Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 21 Deireadh Fómhair 2021 - Strasbourg
Caidreamh agus comhar polaitiúil AE-na Téaváine
 Árachas mótarfheithiclí ***I
 Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach *
 Trédhearcacht AE i bhforbairt, ceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19
 Straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú
 Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, Glaschú, an Ríocht Aontaithe (COP26)
 Páipéir Phandóra: impleachtaí do na hiarrachtaí chun sciúradh airgid, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac
 Géarchéim an smachta reachta sa Pholainn agus tosaíocht dhlí AE
 Staid sa Túinéis
 Treoirlínte maidir le státchabhair le haghaidh na haeráide, an fhuinnimh agus an chomhshaoil (CEEAG)

Caidreamh agus comhar polaitiúil AE-na Téaváine
PDF 150kWORD 57k
Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le caidreamh agus comhar polaitiúil AE-na Téaváine (2021/2041(INI))
P9_TA(2021)0431A9-0265/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do thuarascálacha bliantúla ó Pharlaimint na hEorpa ar CBES agus na ranna díobh a bhaineann le caidreamh AE-na Téaváine,

–  ag féachaint do Shásra Idirphlé um Bheartas Tionsclaíoch AE-na Téaváine, arna bhunú in 2015,

–  ag féachaint don rún uaithi an 9 Deireadh Fómhair 2013 maidir le caidreamh trádála AE-na Téaváine(1),

–  ag féachaint do rannpháirtíocht na Téaváine sa Líonra Fiontar Eorpach, san Ardán Eorpach um Chomhar Braisle agus san Idirphlé ar an nGeilleagar Digiteach,

–  ag féachaint don ráiteas ó Airí Gnóthaí Eachtracha agus Forbartha G7 an 5 Bealtaine 2021, go háirithe an chuid de maidir le tacaíocht do rannpháirtíocht fhónta na Téaváine san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte agus sa Chomhthionól Domhanda Sláinte,

–  ag féachaint do na comhaontuithe comhair maidir le calaois tráchtála a chomhrac, agus do chur chun feidhme caighdeáin idirnáisiúnta an Téaváin maidir le dea-rialachas cánach amhail ó 2017,

–  ag féachaint do chomhar agus rannpháirtíocht rathúil na Téaváine i gCláir Réime an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Chomhairliúchán Saothair AE-na Téaváine a bunaíodh in 2018,

–  ag féachaint do tharscaoileadh víosa AE do shealbhóirí pasanna na Téaváine ó 2011,

–  ag féachaint do bheartas an Aontais ‘Aon Sín Amháin’,

–  ag féachaint do Ráiteas Cheannairí Comhpháirteacha SAM-na Seapáine an 16 Aibreán 2021,

–  ag féachaint do Ráiteas Comhpháirteach Cheannairí SAM-Phoblacht na Cóiré an 21 Bealtaine 2021,

–  ag féachaint do Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2020 dar teideal Tackling COVID-19 disinformation – Getting the facts right [Dul i ngleic le bréagaisnéis COVID-19 – Na fíricí a bheith i gceart] (JOIN(2020)0008),

–  ag féachaint do Chonclúidí ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 i ndáil le Straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (JOIN(2021)0024),

–  ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0265/2021),

A.  de bhrí gur comhpháirtithe ar aon intinn iad an tAontas agus an Téaváin agus go bhfuil comhluachanna na saoirse, an daonlathais, chearta an duine agus an smachta reachta acu;

B.  de bhrí go bhfuil meon trodach míleata leanúnach na Síne agus gníomhaíochtaí ‘limistéir léith’, chomh maith le cineálacha eile briogtha, amhail spiaireacht, cibear-ionsaithe agus póitseáil tallainne, i gcoinne na Téaváine, ina mbagairt thromchúiseach ar an status quo idir an Téaváin agus an tSín, agus ar shíocháin agus ar chobhsaíocht an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh agus go bhféadfadh géarú contúirteach teacht astu; de bhrí gur mhaígh Chiu Kuo-cheng, Aire Cosanta na Téaváine, i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh agus leanúnaigh, go bhféadfadh an tSín a bheith in acmhainn ionradh ‘lánscála’a dhéanamh ar an Téaváin faoi 2025; de bhrí go bhfuil an teannas atá idir an tSín agus an Téaváin chomh tromchúiseach anois agus a bhí le 40 bliain anuas, agus go bhfuil 150 eitleán cogaidh, lena n-áirítear scairdeitleáin trodaíochta agus buamadóirí le hacmhainn núicléach, seolta ag an tSín isteach i zón aitheantais aerchosanta na Téaváine ón 1 Deireadh Fómhair 2021; de bhrí go bhfuil an réigiún sin an-tábhachtach don Aontas mar gheall ar líon mór dlúthpháirtithe a bheith aige ann, agus toisc go bhfuil críocha thar lear sa réigiún ag ceann dá Bhallstáit, an Fhrainc;

C.  de bhrí gur gheall AE in 2016 gach bealach a bhí ar fáil a úsáid chun tionscnaimh a spreagadh a bheadh dírithe ar idirphlé, comhar agus cothú muiníne a chur chun cinn idir an dá thaobh de Chaolas na Téaváine; de bhrí go bhfuil na mianta sin fós gan chomhlíonadh;

D.  de bhrí, an 9 Deireadh Fómhair 2021, gur gheall Uachtarán na Síne, Xi Jinping, go saothrófaí ‘athaontú’ leis an Téaváin trí mhodhanna a líomhnaítear a bheith síochánta, ach gur thug sé rabhadh gurbh é an bac ba mhó a bhí roimhe sin ná gluaiseacht ‘neamhspleáchais na Téaváine’; de bhrí go bhfuil amhras mór ann faoin gcur chuige síochánta sin i ngeall ar ráitis agus gníomhaíochtaí trodacha na Síne; de bhrí, de réir suirbhé a d’eisigh Ionad Staidéir Toghcháin Ollscoil Náisiúnta Chengchi in Taipei in Iúil 2021, nach dtacaíonn ach 1,5 % de mhuintir na Téaváine le haontú le mórthír na Síne a luaithe is féidir, agus go dtacaíonn tromlach thar a bheith mór leis an status quo a choinneáil, sa ghearrthéarma ar a laghad;

E.  de bhrí gur cruthaíodh go bhfuil iarrachtaí na Téaváine chun srian a choimeád ar leathadh an choróinvíris i measc na n-iarrachtaí is éifeachtaí ar domhan; de bhrí, maidir le hiarrachtaí na Téaváine rannchuidiú go gníomhach ar bhealaí éagsúla le leas an phobail idirnáisiúnta le linn na paindéime, lena n-áirítear trí staidéir idirnáisiúnta iomadúla, gurb ionann na hiarrachtaí sin agus sampla inbhraite den Téaváin a bheith ag gníomhú mar chomhpháirtí, agus gur cruthúnas iad gur cheart déileáil léi mar chomhpháirtí; de bhrí go léiríonn an méid sin go bhfuil sé d’acmhainn ag an Téaváin rannchuidithe atá chomh luachmhar céanna a dhéanamh leis an gcomhphobal idirnáisiúnta chun déileáil le lear mór dúshlán eile ár linne; de bhrí gur cúis imní tromchúiseach iad an borradh a tháinig le déanaí ar ionfhabhtuithe COVID, easpa vacsaíní agus cur isteach ón tSín ar iarrachtaí na Téaváine iad a sholáthar go díreach;

F.  de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach fós ar an bhfoinse is mó d’infheistíocht dhíreach choigríche (IDC) sa Téaváin, le luach carntha EUR 48 mbilliún go dtí 2019, arb ionann é agus 31 % de IDC isteach na Téaváine; de bhrí go bhfuil acmhainneacht shuntasach ann chun IDC na Téaváine in AE a mhéadú; de bhrí gurb í an Téaváin ag a bhfuil an lámh in uachtar ar mhargaí monaraíochta na leathsheoltóirí, agus tuairim is 50 % d’aschur leathsheoltóra ar fud an domhain á monarú ag a cuid táirgeoirí;

G.  de bhrí go bhfágann suíomh na Téaváine, a ról ríthábhachtach i slabhraí soláthair ardteicneolaíochta domhanda, agus an dóigh bheatha dhaonlathach atá sa tír go mbaineann tábhacht straitéiseach léi do dhaonlathais Eorpacha;

H.  de bhrí gur shroich méid iomlán na trádála déthaobhaí idir AE agus an Téaváin EUR 51 bhilliún in 2019, agus gurb í an Téaváin an cúigiú comhpháirtí trádála is mó de chuid an Aontais san Áis agus a 15ú comhpháirtí trádála is mó ar domhan;

1.  á mholadh go ndéanfadh Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún an méid seo a leanas:

   (a) oibriú i ndlúthchomhar leis na Ballstáit chun caidreamh polaitiúil AE-na Téaváine a threisiú agus chun comhpháirtíocht chuimsitheach, fheabhsaithe a shaothrú faoi threoir bheartas an Aontais ‘Aon Sín Amháin’; a mheas gur comhpháirtí agus comhghuaillí daonlathacha lárnach í an Téaváin sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, as a fiúntas féin, mar dhaonlathas láidir agus mar gheilleagar atá sárfhorbartha ó thaobh na teicneolaíochta de, a d’fhéadfadh rannchuidiú le hord riailbhunaithe a choinneáil i lár móriomaíochta cumhachta atá ag dul i ndéine;
   (b) tús a chur go práinneach le measúnú tionchair, le comhairliúchán poiblí agus le cleachtadh scóipe i dtaobh Comhaontú Déthaobhach Infheistíochta (BIA) le húdaráis na Téaváine mar ullmhúchán d’idirbheartaíocht chun naisc dhéthaobhacha eacnamaíocha a dhoimhniú, ós rud é go mbeadh sé mar thoradh ar BIA den sórt sin go ndéanfadh infheisteoirí agus táirgeoirí Eorpacha sa Téaváin ceanglais ‘inneachair féin’ a laghdú; a mheabhrú, i gcomhthéacs na dinimice réigiúnaí, a thábhachtaí atá trádáil agus caidreamh eacnamaíoch idir AE agus an Téaváin, lena n-áirítear maidir le hábhair a bhaineann leis an iltaobhachas agus le ETD, leis an teicneolaíocht agus leis an tsláinte phoiblí, chomh maith le comhar buntábhachtach maidir le soláthairtí criticiúla amhail leathsheoltóirí; a mholadh don Téaváin méadú a dhéanamh ar infheistíochtaí in AE, agus a thabhairt d’aire go bhfuil an Téaváin ina comhalta iomlán de EDT;
   (c) a chur in iúl gur cúis mhór imní dóibh meon trodach míleata leanúnach na Síne i gcoinne na Téaváine agus an brú atá á chur uirthi, go háirithe trí infheistíocht shuntasach na Síne i gcumais mhíleata, trína cleachtaí ionsaithe agus trí sháruithe rialta ar zón aitheantais aerchosanta na Téaváine; a iarraidh ar an tSín deireadh a chur láithreach bonn lena ruathair leanúnacha i zón aitheantais aerchosanta na Téaváine, go háirithe ós rud é go ndearnadh thart ar 150 ruarthar aerárthaigh a chlárú sa zón idir an 1 agus an 4 Deireadh Fómhair 2021, lena n-áirítear scairdeitleáin trodaíochta; ina theannta sin, dúshlán a chur roimh an tSín mar gheall ar a comharthaíocht reitrice maidir lena bheith i gceist aici an Téaváin a ionchorprú faoi riail ollsmachtach Pháirtí Cumannach na Síne (CCP), agus é á mhaíomh aici ag an am céanna go bhfuil forbairt shíochánta á shaothrú aige ar an gcaidreamh leis an Téaváin, ar dhá chuspóir iad a bhfuil cuma fhrithráiteach orthu, agus a áitiú nach ceart aon athrú ar chaidreamh tras-chaolais a dhéanamh go haontaobhach ná i gcoinne thoil shaoránaigh na Téaváine; AE agus na Ballstáit a ghríosú chun ról réamhghníomhach a ghlacadh i ndáil le hoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht ar fud Chaolais na Téaváine a shaothrú, agus comhpháirtíochtaí a bhunú le rialtas daonlathach na Téaváine;
   (d) a chur in iúl gur cúis mhór imní dóibh an staid mar atá i Muir na Síne Thoir agus Theas, agus go bhfuil siad go mór i gcoinne aon iarrachtaí aontaobhacha an status quo a athrú agus an teannas a mhéadú; a athdhearbhú a thábhachtaí atá sé an dlí idirnáisiúnta a urramú, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS) a bhfuil forálacha atá ann maidir leis an oibleagáid díospóidí a réiteach trí bhealaí síochánta, agus maidir le saoirse loingseoireachta agus traseitilte a choinneáil;
   (e) a chur in iúl gur cúis mhór bhuartha dóibh cumas na Síne ionradh lánscála a dhéanamh ar an Téaváin faoi 2025; cáineadh láidir a dhéanamh ar an sárú nach bhfacthas a leithéid riamh cheana ag an tSín ar zón aitheantais aerchosanta na Téaváine ón 1 Deireadh Fómhair 2021 i leith, ina raibh 150 eitleán cogaidh rannpháirteach ann, lena n-áirítear scairdeitleáin trodaíochta agus buamadóirí le hacmhainn núicléach; a chur in iúl go bhfuil siad den tuairim go gcaitheann an briogadh míleata leis an tSín le déanaí amhras ar intinn fhadtéarmach na Síne réiteach síochánta a shaothrú;
   (f) a mheabhrú gur leas bunúsach don Aontas agus dá chuid Ballstát é an tsíocháin agus an chobhsaíocht a choinneáil sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; a chur i bhfáth nach amháin go gcruthódh coinbhleacht mhíleata i gCaolas na Téaváine suaitheadh suntasach eacnamaíoch a dhéanfadh difear do leasanna na hEorpa, ach go mbainfeadh sí an bonn go mór freisin den ord riailbhunaithe sa réigiún, agus de rialachas daonlathach le cearta an duine a bhfuil an daonlathas agus an smacht reachta ina chroílár;
   (g) a chuimhneamh gur mór ag AE an tslándáil i gCaolas na Téaváine agus go bhfuil nasc díreach idir rathúnas na hEorpa agus slándáil na hÁise agus, dá bhrí sin, go mbeadh iarmhairtí don Eoraip dá leathadh coinbhleacht i bhfad níos faide ná an réimse eacnamaíoch; a dhearbhú go mbeidh iarmhairtí ag gníomhaíochtaí na Síne i gcoinne na Téaváine agus i Muir na Síne Theas ar chaidreamh AE-na Síne;
   (h) a chur in iúl gur cúis imní dó reachtaíocht na Síne a bhaineann leis an Téaváin agus a thabhairt chun suntais gur fhág forchur an Dlí Slándála Náisiúnta ar Hong Cong nach féidir aon iontaoibh a chur sa mhaíomh i ndlí frithscartha 2005 go ndeonófaí ardleibhéal neamhspleáchais don Téaváin i gcás aontaithe;
   (i) béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé, go háirithe i bhfianaise bhriogaireacht agus mhéadú míleata leanúnach na Síne, leibhéil uile na comhpháirtíochta agus an chomhair idir AE agus an Téaváin a chur chun cinn tuilleadh; a thabhairt chun suntais, go háirithe, an ról ceannasach is féidir a bheith ag Parlaimint na hEorpa a mhéid a bhaineann le réimsí le haghaidh tuilleadh comhair a shainaithint, mar aon le haird a tharraingt agus sainaithint a dhéanamh go soiléir ar bhriogaireacht na Síne agus dlúthpháirtíocht a léiriú leis an Téaváin;
   (j) a chur in iúl go bhfuil sé go mór i bhfabhar rannpháirtíocht fhónta na Téaváine mar bhreathnóir i gcruinnithe, sásraí agus gníomhaíochtaí comhlachtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Eagraíochta Dhomhanda Sláinte (EDS), an Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO), Eagraíocht Idirnáisiúnta na bPóilíní Coireachta (Interpol) agus Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC); na Ballstáit agus ar institiúidí AE a ghríosú chun tacú le tionscnaimh idirnáisiúnta lena n-iarrtar go mbeadh an Téaváin rannpháirteach in eagraíochtaí idirnáisiúnta; a chur in iúl arís gur geall leis comhoibriú réamhghníomhach na Téaváine leis an gcomhphobal idirnáisiúnta maidir le foghlaim faoi phaindéim COVID-19 agus maidir le teacht ar na bealaí is fearr le freagairt uirthi, agus a chur i bhfios go láidir go bhfuil sé cruthaithe leis an gcás sin go ngabhfadh breisluach do shláinte agus folláine na saoránach agus a chuid comhaltaí uile le hionchur na Téaváine in EDS;
   (k) a mholadh go mbeadh malartú méadaithe eacnamaíoch, eolaíoch, cultúrtha, polaitiúil agus duine le duine, cruinnithe agus comhar idir AE agus an Téaváin, agus malartuithe le rannpháirtíocht ionadaithe na mBallstát, lena n-áirítear ar na leibhéil is sinsearaí, ionas go léireofaí an dlúthchomhar dinimiciúil agus ilghnéitheach atá idir AE agus an Téaváin mar chomhpháirtithe ar aon intinn; cáineadh a dhéanamh ar na bagairtí ó Dhaon-Phoblacht na Síne go mbainfeadh sí díoltas amach agus ar an mbrú atá á chur aici ar Miloš Vystrčil, Uachtarán Sheanad Phoblacht na Seice, mar gheall ar an gcuairt a thug sé ar an Téaváin i mí Lúnasa 2020, agus a thabhairt d’aire go bhfuil sé de cheart ag Poblacht na Seice agus ag gach tír cheannasach eile comhar eacnamaíoch agus cultúrtha a fhorbairt leis an Téaváin;
   (l) leanúint de thacaíocht a thabhairt do chuimsiú na Téaváine i Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach AE; aird dhearfach a thabhairt ar an bhfoilseachán le déanaí ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ar straitéis AE don chomhar sa réigiún Ind Chiúin-Aigéanach, lena dtugtar ar aird go bhfuil méadú míleata suntasach na Síne ina shiocair leis an méadú ar an teannas sna teophointí réigiúnacha amhail Muir Theas agus Thoir na Síne, mar aon le Caolas na Téaváine, agus a dhearbhú a bhunriachtanaí atá sé do AE an comhar le comhpháirtithe réigiúnacha a athneartú ar mhaithe leis an tsíocháin, an chobhsaíocht agus an rathúnas a áirithiú ar fud an chalaois; a thathant ar AE leanúint d’oibriú i ndlúthchomhar le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leis trí straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin Aigéanach chun aghaidh a thabhairt ar sheasamh teanntásach na Síne sa réigiún, agus chun an t-ord riailbhunaithe a neartú, i bhfianaise leasanna an Aontais féin sa réigiún;
   (m) leanúint de thionscnaimh a ghlacadh chun caidreamh eacnamaíoch déthaobhach agus teagmháil duine le duine a fheabhsú, go háirithe i measc daoine óga, agus lena n-áireofar an saol acadúil, an tsochaí shibhialta, spórt, cultúr agus oideachas, chomh maith le comhpháirtíochtaí idir cathracha agus idir réigiúin; comhpháirtíochtaí comhchathracha atá ann faoi láthair idir cathracha Eorpacha agus Téaváine a mholadh agus taidhleoireacht chathrach a spreagadh mar uirlis chun cabhrú le rannpháirtíocht na Téaváine i dtionscnaimh idirnáisiúnta, rud lena gcuirfí ar chumas na Téaváine dul timpeall ar iarrachtaí na Síne a leithlisiú taidhleoireachta a mhéadú tuilleadh;
   (n) comhar na hEorpa agus na Téaváine in earnáil na meán a spreagadh, chun timpeallacht mheáin na Sínise in AE a éagsúlú agus chun rogha mhalartach ar asraonta meán atá faoi rialú Dhaon-Phoblacht na Síne a chur ar fáil;
   (o) a mholadh do AE agus do na Ballstáit feasacht a mhúscailt san Eoraip maidir leis an staid i gCaolas na Téaváine, chomh maith le castacht an chaidrimh idir an Téaváin agus an tSín trí chláir thiomnaithe a bhunú agus a chistiú agus trí thaighde a dhíríonn ar an tsochaí i gcoitinne; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i ndíospóireacht chuimsitheach ar fud na mBallstát, á mhíniú don phobal Eorpach cad iad na rioscaí a bhainfeadh le dul chun cinn forlámhach sa réigiún Ind-Chiúin Aigéanach trí sheasamh teanntásach na Síne agus trína hiarrachtaí an bonn a bhaint den daonlathas, go háirithe sa Téaváin, agus na himpleachtaí don daonlathais ar fud an domhain a bhainfeadh le bagairtí den sórt sin a fhágáil gan aghaidh a thabhairt orthu;
   (p) idirphlé agus comhar leis an Téaváin sna hearnálacha agus sna slabhraí soláthair uile a spreagadh, go háirithe i dtionscail atá ag teacht chun cinn agus tionscail a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo amhail feithiclí leictreacha, róbataic agus an mhonaraíocht chliste, mar aon le teicneolaíochtaí leathsheoltóra;
   (q) tacú le tionscnaimh a neartú tuilleadh lenar féidir leis an Aontas dul i mbun comhpháirtíochtaí leis an Téaváin i réimsí an TFC, na bithteicneolaíochta, na sláinte agus na slándála, agus obair a dhéanamh ar chomhar agus ar thionscnaimh nithiúla idir Straitéis an Aontais maidir le Nascacht agus Beartas Nua ó Dheas na Téaváine; tacú go láidir le comhpháirtíocht an dá thaobh maidir le leathsheoltóirí a threisiú;
   (r) aitheantas a thabhairt do ról lárnach na Téaváine i dtionscail straitéiseacha amhail an cúigiú glúin den bhonneagar cumarsáide (5G), ós rud é gur sa Téaváin atá an teilgcheárta is mó ar domhan agus gurb í an Téaváin an táirgeoir is mó leathsheoltóirí dá bhfuil ann; a chur i bhfáth go mbeidh ról lárnach ag micrishliseanna amach anseo maidir leis an ord domhanda a mhúnlú agus gurb iad siúd a mbeidh dearadh agus monarú micrishliseanna faoina rialú a leagfaidh síos an bealach sa 21ú aois; a mheabhrú gur fhág an suaitheadh ar shlabhraí soláthair domhanda a tháinig as an bpaindéim go bhfuil an Téaváin i lár an aonaigh maidir leis an iarracht theicneolaíoch, agus go bhfuil a leochaileachtaí féin aitheanta ag an Aontas, agus béim á leagan aige ar a phráinne atá sé a spleáchas ar ghníomhaithe seachtracha a laghdú; a thathant, dá bhrí sin, go mbeadh comhar méaduithe ann leis an Téaváin chun tacú le clár oibre an AE maidir lena haistriú glas agus digiteach, chomh maith le hiarrachtaí AE i dtreo slabhraí luacha agus soláthair a éagsúlú, mar tá dlús curtha ag an bpaindéim leis an éileamh ar an dá rud, agus béim á leagan ar an ngá atá le hinfheistíocht agus le tacaíocht pholaitiúil, go háirithe i slabhraí luacha a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo, amhail micrileictreonaic, tiomáint uathrialach agus intleacht shaorga (IS), ar réimsí iad ina bhfuil ról lárnach ag an Téaváin;
   (s) fáilte a chur roimh eagrú an chéad Fhóraim Eorpach um Infheistíocht Inbhuanaithe a bhí ann riamh, a reáchtáladh sa Téaváin i mí Mheán Fómhair 2020, agus tuilleadh infheistíochta déthaobhaí a spreagadh sa dá threo; a thathant go ndéanfaí méadú ar infheistíocht den sórt sin i dtionscail ina bhfuil an Téaváin ar thús cadhnaíochta, eadhon teicneolaíochtaí criticiúla lena n-áirítear leathsheoltóirí, a thacódh le hiarrachtaí AE a acmhainneacht micrileictreonach féin a neartú; a thabhairt d’aire, tar éis Idirphlé na Téaváine-AE in 2020 maidir leis an nGeilleagar Digiteach, gur cheart do AE agus don Téaváin tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an bplé a bhí acu maidir le comhar taighde agus teicneolaíochta, blocshlabhra, intleacht shaorga, deimhniú cibearshlándála, an geilleagar sonraí agus nascacht dhigiteach, chun tuilleadh sineirgí a shainaithint, malartú beartais maidir le forbairt an gheilleagair dhigitigh a leathnú, agus comhpháirtíochtaí níos fairsinge a bhunú;
   (t) fáilte a chur roimh na gealltanais dheonacha a thug an Téaváin go gcabhródh sí leis an téamh domhanda a chomhrac, agus, ar an gcaoi sin, go rannchuideodh sí le cur chun feidhme chuspóirí Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide;
   (u) an tAontas agus na Ballstáit a spreagadh chun an comhar leis an Téaváin a threisiú maidir le haghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis ó thríú tíortha díobhálacha, lena n-áirítear dea-chleachtais a chomhroinnt, cur chuige comhpháirteach maidir le saoirse agus iriseoireacht na meán a chothú, comhar maidir le cibearshlándáil agus cibearbhagairtí a dhoimhniú, feasacht na saoránach a mhúscailt agus litearthacht dhigiteach fhoriomlán a fheabhsú i measc an phobail chun athléimneacht ár gcóras daonlathach a neartú; tacú le dlús a chur leis an gcomhar idir meithleacha machnaimh ábhartha de chuid na hEorpa agus na Téaváine sa réimse seo;
   (v) breathnú ar fhoghlaim ó thaithí na Téaváine maidir leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise ón mórthír lena spriocdhírítear ar neamhspleáchas na Téaváine trí úsáid a bhaint as ardáin na meán sóisialta, trí insíothlú isteach i dteilifís agus i meáin chlóite na Téaváine chun tionchar a imirt ar thuairimí an phobail, ag iarraidh an bonn a bhaint de thoghcháin sa Téaváin; an Téaváin a mholadh as litearthacht sna meáin a mheas mar uirlis úsáideach ríthábhachtach chun daoine a chur ar an eolas maidir le bréagaisnéis a shainaithint, agus dá bhrí sin, litearthacht sna meáin a ionchorprú i gcuraclam na scoile;
   (w) a chur i bhfáth go bhfuil níos mó ná an Téaváin féin i gceist leis na buntáistí a bhaineann lena cuid iarrachtaí chun an bhréagaisnéis a chomhrac agus chun dul i ngleic leis an mbréagnuacht, iarrachtaí a théann i bhfeidhm ní hamháin ar an tsochaí ar an oileán, ach freisin ar phobal labhartha na Sínise i Hong Cong agus i dtíortha eile san Áise Thoir Theas;
   (x) cáineadh a dhéanamh ar iarrachtaí na Síne míchlú a tharraingt ar láimhseáil na paindéime ag rialtas na Téaváine; cur chuige éifeachtach ó bhun aníos na Téaváine a mholadh, ar cur chuige é atá faoi stiúir a cuid saoránach, chun an nuacht agus an fhaisnéis a sheiceáil, ag baint úsáid as an teicneolaíocht, amhail an intleacht shaorga, chun iarrachtaí a uas-scálú agus chun a chur ar chumas seiceálaithe fíricí na dearbhuithe is díobhálaí a chuirtear thart ar ardáin na meán sóisialta a shainaithint agus, ar an gcaoi sin, deireadh a chur lena scaipeadh;
   (y) a mheabhrú go bhfuil an bhagairt ar an Téaváin ó oibríochtaí bréagaisnéise na Síne ina cuid d’fhadhb níos mó atá os comhair daonlathas ar fud an domhain i ré ina bhfuil ról lárnach ag teicneolaíochtaí cumarsáide san iomaíocht gheopholaitiúil don cheannaireacht dhomhanda; a mheabhrú go bhfuil an tSín, in éineacht le tíortha neamhdhaonlathacha eile, fós ina mórbhagairt do dhaonlathais san Eoraip trí fheachtais bhréagaisnéise, ar bagairt í atá méadaithe go suntasach leis an bpaindéim, mar a tugadh ar aird sa tuarascáil ó SEGS i mí an Mheithimh 2020; a thabhairt d’aire, dá bhrí sin, gur chun leasa an Aontais agus na Téaváine araon atá an comhar sa chomhrac i gcoinne na bréagaisnéise;
   (z) an comhar reatha idir AE agus an Téaváin maidir le taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn tuilleadh i gCreatchlár Fís Eorpach (2021-2027); rannpháirtíocht níos mó taighdeoirí ón Téaváin i bhFís Eorpach amach anseo a ghríosú;
   (aa) an turasóireacht agus malartuithe ógra leis an Téaváin a chur chun cinn tuilleadh trí thionscnaimh amhail na cláir saoire oibre, Erasmus nó Scoláireacht Nascachta na Téaváine na hEorpa, agus deiseanna comhair a fhiosrú san ardoideachas agus i réimsí eile arb é is aidhm dóibh saineolas na Síne agus na Téaváine san Eoraip a neartú agus rannchuidiú le tuiscint níos fearr ar an Eoraip a bhaint amach sa Téaváin;
   (ab) AE agus a chuid Ballstát a spreagadh chun feabhas a chur ar an gcomhar leis an Téaváin sa Chreat Domhanda um Chomhar agus Oiliúint, ar ardán um chomhar réigiúnach é le haghaidh cláir fothaithe acmhainneachta agus oiliúna do thríú tíortha ar fud an domhain;
   (ac) ainm na hOifige Eorpaí Eacnamaíche agus Trádála sa Téaváin a athrú go dtí ‘Oifig an Aontais Eorpaigh sa Téaváin’ chun raon feidhme leathan na nasc eadrainn a chur in iúl;
   (ad) fáilte a chur roimh na pleananna chun Oifig Ionadaíocha de chuid na Téaváine a chur ar bun sa Liotuáin; cáineadh a dhéanamh ar fhorchur smachtbhannaí eacnamaíocha ag an tSín mar fhreagairt ar sin; a tacaíocht agus a dlúthpháirtíocht leis an Liotuáin a léiriú ina leith sin, bearta iomchuí a dhéanamh, agus a iarraidh ar an gComhairle déanamh amhlaidh;
   (ae) an Téaváin a mholadh mar chomhpháirtí den scoth maidir le cearta an duine agus an tsaoirse creidimh a chur chun cinn sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; aitheantas a thabhairt d’fheidhmíocht na Téaváine as sampla a thabhairt sa réigiún, agus cruthúnas láidir ann go dtugann sí urraim do shaoirsí bunúsacha, idir eacnamaíocha agus sóisialta, chomh maith le cearta polaitiúla agus cultúrtha, lena n-áirítear dul chun cinn maidir le cearta daoine LGBTQI, agus cearta pobal dúchasach; Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine agus Toscaire Speisialta um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach a bheith rannpháirteach i gcoinbhinsiúin idirnáisiúnta sa Téaváin maidir le cearta an duine agus gníomhaíocht nithiúl a dhéanamh chun oibriú leis an Téaváin chun cearta an duine agus an tsaoirse creidimh, an geilleagar digiteach agus fás inbhuanaithe na dtíortha i mbéal forbartha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a bhrú chun tosaigh;
   (af) comhar leis an Téaváin a neartú d’fhonn dea-chleachtais a mhalartú maidir le paindéim COVID-19 a láimhseáil, ag seoladh tionscnaimh chun soláthar vacsaíní a éascú agus ag leanúint de chomhar an Aontais leis an Téaváin a fheabhsú i réimse na sláinte agus i rialú galar teagmhálach; rialtas na Téaváine agus a mhuintir a mholadh as bheith measartha rathúil maidir leis an bpaindéim a shrianadh sa bhaile agus as a fhlaithiúla a bhí sé maidir le cúnamh a thairiscint do thíortha eile; a mheabhrú go raibh freagairt éifeachtach na Téaváine ag brath ar thrédhearcacht, oscailteacht agus úsáid na teicneolaíochta i gcomhar leis an tsochaí, cur chuige a bhí fréamhaithe i muinín an phobail;
   (ag) gníomhaíochtaí dlúthpháirtíochta na Téaváine leis an Aontas a mholadh, mar a léiríodh trí dheonú os cionn seacht milliún masc máinliachta do roinnt Ballstát le linn na míonna millteanacha ag tús na paindéime, chomh maith le cúig líne táirgthe masc do Phoblacht na Seice; a iarraidh go ndéanfaí an dlúthpháirtíocht sin a chúiteamh ar an mbealach céanna;
   (ah) leanúint de chomhroinnt faisnéise idir na Ballstáit agus an Téaváin a spreagadh mar aon leis an gcomhrac comhpháirteach i gcoinne na coireachta trasteorann;
   (ai) aitheantas a thabhairt don fhíoras gur leag na Stáit Aontaithe agus an tSeapáin béim den chéad uair ar a thábhachtaí atá an tsíocháin agus an chobhsaíocht i gCaolas na Téaváine sa ráiteas comhpháirteach ó chruinniú mullaigh déthaobhach le déanaí, agus gur tháinig ráiteas den chineál céanna ón G7 ina dhiaidh sin go luath i mí na Bealtaine; AE a ghríosú chun oibriú i gcomhar le comhpháirtithe eile atá ar aon intinn leis, amhail an Astráil, an Nua-Shéalainn, an India, an tSeapáin, an Chóiré Theas agus na Stáit Aontaithe, agus breathnú ar chuireadh a thabhairt do Théaváin a bheith rannpháirteach lena chomhpháirtithe sna hardáin atá ann cheana agus i ngrúpaí oibre maidir le tionscail chriticiúla;
   (aj) na Ballstáit nach bhfuil Comhaontú chun Cánachas Dúbailte a Sheachaint agus Cosc a chur le hImghabháil Fhioscach ná Comhaontú Malartaithe Faisnéise Cánach leis an Téaváin acu a spreagadh chun caibidlíocht maidir le comhaontuithe den sórt sin a thionscnamh a luaithe is féidir;

2.  á threorú dá hUachtarán an moladh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus do Rialtas na Téaváine.

(1) IO C 181, 19.5.2016, lch. 52.


Árachas mótarfheithiclí ***I
PDF 121kWORD 61k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/103/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin (COM(2018)0336 – C8-0211/2018 – 2018/0168(COD))
P9_TA(2021)0433A8-0035/2019

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0336),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0211/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 28 Meitheamh 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus do thuairim an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A8-0035/2019),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(2);

2.  ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 21 Deireadh Fómhair 2021 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/103/AE maidir le hárachas i gcoinne dliteanas sibhialta i ndáil le húsáid mótarfheithiclí, agus maidir le forfheidhmiú na hoibleagáide chun árachú i gcoinne an dliteanais sin

P9_TC1-COD(2018)0168


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2021/2118.)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún ar an Treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/103/CE

Tá an Coimisiún fós tiomanta do chosaint a thabhairt d’ardleibhéal cosanta íospartach i gcomhthéacs na Treorach maidir le Mótarárachas. Is é an cuspóir atá againn a áirithiú go dtabharfar cúiteamh d’íospartaigh, lena n-áirítear i gcásanna trasteorann, chomh tapa agus is féidir agus nach mbeidh siad faoi réir ceanglais nós imeachta dhíréireacha a d’fhéadfadh bac a chur ar a rochtain ar chúiteamh. Braitheann éifeachtacht cúitimh go mór ar é a thabhairt in am tráthúil. I ndáil leis sin, cuirimid sonrú sna cúiseanna buartha atá curtha in iúl arís agus arís eile ag Parlaimint na hEorpa maidir le héagsúlachtaí i measc na mBallstát i dtaca le tréimhsí teorann, i.e. an t-achar ama ábhartha ar féidir le duine díobhálaithe éileamh a dhéanamh lena linn. Déanfaidh an Coimisiún breithniú cúramach ar an tsaincheist sin agus fiosróidh sé leigheasanna féideartha ionas go neartófar cosaint na n-íospartach tuilleadh, dá léireofaí le fianaise go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais.

(1) IO C 440, 6.12.2018, lch. 85.
(2) Tá an seasamh seo ag gabháil in ionad na leasuithe a glacadh an 13 Feabhra 2019 (IO C 449, 23.12.2020, lch. 586).


Comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach *
PDF 598kWORD 184k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle maidir leis na Comhghnóthais faoi Fís Eorpach a bhunú(COM(2021)0087 – C9-0166/2021 – 2021/0048(NLE))
P9_TA(2021)0434A9-0246/2021

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2021)0087),

–  ag féachaint d’Airteagal 187 agus don chéad fhomhír d’Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C9-0166/2021),

–  ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0246/2021),

1.  ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3.  á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;

4.  á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1
(1)  D’fhonn an tionchar is mó agus is féidir a bhaint amach ar chistiú ón Aontas agus rannchuidiú ar an mbealach is éifeachtaí le cuspóirí beartais an Aontais, bunaíodh le Rialachán [XXXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 (an ‘Rialachán maidir le Fís Eorpach’] an creat beartais agus dlíthiúil le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha ag a bhfuil comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí. Is príomhghné de chur chuige beartais Fís Eorpach iad comhpháirtíochtaí Eorpacha. Bunaítear iad chun tosaíochtaí an Aontais ar a ndírítear le Fís Eorpach a sheachadadh agus le tionchar soiléir don Aontas agus do mhuintir an Aontais a áirithiú, rud is féidir a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí le comhpháirtíocht, trí fhís straitéiseach a chomhroinntear idir na comhpháirtithe agus ar a n-aontaíonn na comhpháirtithe, seachas an tAontas amháin.
(1)  Chun an tionchar is mó agus is féidir a bhaint amach ar chistiú ón Aontas agus rannchuidiú ar an mbealach is éifeachtaí le cuspóirí beartais an Aontais, rinneadh an creat beartais agus dlíthiúil le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha, a bhfuil comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí acu, a bhunú le Rialachán [XXXX] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 (an ‘Rialachán maidir le Fís Eorpach’). Is príomhghné de chur chuige beartais an chláir Fís Eorpach iad comhpháirtíochtaí Eorpacha. Bunaítear iad chun gealltanais agus tosaíochtaí an Aontais ar a ndírítear leis an gclár Fís Eorpach a bhaint amach agus chun tionchar soiléir do AE agus do mhuintir an Aontais agus don chomhshaol a áirithiú, rud is féidir a bhaint amach ar bhealach níos éifeachtaí le comhpháirtíocht, trí fhís straitéiseach a chomhroinntear idir na páirtithe agus ar a n-aontaíonn na comhpháirtithe le chéile, in ionad an Aontais agus é ag gníomhú ina aonar.
__________________
__________________
10 IO [….].
10 IO [….].
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
(2)  Go háirithe, tá ról tábhachtach ag comhpháirtíochtaí faoin gcolún ‘Dúshláin Dhomhanda agus an tIomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ de chuid Fís Eorpach i gcuspóirí straitéiseacha, amhail dlús a chur faoin aistriú i dtreo na gcuspóirí forbartha inbhuanaithe agus Eoraip ghlas, dhigiteach a bhaint amach, agus ba cheart dóibh cur leis an téarnamh ón ngéarchéim a bhaineann le COVID-19 nach rabhthas ag súil léi. Téann comhpháirtíochtaí Eorpacha i ngleic le dúshláin chasta trasteorann a dteastaíonn cur chuige comhtháite uathu. Táthar in ann dul i ngleic leis na clistí claochlaithe, córasacha agus margaidh a ndéantar cur síos orthu sna measúnaithe tionchar a ghabhann leis an Rialachán seo leis na comhpháirtíochtaí sin, ag tabhairt raon leathan gníomhaithe i measc na slabhraí luacha agus na n-éiceachóras le chéile chun oibriú i dtreo fís choiteann agus an fhís sin a aistriú ansin go treochláir nithiúla agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme comhordaithe. Thairis sin, ligeann siad d’iarrachtaí agus acmhainní a dhíriú ar thosaíochtaí coiteanna chun na dúshláin chasta a réiteach.
(2)  Go háirithe, tá ról tábhachtach ag comhpháirtíochtaí Eorpacha faoin gcolún ‘Dúshláin Dhomhanda agus an tIomaíochas Tionsclaíoch Eorpach’ den chlár Fís Eorpach maidir le cuspóirí straitéiseacha a bhaint amach, amhail dlús a chur le baint amach spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, chomh maith le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras arna ghlacadh faoi Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide1a (‘Comhaontú Pháras’) agus an t-aistriú i dtreo Eoraip ghlas agus dhigiteach, agus ba cheart dóibh rannchuidiú le téarnamh atá athléimneach ar bhonn sóisialta, eacnamaíochta agus comhshaoil ón ngéarchéim gan fasach a bhaineann le COVID-19, agus ceannaireacht thionsclaíoch Eorpach á treisiú. Téann comhpháirtíochtaí Eorpacha i ngleic le dúshláin chasta trasteorann a dteastaíonn cur chuige comhtháite ina leith. Táthar in ann dul i ngleic leis na clistí claochlaithe, córasacha agus margaidh a ndéantar cur síos orthu sna measúnaithe tionchar a ghabhann leis an Rialachán seo leis na comhpháirtíochtaí sin, trí raon leathan gníomhaithe ar fud na slabhraí luacha agus na n-éiceachóras a thabhairt le chéile chun oibriú i dtreo fís choiteann agus an fhís sin a aistriú ansin go treochláir nithiúla agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme comhordaithe. Thairis sin, trí iarrachtaí agus acmhainní a dhíriú ar thosaíochtaí coiteanna, féadtar dúshláin chasta a réiteach chun leasa na sochaí.
___________
1a IO L 282, 19.10.2016, lch. 4.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 a (nua)
(2a)  Ionas go n-áiritheofar barr feabhais eolaíoch, agus i gcomhréir le hAirteagal 13 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’), ba cheart saoirse an taighde eolaíoch a áirithiú agus ba cheart na caighdeáin is airde ionracais eolaíoch a chur chun cinn.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 b (nua)
(2b)  Is tábhachtach go n-urramódh gach comhpháirtíocht Eorpach na cleachtais eiticiúla agus na prionsabail bhunúsacha eiticiúla agus iad ag cloí leis na caighdeáin eitice a leagtar amach sna cóid eitice éagsúla náisiúnta, earnálacha agus institiúideacha. Ba cheart go gcuirfeadh a ngníomhaíochtaí taighde na prionsabail chun feidhme a leagtar síos in Airteagal 19 den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus sa ráiteas ón gCoimisiún maidir le heitic agus taighde ar ghaschealla a bhaineann leis an Airteagal sin.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  D’fhonn tosaíochtaí agus tionchar a sheachadadh, ba cheart comhpháirtíochtaí Eorpacha a fhorbairt trí rannpháirtíocht leathan ó pháirtithe leasmhara ábhartha ar fud na hEorpa, lena n-áirítear tionscal, eagraíochtaí taighde, comhlachtaí ag a bhfuil misean seirbhíse poiblí ag leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, amhail fondúireachtaí a thacaíonn le agus/nó a thugann faoi thaighde agus nuálaíocht. Ba cheart dóibh a bheith ar cheann de na bearta a úsáidtear chun an comhar idir comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, lena n-áirítear trí chláir thaighde agus nuálaíochta agus infheistíocht trasteorann sa taighde agus nuálaíocht a thabhairt le chéile, chun leasanna frithpháirteacha a sholáthar do dhaoine agus gnólachtaí agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir leis an Aontas seasamh lena leasanna i réimsí straitéiseacha.
(3)  Chun tosaíochtaí agus tionchar a bhaint amach, ba cheart comhpháirtíochtaí Eorpacha a fhorbairt trí rannpháirtíocht leathan ó gach páirtí leasmhar ábhartha ar fud na hEorpa, lena n-áirítear an tionscal, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus gnólachtaí nuathionscanta, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, comhlachtaí ag a bhfuil misean seirbhíse poiblí ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta nó idirnáisiúnta, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtais (ENRanna), agus fondúireachtaí a thacaíonn le agus/nó a thugann faoi thaighde agus nuálaíocht. Ba cheart dóibh a bheith ar cheann de na bearta a úsáidtear chun an comhar idir comhpháirtithe san earnáil phríobháideach agus/nó phoiblí a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta freisin, lena n-áirítear trí chláir thaighde agus nuálaíochta agus infheistíocht trasteorann sa taighde agus nuálaíocht a thabhairt le chéile, chun leasanna frithpháirteacha a sholáthar do dhaoine agus do ghnólachtaí agus a áirithiú ag an am céanna gur féidir leis an Aontas a neamhspleáchas straitéiseach a fhorbairt in éineacht le geilleagar oscailte.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Bunaítear an creat ginearálta le Rialachán (AE) 2020/85211 chun a chinneadh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun infheistíochtaí inbhuanaithe a shainiú. Cruthaítear leis tagairt choiteann is féidir le hinfheisteoirí, bainc, tionscal agus taighdeoirí a úsáid nuair atáthar ag infheistiú i dtionscadail agus gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil tionchar dearfach substaintiúil acu ar an aeráid agus an comhshaol gan aon díobháil shuntasach a dhéanamh dóibh. Is é an tagairt sin an tagairt le haghaidh infheistíochtaí glasa san Aontas.
(6)  Bunaítear an creat ginearálta le Rialachán (AE) 2020/85211 chun a chinneadh an gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun críoch infheistíochtaí inbhuanaithe a shainiú. Cruthaítear tagairt choiteann leis, ar féidir le hinfheisteoirí, bainc, tionscal agus taighdeoirí úsáid a bhaint aisti nuair atá siad ag infheistiú i dtionscadail agus gníomhaíochtaí a thagann faoina raon feidhme agus a bhfuil tionchar dearfach substaintiúil acu ar an aeráid agus ar an gcomhshaol gan aon díobháil shuntasach a dhéanamh dóibh. Is í an tagairt sin an tagairt le haghaidh infheistíochtaí glasa san Aontas.
__________________
__________________
11 Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
11 Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088 (IO L 198, 22.6.2020, lch. 13).
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  I gcás inarb ábhartha, ba cheart go gcuimhneoidh comhpháirtíochtaí ar Chritéir Scagtha Theicniúla de réir Airteagal 3 agus an prionsabal ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ d’Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 mar ionstraim chun ullmhacht agus rochtain a dtionscal ar mhaoiniú glas a fheabhsú a bheidh ríthábhachtach le haghaidh glacadh margaidh agus cur in úsáid níos leithne na dteicneolaíochtaí agus na réiteach a sheachadfaidh siad. Tá fianaise eolaíoch i gcroílár na gCritéar Scagtha Teicniúil. Ba cheart go mbeidh ról lárnach ag taighde agus nuálaíocht a shaothraíonn na Comhpháirtíochtaí i gcuidiú leis na gníomhaithe eacnamaíocha na caighdeáin agus na teorainn a bhunaítear sa Rialachán a bhaint amach nó dul tharstu, agus na Critéir Scagtha Theicniúla a choinneáil cothrom le dáta agus comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
(7)  I gcás inarb ábhartha, ba cheart go gcuimhneodh comhpháirtíochtaí ar Chritéir Scagtha Theicniúla de réir Airteagal 3 agus an prionsabal ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ de réir Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina dtagann gníomhaíocht an Chomhghnóthais faoi raon feidhme an Rialacháin sin mar ionstraim chun feabhas a chur ar ullmhacht a dtionscadal agus ar a rochtain ar mhaoiniú glas a bheidh ríthábhachtach le haghaidh glacadh margaidh agus chur in úsáid níos leithne na dteicneolaíochtaí agus na réiteach nuálach a chuirfidh siad ar fáil. Tá fianaise eolaíoch i gcroílár na gCritéar Scagtha Teicniúil. Ba cheart go mbeadh ról tábhachtach ag an taighde agus nuálaíocht a shaothraíonn na Comhpháirtíochtaí i gcuidiú leis na gníomhaithe eacnamaíocha na caighdeáin agus na tairseacha a bhunaítear sa Rialachán a bhaint amach nó dul tharstu, agus na Critéir Scagtha Theicniúla a choinneáil cothrom le dáta agus comhsheasmhach le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Ba cheart na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a thugann na comhghnóthais fúthu a chistiú le Fís Eorpach. Ba cheart go bhforbróidh na comhghnóthais sineirgí dlútha le cláir eile agus ionstraimí cistithe de chuid an Aontais chun an tionchar is mó a bhaint amach, go háirithe leo siúd a thacaíonn le cur in úsáid réiteach nuálach, oideachas agus forbairt réigiúnach, d’fhonn comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a mhéadú agus éagothroime a laghdú.
(10)  Ba cheart na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a thugann na comhghnóthais fúthu a chistiú le Fís Eorpach. Chun go mbainfear an tionchar uasta amach, ba cheart go bhforbródh na comhghnóthais dlúthshineirgí le cláir agus ionstraimí cistithe eile de chuid an Aontais, go háirithe leo siúd a thacaíonn le cur in úsáid réiteach inbhuanaithe nuálach, oideachas agus forbairt réigiúnach, chun freagairt do dhúshláin dhomhanda agus comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a mhéadú agus éagothroime a laghdú agus tionchair ar an gcomhshaol a mhaolú.
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Éilítear sa chur chuige nua le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha, agus go háirithe comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha, bealach nua leis an gcreat dlíthiúil faoina bhfeidhmeoidh siad a bhunú. Cé gur cruthaíodh gurb éifeachtach comhghnóthais a bhunú ar bhonn Airteagal 187 CFAE chun críche Fís 2020 ó thaobh cur chun feidhme, is gá cur leis sin. Dá bhrí sin, is é is aidhm leis an Rialachán seo comhleanúnachas, éifeachtúlacht, éifeachtacht agus treoshuíomh tionchair an chur chun feidhme a mhéadú trí fhorálacha Fís Eorpach, agus an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme cláir faoi Fís 2020, a aistriú go forálacha coitianta ar fud na gcomhghnóthas ar bhealach comhoiriúnaithe. Is é is aidhm leis comhpháirtíochtaí Eorpacha a éascú chun comhar agus sineirgí lena chéile a chur ar bun, agus dá bhrí sin úsáid iomlán a bhaint as a n-idirnascachtaí ag leibhéal eagraíochtúil. Ba cheart go bhféachfaidh comhghnóthais le deiseanna a aimsiú chun ról a thabhairt d’ionadaithe comhpháirtíochtaí Eorpacha eile a bheith rannpháirteach i ndréachtú a gclár oibre, ag aithint na réimsí nó na gcomhghníomhaíochtaí a thacódh leis na dúshláin ar bhealach níos éifeachtúla agus níos éifeachtaí, ag seachaint forluí, ag ailíniú uainiú a ngníomhaíochtaí agus rochtain ar thorthaí agus ar mhalartú eolais ábhartha eile a áirithiú.
(11)  Éilítear bealach nua sa chur chuige nua le haghaidh Comhpháirtíochtaí Eorpacha, agus go háirithe comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha, leis an gcreat dlíthiúil faoina bhfeidhmeoidís a bhunú. Cé gur cruthaíodh gurb éifeachtach comhghnóthais a bhunú ar bhonn Airteagal 187 CFAE chun críche an chláir Fís 2020 ó thaobh cur chun feidhme de, is gá cur leis sin. Dá bhrí sin, tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo comhleanúnachas, éifeachtúlacht, éifeachtacht agus treoshuíomh tionchair agus breisluach sochaíoch cur chun feidhme a mhéadú trí fhorálacha an chláir Fís Eorpach, agus an taithí a fuarthas ó chur chun feidhme cláir faoin gclár Fís 2020, a aistriú go forálacha coiteanna ar fud na gcomhghnóthas ar bhealach comhchuibhithe. Tá sé mar aidhm leis comhpháirtíochtaí Eorpacha a éascú chun comhar agus sineirgí lena chéile a chur ar bun, agus dá bhrí sin úsáid iomlán a bhaint as a n-idirnascachtaí ar leibhéal eagraíochtúil. Ba cheart go bhféachfadh comhghnóthais le deiseanna a aimsiú chun ionadaithe comhpháirtíochtaí Eorpacha eile a dhéanamh rannpháirteach i ndréachtú a gclár oibre, chun na réimsí a shainaithint ina dtabharfadh gníomhaíochtaí comhlántacha nó comhghníomhaíochtaí aghaidh ar na dúshláin ar bhealach níos éifeachtaí agus níos éifeachtúla, chun forluí a sheachaint, chun ailíniú a dhéanamh ar uainiú a ngníomhaíochtaí agus chun rochtain ar thorthaí agus ar mhodhanna malartaithe eolais ábhartha eile a áirithiú.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  I ndiaidh aithint na sineirgí idir na comhghnóthais, ba cheart go mbeidh sé mar aidhm dóibh na scaireanna buiséid ar cheart a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí comhlántacha nó ar chomhghníomhaíochtaí idir na comhghnóthais a chinneadh. Thairis sin, is é is aidhm leis an Rialachán seo éifeachtúlachtaí feabhsaithe agus comhchuibhiú a bhaint amach trí chomhar oibríochtúil neartaithe agus ag fiosrú barainneachtaí scála, lena n-áirítear bunú cúloifige coitinne, ar cheart feidhmeanna tacaíochta cothrománacha a sholáthar do na comhghnóthais. Ba cheart go ndéanfaidh an chúloifig choiteann é níos éasca tionchar agus comhchuibhiú níos mó a bhaint amach ar phointí coiteanna fad a choinnítear leibhéal solúbthachta chun freastal ar riachtanais gach comhghnóthais. Ba cheart go mbunófaí struchtúr ag úsáid comhaontuithe leibhéil seirbhíse atá le tabhairt i gcrích i gcomhpháirt ag na comhghnóthais. Ba cheart go gcumhdóidh feidhmeanna comhordaithe agus riaracháin i réimsí inar scagadh go bhfuil sé éifeachtúil agus costéifeachtach i bhfeidhmeanna na cúloifige coitinne agus ba cheart go gcuirfidh siad comhlíontacht le ceanglas freagrachta gach oifigigh údaraithe aonair. Ba cheart go ndearfaí an socrú dlíthiúil chun freastal ar riachtanais choiteanna na gcomhghnóthas ar an mbealach is fearr, d’fhonn a ndlúthchomhar a áirithiú agus na sineirgí féideartha uile i measc na gcomhpháirtíochtaí Eorpacha agus, mar iarmhairt air sin, idir na codanna éagsúla den chlár Fís Eorpach agus idir na cláir eile a bhainistíonn na comhghnóthais.
(12)  I ndiaidh shainaithint na sineirgí idir na comhghnóthais, ba cheart go mbeadh sé mar aidhm acu na scaireanna buiséid ar cheart iad a úsáid le haghaidh gníomhaíochtaí comhlántacha nó comhghníomhaíochtaí idir na comhghnóthais a chinneadh. Thairis sin, tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo éifeachtúlachtaí feabhsaithe agus comhchuibhiú na rialacha a bhaint amach trí chomhar oibríochtúil neartaithe agus trí bharainneachtaí scála a fhiosrú, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, an fhéidearthacht feidhmeanna cúloifige coiteanna a bhunú, ar cheart dóibh tacaíocht chothrománach a sholáthar do na comhghnóthais. Trí mhéadú a dhéanamh ar líon na bhfeidhmeanna a bhíonn á n-oibriú i gcoiteann ag na comhghnóthais, déanfar é níos éasca tionchar agus comhchuibhiú níos mó a bhaint amach ar phointí coiteanna fad a choinnítear leibhéal áirithe solúbthachta chun freastal ar riachtanais shonracha gach comhghnóthais. D’fhéadfadh feidhmeanna na cúloifige coitinne feidhmeanna comhordaithe agus riaracháin a chumhdach, i réimsí inar cruthaíodh go bhfuil scagadh éifeachtúil agus costéifeachtach agus ba cheart go gcuirfidís comhlíonadh cheanglas na freagrachta atá ag gach oifigeach údaraithe aonair san áireamh. Ba cheart go mbeadh na comhghnóthais in ann comhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích i gcomhpháirt, chun a ndlúthchomhar a áirithiú agus na sineirgí féideartha uile i measc na gcomhpháirtíochtaí Eorpacha a fhiosrú agus, mar thoradh air sin, idir na codanna éagsúla den chlár Fís Eorpach agus idir na cláir eile arna mbainistiú ag na comhghnóthais.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13 a (nua)
(13a)  Ba cheart do na comhghnóthais a dtuiscint a mhéadú agus cur chuige níos comhtháite agus níos córasaí a bheith acu maidir le gníomhaíochtaí ina réimsí taighde a bhainistiú. Chothódh an chomhlántacht agus an tsineirge le cláir oibre thaighde chomhoibritheacha agus leis an gComhairle Taighde Eorpach píblíne arna bunú ar an nuáil ó bhonn aníos. Chruthódh an méid sin deiseanna i gcomhair taighde i réimsí nach dtugtar aghaidh orthu faoi láthair agus chothófaí feidhmithe in earnálacha eile, in earnálacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha na píblíne araon.
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  Le Fís Eorpach tugtar isteach cur chuige níos straitéisí agus comhleanúnaí atá treoraithe ag tionchar le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha, ag tógáil ar na ceachtanna a foghlaimíodh ón meastóireacht eatramhach ar Fís 2020. I gcomhréir leis an uaillmhian nua, is é is aidhm leis an Rialachán seo úsáid níos éifeachtaí a bhaint as comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha, go háirithe ag díriú ar chuspóirí, torthaí agus tionchar soiléir is féidir a bhaint amach faoi 2030, agus rannchuidiú soiléir leis na tosaíochtaí beartais agus beartais ghaolmhara de chuid an Aontais. Tá dlúthchomhar agus sineirgí le tionscnaimh ábhartha eile ag leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal réigiúnach, go háirithe le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, ríthábhachtach chun tionchar níos mó a bhaint amach agus glacadh torthaí a áirithiú. Agus measúnú á dhéanamh ar an tionchar foriomlán, ba cheart infheistíochtaí níos leithne lasmuigh de ranníocaíochtaí ó chomhpháirtithe agus a spreagann na comhghnóthais a chuireann le baint amach a gcuspóirí a chur san áireamh.
(14)  Leis an gclár Fís Eorpach tugtar isteach cur chuige níos straitéisí agus comhleanúnaí atá treoraithe ag tionchar le haghaidh comhpháirtíochtaí Eorpacha, ag cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ón meastóireacht eatramhach ar an gclár Fís 2020. I gcomhréir leis an uaillmhian nua, tá sé mar aidhm ag an Rialachán seo úsáid níos éifeachtaí a bhaint as comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha, go háirithe trí dhíriú ar chuspóirí, torthaí agus tionchar atá soiléir agus ar féidir iad a bhaint amach faoi 2030, agus trí rannchuidiú soiléir leis na tosaíochtaí beartais agus beartais ghaolmhara de chuid an Aontais a áirithiú. Tá dlúthchomhar agus sineirgí le tionscnaimh ábhartha eile ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, ríthábhachtach chun tionchar eolaíoch, socheacnamaíoch agus comhshaoil níos mó a bhaint amach agus glacadh le torthaí a áirithiú. Ba cheart don Choimisiún treoirlínte soiléire, simplí agus nithiúla a fhorbairt chun na cineálacha éagsúla sineirgí a chumasú, amhail aistriú acmhainní, cistiú malartach, cistiú carnach agus cistiú comhtháite. Tá sé go háirithe tábhachtach do na Ballstáit agus do na réigiúin uasmhéadú a dhéanamh ar ailíniú a straitéisí um speisialtóireacht chliste agus a gcláir oibríochtúla le cláir oibre na gcomhghnóthas chun go gcumasófar an sásra um aistriú féideartha 5% ó Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa chuig na comhghnóthais, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 15(5) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach i bhforálacha ábhartha Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a (Rialachán na bhForálacha Coiteanna). Ba cheart fiosrú a dhéanamh freisin ar shineirgí agus comhlántachtaí leis na hinstitiúidí airgeadais Eorpacha, amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus an Banc Eorpach Infheistíochta, agus idir comhghnóthais iad féin freisin agus le cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais agus comhghuaillíochtaí tionsclaíochta ábhartha le fondúireachtaí carthanachta agus iontaobhais. Agus measúnú á dhéanamh ar an tionchar foriomlán, ba cheart infheistíochtaí níos leithne lasmuigh de ranníocaíochtaí ó chomhpháirtithe, a spreagann na comhghnóthais agus a chuireann le baint amach a gcuspóirí a chur san áireamh chun éascú a dhéanamh ar dhlús a chur le glacadh margaidh réiteach nuálach.
_______________
1a Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 231, 30.6.2021, lch. 159).
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15
(15)  Tá an Rialachán seo bunaithe ar na prionsabail agus na critéir a leagtar amach sa Rialachán maidir le Fís Eorpach, lena n-áirítear oscailteacht agus trédhearcacht, éifeacht ghiarála láidir agus gealltanais fhadtéarmacha na gcomhpháirtithe uile atá páirteach. Ar cheann de chuspóirí an Rialacháin seo tá oscailteacht na dtionscnamh i leith raon leathan eintiteas, lena n-áirítear daoine nua, a áirithiú. Ba cheart do na comhpháirtíochtaí a bheith oscailte d’aon eintiteas eile atá toilteanach agus cumasach chun oibriú i dtreo na sprice coitinne, agus rannpháirtíocht leathan agus ghníomhach na bpáirtithe leasmhara ina ngníomhaíochtaí, ballraíocht agus rialachas a chur chun cinn, agus a áirithiú go mbainfidh gach duine de chuid na hEorpa tairbhe as na torthaí, go háirithe trí na torthaí a scaipeadh go forleathan agus gníomhaíochtaí roimh chur in úsáid ar fud an Aontais.
(15)  Tá an Rialachán seo bunaithe ar na prionsabail agus na critéir a leagtar amach sa Rialachán maidir le Fís Eorpach, lena n-áirítear oscailteacht agus trédhearcacht, éifeacht ghiarála láidir agus gealltanais fhadtéarmacha na gcomhpháirtithe uile atá páirteach. Ar cheann de chuspóirí an Rialacháin seo tá oscailteacht na dtionscnamh i leith raon leathan eintiteas, lena n-áirítear daoine nua, a áirithiú. Ba cheart go mbeadh na comhpháirtíochtaí oscailte d’aon eintiteas atá toilteanach oibriú i dtreo na sprice coitinne agus in ann é sin a dhéanamh, agus rannpháirtíocht leathan agus ghníomhach na ngeallsealbhóirí ina ngníomhaíochtaí, ina mballraíocht agus ina rialachas a chur chun cinn, agus a áirithiú go mbainfidh gach Eorpach tairbhe as na torthaí, agus iad ag rannchuidiú leis an bhforbairt inbhuanaithe dhomhanda ag an am céanna, go háirithe trí scaipeadh forleathan a dhéanamh ar na torthaí agus gníomhaíochtaí roimh chur in úsáid ar bhonn chomh leathan agus is féidir ar fud an Aontais.
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17 a (nua)
(17a)  Féadfar rannchuidiú le méadú ar chistí na gcomhghnóthas le sciar den EUR 5,4 billiún atá leithdháilte ar an gclár Fís Eorpach ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh faoin gcomhaontú idir-institiúideach maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021-2027 (‘CAI’). Féadfar an ranníocaíocht sin a fhorlíonadh le saoradh, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a (an ‘Rialachán Airgeadais’), agus í a choigeartú chun léiriú a thabhairt ar ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe. Beidh ranníocaíochtaí breise ón Aontas de bhun Airteagal 13 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, Airteagal 5 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle (‘Rialachán CAI’)1b agus Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais, le leithdháileadh ar bhealach cothrom laistigh de bhraislí Cholún 2 den chlár Fís Eorpach, agus tosaíochtaí taighde an Aontais mar aon lena spriocanna beartais á gcur san áireamh. Ba cheart aon ranníocaíocht bhreise ón Aontas a mheaitseáil le ranníocaíochtaí ó Chomhaltaí eile cé is moite den Aontas.
____________
1a Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
1b Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027 (IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11).
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  I gcomhréir leis na huaillmhianta a leagtar amach sa Rialachán maidir le Fís Eorpach, ar cheann de na réamhchoinníollacha a ghabhann le comhpháirtíochtaí institiúidithe a bhunú tá rannchuidiú na gcomhpháirtithe a áirithiú ar feadh shaolré na dtionscnamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do chomhpháirtíochtaí príobháideacha cuid shuntasach dá rannchuidiú a sholáthar i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil leis na costais oibriúcháin a ghabhann leis an gcomhghnóthas. Ba cheart do chomhghnóthais a bheith in ann féachaint le bearta a éascaíonn na ranníocaíochtaí sin trína gcláir oibre, go háirithe ag laghdú rátaí cistithe. Ba cheart do na bearta sin a bheith bunaithe ar riachtanais shonracha an chomhghnóthais agus na ngníomhaíochtaí foluiteacha. I gcásanna ina mbeidh bonn cirt leis, ba cheart go mbeidh sé indéanta coinníollacha breise lena n-éilítear rannpháirtíocht comhalta den chomhghnóthas nó a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe, ag díriú ar ghníomhaíochtaí inar féidir le comhpháirtithe tionscail an chomhghnóthais príomhról a ghlacadh, amhail léirithe ar scála mór agus tionscadail shuaitheanta, agus cur níos mó leis trí rátaí cistithe níos ísle. Ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin faireachán a dhéanamh ar leibhéal rannpháirtíochta na gcomhaltaí d’fhonn an bord rialála a chumhachtú le gníomhaíochtaí iomchuí a ghlacadh, ag áirithiú cothromaíocht idir tiomantas na gcomhpháirtithe agus oscailteacht. I gcásanna ina mbeidh bonn cirt iomchuí leis, féadfar an caiteachas caipitiúil le haghaidh, e.g. léirithe ar scála mór nó tionscadail shuaitheanta, a chur san áireamh mar chostas incháilithe i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil.
(18)  I gcomhréir leis na huaillmhianta a leagtar amach sa Rialachán maidir le Fís Eorpach, ar cheann de na réamhchoinníollacha a ghabhann le comhpháirtíochtaí institiúidithe a bhunú tá rannchuidiú na gcomhpháirtithe a áirithiú ar feadh shaolré na dtionscnamh. Sa chomhthéacs sin, ba cheart do chomhpháirtíochtaí príobháideacha cuid shuntasach dá rannchuidiú a sholáthar i bhfoirm ranníocaíochtaí comhchineáil leis na costais oibriúcháin a ghabhann leis an gcomhghnóthas. Ba cheart do chomhghnóthais a bheith in ann bearta a lorg lena n-éascaítear na ranníocaíochtaí sin trína gcláir oibre. Ba cheart do na bearta sin a bheith bunaithe ar riachtanais shonracha an chomhghnóthais agus na ngníomhaíochtaí foluiteacha. I gcásanna ina mbeidh bonn cirt leis, ba cheart go mbeidh sé indéanta coinníollacha breise a thabhairt isteach lena n-éilítear rannpháirtíocht comhalta den chomhghnóthas nó a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe, ag díriú ar ghníomhaíochtaí inar féidir le comhpháirtithe tionsclaíocha an chomhghnóthais príomhról a ghlacadh nó clár comhtháite córais a bhaint amach. Ba cheart don stiúrthóir feidhmiúcháin faireachán a dhéanamh ar leibhéal rannpháirtíocht na gcomhaltaí chun an bord rialaithe a chumhachtú le gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh, agus cothromaíocht á háirithiú idir tiomantas na gcomhpháirtithe agus oscailteacht. I gcásanna ina mbeidh bonn cirt cuí leis, féadfar an caiteachas caipitiúil le haghaidh, e.g. léirithe ar scála mór nó tionscadail shuaitheanta, a chur san áireamh mar chostas incháilithe i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil is infheidhme.
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 19
(19)  I gcomhréir leis an bprionsabal maidir le ranníocaíochtaí a chomhroinnt go cothrom idir comhaltaí na gcomhghnóthas, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais le haghaidh costais riaracháin an chomhghnóthas a chomhroinnt go cothrom idir an tAontas agus comhaltaí seachas an tAontas. Níor cheart diallta ón bprionsabal sin a mheas ach i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo, amhail nuair a bheadh na ranníocaíochtaí le haghaidh comhpháirteanna nó eintiteas cleamhnaithe, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), ag leibhéal chomh ard go mbeidís ina gcúis le damáiste díréireach don dreasacht a bhainfeadh le bheith nó le fanacht mar chomhpháirt nó eintiteas cleamhnaithe de chuid an chomhghnóthais mar thoradh ar mhéid nó struchtúr ballraíochta de chuid an chomhghnóthais seachas an tAontas. Sna cásanna sin, ba cheart d’íoschéatadán na ranníocaíochta airgeadais bliantúla ó chomhaltaí seachas an tAontas le haghaidh chostais riaracháin an chomhghnóthais a bheith cothrom le 20 % de na costais riaracháin bhliantúla fhoriomlána agus ba cheart do ranníocaíochtaí ó FBManna a bheith cuid mhaith níos ísle ná iad siúd a fhaightear ó chomheintitis nó ó eintitis chleamhnaithe níos mó. Chomh luath agus a bhaintear mais chriticiúil ballraíochta amach a ligeann ranníocaíocht atá níos airde ná 20 % de na costais riaracháin bhliantúla fhoriomlána, ba cheart ranníocaíochtaí bliantúla na comhpháirte nó an eintitis chleamhnaithe a choinneáil nó a mhéadú d’fhonn sciar na gcomhaltaí, seachas an tAontas, sa rannchuidiú foriomlán le haghaidh chostais riaracháin bhliantúla an chomhghnóthais a mhéadú céim ar chéim. Ba cheart go bhféachfaidh comhaltaí an chomhghnóthais seachas an tAontas le líon na gcomheintiteas nó na n-eintiteas cleamhnaithe a mhéadú chun a ranníocaíocht a uasmhéadú go 50 % de chostais riaracháin an chomhghnóthais thar a shaolré.
(19)  Ba cheart go mbeadh luach inchomparáide ag cóimheas na gcostas riaracháin leis an mbuiséad iomlán ar fud na gcomhghnóthas agus níor cheart dó a bheith níos airde ná 5 % dá mbuiséad. Sa bhreis air sin, i gcomhréir leis an bprionsabal maidir le ranníocaíochtaí a chomhroinnt go cothrom idir comhaltaí na gcomhghnóthas, ba cheart ranníocaíochtaí airgeadais le haghaidh chostais riaracháin na gcomhghnóthas a chomhroinnt go cothrom idir an tAontas agus comhaltaí seachas an tAontas. Ba cheart do chomhaltaí seachas an tAontas teacht ar chomhaontú eatarthu féin maidir le dáileadh cothrom a gcoda de chostais riaracháin a gcomhghnóthas. Níor cheart machnamh a dhéanamh ar imeacht ón bprionsabal sin ach i gcásanna eisceachtúla a bhfuil bonn cirt leo, amhail i gcás, mar gheall ar an méid nó struchtúr ballraíochta a bheadh ag comhalta de chuid an chomhghnóthais seachas an tAontas, go mbeadh na ranníocaíochtaí in aghaidh an chomheintitis nó an eintitis chleamhnaithe, go háirithe FBManna, eagraíochtaí taighde nó ollscoileanna, ar leibhéal chomh hard sin go mbeidís ina gcúis le dochar tromchúiseach don dreasacht a bhainfeadh le bheith nó le fanacht mar chomheintiteas nó eintiteas cleamhnaithe de chuid an chomhghnóthais. Sna cásanna sin, ba cheart go mbeadh íoschéatadán na ranníocaíochta airgeadais bliantúla ó chomhaltaí seachas an tAontas le haghaidh chostais riaracháin an chomhghnóthais cothrom le 20 % de na costais riaracháin bhliantúla fhoriomlána agus ba cheart do ranníocaíochtaí ó FBManna, eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna a bheith cuid mhaith níos ísle ná iad siúd a fhaightear ó chomheintitis nó ó eintitis chleamhnaithe níos mó. Chomh luath agus a bhaintear mais chriticiúil ballraíochta amach lena gceadaítear ranníocaíocht atá níos airde ná 20 % de na costais riaracháin bhliantúla fhoriomlána, ba cheart ranníocaíochtaí bliantúla in aghaidh an chomheintitis nó an eintitis chleamhnaithe a choinneáil nó a mhéadú agus é mar aidhm leis sin sciar na gcomhaltaí seachas an tAontas sa rannchuidiú foriomlán le haghaidh chostais riaracháin bhliantúla an chomhghnóthais a mhéadú de réir a chéile. Ba cheart go bhféachfadh comhaltaí an chomhghnóthais seachas an tAontas le líon na gcomheintiteas nó na n-eintiteas cleamhnaithe a mhéadú chun a ranníocaíocht a uasmhéadú go 50 % de chostais riaracháin an chomhghnóthais thar a shaolré.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
(20)  Éilítear faoin Rialachán maidir le Fís Eorpach go léiríonn na comhpháirtithe a ngealltanas fadtéarmach, lena n-áirítear íos-sciar d’infheistíochtaí poiblí agus/nó príobháideacha. Dá dhroim sin, ní mór don Aontas comhaltaí bunaidh atá bunaithe i mballstáit, tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a ghabhann leis an gClár Fís Eorpach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a aithint sa Rialachán seo. I gcás inár gá, áfach, ba cheart a bheith in ann bonn ballraíochta comhghnóthas a mhéadú i ndiaidh a mbunaithe le comhaltaí comhlachaithe a roghnaíodh tar éis nósanna imeachta oscailte agus trédhearcacha, ag cur na forbairtí teicneolaíochta nua nó comhlachas tíortha breise sa Chlár Fís Eorpach san áireamh go háirithe. Ba cheart go dtabharfar deis d’eintitis dhlítheanacha a bhfuil suim acu tacú le cuspóirí na gcomhghnóthas ina réimsí sonracha taighde a bheith ina gcomhpháirtithe rannchuidithe de na comhghnóthais sin gan a bheith ina gcomhaltaí.
(20)  Éilítear faoin Rialachán maidir le Fís Eorpach go léiríonn na comhpháirtithe a ngealltanas fadtéarmach, lena n-áirítear íos-sciar d’infheistíochtaí poiblí agus/nó príobháideacha. Dá dhroim sin, ní mór don Aontas comhaltaí bunaidh atá bunaithe i mballstáit, tíortha a bhfuil baint acu leis an gClár Fís Eorpach nó eagraíochtaí idirnáisiúnta a shainaithint sa Rialachán seo. I gcás inár gá, áfach, ba cheart go mbeifí in ann bonn ballraíochta comhghnóthas a mhéadú i ndiaidh a mbunaithe le comhaltaí comhlachaithe a roghnófar tar éis glaonna ar spéis agus nósanna imeachta roghnúcháin ar ball a bheidh rialta, oscailte, cóir agus trédhearcach, ag cur tuairim an chomhlachta chomhairligh eolaíoch san áireamh mar aon leis na forbairtí teicneolaíochta nua agus cineálacha nuálacha cur chuige nó comhlachas tíortha breise sa Chlár Fís Eorpach. Ba cheart go dtabharfaí deis d’eintitis dhlíthiúla a bhfuil suim acu tacú le cuspóirí na gcomhghnóthas ina réimsí sonracha taighde a bheith ina gcomhpháirtithe rannchuidithe de chuid na gcomhghnóthas sin gan bheith ina gcomhaltaí.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)  Áirítear comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí atá tairbhiúil do gach comhalta atá páirteach ann le comhghnóthas a bhunú, lena n-áirítear ag cur chun cinn cinnteacht maidir le leithdháiltí móra buiséad le haghaidh na dtionscal ábhartha in imeacht 7 mbliana. Ceadaítear tionchar a fháil go díreach nó trí na hionadaithe tionscail, nuair atáthar mar chomhalta bunaidh nó comhalta comhlachaithe, nó i gceann dá n-eintitis chleamhnaithe, i mbord rialála an chomhghnóthais. Is é an bord rialála comhlacht cinnteoireachta an chomhghnóthais a chinneann treoshuíomh straitéiseach fadtéarmach na comhpháirtíochta, chomh maith lena tosaíochtaí bliantúla. Ba cheart do chomhaltaí bunaidh agus comhaltaí comhlachaithe agus más infheidhme ag déanamh ionadaíochta ar a gcomheintitis, a bheith in ann dá bhrí sin rannchuidiú le clár oibre agus leagan amach tosaíochtaí an chomhghnóthais tríd an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a ghlacadh, chomh maith leis an gclár oibre bliantúil a ghlacadh, lena n-áirítear ábhar an ghlao ar thograí, an ráta cistithe infheidhme in aghaidh na topaice glao, agus na rialacha lena mbaineann maidir le nósanna imeachta cur isteach, meastóireachta, roghnaithe, bronnta agus athbhreithnithe.
(21)  Áirithítear comhpháirtíocht phríobháideach agus phoiblí atá tairbhiúil ar bhonn frithpháirteach do na comhaltaí atá páirteach ann le bunú comhghnóthais, lena n-áirítear trí dheimhneacht a chur chun cinn maidir le leithdháiltí móra buiséid le haghaidh na dtionscal ábhartha thar thréimhse 7 mbliana, agus trí chomharthú polaitiúil, pleanáil fheabhsaithe agus deimhneacht infheisteoirí a sholáthar. Is é an bord rialaithe comhlacht cinnteoireachta an chomhghnóthais a chinneann treoshuíomh straitéiseach na comhpháirtíochta, mar aon lena tosaíochtaí bliantúla bunaithe ar ionchur na gcomhpháirtithe, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach, an pobal eolaíoch, ionadaithe na mBallstát agus eagraíochtaí neamhbhrabúis de chuid na sochaí sibhialta atá gníomhach i réimse an chomhghnóthais ábhartha. Ba cheart, dá bhrí sin, go mbeadh comhaltaí bunaidh agus comhaltaí comhlachaithe agus más infheidhme comhaltaí atá ag déanamh ionadaíocht ar a gcomheintitis in éineacht le gach geallsealbhóir ábhartha eile, in ann rannchuidiú le clár oibre agus leagan amach thosaíochtaí an chomhghnóthais trí ghlacadh agus athbhreithniú féideartha an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus Nuálaíocht, chomh maith le glacadh an chláir oibre bhliantúil, lena n-áirítear ábhar an ghlao ar thograí, an ráta cistithe is infheidhme in aghaidh na topaice glao, agus na rialacha gaolmhara maidir le nósanna imeachta tíolactha, meastóireachta, roghnaithe, bronnta agus athbhreithnithe.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
(22)  Is iomchuí go léireoidh na comhaltaí seachas an tAontas a dtiomantas do chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bhíthin litir ghealltanais. Ba cheart do na litreacha gealltanais sin a bheith bailí faoin dlí ar feadh shaolré an tionscnaimh agus ba cheart don chomhghnóthas agus don Choimisiún faireachán grinn a dhéanamh orthu. Ba cheart go gcruthófar le comhghnóthais timpeallacht dlíthiúil agus eagraíochtúil a chumasaíonn comhaltaí lena ngealltanais a sheachadadh fad a áirithítear oscailteacht leanúnach an tionscnaimh agus trédhearcacht le linn a gcur chun feidhme, go háirithe maidir le tosaíochtaí a leagan amach agus le haghaidh rannpháirtíocht i nglao ar thograí.
(22)  Ba cheart go mbeadh na comhghnóthais in ann oibriú ar bhealach lúfar, simplí agus solúbtha agus tacar rialacha soiléire a bheith i bhfeidhm acu, trína dtreiseofar tarraingteacht le haghaidh na ngeallsealbhóirí uile, go háirithe le haghaidh an tionscail, FBManna, eagraíochtaí taighde agus stáit rannpháirteacha. Is iomchuí go léireodh na comhaltaí seachas an tAontas a dtiomantas do chur chun feidhme an Rialacháin seo trí bhíthin litir ghealltanais. Ba cheart na litreacha gealltanais sin a fhoilsiú ar bhealach tráthúil ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais ábhartha agus é á áirithiú ag an am céanna go n-urramaítear rialacha rúndachta, agus ba cheart go mbeidís bailí faoin dlí ar feadh shaolré an tionscnaimh agus ba cheart don chomhghnóthas agus don Choimisiún faireachán grinn a dhéanamh orthu. Ba cheart go gcruthódh comhghnóthais timpeallacht dhlíthiúil agus eagraíochtúil lena gcumasaítear do chomhaltaí a ngealltanais a bhaint amach fad a áirithítear oscailteacht leanúnach an tionscnaimh, trédhearcacht agus urramú na rialacha maidir le coinbhleachtaí leasa, le linn a gcur chun feidhme, go háirithe maidir le tosaíochtaí a leagan amach agus le haghaidh rannpháirtíocht i nglaonna ar thograí lena gcuirtear rannpháirtíocht atá cothrom ó thaobh inscne de agus atá cothrom go geografach chun cinn. Ba cheart do chomhghnóthais, i gcás inarb iomchuí, glaonna ar thograí a shainaithint ina gcuirtear ról comhordúcháin le haghaidh rannpháirtithe is FBManna chun cinn.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 23
(23)  Is bunchloch den Chreatchlár Fís Eorpach é simpliú breise a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart sásra tuairisce simplithe a bheith ann do chomhpháirtithe nach bhfuil orthu tuairisciú ar chostais neamh-incháilithe a thuilleadh. Níor cheart ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibriúcháin a chur san áireamh ach ar bhonn costais incháilithe amháin. Ligeann sé sin do ríomh uathoibríoch ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla trí uirlisí TF Fís Eorpach, íslíonn sé an t-ualach riaracháin i gcomhair comhpháirtithe agus beidh an sásra tuairiscithe i leith ranníocaíochtaí níos éifeachtaí. Ba cheart do chomhghnóthais faireachán grinn a dhéanamh ar ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla agus ba cheart do stiúrthóir feidhmiúcháin an bhoird rialála tuarascálacha a réiteach go rialta chun a shuí an bhfuil an dul chun cinn atá á déanamh i dtreo spriocanna na ranníocaíochtaí comhchineáil a bhaint amach sásúil go leor. Ba cheart don bhord rialála measúnú a dhéanamh ar na hiarrachtaí a rinne na comhaltaí agus na torthaí a bhain siad amach a chuireann leis na gníomhaíochtaí oibríochtúla, chomh maith le fachtóirí eile, amhail leibhéal rannpháirtíochta FBManna agus tarraingteacht an tionscnaimh do dhreamanna nua. Nuair is gá, ba cheart dó bearta leighis agus ceartaithe iomchuí a ghlacadh ag cur na prionsabail atá bunaithe ar oscailteacht agus trédhearcacht san áireamh.
(23)  Is bunchloch den Chreatchlár Fís Eorpach é simpliú breise a bhaint amach. Sa chomhthéacs sin, ba cheart sásra tuairisce simplithe a bheith ann do chomhpháirtithe nach bhfuil orthu tuairisciú ar chostais neamh-incháilithe a thuilleadh. Níor cheart ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibriúcháin a chur san áireamh ach ar bhonn costais incháilithe amháin. Ceadaítear ríomh uathoibríoch ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla leis sin trí uirlisí TF Fís Eorpach, íslítear an t-ualach riaracháin i gcomhair comhpháirtithe leis agus déantar an sásra tuairiscithe i leith ranníocaíochtaí níos éifeachtaí leis. Ba cheart do chomhghnóthais faireachán grinn a dhéanamh ar ranníocaíochtaí comhchineáil le haghaidh gníomhaíochtaí oibríochtúla agus ba cheart do stiúrthóir feidhmiúcháin an bhoird rialaithe tuarascálacha a réiteach go rialta, agus ba cheart iad a phoibliú ar bhealach tráthúil ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais ábhartha chun a shuí an bhfuil an dul chun cinn atá á dhéanamh i dtreo spriocanna na ranníocaíochtaí comhchineáil a bhaint amach sásúil go leor. Ba cheart don bhord rialaithe measúnú a dhéanamh ar na hiarrachtaí a rinne na comhaltaí agus na torthaí a bhain siad amach lena gcuirtear le gníomhaíochtaí oibríochtúla, chomh maith le fachtóirí eile, amhail leibhéal rannpháirtíochta FBManna, tarraingteacht an tionscnaimh do dhaoine nua agus éagsúlacht gheografach. Nuair is gá, ba cheart dó bearta leighis agus ceartaithe iomchuí a ghlacadh ag cur phrionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta san áireamh.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24
(24)  Ba cheart do na comhghnóthais deis agus spreagadh córasach a sholáthar do chomhaltaí seachas an tAontas chun a ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur le gníomhaíochtaí an chomhghnóthais. Níor cheart go bhfaighidh gníomhaíochtaí breise tacaíocht airgeadais ón gcomhghnóthas. Is féidir iad a chur san áireamh, áfach, mar ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhaltaí nuair atá na ranníocaíochtaí sin ag cur le cuspóirí an chomhghnóthais agus nasctha go díreach lena ghníomhaíochtaí. Is féidir an nasc sin a bhunú trí ghlacadh na dtorthaí ó ghníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag an gcomhghnóthas nó trína thionscnaimh roimhe sin, nó trí bhreisluach suntasach don Aontas a léiriú. Ba cheart don Rialachán seo forálacha níos sonraí a leagan síos maidir le raon feidhme na ngníomhaíochtaí breise le haghaidh gach comhghnóthais, a mhéid a bhfuil gá leis chun an treoíocht agus an tionchar inmhianaithe a bhaint amach. Ba cheart do bhoird rialála comhghnóthas cinneadh breise a dhéanamh, maidir le luacháil na ranníocaíochtaí, faoi cibé an bhfuil gá le modhanna simplithe amhail cnapshuimeanna nó costais aonaid a úsáid chun simpliú, éifeachtúlacht costais agus leibhéal cosanta iomchuí le haghaidh sonraí tráchtála rúnda a bhaint amach.
(24)  Ba cheart do na comhghnóthais deis agus dreasacht chórasach a sholáthar do chomhaltaí seachas an tAontas chun a ngníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a chur le chéile le gníomhaíochtaí an chomhghnóthais. Níor cheart go bhfaigheadh gníomhaíochtaí breise tacaíocht airgeadais ón gcomhghnóthas. Is féidir iad a chur san áireamh, áfach, mar ranníocaíochtaí comhchineáil ó chomhaltaí nuair atá na ranníocaíochtaí sin ag cur le cuspóirí an chomhghnóthais agus nasctha go díreach lena ghníomhaíochtaí. Is féidir an nasc sin a shuí trí ghlacadh le torthaí ó ghníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag an gcomhghnóthas nó trína thionscnaimh roimhe sin, nó trí bhreisluach suntasach don Aontas a léiriú. Ba cheart don Rialachán seo forálacha níos sonraí a leagan síos maidir le raon feidhme na ngníomhaíochtaí breise a shainaithint ar an mbealach is trédhearcaí is féidir le haghaidh gach comhghnóthais, a mhéid a bhfuil gá leis chun an treoíocht agus an tionchar inmhianaithe a bhaint amach. Ba cheart do bhoird rialaithe comhghnóthas cinneadh breise a dhéanamh, maidir le luacháil na ranníocaíochtaí, faoi cibé an bhfuil nó nach bhfuil gá le modhanna simplithe amhail cnapshuimeanna nó costais aonaid a úsáid chun simpliú, cost-éifeachtúlacht agus leibhéal cosanta iomchuí le haghaidh sonraí tráchtála rúnda a bhaint amach.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 24 a (nua)
(24a)  Ar mhaithe le tacú le gairmreacha taighdeoirí óga agus barr feabhais a chothú sa taighde agus sa nuálaíocht, ba cheart do na comhghnóthais faisnéis atá cothrom le dáta agus glaonna rialta oscailte a sholáthar do mhic léinn PhD agus iardhochtúireachta faoi shainchúram an chomhghnóthais ábhartha, ag cothú, i gcás inarb ábhartha, comhlántachtaí agus sineirgí le Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)  Ba cheart do rialú na gcomhghnóthas a áirithiú go bhfuil a bpróisis chinnteoireachta oiriúnach chun coimeád cothrom le dáta leis an timpeallacht shocheacnamaíoch agus teicneolaíochta a bhíonn ag athrú go tapa agus le dúshláin dhomhanda. Ba cheart do chomhghnóthais tairbhe a bhaint as saineolas, comhairle agus tacaíocht ó gach páirtí leasmhar ábhartha, d’fhonn a gcúraimí a chur chun feidhme go héifeachtach agus sineirgí ag leibhéal an Aontais agus ag an leibhéal náisiúnta a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart na comhghnóthais a chumhachtú chun comhlachtaí comhairleacha a bhunú d’fhonn sainchomhairle agus aon chúram eile de chineál comhairleach is gá chun cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach a sholáthar dóibh. Agus na comhlachtaí comhairleacha á mbunú, ba cheart do chomhghnóthais ionadaíocht chothrom saineolaithe laistigh de raon feidhme an chomhghnóthais, lena n-áirítear maidir le cothromaíocht inscne, a áirithiú. Ba cheart do dhearcthaí eolaíochta chomh maith le dearcthaí údarás náisiúnta agus réigiúnach agus páirtithe leasmhara eile na gcomhghnóthas a bheith mar chuid den chomhairle a sholáthraíonn na comhlachtaí sin.
(25)  Ba cheart do rialú na gcomhghnóthas a áirithiú go bhfuil a bpróisis chinnteoireachta trédhearcach agus oiriúnach chun coimeád cothrom le dáta leis an timpeallacht shocheacnamaíoch agus teicneolaíochta a bhíonn ag athrú go tapa agus le dúshláin dhomhanda. Ba cheart do chomhlachtaí rialaithe comhghnóthas prionsabal na cothromaíochta inscne agus na héagsúlachta geografaí a chur san áireamh. Ba cheart do chomhghnóthais tairbhe a bhaint as saineolas, comhairle agus tacaíocht ó gach geallsealbhóir ábhartha, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta d’ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde eile, ionadaithe an tionscail agus FBManna chun a gcúraimí a chur chun feidhme go héifeachtach agus sineirgí ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart na comhghnóthais a chumhachtú chun comhlachtaí comhairleacha a bhunú d’fhonn sainchomhairle agus aon chúram eile de chineál comhairleach is gá chun cuspóirí na gcomhghnóthas a bhaint amach a sholáthar dóibh. Agus na comhlachtaí comhairleacha á mbunú, ba cheart do chomhghnóthais ionadaíocht chothrom saineolaithe laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais a áirithiú. Ba cheart do dhearcthaí eolaíochta chomh maith le dearcthaí údarás náisiúnta agus réigiúnach, gheallsealbhóirí eile na gcomhghnóthas agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith mar chuid den chomhairle a sholáthraíonn na comhlachtaí sin.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26
(26)  Ba cheart do chomhghnóthais a bheith in ann comhlacht comhairleach le feidhm chomhairleach eolaíochta a bhunú. Ba cheart don chomhlacht sin nó dá chomhaltaí a bheith in ann comhairle agus tacaíocht eolaíoch neamhspleách a sholáthar don chomhghnóthas faoi seach. Ba cheart pleananna oibre bliantúla, gníomhaíochtaí breise chomh maith le haon ghnéithe eile de chúraimí an chomhghnóthais, go háirithe, a bheith i gceist leis an gcomhairle eolaíoch, mar is gá.
(26)  Ba cheart do chomhghnóthais comhlacht comhairleach le feidhm chomhairleach eolaíochta a bhunú. Ba cheart don chomhlacht sin nó dá chomhaltaí comhairle agus tacaíocht eolaíoch neamhspleách a sholáthar don chomhghnóthas ábhartha ar bhonn neamhspleách ó chomhaltaí chomhlachtaí rialaithe eile an chomhghnóthais. Ba cheart go mbeadh baint ag an gcomhairle eolaíoch, go háirithe, leis an gclár oibre straitéiseach um thaighde agus nuálaíocht, na pleananna oibre bliantúla, gníomhaíochtaí breise, tionchair shocheacnamaíocha, chomhshaoil agus aeráide, comhaltaí nua ionchasacha mar aon le haon ghné eile de chúraimí na gcomhghnóthas, de réir mar is gá.
Leasú 25
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 26 a (nua)
(26a)  Ba cheart do na boird rialaithe faisnéis thráthúil a thabhairt don chomhlacht comhairleach eolaíochta maidir le cinntí a bhaineann le moltaí agus tuairimí arna moladh ag an gcomhlacht comhairleach eolaíochta. Ba cheart na cinntí sin a chur ar fáil go poiblí.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
(28)  D’fhonn a áirithiú go bhfuil comhghnóthais ar an eolas faoi dhearcthaí agus tuairimí páirtithe leasmhara ón slabhra luacha iomlán ina réimsí faoi seach, ba cheart do chomhghnóthais a bheith in ann a ngrúpaí comhairleacha de pháirtithe leasmhara faoi seach a bhunú, le dul i gcomhairle leo maidir le saincheisteanna cothrománacha nó ceisteanna sonracha, de réir riachtanais gach comhghnóthais. Ba cheart do ghrúpaí den sórt sin a bheith oscailte do gach páirtí leasmhar poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear leasghrúpaí eagraithe, agus leasghrúpaí idirnáisiúnta ó na ballstáit, ó thíortha gaolmhara agus ó thíortha eile, atá gníomhach i réimse an chomhghnóthais.
(28)  D’fhonn a áirithiú go bhfuil comhghnóthais ar an eolas faoi sheasaimh agus tuairimí geallsealbhóirí ón slabhra luacha iomlán ina réimsí faoi seach, ba cheart do chomhghnóthais a bheith in ann a ngrúpaí comhairleacha de gheallsealbhóirí faoi seach a bhunú, le dul i gcomhairle leo maidir le saincheisteanna cothrománacha nó ceisteanna sonracha, de réir riachtanais gach comhghnóthais. Ba cheart do ghrúpaí den sórt sin a bheith oscailte do gach geallsealbhóir poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear leasghrúpaí eagraithe, eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta agus leasghrúpaí idirnáisiúnta ó na Ballstáit, ó thíortha comhlachaithe agus ó thíortha eile, atá gníomhach i réimse an chomhghnóthais.
Leasú 27
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 29
(29)  Ba cheart do na comhghnóthais feidhmiú ar bhealach oscailte agus trédhearcach agus an fhaisnéis ábhartha go léir a sholáthar dá gcomhlachtaí iomchuí ar bhonn caoithiúil chomh maith lena gcuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus scaipthe, don phobal i gcoitinne.
(29)  Ba cheart do na comhghnóthais feidhmiú ar bhealach simplí, solúbtha, oscailte, cóir agus trédhearcach agus an fhaisnéis ábhartha go léir á soláthar dá gcomhlachtaí iomchuí ar bhonn tráthúil chomh maith lena gcuid gníomhaíochtaí a chur chun cinn, lena n-áirítear gníomhaíochtaí faisnéise agus scaipthe, don phobal i gcoitinne, agus iad ag dul i mbun feachtais múscailte feasachta agus ag cur gníomhaíochtaí oideachais agus scaipthe chun cinn, le rannpháirtíocht líonraí acadúla, eolaíochta agus eolais, comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíocha, na meán, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do lucht tionscail agus FBManna agus gníomhaithe eile. Ba cheart do gach comhghnóthas iarrachtaí tiomnaithe a dhéanamh chun a áirithiú go gcuirfear an pobal ar an eolas go leordhóthanach agus go tráthúil maidir le gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas agus ba cheart dóibh faisnéis iomchuí a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin faoi seach, lena n-áirítear foilsiú doiciméadachta ábhartha amhail gníomhaíochtaí bliantúla, tuarascálacha ar dhul chun cinn, cláir oibre agus miontuairiscí cruinnithe boird i gcomhréir le rialacha rúndachta. Ba cheart dóibh feabhas a chur ar an idirphlé leis an tsochaí, feasacht a mhéadú, tús áite a thabhairt do rannpháirtíocht ghníomhach i ngach céim den fhiosrúchán eolaíoch, lena gcumasófar saoránaigh chun réitigh a chomhdhearadh, chun rannchuidiú le tuairimí agus chun dearcthaí cuiditheacha a chruthú maidir le gníomhaíochtaí agus torthaí na gcomhghnóthas, trína méadófar an mhuinín as réitigh theicneolaíocha ar dhúshláin reatha agus ar dhúshláin amach anseo.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 30
(30)  Ba cheart na comhghnóthais a chur chun feidhme ag úsáid struchtúr agus rialacha a chuireann le héifeachtúlacht agus a áirithíonn simpliú. Chun na críche sin, ba cheart do na comhghnóthais rialacha airgeadais atá sonrach dá riachtanais a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle2.
(30)  Is gnéithe uathúla de na comhghnóthais iad an struchtúr rialaithe agus an chlároifig thiomnaithe ar cheart dóibh leibhéal níos airde oibríochtaí muinínbhunaithe a cheadú. Ba cheart na comhghnóthais a chur chun feidhme trí úsáid a bhaint as struchtúr agus rialacha lena gcuirtear feabhas ar a dtionchar, a n-éifeachtúlacht agus lena n-áirithítear uas-simpliú riaracháin do na tairbhithe agus laghdú ar a n-ualach riaracháin. Chuige sin, ba cheart do na comhghnóthais rialacha airgeadais atá sonrach dá riachtanais a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 71 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle2. Chun go gcuirfear ar chumas na gcomhghnóthas a gcúraimí agus gníomhaíochtaí breise a dhéanamh, ba cheart líon agus gráid foirne leordhóthanacha a áirithiú.
__________________
__________________
2 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
2 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012, (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32
(32)  Ba cheart do rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha a chistíonn comhghnóthais faoi Fís Eorpach na rialacha a leagtar amach sa Rialachán maidir le Fís Eorpach a chomhlíonadh. Ba cheart do na comhghnóthais a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm go seasmhach bunaithe ar bhearta ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún. Ba cheart do na comhghnóthais an tsamhail chorparáideach den chomhaontú deontais a d’ullmhaigh an Coimisiún a úsáid. Maidir leis an tréimhse chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistriú úinéireacht na dtorthaí dá dtagraítear in [Airteagal 36(4)] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, ba cheart fad na sraitheanna nuálaíochta sna réimsí a chumhdaítear faoi na comhghnóthais faoi seach a chur san áireamh.
(32)  Ba cheart do rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí indíreacha a chistíonn comhghnóthais faoin gclár Fís Eorpach na rialacha a leagtar amach sa Rialachán maidir le Fís Eorpach a chomhlíonadh. D’fhéadfadh FBManna go háirithe easpa acmhainní a bheith acu i dtaca le bheith páirteach go gníomhach i dtionscadail Eorpacha agus ba cheart do gach comhghnóthas tacú leo chun bheith rannpháirteach ina ngníomhaíochtaí. Chun rannpháirtíocht FBManna a spreagadh, áfach, ba cheart go mbeadh comhghnóthais in ann rátaí aisíocaíochta difriúla a chur i bhfeidhm do chistiú an Aontais laistigh de ghníomhaíocht ag brath ar chineál an rannpháirtí. Ba cheart na rátaí aisíocaíochta a shonrú sa chlár oibre. Ba cheart do na comhghnóthais a áirithiú go gcuirfear na rialacha sin i bhfeidhm go seasmhach bunaithe ar bhearta ábhartha arna nglacadh ag an gCoimisiún. Ba cheart do na comhghnóthais an tsamhail chorparáideach den chomhaontú deontais a d’ullmhaigh an Coimisiún a úsáid. Maidir leis an tréimhse chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistriú úinéireacht na dtorthaí dá dtagraítear in [Airteagal 36(4)] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, ba cheart fad na sealanna nuálaíochta sna réimsí a chumhdaítear faoi na comhghnóthais ábhartha a chur san áireamh.
Leasú 30
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 32 a (nua)
(32a)  Ós rud é gur constaic mhór roimh an iomaíochas í an easpa scileanna, ba cheart do chomhghnóthais rannchuidiú go gníomhach leis an mbearna scileanna sonracha a laghdú ar fud an Aontais agus le bearta a ghlacadh chun feabhas a chur ar chothromaíocht inscne agus chun aghaidh a thabhairt ar ghné na hinscne, lena n-áirítear i réimsí ETIM, trí chuidiú le fothú eolais nua agus caipitil dhaonna, trí bheith páirteach i bhfeachtais múscailte feasachta agus trí ghníomhaíochtaí oideachais agus scaipthe a chur chun cinn, le rannpháirtíocht líonraí acadúla, eolaíochta agus eolais, comhpháirtithe sóisialta agus eacnamaíochta, na meán, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht do lucht tionscail agus FBManna agus gníomhaithe eile. Ba cheart do chomhghnóthas deiseanna a lorg chun eolas a thabhairt do mhic léinn a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh dul i mbun gairme i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice agus i réimsí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla na gcomhghnóthas. Ba cheart do chomhghnóthais a bheith ar na hionstraimí chun tallann a mhealladh agus chun an fhadhb a bhaineann le himirce daoine oilte a laghdú, ag coimeád taighdeoirí agus saineolas speisialaithe i gcúrsaíocht chothrom.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 33
(33)  Ar cheann de phríomhchuspóirí na gcomhghnóthas tá cumas eacnamaíoch an Aontais a chothú, go háirithe a neamhspleáchas eolaíochta agus teicneolaíochta. Thairis sin, cuirtear an gá atá le hinfheistiú i bpríomhtheicneolaíochtaí amhail 5G, Intleacht Shaorga, an néal, cibearshlándáil agus teicneolaíocht ghlas, agus luachshocrú ba dteicneolaíochtaí sin san Aontas, i dtábhacht sa téarnamh i ndiaidh na paindéime. Beidh ról tábhachtach ag na torthaí a ghinfidh na rannpháirtithe uile chuige sin, agus bainfidh na rannpháirtithe uile tairbhe as cistiú an Aontais trí na torthaí a ghinfear leis an tionscadal agus le cearta rochtana ar na torthaí sin, fiú na rannpháirtithe nach bhfaigheann cistiú ón Aontas. Dá bhrí sin, d’fhonn leasanna an Aontais a chosaint, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistriú úinéireacht na dtorthaí nó bronnadh ceadúnas eisiach i leith torthaí maidir le rannpháirtithe nach bhfaigheann cistiú ón Aontas freisin. Agus an ceart seo chun agóid a dhéanamh á fheidhmiú, ba cheart don chomhghnóthas cothromaíocht chóir a aimsiú idir leasanna an Aontais agus cosaint chearta bunúsacha thorthaí na rannpháirtithe gan chistiú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ag cur san áireamh nach bhfaigheann na rannpháirtithe sin aon chistiú ón Aontas don ghníomhaíocht ónar gineadh na torthaí.
(33)  I measc phríomhchuspóirí na gcomhghnóthas, tá acmhainneachtaí eacnamaíocha an Aontais a chothú, agus go háirithe a cheannasacht thionsclaíoch, eolaíoch agus theicneolaíoch, mar aon le haeráidneodracht agus geilleagar níos inbhuanaithe agus níos iomaíche a fhorbairt trí nuáil eolaíoch, dhigiteach agus theicneolaíoch. Thairis sin, cuirtear an gá atá le hinfheistiú i mbonneagair riachtanacha agus eochairtheicneolaíochtaí amhail teicneolaíochtaí cumarsáide nua, 5G agus 6G, an intleacht shaorga, an néal, cibearshlándáil agus teicneolaíocht ghlas, mar aon le luachshocrú, cur in úsáid agus tráchtálú na dteicneolaíochtaí sin san Aontas. Ba cheart do na comhghnóthais rannchuidiú le heolaíocht oscailte a chothú i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos in Airteagail 14 agus 39 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, ina sonraítear gur cheart go mbeadh rochtain ar thaighde ‘a oscailte is féidir, a iata is gá’, agus leasanna dlisteanacha na dtairbhithe á gcur san áireamh. Beidh ról tábhachtach ag na torthaí a ghinfidh na rannpháirtithe uile chuige sin, agus bainfidh na rannpháirtithe uile tairbhe as cistiú an Aontais trí na torthaí a ghinfear leis an tionscadal agus le cearta rochtana ar na torthaí sin, fiú na rannpháirtithe nach bhfaigheann cistiú ón Aontas. Dá bhrí sin, chun leasanna an Aontais a chosaint, ba cheart go mbeadh feidhm ag an gceart chun agóid a dhéanamh in aghaidh aistriú úinéireacht na dtorthaí nó bronnadh ceadúnais eisiach i leith torthaí maidir le rannpháirtithe nach bhfaigheann cistiú ón Aontas freisin. Agus an ceart sin chun agóid a dhéanamh á fheidhmiú, ba cheart don chomhghnóthas cothromaíocht chóir a aimsiú idir leasanna an Aontais agus cearta bunúsacha a chosaint i ndáil le torthaí na rannpháirtithe gan chistiú i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, ag cur san áireamh nach bhfuair na rannpháirtithe sin aon chistiú ón Aontas don ghníomhaíocht ónar gineadh na torthaí.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38
(38)  I gcomhréir le [hAirteagal 8(2)(c)] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, ba cheart do chomhghnóthais cur chuige saolré soiléir a bheith acu. D’fhonn leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go leordhóthanach, ba cheart comhghnóthais a bhunú ar feadh tréimhse a chríochnaíonn ar an 31 Nollaig 2031 chun deis a thabhairt dóibh a bhfreagrachtaí maidir le cur chun feidhme deontais a fheidhmiú go dtí go gcuirfear na gníomhaíochtaí indíreacha deiridh a seoladh i gcrích.
(38)  Ba cheart go ndéanfaí na comhghnóthais a mhaoiniú le cláir an Aontais faoi CAI agus, i gcás inarb infheidhme, le hIonstraim Théarnaimh AE. I gcomhréir le [hAirteagal 8(2)(c)] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, ba cheart do chomhghnóthais cur chuige saolré soiléir a bheith acu. Ar mhaithe le leasanna airgeadais an Aontais a chosaint go leordhóthanach, ba cheart comhghnóthais a bhunú ar feadh tréimhse dar críoch an 31 Nollaig 2031 chun deis a thabhairt dóibh a bhfreagrachtaí maidir le cur chun feidhme deontais a fheidhmiú go dtí go gcuirfear na gníomhaíochtaí indíreacha deiridh a seoladh i gcrích.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 38 a (nua)
(38a)  Ba cheart don chomhghnóthas, dá chomhlachtaí agus dá fhoireann aon choinbhleacht leasa i gcur chun feidhme a ngníomhaíochtaí a sheachaint. Ba cheart don bhord rialaithe agus na Stiúrthóirí Feidhmiúcháin rialacha a ghlacadh chun coinbhleachtaí leasa a chosc, a sheachaint agus a bhainistiú. Ba cheart do chomhaltaí den Choiste Eolaíochta dearbhú ar a ngníomhaíochtaí gairmiúla iomlána, ar leasanna airgeadais agus ar choinbhleachtaí leasa a chur ar fáil go poiblí agus a choinneáil cothrom le dáta.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 39
(39)  I gcomhthéacs thosaíocht an Choimisiúin Eorpaigh maidir le ‘Comhaontú Glas don Eoraip’3 lena dtacaíonn Straitéis Bithgheilleagair athbhreithnithe an Aontais4, Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh5, an Chumarsáid ‘Pláinéad Glan do Chách’6, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach7 agus an chumarsáid ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’8, ba cheart go n-éireoidh earnáil bhithbhunaithe na hEorpa, lena n-áirítear FBManna, réigiúin agus príomhtháirgeoirí aeráidneodrach, níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe fad a fhanann siad iomaíoch ar an scála domhanda. Féadfaidh éiceachóras nuálaíochta bithbhunaithe atá láidir, éifeachtúil ó thaobh acmhainní agus iomaíoch spleáchas ar amhábhar iontaise agus acmhainní mianracha neamh-inathnuaite a laghdú agus dlús a chur le hionadaíocht na n-ábhar agus na n-acmhainní sin. Féadfaidh sé táirgí, ábhair, próisis agus mianraí in-athnuaite bithbhunaithe a fhorbairt ó dhramhaíl agus bithmhais tríd an nuálaíocht atá treoraithe ag inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht. Féadfaidh éiceachóras den sórt sin luach a chruthú freisin ó bhunábhar áitiúil – lena n-áirítear dramhaíl, fuíll agus taobhshruthanna – chun poist, fás agus forbairt eacnamaíoch a sheachadadh ar fud an Aontais, ní hamháin i gceantair uirbeacha ach i gcríocha tuaithe agus cósta freisin, áit a dtáirgtear bithmhais agus ar réigiúin imeallacha iad go minic inar annamh a mbaintear tairbhe as forbairt thionsclaíoch.
(39)  I gcomhthéacs thosaíocht an Choimisiúin maidir le ‘Comhaontú Glas don Eoraip’3 lena dtacaíonn Straitéis Bhithgheilleagair athbhreithnithe an Aontais4, Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh5, an Teachtaireacht ‘Pláinéad Glan do Chách’6, an Plean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach7, an Teachtaireacht nua ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’8, agus SDGanna na Náisiún Aontaithe, ba cheart go n-éireodh earnáil bhithbhunaithe na hEorpa, lena n-áirítear FBManna, agus gnólachtaí nuathionscanta réigiúin agus príomhtháirgeoirí aeráidneodrach, níos ciorclaí agus níos inbhuanaithe agus iad fós ag fanacht iomaíoch ar bhonn domhanda. Féadfaidh éiceachóras nuálaíochta bithbhunaithe atá láidir, tíosach ar acmhainní agus iomaíoch spleáchas ar amhábhair iontaise agus acmhainní mianracha neamh-inathnuaite a laghdú agus dlús a chur le hionadaíocht na n-ábhar agus na n-acmhainní sin. Féadfaidh sé táirgí, ábhair, próisis agus cothaithigh in-athnuaite bithbhunaithe a fhorbairt ó dhramhaíl agus bithmhais tríd an nuálaíocht atá treoraithe ag inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht. Féadfaidh éiceachóras den sórt sin luach a chruthú freisin ó bhunábhar áitiúil – lena n-áirítear dramhaíl, fuíll agus foshreafaí – chun poist, fás agus forbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur ar fáil ar fud an Aontais, ní hamháin i gceantair uirbeacha ach i gcríocha tuaithe agus cósta freisin, áit a dtáirgtear bithmhais agus ar réigiúin imeallacha iad go minic inar annamh a mbaintear tairbhe as forbairt thionsclaíoch, eacnamaíoch agus shóisialta. Féadfaidh sé rannchuidiú freisin le sainaithint réiteach a úsáideann teicneolaíochtaí agus cur chuige astaíochtaí diúltacha.
__________________
__________________
3 https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga.
3 https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga.
4 COM(2018)0673.
4 COM(2018)0673.
5 COM(2020)0380.
5 COM(2020)0380.
6 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52018DC0773&from=EN.
6 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:52018DC0773&from=EN.
7 https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_en.
7 https://ec.europa.eu/info/strategy/priorities-2019-2024/european-green-deal_ga.
8 COM(2020)0381.
8 COM(2020)0381.
Leasú 35
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 40
(40)  Dhírigh an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe a bunaíodh faoi Fís 2020 ar úsáid inbhuanaithe acmhainní, go háirithe earnálacha atá dian ó thaobh acmhainní de agus a bhfuil tionchar mór acu, amhail talmhaíocht, monaraíocht teicstílí agus foirgníocht, ag díriú freisin ar oibritheoirí, monaróirí, plandaí agus monarchana áitiúla go háirithe. Bhí sraith láidir de 34 mholadh mar chuid dá mheastóireacht eatramhach a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus léirítear na moltaí sin i ndearadh an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ní leanúint dhíreach de Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe é an Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe ach clár a thógann ar na gaiscí a bhain an comhghnóthas roimhe amach agus a théann i ngleic leis na heasnaimh a bhain leis. I gcomhréir leis na moltaí sin, ba cheart do raon níos leithne de pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear an earnáil phríomhúil (talmhaíocht, dobharshaothrú, iascaigh agus foraoiseacht) chomh maith le soláthraithe dramhaíola, fuíoll agus taobhshruthanna, údaráis réigiúnacha agus infheisteoirí a bheith rannpháirteach sa Chomhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe chun clistí sa mhargadh agus próisis bhithbhunaithe neamh-inbhuanaithe a chosc. D’fhonn a chuspóirí a sheachadadh, níor cheart ach tionscadail a léiríonn meas do phrionsabail na ciorclaíochta, na hinbhuanaitheachta agus na dteorainneacha pláinéadacha a chistiú.
(40)  Dhírigh an Comhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe a bunaíodh faoin gclár Fís 2020 ar úsáid inbhuanaithe acmhainní, go háirithe in earnálacha atá dian ó thaobh acmhainní de agus a bhfuil tionchar mór acu, amhail talmhaíocht, monaraíocht teicstílí agus foirgníocht, agus dhírigh sé go háirithe freisin ar oibritheoirí, monaróirí, plandaí agus monarchana áitiúla. Bhí tacar láidir de 34 mholadh mar chuid dá mheastóireacht eatramhach a foilsíodh i mí Dheireadh Fómhair 2017 agus léirítear na moltaí sin i ndearadh an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe a bhunaítear leis an Rialachán seo. Ní leanúint dhíreach ar Chomhghnóthas Tionscail Bhithbhunaithe é an Comhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe ach clár a chuireann lenar bhain an comhghnóthas roimhe amach agus a théann i ngleic leis na heasnaimh a bhain leis. I gcomhréir leis na moltaí, ba cheart do raon níos leithne geallsealbhóirí, lena n-áirítear an earnáil phríomhúil (idir teicneolaíocht, talmhaíocht, dobharshaothrú, iascaigh agus foraoiseacht) chomh maith le soláthraithe dramhaíola, fuíll agus foshreafaí, údaráis réigiúnacha agus infheisteoirí a bheith rannpháirteach sa Chomhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe chun clistí sa mhargadh agus próisis bhithbhunaithe neamh-inbhuanaithe a chosc, mar aon le hionadaithe ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta. Go háirithe, ba cheart go n-áiritheofaí go mbeadh sé oscailte do ghníomhaithe níos lú. Chun a chuspóirí a bhaint amach, níor cheart dó tionscadail a chistiú ach amháin na tionscadail sin lena n-urramaítear prionsabail na ciorclaíochta, na hinbhuanaitheachta, teorainneacha pláinéadacha agus ba cheart dó a dtionchair ionchasacha shóisialta, agus chomhshaoil a mhaolú.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 41
(41)  Ba cheart don Chomhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe Grúpaí Imscartha a bhunú ar cheart a bheith mar chomhlachtaí comhairleacha agus ar cheart dóibh páirt ghníomhach a ghlacadh sna cinntí straitéiseacha a leagann síos an clár oibre don chomhpháirtíocht. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear na comhlachtaí comhairleacha sin san áireamh sa struchtúr rialála le rannpháirtíocht níos leithne agus níos mó infheistíocht phríobháideach a áirithiú san earnáil chiorclach bhithbhunaithe. Ba cheart do na Grúpaí Imscartha go háirithe tacaíocht a sholáthar do chruinnithe straitéiseacha an Bhoird Rialála ina mbíonn ceannairí tionscail, na hionadaithe páirtithe leasmhara agus ionadaithe ardleibhéil an Choimisiúin ar an mBord Rialála buan chun treoshuíomh straitéiseach na comhpháirtíochta a phlé agus a leagan amach.
(41)  Ba cheart don Chomhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe Grúpaí Imscartha a bhunú ar cheart dóibh a bheith ina gcomhlachtaí comhairleacha agus ar cheart dóibh páirt ghníomhach a ghlacadh sna pléití straitéiseacha lena leagtar síos an clár oibre don chomhpháirtíocht. Tá sé ríthábhachtach go gcuirfear na comhlachtaí comhairleacha sin san áireamh sa struchtúr rialaithe le rannpháirtíocht níos leithne agus níos mó infheistíocht phríobháideach a áirithiú san earnáil chiorclach bhithbhunaithe. Ba cheart do na Grúpaí Imscartha go háirithe tacaíocht a sholáthar do chruinnithe straitéiseacha an Bhoird Rialaithe ina dtagann ceannairí tionscail, ionadaithe na ngeallsealbhóirí agus ionadaithe ardleibhéil an Choimisiúin le chéile leis an mBord Rialaithe buan chun treoshuíomh straitéiseach na comhpháirtíochta a phlé agus a leagan amach agus chun a hinbhuanaitheacht comhshaoil agus shóisialta a áirithiú.
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 42
(42)  Ba cheart gurb é príomhchuspóir an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan rannchuidiú le lorg éiceolaíochta na heitlíochta a laghdú trí dhlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí eitlíochta atá neodrach ó thaobh aeráide de lena gcur in úsáid a luaithe agus is féidir, dá bhrí sin dhéanfar rannchuidiú nach beag leis na cuspóirí uaillmhianacha maidir le tionchar ar an gcomhshaol a mhaolú a ghabhann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, is é sin, laghdú 55 % in astaíochtaí i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990 faoin mbliain 2030, agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050. Ní féidir an chuspóir sin a bhaint amach ach trí dhlús a chur leis na próisis taighde agus nuálaíochta in aerloingseoireacht agus na próisis sin a bharrfheabhsú agus trí iomaíochas domhanda thionscal eitlíochta an Aontais a fheabhsú. Ba cheart don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan a áirithiú go bhfanann eitlíocht níos glaine sábháilte, slán agus éifeachtúil chun paisinéirí agus earraí a iompar d’aer.
(42)  Ba cheart gurb é príomhchuspóir an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan rannchuidiú le lorg éiceolaíochta na heitlíochta a laghdú trí dhlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí eitlíochta atá neodrach ó thaobh aeráide de lena gcur in úsáid a luaithe agus is féidir, ag rannchuidiú go suntasach, dá bhrí sin, leis na spriocanna uaillmhianacha maidir le tionchar ar an gcomhshaol a mhaolú a ghabhann leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus le Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a (an Dlí Aeráide Eorpach) is é sin, laghdú 55 % ar astaíochtaí i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 1990 faoin mbliain 2030, agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir le Comhaontú Pháras. Ní féidir an cuspóir sin a bhaint amach ach trí dhlús a chur leis na próisis taighde agus nuálaíochta in aerloingseoireacht agus na próisis sin a bharrfheabhsú agus trí iomaíochas domhanda thionscal eitlíochta an Aontais a fheabhsú. Ba cheart don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan a áirithiú go bhfanann eitlíocht níos glaine sábháilte, slán agus éifeachtúil chun paisinéirí agus earraí a iompar d’aer.
_______________
1a Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 44 a (nua)
(44a)  Aithníodh gur gné bhunriachtanach le haghaidh rathúnas an Aontais i ndomhan sár-iomaíoch í an eitlíocht ghlan agus inbhuanaithe, a raibh dúshláin shuntasacha roimpi de dheasca phaindéim COVID-19. D’fhéadfadh an Comhghnóthas um Eitlíocht Ghlan cur le bonn taca an taighde aerloingseoireachta ar bhealaí éagsúla. D’fhéadfadh sé cuidiú le heolas, réitigh agus ionchas nuálaíochta nua a allmhairiú trí thuairimí a aimsiú in eolaíochtaí agus earnálacha eile. D’fhéadfadh sé freisin a chur ar chumas mac léinn rannchuidiú i dtimpeallacht thionsclaíoch, go háirithe in FBManna. Trí chomhoibriú rathúil idir comhghnóthais agus institiúidí acadúla, d’fhéadfadh conarthaí taighde urraithe a bheith ann, mar aon le comhoibriú cistithe, cláir intéirneachta do mhic léinn, saoráidí speisialaithe comhroinnte, cláir do thionscail chleamhnaithe, deontais, dámhachtainí, duaiseanna lena spreagtar an pobal acadúil.
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 47
(47)  Tá an Eoraip ag dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le ról ceannasach a imirt maidir le costais shochaíocha astaíochtaí gás ceaptha teasa san aer a inmheánú sa tsamhail ghnó le haghaidh aeriompair fad a leanann sí ar aghaidh ag áirithiú ‘cothroime iomaíochta’ i gcomhair táirgí Eorpacha ar an margadh domhanda. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan tacú leis na hionadaithe Eorpacha sna hiarrachtaí maidir le caighdeánú idirnáisiúnta agus reachtaíocht idirnáisiúnta.
(47)  Tá an Eoraip ag dul i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le ról ceannasach domhanda a bheith aici maidir le costais shochaíocha astaíochtaí gás ceaptha teasa agus tionchar comhshaoil a inmheánú sa tsamhail ghnó le haghaidh aeriompair fad a leanann sí ar aghaidh de bheith ag áirithiú ‘machaire comhréidh’ i gcomhair táirgí agus seirbhísí Eorpacha ar an margadh domhanda mar aon leis an gceart chun nascachta agus iomaíochas na hearnála. Dá bhrí sin, ba cheart don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan tacú leis na hionadaithe Eorpacha sna hiarrachtaí maidir le caighdeánú idirnáisiúnta agus reachtaíocht idirnáisiúnta.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 48
(48)  Tháinig athrú suntasach ar an tsuim a chuirtear san Hidrigin le 5 bliana anuas agus shínigh agus dhaingnigh gach Ballstát Comhaontú Pháras de chuid Chomhdháil na bPáirtithe (COP21). Ag deireadh 2019, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip, arb é is aidhm don Aontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, áit nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050. Áirítear hidrigin ghlan, cealla breosla, breosla malartach agus stóráil fuinnimh i measc na réimsí tosaíochta. Tá Hidrigin le feiceáil go ríshoiléir sna ‘Teachtaireachtaí ar straitéis hidrigine le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach agus Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chomhtháthú Córais Fuinnimh’ i mí Iúil 2020, agus ag seoladh na Comhghuaillíochta Eorpaí don Hidrigin Ghlan trína dtugtar na páirtithe leasmhara uile le chéile chun riachtanais teicneolaíochta, deiseanna infheistíochta agus bacainní rialála a aithint chun éiceachóras hidrigine slán a thógáil san Aontas.
(48)  Tháinig athrú suntasach ar an spéis a chuirtear i Hidrigin le 5 bliana anuas agus shínigh agus dhaingnigh gach Ballstát Comhaontú Pháras Chomhdháil na bPáirtithe (COP21). Ag deireadh 2019, thíolaic an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip, arb é is aidhm dó an tAontas a chlaochlú ina shochaí chóir agus rathúil, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, agus nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050 ar a dhéanaí. Áirítear hidrigin ghlan, cealla breosla, breosla malartach eile, stóráil fuinnimh agus teicneolaíochtaí astaíochtaí diúltacha i measc na réimsí tosaíochta. Tá Hidrigin le feiceáil go ríshoiléir sna ‘Teachtaireachtaí ar straitéis hidrigine le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach agus Straitéis an Aontais Eorpaigh um Chomhtháthú Córais Fuinnimh’ ó mhí Iúil 2020 agus i rún an 19 Bealtaine 2021 ó Pharlaimint na hEorpa ar Straitéis Eorpach i ndáil le Hidrigin1a agus ag seoladh na Comhghuaillíochta Eorpaí don Hidrigin Ghlan trína dtugtar na geallsealbhóirí uile le chéile chun riachtanais teicneolaíochta, taighde agus bhonneagair, deiseanna infheistíochta agus bacainní rialála agus eacnamaíocha a aithint chun éiceachóras hidrigine slán a thógáil san Aontas.
______________
1a Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0241
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 49
(49)  Tacaíodh le gníomhaíochtaí tiomnaithe taighde agus nuálaíochta a bhaineann le feidhmeanna hidrigine ó 2008, go príomha tríd na Comhghnóthais um Chruachadh Breosla agus Hidrigin (Comhghnóthas FCH agus Comhghnóthas FCH 2) faoi FP7 agus Fís 2020 chomh maith le tionscadail thraidisiúnta chomhoibríocha, ag cumhdach gach céime/réimse de shlabhra luacha na hidrigine. Ba cheart don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan cumas eolaíochta an Aontais a neartú agus a chomhtháthú chun dlús a chur le forbairt agus feabhsú ardfheidhmeanna hidrigine glaine atá réidh don mhargadh, ar fud úsáidí deiridh fuinnimh, iompair, tógála agus tionscail. Ní bheifear in ann é sin a dhéanamh ach má chuirtear neartú iomaíochais shlabhra luacha hidrigine an Aontais leis, go háirithe FBManna.
(49)  Tacaíodh le gníomhaíochtaí tiomnaithe taighde agus nuálaíochta a bhaineann le feidhmeanna hidrigine ó 2008, go príomha tríd na Comhghnóthais um Chealla Breosla agus um Hidrigin (Comhghnóthas FCH agus Comhghnóthas FCH 2) faoi FP7 agus Fís 2020 chomh maith le tionscadail thraidisiúnta chomhoibríocha, ag cumhdach gach céime/réimse de shlabhra luacha na hidrigine. Ba cheart don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan acmhainneacht eolaíochta an Aontais a neartú agus a chomhtháthú chun dlús a chur le forbairt agus feabhsú ardfheidhmeanna hidrigine glaine atá réidh don mhargadh, ar fud úsáidí deiridh fuinnimh, eitlíochta, muirí agus iompair tromshaothair, tógála agus tionscail. Ní bheifear in ann é sin a dhéanamh ach amháin má chuirtear neartú iomaíochas shlabhra luacha hidrigine an Aontais leis, go háirithe FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta.
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 51
(51)  Ós rud é gur féidir hidrigin a úsáid mar bhreosla, iompróir fuinnimh agus chun fuinneamh a stóráil, tá sé fíor-riachtanach go mbunaítear comhar struchtúrtha le neart comhpháirtíochtaí eile de chuid Fís Eorpach, go háirithe le haghaidh úsáid deiridh leis an gcomhpháirtíocht um hidrigin ghlan. Ba cheart don comhpháirtíocht um hidrigin ghlam idirghníomhú le hiompar de bhóthar agus iompar d’uisce atá saor ó astaíochtaí, iarnród na hEorpa, eitlíocht ghlan, próisis don phláinéad agus comhpháirtíochtaí um chruach ghlan. Chun na críche sin, ba cheart struchtúr a bhunú a thuairiscíonn don Bhord Rialála d’fhonn comhar agus sineirgí idir na comhpháirtíochtaí sin i réimse na hidrigine a áirithiú. Bheadh an tionscnamh um hidrigin ghlan ar an aon chomhpháirtíocht a dhíríonn ar aghaidh a thabhairt ar theicneolaíochtaí táirgthe hidrigine. Ba cheart do chomhar le comhpháirtíochtaí úsáide deiridh díriú go háirithe ar an teicneolaíocht a léiriú agus na sonraíochtaí comhshonracha.
(51)  Ós rud é gur féidir hidrigin a úsáid mar bhreosla, iompróir fuinnimh agus chun fuinneamh a stóráil, tá sé fíor-riachtanach go mbunaítear comhar struchtúrtha le neart comhpháirtíochtaí eile de chuid an chláir Fís Eorpach, go háirithe le haghaidh úsáid deiridh, agus tá baint aici le Tionscadail Thábhachtacha ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEInna). Ba cheart don chomhpháirtíocht um hidrigin ghlan idirghníomhú le hiompar de bhóthar agus iompar d’uisce atá saor ó astaíochtaí, córas iarnróid na hEorpa, eitlíocht ghlan, próisis don phláinéad agus comhpháirtíochtaí um chruach ghlan agus sineirgí a fhorbairt leo sin. Chun na críche sin, ba cheart struchtúr a bhunú a thuairiscíonn don Bhord Rialaithe chun comhar agus sineirgí idir na comhpháirtíochtaí sin i réimse na hidrigine a áirithiú. Bheadh an tionscnamh um hidrigin ghlan ar an aon chomhpháirtíocht a dhíríonn ar aghaidh a thabhairt ar theicneolaíochtaí agus bonneagar táirgthe hidrigine. Ba cheart do chomhar le comhpháirtíochtaí úsáide deiridh díriú go háirithe ar léiriú a thabhairt ar an teicneolaíocht agus sonraíochtaí comhshonracha.
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 53
(53)  Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, áit nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Áirítear dlús a chur leis an aistriú chuig gluaiseacht inbhuanaithe agus chliste i measc na réimsí tosaíochta.
(53)  Is é is aidhm don Chomhaontú Glas don Eoraip sochaí chothrom rathúil a dhéanamh den Aontas, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha, inbhuanaithe, iomaíoch, atá tíosach ó thaobh fuinnimh agus acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte feasta ó úsáid acmhainní. Áirítear dlús a chur leis an aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste i measc na réimsí tosaíochta.
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 54
(54)  Cuirtear i dtábhacht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Nua Thionsclaíoch don Eoraip22 (Márta 2020) go bhfuil sé de fhreagracht ar thionscail ghluaiseachta inbhuanaithe agus cliste, amhail earnáil an iarnróid, an t-aistriú digiteach agus glas a threorú, tacaíocht a thabhairt d’iomaíochas na hEorpa agus nascacht a fheabhsú, agus gur féidir leis na tionscail é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart d’iompar de bhóthar, iarnróid, eitlíochta agus d’uisce cur le laghdú 90 % in astaíochtaí iompair faoin mbliain 2050. Mar ábhar tosaíochta, ba cheart sciar mór den 75 % de lasta intíre a iompraítear ar bhóithre inniu a aistriú chuig na hiarnród agus chuig uiscebhealaí intíre.
(54)  Cuirtear i dtábhacht sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Nua Thionsclaíoch don Eoraip22 (Márta 2020), lena n-áirítear sa nuashonrú air ó mhí Bealtaine 2021, go bhfuil sé de fhreagracht ar thionscail soghluaisteachta inbhuanaithe agus cliste, amhail tionscal an iarnróid, an t-aistriú digiteach agus glas a threorú, tacaíocht a thabhairt d’iomaíochas tionsclaíoch na hEorpa, borradh a chur faoin téarnamh, agus nascacht a fheabhsú, agus go bhfuil sé d’acmhainn ag na tionscail sin é sin a dhéanamh. Dá bhrí sin, ba cheart don iompar de bhóthar, d’iarnród, don eitlíocht agus don iompar d’uisce uile rannchuidiú le laghdú 90 % ar astaíochtaí iompair faoin mbliain 2050. Mar ábhar tosaíochta, ba cheart sciar mór den 75 % de lasta intíre a iompraítear ar bhóithre inniu a aistriú chuig na hiarnróid agus chuig uiscebhealaí intíre.
__________________
__________________
22 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1593086905382&uri=CELEX:52020DC0102
22 https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/?qid=1593086905382&uri=CELEX:52020DC0102
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 56
(56)  Ba cheart gurb é cuspóir an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa líonra iarnróid ardchumas comhtháite Eorpach a sheachadadh ag cur deireadh le bacainní don idir-inoibritheacht agus réitigh a sholáthar don chomhtháthú iomlán, lena gcumhdaítear bainistíocht tráchta, feithiclí, bonneagar agus seirbhísí. Ba cheart go saothróidh sé sin an acmhainneacht ollmhór atá ann i leith digitiú agus uathoibriú, agus cur lena sholúbthacht agus iontaofacht, agus ba cheart é a bhunú ar Ailtireacht Chórais Feidhme Tagartha a roinn an earnáil leis, i gcomhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.
(56)  Ba cheart gurb é cuspóir an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa líonra iarnróid ardacmhainneachta agus comhtháite Eorpach a chur ar fáil, a mbeidh sé mar aidhm leis na caighdeáin is airde sábháilteachta a bhaint amach le haghaidh úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear paisinéirí, agus oibrithe iarnróid araon, trí dheireadh a chur le bacainní roimh an idir-inoibritheacht agus réitigh a sholáthar don chomhtháthú iomlán, lena gcumhdaítear bainistíocht tráchta, feithiclí, bonneagar agus seirbhísí, lena n-áirítear trí thicéadú. Ba cheart leis sin, go bhféadfaí sochar a bhaint as an acmhainneacht ollmhór atá sa digiteáil agus san uathoibriú costais an iarnróid a laghdú, acmhainneacht a mhéadú, agus feabhas a chur ar sholúbthacht agus iontaofacht, sábháilteacht agus cuimsitheacht agus ba cheart é a bhunú ar Ollstruchtúr Córais Feidhme Tagartha stóinsithe arna roinnt ag an earnáil leis, i gcomhar le Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 58
(58)  Is córas casta é an t-iarnród, le hidirghníomhaíochtaí an-dlúth idir bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid (oibreoirí traenacha) agus a dtrealamh faoi seach (bonneagar agus rothstoc). Ní féidir nuálaíocht a sheachadadh gan sonraíochtaí comhchoiteanna agus straitéis sa chóras iarnróid iomlán. Dá bhrí sin, ba cheart do Cholún Córasach an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa an earnáil a chumasú chun teacht le chéile ar choincheap oibríochtúil aonair agus ailtireacht chórais, lena n-áirítear sainiú ar sheirbhísí, bloic feidhme, agus comhéadain, atá mar bhunús oibríochtaí an chórais iarnróid. Ba cheart dó an creat foriomlán a sholáthar le háirithiú go ndéanfar spriocanna taighde, riachtanais custaiméirí agus riachtanais oibríochtúla a chomhaontú i gcoiteann agus go roinntear riachtanais custaiméirí agus riachtanais oibríochtúla. Ba cheart a léiriú i samhail rialála agus próiseas cinnteoireachta an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa ról ceannasach an Choimisiúin i gcóras iarnróid na hEorpa a chomhaontú agus a chomhtháthú, go háirithe maidir leis an gcoincheap oibríochtúil aonair agus an ailtireacht chórais a sheachadadh go tapa agus go héifeachtach, fad a áirithítear rannpháirtíocht chomhpháirtithe príobháideacha i róil chomhairleacha agus tacaíochta teicniúla.
(58)  Is córas casta é an t-iarnród, le hidirghníomhaíochtaí an-dlúth idir bainisteoirí bonneagair, gnóthais iarnróid (oibreoirí traenacha) agus soláthraithe a dtrealaimh faoi seach (e.g. bonneagar agus rothstoc). Ní féidir nuálaíocht a bhaint amach gan sonraíochtaí comhchoiteanna agus straitéis ar fud an chórais iarnróid iomláin. Dá bhrí sin, ba cheart do Cholún Córais an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa an earnáil a chumasú chun teacht le chéile ar choincheap oibríochtúil aonair agus ollstruchtúr córais, lena n-áirítear sainmhíniú ar sheirbhísí, bloic feidhme, agus comhéadain, atá mar bhunús ag oibríochtaí an chórais iarnróid. Ba cheart dó an creat foriomlán a sholáthar lena áirithiú go ndíríonn an taighde ar riachtanais custaiméirí agus riachtanais oibríochtúla chun cearta paisinéirí feabhsaithe a chur ar fáil, ar riachtanais iad arna gcomhaontú i gcoiteann mar aon le riachtanais chomhroinnte custaiméirí agus oibríochtúla. Ba cheart go léireodh samhail rialaithe agus próiseas cinnteoireachta an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa ról ceannasach an Choimisiúin i gcóras iarnróid na hEorpa a aontú agus a chomhtháthú, go háirithe maidir leis an gcoincheap oibríochtúil aonair agus an t-ollstruchtúr córais a chur ar fáil go tapa agus go héifeachtach, fad a áirithítear rannpháirtíocht comhpháirtithe príobháideacha i róil chomhairleacha agus tacaíochta teicniúla, agus riachtanais úsáideoirí deiridh, lena n-áirítear paisinéirí, agus oibrithe á gcur san áireamh le tagairt shonrach don tsábháilteacht agus don chuimsitheacht.
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 61
(61)  I gcomhthéacs thosaíochtaí an Choimisiún i leith Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, agus Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 3 go háirithe, agus Teachtaireacht i dTreo Straitéise Cuimsithí leis an Afraic23, tá an tAontas tiomanta do chur le saol sláintiúil agus folláine a chur chun cinn le haghaidh gach duine, do thógáil ar chomhpháirtíocht níos láidre fiú idir an dá mhór-roinn agus do thacú le hinniúlachtaí taighde agus nuálaíochta san Afraic. Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 aghaidh a thabhairt ar an easpa diagnóisice, cóireálacha agus vacsaíní iomchuí, i measc teicneolaíochtaí sláinte eile mar a thugtar orthu, atá ann chun dul i ngleic le galair thógálacha amhail VEID, maláire agus eitinn, ach le galair thógálacha eile a bhaineann le bochtaineacht agus a ndéantar siléig iontu, atá coitianta san Afraic, go háirithe san Afraic Fho-Shahárach freisin. Léiríodh le paindéim COVID-19 gur féidir le galair thógálacha scaipeadh go tapa ar fud an domhain mar gheall ar nascacht mhéadaithe idir réigiúin éagsúla ar domhan. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go bhforbraítear teicneolaíochtaí sláinte chun teorainn a chur le scaipeadh galar tógálach, agus chun troid ina n-aghaidh nuair a scaiptear iad, chun sláinte saoránach sna tíortha lena mbaineann agus san Aontas a chosaint. D’fhonn ceannaireacht sláinte domhanda níos láidre ná an tionscnamh EDCTP2 reatha a bhaint amach, ba cheart raon feidhme na comhpháirtíochta a leathnú chun freagairt ar bhagairtí galar tógálach atá ag teacht chun cinn, na fadhbanna méadaitheacha a bhaineann le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus galair neamhthógálacha comhghalrachta a chumhdach.
(61)  I gcomhthéacs thosaíochtaí an Choimisiún i leith SDGanna na Náisiún Aontaithe, agus SDG 3 go háirithe, agus an Teachtaireacht dar teideal ‘I dTreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic’23, tá an tAontas tiomanta do rannchuidiú le saol sláintiúil agus folláine a chur chun cinn le haghaidh gach duine, do chomhpháirtíocht níos láidre fiú a chothú idir an dá mhór-roinn agus do thacú le hacmhainneachtaí taighde agus nuálaíochta san Afraic a fhorbairt. Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 aghaidh a thabhairt ar an easpa diagnóisice, cóireálacha agus vacsaíní iomchuí, i measc teicneolaíochtaí sláinte eile mar a thugtar orthu, atá ann chun dul i ngleic le galair thógálacha amhail VEID, maláire agus eitinn, ach le galair thógálacha eile freisin a bhaineann le bochtaineacht agus a ndéantar siléig iontu, atá coitianta san Afraic, go háirithe san Afraic Fho-Shahárach. Léiríodh le paindéim COVID-19 gur féidir le galair thógálacha scaipeadh go tapa ar fud an domhain mar gheall ar nascacht mhéadaithe idir réigiúin éagsúla ar domhan. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go bhforbraítear teicneolaíochtaí sláinte chun teorainn a chur le scaipeadh galar tógálach, agus chun comhrac a dhéanamh ina n-aghaidh nuair a scaipeann siad, chun sláinte saoránach a chosaint, chun sláinte a fheabhsú agus a chothú sna tíortha lena mbaineann agus san Aontas, trí thacú le cur chun cinn na sláinte agus cosc galar, neamhionannais sláinte a laghdú agus rochtain chothrom agus iomlán ar an tsláinte a áirithiú. Chun ceannaireacht níos láidre i dtaca le sláinte dhomhanda a bhaint amach ná mar atá i gceist le tionscnamh reatha EDCTP2, ba cheart raon feidhme na comhpháirtíochta a leathnú chun freagairt ar bhagairtí galar tógálach atá ag teacht chun cinn, na fadhbanna méadaitheacha a bhaineann le frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach agus galair neamhthógálacha comhghalrachta a chumhdach.
__________________
__________________
23 Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: I dTreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic, an Bhruiséil, 9.3.2020, JOIN(2020) 4 final.
23 Teachtaireacht Chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: I dTreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic, an Bhruiséil, 9.3.2020, JOIN(2020) 4 final.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 62
(62)  Is gá rannpháirtíocht a fháil ó shraith mhór gníomhaithe agus gealltanais fhadtéarmacha chun dul i ngleic le galair thógálacha a dhéanann difear don Afraic Fho-Shahárach le huirlisí teicneolaíochta nua-aimseartha. Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 idirghabháil a dhéanamh chun líonrú agus comhar Thuaidh–Theas agus Theas–Theas atá tairbheach agus inbhuanaithe a bhaint amach, ag cruthú caidreamh le neart eagraíochtaí san earnáil phríobháideach agus phoiblí chun comhar tionscadal agus institiúideach a neartú. Ba cheart don chlár cuidiú chun comhar nua Thuaidh–Theas agus Theas–Theas a bhunú chun staidéir iltíre, ilsuímh a dhéanamh san Afraic Fho-Shahárach. Ina theannta sin, ba cheart do chomhdháil idirnáisiúnta tráthrialta, Fóram EDCTP, a bheith mar ardán i gcomhair eolaithe agus líonraí ábhartha ón Eoraip, Afraic, agus áiteanna eile, chun a dtorthaí agus a smaointe a roinnt agus naisc comhair a bhunú.
(62)  Is gá rannpháirtíocht ó thacar mór gníomhaithe agus gealltanais fhadtéarmacha chun dul i ngleic le galair thógálacha a dhéanann difear don Afraic Fho-Shahárach le huirlisí teicneolaíochta nua-aimseartha. Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 idirghabháil a dhéanamh chun líonrú agus comhar Thuaidh–Theas agus Theas–Theas atá tairbheach agus inbhuanaithe a bhaint amach, ag cruthú caidreamh le neart eagraíochtaí san earnáil phríobháideach agus phoiblí agus neamhbhrabúis chun comhoibriú tionscadail agus institiúideach a neartú. Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 naisc agus sineirgí láidre a bhunú leis na tionscnaimh atá curtha chun feidhme go dtí seo ag an gCiste Eorpach Forbraíochta agus ba cheart dó comhar a fheabhsú sna réimsí éagsúla gníomhaíochta, ag comhoibriú i bhfothú acmhainneachta agus ag comhroinnt saoráidí agus bonneagar, leis na gníomhaíochtaí a dtacaíonn an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta san Afraic leo. Ba cheart don chlár cuidiú freisin le comhoibriú nua Thuaidh–Theas agus Theas–Theas a bhunú chun staidéir iltíre, ilsuímh a dhéanamh san Afraic Fho-Shahárach. Ina theannta sin, ba cheart do chomhdháil idirnáisiúnta thráthrialta, Fóram EDCTP, a bheith mar ardán i gcomhair eolaithe agus líonraí ábhartha ón Eoraip, ón Afraic, agus ó áiteanna eile, chun a dtorthaí agus a smaointe a roinnt agus naisc chomhair a bhunú.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 64
(64)  Tá sé fíor-riachtanach go bhfuil na gníomhaíochtaí a chistíonn Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 nó a chumhdaítear faoina chlár oibre, i gcomhréir iomlán le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus a Phrótacail Fhorlíontacha, na prionsabail eiticiúla i nDearbhú Heilsincí de chuid Chomhlachas Domhanda na Lianna Míochaine 2008, na caighdeáin dea-chleachtas a ghlac an Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Chomhchuibhiú Ceanglas Teicniúil do Chlárú Cógaisíochta lena nÚsáid ag an Duine, reachtaíocht ábhartha an Aontais agus riachtanais eiticiúla áitiúla na dtíortha ina dtabharfar faoi na gníomhaíochtaí taighde. Thairis sin, ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 a éilliú go bhfuil na nuálaíochtaí agus na hidirghabhálacha a fhorbraítear bunaithe ar thorthaí na ngníomhaíochtaí indíreacha a dtacaíonn an clár leo inacmhainne agus inrochtana do dhaonraí leochaileacha.
(64)  Tá sé fíor-riachtanach go bhfuil na gníomhaíochtaí a chistíonn Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 nó a chumhdaítear faoina chlár oibre ar chaoi eile, i gcomhréir iomlán leis an gCairt, leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus lena Phrótacail Fhorlíontacha, leis na prionsabail eiticiúla i nDearbhú Heilsincí 2008 ó Chomhlachas Domhanda na Lianna Míochaine, leis na caighdeáin dea-chleachtais chliniciúil a ghlac an Chomhdháil Idirnáisiúnta um Chomhchuibhiú Ceanglas Teicniúil i ndáil le Clárú Earraí Cógaisíochta atá le hÚsáid ag an Duine, le reachtaíocht ábhartha an Aontais agus le riachtanais eiticiúla áitiúla na dtíortha ina dtabharfar faoi na gníomhaíochtaí taighde. Thairis sin, ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 a éilliú go mbeadh na nuálaíochtaí agus na hidirghabhálacha a fhorbraítear bunaithe ar thorthaí na ngníomhaíochtaí indíreacha a dtacaíonn an clár leo inacmhainne agus inrochtana do dhaonraí leochaileacha atá ina gcónaí i gceantair atá gann ar acmhainní. Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 tacú freisin le bunú coistí eitice i dtíortha Afracacha, chun tacú le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 65
(65)  Má tá Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 le bheith rathúil agus d’fhonn rannpháirtíocht sa chomhpháirtíocht a spreagadh, ba cheart do chistiú na comhpháirtíochta a bheith teoranta d’eintitis dhlítheanacha atá incháilithe chun cistiú a fháil faoin gclár Fís Eorpach agus atá bunaithe i gcomhstáit de chuid Chomhlachas na Comhpháirtíochta maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha (EDCTP). Ba cheart do na heintitis a bhunaítear i mballstáit eile de chuid an Aontais, i dtíortha comhlachaithe agus i dtíortha na hAfraice Fo-Shaháraí a bheith in ann a bheith rannpháirteach sna glaonna fós gan cistiú a fháil. Thairis sin, ba cheart d’eintitis atá bunaithe i dtíortha seachas comhaltaí Chomhlachas EDCTP3 a bheith incháilithe chun cistiú a fháil le haghaidh ábhar glaonna sonracha freisin nó i gcás glao ina dteitear i ngleic le héigeandáil sláinte poiblí, áit a ndéantar foráil ina leith sa chlár oibre. Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 gach beart is iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear bearta conarthacha, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ba cheart a fhéachaint le comhaontuithe eolaíochta agus teicneolaíochta a thabhairt i gcrích le tríú tíortha freisin. Sula gcuirtear iad i gcrích, i gcás ina mbunaítear eintitis i dtríú tír gach aon chomhaontú den sórt sin agus atá rannpháirteach gan chistiú i ngníomhaíocht indíreach, ba cheart do Chomhghnóthas EDCTP3 bearta malartacha a chur i bhfeidhm chun leasanna an Aontais a chosaint: ba cheart comhordaitheoir na gníomhaíochta a bheith bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe agus ba cheart an méid réamh-mhaoinithe chomh maith le soláthairtí dliteanais an chomhaontaithe deontais a oiriúnú chun na rioscaí airgeadais a chur san áireamh go leordhóthanach.
(65)  Má tá Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 le bheith rathúil agus le rannpháirtíocht sa chomhpháirtíocht a dhreasú, ba cheart do chistiú na comhpháirtíochta a bheith teoranta d’eintitis dhlíthiúla atá incháilithe chun cistiú a fháil faoin gclár Fís Eorpach agus atá bunaithe i gcomhstáit de chuid Chomhlachas na Comhpháirtíochta maidir le Trialacha Cliniciúla idir Tíortha Eorpacha agus Tíortha i mBéal Forbartha (EDCTP). Ba cheart do na heintitis a bhunaítear i mballstáit eile de chuid an Aontais, i dtíortha comhlachaithe agus i dtíortha na hAfraice Fo-Shaháraí a bheith in ann a bheith rannpháirteach sna glaonna fós gan cistiú a fháil. Thairis sin, ba cheart d’eintitis atá bunaithe i dtíortha seachas comhaltaí Chomhlachas EDCTP3 a bheith incháilithe chun cistiú a fháil le haghaidh ábhair glaonna shonracha freisin nó i gcás glao ina dtéitear i ngleic le héigeandáil sláinte poiblí, i gcás ina ndéantar foráil ina leith sa chlár oibre. Ba cheart do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 gach beart iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear bearta conarthacha, chun leasanna airgeadais an Aontais a chosaint. Ba cheart a fhéachaint le comhaontuithe eolaíochta agus teicneolaíochta a thabhairt i gcrích le tríú tíortha freisin. Sula gcuirtear iad i gcrích, i gcás ina mbunaítear eintitis i dtríú tír gach aon chomhaontú den sórt sin agus ina mbeidh siad rannpháirteach gan chistiú i ngníomhaíocht indíreach, ba cheart do Chomhghnóthas EDCTP3 bearta malartacha a chur i bhfeidhm chun leasanna an Aontais a chosaint: seachas i gcás tionscadail arna stiúradh ag eintitis agus tíortha Afracacha, ba cheart comhordaitheoir na gníomhaíochta a bheith bunaithe i mBallstát nó i dtír chomhlachaithe agus ba cheart an méid réamh-mhaoinithe chomh maith le forálacha dliteanais an chomhaontaithe deontais a oiriúnú chun na rioscaí airgeadais a chur san áireamh go leordhóthanach.
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 66
(66)  I gcomhthéacs thosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh, is iad sin, ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’ agus ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’, ba cheart do thionscal na hEorpa, lena n-áirítear FBManna, éirí níos glaise, níos ciorclaí agus níos digití fad a fhanann siad iomaíoch ar scála domhanda. Chuir an Coimisiún béim ar ról feistí agus teicneolaíochtaí digiteacha leighis a théann i ngleic le dúshláin atá ag teacht chun cinn agus le húsáid ríomhsheirbhísí sláinte chun cúram sláinte ardchaighdeáin a sholáthar, chomh maith le glao chun soláthar cógas leighis inacmhainne a áirithiú chun freastal ar riachtanais an Aontais, fad a thacaítear le tionscal cógaisíochta Eorpach atá nuálach agus ceannródaíoch. Is é is aidhm do Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach rannchuidiú chun iomaíochas thionscal sláinte an Aontais a neartú, tionscal atá ina bhunchloch de gheilleagar eolasbhunaithe an Aontais, chun gníomhaíocht eacnamaíoch maidir le forbairt teicneolaíochtaí sláinte a mhéadú, go háirithe réitigh sláinte chomhtháite, agus dá bhrí sin feidhmiú mar uirlis chun ceannasacht teicneolaíochta a mhéadú agus an claochlú digiteach a chothú inár sochaí. Is féidir tosaíochtaí polaitiúla den sórt sin a bhaint amach ag tabhairt na ngníomhaithe ríthábhachtacha seo a leanas le chéile: an lucht léinn, cuideachtaí de mhéideanna éagsúla agus úsáideoirí deiridh nuálaíochtaí sláinte, faoi scáth comhpháirtíochta príobháidí poiblí i dtaighde agus nuálaíocht sláinte. Ba cheart do Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach cuidiú le cuspóirí ‘Phlean na hEorpa um Shárú na hAilse’9 agus ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha’10 a bhaint amach. Ba cheart do Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheith ailínithe leis an Straitéis Nua Thionsclaíoch don Eoraip11, an Straitéis Cógaisíochta don Eoraip12 agus le Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe dhigiteach13.
(66)  I gcomhthéacs thosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh, is iad sin, ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’ agus ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’, ba cheart do thionscal na hEorpa, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, éirí inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, níos ciorclaí agus níos digití agus é ag fanacht iomaíoch ar bhonn domhanda. Chuir an Coimisiún béim ar ról feistí leighis, diagnóisice, cóireálacha agus teicneolaíochtaí digiteacha feabhsaithe a théann i ngleic le dúshláin sláinte atá ag teacht chun cinn agus ar úsáid ríomhsheirbhísí sláinte chun cúram sláinte ardchaighdeáin a sholáthar, chomh maith le glao chun soláthar cógas leighis inacmhainne a áirithiú chun freastal ar riachtanais othar, ag tacú ag an am céanna le tionscal cógaisíochta Eorpach atá nuálach agus ceannródaíoch. Is é is aidhm do Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach rannchuidiú le hiomaíochas thionscal sláinte an Aontais a neartú maidir le forbairt teicneolaíochtaí sláinte, go háirithe réitigh shláinte chomhtháite, agus dá bhrí sin feabhas a chur ar cháilíocht agus ar chur ar fáil seirbhísí sláinte ar fud an Aontais, fónamh mar uirlis chun réitigh forbartha teicneolaíochta agus nuálacha a mhéadú agus an claochlú digiteach a chothú inár sochaithe. Is féidir tosaíochtaí polaitiúla den sórt sin a bhaint amach trí na gníomhaithe ríthábhachtacha seo a leanas a thabhairt le chéile: an earnáil phoiblí, an lucht léinn, cuideachtaí de mhéideanna éagsúla agus úsáideoirí deiridh nuálaíochtaí sláinte, faoi scáth comhpháirtíocht phríobháideach phoiblí i dtaighde agus nuálaíocht sláinte. Ba cheart do Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach cuidiú le cuspóirí ‘Phlean na hEorpa um Shárú na hAilse’9, Mhisean an chláir Fís Eorpach maidir le hAilse agus ‘Phlean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha’10 a bhaint amach agus ba cheart dó feabhas a chur freisin ar an gcomhoibriú le tionscnaimh éagsúla Eorpacha um ghalair neamhchoitianta. Ba cheart do Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheith ailínithe leis an Straitéis Nua Thionsclaíoch don Eoraip11 agus leis an nuashonrú uirthi, leis an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip12 agus le Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach13. Ba cheart sineirgí a lorg leis an Údarás Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt d’Éigeandáil Sláinte (HERA), chun córas comhoibritheach struchtúrach a sholáthar chun an tAontas a chumasú chun bagairtí a bhaineann leis an tsláinte a thuar agus chun dul i ngleic leo ar bhealach níos éifeachtaí. Tá sásraí agus sineirgí comhair leis an gclár EU4Health tairbheach freisin i dtaca le dlús a chur le hullmhacht an Aontais i leith bagairtí sláinte trasteorann, le córais sláinte a neartú agus le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht táirgí nuálaíochta cógaisíochta a fheabhsú. Ba cheart don Chomhghnóthas sineirgí a fhorbairt freisin leis an Spás Eorpach Sonraí Sláinte agus leis na tionscnaimh thaighde i réimse na ngalar neamhchoitianta.
__________________
__________________
9 https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12154-Europe-s-Beating-Cancer-Plan.
9 https://ec.europa.eu/info/law/better-regulation/have-your-say/initiatives/12154-Europe-s-Beating-Cancer-Plan.
10 https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/antimicrobial_resistance/docs/amr_2017_action-plan.pdf.
10 https://ec.europa.eu/health/sites/health/files/antimicrobial_resistance/docs/amr_2017_action-plan.pdf.
11 COM(2020)0102.
11 COM(2020)0102.
12 COM(2020)0761.
12 COM(2020)0761.
13 COM(2020)0103.
13 COM(2020)0103.
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 67
(67)  Tógann Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach ar an taithí a fuarthas ón Comhghnóthas maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 (Comhghnóthas IMI2) lena n-áirítear an obair a rinne an tionscnamh sin chun paindéim COVID-19 a chomhrac. I gcomhréir leis na moltaí ón meastóireacht eatramhach ar Chomhghnóthas IMI214, ba cheart do thionscnamh a thagann ina dhiaidh ‘cur ar chumas earnálacha eile tionscail teagmháil ghníomhach a dhéanamh le tionscal na cógaisíochta chun leas a bhaint as a saineolas maidir le nuálaíochtaí nua cúraim sláinte a fhorbairt’. Dá bhrí sin, is gá do na hearnálacha tionscail na hearnálacha bithchógaisíochta, biteicneolaíochta agus teicneolaíochtaí sláinte a chumhdach, lena n-áirítear cuideachtaí atá gníomhach sa réimse digiteach. Ba cheart cosc, diagnóis, cóireáil agus bainistíocht galar a chumhdach i raon feidhme an tionscnaimh agus ní mór é a bhunú ag tabhairt aird iomchuí ar ualach ard na n-othar agus/nó na sochaí mar gheall ar dhéine an ghalair agus/nó an líon daoine a ndéanann an galar difear dóibh, chomh maith le tionchar eacnamaíoch an ghalair le haghaidh othar agus le haghaidh córais cúraim sláinte. Ní mór do na gníomhaíochtaí cistithe freagairt ar riachtanais shláinte poiblí an Aontais, ag tacú le forbairt nuálaíochtaí sláinte amach anseo atá sábháilte, duinelárnach, éifeachtach, costéifeachtach agus inacmhainne le haghaidh othar agus córais sláinte poiblí.
(67)  Tógann Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach ar an taithí a fuarthas ón Comhghnóthas maidir leis an Tionscnamh um Míochaine Nuálaíoch 2 (Comhghnóthas IMI2) lena n-áirítear an obair a rinne an tionscnamh sin chun paindéim COVID-19 a chomhrac. I gcomhréir leis na moltaí ón meastóireacht eatramhach ar Chomhghnóthas IMI214, ba cheart do thionscnamh a thagann ina dhiaidh ‘cur ar chumas earnálacha eile tionscail teagmháil ghníomhach a dhéanamh le tionscal na cógaisíochta chun leas a bhaint as a saineolas maidir le nuálaíochtaí nua cúraim sláinte a fhorbairt’. Dá bhrí sin, is gá do na hearnálacha tionscail na hearnálacha bithchógaisíochta, biteicneolaíochta agus teicneolaíochtaí sláinte a chumhdach, lena n-áirítear cuideachtaí atá gníomhach sa réimse digiteach. Leis an tionscnamh nua, ba cheart go n-áiritheofaí rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí othar. Ba cheart cosc, diagnóis, cóireáil agus bainistíocht galar a chumhdach i raon feidhme an tionscnaimh agus ní mór é a bhunú ag tabhairt aird iomchuí ar ualach ard na n-othar, a dteaghlach agus/nó na sochaí mar gheall ar dhéine an ghalair agus/nó an líon daoine a ndéanann an galar difear dóibh nó ar dóigh go ndéanfadh sé difear dóibh, chomh maith le tionchar eacnamaíoch an ghalair le haghaidh othar agus le haghaidh córais cúraim sláinte. Ní mór do na gníomhaíochtaí cistithe freagairt ar riachtanais shláinte poiblí an Aontais, ag tacú le forbairt nuálaíochtaí sláinte amach anseo atá sábháilte, duinelárnach agus otharlárnach, éifeachtach, costéifeachtach, inrochtana agus inacmhainne le haghaidh othar agus córais sláinte poiblí agus seirbhísí cúraim sláinte chun cáilíocht na sláinte a fheabhsú.
__________________
__________________
14 An Mheastóireacht Eatramhach ar Chomhghnóthas anTionscnaimh um Míochaine Nuálaíoch 2 (2014-2016) a fheidhmíonn faoi Fís 2020 (ISBN 978-92-79-69299-4).
14 An Mheastóireacht Eatramhach ar Chomhghnóthas anTionscnaimh um Míochaine Nuálaíoch 2 (2014-2016) a fheidhmíonn faoi Fís 2020 (ISBN 978-92-79-69299-4).
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 68
(68)  D’fhonn an deis is fearr chun smaointe eolaíochta nua, taighde rathúil agus gníomhaíochtaí nuálaíochta a áirithiú, ba cheart do phríomhghníomhaithe Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheith ina dtaighdeoirí ó chineálacha éagsúla eintiteas, idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha. An tráth céanna, ba cheart d’úsáideoirí deiridh amhail saoránaigh, gairmithe cúraim sláinte agus soláthraithe cúraim sláinte an Aontais, ionchur a sholáthar le haghaidh dhearadh straitéiseach agus ghníomhaíochtaí an tionscnaimh, ag áirithiú go bhfreastalaíonn an tionscnamh ar a riachtanais. Thairis sin, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta agus ar fud an Aontais, comhlachtaí measúnaithe teicneolaíochta sláinte agus íocóirí cúraim sláinte ionchur luath a sholáthar ar ghníomhaíochtaí na comhpháirtíochta, fad a áirithítear nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann, d’fhonn dóchúlacht go gcomhlíonfaidh torthaí na ngníomhaíochtaí cistithe na ceanglais le haghaidh glacadh agus ag baint amach na dtionchar ionchais dá bharr. Ba cheart don ionchur sin uile cuidiú le hiarrachtaí dírithe níos fearr i réimsí riachtanais nach bhfreastalaítear orthu.
(68)  D’fhonn an deis is fearr chun smaointe eolaíochta nua, taighde rathúil agus gníomhaíochtaí nuálaíochta a áirithiú, ba cheart do phríomhghníomhaithe Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheith ina dtaighdeoirí ó chineálacha éagsúla eintiteas, idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha. An tráth céanna, ba cheart d’úsáideoirí deiridh amhail saoránaigh an Aontais, a dteaghlaigh, tomhaltóirí agus grúpaí othar, gairmithe cúraim sláinte agus soláthraithe cúraim sláinte, agus grúpaí ábhartha eile leasa phoiblí ó gach cearn den Aontas, ionchur a sholáthar le haghaidh dhearadh straitéiseach agus ghníomhaíochtaí an tionscnaimh. Ba cheart do Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte a áirithiú go rachaidh na gníomhaíochtaí a dhéanann sé i ngleic leis na riachtanais sin. Thairis sin, ba cheart d’údaráis rialála náisiúnta agus ar fud an Aontais, comhlachtaí measúnaithe teicneolaíochta sláinte agus íocóirí cúraim sláinte ionchur luath a sholáthar ar ghníomhaíochtaí na comhpháirtíochta, fad a áirithítear nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann, d’fhonn dóchúlacht go gcomhlíonfaidh torthaí na ngníomhaíochtaí cistithe riachtanais othar agus na ceanglais is gá le haghaidh glacadh agus ag baint amach na dtionchar ionchais dá bharr. Ba cheart don ionchur sin uile cuidiú le hiarrachtaí dírithe níos fearr i réimsí riachtanais nach bhfreastalaítear orthu nó i réimsí riachtanais tearcmhaoinithe.
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 70
(70)  Ba cheart cuspóirí na comhpháirtíochta a dhíriú ar an réimse réamhiomaíochta, dá bhrí sin ag cruthú spás sábháilte le haghaidh comhar éifeachtúil idir cuideachtaí atá gníomhach i dteicneolaíochtaí sláinte éagsúla. D’fhonn cineál comhtháiteach a léiriú, cuidiú leis na sadhlanna idir earnálacha an tionscail sláinte a bhriseadh agus comhair idir tionscal agus léinn a neartú, ba cheart do thromlach na dtionscadal atá cistithe ag an tionscnamh a bheith trasearnálach.
(70)  Ba cheart cuspóirí na comhpháirtíochta a dhíriú ar an limistéar neamhiomaíoch agus réamhiomaíoch, dá bhrí sin ag cruthú spás sábháilte le haghaidh comhar éifeachtúil agus éifeachtach idir cuideachtaí atá gníomhach i dteicneolaíochtaí sláinte éagsúla. D’fhonn cineál comhtháiteach a léiriú, cuidiú leis na sadhlanna idir earnálacha an tionscail sláinte a bhriseadh agus comhair idir tionscal agus léinn a neartú, ba cheart do thromlach na dtionscadal atá cistithe ag an tionscnamh a bheith trasearnálach.
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 71
(71)  Tagraíonn an téarma Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha do chomhpháirteanna agus córais leictreonacha atá mar bhonn taca faoi gach earnáil mhór eacnamaíoch. Chuir an Coimisiún an gá atá le máistreacht a fháil ar na teicneolaíochtaí sin san Eoraip i dtábhacht, go háirithe i gcomhthéacs tosaíochtaí beartais Eorpacha, amhail neamhspleáchas teicneolaíochta digití30, a sheachadadh. Éilíonn tábhacht an réimse agus na dúshláin a dtéann páirtithe leasmhara san Aontas i ngleic leo gníomhaíocht phráinneach d’fhonn a áirithiú nach bhfágtar aon lúb ar lár i nuálaíocht agus slabhraí luacha na hEorpa. Ba cheart sásra a bhunú ag leibhéal an Aontais dá bharr chun soláthar taithí le haghaidh taighde agus nuálaíochta le comhpháirteanna agus córais leictreonacha ó na ballstáit, ón Aontas agus ón earnáil phríobháideach a chomhtháthú agus a dhíriú.
(71)  Tagraíonn an téarma Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha do chomhpháirteanna agus córais leictreonacha atá mar bhonn taca faoi gach earnáil mhór eacnamaíoch. Chuir an Coimisiún an gá atá le máistreacht a fháil ar na teicneolaíochtaí sin san Eoraip i dtábhacht, go háirithe i gcomhthéacs tosaíochtaí beartais Eorpacha, amhail neamhspleáchas teicneolaíochta digití30, a sheachadadh. Éilíonn tábhacht an réimse agus na dúshláin a dtéann páirtithe leasmhara san Aontas i ngleic leo gníomhaíocht phráinneach d’fhonn a áirithiú nach bhfágtar aon lúb ar lár i nuálaíocht agus slabhraí luacha na hEorpa. Ba cheart sásra a bhunú ag leibhéal an Aontais dá bharr chun soláthar taithí le haghaidh taighde agus nuálaíochta le comhpháirteanna agus córais leictreonacha ó na ballstáit, ón Aontas agus ón earnáil phríobháideach a chomhtháthú agus a dhíriú. Ba cheart don Chomhghuaillíocht um phróiseálaithe agus teicneolaíochtaí leathsheoltóra agus an Chomhghuaillíocht um Shonraí Tionsclaíocha, Imeallríomhaireacht agus Néalríomhaireacht tionscnaimh an chomhghnóthais a chomhlánú freisin.
__________________
__________________
30 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú, (COM(2020)0067 críochnaitheach).
30 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú, (COM(2020)0067 críochnaitheach).
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 72
(72)  Ba cheart don Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha dul i ngleic le hábhair atá sainmhínithe go soiléir a chuirfidh ar chumas tionscal Eorpach trí chéile na teicneolaíochtaí is nuálaí a dhearadh, a mhonarú agus a úsáid i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha. Tá gá le tacaíocht airgeadais struchtúrtha agus chomhordaithe ag an leibhéal Eorpach chun cuidiú le foirne taighde agus le tionscail Eorpacha na láidreachtaí atá acu faoi láthair a choinneáil ar bhonn ceannródaíoch i gcomhthéacs idirnáisiúnta atá an-iomaíoch agus chun na bearnaí sna teicneolaíochtaí atá criticiúil le haghaidh claochlú digiteach san Eoraip a léiríonn príomhluachanna an Aontais, lena n-áirítear príobháideachas agus iontaobhas, slándáil agus sábháilteacht, a dhúnadh. Tá comhar i measc pháirtithe leasmhara an éiceachórais, a dhéanann ionadaíocht ar gach sciar de na slabhraí luacha, ríthábhachtach i gcomhair forbairt teicneolaíochtaí nua agus ghlacadh tapa na nuálaíochta sa mhargadh. Tá oscailteacht agus solúbthacht chun páirtithe leasmhara, lena n-áirítear FBManna, a chomhtháthú i réimsí teicneolaíochta nó i réimsí cóngaracha, nó sa dá réimse, ríthábhachtach freisin.
(72)  Ba cheart don Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha dul i ngleic le hábhair atá sainmhínithe go soiléir a chuirfidh ar chumas tionscal Eorpach trí chéile na teicneolaíochtaí is nuálaí a dhearadh, a mhonarú agus a úsáid i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha. Tá gá le tacaíocht airgeadais struchtúrtha agus chomhordaithe ag an leibhéal Eorpach chun cuidiú le foirne taighde agus le tionscail Eorpacha na láidreachtaí atá acu faoi láthair a choinneáil ar bhonn ceannródaíoch i gcomhthéacs idirnáisiúnta atá an-iomaíoch agus chun na bearnaí sna teicneolaíochtaí atá criticiúil le haghaidh claochlú digiteach an Aontais agus a cheannaireacht theicneolaíoch a léiríonn príomhluachanna an Aontais, lena n-áirítear príobháideachas, cosaint sonraí agus iontaobhas, slándáil agus sábháilteacht ar gach leibhéal de na slabhraí luacha, a dhúnadh. Tá comhar i measc pháirtithe leasmhara an éiceachórais, a dhéanann ionadaíocht ar gach sciar de na slabhraí luacha, ríthábhachtach i gcomhair forbairt teicneolaíochtaí nua atá bunaithe ar phríobháideachas agus ar shlándáil trí dhearadh agus ar ghlacadh tapa na nuálaíochta sa mhargadh le haghaidh na dteicneolaíochtaí sin. Tá oscailteacht agus solúbthacht chun eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus páirtithe leasmhara, lena n-áirítear FBManna, a chomhtháthú i réimsí teicneolaíochta nó i réimsí cóngaracha, nó sa dá réimse, ríthábhachtach freisin. Ba cheart don Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha gníomhaíochtaí taighde a fhorbairt freisin chun rannchuidiú leis na spriocanna a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha]
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 73
(73)  Ba cheart don Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha na hacmhainní airgeadais agus teicniúla atá riachtanach a thabhairt le chéile chun máistreacht a fháil ar luas síor-mhéadaithe na nuálaíochta sa réimse seo, agus as sin go gcruthófar torthaí tábhachtacha don tsochaí, d’fhonn na rioscaí a ghlacfar a roinnt amach agus dul i mbun oibre le chéile trí straitéisí agus infheistíochtaí a ailíniú i dtreo an leasa choitinn san Eoraip. Dá bhrí sin, ba cheart gurb iad comhaltaí an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha an tAontas, na ballstáit agus tíortha comhlachaithe le Fís Eorpach ar bhonn deonach, agus cumainn mar chomhaltaí príobháideacha a dhéanann ionadaíocht ar a gcomhchuideachtaí [agus ar eintitis dhlítheanacha eile atá gníomhach i réimse na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach san Eoraip]. Déanfaidh rannpháirtíocht na mballstát ailíniú comhleanúnach le cláir agus straitéisí náisiúnta a éascú a thuilleadh, ag laghdú forluí agus dheighilt na n-iarrachtaí fad a áirithítear sineirgí i measc páirtithe leasmhara agus gníomhaíochtaí.
(73)  Ba cheart don Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha na hacmhainní airgeadais agus teicniúla atá riachtanach a thabhairt le chéile chun máistreacht a fháil ar luas síor-mhéadaithe na nuálaíochta sa réimse seo, agus as sin go gcruthófar torthaí tábhachtacha don tsochaí, agus dul i mbun oibre le chéile trí straitéisí agus infheistíochtaí a ailíniú i dtreo an leasa choitinn san Eoraip. Dá bhrí sin, ba cheart gurb iad comhaltaí an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha an tAontas, na ballstáit agus tíortha comhlachaithe le Fís Eorpach ar bhonn deonach, agus cumainn mar chomhaltaí príobháideacha a dhéanann ionadaíocht ar a gcomhchuideachtaí [agus ar eintitis dhlítheanacha eile atá gníomhach i réimse na gcomhpháirteanna agus na gcóras leictreonach san Eoraip]. Déanfaidh rannpháirtíocht na mballstát ailíniú comhleanúnach le cláir agus straitéisí náisiúnta a éascú a thuilleadh, ag laghdú forluí agus dheighilt na n-iarrachtaí fad a áirithítear sineirgí i measc páirtithe leasmhara agus gníomhaíochtaí.
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 74
(74)  I gcomhréir le [hAirteagal 8(1)(c)] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, ba cheart do stáit rannpháirteacha é a chur ar iontaoibh an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a ranníocaíocht lena rannpháirtithe náisiúnta i ngníomhaíochtaí indíreacha a chur chun feidhme. Ba cheart do na tairbhithe comhaontú deontais aonair a shíniú leis an gcomhghnóthas agus na rialacha in Fís Eorpach á gcomhlíonadh, lena n-áirítear an creat faoi seach le haghaidh cearta maoine intleachtúla, ag brath ar chlár an Aontais a thacaíonn leis an ngníomhaíocht deontais chomhfhreagraigh. Ba cheart don Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha na héilimh ar chostais a phróiseáil agus na híocaíochtaí a dhéanamh leis na tairbhithe.
(74)  I gcomhréir le [Airteagal 8(1)(c)] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, ba cheart do na comhghnóthais bainistíocht lárnach ar na ranníocaíochtaí airgeadais go léir a chur chun feidhme trí chur chuige comhordaithe. Dá réir sin, ba cheart do gach stát rannpháirteach comhaontú riaracháin a thabhairt i gcrích leis an gcomhghnóthas ina leagfar síos an sásra comhordúcháin chun ranníocaíochtaí a íoc le hiarratasóirí atá bunaithe sa stát rannpháirteach sin agus chun tuairisciú ar na ranníocaíochtaí sin. Chun comhleanúnachas a áirithiú lena dtosaíochtaí straitéiseacha náisiúnta agus i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, ba cheart ceart a bheith ag na stáit rannpháirteacha úsáid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta d’iarratasóirí sonracha a chrosadh.
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 77
(77)  Féachann creat dlíthiúil Aerspáis Eorpaigh Aonair an Aontais31 le córas bainistíochta aerthráchta (BAT) na hEorpa a athchóiriú trí ghníomhaíochtaí institiúideacha, oibríochtúla, teicneolaíochta agus rialála d’fhonn a fheidhmiúlacht i dtéarmaí acmhainneachta, sábháilteachta, éifeachtúlachta agus tionchar comhshaoil a fheabhsú.
(77)  Féachann creat dlíthiúil Aerspáis Eorpaigh Aonair an Aontais31 le córas bainistíochta aerthráchta (BAT) na hEorpa a athchóiriú trí ghníomhaíochtaí institiúideacha, oibríochtúla, teicneolaíochta agus rialála d’fhonn a fheidhmiúlacht i dtéarmaí acmhainneachta, sábháilteachta, éifeachtúlachta, comhshaoil agus tionchar comhshaoil a fheabhsú.
__________________
__________________
31 Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an tAerspás Eorpach Aonair a chruthú (IO L 96, 31.3.2004, lch. 1).
31 Rialachán (CE) Uimh. 549/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2004 lena leagtar síos an creat chun an tAerspás Eorpach Aonair a chruthú (IO L 96, 31.3.2004, lch. 1).
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 78
(78)  Is é is aidhm do thionscadal Taighde agus Forbartha Bhainistíocht Aerthráchta (BAT) Aerspás Eorpach Aonair (‘tionscadal SESAR’)32 BAT a nuachóiriú agus chun nuálaíocht teicneolaíochta agus oibríochtúil a chnuasú ag tacú leis an Aerspás Eorpach Aonair. Tá sé mar aidhm aige réitigh theicneolaíochta a sholáthar chun BAT ardfheidhmíochta a bhaint amach faoi 2035 chun feidhmiú na hearnála aeriompair atá neamhphlúchta, níos sábháilte fiú agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a éascú. Tá trí phróiseas idirghaolmhara, leanúnacha agus chomhoibritheacha atá ag athrú de shíor mar chuid de thionscadal SESAR agus déanann siad na córais nuálaíochta teicneolaíochta agus na nósanna imeachta oibríochtúla is bun leis an spás digiteach Eorpach mar a shainítear i Máistirphlean Eorpach BAT33 a shainiú, a fhorbairt agus a úsáid.
(78)  Is é is aidhm do thionscadal Taighde agus Forbartha Bhainistíocht Aerthráchta (BAT) Aerspás Eorpach Aonair (‘tionscadal SESAR’)32 BAT a nuachóiriú agus chun nuálaíocht teicneolaíochta agus oibríochtúil a chnuasú ag tacú leis an Aerspás Eorpach Aonair. Tá sé mar aidhm aige réitigh theicneolaíochta a sholáthar chun BAT ardfheidhmíochta a bhaint amach faoi 2035 chun feidhmiú na hearnála aeriompair atá neamhphlúchta, níos sábháilte fiú agus atá neamhdhíobhálach don chomhshaol agus don aeráid, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an Dlí Aeráide Eorpach a éascú. Tá trí phróiseas idirghaolmhara, leanúnacha agus chomhoibritheacha atá ag athrú de shíor mar chuid de thionscadal SESAR agus déanann siad na córais nuálaíochta teicneolaíochta agus na nósanna imeachta oibríochtúla is bun leis an spás digiteach Eorpach mar a shainítear i Máistirphlean Eorpach BAT33 a shainiú, a fhorbairt agus a úsáid.
__________________
__________________
32 Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (IO L 64, 2.3.2007, lch. 1).
32 Rialachán (CE) Uimh. 219/2007 ón gComhairle an 27 Feabhra 2007 maidir le Comhghnóthas a bhunú chun glúin nua an chórais Eorpaigh um bainistíocht aerthráchta (SESAR) a fhorbairt (IO L 64, 2.3.2007, lch. 1).
33 Cinneadh 2009/320/CE ón gComhairle ag tacú leis an Máistirphlean don Taighde BAT ar Bhainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (IO L 95, 9.4.2009, lch. 41).
33 Cinneadh 2009/320/CE ón gComhairle ag tacú leis an Máistirphlean don Taighde BAT ar Bhainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (IO L 95, 9.4.2009, lch. 41).
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 79
(79)  Is é an ‘Máistirphlean Eorpach BAT’ an uirlis pleanála le haghaidh nuachóiriú BAT ar fud na hEorpa, ag nascadh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta BAT le cásanna gníomhaíochtaí cur in úsáid chun feidhmiúlacht chuspóirí an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bhaint amach.
(79)  Is é an ‘Máistirphlean Eorpach BAT’ an uirlis pleanála le haghaidh nuachóiriú BAT ar fud na hEorpa, ag nascadh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta BAT le cásanna gníomhaíochtaí cur in úsáid chun feidhmiúlacht chuspóirí an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bhaint amach, ní hamháin ag feabhsú na héifeachtúlachta le linn eitiltí aonair, ach ag éascú freisin oiriúnú leanúnach a chumas foriomlán mar aon leis an dul chun cinn teicneolaíoch.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 81
(81)  Ba cheart do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair tógáil ar an taithí a fuarthas ó Chomhghnóthas SESAR agus leanúint lena ról comhordaithe maidir le taighde BAT san Aontas. Ba cheart inniúlacht taighde agus nuálaíochta san Eoraip a neartú agus a chomhtháthú a thuilleadh a bheith mar phríomhchuspóirí Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair, ag cuidiú le dlús a chur le digitiú na hearnála agus earnáil níos athléimní agus inscálaithe i leith athruithe i dtrácht a dhéanamh di. Ba cheart dó iomaíochas aeriompair le foireann agus iompair aeir gan foireann agus seirbhísí BAT a neartú, tríd an nuálaíocht, chun tacú le téarnamh agus fás eacnamaíoch. Ba cheart dó glacadh sa mhargadh le réitigh nuálacha a fhorbairt agus dlús a chur leis chun an t-aerspás san Aerspás Eorpach Aonair a bhunú mar an aerspás is éifeachtúla agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol don eitilt ar domhan.
(81)  Ba cheart do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair tógáil ar an taithí a fuarthas ó Chomhghnóthas SESAR agus leanúint lena ról comhordaithe maidir le taighde BAT san Aontas. Ba cheart go mbeadh príomhchuspóirí Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair in ann tacú leis na gníomhaíochtaí atá ceaptha an cumas taighde agus nuálaíochta san Eoraip a neartú agus a chomhtháthú tuilleadh, rud a chabhródh le dlús a chur le digitiú na hearnála agus earnáil níos athléimní agus inscálaithe i leith athruithe i dtrácht a dhéanamh di. Ba cheart dó cur le hiomaíochas aeriompair le foireann agus iompair aeir gan foireann agus seirbhísí BAT a neartú, tríd an nuálaíocht, chun tacú le téarnamh agus fás eacnamaíoch agus sóisialta. Ba cheart dó dlús a chur le glacadh sa mhargadh le réitigh nuálacha agus tacú lena bhforbairt chun an t-aerspás san Aerspás Eorpach Aonair a bhunú mar an aerspás is éifeachtúla agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol don eitilt ar domhan.
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 83
(83)  Ba cheart do rannpháirtíocht i gComhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bheith oscailte don raon agus don ionadaíocht páirtithe leasmhara is forleithne agus is féidir ó gach ballstát agus tír chomhlachaithe le Fís Eorpach, lena n-áirítear FBManna, trí cineálacha éagsúla rannpháirtíochta. Go háirithe, ba cheart cothromaíocht chuí idir monaróirí trealaimh don eitlíocht le foireann agus gan foireann, úsáideoirí aerspáis, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, aerfoirt agus comhlachais foirne míleata agus gairmithe, a áirithiú sa rannpháirtíocht, agus deiseanna a thairiscint do FBManna, don lucht léinn agus d’eagraíochtaí taighde. D’fhonn na cuir chuige a bhfuil an gealladh is mó fúthu agus na heintitis atá in ann iad a bhaint amach a shainaithint, sheol an Coimisiún glao ar léiriú spéise le haghaidh comhaltaí féideartha. Ba cheart go gceadófaí don Bhord Rialaithe comhaltaí comhlachaithe a roghnú ar bhonn thorthaí an ghlao sin d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le leathnú tapa an ghrúpa comhaltaí.
(83)  Ba cheart do rannpháirtíocht i gComhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair a bheith oscailte don raon agus don ionadaíocht páirtithe leasmhara is forleithne agus is féidir ó gach ballstát agus tír chomhlachaithe le Fís Eorpach, lena n-áirítear FBManna, saineolaithe eolaíocha agus eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta lena n-áirítear i réimsí an chomhshaoil agus na haeráide, trí cineálacha éagsúla rannpháirtíochta. Go háirithe, ba cheart cothromaíocht chuí idir monaróirí trealaimh don eitlíocht le foireann agus gan foireann, úsáideoirí aerspáis, soláthraithe seirbhísí aerloingseoireachta, aerfoirt agus comhlachais foirne míleata agus gairmithe, a áirithiú sa rannpháirtíocht, agus deiseanna a thairiscint do FBManna, don lucht léinn agus d’eagraíochtaí taighde. D’fhonn na cuir chuige a bhfuil an gealladh is mó fúthu agus na heintitis atá in ann iad a bhaint amach a shainaithint, sheol an Coimisiún glao ar léiriú spéise le haghaidh comhaltaí féideartha. Ba cheart go gceadófaí don Bhord Rialaithe comhaltaí comhlachaithe a roghnú ar bhonn thorthaí an ghlao sin d’fhonn foráil a dhéanamh maidir le leathnú tapa an ghrúpa comhaltaí.
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 86
(86)  Tá bonneagar iomchuí agus na seirbhísí tacaíochta riaracháin, TF, cumarsáide agus lóistíochta is gá ag an nGníomhaireacht EUROCONTROL. Ba cheart do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair tairbhe a bhaint as bonneagar agus seirbhísí den sórt sin ó EUROCONTROL. Sa chomhthéacs sin, tá roinnt sineirgí féideartha ann is féidir a chruthú ag comhthiomsú acmhainní riaracháin le Comhghnóthais eile trí chúloifig choiteann. Ar an gcúis sin, ba cheart do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair na feidhmeanna cúloifige coitinne a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhiúltú.
(86)  Tá bonneagar iomchuí agus na seirbhísí tacaíochta riaracháin, TF, cumarsáide agus lóistíochta is gá ag an nGníomhaireacht EUROCONTROL. Ba cheart do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair tairbhe a bhaint as bonneagar agus seirbhísí den sórt sin ó EUROCONTROL. Sa chomhthéacs sin, tá roinnt sineirgí féideartha ann is féidir a chruthú ag comhthiomsú acmhainní riaracháin le Comhghnóthais eile. Ar an gcúis sin, ba cheart do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair na feidhmeanna cúloifige coitinne a bhunaítear leis an Rialachán seo a dhiúltú.
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 88
(88)  I gcomhthéacs thosaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh le haghaidh 2019-2024 ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’, ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’, agus na cuspóirí beartais a leagtar amach i gcomhthéacs a dTeachtaireachtaí maidir le ‘Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú’, ní mór don Eoraip na bonneagair dhigiteacha chriticiúla bunaithe ar líonraí 5G a fhorbairt agus a hinniúlachtaí teicneolaíochta i dtreo 6G a thógáil i gcomhréir le tréimhse ama 2030. Sa chomhthéacs seo, chuir an Coimisiún tábhacht straitéiseach Comhpháirtíochta Eorpaí le haghaidh Líonraí agus Seirbhísí Cliste chun seirbhísí nascacht-bhunaithe slána a sholáthar do thomhaltóirí agus gnólachtaí i dtábhacht. Is féidir na tosaíochtaí sin a bhaint amach ag tabhairt na príomhghníomhaithe, is iad sin, tionscal, an lucht léinn agus údaráis phoiblí, le chéile faoi scáth comhpháirtíochta Eorpaí a thógann ar ghnóthachtálacha thionscnamh CPP 5G, a d’fhorbair teicneolaíocht agus caighdeáin 5G go rathúil.
(88)  I gcomhthéacs thosaíochtaí an Choimisiúin le haghaidh 2019-2024 ‘Eoraip atá oiriúnach don Aois Dhigiteach’, ‘Geilleagar a fhóireann do dhaoine’, agus na cuspóirí beartais a leagtar amach i gcomhthéacs a dTeachtaireachtaí maidir le ‘Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a Mhúnlú’, agus maidir le 2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha], ní mór don Eoraip na bonneagair dhigiteacha chriticiúla bunaithe ar líonraí 5G a fhorbairt agus tógáil ar a bhonn eolais agus ar a hinniúlachtaí teicneolaíochta i dtreo 6G agus teicneolaíochtaí cumarsáide ábhartha nua i gcomhréir le tréimhse ama 2030. Sa chomhthéacs seo, chuir an Coimisiún tábhacht straitéiseach Comhpháirtíochta Eorpaí le haghaidh Líonraí agus Seirbhísí Cliste chun seirbhísí nascacht-bhunaithe slána a sholáthar do thomhaltóirí agus gnólachtaí i dtábhacht. Is féidir na tosaíochtaí sin a bhaint amach ag tabhairt na príomhghníomhaithe, is iad sin, tionscal, an lucht léinn, eagraíochtaí na sochaí sóisialta agus údaráis phoiblí, le chéile faoi scáth comhpháirtíochta Eorpaí a thógann ar ghnóthachtálacha thionscnamh CPP 5G, a d’fhorbair teicneolaíocht agus caighdeáin 5G go rathúil.
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 89
(89)  Dearadh an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste chun dul i ngleic le saincheisteanna beartais i réimse an bhonneagair dhigitigh agus chun raon feidhme teicneolaíochta an taighde agus na nuálaíochta a leathnú go líonraí 6G. Ba cheart dó, le dlúth-rannpháirtíocht na mballstát, an fhreagairt ar bheartas agus riachtanais shóisialta an Aontais maidir le héifeachtúlacht an líonra fuinnimh, cibearshlándáil, ceannasacht teicneolaíochta, príobháideachas agus eitic a neartú agus cuirfidh sé síneadh le raon feidhme an taighde agus na nuálaíochta ó sholáthar líonraí chuig seirbhís neálbhunaithe, chomh maith le comhpháirteanna agus gaireas a chumasaíonn seirbhísí le haghaidh saoránach agus raon leathan earnálacha eacnamaíocha amhail cúram sláinte, iompar, monaraíocht agus na meáin.
(89)  Dearadh an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste chun dul i ngleic le saincheisteanna beartais i réimse an bhonneagair dhigitigh agus chun raon feidhme teicneolaíochta an taighde agus na nuálaíochta a leathnú go líonraí 6G agus líonraí cumarsáide eile. Ba cheart dó, le dlúth-rannpháirtíocht na mballstát, an fhreagairt ar bheartas agus riachtanais shóisialta an Aontais maidir le héifeachtúlacht an líonra fuinnimh, cibearshlándáil, ceannasacht agus athléimneacht teicneolaíochta, príobháideachas agus eitic a neartú agus cuirfidh sé síneadh le raon feidhme an taighde agus na nuálaíochta ó sholáthar líonraí chuig seirbhís neálbhunaithe, chomh maith le comhpháirteanna agus gaireas a chumasaíonn seirbhísí le haghaidh saoránach agus raon leathan earnálacha eacnamaíocha agus sóisialta amhail cúram sláinte, iompar, monaraíocht agus na meáin.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 91
(91)  Beidh ardbhonneagair 5G mar bhonn chun éiceachórais don aistriú digiteach agus don aistriú glas a fhorbairt agus, sa chéad chéim eile ansin, le haghaidh staid na hEorpa chun teicneolaíocht 6G a ghlacadh. Tá deiseanna i gcomhair forbairt 5G agus éiceachórais dhigiteacha bunaithe ar 6G níos déanaí le fáil sa chlár digiteach i gcomhair na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) 2 agus sa Chlár don Eoraip Dhigiteach agus InvestEU. Ag cur an raon leathan páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha atá rannpháirteach i dtionscadail cur in úsáid den sórt sin san áireamh, tá sé fíor-riachtanach go ndéantar socrú an chláir oibre straitéisigh, an rannchuidiú le clárú, agus faisnéis agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a ghabhann leis na cláir sin a chomhordú. Mar bhonn straitéiseach leis na cúraimí sin, ba cheart don Chomhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste forbairt na gClár Oibre Straitéiseach a chomhordú le haghaidh réimsí ábhartha cur in úsáid, amhail córais 5G feadh bóithre agus iarnród. Ba cheart do na cláir sin treochláir cur in úsáid, inter alia, na príomhroghanna le haghaidh samhlacha comhair agus saincheisteanna eile a leagan amach.
(91)  Is féidir le hardbhonneagair 5G a bheith mar bhonn chun éiceachórais don aistriú digiteach agus don aistriú glas a fhorbairt agus, sa chéad chéim eile ansin, le haghaidh staid na hEorpa chun teicneolaíocht 6G a ghlacadh ar bhealach trédhearcach agus oscailte, mar go laghdófaí costais, go gcruthófaí slabhraí soláthair digiteacha níos éifeachtúla agus go bhfeabhsófaí nuálaíocht dá gcruthófaí caighdeáin 6G atá domhanda agus comhoiriúnach. Tá deiseanna i gcomhair forbairt 5G agus éiceachórais dhigiteacha bunaithe ar 6G níos déanaí le fáil sa chlár digiteach i gcomhair na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (SCE) 2 agus sa Chlár don Eoraip Dhigiteach agus InvestEU. Ag cur an raon leathan páirtithe leasmhara poiblí agus príobháideacha atá rannpháirteach i dtionscadail cur in úsáid den sórt sin san áireamh, tá sé fíor-riachtanach go ndéantar socrú an chláir oibre straitéisigh, an rannchuidiú le clárú, agus faisnéis agus rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara a ghabhann leis na cláir sin a éascú. Mar bhonn straitéiseach leis na cúraimí sin, ba cheart don Chomhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste forbairt na gClár Oibre Straitéiseach a chomhordú le haghaidh réimsí ábhartha cur in úsáid, amhail córais 5G feadh bóithre agus iarnród. Ba cheart do na cláir sin treochláir cur in úsáid, inter alia,moltaí teicneolaíochta, na príomhroghanna le haghaidh samhlacha comhair agus saincheisteanna eile a leagan amach.
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1
Bunaítear naoi gcomhghnóthas leis an Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha a shainmhínítear in [Airteagal 2(3)] agus dá dtagraítear i bpointe [(c)] [d’Airteagal 8(1)] den Rialachán maidir le Fís Eorpach a chur chun feidhme. Socraítear a gcuspóirí agus a gcúraimí, ballraíocht, eagraíocht agus rialach oibríochtúla eile leis.
Bunaítear naoi gcomhghnóthas leis an Rialachán seo de réir bhrí Airteagal 187 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh chun comhpháirtíochtaí institiúidithe Eorpacha a shainmhínítear in [Airteagal 2(3)] agus dá dtagraítear i bpointe [(c)] [d’Airteagal 8(1)] den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus in Iarscríbhinn III a ghabhann leis a chur chun feidhme. Socraítear a gcuspóirí agus a gcúraimí, ballraíocht, eagraíocht agus rialach oibríochtúla eile leis, lena n-áirítear maidir le trédhearcacht agus cuntasacht.
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 6 a (nua)
6a.  ciallaíonn “eintitis chleamhnaithe” eintitis mar a shainmhínítear in Airteagal 187(1) den Rialachán Airgeadais;
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe 9
9.  ciallaíonn ‘gníomhaíocht bhreise’ gníomhaíocht lasmuigh de phríomhchuid an chláir oibre nach bhfaigheann tacaíocht airgeadais ón gcomhghnóthas ach a chuireann lena chuspóirí agus atá nasctha go díreach le glacadh torthaí ó thionscadal faoin gcomhghnóthas sin nó ó thionscnaimh a tháinig roimhe nó ag a bhfuil breisluach Aontais suntasach;
9.  ciallaíonn ‘gníomhaíocht bhreise’ gníomhaíocht a áirítear sa phlean bliantúil le haghaidh gníomhaíochtaí breise a ghabhann le príomhchuid an chláir oibre, agus nach bhfaigheann tacaíocht airgeadais ón gcomhghnóthas ach a chuireann go díreach lena chuspóirí agus atá nasctha go díreach le glacadh torthaí ó thionscadal faoin gcomhghnóthas sin nó ó thionscnaimh a tháinig roimhe nó ag a bhfuil breisluach Aontais suntasach agus a rannchuidíonn le beartais an Aontais;
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
1.  Cuirfidh na comhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 3 le cuspóirí ginearálta an Rialachán maidir le Fís Eorpach mar a leagtar amach in [Airteagal 3] den rialachán sin.
1.  Cuirfidh na comhghnóthais dá dtagraítear in Airteagal 3 le cuspóirí ginearálta agus sonracha an Rialachán maidir le Fís Eorpach mar a leagtar amach in [Airteagal 3] den rialachán sin.
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Seachadfaidh na comhghnóthais na cuspóirí ginearálta seo a leanas, trí rannpháirtíocht agus gealltanas na gcomhpháirtithe maidir le clár gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a dhearadh agus a chur chun feidhme:
2.  Seachadfaidh na comhghnóthais na cuspóirí ginearálta seo a leanas:
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe a
(a)  inniúlachtaí eolaíochta agus teicneolaíochta an Aontais a neartú agus a chomhtháthú chun tacú le cruthú agus scaipeadh eolais nua ardchaighdeáin go háirithe d’fhonn cuspóirí a sheachadadh i leith dúshláin dhomhanda, iomaíochas agus inbhuanaitheacht an Aontais a shlánú agus cur leis an Limistéar Eorpach Taighde atreisithe;
(a)  inniúlachtaí eolaíocha, nuálaíochta agus teicneolaíocha an Aontais, na mBallstát agus na réigiún a neartú agus a chomhtháthú, chun tacú le cruthú agus scaipeadh eolais nua ardchaighdeáin go háirithe d’fhonn cuspóirí a sheachadadh i leith dúshláin shochaíocha dhomhanda, iomaíochas, breisluach Eorpach, athléimneacht agus inbhuanaitheacht an Aontais a dhaingniú agus a fheabhsú agus cur le Limistéar Eorpach Taighde atreisithe;
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe b
(b)  ceannaireacht dhomhanda atá á stiúradh ag an inbhuanaitheacht ar shlabhraí luacha an Aontais agus uathriail straitéiseach oscailte an Aontais a bhaint amach in eochairtheicneolaíochtaí agus tionscail i gcomhréir leis an straitéis thionsclaíoch don Eoraip;
(b)  ceannaireacht dhomhanda atá á stiúradh ag an inbhuanaitheacht agus athléimneacht slabhraí luacha an Aontais a áirithiú agus uathriail straitéiseach an Aontais a chosaint, agus geilleagar oscailte á chaomhnú ag an am céanna, in eochairtheicneolaíochtaí agus tionscail i gcomhréir leis an straitéis thionsclaíoch don Eoraip agus do FBManna, an Comhaontú Glas don Eoraip, beartais eile de chuid an Aontais agus an Plean Eorpach don Téarnamh;
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe c
(c)  an glacadh a bheidh le réitigh nuálacha ar fud an Aontais ina ngabhfar i ngleic le dúshláin aeráide, chomhshaoil, sláinte agus le dúshláin dhomhanda sochaíocha eile ag teacht le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, go háirithe Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, lena n-áirítear neodracht aeráide a bhaint amach san Aontas faoi 2050, a fhorbairt agus dlús a chur leo.
(c)  an glacadh a bheidh le réitigh nuálacha ar fud an Aontais a fhorbairt agus dlús a chur leo ar fud an Aontais ar réitigh iad ina ngabhfar i ngleic le dúshláin aeráide, chomhshaoil, sláinte, dhigiteacha agus le dúshláin dhomhanda sochaíocha eile ag teacht le tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais, dlús a chur le fás eacnamaíoch an Aontais agus éiceachóras na nuálaíochta a chothú, agus SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaint amach agus neodracht aeráide a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar a dhéanaí, i gcomhréir le Comhaontú Pháras.
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe a
(a)  mais chriticiúil agus inniúlachtaí eolaíochta i dtaighde agus nuálaíocht trasearnála agus idirdhisciplíneach ar fud an Aontais a fheabhsú;
(a)  mais chriticiúil agus inniúlachtaí eolaíochta agus teicneolaíocha i dtaighde agus i nuálaíocht chomhoibríoch, trasearnála agus idirdhisciplíneach ar fud an Aontais a fheabhsú;
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe b
(b)  dlús a chur le haistrithe sóisialta, éiceolaíochta agus eacnamaíocha i réimsí agus earnálacha a mheastar go mbaineann tábhacht straitéiseach leo maidir le tosaíochtaí an Aontais, go háirithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoin mbliain 2030 i gcomhréir leis na spriocanna a socraíodh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;
(b)  dlús a chur leis an aistriú glas agus digiteach i réimsí agus earnálacha a mheastar go mbaineann tábhacht straitéiseach leo maidir le tosaíochtaí an Aontais, go háirithe astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú faoin mbliain 2030 i gcomhréir leis na spriocanna aeráide agus fuinnimh a socraíodh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an Dlí Aeráide Eorpach, chomh maith le rannchuidiú le timpeallacht neamhthruaillithe agus saor ó thocsainí, agus éiceachórais agus bithéagsúlacht á gcaomhnú agus á n-athchóiriú ag an am céanna;
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe c
(c)  cumais nuálaíochta agus feidhmiú slabhraí luacha Eorpacha nua agus reatha maidir le taighde agus nuálaíocht a fheabhsú, lena n-áirítear i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM);
(c)  cumais nuálaíochta agus taighde agus feidhmiú éiceachóras agus slabhraí luacha Eorpacha nua agus reatha, lena n-áirítear i bhfiontair bheaga agus mheánmhéide (FBM) agus i ngnólachtaí nuathionscanta;
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe d
(d)  dlús a chur le cur in úsáid, glacadh agus scaipeadh réiteach nuálach in éiceachórais athneartaithe taighde agus nuálaíochta Eorpacha, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht fhorleathan agus luath agus comhchruthú le húsáideoirí deiridh, comhlachtaí saoránach, rialála agus caighdeánaithe;
(d)  dlús a chur le cur in úsáid, glacadh agus scaipeadh réiteach nuálach, teicneolaíochtaí, seirbhísí agus scileanna nuálacha i dtaighde agus nuálaíocht atreisithe san Eoraip agus in éiceachórais thionsclaíocha agus ar deireadh sa tsochaí, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht fhorleathan agus luath agus comhchruthú le húsáideoirí deiridh, lena n-áirítear FBManna,gnólachtaí nuathionscanta, eagraíochtaí tomhaltóirí, comhlachtaí saoránach, rialála agus caighdeánaithe;
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe d a (nua)
(da)  rannchuidiú leis an mbearna shonrach scileanna ar fud an Aontais a laghdú trí fheasacht a mhúscailt agus trí thacú le forbairt eolais agus caipitil dhaonna nua sna réimsí taighde lena mbaineann; rannchuidiú le dlús a chur le huasoiliúint agus le hathoiliúint oibrithe Eorpacha agus le rannpháirtíocht FBManna sna héiceachórais thionsclaíocha a bhaineann le hoibríochtaí na gcomhghnóthas; comhtháthú na n-inniúlachtaí ábhartha eolaíochta agus nuálaíochta ar fud an Aontais in éiceachórais taighde agus nuálaíochta (T&N) na hEorpa agus i slabhraí luacha a éascú;
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe e
(e)  feabhas comhshaoil agus táirgiúlachta a sheachadadh i dtáirgí agus seirbhísí nua a bhuí do chumais agus acmhainní an Aontais a úsáid.
(e)  feabhas comhshaoil, coigilte fuinnimh agus acmhainní, inbhuanaitheachta, sochaíoch agus táirgiúlachta, ciorclaithe a sheachadadh i dtáirgí, teicneolaíochtaí, feidhmchláir agus seirbhísí nua trí inniúlachtaí agus acmhainní an Aontais a idirnascadh agus a úsáid go hiomlán.
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe e a (nua)
(ea)  rannchuidiú leis an mbearna inscne i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM) san Eoraip a dhúnadh chomh maith le hinscne a phríomhshruthú i dtorthaí taighde arna bhforbairt ag comhpháirtíochtaí Eorpacha, agus ar an gcaoi sin ailíniú níos fearr idir na comhpháirtíochtaí Eorpacha agus na cuspóirí comhionannais inscne a bhaint amach;
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 3 – pointe e b (nua)
(eb)  deiseanna a lorg chun eolas a thabhairt do mhic léinn a d’fhéadfadh a bheith ag iarraidh dul i mbun gairme i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice agus i réimsí eile a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla na gcomhghnóthas;
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4 a (nua)
4a.  Agus a ngníomhaíochtaí taighde á ndéanamh acu, déanfaidh na comhghnóthais sineirgí a lorg le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, le tionscnaimh eile de chuid Fhís Eorpach chomh maith le gach clár de chuid an Aontais a bhaineann le taighde, nuálaíocht agus iomaíochas. Ina theannta sin, oibreoidh na comhghnóthais i ndlúthchomhar le hAirmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin ina réimsí eolaíochta faoi seach.
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe a
(a)  sármhaitheas a athneartú agus a scaipeadh, lena n-áirítear ag cothú rannpháirtíocht níos leithne ar fud an Aontais;
(a)  sármhaitheas a athneartú agus a scaipeadh, lena n-áirítear ag cothú rannpháirtíocht agus éagsúlacht gheografach níos leithne ar fud an Aontais, lena n-áirítear rannpháirtíocht ó Bhallstáit a mheastar a bheith ina dtíortha ísealnuálaíochta agus meán-nuálaíochta faoi láthair de réir an Scórchláir Eorpaigh Nuálaíochta;
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)  sármhaitheas eolaíoch a chur chun cinn agus a chúiteamh, lena n-áirítear trína áirithiú go gcuirtear an eolaíocht úrscothach agus torthaí buntaighde san áireamh agus a gníomhaíochtaí á gcur chun feidhme;
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe c
(c)  an nasc idir beartais taighde, nuálaíochta, agus i gcás inarb iomchuí, oideachais agus beartais eile, lena n-áirítear comhlántachtaí le beartais agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus Aontais, a athneartú;
(c)  an nasc idir beartais taighde, nuálaíochta, agus i gcás inarb iomchuí, comhionannas inscne, oideachais agus beartais eile, lena n-áirítear comhlántachtaí le scileanna, beartais agus gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta náisiúnta agus réigiúnacha agus Aontais, a athneartú;
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  taighde agus nuálaíocht fhreagrach a chur chun cinn, ag cur san áireamh phrionsabal an réamhchúraim;
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe c b (nua)
(cb)  gné na hinscne sa taighde agus nuálaíocht a neartú, lena n-áirítear ar fud na gcomhghnóthas;
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe e
(e)  an comhar idirnáisiúnta a neartú;
(e)  an comhar idirnáisiúnta a neartú, i gcomhréir le cuspóirí beartais sheachtraigh agus gealltanais idirnáisiúnta an Aontais agus iomaíochas agus ceannaireacht thionsclaíoch na hEorpa a chur chun cinn, agus neamhspleáchas straitéiseach an Aontais á urramú ach geilleagar oscailte á chaomhnú;
Leasú 91
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe f
(f)  feasacht, glacadh agus éileamh an phobail i leith réitigh nua a mhéadú ag cuimsiú saoránach agus úsáideoirí deiridh i bpróisis chomhdheartha agus comhchruthaithe;
(f)  feasacht, glacadh agus éileamh an phobail i leith réitigh nua a mhéadú ag cuimsiú saoránach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, eagraíochtaí tomhaltóirí agus úsáideoirí deiridh lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta i bpróisis chomhdheartha agus comhchruthaithe;
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe g
(g)  saothrú torthaí taighde agus nuálaíochta a spreagadh agus torthaí a scaipeadh agus a shaothrú go gníomhach, go háirithe chun infheistíochtaí príobháideacha agus forbairt beartais a ghiaráil;
(g)  spreagadh a thabhairt maidir le leathadh gníomhach, úsáid torthaí taighde agus nuálaíochta agus a saothrú, lena n-áirítear d’fhorbairt beartas, trí chaighdeánú, trí sholáthar réiteach nuálach agus trí sholáthar réamhthráchtála, chun dlús a chur le próiseas imlonnaithe margaidh na dtorthaí taighde agus na dtáirgí insoláthartha ina réimsí taighde faoi seach;
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe h
(h)  dlús a chur le claochlú tionsclaíoch, lena n-áirítear trí scileanna feabhsaithe i gcomhair nuálaíochta;
(h)  dlús a chur le claochlú tionsclaíoch, agus leis an athléimneacht ar fud na slabhraí luacha, lena n-áirítear trí scileanna feabhsaithe i gcomhair nuálaíochta;
Leasú 94
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe h a (nua)
(ha)  leibhéal scileanna agus taithí na mac léinn, an tsaoil acadúil agus na saineolaithe a mhéadú ar fud an Aontais, forbairt céimeanna ollscoile agus clár oideachais ar leith a spreagadh sna réimsí éagsúla, agus aird ar leith á tabhairt ar ghnéithe inscne agus an clúdach geografach is leithne san Aontas a áirithiú;
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1 – pointe i
(i)  tacú le cur chun feidhme na mbeartas Aontais gaolmhar, chomh maith le beartais rialála, agus an cur chun feidhme sin bunaithe ar fhianaise, agus le gníomhaíochtaí caighdeánaithe agus infheistíochta inbhuanaithe ag an leibhéal Eorpach agus an leibhéal domhanda.
(i)  tacú le cur chun feidhme eolaíoch na mbeartas Aontais gaolmhar, chomh maith le beartais rialála, agus an cur chun feidhme sin bunaithe ar fhianaise, agus le gníomhaíochtaí caighdeánaithe agus infheistíochta inbhuanaithe ag an leibhéal náisiúnta, Eorpach agus an leibhéal domhanda.
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe a
(a)  tacaíocht airgeadais, mar dheontais den chuid is mó, a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha taighde agus nuálaíochta, a roghnófar i ndiaidh glaonna oscailte agus iomaíocha, mura sonraítear a mhalairt ina gclár oibre;
(a)  tacaíocht airgeadais, mar dheontais den chuid is mó, a sholáthar le haghaidh gníomhaíochtaí indíreacha taighde agus nuálaíochta, a roghnófar i ndiaidh glaonna oscailte, cothroma, trédhearcacha agus iomaíocha, ach amháin i gcásanna a bhfuil údar leo atá le sonrú ina gclár oibre;
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe b
(b)  dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú a áirithiú le comhpháirtithe Eorpacha eile, lena n-áirítear trí chuid de bhuiséad an chomhghnóthais a shannadh do chomhghlaonna, i gcás inarb iomchuí;
(b)  dlúthchomhar a fhorbairt agus comhordú agus sineirgí a áirithiú le comhpháirtithe Eorpacha eile, lena n-áirítear trí chuid de bhuiséad an chomhghnóthais a shannadh do chomhghlaonna, i gcás inarb iomchuí;
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe c
(c)  sineirgí a lorg le gníomhaíochtaí agus cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta, agus an leibhéal réigiúnach, agus i gcás inarb iomchuí, féidearthachtaí le haghaidh tuilleadh cistithe uathu, go háirithe iad sin a thacaíonn le cur in úsáid réiteach nuálach, oideachas agus forbairt réigiúnach, amhail Cistí Beartais Comhtháthaithe i gcomhréir le straitéisí speisialaithe chliste;
(c)  sineirgí éifeachtacha a lorg agus a áirithiú le gníomhaíochtaí agus cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, an leibhéal náisiúnta, agus an leibhéal réigiúnach, agus i gcás inarb iomchuí, féidearthachtaí le haghaidh tuilleadh cistithe uathu, go háirithe iad sin a thacaíonn le cur in úsáid agus glacadh sa mhargadh réiteach nuálach, oideachas oiliúna agus forbairt réigiúnach, amhail Cistí Beartais Comhtháthaithe i gcomhréir le straitéisí speisialaithe chliste, chomh maith le hinstitiúidí airgeadais Eorpacha amhail an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus an Banc Eorpach Infheistíochta, agus le comhghuaillíochtaí tionsclaíocha ábhartha, fondúireachtaí agus iontaobhais charthanachta;
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  an nasc idir taighde, nuálaíocht agus na gníomhaíochtaí atá beartaithe sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience’ [Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] (An Clár Oibre Eorpach do Scileanna), go háirithe iad siúd arb é is aidhm dóibh scileanna a fhorbairt chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach agus líon na gcéimithe in ábhair STEM a mhéadú, go háirithe sna héiceachórais thionsclaíocha atá nasctha le hoibríochtaí na gcomhghnóthas;
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe d
(d)  a áirithiú go gcuireann a n-oibríochtaí le cuspóirí Fís Eorpach a bhaint amach, anuas ar phleanáil straitéiseach ilbhliantúil, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht agus ceanglais eile Fís Eorpach mar a leagtar amach in [Airteagail 45 agus 47] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, amhail, cur chun feidhme an chreata aiseolais comhbheartais;
(d)  a áirithiú go gcuireann a n-oibríochtaí le cuspóirí Fís Eorpach a bhaint amach, anuas ar phleanáil straitéiseach ilbhliantúil, tuairisciú, faireachán agus meastóireacht, gan a n-ualach riaracháin féin ná ualach riaracháin a dtairbhithe a mhéadú, agus ceanglais eile Fís Eorpach mar a leagtar amach in [Airteagail 45 agus 47] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, amhail, cur chun feidhme an chreata aiseolais comhbheartais;
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe e
(e)  rannpháirtíocht FBManna ina ngníomhaíochtaí a chur chun cinn agus bearta a dhéanamh chun scaipeadh faisnéise ar FBManna a áirithiú, i gcomhréir le cuspóirí Fís Eorpach;
(e)  rannpháirtíocht FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, agus a gcomhlachais i ngníomhaíochtaí na gcomhghnóthas a chur chun cinn agus a áirithiú, agus faisnéis thráthúil a áirithiú do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, i gcomhréir le cuspóirí Fís Eorpach; i gcás inarb iomchuí, glaonna a shainaithint ina bhfuil ról comhordaithe forchoimeádta do FBManna nó do ghnólachtaí nuathionscanta;
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea)  bearta a fhorbairt chun daoine nua a mhealladh, lena n-áirítear FBManna, chuig gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta na ngnóthas comhpháirteach agus chun líonraí comhoibríocha a mhéadú chomh maith le héiceachórais agus líonraí náisiúnta taighde agus nuálaíochta atá ann cheana a nascadh ar bhealach níos fearr lena chéile agus ar an leibhéal Eorpach;
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe e b (nua)
(eb)  rannpháirtíocht taighdeoirí óga, mac léinn PhD agus iardhochtúireachta a chur chun cinn agus a áirithiú i ngníomhaíochtaí an chomhghnóthais ábhartha, i ndlúthshineirge le Gníomhaíochtaí Marie Skłodowska-Curie;
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe f
(f)  na hacmhainní poiblí agus príobháideacha atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach a shlógadh;
(f)  na hacmhainní poiblí agus príobháideacha, chomh maith le hacmhainní breise más féidir, atá riachtanach chun na cuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo a bhaint amach a shlógadh;
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe g
(g)  faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo, chomh maith leis na cuspóirí a leagtar amach in [Airteagal 45] agus [Iarscríbhinn V] den Rialachán maidir le Fís Eorpach;
(g)  faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo bhaint amach na gcuspóirí a leagtar amach sa Rialachán seo, chomh maith leis na cuspóirí a leagtar amach in [Airteagal 45] den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus [Iarscríbhinní III agus V] a ghabhann leis;
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe h
(h)  a gclár oibre a shainiú agus a chur chun feidhme;
(h)  clár oibre straitéiseach maidir le taighde agus nuálaíocht a fhorbairt agus a chur chun feidhme ar a ndéanfaidh siad a gclár oibre a shainiú agus a chur chun feidhme;
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe i
(i)  idirchaidreamh a dhéanamh leis an raon páirtithe leasmhara is fairsinge agus is féidir, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do, gníomhaireachtaí díláraithe, eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna, úsáideoirí deiridh agus údaráis phoiblí, go háirithe chun críche tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí gach tionscnaimh a shainiú agus chun cuimsitheacht a áirithiú;
(i)  idirchaidreamh a dhéanamh leis an raon páirtithe leasmhara is fairsinge agus is féidir, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do, gníomhaireachtaí díláraithe, eagraíochtaí taighde agus ollscoileanna, eagraíocht na sochaí sibhialta, úsáideoirí deiridh, comhlachais FBManna agus údaráis phoiblí, go háirithe chun críche tosaíochtaí agus gníomhaíochtaí gach tionscnaimh a shainiú agus chun cuimsitheacht, oscailteacht agus breisluach sochaíoch a áirithiú;
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe j
(j)  tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eolais, cumarsáide, poiblíochta, scaipthe agus saothraithe trí [Airteagal 46] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, lena n-áirítear eolas mionsonraithe maidir le torthaí ó ghníomhaíochtaí cistithe taighde agus nuálaíochta a chur ar fáil agus a dhéanamh inrochtana i ríomhbhunachar sonraí coiteann Fís Eorpach;
(j)  tabhairt faoi ghníomhaíochtaí eolais, cumarsáide, poiblíochta, scaipthe agus saothraithe trí Airteagail 10 agus 39 den Rialachán seo agus [Airteagal 46] den Rialachán maidir le Fís Eorpach, a chur i bhfeidhm mutatis mutandis, lena n-áirítear trí eolas mionsonraithe maidir le torthaí ó ghníomhaíochtaí cistithe taighde agus nuálaíochta a chur ar fáil don phobal agus a dhéanamh inrochtana i ríomhbhunachar sonraí coiteann Fís Eorpach ar bhealach soláimhsithe;
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe j a (nua)
(ja)  feachtais múscailte feasachta, gníomhaíochtaí múscailte feasachta agus scaipthe a chur chun cinn, a mbeidh baint ag líonraí acadúla, eolaíochta agus eolais leo, faisnéis iomchuí a chur ar fáil ar a suíomhanna gréasáin faoi seach, lena n-áirítear doiciméid ábhartha a fhoilsiú;
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe l
(l)  cur le comhéadan idir eolaíocht agus beartas níos éifeachtaí a fhorbairt, chun an eolaíocht a oscailt trí shaothrú torthaí níos fearr a áirithiú agus chun dul i ngleic le riachtanais beartas, chomh maith le scaipeadh agus glacadh níos tapa torthaí a chur chun cinn;
(l)  cur le comhéadan idir eolaíocht agus beartas níos éifeachtaí a fhorbairt, chun eolaíocht oscailte a chothú agus a prionsabail mar a leagtar amach in Airteagal 14 agus in Airteagal 39 den Rialachán maidir le Fís Eorpach a urramú, agus chun dul i ngleic le riachtanais beartas, chomh maith le saothrú agus scaipeadh níos tapa agus glacadh torthaí agus infheictheacht mhéadaithe a chur chun cinn mar a leagtar amach in Airteagal 51(1) den Rialachán maidir le Fís Eorpach; leagfaidh na comhghnóthais amach rialacha diana maidir le maoluithe ó na ceanglais maidir le rochtain oscailte a leagtar amach sa Rialachán maidir le Fís Eorpach agus déanfaidh an Coimisiún faireachán ar na cleachtais a bhaineann le rochtain oscailte agus ba cheart aon díolúine a liostú go trédhearcach ar na suíomhanna gréasáin ábhartha.
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe n
(n)  tacú leis an gCoimisiún chun Critéir Scagtha Teicniúla láidre atá bunaithe ar an eolaíocht a fhorbairt agus a chur chun feidhme de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 maidir le hinfheistíochtaí inbhuanaithe, ag déanamh faireacháin agus ag measúnú a chur chun feidhme laistigh den earnáil eacnamaíoch ina bhfeidhmíonn siad, d’fhonn aiseolas ‘ad hoc’ a sholáthar le haghaidh déanamh beartas, nuair is gá;
(n)  tacú leis an gCoimisiún chun Critéir Scagtha Teicniúla láidre atá bunaithe ar an eolaíocht a fhorbairt agus a chur chun feidhme de bhun Airteagal 3 de Rialachán (AE) 2020/852 i gcás ina dtagann gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas faoi raon feidhme an Rialacháin seo;
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 – pointe o
(o)  an prionsabal ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a bhreithniú agus forálacha an Rialacháin sin a chur san áireamh chun rochtain ar mhaoiniú inbhuanaithe a fheabhsú, i gcás inarb ábhartha;
(o)  an prionsabal ‘Gan Dochar Suntasach a Dhéanamh’ de bhun Airteagal 17 de Rialachán (AE) 2020/852 a bhreithniú le haghaidh ghníomhaíochtaí na gcomhghnóthas a thagann faoi raon feidhme an Rialacháin sin agus forálacha an Rialacháin sin a chur san áireamh chun rochtain ar mhaoiniú inbhuanaithe a fheabhsú, i gcás inarb ábhartha;
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2 a (nua)
2a.  Chun críche mír 2, pointe (c) a chur chun feidhme, déanfaidh an Coimisiún treoirlínte soiléire, simplí agus nithiúla a fhorbairt maidir le cur chun feidhme na gcineálacha éagsúla sineirgí ag na comhghnóthais, amhail aistriú acmhainní, cistiú malartach, cistiú carnach agus cistiú comhtháite.
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
1.  Féadfaidh comhghnóthais glao oscailte ar léiriú spéise a sheoladh ag féachaint le comhlachtaí comhlachaithe a roghnú. Leagfar amach sa ghlao ar léiriú spéise na príomhinniúlachtaí a theastaíonn chun cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach. Foilseofar gach glao ar shuíomh gréasán an chomhghnóthais agus cuirfear iad in iúl trí gach cainéal iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, grúpa ionadaithe na mballstát, d’fhonn an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir a áirithiú ar mhaithe le cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach.
1.  Seolfaidh comhghnóthais glaonna oscailte, cothrom agus trédhearcach ar léiriú spéise chun comhaltaí comhlachaithe a roghnú agus, ag an am céanna, cuirfidh siad leis an éagsúlacht gheografach a mhéadú. Déanfar an glao ar léiriú spéise ar bhealach oscailte agus trédhearcach agus leagfar amach ann na príomhchumais, ionchais chomhchineáil agus ranníocaíochtaí airgeadais, a theastaíonn chun cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach. Foilseofar gach glao ar shuíomh gréasán an chomhghnóthais agus cuirfear iad in iúl trí gach cainéal iomchuí, lena n-áirítear, i gcás inarb infheidhme, grúpa ionadaithe na mballstát, d’fhonn an rannpháirtíocht is leithne agus is féidir a áirithiú ar mhaithe le cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach.
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2
2.  Déanfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin na hiarratasóirí le haghaidh ballraíochta a mheasúnú le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha agus, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí ábhartha an chomhghnóthais, ar bhonn eolas doiciméadaithe, taithí agus bhreisluach féideartha an iarratasóra chun cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach, fóntacht airgeadais an iarratasóra agus gealltanas fadtéarmach i gcomhair rannchuidithe airgeadais agus comhchineáil le haghaidh an chomhghnóthais, agus ag cur coinbhleachtaí leasa féideartha san áireamh.
2.  Déanfaidh an Bord Rialaithe na hiarratasóirí le haghaidh ballraíochta a mheasúnú le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha agus, i gcás inarb iomchuí, comhlachtaí ábhartha an chomhghnóthais lena n-áirítear an Bord Comhairleach Eolaíoch, ar bhonn eolas doiciméadaithe, taithí agus bhreisluach féideartha an iarratasóra chun cuspóirí an chomhghnóthais a bhaint amach, fóntacht airgeadais an iarratasóra agus gealltanas fadtéarmach i gcomhair rannchuidithe airgeadais agus comhchineáil le haghaidh an chomhghnóthais, agus ag cur coinbhleachtaí leasa féideartha san áireamh.
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 a (nua)
2a.  Ní bheidh ualach breise ar chomhaltaí bunaitheacha agus gaolmhara an chomhghnóthais mar thoradh ar bhallraíocht aon eintitis dhlíthiúil a bhunaítear i dtír atá comhlachaithe leis an gClár Fís Eorpach.
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 3
3.  Déanfaidh an bord rialaithe measúnú ar iarratais le haghaidh ballraíochta agus i gcás inarb iomchuí déanfaidh sé na hiarratais a fhormheas.
3.  Déanfaidh an bord rialaithe measúnú ar iarratais le haghaidh ballraíochta agus déanfaidh sé na hiarratais a fhormheas nó diúltú dóibh.
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 4
4.  Síneoidh na comhaltaí comhlachaithe roghnaithe agus an stiúrthóir feidhmiúcháin, ag gníomhú mar ionadaí an chomhghnóthais, litir ghealltanais, ina dtabharfar mionsonraí ar raon feidhme na ballraíochta i dtéarmaí ábhair, gníomhaíochtaí agus faid, rannchuidiú na gcomhaltaí comhlachaithe leis an gcomhghnóthas, lena n-áirítear léiriú na ngníomhaíochtaí breise beartaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 11(1), chomh maith le forálacha a bhaineann le hionadaíocht na gcomhlachtaí comhlachaithe agus cearta vótála laistigh den bhord rialaithe.
4.  Síneoidh na comhaltaí comhlachaithe roghnaithe agus an stiúrthóir feidhmiúcháin, ag gníomhú mar ionadaí an chomhghnóthais, litir ghealltanais, ina dtabharfar mionsonraí ar raon feidhme na ballraíochta i dtéarmaí ábhair, gníomhaíochtaí agus faid, ranníocaíocht airgeadais agus ranníocaíocht chomhchineáil na gcomhaltaí comhlachaithe, leis an gcomhghnóthas, lena n-áirítear léiriú na ngníomhaíochtaí breise beartaithe dá dtagraítear i bpointe (b) d’Airteagal 11(1), chomh maith le forálacha a bhaineann le hionadaíocht na gcomhlachtaí comhlachaithe agus cearta vótála laistigh den bhord rialaithe. Cuirfear litreacha gealltanas na gcomhaltaí comhlachaithe roghnaithe ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais ábhartha, lena n-áiritheofar go n-urramaítear rialacha rúndachta.
Leasú 119
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2
2.  Cuirfidh gach comhalta an comhghnóthas ar an eolas maidir le haon chumasc nó éadáil idir comhaltaí ar dóchúil go mbeidh tionchar aige nó aici ar an gcomhghnóthas nó ar ghlacadh seilbhe eintitis nach comhalta den chomhghnóthas é ar chomhalta.
2.  Cuirfidh gach comhalta an comhghnóthas ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon chumasc nó éadáil idir comhaltaí ar dóchúil go mbeidh tionchar aige nó aici ar an gcomhghnóthas nó ar ghlacadh seilbhe eintitis nach comhalta den chomhghnóthas é ar chomhalta.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 4
4.  Cuirfidh gach comhalta príobháideach an comhghnóthas ar an eolas maidir le haon athrú suntasach eile ina úinéireacht, smacht nó chomhdhéanamh. I gcás ina measann an Coimisiún gur dóchúil go mbeidh tionchar ag an athrú ar leas an Aontais nó an chomhghnóthais ar fhorais slándála nó oird phoiblí, féadfaidh sé a mholadh don bhord rialaithe ballraíocht an chomhalta phríobháidigh lena mbaineann a fhoirceannadh. Déanfaidh an bord rialaithe cinneadh maidir le foirceannadh ballraíochta an chomhalta lena mbaineann. Ní ghlacfaidh an comhalta príobháideach lena mbaineann páirt i vóta an bhoird rialaithe.
4.  Cuirfidh gach comhalta príobháideach an comhghnóthas ar an eolas gan moill mhíchuí maidir le haon athrú suntasach eile ina úinéireacht, smacht nó chomhdhéanamh. I gcás ina measann an Coimisiún gur dóchúil go mbeidh tionchar ag an athrú ar leas an Aontais nó an chomhghnóthais ar fhorais slándála nó oird phoiblí, féadfaidh sé a mholadh don bhord rialaithe ballraíocht an chomhalta phríobháidigh lena mbaineann a fhoirceannadh. Déanfaidh an bord rialaithe cinneadh maidir le foirceannadh ballraíochta an chomhalta lena mbaineann. Ní ghlacfaidh an comhalta príobháideach lena mbaineann páirt i vóta an bhoird rialaithe.
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
1.  Cuirfidh aon chomhpháirtí rannchuidithe is iarratasóir mar a shainítear in Airteagal 2(7) litir formhuinithe faoi bhráid an bhoird rialaithe. Sonrófar raon feidhme na comhpháirtíochta i dtéarmaí ábhair, gníomhaíochtaí agus faid, agus mionsonraí maidir le rannchuidiú an iarratasóra leis an gcomhghnóthas sa litir formhuinithe sin.
1.  Cuirfidh aon chomhpháirtí rannchuidithe is iarratasóir mar a shainítear in Airteagal 2(7) litir formhuinithe faoi bhráid an bhoird rialaithe. Sonrófar raon feidhme na comhpháirtíochta i dtéarmaí ábhair, gníomhaíochtaí agus faid, agus mionsonraí maidir le rannchuidiú an iarratasóra leis an gcomhghnóthas sa litir formhuinithe sin. Cuirfear an litir fhormhuinithe ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais ábhartha, lena n-áiritheofar go n-urramaítear rialacha rúndachta.
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2
2.  Déanfaidh an bord rialaithe measúnú ar an litir formhuinithe agus déanfaidh sé an t-iarratas a fhormheas nó diúltú dó.
2.  Déanfaidh an bord rialaithe measúnú ar an litir formhuinithe agus cuirfidh sé san áireamh comhairle eolaíoch chomhlachtaí na gcomhghnóthas, chomh maith le haon choinbhleacht leasa a d’fhéadfadh a bheith ann agus déanfaidh sé an t-iarratas a fhormheas nó diúltú dó.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1
1.  Cumhdóidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis na comhghnóthais, lena n-áirítear leithreasuithe EFTA, costais riaracháin agus oibriúcháin suas leis na huasmhéideanna a shonraítear i gCuid a Dó. Féadfar ranníocaíocht an Aontais a shonraítear i gCuid a Dó a mhéadú le ranníocaíochtaí ó thríú tíortha bhíonn na ranníocaíochtaí sin ar fáil.
1.  Cumhdóidh ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis na comhghnóthais, lena n-áirítear leithreasuithe EFTA, costais riaracháin agus oibriúcháin suas leis na huasmhéideanna a shonraítear i gCuid a Dó ar choinníoll go mbeidh an méid comhoiriúnaithe ar a laghad le ranníocaíocht chomhaltaí eile seachas an tAontas, nó a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe. Méadófar ranníocaíocht an Aontais a shonraítear i gCuid a Dó le ranníocaíochtaí ó thríú tíortha nuair a bheidh sé sin ar fáil, i gcomhréir le hAirteagal 16(5) den Rialachán maidir le Fís Eorpach.
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2 a (nua)
2a.  Féadfar ranníocaíocht airgeadais an Aontais dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo a fhorlíonadh le leithdháiltí ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, i gcomhréir le hAirteagal 13 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, agus le fíneálacha, i gcomhréir le hAirteagal 5 de Rialachán CAI. Féadfar an ranníocaíocht sin a fhorlíonadh freisin le saoradh, dá bhforáiltear in Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais Déanfar ranníocaíocht an Aontais a choigeartú chun ranníocaíochtaí ó thíortha comhlachaithe a léiriú. Déanfar aon ranníocaíocht bhreise ón Aontas a mheaitseáil le ranníocaíochtaí ó chomhaltaí eile seachas an tAontas. Ní mór ranníocaíochtaí ón Aontas agus ó chomhaltaí eile seachas ón Aontas a bheith cothrom.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 2 b (nua)
2b.  Déanfar ranníocaíochtaí breise ón Aontas de bhun Airteagal 13 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, Airteagal 5 de Rialachán CAI agus Airteagal 15(3) den Rialachán Airgeadais, a leithdháileadh ar bhealach cothrom laistigh de bhraislí Cholún 2 den chlár Fís Eorpach, agus tosaíochtaí taighde an Aontais mar aon lena chuspóirí beartais á gcur san áireamh. Leis an leithdháileadh cóir, cuirfear san áireamh go háirithe comhghnóthais a oibríonn sna hearnálacha is mó a ndéantar difear dóibh le linn phaindéim COVID-19 agus atá ríthábhachtach chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach agus téarnamh socheacnamaíoch a bhaint amach.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 5 a (nua)
5a.  Féadfar ranníocaíochtaí airgeadais faoi chláir arna gcómhaoiniú ag CFRE, CSE+, CEMID agus CETFT, mar aon leis an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a mheas mar rannchuidiú ó stát rannpháirteach le comhghnóthas, ar choinníoll go gcomhlíontar na forálacha ábhartha de Rialachán na bhForálacha Coiteanna agus na rialacháin chiste-shonracha. Forbróidh an Coimisiún treoirlínte simplí agus praiticiúla chun soiléiriú a dhéanamh ar an méid atá i gceist le ranníocaíocht airgeadais ó stát rannpháirteach le comhghnóthas.
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2
2.  Mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó, tabharfaidh comhaltaí príobháideacha tuairisc faoin 31 Márta gach bliain dá mbord rialaithe faoi seach maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus de mhír 1 a rinneadh i ngach bliain airgeadais roimhe sin. D’fhonn na ranníocaíochtaí sin a luacháil, cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na n-eintiteas lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe agus leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta agus na Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta is infheidhme. Deimhneoidh iniúchóir seachtrach neamhspleách a cheapfaidh an t-eintiteas lena mbaineann na costais. Féadfaidh an comhghnóthas lena mbaineann an modh luachála a dheimhniú, i gcás go mbeadh aon éiginnteacht ann de bharr an deimhniúcháin. I gcásanna atá sonraithe go cuí, féadfaidh an bord rialaithe úsáid cnapshuimeanna nó costas aonaid a údarú chun na ranníocaíochtaí a luacháil.
2.  Mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó, tabharfaidh comhaltaí príobháideacha tuairisc faoin 30 Meitheamh gach bliain dá mbord rialaithe faoi seach maidir le luach na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i bpointe (b) agus de mhír 1 a rinneadh sa bhliain airgeadais roimhe sin. D’fhonn na ranníocaíochtaí sin a luacháil, cinnfear na costais i gcomhréir le gnáthchleachtais chuntasaíochta costais na n-eintiteas lena mbaineann, le caighdeáin chuntasaíochta infheidhme na tíre ina bhfuil an t-eintiteas bunaithe agus leis na Caighdeáin Chuntasaíochta Idirnáisiúnta agus na Caighdeáin Tuairiscithe Airgeadais Idirnáisiúnta is infheidhme. Ní dhéanfaidh an comhghnóthas lena mbaineann ná aon chomhlacht de chuid an Aontais iniúchadh ar na costais, ach deimhneoidh iniúchóir seachtrach neamhspleách a cheapfaidh an t-eintiteas lena mbaineann na costais. Féadfaidh an comhghnóthas lena mbaineann an modh luachála a dheimhniú, i gcás go mbeadh aon éiginnteacht ann de bharr an deimhniúcháin. I gcásanna atá sonraithe go cuí, féadfaidh an bord rialaithe úsáid cnapshuimeanna nó costas aonaid a údarú chun na ranníocaíochtaí a luacháil.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
3.  Chun críocha an Rialacháin seo, ní dhéanfaidh an comhghnóthas lena mbaineann ná aon chomhlacht de chuid an Aontais iniúchadh ar na costais a thabhaíonn gníomhaíochtaí breise.
scriosta
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 7 – an chuid réamhráiteach
7.  Féadfaidh an Coimisiún ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gcomhghnóthas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí nó an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 43 a úsáid in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
7.  Féadfaidh an Coimisiún, tar éis dó an Sásra Árachais Fhrithpháirtigh dá bhforáiltear in Airteagal 37(7) den Rialachán maidir le Fís Eorpach a ghníomhachtú, ranníocaíocht airgeadais an Aontais leis an gcomhghnóthas a fhoirceannadh, a laghdú go comhréireach nó a chur ar fionraí nó an nós imeachta foirceanta dá dtagraítear in Airteagal 43 a úsáid in aon cheann de na cásanna seo a leanas:
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 9 a (nua)
9a.  Cuirfear Parlaimint na hEorpa ar an eolas faoi aon athruithe ar ranníocaíochtaí airgeadais an Aontais.
Leasú 131
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 a (nua)
Airteagal 11a
Sula nglacfar an clár oibre, tabharfaidh gach stát rannpháirteach gealltanas táscach maidir le méid a ranníocaíochtaí airgeadais náisiúnta leis an gcomhghnóthas, i gcás inarb ábhartha.
Chomh maith leis na critéir a leagtar amach in Airteagal 22 den Rialachán maidir le Fís Eorpach, féadfar a áireamh sa chlár oibre, mar iarscríbhinn, critéir incháilitheachta maidir le heintitis dhlíthiúla náisiúnta.
Cuirfidh gach stát rannpháirteach de chúram ar an gcomhghnóthas meastóireacht a dhéanamh ar na tograí i gcomhréir le rialacha agus critéir Fís Eorpach.
Bunófar roghnú na dtograí ar liosta an rangaithe arna sholáthar ag an gcoiste meastóireachta. Féadfaidh an bord rialaithe imeacht ón liosta sin i gcásanna a bhfuil údar cuí leo, go háirithe chun comhsheasmhacht fhoriomlán chur chuige na punainne a áirithiú.
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Tabharfaidh comhghnóthais, laistigh de bhliain amháin i ndiaidh ghlacadh an Rialacháin seo, comhaontuithe leibhéil seirbhíse i gcrích maidir le feidhmeanna na cúloifige coitinne, mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó agus faoi réir an gá atá le leibhéal coibhéiseach cosanta leasa airgeadais an Aontais áirithiú nuair atá cúraimí cur chun feidhme buiséadacha á gcur ar iontaoibh comhghnóthas. Áireofar na réimsí seo a leanas sna feidhmeanna sin, faoi réir deimhniú inmharthanachta agus i ndiaidh scagadh acmhainní:
1.  Féadfaidh comhhgnóthais feidhmeanna na cúloifige coitinne a oibriú trí chomhaontuithe ar leibhéal seirbhíse a thabhairt i gcrích, mura sonraítear a mhalairt i gCuid a Dó agus faoi réir an gá atá le leibhéal coibhéiseach cosanta leasa airgeadais an Aontais áirithiú nuair atá cúraimí cur chun feidhme buiséadacha á gcur ar iontaoibh comhghnóthas. Féadfar na réimsí seo a leanas a áireamh sna feidhmeanna sin, faoi réir deimhniú inmharthanachta agus i ndiaidh scagadh acmhainní agus gan dochar do limistéir taighde shonracha na gcomhghnóthas:
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1 – pointe g a (nua)
(ga)  malartú dea-chleachtas a chothú i measc na gcomhghnóthas.
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2
2.  Soláthróidh comhghnóthas roghnaithe amháin nó dhá chomhghnóthas roghnaithe na feidhmeanna cúloifige coitinne dá dtagraítear i mír 1 do na comhghnóthais uile eile. Coinneofar feidhmeanna idirghaolmhara in aon chomhghnóthas amháin d’fhonn struchtúr eagraíochtúil comhleanúnach a áirithiú.
2.  Féadfaidh comhghnóthas roghnaithe amháin nó dhá chomhghnóthas roghnaithe na feidhmeanna cúloifige coitinne dá dtagraítear i mír 1 a sholáthar do na comhghnóthais uile eile. Coinneofar feidhmeanna idirghaolmhara in aon chomhghnóthas amháin d’fhonn struchtúr eagraíochtúil comhleanúnach a áirithiú.
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 4
4.  Gan dochar d’athshannadh do chúraimí eile laistigh den chomhghnóthas, nó do shocruithe riaracháin eile, nach bhfuil tionchar acu ar chonarthaí fostaíochta, féadfar foireann atá sannta do na feidhmeanna a aistríodh chuig an gcúloifig choiteann, atá óstáilte ag comhghnóthas eile, a aistriú chuig an gcomhghnóthas sin. I gcás ina gcuireann ball foirne a dhiúltú nó a diúltú in iúl i scríbhinn, féadfaidh an comhghnóthas conradh an bhaill foirne sin a fhoirceannadh faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
4.  Gan dochar d’athshannadh do chúraimí eile laistigh den chomhghnóthas, nó do shocruithe riaracháin eile, nach bhfuil tionchar acu ar chonarthaí fostaíochta, féadfar foireann atá sannta do feidhmeanna cúloifige coitinne, a aistríodh chuig comhghnóthas amháin, a aistriú chuig an gcomhghnóthas sin. I gcás ina gcuireann ball foirne a dhiúltú nó a diúltú in iúl i scríbhinn, féadfaidh an comhghnóthas conradh an bhaill foirne sin a fhoirceannadh faoi na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 47 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile.
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 5
5.  Coimeádfaidh an fhoireann dá dtagraítear i mír 4, a aistríodh chuig an gcomhghnóthas atá ag óstáil na cúloifige coitinne, an cineál céanna conartha agus grúpa feidhme agus grád, agus meastar dóibh amhail is gur chaith siad an tseirbhís iomlán sa chomhghnóthas sin.
5.  Coimeádfaidh an fhoireann dá dtagraítear i mír 4, a aistríodh chuig an gcomhghnóthas a dhéanann na comhfheidhmeanna sonracha, an cineál céanna conartha agus grúpa feidhme agus grád, agus meastar dóibh amhail is gur chaith siad an tseirbhís iomlán sa chomhghnóthas sin.
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
1.  Beidh bord rialaithe agus stiúrthóir feidhmiúcháin ag gach comhghnóthas.
1.  Beidh bord rialaithe agus stiúrthóir feidhmiúcháin agus comhlacht a sholáthraíonn comhairle eolaíoch ag gach comhghnóthas i gcomhréir le hAirteagal 19.
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1 a (nua)
1a.  Déanfaidh comhdhéanamh na mBord Rialaithe a seacht ndícheall cothromaíocht inscne a urrumú agus a bheith éagsúil ó thaobh geografaíochta de chomh maith le ionadaíocht a dhéanamh d’earnálacha agus culraí éagsúla, , ag brath ar a staid na gcomhaltaí ina réimsí inniúlachta faoi seach.
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3
3.  Ceapfaidh an tAontas agus na hionadaithe eile, ar a n-uain, cathaoirleach an bhoird rialaithe ar bhonn bliantúil uainíochta, mura bhforáiltear a mhalairt i gCuid a Dó.
3.  Ceapfaidh an tAontas agus na hionadaithe eile, ar a n-uain, cathaoirleach an bhoird rialaithe as measc a chomhaltaí ar bhonn bliantúil uainíochta, mura bhforáiltear a mhalairt i gCuid a Dó.
Leasú 140
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
4.  Reáchtálfaidh an bord rialaithe gnáthchruinnithe dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe urghnácha a ghairm arna iarraidh sin ag an gcathaoirleach, an stiúrthóir feidhmiúcháin, an Coimisiún nó ó thromlach ionadaithe na gcomhaltaí seachas an tAontas nó na stát rannpháirteach. Is é an cathaoirleach a ghairfidh cruinnithe an bhoird rialaithe agus reáchtálfar iad ag suíochán an chomhghnóthais lena mbaineann, mura gcinneann an bord rialaithe a mhalairt go heisceachtúil i gcásanna a bhfuil údar cuí leo.
4.  Reáchtálfaidh an bord rialaithe gnáthchruinnithe dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfar cruinnithe urghnácha a ghairm arna iarraidh sin ag an gcathaoirleach, an stiúrthóir feidhmiúcháin, an Coimisiún nó ó thromlach ionadaithe na gcomhaltaí seachas an tAontas nó na stát rannpháirteach. Is é an cathaoirleach a ghairfidh cruinnithe an bhoird rialaithe agus reáchtálfar iad ag suíochán an chomhghnóthais lena mbaineann, mura gcinneann an bord rialaithe a mhalairt go heisceachtúil i gcásanna a bhfuil údar cuí leo. Déanfar liosta na rannpháirtithe, an clár oibre agus na miontuairiscí cruinnithe a chur ar fáil go poiblí go tráthúil ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais lena mbaineann.
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 7
7.  Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freisin, go háirithe ionadaithe comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó rialála, údaráis réigiúnacha laistigh den Aontas agus ardáin teicneolaíochta Eorpacha, freastal mar bhreathnóirí ar bhonn cás ar chás faoi réir na rialacha maidir le rúndacht agus coinbhleacht leasa.
7.  Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freisin, go háirithe ionadaithe comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, gníomhaireachtaí feidhmiúcháin nó rialála, ionadaithe na Stát Rannpháirteach, údaráis réigiúnacha agus náisiúnta laistigh den Aontas agus ardáin teicneolaíochta Eorpacha, freastal mar bhreathnóirí ar bhonn cás ar chás faoi réir na rialacha maidir le rúndacht agus coinbhleachtaí leasa.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 10
10.  Glacfaidh an bord rialaithe a rialacha nós imeachta féin.
10.  Glacfaidh an bord rialaithe a rialacha nós imeachta féin, lena n-áirítear bearta chun aon choinbhleacht leasa sa phróiseas cinnteoireachta a sheachaint.
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 11
11.  Beidh ionadaithe na gcomhaltaí faoi cheangal forálacha cód iompair. Bunófar sa chód iompair sin oibleagáidí na gcomhaltaí sin chun sláine agus cáil an chomhghnóthais lena mbaineann agus an Aontais a chosaint.
11.  Beidh ionadaithe na gcomhaltaí agus breathnadóirí faoi cheangal forálacha cód iompair. Bunófar sa chód iompair sin oibleagáidí na gcomhaltaí sin chun sláine agus cáil an chomhghnóthais lena mbaineann agus an Aontais a chosaint.
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 1
Beidh freagracht fhoriomlán ar bhord rialaithe gach comhghnóthais as treoshuíomh straitéiseach agus oibríochtaí an chomhghnóthais sin agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme a ghníomhaíochtaí.
Beidh freagracht fhoriomlán ar bhord rialaithe gach comhghnóthais as treoshuíomh straitéiseach, comhleanúnachas le spriocanna agus beartais uileghabhálacha an Aontais agus oibríochtaí an chomhghnóthais sin agus déanfaidh sé maoirseacht ar chur chun feidhme a ghníomhaíochtaí.
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 1 – fomhír 2
Déanfaidh an Coimisiún, ina ról ar an mbord rialaithe, iarracht comhordú a áirithiú idir gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas agus gníomhaíochtaí ábhartha chláir cistithe an Aontais, d’fhonn sineirgí agus comhlántachtaí a chur chun cinn nuair atá tosaíochtaí a chumhdaítear i dtaighde comhoibritheach á sainaithint.
Déanfaidh an Coimisiún, ina ról ar an mbord rialaithe, iarracht comhordú a áirithiú idir gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas agus gníomhaíochtaí ábhartha chláir cistithe an Aontais, d’fhonn sineirgí agus comhlántachtaí a chur chun cinn agus dúblálacha á seachaint ag an am céanna nuair atá tosaíochtaí a chumhdaítear i dtaighde comhoibritheach á sainaithint. Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh sainordú iomchuí, treoirlínte oibríochtúla agus sásraí éifeachtacha ag comhghnóthais chun sineirgí le topaicí taighde comhoibríocha agus na tionscadail a eascraíonn astu a stiúradh, a bhainistiú agus a chur chun feidhme.
Leasú 146
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe a
(a)  faire dlúth agus tráthúil a áirithiú ar dhul chun cinn chlár taighde agus nuálaíochta agus gníomhaíochtaí aonair an chomhghnóthais i ndáil le tosaíochtaí an Choimisiúin agus an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus Nuálaíocht agus bearta ceartaitheacha a ghlacadh nuair is gá lena áirithiú go gcomhlíonann an comhghnóthas a chuspóirí.
(a)  bearta a ghlacadh chun cur chun feidhme chuspóirí ginearálta, sonracha agus oibríochtúla an chomhghnóthais a áirithiú, measúnú a dhéanamh ar a n-éifeachtacht agus a dtionchar, faire dlúth agus tráthúil a áirithiú ar dhul chun cinn chlár taighde agus nuálaíochta agus gníomhaíochtaí aonair an chomhghnóthais i ndáil le tosaíochtaí spriocanna agus bheartais uileghabhálacha an Aontais agus an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus Nuálaíocht agus bearta ceartaitheacha a ghlacadh nuair is gá lena áirithiú go gcomhlíonann an comhghnóthas a chuspóirí.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe b
(b)  measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ar bhallraíocht i gcomhréir le hAirteagal 7;
(b)  measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ar bhallraíocht i gcomhréir le hAirteagal 7, agus an chomhairle ón gcomhlacht comhairleach eolaíoch á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19, chomh maith le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann;
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe c
(c)  measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ó chomhpháirtithe rannchuidithe féideartha i gcomhréir le hAirteagal 9;
(c)  measúnú, glacadh nó diúltú iarratas ó chomhpháirtithe rannchuidithe féideartha i gcomhréir le hAirteagal 9 agus an chomhairle ón gcomhlacht comhairleach eolaíoch á cur san áireamh i gcomhréir le hAirteagal 19, chomh maith le coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann;
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe i
(i)  an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, a dhífhostú, síneadh a chur lena théarma oifige, treoraíocht a thabhairt dó agus a fheidhmíocht a fhaire;
(i)  an stiúrthóir feidhmiúcháin a cheapadh, bunaithe ar nós imeachta oscailte trédhearcach, a dhífhostú, síneadh a chur lena théarma oifige, treoraíocht a thabhairt dó agus a fheidhmíocht a fhaire i gcomhréir le hAirteagal 17, lena n-áirítear trí thacar Príomhtháscairí Feidhmíochta a shainaithint chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht an stiúrthóra feidhmiúcháin;
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe j
(j)  an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a ghlacadh ag tús an tionscnaimh agus é a leasú i rith shaolré Fís Eorpach, i gcás inar gá. Aithneofar sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht tionchar dírithe na comhpháirtíochta, punann gníomhaíochtaí bheartaithe, torthaí, acmhainní, táirgí insoláthartha, agus garspriocanna ionchais intomhaiste a bhfuiltear ag súil leo laistigh de thréimhse shonrach. Sainaithneoidh sé freisin na comhpháirtíochtaí Eorpacha eile lena mbunóidh an comhghnóthas comhar foirmiúil agus rialta, agus féidearthachtaí do shineirgí idir gníomhaíochtaí an chomhghnóthais agus tionscnaimh agus beartais náisiúnta nó réigiúnacha bunaithe ar eolas a fhaigheann na stáit rannpháirteacha nó grúpa ionadaithe na mballstát chomh maith le sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais.
(j)  an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a ghlacadh ag tús an tionscnaimh agus é a leasú i rith shaolré Fís Eorpach, i gcás inar gá, bunaithe ar ionchur ó na comhpháirtithe uile, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach, an pobal eolaíoch, ionadaithe na mBallstát agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach i réimse an chomhghnóthais ábhartha. Aithneofar sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht tionchar dírithe na comhpháirtíochta, punann gníomhaíochtaí bheartaithe, torthaí, acmhainní, táirgí insoláthartha, agus garspriocanna ionchais intomhaiste a bhfuiltear ag súil leo laistigh de thréimhse shonrach. Sainaithneoidh sé freisin na comhpháirtíochtaí Eorpacha eile lena mbunóidh an comhghnóthas comhar foirmiúil agus rialta, agus féidearthachtaí do shineirgí idir gníomhaíochtaí an chomhghnóthais agus tionscnaimh agus beartais náisiúnta nó réigiúnacha bunaithe ar eolas a fhaigheann na stáit rannpháirteacha nó grúpa ionadaithe na mballstát chomh maith le sineirgí de réir na dtreoirlínte ón gCoimisiún, chomh maith le cláir agus beartais eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí dá bhforáiltear sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna;
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe k
(k)  clár oibre agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach mar a mholann an stiúrthóir feidhmiúcháin a ghlacadh chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí riaracháin, ábhar an ghlao ar thograí, na réimsí taighde atá faoi réir comhghlao agus comhar le comhpháirtíochtaí eile, an ráta cistithe is infheidhme in aghaidh na topaice glao, chomh maith leis na rialacha lena mbaineann maidir le nósanna imeachta cur isteach, meastóireachta, roghnaithe, bronnta agus athbhreithnithe, le haird ar leith ar an aiseolas ar riachtanais bheartais;
(k)  clár oibre agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach mar a mholann an stiúrthóir feidhmiúcháin a ghlacadh chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí riaracháin, ábhar an ghlao ar thograí, lena n-áiritheofar go láidir go gcumhdaíonn roinnt glaonna oscailte na Leibhéil Réidhe Teicneolaíochta ísle, na critéir chun rannpháirtíocht ar bhonn cothrom ó thaobh inscne agus geografaíochta a spreagadh, na réimsí taighde atá faoi réir comhghlao agus comhar le comhpháirtíochtaí eile agus sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais, an ráta cistithe is infheidhme in aghaidh na topaice glao, chomh maith leis na rialacha lena mbaineann maidir le nósanna imeachta cur isteach, meastóireachta, roghnaithe, bronnta agus athbhreithnithe, lena n-áirítear nósanna imeachta sonracha chun coinbhleachtaí leasa a shainaithint agus a sheachaint agus le haird ar leith ar an aiseolas ar riachtanais bheartais;
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe k a (nua)
(ka)  tacú le hinfheictheacht agus le hoscailteacht ghníomhaíochtaí na gcomhghnóthas agus bearta a ghlacadh chun daoine nua a mhealladh chuig gníomhaíochtaí agus gníomhartha an chomhghnóthais, go háirithe FBManna, ollscoileanna, eagraíochtaí taighde, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus grinnscrúdú éifeachtach ag an bpobal i gcoitinne agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú ag an am céanna;
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe m a (nua)
(m a)  bearta iomchuí agus ceartaitheacha a dhéanamh bunaithe ar thorthaí na meastóireachta eatramhaí a rinne an Coimisiún de réir na bhforálacha a leagtar amach in Airteagal 171 agus bunaithe ar thorthaí an iniúchta bhliantúil a rinne Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe n
(n)  measúnú a dhéanamh ar an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí, lena n-áirítear caiteachas comhfhreagrach agus an buiséad atá tiomnaithe do chomhghlao le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile;
(n)  measúnú agus formhuiniú a dhéanamh ar an tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le gníomhaíochtaí, lena n-áirítear caiteachas comhfhreagrach agus an buiséad atá tiomnaithe do chomhghlao le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile;
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe s
(s)  an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú a fhormheas;
(s)  an liosta gníomhartha a roghnaítear i gcomhair cistiú a fhormheas tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhlacht comhairleach eolaíoch, i gcás inarb iomchuí;
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe u
(u)  rialacha a ghlacadh maidir le saineolaithe náisiúnta a thabhairt ar iasacht don Chomhghnóthas agus maidir le húsáid a bhaint as oiliúnaithe;
(u)  rialacha a ghlacadh maidir le saineolaithe náisiúnta, lena n-áirítear maidir lena luach saothair, a thabhairt ar iasacht don Chomhghnóthas agus maidir le húsáid a bhaint as oiliúnaithe;
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe w
(w)  aon iarratas a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcás inarb iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú arna mholadh ag comhalta den chomhghnóthas;
(w)  aon iarratas a bhailiú agus a chur faoi bhráid an Choimisiúin, i gcás inarb iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú;
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 16 – mír 2 – pointe y
(y)  plean le haghaidh chéimniú amach an chomhghnóthais ó chistiú Fís Eorpach a ghlacadh faoi dheireadh 2022 ar mholadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin;
(y)  plean le haghaidh chéimniú amach an chomhghnóthais ó chistiú Fís Eorpach a ghlacadh tráth nach déanaí ná bliain amháin tar éis na meastóireachta eatramhaí ar Fhís Eorpach dá dtagraítear in Airteagal 52(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus tráth nach déanaí ná 2025, ar mholadh ón stiúrthóir feidhmiúcháin;
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1
1.  Ceapfaidh an bord rialaithe an stiúrthóir feidhmiúcháin ar bhonn tuillteanais agus scileanna, ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis nós imeachta roghnúcháin oscailte agus trédhearcach a urramóidh prionsabal na cothromaíochta inscne.
1.  Ceapfaidh an bord rialaithe an stiúrthóir feidhmiúcháin ar bhonn tuillteanais agus scileanna, agus taithí ábhartha, ó liosta iarrthóirí arna moladh ag an gCoimisiún, tar éis glao oscailte agus trédhearcach ar léiriú spéise agus nós imeachta roghnúcháin ina dhiaidh sin a urramóidh prionsabal an bharr feabhais, na cothromaíochta inscne agus na héagsúlachta geografaí.
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 2
2.  Molfaidh an Coimisiún liosta iarrthóirí don stiúrthóir feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí an chomhghnóthais seachas an tAontas. Chun críche an chomhairliúcháin sin, ceapfaidh na comhaltaí an chomhghnóthais seachas an tAontas de chomhthoil a n-ionadaithe chomh maith le breathnóir thar ceann an bhoird rialaithe.
2.  Molfaidh an Coimisiún liosta iarrthóirí don stiúrthóir feidhmiúcháin tar éis dul i gcomhairle le comhaltaí an chomhghnóthais seachas an tAontas. Beidh inscne éagsúil ag ar a laghad 50 % d’iarrthóirí ar liosta na n-iarrthóirí. Déanfaidh an Coimisiún a dhícheall ionadaíocht chothrom inscne a áirithiú. Chun críche an chomhairliúcháin sin, ceapfaidh na comhaltaí an chomhghnóthais seachas an tAontas de chomhthoil a n-ionadaithe chomh maith le breathnóir thar ceann an bhoird rialaithe.
Le linn dó an nós imeachta roghnúcháin a chur i gcrích, cloífidh an Coimisiún leis na caighdeáin is airde trédhearcachta, lena n-áirítear amlíne shoiléir agus an fhaisnéis ábhartha a chur ar fáil do na hiarrthóirí agus liosta na n-iarrthóirí do gach comhghnóthas agus na torthaí a chur ar fáil don phobal.
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 a (nua)
3a.  Sula gceapfar é nó í, síneoidh an stiúrthóir feidhmiúcháin roghnaithe ráiteas á dhearbhú nach ann d’aon choinbhleacht leasa chomh maith le dearbhú maidir le leasanna airgeadais, lena n-áirítear ar a laghad gach post a bhí aige nó aici le linn na tréimhse cúig bliana roimh dhul i mbun oifige leis an gcomhghnóthas chomh maith lena chomhaltas nó lena comhaltas le linn na tréimhse sin d’aon bhoird nó de choistí d’aon chuideachtaí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, comhlachais nó aon comhlachtaí eile arna mbunú leis an dlí. Cuirfear an ráiteas maidir leis an gcoinbhleacht leasa agus an dearbhú leasanna airgeadais araon ar fáil go héasca ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais.
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 4
4.  Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhaltaí seachas an tAontas, faoi mheasúnú ar fheidhmiú an stiúrthóra feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin an chomhghnóthais sa todhchaí.
4.  Ceithre bliana a mhairfidh téarma oifige an Stiúrthóra Feidhmiúcháin. Faoi dheireadh na tréimhse sin, tabharfaidh an Coimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na comhaltaí seachas an tAontas, faoi mheasúnú ar fheidhmiú an stiúrthóra feidhmiúcháin agus cúraimí agus dúshláin an chomhghnóthais sa todhchaí, lena n-áirítear trí mheastóireacht ar thacar na bPríomhtháscairí Feidhmíochta mar a leagtar amach in Airteagal 16, pointe (i).
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 – pointe c
(c)  an clár oibre agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach an chomhghnóthais a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe, chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme;
(c)  an clár oibre atá bunaithe ar ionchur ó na comhpháirtithe, lena n-áirítear an earnáil phríobháideach, an pobal eolaíoch, ionadaithe na mBallstát agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach i réimse an chomhghnóthais ábhartha agus na meastacháin ar chaiteachas comhfhreagrach an chomhghnóthais a ullmhú agus a chur faoi bhráid an bhoird rialaithe, chun an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a chur chun feidhme;
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 – pointe f a (nua)
(f a)  faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na mbeart chun daoine nua a mhealladh, go háirithe FBManna, ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 – pointe n
(n)  beartas cumarsáide an chomhghnóthais a chur chun feidhme;
(n)  beartas cumarsáide an chomhghnóthais atá fabhrach do shaoránaigh agus do FBManna a mhionsaothrú agus a chur chun feidhme;
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 – pointe q
(q)  leasanna airgeadais an Aontais a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, a chur i bhfeidhm, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraithfear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh ar bhealach mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur;
(q)  leasanna airgeadais an Aontais agus comhaltaí eile seachas an tAontas a chosaint trí bhearta coisctheacha in aghaidh na calaoise, coinbhleachtaí leasa, an éillithe agus aon ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha eile, a chur i bhfeidhm, trí bhíthin seiceálacha éifeachtacha agus, i gcás ina mbraithfear neamhrialtachtaí, trí mhéideanna a íocadh ar bhealach mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a fhorchur;
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 6 – pointe b
(b)  bainistíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme clár oibre an chomhghnóthais ar fud na sraithe chur chun feidhme;
(b)  bainistíocht a dhéanamh ar chur chun feidhme clár oibre an chomhghnóthais ar fud na sraithe chur chun feidhme agus a áirithiú go bpoibleofar an clár oibre agus aon athruithe air;
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 6 – pointe c
(c)  gach eolas ábhartha agus tacaíocht a chur ar fáil do chomhaltaí agus comhlachtaí an chomhghnóthais atá riachtanach dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh;
(c)  gach eolas ábhartha agus tacaíocht a chur ar fáil do chomhaltaí go tráthúil agus comhlachtaí an chomhghnóthais atá riachtanach dóibh chun a ndualgais a chomhlíonadh;
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Féachfaidh comhghnóthais le comhairle eolaíochta neamhspleách a fháil trí bhíthin:
1.  mura bhforáiltear a mhalairt i gCuid a Dó den Rialachán seo, féachfaidh comhghnóthais le comhairle eolaíochta neamhspleách a fháil trí chomhlacht comhairleach eolaíochta a bheidh le bunú ag an gcomhghnóthas i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i gCuid a Dó den Rialachán seo, agus faoi réir fhorálacha an Airteagail seo. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh comhghnóthais saineolas neamhspleách seachtrach ad hoc a iarraidh ar cheisteanna sonracha.
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a
(a)  comhlacht comhairleach eolaíochta, nó a chomhaltaí, atá le bunú ag an gcomhghnóthas i gcomhréir leis na forálacha ábhartha a leagtar amach i gCuid a Dó, agus faoi réir fhorálacha an Airteagail seo; agus/nó
scriosta
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b
(b)  iarrataí ad hoc ón mbord bainistíochta ar an gcomhghnóthas le haghaidh saineolais atá seachtrach maidir le ceisteanna sonracha.
scriosta
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 1 – fomhír 2
I gcásanna eisceachtúla agus a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh comhaltaí an chomhghnóthais, seachas an tAontas, cuid den fheidhm maidir le comhairle eolaíochta a dhéanamh, ar choinníoll nach bhfuil aon choinbhleacht leasa ann.
scriosta
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
2.  Beidh ionadaíocht chothrom saineolaithe i measc chomhaltaí an chomhlachta chomhairligh eolaíochta, laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais, lena n-áirítear maidir le cothromaíocht inscne. Beidh na hinniúlachtaí agus saineolas is gá ag comhaltaí an chomhlachta chomhairligh eolaíochta ag cumhdach an réimse theicniúil d’fhonn moltaí atá bunaithe ar an eolaíocht a dhéanamh don chomhghnóthas, ag cur tionchar socheacnamaíoch moltaí den sórt sin agus cuspóirí an chomhghnóthais san áireamh.
2.  Beidh ionadaíocht chothrom saineolaithe i measc chomhaltaí an chomhlachta chomhairligh eolaíochta, laistigh de raon feidhme ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais,lena n-áirítear maidir le barr feabhais, cothromaíocht inscne agus éagsúlacht gheografach. Beidh na hinniúlachtaí agus saineolas is gá ag comhaltaí an chomhlachta chomhairligh eolaíochta ag cumhdach an réimse theicniúil d’fhonn moltaí atá bunaithe ar an eolaíocht a dhéanamh don chomhghnóthas, agus na tionchair aeráide, chomhshaoil agus shocheacnamaíocha á gcur san áireamh, lena n-áirítear na tionchair ar iomaíochas agus ar cheannasacht theicneolaíoch na moltaí sin agus cuspóirí an chomhghnóthais chomh maith le tionchair an taighde arna dhéanamh ag an gcomhghnóthas ar shaincheisteanna a bhaineann le hinscne.
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 4
4.  Bunóidh an bord rialála na critéir shonracha agus an próiseas roghnúcháin le haghaidh chomhdhéanamh chomhlacht comhairleach eolaíochta an chomhghnóthais agus ceapfaidh sé a chomhaltaí. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh an bord rialála na hiarrthóirí féideartha a mholann grúpa ionadaithe na mballstát san áireamh.
4.  Bunóidh an bord rialaithe na critéir shonracha agus an próiseas roghnúcháin, bunaithe ar ghlaonna trédhearcacha agus oscailte ar léiriú spéise, le haghaidh chomhdhéanamh chomhlacht comhairleach eolaíochta an chomhghnóthais agus ceapfaidh sé a chomhaltaí ar feadh ceithre bliana ar a mhéad, agus féadfar an tréimhse sin a athnuachan aon uair amháin.
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 6
6.  Tiocfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana ar a laghad agus is é an cathaoirleach a ghairfidh na cruinnithe. Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí. Glacfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta a rialacha nós imeachta féin.
6.  Tiocfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta le chéile faoi dhó in aghaidh na bliana ar a laghad agus is é an cathaoirleach a ghairfidh na cruinnithe. Féadfaidh an cathaoirleach cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí. Glacfaidh an comhlacht comhairleach eolaíochta a rialacha nós imeachta féin, lena n-áirítear bearta chun aon choinbhleacht leasa sa phróiseas cinnteoireachta a sheachaint. Foilseofar an clár oibre, na rannpháirtithe agus miontuairiscí na gcruinnithe go tráthúil ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais.
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 7 – pointe a
(a)  comhairle a thabhairt faoi na tosaíochtaí eolaíochtaí ar a dtabharfar aghaidh sna cláir oibre, i gcomhréir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht agus le pleanáil straitéiseach i gcomhair Fís Eorpach;
(a)  comhairle a thabhairt faoi na tosaíochtaí eolaíochta ar a dtabharfar aghaidh sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht agus sna cláir oibre ghaolmhara, i gcomhréir le pleanáil straitéiseach Fís Eorpach;
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 7 – pointe d
(d)  comhairle neamhspleách agus eolaíochta a sholáthar ar shaincheisteanna sonracha arna iarraidh ag an mbord rialála, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairtí in earnálacha gaolmhara;
(d)  comhairle neamhspleách agus eolaíochta a sholáthar ar shaincheisteanna sonracha arna iarraidh ag an mbord rialaithe, go háirithe a mhéid a bhaineann le forbairtí in earnálacha gaolmhara chomh maith leis an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí an chomhghnóthais ar an gcomhshaol, ar an tsochaí agus ar an aeráid;
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 7 – pointe f a (nua)
(f a)  measúnú a dhéanamh agus comhairle a thabhairt don bhord rialaithe maidir le hiarratais ó chomhaltaí comhlachaithe ionchasacha agus ó chomhpháirtithe rannpháirteacha;
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 8
8.  Tar éis gach cruinnithe de chuid an chomhlachta chomhairligh eolaíochta, cuirfidh an cathaoirleach tuarascáil ina n-achoimrítear tuairimí an comhlachta agus a chomhaltaí faoin ábhar a pléadh i gcaitheamh an chruinnithe faoi bhráid an bhoird rialála.
8.  Tar éis gach cruinnithe de chuid an chomhlachta chomhairligh eolaíochta, cuirfidh an cathaoirleach tuarascáil ina n-achoimrítear tuairimí an comhlachta agus a chomhaltaí faoin ábhar a pléadh i gcaitheamh an chruinnithe faoi bhráid an bhoird rialaithe. A mhéid is féidir, cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais.
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 9 a (nua)
9a.  Cuirfidh an bord rialaithe an comhlacht comhairleach eolaíochta ar an eolas gan aon mhoill mhíchuí maidir leis an obair leantach a rinneadh ar a mholtaí nó ar a thograí nó tabharfaidh sé na cúiseanna nach ndearnadh obair leantach orthu, agus cuirfidh sé ar fáil go poiblí iad.
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 5
5.  Féadfaidh cathaoirleach ghrúpa ionadaithe na mballstát cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, go háirithe ionadaithe ó na húdaráis chónaidhme nó réigiúnacha ábhartha laistigh den Aontas, ionadaithe ó chomhlachais FBManna agus ionadaithe ó chomhlachtaí eile den Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha.
5.  Féadfaidh cathaoirleach ghrúpa ionadaithe na mballstát cuireadh a thabhairt do dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, go háirithe ionadaithe ó na húdaráis chónaidhme nó réigiúnacha ábhartha laistigh den Aontas, ionadaithe ó chomhlachais FBManna agus tionscail, ionadaithe ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ionadaithe ó chomhlachtaí eile an chomhghnóthais.
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 6
6.  Déanfar clár oibre chruinnithe Ghrúpaí Ionadaithe na mBallstát a scaipeadh luath go leor rompu d’fhonn ionadaíocht iomchuí ó gach ballstát agus gach tír chomhlachaithe a áirithiú. Déanfar an clár oibre a scaipeadh ar an mbord rialála freisin chun críocha faisnéise.
6.  Déanfar clár oibre chruinnithe Ghrúpaí Ionadaithe na mBallstát a scaipeadh luath go leor rompu d’fhonn ionadaíocht iomchuí ó gach ballstát agus gach tír chomhlachaithe a áirithiú. Déanfar an clár oibre a scaipeadh go tráthúil ar an mbord rialaithe freisin chun críoch faisnéise.
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 7 – pointe b
(b)  treoshuíomh straitéiseach a nuashonrú i gcomhréir le pleanáil straitéiseach Fís Eorpach agus le hionstraimí cistithe eile an Aontais agus na mballstát;
(b)  treoshuíomh straitéiseach a nuashonrú i gcomhréir le pleanáil straitéiseach Fís Eorpach, le beartais agus spriocanna uileghabhálacha an Aontais agus le hionstraimí cistithe eile an Aontais agus na mballstát;
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 7 – pointe e
(e)  rannpháirtíocht FMBanna.
(e)  rannpháirtíocht FMBanna agus gnólachtaí nuathionscanta, a gcomhlachais ghnó, ollscoileanna agus eagraíochtaí taighde, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus bearta a dhéantar chun rannpháirtíocht daoine nua a chur chun cinn.
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 7 – pointe e a (nua)
(ea)  an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíochtaí an chomhghnóthais ar an gcomhshaol, ar an aeráid agus ar a mbreisluach sochaíoch.
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 8 – pointe a
(a)  stádas cláir ábhartha taighde agus nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnacha agus sainaithint réimsí féideartha comhair, lena n-áirítear gníomhaíochtaí nithiúla a glacadh nó a bheartaítear le haghaidh chur in úsáid na dteicneolaíochtaí agus na réiteach nuálach ábhartha;
(a)  stádas cláir ábhartha taighde agus nuálaíochta náisiúnta nó réigiúnacha agus sainaithint réimsí féideartha comhair, lena n-áirítear gníomhaíochtaí nithiúla a glacadh nó a bheartaítear, amhail glaonna comhordaithe idir comhghnóthais agus a gcláir T&N agus infheistíochta, le haghaidh forbartha chomh maith le cur in úsáid agus glacadh margaidh agus sochaíoch na dteicneolaíochtaí agus na réiteach nuálach ábhartha;
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 9
9.  Cuirfidh grúpa ionadaithe na mballstát, ag deireadh gach bliana féilire, tuarascáil isteach ina ndéantar tuairisc ar na beartais náisiúnta nó réigiúnacha i raon feidhme an chomhghnóthais agus ina sainaithnítear bealaí sonracha comhair leis na gníomhaíochtaí atá cistithe ag an gcomhghnóthas.
9.  Cuirfidh grúpa ionadaithe na mballstát, ag deireadh gach bliana féilire, tuarascáil isteach ina ndéantar tuairisc ar na beartais náisiúnta nó réigiúnacha i raon feidhme an chomhghnóthais agus ina sainaithnítear bealaí sonracha comhair leis na gníomhaíochtaí atá cistithe ag an gcomhghnóthas. Cuirfear an tuarascáil ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais.
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 13 a (nua)
13a.  Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige, urramóidh grúpa ionadaithe na mballstát na rialacha maidir le rúndacht agus coinbhleachtaí leasa mar a leagtar amach in Airteagal 31 agus 40.
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2
2.  Ba cheart don ghrúpa páirtithe leasmhara a bheith oscailte do gach páirtí leasmhar poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear grúpaí eagraithe, grúpaí atá gníomhach i réimse an chomhghnóthais agus leasghrúpaí idirnáisiúnta ó na ballstáit, ó thíortha gaolmhara agus ó thíortha eile.
2.  Ba cheart don ghrúpa páirtithe leasmhara a bheith oscailte do gach páirtí leasmhar poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear grúpaí eagraithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, grúpaí atá gníomhach i réimse an chomhghnóthais agus leasghrúpaí idirnáisiúnta ó na ballstáit, ó thíortha gaolmhara agus ó thíortha eile.
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2 a (nua)
2a.  Bunóidh an bord rialaithe na critéir shonracha agus an próiseas roghnúcháin chun an grúpa páirtithe leasmhara a chomhdhéanamh agus díreoidh sé ar chomhaltas atá cothrom ó thaobh, inscne de, atá éagsúil ó thaobh geografaíochta de agus a dhéanann ionadaíocht ar éagsúlacht earnálacha agus cúlraí. I gcás inarb ábhartha, cuirfidh an bord rialaithe na hiarrthóirí ionchasacha arna moladh ag grúpa ionadaithe na mballstáit san áireamh. Áiritheofar go ndéanfar an grúpa páirtithe leasmhara a oscailt go leanúnach do chomhaltaí nua agus ba cheart measúnú a dhéanamh air sa mheastóireacht eatramhach agus aghaidh a thabhairt air más gá.
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3
3.  Cuirfear an grúpa páirtithe leasmhara ar an eolas go tráthrialta faoi ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais agus tabharfar cuireadh dó barúlacha a thabhairt maidir le tionscnaimh bheartaithe an chomhghnóthais.
3.  Cuirfear an grúpa páirtithe leasmhara ar an eolas go tráthrialta faoi ghníomhaíochtaí an chomhghnóthais agus tabharfar cuireadh dó barúlacha a thabhairt maidir le tionscnaimh bheartaithe an chomhghnóthais, arna iarraidh sin nó ar a thionscnamh féin.
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 4
4.  Tionólfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cruinnithe an ghrúpa páirtithe leasmhara.
4.  Tionólfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin cruinnithe an ghrúpa páirtithe leasmhara uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad.
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 5
5.  Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin comhairle a chur ar an mbord rialála dul i gcomhairle leis an ngrúpa páirtithe leasmhara maidir le ceisteanna sonracha. I gcás ina dtarlaíonn comhairliúchán den sórt sin, cuirfear tuarascáil faoi bhráid an bhoird rialála tar éis an phlé ábhartha sa ghrúpa páirtithe leasmhara.
5.  Féadfaidh an stiúrthóir feidhmiúcháin comhairle a chur ar an mbord rialaithe dul i gcomhairle leis an ngrúpa páirtithe leasmhara maidir le ceisteanna sonracha. I gcás ina dtarlaíonn comhairliúchán den sórt sin, cuirfear tuarascáil faoi bhráid an bhoird rialaithe tar éis an phlé ábhartha sa ghrúpa páirtithe leasmhara agus cuirfear ar fáil go poiblí í ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais ábhartha.
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 5 a (nua)
5a.  Agus a chuid cúraimí á gcomhlíonadh aige, urramóidh an grúpa páirtithe leasmhara na rialacha maidir le rúndacht agus coinbhleachtaí leasa mar a leagtar amach in Airteagal 31 agus 40.
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 1 a (nua)
1a.  I gcomhréir le hAirteagal 17(2) den Rialachán maidir le Fís Eorpach agus de mhaolú ar Airteagal 34 den Rialachán sin, féadfaidh na comhghnóthais rátaí difriúla aisíocaíochtaí a chur i bhfeidhm do chistiú ón Aontas laistigh de ghníomhaíocht ag brath ar an gcineál rannpháirtí, agus ar an gcineál gníomhaíochta. Luafar na rátaí aisíocaíochta sa chlár oibre.
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 2
2.  Glacfar an clár oibre faoi dheireadh na bliana roimh a chur chun feidhme. Foilseofar an clár oibre ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais, agus, d’fhonn tacú le comhordú le straitéis fhoriomlán Fís Eorpach, roinnfear é leis na coistí braislí ábhartha chun críocha faisnéise.
2.  Glacfar an clár oibre faoi dheireadh na bliana roimh a chur chun feidhme. Foilseofar an clár oibre ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais, ar shuíomh gréasáin Fís Eorpach agus i ríomhbhunachar coiteann, agus, d’fhonn tacú le comhordú le straitéis fhoriomlán Fís Eorpach, roinnfear é le foirmíocht ábhartha an choiste chláir chun críocha faisnéise.
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 5
5.  Cuirfear an buiséad bliantúil in oiriúint d’fhonn cuntas a ghlacadh ar mhéid ranníocaíocht airgeadais an Aontais mar a leagtar amach i mbuiséad an Aontais.
5.  Cuirfear an buiséad bliantúil in oiriúint d’fhonn cuntas a ghlacadh ar mhéid na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas mar a leagtar amach i mbuiséad an Aontais agus méideanna na ranníocaíochtaí airgeadais agus comhchineáil ó chomhaltaí seachas an tAontas.
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1
1.  Soláthróidh an stiúrthóir feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le feidhmíocht a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais don bhord rialála.
1.  Soláthróidh an stiúrthóir feidhmiúcháin tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite maidir le feidhmíocht a ghníomhaíochtaí nó a gníomhaíochtaí i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais don bhord rialaithe. Cuirfear an tuarascáil chomhdhlúite bhliantúil maidir le gníomhaíochtaí ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin an chomhghnóthais ar bhealach tráthúil.
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 – pointe b
(b)  na tograí a cuireadh isteach, lena n-áirítear scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus de réir tíre;
(b)  na tograí a cuireadh isteach, lena n-áirítear scagadh de réir catagóir rannpháirtí, lena n-áirítear FBManna, agus de réir tíre, lena léirítear céatadán na ndaoine nua;
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 – pointe e
(e)  an comhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear glaonna comhpháirteacha, agus sineirgí idir bearta an chomhghnóthais agus tionscnaimh nó beartais náisiúnta nó réigiúnacha.
(e)  an comhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear glaonna comhpháirteacha, agus sineirgí idir bearta an chomhghnóthais agus cláir eile Aontais mar aon le tionscnaimh nó beartais náisiúnta nó réigiúnacha.
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea)  an dul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dtorthaí, na dtáirgí insoláthartha agus na ngarspriocanna a bhfuiltear ag dréim leo agus atá intomhaiste, laistigh de thréimhse shainithe mar a leagtar amach sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht agus i gclár oibre an chomhghnóthais;
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 – pointe e b (nua)
(eb)  méideanna na ranníocaíochtaí airgeadais ó chomhaltaí eile seachas an tAontas agus méideanna na ranníocaíochta airgeadais ón Aontas a soláthraíodh go hiarbhír;
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 – pointe e c (nua)
(ec)  rannchuidiú an chomhghnóthais le gníomhaíochtaí an Chláir Oibre Eorpaigh do Scileanna, go háirithe iad siúd atá dírithe ar scileanna a fhorbairt chun tacú leis an aistriú glas agus digiteach agus líon na gcéimithe in ábhair ETIM a mhéadú, i réimsí oibre faoi seach an chomhghnóthais;
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 – pointe e d (nua)
(ed)  aon ghníomhaíocht a bhaineann le príomhshruthú inscne, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí sin arb é is aidhm dóibh an bhearna idir na hinscní i réimse an taighde agus na nuálaíochta a dhúnadh.
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2
2.  Aontóidh na comhaltaí seachas an tAontas faoin mbealach a ndéanfar a ranníocaíocht chomhchoiteann a roinnt eatarthu i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais.
2.  Aontóidh na comhaltaí seachas an tAontas faoin mbealach a ndéanfar a ranníocaíocht chomhchoiteann a roinnt eatarthu.
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 2 a (nua)
2a.  Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh maidir le conas a ranníocaíocht chomhchoiteann le comhghnóthas a roinnt, gníomhóidh na comhaltaí seachas an tAontas i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais, gan aon choinníoll trom a fhorchur ar FBManna, ar FBManna iad a dtabharfar tacaíocht freisin dá rannpháirtíocht sa chomhghnóthas trí choinníollacha fabhracha a chuirfidh a méid mar aon lena gcumhacht mhargála atá níos teoranta ar fud an tslabhra luacha, i gcomparáid le gníomhaithe móra, san áireamh.
Leasú 207
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6
6.  Má mhainníonn aon chomhalta den Chomhghnóthas seachas an tAontas a ghealltanas a bhaineann lena ranníocaíocht, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin é ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn agus leagfaidh sé amach tréimhse réasúnach inar cheart an mhainneachtain a chur ina ceart. I gcás ina bhfuil an comhalta lena mbaineann seachas an tAontas fós ar mainneachtain, tráth a éagfaidh an tréimhse sin, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Coimisiún ar an eolas i bhfianaise bearta féideartha agus dícháileofar an comhalta lena mbaineann chun vóta a chaitheamh ar an mbord rialála i gcomhréir le hAirteagal 11(9).
6.  Má mhainníonn aon chomhalta den chomhghnóthas seachas an tAontas a ghealltanas a bhaineann lena ranníocaíocht, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin é ar an eolas faoin méid sin i scríbhinn agus leagfaidh sé amach tréimhse réasúnach inar cheart an mhainneachtain a chur ina ceart. I gcás ina bhfuil an comhalta lena mbaineann seachas an tAontas fós ar mainneachtain, tráth a éagfaidh an tréimhse sin, cuirfidh an stiúrthóir feidhmiúcháin an Coimisiún agus na Stáit rannpháirteacha ar an eolas i bhfianaise bearta féideartha agus dícháileofar an comhalta lena mbaineann chun vóta a chaitheamh ar an mbord rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 11(9).
Leasú 208
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 4
4.  D’ainneoin mhíreanna 1 go 3, beidh forálacha sna comhaontuithe, sna cinntí agus sna conarthaí a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don chomhghnóthas faoi seach, don Chúirt Iniúchóirí, do OIPE agus do OLAF na hiniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach.
4.  D’ainneoin mhíreanna 1 go 3, beidh forálacha sna comhaontuithe, sna cinntí agus sna conarthaí a eascróidh as an Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar an chumhacht go sainráite don Choimisiún, don chomhghnóthas ábhartha, don Chúirt Iniúchóirí, do OIPE agus do OLAF na hiniúchtaí, seiceálacha ar an láthair agus cigireachtaí sin a dhéanamh i gcomhréir lena gcuid inniúlachtaí faoi seach gan ualach riaracháin an chomhghnóthais a mhéadú.
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
Déanfar iniúchóireachtaí ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir le [hAirteagal 48] den Rialachán maidir le Fís Eorpach mar chuid de na gníomhaíochtaí indíreacha in Fís Eorpach, go háirithe ag teacht leis an straitéis iniúchóireachta dá dtagraítear in [Airteagal 48(2)] den Rialachán sin.
Déanfar iniúchóireachtaí ar ghníomhaíochtaí i gcomhréir le [hAirteagal 48] den Rialachán maidir le Fís Eorpach mar chuid de na gníomhaíochtaí indíreacha in Fís Eorpach, go háirithe ag teacht leis an straitéis iniúchóireachta dá dtagraítear in [Airteagal 48(2)] den Rialachán sin gan ualach riaracháin an chomhghnóthais a mhéadú.
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 30 – mír 1
1.  Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna maidir leis an gcomhghnóthas leo sin a fheidhmítear maidir leis an gCoimisiún.
1.  Feidhmeoidh iniúchóir inmheánach an Choimisiúin na cumhachtaí céanna maidir leis na comhghnóthais leo sin a fheidhmítear maidir leis an gCoimisiún agus déanfaidh sé bearta chun ualach riaracháin na gcomhghnóthas a laghdú.
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 1
1.  Tabharfaidh an comhghnóthas rochtain d’institiúidí an Aontais agus do chomhlachtaí, oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann leis na gníomhaíochtaí indíreacha a chistíonn sé. Áireofar san fhaisnéis sin torthaí na dtairbhithe a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha an chomhghnóthais nó aon fhaisnéis eile a mheastar is gá chun beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas. Tá cearta rochtana den sórt sin teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch agus comhlíonfaidh siad na rialacha rúndachta is infheidhme.
1.  Tabharfaidh an comhghnóthas rochtain d’institiúidí an Aontais agus do chomhlachtaí, oifigí agus do ghníomhaireachtaí an Aontais ar an bhfaisnéis go léir a bhaineann leis na gníomhaíochtaí indíreacha a chistíonn sé. Áireofar san fhaisnéis sin torthaí na dtairbhithe a bheidh rannpháirteach i ngníomhaíochtaí indíreacha an chomhghnóthais nó aon fhaisnéis eile a mheastar is gá chun beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas. Tá cearta rochtana den sórt sin teoranta d’úsáid neamhthráchtála agus neamhiomaíoch, beidh siad faoi réir caighdeáin slándála TF agus faisnéise leormhaithe, beidh siad i gcomhréir le prionsabail an riachtanais agus na comhréireachta agus comhlíonfaidh siad rialacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus na rialacha rúndachta is infheidhme.
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 34 – mír 2
2.  Chun críocha beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas, soláthróidh an comhghnóthas an fhaisnéis a áirítear i dtograí a chuirtear isteach don Choimisiún.
2.  Chun críocha beartais nó cláir an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme, a fhaire agus a mheas, soláthróidh an comhghnóthas an fhaisnéis a áirítear i dtograí a chuirtear isteach don Choimisiún. Áireofar sonraí ábhartha uile a bhaineann le tionscadail a thíolacfaidh an comhghnóthas i mbunachar sonraí aonair de Fís Eorpach.
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 35 – mír 2
2.  Socrófar na hacmhainní foirne i bplean bunaíochta foirne gach comhghnóthais lena gcuirfear in iúl líon na bpost sealadach de réir feidhmghrúpa agus gráid agus líon na mball foirne ar conradh arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha, i gcomhréir lena bhuiséad bliantúil.
2.  Socrófar na hacmhainní foirne i bplean bunaíochta foirne gach comhghnóthais agus léireoidh siad go leormhaith líon na bpost agus na ngrád is gá chun na caighdeáin earcaíochta is airde sa réimse a áirithiú, lena gcuirfear in iúl líon na bpost sealadach de réir feidhmghrúpa agus gráid agus líon na mball foirne ar conradh arna sloinneadh in aonaid de choibhéis lánaimseartha, i gcomhréir lena bhuiséad bliantúil agus prionsabal na cothromaíochta inscne á chur san áireamh.
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 1
1.  Seachnóidh an comhghnóthas, a chomhlachtaí agus a fhoireann aon choinbhleacht leasa i gcur chun feidhme a ngníomhaíochtaí.
1.  Seachnóidh an comhghnóthas, a chomhlachtaí agus a chomhaltaí mar aon lena fhoireann aon choinbhleacht leasa sa phróiseas cinnteoireachta a bhaineann le gníomhaíochtaí an chomhghnóthais mar aon maidir lena gcur chun feidhme.
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 2
2.  Glacfaidh an bord rialála rialacha lena ndéanfar cosc, seachaint agus bainistiú ar choinbhleachtaí leasa i ndáil le foireann, comhaltaí agus daoine eile a fhreastalaíonn ar an mbord rialála agus comhlachtaí nó grúpaí eile an chomhghnóthais, i gcomhréir le rialacha airgeadais an chomhghnóthais agus leis na Rialacháin Foirne i leith foirne.
2.  Glacfaidh an bord rialaithe rialacha lena ndéanfar cosc, seachaint agus bainistiú ar choinbhleachtaí leasa i ndáil le foireann, comhaltaí agus daoine eile a fhreastalaíonn ar an mbord rialaithe agus comhlachtaí nó grúpaí eile an chomhghnóthais, i gcomhréir leis an Rialachán seo, le rialacha airgeadais an chomhghnóthais agus leis na Rialacháin Foirne i leith foirne.
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 40 – mír 2 a (nua)
2a.  Déanfaidh comhaltaí den chomhlacht comhairleach eolaíochta agus na stiúrthóirí feidhmiúcháin dearbhú ar a ngníomhaíochtaí gairmiúla iomlána, ar leasanna airgeadais agus ar choinbhleachtaí leasa a chur ar fáil go poiblí agus a choinneáil cothrom le dáta. Beidh faisnéis iontu freisin faoina gcomhaltas bord agus coistí éagsúla chomh maith le faisnéis maidir le haon sealúchais phoiblí a bhféadfadh impleachtaí beartais phoiblí a bheith ag baint leo nó i gcás ina dtugann an sealúchas sin tionchar suntasach don duine ar ghnóthaí na cuideachta nó na comhpháirtíochta. Beidh cúlra gairmiúil ag na stiúrthóirí feidhmiúcháin lena gcruthófar go bhfuil taithí acu in earnáil oibríochtúil ábhartha an chomhghnóthais ábhartha.
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 43 – mír 4
4.  Le linn an nóis imeachta um fhoirceannadh, féadfar sócmhainní an chomhghnóthais a úsáid chun a dhliteanais agus an caiteachas a bhaineann lena fhoirceannadh a chumhdach. Leithdháilfear aon bharrachas i measc chomhaltaí an chomhghnóthais tráth an fhoirceannta i gcomhréir lena ranníocaíocht airgeadais leis an gcomhghnóthas. Aisíocfar aon bharrachas den chineál sin a leithdháiltear leis an Aontas le buiséad ginearálta an Aontais.
4.  Le linn an nóis imeachta um fhoirceannadh, féadfar sócmhainní an chomhghnóthais a úsáid chun a dhliteanais agus an caiteachas a bhaineann lena fhoirceannadh a chumhdach. Leithdháilfear aon bharrachas i measc chomhaltaí an chomhghnóthais tráth an fhoirceannta i gcomhréir lena ranníocaíocht airgeadais leis an gcomhghnóthas. Aon bharrachas den chineál sin a roinnfear ar an Aontas, cuirfear ar ais é i mbuiséad Fís Eorpach.
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – pointe a
(a)  dlús a chur le próiseas nuálaíochta agus forbairt réiteach nuálach bithbhunaithe;
(a)  dlús a chur le próiseas taighde agus nuálaíochta agus forbairt réiteach nuálach bithbhunaithe inbhuanaithe;
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – pointe b
(b)  dlús a chur le cur in úsáid margaidh na réiteach aibí agus nuálach bithbhunaithe atá ann cheana;
(b)  dlús a chur le cur in úsáid margaidh na réiteach inbhuanaithe aibí agus nuálach bithbhunaithe atá ann cheana;
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 1 – pointe c
(c)  ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil maidir le córais thionsclaíocha bhithbhunaithe a áirithiú.
(c)  ardleibhéal feidhmíochta comhshaoil maidir le córais thionsclaíocha inbhuanaithe bhithbhunaithe a áirithiú.
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe a
(a)  déine gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta trasearnálacha a mhéadú d’fhonn tairbhiú den dul chun cinn a rinneadh sna heolaíochtaí saoil agus i ndisciplíní eolaíochta eile chun réitigh inbhuanaithe bhithbhunaithe a fhorbairt agus a léiriú;
(a)  déine gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta trasearnálacha a mhéadú d’fhonn tairbhiú den dul chun cinn a rinneadh sna heolaíochtaí saoil agus i ndisciplíní eolaíochta eile chun réitigh bhithbhunaithe eacnamaíoch, inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus inbhuanaithe go sóisialta a fhorbairt agus a léiriú;
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe b
(b)  inniúlacht taighde agus nuálaíochta na bpáirtithe leasmhara ar fud an Aontais a mhéadú agus a chomhtháthú chun na féidearthachtaí a bhaineann leis an mbithgheilleagar áitiúil a shaothrú;
(b)  inniúlacht taighde agus nuálaíochta na bpáirtithe leasmhara ar fud an Aontais a mhéadú agus a chomhtháthú chun an fhéidearthacht a bhaineann leis an mbithgheilleagar áitiúil a shaothrú i gcomhréir le spriocanna aeráide, comhshaoil agus bithéagsúlachta an Aontais;
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe c
(c)  an inniúlacht taighde agus nuálaíochta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhshaoil agus forbairt nuálaíochtaí bithbhunaithe atá níos inbhuanaithe a mhéadú;
(c)  an inniúlacht taighde agus nuálaíochta chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil agus forbairt nuálaíochtaí bithbhunaithe inbhuanaithe a mhéadú;
Leasú 224
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe c a (nua)
(c a)  rannchuidiú le réitigh a shainaithint a bhaineann úsáid as teicneolaíochtaí agus cuir chuige i leith astaíochtaí diúltacha a mhaolú agus as ceapadh carbóin i gcórais nádúrtha, agus a bhfuil tairbhí comhshaoil eile ag baint leo;
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe d
(d)  comhtháthú na bpróiseas taighde agus nuálaíochta bithbhunaithe i slabhraí luacha tionsclaíocha san Aontas a athneartú;
(d)  comhtháthú na bpróiseas taighde agus nuálaíochta bithbhunaithe i slabhraí luacha tionsclaíocha san Aontas a athneartú, agus leibhéil inbhuanaitheachta agus ciorclaíochta níos airde á gcur chur chun ag an am céanna freisin;
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe e
(e)  an riosca a ghabhann le hinfheistíocht taighde agus nuálaíochta i gcuideachtaí agus tionscadail bhithbhunaithe a laghdú;
(e)  an riosca a ghabhann le hinfheistíocht taighde agus nuálaíochta i gcuideachtaí agus tionscadail bhithbhunaithe inbhuanaithe a laghdú;
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 44 – mír 2 – pointe f
(f)  a áirithiú go gcuirtear breithnithe comhshaoil san áireamh i bhforbairt agus cur chun feidhme táirgí taighde agus nuálaíochta bithbhunaithe.
(f)  a áirithiú go gcuirtear breithnithe comhshaoil agus maolú na dtionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ann san áireamh i bhforbairt agus cur chun feidhme tionscadal taighde agus nuálaíochta bithbhunaithe chun rannchuidiú le spriocanna fuinnimh agus aeráide an Aontais.
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1 – pointe c
(c)  tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta ildisciplíneacha ardtionchair a chuireann leis an nuálaíocht thionsclaíoch i dtionscal bithbhunaithe chun cuspóirí an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe a sheachadadh;
(c)  tacú le tionscadail taighde agus nuálaíochta ildisciplíneacha ardtionchair a chuireann leis an nuálaíocht thionsclaíoch agus le hinbhuanaitheacht i dtionscal bithbhunaithe chun cuspóirí an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe a sheachadadh i gcomhréir le spriocanna aeráide agus fuinnimh an Aontais;
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1 – pointe d
(d)  gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe chomh maith leis an slabhra nuálaíochta foriomlán ó Leibhéil ísle go Leibhéil arda Réidhe Teicneolaíochta a threisiú;
(d)  gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe chomh maith leis an slabhra nuálaíochta foriomlán ó Leibhéil ísle go Leibhéil arda Réidhe Teicneolaíochta a threisiú; agus a dtiochair shóisialta agus aeráide dhiúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a mhaolú;
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1 – pointe e
(e)  gníomhaithe taighde agus nuálaíochta ó cheantair thuaithe, chósta agus uirbeacha agus ó réigiúin ina bhfuil acmhainneacht le haghaidh forbairt tionscail bhithbhunaithe nár saothraíodh fós a shlógadh agus a chomhtháthú chun comhar a dhéanamh le gníomhaíochtaí tionscadail;
(e)  gníomhaithe taighde agus nuálaíochta ó cheantair thuaithe, chósta agus uirbeacha agus ó réigiúin ag leibhéil gheografacha éagsula ina bhfuil acmhainneacht le haghaidh forbairt tionscail bhithbhunaithe inbhuanaithe nár saothraíodh fós a shlógadh agus a chomhtháthú chun comhar a dhéanamh le gníomhaíochtaí tionscadail;
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1 – pointe g
(g)  cumarsáid agus comhar a chur chun cinn idir gníomhaithe taighde agus nuálaíochta agus páirtithe leasmhara tionsclaíocha faoin gComhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe chun feasacht a ardú faoi fhaisnéis maidir le heolas agus teicneolaíocht atá ag athrú go tapa, comhar trasearnála a éascú agus glacadh margaidh na réiteach nuálaíochta bithbhunaithe a éascú;
(g)  cumarsáid agus comhar a chur chun cinn idir gníomhaithe taighde agus nuálaíochta agus páirtithe leasmhara tionsclaíocha lena n-áiritear FBManna, eagraíochtaí beaga ón earnáil phríomhúil agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta faoin gComhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe chun feasacht a ardú faoi fhaisnéis maidir le heolas agus teicneolaíocht atá ag athrú go tapa, comhar trasearnála a éascú agus glacadh margaidh na réiteach inbhuanaithe nuálaíochta bithbhunaithe a éascú;
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1 – pointe h
(h)  údaráis náisiúnta agus réigiúnacha atá in ann coinníollacha níos fabhraí a chruthú le haghaidh ghlacadh margaidh na nuálaíochtaí bithbhunaithe a shlógadh;
(h)  údaráis náisiúnta agus réigiúnacha atá in ann coinníollacha níos fabhraí a chruthú le haghaidh ghlacadh margaidh na nuálaíochtaí bithbhunaithe inbhuanaithe a shlógadh;
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 45 – mír 1 – pointe j
(j)  réitigh nuálacha bhithbhunaithe a chur chun cinn i measc déantóirí beartais, an tionscail, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus tomhaltóirí trí chéile agus na páirtithe sin a chur ar an eolas fúthu.
(j)  a fhionnachtana agus a thorthaí a fhoilsiú ar bhealach trédhearcach agus inrochtana, lena n-áirítear ar a thionchair shóisialta agus chomhshaoil laistigh den Aontas agus tríú tíortha agus réitigh bhithbhunaithe nuálacha inbhuanaithe a chur in iúl agus a chur chun cinn.
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 46 – mír 1 – pointe b
(b)  Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe, eagraíocht neamhbhrabúsach a bunaíodh faoi dhlí na Beilge, a bhfuil a oifig bhuan bunaithe sa Bhruiséil, an Bheilg, ar fhógra a thabhairt maidir lena chinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe trí bhíthin litir ghealltanais;
(b)  Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe, eagraíocht neamhbhrabúsach a bunaíodh faoi dhlí na Beilge, a bhfuil a oifig bhuan bunaithe sa Bhruiséil, an Bheilg, ar fhógra a thabhairt maidir lena chinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe trí bhíthin litir ghealltanais, gan dochar do chearta na gcomhaltaí, go háirithe FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile de chuid an Aontais;
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  D’ainneoin chumhacht an Bhoird Rialála cinneadh a dhéanamh maidir leis an bplean gníomhaíochtaí breise de bhun Airteagal 16(2)(l) agus laistigh de raon feidhme Airteagail 2(9) agus Airteagail 2(10), déanfaidh Cuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe nó a chomheintitis nó a eintitis chleamhnaithe togra le haghaidh na ngníomhaíochtaí breise gach bliain. Is éard atá i gceist leis na gníomhaíochtaí breise gníomhaíochtaí atá nasctha go díreach le tionscadail agus gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe:
1.  D’ainneoin chumhacht an Bhoird Rialaithe cinneadh a dhéanamh maidir leis an bplean gníomhaíochtaí breise de bhun Airteagal 16(2)(l) agus laistigh de raon feidhme Airteagal 2(9) agus Airteagal 2(10), déanfaidh comhaltaí seachas an tAontas togra le haghaidh na ngníomhaíochtaí breise gach bliain. Is éard atá i gceist leis na gníomhaíochtaí breise gníomhaíochtaí atá nasctha go díreach le tionscadail agus gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe, lena n-áirítear an méid seo a leanas go háirithe:
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1 – pointe b
(b)  infheistíochtaí i ngléasra nua táirgeachta nó suaitheanta nuálach agus inbhuanaithe;
(b)  infheistíochtaí i ngléasra nua táirgeachta nó suaitheanta nuálach agus inbhuanaithe, lena n-áirítear gléasra taispeána píolótach agus nuálach;
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 49 – mír 1 – pointe e
(e)  gníomhaíochtaí cumarsáide, scaipthe agus chun feasacht a ardú.
(e)  gníomhaíochtaí cumarsáide, scaipthe agus chun feasacht a ardú i measc FBManna agus an phobail i gcoitinne.
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 2
2.  Toghfaidh an Bord Rialála a chathaoirleach ar feadh tréimhse 2 bhliain.
2.  Toghfaidh an Bord Rialaithe a chathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse 2 bhliain.
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 4
4.  Anuas ar na cruinnithe dá dtagraítear i mír 2, reáchtálfaidh an Bord Rialála cruinniú straitéiseach uair amháin na bliana ar a laghad agus is é a bheidh mar phríomhchuspóir leis an gcruinniú sin dúshláin agus deiseanna le haghaidh tionscal bithbhunaithe a aithint agus treoshuíomh straitéiseach breise a sholáthar don Chomhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe.
4.  Anuas ar na cruinnithe dá dtagraítear i mír 3, reáchtálfaidh an Bord Rialaithe cruinniú straitéiseach uair amháin sa bhliain ar a laghad agus is é a bheidh mar phríomhchuspóir leis an gcruinniú sin dúshláin agus deiseanna le haghaidh tionscal bithbhunaithe inbhuanaithe a aithint agus treoshuíomh straitéiseach breise a sholáthar don Chomhghnóthas um Eoraip Chiorclach Bhithbhunaithe go háirithe maidir le hacmhainneacht iomlán na ngníomhaithe ar fud na hEorpa a shaothrú.
Leasú 240
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 52 – mír 5
5.  Tabharfar cuireadh do phríomhfheidhmeannaigh nó oifigigh ag a bhfuil cumhacht chinnteoireachta na gcuideachtaí bithbhunaithe Eorpacha is mó agus an Choimisiúin chun freastal ar an gcruinniú sin. Féadfar cuireadh a thabhairt do chathaoirligh Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát, an Choiste Eolaíochta agus na nGrúpaí Imscartha chun freastal ar an gcruinniú mar bhreathnóirí.
5.  Tabharfar cuireadh do phríomhfheidhmeannaigh nó oifigigh sa bhreis ag a bhfuil cumhacht chinnteoireachta na gcuideachtaí bithbhunaithe Eorpacha is mó, don Choimisiúin agus, i gcás inarb iomchuí, do shaineolaithe seachtracha neamhspleácha agus do gheallsealbhóirí ábhartha eile, lena n-áirítear ón tsochaí shibhialta agus ón bpobal taighde chun freastal ar an gcruinniú straitéiseach. Beidh cathaoirligh Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát, an Choiste Eolaíochta agus na nGrúpaí Imscartha ina mbreathnóirí buana.
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 53 – mír 3
3.  Toghfar cathaoirleach an Choiste Eolaíochta ar feadh 2 bhliain.
3.  Toghfar cathaoirleach an Choiste Eolaíochta as measc a chomhaltaí ar feadh 2 bhliain.
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 53 – mír 4
4.  Bunóidh an Coiste Eolaíochta tascfhórsa ar a bhfuil comhaltaí leis na próifílí iomchuí chun cuidiú le béim leordhóthanach a chur ar gach gné inbhuanaithe den chlár oibre. Aon uair is féidir, áireofar le comhairle an Choiste Eolaíochta maidir leis an gclár oibre gnéithe a bhaineann le ciorclaíocht, inbhuanaitheacht chomhshaoil, caomhnú agus feabhsú bithéagsúlachta, chomh maith le gnéithe níos leithne a bhaineann le hinbhuanaitheacht na gcóras bithbhunaithe agus na slabhraí luacha gaolmhara.
4.  Bunóidh an Coiste Eolaíochta tascfhórsa ar a bhfuil comhaltaí leis na próifílí iomchuí chun cuidiú le béim leordhóthanach a chur ar gach gné inbhuanaithe den chlár oibre. Áireofar le comhairle an Choiste Eolaíochta maidir leis an gclár oibre gnéithe a bhaineann le hinfhaighteacht theoranta acmhainní nádúrtha, ciorclaíocht, inbhuanaitheacht chomhshaoil, caomhnú agus feabhsú bithéagsúlachta, talamh, ithir, cáilíocht uisce chomh maith le gnéithe níos leithne a bhaineann le tionchar sóisialta agus aeráide chomh maith le hinbhuanaitheacht na gcóras bithbhunaithe agus na slabhraí luacha gaolmhara.
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 54 – mír 1
1.  Bunófar Grúpa Imscartha amháin nó níos mó ná Grúpa Imscartha amháin de bhun Airteagal 21. Is é ról na nGrúpaí Imscartha comhairle a chur ar an mBord Rialála maidir le saincheisteanna atá criticiúil do ghlacadh margaidh nuálaíochta bithbhunaithe agus chun cur in úsáid réiteach bithbhunaithe inbhuanaithe a chur chun cinn.
1.  Bunófar Grúpa Imscartha amháin nó níos mó ná Grúpa Imscartha amháin de bhun Airteagal 21. Is é ról na nGrúpaí Imscartha comhairle a chur ar an mBord Rialaithe maidir le saincheisteanna atá criticiúil do ghlacadh margaidh nuálaíochta bithbhunaithe inbhuanaithe agus chun cur in úsáid réiteach bithbhunaithe inbhuanaithe a chur chun cinn.
Leasú 244
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 54 – mír 2
2.  Áireofar béim théamach agus ionadaíochas páirtithe leasmhara nuálaíochta bithbhunaithe le comhdhéanamh na nGrúpaí Imscartha. Féadfaidh aon pháirtí leasmhar, seachas comhaltaí Chuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe, a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, suim a léiriú chun bheith ina gcomhaltaí de Ghrúpa Imscartha. Leagfaidh an Bord Rialála amach fad agus comhdhéanamh beartaithe na nGrúpaí Imscartha, fad na sainorduithe agus féidearthacht athnuachana na gcomhaltaí, agus roghnóidh sé comhaltaí na ngrúpaí sin. Cuirfear an liosta comhaltaí ar fáil go poiblí.
2.  Áireofar béim théamach agus ionadaíochas páirtithe leasmhara nuálaíochta bithbhunaithe le comhdhéanamh na nGrúpaí Imscartha. Féadfaidh aon pháirtí leasmhar, seachas comhaltaí Chuibhreannas na dTionscal Bithbhunaithe, a gcomheintitis nó a n-eintitis chleamhnaithe, suim a léiriú chun bheith ina gcomhaltaí de Ghrúpa Imscartha lena n-áiritheofar ionadaíocht FBManna agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta. Beidh sé mar aidhm le comhdhéanamh na nGrúpaí Imscartha an líon is mó ionadaíocht a dhéanamh ar pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear an earnáil phríomhúil (talmhaíocht, dobharshaothrú, iascaigh agus foraoiseacht) mar aon le soláthraithe dramhaíola, fuíoll agus taobhshruthanna, údaráis réigiúnacha agus infheisteoirí chun clistí sa mhargadh agus próisis bhithbhunaithe neamh-inbhuanaithe a chosc. Leagfaidh an Bord Rialaithe amach méid agus comhdhéanamh beartaithe na nGrúpaí Imscartha, fad na sainorduithe agus féidearthacht athnuachana na gcomhaltaí, agus roghnóidh sé comhaltaí na ngrúpaí sin i gcomhréir le hAirteagal 21 den Rialachán seo. Cuirfear an liosta comhaltaí ar fáil go poiblí.
Leasú 245
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 54 – mír 3
3.  Tiocfaidh na Grúpaí Imscartha le chéile uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad i gcruinniú fisiciúil nó fíorúil. Ag an gcéad chruinniú, glacfaidh na Grúpaí Imscartha a rialacha nós imeachta. Faomhfaidh an Bord Rialála na rialacha nós imeachta sin. Gairfear cruinnithe urghnácha de chuid na nGrúpaí Imscartha ar iarraidh ón mBord Rialála. Féadfaidh an Bord Rialála rannpháirtíocht daoine breise sna cruinnithe urghnácha a iarraidh. Cuirfear liosta de na daoine a d’fhreastail ar na cruinnithe urghnácha sin ar fáil go poiblí.
3.  Tiocfaidh na Grúpaí Imscartha le chéile uair amháin in aghaidh na bliana ar a laghad i gcruinniú fisiciúil nó fíorúil. Ag an gcéad chruinniú, glacfaidh na Grúpaí Imscartha a rialacha nós imeachta. Faomhfaidh an Bord Rialaithe na rialacha nós imeachta sin. Gairfear cruinnithe urghnácha de chuid na nGrúpaí Imscartha ar iarraidh ón mBord Rialaithe. Féadfaidh an Bord Rialaithe rannpháirtíocht daoine breise sna cruinnithe urghnácha a iarraidh. Cuirfear clár oibre, miontuairiscí agus liosta de na daoine a d’fhreastail ar na cruinnithe urghnácha sin ar fáil go poiblí.
Leasú 246
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 54 – mír 5
5.  Soláthróidh na Grúpaí Imscartha moltaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur in úsáid na nuálaíochta bithbhunaithe ar iarraidh ón mBord Rialála. Féadfaidh na Grúpaí Imscartha moltaí a eisiúint don Bhord Rialála tráth ar bith ar a dtionscnamh féin freisin.
5.  Soláthróidh na Grúpaí Imscartha moltaí maidir le saincheisteanna a bhaineann le cur in úsáid na nuálaíochta bithbhunaithe inbhuanaithe ar iarraidh ón mBord Rialaithe. Féadfaidh na Grúpaí Imscartha moltaí a eisiúint don Bhord Rialaithe tráth ar bith ar a dtionscnamh féin freisin.
Leasú 247
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 1 – pointe a
(a)  rannchuidiú le lorg éiceolaíochta na heitlíochta a laghdú trí dhlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí eitlíochta atá neodrach ó thaobh aeráide de lena gcur in úsáid a luaithe is féidir, agus dá bhrí sin déanfar rannchuidiú nach beag le baint amach spriocanna ginearálta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip47, go háirithe maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais a laghdú de réir sprioc laghdaithe 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990 agus conair i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050.
(a)  rannchuidiú le lorg éiceolaíochta na heitlíochta a laghdú trí dhlús a chur le forbairt teicneolaíochtaí eitlíochta atá neodrach ó thaobh aeráide de lena gcur in úsáid a luaithe is féidir, agus dá bhrí sin déanfar rannchuidiú nach beag le baint amach spriocanna ginearálta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip47, go háirithe maidir le glanastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fud an Aontais a laghdú de réir sprioc laghdaithe 55 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le leibhéil 1990 agus conair i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí.
__________________
__________________
47 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2019)0640.
47 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2019)0640.
Leasú 248
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 1 – pointe b
(b)  a áirithiú go gcuireann na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le haerloingseoireacht le hiomaíochas inbhuanaithe thionscal eitlíochta an Aontais, agus a áirithiú go gcomhlíonann teicneolaíochtaí eitlíochta aeráidneodracha na ceanglais sábháilteachta eitlíochta ábhartha48, agus go bhfanann sé mar mhodh iompair paisinéirí agus lasta atá slán, iontaofa, costéifeachtach agus éifeachtúil;
(b)  a áirithiú go gcuireann na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta a bhaineann le haerloingseoireacht le hiomaíochas inbhuanaithe thionscal eitlíochta an Aontais, agus a áirithiú go gcomhlíonann teicneolaíochtaí eitlíochta aeráidneodracha na ceanglais sábháilteachta eitlíochta ábhartha48, agus go bhfanann sé mar mhodh iompair paisinéirí agus lasta atá iomaíoch, slán, iontaofa, inbhuanaithe, inacmhainne, costéifeachtach agus éifeachtúil;
__________________
__________________
48 Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa.
48 Rialachán (AE) 2018/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2018 maidir le rialacha comhchoiteanna i réimse na heitlíochta sibhialta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa.
Leasú 249
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 2 – pointe a
(a)  nuálaíochtaí teicneolaíochta aerárthaigh suaiteacha a chomhtháthú agus a léiriú atá in ann glanastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 30 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le teicneolaíocht úrscothach in 2020 agus ar chonair i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach san eitlíocht faoi 2050;
(a)  nuálaíochtaí teicneolaíochta aerárthaigh suaiteacha a chomhtháthú agus a léiriú atá in ann glanastaíochtaí gás ceaptha teasa, lena n-áirítear tionchair neamh-CO2, a laghdú 30 % ar a laghad faoi 2030, i gcomparáid le teicneolaíocht úrscothach in 2020 agus ar chonair i dtreo aeráidneodracht a bhaint amach san eitlíocht faoi 2050;
Leasú 250
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 2 – pointe b
(b)  a áirithiú gur féidir le hullmhacht theicneolaíoch agus ullmhacht fhéideartha thionsclaíoch nuálaíochtaí tacú le seoladh táirgí agus seirbhísí nua suaiteacha faoi 2035, agus mar aidhm leis sin flít nua a chur in ionad 75 % den fhlít ar seirbhís faoi 2050, agus córas eitlíochta Eorpach atá nuálach, iontaofa, sábháilte agus costéifeachtach a fhorbairt atá in ann cuspóir na haeráidneodrachta faoin mbliain 2050 a chomhlíonadh;
(b)  a áirithiú gur féidir le hullmhacht theicneolaíoch agus ullmhacht fhéideartha thionsclaíoch nuálaíochtaí tacú le seoladh táirgí agus seirbhísí nua suaiteacha faoi 2035, agus mar aidhm leis sin flít nua a chur in ionad 75 % den fhlít ar seirbhís faoi 2050, agus córas eitlíochta Eorpach atá nuálach, iontaofa, sábháilte agus costéifeachtach a fhorbairt atá in ann cuspóir na haeráidneodrachta faoin mbliain 2050 a chomhlíonadh ar a dhéanaí;
Leasú 251
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 2 – pointe c
(c)  comhtháthú slabhraí luacha taighde agus nuálaíochtaí maidir le heitlíocht aeráidneodrach a leathnú agus a chothú, lena n-áirítear lucht léinn, eagraíochtaí taighde, tionscal, agus FBManna, a bhaineann tairbhe as sineirgí a shaothrú le cláir ábhartha náisiúnta agus Eorpacha eile freisin.
(c)  comhtháthú slabhraí luacha taighde agus nuálaíochtaí maidir le heitlíocht aeráidneodrach a leathnú agus a chothú, lena n-áirítear lucht léinn, eagraíochtaí taighde, tionscal, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta agus comhpháirtithe sóisialta, a bhaineann tairbhe as sineirgí a shaothrú le cláir ábhartha náisiúnta agus Eorpacha eile freisin agus trí thacú le glacadh scileanna a bhaineann le tionscal ar fud an tslabhra luacha;
Leasú 252
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 55 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  poist ardcháilíochta a chur chun cinn in earnáil na heitlíochta chomh maith le fás a athbhunú agus a chruthú, i bhfianaise a thábhachtaí atá sé do théarnamh eacnamaíoch agus sóisialta an Aontais agus dá spriocanna aeráide agus comhshaoil a bhaint amach.
Leasú 253
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 1 – pointe a
(a)  an fhaisnéis uile is gá le haghaidh ullmhú agus cur isteach tograí don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin ábhartha;
(a)  an fhaisnéis uile is gá le haghaidh ullmhú agus cur isteach tograí don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan a fhoilsiú ar shuíomhanna gréasáin ábhartha ar bhealach trédhearcach agus soláimhsithe;
Leasú 254
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 1 – pointe b
(b)  faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn teicneolaíoch i dtreo na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 55 a bhaint amach agus rochtain fhoriomlán ar shonraí agus faisnéis a éascú le haghaidh faireachán neamhspleách ar thaighde agus nuálaíocht eitlíochta a dhéantar faoi mhaoirsiú díreach an Choimisiúin;
(b)  faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn teicneolaíoch i dtreo na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagal 55 a bhaint amach agus rochtain fhoriomlán ar shonraí agus faisnéis a éascú le haghaidh faireachán neamhspleách ar thaighde agus nuálaíocht eitlíochta a dhéantar;
Leasú 255
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 1 – pointe c
(c)  cúnamh a thabhairt don Choimisiún, ar iarraidh uaidh, maidir le bunú agus forbairt chomhordú na rialachán agus na gcaighdeán a thacaíonn le glacadh margaidh na réiteach eitlíochta glaine, go háirithe trí thabhairt faoi staidéir, ionsamhlúcháin agus comhairle theicniúil a chur ar fáil, fad a áirítear an gá le deireadh a chur le bacainní ó thaobh iontráil isteach sa mhargadh.
(c)  cúnamh agus aiseolas a thabhairt don Choimisiún, ar iarraidh uaidh, maidir le bunú agus forbairt chomhordú na rialachán agus na gcaighdeán a thacaíonn le glacadh margaidh réiteach eitlíochta glaine, go háirithe trí thabhairt faoi staidéir, ionsamhlúcháin agus comhairle theicniúil a chur ar fáil, fad a áirítear an gá le deireadh a chur le bacainní ó thaobh iontráil isteach sa mhargadh.
Leasú 256
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 1 – pointe c a (nua)
(c a)  sásraí a bhunú chun comhordú agus ailíniú idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan agus cur chun feidhme na bpleananna téarnaimh náisiúnta a fhorbairt;
Leasú 257
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 56 – mír 1 – pointe c b (nua)
(c b)  an comhordú leis na cláir náisiúnta taighde agus nuálaíochta a chur chun cinn, lena gcumasófar treochlár comhoibritheach réamhtheachtach agus cur chun feidhme comhpháirteach roinnt gníomhaíochtaí chun an éifeacht ghiarála de shioncronú cláir taighde a uasmhéadú.
Leasú 258
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 57 – mír 1 – pointe b
(b)  na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn I, ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan trí bhíthin litir ghealltanais;
(b)  na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn I, nuair a bheidh fógra tugtha faoina gcinneadh aontú don Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan trí bhíthin litreach gealltanais, a mbeidh a gcomhaltas bunaithe ar chothromaíocht chóir idir cistiú arna fháil ón Aontas agus an ranníocaíocht chomhchineáil arna gealladh, agus gan dochar do chearta comhaltaí eile, go háirithe FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile an Aontais;
Leasú 259
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 1 – pointe a
(a)  gníomhaíochtaí a chumhdaítear faoi ghníomhaíochtaí indíreacha an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan ach nach gcistítear faoi ghníomhaíochtaí indíreacha den sórt sin;
(a)  gníomhaíochtaí a chumhdaíonn an chuid uile den Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlain nach bhfuil maoinithe ag an Aontas agus a rannchuidíonn le clár oibre an Chomhghnóthais a bhaint amach;
Leasú 260
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 60 – mír 1 – pointe d
(d)  tionscadail taighde agus nuálaíochta phríobháideacha a chomhlánaíonn tionscadal ar an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht;
(d)  tionscadail taighde agus nuálaíochta phríobháideacha a chomhlánaíonn tionscadal ar an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht chomh maith le gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le glacadh scileanna tionscal-shonracha ar fud an tslabhra luacha;
Leasú 261
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 61 – mír 1 – pointe d
(d)  an Comhlacht Comhairliúcháin um Eitlíocht Ghlan na hEorpa;
(d)  an Comhlacht Comhairleach Eolaíochta um Eitlíocht Ghlan na hEorpa;
Leasú 262
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 62 – mír 1 – pointe b
(b)  naonúr ionadaithe ó chomhaltaí seachas an tAontas a roghnaigh na comhaltaí bunaidh uathu féin agus ó chomhaltaí comhlachaithe ag áirithiú ionadaíocht chothrom an tslabhra luacha aerloingseoireachta amhail suimeálaithe aerárthaí, monaróirí inneall agus monaróirí trealamh. Bunóidh an bord rialála sásra uainíochta ina rialacha nós imeachta le haghaidh leithdháileadh shuíocháin na gcomhaltaí seachas an tAontas. Áiritheofar ionadaí amháin ar FBManna Eorpacha, ionadaí amháin ar eagraíochtaí taighde agus ionadaí amháin ar na hinstitiúidí acadúla ar a laghad sna hionadaithe roghnaithe.
(b)  dáréag ionadaithe ó chomhaltaí seachas an tAontas a roghnaigh na comhaltaí bunaidh uathu féin agus ó chomhaltaí comhlachaithe ag áirithiú ionadaíocht chothrom an tslabhra luacha aerloingseoireachta amhail monaróirí aerárthaí, monaróirí inneall agus monaróirí trealamh. Bunóidh an bord rialaithe sásra uainíochta ina rialacha nós imeachta le haghaidh leithdháileadh shuíocháin na gcomhaltaí seachas an tAontas lena gcuirfear cothromaíocht inscne san áireamh. Áiritheofar ar a laghad beirt ionadaithe ar FBManna Eorpacha, ionadaí amháin ar chomhaltaí comhlachais, ionadaí amháin ar eagraíochtaí taighde agus ionadaí amháin ar na hinstitiúidí acadúla sna hionadaithe roghnaithe.
Leasú 263
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 64 – mír 1 – pointe b
(b)  glacadh margaidh na dteicneolaíochtaí agus na réiteach a chuidíonn le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach a chur chun cinn agus a áirithiú go mbaintear cuspóirí sonracha an Chomhghnóthais in Airteagal 55 amach;
(b)  glacadh margaidh na dteicneolaíochtaí agus na réiteach a rannhuidíonn le cuspóirí sonracha an Chomhghnóthais in Airteagal 55 a bhaint amach i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais;
Leasú 264
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 64 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Déanfaidh an Bord Rialála cinneadh i ndáil le cur chun feidhme an chláir agus maidir le cuspóirí an Chomhghnóthais um Eitlíochta Ghlan a sheachadadh, lena n-áirítear na míreanna a leanas:
2.  Déanfaidh an Bord Rialaithe measúnú agus cinneadh i ndáil le cur chun feidhme an chláir agus maidir le cuspóirí an Chomhghnóthais um Eitlíochta Ghlan a sheachadadh, lena n-áirítear na míreanna a leanas:
Leasú 265
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 64 – mír 2 – pointe a
(a)  an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht agus a leasuithe féideartha agus an clár oibre, lena n-áirítear maidir le glaonna ar thograí;
(a)  an Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht agus a leasuithe féideartha agus an clár oibre, lena n-áirítear maidir le glaonna ar thograí, tar éis dul i gcomhairle leis an gComhlacht Comhairleach Eolaíochta um Eitlíocht Ghlan;
Leasú 266
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 64 – mír 2 – pointe b
(b)  pleanáil straitéiseach ilbhliantúil na nglaonna um Eitlíocht Ghlan agus a n-ailíniú le cuspóirí Fís Eorpach agus na cláir oibre ghaolmhara agus na tosaíochtaí teicniúla agus gníomhaíochtaí taighde, lena n-áirítear na glaonna oscailte ar thograí;
(b)  pleanáil straitéiseach ilbhliantúil na nglaonna um Eitlíocht Ghlan agus a n-ailíniú le tosaíochtaí agus cuspóirí uileghabhálacha an Aontais chomh maith le cuspóirí Fís Eorpach agus na cláir oibre ghaolmhara agus na tosaíochtaí teicniúla agus gníomhaíochtaí taighde, lena n-áirítear na glaonna oscailte ar thograí;
Leasú 267
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 1 – pointe a
(a)  líon iomchuí ionadaithe ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí Aontais, mar a chinneann ionadaithe an Aontais ar an mBord Rialála;
(a)  beirt ionadaithe ón gCoimisiún agus ó chomhlachtaí Aontais, mar a chinneann ionadaithe an Aontais ar an mBord Rialaithe;
Leasú 268
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 1 – pointe c
(c)  beirt ionadaithe sinsearacha ón gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan mar a tharmligean an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;
(c)  beirt ionadaithe sinsearacha ón gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan mar bhreathnóirí, arna dtarmligean an Stiúrthóir Feidhmiúcháin;
Leasú 269
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 5
5.  Forbróidh an Coiste Teicniúil treochlár agus straitéis theicneolaíoch an chláir agus coinneoidh sé ar bun iad. Molfaidh sé agus ullmhóidh sé, de réir mar is iomchuí, raon feidhme agus clárú na ngníomhaíochtaí taighde, an straitéis theicneolaíoch agus treochlár taighde foriomlán an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan lena nglacadh ag an mBord Rialála. Féadfar comhalta de chuid an Bhoird Rialála a tharmligean chun na gníomhaíochtaí sin a leanúint.
5.  Tabharfaidh an Coiste Teicniúil treochlár agus straitéis theicneolaíoch an chláir cothrom le dáta agus forbróidh sé iad i gcomhréir le dul chun cinn teicneolaíoch. Molfaidh sé agus ullmhóidh sé, de réir mar is iomchuí, raon feidhme agus clárú na ngníomhaíochtaí taighde, an straitéis theicneolaíoch agus treochlár taighde foriomlán an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan lena nglacadh ag an mBord Rialaithe. Féadfar comhalta de chuid an Bhoird Rialaithe a tharmligean chun na gníomhaíochtaí sin a leanúint.
Leasú 270
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 6 – pointe a
(a)  tograí a ullmhú i gcomhair leasuithe ar an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht mar is gá leo le haghaidh breithniú agus cinneadh críochnaitheach an Bhoird Rialála;
(a)  bunaithe ar idirphlé fairsing na bpáirtithe leasmhara, tograí a ullmhú i gcomhair leasuithe ar an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht mar is gá leo le haghaidh breithniú agus cinneadh críochnaitheach an Bhoird Rialaithe;
Leasú 271
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 6 – pointe b
(b)  tograí a ullmhú le haghaidh tosaíochtaí teicniúla agus gníomhaíochtaí taighde atá le cur san áireamh sa chlár oibre, lena n-áirítear na hábhair taighde i gcomhair glaonna oscailte ar thograí;
(b)  bunaithe ar idirphlé fairsing na bpáirtithe leasmhara, tograí a ullmhú le haghaidh tosaíochtaí teicniúla agus gníomhaíochtaí taighde atá le cur san áireamh sa chlár oibre, lena n-áirítear na hábhair taighde i gcomhair glaonna oscailte ar thograí;
Leasú 272
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 65 – mír 6 – pointe d
(d)  togra d’athbhreithniú nó optamú raon feidhme an chláir d’fhonn ailíniú le clár oibre agus cuspóirí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan agus le Fís Eorpach ar an iomlán agus le cláir oibre ghaolmhara eile de chuid comhpháirtíochtaí Eorpacha le haghaidh breithniú agus cinneadh críochnaitheach an Bhoird Rialála;
(d)  togra d’athbhreithniú nó optamú an Chláir Oibre Straitéisigh um Thaighde agus Nuálaíocht agus raon feidhme theicniúil an chláir d’fhonn ailíniú an chláir oibre le cuspóirí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan a choinneáil, le cuspóirí foriomlána Fís Eorpach agus le cláir oibre ghaolmhara eile de chuid comhpháirtíochtaí Eorpacha le haghaidh breithniú agus cinneadh críochnaitheach an Bhoird Rialaithe, ar bhonn na n-athbhreithnithe feidhmíochta neamhspleácha agus na hanailíse a rinneadh ar thionchar féideartha an chláir;
Leasú 273
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 66 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 18, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan na cúraimí seo a leanas freisin:
Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 18, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan na cúraimí seo a leanas freisin, faoi threoir agus faoi stiúir an Bhoird Rialaithe:
Leasú 274
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 66 – mír 1 – pointe d
(d)  comhordú an Choimisiúin a éascú i gcomhréir le comhairle an Choiste Theicniúil idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ábhartha laistigh de Fís Eorpach d’fhonn forluí a sheachaint agus sineirgí a chur chun cinn;
(d)  beidh sé freagrach, i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún agus i gcomhréir le comhairle an Choiste Theicniúil, as an gcomhordú idir gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan agus na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta ábhartha laistigh de Fís Eorpach, d’fhonn iad a stiúradh agus a chur chun feidhme chun forluí a sheachaint agus chun sineirgí a chur chun cinn, agus chun sásraí oibríochtúla iomchuí a shainiú d’fhonn ábhair taighde comhoibríocha agus na tionscadail a eascraíonn as an gClár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a nascadh;
Leasú 275
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 66 – mír 1 – pointe g
(g)  a áirithiú go n-éascaíonn an Comhghnóthas rochtain fhoriomlán ar shonraí agus faisnéis le haghaidh faireachán neamhspleách ar thaighde agus nuálaíocht eitlíochta a dhéantar faoi mhaoirsiú díreach an Choimisiúin agus aon ghníomhaíocht ábhartha is gá a ghlacadh chun neamhspleáchas an phróisis sin ón gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan féin a áirithiú, amhail trí bhíthin soláthar poiblí, meastóireachtaí neamhspleácha, athbhreithnithe nó anailís ad hoc. Cuirfear tuarascáil faireacháin agus measúnaithe an chláir faoi bhráid an Bhoird Rialála uair amháin in aghaidh na bliana;
(g)  a áirithiú go n-éascaíonn an Comhghnóthas rochtain fhoriomlán ar shonraí agus faisnéis le haghaidh faireachán neamhspleách ar thaighde agus nuálaíocht eitlíochta a dhéantar agus aon ghníomhaíocht ábhartha is gá a ghlacadh chun neamhspleáchas an phróisis sin ón gComhghnóthas um Eitlíocht Ghlan féin a áirithiú, amhail trí bhíthin soláthar poiblí, meastóireachtaí neamhspleácha, athbhreithnithe nó anailís ad hoc, gan ualach riaracháin an Chomhghnóthais a mhéadú. Cuirfear tuarascáil faireacháin agus measúnaithe an chláir faoi bhráid an Bhoird Rialaithe uair amháin in aghaidh na bliana;
Leasú 276
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – teideal
An Comhlacht Comhairliúcháin um Eitlíocht Ghlan na hEorpa
An Comhlacht Comhairleach Eolaíochta um Eitlíocht Ghlan na hEorpa
Leasú 277
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 1
1.  Is comhlacht comhairleach eolaíochta an Chomhghnóthais um Eitlíocht Ghlan a bhunófar i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 19(1), a bheidh sa Chomhlacht Comhairliúcháin um Eitlíocht Ghlan na hEorpa.
1.  Cuirfear ar bun an Comhlacht Comhairleach Eolaíochta um Eitlíocht Ghlan na hEorpa i gcomhréir le hAirteagal 19.
Leasú 278
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 2
2.  Ní bheidh níos mó ná 15 chomhalta bhuana ar an gComhlacht Comhairliúcháin um Eitlíocht Ghlan na hEorpa.
2.  Ní bheidh níos mó ná 15 chomhalta bhuana ar an gComhlacht Comhairleach Eolaíochta um Eitlíocht Ghlan na hEorpa nach comhaltaí iad d’aon chomhlacht eile den Chomhghnóthas um Eitlíocht Ghlan.
Leasú 279
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 3
3.  Toghfar cathaoirleach Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa ar feadh 2 bhliain.
3.  Toghfar cathaoirleach an Chomhlachta Chomhairligh Eolaíochta um Eitlíocht Ghlan na hEorpa as measc a chomhaltaí buana ar feadh 2 bhliain.
Leasú 280
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 4
4.  Beidh ionadaí ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA) ina chomhalta buan de Chomhlacht Comhairleach Eitlíochta na hEorpa.
4.  Beidh ionadaí ó Ghníomhaireacht Sábháilteachta Eitlíochta na hEorpa (EASA) ina chomhalta buan de Chomhlacht Comhairleach Eolaíochta um Eitlíocht Ghlan na hEorpa.
Leasú 281
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 68 – mír 4 a (nua)
4a.  Beidh ar a laghad saineolaí eolaíoch amháin ann le cúlra in eolaíocht chomhshaoil agus aeráide i gcomhthéacs na heitlíochta.
Leasú 282
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 1 – pointe a
(a)  cur leis na cuspóirí a leagtar amach sa phlean um Sprioc Aeráide 203051, agus sa Chomhaontú Glas don Eoraip52, ag méadú uaillmhian an Aontais Eorpaigh maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % i gcomparáid le leibhéil 1990 faoin mbliain 2030, agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050;
(a)  cur leis na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean um Sprioc Aeráide 203051, sa Chomhaontú Glas don Eoraip52 agus sa Dlí Aeráide Eorpach, trí uaillmhian an Aontais a mhéadú i dtaobh coigiltis éifeachtúla fuinnimh agus leathnú athnuaiteán mar aon i dtaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi bhun leibhéil 1990 faoin mbliain 2030, agus aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;
__________________
__________________
51 COM(2020)0562.
51 COM(2020)0562.
52 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Comhairle na hEorpa, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2019)0640.
52 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún, COM(2019)0640.
Leasú 283
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 1 – pointe b
(b)  rannchuidiú le Straitéis Hidrigine 2020 le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach de chuid an Choimisiúin a chur chun feidhme53;
(b)  rannchuidiú le Straitéis Hidrigine 2020 de chuid an Choimisiúin le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach53, le Straitéis AE maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh agus le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2021 maidir le Straitéis Eorpach i ndáil le Hidrigin a chur chun feidhme;
__________________
__________________
53 COM(2020)0301. Straitéis hidrigine le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach.
53 COM(2020)0301. Straitéis hidrigine le go mbeadh an Eoraip aeráidneodrach.
Leasú 284
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 1 – pointe c
(c)  iomaíochas slabhra luacha hidrigine glaine an Aontais a neartú, d’fhonn tacú, go háirithe leis na FBManna rannpháirteacha, le dlús a chur le hiontráil réiteach glan nuálach ar an margadh;
(c)  ceannaireacht an Aontais agus iomaíochas slabhra luacha hidrigine glaine an Aontais a fhorbairt agus a neartú, d’fhonn tacú, go háirithe leis na FBManna agus na gnólachtaí nuathionscanta lena mbaineann, le dlús a chur le taighde, forbairt agus iontráil réiteach glan nuálach agus éifeachtúlachta fuinnimh ar an margadh;
Leasú 285
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 1 – pointe d
(d)  feidhmeanna táirgthe, dáilte, stórála agus úsáide deiridh hidrigine glaine a spreagadh.
(d)  feidhmeanna táirgthe, dáilte, iompair, stórála agus úsáide deiridh hidrigine glaine a spreagadh.
Leasú 286
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da)  dlús a chur le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta chun hidrigin bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite a tháirgeadh;
Leasú 287
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 2 – pointe a
(a)  éifeachtúlacht costais, iontaofacht, cainníocht agus cáilíocht na réiteach hidrigine glaine, lena n-áirítear táirge, dáileadh, stóráil agus úsáidí deiridh a fhorbraítear san Aontas amhail leictrealaitheoirí hidrigine atá níos éifeachtúla agus níos saoire agus feidhmeanna iompair agus tionsclaíocha níos saoire, a feabhsú trí thaighde agus nuálaíocht;
(a)  feabhas a chur, trí thaighde agus nuálaíocht, ar éifeachtúlacht costais, inacmhainneacht, iontaofacht, cainníocht agus cáilíocht na réiteach hidrigine glaine, lena n-áirítear táirgeadh, dáileadh, iompar, stóráil agus úsáidí deiridh a fhorbraítear san Aontas amhail leictrealoirí hidrigine níos éifeachtúla agus níos saoire, laghdú ar chaillteanais fuinnimh agus tiontaithe, feidhmeanna iompair eitlíochta, mhuirí agus tromshaothair agus tionsclaíocha níos saoire, agus teicneolaíochtaí nuálacha agus hidrigine glaine chomh maith le sábháilteacht agus infhaighteacht táirgthe, iompair agus stórála hidrigine;
Leasú 288
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 2 – pointe b
(b)  eolas agus inniúlacht na ngníomhaithe eolaíochta agus tionsclaíocha ar feadh shlabhra luacha hidrigine an Aontais a neartú;
(b)  eolas agus inniúlacht na ngníomhaithe eolaíochta agus tionsclaíocha ar feadh shlabhra luacha hidrigine an Aontais a neartú agus tacú le glacadh scileanna a bhaineann le tionscal ag an am céanna;
Leasú 289
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 2 – pointe c
(c)  léirithe a dhéanamh ar réitigh hidrigine glaine d’fhonn iad a chur in úsáid go háitiúil, go réigiúnach agus ar fud an Aontais, ag dul i ngleic le táirgeadh, leithdháileadh, stóráil agus úsáid le haghaidh tionscal iompair agus na tionscail sin atá dian ó thaobh fuinnimh de, chomh maith le feidhmeanna eile;
(c)  léirithe a dhéanamh ar réitigh hidrigine glaine d’fhonn iad a chur in úsáid go háitiúil, go réigiúnach agus ar fud an Aontais, ag dul i ngleic le táirgeadh, leithdháileadh, iompar, stóráil agus teicneolaíochtaí i leith astaíochtaí diúltacha a mhaolú agus úsáid le haghaidh earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo amhail iompar muirí, eitlíochta, agus tromshaothair agus na tionscail sin atá dian ó thaobh fuinnimh de, chomh maith le feidhmeanna eile;
Leasú 290
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  infheistíochtaí nuálacha sna hearnálacha úsáide deiridh a mhéadú, agus béim ar leith a leagan ar an earnáil iompair, chun tacú le réitigh agus teicneolaíochtaí ceannródaíocha;
Leasú 291
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 71 – mír 2 – pointe d
(d)  feasacht agus glacadh poiblí agus príobháideach le réitigh hidrigine glaine a mhéadú, go háirithe trí chomhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile faoi Fís Eorpach.
(d)  feasacht agus glacadh poiblí agus príobháideach le réitigh agus bonneagar hidrigine glaine a mhéadú, go háirithe trí chomhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile faoi Fís Eorpach chomh maith le tionscnaimh amhail an Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan agus d’fhonn rannchuidiú le feabhas a chur ar chaighdeáin sábháilteachta agus theicniúla AE lena bhfeabhsaítear sábháilteacht agus láimhseáil shábháilte na bhfeidhmchlár agus na dteicneolaíochtaí gaolmhara.
Leasú 292
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 1 – pointe a
(a)  measúnú agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn teicneolaíoch agus ar bhacainní teicneolaíocha, eacnamaíocha agus sochaíocha ar iontráil sa mhargadh;
(a)  measúnú agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn teicneolaíoch, ar an dul chun cinn a bhaineann le bonneagar is gá freisin agus ar bhacainní teicneolaíocha, eacnamaíocha, rialála, sochaíocha agus éiceolaíocha ar iontráil sa mhargadh mar aon leis an tionchar ar an gcomhshaol;
Leasú 293
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 1 – pointe b
(b)  d’ainneoin shainchumas beartais an Choimisiúin, faoi threoraíocht agus maoirseacht bheartais an Choimisiúin, cur le forbairt na rialachán agus na gcaighdeán d’fhonn deireadh a chur le bacainní ar iontráil sa mhargadh agus chun tacú le hinmhalartacht, idir-inoibritheacht agus, agus trádáil ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus dhomhanda;
(b)  d’ainneoin shainchumais bheartais an Choimisiúin, faoi threoraíocht agus maoirseacht bheartais an Choimisiúin, cur le forbairt na rialachán agus na gcaighdeán d’fhonn deireadh a chur le bacainní ar iontráil sa mhargadh, go háirithe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta, chun na tionchair chomhshaoil, aeráide agus shóisialta a íoslaghdú, lena n-áirítear i dtríú tíortha, agus chun tacú le trédhearcacht, inmhalartacht, idir-inoibritheacht, agus trádáil ar fud an mhargaidh inmheánaigh agus dhomhanda;
Leasú 294
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 72 – mír 1 – pointe c
(c)  tacú leis an gCoimisiún ina dtionscnaimh idirnáisiúnta maidir leis an straitéis hidrigine, amhail an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta maidir leis an nGeilleagar Hidrigine (IPHE), Nuálaíocht Misin agus an Tionscnamh Hidrigine de chuid na hAireachta Fuinnimh Ghlain.
(c)  d’ainneoin shainchumais bheartais an Choimisiúin, faoi threoraíocht agus maoirseacht bheartais an Choimisiúin, tacú leis an gCoimisiún agus saineolas teicniúil a chur ar fáil dó, lena n-áirítear i rith cruinnithe, ina dtionscnaimh idirnáisiúnta maidir leis an straitéis hidrigine, amhail an Chomhpháirtíocht Idirnáisiúnta maidir leis an nGeilleagar Hidrigine (IPHE), Nuálaíocht Misin agus an Tionscnamh Hidrigine de chuid na hAireachta Fuinnimh Ghlain.
Leasú 295
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 – pointe b
(b)  Hydrogen Europe AISBL, eagraíocht neamhbhrabúsach atá bunaithe faoi dhlí na Beilge (uimhir chláraithe: 890 025 478), agus a oifig bhuan bunaithe sa Bhruiséil, an Bheilg (an ‘Ghrúpáil Tionscail’) ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan trí bhíthin litir ghealltanais;
(b)  Hydrogen Europe AISBL, eagraíocht neamhbhrabúsach atá bunaithe faoi dhlí na Beilge (uimhir chláraithe: 890 025 478890 025 478), agus a oifig bhuan bunaithe sa Bhruiséil, an Bheilg (an ‘Ghrúpáil Tionscail’) ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan trí bhíthin litir ghealltanais, gan dochar do chearta na gcomhaltaí, go háirithe FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile an Aontais;
Leasú 296
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 – pointe c
(c)  Hydrogen Europe Research AISBL, eagraíocht neamhbhrabúsach atá bunaithe faoi dhlí na Beilge (uimhir chláraithe: 0897 679 372agus a oifig bhuan bunaithe sa Bhruiséil, an Bheilg (an ‘Ghrúpáil Taighde’) ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan trí bhíthin litir ghealltanais.
(c)  Hydrogen Europe Research AISBL, eagraíocht neamhbhrabúsach atá bunaithe faoi dhlí na Beilge (uimhir chláraithe: 0897 679 372agus a oifig bhuan bunaithe sa Bhruiséil, an Bheilg (an ‘Ghrúpáil Taighde’) ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú don Chomhghnóthas um Hidrigin Ghlan trí bhíthin litir ghealltanais, gan dochar do chearta na gcomhaltaí, go háirithe FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile an Aontais.
Leasú 297
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 73 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  comhaltaí comhlachaithe a roghnófar i gcomhréir le hAirteagal 7 faoi réir cinneadh ón mBord Rialaithe.
Leasú 298
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 76 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Chun críocha phointe (b) d’Airteagal 11(1), féadfaidh sé go n-áireofar le gníomhaíochtaí breise gníomhaíochtaí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan agus a chuireann lena chuspóirí, lena n-áirítear iad seo a leanas:
1.  Chun críocha phointe (b) d’Airteagal 11(1), féadfaidh sé go n-áireofar le gníomhaíochtaí breise gníomhaíochtaí a bhfuil nasc díreach acu le gníomhaíochtaí an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, a bhfuil nasc soiléir acu le Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht, atá cistithe faoi chláir náisiúnta agus réigiúnacha agus a chuireann le cuspóirí an Chomhghnóthais, lena n-áirítear iad seo a leanas:
Leasú 299
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 76 – mír 1 – pointe e
(e)  gníomhaíochtaí a ardaíonn feasacht ar theicneolaíochtaí hidrigine agus ar bhearta sábháilteachta;
(e)  gníomhaíochtaí a ardaíonn feasacht ar theicneolaíochtaí hidrigine glaine agus ar bhearta sábháilteachta, lena n-áirítear ar fud an tslabhra luacha;
Leasú 300
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 77 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da)  an Bord Comhairleach Eolaíochta neamhspleách.
Leasú 301
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 78 – mír 1 – pointe b
(b)  seisear ionadaithe ó Hydrogen Europe, ag féachaint d’ionadaíocht thíreolaíoch, inscne agus earnála;
(b)  seisear ionadaithe ó Hydrogen Europe, ag féachaint do thíreolaíocht agus d’inscne, agus ionadaíocht a dhéanamh ar chodanna éagsúla den slabhra luacha agus ar a laghad ionadaí amháin ó FBM agus ceann amháin ó eagraíocht na sochaí sibhialta;
Leasú 302
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 80 – mír 1 – pointe a
(a)  sineirgí a chothú le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach, go háirithe leo sin a thacaíonn le cur in úsáid réitigh taighde agus nuálaíochta, bonneagar, oideachas agus forbairt réigiúnach maidir le húsáid hidrigine glaine;
(a)  sineirgí a chothú le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach, go háirithe leo sin a thacaíonn le cur in úsáid réitigh taighde agus nuálaíochta, bonneagar, oideachas agus forbairt réigiúnach maidir le húsáid hidrigine glaine, agus béim ar leith ar earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo amhail roinnt earnálacha tionsclaíocha, iompar eitlíochta, muirí agus tromshaothair;
Leasú 303
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 80 – mír 1 – pointe b
(b)  a sholáthar, de bhun phointe (b) d’Airteagal 5(2) agus Airteagal 16(l), treoshuíomh straitéiseach a mhéid a bhaineann le comhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí i dtreo iompar ar bhóithre saor ó astaíochtaí, iompar ar an uisce saor ó astaíochtaí, iarnróid na hEorpa, eitlíocht ghlan, próiseas don phláinéad agus um chruach ghlan i gcomhréir lena Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus Nuálaíocht faoi seach nó doiciméad comhionann eile;
(b)  a sholáthar, de bhun phointe (b) d’Airteagal 5(2) agus Airteagal 16(l), treoshuíomh straitéiseach a mhéid a bhaineann le comhar le comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí i dtreo iompar ar bhóithre saor ó astaíochtaí, iompar ar an uisce saor ó astaíochtaí, iarnróid na hEorpa, eitlíocht ghlan, próisis don phláinéad agus um chruach ghlan i gcomhréir lena gCláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus Nuálaíocht faoi seach mar aon le Straitéis AE maidir le Comhtháthú Córais Fuinnimh agus tionscnaimh ghaolmhara maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, leictriúchán agus athnuaiteáin, nó doiciméad comhionann eile;
Leasú 304
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 80 – mír 1 – pointe c
(c)  glacadh margaidh na dteicneolaíochtaí agus na réiteach a chuidíonn le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach a spreagadh.
(c)  glacadh margaidh na dteicneolaíochtaí agus na réiteach inbhuanaithe i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an t-éiceachóras hidrigine glaine Eorpach a fheabhsú.
Leasú 305
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe a
(a)  gníomhaíochtaí a thugann tús áite do shineirgí le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach a mholadh;
(a)  gníomhaíochtaí a thugann tús áite do shineirgí le gníomhaíochtaí agus le cláir ábhartha ar leibhéal an Aontais, ar leibhéal náisiúnta, agus ar leibhéal réigiúnach a mholadh agus a chur chun feidhme, in éineacht leis na gníomhaithe ábhartha;
Leasú 306
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe b
(b)  tacú agus cur le tionscnaimh eile an Aontais a bhaineann le hidrigin, faoi réir a bhformheasta ag an mBord Rialála;
(b)  tacú agus cur le tionscnaimh eile an Aontais a bhaineann le hidrigin, lena n-áirítear an Chomhghuaillíocht Eorpach don Hidrigin Ghlan agus an IPCEI;
Leasú 307
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 81 – mír 1 – pointe c
(c)  fóram comhpháirtíochta Eorpach um Hidrigin Ghlan bliantúil a thionól, a chomhreáchtálfar le Fóram Hidrigine na hEorpa de chuid na Comhghuaillíochta don Hidrigin Ghlan ag an tráth céanna, i gcás inar féidir.
(c)  fóram comhpháirtíochta Eorpach um Hidrigin Ghlan bliantúil a thionól, a chomhreáchtálfar le Fóram Hidrigine na hEorpa de chuid na Comhghuaillíochta don Hidrigin Ghlan ag an tráth céanna.
Leasú 308
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 82 – mír 2
2.  Cuimseofar sa Ghrúpa Páirtithe Leasmhara ionadaithe ó earnálacha a ghineann, a dháileann, a stórálann, a éilíonn nó a úsáideann hidrigin ghlan ar fud an Aontais, lena n-áirítear ionadaithe ó chomhpháirtíochtaí Eorpacha ábhartha eile, chomh maith le hionadaithe ó Chomhpháirtíocht Idir-réigiúnach Ghleannta Hidrigine na hEorpa.
2.  Cuimseofar sa Ghrúpa Páirtithe Leasmhara ionadaithe ó earnálacha a ghineann, a dháileann, a iompraíonn, a stórálann, a éilíonn nó a úsáideann hidrigin ghlan ar fud an Aontais, lena n-áirítear ionadaithe ó chomhpháirtíochtaí Eorpacha ábhartha eile, chomh maith le hionadaithe ó Chomhpháirtíocht Idir-réigiúnach Ghleannta Hidrigine na hEorpa, ionadaithe ó earnáil an leictreachais in-athnuaite, ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus ón bpobal eolaíochta.
Leasú 309
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 82 – mír 3 – pointe a
(a)  ionchur a sholáthar ar na tosaíochtaí straitéiseacha agus teicneolaíocha a rachaidh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan i ngleic leo mar a leagtar síos sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht nó i ndoiciméad comhionann eile agus na treochláir theicneolaíocha mhionsonraithe, ag tabhairt aird chuí ar dhul chun cinn agus riachtanais in earnálacha cóngaracha;
(a)  ionchur a sholáthar ar na tosaíochtaí straitéiseacha, bonneagair agus teicneolaíocha a rachaidh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan i ngleic leo mar a leagtar síos sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht nó i ndoiciméad comhionann eile agus na treochláir theicneolaíocha mhionsonraithe, ag tabhairt aird chuí ar dhul chun cinn agus riachtanais in earnálacha cóngaracha amhail earnálacha a bhfuil sé deacair srian a chur leo lena n-áirítear roinnt earnálacha tionsclaíocha, iompar eitlíochta, muirí agus tromshaothair;
Leasú 310
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 82 – mír 3 – pointe b
(b)  moltaí a sholáthar chun cothú sineirgí nithiúla idir an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan agus na hearnálacha cóngaracha nó aon earnáil lena meastar go mbainfidh breisluach a éascú;
(b)  moltaí a sholáthar chun cothú sineirgí nithiúla idir an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan agus na hearnálacha cóngaracha nó aon earnáil lena meastar go mbainfidh breisluach a éascú, agus go háirithe bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh agus comhtháthú córas fuinnimh á gcur san áireamh;
Leasú 311
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 82 – mír 3 – pointe c
(c)  ionchur a sholáthar d’Fhóram Hidrigine bliantúil na hEorpa de chuid na Comhghuaillíochta don Hidrigin Ghlan.
(c)  ionchur a sholáthar d’fhóram comhpháirtíochta Eorpach um Hidrigin Ghlan bliantúil agus d’Fhóram Hidrigine bliantúil na hEorpa de chuid na Comhghuaillíochta don Hidrigin Ghlan.
Leasú 312
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 82 a (nua)
Airteagal 82a
Bord Comhairleach Eolaíochta
1.   Bunóidh an Comhghnóthas um Hidrigin Ghlan Bord Comhairleach Eolaíochta neamhspleách dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 77 chun comhairle eolaíochta a lorg ó shaineolaithe acadúla ardleibhéil neamhspleácha.
2.   Ní bheidh níos mó ná 15 bhuanchomhalta ag an mBord Comhairleach Eolaíochta neamhspleách agus toghfaidh sé a Chathaoirleach as measc a chomhaltaí ar feadh tréimhse dhá bhliain.
3.   Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíochta neamhspleách comhairle a thabhairt, arna iarraidh sin don Bhord Rialaithe agus do chomhlachtaí eile de chuid an Chomhghnóthais um Hidrigin Ghlan, nó ar a thionscnamh féin.
4.   Rachaidh an Bord Comhairleach Eolaíochta neamhspleách i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha comhairleacha arna mbunú le Fís Eorpach.
Leasú 313
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 1 – pointe b
(b)  aistriú tapa chuig córas iarnróid Eorpach atá níos tarraingtí, níos simplí le haghaidh úsáideoirí, níos iomaíche agus níos inbhuanaithe, agus é comhtháite leis an gcóras gluaiseachta níos leithne, a áirithiú;
(b)  aistriú tapa chuig córas iarnróid Eorpach atá níos sábháilte, níos tarraingtí, simplí le haghaidh úsáideoirí, iomaíoch, inacmhainne, éifeachtúil, cuimsitheach, níos digití agus inbhuanaithe, agus é comhtháite leis an gcóras soghluaisteachta níos leithne, a áirithiú;
Leasú 314
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 2 – pointe a
(a)  líonra iarnróid comhtháite Eorpach a sheachadadh trí dhearadh, ag cur deireadh le bacainní ar idir-inoibritheacht agus réitigh a sholáthar le haghaidh comhtháthú foriomlán, ag cumhdach bainistíocht tráchta, feithiclí, bonneagair agus seirbhísí, agus ag soláthar an réiteach is fearr ar riachtanais paisinéirí agus gnólachtaí, ag cur dlús le glacadh na réiteach nuálach chun tacú le Limistéar Eorpach Iarnróid Aonair, fad a mhéadaítear cumas agus iontaofacht agus a laghdaítear costais iompar iarnróid;
(a)  líonra iarnróid comhtháite Eorpach a sheachadadh trí dhearadh, ag cur deireadh le bacainní ar idir-inoibritheacht agus réitigh a sholáthar le haghaidh comhtháthú foriomlán, ag cumhdach bainistíocht tráchta, feithiclí, bonneagair agus seirbhísí, lena n-áirítear trí thicéadú, agus ag soláthar an réiteach is fearr ar riachtanais agus cearta paisinéirí, oibrithe iarnróid agus gnólachtaí, ag cur dlús le glacadh na réiteach nuálach chun tacú le Limistéar Eorpach Iarnróid Aonair, fad a mhéadaítear cumas agus iontaofacht agus a laghdaítear costais iompar iarnróid;
Leasú 315
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 2 – pointe c
(c)  coincheap oibríochtúil aontaithe agus córas feidhmiúil ailtireachta a fhorbairt trína Cholún Córasach le haghaidh bainistíocht tráchta, córais rialaithe, ceannais agus comharthaíochta iarnróid comhtháite Eorpach, lena n-áirítear uathrialú trácht traenacha, rud a áiritheoidh go ndíríonn taighde agus nuálaíocht ar riachtanais custaiméirí agus riachtanais oibríochtúla ar a gcomhaontaítear agus a roinntear i gcoiteann agus go bhfuil siad oscailte don fhorbairt;
(c)  coincheap oibríochtúil aontaithe agus ailtireacht chórais fheidhmiúil a fhorbairt trína Cholún Córasach le haghaidh córais chomhtháite Eorpacha um bainistiú, rialú, ceannas agus comharthaíocht tráchta iarnróid, lena n-áirítear uathoibriú traenacha, rud a áiritheoidh go ndíreofar taighde agus nuálaíocht ar riachtanais chustaiméirí agus riachtanais oibríochtúla a chomhaontaítear agus a chomhroinntear, agus go mbeidh siad oscailte don fhorbairt; beidh an choincheap oibríochtúil aontaithe agus ailtireacht fheidhmiúil le haghaidh bainistiú comhtháite tráchta iarnróid Eorpaigh idir-inoibritheach don líonra iarnróid iomlán (croíghréasán agus gréasán cuimsitheach TEN-T, príomhlínte agus línte réigiúnacha nach n-áirítear in TEN-T).
Leasú 316
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 2 – pointe e
(e)  tionscadail léirithe a fhorbairt le ballstáit a bhfuil spéis acu ann lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil córas iarnróid bunaithe acu laistigh dá gcríoch faoi láthair;
(e)  tionscadail léirithe a fhorbairt i mballstáit a bhfuil spéis acu ann lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil córas iarnróid bunaithe acu laistigh dá gcríoch faoi láthair; Le tionscadail den sórt sin, lena n-áirítear tionscadail Léirithe ar Mhórscála, cumhdófar an tAontas chomh forleathan agus is féidir, go trédhearcach agus ar bhealach atá éagsúil ó thaobh na geografaíochta de.
Leasú 317
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 2 – pointe f
(f)  rannchuidiú le forbairt tionscal iarnróid Eorpach atá láidir agus iomaíoch go domhanda.
(f)  rannchuidiú le forbairt tionscail iarnróid Eorpaigh atá láidir agus iomaíoch go domhanda a bhfuil slabhra soláthair láidir agus éiceachóras an-nuálach aige, lena n-áirítear FBManna ardteicniúla.
Leasú 318
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 2 – pointe f a (nua)
(fa)  rannchuidiú le deireadh a chur le bacainní atá ann faoi láthair a chuireann isteach ar ionchuimsitheacht iomlán an iompair ar iarnród, agus tagairt sonrach á déanamh do dhaoine faoi mhíchumas;
Leasú 319
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 2 – pointe f b (nua)
(fb)  teicnící déanaimh iarnróid na chéad ghlúine eile, lena n-áirítear comhpháirteanna uile ón bhfostruchtúr go dtí na ráillí iarnróid agus an forstruchtúr, a fhorbairt;
Leasú 320
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 83 – mír 2 – pointe f c (nua)
(fc)  tacú le forbairt réiteach nuálach atá tairbheach do chomaitéirí iarnróid, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil cónaí orthu i réigiúin atá tearc i ndaonra agus i réigiúin ar bheagán daonra.
Leasú 321
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 84 – mír 1
1.  Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, ullmhóidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa an Máistirphlean freisin i gcomhar leis an gCoimisiún, plean a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile sa chóras iarnróid agus i dtionscal soláthair iarnróid, le cur faoi bhráid an Bhoird Rialála lena ghlacadh.
1.  Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 5, ullmhóidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa an Máistirphlean freisin i gcomhar leis an gCoimisiún, plean a fhorbraítear i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara ábhartha uile sa chóras iarnróid agus i dtionscal soláthair iarnróid lena n-áirítear ag an leibhéal áitiúil, réigiúnach agus náisiúnta, le cur faoi bhráid an Bhoird Rialaithe lena ghlacadh.
Leasú 322
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 84 – mír 5 – pointe a – an chuid réamhráiteach
(a)  amharc córasach a fhorbairt ina Cholún Córasach a thugann le chéile an tionscal monaraíochta iarnróid, an pobal oibriúcháin iarnróid agus páirtithe leasmhara iarnróid príobháideacha agus poiblí eile, lena n-áirítear comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí, amhail paisinéirí agus lasta agus foireann, chomh maith le gníomhaithe ábhartha eile lasmuigh den earnáil iarnróid thraidisiúnta. Cuimseofar an méid seo a leanas san ‘amharc córasach’ sin:
(a)  amharc córasach idir-inoibritheach a fhorbairt ina Cholún Córasach a thugann le chéile an tionscal monaraíochta iarnróid, an pobal oibriúcháin iarnróid agus páirtithe leasmhara iarnróid príobháideacha agus poiblí eile, lena n-áirítear ionadaithe na mBallstát agus comhlachtaí a dhéanann ionadaíocht ar chustaiméirí, amhail paisinéirí agus lasta, chomh maith le hoibrithe, agus gníomhaithe ábhartha eile lasmuigh den earnáil iarnróid thraidisiúnta. Cuimseofar an méid seo a leanas san ‘amharc córasach’ sin:
Leasú 323
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 84 – mír 5 – pointe a – pointe iv
iv.  a áirithiú go ndéantar measúnú agus bailíochtú ar na comhéadain is gá le modhanna eile, go háirithe maidir le sreabha lasta agus paisinéirí.
iv.  a áirithiú go ndéantar measúnú agus bailíochtú ar na comhéadain is gá le modhanna eile, chomh maith le córais iarnróid uirbeacha agus réigiúnacha, go háirithe maidir le sreabha lasta agus paisinéirí.
Leasú 324
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 85 – mír 1 – pointe b
(b)  na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas trí bhíthin litir ghealltanais;
(b)  na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn II, ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas trí bhíthin litir ghealltanais, a bheidh bunaithe ar chothromaíocht chóir idir cistiú a fuarthas ón Aontas agus an ranníocaíocht a gealladh; gan dochar do chearta na gcomhaltaí, go háirithe FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile an Aontais;
Leasú 325
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 85 – mír 2 a (nua)
2a.  De mhaolú ar Airteagal 7(2), an measúnú a dhéanfar ar iarratais ar bhallraíocht ó aon eintiteas dlíthiúil bunaithe i dtír atá comhlachaithe le Clár Fís Eorpach, beidh sé faoi réir mhéadú comhréireach ranníocaíocht an Aontais ó Chlár Fís Eorpach chuig an gComhghnóthas um Iarnród na hEorpa trí bhíthin ranníocaíochtaí ón tír chomhfhreagrach atá comhlachaithe le Clár Fís Eorpach.
Leasú 326
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 88 – mír 1 – pointe d
(d)  glacadh thorthaí na ngníomhaíochtaí atá cistithe faoin gComhghnóthas Shift2Rail, saothrú breise, gníomhaíochtaí léirithe agus caighdeánú.
(d)  glacadh thorthaí agus cur in úsáid na ngníomhaíochtaí atá cistithe faoin gComhghnóthas Shift2Rail, lena n-áirítear nuashonrú ar Shonraíochtaí Teicniúla don Idir-inoibritheacht, saothrú breise, gníomhaíochtaí léirithe agus caighdeánú;
Leasú 327
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 88 – mír 1 – pointe d a (nua)
(d a)  gníomhaíochtaí údaraithe agus deimhnithe Eorpacha a bhaineann le réitigh iarnróid na hEorpa ó thionscadail an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa nó óna tionscnaimh roimhe.
Leasú 328
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 89 – mír 1 – pointe e a (nua)
(ea)  Bord Comhairleach Eolaíochta
Leasú 329
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 89 – mír 2
2.  Anuas air sin, féadfaidh an Comhghnóthas um Iarnród na hEorpa grúpa stiúrtha eolaíochta a bhunú nó comhairle eolaíochta a lorg ó shaineolaithe léinn neamhspleácha nó ó chomhlachtaí comhairleacha eolaíochta comhroinnte.
scriosta
Leasú 330
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 91 – mír 2
2.  Tabharfar cuireadh ar bhonn buan do chathaoirligh nó leaschathaoirligh Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialála mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu. Tabharfar cuireadh d’ionadaithe ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus ó Chomhairle Chomhairleach um Thaighde Iarnróid na hEorpa freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialála mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu.
2.  Tabharfar cuireadh ar bhonn buan do chathaoirleach agus do leaschathaoirleach Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu. Tabharfar cuireadh d’ionadaithe ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh agus ó Chomhairle Chomhairleach um Thaighde Iarnróid na hEorpa freastal ar chruinnithe an Bhoird Rialaithe mar bhreathnóirí agus páirt a ghlacadh ina phléití, ach ní bheidh aon chearta vótála acu.
Leasú 331
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 91 – mír 4 a (nua)
4a.  I gcomhréir le hAirteagal 15(2), beidh 50 % den cheart vótála ag an Aontas sa Bhord Rialaithe agus beidh vóta an Aontais doroinnte. Déanfar na cearta vótála a bheidh fágtha a dháileadh idir comhaltaí eile den Bhord Rialaithe go comhréireach le ranníocaíocht na gcomhaltaí a ndéanann siad ionadaíocht orthu le cistí an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa.
Leasú 332
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 92 – mír 1 – pointe b
(b)  cláir oibre, lena n-áirítear an buiséad, don Cholún Córasach agus a leasuithe bunaithe ar mholtaí a dhéanann an Grúpa Stiúrtha don Cholún Córasach agus ar thograí ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ghlacadh.
(b)  cláir oibre, lena n-áirítear an buiséad, don Cholún Córasach agus a leasuithe bunaithe ar mholtaí a dhéanann an Grúpa Stiúrtha don Cholún Córasach agus comhlachtaí comhairleacha an Chomhghnóthais agus ar thograí ón Stiúrthóir Feidhmiúcháin a ghlacadh.
Leasú 333
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 93 – mír 1
1.  Beidh an Grúpa Stiúrtha don Cholún Córasach comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, ionadaithe ar an earnáil iarnróid agus ghluaiseachta agus ar eagraíochtaí ábhartha, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa agus ionadaithe ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach maidir le comhdhéanamh an Ghrúpa. I gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha breise chun freastal ar chruinnithe de chuid an Ghrúpa Stiúrtha don Cholún Córasach mar bhreathnóirí.
1.  Beidh an Grúpa Stiúrtha don Cholún Córasach comhdhéanta d’ionadaithe ón gCoimisiún, ionadaithe ar an earnáil iarnróid agus soghluaisteachta agus ar eagraíochtaí ábhartha, Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa agus ionadaithe ó Ghníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh. Déanfaidh an Coimisiún an cinneadh críochnaitheach maidir le comhdhéanamh an Ghrúpa agus aird chuí á tabhairt aige freisin ar chothromaíocht inscne agus ar éagsúlacht gheografach. I gcás ina bhfuil údar cuí leis, féadfaidh an Coimisiún cuireadh a thabhairt do shaineolaithe agus páirtithe leasmhara ábhartha breise chun freastal ar chruinnithe de chuid an Ghrúpa Stiúrtha don Cholún Córasach mar bhreathnóirí.
Leasú 334
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 94 – mír 2
2.  Beidh an Grúpa Imscartha oscailte do gach páirtí leasmhara mar an Grúpa Stiúrtha don Cholún Córasach. Roghnóidh an Bord Rialála comhaltaí an Ghrúpa Imscartha agus leagfaidh sé amach go háirithe méid agus comhdhéanamh beartaithe an Ghrúpa Imscartha, fad na sainorduithe agus téarmaí athnuachana na gcomhaltaí. Áireofar béim théamach agus ionadaíochas iomchuí le comhdhéanamh an Ghrúpa Imscartha. Foilseofar an liosta comhaltaí ar shuíomh gréasáin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa.
2.  Beidh an Grúpa Imscartha oscailte do gach páirtí leasmhara mar an Grúpa Stiúrtha don Cholún Córasach. Roghnóidh an Bord Rialaithe comhaltaí an Ghrúpa Imscartha agus leagfaidh sé amach go háirithe méid agus comhdhéanamh beartaithe an Ghrúpa Imscartha, fad na sainorduithe agus téarmaí athnuachana na gcomhaltaí. Áireofar béim théamach agus ionadaíochas iomchuí le comhdhéanamh an Ghrúpa Imscartha lena n-áirítear maidir le comhlachais úsáideoirí deiridh agus comhlachais paisinéirí chomh maith le hionadaithe na n-oibrithe. Foilseofar an liosta comhaltaí ar shuíomh gréasáin an Chomhghnóthais um Iarnród na hEorpa.
Leasú 335
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 96 a (nua)
Airteagal 96a
Bord Comhairleach Eolaíoch
1.   Bunóidh Comhghnóthas Iarnróid na hEorpa Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 89 chun comhairle eolaíoch a lorg ó shaineolaithe acadúla ardleibhéil neamhspleácha.
2.   Ní bheidh níos mó ná 15 bhuanchomhalta ag an mBord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách agus toghfaidh sé a Chathaoirleach as measc a chomhaltaí go ceann tréimhse dhá bhliain.
3.   Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách comhairle a thabhairt, arna iarraidh sin don Bhord Rialaithe agus do chomhlachtaí eile de chuid Ghnóthais Chomhpháirteach Iarnróid na hEorpa, nó ar a thionscnamh féin.
4.   Rachaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha comhairleacha arna mbunú le Fís Eorpach.
Leasú 336
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 97 – mír 1 – pointe a
(a)  an t-ualach socheacnamaíoch a ghabhann le galair thógálacha san Afraic Fho-Shahárach a laghdú ag cur chun cinn forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí sláinte nua nó feabhsaithe a fhorbairt agus a ghlacadh;
(a)  an t-ualach socheacnamaíoch a ghabhann le galair thógálacha, go háirithe galair a bhaineann leis an mbochtaineacht agus galair a ndéantar faillí iontu, san Afraic Fho-Shahárach a laghdú, ag cur chun cinn forbairt agus glacadh teicneolaíochtaí sláinte nua nó feabhsaithe, diagnóis agus cóireálacha atá inacmhainne, inrochtana agus oiriúnach do chomhthéacsanna ina bhfuiltear ar bheagán acmhainní;
Leasú 337
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 97 – mír 2 – pointe b
(b)  acmhainneacht taighde agus nuálaíochta agus na córais náisiúnta taighde sláinte san Afraic Fho-Shahárach chun dul i ngleic le galair thógálacha a neartú;
(b)  acmhainneacht taighde agus nuálaíochta agus na córais náisiúnta taighde sláinte san Afraic Fho-Shahárach chun dul i ngleic le galair thógálacha a neartú agus a mhéadú;
Leasú 338
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 97 – mír 2 – pointe b a (nua)
(b a)  cion na dtionscadal atá faoi cheannaireacht na hAfraice a mhéadú;
Leasú 339
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 98 – mír 1 – pointe d a (nua)
(d a)  sineirgí, comhoibriú agus gníomhaíochtaí comhpháirteacha leis an gCiste Eorpach Forbraíochta agus leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta a chur chun cinn, go háirithe le haghaidh saoráidí agus bonneagair fothaithe agus comhroinnte acmhainneachta.
Leasú 340
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 99 – mír 1 – pointe b
(b)  Comhlachas EDCTP, eagraíocht neamhbhrabúsach a bunaíodh faoi dhlí na hÍsiltíre, ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú gan choinníoll do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 trí bhíthin litir ghealltanais.
(b)  Comhlachas EDCTP, eagraíocht neamhbhrabúsach a bunaíodh faoi dhlí na hÍsiltíre, ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú gan choinníoll do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 trí bhíthin litir ghealltanais, gan dochar do chearta comhaltaí, go háirithe cearta FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile de chuid an Aontais.
Leasú 341
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe a
(a)  gníomhaíochtaí de chomheintitis Chomhlachas EDCTP ailínithe le gníomhaíochtaí comhchosúla ó chomheintitis eile Chomhlachas EDCTP agus bainistíocht neamhspleách á déanamh orthu i gcomhréir le rialacha cistithe náisiúnta;
(a)  gníomhaíochtaí de chomheintitis Chomhlachas EDCTP ailínithe, comhordaithe nó comhchláraithe go follasach le gníomhaíochtaí comhchosúla ó chomheintitis eile Chomhlachas EDCTP agus bainistíocht neamhspleách á déanamh orthu i gcomhréir le rialacha cistithe náisiúnta;
Leasú 342
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 106 – mír 1 a (nua)
1a.  Cuirfear an coiste eolaíoch ar bun i gcomhréir le hAirteagal 19 agus beidh ionadaíocht chothrom geallsealbhóirí air ó thaobh na hinscne agus agus beidh sé éagsúil ó thaobh na geografaíochta, cúrsaí téamacha agus de, agus áiritheoidh sé, go háirithe. go n-áireofar saineolas eolaíoch ó thíortha san Afraic.
Leasú 343
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 106 – mír 2 – pointe j a (nua)
(ja)  measúnú a dhéanamh ar iarratais na gcomhpháirtithe rannpháirteacha sa Chomhghnóthas Sláinte Domhanda, agus comhairle a chur ar an mbord rialaithe maidir le diúltú le hiarratais nó glacadh leo agus maidir leis an raon feidhme aon chomhoibriú féideartha.
Leasú 344
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 107 – mír -1 (nua)
-1.  Beidh an Grúpa Geallsealbhóirí comhdhéanta de gheallshealbhóirí atá cothrom ó thaobh na hinscne de agus beidh siad éagsúil ó thaobh na geografaíochta agus cúrsaí téamacha de go háirithe saineolas ó thíortha na hAfraice, agus beidh sé mar aidhm aige comhaltas agus rannpháirtíocht fhóinteach na sochaí sibhialta a chothú, go háirithe ENRanna a bhíonn ag obair leis na pobail is mó a mbíonn difear á dhéanamh dóibh ag galair thógálacha a bhaineann leis an mbochtaineacht agus ag galair thógálacha a ndéantar faillí iontu.
Leasú 345
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 107 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 21, déanfaidh an Grúpa Páirtithe Leasmhara na cúraimí seo a leanas freisin:
2.  Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 21, déanfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí na cúraimí seo a leanas freisin:
Leasú 346
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 111 – teideal
Comhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú
Comhar le leis an nGníomhaireacht Leigheasra Afracach agus Eorpach agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha eile
Leasú 347
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 111 – mír 1
Áiritheoidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 dlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú.
Áiritheoidh Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 dlúthchomhar leis an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, agus le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha de chuid na hAfraice, lena n-áirítear na hIonaid Afracacha um Ghalair a Rialú agus a Chosc, Comhphobail Eacnamaíocha Réigiúnacha an Aontais Afracaigh, AUDA-NEPAD agus Acadamh Eolaíochtaí na hAfraice.
Leasú 348
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 112 – mír 1
Áiritheoidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí a bhunaítear bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thorthaí na gníomhaíochta indírí ar fáil agus inrochtana don phobal ag coinníollacha cothroma agus réasúnta. Chun na críche sin, i gcás inarb ábhartha, sonrófar sa chlár oibre na hoibleagáidí saothraithe breise is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha sonracha.
Áiritheoidh rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí a bhunaítear bunaithe, nó bunaithe i bpáirt, ar thorthaí na gníomhaíochta indírí ar fáil, inrochtana agus inacmhainne do phobail leochaileacha agus don phobal i gcoitinne, go háirithe i gcomhthéacsanna ina bhfuiltear ar bheagán acmhainní don phobal faoi choinníollacha cothroma agus réasúnta. Chun na críche sin, sonrófar sa chlár oibre na hoibleagáidí saothraithe breise is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha sonracha.
Leasú 349
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 113 – mír 1 – pointe b
(b)  forbairt nuálaíochtaí sábháilte, éifeachtacha, duinelárnacha agus costéifeachtúla a fhreagraíonn do riachtanais straitéiseacha sláinte poiblí nach gcomhlíontar go fóill a chothú, ag léiriú, i gcúig shampla ar a laghad, féidearthacht táirgí nó seirbhísí cúraim sláinte a chomhtháthú, le hoiriúnacht léirithe i gcomhar ghlacadh na gcóras sláinte. Ba cheart do na tionscadail ghaolmhara dul i ngleic le cosc, diagnóis, cóireáil agus/nó bainistíocht galar a dhéanann difear do dhaonra an Aontais, lena n-áirítear rannchuidiú le Plean na hEorpa um Shárú na hAilse.
(b)  forbairt nuálaíochtaí, táirgí agus cóireálacha sábháilte, éifeachtacha, duinelárnacha, inacmhainne d’othair agus do chórais cúraim sláinte a fhreagraíonn do riachtanais straitéiseacha sláinte poiblí nach gcomhlíontar go fóill a chothú, ag léiriú, i gcúig shampla ar a laghad, féidearthacht táirgí nó seirbhísí cúraim sláinte a chomhtháthú, le hoiriúnacht léirithe i gcomhar ghlacadh na gcóras sláinte. Ba cheart do na tionscadail ghaolmhara dul i ngleic le faireachas, cosc, diagnóis, cóireáil agus/nó bainistíocht galar a dhéanann difear do dhaonra an Aontais, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne na hailse i sineirge le Plean ‘Sáraithe Ailse’ na hEorpa, agus ag tacú le bunú na hInstitiúide Eorpaí um Ailse agus an Phlean Gníomhaíochta Eorpaigh ‘Aon Sláinte Amháín’ i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha;
Leasú 350
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 113 – mír 1 – pointe c
(c)  nuálaíocht trasearnála a spreagadh le haghaidh tionscal sláinte Eorpach iomaíoch, agus cur le cuspóirí faoin Straitéis Nua Thionsclaíoch don Eoraip agus an Straitéis Cógaisíochta don Eoraip.
(c)  nuálaíocht trasearnála a spreagadh le haghaidh tionscal sláinte Eorpach iomaíoch, agus rannchuidiú leis na cuspóirí faoin Straitéis Nua Thionsclaíoch don Eoraip, lena n-áirítear a tabhairt cothrom le dáta, agus an Straitéis Cógaisíochta don Eoraip.
Leasú 351
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 113 – mír 2 – pointe a
(a)  rannchuidiú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na nithe is cinntithigh le sláinte agus réimsí tosaíochtaí galair;
(a)  rannchuidiú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na nithe is cinntithigh le sláinte, riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ullmhacht éigeandála, galair neamhchoitianta agus thógálacha, lena n-áirítear tosca socheacnamaíocha agus comhshaoil a dhéanann difear do stádas sláinte duine agus réimsí tosaíochtaí galair;
Leasú 352
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 113 – mír 2 – pointe b
(b)  iarrachtaí scoilte taighde agus nuálaíochta sláinte a chomhtháthú ag tabhairt earnálacha tionscal sláinte agus páirtithe leasmhara eile le chéile, ag díriú ar riachtanais sláinte poiblí nach gcomhlíontar go fóill, chun forbairt uirlisí, sonraí, ardán, teicneolaíochtaí agus próiseas a éascú i gcomhair réamhaisnéis, cosc, idircheapadh, diagnóis, cóireáil agus bainistíocht níos fearr galar, ag freastal ar riachtanais na n-úsáideoirí deiridh;
(b)  iarrachtaí scoilte taighde agus nuálaíochta sláinte a chomhtháthú ag tabhairt earnálacha tionscal sláinte agus páirtithe leasmhara eile le chéile, ag díriú ar riachtanais sláinte poiblí nach gcomhlíontar go fóill, chun forbairt uirlisí, sonraí, ardán, teicneolaíochtaí agus próiseas a éascú i gcomhair réamhaisnéis, cosc, idircheapadh, diagnóis, cóireáil agus bainistíocht níos fearr galar, ag freastal ar riachtanais na n-othar agus na n-úsáideoirí deiridh agus cliseadh margaidh maidir le riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu a shárú;
Leasú 353
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 113 – mír 2 – pointe d
(d)  an acmhainneacht iomlán a bhaineann le digitiú agus malartú sonraí i gcúram sláinte a shaothrú;
(d)  an acmhainneacht iomlán a bhaineann le digitiú agus malartú sonraí i gcúram sláinte a shaothrú, agus úsáid á baint as sineirgí le tionscnaimh amhail an Spás Eorpach Sonraí Sláinte, agus prionsabail na cosanta sonraí á n-urramú ag an am céanna i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a;
____________
1a Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 354
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 113 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea)  taighde Eorpach ar ghalair neamhchoitianta a fheabhsú agus sineirgí a fhorbairt le tionscnaimh eile sa réimse.
Leasú 355
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 114 – mír 1 – pointe a
(a)  comhar dlúth agus fadtéarmach a chothú idir an tAontas, comhaltaí eile, comhpháirtithe rannchuidithe, agus páirtithe leasmhara eile atá rannpháirteach i gcúram sláinte agus i dtionscail ábhartha eile, údaráis chúraim shláinte (amhail comhlachtaí rialála, comhlachtaí measúnaithe teicneolaíochta sláinte agus íocóirí), eagraíochtaí othar, gairmithe agus soláthróirí cúraim shláinte, chomh maith le lucht acadúil;
(a)  comhar dlúth agus fadtéarmach a chothú idir an tAontas, comhaltaí eile, comhpháirtithe rannchuidithe, agus páirtithe leasmhara eile atá rannpháirteach i gcúram sláinte agus i dtionscail ábhartha eile, údaráis chúraim shláinte (amhail comhlachtaí rialála, comhlachtaí measúnaithe teicneolaíochta sláinte agus íocóirí), eagraíochtaí othar, gairmithe agus soláthróirí cúraim shláinte, chomh maith le lucht acadúil agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta;
Leasú 356
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 114 – mír 1 – pointe c
(c)  a áirithiú gur féidir le gach geallsealbhóir réimsí a mholadh le haghaidh glaonna ar thograí sa todhchaí;
(c)  a áirithiú gur féidir le gach geallsealbhóir réimsí a mholadh le haghaidh glaonna ar thograí sa todhchaí bunaithe ar chomhairliúcháin oscailte rialta agus ar chruinniú bliantúil d’Fhóram na nGeallsealbhóirí a eagrú;
Leasú 357
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 114 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)  a áirithiú go tabharfaidh na tairbhithe gealltanas go gcomhlíonfaidh siad prionsabail na rochtana, na héifeachtachta, na hinacmhainneachta agus na hinfhaighteachta;
Leasú 358
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 114 – mír 1 – pointe d
(d)  athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta agus na leasuithe is gá a dhéanamh ar Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach i bhfianaise na bhforbairtí eolaíochta a thagann chun cinn le linn a chur chun feidhme nó i bhfianaise na riachtanas sláinte poiblí a thagann chun cinn;
(d)  athbhreithniú a dhéanamh go tráthrialta agus na leasuithe is gá a dhéanamh ar Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach i bhfianaise na bhforbairtí eolaíochta a thagann chun cinn le linn a chur chun feidhme nó i bhfianaise na riachtanas sláinte poiblí agus éigeandálaí a thagann chun cinn, i gcomhar le gairmithe sláinte agus cumainn othar agus leis an bPainéal Nuálaíochta;
Leasú 359
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 114 – mír 1 – pointe e
(e)  faisnéis ar na tionscadail, lena n-áirítear eintitis rannpháirtithe agus méid ranníocaíochta airgeadais Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach agus ranníocaíochtaí comhchineáil geallta in aghaidh gach rannpháirtí a fhoilsiú;
(e)  faisnéis ar na tionscadail, lena n-áirítear eintitis rannpháirtithe agus méid ranníocaíochta airgeadais Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach agus ranníocaíochtaí comhchineáil geallta in aghaidh gach rannpháirtí a fhoilsiú go tráthúil;
Leasú 360
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 114 – mír 1 – pointe f
(f)  cumarsáid thráthrialta a eagrú, lena n-áirítear cruinniú bliantúil amháin ar a laghad le leasghrúpaí agus lena pháirtithe leasmhara chun oscailteacht agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a áirithiú;
(f)  cumarsáid thráthrialta a eagrú, lena n-áirítear cruinniú bliantúil amháin ar a laghad le leasghrúpaí agus lena pháirtithe leasmhara chun cuimsitheacht, oscailteacht agus trédhearcacht gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a áirithiú;
Leasú 361
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 115 – mír 1 – pointe b
(b)  Coiste Comhordúcháin na hEorpa um an Tionscal TF Raideolaíoch, Leictrimhíochaine agus Cúraim Shláinte (COCIR), an Chónaidhm Eorpach um Thionscail agus Cumainn Íocshláinte, EuropaBio, MedTech Europe, VaccinesEurope ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinneadh faoi seach aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Shláinte Nuálach trí bhíthin litir ghealltanais;
(b)  Coiste Comhordúcháin na hEorpa um an Tionscal TF Raideolaíoch, Leictrimhíochaine agus Cúraim Shláinte (COCIR), an Chónaidhm Eorpach um Thionscail agus Cumainn Íocshláinte, EuropaBio, MedTech Europe, VaccinesEurope ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinneadh faoi seach aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Shláinte Nuálach trí bhíthin litir ghealltanais, gan dochar do chearta comhaltaí, go háirithe FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile de chuid an Aontais;
Leasú 362
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 117 – mír 5
5.  Tabharfar údar le costais a thabhaítear i ngníomhaíochtaí indíreacha i dtríú tíortha seachas tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach agus beidh siad ábhartha do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 113. Ní sháróidh siad 20 % de na ranníocaíochtaí comhchineáil le costais oibriúcháin a sholáthair comhaltaí seachas an tAontas agus comhpháirtithe rannchuidithe ag leibhéal cláir an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach. Ní mheasfar costais a sháraíonn 20 % de na ranníocaíochtaí comhchineáil chuig costais oibriúcháin ag leibhéal cláir an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheith mar ranníocaíochtaí comhchineáil le costais oibriúcháin.
5.  Tabharfar údar le costais a thabhaítear i ngníomhaíochtaí indíreacha i dtríú tíortha seachas tíortha atá comhlachaithe le Fís Eorpach agus beidh siad ábhartha do na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 113 agus beidh seachtrachtaí dearfacha acu ar an Aontas. Ní sháróidh siad 20 % de na ranníocaíochtaí comhchineáil le costais oibriúcháin a sholáthair comhaltaí seachas an tAontas agus comhpháirtithe rannchuidithe ag leibhéal cláir an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach. Ní mheasfar costais a sháraíonn 20 % de na ranníocaíochtaí comhchineáil chuig costais oibriúcháin ag leibhéal cláir an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a bheith mar ranníocaíochtaí comhchineáil le costais oibriúcháin.
Leasú 363
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 118 – mír 2
2.  I gcás inarb ábhartha, beidh plean le haghaidh a ngníomhaíochtaí breise gaolmhara mar chuid de na tograí tionscadal. Ní mór costais a bhaineann le gníomhaíochtaí breise den sórt sin a bhaineann go sonrach le tionscadal a thabhú idir an dáta a cuireadh isteach an togra agus sua le dhá bhliain tar éis dháta críochnaithe na gníomhaíochta indírí.
2.  I gcás inarb ábhartha, beidh plean le haghaidh a ngníomhaíochtaí breise gaolmhara a chainníochtú mar chuid de na tograí tionscadal. Ní mór costais a bhaineann le gníomhaíochtaí breise den sórt sin a bhaineann go sonrach le tionscadal a thabhú idir an dáta a cuireadh isteach an togra agus suas le trí bliana tar éis dháta críochnaithe na gníomhaíochta indírí.
Leasú 364
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 119 – mír 1 – pointe c a (nua)
(c a)  an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách;
Leasú 365
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 1
1.  Cuirfidh an Painéal Nuálaíochta comhairle ar an mBord Rialála maidir le cúrsaí a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach agus Airteagal 19 á chur i bhfeidhm.
1.  Bunaithe ar thuairimí an Bhoird Chomhairligh Eolaíochta dá dtagraítear in Airteagal 19, féadfaidh an Painéal Nuálaíochta comhairle bhreise a chur ar an mBord Rialaithe maidir le cúrsaí a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach agus saincheisteanna straitéiseacha eile.
Leasú 366
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Beidh na painéalaithe buana seo a leanas ar an bPainéal Nuálaíochta:
2.  Beidh na comhaltaí seo a leanas ar an bPainéal Nuálaíochta:
Leasú 367
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 2 – pointe d
(d)  beirt ionadaithe ón bpobal eolaíochta, agus iad ceaptha ag an mBord Rialála tar éis próiseas roghnúcháin oscailte chun Airteagal 19(4) a chur chun feidhme;
(d)  ceathrar ionadaithe ón bpobal eolaíochta;
Leasú 368
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 2 – pointe e
(e)  suas le seisear painéalaithe buana, agus iad ceaptha ag an mBord Rialála tar éis próiseas roghnúcháin oscailte chun Airteagal 19(4) a chur chun feidhme, ag áirithiú ionadaíocht chuí ar gheallsealbhóirí atá páirteach sa chúram sláinte go háirithe, ag cumhdach go háirithe na hearnála poiblí, othar agus úsáideoirí deiridh go ginearálta;
(e)  seisear ionadaithe ó na geallsealbhóirí atá páirteach sa chúram sláinte, ag cumhdach go háirithe na hearnála poiblí, othar agus úsáideoirí deiridh go ginearálta, agus iad ceaptha ag an mBord Rialaithe tar éis próiseas roghnúcháin oscailte agus trédhearcach chun Airteagal 19(2) agus (4) a chur chun feidhme;
Leasú 369
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 3 – fomhír 1
Féadfaidh na painéalaithe a dhéanann ionadaíocht ar chomhaltaí Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach painéalaithe ad hoc a cheapadh i gcás inarb iomchuí chun plé a dhéanamh ar ábhair shonracha. Féadaidís suas le seisear painéalaithe ad hoc le haghaidh gach cruinnithe a cheapadh le chéile.
Féadfaidh comhaltaí an Phainéil Nuálaíochta painéalaithe ad hoc a cheapadh i gcás inarb iomchuí chun plé a dhéanamh ar ábhair shonracha. Féadaidís suas le seisear painéalaithe ad hoc le haghaidh gach cruinnithe a cheapadh le chéile.
Leasú 370
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 3 – fomhír 3
Déanfaidh na painéalaithe a dhéanann ionadaíocht ar chomhaltaí Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach painéalaithe ad hoc a cheapadh go comhthoiliúil ar feadh tréimhse sheasta. Déanfaidh siad a gcinntí a chur in iúl don chlároifig agus leis na painéalaithe buana eile.
Féadfaidh comhaltaí an Phainéil Nuálaíochta painéalaithe ad hoc a cheapadh go comhthoiliúil ar feadh tréimhse sheasta. Déanfaidh siad a gcinntí a chur in iúl don chlároifig agus leis na painéalaithe buana eile.
Leasú 371
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 3 a (nua)
3a.  Tabharfaidh Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách cúnamh don Phainéal Nuálaíochta, go háirithe maidir leis an gcomhairle i ndáil le tosaíochtaí eolaíocha, straitéiseacha agus teicneolaíocha a bhaineann le cuspóirí Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach.
Leasú 372
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 4 – pointe a
(a)  tosaíochtaí eolaíochta;
(a)  tosaíochtaí eolaíochta, ar bhonn na comhairle a gheobhaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách;
Leasú 373
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 4 – pointe e
(e)  cruthú sineirgí le gníomhaíochtaí eile de chuid Fís Eorpach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí Eorpacha eile, chomh maith le cláir cistithe eile an Aontais agus cláir cistithe náisiúnta.
(e)  cruthú sineirgí le gníomhaíochtaí eile de chuid Fís Eorpach, lena n-áirítear comhpháirtíochtaí agus misin Eorpacha eile, agus go háirithe le Comhghnóthas Shláinte Dhomhanda, chomh maith le cláir cistithe eile an Aontais agus cláir cistithe náisiúnta.
Leasú 374
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 4 – pointe e a (nua)
(ea)  glacadh sa tsochaí, inrochtaineacht agus inacmhainneacht thorthaí na dtionscadal;
Leasú 375
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 5
5.  Déanfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin cathaoirleacht ar an bPainéal Nuálaíochta. I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin ball foirne sinsearach ó chlároifig Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a cheapadh chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an bPainéal Nuálaíochta thar a cheann.
5.  Déanfaidh buanionadaithe an Phainéil Nuálaíochta Cathaoirleach a thoghadh as measc a chomhaltaí, i gcomhréir le hAirteagal 19(5). I gcásanna a bhfuil údar cuí leo, féadfaidh cathaoirleach an Phainéil Nuálaíochta comhalta eile den Phainéal Nuálaíochta a cheapadh, ar bhonn eisceachtúil, as measc na gcomhaltaí a dhéanann ionadaíocht ar an bpobal eolaíochta chun cathaoirleacht a dhéanamh ar an bPainéal Nuálaíochta thar a cheann nó thar a ceann.
Leasú 376
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 6
6.  Mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19(8), glacfaidh na painéalaithe a dhéanann ionadaíocht ar chomhaltaí Chomhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach tairiscintí a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i mír 4 de chomhthoil tar éis pléití le gach painéalaí atá i láthair ag an gcruinniú. Mura bhfuiltear in ann teacht ar chomhaontú de chomhthoil, tuairisceoidh an cathaoirleach an cás don Bhord Rialála. Féadfaidh gach painéalaí tuairim easaontach a chur in iúl sa tuarascáil sin.
6.  Mar chuid den tuarascáil dá dtagraítear in Airteagal 19(8), glacfaidh na comhaltaí den Phainéal Nuálaíochta tairiscintí a bhaineann leis na hábhair dá dtagraítear i mír 4 de chomhthoil tar éis pléití le gach painéalaí atá i láthair ag an gcruinniú. Mura bhfuiltear in ann teacht ar chomhaontú de chomhthoil, tuairisceoidh an cathaoirleach an cás don Bhord Rialaithe. Féadfaidh gach comhalta den Phainéal Nuálaíochta tuairim easaontach a chur in iúl sa tuarascáil sin.
Leasú 377
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 7
7.  Reáchtálfaidh an Painéal Nuálaíochta a ghnáthchruinnithe dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a reáchtáil arna iarraidh sin ag painéalaithe a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún, nó ó thromlach na bpainéalaithe a dhéanann ionadaíocht ar chomhaltaí seachas an tAontas.
7.  Reáchtálfaidh an Painéal Nuálaíochta a ghnáthchruinnithe dhá uair sa bhliain ar a laghad. Féadfaidh sé cruinnithe urghnácha a reáchtáil arna iarraidh sin ag painéalaithe a dhéanann ionadaíocht ar an gCoimisiún nó ar cheathrú cuid ar a laghad dá chomhaltaí seachas an tAontas.
Leasú 378
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 8
8.  Malartóidh painéalaithe an Phainéil Nuálaíochta aon fhaisnéis ábhartha agus déanfaidh siad plé ar a smaointe roimh na cruinnithe in aon fhoirm iomchuí. Déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí aon ghrúpa chomhairligh eile, mar is iomchuí.
8.  Malartóidh comhaltaí an Phainéil Nuálaíochta aon fhaisnéis ábhartha agus déanfaidh siad plé ar a smaointe roimh na cruinnithe in aon fhoirm iomchuí. Déanfaidh siad a ngníomhaíochtaí a chomhordú le gníomhaíochtaí aon ghrúpa chomhairligh eile, mar is iomchuí.
Leasú 379
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 8 a (nua)
8a.  Ceapfar comhaltaí an Phainéil Nuálaíochta ar bhonn a n-inniúlachtaí agus a saineolais, chun a áirithiú go ndéanfar moltaí atá bunaithe ar eolaíocht agus ar riachtanais sláinte a sholathar don chomhghnóthas.
Leasú 380
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 – mír 8 b (nua)
8b.  Déanfaidh an Grúpa Geallsealbhóirí comhairliúcháin phoiblí oscailte a eagrú go rialta, lena n-áirítear maidir le tionscnaimh phleanáilte, cuirfidh sé comhar idirnáisiúnta chun cinn, spreagfaidh sé saothrú na dtorthaí taighde agus nuálaíochta, agus cothóidh sé comhar agus cruthú sineirgí le tionscnaimh eile de chuid an Aontais agus le tionscnaimh dhomhanda eile.
Leasú 381
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 122 a (nua)
Airteagal 122a
an Bord Comhairleach Eolaíoch Neamhspleách;
Anuas ar na cúraimí a leagtar amach in Airteagal 19, déanfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách na cúraimí seo a leanas freisin:
(a)  ionchur a sholáthar ar na tosaíochtaí eolaíochta, straitéiseacha agus teicneolaíocha a rachaidh Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach i ngleic leo mar a leagtar síos sa Chlár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht agus i gcláir oibre ina dhiaidh sin, nó aon doiciméid choibhéiseacha eile, agus riachtanais na n-earnálacha cóngaracha á gcur san áireamh;
(b)  moltaí a sholáthar chun sineirgí nithiúla a éascú idir Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach agus cláir, beartais agus earnálacha a meastar go bhfuil breisluach le sineirgí leo;
(c)  comhairle a sholáthar don Bhord Rialaithe maidir le straitéisí lena gcuirtear sármhaitheas eolaíochta chun cinn;
(d)  ionchur a sholáthar don Phainéal Nuálaíochta.
Beidh ar an mBord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách comhdhéanta d’ochtar ionadaithe neamhspleácha a cheapfar tar éis próiseas roghnúcháin oscailte i gcomhréir le hAirteagal 19(4). Beidh cothromaíocht inscne agus éagsúlacht gheografach ag baint le ballraíocht an Bhoird Chomhairligh Eolaíochta neamhspleách.
Glacfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách a rialacha nós imeachta.
Leasú 382
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 123 – mír 1
1.  Chun críche an Rialacháin seo, déanfar riachtanas poiblí nach bhfreastalaítear air go fóill a shainmhíniú mar riachtanas nach dtéann córais cúraim sláinte i ngleic leis faoi láthair ar chúiseanna soláthair nó rochtana, mar shampla i gcás nach bhfuil modh sásúil diagnóise, coisc, nó cóireála ann i gcomhair fadhb shláinte nó i gcás ina bhfuil rochtain theoranta ag daoine ar chúram sláinte mar gheall ar an gcostas a bhaineann leis, an t-achar idir an duine agus na saoráidí sláinte nó amanna feithimh. Tagraíonn duinelárnach do chur chuige i leith cúraim a ghlacann go comhfhiosach le dearcthaí daoine aonair, cúramóirí, teaghlach agus pobal agus meastar iad a bheith mar rannpháirtithe chomh maith le tairbhithe na gcóras cúraim sláinte a eagraítear timpeall a riachtanas agus a roghanna féin seachas timpeall galair aonair.
1.  Chun críche an Rialacháin seo, déanfar riachtanas poiblí nach bhfreastalaítear air go fóill a shainmhíniú mar riachtanas sláinte nach dtéann córais cúraim sláinte i ngleic leis faoi láthair ar chúiseanna soláthair, inacmhainneachta nó rochtana, mar shampla i gcás nach bhfuil modh sásúil diagnóise, coisc, nó cóireála ann i gcomhair dúshlán sláinte poiblí ar leith, idir ghalair theagmhálacha agus ghalair neamhtheagmhálacha, nó riocht sláinte nó más rud é go bhfuil rochtain theoranta ag daoine ar chúram sláinte mar gheall ar an gcostas, lena n-áirítear íocaíochtaí neamh-in-aisíoctha, a bhaineann leis, an t-achar idir an duine agus na saoráidí sláinte nó amanna feithimh. Sa sainmhíniú ar riachtanas sláinte poiblí nach bhfreastalaítear air go fóill, cuirfear san áireamh freisin na dúshláin a liostaítear i dtuarascálacha arna gcur ar fáil le déanaí ag foinsí iontaofa, amhail gníomhaireachtaí agus comhlachtaí Eorpacha agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, agus aird ar leith á tabhairt iontu ar na táscairí agus ar an liosta cógas tosaíochta a d’fhorbair EDS na hEorpa. Tagraíonn an téarma cúram duinelárnach do chur chuige i leith cúraim a ghlacann go comhfhiosach le dearcthaí daoine aonair, cúramóirí, teaghlach agus pobal agus meastar iad a bheith mar rannpháirtithe chomh maith le tairbhithe na gcóras cúraim sláinte a eagraítear timpeall a riachtanas agus a roghanna féin seachas timpeall galair aonair.
Leasú 383
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 123 – mír 2
2.  D’fhéadfadh go mbeadh staidéir chliniciúla ina léirítear riachtanas poiblí nach bhfreastalaítear air go fóill sa réimse spriocdhírithe nó san úsáid bheartaithe, a dhéanann difear suntasach do nó bagairt ar dhaonra an Aontais, san áireamh le gníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach.
2.  D’fhéadfadh go mbeadh staidéir chliniciúla ina léirítear riachtanas poiblí nach bhfreastalaítear air go fóill sa réimse spriocdhírithe nó san úsáid bheartaithe, a dhéanann difear do nó bagairt ar dhaonra an Aontais, san áireamh le gníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach.
Leasú 384
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 123 – mír 3
3.  Ní mór do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a áirithiú go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí a bhunaítear bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thorthaí na ngníomhaíochtaí indíreacha ar fáil agus inrochtana don phobal ag coinníollacha cothroma agus réasúnta. Chun na críche sin, i gcás inarb ábhartha, sonrófar sa chlár oibre na hoibleagáidí saothraithe breise is infheidhme maidir le gníomhaíochtaí indíreacha sonracha.
3.  Ní mór do rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha atá cistithe ag Comhghnóthas an Tionscnaimh um Shláinte Nuálach a áirithiú go bhfuil na táirgí agus na seirbhísí a bhunaítear bunaithe nó bunaithe i bpáirt ar thorthaí na ngníomhaíochtaí indíreacha ar fáil, inacmhainne agus inrochtana don phobal ag coinníollacha cothroma agus réasúnta. Chun na críche sin, i gcás inarb ábhartha, sonrófar sa chlár oibre roimh ré an gníomhaíocht ainmnithe í an ghníomhaíocht a bhfuil na hoibleagáidí saothraithe breise sin infheidhme ina leith, agus léireofar é sin sna glaonna ar thograí nó sna glaonna ar thairiscintí.
Leasú 385
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 124 – mír 1 – pointe a
(a)  neamhspleáchas oscailte teicneolaíoch an Aontais i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha a neartú chun tacú le riachtanais tionscal ingearach agus an gheilleagair trí chéile amach anseo. Is é an sprioc fhoriomlán rannchuidiú i dtreo luach dearaidh agus táirgthe comhpháirteanna agus córas leictreonach a dhúbláil san Eoraip faoi 2030, i gcomhréir le meáchan an Aontais i dtáirgí agus seirbhísí;
(a)  neamhspleáchas oscailte teicneolaíoch agus athléimneacht an Aontais i gcomhpháirteanna agus córais leictreonacha a neartú chun tacú le riachtanais tionscal ingearach agus an gheilleagair trí chéile amach anseo. Is é an sprioc fhoriomlán rannchuidiú i dtreo luach dearaidh agus táirgthe comhpháirteanna agus córas leictreonach a dhúbláil san Eoraip faoi 2030, i gcomhréir le meáchan an Aontais i dtáirgí agus seirbhísí;
Leasú 386
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 124 – mír 1 – pointe c
(c)  a áirithiú go dtéann teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas i ngleic le dúshláin shochaíocha agus chomhshaoil na hEorpa. Is é an sprioc atá ann ailíniú le beartas an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus rannchuidiú le hídiú fuinnimh a laghdú 32.5 % in 2030.
(c)  a áirithiú go dtéann teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas i ngleic le dúshláin shochaíocha agus chomhshaoil na hEorpa, lena n-áirítear éifeachtúlacht acmhainne. Is é an sprioc atá ann ailíniú le beartas an Aontais maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus ciorclaíocht, lena n-áirítear prionsabail éicidhearthóireachta.
Leasú 387
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 124 – mír 2 – pointe a
(a)  cumais deartha agus táirgthe a bhunú san Eoraip le haghaidh réimsí straitéiseacha cur i bhfeidhm;
(a)  tacú leis an taighde agus leis an nuálaíocht chun cumais deartha agus táirgthe a bhunú san Eoraip le haghaidh réimsí straitéiseacha cur i bhfeidhm;
Leasú 388
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 124 – mír 2 – pointe b
(b)  punann chothrom de thionscadail mhóra agus bheaga a thacaíonn le haistriú tapa na dteicneolaíochtaí ón taighde chuig an timpeallacht thionsclaíoch a sheoladh;
(b)  punann chothrom de thionscadail mhóra agus bheaga a thacaíonn le haistriú tapa na dteicneolaíochtaí ón taighde chuig an timpeallacht thionsclaíoch a sheoladh, lena n-áirítear FMBanna;
Leasú 389
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 124 – mír 2 – pointe c
(c)  éiceachóras dinimiciúil uile-Aontais a thógáil bunaithe ar shlabhraí luacha digiteacha le rochtain shimplithe ar dhaoine nua;
(c)  éiceachóras dinimiciúil uile-Aontais a thógáil bunaithe ar shlabhraí luacha digiteacha le rochtain shimplithe ar dhaoine nua, lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta;
Leasú 390
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 124 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  rannchuidiú le baint amach na spriocanna a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade’ [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach do na Deich mBliana Digiteacha] (Márta 2021), go háirithe na spriocanna a bhaineann le leathsheoltóirí, speisialtóirí TFC agus digitiú samhlacha gnó.
Leasú 391
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 124 – mír 2 – pointe d
(d)  teicneolaíochtaí comhpháirteanna a ráthaíonn slándáil, iontaofacht agus éifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh bonneagair agus earnálacha criticiúla san Eoraip;
(d)  teicneolaíochtaí comhpháirteanna a ráthaíonn slándáil, iontaofacht, feidhmíocht fheabhsaithe agus éifeachtúlacht fuinnimh le haghaidh bonneagair agus earnálacha criticiúla san Eoraip;
Leasú 392
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 124 – mír 2 – pointe f
(f)  comhleanúnachas a bhunú idir Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht an tionscnaimh agus beartais an Aontais ionas go gcuirfidh teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas leictreonach go héifeachtúil leo.
(f)  comhleanúnachas a bhunú idir Clár Oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht an tionscnaimh agus beartais an Aontais ionas go gcuirfidh teicneolaíochtaí comhpháirteanna agus córas leictreonach go héifeachtúil leo, lena n-áirítear trí réitigh foinse oscailte.
Leasú 393
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 126 – mír 1 – pointe b
(b)  na comhaltaí príobháideacha agus iad comhdhéanta de na cumainn thionsclaíocha seo a leanas agus a gcomheintitis: Cumann AENEAS, cláraithe faoi dhlí na Fraince, lena oifig chláraithe i bPáras na Fraince; Cumann Tionscail ARTEMIS (ARTEMISIA) cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre, lena oifig chláraithe in Eindhoven na hÍsiltíre; Cumann EPoSS e.V., cláraithe faoi dhlí na Gearmáine, lena oifig chláraithe i mBeirlín na Gearmáine.
(b)  na comhaltaí príobháideacha agus iad comhdhéanta de na cumainn thionsclaíocha seo a leanas a dhéanann ionadaíocht ar a gcomheintitis: Cumann AENEAS, cláraithe faoi dhlí na Fraince, lena oifig chláraithe i bPáras na Fraince; Cumann Tionscail ARTEMIS (ARTEMISIA) cláraithe faoi dhlí na hÍsiltíre, lena oifig chláraithe in Eindhoven na hÍsiltíre; Cumann EPoSS e.V., cláraithe faoi dhlí na Gearmáine, lena oifig chláraithe i mBeirlín na Gearmáine.
Leasú 394
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 126 – mír 1 – pointe b a (nua)
(ba)  na comhaltaí comhlachaithe atá le roghnú i gcomhréir le hAirteagal 7.
Leasú 395
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 128 – mír 1
1.  Le linn na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3, déanfaidh stáit rannpháirteacha an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha ranníocaíocht iomlán a bheidh cothrom ar a laghad le méid ranníocaíocht an Aontais le costais oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127.
1.  Le linn na tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3, déanfaidh stáit rannpháirteacha an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha ranníocaíocht iomlán atá i gcomhréir le méid ranníocaíocht an Aontais le costais oibriúcháin dá dtagraítear in Airteagal 127.
Leasú 396
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 128 – mír 3 a (nua)
3a.  I gcomhréir le hAirteagal 26(2), tiocfaidh na comhaltaí príobháideacha ar chomhaontú eatarthu féin maidir le conas a ranníocaíochtaí comhchoiteanna a roinnt, le costais oibríochtúla agus le costais riaracháin an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha araon.
Leasú 397
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 128 – mír 4
4.  Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 na ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(4). Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 na ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(1), lena n-áirítear EUR 2 489 074 000 ar a laghad de ranníocaíochtaí a leagtar síos i bpointe (a) d’Airteagal 11(1). Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 na ranníocaíochtaí a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 11(1).
4.  Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1 na ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(4). Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 na ranníocaíochtaí a leagtar síos in Airteagal 11(1). Cuimseofar sna ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 3 na ranníocaíochtaí a leagtar síos i bpointe (c) d’Airteagal 11(1).
Leasú 398
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 128 – mír 4 a (nua)
4a.  Beidh ceart crosta ag gach stát rannpháirteach maidir le gach saincheist a bhaineann le húsáid a ranníocaíochtaí náisiúnta féin leis an gcomhghnóthas ar bhonn tosaíochtaí straitéiseacha agus cásanna a bhfuil údar cuí leo. Beidh an t-údar cuí ar fáil don phobal chun a áirithiú go bhfeidhmeofar an ceart crosta ar bhealach trédhearcach comhréireach a bhfuil údar cuí leis.
Leasú 399
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 129
Airteagal 129
scriosta
Ranníocaíochtí ó na stáit rannpháirteacha
1.  Cuirfidh gach stát rannpháirteach cur chun feidhme a ranníocaíochtaí le rannpháirtithe i ngníomhaíochtaí indíreacha atá bunaithe sa stát rannpháirteach sin ar iontaoibh an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha trí na comhaontais deontais a chuireann an comhghnóthas i gcrích. Cuirfidh siad íocaíocht a ranníocaíochtaí leis na rannpháirtithe ar iontaoibh an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha freisin. Sonróidh siad na méideanna tiomanta do na gníomhaíochtaí indíreacha.
2.  Síneoidh tairbhithe ghníomhaíochtaí indíreacha an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha comhaontú deontais aonair leis an gComhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha. Leanfaidh rialacha mionsonraithe an chomhaontaithe deontais, lena n-áirítear an creat faoi seach do chearta maoine intleachtúla, rialacha Fís Eorpach.
3.  Geallfaidh na stáit rannpháirteacha méid iomlán a ranníocaíochtaí a íoc trí bhíthin comhaontuithe ceangailteach ó thaobh dlí de idir na heintitis arna n-ainmniú ag gach stát rannpháirteach chun na críche sin agus an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha. Tabharfar comhaontuithe den sórt sin i gcrích sula nglacfar leis an gclár oibre.
4.  Tabharfaidh an Bord Rialála aird chuí ar na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 le linn na meastóireachtaí ar chaiteachas maidir leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta lena mbaineann a ghlacadh d’fhonn prionsabal na cothromaíochta i mbuiséad an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a áirithiú;
5.  Cuirfidh an Stiúrthóir Feidhmiúcháin na comhaontuithe dá dtagraítear i mír 3 de na Reachtanna a thacaíonn leis na meastóireachtaí ar chaiteachas maidir leis na gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta lena mbaineann faoi bhráid an Bhoird Rialála.
6.  Bunófar comhaontuithe eile le haghaidh comhar idir na stáit rannpháirteacha agus an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha agus le haghaidh na ngealltanas maidir leis na ranníocaíochtaí arna lua i mír 1 trí bhíthin comhaontuithe a chuirfear i gcrích idir na heintitis arna n-ainmniú ag gach ceann de na stáit rannpháirteacha chun na críche sin agus an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha.
Leasú 400
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 130 – mír 2 – pointe a
(a)  infheistíocht phríobháideach a bhfuil sé mar aidhm léi torthaí tionscadal de chuid an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha agus Chomhghnóthas ECSEL a thionsclú;
(a)  infheistíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo torthaí tionscadal de chuid an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha agus Chomhghnóthas ECSEL a thionsclú;
Leasú 401
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 130 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)  tionscadail faoin IPCEI ar an micrileictreonaic agus faoin gceann a d’fhéadfadh teacht i gcomharbas air;
Leasú 402
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 130 – mír 2 – pointe e
(e)  gníomhaíochtaí chun an t-éiceachóras a thacaíonn le comhar úsáideoirí agus soláthróirí teicneolaíochta a fhorbairt.
(e)  gníomhaíochtaí chun an t-éiceachóras a thacaíonn le comhar úsáideoirí agus soláthróirí teicneolaíochta a fhorbairt, agus le tionscadail i dTionscnaimh Tí Solais;
Leasú 403
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 130 – mír 2 – pointe e a (nua)
(ea)  gníomhaíochtaí cumarsáide agus scaipthe.
Leasú 404
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 131 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da)  an Bord Comhairleach Eolaíoch.
Leasú 405
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 136 – mír 5
5.  Féadfaidh an cathaoirleach a iarraidh ar dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, go háirithe ionadaithe ó na húdaráis réigiúnacha laistigh den Aontas, ionadaithe ó chomhlachais FBManna agus ionadaithe ó chomhlachtaí eile den Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha.
5.  Féadfaidh an cathaoirleach a iarraidh ar dhaoine eile freastal ar a chruinnithe mar bhreathnóirí, go háirithe ionadaithe ó na húdaráis réigiúnacha laistigh den Aontas, ionadaithe ó chomhlachais FBManna, eagraíochtaí na sochaí sibhialta, agus ionadaithe ó chomhlachtaí eile den Chomhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha.
Leasú 406
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 139 – mír 4 a (nua)
4a.  Is féidir le Bord na gComhaltaí Príobháideacha cuireadh a thabhairt do dhaoine roghnaithe ón lucht léinn agus do chomhaltaí ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta a bheith rannpháirteach sna cruinnithe mar bhreathnóirí. Gheobhaidh siad na doiciméid ábhartha uile agus féadfaidh siad a bheith rannpháirteach sa phlé, gan aon chearta vótála a bheith acu.
Leasú 407
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 140 – mír 1 – pointe a
(a)  an Dréachtchlár Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun cuspóirí an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 124 a bhaint amach, agus ionchur na n-údarás poiblí á chur san áireamh.
(a)  ionchur a fhorbairt lena n-áirítear trí chomhairliúchán poiblí oscailte le haghaidh an Dréachtchlár Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht a tharraingt suas agus a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta chun cuspóirí an Chomhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha a leagtar amach in Airteagail 4 agus 124 a bhaint amach, agus ionchur na n-údarás poiblí agus an Fhóraim chomhairligh Geallsealbhóirí á chur san áireamh.
Leasú 408
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 140 – mír 1 – pointe c
(c)  Fóram comhairleach Páirtithe Leasmhara a eagrú atá oscailte do gach páirtí leasmhar poiblí agus príobháideach a bhfuil leas acu i réimsí na bpríomhtheicneolaíochtaí digiteacha chun iad a chur ar an eolas maidir leis an Dréachtchlár Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht do bhliain ar leith, agus aiseolas a bhailiú air;
(c)  gan dochar d’Airteagal 21, Fóram comhairleach Geallsealbhóirí a eagrú atá oscailte do gach páirtí leasmhar poiblí agus príobháideach a bhfuil leas acu i réimsí na bpríomhtheicneolaíochtaí digiteacha, go háirithe FMBanna agus ionadaithe agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun iad a chur ar an eolas maidir leis an Dréachtchlár agus clár oibre Straitéiseach um Thaighde agus Nuálaíocht do bhliain ar leith, agus ionchur agus aiseolas a bhailiú air;
Leasú 409
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 140 a (nua)
Airteagal 140a
Bord Comhairleach Eolaíoch
1.   Bunóidh an Comhghnóthas Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 131 chun comhairle eolaíoch a lorg ó shaineolaithe acadúla ardleibhéil neamhspleácha.
2.   Ní bheidh níos mó ná 15 bhuanchomhalta ag an mBord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách agus toghfaidh sé a Chathaoirleach as measc a chomhaltaí go ceann tréimhse dhá bhliain.
3.   Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách comhairle a thabhairt, arna iarraidh sin don Bhord Rialaithe agus do chomhlachtaí eile de chuid an Comhghnóthais Eochairtheicneolaíochtaí Digiteacha, nó ar a thionscnamh féin.
4.   Rachaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách i gcomhar leis na comhlachtaí ábhartha comhairleacha arna mbunú le Fís Eorpach.
Leasú 410
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 142 – mír 1 – pointe a
(a)  inniúlacht taighde agus nuálaíochta an Aontais sa réimse BAT a neartú agus a chomhtháthú, chun go mbeidh sí níos athléimní agus intomhaiste i leith luaineachtaí sa trácht agus oibriú comhleanúnach gach aerárthaigh á chumasú;
(a)  inniúlacht taighde agus nuálaíochta an Aontais sa réimse BAT a neartú agus a chomhtháthú, chun go mbeidh sí níos athléimní agus intomhaiste i leith luaineachtaí sa trácht agus oibriú comhleanúnach gach aerárthaigh á chumasú, lena n-áirítear in aerfoirt ina bhfuil dálaí difriúla ATM;
Leasú 411
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 142 – mír 1 – pointe b
(b)  iomaíochas aeriompair le foireann agus iompair aeir gan foireann san Aontas, agus margaí seirbhísí BAT, a neartú, tríd an nuálaíocht, chun tacú le fás eacnamaíoch san Aontas;
(b)  iomaíochas aeriompair san Aontas, agus margaí seirbhísí BAT, a neartú, tríd an nuálaíocht, chun tacú le fás eacnamaíoch san Aontas;
Leasú 412
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 142 – mír 1 – pointe c
(c)  glacadh sa mhargadh le réitigh nuálacha a fhorbairt agus dlús a chur leis chun an t-aerspás san Aerspás Eorpach Aonair a bhunú mar an t-aerspás is éifeachtúla agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol don eitilt ar domhan.
(c)  glacadh sa mhargadh le réitigh nuálacha a fhorbairt agus dlús a chur leis chun an t-aerspás san Aerspás Eorpach Aonair a bhunú mar an t-aerspás is sábhailte agus is éifeachtúla agus is neamhdhíobhálaí don chomhshaol don eitilt ar domhan, ag rannchuidiú le laghdú ar an truailliú aeir agus torainn.
Leasú 413
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 142 – mír 2 – pointe e
(e)  beartú tosaíochta agus pleanáil i leith iarrachtaí nuachóirithe BAT an Aontais a chomhordú, de réir próiseas faoi stiúir comhthola i measc geallsealbhóirí BAT;
(e)  beartú tosaíochta agus pleanáil i leith iarrachtaí nuachóirithe BAT an Aontais a chomhordú, de réir próiseas faoi stiúir comhthola i measc geallsealbhóirí BAT agus ag díriú ar níos mó ná feabhas a chur ar éifeachtúlacht eitiltí aonair, agus na hacmhainneachtaí foriomlána á n-oiriúnú go leanúnach freisin ar bhonn an dul chun cinn teicneolaíochta;
Leasú 414
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 144 – mír 1 – pointe b
(b)  an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (EUROCONTROL), a mbeidh a Gníomhaireacht mar ionadaí di, ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú gan choinníoll do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair trí bhíthin litir ghealltanais;
(b)  an Eagraíocht Eorpach um Shábháilteacht na hAerloingseoireachta (EUROCONTROL), a mbeidh a Gníomhaireacht mar ionadaí di, ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú gan choinníoll do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair trí bhíthin litir ghealltanais, gan dochar do chearta comhaltaí eile, go háirithe FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile an Aontais;
Leasú 415
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 144 – mír 1 – pointe c
(c)  na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinneadh aontú gan choinníoll do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair trí bhíthin litir ghealltanais;
(c)  na comhaltaí bunaidh a liostaítear in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo, ar fhógra a thabhairt maidir lena gcinneadh aontú do Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair trí bhíthin litir ghealltanais, a bheidh bunaithe ar chothromaíocht chóir idir cistiú a fuarthas ón Aontas agus an ranníocaíocht chomhchineáil a gealladh; gan dochar do chearta comhaltaí eile, go háirithe FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile an Aontais;
Leasú 416
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 146 – mír 1
1.  Déanfaidh comhaltaí príobháideach Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair ranníocaíocht iomlán a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe nó déanfaidh siad comhshocrú do dhéanamh a ranníocaíochta iomláine le haghaidh EUR 500 000 000 ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 25 000 000 le haghaidh costais riaracháin sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.
1.  Déanfaidh comhaltaí príobháideach Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair ranníocaíocht iomlán a gcomheintiteas nó a n-eintiteas cleamhnaithe nó déanfaidh siad comhshocrú do dhéanamh a ranníocaíochta iomláine le haghaidh EUR 500 000 000 ar a laghad, lena n-áirítear suas le EUR 25 000 000 le haghaidh costais riaracháin sa tréimhse a leagtar amach in Airteagal 3.
Leasú 417
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 150 – mír 2 – pointe g
(g)  ionadaí ar na hinstitiúidí ábhartha eolaíochta nó ar an bpobal ábhartha eolaíochta, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa;
(g)  ionadaí ar na hinstitiúidí ábhartha eolaíochta nó ar an bpobal ábhartha eolaíochta, lena n-áirítear iad siúd ag a bhfuil saineolas ar an gcomhshaol agus ar an aeráid, arna ainmniú ag a n-eagraíocht ionadaíochta ar leibhéal na hEorpa;
Leasú 418
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 150 – mír 2 – pointe j a (nua)
(ja)  ionadaí ó eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta;
Leasú 419
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 152 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 18, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair na cúraimí seo a leanas:
Anuas ar na cúraimí a liostaítear in Airteagal 18, déanfaidh Stiúrthóir Feidhmiúcháin Chomhghnóthas Taighde BAT 3 an Aerspáis Eorpaigh Aonair na cúraimí seo a leanas, faoi threoir an Bhord Rialaithe:
Leasú 420
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 153 – mír 2
2.  Ní bheidh níos mó ná 15 chomhalta bhuana ar an gCoiste Eolaíochta.
2.  Ní bheidh níos mó ná 15 chomhalta bhuana ar an gCoiste Eolaíochta, agus ag an am céanna á áirithiú go mbeidh saineolaithe aeráide agus comhshaoil i láthair.
Leasú 421
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 1 – pointe a
(a)  ceannasacht teicneolaíochta na hEorpa maidir le líonraí agus seirbhísí cliste amach anseo a chothú trí láidreachtaí tionscail atá ann faoi láthair a neartú agus trí shíneadh a chur leis an raon feidhme ó nascacht 5G go dtí an slabhra luacha straitéiseach níos leithne, lena n-áirítear soláthar seirbhíse néalbhunaithe chomh maith le comhpháirteanna agus gairis;
(a)  cibearshlándáil, athléimneacht agus ceannasacht teicneolaíochta na hEorpa maidir le líonraí agus seirbhísí cliste amach anseo a chothú trí láidreachtaí tionscail atá ann faoi láthair a neartú agus trí shíneadh a chur leis an raon feidhme ó nascacht 5G go dtí an slabhra luacha straitéiseach níos leithne, lena n-áirítear soláthar seirbhíse néalbhunaithe chomh maith le comhpháirteanna agus gairis;
Leasú 422
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 1 – pointe b
(b)  treochláir straitéiseacha a ailíniú le réimse níos leithne gníomhaithe tionscail, lena n-áirítear ní hamháin an tionscal teileachumarsáide, ach gníomhaithe ó réimsí Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus an néil, chomh maith le comhpháirteanna agus gairis freisin;
(b)  treochláir straitéiseacha a ailíniú le réimse níos leithne gníomhaithe tionscail, lena n-áirítear ní hamháin an tionscal teileachumarsáide, ach gníomhaithe ó réimsí Idirlíon na Rudaí Nithiúla agus an néil, FMBanna agus gnólachtaí nuathionscanta sa réimse céanna, chomh maith le comhpháirteanna agus gairis freisin;
Leasú 423
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 1 – pointe c
(c)  sármhaitheas teicneolaíochta agus eolaíochta na hEorpa a chur chun cinn chun tacú le ceannaireacht na hEorpa chun córais 6G a mhúnlú agus máistreacht a fháil orthu faoi 2030;
(c)  sármhaitheas teicneolaíochta agus eolaíochta na hEorpa a chur chun cinn chun tacú le ceannaireacht na hEorpa chun córais 6G a mhúnlú agus máistreacht a fháil orthu faoi 2030, chomh maith le teicneolaíochtaí cumarsáide ábhartha eile;
Leasú 424
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 1 – pointe d
(d)  cur in úsáid bonneagar digiteach agus glacadh réiteach digiteach a neartú i margaí na hEorpa agus go háirithe trí shásra comhordaithe straitéisigh a áirithiú do SCE2 Digiteach, chomh maith le sineirgí laistigh de SCE2, agus le CED agus InvestEU mar chuid de raon feidhme agus rialachas an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste;
(d)  cur in úsáid bonneagar digiteach agus glacadh táirgí agus teicneolaíochtaí digiteacha a neartú i margaí na hEorpa agus go háirithe trí shásra comhordaithe straitéisigh a áirithiú do SCE2 Digiteach, chomh maith le sineirgí laistigh de SCE2, agus le CED agus InvestEU mar chuid de raon feidhme agus rialachas an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste;
Leasú 425
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 1 – pointe f
(f)  an nuálaíocht dhigiteach a éascú, faoi 2030, agus riachtanais mhargaí na hEorpa agus ceanglais beartais phoiblí á gcomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais is déine ag margaí ingearacha, chomh maith le ceanglais shochaíocha i réimsí lena n-áirítear an tslándáil, an éifeachtúlacht fuinnimh agus réimsí leictreamaighnéadacha;
(f)  an nuálaíocht dhigiteach a éascú, faoi 2030, agus riachtanais mhargaí na hEorpa agus ceanglais beartais phoiblí á gcomhlíonadh, lena n-áirítear na ceanglais is déine ag margaí ingearacha, chomh maith le ceanglais shochaíocha i réimsí lena n-áirítear an tsábháilteacht, an tslándáil, an éifeachtúlacht fuinnimh agus réimsí leictreamaighnéadacha;
Leasú 426
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 1 – pointe f a (nua)
(fa)  forbairt na gcaighdeán is airde nuálaíochta 6G a chur chun cinn ar bhealach cothrom, trédhearcach agus oscailte;
Leasú 427
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 1 – pointe g a (nua)
(ga)  rannchuidiú le baint amach na spriocanna a leagtar amach sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le compás Digiteach 2030, go háirithe iad sin a bhaineann le nascacht, néalseirbhísí agus speisialtóirí TFC;
Leasú 428
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 1 – pointe g b (nua)
(gb)  rannchuidiú leis an mbearna nascachta a laghdú, a bhfuil tionchar fós aici ar limistéir fhorimeallacha Eorpacha amhail oileáin, na réigiúin is forimeallaí, chomh maith le limistéir atá tearc i ndaoine agus ceantair thuaithe.
Leasú 429
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 2 – pointe a
(a)  forbairt teicneolaíochtaí atá in ann ardriachtanais chumarsáide a chomhlíonadh a éascú agus tacú le sármhaitheas na hEorpa maidir le teicneolaíochtaí agus ailtireachtaí líonraí agus seirbhísí cliste agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu i leith 6G ag an am céanna, lena n-áirítear seasaimh láidre Eorpacha ar chaighdeáin, paitinní fíor-riachtanacha, agus sainaithint príomhcheanglas, amhail bandaí speictrim atá de dhíth le haghaidh teicneolaíochtaí ardlíonra cliste amach anseo;
(a)  forbairt teicneolaíochtaí atá in ann ardriachtanais chumarsáide a chomhlíonadh a éascú agus tacú le sármhaitheas na hEorpa maidir le teicneolaíochtaí agus ailtireachtaí líonraí agus seirbhísí cliste agus an éabhlóid a thiocfaidh orthu i leith 6G, chomh maith le teicneolaíochtaí ábhartha cumarsáide nua, ag an am céanna, lena n-áirítear seasaimh láidre Eorpacha ar chaighdeáin, paitinní fíor-riachtanacha, agus sainaithint príomhcheanglas, amhail bandaí speictrim atá de dhíth le haghaidh teicneolaíochtaí ardlíonra cliste amach anseo;
Leasú 430
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 2 – pointe e
(e)  seasamh thionscal an Aontais i slabhra luacha líonra agus seirbhísí cliste an domhain a neartú trí mhais chriticiúil gníomhaithe poiblí agus príobháideacha a chruthú, go háirithe trí rannchuidiú gníomhaithe bogearraí agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla a mhéadú, tionscnaimh náisiúnta a ghiaráil agus tacú le teacht chun cinn gníomhaithe nua;
(e)  seasamh thionscal an Aontais, go háirithe FMBanna, i slabhra luacha líonra agus seirbhísí cliste an domhain a neartú trí mhais chriticiúil gníomhaithe poiblí agus príobháideacha a chruthú, go háirithe trí rannchuidiú gníomhaithe bogearraí agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla a mhéadú, tionscnaimh náisiúnta a ghiaráil agus tacú le teacht chun cinn gníomhaithe nua;
Leasú 431
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 159 – mír 2 – pointe f
(f)  tacú le hailíniú le ceanglais eiticiúla agus slándála, iad a chuimsiú sna Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus Nuálaíocht agus ionchur a sholáthar do phróiseas reachtach an Aontais de réir mar is iomchuí.
(f)  tacú le hailíniú le ceanglais eiticiúla agus slándála, go háirithe príobháideacht agus slándáil trí dhearadh, iad a chuimsiú sna Cláir Oibre Straitéiseacha um Thaighde agus Nuálaíocht agus ionchur a sholáthar do phróiseas reachtach an Aontais de réir mar is iomchuí.
Leasú 432
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 160 – mír 1 – pointe a
(a)  cur le cláir oibre clár eile de chuid an Aontais, amhail SCE2 Digiteach, CED agus InvestEU atá ag cur gníomhaíochtaí chun feidhme i réimse na líonraí agus seirbhísí cliste;
(a)  cur le cláir oibre clár eile de chuid an Aontais, arna iarraidh sin, amhail SCE2 Digiteach, CED agus InvestEU atá ag cur gníomhaíochtaí chun feidhme i réimse na líonraí agus seirbhísí cliste;
Leasú 433
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 160 – mír 1 – pointe b
(b)  tionscnaimh phíolótacha agus cur in úsáid an Aontais i réimse na líonraí agus seirbhísí cliste a chomhordú, amhail conairí 5G uile-Eorpacha le haghaidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe faoi SCE2 Digiteach, i gcomhar leis an gCoimisiún agus comhlachtaí ábhartha inniúla cistithe;
(b)  tionscnaimh phíolótacha agus cur in úsáid an Aontais i réimse na líonraí agus seirbhísí cliste a éascú, amhail conairí 5G uile-Eorpacha le haghaidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe faoi SCE2 Digiteach, i gcomhar leis an gCoimisiún agus comhlachtaí ábhartha inniúla cistithe;
Leasú 434
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 160 – mír 1 – pointe d
(d)  na cláir straitéiseacha cur in úsáid maidir le conairí 5G uile-Eorpacha le haghaidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe a fhorbairt agus a chomhordú le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Doiciméid chlársceidealaithe lena gcumhdaítear fad SCE2 Digiteach agus lena sainítear fís choiteann maidir le forbairt éiceachóras 5G-chumasaithe agus na ceanglais líonra agus seirbhísí atá mar bhonn taca fúthu, agus lena sainaithnítear cuspóirí agus treochláir cur in úsáid chomh maith le samhlacha féideartha comhair, a bheidh sna cláir sin.
(d)  na cláir straitéiseacha cur in úsáid maidir le conairí 5G uile-Eorpacha le haghaidh soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe a fhorbairt agus aiseolas a thabhairt ina leith le rannpháirtíocht páirtithe leasmhara. Doiciméid chlársceidealaithe tháscacha lena gcumhdaítear fad SCE2 Digiteach agus lena sainítear fís choiteann maidir le forbairt éiceachóras 5G-chumasaithe agus na ceanglais líonra agus seirbhísí atá mar bhonn taca fúthu, agus lena sainaithnítear cuspóirí agus treochláir cur in úsáid chomh maith le samhlacha féideartha comhair, a bheidh sna cláir sin.
Leasú 435
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 161 – mír 1 – pointe b
(b)  an Comhlachas Bonneagair 5G, ar fhógra a thabhairt maidir lena chinneadh aontú gan choinníoll don Chomhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste trí bhíthin litir ghealltanais.
(b)  Comhlachas EDCTP, eagraíocht neamhbhrabúsach a bunaíodh faoi dhlí na hÍsiltíre, ar fhógra a thabhairt maidir lena cinneadh aontú gan choinníoll do Chomhghnóthas Shláinte Dhomhanda EDCTP3 trí bhíthin litir ghealltanais, gan dochar do chearta comhaltaí, gan dochar do chearta comhaltaí, go háirithe do chearta FBManna, mar a leagtar amach sa Rialachán seo agus i ndlí ábhartha eile de chuid an Aontais.
Leasú 436
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 164 – mír 1 – pointe a
(a)  seachghníomhaíochtaí taighde agus forbartha;
(a)  seachghníomhaíochtaí taighde agus forbartha, lena n-áirítear maidir le bogearraí agus teicneolaíochtaí foinse oscailte;
Leasú 437
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 164 – mír 1 – pointe b
(b)  rannchuidithe le caighdeánú;
(b)  rannchuidithe le caighdeánú, lena n-áirítear le haghaidh caighdeáin oscailte;
Leasú 438
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 164 – mír 1 – pointe e
(e)  rannchuidithe le gníomhaíochtaí an Chomhlachais Bonneagair 5G agus aon ghrúpa nó comhlachas eile páirtithe leasmhara i réimse an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste, nach gcistítear faoi dheontas ón Aontas;
(e)  rannchuidithe le gníomhaíochtaí taighde, forbartha agus cur in úsáid an Chomhlachais Bonneagair 5G agus aon ghrúpa nó comhlachas eile páirtithe leasmhara i réimse an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste, nach gcistítear faoi dheontas ón Aontas;
Leasú 439
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 164 – mír 1 – pointe f
(f)  gníomhaíochtaí chun an t-éiceachóras a fhorbairt, lena n-áirítear comhar a fhorbairt le tionscail ingearacha;
(f)  gníomhaíochtaí chun an t-éiceachóras a fhorbairt, lena n-áirítear teicneolaíochtaí agus líonraí cumarsáide oscailte, idir-inoibritheach agus comhoibritheach agus comhar a fhorbairt le tionscail ingearacha;
Leasú 440
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 164 – mír 1 – pointe g
(g)  gníomhaíochtaí scaipthe torthaí ar fud an domhain chun teacht ar chomhréiteach maidir le teicneolaíochtaí a dtacaítear leo mar ullmhúchán le haghaidh caighdeáin amach anseo;
(g)  gníomhaíochtaí scaipthe torthaí ar fud an domhain chun teacht ar chomhréiteach maidir le teicneolaíochtaí a dtacaítear leo mar ullmhúchán le haghaidh caighdeáin amach anseo, lena n-áirítear tríd an slabhra luacha;
Leasú 441
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 165 – mír 1 – pointe d a (nua)
(da)  an Bord Comhairleach Eolaíoch.
Leasú 442
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 168 – mír 1 – pointe a
(a)  cláir straitéiseacha cur in úsáid a ghlacadh agus, más iomchuí, iad a leasú le linn fhad an chláir SCE2 Digiteach;
(a)  cláir straitéiseacha cur in úsáid an chomhghnóthais a ghlacadh agus, más iomchuí, iad a leasú le linn fhad an chláir SCE2 Digiteach;
Leasú 443
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 168 – mír 1 – pointe b
(b)  a áirithiú go gcuirfear reachtaíocht chibearshlándála an Aontais agus treoraíocht chomhordaithe na mBallstát atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo san áireamh i ngach gníomhaíocht den Chomhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste;
(b)  a áirithiú go ndéanfar reachtaíocht chibearshlándála an Aontais agus treoraíocht chomhordaithe na mBallstát atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo a chur chun feidhme i gceart agus a chur san áireamh i ngach gníomhaíocht den Chomhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste;
Leasú 444
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 168 – mír 1 – pointe c
(c)  sineirgí agus comhlántachtaí a chur chun cinn idir earnálacha digiteacha, iompair agus fuinnimh SCE2 trí réimsí idirghabhála a shainaithint agus rannchuidiú leis na cláir oibre, chomh maith le sineirgí agus comhlántachtaí le cláir ábhartha eile an Aontais.
(c)  sineirgí agus comhlántachtaí a chur chun cinn idir earnálacha digiteacha, iompair agus fuinnimh SCE2 trí réimsí idirghabhála a shainaithint agus rannchuidiú féideartha leis na cláir oibre, chomh maith le sineirgí agus comhlántachtaí le cláir ábhartha eile an Aontais.
Leasú 445
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 169 a (nua)
Airteagal 169a
Bord Comhairleach Eolaíoch
1.   Bunóidh an Comhghnóthas um Líonraí agus Seirbhísí Cliste Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách dá dtagraítear in Airteagail 19 agus 165 chun comhairle eolaíoch a lorg ó shaineolaithe acadúla ardleibhéil neamhspleácha.
2.   Ní bheidh níos mó ná 15 bhuanchomhalta ag an mBord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách agus toghfaidh sé a Chathaoirleach as measc a chomhaltaí go ceann tréimhse dhá bhliain.
3.   Féadfaidh an Bord Comhairleach Eolaíoch neamhspleách comhairle a thabhairt, arna iarraidh sin don Bhord Rialaithe agus do chomhlachtaí eile de chuid an Chomhghnóthais um Líonraí agus Seirbhísí Cliste, nó ar a thionscnamh féin.
Leasú 446
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 1
1.  Beidh gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas faoi réir faireachán leanúnach agus athbhreithnithe tréimhsiúla i gcomhréir lena gcuid rialacha airgeadais, d’fhonn an tionchar is mó, sármhaitheas san eolaíocht agus an úsáid is éifeachtúla as acmhainní a áirithiú. Cuirfear torthaí an fhaireacháin agus na n-athbhreithnithe tréimhsiúla leis an bhfaireachán ar chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus na meastóireachtaí ar na Comhghnóthais mar chuid de na meastóireachtaí in Fís Eorpach.
1.  Beidh gníomhaíochtaí na gcomhghnóthas faoi réir faireachán leanúnach agus athbhreithnithe tréimhsiúla i gcomhréir lena gcuid rialacha airgeadais, d’fhonn an tionchar is mó, sármhaitheas san eolaíocht, breisluach sochaíoch agus an úsáid is éifeachtaí agus is éifeachtúla as acmhainní a áirithiú. Cuirfear torthaí an fhaireacháin agus na n-athbhreithnithe tréimhsiúla leis an bhfaireachán ar chomhpháirtíochtaí Eorpacha agus na meastóireachtaí ar na Comhghnóthais mar chuid de na meastóireachtaí in Fís Eorpach. Leis an bhfaireachán agus na hathbhreithnuithe sin, ní mhéadóidh ualach riaracháin na gomhghnóthas nó ualach riaracháin a dtairbhithe.
Leasú 447
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 2 – an chuid réamhráiteach
2.  Ba cheart do na comhghnóthais faireachán leanúnach a eagrú ar a ngníomhaíochtaí bainistíochta agus athbhreithnithe tréimhsiúla ar aschuir, torthaí agus tionchair a dtionscadal a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le [hAirteagal 45] agus [Iarscríbhinn III] den Rialachán maidir le Fís Eorpach. Áireofar ar an bhfaireachán sin:
2.  Ba cheart do na comhghnóthais faireachán leanúnach a eagrú ar bhainistiú agus cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí bainistíochta agus athbhreithnithe tréimhsiúla ar aschuir, torthaí agus tionchair a dtionscadal a chuirtear chun feidhme i gcomhréir le [hAirteagal 45] agus [Iarscríbhinní III agus V] den Rialachán maidir le Fís Eorpach. Cuirfear an faireachán sin ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin gach comhghnóthais faoi seach go tráthúil agus beidh an méid seo a leanas san áireamh ann:
Leasú 448
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 2 – pointe b
(b)  faisnéis ar an leibhéal príomhshruthaithe eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí, an cóimheas idir Leibhéil Réidhe Teicneolaíochta ísle agus arda i dtaighde comhoibritheach, an dul chun cinn ar rannpháirtíocht tíortha a leathnú, comhdhéanamh geografach cuibhreannas i dtionscadail chomhoibritheacha, úsáid nós imeachta aighneachta agus meastóireachta dhá chéim, na bearta atá dírithe ar naisc chomhoibritheacha a éascú i dtaighde agus nuálaíocht na hEorpa, úsáid an athbhreithnithe meastóireachta agus líon agus cineálacha na ngearán, an leibhéal príomhshruthaithe aeráide agus caiteachas gaolmhar, rannpháirtíocht FBM, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, rannpháirtíocht inscne i ngníomhaíochtaí cistithe, painéil mheastóireachta, boird agus grúpaí comhairleacha, an ráta comhchistithe, an cistiú comhlántach agus carnach ó chistí eile de chuid an Aontais, an méid ama a thógann sé deontas a thabhairt, an leibhéal comhair idirnáisiúnta, rannpháirtíocht saoránach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta;
(b)  faisnéis ar an leibhéal príomhshruthaithe eolaíochtaí sóisialta agus daonnachtaí, an cóimheas idir Leibhéil Réidhe Teicneolaíochta ísle agus arda i dtaighde comhoibritheach, an dul chun cinn ar rannpháirtíocht tíortha a leathnú, comhdhéanamh geografach cuibhreannas i dtionscadail chomhoibritheacha, úsáid nós imeachta aighneachta agus meastóireachta dhá chéim, na bearta atá dírithe ar naisc chomhoibritheacha a éascú i dtaighde agus nuálaíocht na hEorpa, úsáid an athbhreithnithe meastóireachta agus líon agus cineálacha na ngearán, an leibhéal príomhshruthaithe aeráide agus caiteachas gaolmhar, rannpháirtíocht FBM, rannpháirtíocht na hearnála príobháidí, comhtháthú ghné na hinscne in inneachar na ngníomhaíochtaí arna gcistiú chomh maith le rannpháirtíocht inscne i ngníomhaíochtaí cistithe, painéil mheastóireachta, boird agus grúpaí comhairleacha, an ráta comhchistithe, an cistiú comhlántach agus carnach ó chistí eile de chuid an Aontais, an méid ama a thógann sé deontas a thabhairt, an leibhéal comhair idirnáisiúnta, rannpháirtíocht saoránach agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta agus cleachtais rochtana oscailte;
Leasú 449
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 2 – pointe d a (nua)
(da)  na bearta chun daoine nua a mhealladh agus chun líonraí comhoibríocha a leathnú;
Leasú 450
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 2 – pointe d b (nua)
(db)  éifeachtaí giarála cainníochtúla agus cáilíochtúla, go háirithe leibhéal na ranníocaíochtaí airgeadais agus na ranníocaíochtaí comhchineáil a gealladh agus leibhéal iad siúd a cuireadh ar fáil go hiarbhír, a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí oibríochtúla agus gníomhaíochtaí breise araon.
Leasú 451
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 3
3.  Cuirfear meastóireachtaí ar oibríochtaí na gcomhghnóthas i gcrích go tráthúil chun fónamh do na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh foriomlána in Fís Eorpach agus don phróiseas cinnteoireachta gaolmhar maidir le Fís Eorpach, a chomharba agus tionscnaimh eile atá ábhartha do thaighde agus nuálaíocht, dá dtagraítear in [Airteagal 47] den Rialachán maidir le Fís Eorpach.
3.  Cuirfear meastóireachtaí ar oibríochtaí na gcomhghnóthas i gcrích go tráthúil chun fónamh do na meastóireachtaí eatramhacha agus deiridh foriomlána in Fís Eorpach agus don phróiseas cinnteoireachta gaolmhar maidir le Fís Eorpach, a chomharba agus tionscnaimh eile atá ábhartha do thaighde agus nuálaíocht, dá dtagraítear in [Airteagal 47] den Rialachán maidir le Fís Eorpach. Ní bheidh na meastóireachtaí sin ina gcúis le hualach breise riaracháin ar na comhghnóthais ná ar a dtairbhithe.
Leasú 452
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 4
4.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus deiridh ar gach Comhghnóthas chun fónamh do mheastóireachtaí Fís Eorpach, mar a shonraítear in [Airteagal 47] den Rialachán maidir le Fís Eorpach. Déanfar scrúdú sna meastóireachtaí ar conas a chomhlíonann gach comhghnóthas a mhisean agus a chuspóirí, cumhdófar gach gníomhaíocht den chomhghnóthas agus déanfar meastóireacht ar bhreisluach Eorpach, éifeachtacht, éifeachtúlacht an chomhghnóthais lena mbaineann, lena n-áirítear a oscailteacht agus a thrédhearcacht, ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a shaothraítear agus a gcomhleanúnachas agus a gcomhlántachtaí le beartais ábhartha réigiúnacha, náisiúnta agus de chuid an Aontais, lena n-áirítear sineirgí le codanna eile de Fís Eorpach, amhail misin, braislí nó cláir théamacha nó shonracha. Cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí tuairimí na bpáirtithe leasmhara, ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus i gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh iontu freisin measúnú ar tionchair fhadtéarmacha eolaíochta, shochaíocha, eacnamaíocha agus teicneolaíochtaí na dtionscnamh dá dtagraítear i míreanna (3) go (9) d’Airteagal 174. Áireofar leis na meastóireachtaí freisin, i gcás inarb ábhartha, measúnú ar an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomh sa todhchaí, chomh maith le hábharthacht agus comhleanúnachas aon athnuachana a fhéadfar a dhéanamh ar gach comhghnóthas faoi seach i bhfianaise na dtosaíochtaí beartais foriomlána agus an tírdhreach tacaíochta taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear a shuíomh i gcomparáid le tionscnaimh eile a dtacaítear leo tríd an gCreatchlár, go háirithe comhpháirtíochtaí nó misin Eorpacha. Tabharfar aird chuí sna meastóireachtaí ar an bplean céimnithe amach arna ghlacadh ag an mBord Rialála i gcomhréir le hAirteagal 16(2)(y) freisin.
4.  Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht eatramhach agus deiridh ar gach Comhghnóthas agus foilseoidh sé í chun fónamh do mheastóireachtaí Fís Eorpach, mar a shonraítear in [Airteagal 47] den Rialachán maidir le Fís Eorpach. Déanfar scrúdú sna meastóireachtaí ar conas a chomhlíonann gach comhghnóthas a mhisean agus a chuspóirí, cumhdófar gach gníomhaíocht den chomhghnóthas agus déanfar meastóireacht ar bhreisluach Eorpach, éifeachtacht, éifeachtúlacht an chomhghnóthais lena mbaineann, lena n-áirítear a oscailteacht agus a thrédhearcacht, ar ábharthacht na ngníomhaíochtaí a shaothraítear maidir le beartais uileghabhálacha agus spriocanna uileghabhálacha an Aontais chomh maith le rannchuidiú le riachtanais agus sochair na sochaí, agus a gcomhleanúnachas agus a gcomhlántachtaí le beartais ábhartha réigiúnacha, náisiúnta agus de chuid an Aontais, lena n-áirítear sineirgí le comhpháirtíochtaí eile agus le codanna eile de Fís Eorpach, amhail misin, braislí nó cláir théamacha nó shonracha. Cuirfear san áireamh sna meastóireachtaí tuairimí na bpáirtithe leasmhara, ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus i gcás inarb ábhartha, cuirfear san áireamh iontu freisin measúnú ar thionchair fhadtéarmacha eolaíochta, shochaíocha, eacnamaíocha agus teicneolaíochtaí na dtionscnamh dá dtagraítear i míreanna (3) go (9) d’Airteagal 174 agus in Iarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán maidir le Fís Eorpach. Áireofar leis na meastóireachtaí freisin, i gcás inarb ábhartha, measúnú ar an modh idirghabhála beartais is éifeachtaí le haghaidh aon ghníomh sa todhchaí, chomh maith le hábharthacht agus comhleanúnachas aon athnuachana a fhéadfar a dhéanamh ar gach comhghnóthas faoi seach i bhfianaise na dtosaíochtaí beartais foriomlána agus an tírdhreach tacaíochta taighde agus nuálaíochta, lena n-áirítear a shuíomh i gcomparáid le tionscnaimh eile a dtacaítear leo tríd an gCreatchlár, go háirithe comhpháirtíochtaí nó misin Eorpacha. Tabharfar aird chuí sna meastóireachtaí ar an bplean céimnithe amach arna ghlacadh ag an mBord Rialaithe i gcomhréir le hAirteagal 16(2)(y) freisin.
Leasú 453
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 6
6.  Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí breise a dhéanamh ar théamaí nó ar thopaicí atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha seachtracha arna roghnú ar bhonn próiseas trédhearcach, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne comhghnóthas i dtreo na gcuspóirí a leagadh síos, agus na tosca a rannchuidíonn le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus dea-chleachtais a shainaithint freisin. Ach na meastóireachtaí breise sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún a mhachnamh iomlán ar thionchar an chomhghnóthais lena mbaineann.
6.  Féadfaidh an Coimisiún meastóireachtaí breise a dhéanamh ar théamaí nó ar thopaicí atá ábhartha go straitéiseach, le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha seachtracha arna roghnú ar bhonn glao ar léirithe spéise a bheidh oscailte agus trédhearcach, chun scrúdú a dhéanamh ar an dul chun cinn a rinne comhghnóthas i dtreo na gcuspóirí a leagadh síos, agus na tosca a rannchuidíonn le cur chun feidhme na ngníomhaíochtaí a shainaithint agus dea-chleachtais a shainaithint freisin. Trí na meastóireachtaí breise sin a dhéanamh, déanfaidh an Coimisiún an tionchar riarachán ar an gcomhghnóthas lena mbaineann a bhreithniú go hiomlán, agus déanfaidh sé a dhícheall an t-ualach riaracháin a laghdú agus a áirithiú go bhfuil an próiseas meastóireachta simplí agus lán-trédhearcach. Beidh aon mheastóireacht sa réimse bunaithe ar mheasúnú fónta ar roghanna beartais ó dhearcadh an rialachais, lena n-áirítear go háirithe an fhéidearthacht go socrófaí coimircí leordhóthanacha lena áirithiú go dtabharfaí urraim do leas an phobail i ngach oibríocht.
Leasú 454
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 7 a (nua)
7a.  Beidh tuairisciú i gcomhréir le ceanglais chaighdeánacha Fís Eorpach maidir le tuairisciú. Áireofar freisin i bhforbairt na gcóras tuairiscithe i gcomhthéacs chomhordú straitéiseach an phróisis na Ballstáit agus ionadaithe comhpháirtíochta chun sioncrónú agus comhordú iarrachtaí tuairiscithe agus faireacháin a áirithiú, lena n-áirítear leithdháileadh cúraimí bailithe eolais agus tuairiscithe.
Leasú 455
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 – mír 9
9.  Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar na comhghnóthais, ina n-áireofar conclúidí na meastóireachta agus breathnóireachtaí an Choimisiúin, a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún mar chuid de na meastóireachtaí in Fís Eorpach dá dtagraítear in [Airteagal 47] den Rialachán maidir le Fís Eorpach.
9.  Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí ar na comhghnóthais, ina n-áireofar conclúidí na meastóireachta agus breathnóireachtaí an Choimisiúin, a chur ar fáil don phobal agus a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún mar chuid de na meastóireachtaí in Fís Eorpach dá dtagraítear in [Airteagal 47] den Rialachán maidir le Fís Eorpach.
Leasú 456
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 171 a (nua)
Airteagal 171a
Cuntasacht chuig na saoránaigh Eorpacha
Gan dochar do na ceanglais phoiblíochta a leagtar amach sa Rialachán seo, déanfar an fhaisnéis atá sa tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite ar ghníomhaíochtaí na gcomhghnóthas agus sa tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 171 a chur ar fáil go poiblí ar líne don phobal i gcoitinne trí uirlisí éasca a úsáid, lena n-áirítear grafaicí faisnéise agus córais rianaithe caiteachais.

Trédhearcacht AE i bhforbairt, ceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19
PDF 145kWORD 55k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le trédhearcacht AE i bhforbairt, ceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19 (2021/2678(RSP))
P9_TA(2021)0435B9-0519/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus d’Airteagail 4, 6, 9, 15(3) agus 122(1) de,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 3 agus 35 di,

–  ag féachaint do Chairt Shóisialta na hEorpa a síníodh in Torino an 18 Deireadh Fómhair 1961, agus go háirithe d’Airteagal 11 di,

–  ag féachaint d’Airteagal 31 de Chomhaontú na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (TRIPS),

–  ag féachaint don rún a glacadh ag an seisiún iomlánach den 72ú Comhthionól Domhanda Sláinte an 28 Bealtaine 2019 dar teideal ‘Feabhas a chur ar thrédhearcacht na margaí le haghaidh cógas, vacsaíní agus táirgí sláinte eile’,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh,(1)

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún(2),

–  ag féachaint do Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine(3),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoracha 90/385/CEE agus 93/42/CEE ón gComhairle(4),

–  ag féachaint do na rúin uaithi maidir le paindéim COVID‑19 a chomhrac, go háirithe rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(5),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Straitéis AE le haghaidh vacsaíní COVID-19’ (COM(2020)0245),

–  ag féachaint do chinneadh ón gCoimisiún an 18 Meitheamh 2020 lena bhformheastar an comhaontú leis na Ballstáit maidir le vacsaíní COVID-19 a sholáthar thar ceann na mBallstát agus nósanna imeachta gaolmhara, lena n-áirítear an iarscríbhinn a ghabhann leis (C(2020)4192),

–  ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), go háirithe a breithiúnais i gcásanna C-183/95 agus C-221/10,(6)

–  ag féachaint do shraith fiosrúchán agus tionscnamh an Ombudsman Eorpaigh ag féachaint do thrédhearcacht fhreagairt riarachán AE ar phaindéim COVID-19,(7)

–  ag féachaint do Rún 2361 (2021) ó Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa an 27 Eanáir 2021 dar teideal ‘Vacsaíní COVID-19: ceisteanna eiticiúla, dlíthiúla agus praiticiúla’(8);

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Oviedo um Chearta an Duine agus an Bhithmhíochaine agus dá Phrótacail(9);

–  ag féachaint don cheist chuig an gCoimisiún maidir le trédhearcacht AE i bhforbairt, ceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19 (O-000046/2021 – B9-0033/2021),

–  ag féachaint do Riail 136(5) agus Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí go bhfuil achainíocha 1477/2020, 0062/2021 agus 0066/2021 faighte ag an gCoiste um Achainíocha, arb achainíocha iad a léiríonn ábhair imní maidir le heaspa trédhearcachta AE i dtaobh forbairt, ceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19;

B.  de bhrí go n-iarrtar sna hachainíocha go ndéanfaí sonraí iomlána na gconarthaí maidir le vacsaíní COVID-19 arna dtabhairt i gcrích idir an Coimisiún, na Ballstáit agus tionscal na cógaisíochta, chomh maith le sonraí na dtrialacha cliniciúla ar leibhéal an othair, a fhoilsiú go tráthúil agus go ndéanfaí dlí na paitinne a chur ar fionraí go sealadach chun go mbeidh rochtain thapa, chothrom agus uilíoch ar vacsaíní i ngach cuid den domhan;

C.  de bhrí gurb í trédhearcacht iomlán maidir le mionsonraí uile an taighde ar vacsaíní COVID-19 agus maidir le forbairt, ceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19 an réamhriachtanas bunúsach chun feabhas a chur ar mhuinín na saoránach as vacsaíní agus as an mbealach ar a bhfuil méideanna ollmhóra de chistí poiblí caite ag institiúidí; de bhrí gurb ionann aon easpa trédhearcachta i gcreat na géarchéime sláinte poiblí is tromchúisí sa lá atá inniu ann agus sárú ar cheart na saoránach chun faisnéise agus go bhféadfadh neamhchinnteacht, leathadh na bréagaisnéise agus baol méadaithe drogaill roimh an vacsaíniú a bheith mar thoradh uirthi, rud a bhainfeadh an bonn de ghníomhaíocht mhear agus éifeachtach in aghaidh na paindéime; de bhrí gur colún bunúsach í an trédhearcacht le go n-éireoidh le straitéis AE um vacsaíní COVID-19;

D.  de bhrí go bhfuil bearta eisceachtúla á gcur chun feidhme ag an nGníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA) chun trédhearcacht a gníomhaíochtaí rialála a uasmhéadú maidir le cóireálacha agus vacsaíní in aghaidh COVID-19 atá formheasta nó a bhfuil meastóireacht á déanamh orthu, lena n-áirítear tuarascálacha a fhoilsiú maidir le staidéar cliniciúil arna gcur faoi bhráid EMA in iarratais ar údarú margaíochta; de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag na bearta arna gcur chun feidhme ag EMA aghaidh a thabhairt ar an ardleibhéil spéise atá i bhfaisnéis maidir le taighde domhanda ar chógais COVID-19 agus tacú leis an taighde sin;

E.  de bhrí, sa chéad dá ráithe de 2021, nach raibh cuideachtaí cógaisíochta ag comhlíonadh a ngealltanas seachadta vacsaíne, rud a bhí ag cur moill shuntasach ar an bpróiseas vacsaínithe sna Ballstáit agus a bhí ina bhagairt thromchúiseach don tsláinte phoiblí dá bharr;

F.  de bhrí go mbunaítear an bonn don chomhar vacsaínithe san Eoraip le trédhearcacht i gceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19;

G.  de bhrí go bhfuil níos mó ná 200 000 saoránach tar éis tacú cheana féin leis an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ‘Paindéim gan Bhrabús’, lena n-éilítear ‘gur cheart sonraí maidir le costais táirgthe, ranníocaíochtaí poiblí agus éifeachtacht agus sábháilteacht vacsaíní agus cógas a bheith poiblí agus nach mór conarthaí idir údaráis phoiblí agus cuideachtaí cógaisíochta a phoibliú’;

H.  de bhrí gur tástáil iontaoibhe í láimhseáil phaindéim COVID-19 do gach Ballstát agus institiúid AE, a bheidh mar bhonn eolais don fhreagairt ar éigeandálaí sláinte poiblí a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo;

I.  de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú ar bhealach chomh hoscailte agus is féidir agus chomh gar agus is féidir do na saoránaigh, agus conarthaí vacsaíne COVID-19 á gcaibidliú acu le cuideachtaí cógaisíochta; de bhrí go ndiúltaíonn an Coimisiún ainmneacha na saineolaithe nó fiú na seacht mBallstát a ndéantar ionadaíocht orthu ar an gcomhfhoireann chaibidlíochta a nochtadh; de bhrí gur réamhriachtanas í an chuntasacht dhaonlathach má tá straitéis vacsaíne AE le ról éifeachtach inchreidte a imirt sna hiarrachtaí ar vacsaíniú domhanda;

J.  de bhrí go bhfágtar an tsochaí gan cosaint ar mhífhaisnéis, agus de bhrí gur minic a chuirtear faisnéis bhréagnaitheach agus mhíthreorach ar fáil faoi cheannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19;

K.  de bhrí nach bhfuil ach leaganacha folaithe de na comhaontuithe réamhcheannaigh agus de na comhaontuithe ceannaigh foilsithe ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit, agus faisnéis ríthábhachtach scriosta nó in easnamh iontu, rud a fhágann go bhfuil easpa trédhearcachta agus iontaoibhe nach bhfuil gá leis sa tsochaí;

L.  de bhrí go bhfuil sé de cheart ag saoránaigh Eorpacha faisnéis fhíor, fhírinneach a fháil maidir le bainistiú na paindéime agus maidir leis an gcomhrac i gcoinne COVID-19 ó na hinstitiúidí Eorpacha agus ó fhoinsí oifigiúla eile; de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar gach údarás Eorpach an fhaisnéis sin a sholáthar;

M.  de bhrí go bhfuil chuid mhaith den taighde agus forbairt ar na vacsaíní cistithe ag AE, go bhfuil obair na gcuideachtaí cógaisíochta éascaithe aige le hinfheistíocht seachanta riosca roimh ré, go bhfuil údarú coinníollach tugtha aige, go bhfuil tacaíocht tugtha aige do chumas monaraíochta agus go bhfuil vacsaíní ceannaithe aige le hairgead poiblí;

N.  de bhrí go n-aithníonn CBAE prionsabal ginearálta nach aon dabht ach gur gá tosaíocht a bheith ag cosaint na sláinte poiblí ar chúinsí eacnamaíocha;

O.  de bhrí nach mór don Choimisiún an Pharlaimint a chur ar an eolas go leormhaith agus go héifeachtúil faoi gach gné de na himpleachtaí buiséadacha a bhaineann le taighde, forbairt, caibidlíocht, dáileadh agus leathadh amach vacsaíní COVID-19 in AE, ionas gur féidir leis an bParlaimint a dualgas a fheidhmiú go hiomlán maidir le cur chun feidhme bhuiséad AE a ghrinnscrúdú;

P.  de bhrí nach bhfuil sonraí na dtrialacha cliniciúla ar leibhéal an othair curtha ar fáil ag an bpointe seo ag formhór na gcuideachtaí cógaisíochta atá rannpháirteach i straitéis AE maidir le vacsaíní COVID-19 agus de bhrí nach bhfoilseofar na sonraí sin go dtí idir lár na bliana 2022 agus deireadh na bliana 2023;

Q.  de bhrí, tar éis fiosrúchán sé mhí(10) ar fheidhmíocht an Lárionaid Eorpaigh um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) le linn ghéarchéim COVID-19, gur aimsigh an tOmbudsman Eorpach bearnaí i gcleachtais trédhearcachta ECDC, lena n-áirítear sna sonraí is bunús lena mheasúnuithe riosca agus lena idirghníomhaíochtaí le comhpháirtithe idirnáisiúnta, amhail EDS agus an Lárionad Síneach um Ghalair a Rialú agus a Chosc; de bhrí go ndearna an tOmbudsman sraith tograí chun grinnscrúdú poiblí agus tuiscint phoiblí níos mó ar obair ECDC maidir le vacsaíní COVID-19 a chumasú;

R.  de bhrí gur cleachtas í rúndacht praghsanna maidir le táirgí íocshláinte a cheannach, ar cleachtas é a bhféadfadh ilroinnt an mhargaidh inmheánaigh ar leibhéal na mBallstát a bheith mar thoradh air;

S.  de bhrí gur cheart a mheas gur tosaíocht don tsláinte phoiblí é dlús a chur leis an ráta vacsaínithe domhanda in aghaidh COVID-19; de bhrí nach leor a luas faoi láthair chun cosc a chur ar ghéarú na paindéime de dheasca na n-athraitheach COVID-19 atá níos tógálaí agus de dheasca teacht chun cinn athraitheach nua atá níos contúirtí fós agus a d’fhéadfadh a bheith in ann an chosaint imdhíonachta a thugann vacsaíní COVID-19 atá ann cheana a sheachaint;

1.  ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé freagairt chomhpháirteach, mhear agus éifeachtach a thabhairt ar phaindéim COVID-19 mar an tAontas Eorpach agus mar chuid den chomhphobal domhanda, agus ag aithint na freagrachta ar leith atá ar an Aontas maidir le rochtain chothrom agus uilíoch ar vacsaíní COVID-19 a áirithiú;

2.  á chur in iúl gur cúis aiféala ollmhóire di an easpa trédhearcachta ón gCoimisiún, ó na Ballstáit agus ó chuideachtaí cógaisíochta maidir le forbairt, ceannach agus dáileadh vacsaíní COVID-19, go háirithe i gcomhthéacs sáruithe leanúnacha ar chonarthaí atá sínithe;

3.  ag leagan béim ar na srianta a cuireadh ar an bParlaimint ina ról mar chomhreachtóir mar gheall ar dhoiléire na straitéise vacsaíne a ghlac an Coimisiún, rud a chuir cosc ar an bParlaimint a bheith in ann rialú éifeachtach a dhéanamh ar an bpróiseas ceannaigh agus dáileacháin vacsaíní, agus a chuir a cumas chun grinnscrúdú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm ceart bhuiséad an Aontais ar neamhní;

4.  ag leagan béim ar an ngá atá ann an t-idirphlé leis na saoránaigh a neartú chun tuiscint níos fearr a fháil ar na nithe is fíorábhair imní dóibh agus ar an amhras atá orthu faoi vacsaíniú; á iarraidh ar an gCoimisiún a chumarsáid leis an bpobal a fheabhsú maidir le straitéis an Aontais i dtaobh vacsaíní COVID-19, rud a d’fhágfadh go mbeadh an straitéis soiléir, trédhearcach agus dian chun ceart shaoránaigh an Aontais rochtain a fháil ar fhaisnéis a bhaineann go díreach lena sláinte a chomhlíonadh, lena n-áirítear na critéir faoina roghnaítear vacsaíní áirithe thar vacsaíní eile;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh maidir le soláthar comhpháirteach vacsaíní amach anseo, ina mbeadh forálacha soiléire maidir le trédhearcacht agus dáileadh inniúlachtaí i measc ghníomhaithe chreat institiúideach AE agus na mBallstát agus maidir le cóireálacha a bheidh ann amach anseo i gcoinne COVID-19 agus cóireálacha dílleachta faoi chuimsiú na straitéise cógaisíochta don Eoraip; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí na gcomhaontuithe rúndachta praghsanna chun aghaidh a thabhairt ar ilroinnt reatha an mhargaidh inmheánaigh Eorpaigh;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún a nochtadh cé hiad comhaltaí na bhfoirne a bhfuil baint acu le comhaontuithe réamhcheannaigh agus comhaontuithe ceannaigh a chaibidliú le cuideachtaí cógaisíochta chun vacsaíní COVID-19 a cheannach; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún soiléiriú ar a chritéir maidir le baill na foirne caibidlíochta a roghnú;

7.  ag tathant ar an gCoimisiún grúpa teagmhála COVID-19 idir an Coimisiún agus an Pharlaimint, a d’fhógair Uachtarán an Choimisiúin i mí Feabhra 2021(11), a áireamh sa phróiseas cinnteoireachta maidir le conarthaí amach anseo a fhormheas chun trédhearcacht níos mó a áirithiú sa phróiseas caibidlíochta; á iarraidh go ndéanfaí faisnéis, a nuashonrófaí go seachtainiúil, a sholáthar don ghrúpa sin, lena n-áirítear staidéar mionsonraithe ar tháirgeadh vacsaíní, allmhairí, onnmhairí agus réamhaisnéis dáileoige;

8.  á iarraidh ar an gCoimisiún trédhearcacht iomlán a áirithiú trí leaganacha neamhfholaithe de na comhaontuithe réamhcheannaigh agus de na comhaontuithe ceannaigh a fhoilsiú gan tuilleadh moille, agus na mionsonraí sin a leanas, i measc nithe eile, a nochtadh: an méid infheistíochta poiblí a rinneadh chun vacsaíní a fhorbairt; na réamhíocaíochtaí agus na híocaíochtaí iarsheachadta arna ndéanamh ag an gCoimisiún le gach forbróir vacsaíní, mar aon le sonraí faoi dháileadh na gcistí sin thar fhorbairt agus táirgeadh vacsaíní; sonraí maidir le cionroinnt costas idir infheisteoirí poiblí agus príobháideacha i dtaighde, forbairt agus táirgeadh vacsaíní; líon na ndáileog a tugadh do gach tír agus atá le seachadadh in aghaidh na ráithe; praghsanna in aghaidh na dáileoige; líon agus suíomhanna na láithreán táirgthe atá ar fáil; sonraí faoi chomhaontuithe maidir le ceannacháin bhreise ionchasacha; na socruithe dliteanais agus cúitimh d’aon díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann de dheasca na vacsaíní; na smachtbhannaí i gcás sárú conartha nó moilleanna ar sheachadadh; faisnéis faoi chomhroinnt fhéideartha ceart maoine intleachtúla, go háirithe an amhlaidh a chaomhnaíonn an Coimisiún aon tionchar ar chearta maoine intleachtúla mar gheall ar a infheistíochtaí tosaigh sa phróiseas forbartha vacsaíní, chomh maith le haon fhaisnéis ghaolmhar eile a d’fhéadfadh a bheith ina hábhar spéise don phobal; ról na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí agus na n-údarás inniúil náisiúnta maidir le forálacha conartha a chinneadh; agus sonraí faoi aistrithe teicneolaíochta agus deonacháin do thríú tíortha, agus aon fhaisnéis ghaolmhar a d’fhéadfadh a bheith ina díol spéise don phobal;

9.  á iarraidh ar an gCoimisiún na praghsanna in aghaidh na dáileoige ar vacsaíní gach monaróra a nochtadh agus faisnéis mhionsonraithe a thabhairt faoina straitéis soláthair, toisc go n-athraíonn praghsanna vacsaíní go mór idir monaróirí;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí uile a bhaineann le leas an phobail a nochtadh maidir le conarthaí i leith vacsaíní COVID-19 a bheidh ann amach anseo, agus maidir le comhlíonadh na gconarthaí sin, chomh maith leis na conarthaí sin le haghaidh teicneolaíochtaí COVID-19 eile a cheannach, rud ar réamhchoinníoll é don chaibidlíocht a dhéanfar amach anseo le cuideachtaí cógaisíochta;

11.  ag cáineadh an chinnidh a rinne an Coimisiún gan úsáid a bhaint as an ngnáthnós imeachta reachtach trí Airteagal 168 CFAE chun an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus um Fhreagairt d’Éigeandáil Sláinte (HERA) a bhunú, rud a fhágann nár bunaíodh é mar ghníomhaireacht neamhspleách lánfheidhme a bhfuil sainordú aici leas an phobail a chosaint agus atá faoi réir an ghrinnscrúdaithe dhocht chéanna le gníomhaireachtaí eile de chuid AE; á chur in iúl gurb oth léi gur féidir féachaint ar chur chuige an Choimisiúin, cur chuige a fhágann nár tugadh ról do Pharlaimint na hEorpa ó thaobh maoirseacht a dhéanamh ar obair HERA, mar easnamh eile fós a bhfuil an bonn bainte aige ón trédhearcacht agus an chuntasacht i leith an chaiteachais phoiblí agus na cinnteoireachta i réimse na sláinte poiblí;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún aon sáruithe féideartha ar chonarthaí ag cuideachtaí cógaisíochta, chomh maith leis na cúiseanna a bhí leo, a phoibliú, agus leas a bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil dó chun pionós a ghearradh as aon sáruithe a d’fhéadfadh a bheith ann nó aon mhoill gan údar;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún faisnéis mhionsonraithe a chur ar fáil don Pharlaimint faoin gcaoi ar bhain na cuideachtaí atá ar conradh úsáid as íocaíochtaí AE, lena n-áirítear an mhodheolaíocht chun íocaíochtaí a thomhas agus na modhanna rialaithe agus fíoraithe; á iarraidh ar an gCoimisiún impleachtaí buiséadacha uile straitéis AE maidir le vacsaíní COVID-19 a nochtadh go mion;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na cuideachtaí atá ar conradh torthaí iomlána trialacha cliniciúla agus prótacail an taighde a d’fhéadfadh a bheith ann ar vacsaíní COVID-19 a chur ar fáil a luaithe is féidir chun gur féidir le saineolaithe neamhspleácha eolaíochta, anuas ar na saineolaithe in EMA, meastóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear pleananna anailíse staidrimh, staidéir chliniciúla agus tuarascálacha; á thabhairt le fios, i gcás ina mbraitear fo-éifeachtaí atá tromchúiseach agus/nó a bhíonn ann go minic le linn trialacha cliniciúla, gur cheart na teagmhais sin a chur in iúl láithreach;

15.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh na cuideachtaí atá ar conradh na sonraí ó na tuarascálacha ar an bhfaireachas cógas a fhoilsiú i gcomhréir iomlán leis na rialacha a bhaineann le hurraim a thabhairt do shonraí pearsanta na n-othar lena mbaineann, agus grinnscrúdú poiblí na bhfrithghníomhartha díobhálacha a tharlaíonn le linn riar na vacsaíní a chur chun cinn agus faireachán a dhéanamh orthu;

16.  á iarraidh ar an gCoimisiún taighde a dhéanamh ar an gcomhghaol idir leibhéal na trédhearcachta maidir le conarthaí vacsaíne, muinín an phobail i straitéis vacsaíne AE agus leibhéal an nochta don bhréagaisnéis, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na cúiseanna leis an drogall roimh an vacsaíniú;

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar straitéis AE maidir le vacsaíní COVID-19 agus ar a theachtaireacht phoiblí agus an measúnú sin a fhoilsiú, agus athbhreithniú mionsonraithe á dhéanamh ar na gnéithe uile agus moltaí á ndéanamh maidir le creat don soláthar comhpháirteach Eorpach a bheidh ann amach anseo, go háirithe i ndáil le trédhearcacht;

18.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de dhlúthpháirtíocht a léiriú le tíortha eile an domhain, go háirithe leo siúd a bhaineann leis an mbeartas comharsanachta, agus tacú lena n-iarrachtaí an víreas COVID-19 a chosc agus a chomhrac;

19.  á chur i bhfáth nach mór don Choimisiún a ráthú go bhféachfar ar vacsaíní COVID-19 mar earra poiblí domhanda a théann chun tairbhe do chách, agus a áirithiú go mbeidh rochtain uilíoch orthu; á thabhairt chun suntais nach mór an ghné sin a léiriú freisin sna conarthaí gaolmhara uile a shíneofar le cuideachtaí cógaisíochta trí na coimircí is láidre i ndáil leis sin a áireamhmaidir le hinfhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht vacsaíní COVID-19; ag tacú leis an iarracht dhomhanda i dtreo vacsaíní, trealamh agus cóireálacha COVID-19 a chur ar fáil do gach tír, lena n-áirítear tíortha atá i mbéal forbartha; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá aistrithe teicneolaíochta agus onnmhairiú comhpháirteanna bunriachtanacha chuig tríú tíortha chun táirgeadh agus dáileadh vacsaíní COVID-19 a uas-scálú ar an leibhéal domhanda d’fhonn dlús a chur leis an ráta vacsaínithe ar fud an domhain agus, ar an gcaoi sin, borradh breise faoi líon na mbásanna agus na ndaoine a chuirtear san ospidéil agus scaipeadh leaganacha COVID-19 a sheachaint; á aithint gur príomhbhacainn ar infhaighteacht vacsaíní í an acmhainneacht táirgeachta; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé comhoibriú leis na cuideachtaí teicneolaíochta mRNA chun láithreáin táirgthe nua a bhunú do vacsaíní agus trealamh COVID-19, agus ar a thábhachtaí atá sé rannchuidiú an Aontais agus na Stát Aontaithe leis an tionscnamh COVAX a mhéadú, rud a fhágann go mbíonn gach deonú trédhearcach in aghaidh na tréimhse ama, chun beatha daoine a shábháil sna tíortha sin atá fágtha ar lár maidir le dáileadh vacsaíní;

20.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcomhroinnfidh na cuideachtaí cógaisíochta a gcuid eolais agus sonraí trí Dhíorma Rochtana ar Theicneolaíocht COVID-19 na hEagraíochta Domhanda Sláinte (C-TAP), agus go n-úsáidfidh siad gach rogha atá ar fáil chun táirgeadh agus dáileadh a mhéadú ar fud an domhain, lena n-áirítear comhlachas le cuideachtaí eile le haghaidh próisis forbartha agus dáileacháin;

21.  á chreidiúint go láidir nach mór moltaí an Ombudsman, a rinneadh tar éis fhiosrúchán straitéiseach OI/3/2020/TE, chun obair ECDC agus a chleachtais trédhearcachta a fheabhsú, a chur chun feidhme go hiomlán agus go comhsheasmhach chun muinín an phobail i straitéis vacsaínithe COVID-19 AE a threisiú, i bhfianaise an róil ríthábhachtaigh atá ag ECDC maidir le faisnéis ríthábhachtach ar vacsaíní COVID-19 a bhailiú agus a phoibliú;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis dhomhanda AE a fhoilsiú agus a mheasúnú chun dáileadh tapa agus cothrom vacsaíní a áirithiú ar fud an domhain, lena n-áirítear a rannpháirtíocht sa tionscnamh COVAX, C-TAP agus soláthar trasteorann na n-ábhar is gá chun vacsaíní a tháirgeadh, chomh maith lena straitéis le haghaidh méadú ar acmhainneacht táirgthe agus ar chritéir maidir le dáileadh dáileoige idir tíortha;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún rochtain thapa agus chothrom ar vacsaíní a shocrú ar fud an domhain mar cheann de phríomhchuspóirí AE, agus conarthaí le cuideachtaí cógaisíochta á síniú aige amach anseo, ag breathnú ar chlásail a bhaineann le cearta maoine intleachtúla agus ceadúnais neamheisiacha, praghsanna agus iarrachtaí seandíchill chun feabhas a chur ar tháirgeadh agus dáileadh vacsaíní;

24.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-idirphlé le tíortha atá i mbéal forbartha a threisiú, trí na bealaí iomchuí, chun staidéar a dhéanamh agus foghlaim faoi na dúshláin agus na deacrachtaí atá os a gcomhair i ndáil le vacsaíní i gcoinne COVID-19 a tháirgeadh d’fhonn na modhanna riachtanacha a chur ar fáil dóibh le go mbeifear in ann vacsaíní COVID-19 a tháirgeadh ar a gcríocha agus, ar an gcaoi sin, comhrac níos éifeachtaí a chur i gcrích in aghaidh na paindéime ar fud an domhain;

25.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún Eorpach agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 154, 16.6.2017, lch. 1.
(2) IO L 145, 31.5.2001, lch. 43.
(3) IO L 311, 28.11.2001, lch. 67.
(4) IO L 117, 5.5.2017, lch. 1.
(5) IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.
(6) Breithiúnas na Cúirte an 17 Iúil 1997, Affish BV v Rijksdienst voor de keuring van Vee en Vlees, C-183/95, EU:C:1997:373, mír 43, https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:61995CJ0183&from=ga; Breithiúnas na Cúirte (an tríú seomra) an 19 Aibreán 2012, Artegodan v an Coimisiún, C-221/10 P, EU:C:2012:216. https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:62010CJ0221&from=ga.
(7) Overview: https://www.ombudsman.europa.eu/en/news-document/en/136499.
(8) https://pace.coe.int/en/files/29004/html
(9) https://www.coe.int/en/web/bioethics/oviedo-convention
(10) Fiosrúchán straitéiseach OI/3/2020/TE an Ombudsman Eorpaigh ar conas a rinne ECDC faisnéis a bhailiú agus a chur in iúl le linn ghéarchéim COVID-19.
(11) An Coimisiún Eorpach, óráid ón Uachtarán von der Leyen ag an seisiún iomlánach i bParlaimint na hEorpa faoi staid na himeartha maidir le straitéis vacsaínithe COVID-19 AE, 10 Feabhra 2021. https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/speech_21_505


Straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú
PDF 201kWORD 72k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú (2021/2006(INI))
P9_TA(2021)0436A9-0277/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 192 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–   ag féachaint don chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)(2),

–   ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal EU Biodiversity Strategy for 2030: bringing nature back into our lives [Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais do 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol] (COM(2020)0380),

–   ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 maidir le Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol (COM(2020)0381),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí meatáin a laghdú (COM(2020)0663),

–  ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(4),

–   ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir leis an bPlean Nua Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach(5),

–   ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le cur chun feidhme na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh: Treoir 2004/107/CE agus Treoir 2008/50/CE(6),

–   ag féachaint do thuarascáil na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh i mí Dheireadh Fómhair 2018 dar teideal The Future of Petrochemicals: Towards more sustainable plastics and fertilisers [Todhchaí na Peitriceimiceán: I dtreo plaisteach agus leasachán atá níos inbhuanaithe],

–  ag féachaint do Thuarascáil Bhearna Astaíochtaí an 26 Samhain 2019 de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe agus don chéad tuarascáil sintéise uaithi ar tháirgeadh breosla iontaise an 20 Samhain 2019,

–  ag féachaint do thuarascáil Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 6 Bealtaine 2021 dar teideal Global Methane Assessment: Benefits and Costs of Mitigating Methane Emissions [Measúnú Domhanda Meatáin: Sochair agus Costais a bhaineann le hAstaíochtaí Meatáin a Mhaolú],

–  ag féachaint do thuarascáil na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh an 18 Bealtaine 2018 dar teideal Net Zero by 2050: A Roadmap for the Global Energy Sector [Neodracht Charbóin faoi 2050: Treochlár don Earnáil Fuinnimh Dhomhanda]

–  ag féachaint do thuarascáil ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil an 23 Samhain 2020 dar teideal Air Quality in Europe – 2020 report [Cáilíocht an Aeir san Eoraip – tuarascáil 2020],

–  ag féachaint do Thuarascáil Mheasúnachta Dhomhanda 2019 ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES) maidir le Seirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais agus don Tuarascáil Cheardlainne 2020 maidir le maidir le Bithéagsúlacht agus Paindéimí,

–  ag féachaint don tuairim eolaíoch ó mhí an Mhárta 2020 ó Ghrúpa na bPríomhchomhairleoirí Eolaíocha chuig an gCoimisiún dar teideal Towards a Sustainable Food System: Moving from food as a commodity to food as more of a common good [I dTreo Córas Bia Inbhuanaithe: Ag aistriú ó bhia mar thráchtearra go bia mar leas coiteann],

–   ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–   ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–   ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0277/2021),

A.  de bhrí gur gás cumhachtach ceaptha teasa é meatán, atá os cionn 80 huaire níos láidre ná dé-ocsaíd charbóin (CO2) thar thréimhse 20 bliain, rud a chiallaíonn gurb é an dara gás ceaptha teasa is tromchúisí atá ann, mar aon le bheith ina hábhar truailleáin d’ózón ar leibhéal na talún (O3), rud is cúis le thart ar an gceathrú cuid den téamh domhanda sa lá atá inniu ann(7); de bhrí gurb ionann meatán agus 10 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána in AE; de bhrí go bhfuil laghduithe móra ar astaíochtaí meatáin i gceist leis na conairí atá múnlaithe ag Tuarascáil Speisialta 1,5 °C ón bPainéil Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC), ag Séú Tuarascáil Measúnaithe IPCC agus ag Measúnú Domhanda Meatáin 2021 de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) lena dteorannaítear an téamh domhanda go 1,5°C gan aon taraimsiú nó le taraimsiú teoranta; de bhrí, de réir UNEP, go seachnófar beagnach 0,3°C den téamh domhanda faoi na 2040idí agus go gcomhlánófar gach iarracht fhadtéarmach maidir leis an athrú aeráide a mhaolú trí astaíochtaí meatáin de bharr an duine a laghdú oiread le 45 %;

B.  de bhrí go léiríonn an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh ina tuarascáil dar teideal Net Zero by 2050: A Roadmap for the Global Energy Sector [Neodracht Charbóin faoi 2050: Treochlár don Earnáil Fuinnimh Dhomhanda] gur cheart astaíochtaí meatáin ó bhreoslaí iontaise a laghdú 75 % idir 2020 agus 2030 sa chás astaíochtaí glan-nialasacha;

C.  de bhrí gur féidir líon mór de na coigiltis astaíochtaí meatáin is cost-éifeachtúla a bhaint amach in earnáil an fhuinnimh; de bhrí, de réir Mheasúnú Domhanda Meatáin UNEP, gur féidir astaíochtaí meatáin a laghdú 45 % faoi dheireadh na ndeich mbliana seo agus go bhféadfaí laghduithe suntasacha agus tapa in astaíochtaí meatáin a dhéanamh trí úsáid a bhaint as teicneolaíochtaí atá ann cheana agus ar chostas an-íseal; de bhrí go measann Rianaire Meatáin na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh gur féidir thart ar 40 % d’astaíochtaí meatáin a bhaineann le fuinneamh a laghdú gan ghlanchostas, go príomha trí sceitheadh meatáin a dheisiú agus trí dheireadh a chur le scaoileadh in earnáil na mbreoslaí iontaise;

D.  de bhrí gur thug a hArd-Stiúrthóireacht um Sheirbhísí Taighde Pharlaimintigh dá haire go dtagann astaíochtaí meatáin ó réimse leathan earnálacha, eadhon talmhaíocht, dramhaíl agus fuinneamh, agus, a luaithe a bhíonn sé san atmaisfeár, go meascann meatán cumasc go maith le gáis eile, rud a fhágann go mbíonn sé deacair é a thomhas agus a thuairisciú; de bhrí go bhfuil neamhchinnteacht maidir le sonraí astaíochtaí meatáin i bhfad níos mó de ghnáth i gcomparáid le hastaíochtaí CO2 nuair a eisiatar astaíochtaí foraoise agus astaíochtaí eile a bhaineann le húsáid talún; de bhrí gur measadh i staidéir a rinneadh le déanaí go ndéantar astaíochtaí meatáin iontaise antrapaigineacha domhanda a ghannmheas tuairim is 25 go 40 %(8);

E.  de bhrí nach bhfuil aon bheartas in AE a leagann síos bearta go sonrach chun astaíochtaí meatáin a laghdú ar bhealach trasearnála;

F.  de bhrí gur ábhar gáis é meatán d’ózón ar leibhéal na talún díobhálach (O3)agus go gcuireann sé le truailliú aeir; de bhrí gurb é truailliú aeir an riosca is mó don tsláinte ón gcomhshaoil san Eoraip(9), agus ózón ar leibhéal na talún ag cur le beagnach 20 000 bás anabaí gach bliain(10); de bhrí go bhfuil sé riachtanach, dá bhrí sin, dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin, ní hamháin mar thosaíocht chomhshaoil agus aeráide ach go bhfuil sé riachtanach freisin chun sláinte shaoránaigh an Aontais a chosaint;

G.  de bhrí go mbíonn tionchar ag méaduithe in astaíochtaí meatáin ar bhithéagsúlacht agus ar shlándáil bia, fiú; de bhrí gur féidir tairbhí iomadúla eascairt as astaíochtaí meatáin a laghdú, de bhreis ar a éifeachtaí fuaraithe, lena n-áirítear táirgeacht barr níos airde agus slándáil bia;

H.  de bhrí go bhfuil reachtaíocht AE ann cheana lena gcuidítear le faisnéis a chur ar fáil i ndáil le hastaíochtaí meatáin, lena n-áirítear Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 maidir leis an gClár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán(11) agus Treoir 2010/75/AE maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha(12) (Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha (IED)), ach nach bhfuil aon bheartas san Aontas faoi láthair atá dírithe go sonrach ar astaíochtaí meatáin a laghdú;

I.  de bhrí go gcuireann an Dlí Aeráide Eorpach ceangal ar an Aontas aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus tuilleadh laghduithe ar astaíochtaí, 55 % ar a laghad, faoi 2030 i gcomhréir le Comhaontú Pháras; de bhrí gur príomhghné den Chomhaontú Glas don Eoraip é aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí meatáin a bhaineann le fuinneamh, toisc gurb í earnáil an fhuinnimh an earnáil inar féidir na coigiltis astaíochtaí meatáin is cost-éifeachtúla a bhaint amach; de bhrí go bhfuil gá le bearta sna hearnálacha talmhaíochta agus dramhaíola freisin chun spriocanna aeráide an Aontais a bhaint amach; de bhrí go luaitear i straitéis AE chun astaíochtaí meatáin a laghdú gur cheart go mbeadh ról ceannasach ag an Aontas freisin maidir le laghduithe ar astaíochtaí meatáin ar an leibhéal domhanda a áirithiú, ós é an t-allmhaireoir is mó de bhreoslaí iontaise ar domhan agus ós gníomhaí suntasach é in earnáil na talmhaíochta; de bhrí gur cheart don Aontas modhanna éifeachtacha a fhorbairt chun faireachán, tuairisciú agus laghdú a dhéanamh ar na hastaíochtaí sin laistigh de na fóraim idirnáisiúnta iomchuí, agus úsáid á baint as rialacháin allmhairiúcháin; de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil agus bunaithe ar shonraí arna dtuairisciú chuig UNFCCC ó na Ballstáit, go dtagann 53 % d’astaíochtaí meatáin antrapaigineacha in AE ón talmhaíocht, 26 % ó dhramhaíl agus 19 % ó fhuinneamh;

J.  de bhrí go n-allmhairítear os cionn 80 % den ghás iontaise, 90 % den ola agus 40 % den ghual a ídítear san Eoraip agus de bhrí gur lasmuigh den Aontas a tharlaíonn an chuid is mó d’astaíochtaí meatáin a thagann as ídiú breosla iontaise AE, rud a fhágann gurb é an tAontas an t-iompórtálaí gáis iontaise is mó ar domhan agus gur mór an tionscnóir é d’astaíochtaí meatáin; de bhrí go gcuireann sceitheadh meatáin le linn táirgeadh agus iompar gáis iontaise go mór le hastaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh; de bhrí gur bearta riachtanacha chun astaíochtaí meatáin ó earnáil an fhuinnimh a laghdú iad feabhas a chur ar bhrath agus deisiú sceite agus ar rialacha diana maidir le gnáthscaoileadh agus bladhmadh;

K.  de bhrí gurb ionann astaíochtaí éalaitheacha ó threalamh sceite, ó bhonneagar nó ó láithreáin iata agus tréigthe, chomh maith le hastaíochtaí ó scaoileadh agus dóchán neamhiomlán meatáin, agus formhór na n-astaíochtaí meatáin in earnáil an fhuinnimh;

L.  de bhrí go bhfuil laghdú astaíochtaí meatáin fíor-riachtanach sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus nach mór é a shaothrú ar an leibhéal domhanda agus ar an leibhéal Eorpach, mar a léirítear sa mheasúnú tionchair don phlean um Sprioc Aeráide 2030(13), ina luaitear go gceanglaítear leis an sprioc maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 go rachfar i ngleic le hastaíochtaí meatáin i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras; de bhrí go gcuireann astaíochtaí meatáin le truailliú aeir agus gur gá, dá bhrí sin, dul i ngleic leis na hastaíochtaí sin chun sláinte saoránach den Aontas a chosaint agus éifeachtaí díobhálacha ar bharra agus ar chobhsaíocht éiceachóras a sheachaint; de bhrí nach mór ró-ualach riaracháin a sheachaint agus meatán á rialú mar ghás ceaptha teasa agus mar thruailleán aeir araon;

M.  de bhrí gur sainaithníodh líonadh talún de dhramhaíl sholadach chathrach mar fhoinsí suntasacha meatáin agus, de bhrí, i roinnt Ballstát, nach gcuirtear rialacháin AE maidir le líonadh talún i bhfeidhm ar leibhéal sásúil, go háirithe sa mhéid a bhaineann le carnadh agus ascnamh gás líonta talún a rialú;

N.  de bhrí, de réir Measúnú Domhanda Meatáin UNEP, ‘go bhfuil laghdú na n-astaíochtaí meatáin arb é an duine is cúis leo ar cheann de na straitéisí is costéifeachtaí chun ráta an téimh a laghdú go tapa agus chun cur go suntasach leis na hiarrachtaí domhanda teorainn a chur leis an ardú teochta go 1,5°C’; de bhrí gur féidir tionchar mór agus níor tapúla a bheith ag astaíochtaí meatáin a chiorrú ar mhoilliú an ráta téimh dhomhanda ná astaíochtaí CO2 a laghdú, ós rud é gur fórsa gearrshaolach é an meatán ag a bhfuil saolré atmaisféarach thart ar 12 bliana roimh dhíghrádú ar deireadh chun, inter alia, CO2; de bhrí gur féidir an éifeacht fhuaraithe is tapúla is féidir a bheith mar thoradh ar astaíochtaí meatáin a laghdú; de bhrí nach mór do na bearta sin a bheith comhlántach leis na hiarrachtaí nach mór dúinn a dhéanamh i gcónaí chun astaíochtaí CO2 a laghdú sna hearnálacha uile atá buailte chun geilleagar aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050;

O.  de bhrí go bhfuil go leor de na bearta is féidir a dhéanamh ar leibhéal na feirme chun meatán a laghdú éifeachtach freisin chun amóinia a laghdú, agus dá bhrí sin, gurb ionann iad agus bua dúbailte do cháilíocht an aeir;

P.  de bhrí, ar an gcaoi chéanna le CO2, nach bhfuil aon difríocht idir móilíní meatáin bithghinigh agus meatáin iontaise;

Q.  de bhrí gurb as gníomhaíochtaí an duine i dtrí earnáil a dtagann níos mó ná leath d’astaíochtaí meatáin ar fud an domhain: breoslaí iontaise (35 %), dramhaíl (20 %) agus talmhaíocht (40 %); de bhrí, in earnáil an bhreosla iontaise, gurb é eastóscadh, próiseáil agus dáileadh ola agus gáis is cúis le 23 % d’astaíochtaí meatáin antrapaigineacha domhanda agus gurb í an mhianadóireacht guail is cúis le 12 % díobh; de bhrí gurb as an earnáil dramhaíola, líonadh talún agus fuíolluisce a dtagann thart ar 20 % d’astaíochtaí meatáin antrapaigineacha domhanda; de bhrí, in earnáil na talmhaíochta, gurb ionann astaíochtaí beostoic ó aoileach agus coipeadh eintreach agus thart ar 32 % agus saothrú ríse 8 % d’astaíochtaí meatáin antrapaigineacha domhanda faoi seach(14);

R.  de bhrí go bhfuil sé beartaithe faireachlann idirnáisiúnta maidir le hastaíochtaí meatáin a bhunú i gcomhar le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP), leis an gComhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain, agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh;

S.  de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir déine na n-astaíochtaí meatáin in AE de réir mhéid an spleáchais ar fhoinsí breoslaí iontaise sa mheascán fuinnimh; de bhrí go bhfuil gás de chineál idirthréimhseach amháin, ag cur spleáchas AE ar thríú tíortha dá sholáthar fuinnimh san áireamh;

Gníomhaíochtaí trasearnála

1.  á chur in iúl gur geal léi an cur chuige trasearnálach a leagtar amach i straitéis an Aontais chun astaíochtaí meatáin a laghdú agus a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún creat reachtach atá cothrom, cuimsitheach agus soiléir a mholadh, lena leagfar síos bearta ceangailteacha agus spriocanna laghdaithe meatáin lena gcumhdófar gach earnáil, as a dtiocfaidh laghdú suntasach ar astaíochtaí meatáin san Aontas faoi 2030, i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus leis na conairí atá múnlaithe lena dteorannaítear an téamh domhanda go 1,5°C ó Thuarascáil Speisialta IPCC 1,5 °C, an Séú Tuarascáil Measúnaithe IPCC agus Measúnú Domhanda Meatáin UNEP, chun cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Aontais a bhaint amach i sineirge le gnó Eorpach agus idirnáisiúnta;

2.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé astaíochtaí meatáin a laghdú gan mhoill agus go tapa sna deich mbliana romhainn mar cheann de na bearta is éifeachtaí do ghníomhú AE ar son na haeráide, agus aird á tabhairt ar an inbhuanaitheacht eacnamaíoch agus shóisialta; ag tabhairt dá haire go gcomhlánaíonn laghduithe ar astaíochtaí meatáin na laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí CO2 agus go bhféadfaí cuid mhaith de na laghduithe ar astaíochtaí a cheanglaítear faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach cheana féin le maolú meatáin ar chostas atá íseal agus indéanta go teicniúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhaontú domhanda ceangailteach maidir le maolú meatáin a mholadh agus a chaibidliú ag cruinniú COP26 i nGlaschú i gcomhréir leis na conairí múnlaithe lena dteorannaítear an téamh domhanda go 1,5°C ó Thuarascáil Speisialta IPCC 1,5 °C, an Séú Tuarascáil Mheasúnaithe IPCC agus Measúnú Domhanda Meatáin UNEP; ag tabhairt dá haire gur cainníochtaíodh i Measúnú Domhanda Meatáin UNEP na sochair dhomhanda do gach tionchar margaidh agus neamh-mhargaidh a bheadh thart ar USD 4 300 in aghaidh an tona meatáin laghdaithe agus go bhféadfaí thart ar 1 430 bás anabaí in aghaidh na bliana a chosc in aghaidh an mhilliúin tona a laghdú; á chreidiúint gur cheart, dá bhrí sin, costais na ngníomhaíochtaí atá beartaithe chomh maith leis na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht nó le gníomhaíocht mhoillithe a mheas i measúnú tionchair a ghabhann leis an togra reachtach atá le teacht;

3.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh gach earnáil a astaíonn meatán a gcuid astaíochtaí a laghdú; á aithint gur gá aistriú cothrom a áirithiú d’earnálacha ina bhféadfadh tionchar socheacnamaíoch a bheith ag laghduithe ar astaíochtaí meatáin;

4.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé monatóiriú, tuairisciú agus fíorú éigeantach (MRV) a ghlacadh do gach earnáil a astaíonn meatán, lena n-áirítear trí rialacha, caighdeáin agus modheolaíochtaí a ghlacadh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cláir éigeantacha braite agus deisithe sceite (LDAR) a ghlacadh lena gcumhdaítear an slabhra soláthair ina iomláine in earnáil an fhuinnimh agus in earnáil na bpeitriceimiceach; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí éifeachtacha a lorg chun feabhas a chur ar cháilíocht tomhais agus tuairiscithe na n-astaíochtaí sin i ngach earnáil lena mbaineann; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh tuairisciú sonraí ar astaíochtaí meatáin poiblí nó, i gcás faisnéis íogair, ar fáil do na húdaráis inniúla agus d’fhíoraitheoirí neamhspleácha; á chur i bhfáth, mar sin féin, nach cúis é easpa sonraí nach rachfar ar aghaidh leis an ngníomhaíocht chun astaíochtaí meatáin antrapaigineacha a laghdú agus a mhaolú;

5.  á chur i bhfios go láidir gur gá reachtaíocht aeráide agus comhshaoil an Aontais a athbhreithniú ar bhealach comhleanúnach chun uaillmhian fheabhsaithe a léiriú i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras; á iarraidh ar an gCoimisiún creat reachtach uileghabhálach agus ceangailteach a mholadh maidir le hastaíochtaí meatáin, chun forluí idir an reachtaíocht nach bhfuil gá leis a sheachaint, chun comhsheasmhacht Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta(15) a áirithiú i dtaca le cuspóirí an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a chomhlíonadh, spriocanna aeráide 2030 a ghabhann leis a chomhlíonadh, agus an cuspóir atá aige neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí a chomhlíonadh, mar atá cumhdaithe sa Dlí Aeráide Eorpach agus, dá réir sin, athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta a luaithe is féidir; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na spriocanna ceangailteacha maidir le laghdú astaíochtaí do na Ballstáit sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill(16) ar cheann de na príomhuirlisí reachtacha chun astaíochtaí meatáin a laghdú mar chuid de na laghduithe foriomlána ar gháis cheaptha teasa, mar aon leis an athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an (IED) agus ar reachtaíocht eile;

6.  á chreidiúint, mar chuid den athbhreithniú foriomlán ar an reachtaíocht is infheidhme chun na spriocanna a leagtar amach leis an Dlí Aeráide Eorpacha bhaint amach, gur iomchuí spriocanna ceangailteacha AE maidir le laghdú meatáin a ghlacadh; ag tabhairt dá haire an togra sa Straitéis Mheatáin chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le maidir le Gealltanais Laghdaithe Astaíochtaí Náisiúnta agus á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear meatán i measc na dtruailleán rialaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, meatán a áireamh i liosta na substaintí truaillitheacha a leagtar síos in Iarscríbhinn II a ghabhann le IED agus raon feidhme IED a leathnú chun na hearnálacha a astaíonn meatán a chumhdach ar bhealach níos fearr; á chreidiúint nach mór spriocanna náisiúnta faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill sa mhéid a bhaineann le hastaíochtaí meatáin a cheapadh agus aird iomlán á tabhairt ar an tionchar aeráide níos airde atá ag meatán agus ar an acmhainneacht chun meatán san atmaisféar a laghdú chun cur le haeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí;

7.  á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le fardal dea-chleachtas agus na dteicneolaíochtaí atá ar fáil a fhorbairt chun glacadh níos leithne gníomhaíochtaí nuálacha maolaithe ar fud na n-earnálacha ábhartha uile a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh bunús eolaíoch stóinsithe riachtanach maidir le cleachtais agus teicneolaíochtaí den sórt sin agus gur cheart iad a bheith i gcomhréir le cuspóirí comhshaoil agus gur cheart staidéar a dhéanamh ar na difríochtaí sa rochtain atá ag oibreoirí ar na cleachtais agus ar na teicneolaíochtaí sin;

8.  á chur i bhfios, de réir Mheasúnú Domhanda Meatáin UNEP, in éineacht leis an aistriú chuig fuinneamh in-athnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh, gur féidir astaíochtaí meatáin domhanda a laghdú 15 % faoi 2030 trí chur amú bia agus caillteanas bia a laghdú, agus go mbeadh tairbhí comhlántacha ag baint leis freisin amhail cabhrú chun an brú ar tháirgeacht beostoc athchogantach agus ar tháirgeacht barr a mhaolú;

9.  á chur i bhfáth gur cheart do na bearta rialála atá ar na bacáin maidir le meatán féachaint le laghduithe suntasacha ar astaíochtaí a bhaint amach go pras agus ar an mbealach is costéifeachtúla is féidir agus dreasachtaí agus tacaíocht a chur ar fáil do chuideachtaí chun caighdeáin feidhmíochta a bhaint amach ar bhealach optamach agus lánurraim á tabhairt don phrionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as; á chur i bhfios go láidir go mbaineann costas íseal le tuairim is 60 % de na bearta spriocdhírithe atá ar fáil in earnálacha an fhuinnimh, na dramhaíola agus na talmhaíochta, de réir Mheasúnú Domhanda Meatáin UNEP, agus go mbaineann costais dhiúltacha le 50 % díobh;

10.  á aithint a thábhachtaí atá sé tacú le tionscnaimh dheonacha tionscail lena ndírítear ar astaíochtaí meatáin a laghdú, agus gur gá tacú leis na tionscnaimh sin; á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil teorainn leis an méid is féidir a bhaint amach trí ghníomhaíocht dheonach amháin agus go bhfuil gá anois le bearta rialála chun dlús a chur leis an laghdú ar astaíochtaí meatáin atá riachtanach chun cuspóirí aeráide Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á mheas gur cheart do na tionscnaimh rialála na cleachtais is fearr ó ghníomhaíochtaí deonacha atá ann cheana a chur san áireamh agus nach mór measúnuithe tionchair críochnúla a dhéanamh roimh ré, a bheidh na geallsealbhóirí uile páirteach iontu chun indéantacht agus éifeachtacht na dtionscnamh rialála atá beartaithe a áirithiú agus costas eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil na gníomhaíochta agus na neamhghníomhaíochta araon á chur san áireamh, mar aon le sláinte an chomhshaoil, sláinte an duine agus sláinte ainmhithe agus an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ á chur i bhfeidhm go héifeachtach;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar na himpleachtaí do bheartais agus do bhearta a bhaineann le tréimhse ama 20 bliana a úsáid maidir le hacmhainneacht téite domhanda, mar chomhlánú ar an gcreat ama 100 bliana atá in úsáid faoi láthair i gcomhréir le treoirlínte UNFCCC maidir le fardail gás ceaptha teasa; ag tabhairt dá haire go dtabharfadh níos mó trédhearcachta i ndáil le himpleachtaí na n-astaíochtaí meatáin don téamh domhanda sa ghearrthéarma eolas níos fearr i ndáil le beartais aeráide AE; á chur i bhfáth nár cheart úsáid a bhaint as méadrach comhlántach den sórt sin, ar bhealach ar bith, chun moill a chur ar ghníomhaíocht riachtanach a laghdódh astaíochtaí CO2 go mór agus go mear;

12.  á iarraidh ar an gCoimisiún meatán a áireamh sa chreat faireacháin maidir le truailliú nialasach;

13.  á chur i bhfios an easpa ceannaireachta domhanda maidir le hastaíochtaí meatáin a mhaolú, agus gan ach fíorbheagán gníomhaíochta á dhéanamh maidir le meatán go hidirnáisiúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún laghdú astaíochtaí meatáin a dhéanamh mar phríomhthosaíocht ina thaidhleoireacht aeráide agus gníomhaíocht a ghlacadh ina leith, go háirithe trí chonair faoi chúram na Náisiún Aontaithe, faoi chuimsiú chaidreamh taidhleoireachta agus seachtrach an Aontais chun comhaontú idirnáisiúnta maidir le maolú meatáin a threorú, gníomhaíocht chomhordaithe a chur chun cinn chun astaíochtaí meatáin a laghdú, agus ceanglais maidir le maolú meatáin a thabhairt cothrom le dáta;

14.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le bunú fhaireachlann neamhspleách idirnáisiúnta maidir le hastaíochtaí meatáin, i gcomhpháirtíocht le Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, leis an gComhghuaillíocht Aeráide agus Aeir Ghlain agus leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh, a mbeidh sé de chúram uirthi sonraí maidir le hastaíochtaí meatáin antrapaigineacha a bhailiú, a thabhairt chun réitigh, a fhíorú agus a fhoilsiú ar leibhéal domhanda agus innéacs soláthair meatáin a fhorbairt; á chur in iúl gur geal léi gur mian leis an gCoimisiún tús áite a thabhairt don tionscnamh seo, lena n-áirítear trí chistiú a chur ar fáil; á chreidiúint go bhfuil sonraí atá neamhspleách, inchomparáide, infhíoraithe agus trédhearcach maidir le hastaíochtaí ríthábhachtach chun eolas a fháil faoi mhéid na faidhbe astaíochtaí agus chun dul i ngleic le gannmheastachán ar mhéid agus ar chainníocht sceite; á chreidiúint gur cheart d’fhaireachlann den sórt sin féachaint ar astaíochtaí meatáin sna hearnálacha ábhartha go léir; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh rialtais agus rialtóirí in ann an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as a fhorfheidhmiú mar thoradh ar inrochtaineacht sonraí mionsonraithe maidir le hastaíochtaí;

Fuinneamh

15.  á chur in iúl gur geal léi Straitéis nua an Aontais maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh(17);

16.  ag tabhairt dá haire go dtagann beagnach 20 % d’astaíochtaí meatáin AE ó earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear eastóscadh, táirgeadh, próiseáil, iompar, stóráil, tarchur agus dáileadh ola agus gáis; ag aithint go gcuimsíonn allmhairí os cionn 80 % den ola agus den ghás a ídítear san Aontas agus go dtarlaíonn an chuid is mó d’astaíochtaí meatáin a bhaineann le hola agus le gás lasmuigh den Aontas; á aithint nach bhfuil aon ról fadtéarmach ag breoslaí iontaise i meascán fuinnimh an Aontais agus á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, pleananna náisiúnta a ghlacadh chun deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise go léir a luaithe is féidir chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, in éineacht leis an aistriú chuig córas fuinnimh laistigh den Aontas atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus bunaithe ar fhuinneamh athnuaite; á chreidiúint gur cheart é sin a nascadh leis na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide a athbhreithniú agus a nuashonrú agus gur cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na pleananna sin mar chuid de chéim an mheasúnaithe;

17.  ag athdhearbhú a hiarrata ón rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh do 2030(18) inar tathantaíodh ar na Ballstáit – ar bhonn phrionsabal an réamhchúraim agus ar bhonn an phrionsabail gur cheart bearta coisctheacha a dhéanamh, agus na rioscaí agus na tionchair dhiúltacha aeráide, chomhshaoil agus bithéagsúlachta atá bainteach le scoilteadh hiodrálach i gcomhair eastóscadh hidreacarbón neamhghnách á gcur san áireamh – gan aon oibríochtaí scoilte hiodrálacha nua in AE a údarú agus chun stop a chur le gach oibríocht atá ar siúl cheana;

18.  á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an tacaíocht ón Aontas chun bonneagar breosla iontaise a leathnú; á mheabhrú, de réir na tuarascála deireanaí ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh maidir le hastaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050, nach gá infheistíocht a dhéanamh i soláthairtí nua breoslaí iontaise faoina chonair ghlan nialais, conclúid arna roinnt ag an gCoimisiún ina thogra le haghaidh rialacháin lena leasaítear na treoirlínte do bhonneagar fuinnimh tras-Eorpach(19);

19.  ag tabhairt dá haire, i gcás líon suntasach toibreacha gáis nach bhfuil ag táirgeadh a tuilleadh, go leanann siad de mheatán a astú san atmaisféar; á iarraidh ar na húdaráis inniúla beartais a ghlacadh chun a áirithiú go ndéanfar na tobair sin, i gcás inar féidir úinéireacht a dhoiciméadú, a uasteorannú nó a líonadh chun sceitheadh meatáin a stopadh agus chun a áirithiú go n-íocfaidh siad siúd atá freagrach as an sceitheadh na costais;

20.  ag tabhairt dá haire go bhfuil toirmeasc tugtha isteach cheana féin ag roinnt tíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach maidir le scaoileadh agus bladhmadh; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh d’earnáil an fhuinnimh le rialacha ceangailteacha maidir le monatóiriú, tuairisciú agus fíorú (MRV), ag cur le modheolaíocht Chreat 2.0 na Comhpháirtíochta Ola agus Gáis Meatáin (OSGMP) agus LDAR éigeantach, lena n-áirítear maidir le hallmhairí, ar cheart iad a bheith bunaithe ar dhea-chleachtais agus a chur i bhfeidhm ar fud an tslabhra soláthair; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart i ndiaidh sceite go mbeadh coimeád taifead fónta agus go mbeadh ceanglas ann sceitheadh féideartha a dheisiú laistigh de thráthchlár soiléir; á chur in iúl gur geal léi go bhfuiltear ag breithniú rialacha lena gcumhdaítear an slabhra soláthair ina iomláine chun cosc a chur ar ghnáthscaoileadh agus bladhmadh in earnáil an fhuinnimh suas go dtí an pointe táirgthe, ach amháin i gcásanna eisceachtúla a bhfuil gá leo ar chúiseanna sábháilteachta; á mheas gur cheart go n-áireofar i dtogra den sórt sin úsáidí gáis iontaise agus ola iontaise mar bhunábhar, lena n-áirítear chun críocha neamhfhuinnimh amhail chun peitriceimiceáin a tháirgeadh;

21.  ag tabhairt dá haire go n-úsáidtear gás agus ola iontaise in earnáil an fhuinnimh agus in earnáil na bpeitriceimiceach agus go gcuireann an dá earnáil, dá bhrí sin, leis an meatán a astaítear ag ceapa toibreacha agus gléasraí próiseála gáis agus ola iontaise; ag tabhairt dá haire, de réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, gurb ionann peitriceimiceáin agus 8 % agus 14 % den éileamh príomhúil iomlán ar ghás agus ola iontaise agus go bhfuiltear den tuairim go méadóidh na céatadáin sin; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh feidhm ag oibleagáidí MRV agus LDAR agus ag rialacha gnáthscaoilte agus bladhmtha maidir le gás agus ola iontaise a úsáidtear in earnáil na bpeitriceimiceach;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún, agus a reachtaíocht amach anseo á hullmhú aige maidir le hastaíochtaí meatáin, a chur san áireamh go cuí gur cheart na hinfheistíochtaí a dhéanann oibreoirí bonneagair chun dul i ngleic le sceitheadh meatáin a aithint laistigh de raon feidhme na ngníomhaíochtaí rialaithe mar chomhartha den tábhacht a bhaineann le sábháilteacht agus le gníomhaíochtaí inbhuanaithe araon, rud a d’fhéadfadh na húdaráis rialála a dhreasú;

23.  á chur i bhfáth nach amháin go bhfuil táirgeadh agus iompar gáis nádúrtha leachtaithe thar a bheith neamhéifeachtúil mar gheall ar chaillteanas fuinnimh trí leachtú agus fuarú, ach go gcuireann sé go díréireach le hastaíochtaí meatáin ó earnáil na hola agus an gháis freisin; ag tabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di, an glacadh atá ag gás nádúrtha leachtaithe mar bhreosla iompair in earnáil na loingseoireachta;

24.  á aithint go gcuimsíonn allmhairí os cionn ceithre chúige den ola agus den ghás a ídítear san Aontas agus go dtarlaíonn an chuid is mó d’astaíochtaí meatáin a bhaineann le hola agus le gás lasmuigh den Aontas, a chuireann, dá bhrí sin, le hastaíochtaí suntasacha meatáin go domhanda; á iarraidh ar an gCoimisiún allmhairí breosla iontaise uile isteach san Aontas a dhéanamh coinníollach ar a gcomhlíontacht le rialacháin AE maidir le MRV agus LDAR agus na rialacha maidir le scaoileadh agus bladhmadh, a bheidh infheidhme maidir le slabhra soláthair iomlán na mbreoslaí iontaise, suas go dtí táirgeadh agus an táirgeadh sin san áireamh; á chreidiúint nach mór córas inchreidte a chur ar bun chun a áirithiú go gcomhlíonann allmhairí ceanglais AE agus gur cheart don Choimisiún, dá bhrí sin, modheolaíocht láidir neamhspleách a fhorbairt chun measúnú a dhéanamh ar chomhlíonadh na n-allmhairí le ceanglais AE; á chur i bhfáth gur cheart go dtiocfadh na rialacha sin i bhfeidhm a luaithe is féidir, agus aird chuí á tabhairt ag an am céanna ar an tslándáil fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, tacú le córas fíorúcháin tríú páirtí a bhunú agus a úsáid i gcomhar le modhanna eile faireacháin mar réiteach a d’fhéadfadh a bheith ann chun sonraí astaíochtaí a fhíorú ar fud an tslabhra soláthair, lena n-áirítear i ndáil le hallmhairí; ag tacú, thairis sin, le córas deimhniúcháin a bhunú ar a ndéanfaí iniúchadh neamhspleách agus a bheadh infheidhme ar an leibhéal domhanda, córas lena soláthrófaí measúnú inchreidte ar fheidhmíocht astaíochtaí meatáin ó tháirgeadh gáis iontaise go léir ar fud an domhain; á chreidiúint gur cheart go ndéanfadh tríú páirtí neamhspleách iniúchadh agus fíorú ar an deimhniú sin agus go mbeadh sé bunaithe ar chur chuige aonfhoirmeach maidir le tomhas a bheidh bunaithe ar fhaisnéis mhionsonraithe ó na saoráidí, na sócmhainní agus na tíortha ábhartha;

25.  á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a ghlacadh chun sceitheadh meatáin ó astaírí ollmhóraí i ngach earnáil a shainaithint agus chun aghaidh a thabhairt orthu, agus gan a bheith teoranta d’earnáil an fhuinnimh, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as faireachlann idirnáisiúnta astaíochtaí meatáin;

26.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá clár Copernicus agus a Sheirbhís Faireachán ar an Atmaisféir maidir le hastaírí ollmhóra domhanda, chomh maith le foinsí ar scála níos lú, a bhrath agus faireachán a dhéanamh orthu;

27.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil faireachán ón aer chomh tábhachtach céanna ó thaobh díriú ar scaoileadh, bladhmadh agus brath sceite de; á thabhairt chun suntais gur féidir fíorú neamhspleách a dhéanamh ar lorg cuideachta agus rannpháirtíocht maidir le maolú a éascú le sonraí satailíte; ag tacú go láidir le comhroinnt faisnéise agus teicneolaíochtaí i measc geallsealbhóirí san Aontas agus ar an leibhéal domhanda, agus leis an bpobal, chun feidhmiú mar chatalaíoch le haghaidh iarrachtaí laghdaithe;

28.  á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh ón gCoimisiún maidir le meatán ó mhianaigh ghuail a mhaolú, lena n-áirítear láithreáin iata agus tréigthe; á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir le MRV agus LDAR éigeantach d’astaíochtaí meatáin mianach guail, lena n-áirítear an ceanglas atá ar chuideachtaí ar leo láithreáin iata nó an ceanglas atá ar Bhallstáit (i gcás mianaigh thréigthe nach bhfuil aon úinéir reatha faoi dhliteanas ina leith), na láithreáin thréigthe go léir in AE a dhúnadh agus a shéalú go héifeachtach a luaithe is féidir agus bearta MRV agus LDAR céanna a ghlacadh agus a bhaineann le láithreáin atá ag oibriú; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú go dtabharfaidh na Ballstáit aghaidh ar úinéireacht láithreán tréigthe agus go dtacóidh siad le meatán ó mhianaigh ghuail a mhaolú; á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin maidir le trealamh tomhais a ghlacadh agus ceanglas tomhais a fhorchur ar gach mianach; á chur i bhfáth gur cheart don Chlár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán an tuairisciú nua a leanúint chun comhleanúnachas beartais a áirithiú;

29.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na hoibríochtaí glantacháin atá dírithe ar astaíochtaí meatáin ó láithreáin iata a chosc agus a dhíothú ar deireadh; á iarraidh ar an gCoimisiún clár sonrach a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí meatáin ó ghualmhianaigh iata agus tréighte trí dhreasachtaí a chur ar fáil do na hiar-ghualmhianaigh chun aghaidh a thabhairt ar a n-astaíochtaí meatáin, gan a bheith mar thoradh air sin tairbhí a chur chun cinn nó faillí a dhéanamh ar fhreagrachtaí na n-úinéirí atá freagrach as a séalú, i gcomhréir leis an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, mar atá cumhdaithe in Airteagal 191(2) CFAE, agus tacú le haistriú cóir na réigiún guail trí ghníomhaíochtaí malartacha a fhorbairt atá i gcomhréir le cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, thairis sin, clár sonrach nó gníomhaíochtaí eile a mheas, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais maidir le MRV agus maolú astaíochtaí i láithreáin thréigthe ola agus gáis nach bhfuil aon úinéireacht aitheanta acu, agus aird iomlán á tabhairt ar an bprionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé bonneagar den sórt sin a dhíchoimisiúnú ar bhealach leormhaith;

Talmhaíocht

30.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur sa talmhaíocht atá an sciar is mó d’fhoinsí d’astaíochta meatáin antrapaigineacha in AE; á chur i bhfios go láidir, áfach, gur tháinig laghdú 22,2 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa AE ó thalmhaíocht na hEorpa (lena n-áirítear beostoc) sa tréimhse idir 1990 agus 2018 in AE-28, de bharr laghdú 21 % ar astaíochtaí talmhaíochta meatáin (laghdú 22 % ar choipeadh eintreach agus laghdú 17 % ar bhainistiú aoiligh); ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil méadú beag tagtha ar líon na n-astaíochtaí meatáin le cúig bliana anuas mar gheall ar mhéid na dtréad atá méadaithe; ag tabhairt dá haire cé gurb ann sa talmhaíocht an dara hacmhainneacht fhoriomlán is airde ó earnáil ar bith ó thaobh laghdú astaíochtaí meatáin de, mar a léiríodh sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Straitéis Mheatáin AE, gur féidir a foinsí astaíochtaí meatáin a bheith idirleata agus, dá bhrí sin, go bhféadfaidís dúshlán a thabhairt maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú; ag tabhairt dá haire, áfach, gur féidir gníomhaíocht a dhéanamh leis an gcóras faireacháin atá ann cheana atá bunaithe ar mhodheolaíocht Leibhéal 2; á chur i bhfáth gurb é líon an bheostoic go príomha is cúis le hastaíochtaí meatáin sa talmhaíocht, go háirithe athchogantaigh; á iarraidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha agus inbhuanaithe a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar na hastaíochtaí sin ina gcuid pleananna straitéiseacha náisiúnta agus á iarraidh ar an gCoimisiún anailís chuimsitheach a dhéanamh orthu sin sula bhformheasfar na pleananna agus é mar aidhm leis comhleanúnachas beartais a áirithiú; á chur i bhfáth nár cheart táirgeadh a aistriú thar lear i ngeall ar na creatdálaí le haghaidh astaíochtaí meatáin a ghéarú in earnáil na talmhaíochta, go háirithe in earnáil an bheostoic;

31.  á chur i bhfios, sa talmhaíocht, gur ó lasmuigh den Aontas a thagann sciar suntasach d’astaíochtaí meatáin an domhain, agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leanfar de bhia a tháirgeadh sna suíomhanna is inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de; á chur i bhfáth gur gá don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le dea-chleachtais a mhalartú lena chomhpháirtithe trádála tríú tír d’fhonn astaíochtaí meatáin ón talmhaíocht a laghdú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an comhar idirnáisiúnta chun astaíochtaí meatáin a laghdú;

32.  á chur in iúl gur geal léi cuspóir an Choimisiúin maidir le rannpháirtíocht iltaobhach agus ag tacú leis an gcomhar gníomhach le comhpháirtithe idirnáisiúnta faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht Oibre Koronivia maidir le Talmhaíocht de UNFCCC agus na Comhghuaillíochta Aeráide agus Aeir Ghlain, lena gcuirtear ardáin iltaobhacha riachtanacha ar fáil chun dea-chleachtais a mhalartú agus chun ár gcomhpháirtithe domhanda a spreagadh chun táirgeadh talmhaíochta astaithe meatáin a laghdú agus chun tacú lena n-aistriú inbhuanaithe;

33.  á mheabhrú gur allmhairithe is cúis le méid suntasach astaíochtaí meatáin in earnáil an agraibhia; á iarraidh ar an gCoimisiún cothrom na Féinne a áirithiú do tháirgeoirí AE trína áitiú go mbeadh na caighdeáin chéanna á gcomhlíonadh ag allmhairí ó thríú tíortha agus atá in AE;

34.  á iarraidh ar an gCoimisiún meastachán a dhéanamh ar an méid a chuireann táirgí agraibhia allmhairithe le hastaíochtaí antrapaigineacha meatáin AE trí úsáid a bhaint as bunachar sonraí EDGAR-FOOD;

35.   á chur in iúl gur gá, sna cinntí beartais a dhéanfar amach anseo, creat soiléir a chur ar fáil d’earnáil an bheostoic chun leibhéal intuarthachta a áirithiú;

36.  ag cur sonrú sa staidéar ar stádas na dteicnící nua géanómaíocha faoi dhlí an Aontais agus i bhfianaise an rialaithe ón gCúirt Bhreithiúnais i gCás C-528/16 (SWD(2021)0092), agus i bhfógra ón gCoimisiún go bhfuil sé beartaithe aige gníomhaíocht bheartais rialála a thionscnamh lena n-áirítear measúnú tionchair agus comhairliúchán poiblí ar phlandaí a eascraíonn as teicnící nua géanómaíocha áirithe, arb é is aidhm dó ardleibhéal cosanta a choinneáil do shláinte an duine, do shláinte ainmhithe agus don chomhshaol, agus leas á bhaint as tairbhí féideartha a thagann ón eolaíocht agus ón nuálaíocht, go háirithe chun rannchuidiú le hinbhuanaitheacht agus le spriocanna inbhuanaitheachta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus na Straitéise “ón bhFeirm go dtí an Forc”; ag leagan béim ar phrionsabal an réamhchúraim agus ar an ngá atá le trédhearcacht agus saoirse rogha a áirithiú d’fheirmeoirí, do phróiseálaithe agus do thomhaltóirí, agus á chur i bhfáth gur cheart measúnuithe riosca agus forléargas agus measúnú cuimsitheach ar roghanna maidir le hinrianaitheacht agus lipéadú a áireamh sa ghníomhaíocht bheartais sin d’fhonn maoirseacht chuí rialála a bhaint amach agus faisnéis ábhartha a sholáthar do thomhaltóirí, lena n-áirítear do tháirgí ó thríú tíortha chun cothrom na Féinne a áirithiú;

37.  ag tabhairt dá haire, cé go bhféadfadh astaíochtaí meatáin níos ísle ó fheirmeacha a bheith mar thoradh ar tháirgeadh fairsing beostoic, go méadaíonn sé na hastaíochtaí in aghaidh an aonaid táirge a tháirgtear; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit éifeachtaí na straitéisí maolaithe ar astaíochtaí meatáin domhanda a chur san áireamh;

38.  ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an talmhaíocht ó thaobh gabháil agus stóráil carbóin de; ag tabhairt dá haire an ról tábhachtach atá ag geilleagar ciorclach níos leithne agus gur cheart céimniú amach de réir a chéile astaíochtaí CO2 agus ciorclaíocht mhéadaithe carbóin a dhreasú, agus brú breise ar phraghas na talún talmhaíochta a dhéanfadh dochar d’fheirmeoirí óga á sheachaint ag an am céanna; ag áitiú nár cheart go gcuirfeadh aon bhearta a dhéantar bac ar iomaíochas AE;

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhréir leis an Dlí Aeráide Eorpach, féachaint le creat rialála a fhorbairt chun aistrithe carbóin a dheimhniú bunaithe ar chuntasaíocht charbóin atá stóinsithe agus trédhearcach ina gcuirtear san áireamh na héagsúlachtaí idir na gáis ceaptha teasa, agus fíorú a dhéanamh ar bharántúlacht na n-aistrithe carbóin agus luach a saothair a thabhairt d’fheirmeoirí de bharr a n-iarrachtaí maolaithe.

40.  á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún maidir le grúpa saineolaithe a bhunú agus é mar aidhm leis anailís a dhéanamh ar mhaitrís shaolré na n-astaíochtaí meatáin;

41.  ag tathant ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit i dtaca le sonraí a bhailiú maidir leis an acmhainneacht atá ag ceapadh carbóin féarthailte ionas go mbeidh cur chuige níos spriocdhírithe ann sa bheartas aeráide;

42.  ag aithint gurb é táirgeadh ainmhithe an phríomhghníomhaíocht a dhéantar ar fhéarthalamh buan, rud a chuireann ar chumas feirmeacha tuaithe maireachtáil, cobhsaíocht eacnamaíoch a bheith acu agus a bheith suite i réigiúin cnoic agus sléibhe, rud a chuireann cosc ar rófhás sna limistéar sin; á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí infheistíochta a dhíriú ar chistiú na nuálaíochta i gcoscairí meatáin, lena n-áirítear i gcoscairí atá bunaithe ar fhéarach, agus comhoibriú le tríú tíortha a bhfuil baint acu le taighde den chineál céanna;

43.  ag tabhairt dá haire na hastaíochtaí meatáin a ghintear as tailte portaigh athfhliuchta; á chur i bhfios go láidir, de réir an taighde, áfach, go dtagann éifeacht an téimh ar léibheann tar éis athfhliuchta mar gheall ar an sos ó astaíochtaí CO2/N2O ó thailte portaigh athfliuchta agus an saolré atmaisféarach gearr atá ag aon mheatán a astaítear(20); á thabhairt chun suntais nach amhlaidh atá sé i gcás astaíochtaí leanúnacha CO2 ó thailte portaigh silte, rud is cúis le téamh breise; á iarraidh go ndéanfaí na tailte portaigh a athfhliuchadh gan mhoill chun na héifeachtaí fuaraithe is tairbhiúla a áirithiú;

44.  ag tabhairt dá haire, de réir na Straitéise ‘ón bhFeirm go dtí an Forc, nach bhfuil aistí bia na nEorpach ag teacht leis na moltaí maidir le hithe folláin, agus go bhfuil gá le hathrú ar fud an daonra i dtreo bianna, aistí bia agus stíleanna maireachtála níos sláintiúla, lena n-áirítear tomhaltas plandaí a tháirgtear go hinbhuanaithe agus bianna planda-bhunaithe, amhail torthaí agus glasraí úra, grán agus léagúim iomlána, agus chun aghaidh a thabhairt ar ró-chaitheamh feola agus táirgí sárphróiseáilte, ar athrú é a rachaidh chun tairbhe don chomhshaol, i.e. an trí astaíochtaí meatáin laghdaithe agus trí leas ainmhithe, agus a áiritheoidh geilleagar níos athléimní; ag cur béim ar an bhfíoras dá mbeadh moltaí uile-Aontais eolaíochtbhunaithe ann maidir le haistí bia inbhuanaithe, sláintiúla agus níos cothroime, ar moltaí iad a chuirfeadh san áireamh éagsúlacht chultúrtha agus réigiúnach na mbianna agus aistí bia Eorpacha chomh maith le riachtanais na dtomhaltóirí, go dtabharfadh na moltaí sin cabhair agus spreagadh do thomhaltóirí agus go ndéanfaidís eolas d’iarrachtaí na mBallstát féin chun gnéithe inbhuanaitheachta a chomhtháthú sa chomhairle náisiúnta maidir le cothú; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí agus gníomhaíochtaí sonracha de sórt sin a fhorbairt chun aistí bia folláine, inbhuanaithe agus níos cothroime a chur chun cinn ar bhealach éifeachtach;

45.  á chur i bhfáth go bhfuil teicneolaíochtaí agus cleachtais lena gcuirtear teorainn le hastaíochtaí meatáin ón talmhaíocht, lena n-áirítear cleachtais maidir le bainistiú inbhuanaithe beostoic, ag forbairt go tapa agus gur cheart iad a chur chun cinn agus a chur chun feidhme a luaithe is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go tapa san Aontas nuálaíochtaí ar cruthaíodh go bhfuil siad éifeachtach agus costéifeachtúil lena maolaítear bearta meatáin i dtáirgeadh talmhaíochta agus go n-úsáidfidh táirgeoirí AE na nuálaíochtaí sin atá ar fáil cheana chun leanúint d’astaíochtaí meatáin a laghdú faoi chuimsiú an chomhbheartais talmhaíochta (CBT) agus na bpleananna straitéiseacha náisiúnta, lena n-áirítear trí éiceascéimeanna sonracha tiomnaithe agus tionscnaimh feirmeoireachta carbóin faoin CBT agus trí shruthanna cistiúcháin príobháideacha nó poiblí eile; á chreidiúint gur cheart go bhfaigheadh feirmeoirí dreasachtaí airgeadais chun cleachtais maolaithe a ghlacadh trí chlár Fís Eorpach agus trí Chistí an Tionscnaimh Athléimneachta Eacnamaíoch; á aithint, áfach, nach dócha go réiteodh feirmeoirí na fadhbanna astaíochtaí a bhaineann le táirgeadh talmhaíochta ainmhithe leo féin; ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar ag na héagsúlachtaí struchtúracha talmhaíochta idir na Ballstáit agus ag sainiúlachtaí náisiúnta ar an gcostas a bhaineann leis na teicnící sin a ghlacadh;

46.  á thabhairt chun suntais go bhfuil cleachtais ann cheana atá léirithe go maith chun cabhrú le hastaíochtaí ó bhainistiú aoiligh a laghdú; ag tabhairt dá haire go laghdaítear, leis na cleachtais sin, leibhéal an amóinia atá á scaoileadh ag earnáil na talmhaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta rialála a mholadh chun a áirithiú go nglacfar leis na teicnící sin, ag a mbeidh spriocanna agus amlínte réalaíocha agus uaillmhianacha; á chur i bhfáth, ina theannta sin, gurb iad leasacháin nítrigin-bhunaithe atá freagrach as méid mór astaíochtaí meatáin; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun astaíochtaí gaolmhara a laghdú mar chuid den Straitéis ‘ón bhFeirm go dtí an Forc’;

47.  á chur i bhfios go láidir an ról lárnach ba cheart a bheith ag an Aontas maidir le tacú leis an taighde, leis an nuálaíocht agus leis an bhforbairt, mar aon le teicneolaíochtaí agus cleachtais inbhuanaithe nua a uas-scálú chun cuidiú le hastaíochtaí meatáin ó na hearnálacha uile, talmhaíocht bheostoic san áireamh, a laghdú, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar MRV na n-astaíochtaí meatáin san earnáil chun dul chun cinn a rianú i dtreo na spriocanna sin agus trí theicneolaíochtaí atá ar fáil cheana a chur i bhfeidhm, amhail teicneolaíochtaí a bhaineann le MRV; á chreidiúint gur cheart bearta maolaithe meatáin a fhorbairt d’ainmhithe féaraigh chun sláinte agus leas ainmhithe a urramú agus i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim; á chur i bhfios, go háirithe, go bhfuil gá le staidéir ilghlúine ar bhreiseáin bheathaithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú tráthúil ar an Rialachán maidir le Breiseáin Bheathaithe a áirithiú(21);

48.  á mheas gur féidir úsáid na dramhaíola agus na n-iarmhar talmhaíochta do tháirgeadh bithgháis a bheith ina spreagadh don gheilleagar ciorclach agus ag cur i bhfáth úsáid bhreisluacha n-iarmhar talmhaíochta, ar choinníoll go gcloítear le prionsabal na húsáide cascáidí agus go gcuirtear na critéir inbhuanaitheachta iomchuí i bhfeidhm; á chur le fios gur féidir le táirgeadh bithgháis ó iarmhair talmhaíochta agus ó dhramhaíl orgánach eile astaíochtaí meatáin a laghdú in earnáil na talmhaíochta agus dreasacht a thabhairt don mhúnla ‘táirgeoir is tomhaltóir’; á iarraidh go ndéanfaí comhordú níos fearr agus bonneagar níos fearr idir feirmeoirí agus táirgeoirí fuinnimh in-athnuaite chun go mbeifear in ann bithghás inbhuanaithe a ghlacadh a bheadh nasctha go háitiúil agus á mheas gur cheart do CBT dreasachtaí a thabhairt do mhaolú agus do laghdú astaíochtaí meatáin agus do bhearta tacaíochta ina leith sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá réir sin, lán-chomhleanúnachas a áirithiú idir an Dlí Aeráide Eorpach, CBT agus an Straitéis Mheatáin;

49.  á chur in iúl gur geal léi sa Straitéis Mheatáin go n-aithnítear go méadaíonn an bithghás a dhíorthaítear ó bharra bia nó beatha na hastaíochtaí meatáin agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, an bonn a bhaint d’aon tairbhí maolaithe, agus gur cheart forbairtí bithgháis a bheith bunaithe go príomha ar dhramhaíl nó ar iarmhair; á iarraidh ar an gCoimisiún scéim láidir neamhspleách deimhniúcháin tionscnaimh a fhorbairt do mhodhanna táirgthe bithgháis agus do bhunábhar; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh táirgeadh bithgháis bunaithe ar mhúnla de chuid an gheilleagair chiorclaigh áitiúil chun astaíochtaí agus costais a bhaineann le hiompar a sheachaint; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart go mbeadh aon tacaíocht ina dreasú chun an talmhaíocht bheostoic a dhianú;

50.  ag tabhairt dá haire go gcruthófar níos mó post i dtáirgeadh príomhúil de bharr fhorbairt an gheilleagair chiorclaigh agus an bhithgheilleagair agus á chur i bhfáth, ar mhaithe leis an mbithgheilleagar, gur gá scileanna nua, eolas nua agus disciplíní nua a fhorbairt agus/nó a chomhtháthú tuilleadh ó thaobh oiliúna agus oideachais de san earnáil sin chun dul i ngleic le hathruithe sochaíocha a bhaineann leis an mbithgheilleagar, chun iomaíochas, fás agus cruthú post a chur chun cinn, chun freastal ar riachtanais na hearnála agus chun a áirithiú go ndéanfar scileanna agus poist a mheaitseáil ar bhealach níos fearr;

Dramhaíl

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún anailís bhreise a dhéanamh ar astaíochtaí meatáin ó shloda agus ó fhuíolluisce agus athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Shloda Séarachais(22) agus ar an Treoir maidir le Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh(23) in 2022, lenar cheart aghaidh a thabhairt freisin ar astaíochtaí aerthruailleáin agus gáis cheaptha teasa, go háirithe meatán; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, a bheith uaillmhianach agus a bheith dírithe go tréan ar astaíochtaí meatáin a chomhtháthú in athbhreithniú 2024 ar an Treoir maidir le Líonadh Talún(24) agus ar an athbhreithniú ar IED atá ar na bacáin; á thabhairt chun suntais an gá atá le bearta chun a cheangal ar láithreáin líonta talún an bithmheatán a gineann siad a úsáid go dtí go dtiteann a inneachar fuinnimh faoi bhun luach úsáideach a úsáid agus, nuair nach bhfuil sé inmharthana a thuilleadh an bithmheatán a ghintear ag láithreán líonta talún a úsáid, agus go n-úsáidfear bith-ocsaídiú agus teicneolaíochtaí eile i láithreacha achrainn chun na hastaíochtaí meatáin atá fágtha a laghdú; á mheabhrú, ina leith sin, go dtagann cuid d’astaíochtaí meatáin san earnáil dramhaíola as sceitheadh ó ghléasraí bithgháis; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a fhoilsiú ar na modhanna is fearr chun gléasraí bithgháis a thógáil agus a oibriú chun aghaidh a thabhairt ar sceitheadh de dheasca droch-chothabhála, droch-oibriúcháin agus drochdheartha; á mheabhrú thairis sin gur rannchuidigh IED le laghdú a dhéanamh ar thuailliú ó ghníomhaíochtaí tionsclaíocha; á thabhairt chun suntais, áfach, nach bhfuil diúscairt líonta talún cumhdaithe ag aon cheann de na Doiciméid Tagartha um na Teicnící is Fearr atá ar Fáil (BREFanna);

52.  á chur i bhfios go láidir gurb é diúscairt líonadh talún, atá ag bun ord na réiteach dramhaíola, an bealach is truaillithe chun dramhaíl a bhainistiú i dtéarmaí astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailleáin eile san aer, san ithir agus san uisce araon; á iarraidh ar na Ballstáit ceanglais reatha na Treorach maidir le Líonadh Talún a chomhlíonadh go hiomlán agus á iarraidh go ndéanfaí an treoir a ailíniú le prionsabail uileghabhálacha an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach, lena n-áirítear an cuspóir do 2016, faoina raibh an méid dramhaíola in-bhithdhíghrádaithe a cuireadh i líonadh talún le laghdú go 35 % nó níos lú i gcomparáid le leibhéil 1995; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a fhorbairt chun a áirithiú go nglacfaidh na Ballstáit nach bhfuil i gcomhréir leis an sprioc sin bearta agus gníomhaíochtaí ceartaitheacha; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí imeacht ó láithreáin líonta talún; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ina theannta sin, go raibh 15 Bhallstát in 2017 nach raibh ag comhlíonadh ina hiomláine an oibleagáid a leagtar síos sa treoir maidir le dramhaíl a chóireáil roimh líonadh talún; á athdhearbhú, ina leith sin, a hiarrata i rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir le Plean Gníomhaíochta nua an Aontais Eorpaigh don Gheilleagar Ciorclach, ar iarraidh í chun an Treoir maidir le Líonadh Talún a thabhairt i gcomhréir le prionsabail uileghabhálacha an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar na treoracha ábhartha, go ndíreofar ar ghiniúint dramhaíola iarmharaí a chosc agus a uasteorannú, agus feabhas a chur ar an sprioc 10 % maidir le líonadh talún trí bhíthin uasteorainn líonta talún in kg/duine/bliain a shainiú chun na torthaí comhshaoil is fearr a bhaint amach ó na héifeachtaí comhcheangailte a bhaineann le laghdú, athúsáid, athchúrsáil agus múiríniú, agus líonadh talún le hiarmhair á laghdú ag an am céanna; á mheas, thairis sin, gur phríomhfheabhsú a bheadh ann a áirithiú gur láidre agus gur comhchuibhithe ar fud AE í an mhodheolaíocht chuntasaíochta maidir le gáis cheaptha teasa ó láithreáin líonta talún;

53.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i bhfianaise an mhéid thuas:

   spriocanna ceangailteacha de chuid an Aontais a leagan síos maidir le dramhaíl tráchtála agus thionsclaíoch, ós rud é nach bhfuil aon spriocanna sonracha ann fós ina leith sin;
   spriocanna a mholadh chun teorainn a chur le giniúint dramhaíola iarmharaí san athbhreithniú atá beartaithe ar an Treoir Réime Dramhaíola(25) agus ar an Treoir maidir le Líonadh Talún in 2024;
   an Treoir maidir le Líonadh Talún a ailíniú le cuspóirí foriomlána AE maidir le hathrú aeráide agus maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, tar éis mionanailís a dhéanamh chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar shaincheisteanna a bhaineann le gás ceaptha teasa;
   doiciméad BREF a chur ar fáil maidir le líonadh talún, lena n-áirítear forálacha maidir le meatán;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát maidir le bithdhramhaíl a bhailiú ar leithligh, riail atá le cur chun feidhme faoi 2023; á mheabhrú, i gcomhréir le hord na cóireála dramhaíola, go gceanglaítear ar na Ballstáit bearta a ghlacadh chun athchúrsáil bithdhramhaíola a spreagadh, lena n-áirítear múiríniú agus díleá bithdhramhaíola, ag cur san áireamh gur gnách go mbailítear agus go ndéantar cóireáil ar bhithdhramhaíl ar an leibhéal áitiúil; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart don Choimisiún tuilleadh comhair a spreagadh idir na réigiúin agus na Ballstáit agus comhchuibhiú a dhéanamh trí dhea-chleachtais a mhalartú;

55.  ag athdhearbhú chuspóirí an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach maidir le ciorclaíocht shuntasach a bhaint amach agus gáis cheaptha teasa a sheachaint, go háirithe éalú astaíochtaí meatáin ón lúb dúnta; á chur in iúl go dtuigeann sí gur cheart bainistiú dramhaíola atá comhtháite i ndáiríre a chur chun cinn chun ord na réiteach dramhaíola a chur chun feidhme go rathúil agus tosaíocht níos mó a thabhairt do chóireáil dramhaíola;

56.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil nósanna imeachta clabhsúir agus iarchúraim do chealla líonta talún ríthábhachtach chun sceitheadh a laghdú, ina gcuirtear san áireamh saolré iomlán na láithreán líonta talún; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a sholáthar, a oireann do choinníollacha gach Ballstáit chun cur i bhfeidhm iomlán ord na réiteach dramhaíola a áirithiú, ag leagan béim ar dhramhaíl a chosc, ar bhaint amach sprioc an 31 Nollaig 2023 ndáil le dheighilt ag an bhfoinse agus bailiú ar leithligh bithdhramhaíola, lena n-áirítear trí chomhar a chur chun cinn idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach chun leibhéal ard de bhailiú ar leithligh, athchúrsáil agus aisghabháil dramhaíola in-bhithdhíghrádaithe a áirithiú, ionas go n-áiritheofaí atreorú éifeachtúil ón líonadh talún gan cistiú AE a sholáthar do loscadh; á thabhairt chun suntais gur cheart i gcónaí rogha bhitheolaíoch cóireála indéanta a bheith ann, amhail múiríniú nó díleá anaeróbach; ag aithint, ina leith sin, acmhainneacht díleá anaeróbaigh ó dhramhaíl in-bhithmhillte, lena ndéantar bithmheatán a tháirgeadh; á chur i bhfáth, i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola, nach bhfuil loscadh ach ag an dara céim is ísle in ord na réiteach dramhaíola agus ag meabhrú a seasaimh maidir le loscadh a leagtar amach i rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir leis an bPlean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach;

57.  á thabhairt chun suntais go bhfuil dromchlaí taiscumair ina bhfoinse shuntasach dhomhanda d’astaíochtaí gás ceaptha teasa, lena n-áirítear meatán mar gheall ar charnadh dríodair i ngaibhnithe den chuid is mó, agus gur féidir cabhrú le hastaíochtaí ó limistéir ghaibhnithe a laghdú go mór trí dhamba a bhaint; á iarraidh ar an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil faisnéis a bhailiú ar an ábhar sin ar mhaithe le bonn eolais a chur faoin measúnú ar bhearta féideartha beartais;

o
o   o

58.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 328, 21.12.2018, lch. 1.
(2) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1.
(3) IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.
(4) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(5) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0040.
(6) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0107.
(7) Myhre, G., D. Shindell, F.-M. Bréon, W. Collins, J. Fuglestvedt, J. Huang, D. Koch, J.-F. Lamarque, D. Lee, B. Mendoza, T. Nakajima, A. Robock, G. Stephens, T. Takemura agus H. Zhang, Anthropogenic and Natural Radiative Forcing, Climate Change 2013: The Physical Science Basis, Contribution of Working Group I to the Fifth Assessment Report of the Intergovernmental Panel on Climate Change, [Fórsáil Antrapaigeanach agus Fórsáil Radantach Nadúrtha, Athrú Aeráide 2013: An Bunús Eolaíochta Fisicí, Ábhar a chuir Meitheal I ar fáil don Chúigiú Tuarascáil Mheasúnachta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide] Caibidil 8, Cambridge University Press, Cambridge, an Ríocht Aontaithe agus Nua-Eabhrac, NY, USA, 2013, lch. 714.
(8) Hmiel, B., Petrenko, V.V., Dyonisius, M.N. et al, Preindustrial 14CH4 indicates greater anthropogenic fossil CH4 emissionsNature, Iml. 578, 2020, lgh. 409–412, i measc nithe eile.
(9) An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Ambient air pollution: a global assessment of exposure and burden of disease [Truailliú an aeir chomhthimpeallaigh: Measúnú foriomlán ar nochtadh agus ualach galair], 2016.
(10) An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Air quality in Europe – 2020 report [Cáilíocht aeir san Eoraip – tuarascáil 2020], lch. 7.
(11) Rialachán (CE) Uimh. 166/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Eanáir 2006 maidir le Clár Eorpach ar Scaoileadh agus Aistriú Truailleán a bhunú agus lena leasaítear Treoir 91/689/CEE agus Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 33, 4.2.2006, lch. 1).
(12) Treoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 maidir le hastaíochtaí tionsclaíocha (cosc agus rialú comhtháite ar thruailliú) (IO L 334, 17.12.2010, lch. 17).
(13) Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 17 Meán Fómhair 2020 a ghabhann leis an teachtaireacht uaidh dar teideal Stepping up Europe’s 2030 climate ambition: investing in a climate-neutral future for the benefit of our people [Dlús a chur le huaillmhian aeráide na hEorpa 2030: Infheistíocht i dtodhchaí aeráidneodrach ar son leas ár muintire] (SWD(2020)0176).
(14) Measúnú Domhanda Meatáin UNEP 2021.
(15) Treoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Nollaig 2016 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán atmaisféarach áirithe san aer a laghdú, lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE (IO L 344, 17.12.2016, lch. 1).
(16) Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156, 19.6.2018, lch. 26).
(17) Teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Iúil 2020 dar teideal Powering a climate-neutral economy: an EU Strategy for Energy System Integration [Powering a climate-neutral economy: Straitéis an Aontais maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh] (COM(2020)0299).
(18) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0277.
(19) Togra ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2020 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagar tras-Eorpach fuinnimh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 (COM(2020)0824).
(20) Günther, A., Barthelmes, A., Huth, V., Joosten, H., Jurasinski, G., Kobesch, F. agus Couwenberg, J., Prompt rewetting of drained peatlands reduces climate warming despite methane emissions [Le hathfhliuchadh pras na dtailte portaigh slite, laghdaítear an téamh aeráide in ainneoin astaíochtaí meatáin], Nature Communications, 11, 1644 (2020).
(21) Rialachán (CE) Uimh. 1831/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Meán Fómhair 2003 maidir le breiseáin lena n-úsáid i gcothú ainmhithe (IO L 268, 18.10.2003, lch. 29).
(22) Treoir 86/278/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1986 maidir le cosaint an chomhshaoil, agus na hithreach go háirithe, nuair a úsáidtear sloda san fheirmeoireacht (IO L 181, 4.7.1986, lch. 6).
(23) Treoir 91/271/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1991 maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh (IO L 135, 30.5.1991, lch. 40).
(24) Treoir 1999/31/CE ón gComhairle an 26 Aibreán 1999 maidir le líonadh talún le dramhaíl (IO L 182, 16.7.1999, lch. 1).
(25) Treoir 2008/98/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le dramhaíl agus lena n-aisghairtear Treoracha áirithe (IO L 312, 22.11.2008, lch. 3).


Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, Glaschú, an Ríocht Aontaithe (COP26)
PDF 273kWORD 97k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, Glaschú, an Ríocht Aontaithe (COP26) (2021/2667(RSP))
P9_TA(2021)0437B9-0521/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) agus do Phrótacal Kyoto a ghabhann leis,

–  ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

–  ag féachaint don 25ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide (COP25), don 15ú seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe atá ag feidhmiú mar chruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto (CMP15), agus don dara seisiún de Chomhdháil na bPáirtithe ag feidhmiú mar Chruinniú na bPáirtithe i gComhaontú Pháras (CMA2), a tionóladh i Maidrid, ón 2 go dtí an 13 Nollaig 2019,

–  ag féachaint don chinneadh ó Bhiúró COP UNFCCC an 28 Bealtaine 2020, i gcomhar leis an Ríocht Aontaithe agus lena comhpháirtithe san Iodáil, Comhdháil Aeráide COP26 na Náisiún Aontaithe a chur siar de dheasca COVID-19 agus teacht le chéile arís i nGlaschú, an Ríocht Aontaithe ón 1 go dtí an 12 Samhain 2021,

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna),

–  ag féachaint don Chruinniú Mullaigh domhanda maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide a tionóladh an 25 agus 26 Eanáir 2021,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach (‘An Dlí Aeráide Eorpach’)(1),,

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le Comhdháil 2019 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, Maidrid, an Spáinn(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(3),

–  ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 maidir le ról AE i ndáil le foraoisí an domhain a chosaint agus a athbhunú(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 ar Stráitéis AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Aibreán 2021 maidir le cosaint ithreach(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2021 maidir le Straitéis Bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030: An dúlra a thabhairt ar ais inár saol(8),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 dar teideal A new Circular Economy Action Plan for a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach: Eoraip níos glaine agus níos iomaíche] (COM(2020)0098),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Feabhra 2021 dar teideal Forging a climate-resilient Europe – the new EU Strategy on Adaptation to Climate Change [Eoraip atá seasmhach ó thaobh na haeráide de a chruthú – straitéis nua an Aontais Eorpaigh maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide], (COM(2021)0082),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh chun astaíochtaí méatáin a laghdú (COM(2020)0663),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 25 Eanáir 2021 maidir le taidhleoireacht aeráide agus fuinnimh – dul chun cinn a dhéanamh maidir le gné sheachtrach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

–  ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis na hullmhúcháin do chruinnithe UNFCCC i nGlaschú ón 31 Deireadh Fómhair go dtí an 12 Samhain 2021,

–  ag féachaint don tuarascáil measúnachta domhanda ar an mbithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais ón Ardán Idir-Rialtasach maidir le Beartas Eolaíochta um Sheirbhísí Bithéagsúlachta agus Éiceachórais (IPBES);

–  ag féachaint don tuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda 1,5°C, dá chúigiú tuarascáil mheasúnachta agus dá thuarascáil sintéise ina leith, dá thuarascáil speisialta maidir leis an athrú aeráide agus an talamh, agus dá thuarascáil speisialta maidir leis an aigéan agus an crióisféar in aeráid atá ag athrú,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Fhochomhlacht UNFCCC um Chomhairle Eolaíoch agus Theicneolaíoch an 29 Aibreán 2021 dar teideal Ocean and climate change dialogue to consider how to strengthen adaptation and mitigation action [Idirphlé maidir leis an aigéan agus leis an athrú aeráide chun machnamh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir gníomhaíocht oiriúnacháin agus maolúcháin a neartú],

–  ag féachaint do thuarascáil shuaitheanta an Choimisiúin Dhomhanda maidir le hOiriúnú an 10 Meán Fómhair 2019 dar teideal Adapt now: a global call for leadership on climate resilience [Oiriúnú a dhéanamh anois: Glao domhanda ar cheannaireacht maidir le hathléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide],

–  ag féachaint do thuarascáil sintéise UNFCCC an 17 Meán Fómhair 2021 maidir le rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta faoi Chomhaontú Pháras,

–  ag féachaint don 11ú tuarascáil ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe maidir le bearna astaíochta, an 9 Nollaig 2020.

–  ag féachaint don tuarascáil ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh i mí na Bealtaine 2021 dar teideal Net Zero by 2050 – A Roadmap for the Global Energy Sector [Neodracht Charbóin faoi 2050: Treochlár don Earnáil Fuinnimh Dhomhanda],

–  ag féachaint do thuarascáil Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 18 Feabhra 2021 dar teideal Making Peace with Nature: a scientific blueprint to tackle the climate, biodiversity and pollution emergencies [Síochán a dhéanamh leis an Dúlra: treoirphlean eolaíoch chun dul i ngleic le héigeandálaí aeráide, bithéagsúlachta agus truaillithe],

–  ag féachaint do thuarascáil IPBES an 29 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal IPBES workshop on biodiversity and pandemics – workshop report [Ceardlann IPBES maidir leis an mbithéagsúlacht agus paindéimí – tuarascáil ar an gceardlann],

–  ag féachaint don tuarascáil ar an gceardlann comhurraithe ag IPBES-IPCC maidir leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide an 10 Meitheamh 2021,

–  ag féachaint do thuarascáil ón Eagraíocht Dhomhanda Meitéareolaíochta an Aibreán 2021 maidir le staid na haeráide domhanda in 2020,

–  ag féachaint do Chreat Sendai um Laghdú Rioscaí Tubaiste 2015-2030;

—   ag féachaint do thuarascáil Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe an 6 Bealtaine 2021 dar teideal Global Methane Assessment: Benefits and Costs of Mitigating Methane Emissions [Measúnú Domhanda Meatáin: Sochair agus Costais a bhaineann le hAstaíochtaí Meatáin a Mhaolú],

–  ag féachaint do na ceisteanna a cuireadh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún maidir le Comhdháil 2021 na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide, Glaschú, an Ríocht Aontaithe (COP26) (O-000065/2021 – B9-0039/2021 agus O-000066/2021 – B9-0040/2021),

–  ag féachaint do Riail 136(5) agus Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tairiscint i gcomhair rún ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

A.  de bhrí gur tháinig Comhaontú Pháras i bhfeidhm an 4 Samhain 2016; de bhrí, amhail ón 12 Deireadh Fómhair 2021, go raibh 191 de na 197 bPáirtí in UNFCCC tar éis a n-ionstraimí daingniúcháin, glactha, formheasta nó aontachais a chur faoi bhráid na Náisiúin Aontaithe;

B.  de bhrí gur chuir an tAontas agus na Ballstáit, an 17 Nollaig 2020, a rannchuidiú arna chinneadh go náisiúnta (NDC), nuashonraithe, faoi bhráid UNFCCC, ina dtugtar gealltanas go ndéanfaidh an tAontas sprioc cheangailteach chun laghdú glan intíre uile-gheilleagair 55 % ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) i gcomparáid le leibhéil 1990 a bhaint amach faoi 2030, gan rannchuidiú ó chreidmheasanna idirnáisiúnta;

C.   de bhrí, de réir thuarascáil 2020 ó Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) maidir le bearna astaíochtaí, nach leor na gealltanais a thug sínitheoirí Chomhaontú Pháras go dtí seo chun a sprioc choiteann a bhaint amach agus go mbeidh téamh domhanda os cionn 3 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch mar thoradh orthu; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil a ndóthain gníomhaíochta déanta ag go leor de na Páirtithe in UNFCCC fós lena bheith ar an mbealach ceart chun a NDCanna a chomhlíonadh agus go bhfuil cuid mhór den dul chun cinn atá déanta á fhritháireamh le bheartais fritorthúla amhail fóirdheontais leanúnacha do bhreoslaí iontaise agus tógáil gléasraí nua guail; ag tabhairt rabhadh, sa chomhthéacs sin, faoi na lúba dearfacha aischothaithe nádúrtha, a d’fhéadfadh iarmhairtí tubaisteacha a bheith acu ar an téamh domhanda;

D.  de bhrí gur tháinig méadú leanúnach ar an tiúchan de GCTanna móra in 2020, d’ainneoin gur tháinig laghdú sealadach ar astaíochtaí i ngeall ar COVID-19, agus de bhrí go raibh an tiúchan dé-ocsaíde carbóin (CO2) san atmaisféar ab airde le breis agus 3 milliún bliain ann, de réir na hEagraíochta Domhanda Meitéareolaíochta; de bhrí go raibh 2020 ar cheann de na trí bliana is teo ar taifead, le meánteocht 1.2 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch; de bhrí gurbh é an tréimhse 2011-2020 an tréimhse is teo ar taifead;

E.  de bhrí nach leor beartais intíre AE amháin chun srian a chur le hastaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa agus chun teorainn a chur leis an ardú teochta, i gcomhréir le Comhaontú Pháras; de bhrí go bhfuil gníomhaíocht dhomhanda chomhchoiteann, láithreach agus uaillmhianach ríthábhachtach chun an méadú teochta a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;

F.  de bhrí go n-aithnítear i mbrollach Chomhaontú Pháras an tábhacht a bhaineann le sláine na n-éiceachóras uile, lena n-áirítear na haigéin, a áirithiú, agus de bhrí go gcuirtear i bhfios go láidir le hAirteagal 4(1)(d) de UNFCCC go gcuirfidh na Páirtithe ann bainistiú inbhuanaithe chun cinn, agus caomhnú agus feabhsú linnte agus thaiscumar gach GCT, lena n-áirítear bithmhais, foraoisí agus aigéin chomh maith le héiceachórais eile talún, chósta agus mhuirí; de bhrí go gcuirtear i bhfáth le hAirteagal 2(1)(b) de Chomhaontú Pháras gur cheart go ndéanfar oiriúnú don athrú aeráide agus cothú athléimneachta agus astaíochtaí ísle GCT ar bhealach nach gcuirfidh an táirgeadh bia i mbaol; de bhrí go leagtar béim i dtuarascáil measúnachta domhanda IPBES maidir leis an mbithéagsúlacht agus seirbhísí éiceachórais go mbeidh úsáid inbhuanaithe an dúlra ríthábhachtach chun oiriúnú do thrasnaíocht chontúirteach antrapaigineach leis an gcóras aeráide agus chun í a mhaolú;

G.  de bhrí gurb iad tionchair an athraithe aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta dhá cheann de na dúshláin agus na rioscaí is tábhachtaí do shochaithe daonna; ag tabhairt dá haire gur thug formhór na mbeartas a bhí ann roimhe seo aghaidh ar na fadhbanna a bhaineann leis an athrú aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta go neamhspleách;

H.  de bhrí nár baineadh amach spriocanna bithéagsúlachta domhanda Aichi do 2020, rud a fhágann go bhfuil sé níos práinní fós an bhithéagsúlacht a chaomhnú ó thaobh uaillmhéine agus raon feidhme de;

I.  de bhrí go bhfuil caomhnú na n-aigéan ríthábhachtach, ní hamháin mar phríomhfhoinse bia, ach freisin mar gheall ar a dtábhacht don timthriall carbóin, ina rialaítear an aeráid agus ina dtáirgtear formhór na hocsaigine san aer a análaimid; de bhrí go sonraítear i dtuarascáil speisialta IPCC maidir leis an aigéan agus leis an gcrióisféar go mbraitheann sásraí aeráide ar shláinte na n-aigeán agus go bhfuil tionchar ag téamh domhanda, truailliú, róshaothrú bithéagsúlachta muirí, aigéadú, dí-ocsaiginiú agus creimeadh cósta ar na héiceachórais muirí faoi láthair. de bhrí go meabhraítear sa tuarascáil freisin go bhfuil na haigéin ag éirí níos teo de réir a chéile, ó 1970 i leith, agus go bhfuil siad tar éis níos mó ná 90 % den farasbarr teasa sa chóras aeráide a ionsú, agus go bhfuil na haigéin mar chuid den réiteach chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú dóibh; de bhrí gur gá, dá bhrí sin, astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú éiceachóras a laghdú agus linnte nádúrtha carbóin a fheabhsú;

J.  de bhrí go bhfuil ról lárnach ag réitigh dhúlrabhunaithe agus ag cur chuige éiceachórasbhunaithe maidir leis an maolú ar an athrú aeráide agus an t-oiriúnú don athrú sin; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach linnte carbóin nádúrtha atá ann cheana agus atá ag feidhmiú go héifeachtach, lena n-áirítear taiscumair charbóin sna haigéin, a chosaint agus a athbhunú;

K.  de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag foraoisí sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus iad ag feidhmiú mar linnte carbóin, a ionsúnn thart ar 2 bhilliún tona CO2 in aghaidh na bliana; de bhrí go bhfuil foraoisí an domhain a chosaint agus a fheabhsú ar cheann de na cineálacha gníomhaíochta ar son na haeráide is costéifeachtaí dá bhfuil ann agus, dá ndéanfaí é sin a chur chun feidhme ina iomláine, go bhféadfaí astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú thart ar 15 gigeathonna CO2 in aghaidh na bliana faoi 2050. D’fhéadfadh sé gur leor an méid sin chun an téamh domhanda a theorannú go mór faoi bhun 2 °C

L.  de bhrí go bhféadfaidh dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a laghdú rannchuidiú le raon leathan astaíochtaí gás ceaptha teasa arb é an duine is cúis leo a laghdú, ó choibhéis gigeathonna CO2 0,4 go 5,8 gach bliain(9);

M.  de bhrí gurb é talamh atá reoite go buan, ar a dtugtar talamh síorshioctha freisin, atá ar an gceathrú cuid den Leathsféar Thuaidh; de bhrí, mar thoradh ar an ardú ar an teocht dhomhanda, go bhfuil an talamh síorshioctha Artach ag leá ag luas nach bhfacthas riamh roimhe seo; de bhrí gur taiscumar ollmhór gás ceaptha teasa é an talamh síorshioctha a bhfuil sé d’acmhainn aige suas le 1 600 gigeathonna de CO2 a choinneáil – beagnach dhá oiread an mhéid atá san atmaisféar faoi láthair – agus meatán agus ocsaíd nítriúil a choinneáil freisin; de bhrí go bhféadfadh a scaoileadh dlús tromchúiseach a chur leis an téamh domhanda agus go rachadh sé in olcas(10);

N.  de bhrí, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, go mbeidh an t-athrú aeráide atá á réamh-mheas ina chúis le tuairim is 250 000 bás breise in aghaidh na bliana faoi 2030 agus go meastar go mbeidh na costais a bhaineann le damáiste díreach don tsláinte idir USD 2 agus 4 bhilliún in aghaidh na bliana faoi 2030;

O.  de bhrí i gcásanna áirithe go bhféadfadh baol níos mó galar teacht chun cinn mar thoradh ar chailliúint na bithéagsúlachta a bhaineann le claochlú na dtírdhreach, i gcásanna ina bhfuil speicis atá in ann dul in oiriúint go maith do thírdhreacha ina bhfuil forlámhas ag an duine in ann pataiginí a bhfuil riosca ard tarchuir zónóisigh ag baint leo a iompar;

P.  de bhrí go bhfuil dlúthnasc idir an truailliú aeir agus an t-athrú aeráide agus go bhfuil roinnt de na foinsí antrapaigineacha céanna á roinnt acu; de bhrí, de réir na hEagraíochta Domhanda Sláinte, go bhfaigheann thart ar 4,2 milliún duine ar fud an domhain bás gach bliain de dheasca stróc, galar croí, ailse scamhóg, agus géarghalair riospráide ainsealacha arb é truailliú an aeir chomhthimpeallaigh is cúis leo;

Q.  de bhrí, de réir Oifig na Náisiún Aontaithe um Laghdú Rioscaí Tubaistí, go bhfuil beagnach méadú faoi dhó tagtha ar líon na dtubaistí a taifeadadh agus ar scála na gcaillteanas eacnamaíoch le 20 bliain anuas, agus gur tháinig ardú suntasach ar líon na dtubaistí a bhaineann leis an aeráid mar gheall ar an méid sin;

R.  de bhrí go bhfuil tionchar cheana féin ag an athrú aeráide agus ag na héifeachtaí tubaisteacha a ghabhann leis ar phatrúin imirce; de bhrí, de réir staidéar ón mBanc Domhanda ó 2018, go bhféadfadh sé go mbeadh ar bheagnach 3 % de dhaonra réigiúin na hAfraice Fo-Shahárach, na hÁise Theas agus Mheiriceá Laidinigh bogadh laistigh dá dtíortha féin chun éalú ó thionchair an athraithe aeráide atá ag tarlú go mall(11); de bhrí, gan iarrachtaí comhbheartaithe oiriúnacháin, go bhfuil an baol ann, i gcás breis agus 700 milliún duine a bhfuil cónaí orthu i limistéir chósta ísle agus stáit oileánacha bheaga, go mbeidh stoirmeacha níos déine ann, tuilte agus i ndeireadh na dála caillteanas talún agus athshocrú;

S.  de bhrí gurb é Comhaontú Pháras an chéad chonradh idirnáisiúnta lena n-aithnítear go sainráite an nasc idir gníomhaíocht ar son na haeráide agus cearta an duine, agus ar an gcaoi sin go gceadaítear ionstraimí dlí atá ann cheana, agus a bhaineann le cearta an duine, a úsáid chun stáit agus corparáidí príobháideacha a spreagadh chun astaíochtaí a laghdú; de bhrí nach bhfuil aon ionstraimí nithiúla i gComhaontú Pháras chun go mbeidh gníomhaithe stáit agus corparáideacha freagrach as an tionchar a bhíonn acu ar an athrú aeráide agus ar fheidhmiú chearta an duine;

T.  de bhrí go bhfuil gné shuntasach de chearta an duine ag baint leis an athrú aeráide freisin, toisc go ndéanann sé difear go díreach agus go hindíreach d’fhíorú roinnt cearta daonna atá aitheanta go huilíoch, agus an tionchar is mó aige ar ghrúpaí leochaileacha amhail mná, leanaí, daoine scothaosta, daoine breoite, grúpaí ar ioncam íseal agus pobail dhúchasacha; de bhrí go bhfuil Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide agus Comhaontú Pháras bunaithe ar dhlúthpháirtíocht idirghlúine agus ar ghealltanas na stát an córas aeráide a chosaint ar mhaithe leis an nglún seo agus leis na nglúnta atá le teacht; de bhrí go gcuireann an t-athrú aeráide leis na dúshláin a bhíonn roimh phobail dhúchasacha faoi láthair agus go dtagann imeallú agus neamhionannas cultúrtha, eacnamaíoch agus polaitiúil níos doimhne fós as;

U.  de bhrí go bhfuil an ghníomhaíocht ar son na haeráide ar cheann de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a ghlac Ballstáit uile na Náisiún Aontaithe in 2015 mar chuid de Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe;

V.  de bhrí gur thug na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide gealltanas in 2009 USD 100 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh ón mbliain 2020 ar aghaidh, a athdhearbhaíodh ina dhiaidh sin i gComhaontú Pháras; de bhrí go bhfuil gealltanais iarbhír na dtíortha forbartha fós i bhfad amach ón sprioc chomhchoiteann, áfach; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar thionchair agus riachtanais an athraithe aeráide i dtíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe sna tíortha is lú forbairt agus i stáit oileánacha bheaga i mbéal forbartha;

W.  de bhrí go meastar i gClár Forbartha na Náisiún Aontaithe go mbeidh USD 140-300 billiún ag teastáil gach bliain faoi 2030 chun riachtanais oiriúnacháin na dtíortha i mbéal forbartha amháin a chumhdach, agus go dtiocfaidh ardú ar an méid sin go USD 280-500 billiún in aghaidh na bliana faoi 2050(12);

X.  de bhrí go dtugann an mhoill thubaisteach bliana ar Chomhdhálacha 2020 de Chomhdháil Pháirtithe Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide agus den Choinbhinsiúin maidir leis an mBithéagsúlacht (CBD) mar gheall ar ráig COVID-19 deis uathúil chun athrú ó mhúnla frithghníomhach go samhail réamhghníomhach agus réamhchúraim agus i ndeireadh thiar thall an t-athrú claochlaitheach is gá a bhaint amach; de bhrí leis an dul chun cinn nua eolaíoch gur cheart tionchar a bheith aige sin ar na naisc idir cláir oibre idirnáisiúnta agus a gcur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus iad a neartú;

Y.  de bhrí, agus an domhan ag dul i ngleic le tionchair leanúnacha phaindéim COVID-19, nach bhfuil deireadh tagtha leis an ngéarchéim aeráide; de bhrí gur cheart leas a bhaint as an téarnamh eacnamaíoch mar dheis uathúil chun luas an aistrithe i dtreo aeráidneodracht a luathú agus chun bealach 1,5°C a áirithiú trí shamhail shocheacnamaíoch atá comhoiriúnach le teorainneacha an phlainéid a fhorbairt agus infheistíochtaí a threorú i dtreo athbhunú na n-éiceachóras nádúrtha agus ar an gcaoi sin an acmhainn oiriúnacháin éiceachórais a neartú, agus infheistíochtaí a threorú i dtreo réimsí tosaíochta amhail éifeachtúlacht fuinnimh, táirgeadh inbhuanaithe bia, teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite, teicneolaíochtaí nuálacha agus inbhuanaithe atá saor ó astaíochtaí agus an bonneagar gaolmhar is gá, agus infheistíochtaí a atreorú ó ghníomhaíochtaí a dhéanann díobháil don aeráid agus don chomhshaol, tríd an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a chuíchóiriú i ngach cinneadh infheistíochta; de bhrí gur cheart, le linn an phróisis aistrithe seo, aird chuí a thabhairt ar na héagsúlachtaí idir riachtanais agus cumais na réigiún, agus prionsabail an aistrithe chóir á n-urramú ag an am céanna;

Z.  de bhrí, de réir na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil, go gciallaíonn ‘athrú córasach’ athrú bunúsach, claochlaitheach agus trasearnálach arb é atá i gceist leis go ndéantar mórathruithe ar spriocanna córas, dreasachtaí, teicneolaíochtaí, cleachtais agus noirm shóisialta, agus ar chórais eolais agus cur chuige rialachais, agus go ndéantar iad a athdhíriú. de bhrí, i gcás chroíchórais na sochaí, go gciallaíonn sé sin athmhachnamh a dhéanamh, ní hamháin ar theicneolaíochtaí agus ar phróisis táirgthe ach freisin ar phatrúin tomhaltais agus ar bhealaí maireachtála i bhfianaise roghanna malartacha níos inbhuanaithe a dhíríonn, mar shampla, ar an ndea-bhail agus ar an athléimneacht(13);

AA.  de bhrí go bhféadfadh réitigh dhúlrabhunaithe agus cineálacha cur chuige éiceachórasbunaithe naisc láidre beartais a chur ar fáil idir UNFCCC, CBD agus an Coinbhinsiún Rio eile maidir le fairsingiú fásaigh, rud a thugann deis d’uachtaránachtaí agus rúnaíochtaí na dtrí chomhaontú oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus ar chaillteanas na bithéagsúlachta ar bhealach comhtháite agus comhleanúnach;

AB.  de bhrí gur deis uathúil iad an Comhaontú Glas don Eoraip agus an plean NextGenerationEU chun geilleagar AE a neartú agus a dhéanamh níos nuálaí, níos iomaíche agus níos dírithe ar an todhchaí, agus ar an gcaoi sin foráil a dhéanamh do cheannaireacht na hEorpa i réimse an gheilleagair ghlais agus an múnla sóisialta Eorpach agus geilleagar sóisialta margaidh na hEorpa a fhorbairt;

AC.  de bhrí go meastar go mbeadh na rioscaí a bhaineann leis an aeráid lena ndéantar difear do shláinte, slite beatha, slándáil bia, soláthar uisce agus fás eacnamaíoch i bhfad níos airde dá mba rud é go mbeadh téamh domhanda 2°C ann; de bhrí go meastar go laghdófaí an tionchar ar éiceachórais talún, fionnuisce agus cósta agus go gcoinneofaí níos mó dá seirbhísí a fhreastalaíonn ar an duine ach an téamh domhanda a theorannú go 1,5°C in ionad 2°C; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach, dá bhrí sin, iarrachtaí a dhéanamh an t-ardú teochta a theorannú go 1,5 °C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch;

AD.  de bhrí go mbeadh an tAontas ina eiseamláir ceannaireachta ríthábhachtach chun go mbeadh tríú tíortha rannpháirteach sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus, ar an gcaoi sin, leibhéal na huaillmhéine domhanda aeráide a ardú;

AE.  de bhrí nach mór do AE a fhreagracht le haghaidh na n-astaíochtaí stairiúla gás ceaptha teasa agus na bearna forbartha idir an Domhan Thuaidh agus an Domhan Theas Domhanda a aithint, agus gníomhú dá réir;

AF.  de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 2(1)(c) de Chomhaontú Pháras, go bhfuil ríthábhacht le sreafaí airgeadais a dhéanamh i gcomhréir le conair i dtreo astaíochtaí ísle GCT agus le forbairt atá athléimneach ó thaobh na haeráide de chun bagairt an athraithe aeráide a chomhrac;

AG.  de bhrí go bhfuil feasacht an phobail agus rannpháirtíocht na saoránach i ngníomhaíocht ar son na haeráide ag dul i méid; de bhrí go n-éilíonn saoránaigh níos mó gníomhaíochta ó rialtais agus bearta uaillmhianacha chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide;

AH.  de bhrí go ndearnadh an dara tréimhse gealltanais de Phrótacal Kyoto a thabhairt i gcrích an 31 Nollaig 2020; de bhrí gur cuireadh ar athló an treoir maidir leis an gcaoi ina bhféadfaí laghduithe ar astaíochtaí a mheas tar éis an 31 Nollaig 2020; de bhrí gur tugadh bearta sealadacha isteach chun gníomhaíochtaí an tsásra forbartha ghlain a leathnú i ndiaidh 2020; de bhrí go bhfuil sé beartaithe go dtiocfaidh Cruinniú na bPáirtithe i bPrótacal Kyoto le chéile i gcomhar le COP26 i nGlaschú;

1.  á mheabhrú go bhfuil an t-athrú aeráide agus caillteanas na bithéagsúlachta i measc na ndúshlán is tábhachtaí atá os comhair an chine dhaonna agus nach mór do gach rialtas ar fud an domhain a ndícheall a dhéanamh chun iad a chomhrac gan mhoill; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhar idirnáisiúnta, le rannpháirtíocht gníomhaithe neamhstáit, le dlúthpháirtíocht agus le gníomhaíocht chomhleanúnach a bhfuil an eolaíocht mar bhonn taca leo agus le tiomantas daingean chun an uaillmhian a mhéadú ó thaobh an fhreagracht chomhchoiteann atá orainn maidir leis an téamh domhanda a theorannú agus cailliúint na bithéagsúlachta a chosc, agus ar an gcaoi sin an pláinéad agus folláine gach duine a chosaint; á thabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, gur iarr Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, António Guterres, ar na rialtais uile ar fud an domhain éigeandáil aeráide a fhógairt go dtí go mbeidh glanastaíochtaí gás ceaptha teasa bainte amach;

2.  á chur in iúl gur cúis imní di torthaí thuarascáil 2020 maidir le bearna astaíochtaí Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, go háirithe go bhfágfaí an domhan ag dul i dtreo ardú teochta 3,2°C, in ainneoin laghdú sealadach ar astaíochtaí CO2 mar thoradh ar phaindéim COVID-19, atá tuartha faoi na NDCanna gan choinníoll a cuireadh isteach, dá gcuirfí chun feidhme go hiomlán é; á chur in iúl gur geal léi na nuashonraithe ar na NDCanna a fógraíodh go dtí seo, atá tar éis cur leis an uaillmhian aeráide; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, áfach, nach leor an rannchuidiú sin fós chun astaíochtaí a mhaolú chun sprioc Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á chur in iúl gur cúis mhór imní di tuarascáil sintéise UNFCCC NDC i mí Mheán Fómhair 2021, inar léiríodh, nuair a chuirtear le chéile iad, go bhfuil méadú suntasach tagtha ar na hastaíochtaí GCT domhanda a cuireadh isteach roimh an 30 Iúil 2021 - méadú 16 % in 2030 i gcomparáid le 2010; á chur i bhfios go láidir, de réir an Phainéil Idir-Rialtasaigh ar an Athrú Aeráide, gurb ionann an chonair go 1.5 °C agus laghduithe 45 % ar a laghad ar astaíochtaí domhanda faoin mbliain 2030 le hais leibhéil 2010;

3.  ag meabhrú an chinnidh a glacadh le déanaí ó chúirt bhunreachtúil lena rialaíodh nach bhfuil cosaint na haeráide faoi lánrogha pholaitiúil agus go bhfuil dualgas bunreachtúil ar an stát aeráidneodracht a bhaint amach leis na forálacha maidir le cosaint an chomhshaoil sa bhunreacht;

4.  á chur i bhfios go láidir, de réir na tuarascála maidir le bearna astaíochtaí 2020, go bhféadfadh laghdú de thart ar 25 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa a bheith ann faoi 2030 leis an téarnamh glas ón bpaindéim, rud a chuirfeadh iad laistigh de raon na n-astaíochtaí a bhfuil seans 66 % acu chun teochtaí a choinneáil faoi bhun 2°C, cé nach leor go fóill é chun an téamh domhanda a theorannú go 1,5°C; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhféadfadh na bearta téarnaimh tionchar mór a imirt ar cibé an bhfuil spriocanna Chomhaontú Pháras á gcomhlíonadh; á iarraidh ar na rialtais gach iarracht a dhéanamh chun téarnamh glas a chur chun feidhme agus, ag an am céanna, a ngealltanais a neartú i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras, feabhas a chur ar a gcuid NDCanna roimh COP26 agus beartais eolaíochtbhunaithe a ghlacadh; á chur i bhfáth, de réir taighde a rinneadh le déanaí, gur beartas aeráide ‘optamach ó thaobh an gheilleagair de’(14) atá i gceist le sprioc teochta Chomhaontú Pháras a bhaint amach;

5.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas G7 iarrachtaí uaillmhianacha agus brostaithe a dhéanamh chun astaíochtaí a laghdú chun an teorainn ar ardú teochta 1,5°C a choinneáil slán(15); á mheabhrú go mbeadh go leor comhthairbhí don chomhshaol, don gheilleagar, don tsochaí agus don tsláinte phoiblí mar thoradh air sin; á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht ar líon na dtíortha atá ag gabháil orthu féin spriocanna maidir le glanastaíochtaí a bhaint amach faoi lár an chéid; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór na gealltanais sin a aistriú go práinneach ina mbeartais ghearrthéarmacha, ina ngníomhaíocht agus ina n-acmhainní airgeadais láidre, agus nach mór iad a léiriú sna NDCanna athbhreithnithe atá le cur isteach roimh COP26 i bhfoirm spriocanna aeráide méadaithe do 2030 chun astaíochtaí domhanda a bhaint amach a luaithe is féidir; á áitiú ar G20 ról ceannasach a ghlacadh chun uaillmhian ghearrthéarmach agus fhadtéarmach a ardú;

6.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil na geilleagair dhomhanda is mó in iomaíocht lena chéile i dtreo na haeráidneodrachta cúig bliana tar éis do Chomhaontú Pháras teacht i bhfeidhm; ag tarraingt aird ar an bhfíric go bhfuil gá le tacaíocht a thabhairt do ghlanghealltanais neodracha ó straitéisí fadtéarmacha a chuirtear faoi bhráid UNFCCC; ag cur béim ar an ngá atá ann bearta agus beartais éifeachtacha a dhéanamh de na gealltanais sin ar gach leibhéal agus ar fud na n-earnálacha uile;

7.  ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé deireadh a chur de réir a chéile le gach breosla iontaise a luaithe is féidir; ag aithint na gconclúidí ó thuarascáil na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh dar teideal ‘Neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050’, ina léirítear go bhfuil meath mór tagtha ar an éileamh ar bhreoslaí iontaise, agus, mar sin, nach gá infheistíocht a dhéanamh i soláthar nua breoslaí iontaise, agus gur gá, chun an sprioc 1,5°C a bhaint amach, nach ndéanfar aon réimsí nua ola agus gáis a fhormheas le haghaidh forbartha agus nach dtógfar mianaigh ghuail nua ná nach gcuirfear síneadh leo ó 2021 amach; ag tacú le tiomantas G7 deireadh a chur le maoiniú guail gan staonadh faoi dheireadh 2021; á iarraidh ar thíortha G7 dea-shampla a thabhairt maidir leis an aistriú fuinnimh agus deireadh a chur le gach infheistíocht nua in eastóscadh breoslaí iontaise; ag tacú le hUachtaránacht COP26, leis an Ríocht Aontaithe agus leis an gComhghuaillíocht um Deireadh a chur le hÚsáid Guail chun comhaontú a lorg chun stop a chur le tógáil aon ghléasraí nua cumhachta gualbhreoslaithe gan choinne; á aithint nach bhfuil aon ról fadtéarmach ag breoslaí iontaise i meascán fuinnimh an Aontais agus á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, pleananna náisiúnta a ghlacadh chun deireadh a chur de réir a chéile le breosla iontaise go léir a luaithe is féidir chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

8.  ag tacú go sainiúil leis an tionscnamh a sheol an Danmhairg agus Cósta Ríce chun comhghuaillíocht a chruthú de thíortha a bheadh toilteanach deireadh a chur de réir a chéile le táirgeadh ola agus gáis agus deireadh a chur le ceadanna a bhronnadh ar thaiscéalaíocht nua; ag meabhrú chonclúidí na tuarascála ón nGníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh dar teideal Net Zero by 2050 – A Roadmap for the Global Energy Sector [Neodracht Charbóin faoi 2050: Treochlár don Earnáil Fuinnimh Dhomhanda] ina ndearbhaítear go bhfuil gá le bearta den sórt sin chun sprioc 1,5 °C a bhaint amach;

9.  á mheabhrú gur cheart do na Páirtithe uile sreafaí airgeadais a dhéanamh – idir phoiblí agus phríobháideach, intíre agus idirnáisiúnta – a bheadh comhsheasmhach le conair 1,5 °C agus le forbairt aeráidseasmhach; ag tathant ar an gCoimisiún, mar chuid den phacáiste aeráide agus fuinnimh atá le foilsiú an 14 Nollaig 2021, athbhreithniú cuimsitheach a chur ar fáil ar an staid reatha i ndáil le hAirteagal 2(1)(c) de Chomhaontú Pháras a bheith á chomhlíonadh ag an Aontas agus ag na Ballstáit, agus na bearta uile is gá a dhéanamh chun aon bhearnaí a dhúnadh;

10.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di an spéis dhomhanda atá ag dul i méid i gcúltacaí na mbreoslaí iontaise san Artach, atá ag fáil níos inrochtana de réir mar a chúlaíonn an muiroighear mar gheall ar an athrú aeráide; ag cur béim ar leochaileacht an dúlra san Artach agus ar an deacracht mhór a bhaineann leis an éiceachóras a ghlanadh tar éis doirteadh ola ó shéidte, sceitheadh píblíne nó tionóiscí loingseoireachta; á thathant ar AE agus ar a chuid Ballstát a iarraidh go gcuirfí moratóir domhanda i bhfeidhm i gcoinne taiscéalaíocht ola amach ón gcósta san Artach;

11.  ag cur béim ar an ngá atá ann comhghuaillíochtaí idirnáisiúnta a atógáil chun toradh a bhfuil ard-uaillmhianta agus ard-leibhéal sláine comhshaoil aige a bhaint amach ag COP 26; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú go dlúth le hastaírí móra, le tíortha leochaileacha aeráide, le comhpháirtithe trasatlantacha agus le hUachtaránacht na Ríochta Aontaithe ar COP26 chun tograí polaitiúla a thabhairt ag an gcomhdháil maidir leis an gcaoi ar cheart do thíortha dlús a chur le gníomhaíocht chun an bhearna uaillmhéine a dhúnadh chun an téamh domhanda a choinneáil faoi bhun 1,5°C; á mholadh don Aontas dlús a chur lena chaidreamh agus forbairt comhghuaillíochta leis na tíortha atá i mbéal forbartha agus na tíortha is leochailí, chun gníomhú mar thógálaí idirlinne idir tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha, a bhí ríthábhachtach go stairiúil chun na torthaí is uaillmhianaí a bhaint amach ag COPanna;

12.  á chur in iúl gur geal léi go ndearna an tUachtarán Biden beart chun na Stáit Aontaithe a chur ar ais i gComhaontú Pháras ar a chéad lá in oifig agus go bhfuil sé tiomanta astaíochtaí gás ceaptha teasa na Stát Aontaithe a laghdú de leath faoi 2030 i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann in 2005 agus go bhféachfadh sé le glanastaíochtaí neodracha a bhaint amach faoi 2050; ag dréim leis go ndéanfar bearta nithiúla beartais agus sreabha nithiúla airgeadais go tráthúil chun gealltanais SAM a chomhlíonadh; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht agus an cheannaireacht idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe chun spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á thabhairt chun suntais go bhfuil an dul i ngleic leis an athrú aeráide, díghrádú an chomhshaoil agus cailliúint na bithéagsúlachta, cur chun cinn an fháis ghlais agus cosaint na n-aigéan i gcroílár an Chláir Oibre Chomhpháirtigh Thrasatlantaigh nua, agus go bhfuil an tAontas agus na Stáit Aontaithe tiomanta i gcomhpháirt le chéile gach iarracht a dhéanamh teorainn 1,5°C a choinneáil ar an ardú teochta domhanda; ag aithint iarrachtaí an Uachtaráin Biden chun dlús a chur leis an uaillmhian dhomhanda maidir le gníomhú ar son na haeráide, lena n-áirítear trí Chruinniú Mullaigh Aeráide na gCeannairí a thionól i mí Aibreáin 2021;

13.  ag tabhairt chun suntais ról na Síne mar an dara geilleagar is mó ar domhan agus ar an tír ina bhfuil na hastaíochtaí iomlána gás ceaptha teasa is airde; ag aithint thoilteanas na Síne feidhmiú mar fhórsa cuiditheach sa chaibidlíocht dhomhanda maidir leis an aeráid; á thabhairt dá haire, áfach, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil leibhéal ard spleáchais leanúnach aige ar ghual i gcónaí, agus á mholadh dá rialtas tuilleadh a dhéanamh chun dlús a chur leis an aistriú glas mar réamhriachtanas lárnach chun spriocanna domhanda Chomhaontú Pháras a bhaint amach; ag tabhairt dá haire an fhógra a thug an tUachtarán Xi Jinping i mí Mheán Fómhair 2020 go mbainfeadh an tSín buaic in astaíochtaí CO2 amach roimh 2030 agus neodracht carbóin roimh 2060; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcumhdófaí leis na gealltanais sin na hastaíochtaí gás ceaptha teasa ar fad; ag dréim le gealltanais bhreise chomh maith le bearta nithiúla beartais agus sreabha airgeadais ailínithe chun iad a bhaint amach;

14.  ag cur béim ar an bhfíoras gurb iad na hathruithe comhshaoil domhanda céanna is cúis le paindéimí, de réir IPBES, lena spreagtar cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide, lena n-áirítear athrú ar thalamhúsáid, leathnú talmhaíochta agus diansaothrú, agus trádáil agus tomhaltas fiadhúlra, chomh maith le tiománaithe eile; á chur i bhfáth go bhfuil sé léirithe ag an bpaindéim a thábhachtaí atá prionsabail na ‘hAon Sláinte Amháin’ agus ‘na mBeartas lena gcuimsítear cúrsaí sláinte i ngach réimse’ i gceapadh beartais agus go bhfuil gá le hathruithe claochlaitheacha; á mheabhrú go n-aithnítear an ceart chun sláinte mar phríomhcheart sa bhrollach a ghabhann le Comhaontú Pháras. á chur i bhfios go láidir, de réir Airteagal 4(1)(f) de UNFCCC, gur cheart do na Páirtithe uile sa Choinbhinsiún ‘modhanna iomchuí a úsáid, mar shampla measúnuithe tionchair, arna bhfoirmliú agus arna gcinneadh go náisiúnta, d’fhonn go n-íoslaghdófar na éifeachtaí díobhálacha ar an ngeilleagar, ar an tsláinte poiblí agus ar cháilíocht an chomhshaoil a bhíonn ag tionscadail nó bearta a dhéanann siad chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó chun oiriúint don athrú aeráide’; á mheas gur cheart an tsláinte a áireamh i bpleananna oiriúnaithe náisiúnta agus i gcumarsáid náisiúnta chuig UNFCCC;

15.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le hinfheistíocht ollmhór agus le claochlú nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe ar earnálacha uile ár ngeilleagar chun cuspóirí Chomhaontú Pháras agus a spriocanna maidir le haeráidneodracht a bhaint amach; á chreidiúint nach féidir an t-athrú sin i dtreo múnla nua eacnamaíoch inbhuanaithe a bhaint amach ach amháin má ráthaítear leis aistriú cothrom, lena gcomhcheanglaítear dul chun cinn sóisialta agus éiceolaíoch, lena gcuirtear feabhas ar fholláine daoine agus lena gcinntítear nach bhfágtar aon duine ar gcúl;

COP26 i nGlaschú

16.  á chur in iúl gurb oth léi an easpa dul chun cinn a bhí ann ag COP25 i Maidrid in 2019 agus easpa gealltanas agus trédhearcachta ó roinnt Páirtithe; á chur in iúl gurb oth léi gur cuireadh an bhailchríoch ar Leabhar Rialacha Chomhaontú Pháras siar go COP eile i ndiaidh COP26, agus go bhféadfadh toradh níos uaillmhianaí a bheith ar an bplé maidir le caillteanas agus damáiste; ag aithint, in ainneoin na ndeacrachtaí eagraíochtúla, an dul chun cinn a rinneadh maidir le gnéithe tábhachtacha, amhail an ghné shóisialta a chur chun cinn sa chlár oibre don aeráid, agus ollslógadh gníomhaithe neamhstáit;

17.  á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach go gcruthófar comhdhearcadh nua le COP26 maidir leis an ngníomhaíocht agus leis an uaillmhian aeráide is gá chun aeráidneodracht dhomhanda a bhaint amach faoi lár an chéid agus maidir le bearta láidre beartais sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma;

18.  á iarraidh ar na Páirtithe uile in UNFCCC, i gcomhar le réigiúin agus le gníomhaithe neamhstáit, go háirithe an tsochaí shibhialta, rannchuidiú ar bhealach cuiditheach leis an bpróiseas roimh COP26, ar próiseas é ar gá feabhas a chur ar na NDCanna lena linn chun a áirithiú go bhfuil siad comhoiriúnach le sprioc fhadtéarmach teochta Chomhaontú Pháras agus leis an eolas eolaíoch is fearr atá ar fáil, agus go léiríonn siad an leibhéal uaillmhéine is airde is féidir a bheith ag na Páirtithe; á chur i bhfáth, ós rud é nach leor na gealltanais atá ann faoi láthair chun spriocanna an Chomhaontaithe a bhaint amach agus nach mór astaíochtaí domhanda gás ceaptha teasa a bhuaicphointe a bhaint amach go práinneach agus, ina dhiaidh, a laghdú go mór, gur cheart do na Páirtithe uile dlús a chur lena n-iarrachtaí agus a NDCanna a thabhairt cothrom le dáta, i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras, agus á iarraidh go háirithe ar an Aontas agus ar gach náisiún G20 ceannaireacht dhomhanda a léiriú i ndáil leis sin, agus gealltanas a thabhairt aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

19.  á thabhairt chun suntais, de réir thuarascáil 2020 maidir le bearna astaíochtaí Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe, gurb ionann astaíochtaí an 1 % is saibhre den daonra domhanda agus breis agus dhá oiread an sciar iomlán den 50 % is boichte; á thabhairt dá haire go dtugtar le fios le tuilleadh taighde(16) go raibh an 10 % is saibhre de shaoránaigh AE freagrach as beagnach trian d’astaíochtaí tomhaltais charnaigh an Aontais idir 1990 agus 2015, agus gur tháinig laghdú 24 % ar thomhaltas iomlán bliantúil na 50 % is boichte de shaoránaigh an Aontais le linn na tréimhse céanna agus gur tháinig méadú 3 % ar astaíochtaí iomlána an 10 % is saibhre de shaoránaigh an Aontais; ag cur béim ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt go hiomlán ar an gcothromas agus Comhaontú Pháras á chur chun feidhme, agus gur gá don Aontas srian a chur le hastaíochtaí agus iad a laghdú go mór, agus tacaíocht a thabhairt do na teaghlaigh is boichte chun aistriú cóir a áirithiú;

20.  á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic le mór-astaírí CO2 eile chun club idirnáisiúnta aeráide a chruthú a bheidh ceannródaíoch sa chomhrac aeráidneodracht a bhaint amach, le spriocanna comhchoiteanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí, sainmhíniú a bhunú ar chaighdeáin aonfhoirmeacha chun astaíochtaí a thomhas agus ar phraghsanna CO2, sainráite agus intuigthe, inchomparáide sna hearnálacha fuinnimh agus tionsclaíocha, agus maidir le tíortha a chosaint atá toilteanach bearta cosanta aeráide a chur chun feidhme ó na míbhuntáistí a bhaineann le hiomaíocht idirnáisiúnta trí chomhshásra coigeartaithe teorann carbóin;

21.  á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le leanúint de bhearta earnálacha dícharbónaithe neartaithe agus comhordaithe a shaothrú trí spriocanna agus comhar idir Páirtithe agus gníomhaithe eile a ailíniú; á iarraidh ar na Páirtithe Comhpháirtíocht Marrakech maidir le Gníomhaíocht Dhomhanda ar son na hAeráide a neartú mar spás chun gníomhaithe neamhstáit agus rialtais fhonáisiúnta a spreagadh chun gníomhú láithreach ar son na haeráide a bheidh dírithe ar an eolaíocht agus ar spriocanna an-uaillmhianacha agus chun comhfhoghlaim a chothú sna toghlaigh, sa geografaíocht agus sna hearnálacha chun dlús a chur le gníomhaíocht agus chun tacú leis an gceapadh beartais i ndáil le spriocanna Chomhaontú Pháras;

22.  ag cur béim ar an ngá atá ann go réiteoidh COP26 na pointí atá fós gan réiteach i gclár oibre Chomhaontú Pháras le háirithiú go ndíreofar sa chéad chúig bliana eile ar fhorbairt agus neartú a chur chun feidhme agus a oibríochtaithe tuilleadh; á thathant ar na Páirtithe uile saincheisteanna atá fós gan réiteach a thabhairt i gcrích maidir le bailchríoch a chur ar Leabhar Rialacha Chomhaontú Pháras, go háirithe maidir le trédhearcacht, le creataí ama comhchoiteanna agus le sásraí comhoibritheacha faoi Airteagal 6, d’fhonn trédhearcacht agus sláine láidir comhshaoil a áirithiú agus an leibhéal is airde uaillmhéine a bhaint amach;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le rialacha idirnáisiúnta diana agus láidre i dtaca le hAirteagal 6 de Chomhaontú Pháras, ag tógáil ar Phrionsabail San José; á thabhairt chun suntais gur gá comhar idirnáisiúnta a spreagadh agus ag an am céanna gach cineál comhaireamh dúbailte a sheachaint chun sláine comhshaoil a áirithiú le laghduithe in astaíochtaí atá réadach, breise, intomhaiste, buan agus fíoraithe go neamhspleách, chun a áirithiú nach féidir aon aonaid a eisítear faoi Phrótacal Kyoto a áireamh i dtreo NDCanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo, agus chun cosaint chearta an duine a ráthú; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le sciar na bhfáltas ó Airteagal 6 a úsáid chun an Ciste Oiriúnaithe a mhaoiniú; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le creat ama cúig bliana a thabhairt isteach agus á iarraidh ar AE seasamh a ghlacadh chun tacú le comhaontú maidir le creat ama comhchoiteann cúig bliana chun luas na gníomhaíochta ar son na haeráide a ghéarú;

24.  á iarraidh go ndéanfaí an creat trédhearcachta feabhsaithe a oibríochtú, lena gcumhdaítear prionsabail na trédhearcachta, an chruinnis, na comhsheasmhachta, na hinchomparáideachta agus na hiomláine;

25.  ag cur béim ar an bhfíoras go mbíonn tionchar ag an athrú aeráide ar dhaoine ar bhealaí éagsúla mar gheall ar thosca amhail inscne, aois, míchumas, eitneachas agus bochtaineacht agus go bhféadfadh an neamhionannas atá ann faoi láthair agus atá bunaithe ar inscne duine leochaileacht an duine sin a mhéadú maidir le tionchair dhosheachanta an athraithe aeráide, lena n-áirítear guaiseacha nádúrtha; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, gur glacadh Clár Oibre feabhsaithe Lima maidir le hInscne agus an Plean Gníomhaíochta maidir le hInscne ag COP25 i Maidrid agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go pras iad; á chreidiúint nach mór an claochlú i dtreo sochaí inbhuanaithe a dhéanamh ar bhealach cuimsitheach, cothrom agus comhionann, agus go bhfuil cothromaíocht inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní ríthábhachtach don chlaochlú sin; ag cur béim ar an ngá atá le príomhshruthú inscne níos éifeachtaí ar fud na gcuspóirí agus na spriocanna ábhartha uile; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta nithiúil a cheapadh chun na gealltanais a tugadh maidir leis an bPlean Gníomhaíochta athnuaite maidir le hInscne a chomhlíonadh, agus chun pointe fócasach buan de chuid an Aontais maidir leis an athrú aeráide agus inscne a chruthú, ina mbeidh acmhainní buiséadacha leordhóthanacha, chun gníomhú ar son na haeráide ar bhealach atá freagrach ó thaobh inscne de a chur chun feidhme, agus chun faireachán a dhéanamh air san Aontas agus ar fud an domhain(17); á chreidiúint go bhféadfadh sé sin sampla a thabhairt do Pháirtithe eile chun bearta comhchosúla a ghlacadh;

26.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil inscne á cur san áireamh de réir a chéile ag na Páirtithe ina gcuid NDCanna, agus á iarraidh ar na Páirtithe uile NDCanna a ghlacadh a fhreagraíonn do chúrsaí inscne agus atá cóir ó thaobh na sochaí de chun an ceartas aeráide a chur ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur leis an gcomhleanúnachas idir an tacaíocht d’inscne agus don aeráid trí ionstraimí gníomhaíochta seachtraí agus tríd an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI), lena n-áirítear trí rannpháirtíocht na mban agus eagraíochtaí na mban sa rialachas agus sa chinnteoireacht a fheabhsú, tríd an rochtain atá acu ar mhaoiniú agus ar chláir lena dtacaítear le ról na mban i rialachas aeráide, agus go háirithe earnálacha amhail talmhaíocht agus foraoiseacht, agus béim ar leith á leagan ar mhná dúchasacha;

27.  á chur in iúl gur cúis imní di an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag taisteal agus srianta eile a bhaineann le COVID-19 ar fhreastal cothrom agus cóir ag COP26; á iarraidh ar Uachtaránacht na Ríochta Aontaithe ar COP26 gach beart is gá a dhéanamh chun freastal leathan agus cuimsitheach a áirithiú, agus na bearta sláintíochta á n-urramú go hiomlán; á mheas gur cheart gach iarracht a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh na tíortha uile atá i mbéal forbartha, go háirithe na tíortha is lú forbairt agus stáit oileánacha bheaga atá i mbéal forbartha, in ann páirt a ghlacadh i COP26, agus á iarraidh ar Uachtaránacht na Ríochta Aontaithe na bacainní ar rannpháirtíocht a bhaineann leis an bpaindéim a shárú;

28.   ag meabhrú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na dtíortha uile i bpróisis chinnteoireachta Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC); á chur i bhfáth gur gá an próiseas cinnteoireachta atá in UNFCCC faoi láthair a fheabhsú chun rannpháirtíocht níos fearr a thabhairt do thoscairí na dtíortha bochta agus leochaileacha; á iarraidh arís ar thoscaireacht an Aontais chuig na COPanna feabhas a chur ar an rannpháirtíocht le toscairí na dtíortha leochaileacha;

29.  ag athdhearbhú go dtacaíonn sí le beartas sonrach um choinbhleacht leasa a thabhairt isteach mar chuid de UNFCCC, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ceannaireacht a ghlacadh sa phróiseas sin;

30.   á chreidiúint go bhfuil freagracht stairiúil ar AE a bheith ar an sínitheoir is uaillmhianaí de chuid Chomhaontú Pháras, trína chuid gealltanas féin agus trí chúnamh a thabhairt do thíortha eile, agus gur cheart dó na freagrachtaí aeráide agus comhshaoil atá air a aithint agus gníomhú ina leith trí shampla inchreidte a thabhairt; ag meabhrú an phrionsabail ‘freagrachtaí agus cumais faoi seach atá coiteann ach difreáilte’ lena ndeonaítear freagracht ar leith don Aontas agus do na Ballstáit mar aon le cumas chun gníomhú;

Beartas aeráide uaillmhianach de chuid AE agus an fhís fhadtéarmach

31.  á thabhairt chun suntais gur glacadh an Dlí Aeráide Eorpach; ag dréim leis go ndéanfar na bearta is gá faoin gComhaontú Glas don Eoraip, agus go háirithe faoin bpacáiste reachtach um ‘oiriúnú don sprioc 55 %’, chun go mbeidh an tAontas agus a chuid Ballstát go hiomlán i gcomhréir le Comhaontú Pháras; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfadh AE dea-shampla agus teachtaireacht shoiléir ag COP26 go bhfuil sé réidh le feabhas a chur ar a chuid NDCanna agus ar an méid a rannchuidíonn sé le Comhaontú Pháras, agus á iarraidh go dtabharfadh na Páirtithe eile gealltanais ar an leibhéal céanna;

32.  á thabhairt chun suntais go bhfuil cuid den Aontas i measc réigiúin an domhain is mó atá buailte ag an athrú aeráide; ag tabhairt dá haire go n-éiríonn imchuach na Meánmhara te ar bhealach atá 20 % níos tapa ná an meán domhanda, agus go bhfuil an réigiún ar cheann de na háiteanna is mó ar domhan atá thíos leis an athrú aeráide, áit a meastar go mbeidh 250 milliún duine ag fulaingt de dheasca ‘bochtaineacht uisce’ laistigh de 20 bliain(18); á chur i bhfios go láidir go bhfuil teocht na Meánmhara ag ardú de réir a chéile ar bhealach níos tapa ná mar atá in aon mhuir eile ar domhan(19) agus go bhfuil tionchar aige sin ar earnálacha tábhachtacha sa gheilleagar agus ar an éiceachóras muirí ina iomláine agus go mbeidh athruithe buana ar an éiceachóras agus ar speicis ann dá dheasca sin; á iarraidh ar AE gníomhú go práinneach agus oibriú i gcomhar lena chuid comhpháirtithe sa Mheánmhuir chun oibriú ar bhearta oiriúnúcháin uaillmhianacha agus chun na bearta maolaithe a stiúradh;

33.  á chur i bhfáth go bhfuil rath an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ag brath ar na caighdeáin agus na noirm ábhartha atá ann a chur ar leibhéal domhanda go héifeachtach i gcomhpháirtíocht le tríú tíortha; ag meabhrú na gconclúidí ón gComhairle ó mhí Eanáir 2021 agus chuspóir an Choimisiúin ról an Aontais mar ghníomhaí domhanda a neartú; á iarraidh go ndéanfaí straitéis oibríochtúil agus chomhleanúnach taidhleoireachta maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip a fhorbairt roimh COP27 san Afraic;

34.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé lorg comhshaoil an Aontais a laghdú d’fhonn ár gcuid gealltanas domhanda i leith na haeráide a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil aon táscaire foirmiúil ag AE ann chun an lorg comhshaoil atá againn faoi láthair a thomhas, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil táscaire den sórt sin a ghlacadh;

35.  á iarraidh arís ar an gCoimisiún, ós rud é gur glacadh an Dlí Aeráide Eorpach agus i bhfianaise ról tábhachtach na linnte carbóin nádúrtha ó thaobh aeráidneodracht a bhaint amach, sprioc uaillmhianach de chuid AE le haghaidh 2030 atá bunaithe ar eolaíocht a mholadh chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint trí linnte carbóin nádúrtha, sprioc ar cheart di a bheith comhsheasmhach leis an Straitéis Bhithéagsúlachta go dtí 2030 agus ar cheart í a chumhdach sa reachtaíocht; á mheabhrú, thairis sin, nach mór go mbeadh laghdú tapa na n-astaíochtaí mar thosaíocht i gcónaí;

36.  á chur i bhfáth gur gá na spriocanna aeráid a phríomhshruthú i mbeartais uile an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún an chaoi a ndéanann sé measúnuithe tionchair ar fud réimsí beartais uile an Aontais a thabhairt cothrom le dáta chun cur chun feidhme iomlán Airteagal 6(4) den Dlí Aeráide Eorpach a áirithiú; á mheas gur céadchéim ina threo sin é na tionscnaimh nua sa teachtaireacht ón gCoimisiún le déanaí dar teideal Better regulation: Joining forces to make better laws [Rialáil níos fearr: Oibriú as lámha a chéile chun dlíthe níos fearr a dhéanamh](20), go háirithe anailís ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ a bheith á cur san áireamh i measúnuithe tionchair;

37.  á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag an bhfuinneamh inathnuaite agus an éifeachtúlacht fuinnimh san aistriú i dtreo geilleagar aeráidneodrach; ag aithint an dul chun cinn atá déanta maidir le forbairt foinsí inathnuaite fuinnimh; ag tabhairt dá haire gur ann don togra ón gCoimisiún lena ndéantar athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite faoin bpacáiste um ‘oiriúnú don sprioc 55 %’, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé na spriocanna maidir le fuinneamh inathnuaite agus éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus chun Comhaontú Pháras a chomhlíonadh, trí leas a bhaint as an laghdú atá ann faoi láthair ar chostais an fhuinnimh inathnuaite agus na dteicneolaíochtaí stórála;

38.  ag tabhairt dá haire gur ann don togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar chreat na húsáide talún, an athraithe ar úsáid talún agus na foraoiseachta (LULUCF) faoin bpacáiste um ‘oiriúnú don sprioc 55 %’ agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé linnte nádúrtha a mhéadú agus réitigh atá bunaithe ar an éiceachóras a spreagadh agus, san am céanna, luach na n-éiceachóras éagsúil don bhithéagsúlacht á chur san áireamh mar aon leis an méid carbóin atá fós á bhaint agus á stóráil, chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

39.  á mheas gur cheart an eolaíocht is déanaí maidir le héiceachórais agus linnte éagsúla carbóin a léiriú sna beartais aeráide agus sna beartais fuinnimh ghaolmhara, agus gur cheart an fíorluach a bhaineann leis na beartais sin don mhaolú ar an athrú aeráide agus don oiriúnú dó a léiriú iontu freisin; den tuairim go bhfuil réitigh dhúlrabhunaithe agus cineálacha cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais agus athchóiriú agus caomhnú na n-éiceachóras agus an éagsúlacht bhitheolaíoch ríthábhachtach chun gur féidir maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó; á iarraidh go mbeadh tuilleadh sonraí ann faoi limistéir atá laistigh agus lasmuigh d’éiceachórais atá ar mhórán carbóin agus speiceas agus faoi cháilíocht na mbeart bainistithe caomhnaithe, cosanta agus athbhunaithe chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht maidir le tosaíochtaí athbhunaithe, agus faoi bhearta agus beartais chun an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta a chomhrac;

40.  ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart na beartais aeráide uile a shaothrú i gcomhréir le prionsabal an aistrithe chóir agus an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as trí fhóirdheontais atá díobhálach don chomhshaol a chéimniú amach, agus i ndlúthchomhar leis na geallsealbhóirí uile lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, na comhpháirtithe sóisialta agus an earnáil phríobháideach gan aon duine a fhágáil ar lár; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil tuilleadh trédhearcachta, comhpháirtíochtaí sóisialta níos láidre agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais ríthábhachtach chun aeráidneodracht a bhaint amach ar fud na sochaí ar bhealach cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe ó thaobh na sochaí de; á mheabhrú go bhforáiltear in Airteagal 10 den Dlí Aeráide Eorpach d’uirlisí chun treochláir dheonacha tháscacha maidir leis an dícharbónú earnálach a bhunú do na hearnálacha is mó astaíochtaí laistigh den Aontas, agus ag tathant ar an gCoimisiún dul i gcomhar leis na hearnálacha sin chun na treochláir sin a éascú;

41.  á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh sé mar thoradh ar bhearta a ghlactar chun an t-athrú aeráide a mhaolú nó chun oiriúnú dó go gcuirfí le fadhbanna comhshaoil eile atá ann faoi láthair ná go gcruthófaí cinn nua in AE nó i dtríú tíortha; ag tarraingt aird, i ndáil leis sin, ar na rioscaí comhshaoil a bhaineann leis an méadú ar an éileamh ar amhábhair chriticiúla áirithe atá riachtanach don aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin nó don innealtóireacht aeráide, agus á iarraidh ar an gCoimisiún na rioscaí sin a chur san áireamh ina chuid gníomhaíochtaí agus iad a íoslaghdú i gcomhréir le prionsabal an réamhchúraim;

42.  á chreidiúint go bhfuil roinnt buntáistí ag baint le cur chun feidhme uaillmhianach an phacáiste téarnaimh NextGenerationEU atá i bhfoirm beartais inbhuanaithe, beartais a spreagann fás le linn cúlú eacnamaíochta, amhail cruthú post nua, a sholáthraíonn iolraitheoirí fioscacha gearrthéarmacha níos airde agus a mbíonn spáráil costas fhadtéarmach níos airde ann mar thoradh orthu, agus gur deis atá sa phacáiste a thaispeáint do náisiúin eile an tairbhe is féidir a dhéanamh dá ngeilleagar; ag moladh don Choimisiún, don Chomhairle agus do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an bpacáiste sin chun tacú leis an aistriú glas;

43.  á thabhairt chun suntais gur cheart tacú leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus le forbairt teicneolaíochtaí glasa nua ós rud é gur féidir leo cabhrú go mór le maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide;

Oiriúnú don athrú aeráide, cailliúint agus damáiste

44.  ag athdhearbhú gur gá do gach tír oiriúnú don athrú aeráide má tá siad chun drochéifeachtaí an athraithe aeráide a íoslaghdú agus athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach, agus aird á tabhairt ar na leochaileachtaí ar leith atá ag tíortha atá i mbéal forbartha i leith an athraithe aeráide, go háirithe na tíortha is lú forbairt agus stáit oileánacha bheaga atá i mbéal forbartha; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit dlús a chur le bearta oiriúnúcháin agus dul i gcomhar leis na húdaráis áitiúla chun na gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh go hiomlán agus chun a áirithiú go mbeidh beartais oiriúnúcháin an Aontais ag teacht le ceannaireacht dhomhanda an Aontais i dtaca le maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, Straitéis nua AE maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide, na naisc le Straitéis Bhithéagsúlachta AE agus an creat rialála nua maidir le hoiriúnú a eascraíonn as an Dlí Aeráide Eorpach, agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme ar bhealach uaillmhianach iad, lena n-áirítear a gcomhchodanna idirnáisiúnta;

45.  á chur i bhfáth go gcuirtear in iúl i Straitéis nua AE maidir le hOiriúnú don Athrú Aeráide a ghlac an Coimisiún an 24 Feabhra 2021 go bhfuil sé d’aidhm ag an gCoimisiún acmhainní a mhéadú agus maoiniú don oiriúnú atá ar scála níos mó a shlógadh tuilleadh, agus gur gá a bheith ar an airdeall chun a áirithiú go sroichfidh na hacmhainní airgeadais na pobail is leochailí sna tíortha atá i mbéal forbartha;

46.  á chur in iúl gur geal léi an creat rialála nua maidir le hoiriúnú don athrú aeráide faoi Airteagal 4 den Dlí Aeráide Eorpach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh bearta rialála lena ngabhann spriocanna agus garspriocanna soiléire chun feabhas a chur ar an acmhainneacht oiriúnaitheach, an athléimneacht a neartú agus an leochaileacht i leith an athraithe aeráide a íoslaghdú;

47.  á chur i bhfios go láidir, cé gur fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide, go mbeidh tionchar éagsúil aige ar gach réigiún agus gur minic gurb iad na comhlachtaí rialachais ar an leibhéal áitiúil, atá níos gaire do na pobail, na heintitis is oiriúnaí chun straitéisí oiriúnúcháin a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb;

48.  ag cur béim ar an bhfíoras go rannchuidíonn bonneagar glas leis an oiriúnú don athrú aeráide tríd an gcaipiteal nádúrtha a chosaint, gnáthóga nádúrtha agus speicis a chaomhnú, stádas cuí éiceolaíoch, bainistiú uisce agus slándáil bia;

49.  á thabhairt chun suntais go mbíonn tionchar tubaisteach comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíoch ag an bhfású agus go bhfuil gá le cur chuige coiteann chun an feiniméan sin a chosc agus oiriúnú dó mar is cuí agus chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé go mbeadh uisce ar fáil chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus oiriúnú dó, ós rud é, sa bhreis ar ligean do phlandaí a ghabhann agus a choimeádann carbón san ithir fás, go gcuirtear feabhas ar bheatha na miocrorgánach, go méadaítear ábhar an ábhair orgánaigh san ithir agus, go bunúsach, go mbíonn acmhainn coinneála carbóin níos mó san ithir mar thoradh ar uisce a bheith san ithir; á chur i bhfáth gur gá aird ar leith a thabhairt ar bhainistiú uisce i gcomhthéacs an oiriúnaithe; á chur i bhfáth gur gá an Treoir Réime maidir le hUisce(21) a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán chun na cuspóirí atá inti a bhaint amach agus an acmhainn sin a bhainistiú ar bhealach níos fearr;

50.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach go n-aithneofaí fíorluach an uisce agus an ról atá aige sa mhaolú ar an athrú aeráide agus san oiriúnú dó chun aghaidh a thabhairt ar thionchar na haeráide ar cháilíocht an uisce agus chun aeráidneodracht a bhaint amach; ag aithint go gcabhraíonn éagsúlú na bhfoinsí uisce, an éifeachtúlacht uisce, bainistiú ciorclach uisce, réitigh dhúlrabhunaithe, réitigh dhigiteacha le haghaidh faireachán, faireachas agus anailís a dhéanamh ar uisce, agus rochtain ar uisce óil agus sláintíocht le truailliú agus astaíochtaí CO2 a laghdú;

51.  á thabhairt chun suntais go n-aithnítear sa bhrollach a ghabhann le Comhaontú Pháras an tosaíocht bhunúsach a bhaineann leis an tslándáil bia a chosaint agus deireadh a chur leis an ocras, agus go háirithe leochaileachtaí na gcóras táirgthe bia i leith dhrochthionchar an athraithe aeráide; á mheabhrú go sonraítear in Airteagal 2(1)(b) de UNFCCC, maidir leis an gcumas atá ann oiriúnú do dhrochthionchar an athraithe aeráide agus an athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide agus astaíochtaí ísle gás ceaptha teasa a chothú, gur cheart cur leis an gcumas sin ar bhealach nach gcuirfidh an táirgeadh bia i mbaol; á iarraidh ar na Páirtithe uile an tslándáil bia a chur san áireamh go cuí ina bpleananna oiriúnaithe náisiúnta;

52.  ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le cur chuige córasach i leith gach cineál guaise ó thaobh na rioscaí aeráide agus na riachtanais agus bearta oiriúnúcháin a mheas agus ar an ngá atá le feabhas a chur ar na paraiméadair chun an t-oiriúnú atá bunaithe ar fheasacht ar rioscaí a thomhas agus feabhas a chur ar an tacaíocht theicniúil agus airgeadais do thíortha ar mhaithe le tionscadail atá iontaofa ó thaobh brabúis de a fhorbairt chun rochtain a fháil ar bhreis maoiniú oiriúnúcháin;

53.  ag tacú leis an athbhreithniú ar an Sprioc Dhomhanda maidir le hOiriúnú agus á thabhairt chun suntais gur gá torthaí intomhaiste a bhaint amach léi bunaithe ar thuiscint chríochnúil ar riosca ar an iliomad leibhéal, ar shonraí comhsheasmhacha agus inchomparáide a bheith ar fáil, agus ar úsáid a bhaint as dul chun cinn cainníochtúil agus cáilíochtúil i leith na hathléimneachta le himeacht ama;

54.  á iarraidh ar COP26 Líonra Santiago maidir le Caillteanas agus Damáiste a tionscnaíodh ag COP25 a chur i ngníomh go hiomlán chun gur féidir leis cúnamh teicniúil a spreagadh go héifeachtach do thíortha atá i mbéal forbartha chun caillteanas agus damáiste a sheachaint, a íoslaghdú agus aghaidh a thabhairt orthu, agus chun feidhmeanna a chur ar fáil atá bunaithe ar na dúshláin agus na bearnaí is forleithne atá le sárú ag tíortha atá i mbéal forbartha, lena n-áirítear easpa acmhainní, agus easpa airgeadais agus tacaíochta; á chreidiúint gur cheart feidhmiú Líonra Santiago a dhaingniú i struchtúir UNFCCC agus gur cheart do na tíortha forbartha é a mhaoiniú ar bhealach intuartha agus iontaofa, agus leas á bhaint as an ionchur ó Pháirtithe agus breathnóirí UNFCCC;

55.   ag tabhairt dá haire go luaitear in Airteagal 8 de Chomhaontú Pháras maidir le Caillteanas agus Damáiste gur cheart do na Páirtithe cur chuige comhoibríoch a ghlacadh i leith an chaillteanais agus an damáiste a bhaineann le drochéifeachtaí an athraithe aeráide; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá an ghníomhaíocht thacúil dhomhanda i réigiúin atá an-leochaileach i leith thionchar an athraithe aeráide amhail ceantair cois cósta agus oileáin, agus ina bhfuil teorainn leis an gcumas atá ann oiriúnú don athrú aeráide;

56.  á chur i bhfáth go bhfuil tionchar níos mó agus níos mó ag an athrú aeráide agus an díghrádú comhshaoil ar chúiseanna an easáitithe daoine; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an Tascfhórsa um Easáitiú atá mar chuid de Shásra Idirnáisiúnta Vársá do Chaillteanas agus Damáiste (WIM Excom), agus á iarraidh air dlús a chur lena chuid gníomhaíochtaí agus a áirithiú go mbeidh sé níos ionchuimsithí i dtaca leis na tíortha is lú forbairt agus stáit oileánacha bheaga atá i mbéal forbartha; á iarraidh go ndíreofaí níos mó ar an easáitiú de dheasca iarmhairtí an athraithe aeráide sna COPanna amach anseo;

Réitigh dhúlrabhunaithe agus cineálacha cur chuige bunaithe ar éiceachórais i leith an athraithe aeráide

57.  á mheabhrú go bhfuil an t-athrú aeráide ar cheann de na príomhchúiseanna díreacha atá le cailliúint na bithéagsúlachta agus le díghrádú talún, agus go bhfuil ceangal láidir idir cailliúint na bithéagsúlachta agus an t-athrú aeráide agus go ngéaraíonn siad ar a chéile, ar bagairtí comhionanna don domhan iad; á chur i bhfios go láidir go meastar go mbeidh drochéifeachtaí an athraithe aeráide ar an dúlra agus an bhithéagsúlacht, ar éiceachórais, agus ar infhaighteacht uisce, na haigéin agus an tslándáil bia le sonrú go láidir sna deicheanna de bhlianta amach romhainn; á athdhearbhú gur réiteach féideartha a mbeadh tionchar láithreach aige é éiceachórais ardcharbóin, amhail tailte portaigh, bogaigh agus tailte féaraigh, agus éiceachórais carbóin ghoirm, amhail riasca goirt, féar mara agus mangróibh, agus foraoisí slána a chaomhnú agus a athbhunú go docht, agus go mbeadh tairbhe fhairsing ag baint leis ó thaobh an mhaolaithe agus an oiriúnaithe de; de bhrí, nuair a dhéantar éiceachórais carbóin ghoirm a dhíghrádú nó a scriosadh, go scaoileann siad an carbón a bhí á stóráil acu leis na céadta bliain isteach san atmaisféar agus san aigéan agus gur foinse astaíochtaí gás ceaptha teasa é sin ina dhiaidh sin; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh roinnt beart lena bhféadfaí maolú a dhéanamh ar an ngéarchéim aeráide dochar a dhéanamh don bhithéagsúlacht, agus á chur i bhfios go láidir gur gá dul i ngleic leis an ngéarchéim aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta i dteannta a chéile; ag moladh, dá bhrí sin, go mbeadh clár oibre comhpháirteach de chuid CBD-UNFCCC ann a dtabharfaí cistiú cuí dó chun gníomhaíocht chomhoibríoch a shainaithint agus a spreagadh;

58.  á chur i bhfáth, in ainneoin go bhfuil comhaontú níos mó ann in UNFCCC agus CBD anois faoin ngá atá le gníomhaíocht chomhtháite ar an leibhéal náisiúnta agus an leibhéal áitiúil chun dul i ngleic le géarchéimeanna na bithéagsúlachta agus na haeráide araon i dteannta a chéile, nach bhfuil aon réitigh dhúlrabhunaithe le fáil go fóill i gcuid mhór de na gealltanais náisiúnta faoin aeráid agus de na straitéisí tíre; á mheas go bhféadfadh ardán il-gheallsealbhóirí maidir le réitigh dhúlrabhunaithe cuidiú le sineirgí a neartú idir coinbhinsiúin idirnáisiúnta iltaobhacha maidir leis an mbithéagsúlacht agus an t-athrú aeráide, agus go bhféadfaí spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach dá bharr;

59.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le sineirgí idir Straitéis Bhithéagsúlachta AE go dtí 2030 agus an ghníomhaíocht ar son na haeráide ar mhaithe leis an maolú agus an t-oiriúnú araon;

60.  á mheabhrú freisin go bhfuil ról ríthábhachtach ag an mbithéagsúlacht i dtaca lena chur ar chumas daoine dul i ngleic leis an téamh domhanda agus dul in oiriúint dó agus leibhéal an teacht aniar atá iontu a mhéadú; á chur i bhfáth go mbaineann cineálacha cur chuige atá bunaithe ar éiceachórais, mar a leagadh amach faoi CBD iad, agus réitigh dhúlrabhunaithe leas as cumas an dúlra agus na bithéagsúlachta i dtaca le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú agus cuidiú linn dul in oiriúint do thionchar an athraithe aeráide, agus gur réitigh iad a théann chun tairbhe do chách mar gurb é atá i gceist leo ná seirbhísí agus feidhmeanna an éiceachórais a chosaint, a athbhunú agus a bhainistiú agus a fheabhsú ar bhealach inbhuanaithe, réitigh lena dtugtar aghaidh ar na dúshláin atá roimh an tsochaí agus lena gcuirtear dea-bhail an duine chun cinn; á chur i bhfios go láidir gur éifeachtaí fós iad réitigh dhúlrabhunaithe nuair a phleanáiltear iad ar bhonn fadtéarmach agus nach mbíonn siad dírithe díreach ar cheapadh mear carbóin(22);

61.  á chur in iúl gur geal léi tionscnamh Uachtaránacht COP26 go seolfaí an tIdirphlé maidir le Foraoisí, Talmhaíocht agus Trádáil Tráchtearraí, idirphlé lena dtabharfar le chéile na príomhthíortha a onnmhairíonn táirgí talmhaíochta agus na tíortha a úsáideann na táirgí sin chun plé a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí an próiseas sin a dhéanamh níos inbhuanaithe; ag meabhrú na seasamh atá glactha aici agus a shonraítear sa rún uaithi maidir le creat dlíthiúil de chuid AE chun stop a chur leis an dífhoraoisiú domhanda atá faoi thionchar AE agus é a aisiompú(23), seasaimh ar cheart iad a chur san áireamh san ionchur ó AE; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh mar ábhar práinne le haghaidh creat dlíthiúil de chuid AE a bheidh bunaithe ar dhícheall cuí éigeantach lena n-áiritheofar go mbeidh na slabhraí luacha inbhuanaithe agus nach mbeidh dífhoraoisiú, díghrádú foraoise, tiontú éiceachórais ná díghrádú nó sáruithe ar chearta an duine ann mar thoradh ar tháirgí nó tráchtearraí a chuirtear ar mhargadh AE, nó nach n-eascróidh na táirgí ná na tráchtearraí astu sin; á thabhairt dá haire gur cheart creat dlíthiúil den sórt sin de chuid AE a leathnú freisin chun stoc ardcharbóin agus éiceachórais atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta de nach foraoisí iad a chumhdach, amhail éiceachórais mhuirí agus chósta, bogaigh, tailte portaigh agus sabhánaí, ionas nach gcuirfear brú ar na héiceachórais sin;

62.  ag tarraingt aird ar an bhfíoras nach ndéantar na hastaíochtaí talún síorshioctha a d’fhéadfadh a bheith ann a chur san áireamh go hiomlán sna buiséid dhomhanda astaíochtaí, agus nach n-áirítear sna rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta (NDCanna) iad; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hiarracht eolaíoch a bhfuil dlús fúithi chun meastachán níos cruinne a dhéanamh ar mhéid na n-astaíochtaí méadaithe CO2 agus meatáin ón Artach atá ag éirí níos teo, agus chun iad a chur in iúl ar bhealach níos fearr, chun bonn eolais níos fearr a chur faoi na cinntí maidir leis an uaillmhian bhreise atá ag teastáil chun an teocht dhomhanda a choinneáil laistigh de chuspóirí Chomhaontú Pháras; á iarraidh ar AE comhghuaillíocht dhomhanda maidir le talamh síorshioctha a thionscnamh agus a stiúradh, comhghuaillíocht a bheidh dírithe ar thaighde a chistiú chun gur féidir measúnú níos fearr a dhéanamh ar gcaoi a bhfuil an fhadhb faoi láthair agus ar bhearta a chistiú chun srian a chur le leá na talún síorshioctha;

63.  á thabhairt chun suntais gur gá mapáil chuimsitheach a dhéanamh ar na ceantair atá saibhir ó thaobh an charbóin agus an dúlra de, ar an gcaoi a mbainistítear na ceantair sin agus na héifeachtaí lena mbaineann, ar an mbail atá ar na gnáthóga agus ar thosca eile chun bonn eolais a chur faoin gcinnteoireacht maidir leis na tosaíochtaí athbhunaithe;

64.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaidh patrúin an mhargaidh agus an tomhaltais san Aontas dochar d’fhoraoisí, d’éiceachórais nádúrtha agus don bhithéagsúlacht, ná do chearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil;

65.  ag aithint a thábhachtaí atá an Chomhdháil maidir leis an mBithéagsúlacht a bheidh ar siúl in Kunming na Síne i mí Dheireadh Fómhair 2021 agus i mí Aibreán-mí na Bealtaine 2022; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le creat idirnáisiúnta atá níos láidre, níos ceangailtí agus níos uaillmhianaí chun bithéagsúlacht an domhain a chosaint, rud nach féidir a fháil ar ais, chun stop a chur leis an meath atá ag teacht uirthi faoi láthair agus í a athbhunú a oiread is féidir; á chreidiúint gur cheart go mbeadh creat den sórt sin a bheith bunaithe ar spriocanna, táscairí inchainníochtaithe, sásraí éifeachtacha faireacháin agus gealltanais láidre, rud a chuimsíonn NDCanna agus ionstraimí iomchuí eile, gealltanais airgeadais agus ráthaíochtaí feabhsaithe maidir le fothú acmhainní, mar aon le sásra athbhreithnithe cúig bliana, agus béim á leagan ar mhianta ardleibhéil a bhaint amach a bheidh ag éirí níos láidre i gcónaí; ag athdhearbhú a hiarrata go ndéanfadh AE an ardleibhéal uaillmhéine céanna a éileamh le linn na caibidlíochta chun machaire comhréidh domhanda a áirithiú, lena n-áirítear spriocanna idirnáisiúnta um athchóiriú agus cosaint idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí, spriocanna arbh ionann iad agus 30 % ar a laghad faoi 2030 chun mianta inmheánacha AE a leagadh síos i Straitéis Bhithéagsúlachta AE go dtí 2030 a léiriú;

66.  á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur thángthas ar an gconclúid in Athbhreithniú 2018 ar chur chun feidhme SDGanna(24) nach n-áirítear pointí riachtanacha a bhaineann le cáilíocht sa chreat faireacháin do SDG 15, ar pointí iad atá ríthábhachtach le haghaidh torthaí níos fónta, lena gcuirtear in iúl an gá atá le táscairí breise i réimsí amhail slántacht foraoise, éifeachtacht bainistíochta i limistéir faoi chosaint, agus comhtháthú fóinteach na bithéagsúlachta i bpróisis eile;

67.  á chur i bhfáth go mbraitheann sásraí aeráide ar shláinte éiceachórais na n-aigéan agus na mara dá ndéantar difear leis an téamh domhanda, le truailliú, le róshaothrú bithéagsúlachta muirí, le haigéadú, le dí-ocsaídiú agus le creimeadh cósta; á chur i bhfáth go meabhraíonn IPCC gur cuid den réiteach é an t-aigéan chun éifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus chun oiriúnú dóibh;

68.  á chur i bhfáth gur cheart, le creat domhanda bithéagsúlachta iar-2020, ceangal a chur ar na Páirtithe réitigh dhúlra-bhunaithe a ionchorprú lena gcosnófar agus lena n-athbhunófar an bhithéagsúlacht agus sláine éiceachórais sna straitéisí náisiúnta bithéagsúlachta agus sna pleananna gníomhaíochta náisiúnta araon agus in NDCanna chun Comhaontú Pháras a chomhlíonadh;

69.  ag aithint ról tábhachtach na hithreach sláintiúla, mar an linn charbóin talún is mó, i dtaca leis an athrú aeráide a mhaolú; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit athbhunú agus úsáid inbhuanaithe na hithreach a neartú mar uirlis don bheartas aeráide ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) agus go háirithe sna bearta a bhaineann le hearnálacha na talamhúsáide, an athraithe ar thalamhúsáid agus na foraoiseachta (LULUCF), chomh maith le linnte carbóin a chaomhnú, a athbhunú agus a fheabhsú (go háirithe i limistéir ina bhfuil ithreacha atá ar mhórán carbóin, amhail féarach agus talamh portaigh), chomh maith le gníomhaíocht a dhéanamh chun úsáid inbhuanaithe na hithreach a chur chun cinn sa bheartas talmhaíochta agus chun astaíochtaí talmhaíochta a laghdú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún togra reachtach a dhéanamh chun comhchreat dlíthiúil a bhunú ar fud an Aontais chun ithir a chosaint agus chun ithir a úsáid ar bhealach inbhuanaithe, lena dtabharfar aghaidh ar na mórbhagairtí uile ar an ithir;

Maoiniú inbhuanaithe don aeráid

70.  á thabhairt chun suntais gurb iad an tAontas agus na Ballstáit a chuireann an chuid is mó den mhaoiniú poiblí don aeráid ar fáil; ag aithint a thábhachtaí atá an maoiniú don aeráid le haghaidh gníomhaíochtaí aeráide, ós rud é go bhfuil NDCanna coinníollacha ag go leor tíortha atá i mbéal forbartha, a bhfuil a mbaint amach ag brath ar thacaíocht airgeadais; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an cinneadh a rinneadh ag COP24 cinneadh a dhéanamh maidir le sprioc níos uaillmhianaí ó 2025 ar aghaidh, ag cur leis an ngealltanais reatha USD 100 billiún a shlógadh in aghaidh na bliana ó 2020 ar aghaidh, ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil na gealltanais iarbhír ó thíortha forbartha fós go mór faoin sprioc chomhchoiteann USD 100 billiún in aghaidh na bliana a shlógadh, agus á iarraidh go ndúnfaí an bhearna sin; ag tathant ar AE agus a Bhallstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí maoiniú idirnáisiúnta um an athrú aeráide a shlógadh do thíortha atá i mbéal forbartha agus treochlár idirnáisiúnta a bhunú ina leagfar amach sciar cothrom gach tíre forbartha den ghealltanas airgeadais USD 100 billiún agus sásraí chun a áirithiú go ndéanfar na gealltanais a iompú ina ngníomhaíochtaí; ag dréim leis go ndéanfaidh na geilleagair atá ag teacht chun cinn ranníocaíocht, ó 2025 ar aghaidh, leis an méid níos airde den mhaoiniú idirnáisiúnta aeráide amach anseo; ag tacú, sa chomhthéacs sin, le tús a chur leis an gcaibidlíocht ar sprioc nua airgeadais don tréimhse tar éis 2025, ag féachaint ar chur chuige maidir le maitrís sprice lena ngabhann fo-spriocanna ar leithligh, lena n-áirítear le haghaidh maoiniú atá bunaithe ar dheontais, lena léirítear déine mhéadaitheach na dtionchar aeráide agus an phráinn a bhaineann le dlús iomlán a chur le gníomhaíocht ar son na haeráide sa deich mbliana seo;

71.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sreafaí airgeadais ríthábhachtach don oiriúnú don athrú aeráide; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an sprioc dhomhanda maidir le hoiriúnú a oibríochtú agus mórchistí nua a shlógadh don oiriúnú i dtíortha atá i mbéal forbartha; á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt i dtaca le méadú suntasach breise a dhéanamh ar an maoiniú oiriúnaithe a chuireann siad ar fáil chun cothromaíocht a bhaint amach idir maoiniú oiriúnaithe agus maoiniú maolúcháin, le tús áite a thabhairt do mhaoiniú atá bunaithe ar dheontais, agus gealltanais iomchuí a ullmhú a bheidh le tabhairt ag COP26;

72.  á dhearbhú go bhféadfaí ioncaim ón sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a úsáid chun cur le soláthar an mhaoinithe um an athrú aeráide do thíortha atá i mbéal forbartha, go háirithe don oiriúnú, ach freisin chun déine charbóin a n-onnmhairí agus a dtáirgí a dhíoltar sa bhaile a laghdú;

73.  á aithint gur gá dul chun cinn a dhéanamh maidir le ceist an chaillteanais agus an damáiste, ar cheart acmhainní breise agus leordhóthanacha a chur ar fáil ina leith trí fhoinsí nuálacha airgeadais phoiblí faoi Shásra Idirnáisiúnta Vársá agus ar cheart don Aontas tacú le sainordú COP26 do Shainghrúpa Gníomhaíochta agus Tacaíochta (ASEG) nua Shásra Idirnáisiúnta Vársá mar gheall uirthi chun na foinsí sin a fhiosrú agus a shaothrú;

74.  á chur i bhfios gur léirigh géarchéim COVID-19 arís go mbraithimid ar a chéile chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus gur cheart breathnú uirthi mar ghairm ar ghníomhaíocht níos uaillmhianaí agus níos comhchoitinne; á chur i bhfáth gur gá an athléimneacht a chothú trí na ceachtanna ar fad a fhoghlaim ón ngéarchéim reatha ó thaobh acmhainneachtaí neamhleor pleanála éigeandála agus freagartha éigeandála; ag tabhairt rabhaidh go bhfuil an dul chun cinn i dtreo na SDGanna ag dul ar gcúl mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, go bhfuil sí ag méadú na fíorbhochtaineachta i dtíortha atá i mbéal forbartha agus go bhfuil leibhéil fiachais ag dul in olcas mar gheall uirthi; á chur i bhfios go láidir gur gá cur go mór leis an maoiniú aeráide agus réitigh inmharthana a aimsiú go práinneach maidir le faoiseamh fiachais do thríú tíortha laistigh d’fhóraim idirnáisiúnta chun téarnamh glas domhanda a éascú;

75.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go nglacfaidh na mórinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais maoiniú glas go pras agus go bhforbródh siad é d’fhonn dícharbónú rathúil a bhaint amach sa gheilleagar domhanda; ag meabhrú ról BEI mar bhanc aeráide an Aontais agus an róil atá aige maidir le Treochlár na mBanc Aeráide a glacadh le déanaí agus maidir leis an mBeartas nuashonraithe maidir le hiasachtú fuinnimh; ag tathant ar bhainc forbartha iltaobhacha, lena n-áirítear BEI, agus ar institiúidí maoinithe forbraíochta níos mó infheistíochtaí aeráide a mhaoiniú, a bpunanna a ailíniú le Comhaontú Pháras agus tacú le tíortha atá i mbéal forbartha téarnamh ó COVID-19 ar bhealach glas, cuimsitheach agus athléimneach; á chur i bhfios gur gá ardáin agus uirlisí a chruthú chun dea-chleachtais a chur chun cinn agus a roinnt ar mhaithe leis an téarnamh inbhuanaithe agus chun comhar praiticiúil a chur chun cinn maidir le hastaíochtaí GCT a dhíchúpláil ón bhfás eacnamaíoch agus rathúnas á mhéadú ag an am céanna; á iarraidh go bhforbrófaí agus go dtacófaí le comhaontú domhanda maidir le prionsabail an airgeadais inbhuanaithe, lena n-áirítear caighdeáin chuntasaíochta inbhuanaitheachta na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais;

76.  á chur in iúl gur geal léi go leanfaidh an Ciste Oiriúnaithe de bheith ag fónamh do Chomhaontú Pháras; ag aithint a thábhachtaí atá an ciste sin do na pobail sin is leochailí don athrú aeráide, agus á thabhairt dá haire gur gheall an ciste, ó 2010 i leith, breis agus USD 830 milliún do thionscadail agus do chláir maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus athléimneacht, lena n-áirítear breis agus 120 tionscadal nithiúil logánta sna pobail is leochailí i dtíortha atá i mbéal forbartha ar fud an domhain; á chur i bhfáth, áfach, nach leor an méid sin agus á iarraidh ar thíortha bronntacha dlús suntasach a chur lena ranníocaíochtaí leis an gCiste Oiriúnaithe le cur chuige níos intuartha agus ilbhliantúil;

77.  á athdhearbhú gur gá deireadh a chur go práinneach le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise agus le fóirdheontais eile atá díobhálach don chomhshaol san Aontas agus ar fud an domhain; á thabhairt dá haire gur fiú thart ar EUR 50 billiún fóirdheontais do bhreoslaí iontaise san Aontas, agus á iarraidh ar na Ballstáit go léir beartais, amlínte agus bearta nithiúla a chur chun feidhme chun deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais uile do bhreoslaí iontaise, idir dhíreach agus indíreach, faoi 2025 ar a dhéanaí; á iarraidh ar na Páirtithe eile go léir bearta comhchosúla a dhéanamh;

78.  ag tacú le hobair Chomhghuaillíocht na nAirí Airgeadais um Ghníomhú ar son na hAeráide agus ag spreagadh na rialtas uile gealltanais na comhghuaillíochta a ghlacadh chun na beartais agus na cleachtais go léir atá faoi chúram na n-aireachtaí airgeadais a ailíniú le spriocanna Chomhaontú Pháras agus praghsáil éifeachtach carbóin a ghlacadh, mar a leagtar síos i bPrionsabail Heilsincí;

79.  ag cur béim ar an ról tábhachtach nach mor don earnáil príobháideach a bheith aici, lena n-áirítear corparáidí agus margaí airgeadais, maidir leis an ngeilleagar a leagan amach ar chonaire a bheidh ag luí le Comhaontú Pháras; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh Mhol Airgeadais Phríobháidigh COP26 lena ndírítear ar chóras a thógáil lena gcuirfear maoiniú príobháideach chun úsáide chun tacú le hathchóiriú ár ngeilleagar ar mhaithe le glan-nialasú; ag aithint shuim leathan an phobail agus a rannpháirtíochta in infheistíochtaí inbhuanaithe; á chur in iúl gur geall léi rannpháirtíocht mhéadaitheach na mórinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais i bhforbairt an airgeadais ghlais agus á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach an treocht sin a chothú chun dícharbónú rathúil a bhaint amach sa gheilleagar domhanda; á chur in iúl gur geal léi Comhaontas Airgeadais Ghlaschú don Ghlan-nialas agus a thiomantas na hinfheistíochtaí domhanda is gá a shlógadh le haghaidh glanastaíochtaí neodracha tráth nach déanaí ná 2050, bunaithe ar chritéir eolaíochtbhunaithe;

80.  á thabhairt chun suntais gur theip ar an Sásra Glanfhorbraíochta (CDM) fíorlaghduithe breise ar astaíochtaí a chruthú; á iarraidh ar na Páirtithe féachaint le deireadh láithreach a chur le CDM; á chur i bhfáth go mbainfí an bonn ó Chomhaontú Pháras agus ó na hiarrachtaí comhchoiteanna chun astaíochtaí GCT a laghdú dá leanfaí le CDM;

81.  á chur i bhfáth nár cheart sean-chreidmheasanna a gineadh san am a chuaigh thart a úsáid faoi Chomhaontú Pháras; á chur i bhfáth nár cheart seanchreidmheasanna a úsáid chun spriocanna aeráide iar-2020 a bhaint amach;

82.  á chur i bhfios go láidir gur gá d’institiúidí airgeadais agus do chuideachtaí nochtadh airgeadais a bhaineann leis an aeráid agus leis an inbhuanaitheacht a fhorbairt tuilleadh agus a chur chun cinn;

Iarracht chuimsitheach ag gach earnáil

83.  á thabhairt chun suntais gurb í earnáil an iompair an t-aon earnáil ina bhfuil méadú tagtha ar astaíochtaí ar leibhéal an Aontais ó 1990 i leith agus nach bhfuil sé sin ag luí le cuspóir fadtéarmach na haeráidneodrachta, lena n-éilítear laghduithe níos mó agus níos tapúla ar astaíochtaí ó earnálacha uile na sochaí, lena n-áirítear na hearnálacha eitlíochta agus muirí; á mheas, chun a áirithiú go mbeidh na NDCanna comhsheasmhach leis na gealltanais uile-gheilleagair a cheanglaítear le Comhaontú Pháras, gur cheart na Páirtithe a spreagadh chun astaíochtaí ó loingseoireacht idirnáisiúnta agus ón eitlíocht a áireamh ina gcuid NDCanna agus chun teacht ar chomhaontú maidir le bearta agus iad a chur chun feidhme, ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta, chun astaíochtaí ó na hearnálacha sin a laghdú, lena n-áirítear tionchair neamh-CO2 na heitlíochta; á athdhearbhú sa chomhthéacs sin gur gá na hearnálacha sin a rialáil faoi chóras trádála astaíochtaí an Aontais (ETS), a d’fhéadfadh a bheith ina eiseamláir don obair chomhthreomhar, ag tacú leis an uaillmhian dhomhanda níos airde ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear san Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus san Eagraíocht Eitlíochta Sibhialta Idirnáisiúnta (ICAO); á chur in iúl gur cúis bhuartha di an dul chun cinn mall a rinneadh in IMO agus in ICAO maidir le haghaidh a thabhairt ar astaíochtaí ó loingseoireacht agus eitlíocht idirnáisiúnta; á chur i bhfios gurb í an eitlíocht is cúis le tuairim is 2.1 % d’astaíochtaí domhanda CO2; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a seacht ndícheall a dhéanamh chun an scéim fritháirithe agus laghdaithe carbóin don eitlíocht idirnáisiúnta (CORSIA) a neartú agus tacú le ICAO sprioc fhadtéarmach a ghlacadh chun astaíochtaí laistigh den earnáil a laghdú agus neamhspleáchas reachtach an Aontais a chosaint i gcur chun feidhme Threoir ETS;

84.  á mheabhrú, de réir na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta Fuinnimh, nach mór na gluaisteáin nua paisinéirí uile a chuirtear ar an margadh domhanda faoi 2035 a bheith saor ó astaíochtaí chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach faoi 2050; á chur i bhfáth thairis sin nach mór do bheagnach gach gluaisteán ar bhóithre na hEorpa a bheith saor ó astaíochtaí faoi 2050 ionas go mbeidh an Eoraip aeráidneodrach faoin mbliain sin; á chur i bhfáth gur féidir le hearnáil an iompair a bheith ina éascaitheoir suntasach maidir le fuinneamh inathnuaite a imlonnú; ag cur béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag soghluaisteacht leictreach mar fhoirm de chomhtháthú cliste na n-earnálacha cumhachta agus iompair trí leas a bhaint as acmhainneachtaí solúbthachta, agus béim á leagan ar an tábhacht a bhaineann le muirearú cliste a úsáid ar fud AE;

85.  á thabhairt dá haire gur tháinig ardú 12 % ar astaíochtaí carbóin dhuibh ón loingseoireacht ar fud an domhain idir 2012 agus 2018, agus méadú 85 % san Artach idir 2015 agus 2019; á chur i bhfáth go meastar gurb ionann astaíochtaí carbóin dhuibh agus thart ar 21 % d’astaíochtaí ó loingseoireacht thar amscála 20 bliain; i bhfianaise a phráinní atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus go háirithe an ráta scanrúil ar a bhfuil an tArtach ag leá; á iarraidh go ngníomhófaí láithreach chun an méadú atá ann faoi láthair ar astaíochtaí carbóin dhuibh ón loingseoireacht Artach a aisiompú; á chur in iúl gur saoth léi go mór go bhfuil an iomarca lúb ar lár sa toirmeasc a ghlac IMO ar ola throm bhreosla a úsáid san Artach agus gur fhág sé sin go bhfuil sé neamhéifeachtach ó thaobh an tArtach a chosaint de; ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh gach long a thagann isteach i gcalafoirt AE agus a thaistealaíonn san Artach nó gar dó aistriú chuig driogáití níos glaine agus scagairí cáithníneacha a shuiteáil, lena laghdófaí astaíochtaí carbóin dhuibh faoi níos mó ná 90 %;

86.  ag cur sonrú san fhíoras gurbh í an loingseoireacht ba chúis le thart ar 2,5 % d’astaíochtaí GCT ar fud an domhain in 2012(25); á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil loingseoireacht díolmhaithe ó spriocanna aeráide idirnáisiúnta (UNFCCC) agus AE araon, agus ag tarraingt aird ar an bhfíoras go meastar go dtiocfaidh méadú suas le 50 % idir 2018 agus 2050 ar na hastaíochtaí sin mura rachfar i ngleic leo(26); á chur in iúl gur geal léi gur ghlac IMO straitéis tosaigh in 2018 maidir le hastaíochtaí GCT ó longa a laghdú, a deir gur cheart uasphointe na n-astaíochtaí a bhaint amach a luaithe agus is féidir agus titim 50 % ar a laghad faoi 2050 i gcomparáid le 2008, agus iarracht á déanamh deireadh iomlán a chur leo de réir a chéile, ach á chur in iúl gur cúis bhuartha di an dul chun cinn mall a rinneadh go dtí seo agus ag tathant ar IMO dul chun cinn gasta a dhéanamh i dtaca le bearta uaillmhianacha a ghlacadh sa ghearrthéarma agus sa mheántéarma;

87.  á mheabhrú go bhfuil ról lárnach ag cathracha maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú; á chur i bhfáth go gcaithfidh cathracha ceannaireacht a léiriú go háitiúil agus ar bhonn domhanda maidir leis an aistriú glas; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar bhearta nithiúla chun tacú le hastaíochtaí CO2 na gcathracha a laghdú, a bheidh le cur i gcrích i gcomhar le hearnáil na tionsclaíochta, le saoránaigh agus le húdaráis áitiúla; á thabhairt chun suntais gur féidir le cathracha feidhmiú mar chliabhán le haghaidh teicneolaíochtaí nua i réimse an leictrithe, an uathoibrithe agus an digitithe trí thacú leis an nuálaíocht agus le gníomhaíocht den chéad uair;

88.  á chur i bhfáth gur gá iarrachtaí a chomhtháthú chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an athrú aeráide agus maidir le cáilíocht an aeir araon; á mheas go bhfuil gá le cur chuige iomlánaíoch chun astaíochtaí a laghdú ag an bhfoinse i ngach earnáil, go háirithe iompar de bhóthar agus muirí, eitlíocht, suiteálacha tionsclaíocha, foirgnimh, talmhaíocht agus táirgeadh fuinnimh, chun sláinte ár saoránach agus ár bpláinéid a chosaint níos fearr;

89.  á mheabhrú go dtagann 23 % d’astaíochtaí GCT domhanda agus thart ar 10 % d’astaíochtaí GCT an Aontais ón talmhaíocht, agus ag aithint go bhféadfadh laghdú suntasach astaíochtaí GCT a bheith ann in earnáil na talmhaíochta, agus go mbeadh sé sin ina rannchuidiú dearfach leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide trí cheapadh carbóin a mhéadú; á chur i bhfáth, le haistriú chuig talmhaíocht athghiniúnach, slabhraí soláthair níos giorra agus aistí bia níos sláintiúla, níos cothroime agus níos inbhuanaithe, lena n-áirítear trí mhéadú a dhéanamh ar thomhaltas plandaí a tháirgtear go hinbhuanaithe agus ar bhianna atá bunaithe ar phlandaí, go gcuirfí go mór le laghdú astaíochtaí talmhaíochta agus ag an am céanna go mbainfí an brú ar an talamh agus go gcabhrófaí le héiceachórais a athbhunú;

90.  á thabhairt dá haire go bhfuil aitheantas tugtha ag tuarascálacha IPCC agus IPBES, ag Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gCeart chun Bia agus ag an Measúnú Idirnáisiúnta faoi stiúir FAO maidir le hEolas Talmhaíochta, Eolaíocht agus Teicneolaíocht don Fhorbairt, do na mórbhuntáistí aeráide, bithéagsúlachta agus slándála bia a bhaineann leis an agra-éiceolaíocht; á athdhearbhú gur cheart an agra-éiceolaíocht agus feirmeoireacht teaghlaigh a chur i gcroílár na gníomhaíochta ar son na haeráide;

91.  á thabhairt dá haire go n-astaíonn foinsí amhail talmhaíocht, láithreáin líonta talún, saoráidí fuíolluisce, agus táirgeadh agus iompar píblíne breoslaí iontaise thart ar 60 % de mheatán an domhain; á mheabhrú gur GCT cumhachtach é an meatán, níos mó ná 80 huaire níos láidre ná CO2 thar thréimhse 20 bliain, agus gurb é an dara rud is mó a chuireann leis an athrú aeráide, tar éis dé-ocsaíd charbóin; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé astaíochtaí meatáin a laghdú láithreach agus go gasta mar cheann de na bearta is éifeachtaí do ghníomhú AE ar son na haeráide; á thabhairt dá haire go bhfuil a lán teicneolaíochtaí agus cleachtas atá éifeachtach ó thaobh costais de ar fáil cheana féin chun astaíochtaí meatáin a mhaolú, go háirithe ó earnáil an fhuinnimh; á thabhairt chun suntais go gcomhlánaíonn laghduithe ar astaíochtaí meatáin na laghduithe riachtanacha ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus go bhféadfaí cuid mhaith de na laghduithe ar astaíochtaí a cheanglaítear faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach cheana féin le maolú meatáin ar chostas atá íseal agus atá indéanta go teicniúil; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, straitéis nua an Aontais chun astaíochtaí meatáin a laghdú, ar straitéis í a thíolaic an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2020, agus á iarraidh ar na Páirtithe uile gníomhaíocht mhear agus uaillmhianach a dhéanamh chun astaíochtaí meatáin a laghdú go mór; á iarraidh ar an gCoimisiún creat reachtach cothrom, cuimsitheach agus soiléir a mholadh lena leagfar síos bearta ceangailteacha agus spriocanna laghdaithe meatáin as a dtiocfaidh laghdú suntasach ar astaíochtaí meatáin san Aontas faoi 2030; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhar agus an comhordú idirnáisiúnta a stiúradh maidir le maolú astaíochtaí meatáin agus teacht ar chomhaontú domhanda maidir le maolú meatáin ag COP26 ina sainítear uaillmhianta nua maidir le maolú domhanda meatáin i gcomhréir le tuarascáil 1.5 °C IPCC, le tuarascáil maidir le measúnú domhanda ar mheatán Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) agus le séú tuarascáil mheasúnaithe IPCC;

92.  á mheabhrú, mar a léirítear sa mheasúnú tionchair ar phlean sprioc aeráide 2030(27), gur gá dul i ngleic le hastaíochtaí meatáin faoin mbliain 2030 i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras, chun laghdú 55 % ar a laghad ar astaíochtaí GCT a bhaint amach faoi 2030;

93.  ag tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin a mholadh go gcruthófaí creat atá ceangailteach ó thaobh dlí ar an leibhéal idirnáisiúnta chun astaíochtaí meatáin a laghdú faoi na Náisiúin Aontaithe;

94.  á chur in iúl gur geal léi an rún fógartha atá ag Rialtas Joe Biden sna Stáit Aontaithe agus ag Uachtarán Xi Jinping na Síne Leasú Kigali ar Phrótacal Montréal a dhaingniú, ar deis uathúil é, in éineacht leis an athbhreithniú a dhéanfar go luath ar rialacha an Aontais maidir le gáis ceaptha teasa fhluairínithe, chun an domhan a thabhairt níos gaire do bhaint amach chuspóirí Chomhaontú Pháras; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú uaillmhianach ar an Rialachán maidir le Gás-F a chur i láthair faoi dheireadh 2021 chun dlús a chur le deireadh a chur le hidreafluaracarbóin (HFC); á chreidiúint gur cheart gníomhaíocht bhreise a dhéanamh freisin i gcoinne heicseafluairíd sulfair a úsáid (SF6);

95.  ag spreagadh AE ról ceannasach a ghlacadh i dtaca leis an bpraghsáil carbóin a chur chun cinn mar uirlis beartais aeráide éifeachtúil mar chuid de chreat rialála níos leithne, chun féachaint ar naisc agus cineálacha eile comhair leis na sásraí praghsála carbóin atá ann cheana i dtríú tíortha agus réigiúin, chun dlús a chur le laghduithe costéifeachtúla astaíochtaí ar fud an domhain agus chun riosca a bhaineann le sceitheadh carbóin a laghdú ag an am céanna, rud a chuirfeadh le machaire comhréidh a áirithiú ar fud an domhain; á iarraidh ar an gCoimisiún coimircí a bhunú chun a áirithiú go leanfaidh aon nasc le ETS AE de ranníocaíochtaí maolúcháin breise agus buana a chur ar fáil agus nach mbainfear an bonn ó ghealltanais inmheánacha an Aontais maidir le hastaíochtaí GCT; á chur i bhfios go láidir gur cuid ríthábhachtach den Chomhaontú Glas é sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha an Aontais a bhunú a bheadh comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála agus gur cheart é a bheith ina phríomhthosaíocht; á chur i bhfáth gur cheart an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a úsáid mar threoirphlean le haghaidh gníomhaíocht níos láidre ar son na haeráide laistigh den Aontas agus ar fud an domhain, agus iomaíocht chothrom idir táirgeoirí intíre agus táirgeoirí eachtracha an Aontais a áirithiú ag an am céanna;

96.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh tiomantas láidir ann i gcoinne an dífhoraoisithe; ag tabhairt dá haire, cé go bhfuil limistéar foraoise AE ag leathnú le blianta beaga anuas, i réigiúin eile, go háirithe sna geilleagair atá ag teacht chun cinn atá ag brath ar thráchtearraí, gur fadhb é an dífhoraoisiú ollmhór, go príomha i ngeall ar earnáil na talmhaíochta agus earnáil an bheostoic, a bhfuil réiteach leormhaith de dhíth uirthi;

Tionscal agus iomaíochas

97.  á mheas gurb é COP26 an ceann is tábhachtaí d’earnálacha tionsclaíocha agus fuinnimh na hEorpa ó síníodh Comhaontú Pháras in 2015, mar gur chumhdaigh an tAontas bealach chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí agus go bhfuil an pacáiste um oiriúnú don sprioc 55 % seolta aige; á chreidiúint gur cheart an rathúnas eacnamaíoch, an comhtháthú sóisialta, cruthú post, an fhorbairt thionsclaíoch inbhuanaithe agus an beartas aeráide a bheith ag treisiú a chéile; á thabhairt chun suntais go gcuirtear deiseanna ar fáil do thionscal AE leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, ar deiseanna iad is féidir a bhaint amach má gheallann reachtóirí freagairt beartais atá tráthúil, saincheaptha, bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus leormhaith a thabhairt; á chur i bhfáth go bhfuil gá le straitéis uileghabhálach chun na cuspóirí a leagadh amach do 2030 a bhaint amach agus ina dhiaidh sin sreafaí airgeadais poiblí agus príobháideacha a ailíniú; á mheas go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach do AE buntáiste an cheannródaí a áirithiú agus dea-shampla a thabhairt;

98.  á chur i bhfáth gur cheart don Aontas a dhícheall a dhéanamh chun seasamh ceannasach agus iomaíochas domhanda a chuid tionscal a choinneáil san aistriú i dtreo geilleagar astaíochtaí gás ceaptha teasa glan-nialasacha; á chur i bhfios gur cheart na huirlisí beartais atá ar fáil agus nuálach a úsáid chun réimsí cheannaireacht an Aontais a chothabháil agus a leathnú; á chur i bhfios go láidir an gá atá ann tionscal na hEorpa a dhícharbónú tuilleadh agus leanúint de thacaíocht AE don iarracht sin; á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh le haghaidh slabhraí luacha straitéiseacha; ag aithint na n-éifeachtaí dearfacha ar thionscail Eorpacha ó luathghníomhaíocht sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, chomh maith leis an Aontas de bheith ag tabhairt dea-shampla maidir le haeráidneodracht a bhaint amach, lena réitítear an bealach do thíortha nach bhfuil an dul chun cinn céanna déanta acu nó nach bhfuil chomh huaillmhianach sin agus lena gcosnaítear buntáiste iomaíoch fíorthairbheach do thionscail agus do ghnólachtaí AE; á chur i bhfáth gur gá comhaontuithe iltaobhacha agus déthaobhacha in-fhorfheidhmithe a bhunú idir an tAontas agus a chomhpháirtithe, lena ndírítear ar chaighdeáin chomhshaoil an Aontais a onnmhairiú agus cothroime iomaíochta a áirithiú i dtrádáil agus in infheistíochtaí; á chur i bhfáth an gá atá ann cosc a chur le hathlonnú táirgeachta agus infheistíochtaí i dtionscal na hEorpa mar gheall ar bhearta aeráide nach bhfuil chomh huaillmhianach céanna lasmuigh den Aontas, agus ar an gcaoi sin ag spreagadh comhpháirtithe idirnáisiúnta iarrachtaí a ailíniú chun an t-athrú aeráide a chomhrac; á mheas, le tacsanomaíocht ghlas an Aontais, gur cheart trédhearcacht a chruthú agus soiléireacht a thabhairt ionas go mbeidh rialtais agus gnólachtaí in ann dreasachtaí a chur ar fáil d’infheistíochtaí lena gcabhrófaí le cuspóirí Chomhaontú Pháras a bhaint amach;

99.  ag aithint ról ríthábhachtach FBManna, go háirithe micrifhiontair agus gnólachtaí nuathionscanta, maidir le fostaíocht agus fás a thiomáint agus a chur i gcrích agus maidir leis an mbealach a stiúradh i ndáil leis na haistrithe digiteacha agus glasa; á mheabhrú gur cuid bhunriachtanach den chreat eacnamaíoch agus sóisialta Eorpach iad FBManna agus nach mór do reachtóirí tacú leo agus iad a dhreasú san aistriú sin, go háirithe trí rochtain ar mhaoiniú a áirithiú le haghaidh teicneolaíochtaí, seirbhísí agus próisis inbhuanaithe, agus trí nósanna imeachta riaracháin a shimpliú; á chur in iúl gur cúis imní di nach bhfuil mórán FBManna ar an eolas fós faoi na deiseanna a bhaineann leis an aistriú glas agus dá bhrí sin á iarraidh go ndúnfaí an bhearna eolais sin, le tacaíocht ó chomhairleoirí inbhuanaitheachta agus ó sheirbhísí inbhuanaitheachta a ghabhann leis an Líonra Fiontar Eorpach;

100.  á chur in iúl gur geal léi an tiomantas, na hiarrachtaí agus an dul chun cinn atá déanta go dtí seo ag saoránaigh, pobail, bardais, cathracha, réigiúin, tionscail agus institiúidí na hEorpa chun oibleagáidí Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, an gá atá le dlús a chur le gníomhaíochtaí chun go mbeidh siad go hiomlán i gcomhréir le Comhaontú Pháras; á spreagadh, dá bhrí sin, na gníomhaithe go léir atá rannpháirteach, laistigh agus lasmuigh den Aontas, a n-uaillmhianta agus a n-iompar a chur in oiriúint do chaighdeáin níos airde chun dul i ngleic leis na dúshláin aeráide;

101.  ag tabhairt chun suntais na ndeiseanna a chuirtear ar fáil trí straitéis láidir fáis le haghaidh téarnamh tar éis COVID, ar deiseanna iad, ní hamháin chun an ghéarchéim eacnamaíoch a shárú ach freisin chun geilleagar glas agus inbhuanaithe de chuid an Aontais a fhorbairt tuilleadh trí na haistrithe digiteacha agus glasa a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, agus is cúis imní di, go ndéanfadh sé dochar do thionscal AE neamhaird a thabhairt ar an mbuntáiste a bhaineann le tógáil móimintim, i bhfianaise mhéid an chlaochlaithe thionsclaíoch atá riachtanach chun cuspóirí 2030 a bhaint amach i dtimpeallacht atá an-iomaíoch agus atá ag forbairt go tapa;

102.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil roinnt comhpháirtithe trádála de chuid an Aontais tar éis sásraí trádála carbóin nó sásraí praghsála eile a thabhairt isteach; á chur in iúl gur geal léi shásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá cóir ó thaobh na sochaí de i gcomhréir leis na tograí a rinneadh sa rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le sásra AE um choigeartú carbóin ar theorainneacha atá comhoiriúnach leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, lena n-áirítear sásra éifeachtach sceite carbóin a bhunú, agus a éifeacht chun praghas carbóin domhanda a bhrú ar aghaidh; á iarraidh ar na Páirtithe i COP26 teacht ar chomhaontú maidir le rialacha soiléire, cothroma, stuama ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí de maidir le margaí carbóin lena gcuirfear leis an bhforbairt inbhuanaithe ar bhealach nithiúil intomhaiste;

Beartas fuinnimh

103.  á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar an reachtaíocht fuinnimh faoin bpacáiste um oiriúnú don sprioc 55 %; chun í a ailíniú le sprioc mhéadaithe an Aontais astaíochtaí a laghdú 55 % ar a laghad faoi 2030 chun aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

104.  ag meabhrú thiomantas an Aontais do bhunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé an prionsabal a phríomhshruthú sa reachtaíocht agus sna tionscnaimh ábhartha uile; á chur i bhfios acmhainneacht neamhshaothraithe na héifeachtúlachta fuinnimh in earnálacha amhail earnáil an iompair agus earnáil na bhfoirgneamh, lena n-áirítear téamh agus fuarú;

105.  á mheabhrú gur caitheadh EUR 50 billiún san Aontas ar fhóirdheontais do bhreoslaí iontaise in 2018, arb ionann é agus thart ar aon trian d’fhóirdheontais fuinnimh uile an Aontais; á chreidiúint go mbaintear an bonn ó spriocanna an Chomhaontaithe Glais don Eoraip agus ó oibleagáidí Chomhaontú Pháras le fóirdheontais do bhreoslaí iontaise; á chur i bhfáth gur gá comharthaí praghais níos comhsheasmhaí a chur ar fáil go práinneach ar fud na n-earnálacha fuinnimh agus ar fud na mBallstát, agus nach ndéantar costais sheachtracha a inmheánú; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na Páirtithe eile i COP26 tús áite a thabhairt d’infheistíochtaí i bhfuinneamh glas agus sa bhonneagar glas, agus deireadh a chur de réir a chéile le fóirdheontais dhíreacha agus indíreacha do bhreoslaí iontaise;

106.  á chreidiúint, ionas go mbeidh an tAontas in ann aeráidneodracht a bhaint amach, gur cheart a chóras fuinnimh a chomhtháthú agus a bhunú ar thosaíocht céim ar chéim ag tosú le bunphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme, as a dtiocfaidh coigilteas fuinnimh, agus ina dhiaidh sin dícharbónú na n-úsáidí deiridh trí leictriú díreach, breoslaí bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite agus, le linn idirthréimhse, breoslaí ísealcharbóin le haghaidh feidhmeanna nach bhfuil rogha mhalartach eile acu, agus inrochtaineacht fuinnimh, inacmhainneacht agus slándáil an tsoláthair á gcoinneáil trí chóras ciorclach, an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, comhtháite, idirnasctha, athléimneach agus ilmhódúil a fhorbairt;

107.  á mheabhrú a thábhachtaí atá sé éagsúlacht na ndúshlán agus na gcóras náisiúnta fuinnimh a chur san áireamh; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le haistriú cóir agus ag athdhearbhú an ghealltanais a leagtar amach sa Chomhaontú Glas nua nár ceart aon duine a fhágáil ar lár; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil thart ar 50 milliún teaghlach in AE fós ag maireachtáil faoi bhochtaineacht fuinnimh; á thabhairt chun suntais a tábhachtaí atá an ghné shóisialta a bhaineann le huaillmhian aeráide níos airde, trínar cheart beartais a ghlacadh chun bochtaineacht fuinnimh a chosc agus a dhíothú a luaithe is féidir; á chur i bhfáth gur cheart beartais fuinnimh a shaothrú i gcomhréir le prionsabal an aistrithe chóir agus i ndlúthchomhar leis an tsochaí shibhialta agus le comhpháirtithe sóisialta; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil pleanáil phoiblí agus comhpháirtíochtaí sóisialta níos láidre agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais bunriachtanach chun aeráidneodracht a bhaint amach ar fud na sochaí ar bhealach cothrom, cuimsitheach agus inbhuanaithe ó thaobh na sochaí de;

108.  á chur in iúl gur geal léi glacadh na straitéise Eorpaí maidir le Hidrigin, lena leagtar síos spriocanna do shuiteáil 6 GW ar a laghad de leictrealóirí hidrigine inathnuaite san Aontas faoi 2024 agus 40GW de leictrealóirí hidrigine inathnuaite faoi 2030; á mheabhrú gur gá dlús a chur le dícharbónú an táirgthe hidrigine atá ann cheana trí tháirgeadh hidrigine inathnuaite a mhéadú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé hidrigin iontaise-bhunaithe a chéimniú amach a luaithe is féidir, ag díriú ina ionad sin ar theicneolaíochtaí sábháilte agus inbhuanaithe; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tús a chur láithreach leis an gcéimniú amach sin a phleanáil go cúramach, ionas go gcuirfear tús le laghdú gasta ar tháirgeadh na hidrigine de bhunús iontaise, ar bhealach intuartha agus do-aisiompaithe agus ionas nach gcuirfear le fad saolré saoráidí táirgthe de bhunús iontaise; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt láithreán táirgthe hidrigine de bhunús iontaise lonnaithe i gcríocha an aistrithe chóir agus, dá bhrí sin, á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le bearta tacaíochta éifeachtacha lena n-éascófar laghdú astaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena rannchuideofar le hathoiliúint agus le hinfhostaitheacht bhreise an luchta saothair áitiúil;

109.  á chur in iúl gur geal léi straitéis an Aontais maidir le fuinneamh inathnuaite amach ón gcósta agus a huaillmhian acmhainn na hEorpa amach ón gcósta a mhéadú go 60 GW ar a laghad faoi 2030 agus go 340 GW faoi 2050; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go rachaidh cur chun feidhme na straitéise chun tairbhe an Aontais ina iomláine, lena n-áirítear Ballstáit thalamhiata;

110.  á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur gá na dálaí a chruthú ionas go mbeidh níos mó dreasachtaí ag tomhaltóirí cineálacha fuinnimh níos inbhuanaithe a roghnú agus a bheith níos gníomhaí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na bacainní atá fós ann maidir le féintomhaltas inathnuaite agus pobail fuinnimh inathnuaite, go háirithe i dteaghlaigh ar ioncam íseal nó i dteaghlaigh leochaileacha;

111.  á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh (2003/96/CE) agus chun ionstraim a dhéanamh di lena ndéantar na beartais chánach a ailíniú leis na spriocanna fuinnimh agus aeráide le haghaidh 2030 agus 2050, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar na tionchair, lena n-áirítear ar thomhaltóirí, ar bhochtaineacht fuinnimh agus ar bhochtaineacht iompair; á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chánacha agus tobhaigh ar fhuinneamh inathnuaite a laghdú ar fud an Aontais, de réir mar is iomchuí, agus dreasachtaí airgeadais a neartú chun fuinneamh inathnuaite a tháirgeadh;

112.  á chur i bhfáth, cé go bhfuil an Eoraip ag obair chun a spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, go mbeidh gá le gníomhaíocht chomhordaithe dhomhanda chun astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach go domhanda faoi 2050 ar a dhéanaí; á thabhairt chun suntais go mbeidh céimeanna éagsúla cúnaimh idirnáisiúnta de dhíth ar thíortha atá i mbéal forbartha chun a n-aistriú glas a bhaint amach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar dhlúthchomhar trasteorann agus ar chomhroinnt dea-chleachtas le comhpháirtithe idirnáisiúnta i réimsí an cheaptha beartais agus na heolaíochta, lena n-áirítear aistriú teicneolaíochta, chun éifeachtúlacht fuinnimh agus infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí agus i mbonneagar fuinnimh inbhuanaithe a chur chun cinn;

113.  á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún plean gníomhaíochta a ghlacadh maidir le digitiú na hearnála fuinnimh chun an tAontas a shuí mar cheannaire teicneolaíochta agus chun córas fuinnimh níos comhtháite a chumasú le réitigh chliste in earnálacha sonracha agus le cistiú feabhsaithe don tréimhse 2021-2027; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar na rioscaí cibearshlándála in earnáil an fhuinnimh chun athléimneacht na gcóras fuinnimh a áirithiú;

Taighde, nuálaíocht, teicneolaíochtaí digiteacha agus beartas spáis

114.  á chur in iúl gur geal léi ról an chláir Fís Eorpach agus a rannchuidiú le haeráidneodracht; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcothóidh na comhpháirtíochtaí faoin gclár Fís Eorpach, lena n-áirítear na Comhghnóthais, comhoibriú idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach agus é mar aidhm aige rannchuidiú le baint amach an aistrithe ghlais, agus é á áirithiú ag an am céanna go mbeidh nuálaíochtaí inbhuanaithe ar fáil, inrochtana agus inacmhainne; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar an gcumarsáid le saoránaigh maidir le torthaí thionscadail Eorpacha T&F agus maidir le teicneolaíochtaí nua, lena n-áirítear tionscadail tithe solais, chun glacadh an phobail a mhéadú agus ról an Aontais a dhéanamh níos feiceálaí dá shaoránaigh;

115.  á thabhairt chun suntais an gá atá le tuilleadh infheistíochta a mhealladh, idir phoiblí agus phríobháideach, sa taighde, sa nuálaíocht agus in úsáid teicneolaíochtaí nua inbhuanaithe, lena n-áirítear i dtionscail dlúthshoathair, i ngréasáin nua bhonneagair a bhfuil gá leo agus i dtionscadail a chuireann le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Chomhaontú Pháras;

116.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú i ndreasachtaí chun teicneolaíochtaí nuálacha a chothú chun spriocanna 2030 agus 2050 a bhaint amach, lena dtugtar aghaidh ar theicneolaíochtaí atá aibí cheana a úsáid chomh maith le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nua nach mór a fhorbairt chun sprioc an Aontais maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

117.  á chur i bhfios go láidir an ról bunúsach a d’fhéadfadh a bheith ag teicneolaíochtaí digiteacha chun tacú le haistriú glas an Aontais; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn téarnamh AE creat rialála cobhsaí agus dreasachtaí airgeadais a chruthú freisin do ghníomhaithe príobháideacha chun dul chun cinn atá dírithe ar an margadh a bhunú agus a áirithiú i dtreo taighde, nuálaíochta agus forbartha teicneolaíochtaí inbhuanaithe;

118.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an digitiú ar cheann de na príomhthosca is cúis le comhtháthú an chórais fuinnimh mar gur féidir leis sreafaí dinimiciúla idirnasctha na n-iompróirí fuinnimh a chumasú, go bhféadfar margaí níos ilchineálaí a idirnascadh, agus na sonraí is gá a chur ar fáil chun an soláthar agus an t-éileamh a mheaitseáil; á thabhairt chun suntais acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus astaíochtaí gás ceaptha teasa foriomlána a laghdú ar an gcaoi sin; á mheabhrú go measann an Coimisiún gurb ionann lorg comhshaoil TFC agus idir 5 % agus 9 % d’úsáid dhomhanda leictreachais agus os cionn 2 % d’astaíochtaí domhanda GCT; á chur i bhfáth, de réir staidéar a rinne Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin in 2018 maidir leis an intleacht shaorga, go bhféadfadh idir 3 % agus 4 % de thomhaltas leictreachais iomlán an Aontais a bheith i gceist le hionaid sonraí agus tarchur sonraí; de bhrí go bhfuil an Coimisiún ag dréim leis go dtiocfaidh méadú 28 % ar thomhaltas lárionad sonraí idir 2018 agus 2030; de bhrí gurb é trealamh tomhaltóirí amhail ríomhairí, fóin chliste, táibléid agus réada nasctha eile is cúis le 47 % d’astaíochtaí digiteacha carbóin; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí bearta chun lorg carbóin na hearnála TFC a laghdú trí éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní a áirithiú, agus ag athdhearbhaíonn na sprice lárionaid sonraí a bheith aeráidneodrach agus an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de tráth nach déanaí ná 2030, mar a luaitear sa straitéis dhigiteach;

119.  á mheabhrú a thábhachtaí atá rannchuidiú an taighde agus na nuálaíochta chun na spriocanna a leagtar amach i gComhaontú Pháras agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le taighde agus nuálaíocht agus buiséid AE agus na buiséid náisiúnta atá dírithe ar T&I i dteicneolaíochtaí fuinnimh inbhuanaithe agus sábháilte agus nuálaíocht a mhéadú ar an iomlán; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar bhreis tacaíochta a thabhairt do theicneolaíochtaí agus do réitigh nuálacha a rannchuideoidh le córas comhtháite fuinnimh atá aeráid-díonach, lena n-áirítear i gcás ina bhfuil ceannas domhanda agus slabhraí luacha intíre ag an Eoraip; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh deighleoga lárnacha de shlabhraí luacha fuinnimh inathnuaite laistigh den Aontas chun na spriocanna aeráide a bhaint amach agus sochair shuntasacha eacnamaíocha a thabhairt do mhuintir na hEorpa, agus á iarraidh go ndéanfaí bearta leormhaithe chun tacú leis an ról atá ag ábhar atá bunaithe ar an Eoraip i slabhra soláthair na gcóras fuinnimh inathnuaite (RES) agus sa reachtaíocht;

An t-athrú aeráide agus an fhorbairt

120.  á chreidiúint go dtugtar deis le COP26 iarrachtaí a athnuachan chun cuspóirí Chomhaontú Pháras agus SDGanna na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, go háirithe SDG 13 (Gníomhú ar son na hAeráide); á mheas nach mór Clár Oibre 2030 a bheith ina threochlár chun todhchaí níos glaise, níos cothroime agus níos inbhuanaithe a bhaint amach;

121.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige maidir le cearta an duine sa ghníomhaíocht ar son na haeráide chun a áirithiú go n-urramófar cearta an duine agus go dtacófar le cearta an duine i ngach beart;

122.  ag tathant ar na Páirtithe in UNFCCC leanúint dá n-uaillmhian maolúcháin agus oiriúnaithe a mhéadú i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus chun an ghné a bhaineann le cearta an duine a chomhtháthú ina NDCanna agus ina gcumarsáid oiriúnaithe; á iarraidh ar Rúnaíocht UNFCCC treoirlínte a fhorbairt maidir le conas cosaintí chearta an duine a chomhtháthú in NDCanna agus i gcumarsáid oiriúnaithe i gcomhar le hArd-Choimisinéir NA um Chearta an Duine;

123.  á chur in iúl go bhfuil sí ar an eolas faoin lear mór fianaise gurb iad iarmhairtí an athraithe aeráide is cúis leis an ngéarú ar ghanntanas acmhainní ríthábhachtacha amhail talamh arúil, damáiste d’éiceachórais nó laghdú ar a slí bheatha, agus go méadaíonn siad minicíocht agus tromchúis tubaistí nádúrtha, agus ar an gcaoi sin, go ngníomhaíonn siad chun coinbhleachtaí, easáitiú daoine agus géarchéimeanna daonnúla a spreagadh;

124.  á mheabhrú, de réir na Cúigiú Tuarascála Measúnachta ó IPCC, gur acmhainn mhór chun oiriúnú don athrú aeráide is ea foirmeacha dúchasacha, áitiúla agus traidisiúnta eolais; á chur in iúl gur oth léi, nach mbaintear úsáid éifeachtach as an eolas dúchasach, agus go bhfuil aitheantas sainráite do phobail dhúchasacha agus treibheacha, agus dá gcearta, fós ar díth i gcreataí dlíthiúla, beartais agus institiúideacha mórchuid tíortha, agus gur saincheist mhór fós é cur chun feidhme ceart;

125.  á áitiú go gcaithfear ráthaíochtaí láidre maidir le maolú agus maidir le cearta na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil a chosaint a chur san áireamh i rialacha oibríochtúla an tSásra Forbartha Inbhuanaithe i ngach tionscadal faoin sásra sin; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as eolas na bpobal dúchasach agus na bpobal áitiúil faoi chosaint an chomhshaoil agus a áirithiú go gcloisfear a nguthanna mar chuid d’iarrachtaí idirnáisiúnta maidir le gníomhú ar son na haeráide;

126.  á iarraidh ar an Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta maidir le comhaontuithe na hEagraíochta Domhanda Trádála a thabhairt i gcomhréir go hiomlán le Comhaontú Pháras agus a áirithiú nach gcuirfidh a chomhaontuithe trádála agus infheistíochta féin aon bhac ar chur chun feidhme Chomhaontú Pháras ná ar an méid a baineadh amach le SDGanna na Náisiún Aontaithe ach go dtacóidh siad go hiomlán leo;

Ról Pharlaimint na hEorpa

127.  á chreidiúint, ós rud é nach mór di a toiliú a thabhairt do chomhaontuithe idirnáisiúnta agus go bhfuil ról lárnach aici i gcur chun feidhme intíre Chomhaontú Pháras mar chomhreachtóir, gur cheart í a bheith mar dhlúthchuid de thoscaireacht AE; á áitiú, dá bhrí sin, go gceadófar di freastal ar chruinnithe comhordaithe an Aontais ag COP26 i nGlaschú agus rochtain ar na doiciméid ullmhúcháin uile a ráthú ón uair a thosóidh an chaibidlíocht;

o
o   o

128.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig Rúnaíocht UNFCCC, leis an iarraidh go scaipfí é ar gach Páirtí neamh-AE sa choinbhinsiún sin.

(1) IO L 243, 9.7.2021, lch. 1
(2) IO C 232, 16.6.2021, lch. 30.
(3) IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.
(4) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(5) Téacsanna a glacadh, P9_TA(2020)0212.
(6) Téacsanna a glacadh, P9_TA(2020)0382.
(7) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0143.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0277.
(9) Tuarascáil ar an gceardlann comhurraithe ag IPBES-IPCC maidir leis an mbithéagsúlacht agus leis an athrú aeráide, an 10 Meitheamh 2021.
(10) Natali, S. M., et al., Permafrost carbon feedbacks threaten global climate goals, Proceedings of the National Academy of Sciences of the United States of America, [Aischothú carbóin talún síorshioctha – bagairt ar spriocanna aeráide domhanda, Imeachtaí Acadamh Náisiúnta Eolaíochtaí Stáit Aontaithe Mheiriceá,] 118 (21), 25 Bealtaine 2021.
(11) Rigaud, K. K. et al., Groundswell: Preparing for Internal Climate Migration, World Bank Group [Groundswell: Ullmhú don Imirce Inmheánach Aeráide, Grúpa an Bhainc Dhomhanda], an 19 Márta 2018.
(12) Clár Forbartha na Náisiún Aontaithe, The trillion dollar climate finance challenge (and opportunity) [An dúshlán (agus an deis) a bhaineann leis an trilliún dollar chun an troid i gcoinne an athraithe aeráide a mhaoiniú], an 27 Meitheamh 2021.
(13) An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Building the foundations for fundamental change [An dúshraith a thógáil le haghaidh athrú ó bhonn], an 4 Meitheamh 2021.
(14) Hänsel, M. C., Drupp, M. A., Johansson, D. J. A., Nesje, F., Azar, C., Freeman, M. C., Groom, B. agus Sterner, T., ‘Climate economics support for the UN climate targets’ [Tacaíocht don eacnamaíocht aeráide do spriocanna aeráide na Náisiún Aontaithe], Nature Climate Change, 10, lgh. 781-789, 2020.
(15) Cruinniú Mullaigh G7, Cuan Carbis, an 11-13 Meitheamh 2021.
(16) Oxfam, ‘Confronting carbon inequality in the European Union. Why the European Green Deal must tackle inequality while cutting emissions’ [Aghaidh a thabhairt ar neamh-chomhionannas carbóin san Aontas Eorpach. Na cúiseanna nach mór don Chomhaontú Glas don Eoraip dul i ngleic leis an neamhionannas agus astaíochtaí á laghdú ag an am céanna], 7 Nollaig 2020.
(17) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Eanáir 2021 ar Stráitéis AE maidir le Comhionannas Inscne (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0025).
(18) Saineolaithe na Meánmhara ar an Athrú Aeráide agus Comhshaoil, Risks associated to climate and environmental changes in the Mediterranean region [An baol a bhaineann leis an athrú aeráide agus comhshaoil i réigiún na Meánmhara], 2019.
(19) WWF Mediterranean Marine Initiative, The climate change effect in the Mediterranean. Six stories from an overheating sea [Éifeacht an athraithe aeráide sa Mheánmhuir. Sé scéal ó mhuir atá ag éirí róthe], an Róimh, an Iodáil, 2021.
(20) COM(2021)0219.
(21) Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
(22) Tuarascáil ar an gceardlann a bhí comhurraithe ag IPBES-IPCC maidir leis an mbithéagsúlacht agus an t-athrú aeráide, 10 Meitheamh 2021.
(23) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0285.
(24) Fóram Polaitiúil Ardleibhéil, Athbhreithniú 2018 HLPF ar chur chun feidhme SDGanna.
(25) Beartas AE maidir le gníomhú ar son na haeráide, ag freagairt don éigeandáil dhomhanda, Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (EPRS), Márta 2021.
(26) EPRS, Márta 2021.
(27) SWD(2020)0176.


Páipéir Phandóra: impleachtaí do na hiarrachtaí chun sciúradh airgid, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac
PDF 189kWORD 71k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Páipéir Phandóra: impleachtaí do na hiarrachtaí chun sciúradh airgid, imghabháil cánach agus seachaint cánach a chomhrac (2021/2922(RSP))
P9_TA(2021)0438RC-B9-0530/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don ráiteas maidir le réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair ó chreat cuimsitheach na hEagraíochta um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta ECFE/G20 an 8 Deireadh Fómhair 2021 um Chreimeadh an Bhoinn Cánach agus Aistriú Brabúis (BEPS),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 dar teideal ‘Iriseoirí iniúchta san Eoraip a chosaint: cás an iriseora Slóvacaigh Ján Kuciak agus Martina Kušnírová’(1),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2015 maidir le rialuithe cánach agus bearta eile atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus éifeachta de(2) (rún TAXE),

–  ag féachaint do rún uaithi an 6 Iúil 2016 maidir le rialuithe cánach agus bearta eile atá comhchosúil ó thaobh cineáil agus éifeachta de(3) (rún TAXE2),

–  ag féachaint do mholadh ón bParlaimint an 13 Nollaig 2017 don Chomhairle agus don Choimisiún tar éis an fhiosrúcháin ar sciúradh airgid, seachaint cánach agus imghabháil cánach (moladh PANA)(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Márta 2019 maidir le coireanna airgeadais, seachaint cánach agus imghabháil cánach(5) (rún TAX3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir leis an smacht reachta i Málta i bhfianaise an mhéid a tháinig chun solais le déanaí faoi dhúnmharú Daphne Caruana Galizia(6),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Bealtaine 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta le haghaidh beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc(C(2020)2800),

–  ag féachaint don rún uaithi an 10 Iúil 2020 i dtaca le beartas cuimsitheach de chuid an Aontais maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chosc – Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin agus forbairtí eile le déanaí(7),

–  ag féachaint do na tuarascálacha ar Threoirphleananna Cholún 1 agus Cholún 2 a ghlac Creat Cuimsitheach ECFE/G20 an 14 Deireadh Fómhair 2020, agus do thorthaí na hanailíse eacnamaíche agus an mheasúnaithe tionchair ar na tograí a rinne ECFE,

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le liosta an Aontais de na tearmainn chánach a athchóiriú(8),

–  ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 03/2021 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 26 Eanáir 2021 dar teideal ‘Faisnéis chánach a úsáid san Aontas Eorpach: bunús láidir, scoilteanna i gcur chun feidhme’,

–  ag féachaint do Thuarasáil Speisialta 13/2021 ó CIE an 28 Meitheamh 2021 dar teideal ‘Tá iarrachtaí an Aontais ar an sciúradh airgid san earnáil baincéireachta a chomhrac ina n-iarrachtaí ilroinnte agus níl an cur chun feidhme ina chur chun feidhme leordhóthanach’,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Bealtaine 2021 dar teideal Business taxation for the 21st century [Cánachas Gnó don 21ú hAois] (COM(2021)0251),

–  ag féachaint don phacáiste reachtach arna chur i láthair ag an gCoimisiún an 20 Iúil 2021 chun rialacha frithsciúrtha airgid an Aontais a neartú agus chun cur i gcoinne rialacha maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta (AML/ CFT),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le ‘cur chun feidhme cheanglais an Aontais i leith faisnéis chánach a mhalartú: dul chun cinn, an chiall a ceannaíodh agus bacainní le sárú(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le beartas an Aontais i dtaca le cleachtais chánach dhíobhálacha a athchóiriú (lena n-áirítear an Mheitheal um an gCód Iompair a athchóiriú)(10),

–  ag féachaint do Riail 132(2) agus (4) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí go bhfuil Páipéir Phandóra ina mórsceitheadh sonraí, de mhéid nach bhfacthas a leithéid riamh cheana, ina dtugtar tuairisc ar úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas corparáideach atá bunaithe i ndlínsí rúndachta; de bhrí gur thosaigh an Cuibhreannas Idirnáisiúnta d’Iriseoirí Iniúchacha (ICIJ) Páipéir Phandóra a fhoilsiú an 3 Deireadh Fómhair 2021;

B.  de bhrí gur ndearnadh 2.94 teiribheart sonraí a sceitheadh chuig ICIJ agus a roinnt le comhpháirtithe meán ar fud an domhain; de bhrí go dtéann cuid de na comhaid siar go dtí na 1970idí, ach gur cruthaíodh an chuid is mó díobh siúd a ndearna ICIJ athbhreithniú orthu idir 1996 agus 2020; de bhrí go gcuimsítear níos mó ná 330 polaiteoir agus oifigeach poiblí ó nach mór 100 tír sa sceitheadh sonraí nua, de réir tuairisce, lena n-áirítear 35 de chinn stáit nó rialtais reatha nó iar-chinn stáit nó rialtais;

C.  de bhrí go nochtar i bpáipéir Phandóra an chaoi a dtugann idirghabhálaithe, amhail bainc, cuntasóirí agus gnólachtaí dlí, cúnamh do dhaoine aonair ag a bhfuil ardfhiúchas ard, lena n-áirítear polaiteoirí, coirpigh, oifigigh phoiblí agus daoine cáiliúla, chun struchtúir chorparáideacha chasta a dhearadh atá cláraithe i ndlínsí rúndachta nó i dtearmainn chánach i ndlúthchomhar le soláthraithe seirbhíse gairmiúla amach ón gcósta, chun ioncam agus sócmhainní a chosaint ó leibhéal cóir cánachais agus grinnscrúdaithe;

D.  de bhrí gurb iad Páipéir Phandóra an sceitheadh mór sonraí is déanaí chun oibriú inmheánach an domhain airgeadais amach ón gcósta a nochtadh, ag leanúint ar aghaidh ó na Lux Leaks in 2014, Swiss Leaks in 2015, Páipéir Phanama in 2016, Páipéir Pharthais in 2017, Mauritius Leaks in 2019, Luanda Leaks agus Comhaid FinCEN in 2020, agus Lux Letters in 2021;

E.  de bhrí go gcuireann Páipéir Phandóra béim ar ról bunúsach fhaisnéis na húinéireachta tairbhiúla i ndáil le tacú leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus coireanna eile airgeadais agus an gá práinneach le hinrochtaineacht phoiblí agus faisnéis níos cruinne;

F.  de bhrí go n-áirítear ar na gníomhaíochtaí a thuairiscítear i bPáipéir Phandóra cruthú cuideachtaí, fondúireachtaí agus iontaobhas caoch chun na gcríoch seo a leanas: chun réadmhaoin, luaimh, scairdeitleáin agus árachas saoil a cheannach ar bhonn anaithnid, chun infheistíochtaí a dhéanamh agus airgead a aistriú idir cuntais bhainc, agus chun cánacha a sheachaint agus coireanna airgeadais a dhéanamh, lena n-áirítear sciúradh airgid;

G.  de bhrí, maidir le gníomhaíochtaí a thuairiscítear i bPáipéir Phandóra, fiú mura bhfuil siad go léir neamhdhleathach iontu féin, gurb é a bhíonn iontu go minic seachaint cánach agus mí-úsáid rúndachta corparáidí;

H.  de bhrí go dtuairiscítear gur aisghabh na húdaráis chánach breis agus aon bhilliún euro ag éirí as an méid a tháinig chun solais i bPáipéir Phanama(11);

I.  de bhrí, ag baint úsáid as an gcionroinnt de réir foirmle is coimeádaí, go bhfuil na caillteanais is airde ag AE ar bhonn domhanda mar gheall ar aistriú brabúis go tearmainn chánach agus go meastar go gcailleann sé thart ar 20 % dá ioncam cánach corparáide gach bliain;

J.  de bhrí, tar éis ghéarchéim airgeadais 2008-2009 agus sraith cásanna a tháinig chun solais maidir le cleachtais imghabhála cánach, pleanáil ionsaitheach cánach, seachaint cánach agus sciúradh airgid, gur chomhaontaigh tíortha G20 aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ar fud an domhain ar leibhéal ECFE tríd an tionscadal maidir le Creimeadh an Bhoinn Cánach agus Aistriú Brabúis (BEPS), as ar tháinig Plean Gníomhaíochta BEPS;

K.  de bhrí go bhfuil ríthábhacht le dlíthe idirnáisiúnta leormhaithe maidir le cáin chun cleachtais imghabhála cánach agus seachanta cánach a chosc, agus chun córas cothrom agus éifeachtúil cánachais a cheapadh a thabharfaidh aghaidh ar neamhionannas agus a áiritheoidh cinnteacht agus cobhsaíocht, ar nithe iad atá réamhriachtanach le haghaidh iomaíochais, mar aon le machaire comhréidh idir cuideachtaí a bheith ann, go háirithe d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);

L.  de bhrí, de réir Réadlann Chánach AE, gurbh é EUR 7,900 billliún méid an rachmais airgeadais a bhí i dtearmainn chánach in 2017; de bhrí go bhfuil an méid sin coibhéiseach le 8% d’olltáirgeacht intíre (OTI) an domhain; de bhrí gurb é an toradh atá air ná caillteanas ioncaim cánach de thart ar EUR 155 bhilliún in aghaidh na bliana ar fud an domhain;

M.  de bhrí go dtéann na meastacháin i dtaca le raon na n-ioncam cánach a chailltear mar gheall ar an tseachaint cánach corparáide inti féin ó EUR 50 go EUR 70 billiún in aghaidh na bliana agus de bhrí go sroicheann an figiúr sin nach mór EUR 190 billiún má chuirtear gnéithe eile san áireamh, amhail socruithe cánach speisialta agus neamhéifeachtúlachtaí; de bhrí, de réir Réadlann Chánach AE, go bhfuil tuairim is 11 % de ghlanrachmas iomlán AE, nó EUR 300 billiún, i seilbh eischósta;

N.  de bhrí go bhfuil éileamh déanta ag Parlaimint na hEorpa arís agus arís eile, ina rúin agus ina moltaí ó choistí TAXE, TAX2, TAX3 agus PANA, agus ina rúin sna rúin a glacadh le déanaí ar bhonn tuarascálacha óna Fhochoiste um Chúrsaí Cánach (FISC), go ndéanfaí athchóiriú ar an gcóras cánach corparáide idirnáisiúnta d’fhonn dul i ngleic leis an imghabháil cánach agus an tseachaint cánach;

O.  de bhrí, de réir Europol, go mbraitear go bhfuil 0,7-1,2 % d’Olltáirgeacht Intíre an Aontais ina pháirt de ghníomhaíocht amhrasach airgeadais, amhail sciúradh airgid atá nasctha leis an éilliú, gáinneáil ar airm agus ar dhaoine, mangaireacht drugaí, imghabháil agus calaois chánach, maoiniú na sceimhlitheoireachta nó gníomhaíochtaí aindleathacha eile a dhéanann difear do shaoránaigh AE ina mbeatha laethúil; de bhrí, de réir figiúirí ó Europol, as an 1.1 milliún tuarascáil maidir le gníomhaíocht amhrasach arna dtuairisciú in 2019, nach ndearna na húdaráis phoiblí iniúchadh breise ach ar 10 % díobh (agus difríochtaí móra ann idir tíortha);

P.  de bhrí gur deacair scála an sciúrtha airgid a mheas, toisc nach nochtar an ghníomhaíocht mura mbraitear í, de bharr a cineáil, gur léir go bhfuil sé ag méadú ar bhonn domhanda;

Q.  de bhrí, de réir Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta go ndéantar coibhéis 2,7 % d’Olltáirgeacht Intíre an domhain a sciúradh gach bliain;

R.  de bhrí gur thionscain an Coimisiún nósanna imeachta um shárú i gcoinne fhormhór na mBallstát toisc gur mhainnigh siad an ceathrú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid agus an cúigiú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid(12) (AMLD) a thrasuí go cuí sa dlí náisiúnta;

S.  de bhrí go bhfuil easnaimh san fhorfheidhmiú ag roinnt le creat an Aontais maidir le frithsciúradh airgid agus maidir le maoiniú na sceimhlitheoireachta a chomhrac (AML/CFT), mar aon le heaspa maoirseachta éifeachtúla; de bhrí go ndearnadh iarracht, le hathchóirithe reachtacha comhleanúnacha, ar an gcreat a neartú le blianta beaga anuas chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí atá ag teacht chun cinn agus ar na heasnaimh;

T.  de bhrí gur ghlac AE le deich mbliana anuas sraith d’athchóirithe reachtacha chun seachaint cánach agus coireacht airgeadais a chomhrac; de bhrí go raibh éifeachtaí dearfacha ag na hathchóirithe sin ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh agus ar bhonn cánach agus ioncam na mBallstát a chosaint, atá ina réamhriachtanais chun poist a chruthú, fás, agus go háirithe chun geilleagar AE a théarnamh tar éis phaindéim COVID-19; de bhrí go bhfuil gá síormhéadaitheach, áfach, le comhar níos fearr idir na húdaráis riaracháin, bhreithiúnacha agus forfheidhmithe dlí laistigh de AE;

U.  de bhrí go bhfuil obair fhíorluachmhar á déanamh ag Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, ag an Oifig Eorpach Frith Chalaoise (OLAF), ag Europol, ag Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus ag na haonaid náisiúnta um fhaisnéis airgeadais chun calaois trasteorann, sciúradh airgid agus imghabháil cánach a bhrath agus a chomhrac; de bhrí nach bhfuil dóthain foirne nó acmhainní airgeadais ag na hoifigí agus na gníomhaireachtaí sin mar gheall ar dhrogall na Comhairle, mar cheann de na húdaráis bhuiséadacha, acmhainní leordhóthanacha daonna agus airgeadais a údarú le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil; de bhrí gur gá don Chomhairle, go háirithe i gcomhthéacs Pháipéir Phandóra, athbhreithniú agus athrú a dhéanamh ar a seasamh maidir leis an nós imeachta buiséadach bliantúil do bhuiséad 2022 agus do bhuiséid a bheidh ann amach anseo, d’fhonn acmhainní daonna agus airgeadais na n-institiúidí thuasluaite a neartú;

Breithnithe ginearálta

1.  ag cur sonrú i bhfoilsiú ‘Pháipéir Phandóra’, mar a thugtar orthu, an 3 Deireadh Fómhair 2021 ag an gCuibhreannas Idirnáisiúnta d’Iriseoirí Iniúchacha (ICIJ); ag moladh obair imscrúdaitheach ICIJ as a rannchuidiú fíorluachmhar le cleachtais eischósta rúnda a nochtadh, agus le feasacht an phobail a mhúscailt ar ábhair a bhfuil leas poiblí soiléir ag baint leo;

2.  ag leagan béim ar ról na hiriseoireacht iniúchta agus sceithirí maidir le héagóir, éilliú, coireacht eagraithe, sciúradh airgid agus mí-iompar a nochtadh, go háirithe ag daoine atá faoi riteacht pholaitiúil; ag cur béim ar rannchuidiú ríthábhachtach na hiriseoireachta iniúchta leis an daonlathas agus an smacht reachta a chaomhnú;

3.  á chur in iúl go measann sí gur gá rúndacht fhoinsí na hiriseoireachta iniúchta a chosaint, lena n-áirítear sceithirí, agus á dhearbhú a thábhachtaí atá cosaint leas an phobail d’fhoinsí a bhfuil caingean dlí nó ionchúiseamh os a gcomhair as nochtadh a dhéanamh ar mhaithe le leas an phobail; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé seasamh le saoirse na n-iriseoirí cáipéisí rúnda, sicréide, sriantacha, tacair sonraí nó ábhair eile a fháil, gan beann ar a mbunús, agus tuarascáil a thabhairt ar na saincheisteanna leasa phoiblí sin gan gníomhaíocht dhlíthiúil chostasach nó ionchúiseamh coiriúil a bheith ina bagairt, má táthar le ról na hiriseoireachta iniúchta mar fhoras faire sa tsochaí dhaonlathach a choimirciú;

4.  á athdhearbhú, ina leith sin, gur gá an iriseoireacht iniúchach a chosaint ar chásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail (SLAPPanna), mar aon le ciapadh pearsanta, imeaglú agus bagairtí báis; á chreidiúint go bhfuil géarghá le rialacha ceangailteacha AE lena gcosnaítear, ar bhealach urrúnta agus comhsheasmhach, na meáin neamhspleácha agus iriseoirí ar chásanna dlí cráiteacha a bhfuil sé mar aidhm leo iad a chur ina dtost nó iad a imeaglú in AE chun cabhrú le deireadh a chur leis an gcleachtas mí-úsáideach sin; ag leagan béim ar an obair leanúnach atá á déanamh aici ar thuarascáil féintionscnaimh ar SLAPPanna; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an Coimisiún ag obair ar thionscnamh i gcoinne na dlíthíochta mí-úsáidí atá dírithe ar iriseoirí agus ar chosantóirí ceart;

5.  ag tabhairt dá haire gur glacadh Treoir an Aontais maidir le Sceithirí(13) in 2019 agus á thabhairt chun suntais nach mór do na Ballstáit an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoi dheireadh 2021;

6.  á chur in iúl gur oth léi, d’ainneoin scannail chánach agus athchóirithe reachtacha a bheith ann le deich mbliana anuas in AE, go nochtar i bPáipéir Phandóra nach ndearnadh dul chun cinn leordhóthanach ar an leibhéal domhanda chun srian a chur leis an rúndacht chorparáideach agus le himghabháil cánach agus seachaint cánach eischósta; á mheabhrú go n-úsáidtear rúndacht úinéireachta corparáidí chun leasanna airgeadais pearsanta a cheilt;

7.  á chur i bhfios go léiríonn Páipéir Phandóra an chaoi a bhfuil tearmainn chánach tar éis cleachtais dhíobhálacha a chur in oiriúint do chaighdeáin nua ar mhaithe lena bheith tarraingteach chun críoch seachaint cánach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an oiriúnú sin ina shiocair le sodar go grinneall a bheith ann agus le tearmainn nua cánach a bheith ag teacht chun cinn de shíor le réimis atá níos tarraingtí fós chun aimhleasa daoine eile, rud nach bhfuil chomh tarraingteach sin;

8.  á chur in iúl gur saoth léi go gcaithfidh na saoránaigh agus lucht déanta cinntí a bheith fós ag brath ar sceitheadh sonraí chun rochtain a fháil ar fhaisnéis faoi chleachtais rúnda eischósta; ag tathant ar na Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh maidir le faisnéis faoi úinéireacht thairbhiúil a chur ar fáil don phobal agus maidir leis an bhfaisnéis ábhartha uile atá fágtha a chur ar fáil do pharlaimintí agus d’údaráis inniúla, lena n-áirítear riaracháin chánach, i gcás inarb ábhartha;

9.  á chur i bhfios go gcuireann an córas faoi cheilt a nochtadh i bPáipéir Phandóra smál ar cháil gnólachtaí dlisteanacha, go méadaíonn sé míchothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta, go ndéanann sé dochar do sholáthar éifeachtach seirbhísí poiblí agus do chúnamh do na daoine is leochailí, go mbaineann sé an bonn ón bhforbairt eacnamaíoch i gcás ina bhfuil caillteanas ioncaim ann, agus go ndéanann sé muinín na saoránach as an smacht reachta agus as ár gcóras eacnamaíoch agus daonlathach a laghdú go mór;

10.  ag tathant ar na húdaráis inniúla, lena n-áirítear riaracháin chánach, na mBallstát anailís a dhéanamh ar thacair sonraí ICIJ agus imscrúduithe críochnúla a sheoladh ar aon éagóir atá tagtha chun solais i bPáipéir Phandóra a bhfuil baint ag a ndlínse siúd léi, lena n-áirítear iniúchtaí ar gach duine aonair a luaitear i bPáipéir Phandóra;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na sonraí a nochtadh i bPáipéir Phandóra agus anailís a dhéanamh ar cibé an iomchuí tuilleadh gníomhaíochta reachtaí a dhéanamh ar leibhéal an Aontais, agus freisin an bhfuil gá le haon imeachtaí forfheidhmiúcháin maidir leis an reachtaíocht reatha, agus tuairisciú ar ais chuig an bParlaimint;

12.  á iarraidh ar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh measúnú a dhéanamh ar cibé an fiú, i bhfianaise na sonraí a nochtadh i bPáipéir Phandóra, imscrúduithe sonracha a dhéanamh laistigh de shainchúram a sainordaithe;

13.  á chur in iúl gur saoth léi go raibh roinnt polaiteoirí, lena n-áirítear cinnteoirí ardleibhéil AE, luaite i bPáipéir Phandóra, agus á iarraidh ar údaráis na mBallstát atá i gceist na himscrúduithe iomchuí a dhéanamh ar aon éagóir; á chur in iúl gur saoth léi, go háirithe, maidir le polaiteoirí amhail Andrej Babiš, Príomh-Aire na Seicia, agus Nicos Anastasiades, Uachtarán na Cipire, ar comhaltaí an bheirt acu den Chomhairle Eorpach, i dteannta Wopke Hoekstra, Aire Airgeadais na hÍsiltíre, Ilham Aliyev, Uachtarán na hAsarbaiseáine, Tony Blair, iarPhríomh-Aire na Breataine, Milo Đukanović, Uachtarán Mhontainéagró agus John Dalli, iar-Aire de chuid Mhálta agus iar-Choimisinéir de chuid AE, gur luadh iad go léir i bPáipéir Phandóra, agus naisc acu de réir na dtuairiscí le hidirbhearta amach ón gcósta;

14.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ardchaighdeáin sláine, ionracais agus freagrachta i measc oifigigh phoiblí san Aontas a choimirciú; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bearta agus córais i bhfeidhm acu lena gceanglaítear ar oifigigh phoiblí a ngníomhaíochtaí seachtracha, fostaíocht, infheistíochtaí, sócmhainní agus bronntanais nó tairbhí suntasacha a dhearbhú, ar nithe iad a bhféadfadh coinbhleacht leasa a bheith mar thoradh orthu maidir lena bhfeidhmeanna mar oifigigh phoiblí, mar a mhol Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh an Éillithe; ag athdhearbhú go nochtann Feisirí Pharlaimint na hEorpa faisnéis maidir le leasanna airgeadais cheana; á iarraidh ar pholaiteoirí, go háirithe, aon ghabháltais i gcuideachtaí caocha a nochtadh go deonach, in éagmais bearta éigeantacha; á athdhearbhú go bhfuil na dearbhuithe sin de chineál coisctheach agus go bhfuil sé mar aidhm acu trédhearcacht agus ionracas a chothú sa réimse poiblí, agus nár cheart iad a fhorléiriú ar bhealach a dhéanann polaiteoirí a stiogmatú as a bheith páirteach i ngníomhaíochtaí coiriúla;

15.  ag tathant ar na Ballstáit agus ar na ceannairí domhanda a tháinig le chéile i bhfóram idir-rialtasach G20, sa Chreat Cuimsitheach agus sna Náisiúin Aontaithe, bearta éifeachtacha a dhéanamh chun srian a chur le tearmainn chánach agus a samhail oibriúcháin, trí chosc a chur ar mhí-úsáid cuideachtaí caocha - corparáidí nach bhfuil aon substaint eacnamaíoch acu, arb é an t-aon chuspóir atá acu cánacha nó dlíthe eile a sheachaint - trí chritéir shainiúla éigeantacha trédhearcachta agus gníomhaíochta gnó a thabhairt isteach chun a n-úsáid a chosc agus cineálacha eile rúndachta airgeadais a thoirmeasc, agus íosráta cánach corparáideach éifeachtach a chomhaontú agus a chur chun feidhme go pras, le linn malartú uathoibríoch agus éigeantach domhanda a bheith á leathnú agus bhfeabhsú tuilleadh maidir le faisnéis ar gach cineál de ghabháltais phríobháideacha;

16.  á chur in iúl gur geal léi gur shínigh 136 dhlínse a bhí rannpháirteach i gCreat Cuimsitheach ECFE/G20 maidir le BEPS leis an ‘ráiteas maidir leis an réiteach dhá cholún chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin chánach a eascraíonn as digitiú an gheilleagair’, agus gur comhaontaíodh, uime sin, go ndéanfaí athchóiriú bunúsach ar na dlíthe cánach idirnáisiúnta;

17.  á chur i bhfios go n-áiritheofar leis an gcomhaontú, a luaithe a chuirfear chun feidhme é, dáileadh níos cothroime brabús agus ceart cánach i measc tíortha i leith na gcuideachtaí ilnáisiúnta is mó agus is brabúsaí agus go dtabharfar isteach íosráta cánach corparáide éifeachtach domhanda de 15 % a bheidh infheidhme maidir le cuideachtaí a bhfuil ioncam bliantúil os cionn EUR 750 milliún acu;

18.  ag athdhearbhú a thábhachtaí atá gníomhaíocht iltaobhach agus comhordú idirnáisiúnta sa chomhrac i gcoinne na himghabhála cánach, na seachanta cánach agus na pleanála ionsaithí cánach;

19.  á iarraidh go ndéanfar, i gcruinniú cheannairí G20 sa Róimh a bheidh ar siúl an 30 agus an 31 Deireadh Fómhair 2021, sainordú a thabhairt do ECFE tús a chur le tionscnamh domhanda nua chun athbhreithniú a dhéanamh ar mhalartú uathoibríoch faisnéise agus chun rialachas domhanda fhorfheidhmiú na gcaighdeán i gcoinne sciúradh airgid a neartú;

20.  ag meabhrú phrionsabail uilíocha na cothroime, na trédhearcachta agus an chomhair a mhéid a bhaineann le cánachas; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit a gcórais chánach a shimpliú, ionas go n-áiritheofar cánachas níos cothroime, deimhneacht cánach, infheistíochtaí san fhíorgheilleagar agus go maolófar an brú ar údaráis chánach atá ag úsáid mór-acmhainní sa chomhrac i gcoinne na himghabhála cánach agus na seachanta cánach;

Mar atá nithe suite maidir le forfheidhmiú AML/CFT san Aontas, maidir leis an trédhearcacht chorparáideach agus maidir le malartú faisnéise

21.  ag tabhairt dá haire go bhfuil cuid de na caighdeáin reachtacha is airde ar domhan maidir le trédhearcacht chorparáideach ag AE cheana; á chur i bhfáth, áfach, nach leor na caighdeáin sin fós, i bhfianaise soghluaisteacht mhéadaitheach caipitil, daoine agus sócmhainní, forbairt ghasta an mhaoinithe dhigitigh, agus na modhanna síor-sofaisticiúla chun úinéireacht sócmhainní a chosaint;

22.  á chur i bhfáth go ndéantar, leis an gCúigiú AMLD), go háirithe, ceangal a chur ar na Ballstáit cláir d’úinéirí tairbhiúla na n-eintiteas dlíthiúil uile atá bunaithe san Aontas, lena n-áirítear iontaobhais, a chur ar bun, agus rochtain a thabhairt don phobal ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil faoi fhormhór na struchtúr corparáideach;

23.  ag cur sonrú in athbhreithnithe leanúnacha AE ar rialacha atá ann cheana sa chomhrac i gcoinne an sciúrtha airgid, na calaoise cánach, na himghabhála cánach agus na seachanta cánach trasteorann, a bhfuil dea-éifeachtaí acu ar fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair agus ar choimirciú bhonn cánach agus ioncam na mBallstát, ar réamhchoinníollacha iad do chruthú post, don fhás agus go háirithe do théarnamh gheilleagar AE tar éis phaindéim COVID-19;

24.  á chur i bhfios go láidir nach mór do na Ballstáit a cheangal, faoi dhlí AE, go bhfuil an fhaisnéis atá sna cláir ina faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha, agus nach mór dóibh, sa bhreis air sin, sásraí fíoraithe a chur ar bun chun na críche sin, lena n-áirítear an oibleagáid atá ar údaráis inniúla neamhréireachtaí a thuairisciú; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh acmhainní leormhaithe ag údaráis inniúla na mBallstát chun faisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil sna cláir a fhíorú, agus go ndéanfar bearta nó smachtbhannaí éifeachtacha, comhréireacha agus athchomhairleacha a chur i bhfeidhm sa chás nach soláthróidh eintitis dhlíthiúla, iontaobhais agus cineálacha eile comhshocruithe dlíthiúla faisnéis leormhaith, chruinn agus reatha maidir le húinéirí tairbhiúla;

25.  ag athdhearbhú gur iarr sí ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an easpa sonraí leordhóthanacha agus cruinne sna cláir náisiúnta is féidir a úsáid chun na húinéirí tairbhiúla deiridh a shainaithint, go háirithe i gcásanna ina n-úsáidtear líonra cuideachtaí caocha;

26.  á chur i bhfios go leagtar béim i bPáipéir Phandóra ar an ngá atá le cláir úinéirí tairbhiúla atá idirnasctha agus a bhfuil rochtain ag an bpobal orthu d’iontaobhais agus socruithe comhchosúla amhail cuideachtaí, agus go dtugtar le fios i bPáipéir Phandóra go bhfuil an-tairbhe ag baint leo, ionas go bhféadfaidh iriseoirí agus an tsochaí shibhialta grinnscrúdú níos dlúithe a dhéanamh ar an bhfaisnéis agus an fhaisnéis sin a thrasfhíorú ar bhealach níos fearr; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé go mbeadh sonraí comhchuibhithe agus meaisín-inléite sna cláir sin agus go ndéanfaí foráil iontu d’fheidhmeanna cuardaigh;

27.  á chur in iúl gur ábhar imní di, mar atá doiciméadaithe ag an tsochaí shibhialta(14), agus bliain ann ó leagadh síos an spriocdháta cur chun feidhme don 5ú Treoir maidir le Sciúradh Airgid, gur mhainnigh naoi dtír cláir phoiblí a bhunú, agus gur fhorchuir cinn eile srianta ar rochtain gheografach, de shárú ar rialacha AE; á chur in iúl gur oth léi, sa bhreis air sin, gur cosúil gur thug formhór thíortha AE bacainní isteach amhail ballaí íocaíochta agus clárú, rud a fhágann, cé go ndealraíonn sé go bhfuil siad i gcomhréir le dlí AE, gur deacair na cláir a cheadú; ag tacú le hiarrachtaí an Choimisiúin ar thrasuí agus forfheidhmiú iomlán an cúigiú AMLD a shaothrú trí thús a chur le nósanna imeachta um shárú;

28.  á chur in iúl gur oth léi an mhoill a rinneadh leis an gCóras um Idirnascadh Chláir na hÚinéireachta Tairbhiúla (BORIS) a chur ar bun mar gheall ar dheacrachtaí teicniúla; ag meabhrú don Choimisiún agus do na Ballstáit gur ceanglas dlíthiúil é sin faoin gcúigiú AMLD agus go bhfuil sé fíor-riachtanach go mbeadh rochtain ag aonaid um fhaisnéis airgeadais, ag údaráis forfheidhmiúcháin dlí, ag eintitis faoi oibleagáid agus ag an bpobal i gcoitinne ar fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil; á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil Ballstáit áirithe ag baint an bonn ó éifeachtúlacht BORIS fiú sula dtiocfaidh sé i bhfeidhm trí mhoill a chur ar bhunú agus ar fheidhmiú rianúil a gclár úinéireachta tairbhiúla náisiúnta agus á iarraidh ar gach gníomhaí aghaidh a thabhairt ar an moill sin mar ábhar práinne;

29.  ag tabhairt dá haire gur fhág an méid a tháinig chun solais in OpenLux gur nochtadh cheana laigí na mbeart trédhearcachta agus laigí chur chun feidhme chláir phoiblí na n-úinéirí tairbhiúla mar atá siad á gcur chun feidhme faoi láthair ag Ballstáit AE; ag tabhairt dá haire, sa bhreis air sin, gur sainaithníodh i bPáipéir Phandóra samplaí de dhaoine aonair a chuaigh timpeall ar thrédhearcacht maidir le húinéireacht thairbhiúil sna Ballstáit;

30.  á athdhearbhú gur cheart gur duine ar bith a mbeadh úinéireacht nó rialú aige ar eintiteas dlíthiúil trí úinéireacht dhíreach nó indíreach a bheadh i gceist le húinéirí tairbhiúla atá sa chlár;

31.  ag leagan béim ar a chasta atá sé reachtaíocht AML/CFT an Aontais a thrasuí sa dlí náisiúnta, ar reachtaíocht í atá bunaithe go dtí seo ar chomhchuibhiú íosta; á chur in iúl in iúl gur oth léi an easpa tola polaitiúla i roinnt Ballstát reachtaíocht AML/CFT a thrasuí agus a chur chun feidhme go cuí; á chur in iúl gur oth léi nár chomhlíon roinnt Ballstát an spriocdháta chun an cúigiú AMLD a thrasuí - an 10 Eanáir 2020, agus spriocanna an 10 Eanáir 2020 do chláir úinéireachta tairbhiúla le haghaidh eintitis chorparáideacha agus eintitis dhlíthiúla eile agus an 10 Márta 2020 d’iontaobhais agus comhshocruithe dlíthiúla comhchosúla;

32.  á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an pacáiste nua AML/CFT a mhol an Coimisiún i mí Iúil 2021, lena n-áirítear leabhar rialacha aonair maidir le AML/CFT agus go háirithe na rialacha nua maidir le trédhearcacht na húinéireachta tairbhiúla; ag tnúth le hobair a dhéanamh ar na tograí ón gCoimisiún agus fós tiomanta tuilleadh feabhais a chur ar na caighdeáin don trédhearcacht chorparáideach san Aontas agus creat éifeachtach AML/CFT a áirithiú;

33.  á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, gur thug an Coimisiún oibleagáid isteach d’eintitis dhlíthiúla neamh-AE a théann i gcaidreamh gnó le heintiteas faoi oibleagáid de chuid AE, nó a fhaigheann réadmhaoin san Aontas, a n-úinéir tairbhiúil a chlárú i gcláir maidir le húinéireacht thairbhiúil de chuid AE, i gcomhréir le héilimh roimhe seo na Parlaiminte maidir le bearta den sórt sin, agus ar an gcaoi sin, d’fhonn bealach éalaithe suntasach a dhúnadh;

34.  ag cur béim, thairis sin, ar an moladh ón gCoimisiún a iarraidh ar Bhallstáit rochtain a sholáthar d’údaráis inniúla ar chláir réadmhaoine atá ann cheana chun a áirithiú go n-aithneofar go tráthúil aon duine nádúrtha nó dlítheanach ar leis réadmhaoin; á chur in iúl gur geal léi an togra seo agus go bhfuil sí tiomanta do bheith ag obair sna nósanna imeachta reachtacha AML/CFT atá ar na bacáin chun trédhearcacht úinéireacht réadmhaoine stáit in AE a chur chun cinn tuilleadh, ar tráchtearra é atá tarraingteach i gcónaí do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard aige chun luach sócmhainní a chosaint, agus chun go ndéanfaidh coirpigh fáltais a ngníomhaíochtaí aindleathacha a sciúradh;

35.  á chur in iúl gur geal léi freisin an togra ón gCoimisiún maidir le hidirnasc ar fud an Aontais de shásraí uathoibrithe láraithe ina bhfuil faisnéis cuntas bainc agus íocaíochta a thabhairt isteach trí phointe rochtana aonair, chun rochtain níos tapúla a éascú d’údaráis forfheidhmithe dlí agus do FIUnna, le linn céimeanna éagsúla imscrúdaithe, ar fhaisnéis airgeadais, agus chun comhar trasteorann a éascú, i gcomhréir leis na rialacha cosanta sonraí;

36.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le húdarás Eorpach nua um sciúradh airgid a bhunú mar mhaoirseoir aonair ar eintitis atá faoi oibleagáid earnála airgeadais roghnaithe agus mar shásra comhordúcháin agus tacaíochta aonair do AFAnna in AE; á chur i bhfáth gur cheart go bhfaigheadh an t-údarás nua leithdháileadh buiséid níos téagartha, agus go mbeadh acmhainní leormhaithe aige chun cumhachtaí maoirseachta ar eintitis airgeadais a chomhlíonadh agus chun maoirseacht éifeachtach a dhéanamh ar eintitis atá faoi oibleagáid neamhairgeadais;

37.  ag tabhairt dá haire go dtabharfar sainordú don údarás nua sásra comhordúcháin a bhunú agus a bhainistiú i measc AFAnna; á chur in iúl gur geal léi an fhorbairt seo agus ag dréim leis go mbeidh ról tábhachtach ag an údarás nua i dtaca le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise agus ar an gcomhar idir AFAnna;

38.  á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le sraith smachtbhannaí níos éifeachtaí, níos comhréirí agus níos athchomhairlí a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais i gcás ina mainnítear rialacháin AML/CFT a chomhlíonadh;

39.  ina theannta sin, ag dréim le foilsiú mear an togra ón gCoimisiún chun dul i ngleic leis an mí-úsáid a bhaintear as cuideachtaí caocha chun críoch cánach; ag tathant ar an gCoimisiún gan a bheith teoranta do na ceanglais ó thaobh substainte de amhail atá san áireamh i liosta an Aontais de dhlínsí neamh-chomhoibríocha (liosta AE) faoi láthair, ach ceanglais láidre fhorásacha maidir le fíorshubstaint eacnamaíoch a fhorbairt; á thabhairt chun suntais gur minic a bhaintear úsáid as na heintitis sin chun airgead a aistriú chuig dlínsí ísealchánacha trí íocaíochtaí díbhinne, ríchíosa nó úis neamhchánach;

40.  á chur in iúl gur oth léi, d’ainneoin na bhforbairtí dearfacha uile agus na n-athchóirithe atá beartaithe, go bhfuil lúba ar lár fós sa dlí atá ann faoi láthair, agus éagsúlachtaí agus neamhréireachtaí idir cleachtais cur chun feidhme laistigh de na Ballstáit; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil teorainneacha an chreata Eorpaigh maidir le malartú faisnéise mar thoradh go pointe áirithe ar easpa acmhainní in udaráis fhioscacha agus in AFAnna; á athdhearbhú go bhfuil gá le comhar níos fearr a bheith ann idir na húdaráis riaracháin, bhreithiúnacha agus forfheidhmithe dlí laistigh de AE;

41.  ag tathant ar na Ballstáit leas a bhaint as acmhainní leormhaithe chun faisnéis a phróiseáil agus a mhalartú trí AFAnna agus tríd an gcreat iomlán um fhorfheidhmiú an dlí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil acmhainní leordhóthanacha ag AFAnna chun déileáil go héifeachtach le rioscaí AML/CFT;

42.  á mheas gur cheart machnamh sa bhreis a dhéanamh ar thionscnaimh a d’fhéadfadh gníomhaíochtaí AML/CTF a fhorfheidhmiú ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta amhail inniúlachtaí Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh a leathnú chun coireanna nach bhfuil nasctha le buiséad AE a ionchúiseamh, lena méadófar inniúlachtaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena neartófar gníomhaireachtaí atá cheana ann amhail Europol agus Eurojust;

43.  á iarraidh ar Europol dlús a chur lena comhar le húdaráis forfheidhmithe dlí na mBallstát i gcomhthéacs imscrúduithe ar choireanna cánach;

44.  á chur i bhfios go láidir torthaí agus moltaí Thuarascáil Speisialta Uimh. 13/2021 ó CIE, ar dá réir ‘go bhfuil iarrachtaí an Aontais i ndáil le sciúradh airgid san earnáil baincéireachta a chomhrac ró-ilroinnte agus nach bhfuil an cur chun feidhme leordhóthanach’; á chur in iúl gur oth léi gur chinn CIE go raibh ilroinnt institiúideach agus droch-chomhordú ar leibhéal an Aontais ann sa mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí AML/CFT agus le gníomhú i gcás inar sainaithníodh riosca;

45.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di a mhoille a bhí an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar thrasuí treoracha na mBallstát i ngeall ar chumarsáid lag-cháilíochta ó roinnt Ballstát agus ar acmhainní teoranta sa Choimisiún;

46.  á chur in iúl gur geal léi go ndearna foireann an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) imscrúduithe críochnúla ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar dhlí an Aontais ach gur oth léi na moilleanna iomarcacha sa phróiseas sin; á chur in iúl gur oth léi nár sheol ÚBE tuilleadh imscrúduithe ar a thionscnamh féin; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon treoir inmheánach ag an gCoimisiún chun iarraidh a chur faoi bhráid ÚBE i dtaobh imscrúdú a dhéanamh;

47.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an fhianaise a d’aimsigh CIE maidir le hiarrachtaí chun tionchar a imirt ar an mBord Maoirseoirí a bhí mar chuid den phróiseas breithniúcháin in imscrúdú amháin ar shárú ar dhlí AE; á iarraidh ar ÚBE cosc a chur le tuilleadh iarrachtaí tionchar a imirt ar chomhaltaí an phainéil imscrúdaithe le linn a mbreithniúchán;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún, ar ÚBE agus ar an mBanc Ceannais Eorpach aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a tarraingíodh anuas agus ar mholtaí CIE laistigh den tréimhse ama atá leagtha síos ag CIE;

49.  ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh scéimeanna saoránachta trí infheistíocht nó scéimeanna saoránachta cónaitheachta trí infheistíocht uile atá ann faoi láthair trédhearcach agus bunaithe ar rialacha soiléire; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé go ndearna na scéimeanna sin uile méadú ar an mbagairt maidir le sciúradh airgid agus imghabháil cánach, agus an bonn a bhaint ag an am céanna ó mhuinín fhrithpháirteach agus ó shláine limistéar Schengen agus ó limistéir an euro agus rioscaí eile polaitiúla, eacnamaíocha agus slándála á gcruthú don Aontas agus dá Bhallstáit; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thabhairt isteach chun scéimeanna saoránachta trí infheistíocht agus cónaitheachta trí infheistíocht a rialáil a luaithe is féidir tar éis do Pharlaimint na hEorpa a moltaí a dhéanamh ina leith;

50.  á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí ó Pháipéir Phandóra a chur san áireamh sa phróiseas chun liosta AE de thríú tíortha ardriosca a thiomsú, go háirithe dlínsí a fheidhmíonn mar lárionaid foirmithe cuideachtaí agus lena n-éascaítear an choireacht airgeadais; á athdhearbhú gur cheart tríú tíortha a mhainníonn oibriú i gcomhar leis na Ballstáit ar imscrúduithe Eorpacha AML/CFT ardphróifíle a bheith incháilithe le haghaidh liostaithe; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an measúnú uathrialach ar thríú tíortha san Aontas, ar cheart dó a bheith saor ó chur isteach geopholaitiúil, agus atá an tosaíocht ba cheart a thabhairt do thrédhearcacht i dtaca le húinéireacht thairbhiúil mar chritéir chun measúnú a dhéanamh ar thríú tíortha;

51.  ag tabhairt dá haire gur cúis bhuartha di, de réir an méid a tháinig chun solais, go bhféadfadh sé nach ndearna na heintitis atá faoi oibleagáid an dualgas maidir le dícheall cuí feabhsaithe a chomhlíonadh i gcónaí i leith daoine atá faoi riteacht pholaitiúil, baill a dteaghlaigh agus a ndlúth-chomhpháirtithe; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar a mhéid a dhéantar daoine atá faoi riteacht pholaitiúil a shainaithint agus a mhéid a dhéantar dícheall cuí feabhsaithe a chur i bhfeidhm go héifeachtach, agus ar na constaicí a bhíonn os comhair eintitis faoi oibleagáid ina leith sin; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé sonraí a bhailiú maidir le leibhéil na comhlíontachta atá ag eintitis faoi oibleagáid;

52.  ag tabhairt dá haire an staidéar leanúnach ó Chomhairle na hEorpa maidir leis an measúnú ar chur chun feidhme nithiúil agus cur i bhfeidhm éifeachtach an 4ú Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid sna Ballstáit, arna iarraidh sin don Choimisiún; á iarraidh ar an gCoimisiún na tuarascálacha meastóireachta ar na Ballstáit a d’ullmhaigh Comhairle na hEorpa a fhoilsiú, agus a áirithiú go mbeidh eagraíochtaí na sochaí sibhialta rannpháirteach sa phróiseas measúnaithe;

An ghníomhaíocht is gá ar an ardán domhanda

53.  ag cáineadh an fhíorais go bhfuil roinnt de na Stáit Aontaithe, amhail Dakota Theas, Alaska, Wyoming, Delaware agus Nevada, tagtha chun bheith ina moil rúndachta airgeadais agus rúndachta corparáidí, amhail a nochtar i bPáipéar Phandóra, chomh maith leis na tearmainn chánach iomráiteacha a nochtadh roimhe sin; á iarraidh ar Rialtais Chónaidhme agus Stáit na Stát Aontaithe gníomhú tuilleadh chun trédhearcacht chorparáideach níos fearr a áirithiú agus a bheith rannpháirteach sa Chomhchaighdeán Tuairiscithe (CRS), lena ndéanfar, dá bhrí sin, faisnéis a mhalartú go hiomlán le tíortha eile; á mheabhrú go meastar i liosta AE cibé an bhfuil ar a laghad rátáil ‘comhlíontach den chuid is mó’ ag dlínse leis an CRS de réir an Fhóraim Dhomhanda maidir le Trédhearcacht agus Malartú Faisnéise chun Críoch Cánach; á iarraidh ar an gComhairle athmheasúnú a dhéanamh ar na Stáit Aontaithe faoi chuimsiú liosta AE agus go háirithe maidir leis na critéir a bhaineann le trédhearcacht chánach;

54.  á thabhairt chun suntais nach bhfuil na Stáit Aontaithe rannpháirteach in CRS faoi láthair, ar caighdeán faisnéise é le haghaidh uathmhalartú faisnéise maidir le cuntais airgeadais ar leibhéal domhanda, idir údaráis chánach, a d’fhorbair ECFE in 2014; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil na Stáit Aontaithe go mór chun deiridh ar an gcuid eile den domhan i dtaca le comhchaighdeáin maidir le malartú faisnéise; á aithint go raibh ról ceannaireachta ag na Stáit Aontaithe maidir le trédhearcacht a chothú nuair a d’achtaigh siad an tAcht um Chomhlíontacht Cánach Cuntas Eachtrach; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, teorainneacha an achta ó thaobh cómhalartacht de agus na fo-éifeachtaí atá aige ar ‘Mheiriceánaigh de thaisme’ mar a thugtar orthu; á chur in iúl gur oth léi nár thángthas ar réiteach buan ar an leibhéal Eorpach go dtí seo; á mheabhrú, i gcomparáid leis sin, go n-éilíonn CRS malartú atá go hiomlán cómhalartach ar shonraí cuntais airgeadais idir dlínsí atá rannpháirteach i gcomhaontú CRS; ag tabhairt dá haire, dá bhrí sin, go bhfuil na Stáit Aontaithe ag teacht chun bheith ina cumasóir suntasach rúndachta airgeadais do shaoránaigh nach saoránaigh de chuid na Stát Aontaithe iad, trí dhá lúb ar lár go príomha: ní roinntear ach faisnéis faoi shócmhainní na Stát Aontaithe, agus ní roinntear aon fhaisnéis maidir le húinéireacht thairbhiúil;

55.  á chur in iúl gur geal léi an tAcht um Thrédhearcacht Chorparáideach sna Stáit Aontaithe a glacadh le déanaí, lena gceanglaítear ar roinnt corparáidí agus cuideachtaí faoi dhliteanas teoranta faisnéis faoin úinéireacht thairbhiúil a nochtadh d’údaráis forfheidhmithe dlí agus do dhaoine eile a bhfuil sainordú dlí acu maidir le freagrachtaí AML/CFT; ag tabhairt dá haire, áfach, nach leor an reachtaíocht nua ó thaobh trédhearcacht chorparáideach iomlán de a áirithiú de réir an chaighdeáin atá ann faoi láthair in AE, agus, go háirithe, ní chumhdaíonn sí iontaobhais ná comhshocruithe comhchosúla atá nochta i bPáipéir Phandóra;

56.  á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, an Bille lena mBunófar Údaráis Nua do Sciúradh Gnó agus do Rioscaí Cumasaithe Slándála (Enablers) atá beartaithe sna Stáit Aontaithe, i ndiaidh an mhéid a tháinig chun solais i bPáipéir Phandóra, lena gceanglófaí ar Roinn an Státchiste rialacha nua díchill chuí a leagan síos d’idirghabhálaithe Mheiriceá a dhéanann éascú ar an sreabhadh sócmhainní eachtracha isteach sna Stáit Aontaithe;

57.  ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh na Stáit Aontaithe an Cruinniú Mullaigh don Daonlathas a óstáil an 9 agus an 10 Nollaig 2021, ina n-áireofar colún atá tiomnaithe don chomhrac i gcoinne an éillithe; á iarraidh ar Rialtas na Stát Aontaithe an deis seo a thapú chun tuilleadh athchóirithe atá beartaithe a fhógairt chun a áirithiú nach mbainfear úsáid as na Stáit Aontaithe a thuilleadh chun cistí aindleathacha a sciúradh agus chun seachaint cánach a chumasú;

58.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta nua leis na Stáit Aontaithe faoi chuimsiú ECFE chun cómhalartacht iomlán a bhaint amach i gcreat CRS a chomhaontófar agus a neartófar go comhchoiteann; á chur i bhfáth go mbeadh dul chun cinn suntasach mar thoradh air sin, agus costais laghdaithe chomhlíonta d’institiúidí airgeadais agus go laghdófaí maorlathachas dochraideach go mór;

59.  á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil gach Ballstát tar éis clárú le CRS; ag tabhairt dá haire go ndearnadh leis an dara Treoir maidir le Comhar Riaracháin (DAC2) CRS a chur chun feidhme chun faisnéis a mhalartú laistigh den Aontas ó 2016 i leith; ag athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, na moltaí ó rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le cur chun feidhme cheanglais AE le haghaidh faisnéis chánach a mhalartú: dul chun cinn, an chiall a ceannaíodh agus bacainní le sárú; á chur in iúl gur oth go mór léi gur dhiúltaigh na Ballstáit uile – cé is moite den Fhionlainn agus den tSualainn – rochtain a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa ar na sonraí ábhartha chun measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme fhorálacha DAC; á chur in iúl gur saoth léi nár thug an Coimisiún rochtain do Pharlaimint na hEorpa ar na sonraí ábhartha atá ina sheilbh; ag tabhairt dá haire nach bhfuil an diúltú sin comhsheasmhach leis na hiarrataí ar thrédhearcacht agus ar chomhar níos fearr a bheith ann i gcúrsaí cánach;

60.  á mheas gur ionstraim chuimsitheach é próiseas athbhreithnithe piaraí an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais (FATF) chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a cuireadh chun feidhme mholtaí FATF agus ar fheidhmíocht ghinearálta tíre i réimse an fhrithsciúrtha airgid;

61.  á iarraidh ar FATF cláir úinéireachta tairbhiúla atá inrochtana go poiblí a bheith ina cheanglas chun an caighdeán atá san athbhreithniú leanúnach ar Mholadh 24 maidir le trédhearcacht agus le húinéireacht thairbhiúil daoine dlíthiúla a chomhlíonadh, agus chun an sainmhíniú ar úinéireacht thairbhiúil a fheabhsú chun fáil réidh le haon lúba ar lár a d’fhéadfadh a bheith ann, scairshealbhaíochtaí iompróra a thoirmeasc, na ceanglais ar scairshealbhóirí ainmnitheacha a mhéadú agus, ar deireadh, iallach a chur ar dhlínsí comhlíontacha a chur de cheangal ar chuideachtaí eachtracha a bhfuil naisc acu leis an tír na rialacha céanna maidir le nochtadh úinéireachta tairbhiúla a leanúint agus atá i bhfeidhm i leith cuideachtaí intíre;

62.  á iarraidh ar Bhallstáit AE atá in FATF agus ar an gCoimisiún a áirithiú go labhraíonn AE d’aon ghuth ar leibhéal domhanda a mhéid a bhaineann le creat AML/CFT agus na hathchóirithe thuasluaite a éileamh go láidir chun machaire comhréidh a bheith ann ar fud an domhain agus cosc éifeachtach a chur ar rúndacht maidir le húinéireacht chorparáideach, agus creat rialachais idirnáisiúnta níos cuntasaí agus níos trédhearcaí á chur chun cinn i réimse an fhrithsciúrtha airgid;

63.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit AE atá in FATF measúnú a dhéanamh freisin, mar ábhar tosaíochta, ar thíortha ina bhfuil ionaid foirmithe cuideachtaí lonnaithe agus a bhí sainaitheanta ag comhlachtaí idirnáisiúnta mar thíortha a bhfuil líon suntasach easnamh ina gcuid córas AML/CFT, ach nach bhfuil athbhreithniú déanta orthu go fóill ag FATF toisc nár chomhlíon siad critéir thosaíochta an Ghrúpa Athbhreithnithe um Chomhar Idirnáisiúnta (ICRG) FATF;

64.  ag tabhairt dá haire gur cheannaigh úinéirí rúnda níos mó ná 1 500 réadmhaoin sa Ríocht Aontaithe ar luach measta ar mó é ná GBP 4 bhilliún ag úsáid gnólachtaí eischósta; á aithint gur gheall Rialtas na Ríochta Aontaithe dréacht-reachtaíocht 2018 a ghlacadh chun clár poiblí maidir le húinéirí tairbhiúla a thabhairt isteach d’eintitis eachtracha thar lear a bhfuil réadmhaoin sa Ríocht Aontaithe ina seilbh acu;

65.  ag tabhairt dá haire gur nochtadh i bPáipéir Phandóra an chaoi a bhfuil úsáid fós á baint as an Ríocht Aontaithe, trína Spleách-chríocha Corónach agus Críocha Thar Lear, mar mhol le haghaidh seachaint cánach agus déileálacha rúnda eischósta; á iarraidh ar an gCoimisiún bealaí agus frithbhearta a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint chun comhar agus ailíniú leis na caighdeáin i réimse an chánachais agus i réimse an fhrithsciúrtha airgid a áirithiú, lena n-áirítear trí na cinntí coibhéise i réimse na seirbhísí airgeadais a nascadh le glacadh na gcaighdeán le haghaidh trédhearcacht chánach agus frithsciúradh airgid atá coibhéiseach leis na caighdeáin atá san Aontas;

Rialáil na nIdirghabhálaithe

66.  á chur in iúl gur saoth léi, ag leanúint ó nochtadh a rinneadh roimhe seo, go nochtar i bPáipéir Phandóra go ndéanann 14 sholáthraí ghairmiúla ar sheirbhísí corparáideacha eischósta, lena n-áirítear gnólachtaí dlí, comhairleoirí cánach agus bainisteoirí rachmais, cabhair a thabhairt do dhaoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu struchtúir chorparáideacha a chur ar bun chun a gcuid sócmhainní a chosaint, agus á áirithiú go mbíonn na gníomhaíochtaí sin laistigh den dlí;

67.  á thabhairt chun suntais faoi chaighdeáin idirnáisiúnta AML/CFT nach foláir don earnáil neamhairgeadais oibleagáidí díchill chuí an chustaiméara a chomhlíonadh agus gníomhaíocht amhrasach a thuairisciú do na húdaráis;

68.  á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil go leor dlínsí, lena n-áirítear in AE, nár chomhlíon, ar feadh blianta fada, buncheanglais FATF chun oibleagáidí AML/CFT a fhorchur ar an earnáil neamhairgeadais idirghabhálaithe chun dul i ngleic leis an gcruthú struchtúr rúnda atá ar siúl aici;

69.  á chur i bhfios nach raibh an fhéinrialáil agus an mhaoirseacht ar na gairmeacha sin éifeachtach i gcónaí ó thaobh comhlíonadh agus smachtbhannaí de maidir le sáruithe ar an dlí a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an togra ón gCoimisiún go dtabharfar an chumhacht don údarás nua frithsciúrtha airgid comhordú a dhéanamh ar mhaoirseacht na hearnála neamhairgeadais, comhordú a dhéanamh ar athbhreithnithe piaraí ar chaighdeáin agus ar chleachtais mhaoirseachta, agus iarraidh go ndéanfaidh maoirseoirí neamhairgeadais imscrúdú ar sháruithe a d’fhéadfadh a bheith ann ar cheanglais AML/CFT;

70.  á iarraidh ar FATF athbhreithniú cothrománach a dhéanamh, mar ábhar tosaíochta, ar chur chun feidhme chaighdeáin FATF ag tíortha, ar caighdeáin iad a bhaineann le gnólachtaí agus gairmeacha neamhairgeadais, agus próiseas leantach tiomnaithe a chur i bhfeidhm, amhail a rinne sé go rathúil leis an Tionscnamh Aimsithe Fíoras maidir le Maoiniú Sceimhlitheoireachta, chun comhlíonadh domhanda le ceanglais FATF san earnáil neamhairgeadais a ardú go mear;

71.  á athdhearbhú gur cúis bhuartha di gur minic leis na hoibreoirí sin soláthar comhairle dlí, comhairle chánach agus seirbhísí iniúchóireachta a chomhcheangal agus comhairle á tabhairt acu do chliaint chorparáideacha agus d’údaráis phoiblí araon; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, dá bhrí sin, go bhfuil dreasachtaí eacnamaíocha lena n-éascaítear struchtúir seachanta cánach ag cothú tionscail de sholáthraithe seirbhíse ar féidir leas a bhaint astu freisin chun fáltais ó ghníomhaíochtaí coiriúla a sciúradh; ag athdhearbhú a hiarrataí ó rúin agus ó mholtaí(15) roimhe seo maidir leis an tsaincheist sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar an gcreat rialála a bhfuil feidhm aige maidir leis na hoibreoirí sin, agus é d’aidhm leis rochtain ar an margadh a chosc d’éascaitheoirí na seachanta cánach, na himghabhála cánach agus an sciúrtha airgid; ag dréim le feabhsuithe ar an gcreat dlíthiúil trí athbhreithniú an Choimisiúin ar an Treoir Reachtúil Iniúchóireachta;

72.  ag meabhrú na oibleagáide faoi DAC6 gur cheart d’idirghabhálaithe scéimeanna a thuairisciú d’údaráis chánach bunaithe ar shainmharcanna atá ina léiriú láidir ar sheachaint cánach, go háirithe i bhfianaise lúba ar lár struchtúracha sa reachtaíocht chánach;

73.  á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí ceanglais tuairiscithe DAC6 a leathnú chuig socruithe trasteorann don bhainistiú ar sócmhainní cliant ar daoine nádúrtha iad;

74.  á iarraidh ar an gCoimisiún a áireamh ina thogra amach anseo maidir le DAC 8 – i measc moltaí eile a bhí ann roimhe seo a bhaineann le DAC3 agus a leagtar amach i rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme cheanglais AE le haghaidh faisnéis chánach a mhalartú – malartú rialuithe cánach maidir le daoine nádúrtha, ar minic le hidirghabhálaithe iad a dhréachtú, chun a áirithiú go gcomhroinnfear leis na Ballstáit uile na socruithe a dhéanann daoine aonair a bhfuil glanfhiúchas ard acu le húdaráis chánach i mBallstát;

75.  á chur i bhfáth nach féidir pribhléid ghairmiúil dhlíthiúil a úsáid chun cleachtais neamhdhleathacha a chumhdach; ag tabhairt dá haire na torthaí i gcás amháin ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine(16) nár tháinig rúndacht an chaidrimh atá idir dlíodóir agus cliant agus rúndacht na pribhléide gairmiúla dlíthiúla in ionad na hoibleagáide i leith amhras a thuairisciú a shaothraítear leis an aidhm dhlisteanach gníomhaíocht choiriúil a chosc, agus go raibh gá le tuairisciú den sórt sin chun an aidhm sin a bhaint amach;

76.  ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún treoir a eisi