomhaíochta a dhéanamh agus tuilleadh acmhainní a leithdháileadh chun go bhféadfaí caibidlí TSD a chur chun feidhme go héifeachtach, agus fós prionsabal an chomhtháthaithe beartais don fhorbairt inbhuanaithe a chur i bhfeidhm;

42.  á chur i bhfios go n-áiríonn AE forálacha neamhthrádála a bhaineann leis an mbithéagsúlacht i gcomhaontuithe trádála cheana, agus ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur féidir ráthaíochtaí inchurtha chun feidhme, intomhaiste agus réalaíocha a mheas;

43.  á thabhairt chun suntais go bhfuil bithéagsúlacht barr saothraithe agus ainmhithe feirmshaothraithe ag meath mar thoradh ar an trádáil idirnáisiúnta; á iarraidh go ndéanfar measúnú iomlán ar thionchar díreach agus indíreach chomhaontuithe saorthrádála AE ar an mbithéagsúlacht;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú cúramach a dhéanamh ar a bheartas trádála, go háirithe a Chomhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch, chun a áirithiú nach mbeidh sé ar neamhréir le prionsabail an chomhtháthaithe beartais don fhorbairt, le Comhaontú Pháras ná leis an gComhaontú Glas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle gan CSTanna nua a thabhairt chun críche a d’fhéadfadh a bheith ina siocair leis an dífhoraoisiú agus cailliúint na bithéagsúlachta ar fud an domhain a dhul in olcas;

Sláinte phoiblí

45.  á chur i bhfáth go mbíonn idir thionchair dhíreacha agus tionchair indíreacha ag meathlú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras ar an tsláinte phoiblí;

46.  ag tabhairt dá haire go ndéanfadh aistí bia éagsúla mar aon le cóineasú domhanda go leibhéil mheasartha tomhaltais calraí agus feola feabhas a chur ar an tsláinte agus ar an tslándáil bia in a lán ceantar agus freisin tionchar na bithéagsúlachta a laghdú go suntasach;

47.  ag leagan béim ar an nasc idir cailliúint na bithéagsúlachta agus teacht chun cinn paitiginí zónóiseacha; ag meabhrú go bhfuil baol níos mó ann go mbeidh paindéimí ann de dheasca athruithe antrapaigineacha a fhágann an fiadhúlra, an beostoc agus daoine a bheith i dteagmháil níos dlúithe le chéile, amhail athrú ar úsáid na talún, an dífhoraoisiú, leathnú agus diansaothrú na talmhaíochta, agus trádáil agus tomhaltas fiadhúlra leathach agus neamhdhleathach, mar aon le brú déimeagrafach; á mheabhrú go bhfuil athchóiriú éiceolaíoch ríthábhachtach chun an cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ a chur chun feidhme; á chur i bhfáth, ar bhonn is leithne, léiríodh le paindéim COVID-19 a thábhachtaí atá sé go n-aithneofaí an nasc intreach idir sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus an bhithéagsúlacht; á chur i bhfáth, dá réir sin, a thábhachtaí atá an cur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ agus gur gá, uime sin, béim níos láidre a chur ar an gcúram sláinte, ar chosc galar agus ar rochtain ar chógais i dtíortha atá i mbéal forbartha, trí chomhleanúnachas beartas trádála, sláinte, taighde agus nuálaíochta le cuspóirí an bheartais forbartha a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, gníomhaíocht an Aontais i gcoinne paindéimí agus bagairtí eile sláinte a atreisiú, agus fós na naisc idir paindéimí zónóiseacha agus cailliúint na bithéagsúlachta a chur san áireamh, i gcomhréir leis an togra nua ón gCoimisiún maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte, agus fós cur leis an gcomhar le tíortha comhpháirtíochta an Aontais chun an baol go mbeadh paindéimí zónóiseacha ann amach anseo a laghdú agus chun tacú le forbairt conartha idirnáisiúnta ar phaindéimí faoi EDS;

48.  ag meabhrú gur ón mbithéagsúlacht a eascraíonn formhór na ndrugaí a úsáidtear don chúram sláinte agus le haghaidh galair a chosc, go háirithe plandaí ar fud an domhain, cé go n-eascraíonn a lán teiripic thábhachtach ón eolas dúchasach agus ón leigheas traidisiúnta;

49.  ag cur béim ar na dúshláin a eascraíonn as cearta maoine intleachtúla ar acmhainní géiniteacha agus eolas traidisiúnta i dtíortha atá i mbéal forbartha maidir le rochtain ar leigheas, táirgeadh drugaí cineálacha agus rochtain feirmeoirí ar shíolta;

50.  á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go ndéantar tairbhí acmhainní géiniteacha an dúlra a comhroinnt go cothrom agus go cothromasach agus á thabhairt chun suntais gur gá comhleanúnachas a bheith ann idir comhaontuithe idirnáisiúnta ina leith sin; á chur i bhfios go láidir nach mór rialacháin arna nglacadh chun acmhainní géiniteacha agus an t-eolas traidisiúnta gaolmhar a chosaint a bheith i gcomhréir le gealltanais idirnáisiúnta maidir le cur chun cinn agus urramú chearta na bpobal dúchasach, mar a chumhdaítear i nDearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na bPobal Dúchasach, 2007, agus i gCoinbhinsiún Uimh. 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha, 1989; á chur i bhfáth gur gá bunús acmhainní géiniteacha a nochtadh le linn imeachtaí paitinne, nuair is eol sin, i gcomhréir le Treoir 98/44/CE(12); á iarraidh ar an gCoimisiún a éileamh go mbeadh rialacha EDT comhsheasmhach le Prótacal Nagoya a ghabhann le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch, chun an bhithphíoráideacht a chosc go héifeachtach;

Pobail dhúchasacha agus áitiúla

51.  á chur i bhfios go láidir go léiríonn measúnú domhanda IPBES an tábhacht a bhaineann le PDA do chaomhnú bithéagsúlachta domhanda agus do bhainistiú éiceachórais; á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin na móracmhainneachta a bhaineann leis, nár baineadh úsáid éifeachtach as an eolas dúchasach, agus go bhfuil aitheantas sainráite do phobail dhúchasacha agus treibheacha, agus dá gcearta, fós ar díth i gcreataí dlíthiúla, beartais agus institiúideacha mórchuid tíortha, agus gur saincheist mhór fós é cur chun feidhme an eolais sin;

52.  á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn tréadaithe agus úsáideoirí eile talún atá bunaithe ar an dúlra ar thailte féaraigh agus ar fhéarthailte dúchasacha le caomhnú agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta nádúrtha agus baile;

53.  ag leagan béim ar an iliomad líomhaintí maidir le mórsháruithe ar chearta na bpobal dúchasach a thuairiscigh Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta na bpobal dúchasach, arna n-eascairt, mar shampla, as eastóscadh mianraí méadaithe, as forbairt tionscadal fuinnimh inathnuaite, as forleathnú an ghnó talmhaíochta, as bearta forbartha mórbhonneagar agus as bearta caomhnaithe;

54.  á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit an grinnscrúdú a dhéantar ar thionscadail agus ar chomhaontuithe trádála arna gcistiú ag an Aontas a fheabhsú chun sáruithe ar chearta an duine a chosc agus a bhrath agus chun foráil a dhéanamh maidir le gníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne na mí-úsáidí sin, agus aird ar leith á tabhairt ar na tionscadail agus na comhaontuithe sin a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thailte, críocha nó sócmhainní nádúrtha pobal dúchasach agus pobal áitiúil, lena n-áirítear i gcás inarb é atá i gceist ná limistéar faoi chosaint a chruthú, nó limistéar den sórt sin atá ann cheana a leathnú; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an Sásra Forbartha Inbhuanaithe maoiniú a dhéanamh ar thionscadail a théann chun tairbhe dóibh siúd is leochailí i leith thionchair an athraithe aeráide agus i leith thionchair chailliúint na bithéagsúlachta agus gur cheart measúnú tionchair um chearta an duine a dhéanamh ar thionscadail a mhaoinítear faoin SDM, gan ach tionscadail a bhfuil tionchar dearfach acu a bheith incháilithe don chlárú; á áitiú nach mór na gníomhaíochtaí uile i dtíortha atá i mbéal forbartha arna ndéanamh ag institiúidí airgeadais AE, go háirithe an Banc Eorpach Infheistíochta agus an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha, a bheith comhsheasmhach le gealltanais aeráide AE agus go cur chuige atá bunaithe ar chearta an duine a leanúint; á iarraidh go ndéanfar sásraí gearáin na mbanc faoi seach do dhaoine aonair nó ghrúpaí a bhféadfadh sé go ndearnadh sárú ar a gcearta de dheasca na ngníomhaíochtaí sin agus a d’fhéadfadh a bheith incháilithe do leigheasanna a threisiú agus a dhoimhniú;

55.  ag meabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar stáit faoin dlí idirnáisiúnta cearta na bpobal dúchasach chun úinéireacht a bheith acu ar a dtailte comhchoiteanna, chun iad a fhorbairt, a rialú agus a úsáid agus chun páirt a ghlacadh i mbainistiú agus caomhnú a n-acmhainní nádúrtha a aithint agus a chosaint; ag tathant ar AE a áirithiú go ndéanfar cur chuige cearta-bhunaithe a chur i bhfeidhm maidir leis na tionscadail uile a chistítear trí chúnamh oifigiúil um fhorbairt, agus aird ar leith á tabhairt ar chearta tréadaithe agus PDA, lena n-áirítear aitheantas a thabhairt dá gceart chun an fhéinchinntiúcháin agus a gceart chun rochtain a fháil ar chearta talún mar a chumhdaítear i gconarthaí maidir le cearta an duine, go háirithe UNDRIP; á chur i bhfáth gur gá cloí le prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré a chomhlíonadh mar a leagtar amach i gCoinbhinsiún Uimh. 169 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) maidir le Pobail Dhúchasacha agus Threibheacha, 1989, lena n-áirítear i dtaca leis an gcinnteoireacht uile maidir le limistéir faoi chosaint, agus gur gá sásraí cuntasachta, gearáin agus sásaimh a bhunú le haghaidh sáruithe ar chearta dúchasacha, go háirithe i gcomhthéacs gníomhaíochtaí caomhnaithe; á iarraidh ar Bhallstáit sin AE nár dhaingnigh Coinbhinsiún Uimh. 169 EIS go fóill é sin a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir go gcuireann Coinbhinsiún Uimh. 169 EIS oibleagáid ar na stáit daingniúcháin uile gníomhaíocht chomhordaithe a fhorbairt chun cearta na bpobal dúchasach a chosaint;

56.  ag leagan béim ar an iliomad líomhaintí maidir le mórsháruithe ar chearta chosantóirí an chomhshaoil freisin, mar a thuairiscigh Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le cearta chosantóirí an chomhshaoil, a cháin an líon méadaitheach ionsaithe, bagairtí báis agus dúnmharuithe arna ndéanamh ina n-aghaidh; ag meabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na stáit cosantóirí an chomhshaoil agus a muintir a chosaint ar chaipadh, ar imeaglú agus ar fhoréigean, mar a chumhdaítear sa dlí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, agus freisin a gcearta bunúsacha a ráthú; á iarraidh ar an Aontas tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i sásraí cosanta sonracha agus i gcláir cosanta shonracha do chosantóirí chearta an duine maidir leis an gcomhshaol, agus freisin do phobail dhúchasacha, agus pobail áitiúla, agus na cláir sin a neartú tuilleadh, lena n-áirítear a áirithiú go leanfaidh tionscadail ProtectDefenders.eu de bheith ann; á chur i bhfáth gur gá a gcearta, a n-eolas agus a dtaithí sa chomhrac i gcoinne chailliúint na bithéagsúlachta agus an díghrádaithe comhshaoil a aithint;

57.  ag tathant ar AE a áirithiú go gcosnóidh Tionscnamh NaturAfrica an fiadhúlra agus a n-éiceachórais ghaolmhara i gcomhréir le cur chuige cearta-bhunaithe i leith an chaomhnaithe, ar ina leith a theastaíonn toiliú saor, roimh ré agus feasach an IPLC lena mbaineann, in éineacht leis na grúpaí sin den tsochaí shibhialta a thacaíonn leo; á iarraidh ar AE cúnamh teicniúil agus airgeadais a sholáthar chun na críche sin;

58.  ag moladh do AE agus a Bhallstáit tacú leis an Struchtúr Afracach um Rialachas, agus go háirithe Cúirt na hAfraice um Chearta an Duine agus um Chearta Pobal, chun Creat Beartais an Aontais Afracaigh maidir le Tréadachas san Afraic a chur chun feidhme agus, ar bhonn níos leithne, chun cearta tréadaithe agus pobal dúchasach a aithint;

59.  á chur i bhfáth gur réamhriachtanas é cearta tionachta a dhaingniú chun bithéagsúlacht a phríomhshruthú go héifeachtach; á thabhairt dá haire, áfach, gur príomhchonstaic é an easpa comhcheart talún do phobail dhúchasacha maidir lena áirithiú go mbeidh éifeacht le caomhnú atá bunaithe ar chearta;

60.  ag meabhrú go bhfuil ag an aistriú chuig geilleagar glas agus digiteach impleachtaí ábhalmhóra d’earnáil na mianadóireachta agus go bhfuil imní ann mó sa mhó go leathfaidh an mhianadóireacht chuig tírdhreacha foraoise íogaire, rud a fhágfaidh an dífhoraoisiú agus díghrádú na bhforaoisí a bheith ag dul in olcas; ag meabhrú go bhfuil 80% d’fhoraoisí an domhain i dtailte agus críocha traidisiúnta pobal dúchasach; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí ar chleachtais mhianadóireachta fhreagracha agus inbhuanaithe a chothú, agus fós borradh a chur faoina n-aistriú chuig geilleagar ciorclach; á iarraidh, go háirithe, go bhforbróidh AE creat creat réigiúnach do thionscail eastóscacha lena gcuirfí smachtbhannaí ar chuideachtaí a dhéanann sárú ar chearta an duine agus lena soláthrófaí sásamh dlíthiúil do phobail dhúchasacha a ndearnadh sárú ar a gcearta; á chur i bhfáth gur gá toirmeasc a chur ar thaiscéalaíocht agus saothrú mianraí sna limistéir uile atá faoi chosaint, lena n-áirítear páirceanna náisiúnta agus Láithreáin Oidhreachta Domhanda;

Coiriúlacht chomhshaoil

61.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an choiriúlacht chomhshaoil ina bagairt dhomhanda ar chaomhnú an dúlra, ar an bhforbairt inbhuanaithe, ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil;

62.  á chur i bhfáth gur cheart gáinneáil ar an bhfiadhúlra a aicmiú mar choir thromchúiseach i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh na Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta d’fhonn comhar idirnáisiúnta a éascú, go háirithe i gcomhthéacs ina bhfuil baol mór ann go mbeidh paindéimí ann amach anseo mar gheall ar an trádáil san fhiadhúlra agus ar thomhaltas an fhiadhúlra;

63.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Phlean Gníomhaíochta AE i gcoinne na Gáinneála ar Fhiadhúlra chun trádáil neamhdhleathach fiadhúlra a chomhrac; á chur in iúl gur geal léi na dréachtbhearta arna bhfoilsiú ag an gCoimisiún a bhfuil sé mar aidhm leo ar thrádáil AE in eabhar a chosc; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, ina leith sin, a bheith chun tosaigh sa ghníomhaíocht idirnáisiúnta chun stop a chur leis an éileamh ar eabhar eilifinte agus aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na géarchéime maidir le póitseáil eilifintí, trí dhlús a chur lena gcomhar le tíortha san Afraic agus trí bhreis cúnaimh a thabhairt dóibh; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an Treoir um Choireacht Chomhshaoil(13) trína raon feidhme a leathnú agus trí fhorálacha sonracha le haghaidh sáruithe a thabhairt isteach chun a áirithiú go ndéanfar coireanna comhshaoil, lena n-áirítear an iascaireacht neamhdhleathach, coireacht fiadhúlra agus coireacht foraoise, a aithint mar choireanna tromchúiseacha agus a phionósú go leormhaith, go háirithe i gcomhthéacs na coireachta eagraithe, agus, ar an gcaoi sin, díspreagadh láidir a chruthú;

64.  ag tathant ar thíortha soláthair, idirthurais agus éilimh i dtrádáil neamhdhleathach fiadhúlra a leibhéil chomhair a dhoimhniú chun an trádáil sin a chomhrac feadh an tslabhra ina iomláine; ag tathant, go háirithe, ar rialtais na dtíortha soláthair an méid seo a leanas a dhéanamh; i) feabhas a chur ar an smacht reachta agus iombhagairtí éifeachtacha a chruthú trí neartú a dhéanamh ar an imscrúdú coiriúil, ar an ionchúiseamh coiriúil agus ar an bpianbhreith choiriúil; ii) dlíthe níos láidre a achtú lena gcaithfear leis an ngáinneáil neamhdhleathach ar an bhfiadhúlra mar ‘choir thromchúiseach’ ar cheart an leibhéal céanna airde a thabhairt uirthi is a thugtar ar chineálacha eile coireachta trasteorann tromchúisí; iii) níos mó acmhainní a chur i leataobh chun an choireacht fiadhúlra a chomhrac, go háirithe chun forfheidhmiú an dlí a mhéid bhaineann leis an bhfiadhúlra, rialuithe trádála, faireachán, agus brath agus urghabháil custam a neartú; iv) beartas neamhfhulaingthe ar an éilliú a ghlacadh;

65.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an choireacht chomhshaoil ina bagairt ar shlándáil an duine trí dhamáiste a dhéanamh d’acmhainní atá bunriachtanach do shlite beatha, trí bheith ina siocair le foréigean agus coinbhleachtaí, tríd an éilliú a ghéarú agus trí dhíobháil eile a dhéanamh; ag tathant ar AE tosaíocht sháraitheach pholaitiúil straitéiseach sa chomhar breithiúnach idirnáisiúnta i bhfóraim idirnáisiúnta a dhéanamh den chomhrac i gcoinne na coiriúlachta comhshaoil, go háirithe trí chomhlíonadh comhaontuithe comhshaoil iltaobhacha a chur chun cinn trí smachtbhannaí coiriúla a ghlacadh agus trí mhalartuithe dea-chleachtas agus trí mhéadú ar raon feidhme na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta i dtreo is go gcumhdódh sí gníomhaíochtaí coiriúla arb ionann iad agus éiceadhíothú a chur chun cinn ; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit acmhainní airgeadais agus daonna iomchuí a leithdháileadh ar choireanna comhshaoil a chosc, a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

66.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil forbairt tagtha ar an dlí idirnáisiúnta chun glacadh le coincheapa nua amhail oidhreacht chomhchoiteann an chine dhaonna, forbairt inbhuanaithe agus na glúnta atá le teacht, ach á chur i bhfáth nach bhfuil buansásra idirnáisiúnta ann chun faireachán a dhéanamh ar dhamáiste agus scrios don chomhshaol, ná chun aghaidh a thabhairt orthu, a athraíonn na hacmhainní uilechoiteanna domhanda nó na seirbhísí éiceachórais; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit, chun na críche sin, tacú le haistriú paraidíme chun éiceamharú agus ceart na nglúnta atá le teacht a áireamh sa dlí idirnáisiúnta comhshaoil;

o
o   o

67.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 201, 26.7.2013, lch. 60.
(2) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2020/621934/IPOL_STU(2020)603494_EN.pdf
(3) Https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/communication-annex-eu-biodiversity-strategy-2030_en.pdf agus https://www.europarl.europa.eu/doceo/document/TA-8-2016-0034_EN.html
(4) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/IDAN/2020/658217/IPOL_IDA(2020)658217_EN.pdf
(5) IO C 118, 8.4.2020, lch. 15.
(6) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2014/534980/EXPO_STU(2014)534980_EN.pdf
(7) https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/IDAN/2020/603488/EXPO_IDA(2020)603488_EN.pdf
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0285.
(9) Biodiversity: Finance and the Economic and Business Case for Action [Bithéagsúlacht: Airgeadas agus an Cás Eacnamaíoch agus Gnó le haghaidh Gníomhaíochta]. Achoimre Feidhmiúcháin agus Sintéis, An Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE), Bealtaine 2019, lch. 7.
(10) Biodiversity: Finance and the Economic and Business Case for Action [Bithéagsúlacht: Airgeadas agus an Cás Eacnamaíoch agus Gnó le haghaidh Gníomhaíochta]. Achoimre Feidhmiúcháin agus Sintéis, ECFE, Bealtaine 2019.
(11) Ceardlann IPBES maidir le Bithéagsúlacht agus Paindéimí, Tuarascáil Cheardlainne, 2020, lch. 23.
(12) Treoir 98/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 1998 maidir le cosaint dlí aireagán biteicneolaíoch (IO L 213, 30.7.1998, lch. 13).
(13) Treoir 2008/99/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le cosaint an chomhshaoil tríd an dlí coiriúil (IO L 328, 6.12.2008, lch. 28).


An intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla
PDF 176kWORD 63k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus a húsáid ag údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha in ábhair choiriúla (2020/2016(INI))
P9_TA(2021)0405A9-0232/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagail 2 agus 6 de, agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 16 de,

–  ag féachaint don Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”), go háirithe Airteagail 6, 7, 8, 11, 12, 13, 20, 21, 24 agus 47 di,

–  ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le Sonraí Pearsanta a Phróiseáil go hUathoibríoch (ETS 108), agus dá phrótacal leasaitheach (Coinbhinsiún 108+),

–  ag féachaint do Chairt Eiticiúil Eorpach an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh Éifeachtúlacht an Cheartais (CEPEJ) de chuid Chomhairle na hEorpa maidir le húsáid na hintleachta saorga i gcórais bhreithiúnacha agus ina dtimpeallacht;

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Aibreán 2019 dar teideal ‘Muinín a Chothú san Intleacht Shaorga Duine-Lárnaithe’ (COM(2019)0168),

–  ag féachaint do na Treoirlínte Eitice d’Intleacht Shaorga Iontaofa a d’fhoilsigh Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe an Choimisiúin um an Intleacht Shaorga an 8 Aibreán 2019,

–  ag féachaint do pháipéar bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal Artificial Intelligence – A European approach to excellence and trust [An Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín] (COM(2020)0065),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020, dar teideal ‘Straitéis Eorpach maidir le sonraí’ (COM(2020)0066),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(1),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE(3),

–  ag féachaint do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach)(4),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena n-aisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin(5),

–  ag féachaint dá rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le hagóidí frithchiníochais tar éis bhás George Floyd(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2017 maidir le hiarmhairtí mórshonraí ar chearta bunúsacha: príobháideacht, cosaint sonraí, neamh-idirdhealú, slándáil agus forfheidhmiú an dlí(7),

–  ag féachaint don éisteacht sa Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) an 20 Feabhra 2020 maidir leis an intleacht shaorga sa dlí coiriúil agus maidir leis an úsáid a bhaineann na póilíní agus na húdaráis bhreithiúnacha aisti in ábhair choiriúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ó mhisean LIBE chuig na Stáit Aontaithe i mí Feabhra 2020,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0232/2021),

A.  de bhrí go mbaineann gealltanais mhóra agus rioscaí móra le teicneolaíochtaí digiteacha i gcoitinne agus le hiomadú na próiseála sonraí agus na hanailísíochta arna chumasú leis an intleacht shaorga (IS) go háirithe; de bhrí go bhfuil dul chun cinn mór déanta ag forbairt IS le blianta beaga anuas, rud a fhágann go bhfuil sí ar cheann de theicneolaíochtaí straitéiseacha an 21ú haois, lena bhféadfaí sochair shuntasacha a ghiniúint ó thaobh éifeachtúlachta, cruinnis agus áisiúlachta de, agus, ar an gcaoi sin, lena mbaineann athrú dearfach do gheilleagar agus do shochaí na hEorpa, ach ina theannta sin rioscaí móra do chearta bunúsacha agus do dhaonlathais atá bunaithe ar an smacht reachta; de bhrí nár cheart go mbreathnófaí ar IS mar chríoch inti féin, ach mar uirlis chun freastal ar dhaoine, agus é mar aidhm dheiridh léi dea-bhail an duine, cumas an duine agus an tsábháilteacht a fheabhsú;

B.  de bhrí, in ainneoin dul chun cinn leanúnach i luas próiseála agus cumas cuimhne na ríomhaireachta, nach bhfuil aon chlár ann go fóill ar féidir leis solúbthacht an duine a mheaitseáil thar réimsí níos leithne ná i gcúraimí lena n-éilítear tuiscint ar chomhthéacs nó anailís chriticiúil; de bhrí go bhfuil roinnt feidhmchlár IS tar éis leibhéil feidhmíochta saineolaithe agus gairmithe daonna a bhaint amach agus iad i mbun cúraimí sonracha áirithe (e.g. teicneolaíocht dhlíthiúil), agus gur féidir leo torthaí a sholáthar ar luas i bhfad níos airde agus ar scála i bhfad níos leithne;

C.  de bhrí go mbaineann roinnt tíortha, lena n-áirítear roinnt Ballstát, níos mó úsáide as feidhmchláir IS, nó as córais leabaithe IS, i bhforfheidhmiú an dlí agus i mbreithiúna ná tíortha eile, arb é is cúis i bpáirt leis easpa rialála agus difríochtaí rialála lena gcumasaítear nó lena gcuirtear toirmeasc ar úsáid IS chun críocha áirithe; de bhrí go bhfuil úsáid mhéadaitheach IS i réimse an dlí choiriúil bunaithe go háirithe ar na gealltanais go laghdódh sí cineálacha áirithe coireachta agus go mbeadh cinntí níos oibiachtúla mar thoradh uirthi; de bhrí, áfach, nach fíor na gealltanais sin i gcónaí;

D.  de bhrí gur cheart cearta agus saoirsí bunúsacha a chumhdaítear sa Chairt a ráthú i gcaitheamh shaolré IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara, go háirithe agus iad á ndearadh, á bhforbairt, á n-imscaradh agus á n-úsáid, agus gur cheart feidhm a bheith acu maidir le forfheidhmiú an dlí i ngach uile chás;

E.  de bhrí gur cheart teicneolaíocht IS a fhorbairt ar bhealach a mbeidh daoine ar thús cadhnaíochta inti, a mbeidh muinín ag an bpobal aisti agus a n-oibreoidh sí i gcónaí ar son leas daoine; de bhrí gur cheart go mbainfeadh ráthaíocht bhunaidh le córais IS go ndearfar iad ionas gur féidir le hoibreoir daonna iad a mhúchadh i gcónaí;

F.  de bhrí gur gá córais IS a cheapadh ar mhaithe le cosaint agus tairbhe gach duine den tsochaí (lena n-áirítear pobail leochaileacha imeallaithe a chur san áireamh agus iad á ndearadh), go mbeidís neamh-idirdhealaitheach agus sábháilte, go mbeidh a gcinntí inmhínithe agus trédhearcach, agus go n-urramófar neamhspleáchas an duine agus cearta bunúsacha leo, chun go mbeidh siad iontaofa, mar a thuairiscítear sna Treoirlínte Eitice ón nGrúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga;

G.  de bhrí go bhfuil freagracht ríthábhachtach ar an Aontas i gcomhar leis na Ballstáit chun a áirithiú go ndéanfar na cinntí maidir le saolré agus úsáid fheidhmchláir IS i réimse an cheartais agus fhorfheidhmiú an dlí ar bhealach trédhearcach, go ndéanfaidh siad cearta bunúsacha a choimirciú go hiomlán, agus go háirithe nach mbuanóidh siad idirdhealú, laofacht nó claonadh i gcás inarb ann dóibh; de bhrí gur cheart go n-urramóidh na roghanna beartais ábhartha prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta chun bunreachtúlacht agus córas ceartais atá cóir agus daonnachtúil a ráthú;

H.  de bhrí go bhféadfadh feidhmchláir IS deiseanna iontacha a chur ar fáil i réimse fhorfheidhmiú an dlí, go háirithe ó thaobh modhanna oibre na ngníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus na n-údarás breithiúnach a fhorbairt, agus ó thaobh cineálacha áirithe coireachta a chomhrac ar bhealach níos éifeachtúla, go háirithe coireacht airgeadais, sciúradh airgid agus maoiniú na sceimhlitheoireachta, mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí ar líne mar aon le cineálacha áirithe cibearchoireachta, agus ar an gcaoi sin rannchuidiú le sábháilteacht agus slándáil shaoránaigh AE, fad is a d’fhéadfadh rioscaí suntasacha a bheith ag gabháil leo do chearta bunúsacha daoine; de bhrí go mbeadh sé díréireach aon feidhm ghinearálta a bhaint as IS chun críche ollfhaireachais;

I.  de bhrí go bhfuil baint ag an iliomad daoine aonair, eagraíochtaí, comhpháirteanna meaisín, algartaim bogearraí, agus úsáideoirí daonna le forbairt agus feidhmiú chórais IS d’údaráis phóilíneachta agus bhreithiúnacha i dtimpeallachtaí a bhíonn casta agus dúshlánach go minic; de bhrí go bhfuil feidhmeanna IS i bhforfheidhmiú an dlí agus sna breithiúna ag céimeanna forbartha éagsúla, bíodh sin an coincheapadh, an fréamhshamhaltú nó an mheastóireacht nó go deimhin an úsáid tar éis an fhormheasta; de bhrí go bhféadfadh deiseanna nua úsáide teacht chun cinn sa todhchaí de réir mar a éireoidh teicneolaíochtaí níos aibí mar gheall ar an taighde eolaíoch atá ar siúl ar fud an domhain;

J.  de bhrí go bhfuil géarghá le samhail shoiléir chun freagracht dhlíthiúil a shannadh maidir leis na héifeachtaí díobhálacha féideartha a bheadh ag córais IS i réimse an dlí choiriúil; de bhrí gur cheart go gcoimeádfaí cuntasacht dhaonna i gcónaí le forálacha rialála sa réimse sin agus nach mór é a bheith mar aidhm acu, ar an gcéad dul síos, aon éifeachtaí díobhálacha a sheachaint;

K.  de bhrí go bhfuil sé de fhreagracht ar na Ballstáit i ndeireadh na dála a ráthú go n-urramófar cearta bunúsacha ina n-iomláine nuair a úsáidtear córais IS i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna;

L.  de bhrí nach mór don ghaol idir cearta bunúsacha a chosaint agus póilíneacht éifeachtach a bheith ina ghné bhunriachtanach den phlé i gcónaí maidir le cé acu ar cheart nó nár cheart don earnáil forfheidhmithe dlí IS a úsáid agus conas ba cheart di sin a dhéanamh, i gcás ina bhféadfadh cinntí iarmhairtí fadtéarmacha a bheith acu ar shaol agus ar shaoirse daoine aonair; de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis sin toisc go bhfuil sé d’acmhainn ag IS a bheith ina cuid bhuan dár n-éiceachóras ceartais choiriúil lena gcuirtear anailís agus cúnamh imscrúdaitheach ar fáil;

M.  de bhrí go bhfuil IS in úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí i bhfeidhmchláir amhail teicneolaíochtaí aghaidh-aitheanta, e.g. chun bunachair sonraí daoine atá faoi dhrochamhras a chuardach agus íospartaigh na gainneála ar dhaoine nó íospartaigh an teacht i dtír ghnéasaigh ar leanaí nó na mí-úsáide gnéasaí leanaí a shainaithint, uathaithint uimhirphlátaí, aithint cainteora, aithint gutha, teicneolaíochtaí chun beola a léamh, faireachas éisteachta (i.e. algartaim chun piléir ó ghunna a bhrath), taighde uathrialaitheach agus anailís ar bhunachair sonraí shainaitheanta, réamhaisnéis (póilíneacht thuarthach agus anailísíocht i ndáil le teophointe coireachta), uirlisí braite iompraíochta, arduirlisí scrúdaithe fhíorúil iarbháis chun cabhrú leis an gcúis leis an mbás a chinneadh, uirlisí uathrialaitheacha chun calaois airgeadais agus maoiniú na sceimhlitheoireachta a shainaithint, faireachán ar na meáin shóisialta (eastóscadh agus cnuaschóipeáil sonraí le haghaidh mianadóireacht nasc) agus córais faireachais uathoibrithe ina bhfuil cumais bhraite éagsúla (amhail brath croíbhuille agus ceamairí teirmeacha); de bhrí go bhféadfadh éagsúlacht mhór iontaofachta agus chruinnis a bheith ag na feidhmchláir thuasluaite, mar aon le feidhmchláir eile a d’fhéadfadh a bheith ag teicneolaíocht IS i bhforfheidhmiú an dlí mar aon le tionchar ar chosaint na gceart bunúsach agus ar dhinimic na gcóras ceartais choiriúil; de bhrí go n-úsáidtear go leor de na huirlisí sin i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad ach go mbeidís mídhleathach faoi acquis cosanta sonraí an Aontais agus faoin gcásdlí; de bhrí gur féidir le gnáthúsáid algartam, fiú le ráta beag glactha bhréagaigh, a bheith ina cúis le foláirimh bhréagacha a bheith i bhfad níos líonmhaire ná foláirimh chearta;

N.  de bhrí go mbaineann na breithiúna úsáid as uirlisí agus feidhmchláir IS i roinnt tíortha ar fud an domhain freisin, lena n-áirítear chun tacú le cinntí maidir le coinneáil réamhthrialach, chun pianbhreith a ghearradh, chun dóchúlachtaí a ríomh maidir le frithchiontú agus chun promhadh a chinneadh, chun díospóidí a réiteach ar líne, chun an cásdlí a bhainistiú agus chun rochtain éascaithe ar an dlí a sholáthar; de bhrí gur saobhadh agus gur laghdaíodh seansanna daoine de dhath agus mionlach eile dá bharr sin; de bhrí go bhfuil a n-úsáid teoranta go príomha d’ábhair shibhialta faoi láthair in AE, cé is moite de roinnt Ballstát;

O.  de bhrí go mbaineann roinnt rioscaí, a d’fhéadfadh a bheith ard, agus i gcásanna áirithe do-ghlactha, le húsáid IS i bhforfheidhmiú an dlí maidir le cosaint chearta bunúsacha daoine aonair, amhail cinnteoireacht dhoiléir, cineálacha éagsúla idirdhealaithe agus earráidí a bhaineann leis an algartam foluiteach ar féidir iad a threisiú le lúbanna aischothaithe, mar aon le rioscaí maidir le cosaint príobháideachais agus sonraí pearsanta, cosaint na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, toimhde na neamhchiontachta, an ceart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime, chomh maith le rioscaí maidir le saoirse agus slándáil daoine aonair;

P.  de bhrí go bhfuil córais IS atá in úsáid ag forfheidhmiú an dlí agus na breithiúna i mbaol ionsaithe atá cumhachtaithe ag IS i gcoinne córais faisnéise nó nimhiú sonraí, ina n-áirítear tacar mícheart sonraí ar mhaithe le torthaí claonta a sholáthar; de bhrí go bhféadfadh an damáiste a eascraíonn astu a bheith níos suntasaí fós sna cásanna sin, agus go bhféadfadh leibhéil mhéadaithe dochair do dhaoine aonair agus do ghrúpaí araon a bheith mar thoradh air;

Q.  de bhrí nár cheart breathnú ar imscaradh IS i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna mar fhéidearthacht theicniúil amháin ach mar chinneadh polaitiúil maidir le dearadh agus cuspóirí fhorfheidhmiú an dlí agus na gcóras ceartais choiriúil; de bhrí go bhfuil an dlí coiriúil nua-aimseartha bunaithe ar an smaoineamh go bhfreagraíonn na húdaráis do chion tar éis a dhéanta, gan glacadh leis go bhfuil gach duine contúirteach agus gur gá monatóireacht a dhéanamh orthu i gcónaí chun cosc a chur ar éagóir a d’fhéadfaí a dhéanamh; de bhrí go dtugann teicnící faireachais atá bunaithe ar IS dúshlán mór don chur chuige sin agus go bhfágann siad gur práinneach go ndéanfaidh reachtóirí ar fud an domhain measúnú críochnúil ar na hiarmhairtí a bhaineann le himscaradh teicneolaíochtaí lena laghdaítear ról an duine i bhforfheidhmiú an dlí agus sa bhreithniú;

1.  á athdhearbhú, ós rud é go bhfuil próiseáil méideanna móra sonraí pearsanta i gcroílár IS, go bhfuil feidhm ag an gceart go ndéanfar an saol príobháideach a chosaint agus ag an gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint i ngach réimse IS, agus nach mór creat dlíthiúil an Aontais maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a chomhlíonadh go hiomlán; á mheabhrú, dá bhrí sin, go bhfuil caighdeáin cosanta sonraí bunaithe ag AE cheana le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí, ar caighdeáin iad atá mar bhonn faoi aon rialachán a dhéanfar amach anseo maidir le húsáid IS ag forfheidhmiú an dlí agus na breithiúna; á mheabhrú gur cheart go mbeadh próiseáil sonraí pearsanta dleathach agus cothrom, go ndéanfaí críocha na próiseála a shonrú agus go mbeidís sainráite agus dlisteanach, go mbeadh an phróiseáil leordhóthanach, ábhartha agus nach mbeadh sí iomarcach i ndáil leis an gcuspóir atá leis na sonraí a phróiseáil, go mbeadh na sonraí cruinn agus cothrom le dáta agus go ndéanfaí sonraí míchruinne, ach amháin má bhíonn srianta i bhfeidhm, a cheartú nó a scriosadh, nár cheart sonraí a choinneáil níos faide ná mar is gá, gur cheart teorainneacha ama soiléire agus iomchuí a bhunú le haghaidh scriosadh nó athbhreithniú tréimhsiúil ar an ngá atá leis na sonraí sin a stóráil, agus gur cheart na sonraí sin a phróiseáil ar bhealach slán; á chur i bhfios go láidir gur cheart cosc a chur ar an bhféidearthacht daoine aonair a shainaithint trí fheidhmchlár IS trí úsáid a bhaint as sonraí a ndearnadh anaithnidiú orthu roimhe sin;

2.  á athdhearbhú nach mór do réitigh uile IS i réimsí fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais lán-urraim a thabhairt do phrionsabail dhínit an duine agus na neamh-idirdhealaithe, do shaoirse gluaiseachta, do thoimhde na neamhchiontachta agus don cheart chun cosanta, lena n-áirítear an ceart bheith i do thost, don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, do shaoirse comhthionóil agus comhlachais, do chomhionannas faoin dlí, do phrionsabal chomhionannas na n-arm agus don cheart chun leighis éifeachtaigh agus chun trialach cothroime, i gcomhréir leis an gCairt agus leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine; á chur i bhfáth nach mór úsáid fheidhmchláir IS a thoirmeasc i gcás nach luíonn sí le cearta bunúsacha;

3.  á aithint nach féidir liosta uileghabhálach d’fheidhmchláir a bheith ann mar gheall ar an luas ag a bhfuil feidhmchláir IS á bhforbairt agus, dá bhrí sin, go bhfuil gá le múnla soiléir, comhleanúnach rialachais lena ráthaítear cearta bunúsacha daoine aonair agus soiléireacht dhlíthiúil d’fhorbróirí araon, i bhfianaise éabhlóid leanúnach na teicneolaíochta; á mheas, áfach, i bhfianaise ról agus fhreagracht na bpóilíní agus na n-údarás breithiúnach, agus thionchar na gcinntí a ghlacann siad ar mhaithe le cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó ar mhaithe le pionóis choiriúla a fhorghníomhú, gur gá úsáid fheidhmchláir IS a aicmiú mar úsáid ardriosca i gcásanna ina bhféadfaí tionchar suntasach a imirt ar shaol daoine aonair;

4.  á mheas, i dtaca leis sin, gur cheart, ar a laghad, d’aon uirlisí IS, arna bhforbairt nó arna n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag na córais bhreithiúnacha, a bheith sábháilte, láidir, slán agus oiriúnach don fheidhm, go ndéanfaidís prionsabail na cothroime, an íoslaghdaithe sonraí, na cuntasachta, na trédhearcachta, an neamh-idirdhealaithe agus na hinmhínitheachta a urramú agus gur cheart go mbeadh a bhforbairt, a n-imscaradh agus a n-úsáid faoi réir measúnú riosca agus diantástáil riachtanais agus chomhréireachta, i gcás inar gá coimircí a bheith comhréireach leis na rioscaí sainaitheanta; á thabhairt chun suntais go bhfuil muinín ag saoránaigh as úsáid IS a fhorbraítear, a imscartar agus a úsáidtear in AE, ar choinníoll go gcomhlíonfar na critéir sin ina n-iomláine;

5.  á aithint go rannchuidíonn cineálacha áirithe feidhmchlár IS go dearfach le hobair na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus na n-údarás breithiúnach ar fud an Aontais; á thabhairt chun suntais, mar shampla, gur feabhsaíodh bainistiú an chásdlí le huirlisí ag a bhfuil roghanna breise cuardaigh; á chreidiúint go bhfuil réimse úsáidí eile ann a d’fhéadfaí a bhaint as IS i gcomhair fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna agus a bhféadfaí iad a fhiosrú agus aird á tabhairt ar na cúig phrionsabal den Chairt Eitice maidir le húsáid na hintleachta saorga i gcórais bhreithiúnacha agus ina dtimpeallacht, arna glacadh ag CEPEJ, agus aird ar leith á tabhairt ar ‘na húsáidí atá le meas leis an bhforchoimeádas is tromchúisí’, arna sainaithint ag CEPEJ;

6.  á chur i bhfios go láidir gur féidir feidhm nua a bhaint as aon teicneolaíocht agus, dá bhrí sin, á iarraidh go ndéanfaí dianrialú daonlathach agus maoirseacht neamhspleách ar aon teicneolaíocht atá cumasaithe ag IS agus atá in úsáid ag na húdaráis um fhorfheidhmiú an dlí agus ag na húdaráis bhreithiúnacha, go háirithe iad siúd ar féidir feidhm nua a bhaint astu le haghaidh ollfhaireachais nó ollphróifílithe; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, agus é ina chúis mhór bhuartha di, an acmhainneacht ollmhór a bhaineann le teicneolaíochtaí áirithe IS a úsáidtear in earnáil fhorfheidhmiú an dlí chun críocha ollfhaireachais; á thabhairt chun suntais go bhfuil ceanglas dlíthiúil ann chun ollfhaireachas trí bhíthin teicneolaíochtaí IS a chosc, ar teicneolaíochtaí iad nach gcomhlíonann, de réir sainmhínithe, prionsabail an riachtanais ná na comhréireachta, agus chun toirmeasc a chur ar úsáid feidhmchlár a bhféadfadh sé sin a bheith mar thoradh uirthi;

7.  ag cur béim ar an bhfíoras go gcuireann an cur chuige a glacadh i roinnt tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad maidir le teicneolaíochtaí ollfhaireachais a fhorbairt, a imscaradh agus a úsáid isteach go díréireach ar chearta bunúsacha agus, dá bhrí sin, nach leanfaidh AE é; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá coimircí i gcoinne mí-úsáid teicneolaíochtaí IS ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag údaráis bhreithiúnacha a rialáil go haonfhoirmeach ar fud an Aontais;

8.  ag cur béim ar an mbaol atá ann go n-eascróidh claontacht agus idirdhealú as úsáid fheidhmchláir IS amhail an mheaisínfhoghlaim, lena n-áirítear na halgartaim ar a bhfuil na feidhmchláir sin bunaithe; ag tabhairt dá haire go bhféadfaidh claontaí a bheith ina ndlúthchuid de bhuntacair sonraí, go háirithe i gcás ina mbaintear úsáid as sonraí stairiúla, a thugann forbróirí na n-algartam isteach nó a ghintear nuair a chuirtear na córais chun feidhme i gcomhthéacsanna réalaíocha; á chur i bhfios gur gá go mbíonn tionchar ag cáilíocht na sonraí a úsáidtear ar na torthaí a chuirtear ar fáil le feidhmchláir IS, agus gur nós leis na claontachtaí dúchasacha sin méadú de réir a chéile agus, ar an gcaoi sin, idirdhealú atá ann cheana a bhuanú agus a mhéadú, go háirithe i gcás daoine ar de ghrúpaí eitneacha áirithe nó de phobail áirithe ar a ndéantar ciníochú iad;

9.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil go leor teicneolaíochtaí sainaitheantais , atá bunaithe ar algartaim agus atá in úsáid faoi láthair ann a dhéanann mí-aitheantas agus mí-aicmiú díréireach ar dhaoine agus a dhéanann dochar, dá bhrí sin, do dhaoine a ndéantar ciníochú orthu, do dhaoine aonair a bhaineann le pobail eitneacha áirithe, do dhaoine LADTI, do leanaí agus do dhaoine scothaosta, chomh maith le mná; á mheabhrú nach amháin go bhfuil sé de cheart ag daoine a bheith sainaitheanta i gceart, ach go bhfuil sé de cheart acu freisin gan a bheith sainaitheanta in aon chor, ach amháin má cheanglaítear leis an dlí é ar mhaithe le leasanna láidre agus dlisteanacha poiblí; á chur i bhfáth go ndéantar cineálacha idirdhealaithe atá ann cheana a mhéadú agus a atáirgeadh de bharr réamhaisnéisí IS atá bunaithe ar thréithe grúpa daoine ar leith; á mheas gur cheart tréaniarracht a dhéanamh idirdhealú agus claontacht uathoibrithe a sheachaint; á iarraidh go mbeadh cosaintí breise láidre ann i gcás ina ndéantar córais IS a úsáid i bhforfheidhmiú an dlí nó sna breithiúna le mionaoisigh nó ina leith;

10.  ag cur béim ar an neamhshiméadracht cumhachta atá idir na daoine a fhobraíonn agus a úsáideann teicneolaíochtaí IS agus na daoine atá faoina réir; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach nach mbeidh úsáid uirlisí IS ag údaráis forfheidhmithe dlí ná ag údaráis bhreithiúnacha ina gné den neamhionannas, den bhriseadh sóisialta ná den eisiamh; á chur i bhfios go láidir go mbíonn tionchar ag úsáid uirlisí IS ar chearta cosanta daoine atá faoi dhrochamhras, go mbaineann deacracht le faisnéis fhiúntach a fháil maidir lena bhfeidhmiú agus go mbaineann deacracht, dá bharr sin, le torthaí na n-uirlisí sin a cheistiú sa chúirt, go háirithe ag daoine aonair atá faoi imscrúdú;

11.  ag tabhairt dá haire na rioscaí a bhaineann go háirithe le sceitheadh sonraí, le sáruithe ar shlándáil sonraí agus le rochtain neamhúdaraithe ar shonraí pearsanta agus ar fhaisnéis eile a bhaineann, mar shampla, le himscrúduithe coiriúla nó cásanna cúirte agus a ndéanann córais IS próiseáil orthu; á chur i bhfios go láidir go gcaithfear gnéithe slándála agus sábháilteachta de chórais IS a úsáidtear i bhforfheidhmiú an dlí agus sna breithiúna a mheas go cúramach, agus go gcaithfidh siad a bheith stóinsithe agus athléimneach a ndóthain chun iarmhairtí ionsaithe mailíseacha ar chórais IS a d’fhéadfadh a bheith tubaisteach a chosc; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá slándáil trí dhearadh, chomh maith le maoirseacht shonrach dhaonna sula gcuirtear feidhmchláir chriticiúla áirithe i bhfeidhm agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar údaráis forfheidhmithe dlí agus ar údaráis bhreithiúnacha gan úsáid a bhaint ach as feidhmchláir IS a chloíonn le prionsabal an phríobháideachais agus na cosanta sonraí trí dhearadh chun leathnú feidhme a sheachaint;

12.  á chur i bhfáth nár cheart go gcuirfí ar chumas aon chórais IS a úsáideann lucht forfheidhmithe dlí nó na breithiúna dochar a dhéanamh do shláine fhisiciúil an duine, ná cearta a dháileadh nó oibleagáidí dlí a fhorchur ar dhaoine aonair;

13.  á aithint gur deacair freagracht dhlíthiúil agus dliteanas i ndáil le dochar a d’fhéadfadh a bheith ann a shannadh i gceart, i bhfianaise chastacht fhorbairt agus oibriú chórais IS; á mheas gur gá córas soiléir agus cothrom a chruthú chun freagracht dhlíthiúil agus dliteanas a shannadh maidir le hiarmhairtí na n-ardteicneolaíochtaí digiteacha sin a d’fhéadfadh a bheith díobhálach; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór é a bheith mar aidhm, ar an gcéad dul síos, cosc a chur ar aon iarmhairtí den chineál sin teacht chun cinn in aon chor; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfí prionsabal an réamhchúraim i bhfeidhm i ngach feidhmchlár IS i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí; á chur i bhfios go láidir nach mór go luífeadh an fhreagracht dhlíthiúil agus an dliteanas le duine nádúrtha nó dlítheanach i gcónaí, ar duine é nach mór a shainaithint i gcónaí i gcás cinntí a dhéantar le tacaíocht ó IS; ag cur béim, dá bhrí sin, ar an ngá atá le trédhearcacht na struchtúr corparáideach lena dtáirgtear agus lena mbainistítear córais IS a áirithiú;

14.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, ar mhaithe le héifeachtacht fheidhmiú na gceart cosanta agus le trédhearcacht na gcóras ceartais choiriúil náisiúnta araon, go rialaítear le creat dlíthiúil sonrach, soiléir agus beacht na coinníollacha, na módúlachtaí agus na hiarmhairtí a bhaineann le húsáid uirlisí IS i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna, chomh maith le cearta daoine spriocdhírithe, agus nósanna imeachta gearáin agus sásaimh atá éifeachtach agus ar fáil go héasca, lena n-áirítear sásamh breithiúnach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé de cheart ag páirtithe imeachta chóiriúil rochtain a bheith acu ar an bpróiseas bailithe sonraí agus ar na measúnuithe gaolmhara a dhéantar nó a fhaightear trí fheidhmchláir IS a úsáid; á chur i bhfios go láidir gur gá d’údaráis fhorghníomhaitheacha a bhfuil baint acu leis an gcomhar breithiúnach, agus cinneadh á dhéanamh acu maidir le hiarraidh ar eiseachadach (nó tabhairt suas) chuig Ballstát eile nó chuig tír nach tír den Aontas Eorpach í, a mheas an bhféadfadh úsáid uirlisí IS sa tír iarrthach an ceart bunúsach chun trialach cothroime a chur i mbaol go follasach; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint maidir le conas an measúnú sin a dhéanamh i gcomhthéacs an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla; á áitiú gur cheart do na Ballstáit, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme, a áirithiú go gcuirtear daoine aonair ar an eolas nuair agus iad faoi réir úsáid fheidhmchláir IS ag údaráis forfheidhmithe dlí nó ag na breithiúna;

15.  á chur i bhfios nach bhféadfar measúnú neamhspleách a dhéanamh má bhíonn daoine ag brath ar na sonraí, ar na próifílí agus ar na moltaí a ghintear le meaisíní amháin; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha tromchúiseacha a bheith ann, go sonrach i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais, nuair a bhíonn an iomarca muiníne ag daoine aonair as cineál oibiachtúil agus eolaíoch uirlisí IS agus nuair a theipeann orthu a mheas go bhféadfadh torthaí na n-uirlisí sin a bheith mícheart, neamhiomlán, neamhábhartha nó idirdhealaitheach; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart róspleáchas ar na torthaí a chuirtear ar fáil le córais IS a sheachaint, agus ag leagan béim ar an ngá atá ann go gcuirfeadh na húdaráis lena muinín agus lena n-eolas chun moladh algartamach a cheistiú nó a shárú; á mheas go bhfuil sé tábhachtach ionchais réadúla a bheith ann maidir le réitigh theicneolaíocha den sórt sin agus gan a ghealladh leo go dtiocfar ar réitigh fhoirfe maidir le forfheidhmiú an dlí ná go ndéanfar gach cion a dhéantar a bhrath;

16.  á chur i bhfios go gcaithfidh duine daonna an cinneadh ag a bhfuil éifeacht dhlíthiúil nó chomhchosúil a dhéanamh i gcónaí i gcomhthéacsanna breithiúnacha agus forfheidhmithe dlí, ar duine é a d’fheadfaí a thabhairt chun cuntais as na cinntí a dhéantar; á mheas nach go mbeidís siúd a bhíonn faoi réir córais atá cumhachtaithe ag IS leas a bhaint as réiteach; á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag duine, faoi dhlí AE, gan a bheith faoi réir cinneadh a mbeidh éifeachtaí dlíthiúla aige, ar cinneadh é a bhaineann leis nó a dhéanann difear suntasach dó agus atá bunaithe ar phróiseáil uathoibríoch sonraí amháin; á chur i bhfios go láidir thairis sin nár cheart cinnteoireacht aonair uathoibrithe a bhunú ar shainchatagóirí sonraí pearsanta, ach amháin má tá bearta iomchuí i bhfeidhm chun cearta agus saoirsí agus leasanna dlisteanacha an ábhair sonraí a choimirciú; á chur i bhfáth go gcuirtear toirmeasc, le dlí an Aontais, ar próifíliú a mbíonn idirdhealú in aghaidh daoine nádúrtha ar bhonn catagóirí speisialta sonraí pearsanta mar thoradh air; á thabhairt cinntí a mbíonn éifeacht dhlíthiúil acu ar an té lena mbaineann iad cinntí i réimse fhorfheidhmiú an dlí nach mór i gcónaí, mar gheall ar chineál feidhmiúcháin na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí agus a ngníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh úsáid IS dul i bhfeidhm ar chinntí an duine agus go bhféadfadh go mbeadh tionchar aige ar gach céim de nósanna imeachta coiriúla; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur gá d’údaráis a bhaineann úsáid as córais IS cloí le caighdeáin dhlíthiúla atá fíor-ard agus idirghabháil dhaonna a áirithiú, go háirithe agus anailís á déanamh ar shonraí a eascraíonn as na córais sin; á éileamh, dá bhrí sin, go seasfaí le discréid cheannasach na mbreithiúna agus leis an gcinnteoireacht a dhéantar de réir an cháis; á iarraidh go gcuirfí cosc ar úsáid IS agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara chun cinntí breithiúnacha a mholadh;

17.  á iarraidh go mbeidh ann d’inmhínitheacht, trédhearcacht inrianaitheacht agus fíorú algartam mar chuid riachtanach den mhaoirseacht, chun a áirithiú go ndéanfaidh forbairt, imscaradh agus úsáid chórais IS i réimsí an cheartais agus fhorfheidhmiú an dlí cearta bunúsacha a chomhlíonadh, agus go mbeidh muinín ag saoránaigh astu, agus chun a áirithiú freisin go mbeidh na torthaí a ghintear trí algartaim IS intuigthe d’úsáideoirí agus dóibh siúd a bheidh faoi réir na gcóras sin, agus go mbeidh trédhearcacht ann maidir leis na sonraí foinse agus maidir leis an gcaoi ar tháinig an córas ar chonclúid áirithe; á chur i bhfios, chun trédhearcacht, stóinseacht agus cruinneas teicniúil a áirithiú, gur cheart nach gceadófaí ach d’údaráis forfheidhmithe dlí nó údaráis bhreithiúnacha san Aontas, a bhfuil a n-algartaim agus a loighic in-iniúchta agus in rochtana ar a laghad ag na póilíní agus na breithiúna agus ag na hiniúchóirí neamhspleácha, na huirlisí agus na córais sin a cheannach, ionas go bhféadfar meastóireacht, iniúchadh agus grinnfhiosrú a dhéanamh orthu, agus nár cheart do na díoltóirí iad a dhúnadh ná a lipéadú mar uirlisí agus córais dhílsithe; á chur i bhfios, thairis sin, gur cheart doiciméadacht a chur ar fáil i bhfriotal soiléir agus intuigthe maidir le cineál na seirbhíse, na huirlisí a forbraíodh, an fheidhmíocht agus na coinníollacha faoinar féidir a bheith ag súil lena bhfeidhmiú agus na rioscaí a d’fhéadfadh eascairt astu; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis bhreithiúnacha agus ar na húdaráis forfheidhmithe dlí foráil a dhéanamh maidir le trédhearcacht réamhghníomhach agus iomlán i ndáil le cuideachtaí príobháideacha a chuireann córais IS ar fáil dóibh chun críocha fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna; á mholadh, dá bhrí sin, go n-úsáidfí bogearraí foinse oscailte i gcás inar féidir;

18.  ag spreagadh na n-údarás forfheidhmithe dlí agus na n-údaráis breithiúnach na réimsí ina bhféadfadh roinnt réiteach saincheaptha IS a bheith tairbhiúil a shainaithint agus a mheasúnú agus dea-chleachtais a mhalartú maidir le himscaradh IS; á iarraidh go nglacfaidh na Ballstáit agus gníomhaireachtaí AE próisis iomchuí soláthair phoiblí le haghaidh chórais IS nuair a úsáidtear i gcomhthéacs forfheidhmithe dlí nó i gcomhthéacs breithiúnach iad, chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad na cearta bunúsacha agus an reachtaíocht is infheidhme, lena n-áirítear a áirithiú go mbeidh doiciméadacht bogearraí agus algartaim ar fáil do na húdaráis inniúla agus mhaoirseachta agus go mbeidh rochtain acu orthu le haghaidh athbhreithnithe; á iarraidh, go háirithe, go mbeadh rialacha ceangailteacha ann lena gceanglaítear nochtadh poiblí maidir le comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha, conarthaí agus éadálacha agus an cuspóir ar lena aghaidh a fhaightear iad; ag cur béim ar an ngá atá leis an maoiniú is gá a chur ar fáil do na húdaráis, chomh maith leis an saineolas is gá a thabhairt dóibh chun a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán na ceanglais eiticiúla, dhlíthiúla agus theicniúla a ghabhann le haon imscaradh IS;

19.  á iarraidh go mbeidh ann d’inrianaitheacht chórais IS agus an phróisis cinnteoireachta lena leagfar amach a bhfeidhmeanna, lena sainmhíneofar cumais agus teorainneacha na gcóras, agus lena gcoinneofar taifead ar bhunús na saintréithe cinntitheacha de chinneadh, trí dhoiciméadacht éigeantach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé doiciméadú iomlán a choimeád ar shonraí oiliúna, ar an gcomhthéacs, ar an gcuspóir, ar an gcruinneas agus ar na fo-iarmhairtí a bhaineann leo, agus ar an bpróiseáil a dhéanann tógálaithe agus forbróirí na n-algartam orthu agus ar a mhéid a chomhlíonann siad na cearta bunúsacha; á thabhairt chun suntais go gcaithfidh sé a bheith indéanta i gcónaí ríomhanna córais IS a laghdú go foirm atá intuigthe don duine;

20.  á iarraidh go ndéanfar measúnú tionchair éigeantach i dtaobh cearta bunúsacha roimh chur chun feidhme nó imscaradh aon chórais IS a bheidh le húsáid le haghaidh fhorfheidhmiú an dlí nó i gcórais bhreithiúnacha, chun measúnú a dhéanamh ar aon rioscaí do chearta bunúsacha a d’fhéadfadh a bheith ann; á mheabhrú go bhfuil an measúnú tionchair ar chosaint sonraí a rinneadh roimhe seo éigeantach maidir le haon chineál próiseála, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí nua a úsáid, ar dócha go mbeidh ardriosca do chearta agus do shaoirsí daoine nádúrtha ag baint leis agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb é sin an cás i gcás fhormhór na dteicneolaíochtaí IS i réimse fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna; á chur i bhfios go láidir an saineolas atá ag údaráis cosanta sonraí agus gníomhaireachtaí um chearta bunúsacha agus measúnú á dhéanamh ar na córais sin; á chur i bhfáth gur cheart na measúnuithe tionchair sin ar chearta bunúsacha a dhéanamh ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir agus le rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta; á éileamh go saineofar go soiléir sna measúnuithe tionchair freisin na coimircí is gá chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sainaitheanta agus go gcuirfear ar fáil go poiblí iad, a mhéid is féidir, sula n-imscarfar aon chóras IS;

21.  á chur i bhfáth nach bhféadfar oibríochtú riachtanach phrionsabail na gceart bunúsach a éascú ach amháin trí rialachas láidir IS san Eoraip le meastóireacht neamhspleách; á iarraidh go ndéanfaidh údarás neamhspleách iniúchóireacht éigeantach ar na córais IS uile a mbaineann lucht forfheidhmithe dlí agus na breithiúna úsáid astu sa chás go bhféadfaí difear suntasach a dhéanamh do shaol daoine, chun scrúdú agus measúnú a dhéanamh ar chórais algartamacha agus ar an gcomhthéacs, cuspóir, cruinneas, feidhmíocht agus scála a bhaineann leo, agus nuair a bheidh na córais sin i bhfeidhm, chun aon éifeachtaí neamh-inmhianaithe nó díobhálacha a bhrath, a fhiosrú, a aithint agus a réiteach, agus chun a chinntiú go bhfuil na córais IS ag feidhmiú mar a bhí beartaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfar creat soiléir institiúideach isteach chuige sin, lena n-áireofar maoirseacht cheart rialála, chun cur i bhfeidhm iomlán a áirithiú agus chun díospóireacht dhaonlathach eolasach a ráthú maidir leis an ngá atá le IS agus maidir le comhréireacht IS i réimse an cheartais chóiriúil; á chur i bhfios go láidir gur cheart torthaí na n-iniúchtaí sin a chur ar fáil sna cláir phoiblí ionas go mbeidh na saoránaigh ar an eolas faoi na córais IS atá á n-imscaradh agus faoi cé acu bearta a dhéantar chun aon sárú ar chearta bunúsacha a leigheas;

22.  á chur i bhfáth go bhféadfadh cóireáil dhifreálach agus idirdhealú díreach agus indíreach araon ar ghrúpaí daoine a bheith mar thoradh ar na tacair sonraí agus na córais algartamacha a úsáidtear agus aicmiú, measúnú agus tuartha á ndéanamh ag na céimeanna éagsúla den phróiseáil sonraí i bhforbairt IS agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara, go háirithe ós rud é go léirítear tosaíochtaí faireachais leanúnacha leis na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur ar algartaim phóilíneachta tuarthaí agus, dá bhrí sin, go bhféadfaí claontachtaí reatha a atáirgeadh agus a mhéadú; ag cur béim ar an bhfíoras, dá bhrí sin, go mbíonn taighde agus ionchur idirdhisciplíneach ag teastáil ó theicneolaíochtaí IS, go háirithe nuair a imscartar iad ar mhaithe le húsáid lucht forfheidhmithe dlí agus na mbreithiúna, lena n-áirítear ó réimsí staidéir eolaíochta agus teicneolaíochta, staidéir chriticiúla maidir leis an gcine, staidéir maidir leis an míchumas, agus disciplíní eile atá in ann riar ar an gcomhthéacs sóisialta, lena n-áirítear conas a chruthaítear difríocht, obair an aicmithe, agus na hiarmhairtí a bhaineann leis sin; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá infheistíocht a dhéanamh go córasach chun na disciplíní sin a chomhtháthú i staidéar agus i dtaighde IS ar gach leibhéal; á chur i bhfáth freisin a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na foirne a dhéanann na córais IS sin a dhearadh, a fhorbairt, a thástáil, a chothabháil, a imscaradh agus a sholáthar d’fhorfheidhmiú an dlí agus do na breithiúna, nuair is féidir, éagsúlacht na sochaí i gcoitinne a léiriú mar mhodh neamhtheicniúil chun na rioscaí a bhaineann le hidirdhealú a laghdú;

23.  á thabhairt chun suntais thairis sin go bhfuil gá le hoiliúint speisialaithe shuntasach maidir leis na forálacha eiticiúla, na contúirtí féideartha, na teorainneacha, agus ceartúsáid theicneolaíocht IS, go háirithe i gcás pearsanra póilíneachta agus breithiúnach, chun cuntasacht, freagracht agus dliteanas leordhóthanach a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go n-áiritheofaí le hoiliúint ghairmiúil agus cáilíochtaí oiriúnacha go gcuirfear oiliúint ar chinnteoirí maidir leis an gclaontacht a d’fhéadfadh a bheith ann, toisc go bhféadfadh sé go mbeadh na tacair sonraí bunaithe ar shonraí idirdhealaitheacha agus claonta; ag tacú le tionscnaimh múscailte feasachta agus oideachais a bhunú chun a áirithiú go mbeidh eolas agus tuiscint ag daoine aonair a oibríonn i bhforfheidhmiú an dlí agus sna breithiúna ar na teorainneacha, na cumais agus na rioscaí a bhaineann le húsáid chórais IS, lena n-áirítear an riosca go mbeidh claonadh uathoibrithe ann; á mheabhrú, má áirítear cásanna ciníochais le fórsaí póilíneachta agus iad i mbun a ndualgas i dtacair sonraí oiliúna IS go mbeidh claonadh ciníoch ar deireadh ann sna torthaí, scóir agus moltaí a ghintear le IS; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit, dá bhrí sin, beartais frith-idirdhealaithe a chur chun cinn agus pleananna gníomhaíochta náisiúnta a fhorbairt in aghaidh an chiníochais i réimse na póilíneachta agus an chórais cheartais;

24.  ag tabhairt dá haire go bhfuil an phóilíneacht thuarthach i measc fheidhmchláir IS a úsáidtear i réimse fhorfheidhmiú an dlí, ach ag tabhairt rabhadh cé gur féidir leis an bpóilíneacht thuarthach anailís a dhéanamh ar na tacair sonraí áirithe chun patrúin agus comhghaolta a shainaithint, nach féidir léi ceist na cúisíochta a fhreagairt agus nach féidir léi tuartha iontaofa a dhéanamh maidir le hiompar aonair, agus dá bhrí sin nach féidir léi a bheith mar an t-aon bhunús le haghaidh idirghabhála; á chur i bhfios gur chuir roinnt cathracha sna Stáit Aontaithe deireadh leis an úsáid a bhaineann siad as córais phóilíneachta tuarthaí tar éis iniúchtaí; á mheabhrú gur chuir ranna póilíneachta i Nua-Eabhrac agus Cambridge, Massachusetts, in iúl do na Feisirí le linn mhisean Choiste LIBE go dtí na Stáit Aontaithe i mí Feabhra 2020, gur chuir siad deireadh lena gcláir phóilíneachta tuarthaí de bharr easpa éifeachtachta, tionchar idirdhealaitheach agus teip phraiticiúil, agus gur dhírigh siad ar phóilíneacht phobail ina ionad sin; ag tabhairt dá haire gur eascair laghdú ar rátaí coireachta as sin; ag cur, dá bhrí sin, i gcoinne úsáid IS ag údaráis forfheidhmithe dlí chun tuartha iompraíochta a dhéanamh maidir le daoine aonair nó grúpaí bunaithe ar shonraí stairiúla agus iompar san am a chuaigh thart, ballraíocht ghrúpa, suíomh, nó aon saintréithe eile den sórt sin, lena ndéantar, ar an gcaoi sin, iarracht daoine ar dócha go ndéanfaidh siad coir a shainaithint;

25.  ag tabhairt dá haire na cineálacha éagsúla úsáide a bhaintear as an aghaidh-aithint, amhail fíorú/fíordheimhniú (i.e. aghaidh bheo a mheaitseáil le grianghraf i ndoiciméad aitheantais, e.g. teorainneacha cliste), sainaithint (i.e. grianghraf a mheaitseáil le bunachar sonraí grianghraf ar leith) agus brath (i.e. aghaidheanna a bhrath i bhfíor-am ó fhoinsí amhail scannánaíocht CCTV, agus iad a mheaitseáil le bunachair sonraí, e.g. faireachas fíor-ama), ach gan a bheith teoranta dóibh, ar cineálacha úsáide iad a bhfuil impleachtaí éagsúla ag gach ceann díobh i dtaca le cearta bunúsacha a chosaint; á chreidiúint go láidir gur cheart úsáid córas aghaidh-aitheanta ag forfheidhmiú an dlí a theorannú do chuspóirí a bhfuil údar soiléir leo agus lánurraim á tabhairt do phrionsabail na comhréireachta agus an riachtanais agus don dlí is infheidhme; á athdhearbhú nach mór, ar a laghad, go ndéanfadh úsáid teicneolaíochta aghaidh-aitheanta na riachtanais maidir le híoslaghdú sonraí, cruinneas sonraí, teorannú stórála, slándáil sonraí agus cuntasacht a chomhlíonadh, agus go mbeadh an úsáid sin dleathach, cothrom agus trédhearcach, agus go gcloífeadh sí le cuspóir sonrach, sainráite agus dlisteanach a shainítear go soiléir i ndlí an Bhallstáit nó i ndlí an Aontais; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, maidir le córais fíoraithe agus fíordheimhnithe, nach féidir leanúint dá n-imscaradh agus dá n-úsáid ach amháin más féidir a n-éifeachtaí díobhálacha a mhaolú agus na critéir thuas a chomhlíonadh;

26.  á iarraidh, dá bhrí sin, go gcuirfear toirmeasc buan ar úsáid anailíse uathoibrithe agus/nó aitheantais uathoibrithe gnéithe eile an duine, amhail coisíocht, méarloirg, DNA, guth, agus comharthaí bithmhéadracha agus iompraíochta eile, i spásanna a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu;

27.  á iarraidh, áfach, go gcuirfear moratóir ar úsáid córas aghaidh-aitheanta a bhfuil feidhm sainaitheanta acu chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ach amháin má úsáidtear go docht iad chun íospartaigh na coireachta a shainaithint, go dtí gur féidir a mheas go bhfuil na caighdeáin theicniúla go hiomlán comhlíontach le cearta bunúsacha, go bhfuil na torthaí a fhaightear neamhchlaonta agus neamh-idirdhealaitheach, go gcuirtear coimircí dochta ar fáil leis an gcreat dlíthiúil i gcoinne mí-úsáide, dianrialú daonlathach agus dianmhaoirseacht dhaonlathach, agus go bhfuil fianaise eimpíreach ann maidir leis an ngá atá le teicneolaíochtaí den sórt sin agus leis an gcomhréireacht a bhaineann lena n-úsáid; ag tabhairt dá haire, i gcás nach gcomhlíontar na critéir thuas, nár cheart na córais a úsáid ná a imscaradh;

28.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di an úsáid a bhaineann gníomhaithe forfheidhmithe dlí agus seirbhísí faisnéise as bunachair sonraí phríobháideacha aghaidh-aitheanta, amhail Clearview AI, ar bunachar sonraí é ina bhfuil breis agus trí bhilliún pictiúr a bailíodh go neamhdhleathach ó líonraí sóisialta agus ó chodanna eile den idirlíon, lena n-áirítear ó shaoránaigh AE; á iarraidh ar na Ballstáit iallach a chur ar ghníomhaithe forfheidhmithe dlí a nochtadh an bhfuil teicneolaíocht Clearview AI nó teicneolaíochtaí coibhéiseacha ó sholáthraithe eile á n-úsáid acu; á mheabhrú di an tuairim ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDPB) gur dócha nach mbeadh an úsáid a bhainfeadh údaráis forfheidhmithe dlí san Aontas Eorpach as seirbhís amhail Clearview AI ‘comhsheasmhach le córas cosanta sonraí an Aontais’; á iarraidh go gcuirfí cosc ar úsáid a bhaint as bunachair phríobháideacha aitheantais aghaidhe i bhforfheidhmiú an dlí;

29.  ag tabhairt dá haire staidéar indéantachta an Choimisiúin maidir le hathruithe a d’fhéadfaí a dhéanamh ar Chinneadh Prüm(8), lena n-áirítear maidir le híomhánna den aghaidh; ag tabhairt dá haire taighde a rinneadh roimhe seo nach mbeadh aon aitheantóirí féideartha nua, e.g. aithint imrisc nó aghaidhe, chomh hiontaofa céanna le DNA nó méarloirg i gcomhthéacs fóiréinseach; á mheabhrú don Choimisiún nach mór d’aon togra reachtach a bheith bunaithe ar fhianaise agus prionsabal na comhréireachta a urramú; ag tathant ar an gCoimisiún gan síneadh a chur le creat Chinneadh Prüm mura mbíonn fianaise dhaingean eolaíoch ann maidir le hiontaofacht na haghaidh-aitheanta i gcomhthéacs fóiréinseach i gcomparáid le DNA nó méarloirg, tar éis dó measúnú tionchair iomlán a dhéanamh, agus moltaí an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí (MECS) agus EDPB á gcur san áireamh;

30.  á chur i bhfáth, maidir le húsáid sonraí bithmhéadracha, go mbaineann sé ar bhonn níos leithne le prionsabal dhínit an duine atá mar bhunús de na cearta bunúsacha uile a ráthaítear leis an gCairt; á mheas, má dhéantar aon sonraí bithmhéadracha a úsáid agus a bhailiú chun críocha cianaitheantais, mar shampla trí aghaidh-aithint a sheoladh in áiteanna poiblí, agus ag geataí rialaithe teorann uathoibríocha a úsáidtear le haghaidh seiceálacha teorann ag aerfoirt, go bhféadfadh sé go mbeadh rioscaí ann do chearta an duine, a bhféadfadh na himpleachtaí de a bheith an-eagsúil ag brath ar chuspóir, comhthéacs agus raon na húsáide; ag cur béim, thairis sin, ar bhailíocht eolaíoch chonspóidte na teicneolaíochta um aitheantas mothachtála, amhail ceamaraí lena ndéantar corraithe súl agus athruithe ar mhéid mac imrisc a bhrath, i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart sainaithint bhithmhéadrach i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí agus na mbreithiúna a mheas i gcónaí a bheith ‘ardriosca’ agus dá bhrí sin gur cheart go mbeadh sé faoi réir ceanglais bhreise, de réir moltaí ó Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe an Choimisiúin um an Intleacht Shaorga;

31.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tionscadail taighde a mhaoinítear faoi Fhís 2020 lena n-úsáidtear intleacht shaorga ar theorainneacha seachtracha, amhail tionscadal iBorderCtrl, ar ‘córas cliste braite éithigh’ é lena ndéantar próifíliú ar thaistealaithe ar bhonn agallamh ríomhuathoibrithe a dhéantar ar cheamara gréasáin an taistealaí roimh an turas, agus anailís IS-bhunaithe ar 38 micreagothaí, a tástáladh san Ungáir, sa Laitvia agus sa Ghréig; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, toirmeasc ar aon phróiseáil sonraí bithmhéadracha a chur chun feidhme, lena n-áirítear íomhánna den aghaidh, chun críocha fhorfheidhmiú an dlí, ar próiseáil é as a eascraíonn ollfhaireachas i spásanna atá inrochtana don phobal, agus é sin a dhéanamh trí mhodhanna reachtacha agus neamhreachtacha, agus trí imeachtaí um shárú más gá; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún deireadh a chur leis an maoiniú do thaighde maidir le bogearraí bithmhéadrachta, le hathlonnú na mbogearraí sin nó le cláir ar dócha go leanfaidh ollfhaireachas neamh-idirdhealaitheach in áiteanna poiblí astu; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, gur cheart aird ar leith a thabhairt ar úsáid ladrann in oibríochtaí póilíneachta, agus gur cheart creat docht a chur i bhfeidhm ina leith;

32.  ag tacú leis na moltaí ó Ghúpa Ardleibhéil Saineolaithe an Choimisiúin um an Intleacht Shaorga a mholann toirmeasc ar scóráil IS-chumasaithe daoine aonair ar mhórscála; á mheas, má dhéanann na húdaráis phoiblí aon chineál scórála normataí saoránach ar mhórscála, go háirithe laistigh de réimse fhorfheidhmiú an dlí agus an cheartais, go mbeidh cailliúint neamhspleáchais ann, go gcuirfear prionsabal an neamh-idirdhealaithe i mbaol agus nach féidir é sin a mheas a bheith i gcomhréir le cearta bunúsacha, go háirithe dínit an duine, faoi mar a chódaítear i ndlí AE;

33.  á iarraidh go mbeidh níos mó trédhearcachta ann go ginearálta chun tuiscint chuimsitheach a fhorbairt maidir le húsáid fheidhmchláir IS san Aontas; á iarraidh go soláthróidh na Ballstáit faisnéis chuimsitheach maidir leis na huirlisí arna n-úsáid ag a n-údaráis forfheidhmithe dlí agus a n-údaráis bhreithiúnacha, na cineálacha uirlisí atá in úsáid, na críocha ar chucu a úsáidtear iad, na cineálacha coireachta a bhfuil feidhm acu maidir leo, agus ainmneacha na gcuideachtaí nó na n-eagraíochtaí a d’fhorbair na huirlisí sin; á iarraidh ar údaráis forfheidhmithe dlí agus ar na húdaráis bhreithiúnacha freisin an pobal a chur ar an eolas maidir leis an úsáid a bhaineann siad as IS agus as teicneolaíochtaí gaolmhara agus a gcumhachtaí á gcur chun feidhme acu, lena n-áirítear nochtadh rátaí bréagdheimhniúcháin agus rátaí bréagdhiúltacha i dtaca leis an teicneolaíocht i dtrácht; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún an fhaisnéis a thiomsú agus a nuashonrú in aon áit amháin; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin faisnéis a fhoilsiú agus a nuashonrú maidir le húsáid IS ag gníomhairechtaí an Aontais a bhfuil cúraimí i dtaca le forfheidhmiú an dlí agus cúraimí breithiúnacha orthu; á iarraidh ar EDPB measúnú a dhéanamh ar dhlíthiúlacht na dteicneolaíochtaí agus na bhfeidhmchlár IS sin atá in úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí agus ag na breithiúna;

34.  á mheabhrú go bhfuil feidhmchláir IS, lena n-áirítear na feidhmchláir sin arna n-úsáid i gcomhthéacs fhorfheidhmiú an dlí agus réimse an cheartais, á bhforbairt go mear ar fud an domhain; ag tathant ar na geallsealbhóirí Eorpacha go léir, lena n-áirítear na Ballstáit agus an Coimisiún, rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe lasmuigh de AE a áirithiú, trí chomhar idirnáisiúnta, chun caighdeáin a ardú ar an leibhéal idirnáisúnta agus chun teacht ar chomhchreat comhlántach dlíthiúil agus eiticiúil i dtaca le húsáid IS, go háirithe ar mhaithe le forfheidhmiú an dlí agus na córais bhreithiúnacha, lena dtugtar lán-urraim don Chairt, don acquis Eorpach maidir le cosaint sonraí agus do chearta an duine ar bhonn níos leithne;

35.  á iarraidh go ndéanfaidh Gníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha, i gcomhar le EDPB agus MECS, treoirlínte cuimsitheacha, moltaí agus dea-chleachtas a dhréachtú chun na critéir agus na coinníollacha a shonrú tuilleadh maidir le forbairt, úsáid agus imlonnú fheidhmchláir agus réitigh IS lena n-úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí agus na húdaráis bhreithiúnacha; á ghealladh go ndéanfaidh sí staidéar ar chur chun feidhme na Treorach maidir le Forfheidhmiú an Dlí(9) chun a shainaithint conas ar áirithíodh cosaint sonraí pearsanta i ngníomhaíochtaí próiseála ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha, go háirithe nuair a bhí teicneolaíochtaí nua á bhforbairt nó á n-imlonnú; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, breithniú a dhéanamh i dtaobh cibé an bhfuil gá le gníomhaíocht reachtach shonrach maidir leis na critéir agus na coinníollacha a shonrú tuilleadh i dtaca le forbairt, úsáid agus imlonnú fheidhmchláir agus réitigh IS ag údaráis forfheidhmithe dlí agus údaráis bhreithiúnacha;

36.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.
(2) IO L 119, 4.5.2016, lch. 89.
(3) IO L 295, 21.11.2018, lch. 39.
(4) IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.
(5) IO L 135, 24.5.2016, lch. 53.
(6) IO C 362, 8.9.2021, lch. 63.
(7) IO C 263, 25.7.2018, lch. 82.
(8) Cinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann a chomhrac (IO L 210, 6.8.2008, lch. 1).
(9) Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).


An tionchar a bhíonn ag foréigean páirtí dlúthchaidrimh agus cearta coimeádta ar mhná agus leanaí
PDF 235kWORD 82k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 ar an tionchar a bhíonn ag foréigean páirtí dlúthchaidrimh agus cearta coimeádta ar mhná agus leanaí (2019/2166(INI))
P9_TA(2021)0406A9-0254/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus d’Airteagail 6, 8 agus 67 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Threoir 2012/29/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cearta, tacaíocht agus cosaint íospartaigh na coireachta (An Treoir maidir le Cearta Íospartach)(1),

–  ag féachaint d’Airteagail 21, 23, 24 agus 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an “Chairt”),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl), a tháinig i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh an 20 Samhain 1989,

–  ag féachaint do Bharúil Ghinearálta Uimh. 13 ón gCoiste um Chearta an Linbh an 18 Aibreán 2011 maidir le ceart an linbh chun saoirse ó gach cineál foréigin,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Háige an 29 Bealtaine 1993 um Chosaint Leanaí agus um Chomhar i leith Uchtála idir Tíortha,

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2016/800 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 ar choimircí nós imeachta do leanaí a bhfuil drochamhras fúthu nó a bhfuil cúis curtha ina leith in imeachtaí coiriúla(2),

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh Ban a Dhíothú arna ghlacadh an 18 Nollaig 1979, agus do Mholadh Ginearálta Uimh. 35 maidir le foréigean inscne-bhunaithe in aghaidh na mban, lena ndéantar nuashonrú ar Mholadh Ginearálta Uimh. 19 ón gCoiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú,

–  ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus, go háirithe, Prionsabal 2 de,

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2016 agus, go háirithe, do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 5 maidir le comhionannas inscne agus 16.2 maidir le deireadh a chur le mí-úsáid, dúshaothrú, gáinneáil agus gach cineál foréigin i gcoinne leanaí agus lena gcéasadh,

–  ag féachaint do thogra ón gCoimisiún an 4 Márta 2016 le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach (COM(2016)0109),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152), go háirithe an chéad sprioc inti i dtaca le mná agus cailíní a shaoradh ó fhoréigean agus ó steiréitíopaí,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025] (COM(2020)0698),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Meitheamh 2020 dar teideal EU Strategy on victims’ rights (2020-2025) [Straitéis an Aontais maidir le cearta íospartach (2020-2025)] (COM(2020)0258),

–  ag féachaint do Dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 6 Márta 2019 dar teideal 2019 report on equality between women and men in the EU [Tuarascáil 2019 maidir le comhionannas idir mná agus fir in AE] (SWD(2019)0101),

–  ag féachaint do rún uaithi an 12 Meán Fómhair 2017 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac a bheith á thabhairt i gcrích ag an Aontas Eorpach(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 ar an ngá atá le foirmíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle maidir leis an gcomhionannas inscne(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 ar Stráitéis AE maidir le Comhionannas Inscne(7),

–  ag féachaint do Threoir 2011/99/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir leis an Ordú Cosanta Eorpach(8),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 606/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Meitheamh 2013 maidir le haitheantas frithpháirteach do bhearta cosanta in ábhair shibhialta(9),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora (Rialachán na Bruiséile IIa)(10),

–  ag féachaint d’Innéacs Comhionannais Inscne 2020 ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE),

–  ag féachaint do staidéar ó EIGE an 12 Meitheamh 2019 dar teideal Understanding intimate partner violence in the EU: the role of data [Foréigean Páirtí Dlúthchaidrimh in AE a thuiscint: ról na sonraí],

–  ag féachaint do staidéar ó EIGE an 18 Samhain 2019 dar teideal A guide to risk assessment and risk management of intimate partner violence against women for police [Treoir do phóilíní maidir le measúnú riosca agus bainistiú riosca i ndáil le foréigean páirtí dlúthchaidrimh in aghaidh na mban],

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) an 3 Márta 2014 dar teideal Violence against women: an EU-wide survey [Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais],

–  ag féachaint d’Ardán na Sásraí Saineolais maidir le hIdirdhealú agus Foréigean in aghaidh na mBan (Ardán EDVAW), agus do ráiteas uaidh an 31 Bealtaine 2019 dar teideal Intimate partner violence against women is an essential factor in the determination of child custody [Is gné bhunriachtanach é foréigean páirtí dlúthchaidrimh in aghaidh na mban agus coimeád leanaí á chinneadh],

–  ag féachaint do ráiteas an 24 Márta 2020 ó Uachtarán Ghrúpa Saineolaithe Chomhairle na hEorpa i gcoinne Foréigean in aghaidh na mBan agus Foréigean Teaghlaigh, Marceline Naudi, dar teideal For many women and children, the home is not a safe place [I gcás go leor ban agus leanaí, ní áit shábháilte é an baile], maidir leis an ngá cloí le caighdeáin Choinbhinsiún Iostanbúl tráth paindéime,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Gnóthaí Dlíthiúla agus an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0254/2021),

A.  de bhrí gur luach bunúsach is ea an comhionannas inscne agus gur croíchuspóir de chuid AE é sin a bhaint amach agus gur cheart é sin a léiriú i mbeartais uile AE; de bhrí gur ceart bunúsach atá cumhdaithe sna Conarthaí(11) agus sa Chairt (12) é an ceart chun córa comhionainne agus chun neamh-idirdhealaithe agus gur cheart lán-urraim a thabhairt dó; de bhrí gurb ionann foréigean inscnebhunaithe de gach cineál agus cineál fíor-idirdhealaithe in aghaidh na mban agus gurb ionann é agus sárú ar chearta an duine ar cuid sheanbhunaithe den neamhionannas inscne é, lena gcuidítear leis buanú agus atreisiú; de bhrí gurb iad steiréitíopaí inscne maidir le róil agus cumais na mban agus na bhfear agus caidrimh chumhachta éagothroma i sochaithe is cúis leis an gcineál foréigin sin agus go gcaomhnaíonn sé iad; de bhrí gurb ann dó fós go forleathan agus go ndéanann sé difear do mhná ar gach leibhéal den tsochaí, gan beann ar aois, oideachas, ioncam, staid shóisialta nó tír thionscnaimh nó chónaithe, agus de bhrí go bhfuil sé ar na bacainní is tromchúisí atá roimh bhaint amach an chomhionannais inscne; de bhrí nach dtugtar cosaint chothrom ar an bhforéigean inscnebhunaithe do mhná agus leanaí ar fud AE mar gheall ar éagsúlachtaí i mbeartais agus sa reachtaíocht ar fud na mBallstát;

B.  de bhrí, in ainneoin go leor cásanna d’aitheantas foirmiúil agus de dhul chun cinn atá déanta maidir le comhionannas inscne, go mbíonn idirdhealú in aghaidh na mban fós ann agus go bhfuil siad faoi mhíbhuntáiste agus go bhfuil neamhionannais shóisialta, eacnamaíocha agus chultúrtha fós ann; de bhrí, de réir Innéacs Comhionannais Inscne EIGE 2020, níor bhain aon Bhallstát comhionannas idir mná agus fir amach go hiomlán go fóill; de bhrí go bhfuil dul chun cinn AE maidir le comhionannas inscne fós mall, le feabhas pointe amháin ar an meán ag teacht ar an scór innéacs gach dhá bhliain; de bhrí, ag an ráta sin, go dtógfaidh sé nach mór 70 bliain ar AE comhionannas inscne a bhaint amach; de bhrí gur iarr an Pharlaimint seo cheana go mbunófaí foirmíocht nua de chuid na Comhairle ina mbeadh airí agus státrúnaithe atá freagrach as comhionannas inscne;

C.  de bhrí nach mbíonn cineálacha éagsúla cur faoi chois ann ar bhonn deighilte agus go mbíonn forluí i gceist leo agus go ndéanann siad difear do dhaoine aonair ag an am céanna, lena spreagtar cineálacha trasnacha idirdhealaithe; de bhrí go mbíonn trasnú ann go minic idir idirdhealú ar bhonn inscne agus idirdhealú ar fhorais eile, amhail cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, saintréithe géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairimí polaitiúla nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois agus gnéaschlaonadh;

D.  de bhrí go bhfuil ionsaí infheicthe agus eagraithe le feiceáil sna deich mbliana seo ar an leibhéal domhanda agus ar leibhéal AE i gcoinne an chomhionannais inscne agus chearta na mban, lena n-áirítear in AE;

E.  de bhrí gur coinníoll bunriachtanach é an comhionannas inscne le haghaidh gheilleagar AE atá nuálach, iomaíoch agus a bhfuil rath air, as a n-eascróidh cruthú post agus táirgiúlacht mhéadaithe, go háirithe i gcomhthéacs na digiteála agus an aistrithe chuig geilleagar glas;

F.  de bhrí go dtagraíonn foréigean páirtí dlúthchaidrimh d’aon ghníomh foréigin fhisiciúil, ghnéasaigh, shíceolaíoch nó eacnamaíoch a tharlaíonn idir iarchéilí nó iarpháirtithe nó céilithe nó páirtithe reatha, bíodh nó ná bíodh an déantóir ina chónaí nó ina cónaí leis an íospartach; de bhrí go bhfuil foréigean páirtí dlúthchaidrimh ar na cineálacha is forleithne foréigin inscnebhunaithe, agus go bhfuil thart ar 22 % de mhná tar éis foréigean fisiciúil agus/nó gnéasach a fhulaingt, agus gur fhulaing 43 % acu foréigean síceolaíoch óna bpáirtí(13); de bhrí go mbíonn tionchar díréireach ag an gcineál sin foréigin ar mhná agus ar leanaí; de bhrí go dtagraíonn foréigean teaghlaigh do ‘gach gníomh foréigin fhisiciúil, ghnéasaigh, shíceolaíoch nó eacnamaíoch a tharlaíonn i dteaghlach nó in aonad baile nó idir iarchéilí nó iarpháirtithe nó céilithe nó páirtithe reatha, bíodh nó ná bíodh an déantóir ina chónaí nó ina cónaí leis an íospartach’(14); de bhrí gur fadhb shóisialta thromchúiseach agus fhadtéarmach go minic é an foréigean teaghlaigh atá faoi cheilt go minic agus atá ina chúis le tráma córasach fisiciúil agus/nó síceolaíoch a mbíonn iarmhairtí tromchúiseacha aige do na híospartaigh agus a mbíonn tionchar tromchúiseach aige ar fholláine mhothúchánach, eacnamaíoch agus shóisialta an teaghlaigh i gcoitinne, ós rud é gur duine iad an déantóir ba cheart go mbeadh an t-íospartach in ann muinín a bheith acu astu; de bhrí go mbíonn aithne ag idir 70 % agus 85 % de leanaí ar íospartaigh foréigin iad ar a mí-úsáideoir agus de bhrí gur íospartaigh daoine a bhfuil muinín acu astu iad formhór na leanaí sin(15); de bhrí gur minic a bhíonn íospartaigh faoi réir rialú comhéigneach ag a mí-úsáideoir, arb iad imeaglú, rialú, leithlisiú agus mí-úsáid saintréithe den rialú sin;

G.  de bhrí go bhfuil rátaí foréigin páirtí dlúthchaidrimh i bpobail tuaithe agus iargúlta níos airde ná na rátaí i gceantair uirbeacha; de bhrí go bhfulaingíonn mná i gceantair thuaithe agus iargúlta rátaí níos airde foréigin páirtí dlúthchaidrimh agus gur minice agus déine na mí-úsáide fisiciúla, síceolaíche agus eacnamaíche, agus go ngéaraítear air sin toisc go mbíonn siad ina gcónaí níos faide ó na hacmhainní agus seirbhísí atá ar fáil, ina mbeidís in ann cúnamh a lorg; de bhrí gur féidir drochthuiscint ar fhoréigean teaghlaigh ag seirbhísí sláinte, sóisialta agus dlí i réigiúin tuaithe agus iargúlta a shainaithint mar fhadhb shuntasach do mharthanóirí foréigin páirtí dlúthchaidrimh;

H.  de bhrí, ar leibhéal AE, gurb iad máithreacha aonair atá i bhfeighil fhormhór na dteaghlach aon-tuismitheora, ar máithreacha iad atá go háirithe leochaileach go heacnamaíoch, go háirithe na máithreacha sin atá sna catagóirí íseal-ioncaim, agus gur mó seans go bhfágfaidh siad margadh an tsaothair luath nuair is tuismitheoirí iad, rud a fhágann go mbíonn siad faoi mhíbhuntáiste nuair a dhéanann siad iarracht dul ar ais isteach i margadh an tsaothair; de bhrí go raibh 40,3 % de theaghlaigh aon-tuismitheora i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta in AE in 2019(16);

I.  de bhrí gur fhulaing 30 % de mhná ar íospartaigh foréigin ghnéasaigh ag iarpháirtí nó páirtí reatha iad foréigean gnéasach agus iad ina leanaí, agus de bhrí go dtugann 73 % de mháithreacha a raibh ina n-íospartaigh foréigin fhisiciúil agus/nó ghnéasaigh ag páirtí le fios go bhfuil duine dá leanaí ar a laghad tar éis fáil amach faoi tharlú an fhoréigin sin(17);

J.  de bhrí, i roinnt mhaith Ballstát, go raibh ceangal idir na bearta dianghlasála agus scartha shóisialta le linn phaindéim COVID-19 agus méadú as cuimse ar leitheadúlacht agus ar dhéine na gcásanna foréigin páirtí dlúthchaidrimh, foréigin síceolaíoch agus rialaithe chomhéignigh agus cibearfhoréigin, chomh maith le méadú 60 % ar ghlaonna éigeandála arna dtuairisciú ag íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh(18); de bhrí, mar gheall ar an gceanglas fanacht sa bhaile agus an méadú ar an ‘scáthphaindéim’ ar cúis mhór imní é, go raibh sé deacair ar mhná agus leanaí rochtain a fháil ar sheirbhísí cosanta agus tacaíochta agus ar cheartas agus gur léiríodh leis nár leor acmhainní agus struchtúir thacaíochta agus go raibh rochtain theoranta ag íospartaigh ar sheirbhísí tacaíochta, rud a d’fhág go leor díobh gan cosaint leordhóthanach agus thráthúil; de bhrí gur cheart dea-chleachtais i dtaca le bearta sonracha chun cúnamh tráthúil agus inrochtana a sholáthar d’íospartaigh, lena n-áirítear córais téacsála éigeandála a chur ar bun nó pointí teagmhála a chruthú chun cabhair a lorg i gcógaslanna agus in ionaid siopadóireachta, a chomhroinnt i measc na mBallstát; de bhrí, in ainneoin leitheadúlacht an fheiniméin, go ndéanann íospartaigh, a dteaghlaigh, a gcairde, a lucht aitheantais agus a gcomharsana tearcthuairisciú fós ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh in aghaidh ban in AE ar chúiseanna éagsúla, go háirithe le linn phaindéim COVID-19, agus de bhrí go bhfuil easpa shuntasach sonraí cuimsitheacha, inchomparáide agus imdhealaithe ó thaobh inscne de ann, rud a fhágann go mbíonn sé deacair measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar na géarchéime; de bhrí go léirítear le suirbhé FRA ar fhoréigean in aghaidh na mban nach dtuairiscíonn íospartaigh na teagmhais is tromchúisí foréigin páirtí do na póilíní ach amháin i 14 % de chásanna, agus nach dtuairiscíonn dhá thrian d’íospartaigh ar mná iad do na húdaráis ar bhonn córasach, bíodh sin mar gheall ar imní nó easpa faisnéise faoi chearta íospartach, nó mar gheall ar chreidiúint ghinearálta gur rud príobháideach é an foréigean páirtí dlúthchaidrimh, nár cheart a dhéanamh poiblí(19);

K.  de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar fhoréigean teaghlaigh agus inscnebhunaithe mar gheall ar na bearta dianghlasála a cuireadh i bhfeidhm le linn phaindéim COVID-19 agus de bhrí, de réir na Tuarascála is déanaí ó Europol(20), go bhfuil méadú as cuimse tagtha ar mhí-úsáid ghnéasach leanaí ar líne in AE;

L.  de bhrí, le linn na ndianghlasálacha, gur tuairiscíodh méadú suntasach i bhforéigean teaghlaigh i gcoinne dhaoine LADTI+, go háirithe daoine óga;

M.  de bhrí gur cheart aird chuí a thabhairt ar fhoréigean eacnamaíoch in aghaidh na mban i bhfoirm damáiste do mhaoin, srian a chur ar rochtain ar acmhainní airgeadais, ar oideachas nó ar mhargadh an tsaothair, nó gan freagrachtaí eacnamaíocha a chomhlíonadh, amhail liúntas cothaithe a íoc, toisc go dtéann bac a chur ar neamhspleáchas airgeadais agus saibhreas teaghlaigh le chéile le cineálacha eile foréigin, agus gur sáinn bhreise iad d’íospartaigh; de bhrí go gcuirtear iallach ar íospartaigh nach bhfuil neamhspleáchas airgeadais acu go minic leanúint ar aghaidh a bheith ina gcónaí le déantóir an fhoréigin chun go seachnóidh siad neamhshláine airgeadais, easpa dídine nó bochtaineacht agus de bhrí gur ghéaraigh paindéim COVID-19 ar an treocht sin; de bhrí go bhfuil buntábhacht ag baint le luach saothair cóir agus neamhspleáchas eacnamaíoch chun cur ar chumas na mban caidrimh dhrochídeacha agus fhoréigneacha a fhágáil; de bhrí, i mBallstáit áirithe, go bhféadfaí a cheangal ar íospartach fanacht i dteagmháil leis an duine a rinne mí-úsáid uirthi le forfheidhmiú breithiúnas cúirte a bhaineann le cúiteamh airgeadais, rud a fhágann go bhféadfadh sí a bheith i mbaol mí-úsáid bhreise fhisiciúil agus mhothúchánach;

N.  de bhrí go bhféadfadh leanaí an rud ar a dtugtar ‘foréigean feicthe(21)’ a fhulaingt freisin i dtimpeallacht an bhaile agus an teaghlaigh, trí dhrochíde d’aon chineál, a dhéantar trí ghníomhaíochtaí foréigin fhisiciúil, bhriathartha, síceolaíochta, ghnéasaigh agus eacnamaíoch in aghaidh pearsana tagartha nó pearsana eile a bhfuil tábhacht mhór leo; de bhrí go bhfuil iarmhairtí an-tromchúiseach ag foréigean den sórt sin ar fhorbairt shíceolaíoch agus mhothúchánach an linbh, agus de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar an gcineál sin foréigin i ndáil le hidirscaradh agus i socruithe coimeádta ag tuismitheoirí, agus é á áirithiú gurb iad sárleasanna an linbh atá i dtús áite, go háirithe chun cearta coimeádta agus cuairte a chinneadh i gcásanna idirscartha; de bhrí nach éasca foréigean feicthe a aithint i gcónaí agus de bhrí go mbíonn mná ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad ag maireachtáil faoi theannas agus faoi dheacrachtaí mothúchánacha; de bhrí, i gcásanna a bhaineann le foréigean teaghlaigh agus saincheisteanna cosanta leanaí, gur cheart do chúirteanna dul i muinín saineolaithe a bhfuil an t-eolas agus na huirlisí acu cinntí i gcoinne na máthar nach gcuireann na dálaí uile san áireamh a sheachaint;

O.  de bhrí go mbíonn ról bunúsach ag an oideachas i gcothú scileanna leanaí agus daoine óga chun cuidiú leo caidrimh shláintiúla a chruthú, go sonrach trí theagasc a thabhairt dóibh faoi noirm inscne, faoi chomhionannas inscne, faoi dhinimic chumhachta i gcaidrimh, faoi thoiliú agus faoi mheas ar theorainneacha, agus go gcuidíonn sé le foréigean inscne a chomhrac; de bhrí, de réir Threoir Idirnáisiúnta Theicniúil UNESCO maidir le Gnéasoideachas, go gcuireann cláir churaclam-bhunaithe maidir le gnéasoideachas cuimsitheach ar chumas leanaí agus daoine óga eolas, dearcthaí dearfacha agus scileanna sa réimse sin a fhorbairt, lena n-áirítear urraim do chearta an duine, comhionannas inscne, toiliú agus éagsúlacht agus de bhrí go ndéanann sé leanaí agus daoine óga a chumhachtú;

P.  de bhrí, ar mhaithe le dul i ngleic le saincheist dhíothú an fhoréigin inscnebhunaithe, gur gá brath ar shonraí riaracháin comhsheasmhacha agus inchomparáide, bunaithe ar chreat stóinsithe agus comhordaithe bailithe sonraí; de bhrí nach léiríonn na sonraí atá ar fáil faoi láthair atá bailithe ag údaráis forfheidhmithe dlí agus cheartais na mBallstát méid iomlán an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh agus an tionchar agus éifeachtaí fadtéarmacha a bhíonn aige ar mhná agus leanaí araon, ós rud é nach mbailíonn formhór na mBallstát sonraí inchomparáide atá imdhealaithe de réir inscne maidir le foréigean inscnebhunaithe agus nach n-aithníonn siad gur cion ar leith é an foréigean páirtí dlúthchaidrimh, as a n-eascraíonn limistéar liath atá ina léiriú ar an bhfíoras nach bhfuil fíorleitheadúlacht agus minicíocht an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh cainníochtaithe nó mapáilte go suntasach; de bhrí go bhfuil easpa sonraí ann freisin maidir le rioscaí agus leitheadúlacht níos mó an fhoréigin teaghlaigh agus an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh i gcás grúpaí ar leith, amhail grúpaí ban atá faoi mhíbhuntáiste nó a ndéantar idirdhealú orthu;

Q.  de bhrí gur minic a dhéantar faillí i roinnt Ballstát d’fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh in aghaidh na mban agus go ndealraíonn sé go bhfuil forlámhas ag riail réamhshocraithe an choimeádta chomhroinnte nó an údaráis tuismitheora i gcásanna maidir le coimeád leanaí, le rochtain orthu, le socruithe maidir le teagmháil leo agus le cuairt a thabhairt orthu agus le cinntí maidir leo sin; de bhrí go mbíonn drochiarmhairtí ann do mhná agus do leanaí mar thoradh ar neamhaird a thabhairt ar fhoréigean den sórt sin, ar iarmhairtí iad a d’fhéadfadh dul in olcas sa chaoi is go dtarlódh feimeamharú agus/nó naímharú; de bhrí go bhfuil gá le bearta cosanta speisialta d’íospartaigh an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh; de bhrí dtéann staid na n-íospartach go mór in olcas más rud é go bhfuil siad spleách ar dhéantóir na coire go heacnamaíoch nó go sóisialta; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach, dá bhrí sin, an cineál foréigin sin a chur san áireamh go hiomlán agus cinneadh á dhéanamh maidir le socruithe idirscartha agus coimeádta agus aghaidh a thabhairt ar líomhaintí foréigin roimh shaincheisteanna coimeádta agus cuairte; de bhrí gur cheart do chúirteanna na mBallstát a áirithiú go ndéanfar measúnú cuimsitheach faoi phrionsabal ‘shárleasanna an linbh’ chun cearta coimeádta agus cuairte a chinneadh, lena n-áirítear éisteacht a thabhairt don linbh, gach seirbhís ábhartha a dhéanamh rannpháirteach, tacaíocht shíceolaíoch a chur ar fáil agus saineolas na ngairmithe uile atá bainteach leis an gcás a chur san áireamh;

R.  de bhrí nach n-áirítear faisnéis a sholáthraíonn leanaí maidir lena dtaithí ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh go córasach i measúnuithe riosca na n-údarás forfheidhmithe dlí i bhformhór na mBallstát;

S.  de bhrí gur cheart tús áite a thabhairt i gcónaí do shárleasanna an linbh i ngach cinneadh a bhaineann le leanaí, lena n-áirítear díospóidí teaghlaigh agus de bhrí gur cheart srian a chur, dá bhrí sin, le ceart gach linbh teagmháil a choinneáil leis an mbeirt tuismitheoirí, ar ceart é atá intuigthe in Airteagal 8 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus in Airteagal 9 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, más gá chun sárleasanna an linbh;

T.  de bhrí, de réir Airteagal 12 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus Airteagail 4 agus 16 de Threoir (AE) 2016/800, go bhfuil an ceart ag leanaí a dtuairimí a nochtadh maidir leis na hábhair uile a dhéanann difear dóibh, lena n-áirítear in imeachtaí breithiúnacha agus riaracháin, ar bhealach atá fabhrach do leanaí agus de bhrí gur gá tús áite a thabhairt do na tuairimí sin, i gcomhréir le haois agus le haibíocht an linbh;

U.  de bhrí go ndiúltaíonn dhá cheann de na hinstitiúidí is iomráití i dtaca le meabhairshláinte, an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus Cumann Síceolaíochta Mheiriceá, d’úsáid an tsiondróim ar a dtugtar an siondróm um choimhthiú tuismitheora agus téarmaí agus coincheapa comhchosúla, ós rud é gur féidir iad a úsáid mar straitéis i gcoinne íospartaigh an fhoréigin trí scileanna tuismitheoireachta na n-íospartach a cheistiú, diúltú don mhéid a deir siad agus neamhaird a thabhairt ar an bhforéigean dá nochtar leanaí; de bhrí, de réir mholadh Ardán EDVAW, gur gá do ghníomhaireachtaí agus gníomhaithe stáit, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann cinntí maidir le coimeád leanaí, líomhaintí a dhéanann aithreacha drochídeacha i gcoinne máithreacha i ndáil le coimhthiú tuismitheora a mheas mar shíneadh cumhachta agus smachta(22);

V.  de bhrí go bhféadfadh gearáin i ndíth ainm agus gearáin a dtarraingíonn íospartaigh siar iad ar ball bac a chur ar iniúchadh breise ag na húdaráis agus a bheith ina gconstaic roimh chosc foréigin bhreise;

W.  de bhrí gur minic a dhéileáiltear le himeachtaí coiriúla a eascraíonn as gearán faoi fhoréigean teaghlaigh go hiomlán ar leithligh ó imeachtaí idirscartha agus coimeádta; de bhrí go bhféadfadh sé a bheith i gceist leis sin go n-ordaítear coimeád comhroinnte na leanaí agus/nó go bhforchuirfí cearta cuairte lena gcuirtear cearta agus sábháilteacht an íospartaigh agus na leanaí i mbaol; de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí do-aisiompaithe a bheith aige sin d’fhorbairt mheabhrach agus mhothúchánach leanaí, lena ndéanfaí difear go hiarbhír dá sárleasanna; de bhrí gur gá do na Ballstáit a áirithiú, dá bhrí sin, go mbeidh rochtain ag íospartaigh, de réir a riachtanas, ar sheirbhísí rúnda tacaíochta d’íospartaigh, saor in aisce, ag gníomhú ar mhaithe leis na híospartaigh roimh imeachtaí coiriúla, lena linn agus go ceann tréimhse iomchuí ina ndiaidh, lena n-áirítear trí chóras tacaíochta síceasóisialta – go háirithe le linn agus tar éis nósanna imeachta ceistithe – lena gcuirtear san áireamh na teannais mhothúchánacha atá bainteach leis na dálaí;

X.  de bhrí, de réir Airteagal 67 CFAE, ‘[gurb] éard a bheidh san Aontas limistéar saoirse, slándála agus ceartais ina n-urramófar cearta bunúsacha’, dá bhfuil rochtain neamh-idirdhealaitheach ar an gceartas do chách ríthábhachtach;

Y.  de bhrí gur gá a áirithiú go dtugtar tús áite do shábháilteacht agus do chosaint íospartach i gcásanna a bhaineann le dlí teaghlaigh agus de bhrí nár cheart sásraí um réiteach malartach díospóidí, amhail idirghabháil, a úsáid i gcásanna ina mbíonn foréigean in aghaidh ban agus leanaí i gceist, bíodh sin roimh nó i ndiaidh na n-imeachtaí breithiúnacha, ionas go seachnófar tuilleadh dochair do na híospartaigh;

Z.  de bhrí go gceanglaítear ar na Páirtithe, le Coinbhinsiún Iostanbúl, na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcuirfear teagmhais foréigin teaghlaigh san áireamh agus cearta coimeádta agus cuairte á gcinneadh maidir le leanaí, agus nach gcuireann feidhmiú aon chearta cuairte nó coimeádta cearta agus sábháilteacht an íospartaigh nó a leanaí i mbaol(23); de bhrí, ocht mbliana tar éis dó teacht i bhfeidhm, nár dhaingnigh sé Bhallstát de chuid an Aontais nó an tAontas féin Coinbhinsiún Iostanbúl; de bhrí gurb é Coinbhinsiún Iostanbúl an creat idirnáisiúnta is tábhachtaí atá ann maidir le foréigean inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac;

AA.  de bhrí go nochtar mná do leanúntas foréigin inchoiscthe le coimeád comhroinnte i gcásanna d’fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh, trí iallach a chur orthu fanacht i ngaireacht gheografach dá mí-úsáideoirí, agus trína nochtadh d’fhoréigean breise fisiceach agus síceolaíoch, chomh maith le mí-úsáid mhothúchánach, ar féidir leo tionchar díreach nó indíreach a bheith acu ar a leanaí; de bhrí, i gcásanna d’fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh, gur cheart tús áite a thabhairt do cheart ban agus leanaí chun cosaint a fháil agus maireachtáil saor ó fhoréigean fisiciúil agus síceolaíoch thar an tosaíocht do choimeád comhroinnte; de bhrí gur féidir drochíde leanaí ag déantóirí foréigin páirtí dlúthchaidrimh a úsáid chun cumhacht agus foréigean a fheidhmiú i gcoinne na máthar, ar cineál foréigin inscnebhunaithe indírigh é ar a dtugtar foréigean ionadach i mBallstáit áirithe;

AB.  de bhrí gur bealach bunriachtanach chun tacaíocht a fháil iad línte cabhrach ach de bhrí nach bhfuil ach 13 Bhallstát tar éis líne chabhrach AE, 116 006, a chur chun feidhme d’íospartaigh uile coireanna, agus nach bhfuil línte cabhrach speisialaithe ach ag líon beag Ballstát le haghaidh íospartaigh an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh;

AC.  de bhrí go bhfuil nasc bunúsach idir foréigean páirtí dlúthchaidrimh agus foréigean in aghaidh leanaí agus mí-úsáid leanaí; de bhrí gur cheart a mheas gurb ionann leanaí a nochtadh d’fhoréigean teaghlaigh agus foréigean in aghaidh leanaí; de bhrí go bhfulaingíonn leanaí a fhágtar gan chosaint ar fhoréigean teaghlaigh iarmhairtí diúltacha meabhracha agus/nó fisiceacha a d’fhéadfadh a bheith géar agus ainsealach; de bhrí go bhféadfadh íospairt leanaí i gcásanna foréigin in aghaidh na mban leanúint agus géarú i gcomhthéacs díospóidí tuismitheora maidir le coimeád agus cúram; de bhrí go bhfuil meabhairshláinte agus folláine leanaí tar éis dul in olcas mar gheall ar na bearta imshrianta a cuireadh i bhfeidhm chun dul i ngleic le COVID-19; de bhrí go bhfuil difríocht shuntasach idir na Ballstáit maidir le líon na seirbhísí meabhairshláinte do leanaí agus nach leor é in go leor díobh;

AD.  de bhrí go mbíonn impleachtaí an-diúltacha ag fás aníos i dtimpeallacht fhoréigneach teaghlaigh ar fhorbairt fhisiciúil, mhothúchánach agus sóisialta an linbh agus ar iompar duine fásta ina dhiaidh sin; de bhrí go bhfuil neamhchosaint ar fhoréigean mar leanbh, trí dhrochíde a fhulaingt agus/nó trí fhoréigean páirtí a fheiceáil, ina fachtóir riosca le haghaidh íospartha, a bheith foréigneach mar dhuine fásta, nó fadhbanna sláinte iompraíochta, fisiciúla nó meabhrach a fhulaingt;

AE.  de bhrí, in ainneoin an dul chun cinn, go léirítear le tuairiscí le déanaí nach féidir le híospartaigh coireanna a gcearta a lánfheidhmiú go fóill in AE; de bhrí go bhfuil rochtain ar sheirbhísí tacaíochta ríthábhachtach do mhná a nochtar d’fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh; de bhrí nach leor líon na seirbhísí tacaíochta speisialaithe agus ginearálta go fóill le haghaidh íospartaigh an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh, agus de bhrí go mbíonn deacrachtaí ag íospartaigh go minic an chóir a fháil, mar gheall ar easpa faisnéise agus tacaíocht agus cosaint neamhleor; de bhrí go mbíonn ar íospartaigh aghaidh a thabhairt ar íospairt thánaisteach go minic in imeachtaí coiriúla agus nuair a bhíonn cúiteamh á éileamh acu; de bhrí go bhfuil roinnt cásanna ann nach féidir le oifigigh forfheidhmithe dlí agus córais bhreithiúnacha tacaíocht leormhaith a sholáthar d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh iontu, idir mhná agus leanaí, agus de bhrí go raibh ar íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe cur suas le hiompraíocht fhaillitheach nó ráitis mhíchuí fiú agus an foréigean á thuairisciú acu; de bhrí gur gníomhaithe tábhachtacha iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí poiblí, go háirithe na heagraíochtaí sin a bhíonn ag obair le agus do leanaí agus íospartaigh foréigin teaghlaigh agus inscnebhunaithe, maidir le foréigean teaghlaigh agus foréigean páirtí dlúthchaidrimh a chosc agus déileáil leo; de bhrí gur féidir le heagraíochtaí den sórt sin rannchuidiú ar bhonn luachmhar le beartais agus reachtaíocht freisin i bhfianaise a dtaithí ar an talamh; de bhrí gur féidir cláir chistiúcháin de chuid AE amhail an Clár um Cheartas agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a úsáid chun tacú le gníomhaíochtaí um chosaint agus um thacaíocht d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus inscnebhunaithe, lena n-áirítear chun rochtain ar an gceartas agus maoiniú eagraíochtaí a bhíonn ag obair le híospartaigh a áirithiú;

AF.  de bhrí go mbíonn imeachtaí idirscartha, colscartha agus coimeádta trasteorann níos casta agus go maireann siad níos faide de ghnáth; de bhrí go bhfuil líon díospóidí teaghlaigh trasteorann a bhaineann le freagracht tuismitheora agus le coimeád linbh ag ardú de réir a chéile de bharr soghluaisteacht mhéadaithe laistigh de AE; de bhrí go mbaineann fadhbanna le haithint uathoibríoch breithiúnas maidir le himeachtaí a bhaineann le cearta coimeádta i gcásanna atá bainteach le foréigean inscnebhunaithe, ós rud é go bhfuil an reachtaíocht maidir le foréigean inscnebhunaithe difriúil i ngach Ballstát agus nach n-aithníonn gach Ballstát foréigean páirtí dlúthchaidrimh mar chion coiriúil agus mar chineál foréigin inscnebhunaithe; de bhrí gur gá don Choimisiún cur lena chuid iarrachtaí cur chun feidhme comhsheasmhach agus nithiúil na bprionsabal agus na gcuspóirí a leagtar amach i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, atá daingnithe ag gach Ballstát den Aontas, a chur chun cinn i ngach Ballstát; de bhrí go gcaithfidh na Ballstáit, mar pháirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, tús áite a thabhairt do shárleasanna an linbh i ngach gníomhaíocht phoiblí, lena n-áirítear agus iad ag déileáil le díospóidí teaghlaigh trasteorann; de bhrí, le hAirteagal 83(1) CFAE, go bhforáiltear don fhéidearthacht ‘rialacha íosta a bhunú maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú i réimsí na coireachta fíorthromchúisí a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo mar gheall ar nádúr na gcionta sin nó mar gheall ar an tionchar a bhíonn acu nó toisc go bhfuil gá faoi leith ann iad a chomhrac ar bhonn comhchoiteann’; de bhrí, le hAirteagal 83(2) CFAE, go bhforáiltear don fhéidearthacht ‘rialacha íosta a bhunú [...] maidir le cionta coiriúla agus pionóis a shainiú’, chun ‘beartas de chuid an Aontais a chur chun feidhme go héifeachtúil i réimse ina ndearnadh bearta um chomhchuibhiú’;

AG.  de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 82(2) CFAE don fhéidearthacht rialacha íosta is infheidhme sna Ballstáit a bhunú ‘chun aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha a éascú, chomh maith leis an gcomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla a bhfuil gné thrasteorann ag baint leo’, go háirithe maidir le cearta íospartaigh na coireachta;

Barúlacha Ginearálta

1.  ag cáineadh go láidir gach cineáil foréigin inscnebhunaithe, foréigin teaghlaigh agus foréigin in aghaidh na mban agus á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil mná agus leanaí go háirithe agus i gcoitinne, fós á nochtadh don fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh, arb ionann é agus sárú tromchúiseach ar a gcearta daonna agus ar a ndínit, agus a bhfuil tionchar aige freisin ar chumhachtú eacnamaíoch na mban, ar feiniméan é ar géaraíodh air le linn ghéarchéim COVID-19;

2.  á mheabhrú gur thug Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le foréigean in aghaidh na mban dá haire gur léirigh géarchéim COVID-19 nach gcuirtear coinbhinsiúin idirnáisiúnta chun feidhme go cuí chun foréigean inscnebhunaithe a chosaint agus a chosc; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go práinneach ar an méadú ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh le linn phaindéim COVID-19 agus á spreagadh chun nuálaíochtaí, treoirlínte, dea-chleachtais agus prótacail náisiúnta a mhalartú a bhfuil sé cruthaithe go bhfuil siad éifeachtach maidir le haghaidh a thabhairt ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh agus ar thacú le híospartaigh, go háirithe le linn éigeandálaí; á iarraidh ar an gCoimisiún na cleachtais sin a chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar údaráis áitiúla méid an fhoréigin inscnebhunaithe a thomhas agus tacú le híospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe agus teaghlaigh trí shábháilteacht agus neamhspleáchas eacnamaíoch a ráthú dóibh trí bhíthin rochtain ar thithíocht ar leith agus ar sheirbhísí poiblí bunriachtanacha amhail sláinte, iompar agus tacaíocht shíceolaíoch ghairmiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún prótacal de chuid an Aontais Eorpaigh a fhorbairt maidir le foréigean in aghaidh na mban tráth géarchéime agus éigeandála chun foréigean in aghaidh na mban a chosc agus chun tacú le híospartaigh le linn éigeandálaí amhail paindéim COVID-19, chun córas luathrabhaidh sábháilte agus solúbtha a chur ar bun agus chun seirbhísí cosanta d’íospartaigh, amhail línte cabhrach, cóiríocht shábháilte agus seirbhísí sláinte, a mheas mar ‘sheirbhísí bunriachtanacha’ sna Ballstáit; ag leagan béim, sa chomhthéacs sin, ar an ngá atá le bearta sonracha chun aghaidh a thabhairt ar na héagothromaíochtaí atá ann faoi láthair i ndlíthe, i mbeartais agus i seirbhísí idir na Ballstáit agus ar an méadú atá tagtha ar an bhforéigean teaghlaigh agus inscnebhunaithe le linn phaindéim COVID-19;

3.  á thabhairt chun suntais gur minic a bhaineann déantóirí na coire úsáid as dlíthíocht chun a gcumhacht agus a smacht a leathnú, agus chun leanúint de bheith ag imeaglú a n-íospartach agus de bheith ag spreagadh eagla iontu; á chur i bhfáth i ndáil leis sin gur minic a dhéanann an tuismitheoir foréigneach ionramháil ar an leanbh agus ar an iarraidh um choimeád comhroinnte chun teacht a bheith acu ar an máthair fós tar éis an idirscartha; á chur i bhfáth gur minic a bhaineann déantóirí an fhoréigin mí-úsáid as na leanaí, nó go mbagraíonn siad díobháil a dhéanamh do na leanaí sin nó iad a thógáil, chun dochar a dhéanamh dá bpáirtithe agus dá n-iarpháirtithe, ar rud é a mbíonn tionchar tromchúiseach aige ar fhorbairt shuaimhneach an linbh; á mheabhrú gur cineál foréigin inscnebhunaithe é sin freisin; á thabhairt dá haire gur féidir le déantóirí an fhoréigin úsáid a bhaint as coinneáil siar an liúntais cothaithe mar bhagairt agus mar chineál mí-úsáide in aghaidh a n-íospartach; á thabhairt chun suntais gur féidir leis an gcleachtas sin an-dochar síceolaíoch a dhéanamh do na híospartaigh, agus gur féidir deacrachtaí airgeadais a chruthú leis nó gur féidir géarú orthu; á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú go n-íoctar liúntas cothaithe le híospartaigh ó chistí íospartach chun mí-úsáid airgeadais agus an riosca go ndéanfaí dochar breise dóibh a sheachaint;

4.  á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin i Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025 i dtaca le foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chun feidhme iomlán agus gasta a príomhchuspóirí i ndáil leis sin; ag leagan béim ar na figiúirí scanrúla a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe, ar figiúirí iad a léiríonn gur gá athmhúnlú a dhéanamh ar iompraíocht phatrarcach mar ábhar práinne; á mheabhrú go bhfuil gníomhaíocht chomhpháirteach bunriachtanach chun cearta na mban san Eoraip a chóineasú suas agus a chomhchuibhiú san Eoraip; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcruthófaí foirmíocht den Chomhairle a bhaineann le comhionannas inscne taobh istigh den Chomhairle Eorpach ionas gur féidir le hionadaithe na mBallstát teacht le chéile go minic, reachtaíocht a rith agus dea-chleachtais a mhalartú; á chur i bhfáth gur gá go n-ionchorprófaí cur chuige trasnach i mbearta chun foréigean inscnebhunaithe agus teaghlaigh a chomhrac, agus é mar aidhm leis sin a bheith chomh hionchuimsitheach agus is féidir agus chun aon chineál idirdhealaithe a chosc;

5.  á thabhairt le fios gur ionstraim fhíorthábhachtach é Coinbhinsiún Iostanbúl lena dtugtar aghaidh ar fhoréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus ar fhoréigean teaghlaigh; á chur in iúl gur saoth léi nár dhaingnigh an tAontas Eorpach an Coinbhinsiún go fóill agus nár dhaingnigh ach 21 Bhallstát den Aontas go fóill é; á iarraidh go ndaingneofaí agus go gcuirfí chun feidhme é go gasta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE; ag tathant ar an mBulgáir, ar an tSeicia, ar an Ungáir, ar an Laitvia, ar an Liotuáin agus ar an tSlóvaic Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú; á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir an cinneadh le déanaí a rinne Aire Ceartais na Polainne tús oifigiúil a chur le tarraingt siar na Polainne as Coinbhinsiún Iostanbúl, a bheadh ina chéim thromchúiseach ar gcúl a mhéid a bhaineann le comhionannas inscne, cearta na mban agus an comhrac i gcoinne foréigean inscnebhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint ar aghaidh de bheith ag forbairt creat cuimsitheach beartas, clár agus tionscnamh eile chun dul i ngleic le foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh, agus chun acmhainní leordhóthanacha agus iomchuí a leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le cur chun feidhme Choinbhinsiún Iostanbúl trína chláir chistiúcháin arna gcoimirciú i bhforálacha chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus trí shraith Daphne; ag moladh gach feachtais lena moltar go ndaingneofaí Coinbhinsiún Iostanbúl agus go gcuirfí chun feidhme é; ag tacú le plean an Choimisiúin leanúint de bheith ag spreagadh a dhaingnithe ar fud AE; ag cáineadh go láidir na n-iarrachtaí uile míchlú a tharraingt ar Choinbhinsiún Iostanbúl agus ag cáineadh na n-iarrachtaí céim ar gcúl a thógáil maidir leis an dul chun cinn atá déanta sa chomhrac in aghaidh an fhoréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear foréigean teaghlaigh, atá ag tarlú i mBallstáit áirithe; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór bhuartha di, go bhfuil cur chun feidhme an Choinbhinsiúin fós easnamhach ar fud AE; á iarraidh ar na Ballstáit a bhfuil an Coinbhinsiún daingnithe acu a áirithiú go ndéanfar é a chur chun feidhme go hiomlán, go héifeachtach agus go praiticiúil, agus aird speisialta á tabhairt ar Airteagal 31 de Choinbhinsiún Iostanbúl, agus gach beart iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirtear teagmhais foréigin páirtí dlúthchaidrimh san áireamh agus cinneadh á dhéanamh faoi chearta coimeádta agus cuairte leanaí agus nach gcuirfear cearta agus sábháilteacht an íospartaigh nó na leanaí i mbaol agus aon chearta cuairte nó coimeádta á bhfeidhmiú;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle foréigean inscnebhunaithe a chur san áireamh i liosta na réimsí coireachta in Airteagal 83(1) CFAE, agus an gá ar leith an choir sin a chomhrac ar bhonn comhchoiteann á chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún é sin a úsáid mar bhonn dlíthiúil chun bearta ceangailteacha a mholadh mar aon le treoir réime iomlánaíoch de chuid an Aontais chun gach cineál foréigin inscnebhunaithe a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear tionchar an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh ar mhná agus ar leanaí, ar treoir réime é ina mbeidh caighdeáin aonfhoirmeacha agus oibleagáidí díchill chuí chun sonraí a bhailiú, chun foréigean a chosc agus a imscrúdú, chun íospartaigh agus finnéithe a chosaint agus chun déantóirí a ionchúiseamh agus chun pionós a chur orthu; á mheabhrú gur cheart go mbeadh bearta reachtacha nua den sórt sin i gcomhréir, in aon chás, le cearta, oibleagáidí agus cuspóirí Choinbhinsiún Iostanbúl agus gur cheart go mbeidís comhlántach lena dhaingniú; á mholadh go bhféachfaí ar Choinbhinsiún Iostanbúl mar chaighdeán íosta agus go mbeadh an sprioc ann tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh chun foréigean inscnebhunaithe agus foréigean teaghlaigh a dhíothú;

7.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún bearta sonracha a ghlacadh chun gach cineál cibearfhoréigin a dhíothú, lena n-áirítear ciapadh ar líne, cibearbhulaíocht agus fuathchaint fhrithbhanda, ar foréigean é a mbíonn tionchar díréireach aige ar leanaí agus ar chailíní go háirithe, agus aghaidh a thabhairt go sonrach ar an méadú atá tagtha ar na cineálacha foréigin sin le linn phaindéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún rialacháin ábhartha agus aon ghníomhaíochtaí eile is féidir a chur chun cinn chun an fhuathchaint agus ciapadh ar líne a dhíothú;

8.  á chur in iúl gur saoth léi an tearc-chistiú atá á dhéanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit ar an gcomhrac i gcoinne an fhoréigin baile, i bhfianaise mhéid an fheiniméin; á thabhairt dá haire go bhfuil torthaí bainte amach ag na Ballstáit sin a rinne méadú mór ar na cistí sin, go háirithe ó thaobh feimeamharuithe a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit méadú a dhéanamh ar na cistí atá tiomnaithe don chomhrac i gcoinne an fhoréigin teaghlaigh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di ilroinnt an chistithe, cistiú gearrthéarma agus an t-ualach riaracháin, ar féidir leo an rochtain atá ag cumainn ar chistiú a laghdú agus, dá bhrí sin, a mbíonn tionchar acu ar cháilíocht na tacaíochta d’íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh agus dá leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tús áite a thabhairt do mhaoiniú cobhsaí agus fadtéarmach;

Cosaint, sábháilteacht agus tacaíocht d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe – aghaidh a thabhairt ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh i gcinntí maidir le cearta coimeádta agus cuairte

9.  á mheabhrú gur gá tús áite a thabhairt do shárleasanna leanaí i ngach gníomhaíocht a bhaineann leo; á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag leanbh atá deighilte ó thuismitheoir amháin nó ó bheirt tuismitheoirí caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a choinneáil leis an mbeirt tuismitheoirí ar bhonn rialta, ach amháin mura bhfuil sé sin ag teacht le sárleasanna an linbh; á thabhairt dá haire go bhfuil sé inmhianaithe, i bprionsabal, coimeád comhroinnte agus cuairteanna gan mhaoirseacht a thabhairt chun a áirithiú go mbeidh cearta agus freagrachtaí comhionanna ag tuismitheoir, ach amháin mura bhfuil sé sin ag teacht le sárleasanna an linbh; á chur i bhfáth nach bhfuil sé ag teacht leis na leasanna sin má thugtar freagrachtaí tuismitheoireachta do thuismitheoir amháin nó don bheirt go huathoibríoch leis an dlí; á mheabhrú, de réir Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, gur gníomhaíocht uathúil é measúnú a dhéanamh ar shárleasanna linbh nach mór é a dhéanamh i ngach cás aonair, agus dálaí sonracha gach linbh á gcur san áireamh; á chur i bhfios go láidir gur léir nach bhfuil foréigean páirtí dlúthchaidrimh ag luí le sárleasanna an linbh agus le coimeád agus cúram comhroinnte, mar gheall ar na hiarmhairtí tromchúiseacha a bhaineann leis sin do mhná agus do leanaí, lena n-áirítear an baol go ndéanfaí foréigin iar-idirscartha agus mórghníomhaíochtaí feimeamharaithe agus naímharaithe; á chur i bhfáth, agus na socruithe maidir le leithdháileadh coimeádta agus cearta rochtana agus cuairte á gcur ar bun, gur gá go mbeadh cosaint ban agus leanaí ar an bhforéigean agus sárleasanna an linbh fíorthábhachtach agus gur cheart tús áite a bheith acu ar chritéir eile; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, gur cheart cearta nó éilimh déantóirí foréigin nó déantóirí foréigin líomhnaithe le linn agus i ndiaidh imeachtaí breithiúnacha, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le maoin, príobháideachas, coimeád leanaí, rochtain, teagmháil agus cuairteanna, a chinneadh i bhfianaise chearta daonna na mban agus na leanaí chun na beatha agus chun sláine fisiciúla, gnéasaí agus síceolaíche, agus gur cheart an méid sin a bheith á threorú ag prionsabal shárleasanna an linbh(24); á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhféadfadh sé gurbh ionann tarraingt siar chearta coimeádta agus cuairte an pháirtí fhoréignigh agus coimeád eisiach a dheonú don mháthair, más íospartach foréigin í, agus an t-aon bhealach chun tuilleadh foréigin agus íospairt thánaisteach na n-íospartach a chosc; á chur i bhfáth gur gá go mbeadh deonú na bhfreagrachtaí tuismitheoireachta uile do thuismitheoir amháin á thionlacan ag sásraí cúitimh ábhartha, amhail sochair shóisialta agus rochtain tosaíochta ar chomhshocruithe agus socruithe aonair cúraim;

10.  á chur i bhfáth gur sárú trí fhaillí í mainneachtain aghaidh a thabhairt ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh i gcinntí maidir le cearta coimeádta agus cuairteanna ar cheart an duine chun na beatha, chun beatha gan fhoréigean, agus chun forbartha sláintiúla na mban agus leanaí; ag tathant go láidir go bhféachfaí ar aon chineál foréigin, lena n-áirítear foréigean in aghaidh tuismitheora nó dlúthdhuine a fheiceáil, sa dlí agus i gcleachtas mar shárú ar chearta an duine agus mar ghníomh i gcoinne shárleasanna an linbh; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di líon scáfar na bhfeimeamharuithe san Eoraip, arb é an cineál foréigin is measa i gcoinne na mban é; á chur in iúl gur cúis bhuartha di neamhdhóthanacht na cosanta a thugtar do mhná, ar léir í le líon na bhfeimeamharuithe agus na naímharuithe a tharlaíonn tar éis don bhean foréigean inscnebhunaithe a thuairisciú; á chur i bhfáth gur cheart, ar mhaithe le sárleasanna an linbh, údarás tuismitheora an tuismitheora arna chúiseamh a chur ar fionraí go córasach i gcásanna feimeamharaithe feadh ré iomlán na n-imeachtaí; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur cheart oidhrí a eisiamh ó oibleagáidí cothabhála i leith tuismitheoir a dhaortar mar gheall ar fheimeamharú; ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ar an gceartas agus ar thacaíocht íospartach inrochtana, leordhóthanach agus saor d’íospartaigh uile an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh ar mná iad, gan beann ar a n-éagsúlacht nó a stádas, agus seirbhísí ateangaireachta a chur ar fáil i gcás inar gá; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh seirbhísí na cineálacha trasnacha idirdhealaithe a fhulaingíonn mná agus leanaí san áireamh; á iarraidh ar na Ballstáit cúram, faireachán agus cosaint na mban a thuairiscíonn foréigean inscnebhunaithe a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cur chuige comhordaithe ag seirbhísí tacaíochta maidir le mná atá i mbaol a shainaithint, chun a áirithiú go mbeidh na bearta sin go léir ar fáil agus inrochtana do mhná agus cailíní laistigh dá ndlínse; á chur i bhfáth, nuair a ghabhtar déantóir coire in flagrante delicto, gur cheart an t-íospartach a thabhairt chuig áit shábháilte agus gur cheart go mbeadh cosaint na leanaí ón ionsaitheoir éigeantach agus á chur i bhfáth freisin, mura gcomhlíontar na coinníollacha dlíthiúla lena ghabhadh, gur cheart fós féin an mí-úsáideoir líomhnaithe a bhaint láithreach ó theach an íospartaigh agus a choimeád amach ó áit oibre an íospartaigh chun an baol go mbeadh tuilleadh foréigin ann a chosc;

11.  á iarraidh ar na Ballstáit córais a fhorbairt chun go bhféadfaidh tríú daoine agus tríú comhlachais cuairteanna na leanaí ar an iarpháirtí foréigneach a láimhseáil, chun neamhchosaint máithreacha atá ina n-íospartaigh foréigin baile a laghdú más amhlaidh ceart chun cuairte, ceart chun cóiríochta nó cearta comhchaomhnóireachta ag a n-iarpháirtí i gcónaí; á mheas nach mór na sásraí sin a bheith inrochtana ag mná a thúisce a thuairiscíonn siad foréigean baile; á mheas go n-éilíonn an cúram sin scileanna sonracha agus nach mór na daoine atá i gceannas ar na leanaí a láimhseáil oiliúint leormhaith a fháil; á mheas gur cheart comhlachais agus institiúidí speisialaithe a bheith freagrach as na sásraí sin;

12.  á chur in iúl gur cúis imní di na héagothromaíochtaí sonracha atá ann idir na Ballstáit maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe a chomhrac; á chur in iúl gur cúis bhuartha di cás na mban ar íospartaigh foréigin inscnebhunaithe iad a bhfuil cónaí orthu i gceantair ina bhfuil easpa struchtúr tacaíochta agus inar deacair rochtain a fháil ar cheartas agus ar sheirbhísí poiblí agus dlíthiúla chun a gcearta a chosaint; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach soláthraítear sainseirbhísí tacaíochta go cothrom laistigh de gach Ballstát agus á iarraidh orthu dáileadh geografach leormhaith seirbhísí tacaíochta speisialaithe láithreacha, gearrthéarmacha agus fadtéarmacha d’íospartaigh a áirithiú, gan beann ar stádas cónaithe na mban ná ar a gcumas nó ar a dtoilteanas comhoibriú in imeachtaí i gcoinne an dhéantóra líomhnaithe; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain uilíoch ar sheirbhísí dlí agus ar sheirbhísí saincheaptha agus freagairtí ar chomhthéacsanna sonracha ina dtarlaíonn an foréigean dlúthpháirtí i gceantair thuaithe a sholáthar; á thabhairt chun suntais gur gá líonraí a chruthú idir seirbhísí agus cláir éagsúla chun cásanna d’fhoréigean inscne in aghaidh ban i réigiúin thuaithe agus iargúlta a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht cistí AE a chur i leataobh don tsaincheist sin, go háirithe cistí a dhírítear ar an bhforbairt réigiúnach.

13.  á chur in iúl gur geal léi Straitéis AE maidir le cearta íospartach (2020-2025), ina dtugtar aghaidh ar na riachtanais shonracha atá ag íospartaigh foréigin inscne, go háirithe cur chuige sonrach i leith foréigean síceolaíoch in aghaidh na mban agus an tionchar ar a meabhairshláinte san fhadtéarma; á iarraidh ar an gCoimisiún ar an gCoimisiún, ina mheastóireacht ar an Treoir maidir le Cearta Íospartach, aghaidh a thabhairt ar na bearnaí atá i reachtaíocht an Aontais faoi láthair, féachaint an ndéantar gné inscne na híospartha a chur san áireamh go cuí agus go héifeachtach, go háirithe maidir le caighdeáin idirnáisiúnta i ndáil le foréigean in aghaidh na mban amhail iad siúd a leagtar amach i gCoinbhinsiún Iostanbúl, agus an reachtaíocht maidir le cearta íospartach agus cosaint agus cúiteamh íospartach a fheabhsú go leormhaith; á iarraidh go leanfar de chearta íospartach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ionstraimí atá ann cheana amhail an tOrdú Cosanta Eorpach; ag tathant ar an gCoimsiún a áirithiú go ndéanfaidh na Ballstáit uile reachtaíocht náisiúnta a dhéanamh den Treoir maidir le Cearta Íospartach agus á iarraidh go gcuirfear chun feidhme go hiomlán agus go beacht í, ionas go mbeidh rochtain iomlán ag íospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh ar réimse seirbhísí tacaíochta, lena n-áirítear trí sheirbhísí speisialaithe agus cineálacha amhail an uimhir chabhrach ‘116 006’ d’íospartaigh coireachta;

14.  ag moladh go soláthróidh na Ballstáit sásraí malartacha i gcomhair íospartaigh nach ndéanann gearán a chomhdú ionas go mbeidh siad in ann na cearta aitheanta atá ag íospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh, amhail cearta sóisialta agus saothair, a fheidhmiú, mar shampla trí thuarascálacha ó shaineolaithe arna dtarraingt suas ag sainseirbhísí poiblí lena gcreidtear stádas íospartach an fhoréigin inscnebhunaithe;

Cosaint agus tacaíocht: rochtain ar chosaint dhlíthiúil, ar chóiríocht éigeandála agus ar chistí d’íospartaigh

15.  ag leagan béim ar ról lárnach na tacaíochta eacnamaíche d’íospartaigh i ndáil le cuidiú leo a bheith neamhspleáchas ar a bpáirtí foréigneach ó thaobh an airgid de; á chur i bhfáth go dtéann bunáite na mban i mbochtaineacht mó sa mhó le linn nósanna imeachta idirscartha agus colscartha, agus go scoireann roinnt ban de bheith ag iarraidh a gciona chothroim mar aon leis an méid atá siad ina theideal ar eagla nach faoina gcúram a chuirfí na leanaí; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar an mbaol go mbeadh cás íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh ina chás is éidearfa le linn phróiseas an idirscartha agus an cholscartha; á chur i bhfáth gur gá deireadh a chur le haon bhacainní eacnamaíocha a d‘fhéadfadh tabhairt ar bhean gan an foréigean a rinneadh uirthi a thuairisciú; á chur i bhfios go bhfuil ioncam leormhaith agus neamhspleáchas eacnamaíoch ina bpríomhthosca a chuireann ar chumas ban éalú ó chaidreamh drochídeach agus foréigneach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta sonracha a chur chun feidhme chun dul i ngleic leis an bhforéigean eacnamaíoch, chun caipiteal agus ioncam íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe a chosaint agus chun creat a chur ar bun lena soláthrófar cinntí tapa agus éifeachtacha ar liúntas cothabhála do leanaí, agus é mar aidhm leis sin cumhachtú, sábháilteacht airgeadais agus neamhspleáchas eacnamaíoch a áirithiú d’íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe, lena gcuirfear ar a gcumas smacht a bheith acu ar a saol, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt d’fhiontraithe agus oibrithe ar mná iad; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an neamhspleáchas sin a chur chun cinn agus tacú leis; á chur in iúl gur geal léi an togra le haghaidh treoir maidir le pá íosta leormhaith(25) agus an togra le haghaidh bearta trédhearcachta pá ceangailteacha(26); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an Treoir maidir le Cothromaíocht Oibre is Saoil(27) a chur chun feidhme, ar an ábhar go bhfuil tábhacht nach beag ag baint léi do thuismitheoirí aonair, toisc go gcuidíonn sí leo déileáil lena gcás fostaíochta sonrach agus lena ndualgais chúraim - amhail trína chinntiú go mbíonn saoráidí cúraim inrochtana agus leormhaithe ar fáil; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh tacaíocht airgeadais leormhaith agus sásraí cúitimh ann d’íospartaigh agus sásra a chur ar bun chun comhordú, faireachán, agus measúnú rialta. a dhéanamh ar chur chun feidhme agus éifeachtacht na mbeart chun foréigean eacnamaíoch in aghaidh na mban a chosc;

16.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain iomlán ar chosaint dhlíthiúil leormhaith, éisteachtaí éifeachtacha agus orduithe sriantacha, ionaid dídine agus comhairleoireacht, mar aon le cistí d’íospartaigh agus cláir cumhachtaithe airgeadais d’íospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh ar mná iad, a chur chun cinn agus a ráthú; á iarraidh ar na Ballstáit a ráthú go mbeidh tacaíocht ann do mháithreacha agus a leanaí ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad a ráthú trí bhíthin tacaíocht pobail, oideachais agus airgeadais, amhail cistí íospartach d’íospartaigh foréigin teaghlaigh ar mná iad, chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag na máithreacha sin chun aire a thabhairt dá leanaí agus chun cosc a chur ar choimeád a gcuid leanaí a bheith á chailleadh acu; á iarraidh ar na Ballstáit nósanna imeachta ar leith atá bunaithe ar chaighdeáin íosta chomhchoiteanna a chur i bhfeidhm agus tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh foréigin teaghlaigh, chun nach mbeidh siad ina n-íospartaigh arís mar thoradh ar choimeád comhroinnte nó mar thoradh ar choimeád a gcuid leanaí a chailleadh go hiomlán; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar costais dhlíthiúla íospartaigh an fhoréigin teaghlaigh a chumhdach nuair nach bhfuil acmhainní leormhaithe acu agus a ráthú go ndéanfaidh dlíodóirí atá speisialaithe i gcásanna foréigin teaghlaigh iad a chosaint go cuí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar bhunú caighdeán íosta le haghaidh orduithe cosanta ar fud an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag íospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh ar thacaíocht shíceolaíoch agus ar chomhairleoireacht ag gach céim dá nósanna imeachta dlíthiúla;

17.  á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil réitigh éigeandála agus shealadacha iomchuí ann d’íospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh ná dá leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit spásanna éigeandála a bhaineann go sonrach le cásanna d‘fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh a oscailt agus iad a chur ar fáil i gcónaí, chun seirbhísí glactha agus cosanta leormhaithe do mhná ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad agus d’aon leanaí dá ndéantar difear a mhéadú, a fheabhsú agus a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistí leormhaithe a leithdháileadh ar na húdaráis ábhartha, lena n-áirítear trí thionscadail, agus á iarraidh go mbeidh cistiú ann chun ionaid dídine a bhunú agus a leathnú, mar aon le bearta iomchuí eile lena gcuirfear ar chumas ban ar íospartaigh foréigin iad leas a bhaint, faoi rún, as timpeallacht shábháilte agus áitiúil;

18.  á chur in iúl gur oth léi gur féidir mná a bheith ar díth tacaíocht shóisialta, sláinte agus shíceolaíoch iomchuí; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go soláthrófar tacaíocht leighis agus shíceolaíoch éifeachtach, inrochtana, uilíoch agus ardchálaíochta i gcomhair íospartaigh foréigin inscnebhunaithe, lena n-áirítear soláthar seirbhísí sláinte gnéis agus sláinte atáirgthe (SRHR), go háirithe le linn géarchéime tráth nach mór a mheas go bhfuil an tacaíocht sin bunriachtanach, mar shampla trí infheistíocht a dhéanamh sa teilileigheas chun a ráthú gur féidir leanúint de sheirbhísí cúraim sláinte a sholáthar;

19.  á iarraidh ar na Ballstáit cúram leighis atá dírithe ar an othar a chruthú lena bhféadfaí foréigean baile a bhrath go luath, cóireáil theiripeach ghairmiúil a eagrú agus cláir tithíochta agus seirbhísí dlí a chur ar bun d’íospartaigh a d’fhéadfadh cuidiú go mór le hiarmhairtí an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh a laghdú agus é a chosc;

20.  á iarraidh ar na Ballstáit scrúdú a dhéanamh ar roghanna fíorúla chun cuidiú le híospartaigh foréigin, lena n-áirítear roghanna meabhairshláinte agus comhairleoireachta, agus aird a thabhairt ar neamhionannais atá ann cheana maidir le rochtain ar sheirbhísí teicneolaíochta faisnéise;

21.  ag moladh go mbainfear leas as dea-chleachtais atá ann cheana i roinnt Ballstát chun tuilleadh foréigin a chosc, amhail uimhreacha teileafóin íospartach a thaifeadadh ar liostaí speisialta a bhaineann le stalcaireacht agus le foréigean páirtí dlúthchaidrimh, chun fíorthosaíocht a thabhairt do ghlaonna a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo le linn éigeandálaí agus chun idirghabhálacha éifeachtacha um fhorfheidhmiú an dlí a éascú;

Cosaint leanaí agus tacaíocht do leanaí

22.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé sainmhínithe dlíthiúla comhchoiteanna agus caighdeáin íosta a bhunú ar leibhéal an Aontais chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac agus chun leanaí íospartaigh an fhoréigin inscnebhunaithe a chosaint, ós rud é nach ndéantar foréigean páirtí dlúthchaidrimh, foréigean feicthe ná foréigean indíreach a aithint i mórchuid córais dhlíthiúla; á chur i bhfios nach ndéantar leanaí a chonaic foréigean ina dtimpeallacht teaghlaigh a aithint mar íospartaigh foréigin inscnebhunaithe, rud a bhfuil tionchar díreach aige ar bhailiú sonraí in earnáil na bpóilíní agus in earnáil na mbreithiúna, agus ar an gcomhar trasteorann; á chur i bhfáth gur gá, in imeachtaí coiriúla agus imscrúdaithe, stádas mar íospartach foréigin inscnebhunaithe a shannadh do leanaí a raibh radharc acu ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh nó ar a ndearnadh foréigean indíreach chun go mbeidh siad in ann leas a bhaint as cosaint dlí níos fearr agus as cúnamh iomchuí; ag moladh, dá bhrí sin, go mbunófar nósanna imeachta córasacha chun faireachán a dhéanamh, lena n-áirítear faireachán síceolaíoch, ar leanaí ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad agus ag a raibh radharc ar fhoréigean teaghlaigh, chun freagairt do na trioblóidí atá ina saol dá bharr agus chun cosc a chur orthu an foréigean sin a dhéanamh agus iad ina ndaoine fásta; á iarraidh freisin ar na Ballstáit bearta speisialta a thabhairt isteach maidir leis an bhforéigean feicthe, mar a thugtar air, lena n-airítear forálacha i gcomhair imthosca géaraitheacha sonracha;

23.  á iarraidh ar na Ballstáit feachtas bliantúil a chur ar bun chun leanaí a chur ar an eolas faoi na cearta atá acu agus chun feasacht a mhúscailt ar chearta na leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit ionaid shonracha a chur ar bun chun freastal ar íospartaigh foréigin ar leanaí iad, agus péidiatraiceoirí agus teiripeoirí atá speisialaithe san fhoiréigean inscnebhunaithe a fhruiliú lena bheith ag obair iontu; á iarraidh ar na Ballstáit pointí teagmhála do leanaí a chur ar bun a bheadh inrochtana go héasca, lena n-áirítear ar an nguthán, ar an ríomhphost, trí chomhrá ar líne etc., mar a bhféadfaidís labhairt faoi fhoréigean a rinneadh orthu féin, ar thuismitheoir nó ar shiblín, ceisteanna a chur faoin bhforéigean sin, agus an foréigean sin a thuairisciú, agus mar a bhféadfaidís faisnéis agus comhairle a fháil, nó a bheith curtha i dtreo eagraíocht eile chun tuilleadh cabhrach a fháil;

24.  ag cur béim ar an bhfíoras nach mór, go háirithe, deis a thabhairt don leanbh éisteacht a fháil, rud atá bunriachtanach chun a shuíomh cad atá chun leasa an linbh agus cásanna caomhnóireachta agus cúraim altrama á scrúdú, de réir aois agus aibíocht an linbh; á chur i bhfios gurb amhlaidh, i ngach cás, ach i gcásanna ina bhfuil drochamhras faoi fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh a bheith á dhéanamh go háirithe, nach mór do ghairmithe oilte, amhail dochtúirí nó síceolaithe, lena n-áirítear gairmithe atá cáilithe sa néaraishíciatracht leanaí, na héisteachtaí sin a reáchtáil i dtimpeallacht atá fabhrach do leanaí, chun anailís a dhéanamh ar éifeacht na muiníne as daoine eile ar fhorbairt chomhchuí an linbh agus chun géarú ar a dtráma agus ar an n-íospairt a sheachaint; á iarraidh go mbeidh caighdeáin íosta AE ann maidir le conas ba cheart na héisteachtaí sin a reáchtáil; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú go mbeidh leibhéal cuí fadtéarmach cúraim shíceolaíoch agus shíciatraigh agus comhairleoireachta sóisialta ann d’íospartaigh agus dá leanaí i rith phróiseas an téarnaimh tar éis thréimhse na mí-úsáide;

25.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá lá haird speisialta agus nósanna imeachta agus caighdeáin shonracha le haghaidh cásanna inar duine faoi mhíchumas an t-íospartach nó an leanbh lena mbaineann nó ina bhfuil an t-íospartach nó an leanbh de ghrúpa fíorleochaileach;

26.  á chur in iúl gur geal léi go ndearna an Coimisiún cur i láthair faoi straitéis chuimsitheach chun leanaí leochaileacha a chosaint agus chun ceartas a thacaíonn le gasúir a chothú; á chur i bhfios go láidir gur gá cearta na leanaí is leochailí a chosaint, agus aird ar leith á tabhairt ar leanaí faoi mhíchumas, ar fhoréigean a chosc agus a chomhrac agus ar cheartas a thacaíonn le gasúir a chur chun cinn; á iarraidh go ndéanfaidh na Ballstáit uile an straitéis a chur chun feidhme go hiomlán agus go mear; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta nithiúla a dhéanamh chun mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac trí infheistíocht a dhéanamh i mbearta coisctheacha agus i gcláir chóireála atá dírithe ar chosc a chur ar dhéantóirí coire cion a dhéanamh athuair, agus tacaíocht níos éifeachtaí ann d’íospartaigh, agus tríd an gcomhar idir údaráis um fhorghníomhú an dlí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fheabhsú; á chur i bhfáth gur gá, i gcásanna amhrasta mí-úsáide leanaí, gníomhaíocht phras a dhéanamh chun sábháilteacht an linbh a áirithiú agus chun tuilleadh foréigin nó foréigean a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc, agus fós a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag an leanbh éisteacht a fháil i rith an phróisis; á chreidiúint gur cheart go gcuimseodh an ghníomhaíocht sin measúnú riosca láithreach agus cosaint, lena n-áirítear réimse leathan beart éifeachtach amhail bearta eatramhacha nó orduithe cosanta nó sriantacha fad is atá na fíorais á n-imscrúdú; á mheabhrú nach mór, sna himeachtaí uile a bhaineann le híospartaigh foréigin ar leanaí iad, prionsabal na tapúlachta a chur i bhfeidhm; á chur i bhfáth gur cheart cúirteanna a dhéileálann le mí-úsáid leanaí a bheith speisialaithe san fhoréigean inscnebhunaithe freisin;

27.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta nithiúla a dhéanamh chun deireadh a chur le mí-úsáid ghnéasach leanaí trí infheistíocht a dhéanamh i mbearta coisctheacha agus trí chláir shonracha do dhéantóirí coire ionchasacha agus tacaíocht níos éifeachtaí d’íospartaigh a shainaithint; á iarraidh ar na Ballstáit an comhar idir údaráis um fhorghníomhú an dlí agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a fheabhsú chun mí-úsáid ghnéasach leanaí agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí a chomhrac;

28.  á chur i bhfáth gur féidir an foréigean in aghaidh leanaí a bheith nasctha leis an bhforéigean inscnebhunaithe freisin, bíodh sé sin toisc go bhfaca siad foréigean a bheith á dhéanamh in aghaidh a máithreacha nó toisc gur tugadh drochíde dóibh féin, nuair a úsáidtear é ar shlí indíreach chun cumhacht a fheidhmiú agus foréigean síceolaíoch a dhéanamh in aghaidh a máithreacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil cláir lena dtacaítear le leanaí atá neamhchosanta ar fhoréigean baile bunriachtanach chun dochar fadtéarmach a íoslaghdú; á iarraidh ar na Ballstáit leanúint de chláir nuálacha a reáchtáil chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais na leanaí sin, mar shampla trí oiliúint a chur ar sholáthraithe atá ag obair le leanaí chun comharthaí réamhrabhaidh a bhrath, freagairtí agus tacaíocht iomchuí a sholáthar, agus tacaíocht éifeachtach shíceolaíoch a sholáthar do leanaí le linn imeachtaí coiriúla agus sibhialta a bhfuil baint acu leo; ag moladh go láidir go ndéanfaidh na Ballstáit nósanna imeachta córasacha a chur i bhfeidhm chun faireachán a dhéanamh ar leanaí a bhí ina n-íospartaigh foréigin baile agus a chonaic é á dhéanamh, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch, ar leanaí ar íospartaigh foréigin teaghlaigh iad agus ag a raibh radharc ar fhoréigean teaghlaigh, chun freagairt don trioblóid a bhíonn ann ina saol dá bharr sin agus chun cosc a chur orthu an foréigean sin a dhéanamh agus iad ina ndaoine fásta;

Cosc: oiliúint a chur ar ghairmithe

29.  á iarraidh go mbeidh fothú acmhainneachta féiltiúil, éifeachtach agus oiliúint spriocdhírithe éigeantach ann do ghairmithe a dhéileálann le cásanna d’fhoréigean inscnebhunaithe, mí-úsáid leanaí agus, i gcoitinne, an uile chineál foréigin baile agus a shásraí, lena n-áirítear ionramháil, foréigean síceolaíoch agus rialú comhéigneach; á chur i bhfáth gur cheart an oiliúint spriocdhírithe sin, dá bhrí sin, a bheith ceaptha do na breithiúna, d’oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí, do chleachtóirí dlí speisialaithe, do phearsanra leighis fóiréinseach, do ghairmithe cúraim sláinte, d’oibrithe sóisialta, do mhúinteoirí agus do chúramóirí leanaí, agus freisin do sheirbhísigh phoiblí atá ag obair sna réimsí sin; á iarraidh go leagfar béim freisin san oiliúint sin ar ábharthacht an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh do chearta leanaí agus dá gcosaint agus dá ndea-bhail; á iarraidh go gcuirfidh an oiliúint sin feabhas ar eolas agus tuiscint na ngairmithe sin ar na bearta cosanta atá ann faoi láthair, agus freisin ar an tsábháilteacht, tionchar na coireachta, riachtanais an íospartaigh agus conas aghaidh a thabhairt ar na riachtanais sin, agus scileanna leormhaithe a thabhairt dóibh i dtreo is go mbeidh siad in ann cumarsáid níos fearr a dhéanamh le híospartaigh agus tacú leo; á iarraidh go gcuirfidh an oiliúint sin ar a gcumas freisin measúnú a dhéanamh ar an gcás trí úsáid a bhaint as uirlisí measúnaithe riosca iontaofa agus comharthaí mí-úsáide a bhrath; á chur i bhfáth gur gá meastóireacht a dhéanamh ar na sásraí le haghaidh na comharthaí sin a bhrath arna n-úsáid ag na gairmithe lena mbaineann; á iarraidh go ndéanfar an oiliúint sin trí dhíriú ar riachtanais agus ábhair imní na n-íospartach mar thosaíocht agus trína aithint nach mór aghaidh a thabhairt ar an bhforéigean in aghaidh na mban agus ar an bhforéigean teaghlaigh trí chur chuige atá sonrach, atá íogair ó thaobh na hinscne de, agus atá bunaithe ar chearta an duine, lena seastar le caighdeáin agus bearta náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit an oiliúint sin a fhorbairt agus a mhaoiniú; ag meabhrú a thábhachtaí atá an Gréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach ina leith sin; á chur i bhfáth gur cheart a iarraidh ar eagraíochtaí den tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí poiblí atá ag obair le leanaí, agus ar a son, agus ag obair le híospartaigh foréigin baile agus inscnebhunaithe, agus ar a son, na cúrsaí oiliúna sin a sholáthar, nó ar a laghad baint a bheith acu le soláthar na gcúrsaí oiliúnaí sin, i dtreo is go bhféadfaidís an t-eolas agus an saineolas atá acu ó thaithí fíorshaoil a chomhroinnt. á iarraidh ar an gCoimisiún an cineál oiliúna sin a éascú agus a chomhordú, ag díriú go háirithe ar chásanna trasteorann;

30.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar a seirbhísí póilíneachta agus ceartais a mhaoiniú, a fhearastú agus a oiliúint go leormhaith i riocht is go mbeidh siad in ann gearáin maidir le foréigean baile a láimhseáil, agus a áirithiú freisin go mbeidh siad freagrach agus iad ag déanamh amhlaidh; á chur in iúl gur oth léi gur féidir tearc-chistiú agus ciorruithe buiséadacha sna seirbhísí sin a bheith ina siocair le lochtanna nóis imeachta, le heaspa faisnéise do ghearánaigh faoi dhul chun cinn an nóis imeachta agus le moilleanna iomarcacha nach bhfuil ar comhréir leis an riachtanas cosaint a thabhairt d’íospartaigh agus cuidiú leo teacht chucu féin. ag leagan béim ar an ról tábhachtach atá ag oibrithe sóisialta agus síceolaíocha i ranna póilíní i ndáil le tacaíocht nithiúil agus dhaonna a éascú d’íospartaigh foréigin baile; á iarraidh ar na Ballstáit na hacmhainní is gá chun cuidiú le híospartaigh mná agus a leanaí a thabhairt do na comhlachais uile; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit treisiú lena gcomhar chun bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar shainaithint daoine ar íospartaigh foréigin baile agus foréigin páirtí dlúthchaidrimh iad, agus freisin chun na híospartaigh agus na finnéithe a chumasú le teacht chun tosaigh agus an choir a thuairisciú, óir in a lán cásanna ní thuairiscítear an foréigean páirtí dlúthchaidrimh;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach ardán de chuid an Aontais a bhunú don fhoghlaim fhrithpháirteach agus do chomhroinnt dea-chleachtas idir cleachtóirí dlí agus lucht déanta beartas ó Bhallstáit éagsúla atá ag obair sna réimsí ábhartha uile;

32.  ag moladh go láidir go mbunóidh na Ballstáit cúirteanna nó rannóga speisialaithe, chomh maith le dlíthe, oiliúint, nósanna imeachta agus treoirlínte iomchuí do gach gairmí a bhíonn ag déileáil le híospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh, lena n-áirítear feasacht a mhúscailt ar fhoréigean inscnebhunaithe agus steiréitíopaí inscne, chun neamhréireachtaí a sheachaint idir cinntí breithiúnacha agus idirdhealú nó íospairt thánaisteach le linn imeachtaí breithiúnacha, leighis agus póilíneachta, cosanta leanaí agus caomhnóireachta, lena n-áiritheofar go n-éistfear go cuí le leanaí agus mná agus go dtabharfar tosaíocht dá gcosaint agus do chúiteamh a lorg dóibh; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá cúirteanna nó rannóga tiomnaithe agus ceartas atá fabhrach do leanaí agus do mhná a neartú, chun aonaid measúnaithe chuimsitheacha a chur ar bun a dhéileálann le foréigean inscnebhunaithe atá comhdhéanta de dhochtúirí fóiréinseacha, síceolaithe agus oibrithe sóisialta a oibreoidh i gcomhar leis na seirbhísí poiblí atá speisialaithe san fhoréigean inscnebhunaithe atá i gceannas ar chúnamh a thabhairt d’íospartaigh; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé bearta cosanta dlíthiúla a chur i bhfeidhm go hiomlán chun mná agus leanaí a chosaint ar fhoréigean, agus ar a thábhachtaí atá sé nach mbeadh na bearta sin teoranta ná srianta ag cearta tuismitheoirí; á áitiú go ndéanfar cinntí maidir le comhchaomhnóireacht a chur siar go dtí go mbeidh an foréigean páirtí dlúthchaidrimh imscrúdaithe go leormhaith agus go mbeidh measúnú riosca déanta;

33.  á chur i bhfáth gur gá an idirnascthacht idir imeachtaí coiriúla, imeachtaí sibhialta agus imeachtaí dlíthiúla eile a aithint chun na freagairtí breithiúnacha agus na freagairtí dlíthiúla eile ar an bhforéigean páirtí dlúthchaidrimh a chomhordú agus ag moladh, dá bhrí sin, go nglacfaidh na Ballstáit bearta chun cás coiriúil agus sibhialta aon teaghlaigh amháin a nascadh, ionas gur féidir neamhréireachtaí idir cinntí breithiúnacha agus cinntí dlíthiúla eile a dhéanann dochar do leanaí agus d’íospartaigh a sheachaint go héifeachtach; á chur in iúl gur saoth léi an easpa bearta sealadacha chun íospartaigh a chosaint agus an easpa sásraí neamhbhuana chun údarás tuismitheora an tuismitheora fhoréignigh a chur ar fionraí le linn imeachtaí dlíthiúla, a mhaireann ar feadh roinnt blianta de ghnáth; á iarraidh ar an Ballstáit triail a bhaint as na bearta cosanta sin agus iad a fhorbairt; á iarraidh ar na Ballstáit, chun na críche sin, oiliúint a eagrú do na gairmithe uile, agus freisin do na hoibrithe deonacha atá rannpháirteach sna himeachtaí sin, agus ról sna cúrsaí oiliúna sin a thabhairt d’eagraíochtaí sin na sochaí sibhialta atá ag obair le leanaí agus íospartaigh agus ar a son; á iarraidh ar na húdaráis náisiúnta inniúla feabhas a chur ar an gcomhordú idir na cúirteanna trí theagmhálacha a chothú idir oifigí ionchúiseoirí ionas gur féidir saincheisteanna um fhreagracht tuismitheora a réiteach go práinneach, agus a áirithiú go mbeidh cúirteanna teaghlaigh in ann na saincheisteanna uile a bhaineann le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban a mheas agus cearta caomhnóireachta agus cuairte á gcinneadh acu;

34.  á iarraidh ar na Ballstáit ardán a bhunú le haghaidh malartú rialta dea-chleachtas idir cúirteanna sibhialta agus cúirteanna coiriúla, cleachtóirí dlí a bhíonn ag déileáil le cásanna foréigin baile agus inscnebhunaithe, mí-úsáid leanaí agus cásanna idirscartha agus caomhnóireachta, agus na geallsealbhóirí ábhartha eile go léir;

35.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit eagraíochtaí ábhartha den tsochaí shibhialta, go háirithe iad siúd atá ag obair le leanaí agus ar a son agus le híospartaigh foréigin baile agus foréigin inscnebhunaithe agus ar a son, a rannpháirtiú i bhforbairt agus cur chun feidhme beartas agus reachtaíochta agus sa mheastóireacht orthu; á iarraidh go soláthrófar tacaíocht struchtúrach ar fáil ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil i gcomhar na n-eagraíochtaí sin den tsochaí shibhialta, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais, chun cur lena n-acmhainneacht frithghníomhú agus tacú le cúis agus freisin a áirithiú go mbeidh rochtain leormhaith ag gach duine ar a gcuid seirbhísí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí comhairleoireachta agus tacaíochta;

36.  ag athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le neartú a dhéanamh ar acmhainneacht soláthraithe seirbhíse sna hearnálacha uile (an ceartas, forfheidhmiú an dlí, an tsláinte agus seirbhísí sóisialta) bunachair sonraí nuashonraithe a thaifeadadh agus a choinneáil ar bun; á iarraidh ar na Ballstáit treoirlínte náisiúnta agus dea-chleachtais a bhunú agus freisin oiliúint feasachta um fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh a sholáthar i gcomhair na foirne ar na leibhéil uile i ngach earnáil líne tosaigh, ós rud é go bhfuil sé bunriachtanach freagairt go híogair do mhná a bhfuil cosaint á lorg acu; á iarraidh ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar sheirbhísí i gcomhair earnálacha agus na buiséid is gá a shocrú i gcomhréir leis na riachtanais;

37.  ag moladh go ndéanfaidh na húdaráis náisiúnta gníomhaíocht, go háirithe chun tacar treoirlínte do ghairmithe a bhfuil baint acu le cásanna a bhaineann le foréigean páirtí dlúthchaidrimh agus cearta caomhnóireachta a dhréachtú agus a scaipeadh, agus fachtóirí priacail (a bhaineann le leanaí nó daoine den teaghlach, le saincheisteanna comhshaoil nó sóisialta, nó leis an bhféidearthacht go bhféadfadh cionta foréigneacha a bheith á ndéanamh athuair) á gcur san áireamh chun gur féidir measúnú a dhéanamh ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh, chun tacú le cearta leanaí agus ban;

38.  ag tabhairt dá haire gur cheart na treoirlíne agus an treoir sin tacú le gairmithe sláinte i ndáil le feasacht phoiblí a mhúscailt ina dtimpeallacht ghairmiúil ar an tionchar suntasach atá ag an bhforéigean i gcoinne na mban, lena n-áirítear foréigean páirtí dlúthchaidrimh, ar a meabhairshláinte;

39.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról na saineolaithe agus na ngairmithe fóiréinseacha ábhartha uile sna nósanna imeachta sin, amhail dochtúirí, síceolaithe cliniciúla fóiréinseacha agus oibrithe sóisialta, maidir le saineolas fóiréinseach agus síceolaíoch a sholáthar i ndáil le cúram a thabhairt ní hamháin do mhná ar íospartaigh mí-úsáide baile nó foréigin iad, ach freisin do na leanaí lena mbaineann, go háirithe nuair nach bhfuil an timpeallacht ina bhfuil siad ina gcónaí oiriúnach chun a sláinte, a ndínit, a gcothromaíocht mhothúchánach agus a gcáilíocht saoil a chosaint; á mheabhrú, dá bhrí sin, gur gá na cleachtóirí fóiréinseacha agus na gairmithe lena mbaineann a bheith in ann, inter alia, leas a bhaint as treoirlínte arna dtarraingt as tacar sonraí, cleachtais agus dea-chleachtais ar leibhéal AE; ag tabhairt dá haire, chun críocha dlíthiúla, go bhfágann eolas teicniúil agus leighis sonrach dochtúirí foréinseacha iad a bheith ina ngairmithe oiriúnacha chun cúnamh a thabhairt do speisialtóirí (amhail péidiatraiceoirí, gínéiceolaithe agus síceolaithe) ina gcuid oibre, agus an oiliúint iomchuí agus an saineolas teicniúil iomchuí a bheith acu chun comharthaí foréigin a aithint agus, i gcás ina bhfuil forais ann lena dhéanamh, chun oibleagáidí tuairiscithe a chomhlíonadh agus idirchaidreamh a dhéanamh le húdaráis bhreithiúnacha;

40.  ag meabhrú fhorálacha na Treorach maidir le Cearta Íospartach; á thabhairt chun suntais gur minic a bhíonn tacaíocht speisialta agus cosaint speisialta de dhíth ar íospartaigh foréigin inscne ar mná iad agus ar a leanaí mar gheall ar bhaol mór na híospartha tánaistí agus na hathíospartha, an imeaglaithe agus an díoltais a bhaineann leis an bhforéigean sin; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfar aird ar an gcultúr cáinte íospartach atá ann sa tsochaí, lena n-áirítear i measc gairmithe sa chóras ceartais choiriúil; á iarraidh go ndéanfar foréigean institiúideach a aithint agus aghaidh a thabhairt air, lena n-áirítear gníomhaíochtaí agus easnaimh uile na n-údarás agus na seirbhíseach poiblí atá dírithe ar rochtain ar sheirbhísí poiblí ábhartha nó feidhmiú chearta na n-íospartach a mhoilliú, a bhac nó a chosc, agus go ndéanfar smachtbhannaí agus bearta iomchuí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar na híospartaigh a chosaint agus a chúiteamh; á chur i bhfios go láidir a ríthábhachtaí atá sé oiliúint, nósanna imeachta agus treoirlínte a bhunú do na gairmithe uile a bhíonn ag déileáil le híospartaigh chun cabhrú leo comharthaí an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh a shainaithint fiú nuair nach ndéanann íospartaigh gearáin fhollasacha; ag moladh gur cheart go n-áireofaí ar na treoirlínte agus an treoir sin bearta chun cláir chóireála othar shábháilte, urramacha, nach bhfágann an t-íospartach ciontacht a mhothú, do mhná a ndearnadh foréigean orthu a chur chun cinn, lena n-áirítear foréigean páirtí dlúthchaidrimh, agus chun na cóireálacha is fearr dóibhsean agus dá leanaí a scaipeadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le fadhb na ngearán anaithnid agus na ngearán arna tharraingt siar trína ráthú go mbeidh nósanna imeachta éifeachtacha agus gasta ann chun íospartaigh a chosaint agus freisin trí chuntasacht na bpáirithe foréigneacha a áirithiú; ag moladh go gcruthófar bunachair shonraí um fhorfheidhmiú an dlí a choinneoidh taifead ar na mionsonraí uile a bhaineann le ráitis maidir le foréigean páirtí dlúthchaidrimh arna ndéanamh ag an íospartach nó ag an tríú páirtí chun faireachán a dhéanamh ar an bhforéigean agus cosc a chur ar é a bheith á dhéanamh athuair; á iarraidh go mbeidh níos mó oideachais pobail agus múscailte feasachta ann, mar aon le hoiliúint agus oideachas maidir le foréigean páirtí dlúthchaidrimh do na póilíní agus do sheirbhísí sóisialta i gceantair thuaithe agus iargúlta ina leagfar béim ar a thábhachtaí atá an t-oideachas maidir le leanaí a chur ar an eolas agus tacú leo chomh maith le cláir le haghaidh réiteach coinbhleachta, eiseamláirí dearfacha agus comhoibriú;

Cosc: aghaidh a thabhairt ar steiréitíopaí inscne agus ar chlaontacht inscne – oideachas agus múscailt feasachta

41.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di tionchar na steiréitíopaí inscne agus na claontachta inscne a fhágann freagairtí neamhleora a bheith á dtabhairt ar an bhforéigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus easpa muiníne a bheith ann as na mná, go háirithe maidir le líomhaintí a mheastar a bheith bréagach maidir le mí-úsáid leanaí agus foréigean teaghlaigh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin nach bhfuil oiliúint shonrach ann do bhreithiúna, d’ionchúisitheoirí agus do ghairmithe dlí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta atá dírithe ar steiréitíopaí inscne agus claontacht phatrarcach a chomhrac tríd an oideachas agus trí fheachtais múscailte feasachta; á iarraidh ar na Ballstáit faireachán a dhéanamh ar dhímheas a bheith á chaitheamh ar ghuth na mban; ag cáineadh úsáid, dearbhú agus glacadh teoiricí agus coincheapa neamheolaíocha i gcásanna caomhnóireachta lena bpionósaítear máithreacha a dhéanann iarracht ar chásanna mí-úsáide leanaí nó foréigin inscnebhunaithe a thuairisciú trí chosc a chur orthu caomhnóireachta a fháil nó trína gcearta tuismitheora a shrianadh; á chur i bhfáth gur féidir ‘siondróm coimhthithe tuismitheora’, mar a thugtar air, agus coincheapa agus téarmaí comhchosúla, ar gnách iad a bheith bunaithe ar steiréitíopaí inscne, aimhleas a dhéanamh d’íospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh ar mná iad tríd an milleán a chur ar mháithreacha as ‘coimhthíos’ a leanaí lena n-athair, trí amhras a chaitheamh ar scileanna tuismitheora na n-íospartach, trí neamhaird a thabhairt ar fhianaise na leanaí agus ar an mbaol foréigin a bhfuil a leanaí neamhchosanta air, agus trí chearta agus sábháilteacht na máthar agus na leanaí a chur i mbaol. á iarraidh ar na Ballstáit siondróm coimhthithe tuismitheora a aithint ina gcleachtas breithiúnach agus ina ndlí agus úsáid an tsiondróim in imeachtaí cúirte a dhíspreagadh nó a chosc fiú, go háirithe le linn imscrúduithe chun a chinneadh an ann d’fhoréigean;

42.  ag leagan béim ar a thábhachtaí atá feachtais múscailte feasachta a chuireann ar chumas finnéithe (go háirithe comharsana agus comhoibrithe) comharthaí an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh (go háirithe foréigean neamhfhiisiciúil) a thabhairt faoi deara, agus a thábhachtaí atá sé treoir a sholáthar maidir le conas tacú le híospartaigh agus maidir le conas cúnamh a thabhairt dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais múscailte feasachta, faisnéise agus abhcóideachta a chur chun cinn lena rachfar i ngleic le claontacht inscne agus steiréitíopaí inscne mar aon le foréigean baile agus inscnebhunaithe den uile chineál, amhail foréigean fisiceach, ciapadh gnéasach, cibearfhoréigean, foréigean síceolaíoch agus teacht i dtír gnéasach, go háirithe i ndáil le bearta coiscthe nua-chruthaithe agus córais rabhaidh éigeandála sholúbtha, agus tuairisciú ar chomhordú agus ar chomhar le heagraíochtaí aitheanta agus speisialaithe ban a spreagadh; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt do na struchtúir phoiblí uile agus feachtais múscailte feasachta á ndéanamh;

43.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil pionósú éifeachtach mí-úsáideoirí bunriachtanach chun stop a chur le tuilleadh foréigin agus chun treisiú leis an muinín as na húdaráis phoiblí, go háirithe de pháirt na n-íospartach; á chur i bhfios, áfach, nach leor príosúnacht aisti féin chun tuilleadh foréigin a chosc agus go bhfuil gá le cláir athshlánaithe agus athoiliúna shonracha; á iarraidh ar na Ballstáit, mar a leagtar síos in Airteagal 16 de Choinbhinsiún Iostanbúl, na bearta reachtacha nó na bearta eile is gá a ghlacadh chun cláir a chur ar bun, nó chun tacú leo, atá dírithe ar oiliúint a chur ar dhéantóirí an fhoréigin baile i dtreo is go n-iompróidh siad iad féin go neamhfhoréigneach i gcaidreamh idirphearsanta d’fhonn tuilleadh foréigin a chosc agus d’fhonn patrúin iompair fhoréignigh a athrú; á thabhairt chun suntais nach mór do na Ballstáit a áirithiú, agus an méid sin á dhéanamh acu, go mbeidh sábháilteacht na n-íospartach, an tacaíocht a thugtar dóibh, agus cearta daonna na n-íospartach, ina mórthosaíocht agus gurb amhlaidh, i gcás inarb iomchuí, a dhéanfar na cláir sin a chur ar bun agus a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le seirbhísí tacaíochta speisialaithe d’íospartaigh; á chur i bhfios go bhfuil an t-oideachas den ríthábhacht i ndáil leis an bhforéigean inscnebhunaithe, agus foréigean páirtí dlúthchaidrimh go háirithe, a dhíothú; á iarraidh ar na Ballstáit cláir choisctheacha a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí oideachas maidir le saincheisteanna amhail comhionannas idir mná agus fir, urraim fhrithpháirteach, réiteach coinbhleachta neamhfhoréigneach i gcaidrimh idirphearsanta, foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban agus an ceart chun sláine pearsanta, agus oideachas gnéasachta atá oiriúnach ó thaobh aoise de arna oiriúnú d’acmhainneacht éabhlóideach na bhfoghlaimeoirí, i gcuraclaim fhoirmiúla agus ar an uile leibhéal den oideachas, i gcomhréir leis an Straitéis um Chomhionannas Inscne, 2020-2025; á chur i bhfáth go bhfuil oideachas caidrimh agus gnéasachta atá cuimsitheach agus atá oiriúnach ó thaobh aoise de den ríthábhacht chun leanaí a chosaint ar fhoréigean agus chun na scileanna a theastaíonn uathu chun caidreamh sábháilte a bheith acu atá saor ó fhoréigean gnéis, foréigean inscnebhunaithe agus foréigean páirtí dlúthchaidrimh, a thabhairt dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cláir atá dírithe ar an bhforéigean inscnebhunaithe a chosc, lena n-áirítear trí shnáithe Daphne den Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna chun bearta coiscthe éifeachtacha a áirithiú;

44.  á iarraidh ar na Ballstáit a mholadh go ndéanfar iarrachtaí ar na réamhthuairimí daingnithe is cionsiocair i gcónaí leis an mbearna chúraim idir na hinscní a dhíothú;

45.  á thabhairt chun suntais gur cheart go n-áireofaí i straitéisí chun an foréigean páirtí dlúthchaidrimh a chosc gníomhaíochtaí chun neamhchosaint ar fhoréigean le linn na hóige a laghdú, scileanna teagaisc is gá chun caidreamh sábháilte agus folláin a chruthú agus chun dul i ngleic le noirm shóisialta a fhágann forlámhas agus iompar forlámhach na bhfear ar na mná, nó cineálacha eile iompair ghnéasaíoch, a bheith á gcur chun cinn;

46.  á iarraidh ar an gCoimisiún feachtais múscailte feasachta agus oideachais uile-Aontais agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn mar bheart riachtanach i ndáil le foréigean teaghlaigh agus foréigean inscnebhunaithe a chosc agus i ndáil le timpeallacht neamhfhulaingthe i leith an fhoréigin agus timpeallacht shábháilte d’íospartaigh a chruthú; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról straitéiseach ag na meáin ina leith sin; á chur i bhfáth, áfach, gurb amhlaidh fós, i roinnt Ballstát a dhéantar an feimeamharú agus cásanna d’fhoréigean inscnebhunaithe a léiriú ar shlí a dhéanann an páirtí foréigneach a shaoradh óna fhreagracht; á thabhairt chun suntais nach bhféadfar, sna meáin ná san fhógraíocht, teachtaireachtaí frithbhanda agus gnéasaíocha a scaipeadh, lena n-áirítear trí iarracht a dhéanamh ar leithscéal a dhéanamh d’fhoréigean agus freagrachtaí páirtithe foréigneacha, ar iad a dhlisteanú nó ar a bheag a dhéanamh díobh; á mheas go n-eascraíonn an foréigean baile freisin ó chur chuige i leith na tuismitheoireachta atá bunaithe ar steiréitíopaí inscne; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, steiréitíopaí inscne a chomhrac agus comhionannas inscne a chur chun cinn i bhfreagrachtaí tuismitheora, i riocht is go ndéanfaí an t-ualach riaracháin a roinnt go cothrom, lena n-áiritheofaí nach mbeadh stádas íochtarach ag na mná; á iarraidh ar an gCoimisiún éascaíocht a dhéanamh ar mhalartú dea-chleachtas ar leibhéal an Aontais maidir le bearta coisctheacha, cosanta agus ionchúisimh agus bearta chun foréigean a chomhrac, agus freisin maidir le cur chun feidhme praiticiúil na mbeart sin; á iarraidh ar an Ballstáit an feachtas sin de chuid an Aontais a chomhlánú trí fhaisnéis a chraobhscaoileadh maidir le cá háit ar féidir le híospartaigh agus le finnéithe an cineál sin foréigin a thuairisciú, lena náirítear tar éis dheireadh an fheachtais agus aird á tabhairt ar shainiúlacht ghéarchéim COVID-19 chun díriú freisin ar an tionchar ar leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le gníomhaíochtaí i scoileanna agus i suíomhanna eile lena músclaítear feasacht ar shaincheisteanna coireachta agus tráma, ar cá háit ar féidir teacht ar chabhair, ar conas fadhbanna a thuairisciú, agus ar conas athléimneacht a chothú i measc leanaí agus iadsan atá ag obair le leanaí;

Comhar idir na Ballstáit, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann

47.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá malartú faisnéise idir cúirteanna, údaráis lárnacha na mBallstát agus comhlachtaí póilíneachta, go háirithe maidir le cásanna coimeádta trasteorann; ag dréim leis, leis na rialacha athbhreithnithe faoi Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le dlínse agus maidir le haithint agus forfheidhmiú cinntí a bhaineann le cúrsaí pósta agus le cúraimí tuismitheoireachta agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí(28), go dtreiseofar an comhar idir córais bhreithiúnacha ar mhaithe le sárleasanna an linbh, gan beann ar stádas pósta a dtuismitheoirí nó ar chomhdhéanamh a dteaghlaigh, agus leasanna íospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh, a chinneadh go héifeachtach; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh dochtúirí fóiréinseacha, nó aon ghairmithe eile atá rannpháirteach sa chomhthéacs seo, faisnéis maidir leis an bhforéigean páirtí dlúthchaidrimh a sholáthar don údarás náisiúnta ábhartha nuair a chreideann siad go gcuireann an foréigean sin beatha an íospartaigh aosaithe nó beatha an linbh i mbaol, agus nach bhfuil na híospartaigh in ann iad féin a chosaint mar gheall ar an gcomhéigean morálta nó eacnamaíoch de bharr an ghreama atá an ionsaitheoir orthu, atá ag iarraidh toiliú an íospartaigh aosaithe a fháil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit forfheidhmiú agus cur chun feidhme éifeachtach Rialachán IIa na Bruiséile a áirithiú; á chur in iúl gur oth léi, ina leith sin, gur mainníodh san athbhreithniú is déanaí an raon feidhme a leathnú chuig páirtnéireachtaí cláraithe agus lánúineacha gan phósadh; á chur in iúl go bhfágann sé sin idirdhealú a bheith á dhéanamh ar íospartaigh agus leanaí páirtnéireachtaí cláraithe agus lánúineacha gan phósadh, agus iad a bheith i staideanna a d’fhéadfadh a bheith baolach; ag meabhrú go bhfuil raon feidhme agus cuspóirí Rialachán IIa na Bruiséile bunaithe ar ‘phrionsabal an neamhidirdhealaithe ar fhorais na náisiúntachta idir saoránaigh an Aontais’ agus ar phrionsabal na muiníne frithpháirtí idir córais dhlíthiúla na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt don Pharlaimint ar chur chun feidhme agus tionchar na rialachán sin, lena n-áirítear i gcomhthéacs an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh agus i gcomhthéacs cearta caomhnóireachta, ar a dhéanaí faoi Lúnasa 2024;

48.  á chur i bhfios, cé go mbíonn tionchar an-chorraitheach ag na díospóidí teaghlaigh uile, go mbíonn cásanna trasteorann níos íogaire fós agus níos casta fós ó thaobh na dlíthiúlachta de; á chur i bhfáth go bhfuil gá le leibhéal ard feasachta poiblí maidir le saincheisteanna casta amhail socruithe caomhnóireachta trasteorann agus oibleagáidí cothabhála, lena n-áirítear an gá lena áirithiú go mbeidh soiléireacht ann maidir le cearta agus oibleagáidí tuismitheoirí agus leanaí i ngach tír; á chur i bhfios go bhféadfadh na Ballstáit rannchuidiú le réiteach níos gasta a fháil ar na cásanna dlí teaghlaigh trasteorann sin trí chóras sainrann a thionscnamh laistigh de chúirteanna náisiúnta, lena n-áirítear aonaid atá dírithe ar an bhforéigean inscnebhunaithe atá comhdhéanta de phearsanra leighis fóiréinseach, síceolaithe, agus gairmithe ábhartha eile, agus oibriú i gcomhar le seirbhísí poiblí atá speisialaithe san fhoréigean inscnebhunaithe agus atá i gceannas ar chúnamh a thabhairt d’íospartaigh; á iarraidh go dtabharfar aird ar leith ar chás na dteaghlach aontuismitheora agus ar bhailiú trasteorann liúntas cothabhála, ós rud é go bhfuil na praiticiúlachtaí fhorfheidhmiú na bhforálacha reatha atá i bhfeidhm – eadhon Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forghníomhú cinntí agus comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála agus Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Cothabháil a Aisghabháil Thar Lear – lena leagtar síos oibleagáidí dlíthiúla a bhaineann le liúntas bailiú trasteorann liúntas cothabhála, dúshlánach i gcónaí; á chur i bhfáth gur gá na huirlisí dlí le haghaidh bailiú trasteorann liúntas cothabhála a fhorfheidhmiú in éineacht le múscailt feasachta poiblí ar a n-infhaighteacht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún oibriú go dlúth leis na Ballstáit chun fadhbanna praiticiúla a bhaineann le bailiú liúntas cothabhála i gcásanna trasteorann a shainaithint agus chun cuidiú leo uirlisí éifeachtacha a fhorbairt chun oibleagáid íocaíochta a fhorfheidhmiú; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an tsaincheist agus a himpleachtaí do theaghlaigh aontuismitheora agus baol na bochtaineachta;

49.  ag tathant ar na Ballstáit leanúint d’anailís a dhéanamh ar shonraí maidir leis an tuairisciú a dhéantar ar gach cineál foréigin inscnebhunaithe agus teaghlaigh agus ar threochtaí i dtaca lena leitheadúlacht, agus ar na hiarmhairtí do leanaí freisin, fad is atá bearta gaibhniúcháin i bhfeidhm agus sa tréimshe díreach ina dhiaidh;

50.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit treisiú lena gcomhar chun bearta a dhéanamh lena ndéanfaí daoine ar íospartaigh foréigin páirtí dlúthchaidrimh iad a chumasú le teacht chun tosaigh agus an choir a thuairisciú, óir in a lán cásanna ní thuairiscítear an foréigean páirtí dlúthchaidrimh; ag tabhairt dá haire gur gheall an Coimisiún go ndéanfadh sé suirbhé nua AE maidir le foréigean inscnebhunaithe, agus go ndéanfaí torthaí an tsuirbhé sin a chur i láthair in 2023; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú i ndlúthchomhar le chéile chun sásra buan a bhunú chun sonraí uile-Aontais atá comhchuibhithe, cruinn, iontaofa, inchomparáide, d’ardchaighdeán agus atá leithscartha ó thaobh inscne de maidir le leitheadúlacht, cúiseanna agus iarmhairtí an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh do mhná agus do leanaí agus maidir le bainistiú an fhoréigin páirtí dlúthchaidrimh agus na gceart caomhnóireachta a sholáthar ar bhonn rialta, agus leas iomlán á bhaint as inniúlacht agus saineolas EIGE agus Eurostat; ag meabhrú gur gníomhaíocht é staidreamh náisiúnta maidir leis an bhforéigean inscnebhunaithe a sholáthar atá incháilithe do chistiú faoi Chlár an Mhargaidh Aonair do 2021-2027; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar na sonraí a imdhealú de réir aoise, de réir gnéaschlaonta, de réir na féiniúlachta inscne, de réir saintréithe gnéis, de réir cine agus eitneachta agus de réir stádas míchumais, i measc nithe eile, chun a áirithiú go dtarraingeofar aird ar thaithí na mban ina n-éagsúlacht ar fad ; ag tabhairt dá haire go rannchuideoidh sé sin le tuiscint níos fearr a bheith ann ar mhéid agus cúiseanna na faidhbe, go háirithe na catagóirí socheacnamaíocha ina bhfuil an foréigean inscnebhunaithe níos forleithne agus tosca tionchair eile, agus freisin ar chreataí dlíthiúla agus beartais dhlíthiúla éagsúla ó thír go tír, rud is féidir a fhiosrú go mion trí chomparáidí mionsonraithe idir tíortha chun creataí beartais a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar tharlú foréigin a shainaithint; á áitiú freisin go bhfuil tábhacht leis na Ballstáit a bheith ag bailiú sonraí staidrimh maidir le himeachtaí riaracháin agus breithiúnacha i dtaca le coimeád leanaí a bhaineann le foréigean páirtí dlúthchaidrimh, agus go háirithe maidir leis an toradh ar na breithiúnais agus na forais a thugann siad lena gcinntí ar chearta caomhnóireachta agus cuairte;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún feachtais múscailte feasachta ar fud AE a chur chun cinn mar bheart riachtanach i ndáil le foréigean teaghlaigh a chosc agus le cruthú timpeallachta neamhfhulaingthe i ndáil leis an bhforéigean;

o
o   o

52.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1) IO L 315, 14.11.2012, lch. 57.
(2) IO L 132, 21.5.2016, lch. 1.
(3) IO C 337, 20.9.2018, lch. 167.
(4) IO C 232, 16.6.2021, lch. 48.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0379.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0024.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0025.
(8) IO L 338, 21.12.2011, lch. 2.
(9) IO L 181, 29.6.2013, lch. 4.
(10) IO L 338, 23.12.2003, lch. 1.
(11) Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus Airteagail 8, 10, 19 agus 157 CFAE.
(12) Airteagail 21 agus 23 den Chairt.
(13) Tuarascáil FRA an 3 Márta 2014 dar teideal ‘Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais’.
(14) Coinbhinsiún Iostanbúl.
(15) Comhairle na hEorpa: ‘Cainéal Chearta an Duine: Cuirimis Deireadh le Mí-Úsáid Gnéasach Leanaí sa Spórt’, arna rochtain an 21 Iúil 2021.
(16) Eurostat, Children at risk of poverty or social exclusion [Leanaí i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta], sonraí arna n-asbhaint i mí Dheireadh Fómhair 2020.
(17) Tuarascáil FRA an 3 Márta 2014 dar teideal ‘Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais’.
(18) Ráiteas chuig an bpreas ón Dr Hans Henri P. Kluge, Stiúrthóir Réigiúnach don Eoraip na hEagraíochta Domhanda Sláinte an 7 Bealtaine 2020 dar teideal During COVID-19 pandemic, violence remains preventable, not inevitable [Le linn phaindéim COVID-19, tá an foréigean fós inchoiscthe, agus níl sé dosheachanta].
(19) Tuarascáil FRA an 3 Márta 2014 dar teideal ‘Foréigean in aghaidh na mban: suirbhé uile-Aontais’.
(20) Tuarascáil ó Europol an 19 Meitheamh 2020 dar teideal Exploiting Isolation: Offenders and victims of online child sexual abuse COVID-19 pandemic [Dúshaothrú ar Imeallú: Ciontóirí agus íospartaigh mí-úsáide gnéasaí leanaí ar líne le linn phaindéim COVID-19].
(21) Tuarascáil mhínitheach ó Chomhairle na hEorpa an 11 Bealtaine 2011 a ghabhann le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac.
(22) Ráiteas ó Ardán EDVAW an 31 Bealtaine 2019 dar teideal Intimate partner violence against women is an essential factor in the determination of child custody [Is gné bhunriachtanach é foréigean páirtí dlúthchaidrimh in aghaidh na mban agus coimeád leanaí á chinneadh].
(23) Airteagal 31 de Choinbhinsiún Iostanbúl.
(24) Moladh Ginearálta Uimh. 35 den Choinbhinsiún maidir le gach cineál idirdhealaithe in aghaidh ban a dhíothú, maidir le foréigean inscnebhunaithe in aghaidh na mban, lena ndéantar moladh ginearálta Uimh. 19 a thabhairt cothrom le dáta.
(25) Togra ón gCoimisiún an 28 Deireadh Fómhair 2020 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le pá íosta leormhaith san Aontas Eorpach (COM(2020)0682).
(26) Togra ón gCoimisiún an 4 Márta 2021 le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus trí shásraí forfheidhmiúcháin (COM(2021)0093).
(27) Treoir (AE) 2019/1158 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí (IO L 188, 12.7.2019, lch. 79).
(28) IO L 178, 2.7.2019, lch. 1.


Creat Beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Moltaí maidir leis na chéad chéimeanna eile i dtreo 'Fís Nialais'
PDF 178kWORD 63k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Creat Beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Na chéad chéimeanna eile i dtreo 'Fís Nialais’ (2021/2014(INI))
P9_TA(2021)0407A9-0211/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 19 Meitheamh 2019 dar teideal EU Road Safety Policy Framework 2021-2030 – Next steps towards “Vision Zero” [Creat Beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre 2021-2030 – Na chéad chéimeanna eile i dtreo “Fís Nialais”] (SWD(2019)0283),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Nollaig 2020 dar teideal “Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste – iompar Eorpach a chur ar an mbóthar ceart don todhchaí” (COM(2020)0789),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2015/413 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 lena ndéantar éascaíocht ar mhalartú trasteorann faisnéise maidir le cionta mótarthráchta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre(1) (an Treoir maidir le Forfheidhmiú Trasteorann),

–  ag féachaint do Threoir 2006/126/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 maidir le ceadúnais tiomána(2) (an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána)

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/2144 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 maidir le ceanglais chineálcheadaithe do mhótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córais, comhpháirteanna agus aonaid theicniúla ar leithligh atá beartaithe le haghaidh feithiclí den sórt sin, a mhéid a bhaineann lena sábháilteacht ghinearálta agus cosaint na ndaoine atá i bhfeithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre(3) (Rialachán maidir le Sábháilteacht Ghinearálta),

–  ag féachaint do rún uaithi an 27 Aibreán 2021 maidir leis an tuarascáil ar an gcur chun feidhme maidir le gnéithe sábháilteachta bóthair an Phacáiste Ródacmhainneachta(4),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 8 Meitheamh 2017 dar teideal road safety –‘endorsing the Valletta Declaration of March 2017 [sábháilteacht ar bhóithre – Dearbhú Vaileite ó Mhárta 2017 á fhormhuiniú’],

–  ag féachaint do Dhearbhú Stócólm an 19-20 Feabhra 2020 arna dhéanamh le linn an Tríú Comhdháil Aireachta Domhanda maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre

–  ag féachaint do dhearbhú ón gComhairle an 7 Deireadh Fómhair 2015 maidir le rothaíocht mar mhodh iompair atá neamhdhíobhálach don aeráid, arna shíniú ag airí iompair AE ag cruinniú neamhfhoirmiúil i Lucsamburg,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0211/2021),

A.  de bhrí go gcailltear thart ar 22 700 duine gach bliain i gcónaí ar bhóithre an Aontais agus go ndéantar thart ar 120 000 duine a ghortú go dona; de bhrí gur maraíodh níos mó ná 11 800 leanbh agus duine óg suas le 17 mbliana d’aois in imbhuailtí tráchta ar bhóithre in AE le 10 mbliana anuas; de bhrí nach bhfuil aon athrú le blianta beaga anuas ar an dul chun cinn maidir le rátaí básanna san Aontas a laghdú, agus dá réir sin, nár aimsíodh an sprioc líon na mbásanna ar na bóithre a laghdú faoina leath idir 2010 agus 2020; de bhrí gur praghas do-ghlactha daonna agus sóisialta do shaoránaigh in AE na figiúirí sin agus de bhrí gurb ionann costas seachtrach timpistí bóthair in AE agus thart ar 2 % dá OTI bliantúil;

B.  de bhrí go bhfuil treochtaí agus dúshláin nua ann don Aontas Eorpach leis an uathoibriú, treochtaí agus dúshláin a bhféadfadh an-tionchar a bheith acu ar an tsábháilteacht ar bhóithre; de bhrí nár mhór aghaidh a thabhairt ar an seachmall de bharr gléasanna soghluaiste, feiniméan atá ag dul i dtreis; de bhrí go gcruthófar riosca nua sa neastodhchaí d’úsáideoirí bóthair gan chosaint go háirithe, amhail gluaisrothaithe, rothaithe agus coisithe, i dtrácht measctha de bharr feithiclí a mbeidh raon leathan gnéithe uathoibrithe/nasctha iontu agus feithiclí traidisiúnta, araon;

C.  de bhrí go soláthraíonn dul chun cinn teicneolaíochta, nascacht, uathoibriú agus an geilleagar comhroinnte deiseanna nua do shábháilteacht ar bhóithre agus chun dul i ngleic le plódú, go háirithe i gceantair uirbeacha; de bhrí go bhféadfadh astaíochtaí CO2 níos ísle a bheith mar thoradh ar na sineirgí idir bearta sábháilteachta agus inbhuanaitheachta a fhorbairt agus an t-aistriú módach a dhéanamh i dtreo modhanna iompair phoiblí agus soghluaisteacht ghníomhach, cáilíocht an aeir a fheabhsú agus stíleanna maireachtála níos gníomhaí agus níos folláine a fhorbairt;

D.  de bhrí, de réir na dtástálacha is déanaí le haghaidh an Chláir Eorpaigh um Measúnú Gluaisteán Nua (Euro NCAP), go bhfuil an baol go bhfaighidh paisinéirí bás i bhfeithiclí a bhfuil rátáil 5 réalta acu laghdaithe 68% agus a riosca díobhála tromaí 23% i gcomparáid le paisinéirí i bhfeithiclí a bhfuil rátáil 2 réalta acu;

E.  de bhrí go bhfuil sciar na n-úsáideoirí bóthair gan chosaint a mharaítear ar na bóithre ag dul i méid, ó tharla gur úsáideoirí gluaisteán is mó a thairbhigh den tsábháilteacht feithicle feabhsaithe agus de bhearta eile i réimse na sábháilteachta ar bhóithre; de bhrí go bhfuil meáchan, cumhacht agus luas uasta na ngluaisteán nua a dhíoltar in AE ag méadú, ag cruthú rioscaí níos mó do shábháilteacht ar bhóithre; de bhrí gur ábhar práinne é aghaidh a thabhairt ar shábháilteacht gluaisrothaithe, rothaithe agus coisithe;

F.  de bhrí, cé nach ndéanann siad ach 2% de líon iomlán na gciliméadar a thaistealaítear, go bhfuil feithiclí dhá roth faoi thiomáint freagrach as 17% de líon iomlán na mbásanna ar bhóithre; de bhrí go bhfuil difríochtaí suntasacha idir tíortha; de bhrí gur cheart do AE tosaíocht a thabhairt do thuilleadh gníomhaíochta a dhéanamh chun sábháilteacht na bhfeithiclí sin a fheabhsú sna deich mbliana amach romhainn;

G.  de bhrí, de réir staidéar ón gCoimisiún, nach dtarlaíonn ach 8% de na básanna ar mhótarbhealaí, agus go dtarlaíonn 37% i gceantair uirbeacha agus 54% ar bhóithre tuaithe; de bhrí go bhfuil infheistíocht nua agus cothabháil cheart an bhonneagair atá ann ar feadh a shaolré ríthábhachtach do shábháilteacht ar bhóithre;

H.  de bhrí nach dtuairiscítear gach íospartach timpiste, rud a dhéanann na staitisticí atá ar fáil a shaobhadh; de bhrí go gcaithfear modhanna tástála éifeachtacha a fhorbairt chun líon iarbhír íospartaigh timpistí bóthair a chinneadh;

I.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach iompar sábháilte úsáideoirí bóithre a áirithiú agus a fhorfheidhmiú, mar shampla taisteal ar an luas ceart, trealamh cosanta mar chriosanna sábhála agus clogaid tuairteála a úsáid, gan a bheith ag tiomáint agus iad faoi thionchar alcóil nó drugaí, agus ag tiomáint, ag marcaíocht agus ag siúl gan seachráin chun tuairteanna marfacha bóthair a chosc agus a mhaolú;

J.  de bhrí go bhfuil éagothroime inscne, aoise agus shóisialta i bhfeidhm maidir le soghluaisteacht agus sábháilteacht ar bhóithre;

K.  de bhrí go n-éilíonn spriocanna nua sábháilteachta bóthair AE iarrachtaí comhoibrithe níos déine chun beartais láidre sábháilteachta bóthair na hEorpa a fhorbairt le geallsealbhóirí, tacaíocht taighde agus nuálaíochta chun réitigh bunaithe ar bheartas a ullmhú ar bhonn sonraí daingne agus anailís tionchair, agus níos mó beart forfheidhmithe náisiúnta agus iad dírithe níos fearr agus comhar trasteorann éifeachtach maidir le pionóis a fhorfheidhmiú;

L.  de bhrí gur timpistí bóthair iad 40 go 60% de na básanna go léir a bhaineann le hobair a tharlaíonn le linn na hoibre nó le linn dóibh taisteal chun na hoibre; de bhrí go mbíonn tuirse thiomána coitianta ar bhóithre an Aontais;

M.  de bhrí, le cur chun feidhme na bpleananna sábháilteachta do bhóithre náisiúnta agus an creat nua Aontais i ndáil le sábháilteacht ar bhóithre, go gceanglaítear acmhainní airgeadais cobhsaí agus leordhóthanacha ó na Ballstáit agus ó bhuiséad an Aontais, araon;

Creat beartais AE um shábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 – na chéad chéimeanna eile i dtreo Fís Nialais

1.  á chur in iúl gur geal léi gur athdhearbhaigh an tAontas Eorpach ina chreat beartais um shábháilteacht ar bhóithre 2021-2030 a fhís straitéiseach fhadtéarmach líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha ar bhóithre AE a laghdú go nialas nó geall leis faoi 2050 (Fís Nialais), agus a sprioc mheántéarmach laghdú 50 % a dhéanamh ar líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha faoi 2030 i gcomhréir le Dearbhú Valletta; á thabhairt chun suntais gur cur chuige comhordaithe, dea-phleanáilte, córasach agus dea-mhaoinithe i leith na sábháilteachta ar bhóithre ar leibhéal AE, náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil an bonn taca ba cheart a bheith faoi na cuspóirí agus spriocanna Aontais sin a bhaineann leis an tsábháilteacht ar bhóithre;

2.  á chur in iúl gur geal léi i ndáil leis seo gur glacadh cur chuige an chórais shábháilte ar leibhéal AE, agus é bunaithe ar chreat feidhmíochta agus spriocanna amaithe chun líon na mbásanna agus na ngortuithe tromchúiseacha a laghdú; á chur in iúl gur geal léi bunú eochairtháscairí feidhmíochta a socraíodh i gcomhar leis na Ballstáit chun go bhféadfaí anailís níos fócasaithe agus níos spriocdhírithe a dhéanamh ar fheidhmíocht na mBallstát agus easnaimh a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna toraidh a bhunú faoi 2023; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar leanúnach idir an tAontas agus na Ballstáit i ndáil leis sin, agus ag tathant ar na Ballstáit uile a bheith lántiomanta don fhreachnamh sin agus modheolaíocht chomhchuibhithe a chomhaontú maidir le heochairtháscairí feidhmíochta faoinar féidir le Ballstáit sonraí a chur i gcomparáid; á iarraidh treochlár mionsonraithe a bheith ann mar chuid de ghníomhaíocht an Aontais chun feidhmíocht a mheas agus comhlachtaí ar leith a dhéanamh cuntasach as torthaí;

3.  á chreidiúint, áfach, go bhfuil go leor le feabhsú ar na heochairtháscairí feidhmíochta thuasluaite agus ag tathant ar an gCoimisiún smaoineamh ar na táscairí sin a leathnú agus iad a nuashonrú ina phlean gníomhaíochta straitéiseach Aontais maidir le sábháilteacht ar bhóithre; á chreidiúint gur cheart an eochairtháscaire feidhmíochta do threalamh cosanta a chomhlánú le heochairtháscaire feidhmíochta a bhailíonn sonraí risíochta de réir achar taistil agus ama do gach úsáideoir bóthair, arna mhiondealú de réir sciar módúil agus cineál bóthair chun tuiscint níos fearr a fháil ar na cóimheasa riosca agus na contúirtí éagsúla atá i gceist; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint ar aghaidh ag obair go dlúth leis na Ballstáit chun eochairtháscaire feidhmíochta a shainiú do bhonneagar bóithre, ag léiriú cáilíocht sábháilteachta líonra bóithre atá neamhspleách ar iompar úsáideoirí bóthair nó teicneolaíocht feithiclí, bunaithe ar mhodheolaíocht rátála comónta comhaontaithe; á chur in iúl gur oth léi go dtugann eochairtháscairí feidhmíochta maidir le sábháilteacht feithiclí neamhaird ar shábháilteacht feithiclí cumhachtaithe dhá roth; á iarraidh an gCoimisiún innéacs sábháilteachta feithiclí a dhréachtú d’fheithiclí de chatagóir L agus ag cur béim ar an ngá gach eochairtháscaire feidhmíochta le haghaidh feithiclí de chatagóir‑L a áireamh ann;

4.  á thabhairt chun suntais go bhfuil cistiú AE ríthábhachtach chun infheistíocht a dhéanamh i réitigh sábháilteachta bóithre inbhuanaithe agus cliste agus chun baint amach torthaí sábháilteachta ar bhóithre ar fud AE a luathú; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistíocht AE i sábháilteacht ar bhóithre a chosaint agus a mhéadú ar fud na gclár maoinithe ábhartha Aontais go léir, lena n-áirítear i dtaighde agus i nuálaíocht; á iarraidh ar na Ballstáit uile thairis sin cion leordhóthanach dá mbuiséad náisiúnta a chur ar leataobh ar cheart go gcuirfeadh sé ar a gcumas, ach cistiú Aontais a chur leis, a gcláir náisiúnta sábháilteachta ar bhóithre, mar aon le Creat nua AE um beartas sábháilteachta bóithre do 2021-2030, a chur chun feidhme; á iarraidh ar na Ballstáit cistí náisiúnta sábháilteachta ar bhóithre a chruthú mar shásraí chun fíneálacha a bhailiú faoina gcóid tráchta agus chun an t-airgead a bhailítear le haghaidh sábháilteacht ar bhóithre a athdháileadh; á iarraidh ar an gCoimisiún an clár um Malartú Sábháilteachta ar Bhóithre AE a leathnú chuig gach Ballstát, ar clár é atá deartha chun feidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre a fheabhsú ach nach ndíríonn faoi láthair ach ar shé Bhallstát;

5.  ag spreagadh na mBallstát réadlanna náisiúnta a bhunú maidir le sábháilteacht ar bhóithre chun bunachair sonraí náisiúnta sábháilteachta ar bhóithre a bhailiú, a phróiseáil agus a chothabháil. á iarraidh ar na Ballstáit a straitéisí náisiúnta sábháilteachta ar bhóithre a ailíniú le cuspóirí chreat beartais AE um Shábháilteacht ar Bhóithre do 2021-2030 agus aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh a bhaineann leis sin a luaithe is féidir;

Bonneagar sábháilte

6.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tosaíocht a thabhairt do na hinfheistíochtaí a sholáthraíonn na tairbhí is mó ó thaobh sábháilteachta ar bhóithre de, ag díriú go sonrach ar chriosanna leis an líon is mó tionóiscí, lena n-áirítear infheistíochtaí chun an bonneagar atá ann cheana a chothabháil mar thosaíocht agus chun bonneagar nua a thógáil, i gcás inar gá; á chur in iúl gur geal léi go ndéantar foráil sa tSaoráid um Chónascadh na hEorpa do 2021-2027 do mhaoiniú i dtionscadail bhonneagair agus soghluaisteachta atá sábháilte agus slán, lena n-áirítear sábháilteacht ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún deiseanna maoinithe AE a chur chun cinn tuilleadh tríd an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, cistí réigiúnacha agus comhtháthaithe, InvestEU agus an tArdán Iompair níos Sábháilte a sheol an Banc Eorpach Infheistíochta (BEI), go háirithe i mBallstáit a bhfuil feidhmíocht sábháilteachta ar bhóithre réasúnta lag acu; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé na critéir incháilitheachta do na hionstraimí sin a dhéanamh níos soiléire do ghníomhartha sábháilteachta ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit agus iad a spreagadh chun infheistíocht a dhéanamh i líonra iompair ilmhódach níos sábháilte, níos inbhuanaithe agus níos athléimní trína bplean náisiúnta um théarnamh agus athléimneacht; á iarraidh ar an gCoimisiún a bunáiteanna le haghaidh cinntí infheistíochta sábháilteachta ar bhóithre sa todhchaí a leagan amach san athbhreithniú ar an Rialachán maidir leis an nGréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T(5), lena n-áirítear bunphlean faireacháin líonra a chur chun feidhme maidir le cothabháil ar leibhéal AE;

7.  á thabhairt chun suntais go mbeidh measúnú réamhghníomhach ar ghréasán bóithre an Aontais ina uirlis úsáideach chun sábháilteacht ionsuite na mbóithre a mheas agus chun infheistíocht a spriocdhíriú; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis seo, an mhapáil ar riosca i gcás mótarbhealaí agus príomhbhóithre agus an rátáil sábháilteachta ina leith a tionscnaíodh san athbhreithniú le deireanas ar rialacha sábháilteachta an bhonneagair Aontais(6), agus á iarraidh ar na Ballstáit a oiread príomhbhóithre ina gcríoch agus is féidir a ainmniú chun cur le hacmhainneacht na treorach nua sin i leith sábháilteacht ar bhóithre; á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhréir leis an treoir, córais náisiúnta a bhunú le haghaidh tuairisciú deonach, ar cheart go mbeidís inrochtana ar líne agus ar fáil do gach úsáideoir bóthair, chun bailiú sonraí faoi tharluithe a tharchuireann úsáideoirí bóithre agus feithiclí agus aon fhaisnéis eile a bhaineann le sábháilteacht a mheasann an tuairisceoir mar ghuais iarbhír nó fhéideartha do shábháilteacht bonneagair bóthair, d’fhonn a áirithiú go rannchuideoidh saoránaigh AE ar bhealach trédhearcach, láithreach agus díreach le sábháilteacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit modheolaíocht a chomhaontú a luaithe is féidir chun measúnuithe bóthair córasacha a dhéanamh ar fud an ghréasáin faoi mar a shainordaítear san athbhreithniú ar an ngníomh thuasluaite, lena n-áirítear aon ghnéithe atá tábhachtach do shábháilteacht úsáideoirí gníomhacha bóithre;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an obair ar shonraíochtaí AE, i gcomhair fheidhmíocht na gcomharthaí bóthair agus na marcálacha bóthair chun an bealach a réiteach le haghaidh uaithoibriu níos mó i gcás feithiclí; ag meabhrú a thábhachtaí atá feidhmíocht comharthaí bóthair agus marcálacha, lena n-áirítear a gcur, a n-infheictheacht agus a n-ais-fhrithchaiteacht, go háirithe maidir le héifeachtacht na gcóras cúnaimh tiománaithe amhail cúnamh cliste luais agus córais coimeádta lánaí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé bonneagar a úsáid chun bóithre inléite, féin-fhorfheidhmithe agus ‘a thugann maithiúnas’ a thógáil ar mhaithe le sábháilteacht gach rannpháirtí tráchta bóthair, go háirithe i gceantair chontúirteacha nó i gceantair ina bhfuil líon suntasach úsáideoirí soghonta bóithre;

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ceanglais cháilíochta a cheapadh maidir le bonneagar siúil agus rothaíochta chun aghaidh a thabhairt ar an leibhéal sábháilteachta neamhleor d’úsáideoirí gníomhacha bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún curaclaim choitianta AE a dhréachtú d’iniúchóirí agus do chigirí bonneagair bóthair, lena n-áirítear oiliúint shonrach ar riachtanais úsáideoirí soghonta bóithre, mar chuid dá fhóram nua d’iniúchóirí Eorpacha um shábháilteacht ar bhóithre;

10.  ag tabhairt dá haire go bhfuil riachtanais speisialta ag úsáideoirí bóithre a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe agus faoi mhíchumais eile ba cheart a chur i gcuntas agus bonneagar nua bóithre á phleanáil agus á thógáil. á iarraidh ar na Ballstáit tacú le hinfheistíochtaí i dtionscadail atá dírithe ar bhonneagar bóithre a dhéanamh cuimsitheach agus inrochtana do gach duine;

11.  ag tabhairt dá haire dá aire, i gcomhréir leis an athhbhreithniú deireanach ar rialacha sábháilteachta bonneagair AE, go bhfuil sé de dhualgas ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2004/54/CE maidir le híoscheanglais sábháilteachta do tholláin(7) faoi 2021 agus breithniú a dhéanamh ar thogra reachtach nua a ghlacadh maidir le híoscheanglais sábháilteachta do dhroichid; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid shábháilte tollán a fheabhsú tuilleadh trí, inter alia, feachtais feasachta a eagrú agus na staidéir ábhartha a chur i gcrích;

12.  ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát grúpa saineolaithe a bhunú chun creat aicmithe bóithre a dhréachtú a dhéanann an luasteorainn a oiriúnú níos fearr le dearadh agus le leagan amach bóithre, i gcomhréir le cur chuige an chórais shábháilte;

13.  á iarrraidh bearta a bheith ann chun sábháilteacht ar bhóithre a neartú tuilleadh i nóid uirbeacha agus i limistéir fho-uirbeacha agus thuaithe agus chun sábháilteacht oibríochtúil a fheabhsú ar feadh shaolré an bhonneagair chriticiúil amhail tolláin agus droichid, agus breithniú á dhéanamh freisin ar theicneolaíochtaí nua faireacháin a úsáid le haghaidh bonneagar leochaileacha, agus chun sainiú a dhéanamh sainchuspóirí sábháilteachta agus ceanglais cháilíochta san athbhreithniú atá le teacht ar Rialachán TEN-T;

14.  á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas a thabhairt don tábhacht a bhaineann le hathrú módúil i dtreo modhanna gníomhacha amhail siúl agus rothaíocht agus modhanna iompair phoiblí inbhuanaithe mar uirlisí tábhachtacha chun an chontúirt ar bhóithre a laghdú, agus chun infheistíochtaí leormhaithe a leithdháileadh chuige sin; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, seoladh an tionscnaimh maidir le hArdán Iompair Níos Sábháilte, a éilíonn go sainráite saoráidí níos fearr le haghaidh iompar inbhuanaithe, lena n-áirítear do rothaithe agus do choisithe, agus do thionscadail maolaithe timpistí. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar BEI feachtais feasachta agus faisnéise a sheoladh chun a áirithiú go mbeidh gach geallsealbhóir ar an eolas go maith faoi na coinníollacha agus go ndéanfaidh siad breithniú ar iad a úsáid;

15.  á iarraidh sineirgí méadaithe a bheith ann idir líonra bealaí rothar na hEorpa EuroVelo agus TEN-T chun bonneagar rothaíochta a dhéanamh níos sábháilte agus go mbeadh sé nasctha níos fearr. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cosáin siúlóide agus rothaíochta leanúnacha a áirithiú i dtionscadail TEN-T i gcás inarb indéanta; á iarraidh ar an gCoimisiún ath-thiontú línte iarnróid nach bhfuil in úsáid a spreagadh agus tacú go gníomhach le tionscadail rothar traenach agus le hidirmhódúlacht; ag tabhairt dá haire go dtugann cineálacha nua bonneagair amhail réamh-líne stoptha, boscaí rothair, sráideanna rothar nó mórbhealaí rothaíochta féidearthachtaí nua maidir le soghluaisteacht ghníomhach shábháilte; ag cur béim ar an ngá atá le hoibriú chun na rialacha maidir le comharthaíocht Bóithre a chomhchuibhiú agus a fhorfheidhmiú chun mearbhall a sheachaint agus sábháilteacht agus éascaíocht úsáide a mhéadú;

16.  á chreidiúint gur cheart don Choimisiún a sheacht ndícheall a dhéanamh chun a áirithiú go bhfanfaidh an bonneagar rothaíochta agus siúil a úsáideann na Ballstáit mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 i bhfeidhm agus go leathnófar é chun taisteal gníomhach sábháilte a chur chun cinn tuilleadh;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú go dlúth le réigiúin agus le cathracha chun aon bhonneagar míle dheireanaigh atá in easnamh agus naisc idirmhódacha agus trasteorann ar fud an TEN-T a chur i gcrích, agus ar an gcaoi sin úsáid níos gan uaim agus níos éifeachtúla a bhaint as bonneagar agus seirbhísí agus sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú;

Feithiclí sábháilte

18.  á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú le deireanas ar an Rialachán um Shábháilteacht Ghinearálta faoina mbeidh gnéithe nua sábháilteachta éigeantach i bhfeithiclí san Aontas Eorpach amhail ó 2022 i leith, gnéithe amhail córais luasrialaithe chliste agus córais éigeandála chun fanacht i lána a chuideodh b’fhéidir chun thart ar 7 300 beatha a shábháil faoi 2030 agus 38 900 gortú tromchúiseach a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún ar an gCoimisiún reachtaíocht thánaisteach uaillmhianach thráthúil a ghlacadh, ar cheart go n-éileodh sé freisin córais chliste ardfheidhmíochta um chúnaimh luais a fheistiú i ngach feithicil nua; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, breithniú a dhéanamh ar an gcur i bhfeidhm praiticiúil é a dhéanamh éigeantach gluaisrothair a threalmhú leis na córais seo agus indéantacht, inghlacthacht agus impleachtaí féideartha do shábháilteacht ar bhóithre a bheadh ag cúnamh cliste luais na chéad ghlúine eile do ghluaisteáin, veaineanna, trucailí agus busanna;

19.  á mheabhrú a thábhacthtaí atá an nuálaíocht i dteicneolaíocht feithiclí, rud a chuideoidh le déine na dtimpistí a mhaolú agus leis an dóchúlacht go dtarlóidh timpistí a laghdú trí ghnéithe sábháilteachta gníomhacha agus éighníomhacha. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chaighdeáin feithiclí paisinéirí sa todhchaí i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta nua agus tosca a d’fhéadfadh dul i bhfeidhm ar shábháilteacht ar bhóithre amhail mais, cumhacht, luas agus méid an limistéir tosaigh a chur san áireamh;

20.  á iarraidh ar an gCoimisiún é a dhéanamh éigeantach gluaisrothair a fheistiú le córais choscánaithe frithghlasála san athbhreithniú atá le teacht ar fhormheas cineáil feithiclí de chatagóir L. á iarraidh ar an gCoimisiún na catagóirí feithiclí a bhfuil sé riachtanach eCall a shuiteáil ina leith a leathnú, agus aird ar leith á tabhairt ar fheithiclí cumhachtaithe dhá roth faoi;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh forbartha a dhéanamh ar na riachtanais maidir le hinfhaighteacht i leith cineálcheadú feithicle agus iad a áireamh in athbhreithnithe reachtaíochta amach anseo, ar cheart dóibh na critéir is déanaí de thástálacha tuairteála Euro NCAP a ionchorprú a dhéanann faireachán ar thionchar imbhualadh ar fheithiclí eile agus ar úsáideoirí soghonta bóithre, agus é mar aidhm leis comhchuibhiú íoschaighdeán a bhaint amach agus sábháilteacht paisinéirí a chomhionannú;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cathracha bunachair sonraí luasteorainneacha a bhunú chun imscaradh na teicneolaíochta cúnaimh chliste luais a chur chun cinn, mar a éilíonn an Rialachán Ginearálta Sábháilteachta;

23.  á chur i bhfáth go bhféadfaí contúirt agus minicíocht timpistí idir trucailí agus úsáideoirí soghonta bóithre a laghdú go suntasach trí chúntóirí casaidh a úsáid go forleathan; á thabhairt chun suntais go mbeidh cúntóirí casaidh éigeantach do chineálacha nua trucailí in 2022 agus do gach trucail nua in 2024; a iarraidh ar an gCoimisiún clár gníomhaíochta Eorpach a bhunú maidir le cúntóirí casaidh chun tairbhí na teicneolaíochta sin a chur chun cinn agus geallsealbhóirí a spreagadh a luaithe is féidir chun feithiclí nua agus feithiclí atá ann cheana a fheistiú le cúntóirí casaidh. ag moladh an tionscnaimh a thacaíonn le tabhairt isteach deonach cúntóirí casaidh éigeantacha; a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais a sholáthar chun cúntóirí casaidh a shuiteáil i bhfeithiclí nua agus i bhfeithiclí atá ann cheana;

24.  á chur i bhfios go láidir go mbaineann ardriosca sábháilteachta le hionramháil agus le calaois i ngnéithe leictreonacha sábháilteachta, amhail ardchórais cúnaimh tiomána agus dá bhrí sin gur cheart go dtabharfaí aghaidh orthu trí oiliúint shonrach do chigirí maidir le sláine bogearraí a sheiceáil;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin riochtáin tástála tuairte a fhorbairt a léiríonn níos mó gnéithe éagsúla amhail aois, inscne, méid agus stádas d’úsáideoirí laistigh agus lasmuigh d’fheithiclí;

26.  á iarraidh ar na Ballstáit dreasachtaí cánach a sholáthar agus á iarraidh ar árachóirí príobháideacha scéimeanna tarraingteacha árachas gluaisteáin a thairiscint chun feithiclí leis na caighdeáin sábháilteachta is airde a cheannach agus a úsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún an reachtaíocht maidir le lipéadú gluaisteán a athbhreithniú chun faisnéis bhreise a chur san áireamh ag an díolphointe agus go digiteach maidir le rátáil sábháilteachta feithiclí nua;

27.  á chur in iúl gur geal léi an ceanglas meabhrúcháin criosa sábhála do gach suíochán a dhéanamh éigeantach faoin Rialachán Ginearálta Sábháilteachta athbhreithnithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin a dhréachtú le haghaidh riachtanais faisnéise maidir le paraiméadair shábháilteachta na gcóras srianta linbh; á iarraidh ar na Ballstáit feachtais ardaithe feasachta a sheoladh do thuismitheoirí agus caomhnóirí ar shábháilteacht leanaí in iompar de bhóthar chun leanúint d’fheasacht a chur chun cinn maidir leis an ngá criosanna sábhála a úsáid, lena n-áirítear i suíocháin chúil, i bhfianaise na rioscaí sábháilteachta a bhaineann leis na daoine atá i bhfeithicilí in go leor de na feithiclí atá in úsáid faoi láthair – agus a bheidh fós in úsáid go ceann blianta atá le teacht – nach bhfuil an teicneolaíocht mheabhrúcháin sin i dtaobh criosanna sábhála i bhfeidhm acu;

28.  ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhréir le rún ón bParlaimint an 27 Aibreán 2021 i daobh na tuarascála cur chun feidhme maidir leis na gnéithe sábháilteachta ar bhóithre den Phacáiste Ródacmhainneachta, aird chuí a thabhairt ar an dul chun cinn teicniúil maidir leis na gnéithe sábháilteachta feithicle dá bhforáiltear sa Rialachán nua um Shábháilteacht Ghinearálta, agus ardchórais sábháilteachta a áireamh faoi raon feidhme an chéad athbhreithnithe eile ar an bPacáiste Ródacmhainneachta chun a áirithiú go ndéanfar iad a sheiceáil le linn cigireachtaí teicniúla tréimhsiúla; á iarraidh ar na húdaráis inniúla, ina leith sin, oiliúint bhreise, uas-sciliú agus an athsciliú a áirithiú do na cigirí a dhéanann na cigireachtaí teicniúla tréimhsiúla; á iarraidh ceanglais níos déine maidir le féindiagnóis feithiclí a bheith ann chun cosc a chur ar mhífheidhmiú ardchóras cúnaimh tiomána, atá deartha chun sábháilteacht a fheabhsú, ó bheith ina ghuais sa deireadh;

29.  á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil na forálacha sa Phacáiste Ródacmhainneachta a bhaineann le hiniúchadh ar dhaingniú lasta éigeantach; á iarraidh ar an gCoimisiún na forálacha sin a neartú le linn an chéad athbhreithnithe eile ar an bpacáiste;

30.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarrachtaí níos mó chun calaois odoméadair a chosc agus ar an gcaoi sin cáilíocht agus sábháilteacht feithiclí athláimhe a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, úsáid a bhaint as an gcóras malairte léitheoireachta odóiméadair a d’fhorbair Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin um Shoghluaisteacht agus Iompar (AS MOVE), ardán EU MOVEHUB agus a mhodúl ODOCAR mar thoradh ar an tionscadal píolótach a mhol an Pharlaimint maidir le córas Eorpach chun calaois odóiméadair (OREL) a theorannú;

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún creat rialála comhchuibhithe nua a mholadh le haghaidh gluaisteán uathoibrithe chun a áirithiú, trí bhíthin tástálacha cuimsitheacha lena n-áirítear faoi dhálaí tiomána iarbhíre, go n-oibreoidh gluaisteáin uathoibrithe go sábháilte amach is amach dá dtiománaithe agus d’úsáideoirí eile bóithre, go háirithe ó thaobh a n-idirghníomhú le gnáthfheithiclí agus úsáideoirí soghonta bóithre;

32.  á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún measúnú, idir an dá linn, ar na rioscaí do shábháilteacht ar bhóithre ó thaobh na gcóras tiomána cúnaimh atá ar fáil faoi láthair, amhail róspleáchas tiománaithe agus seachrán. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú ar riachtanas a thabhairt isteach chun ‘modh tiomána sábháilte’ a thabhairt do ghléasanna soghluaiste agus leictreonacha tiománaithe agus suiteáil chaighdeánach uirlisí eile teicneolaíochta chun seachráin a laghdú agus iad ag tiomáint;

33.  ag cur béim ar an bhfioras, mar a léiríonn plean gníomhaíochta straitéiseach AE maidir le sábháilteacht ar bhóithre, go dtugann soláthar poiblí deis spéisiúil tionchar dearfach a imirt ar shábháilteacht ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún aird shoiléir a thabhairt ar an bhfíoras gur cheart na tairiscintí is buntáistí ó thaobh an gheilleagair de i soláthar poiblí seirbhísí iompair paisinéirí poiblí ar bhóithre a mheas ar bhonn an chóimheasa is fearr idir praghas agus cáilíocht, ar cheart a bheith ar áireamh ann freisin sábháilteacht feithiclí, nuálaíocht, saincheisteanna cáilíochta, inbhuanaitheachta agus sóisialta; ag tathant ar na Ballstáit agus ar údaráis chonarthacha gnéithe sábháilteachta a mheas mar cheann de na príomhchritéir agus conarthaí poiblí á ndámhachtain le haghaidh seirbhísí iompair de bhóthar;

34.  ag tabhairt dá haire go bhféadfadh feistí gluaiseachta pearsanta a bheith ina n-ábhar imní a bhainfeadh ní hamháin le sábháilteacht na bhfeistí féin ach lena n-úsáid shábháilte sa trácht; á chur in iúl gurb oth léi nár tionscnaíodh reachtaíocht faoin gceist sin ach i gcúpla Ballstát, agus go bhféadfadh an easpa comhchuibhithe san Aontas mearbhall a chur ar dhaoine agus deacrachtaí a chruthú do chuairteoirí cloí le rialacha áitiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú ar chreat cineálcheadaithe maidir leis na feistí gluaiseachta nua sin agus treoirlínte a eisiúint do na Ballstáit maidir le gnéithe sábháilteachta a bhainistiú, lena n-áirítear rialacha tráchta i gcomhthéacs na feistí sin a bheith in úsáid go sábháilte; á mheabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit an gá atá le feachtais feasachta agus oideachais AE agus náisiúnta a chur i chun feidhme maidir le húsáid shábháilte a bhaint as feistí micrea-shoghluaisteachta, agus fócas ar leith ar úsáideoirí soghonta bóithre amhail leanaí, daoine scothaosta nó daoine a bhfuil a soghluaisteacht laghdaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na cleachtais is fearr a mhalartú maidir le conas úsáid shábháilte feistí micrea-shoghluaisteachta a fheabhsú;

35.  á iarraidh ar an gCoimisiún riachtanais bhunachar sonraí timpistí bóthair AE (CARE) a nuashonrú agus go n-iochorprófaí sainaithint imbhuailtí feistí micrea-shoghluaisteachta amhail scútair agus scútair leictreacha agus rothair eile le cúnamh leictreach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta sábháilteachta coisctheacha nithiúla a chur i bhfeidhm ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach nó áitiúil ar bhonn na faisnéise i mbunachar sonraí CARE;

Bóithre a úsáid go sábháilte

36.  ag tabhairt dá haire go meastar de réir staidéir ón gCoimisiún, go mbíonn alcól páirteach in thart ar 25 % de na básanna uile ar na bóithre, agus go mbíonn drugaí páirteach i 15 % de na básanna ar na bóithre(8); ag tabhairt dá haire, maidir leis an tiúchan ceadaithe alcóil san fhuil, go dtéann moladh AE siar go 2001; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholtaí a thabhairt cothrom le dáta agus creat teorann neamhfhulaingte ar thiomáint faoi thionchar an óil a áireamh ann, agus moladh AE a thionscnamh maidir le neamhfhulaingt ar dhrugaí sícighníomhacha aindleathacha agus caighdeáin a thionscnamh maidir leis an bhforfheidhmiú cois bóthair i gcás tiomáint faoi thionchar drugaí; á chur i bhfios go n-éascóidh comhchuibhiú na leibhéil alcóil fola ceadaithe in AE do gach catagóir feithicle comparáidí faoi na heochairtháscairí feidhmíochta a bhaineann le neamh-mheisce ar na bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a dhréachtú maidir le lipéadú cógais a théann i bhfeidhm ar chumas daoine feithicil a thiomáint agus feachtais faisnéise a sheoladh chun feasacht maidir le seirbhísí míochaine, lena n-áirítear dochtúirí teaghlaigh, a ardú sa réimse sin; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir maidir le feistiú córais chomhghlasála i gcás meisce a áireamh sna moltaí athbhreithnithe freisin, agus fócas ar leith ar athchiontóirí, ciontóirí céaduaire ardleibhéil agus na tiománaithe gairmiúla uile;

37.  ag tabhairt dá haire go mbíonn an tiomáint róghasta ina príomh-imthoisc i gcás thart ar 30 % de na tuairteanna bóthair marfacha, agus ina himthoisc ghéaraitheach i bhformhór na dtuairteanna. á iarraidh ar an gCoimisiún moladh a dhéanamh chun teorainneacha sábháilte luais a fheidhmiú i gcomhréir le cur chuige an Chórais Shábháilte maidir le bóithre den uile chineál, amhail uasteorainneacha luais 30km/u i limistéir chónaithe agus i limistéir ina mbíonn líon ard rothaithe agus coisithe, agus an fhéidearthacht ann go mbeadh teorainneacha níos airde i bpríomhbhóithre artaireacha le cosaint chuí d’úsáideoirí soghonta bóithre. á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíocht i bhforfheidhmiú luais agus i gcumarsáid ardchaighdeáin maidir le lárnacht an luais agus na bainistíochta luais; á iarraidh ar na Ballstáit pionóis a chur i bhfeidhm chun luas a dhíspreagadh, lena n-áirítear córais pointí pionóis, agus breithniú a dhéanamh ar chúrsaí feasachta luais a thabhairt isteach chun athchiontóirí a athshlánú;

38.  ag tabhairt dá haire go mbraitear, de réir mheastacháin an Choimisiúin(9), 10 milliún mórchion tráchta bóthair a bheith á ndéanamh ag neamhchónaitheoirí san Aontas Eorpach gach bliain, ar cionta iad a bhaineann le tiomáint róghasta, tiomáint trí shoilse dearga agus tiomáint faoi thionchar an óil; á admháil go ndearnadh dul chun cinn maidir le creat a bhunú i gcomhair forfheidhmiú trasteorann na gcionta bóthair ó 2015 i leith ach gurb oth léi, faoin gcreat reatha maidir le forfheidhmiú trasteorann cionta tráchta arna leagan síos sa Treoir Forfheidhmiúcháin Trasteorann, nach ndéantar áirithiú leordhóthanach maidir le himscrúdú chun pionóis a fhorfheidhmiú nó cinntí a aithint i gcás pionós; á chreidiúint gurbh fhearr a chomhlíonfaí na rialacha sin ach forfheidhmiú trasteorann níos fearr a dhéanamh ar na rialacha tráchta bóthair, agus go mbeadh an forfheidhmiú trasteorann ina dhíspreagadh, rud a laghdódh ar an iompraíocht chontúirteach agus a d’fheabhsódh an tsábháilteacht ar na bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna thuasluaite sa chéad athbhreithniú eile ar an treoir agus ceist an aitheantais fhrithpháirtigh a mheas i gcás dícháiliúchán ón tiomáint agus pointí pionóis, agus raon feidhme na treorach a athbhreithniú chun forfheidhmiú dola a áireamh chun tiomáint chontúirteach a chosc agus cáilíocht an bhonneagair a chothabháil;

39.  á mheabhrú gur bunaíodh múnla comhchuibhithe maidir le ceadúnas AE leis an Treoir maidir le Ceadúnais Tiomána agus gur tionscnaíodh íoscheanglais chun ceadúnais a fháil; ag tabhairt dá haire go mbeidh sé riachtanach an treoir a choinneáil suas chun dáta maidir le forbairtí teicneolaíochta nua ar theicneolaíocht feithicle agus bonneagair agus maidir le huathoibriú feithiclí agus maidir le curaclaim oiliúna, go háirithe do thiománaithe gairmiúla; á iarraidh ar an gCoimisiún go bhforbrófaí íoschaighdeáin maidir le hoiliúint tiománaithe agus oideachas sábháilteachta tráchta, agus foirm, ábhar agus torthaí cúrsaí tiomána ar fud AE á ailíniú de réir a chéile, agus breithniú a dhéanamh ar mhaitrís Spriocanna um Oideachas Tiománaithe a áireamh san athbhreithniú atá le teacht, a bhfuil trí chatagóir ann: eolas agus scileanna, gnéithe a mhéadaíonn riosca agus féinmheasúnú; á iarraidh ina theannta sin, ar chóras ceadúnaithe céimnithe a thabhairt isteach a spreagann tiománaithe nua chun níos mó taithí a fháil ar scileanna príomhúla mar thrácht i radharc, féinmheasúnú agus aireachtáil guaise agus chun gníomhaíochtaí ardriosca áirithe mar thiomáint ag oíche agus le paisinéirí, agus riachtanais soghluaisteachta daoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta agus rochtain theoranta ar iompar poiblí á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, go bhforbrófaí na híoschaighdeáin maidir le hoiliúnóirí tiomána agus marcaíochta a chomhchuibhiú tuilleadh, lena n-áirítear oiliúint thréimhsiúil, oiliúint ar bhrath guaise, íosoideachas níos déine agus scileanna cumarsáide; ag tabhairt dá haire, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ceadúnais tiomána a bheith á n-eisiúint go mírialta a thuairisciú i gcuid mhaith Ballstát agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an gceist sin;

40.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar oiliúint agus tástálacha teoiriciúla agus praiticiúla a dhéanamh éigeantach chun ceadúnas tiomána a fháil do gach catagóir feithiclí cumhachtaithe dhá roth.

41.  á iarraidh ar an gCoimisiún eochairtháscairí feidhmíochta a fhorbairt maidir le hoideachas sábháilteachta tráchta agus soghluaisteachta a sholáthar sna Ballstáit, agus uirlisí AE a fhorbairt chun oideachas sábháilteachta tráchta agus soghluaisteachta a dhearadh, a chur chun feidhme agus a mheas. ag spreagadh na mBallstát go léir chun soláthar oideachais sábháilteachta ar bhóithre ar ardchaighdeán a áirithiú, ar cheart dó tosú ar scoil agus a bheith mar chuid den fhoghlaim leanúnach ar feadh an tsaoil;

42.  ag tabhairt dá haire, de bharr phaindéim COVID-19, go bhfuil borradh ar earnáil an tseachadta ar bhaile agus, go sonrach, go mbíonn veaineanna, feithiclí cumhachtaithe dhá roth amhail móipéidí agus rothair in úsáid, rud a chuireann borradh faoi theacht chun cinn cineálacha nua oibre ardáin agus samhlacha gnó; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéantar oiliúint chuí ar thiománaithe veain ghairmiúla agus dul i ngleic le ceist tuirse agus luas na dtiománaithe veain, go háirithe mar thoradh ar an méadú mór ar líon na seachadtaí baile; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, breithniú a dhéanamh ar an gcóras tástála um ródacmhainneacht a dhéanamh níos doichte agus oibleagáid seiceálacha breise a thabhairt isteach maidir le veaineanna a úsáideann soláthraithe seirbhíse seachadta beartán nuair a bhíonn míleáiste sonrach bainte amach, agus breithniú a dhéanamh ar an oibleagáid sin a leathnú chuig feithiclí eile sna catagóirí seo a úsáidtear le haghaidh tuilleadh críoch tráchtála mar chuid den athbhreithniú ar an bPacáiste um Róacmhainneachta; á iarraidh ar an gCoimisiún teacht ar mholadh maidir le sábháilteacht pearsanra i mbun seachadadh, lena n-áirítear ceanglais d’fhostóirí agus do chuideachtaí chun soláthar agus úsáid trealaimh sábháilteachta agus feithiclí sábháilte a áirithiú, chomh maith le hoiliúint sna huirlisí digiteacha a d’fhéadfadh a bheith ag teastáil uathu a úsáid, mar fheidhmchláir agus ardáin idirghníomhacha;

43.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di faoi thuirse tiománaithe i lasta tráchtála agus in iompar paisinéirí mar chúis le timpistí bóthair; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, a áirithiú go gcuirtear Treoir 89/391/CEE ón gComhairle maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe(10) i bhfeidhm i gceart maidir le gnéithe sábháilteachta ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, eochairtháscaire feidhmíochta a thabhairt isteach le haghaidh tuirse tiománaithe i lasta tráchtála agus iompar paisinéirí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit líon na limistéar páirceála slán in TEN-T a mhéadú agus a áirithiú go ndéantar iad a oiriúnú do riachtanais tiománaithe, agus faisnéis a sholáthar maidir lena n-infhaighteacht trí shuíomh gréasáin nuashonraithe agus furasta le húsáid; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhféadfadh tionchar dearfach a bheith ag suiteáil aerchóiritheoirí nó córais aerchóiriúcháin choibhéiseacha do chábáin i bhfeithiclí earraí troma ar thuirse tiománaithe agus ar shábháilteacht ar bhóithre, ós rud é gur féidir leis na córais sin a bheith ar siúl go neamhspleách ón bpríomhinneal;

44.  á thabhairt chun suntais, go bhfuil ar áireamh i bhfreagairt iarthuairte éifeachtach agus iomlán, in éineacht le cúram leighis agus athshlánú, tacaíocht mheabhrach agus shóisialta a sholáthar, aitheantas do na híospartaigh, agus imscrúdú críochnúil chun cúiseanna na dtimpistí agus na mbeart a aithint chun iad a chosc ó atarlú sa todhchaí, chomh maith le himeachtaí coiriúla agus sibhialta i gcás inarb iomchuí; á iarraidh ar na Ballstáit comhoibriú níos dlúithe a bhunú idir a n-údaráis um shábháilteacht ar bhóithre agus earnáil na sláinte úsáid cheart chonairí éigeandála a fhorfheidhmiú chun oibríochtaí tarrthála a bhrostú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, thairis sin, maoiniú leordhóthanach a sholáthar do bhonneagar éigeandála éifeachtach, lena n-áirítear seirbhísí liachta aeir, go háirithe i réigiúin iargúlta, sléibhtiúla agus oileánda. á iarraidh ar an gCoimisiún oiliúint gharchabhrach a dhéanamh éigeantach san athbhreithniú ar an Treoir um Cheadúnais Tiomána amach anseo; á iarraidh ar na Ballstáit coincheap na gconairí éigeandála a chumhdach ina gcóid mhórbhealaigh náisiúnta agus tuilleadh feachtas feasachta a sheoladh; á mheabhrú a thábhachtaí atá tacaíocht leantach éifeachtach d’íospartaigh;

45.  á iarraidh ar na Ballstáit a bpríomhlíonraí tráma a fhorbairt agus treoirlínte a ghlacadh maidir le comhar frithpháirteach chun a chumasú do sheirbhísí cúraim éigeandála othair a sheachadadh go tapa, lena n-áirítear thar theorainneacha;

46.  á chur i bhfáth go mbaineann droch-fhorfheidhmiú na rialacha tráchta ar bhóithre an bonn de na hiarrachtaí Fís Nialais a bhaint amach; ag spreagadh na mBallstát chun spriocanna bliantúla maidir le forfheidhmiú agus comhlíontacht a shocrú ina gcuid pleananna sábháilteachta ar bhóithre agus a áirithiú go ndéantar cistiú leormhaith orthu chomh maith le beart leantach bliantúil a dhéanamh agus a fhoilsiú ag déanamh anailíse ar na spriocanna a baineadh amach agus na torthaí a fuarthas; á chur i bhfios go láidir gur le gníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin comhsheasmhacha agus oideachas trí fhorfheidhmiú, arna míniú go soiléir agus iad i mbéal an phobail, amháin, a rachfar i bhfeidhm ar an iompraíocht tiomána san fhadtéarma; ag tabhairt dá haire go bhfeabhsaítear éifeachtúlacht a thuilleadh má dhéantar uathoibriú a bheag nó a mhór ar láimhseáil fíneálacha as sáruithe braite a uathoibriú;

47.  ag tabhairt dá haire go gcuireann úsáid fón póca nó gléasanna leictreonacha eile agus tú ag tiomáint nó ag marcaíocht isteach go mór ar chumas tiomána agus go bhfuil ról aige i 10-30% d’imbhuailtí bóthair; á iarraidh ar na Ballstáit pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a thabhairt isteach as úsáid fón póca, lena n-áirítear pionóis neamhairgeadais, chun feasacht a mhúscailt faoi na rioscaí atá i gceist agus chun forfheidhmiú a fheabhsú.

Creat atá in oiriúint don am atá le teacht

48.  á thabhairt chun suntais go gcruthaíonn imthosca seachtracha agus treochtaí sochaíocha éiritheacha dúshláin gan réamhfhasach don tsábháilteacht ar bhóithre faoi straitéis AE 2030 agus níos faide anonn; ag tabhairt dá haire gur cheart don Aontas an bealach a réiteach chun feithiclí nasctha agus uathoibrithe a bheith á leathadh amach in am trátha, agus gur cheart na rioscaí féideartha a mheas a bhainfeadh le feithiclí den sórt sin agus feithiclí traidisiúnta a bheith in éindí i dtrácht measctha, mar aon le húsáideoirí soghonta bóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar líon níos mó feithiclí uathoibrithe ar thrácht i gceantair uirbeacha agus ar an gcomhshaol; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sé go mbeadh sé riachtanach bonneagar a uasghrádú chun a ráthú go n-oibríonn feithiclí uathoibrithe agus leath-uathoibrithe go sábháilte, agus sábháilteacht do ghnáthfheithiclí a fheabhsú agus ar an gcaoi sin a bheith chun tairbhe gach úsáideora bóthair.

49.  á iarraidh ar na Ballstáit scéimeanna traipisithe feithiclí a chur ar bun faoi dhálaí glasa chun go spreagfaí ceannach agus úsáid feithiclí níos sábháilte, glan agus tíosach ar fhuinneamh agus athnuachan cabhlach feithiclí poiblí agus príobháideacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le BEI chun staidéar a dhéanamh ar scéimeanna cistithe nua chun infheistíocht i seirbhísí iompair atá sábháilte agus inbhuanaithe agus cabhlaigh feithiclí atá sábháilte agus inbhuanaithe a éascú;

50.  á chur i bhfios go mbeidh príomhról ag sonraí i bhfeabhsú na sábháilteachta ar bhóithre; á mheabhrú go bhfuil an-tábhacht le sonraí infheithicle maidir le bainistiú tráchta, tástálacha ródacmhainneachta agus anailís tuairteanna; á iarraidh ar an gCoimisiún creat a bhunú chun rochtain a fháil ar shonraí infheithicle taobh amuigh den mhargadh deisiúcháin i gcomhlíonadh an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí(11), chun críche taighde timpistí agus tástálacha ródacmhainneachta amháin; ag cur béim, ina leith sin, ar thábhacht na sonraí digiteacha atá stóráilte i dtaifeadáin sonraí eachtra (EDR) chun anailísí críochnúla tuairteála a dhéanamh chun sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcaithfidh EDR na heilimintí sonraí go léir a bhaineann le hanailís dhomhain ar thubaistí agus taighde sábháilteachta ar bhóithre (lena n-áirítear suíomh, dáta agus am) a thaifeadadh agus a stóráil;

51.  á mheabhrú cé gur comhfhreagracht í sábháilteacht ar bhóithre i measc na ngníomhaithe agus na n-údarás ábhartha uile ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus áitiúil, ba cheart do AE ceannaireacht láidir a fheidhmiú chun a áirithiú go bhfanfaidh sábháilteacht ar bhóithre mar thosaíocht in iompar de bhóthar chun cuidiú leis an mbearna shábháilteachta ar bhóithre idir an na Ballstáit a dhúnadh agus a áirithiú go bhfanfaidh AE ina cheannaire domhanda sa réimse sin; ag cur béim ar fhreagracht AE comhar agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn le tríú tíortha, amhail an Ríocht Aontaithe, chun Dearbhú Stócólm maidir le Sábháilteacht ar Bhóithre a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbaineann cuspóirí bheartas sábháilteachta ar bhóithre AE leis na cláir sheachtracha ábhartha go léir agus chun córas éifeachtach a fhorbairt chun faisnéis faoi chionta tráchta a mhalartú le tíortha comharsanacha nach tíortha den Aontas Eorpach iad chun forfheidhmiú a fheabhsú, agus a áirithiú go ndéantar aon chomhroinnt ba cheart go mbeadh faisnéis faoi réir cosaintí dochta, iniúchtaí agus coinníollacha maoirseachta, agus rialacha AE is infheidhme á gcomhlíonadh go hiomlán;

52.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ag féachaint don athbhreithniú ar an bPacáiste um Shoghluaisteacht Uirbeach atá ar na bacáin, sineirgí a chur chun cinn idir an tsábháilteacht agus bearta inbhuanaitheachta i limistéir uirbeacha; á iarraidh, in leith sin, bonneagar iompair a athdhíriú i gceantair uirbeacha, lena n-áirítear spásanna poiblí a iarfheistiú, amach ó iompar meicnithe indibhidiúil i dtreo modhanna iompair inbhuanaithe, níos sábháilte agus níos sláintiúla amhail iompar poiblí, siúl agus rothaíocht, agus riachtanais speisialta úsáideoirí bóithre leochaileacha, amhail leanaí, daoine faoi mhíchumas agus daoine scothaosta; ag spreagadh infheistíochtaí agus cómhaoiniú níos mó trí ionstraimí maoinithe AE do pháirceáil agus do chriosanna nascachta soghluaisteachta eile ag an mbealach isteach chuig limistéir uirbeacha, ag soláthar do rochtain éasca ar mhodhanna éagsúla iompair phoiblí, i bhfianaise an ghá atá le plódú uirbeach agus astaíochtaí CO2 a laghdú; á chur in iúl gur geal léi rún BEI tacú le cláir infheistíochta uaillmhianacha chun cabhrú le húdaráis phoiblí soghluaisteacht inbhuanaithe a chothú ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, amhail pleananna soghluaisteachta uirbeacha inbhuanaithe agus tionscadail iompair phoiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna agus gníomhartha sábháilteachta ar bhóithre AE a chomhtháthú níos fearr sna treoirlínte maidir leis na pleananna soghluaisteachta uirbeacha inbhuanaithe trí fhaireachán ar na cleachtais is fearr agus iad a chur chun cinn, lena n-áirítear táscaire a bhunú maidir le maoiniú AE a úsáid chun sábháilteacht ar bhóithre uirbeacha a fheabhsú go héifeachtach.

53.  ag tabhairt dá haire gurb ionann agus ceantair thuaithe freagrach as thart ar 83 % de chríoch AE agus go bhfuil 30,6 % dá dhaonra ann; á chur i bhfios go bhfuil easpa bonneagair iompair ardchaighdeáin agus comhsheirbhísí iompair phoiblí rialta i gceantair thuaithe agus i limistéir inar tearc an daonra, rud a mbíonn tionchar díreach aige ar shábháilteacht ar bhóithre ag tabhairt dá haire, thairis sin, go dtarlaíonn 54% de bhásanna ar bhóithre in AE ar bhóithre tuaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh feabhas ar inrochtaineacht, nascacht agus sábháilteacht ar bhóithre do cheantair thuaithe mar chuid den Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste; á iarraidh ar an gCoimisiún an straitéis sin a chur i gcuntas ina chumarsáid atá ar na bacáin maidir le fís fhadtéarmach do cheantair thuaithe;

54.  ag cur béim ar an ngá le cur chuige comhtháite a chur chun cinn chun cuspóirí Fhís Nialais a chur i gcrích agus chun comhoibriú idirearnálac a chothú, lena n-áirítear teagmháil le ENRanna, leis an tsochaí shibhialta, agus le gnólachtaí agus leis an tionscal ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus AE; á iarraidh ar chuideachtaí agus ar FBManna, i gcomhréir le Dearbhú Stócólm, sábháilteacht ar bhóithre a shaothrú trí phrionsabail córais shábháilte a chur i bhfeidhm ar fud a gcuid slabhraí luacha, lena n-áirítear cleachtais inmheánacha i bpróisis soláthair, táirgeachta agus dáilte, agus tuairisciú ar fheidhmíocht sábháilteachta a áireamh ina gcuid tuarascálacha inbhuanaitheachta agus ar a suíomhanna gréasáin oifigiúla; á iarraidh, thairis sin, ar chuideachtaí agus FBManna, i gcás inarb infheidhme, oiliúint thiomnaithe sábháilteachta ar bhóithre a thairiscint dá dtiománaithe, agus breithniú ar ról ‘bainisteoir soghluaisteachta’ a ionchorprú chun riachtanais soghluaisteachta a gcuid cuideachta maidir le hiompar earraí agus oibrithe ar fud an tslabhra lóistíochta iomláin;

55.  á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú leis na Ballstáit, leis an tsochaí shibhialta agus le príomhpháirtithe leasmhara eile chun cultúr sábháilteachta ar bhóithre ar fud na hEorpa a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi lainseáil ghradam AE um Shábháilteacht Bóithre Uirbeacha, mar chuid den tSeachtain Eorpach um Shoghluaisteacht agus gur athchóiríodh an Chairt Eorpach um Shábháilteacht ar Bhóithre, an t-ardán sochaí sibhialta is mó maidir le sábháilteacht ar bhóithre; á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh, “Bliain Eorpach um Shábháilteacht ar Bhóithre” a eagrú sna blianta romhainn, mar chuid de chreat AE um Beartas Sábháilteachta Bóithre 2021‑2030; ag moladh, thairis sin, i gcomhthéacs Bhliain Eorpach na gCathracha Níos Glaise in 2022, lipéad 'cathrach níos sábháilte' a bhunú, a mhaoiniú agus faireachán a dhéanamh air, ar cheart dó a bheith bunaithe ar chritéir ar na caighdeáin sábháilteachta bóthair is airde do gach úsáideoir agus spásanna poiblí a bhfuil sé níos éasca maireachtáil iontu, lena n-áirítear cáilíocht aeir níos fearr agus astaíochtaí laghdaithe CO2;

56.  ag aithint Lá Cuimhneacháin Domhanda d’Íospartaigh Tráchta ar Bhóithre, a thionóltar ar an tríú Domhnach de Shamhain gach bliain chun cuimhneamh ar na milliúin iomadúla a maraíodh nó a gortaíodh go dona ar bhóithre an domhain, chun buíochas a ghabháil leis na seirbhísí éigeandála as a gcuid oibre, agus chun machnamh a dhéanamh ar an ualach agus an costas ollmhór atá ar an tubaiste leanúnach laethúil seo do theaghlaigh, do phobail agus do thíortha; ag aithint an lae sin go foirmiúil agus ag iarraidh ar an gComhairle Eorpach agus ar an gCoimisiún an rud céanna a dhéanamh trí imeacht bliantúil a reáchtáil le tacaíocht ó na trí institiúid;

57.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, má táthar chun na chéad chéimeanna eile sa bheartas Aontais um shábháilteacht ar bhóithre a chur chun feidhme i gceart, faoi “Straitéis Soghluaisteachta Inbhuanaithe agus Cliste”, straitéis uileghabhálach, go mbeidh gá le hacmhainneachtaí nua i réimse na sábháilteachta ar bhóithre, go háirithe i ndáil leis na feidhmeanna comhordaithe, faireacháin agus meastóireachta agus i ndáil le tacaíocht theicniúil don straitéis i gcoitinne; á iarraidh ar an gCoimisiún, maidir leis seo, breithniú a dhéanamh ar ghníomhaireacht Eorpach um iompar de bhóthar a bhunú chun tacú le hiompar de bhóthar inbhuanaithe, sábháilte agus cliste nó - mura bhfuil sé indéanta - an cúram sin a chur ar iontaoibh gníomhaireachta atá ann cheana;

o
o   o

58.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 68, 13.3.2015, lch. 9.
(2) IO L 403, 30.12.2006, lch. 18.
(3) IO L 325, 16.12.2019, lch. 1.
(4) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0122.
(5) IO L 348, 20.12.2013, lch. 1.
(6) Treoir (AE) 2019/1936 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Treoir 2008/96/CE maidir le sábháilteacht an bhonneagair bóthair a bhainistiú (IO L 305, 26.11.2019, lch. 1).
(7) IO L 167, 30.4.2004, lch. 39.
(8) Staidéar ón gCoimisiún an 18 Feabhra 2014 maidir le tiomáint faoi thionchar an óil a chosc le córais chomhghlasála i gcás meisce.
(9) Measúnú ar Thionchar Tionscanta ón gCoimisiún an 15 Márta 2019 ar athbhreithniú na Treorach um Fhorfheidhmiú Trasteorann.
(10) IO L 183, 29.6.1989, lch. 1.
(11) IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.


Stoic éisc a athbhunú sa Mheánmhuir
PDF 175kWORD 62k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir le stoic éisc a athbhunú sa Mheánmhuir: meastóireacht agus na chéad chéimeanna eile (2019/2178(INI))
P9_TA(2021)0408A9-0225/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(1),

–   ag féachaint do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ‘“Ón bhFeirm go dtí an Forc” – le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),

–  ag féachaint do straitéis bhithéagsúlachta an Aontais do 2030, a leagadh amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030 – Bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030 – an dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380), go háirithe, do pointe 2.2.6 di maidir le ‘Stádas maith comhshaoil na n-éiceachóras muirí a athneartú’, ‘lena n-áirítear trí dhreasachtaí airgeadais a sholáthar trí na hionstraimí airgeadais a bheidh ann amach anseo le haghaidh iascaigh agus beartas muirí le haghaidh limistéir mhuirí faoi chosaint (lena n-áirítear limistéir de chuid Natura 2000 agus na limistéir sin a bunaíodh le comhaontuithe idirnáisiúnta nó réigiúnacha)’,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 16 Meitheamh 2020 dar teideal Towards more sustainable fishing in the EU: state of play and orientations for 2021 [I dtreo iascaireacht níos inbhuanaithe san Aontas: staid na himeartha agus treoshuíomhanna le haghaidh 2021] (COM(2020)0248),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meán Fómhair 2020 dar teideal Annual Sustainable Growth Strategy 2021 [Straitéis Bhliantúil don Fhás Inbhuanaithe, 2021] (COM(2020)0575),

–   ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle an 21 Nollaig 2006 maidir le bearta bainistíochta i leith saothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir(2),

–   ag féachaint do Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí)(3),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú(4),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh(5),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh(6) agus don togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2018)0390),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2017/159 ón gComhairle an 19 Nollaig 2016 lena gcuirtear chun feidhme an Comhaontú i dtaca le cur chun feidhme Choinbhinsiún na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht, 2007, a tugadh i gcrích an 21 Bealtaine 2012 idir an Coiste Ginearálta um Chomhar Talmhaíochta san Aontas Eorpach (Cogeca), Cónaidhm Oibrithe Iompair na hEorpa (ETF) agus Comhlachas Eagraíochtaí Náisiúnta na bhFiontar Iascaireachta san Aontas Eorpach (Europêche)(7),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 maidir le creat Aontais a bhunú maidir le bailiú, bainistiú agus úsáid sonraí in earnáil an iascaigh agus maidir le tacaíocht a thabhairt do chomhairle eolaíochta a mhéid a bhaineann leis an gComhbheartas Iascaigh(8),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2107 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Samhain 2017 lena leagtar síos bearta bainistithe, caomhnaithe agus rialaithe is infheidhme i limistéar an Choinbhinsiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT)(9),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar(10),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/982 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Ginearálta Iascaigh don Mheánmhuir)(11),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/560 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 508/2014 agus (AE) Uimh. 1379/2013 maidir le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 a mhaolú in earnáil an iascaigh agus an dobharshaothraithe(12),

–   ag féachaint do thuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 25 Meitheamh 2020 maidir le cur chun feidhme na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí (Treoir 2008/56/CE) (COM(2020)0259),

–   ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 26/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 26 Samhain 2020 dar teideal Marine Environment: EU protection is wide but not deep [An Comhshaol Muirí: tá cosaint AE leathan ach níl sí domhain],

–   ag féachaint do Theachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 9 Feabhra 2021 dar teideal Renewed partnership with the Southern Neighbourhood – A new Agenda for the Mediterranean [Comhpháirtíocht athnuaite le Comharsanacht an Deiscirt – Clár Oibre nua don Mheánmhuir] (JOIN(2021)0002),

–  ag féachaint d’Airteagail 38 agus 39 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Bheartas Comharsanachta na hEorpa (BCE),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS),

–  ag féachaint do straitéis mheántéarma (2017-2020) GFCM, arb é is aidhm di gníomhaíochtaí iascaireachta sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh a chur i riocht níos inbhuanaithe,

–  ag féachaint do thuarascáil 2018 GFCM maidir le staid an iascaigh sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh,

–  ag féachaint do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 14 ‘Na haigéin, na farraigí agus acmhainní muirí a chaomhnú agus a úsáid go hinbhuanaithe ar mhaithe le forbairt inbhuanaithe’, a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015,

–   ag féachaint do thuarascáil 2020 ón gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF) maidir le faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht an chomhbheartais iascaigh (STECF-Adhoc-20-01),

–   ag féachaint do staidéar siarghabhálach meastóireachta an Choimisiúin, Bealtaine 2016, ar Rialachán na Meánmhara,

–   ag féachaint do thuarascáil Uimh. 17/2019 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal Marine messages II – Navigating the course towards clean, healthy and productive seas through implementation of an ecosystem‑based approach [Teachtaireachtaí muirí II – An cúrsa a aimsiú i dtreo farraigí glana sláintiúla táirgiúla trí chur chuige éiceachóras-bhunaithe a chur chun feidhme],

–  ag féachaint don Choinbhinsiún maidir le Cosaint na Muirthimpeallachta agus Réigiún Cósta na Meánmhara (Coinbhinsiún Barcelona) agus do phrótacail ghaolmhara agus do chinntí gaolmhara an Aontais,

–  ag féachaint do Dhearbhú Aireachta na Stát ar Chósta na Meánmhara, MedFish4Ever, a glacadh i Vaileite, Málta, an 30 Márta 2017,

–   ag féachaint do Dhearbhú Aireachta Shóifia an 7 Meitheamh 2018,

–  ag féachaint do Dhearbhú Aireachta an 26 Meán Fómhair 2018 lena ndírítear ar Phlean Réigiúnach Gníomhaíochta maidir le hIascaigh Bheaga agus Inbhuanaithe sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh a chur chun feidhme,

–   ag féachaint do thuarascáil mheasúnachta dhomhanda 2019 ar sheirbhísí bithéagsúlachta agus éiceachórais ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta (IPBES),

–   ag féachaint do thuarascáil speisialta 2019 ar an Aigéan agus ar an gCrióisféar in Aeráid atá ag Athrú ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC),

–  ag féachaint do Chuid II, Roinn 2 de UNCLOS dar teideal ‘Limits of the territorial sea’,

–   ag féachaint don Chéad Tuarascáil Mheasúnaithe maidir leis an Meánmhuir (MAR1) ón líonra neamhspleách Saineolaithe Meánmhara maidir leis an Athrú Aeráide agus Comhshaoil (MedECC),

–  ag féachaint don tuarascáil ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO) agus ó GFCM dar teideal ‘The State of Mediterranean and Black Sea Fisheries 2020’,

–  ag féachaint don tuarascáil óna Coiste um Iascach maidir le hiarmhairtí an ardaithe ar theocht na farraige do stoic éisc agus d’iascaigh (2019/2163(INI)),

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Iascach don Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe maidir le Straitéis “ón bhFheirm go dtí an Forc” do chóras bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (2020/2260(INI)) PECH_AD(2021)662054,

–  ag féachaint do rún reachtach uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1379/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le bearta sonracha chun tionchar ráig COVID-19 san earnáil iascaigh agus dobharshaothraithe a mhaolú (COM(2020)0142 – C9-0093/2020 – 2020/0059(COD))(13),

–   ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 dar teideal ‘Tuilleadh éisc sna farraigí? Bearta chun téarnamh stoic os cionn na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI) a chur chun cinn, lena n-áirítear limistéir athshlánaithe éisc agus limistéir mhuirí faoi chosaint’(14),

–  ag féachaint do thionchar diúltach socheacnamaíoch reatha agus fadtéarmach phaindéim COVID-19 ar an earnáil, lena n-áirítear miondíoltóirí agus trádáil bia úir ar mhionscála,

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0225/2021),

A.  de bhrí go bhfuil an Mheánmhuir ar cheann de na limistéir ina bhfuil an bhithéagsúlacht is mó ar domhan chomh maith le bheith ina himchuach ina bhfuil cónaí ar phobail chósta atá ag brath den chuid is mó ar an iascaireacht, agus go háirithe ar an iascaireacht ar mhionscála; de bhrí go bhfuil an stádas comhshaoil atá aici faoi láthair, ar díol imní é agus ar de thoradh ró-iascaireachta go páirteach é, ina chúis le contúirt a bheith ar an mbithéagsúlacht agus freisin ar mharthanas earnála a bhféadfadh iarmhairtí socheacnamaíocha an-diúltach a bheith ag a caillteanas brabúis ar phobail iascaireachta, ar an tionscal agus ar a earnálacha coimhdeacha;

B.  de bhrí nach bhfuil acmhainneacht síolraithe neamhtheoranta ag stoic éisc agus go bhfuil an t-éileamh ar iasc agus tomhaltas éisc ag dul i méid i gcónaí;

C.  de bhrí go bhfuil an Mheánmhuir – go háirithe sa Mheánmhuir Thiar mar a bhfuil bearta nua á gcur chun feidhme, cé go bhfuil sé róluath measúnú iomlán a dhéanamh orthu ós rud é go bhfuil gá le tionscnaimh bhreise – agus an Mhuir Dhubh gan athrú den chuid is mó ó cuireadh tús le bailiú sonraí in 2003, cé go bhféadfadh sé go bhfuil méadú beag tagtha ar an mbithmhais ó 2012 i leith;

D.  de bhrí, de réir thuarascáil 2020 ó GFCM maidir le staid iascaigh na Meánmhara agus na Mara Duibhe, gur laghdaigh an cion de na stoic a ndearnadh ró-iascaireacht orthu sa Mheánmhuir ó 88 % in 2014 go 75 % in 2018, rud a thaispeánann go soiléir go bhfuil go leor oibre le déanamh fós, ach a léiríonn go bhfuil feabhas ag teacht de réir a chéile ar na torthaí de bharr thiomantas na n-iascairí ar fud an réigiúin; de bhrí go bhfuil cás a lán stoic éisc i riocht géarchéime go fóill ós rud é go bhfuil níos mó ná 80 % de na stoic a ndéantar measúnú eolaíoch orthu á saothrú os cionn leibhéil na huastáirgeachta inbhuanaithe (UTI), de réir STECF;

E.  de bhrí gur glacadh in 2019 an Rialachán lena mbunaítear plean ilbhliantúil chun iascaigh ghrinnill a bhainistiú sa Mheánmhuir thiar, agus de bhrí gur gá dúinn foighne a dhéanamh go bhfaighfear amach cé na héifeachtaí a bheidh ag na bearta arna nglacadh ansin;

F.  de bhrí go mbaineann an tionchar socheacnamaíoch suntasach atá ag srianta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta an bonn de bhrabúsacht na mílte cuideachtaí go dtí go gcuirtear a marthanas i mbaol, rud a bhféadfadh tionchar tubaisteach a bheith aige ar an bhfostaíocht agus ar an gcomhtháthú sóisialta i limistéir chósta;

G.  de bhrí go bhfuil ídiú stoic agus creimeadh a bithéagsúlachta muirí ag bagairt ar shlándáil bia na bpobal cósta, ar phoist agus ar ioncaim ó thús deireadh shlabhra luacha an iascaigh ar mhionscála;

H.  de bhrí go gcuirtear bac ar chomhlíonadh na n-aidhmeanna a luadh de bharr na leibhéal míchothrom comhlíontachta leis na srianta ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, rud a fhágann go bhfuil siad siúd a chomhlíonann iad faoi mhíbhuntáiste soiléir;

I.  de bhrí gur cheart an Ciste Eorpach Iascaigh agus Dobharshaothraithe a úsáid chun éifeachtaí socheacnamaíocha diúltacha a mhaolú agus chun an earnáil a éagsúlú;

J.  de bhrí gur soithí iascaireachta ar mhionscála formhór chabhlach iascaireachta na Meánmhara, arb ionann iad agus 84 % den chabhlach iascaireachta agus 60 % de na poist in imchuach na Meánmhara, agus de bhrí, cé go bhfuil laghdú suntasach tagtha ar roinnt cabhlach agus an laghdú sin ar leibhéil éagsúla ar fud an Aontais agus i dtíortha neamh-Eorpacha a bhfuil mórthionchar acu ar gheilleagair áitiúla, go bhfuil na treochtaí i dtaobh líon na soithí fós cobhsaí go leor;

K.  de bhrí, i gcás fhormhór na limistéar cósta agus oileánach, gur cineál traidisiúnta iascaireachta í an iascaireacht ar mhionscála, ar cuid de stíl mhaireachtála í agus a chuireann sí slí bheatha shuntasach ar fáil lena n-éilítear bearta sonracha agus tacaíocht shonrach chun go bhféadfaidh sí fás agus forbairt;

L.  de bhrí gur gá leibhéil shláintiúla stoc éisc a bhaint amach chun nach gcaillfear poist agus chun earnálacha eacnamaíocha tábhachtacha atá ag brath ar an iascach a chothú;

M.  de bhrí, i dteannta na hiascaireachta, go n-áirítear ar na tosca lena gcuirtear brú ar stoic éisc na Meánmhara agus ar an mbithéagsúlacht mhuirí fadhbanna ar cinntí daoine is cúis leo amhail truailliú plaisteach, scaipeadh breosla, cailleadh gnáthóg, trácht muirí, agus an t-athrú aeráide, agus leathadh na speiceas coimhthíoch ionrach;

N.  de bhrí go léirítear leis an staidreamh méadú seasta ar thomhaltas táirgí éisc mar aon le méadú coibhneasta ar allmhairí;

O.  de bhrí go bhféadfaí feabhas a chur ar lipéadú táirgí Eorpacha d’fhonn luach iascaigh na Meánmhara a mhéadú agus inrianaitheacht a fheabhsú agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN) á chomhrac;

P.  de bhrí go bhfuil laghdú seasta tagtha ar an táirgeadh agus gur gá bearta chun inbhuanaitheacht na n-acmhainní a athneartú;

Q.  de bhrí go bhfuil an iascaireacht agus an dobharshaothrú i measc na n-earnálacha is mó atá buailte ag paindéim COVID-19, mar gur tháinig meath tobann ar an éileamh;

R.  de bhrí gur mhol an Coimisiún raon bearta sealadacha agus spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair phobal an bhia mara de bharr COVID-19;

S.  de bhrí go bhfuil an éagobhsaíocht pholaitiúil agus an chorraíl sa Libia ina bhfíorbhagairt d’iascairí an Aontais atá gníomhach sa Mheánmhuir theas, rud a chuireann a saoirse phearsanta agus sábháilteacht na n-oibríochtaí iascaireachta i mbaol;

T.  de bhrí, cé go gceanglaítear ar iascairí an Aontais na rialacha maidir le caomhnú stoc éisc a chomhlíonadh, nach gceanglaítear orthu siúd ó thíortha eile de chuid na Meánmhara na rialacha céanna a chomhlíonadh, agus an bonn bainte dá réir de na hiarrachtaí stoic a atógáil agus iad in iomaíocht go héagórach le hiascach an Aontais;

U.  de bhrí go bhfuil an Mheánmhuir ag téamh de réir ráta suas le 20 % níos tapúla ná an chuid eile den domhan; de bhrí go bhféadfadh an t-athrú aeráide a bheith ina chúis le díobhadh áitiúil suas le 50 % de na héisc thráchtála agus d’inveirteabraigh mhuirí faoi 2050, de réir MedECC;

Feabhas a chur ar na gnéithe reachtacha

1.  á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle le Comhairle Chomhairleach na Meánmhara (MED-AC), sonrú a dhéanamh ar na bacainní ar an bpróiseas chun stoic éisc a atógáil, lena n-áirítear anailís ar chur chun feidhme straitéis GFCM, 2017-2020, d’fhonn a chuid fionnachtana a chur san áireamh i straitéis 2021-2030, lena n-áiritheofar go ndéanfar bearta praiticiúla chun stoic éisc a atógáil, lena n-áirítear gníomhaíochtaí reachtacha agus neamhreachtacha araon a mheas, más gá agus más iomchuí;

2.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún, i straitéis bhithéagsúlachta 2030 uaidh, go ndéanfaí 30 % ar a laghad de limistéar farraige AE a chosaint, lena n-áirítear trí limistéir aisghabhála stoc éisc a bhunú, amhail dá bhforáiltear faoin gComhbheartas Iascaigh (CBI);

3.  á mheas gur gá a áirithiú go ndéanfar comhdhlúthú agus forbairt éifeachtach ar na limistéir mhuirí faoi chosaint atá ann cheana agus go mbeidh na hiascairí rannpháirteach i gcéim an ullmhúcháin agus an bhainistithe;

4.  ag cur béim ar an ngá atá leis an meastóireacht ar ainmniú agus rath na limistéar sin a áireamh sa tuarascáil a bheidh ann amach anseo maidir le feidhmiú an chomhbheartais iascaigh (CBI); á iarraidh ar GFCM tarraingt ar shampla rathúil limistéar athshlánaithe stoic éisc Jabuka/Pomo Pit;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún cothroime iomaíochta a áirithiú do na hearnálacha eacnamaíocha uile agus limistéir mhuirí faoi chosaint (MPAnna) arna mbainistiú agus arna nascadh go héifeachtach á gcur chun feidhme;

6.  ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar riachtanais thíortha na Meánmhara trí thacaíocht eolaíoch agus theicniúil a chur ar fáil do na tíortha sin chun leas a bhaint as sásraí cistiúcháin réigiúnacha agus idirnáisiúnta, agus chun tionscadail forbartha inbhuanaithe a fhorbairt;

7.  á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an bhfuil gá le pleananna nua bainistithe stoc chun prionsabail na hinbhuaine sóisialta, eacnamaíche agus comhshaoil a leagtar amach sa Chomhbheartas Iascaigh a bhaint amach;

8.  ag meabhrú an chuspóra de chuid an Chomhbheartais Iascaigh ráta saothraithe na huastáirgeachta inbhuanaithe a bhaint amach faoi 2020 ar a dhéanaí i ndáil leis na stoic uile;

9.  ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go bhfuil a lán stoc ann fós lena ngabhann stádas anaithnid; á iarraidh go gcuirfear dlús leis na hiarrachtaí chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí d’fhonn feabhas a chur ar na socruithe chun na bearta bainistithe is gá a cheapadh;

10.  ag meabhrú an chuspóra de chuid na Treorach Réime um Straitéis Mhuirí Dea-stádas Comhshaoil a bhaint amach nó a choimeád sa muirthimpeallacht faoin mbliain 2020 ar a dhéanaí;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as sampla rathúil an tuinnín ghoirm trí staidéar a dhéanamh ar ghabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna) a thabhairt isteach i bhfad na haimsire i ndáil le roinnt speiceas, lena n-áirítear an colmóir, agus togra a chur chun cinn le linn na meastóireachta ar an bplean ilbhliantúil in 2024;

12.  á mheabhrú go bhfuil rath MPAnna agus limistéar eile faoi chosaint ag brath ar iascairí, pobail chósta agus geallsealbhóirí eile a bheith á nglacadh chucu féin; á iarraidh ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar an ngá atá le rannpháirtíocht ghníomhach na hearnála iascaigh a éascú, lena n-áirítear comhpháirt an iascaigh ar mhionscála den earnáil, na pobail áitiúla agus na geallsealbhóirí ábhartha uile maidir le ceapadh, bainistiú agus faireachán MPAnna;

13.  á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit gníomhú chun deireadh a chur le ‘páirceanna páipéir’ sa Mheánmhuir agus MPAnna a bhunú mar chuid de líonra comhleanúnach de limistéir atá á mbainistiú agus nasctha go héifeachtach, lena n-áirítear limistéir amach ón gcósta agus limistéir dhomhainfharraige; agus á mheabhrú gur gá deireadh a chur le hiascaireacht le gléas grinnill faoi bhun 400 m i limistéir arb eol gur ann d’éiceachórais leochaileacha mhuirí (VMEnna) iontu nó ar dóigh dóibh tarlú iontu;

14.  á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit líonra na limistéar aisghabhála stoic faoi CBI agus faoi GFCM a leathnú, go háirithe i gcás ina bhfuil fianaise shoiléir gur ann do chomhchruinnithe troma d’éisc faoi bhun na híosmhéide tagartha caomhnaithe nó do láithreacha sceite; ag cur béim ar an ngá atá leis an meastóireacht ar ainmniú agus ar rath na limistéar sin a áireamh sa tuarascáil atá le bheith ann go luath maidir le feidhmiú CBI; á iarraidh ar GFCM tarraingt ar shampla rathúil limistéar athshlánaithe stoic éisc Jabuka/Pomo Pit;

15.  á iarraidh ar CGIM comhstraitéis nua uaillmhianach agus iomlánaíoch a mholadh don iascach agus don dobharshaothrú sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh do 2021-2025, nach mór bearta bainistíochta éifeachtacha agus inbhuanaithe a áireamh inti ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta, agus cur chuige uastáirgeachta inbhuanaithe á leanúint; á iarraidh ar CIGM dul i ngleic le saincheisteanna amhail téamh domhanda agus iascaireacht NNN agus áineasa, agus limistéir nua athshlánaithe stoic éisc a bhunú;

16.  Ag cur in iúl gur oth léi an easpa sonraí eolaíocha maidir le hiascaigh áineasa; á iarraidh ar Bhallstáit an Aontais agus ar GFCM measúnú iomlán a dhéanamh ar thionchar agus ar rannchuidiú iascaigh áineasa maidir le bainistiú acmhainní iascaigh agus iad a áireamh ina bpleananna bainistithe;

17.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá faireachán agus rialú agus comhar éifeachtach réigiúnach maidir le bainistiú acmhainní bitheolaíocha na mara;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar leibhéal GFCM a chur chun cinn agus tacú le rialachas inbhuanaithe na n-aigéan agus le bainistiú stoic éisc trí chistiú leormhaith;

19.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar measúnú tionchair fadréimseach roimh gach togra reachtach a mbíonn d’aidhm leis stoic éisc a mhéadú agus lena gcuirtear srian le gníomhaíochtaí iascaireachta chun cainníochtú a dhéanamh ar an tionchar socheacnamaíoch agus comhshaoil a d’fhéadfadh a bheith aige ar phobail chósta agus ar tháirgiúlacht agus iomaíochas ghnóthais iascaigh an Aontais agus an tslabhra táirgeachta, agus go mbeidh na sonraí eolaíocha is fearr dá bhfuil le fáil arna gcomhroinnt leis na geallsealbhóirí a bhaineann leis an earnáil iascaigh ina dtaca ag gach togra reachtach den sórt sin;

20.  á iarraidh, ina theannta sin, i bhfianaise fhorbairt an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise Bithéagsúlachta agus na Straitéise “ón bhFeirm go dtí an Forc” atá mar bhonn dó, agus an tionchair mhóir a bheidh aige ar ghníomhaíocht iascaireachta go ginearálta agus sa Mheánmhuir go háirithe, go ndéanfar measúnú tionchair roimh ré ar na bearta sin agus ar a gcur chun feidhme ar an earnáil iascaireachta agus dobharshaothraithe, i bhfianaise stádas sonrach na Meánmhara mar fharraige arna comhroinnt le tíortha lasmuigh den Aontas a bhfuil rialacháin éagsúla acu;

21.  á chur i bhfios go láidir nach bhfuil cainníochtú beacht déanta ar na hiarmhairtí a bheidh ann do stoic éisc de bharr na dtionchar féideartha uile sa bhreis ar ghníomhaíochtaí iascaireachta, amhail truailliú, téamh domhanda, speicis choimhthíocha, saothrú hidreacarbón, dreidireacht agus muiriompar; á chur i bhfáth nach féidir cinnteoireacht sách leordhóthanach agus éifeachtach a dhéanamh leis an easpa faisnéise seo chun caomhnú na stoc éisc agus na n-éiceachóras muirí a áirithiú;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhroinnfear gach togra reachtach agus neamhreachtach le cumainn iascairí, lena n-áirítear cuallachtaí (cofradías), faoi shamhail chomhbhainistithe;

23.  á chur i bhfáth gur cheart aon bhearta reachtacha amach anseo chun athshlánú na stoc éisc sa Mheánmhuir a chur chun cinn – ar bearta reachtacha iad a bhfuil tionchar acu ar ghníomhaíocht iascaireachta earnáil iascaigh na hEorpa – a chur chun feidhme de réir i chéile agus i gcomhréir le hacmhainneacht na hearnála gníomhú; á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach ndéanfar le haon togra reachtach a bheidh ann amach anseo ró-ualach maorlathach agus airgeadais a chur ar earnáil iascaigh na hEorpa, go háirithe ar iascach ar mhionscála;

24.  ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart aon tionscnamh reachtach atá dírithe ar stoic a chosaint agus a atógáil sa Mheánmhuir a bheith teoranta do bhearta lena gcuirtear srian ar ghníomhaíochtaí iascaireachta amháin, ach gur cheart dó cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh maidir leis an bhfadhb agus aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar na bagairtí uile ar ídiú stoc;

25.  á chur i bhfáth gur gá reachtaíocht a rith ar bhonn cur chuige éiceachórais is féidir a úsáid chun na hidirghníomhaíochtaí go léir a mbíonn tionchar acu ar stoic éisc a shainaithint agus a anailísiú, agus ní hamháin gníomhaíochtaí iascaireachta á gcur san áireamh, ach fachtóirí eile atá le cur sa mheá agus láithreacht speiceas ionrach nua;

26.  á thabhairt chun suntais go mbeadh tionchar dearfach ag athnuachan na gcabhlach iascaireachta aosta atá ag feidhmiú sa Mheánmhuir, maidir le soithí agus innill araon, mar go laghdófaí dá barr an tionchar a bheadh acu ar an gcomhshaol, go gcothófaí dá barr éifeachtúlacht breosla agus dícharbónú na soithí agus go bhfeabhsófaí dá barr sábháilteacht agus dálaí oibre ar bord; á mheabhrú go n-éascaítear tacaíocht i ndáil leis sin leis an gcomhaontú maidir leis an gCiste Eorpach um Iascach Muirí agus Dobharshaothrú (EMFAF);

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún iomaíochas agus forbairt inbhuanaithe na hearnála iascaigh ina hiomláine agus a slabhra táirgeachta a chosaint, agus luach táirgí iascaigh á mhéadú agus feabhas á chur ar lipéadú agus ar inrianaitheacht agus béim ar leith á cur ar bhearta lena áirithiú go gcomhlíonann táirgí allmhairithe na caighdeáin Eorpacha;

28.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún measúnú dearfach a dhéanamh ar sheasamh na Parlaiminte san athbhreithniú leanúnach ar Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008(15) (Rialachán NNN), agus go háirithe i ndáil leis an togra ón bParlaimint bearta cosanta a thabhairt isteach, faoi réir coinníollacha áirithe, faoina gcuirtear taraifí fabhracha ar fionraí go sealadach i ndáil le stáit neamh-AE nach gcomhoibríonn i gceart chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac;

29.  á iarraidh go gcuirfeadh an Coimisiún agus na Ballstáit feabhas ar lipéadú agus inrianaitheacht na dtáirgí bia mara uile chun faisnéis níos soiléire a sholáthar do thomhaltóirí maidir le bunús an táirge, maidir leis na speicis agus maidir le faisnéis faoi ghnéithe eile amhail modhanna táirgthe agus na caighdeáin a chuirtear i bhfeidhm i ndáil le gabháil agus próiseáil lena n-áirítear ó allmhairí neamh-AE;

30.  á iarraidh ar an gCoimisinéir atá freagrach as gnóthaí iascaigh agus muirí comhlacht comhairliúcháin a bhunú le rannpháirtíocht tíortha nach Ballstáit den Aontas iad i limistéar na Meánmhara d’fhonn iomaíocht éagórach a laghdú agus cothroime iomaíochta a áirithiú d’iascairí na hEorpa agus do mhná atá ag obair san earnáil;

31.  á iarraidh ar na Ballstáit iascaireacht NNN a chomhrac trí thrédhearcacht oibríochtaí iascaireachta, agus iarrachtaí faireacháin agus rialúcháin, a mhéadú;

32.  á iarraidh ar na Ballstáit an acmhainneacht rialúcháin iascaigh a fheabhsú agus malartú dea-chleachtas agus spriocanna idir na Ballstáit a éascú ar leibhéal gearrthéarmach oirbheartaíochta, le cúnamh ón nGníomhaireacht Eorpach um Rialú ar Iascach (EFCA);

33.  ag tathant ar Bhallstáit na Meánmhara líon breise de limistéir shrianta iascaigh GFCM a bhunú le héifeacht láithreach, ar mhaithe le héiceachórais mhuirí róshaothraithe a chosaint, agus limistéar srianta iascaigh Jabuka/Pomo Pit á chur san áireamh mar shampla den dea-chleachtas;

34.  á iarraidh ar an gCoimisiún a mharana a dhéanamh ar iascach a chomhtháthú i mBeartas Comharsanachta an Aontais, mar uirlis chun borradh a chur faoin gcomhar réigiúnach;

35.  á áitiú gur cheart go mbeadh sé mar chuspóir le cur chun feidhme cuí sainordaitheach CBI an chothromaíocht cheart a bhaint amach idir inbhuaine chomhshaoil, eacnamaíoch agus shóisialta;

36.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar shonraí comhshaoil agus socheacnamaíocha a bhaineann leis na pobail áitiúla agus le hearnáil iascaigh na Meánmhara chun measúnú a dhéanamh ar thionchar ghéarchéim COVID-19 ar an tionscal agus ar stoic éisc, agus á iarraidh go gcuirfear an measúnú sin san áireamh sa chinnteoireacht a dhéanfar amach anseo;

37.  á iarraidh ar an gCoimisiún an anailís sin a úsáid agus beartais á bhforbairt, comhar taighde á éascú agus comhar á dhéanamh leis na gníomhaithe uile ar fud na Meánmhara, lena n-áirítear bruachthíortha de chuid an Aontais agus bruachthíortha nach bhfuil san Aontas araon, chun díospóidí a d’fhéadfadh a bheith ann i measc cabhlaigh a dhíríonn ar na hacmhainní bitheolaíocha muirí céanna, atá lonnaithe i limistéir íogaire d’uiscí idirnáisiúnta, a mheas agus a sheachaint;

38.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an tionchar sóisialta, eacnamaíoch agus comhshaoil, chomh maith leis na héifeachtaí ar stoic éisc san earnáil iascaireachta áineasa, d’fhonn an anailís sin a chur san áireamh in aon bhearta a d’fhéadfaí a ghlacadh;

39.  ag tathant ar na Ballstáit úsáid cheart a bhaint as acmhainní EMFAF chun iascaigh ar mhionscála a chúiteamh, arb iascaigh iad a bhfuil orthu a ngníomhaíocht a chur ar fionraí go sealadach de bharr bearta caomhantais, i gcomhréir le rialacha agus forálacha EMFAF;

40.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cothú a dhéanamh ar na deiseanna atá ann de thoradh comhbhainistiú agus de thoradh bainistiú éiceachórais, oiriúnaitheach agus réamhchúraim agus é mar aidhm dheiridh leis sin bainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh a bhaint amach, bunaithe ar fhaireachán a dhéanamh ar iarrachtaí iascaireachta agus roghnaíocht a áirithiú i ngníomhaíocht eastóscach iascaireachta sa Mheánmhuir;

Dul i ngleic leis na tionchair a bhíonn ag gníomhaíochtaí eacnamaíocha eile agus ag brúnna ar théarnamh stoc éisc

41.  á chur in iúl gur geal léi an obair a rinneadh ar leibhéal GFCM ó 2017 i leith chun straitéisí a fhorbairt agus a ghlacadh chun déileáil leis na héifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag an athrú aeráide ar an iascach;

42.  á iarraidh ar na Ballstáit rialacha a ghlacadh chun toirmeasc a chur ar shoithí móra príobháideacha dul ar ancaire agus múráil laistigh de 300 méadar den chósta agus i ngnáthóga cosanta, ar an teorainn 300 méadar sin agus i róid, i bhfianaise an tionchair mhóir atá acu ar éiceachórais leochaileacha amhail insí posidonia oceanica;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a fhoilsiú maidir leis an tionchar atá ag gníomhaíochtaí ilchineálacha an duine agus ag na foinsí ilchineálacha truaillithe, idir chinn talún agus chinn mhuirí, ar stoic éisc agus ar éiceachórais mhuirí;

44.  á thabhairt chun suntais go bhfuil easpa acmhainní ann chun taighde eolaíoch agus measúnuithe stoic a dhéanamh sa Mheánmhuir, go háirithe acmhainní daonna;

45.  á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint saineolaithe eolaíocha nua a mhaoiniú;

Bailiú sonraí agus taighde a threisiú

46.  á chur i bhfáth gur gá iascaigh chósta ar mhionscála agus teicnící iascaireachta ísealtionchair a chur chun cinn sa Mheánmhuir, lena n-áirítear é a chur de cheangal ar na Ballstáit sciar níos mó de na deiseanna iascaireachta don dá iascach inar tugadh TACanna isteach a leithdháileadh ar na hiascaigh sin, i gcomhréir le hAirteagal 17 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013;

Rannpháirtíocht na n-oibrithe i bpróisis chinnteoireachta agus i mbailiú sonraí a neartú

47.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís eacnamaíoch a dhéanamh ar na héifeachtaí sóisialta agus fostaíochta arb é laghdú na n-acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir is cúis leo d’fhonn bearta tacaíochta iomchuí a aimsiú chun aistriú cothrom cothromasach chuig iascach ísealtionchair a ráthú;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go bhféadfaidh an anailís ar na sonraí agus aon bhearta a d’fhéadfadh teacht as úsáid a bhaint as cistí EMFAF chun tacú leis an inbhuaine agus leis an nuálaíocht san earnáil agus le héagsúlú na hearnála;

49.  á iarraidh go mbeidh údaráis agus institiúidí eolaíocha áitiúla agus réigiúnacha mar aon le hoibrithe áitiúla níos rannpháirtí i mbailiú sonraí a bhaineann le hiascaireacht roghnaíoch, i ndlúthchomhar leis an gCoiste Eolaíoch, Teicniúil agus Eacnamaíoch um Iascach (STECF);

50.  á iarraidh go malartófar dea-chleachtais agus nuálaíocht maidir le trealamh iascaireachta níos roghnaithí agus modhanna bailithe dramhaíola muirí a fhorbairt, agus aitheantas á thabhairt don ról atá ag iascairí mar ‘chaomhnóirí na farraige’, d’fhonn a gcion féin a dhéanamh ar son muirthimpeallacht níos sláintiúla agus níos glaine;

51.  á chur i bhfáth go bhfuil gnóthú iomlán aon chuspóra a bhaineann le téarnamh an stoic sa Mheánmhuir agus cur chun feidhme cuí na rialacha arna nglacadh ag reachtóirí Eorpacha ag brath ar rannpháirtíocht éifeachtach na hearnála iascaireachta;

52.  á iarraidh ar an gCoimisiún an comhar agus an t-idirphlé leis na comhairlí comhairleacha, leis na hiascairí agus leis na gairmithe in earnáil an chósta a fheabhsú agus a neartú, agus aird chuí á tabhairt ar a dtuairimí agus aitheantas á thabhairt dá thábhachtaí atá iascairí, mná atá ag obair san earnáil agus eagraíochtaí gairmiúla ábhartha agus eagraíochtaí sochaí sibhialta maidir le rialacha a bheidh le cur chun feidhme agus próisis chinnteoireachta a cheapadh;

53.  ag tathant ar na Ballstáit samhlacha comhbhainistithe a cheadú le haghaidh iascaigh ar an leibhéal áitiúil, bunaithe ar rannpháirtíocht, ar chomhairliúchán agus ar chinnteoireacht chomhpháirteach idir na geallsealbhóirí ábhartha; ag tabhairt dá haire gur gá faireachán cuimsitheach a dhéanamh ar ghabhálacha i bpleananna bainistithe den sórt sin chun saothrú inbhuanaithe acmhainní a áirithiú, chomh maith le cothromaíocht chóir a áirithiú maidir le dálaí socheacnamaíocha laistigh d’earnáil an iascaigh d’fhonn difríochtaí idir codanna den chabhlach a fhritháireamh;

54.  á chur i bhfáth gur ar chothabháil na seirbhísí éiceachórais agus ar chaomhnú na n-éiceachóras saothraithe trí chosaint a thabhairt dóibh atá samhlacha comhbhainistithe bunaithe, rud a chiallaíonn cur chuige éiceachórais a chur i bhfeidhm maidir le bainistiú iascaigh agus oiriúnaitheach, trí chóras buan faisnéise, anailíse agus gníomhaíochta a bhunú lena ngabhann foghlaim leanúnach agus aiseolas seasta agus cinnteoireacht shofhreagrúil;

55.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh Plean Gníomhaíochta 2018 chun todhchaí inbhuanaithe a áirithiú don iascach ar mhionscála agus don mhuirthimpeallacht sa réigiún chomh maith le seoladh an ardáin ‘Cairde Iascaigh ar Mhionscála’;

56.  á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh aon spriocanna cosanta bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil le fáil;

Seasamh leis an smacht reachta

57.  ag cáineadh na sáruithe leanúnacha ar dhlí na mara sa Mheánmhuir, lena n-áirítear fuadaigh, foréileamh soithí, príosúnacht neamhdhleathach, imeaglú, rialuithe, ciapadh, ionsaithe agus trialacha éagóracha i gcoinne iascairí an Aontais as a gcuid oibre a dhéanamh, ar sáruithe soiléire iad ar na hoibleagáidí idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

58.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an staid sa Mheánmhuir agus féachaint an bhféadfaí socruithe oibríochtúla de chineál éigin a bhunú chun maraithe agus soithí Eorpacha a chosaint;

59.  á iarraidh ar an gCoimisiún dul i mbun idirphlé leis na tíortha sin san Afraic Thuaidh nach gcomhlíonann beartais agus cinntí UNCLOS agus GFCM, lena n-áirithítear sábháilteacht agus cothroime iomaíochta do gach iascaire de chuid an Aontais;

60.  á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí comhpháirteacha le tíortha comharsanachta a spreagadh chun comhlíonadh na gcomhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh a éascú agus chun rannpháirtíocht i ndea-bhainistiú agus athshlánú stoc éisc a éascú;

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún, trína ghníomhaireachtaí, dlús a chur lena iarrachtaí faireachán a dhéanamh ar uiscí críochacha an Aontais chun soithí neamh-AE a bhíonn ag iascaireacht go neamhdhleathach in uiscí teorann an Aontais agus i limistéir mhuirí faoi chosaint a shainaithint agus chun na dálaí ina n-oibríonn iascairí an Aontais a chur i riocht níos sábháilte; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach cistiú agus daonchumhacht leordhóthanach a chur ar fáil do na gníomhaireachtaí sin chun na críche sin;

62.  á iarraidh ar Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dlús a chur le hiarrachtaí an Aontais sa Mheánmhuir theas seasamh leis an dlí idirnáisiúnta, leis an tslándáil agus an smacht reachta;

o
o   o

63.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
(2) IO L 409, 30.12.2006, lch. 11.
(3) IO L 164, 25.6.2008, lch. 19.
(4) IO L 286, 29.10.2008, lch. 1.
(5) IO L 354, 28.12.2013, lch. 22.
(6) IO L 149, 20.5.2014, lch. 1.
(7) IO L 25, 31.1.2017, lch. 12.
(8) IO L 157, 20.6.2017, lch. 1.
(9) IO L 315, 30.11.2017, lch. 1.
(10) IO L 172, 26.6.2019, lch. 1.
(11) IO L 164, 20.6.2019, lch. 1.
(12) IO L 130, 24.4.2020, lch. 11.
(13) IO C 316, 6.8.2021, lch. 28.
(14) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0017.
(15) Rialachán (CE) Uimh. 1005/2008 ón gComhairle an 29 Meán Fómhair 2008 lena mbunaítear córas Comhphobail chun iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, a dhíspreagadh agus a dhíothú, lena leasaítear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1936/2001 agus (CE) Uimh. 601/2004 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 1093/94 agus (CE) Uimh. 1447/1999 (IO L 286, 29.10.2008, lch. 1).


An todhchaí don chaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe
PDF 323kWORD 86k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Deireadh Fómhair 2021 ar an todhchaí don chaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe (2021/2038(INI))
P9_TA(2021)0410A9-0250/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 2 Nollaig 2020 maidir le clár nua AE-SAM don athrú domhanda (JOIN(2020)0022),

–  ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ón Idirphlé Trasatlantach Reachtóirí an 24 Lúnasa 2020 maidir leis an gcaidreamh idir AE agus SAM,

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle maidir leis an gcaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe an 7 Nollaig 2020,

–   ag féachaint don fhianaise ó Státrúnaí na Stát Aontaithe, Antony Blinken, os comhair Choiste Seanaid na Stát Aontaithe um Chaidreamh Eachtrach an 19 Eanáir 2021,

–  ag féachaint do ráiteas ó chomhaltaí na Comhairle Eorpaí an 26 Feabhra 2021 maidir le slándáil agus cosaint,

–  ag féachaint don phreasráiteas comhpháirteach ón Uachtarán von der Leyen agus ó Státrúnaí na Stát Aontaithe, Anthony Blinken, an 24 Márta 2021,

–  ag féachaint don ráiteas comhpháirteach ó Státrúnaí Stáit Aontaithe Mheiriceá agus ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 24 Márta 2021,

–  ag féachaint don ráiteas ó Roinn Stáit na Stát Aontaithe an 26 Aibreán 2021 dar teideal US Commitment to the Western Balkans [Tiomantas na Stát Aontaithe do na Balcáin Thiar],

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 14 Samhain 2016 maidir leis an Straitéis Dhomhanda do bheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh, dar teideal Shared vision common action: a stronger Europe [Fís chomhroinnte, comhghníomhaíocht: Eoraip níos láidre],

–  ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach maidir leis an gcomhar idir AE agus ECAT a shínigh Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, agus Ard-Rúnaí ECAT i Vársá an 8 Iúil 2016,

–  ag féachaint don mhalartú tuairimí le hArd-Rúnaí ECAT le linn chruinniú comhpháirteach an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha, an Fhochoiste um Shlándáil agus um Chosaint, agus na Toscaireachta don chaidreamh le Tionól Parlaiminteach ECAT, a tionóladh an 15 Márta 2021,

–  ag féachaint do rannpháirtíocht VP/HR i gcruinniú Airí Cosanta ECAT an 17 agus an 18 Feabhra 2021, agus i gcruinniú Airí Gnóthaí Eachtracha ECAT an 23 agus an 24 Márta 2021,

–  ag féachaint don ráiteas a d’eisigh na Cinn Stáit agus Rialtais a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 2021,

–  ag féachaint don ráiteas ó Chruinniú Mullaigh AE-SAM dar teideal Towards a Renewed Transatlantic Partnership [I dTreo Comhpháirtíocht Thrasatlantach Athnuaite], a eisíodh an 15 Meitheamh 2021,

–  ag féachaint don rún uaithi an 13 Meitheamh 2018 maidir leis an gcaidreamh idir AE agus ECAT(1),

–  ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an gcaidreamh trasatlantach, go háirithe a rún an 26 Márta 2009 maidir le staid an chaidrimh thrasatlantaigh i ndiaidh thoghcháin SAM(2), a rún an 13 Meitheamh 2013 maidir le ról AE i gComhpháirtíocht Thrasatlantach níos leithne a chur chun cinn(3) agus a rún an 12 Meán Fómhair 2018 maidir le staid an chaidrimh idir AE agus SAM(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2020(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le rialú CBAE an 16 Iúil 2020 – an Coimisinéir um Chosaint Sonraí v Facebook Ireland Limited agus Maximillian Schrems (‘Schrems II’) – Cás C-311/18(7),

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0250/2021),

A.  de bhrí gur sheas an chomhpháirtíocht thrasatlantach, le 75 bliana, don tsaoirse, don daonlathas, do chearta an duine agus don smacht reachta, don trádáil agus don chomhar eacnamaíoch agus don tslándáil; de bhrí gurb iad na Stáit Aontaithe an comhpháirtí straitéiseach is dlúithe agus is tábhachtaí atá ag an Aontas i gcónaí; de bhrí go bhfuil an chomhpháirtíocht sin bunaithe ar naisc láidre pholaitiúla, chultúrtha, eacnamaíocha agus stairiúla agus ar luachanna comhroinnte amhail an tsaoirse, an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta, agus go mbaineann an-acmhainneacht léi ó thaobh idirphlé, comhar agus baint amach saincheisteanna, cuspóirí agus tosaíochtaí leasa choitinn nó tosaíochtaí ar ábhar imní iad ar fud an speictrim beartais;

B.  de bhrí go bhfuil luachanna coiteanna agus leas coiteann bunúsach ag AE agus SAM i dtaca le timpeallacht idirnáisiúnta riailbhunaithe a mhúnlú lena neartófar an t-iltaobhachas agus luachanna daonlathacha, lena gcosnófar cearta an duine, lena gcaomhnófar an dlí idirnáisiúnta agus lena gcuirfear chun cinn ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus lena gcuirfear chun cinn ar an gcuma chéanna réiteach síochánta coinbhleachta agus forbairt inbhuanaithe ar fud an domhain;

C.  de bhrí gur cruthaíodh deiseanna nua le toghadh Joe Biden mar Uachtarán ar na Stáit Aontaithe agus Kamala Harris mar Leas-Uachtarán chun an chomhpháirtíocht thrasatlantach riachtanach sin a shaothrú agus a athbheochan, chun obair agus nuálaíocht a atosú ar gach leibhéal den chomhar fadbhunaithe sin agus chun comhoibriú níos fearr ar shaincheisteanna iltaobhacha, amhail an t-athrú aeráide, an t-aistriú digiteach agus glas, an daonlathas agus an tslándáil idirnáisiúnta; de bhrí gur cheart do AE agus SAM an deis athnuaite seo a thapú dlúth-idirphlé agus dlúthchomhar a bheith acu chun a mbuanoibleagáidí i leith na n-eagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann an péire acu a chomhlíonadh agus chun comhordú agus comhroinnt dualgas níos fearr a áirithiú thar réimse leathan saincheisteanna geopholaitiúla as seo amach; de bhrí gur buanchuspóir de chuid AE é an comhar leis na Stáit Aontaithe, beag beann ar an rialtas in oifig;

D.  de bhrí gur dhearbhaigh riarachán Biden go bhfuil sé ar intinn aige an caidreamh le AE agus le comhghuaillithe daonlathacha eile a neartú; de bhrí gur chuig an Eoraip a chuaigh Biden ar a chéad chuairt thar lear, áit ar ghlac sé páirt i gCruinniú Mullaigh ECAT agus i gCruinniú Mullaigh AE-SAM sa Bhruiséil an 14-15 Meitheamh 2021; de bhrí go ndeimhnítear leis sin a thiomanta atá na Stáit Aontaithe dá gcaidreamh leis an Aontas Eorpach agus lena Bhallstáit a neartú agus dá bhfuil i ndán don chomhshlándáil agus don chomhchosaint laistigh de Chomhghuaillíocht an Atlantaigh Thuaidh agus leis an Aontas Eorpach; de bhrí gur mhol an tUachtarán Biden Cruinniú Mullaigh um an Daonlathas a eagrú, ina lorgófar gealltanais chomhpháirteacha le AE agus le daonlathais eile chun ár ndaonlathais a neartú agus chun comhar feabhsaithe a chothú idir stáit dhaonlathacha, agus ag an am céanna an t-údarásaíochas agus sáruithe ar chearta an duine a chomhrac ar fud an domhain;

E.  de bhrí go bhfuil gá le hidirphlé leanúnach, cuiditheach agus cothrom bunaithe ar chuspóirí comhroinnte chun clár oibre láidir uaillmhianach trasatlantach a fhorbairt agus chun aghaidh a thabhairt ar aon réimsí ina bhfuil difríochtaí trasatlantacha, trí chomhar níos doimhne, lena n-áirítear i réimsí amhail an caidreamh leis an tSín agus leis an Rúis, gealltanais agus cumais chosanta, coinbhleachtaí sa Mheánoirthear agus saincheisteanna slándála agus cobhsaíochta eile, agus chun cur chuige coiteann a shainaithint nuair is féidir; de bhrí gur léir nach féidir talamh slán a dhéanamh den chomhghuaillíocht thrasatlantach agus nach mór dlús a chur léi agus í a neartú an athuair;

F.  de bhrí gur cheart do AE, agus comhar trasatlantach á shaothrú agus á dhoimhniú aige, iarracht a dhéanamh comhpháirtíocht i gceannaireacht a bhaint amach leis na Stáit Aontaithe, agus béim ar leasanna comhroinnte a shaothrú; de bhrí gur cheart do AE a neamhspleáchas straitéiseach maidir le cosaint agus caidreamh eacnamaíoch a chothú mar bhealach chun a leasanna dlisteanacha taidhleoireachta, slándála agus eacnamaíocha féin a shaothrú, agus an nasc trasatlantach á neartú aige, agus chun giaráil chomhpháirteach AE agus na Stát Aontaithe ar an ardán domhanda a mhéadú, ach freisin d’fhonn cur lena chumas freagracht níos mó a ghlacadh as aghaidh a thabhairt ar na príomhdhúshláin dhomhanda agus réigiúnacha agus cinntí a dhéanamh agus gníomhú go neamhspleách, más gá, ó thaobh gnóthaí eachtracha agus cúrsaí slándála agus cosanta;

G.  de bhrí go bhfuil an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó ag AE agus ag na Stáit Aontaithe agus go bhfuil an caidreamh eacnamaíoch is comhtháite ar domhan acu;

H.  de bhrí go bhfuil roinnt dúshláin nua choiteanna roimh AE agus SAM araon, amhail tionchar díobhálach réimeas údarásach, a bhaineann an bonn d’institiúidí iltaobhacha, tionchar socheacnamaíoch na paindéime, cur chun cinn na sláinte domhanda, an t-athrú aeráide agus an gá atá le dul chun cinn a dhéanamh maidir le bearta maolaithe aeráide, an brú chun cinn i gcoinne maidhm dhomhanda údarásaíochais, an comhrac i gcoinne líonraí coiriúla domhanda agus na sceimhlitheoireachta, an comhionannas inscne agus an frith-idirdhealú a fhíorú, aghaidh a thabhairt ar an deighilt mhéadaitheach idir limistéir uirbeacha agus thuaithe agus an t-aistriú digiteach agus an t-aistriú glas a shaothrú mar bhealach le nuachóiriú inbhuanaithe a bhaint amach, dul chun cinn na teicneolaíochta, amhail an intleacht shaorga agus an chibearshlándáil, seachaint cánach agus dúshláin níos leithne a eascraíonn as digiteáil an gheilleagair;

I.  de bhrí go gcruthódh spreagadh athnuaite don chaidreamh trasatlantach comhthéacs fabhrach polaitiúil chun dul i ngleic leis na dúshláin choiteanna ar bhealach cuiditheach agus chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna nach mbímid ar aon tuairim fúthu;

J.  de bhrí gur thíolaic an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) straitéis cibearshlándála nua de chuid an Aontais i mí na Nollag 2020, arb é is aidhm di ‘go ndéanfadh AE dlús a chur leis an gceannaireacht ar noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta sa chibearspás, agus comhar a neartú le comhpháirtithe ar fud an domhain chun cibearspás domhanda, oscailte, cobhsaí agus slán a chur chun cinn, bunaithe ar an smacht reachta, ar chearta an duine, ar shaoirsí bunúsacha agus ar luachanna daonlathacha’(8);

K.  de bhrí go bhfuil tacaíocht láidir dhépháirteach sna Stáit Aontaithe chun oibriú le comhghuaillithe daonlathacha chun athléimneacht an chomhphobail thrasatlantaigh i gcoinne bagairtí hibrideacha ó réimis fhorlámhacha a mhéadú;

L.  de bhrí go dtugtar dúshlán an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe agus na luachanna daonlathacha le teacht chun cinn an údarásaíochais theanntásaigh agus an meath atá tagtha ar an daonlathas i dtríú tíortha, agus ó laistigh de AE agus na Stáit Aontaithe trí theacht chun cinn gluaiseachtaí pobalacha frithdhaonlathacha agus gluaiseachtaí i bhfad ar amach ar an eite dheis;

M.  de bhrí go bhféadfadh go ndéanfaí an tírdhreach straitéiseach a ilroinnt tuilleadh mar thoradh ar imeacht na Ríochta Aontaithe ó AE, ní hamháin maidir leis an gcaidreamh idir AE agus na Stáit Aontaithe ach freisin i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, G7, G20 agus formáidí iltaobhacha eile;

N.  de bhrí gur réigiún é Meiriceá Laidineach a roinneann go leor luachanna, leasanna, naisc stairiúla agus naisc eacnamaíocha agus dhaonna thábhachtacha le AE agus leis na Stáit Aontaithe;

1.  á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an togra nua ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála le haghaidh clár oibre AE-SAM don athrú domhanda i mí na Nollag 2020 mar threoirphlean do chomhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite agus neartaithe;

2.  ag athdhearbhú go dtacaíonn sí leis an gcomhar, comhpháirtíocht agus cairdeas láidir idir AE agus na Stáit Aontaithe, a chuir le forbairt, rathúnas agus comhtháthú rathúil na hEorpa le 70 bliain anuas agus arb é is bunús lena cobhsaíocht agus lena slándáil ó tháinig deireadh leis an Dara Cogadh Domhanda; á chur i bhfios go láidir go bhfuil caidreamh AE leis na Stáit Aontaithe bunaithe ar luachanna coiteanna; á mheabhrú go bhfuil córais pholaitiúla na Stát Aontaithe agus AE araon bunaithe ar phrionsabail dhaonlathacha, ar an smacht reachta agus ar urraim do shaoirsí bunúsacha; á chur in iúl gur deimhin léi gur fearr is féidir, trí chomhar trasatlantach, rannchuidiú le réiteach síochánta, inbhuanaithe agus cuiditheach ar na dúshláin dhomhanda agus réigiúnacha atá ann cheana, lena n-áirítear trí dhíriú ar an ngeilleagar a atógáil ar bhealach inbhuanaithe agus neamhdhíobhálach don chomhshaol, lena n-áirítear neodracht charbóin a bhaint amach faoi 2050, agus éagóir réigiúnach, shóisialta, chiníoch agus inscne a shárú; ag áitiú gur cheart go mbeadh an chomhpháirtíocht thrasatlantach athnuaite bunaithe ar chomhionannas na gcomhpháirtithe; á chur i bhfáth nach féidir neamhspleáchas straitéiseach AE a shaothrú gan feabhas cáilíochtúil a chur ar chur chun feidhme thosaíochtaí agus phrionsabail bheartas eachtrach agus cosanta an Aontais agus ar chumas AE gníomhú ar bhealach féinrialaitheach, nuair is gá, agus a leasanna dlisteanacha á saothrú aige, lena n-áirítear comhpháirtíocht agus comhar uaillmhianach leis na comhghuaillithe is gaire don Aontas, amhail na Stáit Aontaithe;

3.  á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) athdhearbhú a dhéanamh ar ábharthacht leanúnach an chaidrimh straitéisigh thrasatlantaigh chun an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe iltaobhach a atógáil agus a athbheochan, agus córas na Náisiún Aontaithe agus an dlí idirnáisiúnta ina chroílár sin, chun an daonlathas agus luachanna daonlathacha a neartú ar fud an domhain agus cearta an duine a chur chun cinn, chun aghaidh a thabhairt ar thionchar díobhálach agus ar bhréagaisnéis réimeas forlámhach, agus chun rialacha na todhchaí digití agus teicneolaíche a mhúnlú de réir luachanna coiteanna, forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, fás eacnamaíoch ionchuimsitheach agus poist ionchuimsitheacha ar fud an domhain, seasamh comhordaithe i leith na Rúise agus na Síne agus tairiscint choiteann maidir le hinfheistiú i dtionscnaimh bhonneagair dhomhanda i gcomhréir le straitéis nascachta AE; á chur i bhfios go láidir a ábhartha atá straitéis nascachta AE agus á iarraidh go gcuirfear feabhas ar an gcomhar idir AE agus na Stáit Aontaithe i bpríomhréimse na nascachta; ag tacú leis na hiarrachtaí trasatlantacha atá ar bun chun spleáchas fuinnimh a sheachaint trí éagsúlú fuinnimh a chur chun cinn agus, ar bhonn níos leithne, nascacht a chur chun cinn trí gach sásra is féidir, mar a léirítear freisin i ráiteas G7 dar teideal Our shared agenda for global action to build back better [Ár gclár oibre comhpháirteach le haghaidh gníomhaíocht dhomhanda chun atógáil ar bhealach níos fearr];

4.  ag tabhairt dá haire agus ag tacú freisin leis an rún nua trasatlantach maidir le tacaíocht don daonlathas ar fud an domhain, go háirithe trí shaoirse na meán a chosaint, trí thacaíocht a thabhairt don tsochaí shibhialta agus trí iriseoirí a chosaint; á chur in iúl gur geal léi tiomantas soiléir na Stát Aontaithe raon feidhme an chaidrimh thrasatlantaigh a neartú agus a leathnú tuilleadh trí chinneadh Uachtarán SAM taisteal chun na hEorpa le linn a chéad turais thar lear agus páirt a ghlacadh i gCruinniú Mullaigh AE-SAM i mí an Mheithimh 2021; ag tacú leis na conclúidí oibríochtúla ón gCruinniú Mullaigh mar a shonraítear iad sa ráiteas ó Chruinniú Mullaigh AE-SAM dar teideal Towards a Renewed Transatlantic Partnership [I dTreo Comhpháirtíocht Thrasatlantach Athnuaite], a eisíodh an 15 Meitheamh 2021 agus lena ndearbhaítear tiomantas láidir ón dá pháirtí sineirgí a shaothrú agus idirphlé agus comhar trasatlantach a dhoimhniú; ag tabhairt dá haire go háirithe an tiomantas trasatlantach chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais dhaonnúla agus chun seasamh ar son an dlí dhaonnúil idirnáisiúnta chomh maith leis an mbonn acmhainní don ghníomhaíocht dhaonnúil a leathnú; ag tabhairt dá haire freisin agus ag tacú leis an rún atá ann feabhas a chur ar an gcomhar trasatlantach maidir le húsáid smachtbhannaí chun cuspóirí comhroinnte beartais eachtraigh agus slándála a shaothrú;

5.  á iarraidh go mbeadh clár oibre trasatlantach nua ann lena saothrófar leasanna coiteanna agus lena ndéanfar neart comhchoiteann a ghiaráil, agus lena gcuirfear comhar iltaobhach chun cinn ar mhaithe le domhan níos cothroime agus níos sláintiúla mar aon leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus réiteach síochánta agus inbhuanaithe coinbhleachtaí, lena n-áirítear coinbhleachtaí réigiúnacha, bunaithe ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, rialú arm, neamhleathadh arm núicléach agus dí-armáil; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ár spriocanna straitéiseacha comhroinnte i gcroílár an chláir oibre sin, amhail ár slabhra soláthair le haghaidh cógas a neartú agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a athchóiriú, rochtain leordhóthanach ar vacsaíní a áirithiú do thíortha leochaileacha, ár spleáchas ar chúltacaí fuinnimh seachtracha a ísliú, infheistíocht in ardteicneolaíochtaí a mhéadú, neamhionannais a chomhrac, claochlú éiceolaíoch a chur chun cinn, agus comhoibriú le chéile agus le tríú tíortha ábhartha agus slándáil agus cobhsaíocht Chomharsanacht Oirthear agus Dheisceart AE, na mBalcán Thiar agus mhór-roinn na hAfraice ina chroílár sin;

6.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leis an gcomhar reachtach a dhoimhniú agus struchtúir níos láidre a bhunú don chomhar reachtach agus d’idirphlé cuimsitheach trasatlantach bunaithe ar bhrainsí reachtacha AE agus SAM araon, amhail tionól reachtóirí trasatlantacha; ag tabhairt dá haire go n-athbhunófaí muinín sa chomhar trasatlantach agus marthanacht agus éifeachtúlacht an chomhair féin dá n-ardófaí feasacht maidir le struchtúir amhail an tIdirphlé Trasatlantach Reachtóirí agus dá n-eagrófaí níos mó cruinnithe agus cuairteanna idir an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha sa Pharlaimint agus a chomhghleacaithe sna Stáit Aontaithe, mar shampla cuairteanna bliantúla rialta ar na coistí faoi seach; ag tathant ar Chomhdháil SAM an tIdirphlé Trasatlantach Reachtóirí a fheabhsú trí údarás a thabhairt dó mar chomhlacht foirmiúil ag a bhfuil ballraíocht bhuan agus atá tiomanta don chaidreamh idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach a chur chun cinn agus mar chontrapháirt nádúrtha thoscaireacht idirpharlaiminteach Pharlaimint na hEorpa don chaidreamh le Comhdháil SAM; á chur in iúl gur geal léi athsheoladh Chácas an Aontais Eorpaigh i gComhdháil SAM agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthchomhar agus dlúthchaidreamh le gníomhaíochtaí an Idirphlé Thrasatlantaigh Reachtóirí; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá coiste stiúrtha an Idirphlé Thrasatlantaigh Reachtóirí chun comhordú na ngníomhaíochtaí uile a bhaineann leis an gcomhar trasatlantach maidir le hiarrachtaí reachtacha i bParlaimint na hEorpa a áirithiú, d’fhonn an mhaoirseacht pharlaiminteach a neartú;

7.  á chur in iúl gur geal léi an t-idirphlé trasatlantach saibhir ar leibhéal na sochaí sibhialta agus á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe luach breise a chur leis an idirphlé sin agus páirt a thabhairt do na geallsealbhóirí sóisialta agus eacnamaíocha uile sa díospóireacht maidir lena bhfuil i ndán don chaidreamh trasatlantach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí idirphlé rialta trasatlantach leis an tsochaí shibhialta a bhunú chun na críche sin; á chur i bhfáth go gcuirtear, le teagmháil idir saoránaigh AE agus SAM, le forbairt luachanna coiteanna, muiníne agus comhthuisceana idir comhpháirtithe trasatlantacha; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfar níos mó tacaíochta do chur chun cinn agus d’éascú clár soghluaisteachta agus clár malartaithe, amhail Erasmus+, agus do mhalartuithe intéirneachta idir an Chomhdháil agus Parlaimint na hEorpa; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé teagmhálacha idirphearsanta a fheabhsú i réimsí na heolaíochta, an taighde agus an oideachais;

8.  á iarraidh go mbeidh comhar idirpharlaiminteach níos láidre ann idir Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, Comhaltaí na Comhdhála, comhaltaí de pharlaimintí náisiúnta Bhallstáit AE agus comhaltaí de reachtais Stáit na 50 Stát Cónaidhme sna Stáit Aontaithe, i réimsí éagsúla téamacha a d’fhéadfadh malartú dea-chleachtas a chumasú, lena n-áirítear idirphléití fonáisiúnta amhail ‘Comhghuaillíocht Under2’, mar aon le comhordú feabhsaithe ní hamháin maidir le dúshláin dhomhanda ach dúshláin intíre chomhroinnte freisin, amhail aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas eacnamaíoch agus sóisialta, cearta an duine agus caighdeáin dhaonlathacha a chosaint in ainneoin bagairtí frithdhaonlathacha méadaitheacha, go hinmheánach agus go seachtrach, an dlí idirnáisiúnta a chosaint agus comhaontuithe atá ceangailteach ó thaobh dlí a choimirciú, leasanna straitéiseacha coiteanna a chur chun cinn, clúdach sláinte uilíoch, cóineasú reachtach maidir leis an intleacht shaorga dhuinelárnach de gach cineál, tacaíocht do chomhar idir cuideachtaí SAM agus AE, an nuálaíocht agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail 5G agus 6G agus biteicneolaíochtaí, taighde, forbairt agus nuálaíocht, cánachas cuideachtaí teicneolaíochta, freagracht agus cuntasacht ardán ar líne, lena n-áirítear tríd an maoirseacht is gá a sholáthar chun a áirithiú go bhfuil beartais ardán ar líne ag teacht leis na príomhluachanna daonlathacha, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, lena n-áirítear mar bhagairt slándála, an cuspóir maidir le haistriú cóir i dtreo na haeráidneodrachta, staid shaor agus neamhspleách na meán a chosaint agus ár dtoghcháin dhaonlathacha a chosaint ar chur isteach eachtrach; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá comhar AE-SAM maidir leis an spás agus Idirphlé Spáis AE-SAM; á chur in iúl gur geal léi an fógra inar gealladh an comhar trasatlantach maidir leis an spás a neartú trí fhorbairt a dhéanamh ar Chomhaontú Galileo-GPS; á chreidiúint go bhféadfadh comhar AE-SAM maidir leis an spás caighdeáin sábháilteachta agus dea-chleachtais spáis a chur chun cinn ar fud an chomhphobail idirnáisiúnta;

9.  ag tathant ar AE agus SAM oibriú le chéile maidir le dúshláin dhomhanda chánach, ag cur leis an obair a dhéanann ECFE, amhail athchóiriú ar an gcóras idirnáisiúnta cánach corparáide, d’fhonn deireadh a chur leis an bhféidearthacht atá ag oibreoirí eacnamaíocha leas a bhaint as straitéisí maidir le creimeadh an bhoinn agus aistriú brabúis (BEPS) chun cánacha corparáide a sheachaint; ag tacú, i ndáil leis an méid sin, leis an obair atá á déanamh ag Creat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS; á chur i bhfios go láidir nach mór díothú tearmann cánach a áireamh sna hiarrachtaí athchóirithe; á thabhairt chun suntais gur féidir, leis na bearta sin, éagothromaíochtaí eacnamaíocha a laghdú; ag dearbhú thiomantas AE do chánachas cothrom sa gheilleagar digiteach, mar a iarradh i gclár oibre nua AE-SAM don athrú domhanda;

10.  ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le cómhalartacht víosaí idir AE agus SAM agus ag spreagadh an dá thaobh teacht ar réiteach a bheadh inghlactha acu araon trí rannpháirtíocht taidhleoireachta ghníomhach lena gcumasófaí córas gan víosa do shaoránaigh uile Bhallstáit AE; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Pholainn san áireamh i gClár Tarscaoilte Víosa na Stát Aontaithe agus gur dearbhaíodh go gcomhlíonann an Chróit na ceanglais uile chun go gcuirfí san áireamh í freisin; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe dlús a chur le próiseas aontachais na Bulgáire, na Cipire agus na Rómáine leis an gClár Tarscaoilte Víosa;

An t-iltaobhachas a athbhunú

11.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na Stáit Aontaithe tiomanta an athuair don iltaobhachas riailbhunaithe agus do na comhghuaillíochtaí lena gcomhpháirtithe, agus ag cur béim ar an bhfíoras go gcuirtear deis thábhachtach ar fáil leis sin dul i gcomhar leis na Stáit Aontaithe an athuair chun an caidreamh trasatlantach a atógáil, a chomhdhlúthú agus a leathnú tuilleadh, lena n-áirítear i réimsí amhail an t-iltaobhachas agus cearta an duine, agus chun an t-ord domhanda riailbhunaithe a neartú le chéile, mar chomhpháirtithe comhionanna, de mheon ár luachanna coiteanna daonlathacha liobrálacha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá dlúthchomhar leis na Stáit Aontaithe agus le stáit eile atá ar aon intinn leo maidir le heagraíochtaí iltaobhacha a nuachóiriú chun go mbeidh siad oiriúnach dá bhfeidhm agus chun feabhas a chur ar chur chun cinn na síochána agus na slándála domhanda, na gceart bunúsach, luachanna uilíocha agus an dlí idirnáisiúnta; ag cur béim freisin ar a riachtanaí atá sé go n-áireofaí tíortha ón Domhan Theas sna hiarrachtaí sin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le dlúthchomhar agus comhordú laistigh de chóras na Náisiún Aontaithe, dá ghníomhaireachtaí, dá eagraíochtaí agus dá mhisin, lena n-áirítear maidir le soláthar foirne do phoist cheannaireachta;

12.  ag athdhearbhú a tiomantais don chomhar idirnáisiúnta laistigh de na Náisiúin Aontaithe mar fhóram fíor-riachtanach um réitigh iltaobhacha ar dhúshláin dhomhanda agus um bheartais pholaitiúla, idirphlé beartais agus forbairt comhdhearcaidh ar fud an chomhphobail idirnáisiúnta;

13.  á iarraidh go méadófar maoiniú comhpháirteach AE-SAM ar thionscadail cheannródaíocha bunaithe ar theicneolaíochtaí teorann, infheistíochtaí comhpháirteacha sa taighde agus san fhorbairt, malartuithe acadúla idirphearsanta in ETIM, agus tacaíocht chomhpháirteach do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna teicneolaíochta;

14.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh rialtas Biden a bheith rannpháirteach i gComhaontú Pháras athuair agus gur ceapadh Toscaire Speisialta Uachtaránachta maidir leis an Aeráid, John Kerry; á chur in iúl gur geal léi an fógra maidir le Grúpa Ardleibhéil AE-SA um Ghníomhú ar son na hAeráide a bhunú; ag tathant ar AE agus ar na Stáit Aontaithe dul chun cinn a dhéanamh maidir le tograí nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar ghlasú na trádála, agus oibríochtú na teicneolaíochta glaise a chur chun cinn, lena n-áirítear hidrigin, airgeadas inbhuanaithe agus bithéagsúlacht;

15.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhar domhanda maidir leis na dúshláin thrasnáisiúnta a bhaineann leis an oideachas, an eolaíocht, an óige agus an éagsúlacht chultúrtha agus an t-idirphlé a chothú; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach arís in Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (UNESCO);

16.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Stát Aontaithe a bheith rannpháirteach san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte athuair; á iarraidh go mbeadh ceannaireacht thrasatlantach ann maidir le taidhleoireacht sláinte chun comhordú a dhéanamh ar an gcur chuige chun stop a chur le COVID-19 ar an leibhéal domhanda, chomh maith le géarchéimeanna sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus chun an tslándáil dhomhanda sláinte a neartú, go háirithe an athchóiriú na hEagraíochta Domhanda Sláinte agus an iarracht chomhpháirteach thrasatlantach chun rochtain chothrom dhomhanda ar vacsaíní, tástálacha agus cóireálacha COVID-19 agus a ndáileadh cothrom domhanda a áirithiú, go háirithe i dtíortha ísealioncaim; ag áitiú go gcothófar comhar chun nósanna imeachta níos fearr a bhunú ar mhaithe le hullmhú do phaindéimí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, lena n-áirítear trí chur chuige cliniciúil agus rialála a bheidh comhleanúnach agus comhsheasmhach agus a bheidh comhlántach le slabhraí soláthair domhanda chun solúbthacht agus athléimneacht a áirithiú; á iarraidh go ndéanfar imscrúdú neamhspleách neamhchlaonta ar fhoinse agus scaipeadh phaindéim COVID-19, chomh maith lena láimhseáil ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) ag an tús;

17.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le taidhleoireacht fheabhsaithe phoiblí maidir le vacsaíní, ar féidir le AE agus leis na Stáit Aontaithe ról ceannasach a bheith acu inti, ós rud é gurb é an vacsaíniú domhanda an t-aon bhealach le deireadh a chur leis an bpaindéim; á chur in iúl gur geal léi ranníocaíochtaí airgeadais an AE agus na Stát Aontaithe le Saoráid COVAX agus cur chun cinn an chomhair idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar inrochtaineacht vacsaíní ar fud an domhain, trí chur chuige comhordaithe a ghlacadh agus aghaidh á tabhairt ar an togra maidir le rialacha cosanta maoine intleachtúla a mhaolú le haghaidh vacsaíní; ag tathant, sa chiall sin, ar na comhpháirtithe trasatlantacha oibriú le chéile chun go mbeifear in ann vacsaíní a tháirgeadh agus a sheachadadh go tapa cibé áit is gá; ag spreagadh malartú dea-chleachtas idir SAM agus AE maidir le himscaradh vacsaíne chun ullmhacht agus athléimneacht níos fearr a áirithiú don todhchaí;

18.  á iarraidh go mbeadh cur chuige comhbheartaithe idir AE agus SAM sna Náisiúin Aontaithe, lena n-áirítear maidir le hathchóiriú Eagraíocht na Náisiún Aontaithe chun a héifeachtacht mar eagraíocht iltaobhach a neartú, chun níos mó trédhearcachta a thabhairt don institiúid agus chun a hinchreidteacht a fheabhsú; á iarraidh iarrachtaí comhordaithe a bheith ann chun gealltanais uaillmhianacha a bhaint amach ag cruinnithe mullaigh na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide agus leis an mbithéagsúlacht in 2021 (COPS 26); á iarraidh ar AE agus SAM ról ceannasach a bheith acu laistigh de Chreat na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus i bhfóraim eile amhail an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta agus an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, gur ríthábhachtach comhar maidir le fuinneamh glan agus taighde, forbairt agus nuálaíocht, agus maidir le teicneolaíochtaí agus táirgí ísealcharbóin, chomh maith le comhar maidir le saincheisteanna práinneacha eile amhail neamhleathadh, réiteach coinbhleachtaí agus cur i gcoinne an radacaithe fhoréignigh agus na sceimhlitheoireachta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an tSín tar éis a cuid astaíochtaí carbóin a mhéadú faoi thrí le tríocha bliain anuas agus go bhfuil 27 % de gháis cheaptha teasa an domhain á n-astú aici anois, rud a fhágann nach leor in aon chor iarrachtaí AE agus SAM aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí gás ceaptha teasa gan gealltanas agus cur chun feidhme soiléir ón tSín;

19.  á iarraidh go ndéanfar dlí idirnáisiúnta na farraige a chosaint agus, i ndáil leis sin, á iarraidh arís ar na Stáit Aontaithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige a dhaingniú; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe páirt a ghlacadh in iarrachtaí AE glacadh conartha idirnáisiúnta maidir le bruscar muirí agus truailliú plaisteach san fharraige a spreagadh ag an gcéad Chomhthionól Comhshaoil eile de chuid na Náisiún Aontaithe; ag tathant ar na Stáit Aontaithe agus ar an Aontas a gcomhar a neartú maidir leis an gcomhrac i gcoinne iascaigh neamhdhleathacha, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte ar fud an domhain;

20.  ag tabhairt dá haire gur fhógair an tUachtarán Biden sprioc nua dícharbónaithe idir 50 % agus 52 % faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 2005; ag tabhairt dá haire freisin gur reáchtáil an tUachtarán Biden Cruinniú Mullaigh fíorúil na gCeannairí maidir leis an Aeráid chun dlús a chur leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag geilleagair mhóra gníomhú ar son na haeráide;

21.  á aithint go bhfuil feabhas suntasach tagtha ar cháilíocht an aeir sna Stáit Aontaithe le blianta beaga anuas, rud atá spreagtha den chuid is mó ag feabhas teicneolaíochta agus ag an nuálaíocht in earnáil an fhuinnimh;

22.  á chreidiúint gur cheart do AE, i gcomhar leis na Stáit Aontaithe, athdhearbhú a dhéanamh ar lárnacht na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe mar chreat le haghaidh comhar iltaobhach éifeachtach, agus an tSín a bheith rannpháirteach ann freisin nuair is féidir, ar an gcoinníoll go dtugann an tSín fíorghealltanas idirphlé agus comhar a shaothrú ar bhealach neamhshárálach agus le clár oibre lena dtreisítear príomhstruchtúir agus príomhchuspóirí chlár oibre 2030;

23.  á iarraidh go ndéanfar comhordú níos fearr maidir le húsáid beart sriantach, lena n-áirítear smachtbhannaí ar chearta an duine, agus ag tathant ar an gComhairle comhpháirt éillithe a ghlacadh mar chuid de Chóras Domhanda Smachtbhannaí AE maidir le Cearta an Duine; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe a mbeartais smachtbhannaí a chomhordú aon uair is féidir agus is úsáideach;

24.  á chur in iúl gur geal léi fógra rialtas Biden a thiomantas dul i dteagmháil arís le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, rud a léiríonn rún athnuaite na Stát Aontaithe cearta an duine a chur chun cinn ar fud an domhain sa tsúil go neartófar iarrachtaí chun cearta an duine a chaomhnú ar fud an domhain agus go gcuirfear cosc ar athshainmhíniú údarásaíoch ar chearta an duine mar choincheap státlárnach; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe, i gcomhar le comhghuaillithe atá ar aon intinn leo, oibriú chun an Chomhairle um Chearta an Duine a athchóiriú agus go háirithe chun critéir shoiléire a leagan síos dá ballraíocht;

25.  á iarraidh go neartófar tiomantas AE agus SAM maidir le cearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint ar fud an domhain, agus maidir le dul i ngleic leis an ardú atá tagtha ar an údarásaíochas agus ar réimis mhíliobrálacha; ag moladh go mbunófar comhbhosca cuimsitheach uirlisí AE-SAM chun dul i ngleic le sáruithe ar chearta an duine; á iarraidh ar institiúidí AE oibriú i ndlúthchomhar le comhdhaonlathais chun cearta bunúsacha an duine agus luachanna daonlathacha a chosaint agus a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta trí dhlúthchomhar treisithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta, amhail Comhairle na hEorpa agus ESCE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh an Pharlaimint agus an Chomhdháil comhoibriú le chéile maidir le cásanna de ghéarleanúint agus príosúnacht chosantóirí chearta an duine agus ionadaithe na sochaí sibhialta gan chúis nó chun a gcuid gníomhaíochtaí a chur faoi chois;

26.  á chur in iúl gur geal léi gur chuir rialtas Biden deireadh le smachtbhannaí na Stát Aontaithe ar oifigigh shinsearacha na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta (ICC); ag spreagadh na Stát Aontaithe chun dul isteach i Reacht na Róimhe lena mbunaítear an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus páirt chuiditheach a ghlacadh sna himscrúduithe agus sna himeachtaí dlíthiúla atá ar bun ag an gCúirt faoi láthair, i gcomhar léi;

27.  ag athdhearbhú gur iarr sí ar na Stáit Aontaithe deireadh a chur le pionós an bháis agus a chóras ceartais choiriúil a athchóiriú;

28.  ag áitiú go mbeadh idirphlé agus malartú dea-chleachtas ann idir AE agus SAM maidir le comhionannas ciníoch agus inscne a chur chun cinn; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe céimeanna cinntitheacha a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an gciníochas sistéamach, mar a léirítear san fhoréigean póilíneachta lena ndírítear go díréireach ar mhionlaigh eitneacha agus chiníocha, agus ar neamhionannais láidre lena gcothaítear agóidí dlisteanacha síochánta;

29.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur féidir le AE agus SAM le chéile comhionannas agus urraim do chearta an duine a chur chun cinn agus a áirithiú go léireofar go cuí iad agus go dtacófar leo i gcinnteoireacht fóram iltaobhach; ag moladh, dá bhrí sin, go bhféachfaí ar ardán buan don idirphlé idir AE agus SAM chun céimeanna nithiúla a ghlacadh ar mhaithe leis an gciníochas, an fhuathchaint agus an t-idirdhealú a chomhrac, lena n-áirítear idirdhealú in aghaidh daoine LADTIA, agus á iarraidh go mbeadh comhar iltaobhach níos dlúithe ann i ndáil leis an méid sin le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ESCE, na Náisiúin Aontaithe, an tAontas Afracach, OAS agus Comhairle na hEorpa; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir leis an bhFrithchiníochas a eagrú le chéile lena ndíreofaí ar an gciníochas agus ar an idirdhealú domhanda a chomhrac;

30.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di gur ghlac Reachtas Texas Acht Texas um Buille an Chroí, lena gcuirtear toirmeasc de facto ar ghinmhilleadh, mar ionsaí tromchúiseach ar chearta gnéis agus atáirgthe na mban; á chur in iúl gurb oth léi gur dhiúltaigh Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe, trí chinneadh deighilte, rialú a thabhairt maidir le glacadh an dlí sin, nach raibh a leithéid ann riamh roimhe sin;

31.  ag áitiú go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun comhionannas inscne agus cearta na mban a fheabhsú, lena n-áirítear maidir le foréigean inscne agus sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo, i measc rudaí eile;

32.  á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a gcomhar leis na Stáit Aontaithe a neartú chun an tsaoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn ar fud an domhain; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe oidhreacht chultúrtha agus stairiúil na hEorpa agus na Stát Aontaithe a chosaint agus a chaomhnú go frithpháirteach sna Stáit Aontaithe agus san Aontas Eorpach;

33.  ag spreagadh rialtas Biden, a d’fhógair pleananna maidir le saoráid choinneála Guantanamo a dhúnadh, na pleananna sin a chur i gcrích go pras; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil 40 príosúnach fós faoi choinneáil beagnach 20 bliain tar éis bhunú na saoráide, lena n-áirítear cúigear ar tugadh cead go scaoilfí saor iad faoi rialtas Obama; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a gcúnamh a thabhairt chun an próiseas a éascú;

34.  ag moladh do na Stáit Aontaithe rochtain chothrom agus oscailte ar sheirbhísí fíor-riachtanacha amhail an córas cúraim sláinte agus scéimeanna cosanta sóisialta a ráthú do sciar níos mó den daonra; ag spreagadh rialtas nuacheaptha Biden gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh chun seilbh arm i measc shaoránaigh SAM a rialú;

35.  á thabhairt chun suntais go bhfuil réimse leathan dúshláin choiteanna os comhair an phobail thrasatlantaigh, ón gcomhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta go bagairtí hibrideacha, an t-athrú aeráide, bréagaisnéis, cibirionsaithe, teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus teicneolaíochtaí suaiteacha (EDTanna), agus aistriú chóimheá na cumhachta domhanda, mar aon leis an dúshlán a eascraíonn as sin don ord idirnáisiúnta riailbhunaithe;

Comhar feabhsaithe i réimse na trádála agus na n-infheistíochtaí idirnáisiúnta

36.  á chur i bhfáth gur gá oibriú i gcomhar leis na Stáit Aontaithe, ag tógáil ar mhóiminteam dearfach, chun an córas iltaobhach trádála a neartú agus chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a athchóiriú; á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar chruinniú mullaigh AE-SAM, ‘I dTreo Comhpháirtíocht Thrasatlantach Athnuaite’, an 15 Meitheamh 2021, a bhí ina léiriú ar rannpháirtíocht athmhúscailte agus chuiditheach; á chur in iúl gur geal léi an chomhthuiscint maidir le Creat Comhoibríoch d’Aerárthaí Móra Sibhialta; ag tabhairt dá haire an t-aitheantas atá sa ráiteas ó chruinniú mullaigh AE-SAM go bhfuil teannas sa chaidreamh trasatlantach tar éis do SAM taraifí a chur i bhfeidhm ar allmhairí ón Aontas Eorpach faoi Roinn 232 SAM, agus ag moladh an gealltanas sainráite a tugadh sa ráiteas céanna na difríochtaí atá ann faoi láthair maidir le ró-acmhainneacht cruach agus alúmanaim a réiteach roimh dheireadh na bliana; á mheas go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbunófar roinnt ardán le haghaidh plé buan, amhail an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta agus Idirphlé Comhpháirteach AE-SAM maidir le Beartas Iomaíochta Teicneolaíochta, toisc go gcumasófar tráchtáil thrasatlantach tuilleadh leo, agus ag tathant ar an gCoimisiún struchtúr éifeachtúil agus ionchuimsitheach don Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta a chur ar bun ar thaobh an Aontais a luaithe is féidir; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Tascfhórsa Comhpháirteach AE-SAM um Mhonaraíocht agus um Shlabhra Soláthair;

37.  á chur i bhfáth go bhfuil an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta mar chuid den chlár oibre trádála trasatlantach dearfach, agus é mar aidhm dheiridh aici luachanna agus eitic dhaonlathach a chumhdach i dteicneolaíochtaí nua chun a bheith ina struchtúr institiúideach trédhearcach agus chun bheith ar thús cadhanaíochta sa chlaochlú digiteach domhanda; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, gur tionóladh an cruinniú tionscnaimh mar a bhí beartaithe in ainneoin an teannais a chaithfear a phlé ar bhealach oscailte neamhbhalbh; á chur i bhfios go bhféadfaí roinnt tairbhí gasta a bhaint amach, rud a chuirfeadh feabhas ar thrádáil dhéthaobhach, agus dá bhrí sin ag tathant ar an dá thaobh díriú ar thorthaí nithiúla inláimhsithe; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, torthaí an chéad chruinnithe den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta a tionóladh an 29 Meán Fómhair in Pittsburgh, a ghlac téamaí nithiúla do gach ceann den 10 meitheal; ag tacú, i measc na ngealltanas uile, leis an ngealltanas comhoibriú maidir le bacainní nua neamhriachtanacha ar thrádáil a sheachaint i dteicneolaíochtaí nua agus i dteicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, maidir le scagadh infheistíochta agus onnmhairiú earraí dé-úsáide, chomh maith leis an ngealltanas feabhas a chur ar éifeachtacht na mbeartas lena dtugtar aghaidh ar bheartais agus ar chleachtais neamh-mhargaidh a shaobhann an trádáil; á chur in iúl gur geal léi gur sainaithníodh téamaí sonracha amhail aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le geilleagair neamh-mhargaidh, agus comhoibriú i ndáil le cearta saothair agus beartais aeráide a bhaineann le trádáil sa Mheitheal um Dhúshláin Trádála Dhomhanda; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an comhar maidir le caighdeáin idirnáisiúnta teicneolaíochta a shocrú; á iarraidh go mbunófaí Fochoiste um Thrádáil agus Teicneolaíocht laistigh d’Idirphlé na Reachtóirí Trasatlantacha chun an chuid feidhmiúcháin den Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta a chomhlánú agus chun rialú daonlathach i leith na Comhairle seo a fheidhmiú; á chur i bhfios nach fóram í an Chomhairle Trádála agus Teicneolaíochta chun comhaontú trádála idir AE agus na Stáit Aontaithe a chaibidliú, gan dochar do thionscnaimh chun é sin a dhéanamh amach anseo;

38.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an caidreamh eacnamaíoch is comhtháite ar domhan ag an Aontas Eorpach agus ag na Stáit Aontaithe, arb é an caidreamh déthaobhach trádála agus infheistíochta is mó agus is doimhne é freisin, agus gur mó ná EUR 1 trilliún in aghaidh na bliana an trádáil in earraí agus i seirbhísí; á mheabhrú gurb ionann geilleagair AE agus na Stát Aontaithe le chéile agus breis agus 40 % de OTI an domhain agus beagnach an tríú cuid de shreabha trádála an domhain;

39.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé dlús a chur an athuair leis an gcaidreamh trádála trasatlantach atá againn mar chomhghuaillithe stairiúla agus comhpháirtithe trádála, go háirithe i bhfianaise ghéarchéim COVID-19 atá ann faoi láthair, agus é mar aidhm leis an t-iltaobhachas a chur chun cinn, córas trádála atá oscailte agus bunaithe ar rialacha a chothú agus teacht ar réitigh choiteanna ar dhúshláin phráinneacha dhomhanda, lena n-áirítear an tsláinte dhomhanda;

40.  ag cur sonrú sa mhéid atá curtha ar fáil cheana féin ag contrapháirtithe na Stát Aontaithe agus na ráitis ó Katherine Tai, Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe, ag an éisteacht maidir le clár oibre trádála 2021 rialtas Biden;

41.  á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go dtacaíonn sí le straitéis trádála nua an Aontais, lena ndírítear, trí chlár oibre trasatlantach an Aontais freisin, ar shineirgí idir cuspóirí beartais intíre agus seachtracha i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe;

42.  á aithint gur uirlis gheopholaitiúil straitéiseach don chlár oibre trasatlantach é an beartas trádála; ag cur béim ar an bhfíoras gur comhpháirtí trádála ríthábhachtach é SAM agus, dá bhrí sin, gur díol sásaimh di na comharthaí dearfacha ó rialtas Biden maidir lena phleananna chun an caidreamh déthaobhach leis an Aontas a neartú, agus á iarraidh go mbeadh comhar athnuaite ann ar cheart torthaí marthanacha nithiúla a bheith mar thoradh air sna blianta atá le teacht, agus é á chur i gcuntas go mbeidh tionchar ag leasanna slándála freisin ar ár gcaidreamh eacnamaíoch i gcomhthéacs neamhspleáchas straitéiseach oscailte;

43.  á thabhairt chun suntais gur gá gníomhaíochtaí comhpháirteacha bunaithe ar leasanna agus luachanna comhroinnte agus ar rioscaí agus bagairtí roinnte a shainaithint chun rannchuidiú le téarnamh eacnamaíoch domhanda inbhuanaithe agus cuimsitheach ó phaindéim COVID-19;

44.  ag cur béim ar an ngá atá ann an córas trádála domhanda a athchóiriú, ionas go n-áiritheofar machaire comhréidh ar fud an domhain agus go n-oibreoidh sé le chéile chun rialacha nua a fhorbairt, go háirithe maidir le cleachtais éagóracha trádála, ós rud é go bhfuil éifeacht mhór ag iomaíocht éagórach ar ár gcuideachtaí agus ar ár n-oibrithe;

45.  ag tacú le cur chuige na comhpháirtíochta i gceannaireacht leis na Stáit Aontaithe, lena n-áirítear seasamh comhordaithe vis-à-vis an Rúis agus an tSín, lena ndírítear ar leasanna comhroinnte a shaothrú i gclaochlú glas agus digiteach ár ngeilleagar, chomh maith le tionscnaimh chomhchoiteanna maidir le hearraí poiblí domhanda a sholáthar; á chur i bhfáth go n-áirítear ‘oibrithe agus pá’, chomh maith le slabhraí soláthair atá níos athléimní, níos inbhuanaithe agus níos freagraí, sa chlár oibre sin; i ndáil leis an méid sin, ag moladh don dá thaobh a gcur chuige maidir le saothar éigeantais agus dálaí dúshaothraithe saothair a chomhordú agus comhoibriú chun an urraim do chearta oibrithe agus do chaighdeáin chomhshaoil i gcomhaontuithe trádála a fheabhsú, agus ar an leibhéal iltaobhach, lena n-áirítear trí chur leis an taithí atá ag a chéile na forálacha sin a fhorfheidhmiú ar bhealach níos éifeachtúla;

46.  ag cur béim ar an ngá atá ann a léiriú go rachaidh an caidreamh trádála feabhsaithe idir an tAontas agus SAM chun tairbhe na saoránach, go háirithe iad siúd atá fágtha ar gcúl de bharr an domhandaithe, agus gnólachtaí ar dhá thaobh an Atlantaigh; sa chomhthéacs sin, á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe oibriú le chéile agus a gcuid straitéisí a ailíniú chun sineirgí infheistíochta a chruthú, go háirithe chun aistrithe inbhuanaithe, cuimsitheacha digiteacha agus glasa a bhaint amach dá ngeilleagair;

47.  ag tabhairt dá haire gur de chineál neamh-mhíleata na dúshláin chomónta idir AE agus Stáit Aontaithe Mheiriceá agus gur laistigh dár gcomhpháirtíocht eacnamaíoch atá siad; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí idirphlé leanúnach agus feabhsaithe idir Parlaimint na hEorpa agus Comhdháil na Stát Aontaithe maidir le trádáil idir Parlaimint na hEorpa agus Comhdháil na Stát Aontaithe trí idirghníomhaíocht idir Coiste Pharlaimint na hEorpa um Thrádáil Idirnáisiúnta ar thaobh AE agus an Coiste Bealaí agus Modhanna, a fhochoiste um thrádáil agus Coiste Airgeadais an tSeanaid ar Thaobh na Stát Aontaithe, agus faoi chuimsiú Idirphlé na Reachtóirí Trasatlantacha chomh maith;

48.  á chur in iúl gur mórdhíol sásaimh di tacaíocht SAM d’Ard-Stiúrthóir nua EDT, Ngozi Okonjo-Iweala, agus filleadh SAM ar Chomhaontú Pháras; á chur in iúl gur geal léi fionraí shealadach tharaifí Aerbus-Boeing ceithre mhí, a raibh tionchar diúltach díréireach aige ar tháirgí agraibhia an Aontais, mar chéim dhearfach i dtreo réiteach marthanach a fháil ar fhóirdheontais d’aerárthaí sibhialta; á thabhairt dá haire go dtiocfaidh deireadh le fionraí na dtaraifí sin i mí Iúil 2021, agus ag tathant go dtiocfar ar réiteach a mbeidh sé mar thoradh air go mbainfear na taraifí sin go buan;

49.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na Stáit Aontaithe toilteanach tús a chur leis an bplé chun aghaidh a thabhairt ar an ró-acmhainneacht dhomhanda cruach agus alúmanaim; ag cur sonrú sa chinneadh ón gCoimisiún an méadú ar tharaifí i gcoinne allmhairí SAM a chur ar fionraí chun bearta na Stát Aontaithe a fhrithchothromú;

50.  ag cur in iúl gur geal léi freisin gur tugadh comhaontú EDT maidir le cuótaí ráta taraife i gcrích go pras, comhaontú arbh é an chéad chomhaontú é leis na Stáit Aontaithe faoi rialtas nua Biden agus lena léirítear go bhfuil an rialtas nua toilteanach comhaontuithe a lorg leis an Aontas Eorpach i gcreat na hEagraíochta Domhanda Trádála;

51.  á aithint ag an am céanna go bhfuil roinnt leasanna atá an-éagsúil fós ann; ag tathant ar an dá thaobh, i ndáil leis an méid sin, díospóidí déthaobhacha a réiteach; ag tathant ar na Stáit Aontaithe bearta trádála aontaobhacha agus bagairtí ar bhearta breise maidir le cánacha seirbhíse digití a bhaint, staonadh ó thuilleadh beart a dhéanamh, agus díriú ar na nithe a thugann le chéile sinn; ag cur a lán béime ar a thábhachtaí atá an Cruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i mí an Mheithimh 2021 mar chloch choirnéil chun leanúint den chaidreamh trádála atá eadrainn agus chun plé a dhéanamh ar réimsí nár baineadh leas astu fós chun comhar níos fearr a bhaint amach;

52.  ag tathant ar na Stáit Aontaithe, in ainneoin na gcainteanna atá ar siúl faoi láthair, deireadh a chur láithreach le taraifí roinn 232 ar chruach agus ar alúmanam toisc nach féidir a mheas gur bagairt slándála náisiúnta ó na Stáit Aontaithe iad cuideachtaí Eorpacha agus ag cur béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt, ar bhonn comhpháirteach, ar na hábhair imní a bhaineann leis an ró-acmhainneacht cruach agus alúmanaim ó thríú tíortha; ag athdhearbhú inter alia, uaillmhian an Aontais deireadh a chur le taraifí le haghaidh earraí tionsclaíocha idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe;

53.  agus tabhairt i gcrích imscrúduithe 301 ar chánacha digiteacha á cháineadh aici, á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh ar fionraí sé mhí an frithbheart trádála ar earnálacha eacnamaíocha amhail coisbheart sna Ballstáit a bhfuil cáin seirbhísí digiteacha curtha chun feidhme acu fad atá caibidlíochtaí ag leanúint ar aghaidh i gcreat ECFE; ag cur a himní in iúl maidir le réamhliosta Ionadaí Trádála na Stát Aontaithe de tharaifí díoltais a eascraíonn as imscrúduithe 301 ar chánacha éagsúla seirbhísí digiteacha AE, lena n-áirítear earnálacha faireacháin atá thar a bheith íogair amhail coisbheart agus tionscail leathair, a d’fhéadfaí a eisiamh ó mhargadh na Stát Aontaithe dá nglacfaí taraifí breise; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis an gcaibidlíocht faoi chuimsiú thogra ECFE maidir le cánachas digiteach agus í a thabhairt chun críche a luaithe is féidir agus gach bealach a shaothrú chun damáiste eacnamaíoch breise do chuideachtaí an Aontais a sheachaint, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, go háirithe i gcomhthéacs straitéisí téarnaimh COVID-19; á mheas i bhfianaise inniúlacht eisiach AE i réimse an chomhbheartais tráchtála agus i bhfianaise bhagairtí frithbheartaíochta na Stát Aontaithe i ndáil le dlíthe cánachais dhigitigh, gur fearr cur chuige comhchoiteann AE ná cur chuige aonair ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe chun an tras-ghéarú trasatlantach taraife breise a sheachaint;

54.  ag aithint go bhfuil deiseanna fós ann nach mbainfear leas astu chun maorlathas suntasach a bhaint agus an chomhpháirtíocht eacnamaíoch thrasatlantach a neartú; i gcomhthéacs na hiomaíochta teicneolaíochta leanúnaí, ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le spás rialála trasatlantach láidir a bheith ann dár ngnólachtaí, go háirithe le haghaidh teicneolaíochtaí digiteacha, teicneolaíochtaí fuinnimh agus teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn a bhaineann leis an aeráid; ag dréim leis go dtabharfaidh an dá thaobh aghaidh, in idirphlé, ar ábhair imní AE maidir le hAcht SAM um Cheannach earraí Meiriceánacha agus Acht Jones, lena n-áirítear soláthar poiblí agus rochtain ar mhargaí do sheirbhísí;

55.  ag moladh cur chuige comhpháirteach maidir le dul i ngleic le géarchéim COVID-19 trí, i measc bearta eile, infhaighteacht agus inacmhainneacht vacsaíní a mhéadú; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe oibriú le chéile agus iarrachtaí a stiúradh chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas vacsaíní chun a áirithiú go ndéanfar vacsaíní a sheachadadh ar fud an domhain agus go dtí an líon is mó daoine is féidir; á chur in iúl gur geal léi fógra na comhpháirtíochta idir AE agus na Stáit Aontaithe an iarracht dhomhanda ar vacsaíniú COVID-19 a fhorbairt tuilleadh, trí 70 % den domhan a vacsaíniú faoi Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an bhliain seo chugainn; ag meabhrú go bhfuil ganntanas domhanda vacsaíní os comhair an domhain; dá bhrí sin, chun cothromas vacsaíní a bhaint amach, á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe oibriú le monaróirí chun cumas monaraíochta domhanda vacsaíní agus a gcomhpháirteanna a mhéadú; á iarraidh ar an dá thaobh staonadh ó aon bhearta lena gcuirfear srian ar onnmhairiú, lena áirithiú go bhfeidhmeoidh slabhraí soláthair mar is ceart, chun na haistrithe teicneolaíochta is gá a dhaingniú agus chun ullmhacht a fheabhsú i gcás éigeandálaí sláinte domhanda amach anseo; ag spreagadh an dá thaobh cur leis an gcomhar rialála chun rochtain riachtanach ar chógais a éascú;

56.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar rialtas Biden tacaíocht ghníomhach a thabhairt do thionscnaimh nua AS na hEagraíochta Domhanda Trádála a bhaineann, go háirithe, leis an tsláinte; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar sheasamh na Parlaiminte maidir le tarscaoileadh féideartha i ndáil leis an gcomhaontú maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS) arna chur in iúl ina rún an 10 Meitheamh 2021(9);

57.  á mheas, cé go n-aithníonn sí an tábhacht a bhaineann le cearta maoine intleachtúla Eorpacha a chosaint chun cumas nuálaíochta gnólachtaí a chothabháil, go bhfuil sé ábhartha scrúdú a dhéanamh ar na solúbthachtaí uile is infheidhme laistigh de chomhaontú TRIPS ar mhaithe le hacmhainneacht dhomhanda mhonaraíochta vacsaíní agus comhpháirteanna vacsaíní a mhéadú; á chur i bhfáth, maidir le teacht ar réitigh i ndáil le cearta maoine intleachtúla, nach féidir leis ach a bheith mar chuid amháin den chomhfhreagairt dhomhanda;

58.  á chur i bhfios go láidir gurb í an Eagraíocht Dhomhanda Trádála fós cloch choirnéil an chórais trádála iltaobhaigh atá bunaithe ar rialacha; á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann maidir le hathchóiriú EDT, lena n-áirítear athchóiriú a dhéanamh ar a thrí phríomhfheidhm, lena n-áirítear an comhlacht achomhairc a athchóiriú agus a athbhunú mar ábhar práinne agus feidhmeanna faireacháin agus breithniúcháin EDT a threisiú, trí chomhaontuithe ilpháirtithe oscailte a chur chun cinn, i measc bealaí eile;

59.  ag tathant ar an dá thaobh comhoibriú chun trádáil i dtáirgí sláinte a rialáil, rialacha a fhorbairt don trádáil dhigiteach agus clár oibre uaillmhianach don aeráid agus don chomhshaol a leagan síos, i measc gníomhaíochtaí eile, tríd an gcaibidlíocht maidir leis an gComhaontú maidir le hEarraí Comhshaoil a sheoladh an athuair, agus obair a dhéanamh ar thograí comhchoiteanna, inter alia, ar dhisciplíní maidir le fóirdheontais agus deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise;

60.  ag dréim leis go dtiocfaidh an dá thaobh ar chomhaontú maidir le spriocanna insoláthartha nithiúla don 12ú Comhdháil Aireachta de chuid na hEagraíochta Domhanda Trádála (MC12) chun go mbeidh EDT ullamh don aistriú glas agus digiteach, lena n-áirítear comhaontú maidir le hiascach, dearbhú maidir le trádáil agus sláinte, clár oibre le haghaidh athchóiriú ar an gcóras réitithe díospóidí, clár oibre maidir le fóirdheontais thionsclaíocha agus fiontair atá faoi úinéireacht an stáit, agus dul chun cinn suntasach i ndáil leis an gcaibidlíocht maidir le ríomhthráchtáil;

61.  ag spreagadh an dá thaobh oibriú i gcomhar lena chéile chun rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála a thabhairt cothrom le dáta maidir le fiontair atá faoi úinéireacht an stáit, fóirdheontais thionsclaíocha, ró-acmhainneacht agus aistriú teicneolaíochta chun go mbeidh an eagraíocht oiriúnach go héifeachtúil do dhúshláin an 21ú haois; i ndáil leis an méid sin, ag tacú le leathnú an tionscnaimh thríthaobhaigh leis an tSeapáin agus á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe a bheith i gceannas ar chomhghuaillíocht de thíortha atá ar aon intinn le chéile ag EDT d’fhonn teacht ar chomhaontú maidir le rialacha nua, agus ionstraim uathrialach á forbairt i gcoinne fóirdheontais éagóracha eachtracha; ag dréim leis go ndéanfaidh an dá thaobh comhaontuithe iltaobhacha a chur chun cinn agus go bhféachfaidh siad lena mbaint amach; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe a ghealltanais maidir le Comhaontú EDT maidir le Soláthar Rialtais a athnuachan;

62.  ag cur sonrú sa toradh a bhí ar an gcéad chruinniú ardleibhéil den idirphlé idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir leis an tSín, inar athdhearbhaigh an dá thaobh go bhfuil a gcaidreamh trádála leis an tSín ilghnéitheach agus go bhfuil gnéithe den chomhar, den iomaíocht agus den iomaíocht shistéamach ann; ag moladh, nuair is féidir, cur chuige comhpháirteach straitéiseach i leith na Síne a bheith ann, chomh maith le comhar laistigh de chreataí iltaobhacha maidir le dúshláin choiteanna amhail an t-athrú aeráide, cleachtais éagóracha trádála as a n-eascraíonn saobhadh ar an margadh agus easpa cothroime iomaíochta;

63.  ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé seasamh comhordaithe a bheith ann chun dul i ngleic le fóirdheontais thionsclaíocha atá saofa - go háirithe i ndáil le fiontair atá faoi úinéireacht an stáit agus ró-acmhainneacht in earnálacha criticiúla -, le haistriú éigeantach teicneolaíochta, le goid maoine intleachtúla, le comhfhiontair éigeantacha, le bacainní margaidh agus le saothar éigeantais a thoirmeasc trí phlé a dhéanamh ar chomhaontú na Stát Aontaithe leis an tSín agus ar Chomhaontú Cuimsitheach an Aontais maidir le hInfheistíochtaí;

64.  ag tabhairt dá haire nach féidir na saincheisteanna sin a réiteach go haontaobhach ná go déthaobhach agus go bhfuil gá le comhghuaillíocht comhpháirtithe atá ar aon intinn le chéile ar an leibhéal idirnáisiúnta faoi chuimsiú EDT;

65.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go n-áireofaí urramú chearta an duine sa straitéis chomhpháirteach idir AE agus SAM agus laistigh de EDT, lena n-áirítear in oibriú gnólachtaí idirnáisiúnta; á chur i bhfios maidir leis sin gur gá reachtaíocht díchill chuí cheangailteach agus á iarraidh ar na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach sa chur chuige sin agus tacú leis an gcur chuige sin ar fud an tslabhra soláthair;

66.  ag creidiúint gur cheart don Aontas agus do na Stáit Aontaithe an comhar trasatlantach a neartú maidir le nascacht atá bunaithe ar rialacha agus nascacht inbhuanaithe mar fhreagairt ar Thionscnamh ‘Chrios agus Ród na Síne’ agus á chur in iúl go bhfuil súil aici go mbeidh comhar ann amach anseo agus aird ar leith á tabhairt ar chaighdeáin ardcháilíochta a chaomhnú;

67.  á iarraidh ar an gCoimisiún, agus idirphlé agus comhghníomhaíocht á gcur chun cinn aige, leasanna AE agus a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a chur chun cinn ar bhealach teanntásach agus freagairt do dhleachtanna SAM gan údar, do chur i bhfeidhm seachtrach smachtbhannaí, atá contrártha leis an dlí idirnáisiúnta, agus do bhacainní margaidh; ag cur béim ar an ngá atá le bearta trádála uathrialacha an Aontais a neartú;

68.  á iarraidh, go háirithe, ar na Stáit Aontaithe a áirithiú go mbeidh a nósanna imeachta maidir le soláthar poiblí trédhearcach, oscailte agus intuartha bunaithe ar phrionsabal na córa comhionainne;

69.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a dhréachtú maidir le hionstraim chun gníomhaíochtaí comhéigneacha ó thríú tíortha a dhíspreagadh agus chun gníomhú ina gcoinne, mar aon le reachtaíocht chun tacú le cuideachtaí Eorpacha a bhfuil na smachtbhannaí sin dírithe orthu agus atá ag feidhmiú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta;

70.  ag spreagadh an dá thaobh páirt a ghlacadh in idirphlé uaillmhianach agus creat a aimsiú le haghaidh gníomhaíocht chomhpháirteach agus comhaontuithe trádála agus infheistíochta roghnaitheacha a lorg trí idirphlé straitéiseach ardleibhéil a chur ar bun an athuair;

71.  á iarraidh go mbeadh comhpháirtíocht rialála, ghlas, inbhuanaithe agus dhigiteach níos láidre ann tríd an gComhairle Trádála agus Teicneolaíochta; á iarraidh go dtiocfar ar chomhaontú maidir le measúnú comhréireachta, a rachaidh chun tairbhe do FBManna go háirithe, go mbeadh cur chuige comhordaithe ann maidir le caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos do theicneolaíochtaí criticiúla agus do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn, amhail an intleacht shaorga, agus comhar rialála do chuideachtaí móra teicneolaíochta mar aon le cánacha digiteacha agus domhanda; á iarraidh ar AE agus ar na Stáit Aontaithe faisnéis a mhalartú agus comhoibriú maidir le scagadh infheistíochta coigríche in earnálacha straitéiseacha, lena n-áirítear maidir le táthcheangail naimhdeacha a d’fhéadfadh a bheith ann;

72.  ag spreagadh an dá thaobh dea-chleachtais rialála a mhalartú lena chéile; ag tathant ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe leanúint leis an gcaibidlíocht maidir le measúnú comhréireachta chun deireadh a chur le bacainní neamhtharaifí a bhfuil ualach airgeadais ag baint leo; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé don dá thaobh comhghuaillíocht comhpháirtithe atá ar aon intinn le chéile a ailíniú agus a stiúradh chun feabhas a chur ar an úsáid a bhaineann eagraíochtaí idirnáisiúnta um chaighdeáin idirnáisiúnta as caighdeáin thrasatlantacha;

73.  á iarraidh ar an dá thaobh leas a bhaint as an trádáil mar bhealach chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus chun cóineasú aníos a bhaint amach; i ndáil leis sin, ag tathant ar an dá thaobh comhoibriú maidir le praghsáil carbóin agus go háirithe comhordú a dhéanamh maidir le sásra coigeartaithe teorann carbóin a fhorbairt, agus maidir le bearta éifeachtacha i gcoinne trádáil aindleathach arm agus feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht na trádála arm, lena n-áirítear onnmhairí arm na Stát Aontaithe agus na mBallstát;

74.  á iarraidh ar na Stáit Aontaithe agus ar an Aontas oibriú i gcomhar le chéile ar cháin chorparáideach dhomhanda faoi chuimsiú ECFE, agus fáilte ar leith á cur roimh an gcomhaontú ar tháinig tíortha G7 air maidir le hathchóiriú cánach domhanda agus ag cur béim ar an gcomhaontú maidir le híosráta domhanda cánach corparáide 15 % ar a laghad, agus comhoibriú chun cleachtais trádála chalaoiseacha agus dhíobhálacha a chomhrac;

75.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhghuaillíocht níos láidre ann mar thoradh ar chomhpháirtithe trádála agus eacnamaíocha níos láidre; á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag an dá thaobh chun a slabhraí soláthair a dhéanamh níos athléimní, go háirithe maidir le hamhábhair chriticiúla;

76.  á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an gcomhar idir an tAontas agus SAM san Artach, agus breithniú á dhéanamh ar bhealaí nua loingseoireachta a oscailt agus ar acmhainní nádúrtha a d’fhéadfadh a bheith ar fáil i ngeall ar an athrú aeráide, agus aird á tabhairt ar an leas eacnamaíoch atá ag dul i méid san Artach atá ag tíortha eile, amhail an tSín; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt freisin ar na deiseanna agus ar na dúshláin sin ina Straitéis Artach atá ar na bacáin;

77.  ag tathant ar an gCoimisiún, mar chleachtas comhchoiteann, a bheith trédhearcach ina chomhar leis na Stáit Aontaithe trí, inter alia, na tograí go léir a chuirtear chuig na Stáit Aontaithe a fhoilsiú agus trí rannpháirtíocht na Parlaiminte agus na sochaí sibhialta a ráthú i bhforbairt na dtograí sin ionas go gcuirfear le muinín na dtomhaltóirí agus na saoránach.

Aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála agus chosanta le chéile

78.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an chomhghuaillíocht thrasatlantach ríthábhachtach i gcónaí do shlándáil agus do chobhsaíocht mhór-roinn na hEorpa, ós rud é gurb é ECAT is bonn le cosaint chomhchoiteann na hEorpa agus gur colún lárnach de shlándáil na hEorpa é; á athdhearbhú freisin nach mór do chomhghuaillithe agus do chomhpháirtithe ECAT agus don Aontas Eorpach i dteannta a chéile níos mó a dhéanamh chun ionchais chothroma a chomhlíonadh mar chomhpháirtithe trasatlantacha inchreidte agus comhionanna atá ábalta agus toilteanach iad féin a chosaint agus géarchéimeanna ina gcomharsanachtaí féin a bhainistiú, agus ag an am céanna a bheith ar thús cadhnaíochta nuair is gá, ach i ndlúthchomhar leis na Stáit Aontaithe; ag tacú le hathchothromú na bhfreagrachtaí sa chaidreamh trasatlantach slándála trí níos mó féintuilleamaíochta a chothú do Bhallstáit AE i gcúrsaí cosanta mar bhealach chun an t-ualach ar na Stáit Aontaithe a laghdú agus ar bhealach a chruthóidh sineirgí idir ballraíocht ECAT agus cumais chosanta AE; á chur i bhfáth go bhfuil an comhar idir an tAontas agus ECAT bunaithe ar 74 ghníomhaíocht a comhaontaíodh go comhchoiteann i réimsí sonracha; á mheabhrú go bhfuil cúraimí agus tosaíochtaí éagsúla ag an dá eagraíocht, le ECAT i gceannas ar chosaint chríochach chomhchoiteann a chuid comhaltaí, agus AE ag díriú ar bhainistiú géarchéimeanna míleata thar lear, le féidearthachtaí chun tuilleadh idirphlé agus comhair a bheith ann maidir le dúshláin slándála agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha, bunaithe ar thacaíocht chomhchoiteann do bhunluachanna an daonlathais, na saoirse agus chur chun cinn na síochána; á chur i bhfáth go ndéantar na cumais atá ar fáil do ECAT a neartú freisin trí chomhar, comhthiomsú agus comhroinnt níos doimhne agus le hearnáil Eorpach cosanta atá éifeachtúil agus trédhearcach; á chur i bhfios go láidir, dá ndéanfaí bonn tionsclaíoch láidir de chuid an Aontais agus cumais mhíleata níos láidre ar leibhéal an Aontais a chruthú agus infheistíocht a dhéanamh sa tsoghluaisteacht mhíleata agus san idir-inoibritheacht, nach amháin go neartófaí an tAontas ach go ndéanfaí an chomhghuaillíocht thrasatlantach a atreisiú ag an am céanna agus go mbeadh sé sin sineirgeach le ról agus le hábharthacht an Aontais agus a Bhallstát in ECAT; á chur in iúl, dá bhrí sin, go bhfuil sí tiomanta go hiomlán do na tionscnaimh Eorpacha chosanta, go háirithe CEF, PESCO agus SSE, i measc tionscnaimh eile; á chur i bhfios go láidir nach bhféadfar rath a bheith ar an gcomhpháirtíocht thrasatlantach ach amháin má chomhlíonann na Ballstáit uile a ngealltanais, lena n-áirítear gealltanais infheistíocht a dhéanamh sa chosaint, agus má thugann siad faoi thacaíocht fhrithpháirteach agus má shaothraíonn siad comhroinnt ualaigh atá níos cothroime; á chur i bhfios go láidir gur gá do chomhghuaillithe uile ECAT infheistíocht airgeadais a dhéanamh chun na cumais, atá ag teastáil ó ECAT chun a chuid saoránach a chosaint, a fhorbairt, a fháil agus a chothabháil; ag tarraingt aird freisin ar phróiseas dréachtaithe leanúnach Chompás Straitéiseach an Aontais, a bheidh ina chloch mhíle do chomhar níos láidre i réimse na cosanta agus na slándála san Eoraip, agus á chur i bhfios gur cheart dlúthnasc a bheith ann idir an Compás Straitéiseach agus dréachtú Choincheap Straitéiseach ECAT, agus á chur in iúl go gcreideann sé go bhfuil deis ar leith ann leis na próisis chomhthreomhara sin an chomhpháirtíocht pholaitiúil agus slándála thrasatlantach a chur chun cinn agus a nuashonrú agus é a dhéanamh oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin dhomhanda atá i ndán don Aontas agus do na Stáit Aontaithe araon faoi láthair; á chur i bhfáth nach mbaineann uaillmhian neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa an bonn ó ECAT beag ná mór ach go bhfuil sé comhlántach leis; á iarraidh go dtabharfaí chun críche socrú riaracháin idir an Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint agus na Stáit Aontaithe agus á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Aontais agus SAM, mar a léirítear sa ráiteas a eisíodh ag deireadh an chruinnithe mullaigh idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe an 15 Meitheamh 2021, tús a chur leis an bplé a luaithe is féidir; á chur in iúl go dtacaíonn sí le bunú na bpróiseas chun comhordú a dhéanamh ar bheartas eachtrach agus beartas slándála agus cosanta idir na Stáit Aontaithe, an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe;

79.  á chur in iúl gur geal léi an cinneadh dearfach ón gComhairle an 6 Bealtaine 2021 lena n-údaraítear comhordaitheoir an tionscadail Soghluaisteachta Mhíleata, an Ísiltír, a iarraidh ar na Stáit Aontaithe, ar Cheanada agus ar an Iorua, tar éis a n-iarrataí faoi seach, a bheith rannpháirteach i dtionscadal PESCO maidir le soghluaisteacht mhíleata; á chur i bhfáth go gcuirfear feabhas, leis an rannpháirtíocht sin, ar chomhleanúnachas chumais an Aontais agus ECAT agus ar idir-inoibritheacht, ullmhacht agus athléimneacht fórsaí trasatlantacha;

80.  á iarraidh go mbeadh comhar feabhsaithe ann idir an tAontas, na Stáit Aontaithe agus ECAT agus ár gcomharsana san oirthear, go háirithe, an tSeoirsia, an Úcráin agus an Mholdóiv, i gcúrsaí slándála agus cosanta, lena n-áirítear trí thacaíocht a thabhairt do shláine chríochach na dtíortha sin, agus a n-athléimneacht a neartú i gcoinne na mbagairtí cibearshlándála, faisnéise, spiaireachta agus eile atá dírithe orthu;

81.  á chur in iúl gur geal léi cinneadh na Stát Aontaithe tarraingt siar fhórsaí SAM ón Aontas a aisiompú agus dlús a chur lena láithreacht mhíleata i mBallstáit AE mar chomhartha tiomantais den chomhar slándála trasatlantach; ag cur a buíochas in iúl don iliomad pearsanra seirbhíse de chuid na Stát Aontaithe a chabhraigh le slándáil agus sábháilteacht na hEorpa agus a cuid saoránach a chosaint le blianta fada anuas;

82.  ag tathant ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe dlúthchomhar a chothú, ní hamháin maidir le bagairtí traidisiúnta slándála, ach maidir le bagairtí atá ag teacht chun cinn freisin amhail ceannasacht naimhdeach theicneolaíoch choigríche, bagairtí hibrideacha, feachtais bhréagaisnéise agus cur isteach urchóideacha ar phróisis toghcháin; ag tathant ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe dlúthchomhar a fhorbairt i réimse na cibearshlándála; ag tathant ar an Aontas cibear-acmhainneachtaí níos éifeachtúla a fhorbairt chun cur lena chumas é féin a chosaint ar chibearbhagairtí; ag cur in iúl gur geal léi straitéis nua Chibearshlándála an Choimisiúin mar bhonn chun noirm agus caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos sa chibearspás; á iarraidh go ndéanfaí na cumais is gá a fhorbairt, a fháil agus a chothabháil faoi chuimsiú ECAT freisin, lena n-áirítear i dtéarmaí faisnéis a roinnt, agus go mbeadh comhordú níos fearr ann idir gníomhaireachtaí AE, amhail Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chibearshlándáil (ENISA), agus a gcontrapháirteanna Meiriceánacha; á aithint, go pointe áirithe, go bhfuil an chibearchosaint níos éifeachtaí más ann do roinnt modhanna agus bearta ionsaitheacha, ar choinníoll go bhfuil an úsáid a bhainfear astu comhlíontach leis an dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige comhchoiteann maidir le cosc a chur ar airm mharfacha uathrialacha gan rialú fóinteach ag an duine, chun neamhspleáchas na gcóras armán a rialáil ar an leibhéal domhanda, agus chun srian a chur ar onnmhairiú agus leathadh cibearuirlisí agus na teicneolaíochta ollfhaireachais; á chur i bhfios go láidir gur gá rialú domhanda armán a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeifear in ann aghaidh a thabhairt ar chibeardhúshláin agus ar na dúshláin a bhaineann leis an intleacht shaorga; á iarraidh ar na comhpháirtithe trasatlantacha tacú le hiarraidh Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe ar shos comhraic domhanda agus rannchuidiú go gníomhach leis an iarraidh sin;

83.  á chun in iúl go bhfuil sí den tuairim gur ceist slándála domhanda atá i bpróisis dhaonlathacha agus thoghchanacha a chosaint; á mholadh, i ndáil leis an méid sin, go ndéanfaí creat struchtúrtha a fhorbairt go comhpháirteach le haghaidh freagairtí ar chur isteach ar phróisis toghcháin, bunaithe ar Chód Cleachtais Trasatlantach le haghaidh Próisis Dhaonlathacha atá Saor agus Athléimneach, lena n-iarrtar bearta struchtúracha agus cuimsitheacha chun freagairt do chineál hibrideach cur isteach, ag comhoibriú go dlúth le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail ESCE; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe comhar idirnáisiúnta níos dlúithe agus níos uaillmhianaí a chur chun cinn maidir le breathnóireacht toghcháin, i gcomhpháirt leis na comhpháirtithe ábhartha uile, go háirithe le heagraíochtaí a fhormhuiníonn 'an Dearbhú Prionsabal maidir le breathnóireacht idirnáisiúnta toghchán', chun cur i gcoinne bagairtí méadaitheacha ar an tslándáil phoiblí do phróisis toghcháin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur i gcoinne comhpháirteach fheiniméan méadaitheach na breathnóireachta bréagaí baile, rud a bhaineann an bonn den mhuinín atá ag an bpobal i mbreathnóireacht toghcháin ar an iomlán, agus measúnú domhain a dhéanamh ar na deiseanna, ar na dúshláin agus ar na rioscaí a bhaineann le húsáid mhéadaitheach a bhaint as teicneolaíochtaí nua na faisnéise agus cumarsáide toghcháin; á áitiú gur gá an comhar riachtanach a threisiú le heagraíochtaí ábhartha breathnóireachta toghcháin baile ar gach leibhéal, agus go bhfuil gá lena gcosaint faoi chuimsiú a ngníomhaíochtaí;

84.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé acmhainneachtaí ríomhaireachta candamaí a bhaint amach agus á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar chomhar AE-SAM sa réimse sin chun a áirithiú go ndéanfaidh comhpháirtithe, a bhfuil dea-chaidreamh eatarthu agus a bhfuil na cuspóirí céanna acu, an ríomhaireacht chandamach a bhaint amach ar dtús;

85.  á chur i bhfáth a thábhachtaí go straitéiseach atá na cáblaí teileachumarsáide fomhuirí san Atlantach Thuaidh a sholáthraíonn breis agus 95 % den teileachumarsáid idirnáisiúnta; á athdhearbhú a thábhachtaí atá an comhar trasatlantach neartaithe chun urraim do na hionstraimí idirnáisiúnta lena rialaítear cáblaí fomhuirí, lena n-áirítear UNCLOS, a chosaint agus a áirithiú;

86.  ag tacú le cruthú an Idirphlé idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le Slándáil agus Cosaint agus á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí é a sheoladh a luaithe is féidir; ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sé ionadaithe ECAT a áireamh san idirphlé sin chun sineirgí a chur chun cinn leis an gcomhar leanúnach i gcreat AE-ECAT agus aon dúbláil ar fhreagairtí beartais a sheachaint; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí san Idirphlé Slándála agus Cosanta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe comhar maidir le tionscnaimh shlándála agus chosanta, bainistiú géarchéime, oibríochtaí míleata agus cúrsaí déthaobhacha slándála, mar atá sonraithe i gclár oibre AE-SAM don athrú domhanda; á thabhairt chun suntais go mbeadh comhroinnt faisnéise ina cuid thábhachtach den idirphlé sin;

87.  á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé go mbeadh ár sochaithe páirteach i bpróiseas inbhreathnaitheach maidir lenár luachanna coiteanna daonlathacha, agus maidir leis an meas ar an gceann eile agus ar éagsúlacht na dtuairimí, chun an daonlathas domhanda a athbheochan agus a chosaint i gcoinne an fhorlámhais atá ag dul i méid, mar atá á chur chun cinn ag an Rúis agus ag an tSín araon, ach freisin laistigh den phobal trasatlantach, inter alia trí chuntasacht agus athléimneacht ár gcóras daonlathach a neartú, trí chur i gcoinne dearcaí antoisceacha agus ciníochais forimeallacha a chuireann sárdheiseanna ar fáil do bhláthú gluaiseachtaí frithdhaonlathacha, trí sheasamh le chéile go geopholaitiúil i gcoinne thionchar urchóideach na ngníomhaithe forlámhacha agus trí thabhairt faoi idirphlé trasatlantach agus beartais chuimsitheacha shóisialta agus eacnamaíochta a théann i ngleic le bunchúiseanna an neamhionannais; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an t-idirphlé trasatlantach agus an comhar maidir le beartais a thacaíonn leis an daonlathas, le cearta an duine agus leis an smacht reachta, agus a chuidíonn an bhréagaisnéis agus an cur isteach eachtrach a chomhrac; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le go dtabharfadh an dá thaobh aghaidh ar na nithe is cúis le laghdú mhuinín an phobail i mbeartas agus in institiúidí; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí sna hiarrachtaí a dhéantar chuige sin muinín a chothú san eolaíocht agus i bhfíricí, líontán sábhála de bheartais neamh-idirdhealaitheacha a leathnú, agus diúltú d’idirdhealú ciníoch agus reiligiúnach agus aghaidh a thabhairt ar an idirdhealú sin;

88.  á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe, thairis sin, tacaíocht eacnamaíoch, pholaitiúil agus oibríochtúil a chur ar fáil go comhpháirteach do na heagraíochtaí réigiúnacha atá lonnaithe san Afraic, amhail an tAontas Afracach, Fórsa G5 na Saiheile agus Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS)

89.  á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas agus do na Stáit Aontaithe a gcuid iarrachtaí a shioncrónú chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus leis an radacú agus a áirithiú go dtacófar leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh leis na hacmhainní is gá agus go mbeidh siad i gcomhréir leis na bagairtí atá ann; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don dá chomhpháirtí feabhas a chur ar na cleachtais reatha de chomhroinnt faisnéise i measc na mBallstát, le béim ar leith ar fheasacht staide chomhchoiteann níos fearr a bhaint amach i bpríomhréimsí, lena n-áirítear tearmainn do sceimhlitheoirí agus an úsáid a bhaineann sceimhlitheoirí as EDTanna, chomh maith le hoirbhearta hibrideacha;

90.  ag spreagadh comhoibriú láidir idir an tAontas agus SAM maidir le hiarrachtaí díradacaithe agus frithsceimhlitheoireachta, lena n-áirítear gníomhaíochtaí oiliúna comhpháirteacha, cúrsaí frithsceimhlitheoireachta comhroinnte, cláir mhalartaithe d’oifigigh, druileanna oirbheartaíochta agus tionscnaimh oideachais a bhunú;

91.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil tábhacht bhunúsach ag baint le prionsabail dhaonlathacha, atá mar bhonn don dul chun cinn sóisialta agus eacnamaíoch atá déanta againn agus dár sochaithe saora; ag tacú leis an togra ón Uachtarán Biden Cruinniú Mullaigh a thionól i gcomhair Daonlathais chun luachanna uilíocha a chur chun cinn; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe leas a bhaint as an taithí a fuarthas ó Chomhdháil AE maidir le Todhchaí na hEorpa, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tacú leis an tionscnamh ón gCruinniú Mullaigh go polaitiúil agus go praiticiúil araon; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an gCruinniú Mullaigh atá beartaithe maidir leis an Daonlathas iltaobhachas luach-bhunaithe agus dlúthpháirtíocht idir daonlathais a chur chun cinn nuair a bheidh siad faoi bhrú, an daonlathas a neartú go hinmheánach agus ar fud an domhain, go háirithe rannpháirtíocht na saoránach sa rialachas daonlathach a mhéadú, ábhair imní a chur in iúl agus réitigh shíochánta a lorg ar an gcniogbheartaíocht leanúnach ar ghluaiseachtaí daonlathacha agus ar chosantóirí chearta an duine, lena n-áirítear cosantóirí comhshaoil, ar fud an domhain, chomh maith le haghaidh a thabhairt ar an tionchar méadaitheach atá ag réimis fhorlámhacha; ag cur béim, i ndáil leis sin, ar go bhféadfadh iarracht den sórt sin cabhrú le treochlár soiléir a leagan amach chun cur i gcoinne an phobalachais agus an údarásaíochais agus chun luachanna bunúsacha daonlathacha agus chearta an duine a chosaint; á mholadh gur cheart do AE comhghuaillíocht thrasatlantach a bhunú le SAM chun an daonlathas a chosaint ar fud an domhain agus sraith straitéisí um chosaint an daonlathais a mholadh, inar cheart go n-áireofaí gníomhaíochtaí comhpháirteacha maidir le smachtbhannaí, beartais frithsciúrtha airgid, rialacha maidir le coinníollacht cúnaimh eacnamaíoch agus airgeadais, imscrúduithe idirnáisiúnta, agus tacaíocht do ghníomhaithe ar son chearta an duine agus do chosantóirí an daonlathais; á iarraidh go mbeadh cumarsáid níos fearr ann leis na saoránaigh agus idir na saoránaigh ar an dá thaobh, maidir le tábhacht mharthanach an naisc thrasatlantaigh agus ar a ábhartha atá sé inniu; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil luach ag baint leis na malartuithe idir reachtóirí, gnólachtaí agus an tsochaí shibhialta;

Comhordú níos dlúithe maidir leis an mbeartas eachtrach

92.  á chreidiúint gur cheart do AE níos mó a dhéanamh leis na Stáit Aontaithe agus an chomhpháirtíocht straitéiseach a athnuachan maidir le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus maidir leis na Balcáin Thiar chun sochaithe il-eitneacha a bheidh athléimneach, rathúil agus daonlathach a chothú iontu, a bheidh in ann cur i gcoinne thionchar suaiteach na bhfórsaí údarásaíocha áitiúla agus seachtracha araon; á mheabhrú gur ceist síochána agus slándála don réigiún agus don Aontas Eorpach í cobhsaíocht na mBalcán Thiar agus thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil méadú mór tagtha ar an gcomhordú idir na Stáit Aontaithe agus an tAontas Eorpach chun tacú le tíortha na mBalcán Thiar ar an mbóthar i dtreo lánpháirtiú leis an Eoraip agus chun ballraíocht AE a bhaint amach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuirfeadh comhordú rialta, institiúidithe, idir an Chomhairle um Ghnóthaí Eachtracha agus Rúnaí Stáit SAM, maidir leis seo agus le cúrsaí beartais eachtraigh eile, feabhas ar an idirphlé trasatlantach agus ar an gcomhar maidir le cúrsaí beartais eachtraigh agus go gcothódh sé cóineasú breise ar sheasaimh bheartais agus ar an leibhéal trasatlantach; ag meabhrú an mholta a rinne sí Comhairle Pholaitiúil Thrasatlantach (TPC) a chruthú chun comhairliúchán agus comhordú córasach a dhéanamh ar an mbeartas eachtrach agus slándála, a bheadh faoi stiúir an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí agus Rúnaí Stáit na Stát Aontaithe agus a mbeadh teagmháil rialta le stiúrthóirí polaitiúla mar bhonn taca léi; á iarraidh go mbeadh ceannaireacht láidir AE agus comhordú éifeachtach leis na Stáit Aontaithe ann chun brú ar ais i gcoinne na dtionscnamh lena ndírítear ar theorainneacha a athshainiú, agus i gcoinne na dtionscnamh fho-náisiúnta comhchosúil a fhéachann leis an deighilt eitneach agus an leithscaradh a dhoimhniú, chomh maith le saincheist na hinfheistíochta agus an mhaoinithe ón tSín ar fud an réigiúin agus an tionchar atá aige sin ar rialachas daonlathach agus ar an gcomhshaol; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá dlúthchomhar agus dlúthchomhordú idir an tAontas Eorpach agus SAM maidir le gabháil stáit, éilliú, coireacht eagraithe, cur isteach ón gcoigríoch agus ionsaithe ar shaoirse na meán a chomhrac, agus an smacht reachta, athchóirithe doimhne, dea-chaidreamh comharsanachta agus athmhuintearas a chur chun cinn, agus cuspóir an lánpháirtithe Eora-Atlantaigh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ceannasach ag an Aontas sa phróiseas chun an caidreamh idir an tSeirbia agus an Chosaiv a normalú;

93.  á chur i bhfáth gur chun ár leasa choitinn tacú le síocháin inbhuanaithe fhadtéarmach, cobhsaíocht, slándáil, athléimneacht, daonlathas agus urraim do chearta an duine sa Chugas Theas; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht SAM sa réigiún, i gcomhar le AE, lena n-áirítear trí shásraí amhail Grúpa ESCE Mhionsc;

94.  á iarraidh ar an Aontas agus ar na Stáit Aontaithe aghaidh a thabhairt i gcomhar le chéile ar na bagairtí comhsheasmhacha agus méadaitheacha ar chosaint agus ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha, lena n-áirítear smuigleáil chultúrtha, go háirithe i limistéir choinbhleachta; ag áithiú go nglacfaí le straitéis lena n-áirítear feachtais láidre feasachta poiblí, cáineadh uilíoch na gáinneála ar sheaniarsmaí neamhchruthaithe, cód aonair iompair a bhunú maidir le láithreáin chultúrtha a chosaint, comhar níos fearr a chothú i measc gníomhaireachtaí éagsúla forfheidhmithe dlí lena n-áirítear faisnéis a roinnt láithreach i measc gníomhaireachtaí náisiúnta faisnéise, agus comhar méadaithe idir lucht forfheidhmithe an dlí agus na pobail ealaíne agus seandálaíochta;

95.  ag tabhairt dá haire gur thug tionchar eacnamaíoch na Síne, cumhacht gheopholaitiúil agus cineálacha éagsúla teilgin chumhachta ón tSín, chomh maith lena neart míleata, a córas rialachais fhorlámhaigh i gcoinbhleacht le córais rialachais an Iarthair atá bunaithe ar luachanna daonlathacha liobrálacha; á mheabhrú go bhfuil méadú tagtha ar láithreacht na Síne ar an leibhéal idirnáisiúnta agus san Eoraip trína Tionscnamh Creasa agus Bóthair, agus trína gníomhaíochtaí sa chibearspás, sna réigiúin Artacha agus san Afraic; á chur i bhfáth i ndáil leis sin go bhfuil an tSín anois ina céile comhraic sistéamach agus ina hiomaitheoir, ach gur cheart di a bheith ina comhpháirtí tábhachtach maidir le dul i ngleic le go leor fadhbanna domhanda; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhfuil cur chuige trasatlantach comhpháirteach i leith an chaidrimh leis an tSín ar an mbealach is fearr chun caidreamh fadtéarmach síochánta, inbhuanaithe agus frithpháirteach a áirithiú leis an tSín; á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin gur athsheoladh idirphlé cuimsitheach ardleibhéil AE-SAM maidir leis an tSín le déanaí agus á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go gcuirfí ar fáil leis sin príomhshásra chun ár leasanna a chur chun cinn agus chun ár ndifríochtaí a bhainistiú agus féachaint ar na deiseanna atá ann do rannpháirtíocht AE-SAM le Daon-Phoblacht na Síne i gcreataí iltaobhacha maidir le dúshláin choiteanna agus dhomhanda, amhail an t-athrú aeráide, rioscaí a bhaineann leis an tsláinte, urraim do chearta an duine, cibearspás, rialú armán, neamhleathadh agus teicneolaíochtaí suaiteacha atá ag teacht chun cinn; ag cur béim ar an ngá atá le gné láidir pharlaiminteach don idirphlé sin; á iarraidh go bhforbrófaí raon leathan ionstraimí beartais agus, i gcás inar féidir, go ndéanfaí sineirgí trasatlantacha a chuardach chun déileáil leis an tSín; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil cúiseanna tromchúiseacha comhchoiteanna imní ag an Aontas Eorpach agus ag Stáit Aontaithe Mheiriceá araon faoi sháruithe córasacha ar chearta an duine sa tSín, go háirithe maidir le Pobal na nUigiúrach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim láidir go gcaithfear comhluachanna daonlathacha a chosaint agus a chur chun cinn i gcónaí leis an gcaidreamh le Daon-Phoblacht na Síne, idir dhéthaobhach agus eile, agus go gcaithfidh sé a bheith ina chroílár ag aon chlár oibre iltaobhach an dlí idirnáisiúnta a chomhlíonadh go hiomlán agus cearta an duine a chosaint;

96.  ag cur béim ar an ngá atá ann féachaint ar cóineasaithe, comhar a d’fhéadfadh a bheith ann agus comhordú agus comhairliúchán níos fearr idir na Stáit Aontaithe agus AE maidir leis an tSín, chun teannas trasatlantach a sheachaint, amhail na teannais a tháinig i ndiaidh ghlacadh an chomhaontaithe slándála tríthaobhaigh idir na Stáit Aontaithe, an Ríocht Aontaithe agus an Astráil, ar a dtugtar AUKUS, gan dul i gcomhairle le comhghuaillithe an Aontais, go háirithe maidir le cearta an duine agus cearta mionlaigh a chosaint, agus an lasóg a bhaint den bharrach i Muir na Síne Theas agus i Muir na Síne Thoir, Hong Cong agus thar Chaolas na Téaváine; ag cur béim ar ábharthacht UNCLOS mar bhunús dlí chun coinbhleachtaí a réiteach; ag athdhearbhú a tacaíochta do thionscnaimh chomhroinnte nascachta, faoi chuimsiú straitéis nuafhógartha an Aontais, ‘Tairseach Dhomhanda’, freisin;

97.  á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh le déanaí ar an straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach de chuid an Aontais; á iarraidh go gcuirfí an straitéis sin i bhfeidhm go tapa agus go cuimsitheach toisc go dtéann sí chun leas an Aontais agus go gcuirtear a luachanna chun cinn leis, agus á thabhairt chun suntais tábhacht an réigiún geostraitéiseach sin, ina bhfuil cairde agus comhpháirtithe coiteanna trasatlantacha daonlathacha, amhail an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Astráil agus an Nua-Shéalainn, mar aon leis an Téaváin, agus á iarraidh go mbeadh comhpháirtíocht agus comhordú feabhsaithe AE-SAM maidir le réigiún an Aigéin India-Aigéanaigh; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé naisc straitéiseacha le comhaltaí ASEAN agus le Fóram Oileáin an Aigéin Chiúin (PIF) a chothú;

98.  á thabhairt chun suntais go bhfuil teicneolaíocht á úsáid ag réimis neamhdhaonlathacha amhail an tSín níos mó ná riamh chun a saoránaigh a smachtú agus a bhrú faoi chois, ag cur srian le feidhmiú ceart bunúsach, sóisialta agus polaitiúil; á iarraidh go mbeadh comhar méadaithe AE-SAM ann maidir le teicneolaíocht dhuine-lárnaithe a fhorbairt a urramaíonn príobháideachas agus a laghdaíonn claontaí agus idirdhealú;

99.  á aithint gur minic go n-úsáidtear éadálacha maoine intleachtúla na Síne agus dul chun cinn teicneolaíochta ag ceannionaid taighde chun a cuid cuspóirí míleata a chur chun cinn, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart go n-oibreodh an tAontas chun straitéis fhadtéarmach a fhorbairt chun comhrac a dhéanamh ar straitéis cumaisc mhíleata-shibhialta na Síne san Eoraip;

100.  á aithint gur cheart do AE agus SAM comhordú a dhéanamh ar shaincheisteanna i gcás ina bhfuil gníomhaíochtaí na Síne contrártha le leasanna slándála Eora-Atlantacha; á chur i bhfáth gur cheart tosaíocht a thabhairt do dhúshláin sna cibirtheicneolaíochtaí, sna teicneolaíochtaí hibrideacha, sna teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn agus sna teicneolaíochtaí bunathraitheacha (EDT), sa spás, i rialú arm agus i réimsí neamhleata;

101.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di comhéigean eacnamaíoch na Síne i gcoinne Ballstát agus tríú tíortha; ag tacú leis an smaoineamh go mbeadh cosaint chomhchoiteann eacnamaíoch ann trí chomhoibriú le tíortha daonlathacha atá ar aon intinn i gcoinne chomhéigean eacnamaíoch na Síne;

102.  á chur in iúl gur chúis bhuartha di na dlúthnaisc idir Páirtí Cumannach na Síne agus an tionscal sa tSín, go háirithe cuideachtaí slándála; á mholadh go ndéanfadh na Ballstáit iniúchadh inmheánach ar chleachtais soláthair chun a áirithiú go bhfuil na táirgthe atá comhtháite ina gcuid líonraí náisiúnta agus institiúidí cosanta saor ó theicneolaíochtaí a thagann ó chuideachtaí sa tSín;

103.  á iarraidh dlúthchomhar a bheith ann chun oibriú i dtreo plean coiteann rannpháirtíochta le Cónaidhm na Rúise agus, go comhthreomhar, chun aghaidh a thabhairt go comhpháirteach ar réimse na mbagairtí a thagann ó Chónaidhm na Rúise, amhail díchobhsú leanúnach na hÚcráine, na Seoirsia agus Phoblacht na Moldóive, tacaíocht do rialú neamhdhlisteanach Lukashenka sa Bhealarúis, ról agus tionchar na Rúise sna Balcáin Thiar agus sa Mhuir Dhubh, an cur isteach millteanach ar phróisis dhaonlathacha san Aontas agus sna Stáit Aontaithe, lena n-áirítear toghcháin, páirtithe polaitiúla antoisceacha agus beartais athbhreithnitheacha a mhaoiniú, bagairtí hibrideacha agus feachtais bhréagaisnéise, agus ag an am céanna comhar roghnaitheach a shaothrú sna réimsí lena mbaineann an leas trasatlantach comhroinnte, go háirithe i réimse ollstruchtúr an rialaithe arm, lena n-áirítear an Conradh um Fhórsaí Núicléacha le Meánraon, mar aon le taidhleoireacht um athrú aeráide, athbheochan an Phlean Chuimsithigh Chomhpháirtigh Gníomhaíochta (JCPOA) agus cobhsú na hAfganastáine; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó rialtas reatha SAM fad a chur le conradh nua rialaithe arm START; ag cur béim ar an ngá atá leis na cainteanna maidir le rialú arm a athbheochan idir na príomhghníomhaithe domhanda, amhail SAM agus an Rúis, a bhfuil iarmhairt dhíreach orthu ar shlándáil na hEorpa, agus an tSín a áireamh i gcaibidlíocht rialaithe arm amach anseo; á chur i bhfáth an gá atá le hatógáil phráinneach ghnáth-ollstruchtúr an rialaithe arm, chun teorainn a chur leis an raon feidhme maidir le hiomaíocht armála agus le teagmhais gan choinne; á chur in iúl gur geal léi ullmhacht rialtas Biden chun idirphlé agus caibidlíocht leis an Rúis a athbhunú agus tacú leis an bplean ón Aontas Eorpach agus ó Stáit Aontaithe Mheiriceá idirphlé ardleibhéil AE-SAM maidir leis an Rúis a bhunú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go dtacódh an tAontas agus a Bhallstáit go gníomhach le tóraíocht bealaí chun cur leis an idirphlé agus gur cheart dóibh rannchuidiú le hiontaoibh fhrithpháirteach a atógáil; á chur i bhfáth, go comhthreomhar leis sin, a thábhachtaí atá idirphlé leis an tsochaí shibhialta agus tacaíocht d’eagraíochtaí ón tsochaí shibhialta sa Rúis a fhéachann le hidirphlé ar iolrachas polaitiúil, gníomhaíocht agus mianta daonlathacha dlisteanacha phobal na Rúise a chur chun cinn;

104.  á mheas nach mór do AE agus do SAM a gcur chuige dériain maidir le díspreagadh agus idirphlé leis an Rúis a chomhordú laistigh de na paraiméadair a comhaontaíodh ag Cruinnithe Mullaigh na Breataine Bige agus Vársá;

105.  á iarraidh ar AE agus ar SAM gníomhú go tráthúil agus le diongbháilteacht i gcoinne ghníomhaíochtaí suaiteacha sheirbhísí fáisnéisíochta na Rúise ar chríoch an Aontais; á mholadh do na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar agus roinnt faisnéise idir seirbhísí frithfhaisnéise;

106.  á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar an gComhairle cur chuige straitéiseach nua a cheapadh do chaidreamh an Aontais leis an Rúis, nach mór dó tacú níos fearr leis an tsochaí shibhialta, teagmhálacha idirphearsanta le saoránaigh na Rúise a neartú, línte dearga a shainiú go soiléir maidir le comhar le gníomhaithe Stáit Rúiseacha, úsáid a bhaint as caighdeáin theicneolaíocha agus an t-idirlíon oscailte chun tacú le spáis oscailte agus chun srian a chur le teicneolaíochtaí leatromacha, agus dlúthpháirtíocht le Comhpháirtíochtaí an Aontais san Oirthear a léiriú, lena n-áirítear i ndáil le saincheisteanna slándála agus réiteach coinbhleachta go síochánta; á chur i bhfios go láidir nach mór aon idirphlé idir AE agus SAM leis an Rúis a bheith bunaithe ar an urraim don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine;

107.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar agus comhoibriú AE-SAM i dtaca le mór-roinn na hAfraice, a réigiúin agus a tíortha, agus á iarraidh go mbeadh an comhar agus comhoibriú sin ann, d’fhonn forbairt inbhuanaithe a áirithiú agus an tslándáil, an chobhsaíocht agus an rathúnas a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le comhpháirtíocht láidir agus chóir idir SAM, AE agus an Afraic, agus aird á tabhairt ar dhúshláin an athraithe aeráide agus a impleachtaí déimeagrafacha, cliseadh na bithéagsúlachta, dúshaothrú acmhainní nádúrtha na hAfraice ag an tSín, oideachas san fhorbairt inbhuanaithe shocheacnamaíoch, an digitiú, an smacht reachta, cur chun cinn an daonlathais agus neartú chearta an duine, na sochaí sibhialta agus an chomhionannais inscne; á chreidiúint gur cheart go mbeadh aon chúnamh slándála bunaithe ar chur chuige maidir le slándáil an duine agus ar riachtanais na bpobal áitiúil, go gcomhlíonfaí an dlí idirnáisiúnta leis agus go n-áireofaí ann cuntasacht phoiblí agus sásraí daonlathacha agus parlaiminteacha formhaoirseachta; á chur in iúl gur geal léi an gealltanas ó rialtas Biden maidir le comhar a neartú leis an gComhghuaillíocht Idirnáisiúnta don tSaiheil; ag tathant ar SAM agus ar AE oibriú le chéile chun dul i ngleic leis an méadú atá tagtha ar antoisceachas foréigneach, ar sceimhlitheoireacht ó chraobhacha ISIS agus al-Qaeda, agus ar na dúshláin dhaonnúla, eacnamaíocha agus rialachais sa tSaiheil agus i réigiún MENA (an Meánoirthear agus an Afraic Thuaidh) i gcoitinne; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an idirphlé agus ar an gcomhordú maidir le comhpháirtithe trasatlantacha a shuí i leith na ndúshlán atá os comhair tíortha amhail an Iaráic, an Liobáin, an tSiria, an Iaráin agus an Libia;

108.  á iarraidh go mbeadh comhar níos fearr san Artach, agus aird á tabhairt ar an leas atá ag dul i méid san Artach ag tíortha eile amhail an tSín, agus ar na gníomhaíochtaí agus carnadh míleata atá ar bun ag an Rúis san Artach; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe, arna fhianú leis an ráiteas a eisíodh tar éis Chruinniú Mullaigh AE-SAM an 15 Meitheamh 2021, oibriú le chéile chun an tArtach a choinneáil mar réigiún síochána agus cobhsaíochta agus comhoibriú tríd an gComhairle Artach;

109.  á thabhairt chun suntais an gá atá leis an gcaidreamh straitéiseach struchtúracha idir an tAontas Eorpach, Stáit Aontaithe Mheiriceá agus an Ríocht Aontaithe a chothabháil agus, i gcás inar infheidhme, a dhoimhniú, agus sochar á bhaint as ár luachanna, leasanna agus dúshláin chomhchoiteanna, lena n-áirítear ó thaobh cursaí slándála de, agus uathriail chinnteoireacht an Aontais á háirithiú ag an am céanna;

110.  á chur in iúl gur saoth léi gabháil fhoréigneach na hAfganastáine ag an Talaban tar éis d’fhórsaí na Stát Aontaithe agus na hEorpa tarraingt siar, agus na sáruithe forleathana ar chearta an duine, go háirithe ar chailíní, ar mhná, agus ar mhionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha, chomh maith leis an ngéarchéim dhaonnúil atá ag titim amach sa tír; ag athdhearbhú a seasaimh nach mór don chomhphobal trasatlantach iarrachtaí i bhfad níos mó a chur isteach ar son na síochána, na cobhsaíochta agus an dul chun cinn fhadtéarmaigh san Afganastáin trí thacaíocht a thabhairt do shochaí shibhialta na hAfganastáine agus do chosantóirí chearta an duine, go háirithe cosantóirí chearta na mban, gníomhaithe polaitiúla, iriseoirí, an lucht acadúil, ealaíontóirí agus grúpaí agus daoine eile atá i mbaol; á iarraidh go ndéanfaí comhordú agus comhairliúchán trasatlantach láidir chun faisnéis maidir leis an mbagairt sceimhlitheoireachta ón Afganastáin, go háirithe ó ISIS, Al-Qaeda agus a gcleamhnaithe, a ghnóthú, a chaomhnú agus a chomhroinnt; á iarraidh go mbeadh cur chuige trasatlantach comhbheartaithe ann ina gcuirfí san áireamh an gá atá le teagmháil oibríochtúil leis an Talaban chun críocha daonnúla agus frithsceimhlitheoireachta agus coinníollacha soiléire don teagmháil leis an rialtas a bheidh faoi stiúir an Talaban amach anseo, cur chuige inar cheart go n-áireofaí leis tiomantas do chearta an duine a urramú agus an sceimhlitheoireacht a chomhrac; á iarraidh go ndéanfaí machnamh domhain trasatlantach ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón misean san Afganastáin, agus é mar aidhm leis teacht ar na conclúidí is gá do na hiarrachtaí a dhéanfar amach anseo chun cobhsaíocht, slándáil agus dea-rialachas a chur chun cinn ar fud an domhain; á iarraidh, thairis sin, ar chomhpháirtithe trasatlantacha teagmháil a dhéanamh le comharsana uile na hAfganastáine, agus aird á tabhairt ar chruachás na ndaoine Afganastánacha atá tar éis tearmann a lorg ansin agus ar an ngá atá le cabhrú leo; ;

111.  ag cur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht athnuaite na Stát Aontaithe sa Mheánmhuir Thoir, go háirithe le Gníomh na Meánmhara Thoir 2019, lena n-údaraítear cúnamh slándála nua don Chipir agus don Ghréig, agus lena neartaítear an comhar fuinnimh i measc gníomhaithe réigiúnacha; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe, arna fhianú leis an ráiteas a eisíodh tar éis Chruinniú Mullaigh AE-SAM an 15 Meitheamh 2021, oibriú as láimh a chéile chun an lasóg a bhaint den bharrach sa Mheánmhuir Thoir go hinbhuanaithe, áit ar ceart difríochtaí a shocrú trí idirphlé de mheon macánta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta; ag tacú leis an ráiteas ón Aontas agus ó na Stáit Aontaithe go bhfuil sé ar intinn acu díriú ar chaidreamh comhoibritheach le Tuirc daonlathach a rachadh chun tairbhe an dá thaobh;

112.  ag tacú le comhar feabhsaithe leis na Stáit Aontaithe agus le tíortha Mheiriceá Laidinigh maidir leis an iolrachas, luachanna daonlathacha, forbairt inbhuanaithe, cearta an duine agus caighdeáin an dlí idirnáisiúnta, fás eacnamaíoch, an comhrac i gcoinne neamhionannas, an comhrac i gcoinne gáinneáil ar dhrugaí agus na coireachta eagraithe, an bhithéagsúlacht agus an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur gá don Aontas agus do na Stáit Aontaithe dul i mbun idirphlé le Meiriceá Laidineach agus réigiún Mhuir Chairib ar bhealach níos gníomhaí mar chomhghuaillithe ríthábhachtacha i bhfóraim idirnáisiúnta agus mar chomhpháirtithe straitéiseacha i gcosaint an iltaobhachais; á iarraidh go mbeadh ‘Comhghuaillíocht Triantánach Atlantach’ idir AE-SAM agus Meiriceá Laidineach a chuirfidh ar chumas an dá réigiún tuilleadh dul chun cinn a dhéanamh i réimsí amhail an daonlathas, an tslándáil agus an gháinneáil ar dhrugaí, an comhrac i gcoinne neamhionannais agus an comhar um fhorbairt; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go léirítear an comhar sin leis na Stáit Aontaithe agus le tíortha Mheiriceá Laidinigh sna hiarrachtaí comhpháirteacha chun tacú le freasúraí agus le heasaontóirí a bhfuil díoltas i ndán dóibh i dtíortha éagsúla mar thoradh ar luachanna an daonlathais agus ar chearta an duine a chosaint; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe agus ar an Aontas, i ndáil leis an méid sin, oibriú i gcomhar le chéile agus le tíortha eile chun cearta an duine agus an daonlathas a athbhunú i Veiniséala trí thoghcháin a bheith go hiomlán faoi shaoirse, inchreidte, cuimsitheach, trédhearcach agus go hiomlán daonlathach, agus trí thacaíocht do na fórsaí polaitiúla dlisteanacha atá aitheanta ag Parlaimint na hEorpa; á athdhearbhú a thiomanta atá sí don daonlathas agus cearta an duine a chur chun cinn i dtíortha uile Mheiriceá Laidinigh; á iarraidh go ndéanfaí comhordú níos fearr idir AE-SAM maidir le smachtbhannaí; ag athdhearbhú a molta gur cheart do na Stáit Aontaithe agus don Aontas a dtuairimí a mhalartú go rialta maidir lena gcruinnithe mullaigh faoi seach le tíortha Mheiriceá Laidineach, eadhon cruinnithe mullaigh AE-CELAC agus Cruinniú Mullaigh Críocha Mheiriceá arna thionóil ag Eagraíocht na Stát Meiriceánach;

113.  á chur i bhfios á thábhachtaí atá réigiún MENA don tslándáil agus don chobhsaíocht Eorpach, agus don tslándáil agus don chobhsaíocht thrasatlantach dá réir sin; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh idirphlé agus comhordú feabhsaithe ann le comhpháirtithe trasatlantacha a shuí i leith réigiún MENA, lena n-áirítear trí ghníomhaíocht a dhéanamh i gcoinne sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta atá ag tarlú sa réigiún; ag tathant ar na Stáit Aontaithe a bheith rannpháirteach i JCPOA athuair mar bhunchloch do réimeas domhanda maidir le neamhleathadh agus mar dhúshraith chun an lasóg a bhaint den bharrach sa Mheánoirthear agus i réigiún Mhurascaill na Peirse; ag tacú leis an nglao ó na Stáit Aontaithe go mbeadh comhaontú núicléach ‘níos faide agus níos láidre’ ann leis an Iaráin agus ag tathant go mbeadh comhar trasatlantach ann maidir leis an ábhar sin mar an chéad chéim eile; ag cur in iúl gur geal léi cinneadh na Stát Aontaithe a mhaoiniú do UNRWA a athnuachan; á iarraidh go ndéanfar iarrachtaí trasatlantacha athnuaite chun Próiseas Síochána an Mheánoirthir a athbheochan go fónta agus é a thabhairt chun críche go rathúil, rud as a dtiocfadh réiteach inmharthana dhá stát; ag cur in iúl gur geal léi síniú agus cur chun feidhme Chomhaontú Abraham agus ag spreagadh comhar trasatlantach chun na naisc sin a dhoimhniú;

o
o   o

114.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Beartas Slándála, agus, mar eolas, do Roinn Stáit SAM agus do Chomhdháil SAM.

(1) IO C 28, 27.1.2020, lch. 49.
(2) IO C 117 E, 6.5.2010, lch. 198.
(3) IO C 65, 19.2.2016, lch. 120.
(4) IO C 433, 23.12.2019, lch. 89.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0012.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0013.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0256.
(8) https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/IP_20_2391
(9) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Meitheamh 2021 maidir le tabhairt faoi dhúshlán domhanda COVID-19: éifeachtaí an tarscaoilte ar Chomhaontú TRIPS EDT maidir le vacsaíní, cóireáil agus trealamh COVID-19, lena ndéantar méadú ar tháirgeadh agus acmhainneacht mhonaraíochta i dtíortha i mbéal forbartha, Téacs arna ghlacadh (P9_TA(2021)0283).

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais