Innéacs 
Téacsanna atá glactha
Déardaoin, 11 Samhain 2021 - Brussels
Iarraidh ar dhíolúine Fulvio Martusciello a tharscaoileadh
 Iarraidh ar dhíolúine Harald Vilimsky a tharscaoileadh
 Iarraidh ar dhíolúine Nils Ušakovs a tharscaoileadh
 Faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe ***II
 Comhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíochta ***I
 Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ***I
 Bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte ***I
 Comhaontú AE/an Astráil: modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV ***
 Daonlathas, saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE
 An Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann
 Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais
 Reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí Eorpacha
 Comóradh bliana an toirmisc de facto ar ghinmhilleadh sa Pholainn

Iarraidh ar dhíolúine Fulvio Martusciello a tharscaoileadh
PDF 119kWORD 45k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Fulvio Martusciello a tharscaoileadh (2021/2049(IMM))
P9_TA(2021)0443A9-0302/2021

Tá Parlaimint na hEorpa

–  ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Fulvio Martusciello a tharsaoileadh, a thíolaic Seirbhís Phoiblí Fheidearálach do Ghnóthaí Eachtracha Ríocht na Beilge an 31 Márta 2021 agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 26 Aibreán 2021,

–  tar éis di éisteacht a thabhairt do Fulvio Martusciello i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0302/2021),

A.  de bhrí gur iarr an tIonchúisitheoir Ginearálta ag Cúirt Achomhairc na Bruiséile go dtarscaoilfear díolúine Fulvio Martusciello, Feisire de Pharlaimint na hEorpa a toghadh don Iodáil, i dtaca le cion tiomána róghasta de shárú ar Airteagal 11.2(1)(a) d’Fhoraithne Ríoga an 1 Nollaig 1975 lena leagtar síos rialacháin ghinearálta maidir le póilíní tráchta bóthair agus úsáid bóithre poiblí agus Airteagal 29(3) de Dhlí an 16 Márta 1968 maidir le póilíní tráchta bóthair;

B.  de bhrí go ndearna na póilíní tráchta, an 25 Samhain 2020, mar chuid d’fheachtas frithluais, feithicil a stopadh ar mhótarbhealach E411 a taifeadadh mar fheithicil a bhí ag taisteal ag 179 km/u i gcrios 120 km/u;

C.  de bhrí gur aithin na póilíní tiománaí na feithicle sin mar Fulvio Martusciello, a dúirt go raibh sé ina Fheisire de Pharlaimint na hEorpa; de bhrí go ndearna Ionchúisitheoir Poiblí na Vallúine Brabant cóip de thuarascáil na bpóilíní a sheoladh chuig Fulvio Martusciello an 15 Nollaig 2020 ag iarraidh air aon bharúlacha a chur isteach, agus mar fhreagairt nár chuir sé in aghaidh an chiona a bheith ag tiomáint róghasta;

D.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh chuici féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir(2);

E.  de bhrí nach bhfuil aon tionchar díreach nó follasach ag an gcion líomhnaithe ar chomhlíonadh a dhualgas mar Fheisire de Pharlaimint na hEorpa ag Fulvio Martusciello, agus nach ionann é agus tuairim a tugadh nó vóta a caitheadh i gcomhlíonadh na ndualgas sin de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

F.  de bhrí go luaitear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh:

‘Le linn sheisiúin Pharlaimint na hEorpa, beidh ag a comhaltaí:

   (a) i gcríoch a Stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí a bparlaiminte féin;
   (b) i gcríoch aon Bhallstáit eile, díolúine ó aon bheart coinneála agus ó imeachtaí dlíthiúla.

Bainfidh an díolúine mar an gcéanna le comhaltaí ag taisteal dóibh go dtí áit chruinnithe Pharlaimint na hEorpa agus uaidh.

Ní féidir díolúine a éileamh nuair a gheofar comhalta i mbun cion a dhéanamh ná ní choiscfidh sí Parlaimint na hEorpa óna ceart a fheidhmiú chun díolúine duine dá comhaltaí a tharscaoileadh.’;

G.  de bhrí, sa chás seo, nach raibh Parlaimint na hEorpa in ann a shuíomh gurbh ann do fumus persecutionis, i.e. fíorais a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

1.  á chinneadh díolúine Fulvio Martusciello a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh chuig údarás inniúil Ríocht na Beilge agus chuig Fulvio Martusciello.

(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI:EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23. breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.;
(2) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint na hEorpa, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.


Iarraidh ar dhíolúine Harald Vilimsky a tharscaoileadh
PDF 123kWORD 45k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Harald Vilimsky a tharscaoileadh (2021/2073(IMM))
P9_TA(2021)0444A9-0303/2021

Tá Parlaimint na hEorpa

–  ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Harald Vilimsky a tharscaoileadh, a thíolaic Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí i Vín agus a tharchuir Ceann Bhuanionadaíocht na hOstaire chuig AE i dtaca le himeachtaí coiriúla an 7 Bealtaine 2021, agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 20 Bealtaine 2021,

–  tar éis di éisteacht a thabhairt do Harald Vilimsky i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint d’Airteagal 57(2) agus (3) de Bhunreacht na hOstaire,

–  ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0303/2021),

A.  de bhrí go bhfuil sé iarrtha ag Oifig Ionchúisitheora Phoiblí Vín go ndéanfaí díolúine Harald Vilimsky, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh chun imeachtaí ionchúisimh choiriúil a thionscnamh i ndáil le cion an chlaonchasaidh faoi Alt 153(1) agus (3), an chéad ásc, agus cion na rannpháirtíochta i míleithreasú cistí faoi Ailt 12, an dara rogha, agus 133(1) agus (2), an chéad ásc, agus mí-úsáid cistí faoi Alt 153b(1), (2) agus (3) de Chód Coiriúil na hOstaire;

B.  de bhrí go raibh Harald Vilimsky ina oifigeach airgeadais ar ghrúpa Tionóil Náisiúnta Pháirtí Saoirse na hOstaire (FPÖ) ón 27 Deireadh Fómhair 2006 go dtí an 23 Deireadh Fómhair 2019; de bhrí gur toghadh é chuig Parlaimint na hEorpa mar thoradh ar thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a reáchtáladh i mBealtaine 2019;

C.  de bhrí go bhfuil sé líomhainte i leith Harald Vilimsky gur bhain sé mí-úsáid, ón 1 Deireadh Fómhair 2011 go dtí an 13 Lúnasa 2019, as a údarás chun leas a bhaint as cuntais bhainc ar le grúpa parlaiminteach FPÖ i dTionól Náisiúnta na hOstaire iad, trí shocrú a dhéanamh go n-íocfaí billí trí bhíthin aistriú rialta ó chuntas ghrúpa Tionóil Náisiúnta FPÖ le haghaidh seirbhísí fón póca arna n-úsáid ag tríú páirtí chun críocha a bhí go hiomlán príobháideach, rud a raibh caillteanas airgeadais do ghrúpa Tionól Náisiúnta FPÖ mar thoradh air;

D.  de bhrí go bhfuil sé líomhainte gur bhain sé úsáid as na cistí a deonaíodh do ghrúpa Tionóil Náisiúnta FPÖ chun críoch thar raon feidhme na gcistí a shainmhínítear in Alt 1 d’Acht na hOstaire um Mhaoiniú Grúpaí Parlaiminteacha, 1985 (KlubFG), agus de bhrí go bhfuil sé líomhainte go ndearna sé amhlaidh agus é go hiomlán ar an eolas nach raibh baint ag na seirbhísí ar íocadh astu leis na páirtithe;

E.  de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí a nochtadh ná vótaí a caitheadh le linn don Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a bheith i mbun a chuid dualgas chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

F.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint an stáit sin;

G.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 57(2) agus (3) de Bhunreacht na hOstaire:

‘2. Ní fhéadfar comhaltaí na Comhairle Náisiúnta a ghabháil ar fhoras cion coiriúil – seachas i gcás gabháil i mbun coir a dhéanamh – ach amháin le toiliú na Comhairle Náisiúnta. Mar an gcéanna, teastaíonn toiliú na Comhairle Náisiúnta chun cuardach a dhéanamh ar thithe chomhaltaí na Comhairle Náisiúnta.

3. Seachas sin, ní fhéadfar comhaltaí den Chomhairle Náisiúnta a ionchúiseamh go hoifigiúil mar gheall ar ghníomh inphionósaithe, ach amháin le toiliú na Comhairle Náisiúnta, más follasach nach bhfuil aon bhaint ag an ngníomh le gníomhaíocht oifigiúil an ionadaí i dtrácht. Mar sin féin, ní mór don ghníomhaireacht (Behörde) rialú a lorg ón gComhairle Náisiúnta maidir le nasc den sórt sin a bheith ann más rud é go ndéanfaidh an t-ionadaí lena mbaineann, nó aon trian de chomhaltaí an Bhuanchoiste a bhfuil na hábhair sin curtha de chúram air, rialú a éileamh. I gcás ina ndéanfar éilimh den sórt sin, ní mór aon ghníomh ionchúisimh oifigiúil a scor láithreach nó a fhoirceannadh.’;

H.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh chuici féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir(2);

I.  de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach ná Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus a ndualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

J.  de bhrí, sa chás seo, nach raibh Parlaimint na hEorpa in ann a shuíomh gurbh ann do fumus persecutionis, i.e. fíorais a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

1.  á chinneadh díolúine Harald Vilimsky a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh chuig údarás inniúil Phoblacht na hOstaire agus chuig Harald Vilimsky.

(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C 163/10, EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, EU:C:2019:1115.
(2) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint na hEorpa, T-214/18, EU:T:2019:266.


Iarraidh ar dhíolúine Nils Ušakovs a tharscaoileadh
PDF 122kWORD 45k
Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an iarraidh ar dhíolúine Nils Ušakovs a tharscaoileadh (2020/2239(IMM))
P9_TA(2021)0445A9-0304/2021

Tá Parlaimint na hEorpa

–  ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine Nils Ušakovs a tharscaoileadh, dar dáta an 23 Deireadh Fómhair 2020 agus arna tarchur ag Ionchúisitheoir Ginearálta Phoblacht na Laitvia maidir le himeachtaí coiriúla a bhí le tionscnamh i bPoblacht na Laitvia agus a fógraíodh sa suí iomlánach an 13 Samhain 2020,

–  tar éis di éisteacht a thabhairt do Nils Ušakovs i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh agus d’Airteagal 6(2) d’Ionstraim an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

–  ag féachaint do bhreithiúnais ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011, an 17 Eanáir 2013 agus an 19 Nollaig 2019(1),

–  ag féachaint d’Airteagail 29 agus 30 de Bhunreacht na Laitvia,

–  ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0304/2021),

A.  de bhrí go bhfuil sé iarrtha ag an Ionchúisitheoir sa Rannán um Imscrúdú Cásanna atá Thar a Bheith Tromchúiseach i Roinn Dlí agus Cirt Coiriúil Oifig an Ionchúisitheora Ghinearálta i Ríge go ndéanfaí díolúine Nils Ušakovs, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, a tharscaoileadh chun imeachtaí coiriúla a thionscnamh ina choinne i ndáil leis an sárú ar an toirmeasc ar scaipeadh feistí arna modhnú le haghaidh oibríochtaí folaitheacha speisialta;

B.  de bhrí, an 30 Eanáir 2019, le linn cuardach údaraithe a dhéanamh ar oifig Nils Ušakovs mar Chathaoirleach ar Chomhairle Cathrach Ríge, i dtaca le himeachtaí coiriúla eile, gur thángthas ar fheiste a beartaíodh go príomha lena húsáid mar mhodh chun fístaifeadadh agus fuaimthaifeadadh folaitheach a dhéanamh, ar feiste í a dearadh agus a úsáidtear go háirithe d’oibríochtaí folaitheacha speisialta;

C.  de bhrí, tríd an bhfeiste a choimeád ina oifig in áitreabh Chomhairle Cathrach Ríge, go bhfuil sé líomhnaithe gur sháraigh an tUas. Ušakovs an toirmeasc a leagtar síos in Airteagal 5, mír 1, den Dlí maidir le scaipeadh earraí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo, ar mír í lena dtoirmisctear ar dhaoine nádúrtha trealamh, feistí nó uirlisí nó comhpháirteanna díobh a fháil nó a choimeád atá deartha nó modhnaithe go speisialta le haghaidh oibríochtaí folaitheacha speisialta atá ar áireamh i liosta náisiúnta Phoblacht na Laitvia d’earraí agus seirbhísí a bhfuil tábhacht straitéiseach leo; de bhrí, trína ghníomhaíochtaí, go bhfuil sé líomhnaithe go ndearna an tUasal Ušakovs coir faoi Airteagal 2371, mír 2, de Chód Coiriúil na Laitvia;

D.  de bhrí gur toghadh Nils Ušakovs chuig Parlaimint na hEorpa mar thoradh ar thoghcháin Pharlaimint na hEorpa a reáchtáladh i mBealtaine 2019;

E.  de bhrí nach mbaineann an cion líomhnaithe le tuairimí arna gcur in iúl ag Nils Ušakovsna ná le vótaí a chaith sé le linn dó a chuid dualgas a chomhlíonadh de réir bhrí Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

F.  de bhrí go sonraítear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint an stáit sin;

G.  de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 29 agus le hAirteagal 30 de Bhunreacht na Laitvia an méid seo a leanas:

‘Airteagal 29

Ní ghabhfar comhaltaí den Saeima, ná ní chuardófar a n-áitreabh, ná ní chuirfear srian ar a saoirse phearsanta ar dhóigh ar bith gan toiliú an Saeima. (...)

Airteagal 30

Gan toiliú an Saeima, ní fhéadfar ionchúiseamh coiriúil a thosú in aghaidh a chomhalta.’;

H.  de bhrí nach féidir le Parlaimint na hEorpa ról cúirte a ghlacadh chuici féin, agus de bhrí nach féidir, i nós imeachta um dhíolúine a tharscaoileadh, Feisire a mheas mar chosantóir(2);

I.  de bhrí gurb é is cuspóir do dhíolúine pharlaiminteach Parlaimint na hEorpa agus a Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar agus a ndualgais pharlaiminteacha á gcomhlíonadh agus nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

J.  de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

1.  á chinneadh díolúine Nils Ušakovs a tharscaoileadh;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus tuarascáil a coiste fhreagraigh a chur ar aghaidh láithreach chuig údarás inniúil Phoblacht na Laitvia agus chuig Nils Ušakovs.

(1) Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 21 Deireadh Fómhair 2008, Marra v De Gregorio agus Clemente, C-200/07 agus C-201/07, ECLI:EU:C:2008:579; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2010, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-42/06, ECLI:EU:T:2010:102; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Meán Fómhair 2011, Patriciello, C-163/10, ECLI: EU:C:2011:543; breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 17 Eanáir 2013, Gollnisch v Parlaimint na hEorpa, T-346/11 agus T-347/11, ECLI:EU:T:2013:23; breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 19 Nollaig 2019, Junqueras Vies, C-502/19, ECLI:EU:C:2019:1115.
(2) Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 30 Aibreán 2019, Briois v Parlaimint na hEorpa, T-214/18, ECLI:EU:T:2019:266.


Faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe ***II
PDF 115kWORD 43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 ar an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2013/34/AE a mhéid a bhaineann le faisnéis faoi cháin ioncaim a bheith á nochtadh ag gnóthais agus brainsí áirithe (09722/1/2021 – C9-0371/2021 – 2016/0107(COD))
P9_TA(2021)0446A9-0305/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (09722/1/2021– C9‑0371/2021),

–  ag féachaint don ráiteas ar chúiseanna na Comhairle lena seasamh ar an gcéad léamh,

–  ag féachaint do na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Tithe an Oireachtais in Éirinn agus Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 21 Meán Fómhair 2016(1),

–  ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh(2) ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0198),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas na coistí freagracha faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta agus ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0305/2021),

1.  ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;

2.  ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;

3.  á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

4.  á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a bheidh sé fíoraithe go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

5.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

(1) IO C 487, 28.12.2016, lch. 62.
(2) IO C 108, 26.3.2021, lch. 623.


Comhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíochta ***I
PDF 120kWORD 51k
Rún
Téacs
Iarscríbhinn
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht Eorpach Mhéadreolaíochta arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát (COM(2021)0089 – C9-0083/2021 – 2021/0049(COD))
P9_TA(2021)0447A9-0242/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0089),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2), d’Airteagal 185 agus don dara mír d’Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0083/2021),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa(1),

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Deireadh Fómhair 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0242/2021),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á thabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo;

3.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

4.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Samhain 2021 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rannpháirtíocht an Aontais sa Chomhpháirtíocht Eorpach um Méadreolaíocht arna déanamh go comhpháirteach ag roinnt Ballstát

P9_TC1-COD(2021)0049


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2021/2084)

IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH

Ráiteas ón gCoimisiún

D’fhonn cuidiú leis na Ballstáit sineirgí a neartú idir Fís Eorpach agus an Beartas Comhtháthaithe, forbróidh an Coimisiún treoirlínte a bheidh dírithe ar na deiseanna a chuirtear ar fáil leis an gcistiú malartach, comhcheangailte agus carnach agus leis an aistriú acmhainní.

(1) IO C 341, 24.8.2021, lch. 34.


Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann ***I
PDF 124kWORD 50k
Rún
Téacs
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010 (COM(2016)0271 – C8-0174/2016 – 2016/0131(COD))
P9_TA(2021)0448A8-0392/2016

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2016)0271) agus na leasuithe ar an togra (COM(2018)0633),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Arteagail 78(1) agus (2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0174/2016),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 30 Meitheamh 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Buiséid,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0392/2016),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 439/2010

P9_TC1-COD(2016)0131


(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2303.)


Bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte ***I
PDF 388kWORD 159k
Leasuithe a ghlac Parlaimint na hEorpa an 14 Meán Fómhair 2021 agus an 11 Samhain 2021 ar an togra le haghaidh rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (COM(2020)0727 – C9-0367/2020 – 2020/0322(COD))(1)
P9_TA(2021)0449A9-0247/2021

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún   Leasú
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 1 a (nua)
1a.  Tá forálacha sláinte na gConarthaí fós tearcúsáidte den chuid is mó ó thaobh na gcuspóirí a bhí le baint amach lena gceapadh de. Mar sin, ba cheart an Rialachán seo a dhíriú ar an úsáid is fearr is féidir a bhaint as na forálacha sláinte sin, chun neart bheartas sláinte an Aontais a chur in iúl, agus gnáthfheidhmiú an mhargaidh aonair a choinneáil i gcás ina dtiocfadh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte chun cinn.
Leasuithe 2 agus 244
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
((2) I bhfianaise na gceachtanna a foghlaimíodh le linn phaindéim COVID-19 atá fós ar siúl, agus chun ullmhacht agus freagairt iomchuí a éascú ar fud an Aontais i ndáil le gach bagairt trasteorann ar an tsláinte, is gá an creat dlíthiúil le haghaidh faireachas eipidéimeolaíoch, faireachán agus luathrabhadh i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, agus an chaoi a dtéitear i ngleic leo, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1082/2013/AE, a leathnú maidir le ceanglais tuairiscithe bhreise agus anailís a dhéanamh ar tháscairí córas sláinte, agus comhar na mBallstát leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC). Thairis sin, d’fhonn freagairt éifeachtach an Aontais a áirithiú i ndáil le bagairtí trasteorann nua ar shláinte, ba cheart a bheith in ann, leis an gcreat dlíthiúil chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chomhrac, sainithe cáis a ghlacadh láithreach chun faireachas a dhéanamh ar bhagairtí nua agus ba cheart foráil a dhéanamh ann maidir le líonra de shaotharlanna tagartha an Aontais a bhunú, mar aon le líonra chun tacú le faireachán a dhéanamh ar ráigeanna galair a bhaineann le substaintí de bhunús daonna. Ba cheart an acmhainneacht le haghaidh rianú teagmhálaithe a neartú trí chóras uathoibríoch a chruthú agus teicneolaíochtaí nua-aoiseacha á n-úsáid.
(2)  I bhfianaise na céille ceannaithe le linn phaindéim COVID-19 atá fós ar siúl, agus chun cosc, ullmhacht agus freagairt leormhaith a éascú ar fud an Aontais i ndáil le gach bagairt trasteorann ar an tsláinte, lena n-áirítear bagairtí zónóiseacha, is gá an creat dlíthiúil le haghaidh faireachas eipidéimeolaíoch, faireacháin agus luathrabhaidh i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus an chaoi a dtéitear i ngleic leo, mar a leagtar amach i gCinneadh Uimh. 1082/2013/AE, a leathnú maidir le ceanglais tuairiscithe bhreise agus anailís a dhéanamh ar tháscairí córas sláinte, agus ar chomhar idir na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), an tÚdarás Eorpach um Ullmhacht agus Freagairt i gcás Éigeandálaí Sláinte (HERA), an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpacha (EMA), agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Thairis sin, chun freagairt éifeachtach an Aontais a áirithiú i leith bagairtí trasteorann nua ar an tsláinte, leis an gcreat dlíthiúil chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a chomhrac ba cheart go mbeifí in ann sainithe cáis a ghlacadh láithreach chun faireachas a dhéanamh ar bhagairtí nua agus ba cheart foráil a dhéanamh ann maidir le líonra de shaotharlanna tagartha AE a bhunú, mar aon le líonra chun tacú le faireachán a dhéanamh ar ráigeanna galair a bhaineann le substaintí de bhunús daonna. Ba cheart an acmhainneacht le haghaidh rianú teagmhálaithe a neartú trí chóras uathoibríoch a chruthú agus úsáid á baint as teicneolaíochtaí nua-aoiseacha, agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘RGCS’) á urramú.
__________________
1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 245
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 a (nua)
(2 a)   Cuireadh HERA ar bun chun neartú a dhéanamh ar chumas an Aontais i leith bagairtí trasteorann ar an tsláinte a chosc, a bhrath agus freagairt dóibh go mear, tríd an soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú, lena n-áirítear trí fhaireachán a dhéanamh orthu, trína soláthar agus trína gceannach, trí phleananna éigeandála taighde agus nuálaíochta a ghníomhachtú agus cistiú agus maoiniú éigeandála a sholáthar agus trí bhearta a dhéanamh a bhaineann le taighde, infhaighteacht agus soláthar na bhfrithbheart leighis ríthábhachtach sin.
Leasú 246
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2 b (nua)
(2 b)   Ba cheart na hinfheistíochtaí poiblí go léir sin i dtaighde, i bhforbairt, i monaraíocht, i dtáirgeadh, i soláthar, i stoc-charnadh, i soláthar agus i ndáileadh frithbheart leighis a bheith trédhearcach.
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
(3)  Tá ról tábhachtach á chomhlíonadh ag an gCoiste Slándála Sláinte chun pleanáil ullmhachta agus freagartha a chomhordú i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, mar a bunaíodh go foirmiúil le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE. Ba cheart freagrachtaí breise a thabhairt don Choiste maidir le treoir agus tuairimí a ghlacadh d’fhonn tacú níos fearr leis na Ballstáit chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chosc agus a rialú.
(3)  Tá ról tábhachtach á chomhlíonadh ag an gCoiste Slándála Sláinte chun pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a chomhordú i ndáil le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, mar a bunaíodh go foirmiúil le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE. Ba cheart freagrachtaí breise a thabhairt don Choiste maidir le treoir agus tuairimí a ghlacadh d’fhonn tacú níos fearr leis na Ballstáit chun bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a chosc agus a rialú, agus tacú níos fearr le comhordú idir na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí sin. Ba cheart d’ionadaithe arna n-ainmniú ag Parlaimint na hEorpa a bheith in ann a bheith rannpháirteach sa Choiste Slándála Sláinte mar bhreathnóirí.
Leasú 247
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
(3a)   Chun dúbláil iarrachtaí a sheachaint agus chun comhleanúnachas a bheith ann sa chinnteoireacht ar leibhéal an Aontais, ba cheart do HSC comhoibriú go dlúth le Bord HERA, arna bhunú faoin gCinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021, leis an mBord um Ghéarchéimeanna Sláinte, arna bhunú faoi Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis a bhaineann le géarchéimeanna a áirithiú i gcás éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha eile de chuid an Aontais, chun a áirithiú go bhfuil sásraí éifeachtacha ullmhachta agus freagartha i bhfeidhm le haghaidh éigeandálaí sláinte.
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4 a (nua)
(4a)  Baineann straitéisí coisc agus cuir chun cinn le beartais earnála uile lena n-áirítear beartas fioscach, tráchtála, eacnamaíoch, agra-chomhshaoil, oideachais, tithíochta, cultúrtha agus a bhaineann le cúnamh sóisialta. Ba cheart go mbeadh sé mar phrionsabal beartas poiblí uile ‘an tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartas’. Ionstraim a úsáidtear cheana féin ar an leibhéal náisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag beartais earnála éagsúla ar an tsláinte is ea an Tástáil Sláinte, mar a thugtar uirthi. Ba cheart measúnú ar an tionchar ar an tsláinte a dhéanamh le haghaidh na gclár uile atá á mbainistiú ag an Aontas.
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
(5)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do bhearta ceangailteacha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha nó caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh earraí áirithe, lena ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí speisialta agus uirlisí chun faireachán a dhéanamh i gcomhair bagairtí áirithe de chineál trasteorann, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus chun iad a chomhrac. Áirítear leis na bearta sin, go háirithe, reachtaíocht ábhartha an Aontais i réimse na n-ábhar imní coiteann maidir le sábháilteacht i gcúrsaí sláinte poiblí, lena gcumhdaítear earraí ar nós táirgí cógaisíochta, feistí leighis agus táirgí bia, substaintí de bhunús daonna (fuil, fíocháin agus cealla, orgáin), agus nochtadh don radaíocht ianúcháin.
(5)  Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo gan dochar do bhearta ceangailteacha eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sonracha nó caighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta le haghaidh earraí áirithe, lena ndéantar foráil maidir le hoibleagáidí speisialta agus uirlisí chun faireachán a dhéanamh i gcomhair bagairtí áirithe de chineál trasteorann, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus chun iad a chomhrac, amhail Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) d’Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS). Áirítear leis na bearta sin, go háirithe, reachtaíocht ábhartha an Aontais i réimse na n-ábhar imní coiteann maidir le sábháilteacht i gcúrsaí sláinte poiblí agus comhshaoil, lena gcumhdaítear earraí ar nós táirgí cógaisíochta, feistí leighis, feistí leighis diagnóiseacha in vitro, agus táirgí bia, substaintí de bhunús daonna (fuil, plasma, fíocháin agus cealla, orgáin), agus nochtadh don radaíocht ianúcháin.
Leasú 242
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5 a (nua)
(5 a)   Tá an dúshaothrú ar an bhfiadhúlra agus ar acmhainní nádúrtha eile agus cailliúint na bithéagsúlachta a bhfuil dlús fúithi ina mbaol do shláinte an duine. Ós rud é go bhfuil dlúthbhaint ag sláinte an duine, sláinte ainmhithe agus ag an gcomhshaol le chéile, tá sé ríthábhachtach cloí le prionsabail an chur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ chun aghaidh a thabhairt ar na géarchéimeanna atá ann faoi láthair agus atá ag teacht chun cinn.
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
(6)  Tá gné trasghearrtha i gceist le sláinte an duine a chosaint agus baineann sé sin le go leor beartas agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais. Chun ardleibhéal cosanta a ghnóthú do shláinte an duine, agus chun aon fhorluí gníomhaíochtaí, dúbailt nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht a sheachaint, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na sásraí agus na struchtúir a bhunaítear faoin Rialachán seo, agus sásraí agus struchtúir eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), a bhfuil a ngníomhaíochtaí ábhartha don phleanáil ullmhachta agus freagartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbaileofaí faisnéis ábhartha ó na córais mear-rabhaidh agus faisnéise éagsúla ar leibhéal an Aontais agus faoi Chonradh Euratom agus go gcuirfí an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha (‘EWRS’) arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2119/98/CE.
(6)  I gcomhréir leis na cuir chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ agus ‘An tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartais’, tá gné trasghearrtha i gceist le sláinte an duine a chosaint agus baineann sí le go leor beartas agus gníomhaíochtaí de chuid an Aontais. Ba cheart don Aontas tacú leis na Ballstáit an éagothroime sláinte a laghdú sna Ballstáit agus idir Ballstáit, clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin grúpaí leochaileacha. Ba cheart don Aontas freisin na Ballstáit a ghríosú chun na moltaí tír-shonracha a bhaineann go sonrach le sláinte a chur chun feidhme agus tacú leis na Ballstáit athléimneacht, freagrúlacht agus ullmhacht córas cúraim sláinte a neartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bheidh ann amach anseo, lena n-áirítear paindéimí. Chun ardleibhéal cosanta a ghnóthú do shláinte an duine, agus chun aon fhorluí gníomhaíochtaí, dúbailt nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht a sheachaint, ba cheart don Choimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, amhail gairmithe sláinte, comhlachais othar, tionscal agus gníomhartha an tslabhra soláthair, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na sásraí agus na struchtúir a bhunaítear faoin Rialachán seo, agus sásraí agus struchtúir eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais agus faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (Conradh Euratom), a bhfuil a ngníomhaíochtaí ábhartha don phleanáil ullmhachta agus freagartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo. Ba cheart, leis na sásraí sin, sineirgí a lorg idir bearta an Aontais agus bearta náisiúnta, agus ag an am céanna nach ndéanfaí dúbailt ar bhearta arna ndéanamh i gcomhthéacs chreat EDS. Go háirithe, ba cheart don Choimisiún a áirithiú go mbaileofaí faisnéis ábhartha ó na córais mear-rabhaidh agus faisnéise éagsúla ar leibhéal an Aontais agus faoi Chonradh Euratom agus go gcuirfí an fhaisnéis sin in iúl do na Ballstáit tríd an gCóras Luathrabhaidh agus Freagartha (‘EWRS’) arna bhunú le Cinneadh Uimh. 2119/98/CE.
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
(7)  Is eilimintí riachtanacha iad pleanáil ullmhachta agus freagartha chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo. Dá réir sin, is gá don Choimisiún plean an Aontais um ghéarchéim sláinte agus ullmhacht chun paindéime a bhunú agus caithfidh an Coiste Slándála Sláinte é a fhormheas. Ba cheart é sin a dhéanamh in éineacht le nuashonruithe ar phleananna ullmhachta agus freagartha na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí go bhfuil siad comhoiriúnach laistigh de na struchtúir ar leibhéal réigiúnach. Chun tacú leis na Ballstáit leis an tasc sin, ba cheart oiliúint spriocdhírithe agus gníomhaíochtaí malartaithe eolais a sholáthar do bhaill foirne cúram sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí agus ba cheart don Choimisiún agus do Ghníomhaireachtaí an Aontais an t-eolas agus na scileanna is gá a sholáthar. D’fhonn cur i bhfeidhm agus reáchtáil na bpleananna sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta a dhéanamh leis na Ballstáit. Ba cheart na pleananna sin a chomhordú, ba cheart go mbeidís feidhmiúil agus nuashonraithe agus go leor acmhainní a bheith ar fáil dá n-oibríochtú. Tar éis tástálacha struis agus athbhreithnithe a dhéanamh ar na pleananna, ba cheart gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme agus ba cheart an Coimisiún a choinneáil ar an eolas faoi na nuashonruithe go léir.
(7)  Is eilimintí riachtanacha iad pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo. Dá réir sin, is gá don Choimisiún plean an Aontais um ghéarchéim sláinte agus ullmhacht chun paindéime a bhunú agus caithfidh an Coiste Slándála Sláinte é a fhormheas. Ba cheart é sin a dhéanamh in éineacht le nuashonruithe ar phleananna coisc, ullmhachta agus freagartha na mBallstát, ionas go n-áiritheofaí go bhfuil siad comhoiriúnach laistigh de na struchtúir ar leibhéal réigiúnach. Ba cheart na pleananna a chur chun feidhme trí bhíthin pleanáil réamhaíochta géarchéime idir-réigiúnach le haird ar leith a thabhairt ar réigiúnacha trasteorann chun a gcomhar sláinte a fheabhsú. I gcás inarb iomchuí, ba cheart do na húdaráis réigiúnacha a bheith rannpháirteach i ndréachtú na bpleananna sin. Chun tacú leis na Ballstáit leis an tasc sin, ba cheart don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí an Aontais oiliúint spriocdhírithe a sholáthar agus ba cheart dóibh comhroinnt na ndea-chleachtas is fearr a éascú do bhaill foirne cúram sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí chun a gcuid eolais a fheabhsú agus chun na scileanna is gá a áirithiú. D’fhonn cur i bhfeidhm agus reáchtáil na bpleananna sin a áirithiú, ba cheart don Choimisiún tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta a dhéanamh leis na Ballstáit. Ba cheart go n-áireofaí sna pleananna sin moltaí le haghaidh idirghabhálacha beartais a bhaineann le tionchar na ngalar teagmhálach ar sheirbhísí agus ar chúram sláinte a mhaolú, lena n-áirítear ar mhórghalair neamhtheagmhálacha (NCDanna). Ba cheart na pleananna a chomhordú, ba cheart go mbeidís feidhmiúil agus nuashonraithe agus go leor acmhainní a bheith ar fáil dá n-oibríochtú. Ba cheart breithnithe sonracha a thabhairt ar réigiúin teorann, inar cheart cleachtaí comhpháirteacha trasteorann a chur chun cinn agus cleachtóirí sláinte a spreagadh chun eolas a chur ar na córais sláinte poiblí i dtíortha comharsanachta. Tar éis tástálacha struis agus athbhreithnithe a dhéanamh ar na pleananna, ba cheart gníomhaíochtaí ceartaitheacha a chur chun feidhme agus ba cheart an Coimisiún a choinneáil ar an eolas faoi na nuashonruithe go léir.
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
(8)  Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún faoin staid is déanaí maidir lena bpleanáil ullmhachta agus freagartha agus lena cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta. Ba cheart na gnéithe a bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit a thuairisciú don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i gcomhthéacs na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit15. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le staid na hoibre agus an dul chun cinn atá déanta i ndáil le hullmhacht, pleanáil freagartha agus cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le gníomhaíochtaí ceartaitheacha, gach 2 bhliain chun a áirithiú go bhfuil na pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha leormhaith. Chun tacú le measúnú a dhéanamh ar na pleananna sin, ba cheart iniúchtaí an Aontais a dhéanamh sna Ballstáit, i gcomhar le gníomhaireachtaí an Aontais agus ECDC. Ba cheart ullmhacht leordhóthanach earnálacha criticiúla sa tsochaí a bheith san áireamh leis an bpleanáil sin, mar shampla fuinneamh, iompar, cumarsáid nó cosaint shibhialta, a bhíonn ag brath, i ngéarchéim, ar chórais sláinte poiblí dea-ullmhaithe atá íogair ó thaobh inscne de agus bíonn na córais sin ag brath ar fheidhmiú na n-earnálacha sin agus ar sheirbhísí bunriachtanacha a bheith coinnithe ar leibhéal leormhaith. I gcás bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte de thionscnamh ionfhabhtú zónóiseach, bíonn sé tábhachtach idir-inoibritheacht a áirithiú idir earnálacha sláinte agus tréidliachta ar mhaithe le pleanáil ullmhachta agus freagartha.
(8)  Chuige sin, ba cheart do na Ballstáit tuairisciú don Choimisiún faoin staid is déanaí maidir lena bpleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha agus lena cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta, agus ar an leibhéal réigiúnach i gcás inarb infheidhme. Ba cheart na gnéithe a bhfuil sé de dhualgas ar na Ballstáit a thuairisciú don Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) i gcomhthéacs na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR) a bheith san áireamh leis an bhfaisnéis a sholáthraíonn na Ballstáit15. Is réamhchoinníoll é go mbeadh rochtain ar shonraí tráthúla agus iomlána le haghaidh measúnuithe meara riosca agus maolú géarchéime. Chun dúbailt iarrachtaí agus moltaí éagsúla a sheachaint, ba cheart sainmhínithe caighdeánaithe, i gcás inar féidir, agus malartuithe faisnéise réidhe a dhéanamh idir gníomhaireachtaí an Aontais, EDS agus gníomhaireachtaí náisiúnta. Dá réir sin, ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le staid na hoibre agus an dul chun cinn atá déanta i ndáil le cosc, ullmhacht, pleanáil freagartha agus cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear i dtaca le gníomhaíochtaí ceartaitheacha, gach bliain chun a áirithiú go bhfuil na pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha leormhaith. Chun tacú le measúnú a dhéanamh ar na pleananna sin, ba cheart iniúchtaí an Aontais a dhéanamh sna Ballstáit, i gcomhar le gníomhaireachtaí an Aontais agus ECDC. Ba cheart ullmhacht leormhaith maidir le cúram sláinte fadtéarmach agus earnálacha criticiúla na sochaí a bheith san áireamh leis an bpleanáil sin, mar shampla talmhaíocht, fuinneamh, iompar, cumarsáid nó cosaint shibhialta, a bhíonn ag brath, i ngéarchéim, ar chórais sláinte poiblí dea-ullmhaithe atá íogair ó thaobh inscne de agus bíonn na córais sin ag brath ar fheidhmiú na n-earnálacha sin agus ar sheirbhísí bunriachtanacha a bheith coinnithe ar leibhéal leormhaith. I gcás bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte de thionscnamh ionfhabhtú zónóiseach, bíonn sé tábhachtach idir-inoibritheacht a áirithiú idir earnálacha sláinte agus tréidliachta ar mhaithe le pleanáil ullmhachta agus freagartha.
__________________
__________________
15 An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. An Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR, 2005) https://www.who.int/ihr/publications/9789241596664/en/
15 An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. An Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR, 2005) https://www.who.int/ihr/publications/9789241596664/en/
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
(8a)  Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 atá fós ar siúl go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise agus níos déine ar leibhéal an Aontais chun tacú le comhar agus comhordú i measc na mBallstát, go háirithe idir réigiúin teorann máguaird. Dá bhrí sin, ba cheart a áireamh i bpleananna náisiúnta na mBallstát a roinneann teorainn le Ballstát amháin eile ar a laghad pleananna chun feabhas a chur ar an ullmhacht do ghéarchéimeanna sláinte i limistéir teorann i réigiúin máguaird, ar an gcosc a dhéantar orthu agus ar an bhfreagairt dóibh, lena n-áirítear trí oiliúint éigeantach trasteorann a chur ar bhaill foirne cúraim sláinte agus trí chleachtaí comhordúcháin le haghaidh aistriú leighis othar. Ba cheart don Choimisiún tuarascáil a thabhairt go tráthrialta ar staid na himeartha i ndáil le hullmhúchán le haghaidh géarchéimeanna trasteorann sna réigiúin máguaird.
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 b (nua)
(8b)   Tá an ról atá ag gairmithe sláinte túslíne tagtha chun solais le linn na paindéime ós rud é go raibh siad tábhachtach maidir le rochtain ar leigheas agus leanúnachas cúraim a áirithiú, tacaíocht mhorálta a chur ar fáil agus mar fhoinse faisnéise iontaofa i gcoinne faisnéis bhréagach. I gcás éigeandálaí amach anseo, is gá an t-eolas atá ag gairmithe sláinte a neartú trí rialacha a leagan síos chun oiliúint a chur ar fáil d’oibrithe i réimsí an chúraim sláinte agus na sláinte poiblí. Is gá freisin iad a chomhtháthú trína n-eagraíochtaí gairmiúla sa sainmhíniú ar bheartais sláinte poiblí agus sa chlaochlú digiteach chun cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras sláinte a fheabhsú agus a n-inbhuanaitheacht a áirithiú don obair comhtháthaithe sláinte, shóisialta agus chríochaigh a dhéanann siad.
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 c (nua)
(8c)   Tá ról bunúsach ag feasacht maidir leis an tsláinte i dtaobh tionchar bagairtí trasteorann a chosc agus a mhaolú, agus cur le tuiscint níos fearr an phobail ar fhrithbhearta agus ar mheasúnú riosca na mbagairtí éagsúla. Ba cheart béasaíocht riospráide, níochán lámh ceart, seachaint dlúth-theagmhála neamhriachtanaí le haon duine ag a bhfuil comharthaí fliú, agus seachaint teagmhála neamhchosanta le hainmhithe fiáine a bheith mar chuid d’fheachtais oideachais sláinte chun iompar an phobail a fheabhsú, bunaithe ar an bhfianaise is déanaí atá ar fáil.
Leasuithe 12 agus 248
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 d (nua)
(8d)  Ag cur leis na ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, ba cheart leis an Rialachán seo sainordú níos láidre a chruthú don chomhordú ar leibhéal an Aontais. Le fógairt maidir le staid éigeandála Aontais, spreagfaí comhordú méadaithe agus lamhálfaí do fhrithbhearta leighis a fhorbairt, a stoc-charnadh agus a sholáthar go tráthúil ar bhonn comhpháirteach, faoi scáth HERA.
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 e (nua)
(8e)   Áirithítear gníomhaíocht chomhordaithe ag leibhéal an Aontais leis an Rialachán seo chomh maith, chun a áirithiú go bhfeidhmíonn an margadh inmheánach mar is ceart, agus chun a áirithiú go bhfuil saorghluaiseacht ag soláthairtí bunúsacha, lena n-áirítear cógais leighis, táirgí leighis agus trealamh cosanta pearsanta (TCP).
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 f (nua)
(8f)  Ba cheart do na sásraí lóistíochta sláinte ceanglais dhlíthiúla shonracha Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a agus Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b a chomhlíonadh.
__________________
1a Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
1b Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
Leasuithe 15 agus 249
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
(9)  Ós rud é nach mbíonn bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte teoranta do theorainneacha an Aontais amháin, ba cheart soláthar comhpháirteach frithbheart leighis a leathnú chun Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa agus tíortha is iarrthóirí an Aontais a chur san áireamh, i gcomhréir leis an reachtaíocht Aontais is infheidhme. Ba cheart an Comhaontú um Sholáthar Comhpháirteach, lena gcinntear na socruithe praiticiúla a rialaíonn an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna bhunú faoi Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE, a oiriúnú chomh maith chun clásal eisiachais a chuimsiú maidir le caibidlíocht agus soláthar poiblí do thíortha rannpháirteacha i nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, chun comhordú níos fearr leis an Aontas a éascú. Ba cheart don Choimisiún comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na heintitis a eagraíonn gníomhaíocht ar bith faoi shásraí difriúla arna mbunú faoin Rialachán seo agus struchtúir ábhartha eile an Aontais a bhaineann le soláthar poiblí agus frithbhearta leighis a stoc-charnadh, mar shampla an cúlchiste straitéiseach rescEU faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16.
(9)  Ós rud é nach mbíonn bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte teoranta do theorainneacha an Aontais amháin, ba cheart don Aontas cur chuige comhordaithe a ghlacadh, a mbeadh an dlúthpháirtíocht agus an fhreagracht ina saintréithe de, chun na bagairtí sin a chomhrac. Ba cheart, dá bhrí sin, an soláthar comhpháirteach le haghaidh frithbheart leighis a leathnú chun Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa, tíortha is iarrthóirí an Aontais, Prionsacht Andóra, Prionsacht Mhonacó, Poblacht San Mairíne agus Stát Chathair na Vatacáine a áireamh, i gcomhréir leis an reachtaíocht Aontais is infheidhme. Dhéanfadh soláthar comhpháirteach frithbheart leighis seasamh caibidlíochta na dtíortha rannpháirteacha a neartú, slándáil an tsoláthair a fheabhsú agus rochtain chothrom ar fhrithbhearta leighis a áirithiú. Le nósanna imeachta um sholáthar comhpháirteach, lena n-áirítear ceannacháin arna gcomhordú ag HERA agus ag cláir chistiúcháin éigeandála ghaolmhara, amhail rescEU, ba cheart cloí le hardchaighdeáin trédhearcachta, lena n-áirítear i ndáil le nochtadh na méideanna a ordaíonn gach tír rannpháirteach agus a sheachadtar chucu agus sonraí maidir lena ndliteanais. Ba cheart an Comhaontú um Sholáthar Comhpháirteach, lena gcinntear na socruithe praiticiúla a rialaíonn an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna bhunú faoi Airteagal 5 de Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE, a oiriúnú chomh maith chun clásal eisiachais a chuimsiú maidir le caibidlíocht agus soláthar poiblí do thíortha rannpháirteacha i nós imeachta soláthair chomhpháirtigh, chun comhordú níos fearr laistigh den Aontas a éascú. Ba cheart go mbeadh sé i gceist leis an gclásal eisiachais nach ndéanfaidh tíortha atá rannpháirteach sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh caibidlíocht agus síniú ar chonarthaí comhuaineacha le táirgeoirí, agus ba cheart go shaineofaí iarmhairtí soiléire dóibh siúd a dhéanann amhlaidh. Ba cheart don Choimisiún comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na heintitis a eagraíonn agus atá rannpháirteach i ngníomhaíocht ar bith faoi shásraí difriúla arna mbunú faoin Rialachán seo agus struchtúir ábhartha eile an Aontais a bhaineann le soláthar poiblí agus frithbhearta leighis a stoc-charnadh, amhail creat na mbeart arna ghlacadh faoin Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha do ghéarchéim a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus an cúlchiste straitéiseach rescEU faoi Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cúlchiste leordhóthanach de tháirgí leighis criticiúla ann chun dul i ngleic le ganntanais táirgí criticiúla.
__________________
__________________
16 Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
16 Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir leis an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 924).
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
(9a)  Ba cheart soláthar comhpháirteach a bheith bunaithe ar fhreagrachtaí comhroinnte agus ar chur chuige cothrom ina mbeadh cearta agus oibleagáidí do na páirtithe uile lena mbaineann. Ba cheart foráil a dhéanamh do ghealltanais shoiléire agus iad a urramú, agus na leibhéil táirgthe chomhaontaithe á seachadadh ag monaróirí agus na méideanna forchoimeádta comhaontaithe á gceannach ag na húdaráis.
Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 b (nua)
(9b)  Ba cheart don Choimisiún bearta sealadacha a thabhairt isteach tráth géarchéime chun maolú ar ghanntanais agus cúrsaíocht na gcógas leighis a éascú idir na Ballstáit, lena n-áirítear glacadh le formáidí pacáistíochta éagsúla, nós imeachta athúsáide chun sealbhóirí údaruithe margaíochta a chumasú chun formheas a fháil i mBallstát eile, síneadh ar bhailíocht deimhnithe dea-chleachtais monaraíochta, tréimhsí éaga níos faide, agus úsáid táirgí íocshláinte tréidliachta. Ba cheart don Choimisiún faireachán dian a dhéanamh ar úsáid na mbeart sin, chun a áirithiú nach gcuirfear sábháilteacht othar i mbaol, agus chun a áirithiú go mbeadh soláthar cógas leighis ar fáil i gcás deacrachtaí nó ganntanas.
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 c (nua)
(9c)  Ba cheart soláthar comhpháirteach a dhéanamh ar bhealach trédhearcach, tráthúil agus éifeachtach. I ndáil leis sin, ba cheart céimeanna soiléire agus trédhearcacha a shainiú don phróiseas, don raon feidhme, do thairiscintí, do shonraíochtaí, d’amlínte agus d’fhoirmiúlachtaí. Ba cheart go ráthófaí réamhchéim chomhairliúcháin, faoi réir coimircí leordhóthanacha i gcoinne coinbhleacht leasa agus neamhshiméadracht faisnéise, a mbeadh baint ag gníomhaithe ábhartha leo, chomh maith le cumarsáid dhá threo le linn an nóis imeachta.
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 d (nua)
(9d)   Ba cheart don Choimisiún aird ar leith a thabhairt ar a áirithiú go n-áirítear freisin soláthar drugaí dílleachta i soláthar comhpháirteach frithbheart leighis de réir bhrí Airteagal 12.
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 e (nua)
(9e)  Má úsáidtear soláthar comhpháirteach, ba cheart a chur san áireamh sa phróiseas dámhachtana critéir cháilíochtúla, amhail cumas an mhonaróra slándáil an tsoláthair a áirithiú le linn géarchéime sláinte, chomh maith le praghas.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 f (nua)
(9f)  Chun trédhearcacht a bhaint amach, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa grinnscrúdú a dhéanamh ar chonarthaí arna dtabhairt i gcrích faoin Nós Imeachta Soláthair Chomhpháirtigh. Ba cheart don Choimisiún faisnéis iomlán, thráthúil agus chruinn a chur ar fáil don Pharlaimint faoin gcaibidlíocht leanúnach agus rochtain a thabhairt ar na doiciméid tairisceana agus ar na conarthaí arna dtabhairt i gcrích.
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 g (nua)
(9g)   I gcás nár úsáideadh nós imeachta soláthair chomhpháirtigh chun frithbhearta leighis a cheannach, ba cheart don Choimisiún na Ballstáit a spreagadh chun faisnéis ar phraghsáil agus dátaí seachadta na bhfrithbheart a mhalartú, leibhéal méadaithe trédhearcachta a sholáthar agus, ar an gcaoi sin, lamháil do na Ballstáit frithbhearta leighis a rochtain agus a chaibidliú le dálaí níos cothroime.
Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 h (nua)
(9h)  Tráth géarchéime, ba cheart leas a bhaint as sásraí eile chun freagairt dhomhanda agus maolú ar ghéarchéimeanna a chumasú. D’fhéadfaí a áireamh i sásraí den sórt sin, mar shampla, sásra rialaithe onnmhairí de chuid an Aontais, comhaontuithe comhair fheabhsaithe maidir le frithbhearta leighis a tháirgeadh, cuid de sholáthar comhpháirteach an Aontais a leithdháileadh roimh ré, agus comhthiomsuithe saineolais teicneolaíochta deonacha agus éigeantacha araon agus comhaontuithe ceadúnaithe idir cuideachtaí, lenar cheart rochtain ar fhrithbhearta a éascú do dhaoine, lena n-áirítear iad siúd i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim.
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
(10)  Murab ionann agus galair theagmhálacha, a ndéanann ECDC faireachas orthu ar leibhéal an Aontais ar bhonn buan, ní gá do Ghníomhaireachtaí an Aontais faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ionchais ar shláinte faoi láthair. Dá bhrí sin, tá cur chuige bunaithe ar riosca, ina ndéanann na Ballstáit faireachán agus ina ndéantar an fhaisnéis a fhaightear a mhalartú trí EWRS, níos iomchuí do bhagairtí den sórt sin.
(10)  Murab ionann agus galair theagmhálacha, a ndéanann ECDC faireachas orthu ar leibhéal an Aontais ar bhonn buan, ní gá do Ghníomhaireachtaí an Aontais faireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ionchais ar shláinte faoi láthair. Dá bhrí sin, tá cur chuige bunaithe ar riosca, ina ndéanann na Ballstáit faireachán agus ina ndéantar an fhaisnéis a fhaightear a mhalartú trí EWRS, níos iomchuí do bhagairtí den sórt sin. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé ar chumas ECDC faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngalar teagmhálach ar mhórghalair neamhtheagmhálacha, lena n-áirítear meabhairghalair, agus measúnú a dhéanamh ar leanúnachas scagthástála, diagnóise, faireacháin, cóireála agus cúraim sa chóras cúraim sláinte, i gcomhardú leis na tacair sonraí, na huirlisí agus na cláir atá ann cheana.
Leasuithe 25 agus 250
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
(11)  Ba cheart don Choimisiún comhar agus gníomhaíochtaí a neartú idir na Ballstáit, ECDC, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘EMA’), Gníomhaireachtaí eile an Aontais, bonneagair thaighde agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun an cosc ar ghalair theagmhálacha a fheabhsú, ar nós galar atá inchoiscthe le vacsaín, chomh maith le saincheisteanna sláinte eile, cuir i gcás frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha.
(11)  Ba cheart don Choimisiún, go háirithe HERA, comhar agus gníomhaíochtaí a neartú idir na Ballstáit, ECDC, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (‘EMA’), Gníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile an Aontais, bonneagair thaighde agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, tríd an gcur chuige Aon Sláinte Amháin, chun an cosc ar ghalair theagmhálacha, a fheabhsú, ar nós galar atá inchoiscthe le vacsaín, chomh maith le saincheisteanna sláinte eile, cuir i gcás frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha agus mórghalair neamhtheagmhálacha eile. Le linn géarchéimeanna sláinte, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar leanúnachas scagthástála, diagnóise, faireacháin, cóireála agus cúraim do ghalair agus riochtaí eile, agus ar impleachtaí meabhairshláinte na géarchéime agus riachtanais shíceasóisialta an phobail.
Leasú 26
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12
(12)  I gcás bagairtí sláinte trasteorann mar gheall ar ghalar teagmhálach, féadfaidh seirbhísí fola agus trasphlandaithe sna Ballstáit bealach a sholáthar i gcomhair mearthástála ar an daonra deontóra agus measúnú a dhéanamh ar nochtadh agus imdhíonacht ón ngalar sa daonra i gcoitinne. Braitheann na seirbhísí sin ar mheasúnuithe riosca tapa á ndéanamh ag ECDC chun othair óna dteastaíonn teiripe ó shubstaint de bhunús daonna a chosaint ó tharchur galar teagmhálach den chineál sin. Bíonn measúnú riosca den chineál sin ina bhunús le hoiriúnú iomchuí na mbeart lena leagtar síos caighdeáin maidir le cáilíocht agus sábháilteacht substaintí den chineál sin de bhunús daonna. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunódh agus go n-oibreodh ECDC líonra seirbhísí náisiúnta fola agus trasphlandaithe agus a n-údaráis chun an dhá chuspóir sin a chomhlíonadh.
(12)  I gcás bagairtí sláinte trasteorann mar gheall ar ghalar teagmhálach, féadfaidh seirbhísí fola agus trasphlandaithe, cógaslanna agus bunaíochtaí cúraim sláinte ceadúnaithe eile sna Ballstáit bealach a sholáthar i gcomhair mearthástála ar an daonra deontóra agus measúnú a dhéanamh ar nochtadh agus imdhíonacht ón ngalar sa daonra i gcoitinne. Braitheann na seirbhísí sin ar mheasúnuithe riosca tapa á ndéanamh ag ECDC chun othair óna dteastaíonn teiripe ó shubstaint de bhunús daonna nó atá ag dul faoi phróiseas atáirgthe dhaonna le cuidiú míochaine a chosaint ó tharchur galar teagmhálach den chineál sin. Bíonn measúnú riosca den chineál sin ina bhunús le hoiriúnú iomchuí na mbeart lena leagtar síos caighdeáin maidir le cáilíocht agus sábháilteacht substaintí den chineál sin de bhunús daonna. Dá bhrí sin, ba cheart go mbunódh agus go n-oibreodh ECDC líonra seirbhísí náisiúnta fola agus trasphlandaithe agus a n-údaráis, chomh maith le seirbhísí cógaslainne agus seirbhísí agus bunaíochtaí cúraim sláinte ceadúnaithe eile, chun an dhá chuspóir sin a chomhlíonadh.
Leasuithe 27 agus 251
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 12 a (nua)
(12a)   Chun luath-ullmhacht maidir le teacht chun cinn bagairtí sláinte trasteorann a fheabhsú, agus chun freagairt dóibh, tá sé ríthábhachtach rochtain leanúnach agus thapa a chumasú ar shonraí maidir le hinfhaighteacht na bhfrithbheart leighis is gá. Dá bhrí sin, ba cheart do HERA líonra de sheirbhísí na mBallstát lena soláthrófaí faisnéis atá cothrom le dáta maidir le stoc-chairn straitéiseacha náisiúnta agus infhaighteacht frithbheart leighis, stoc-chairn táirgí leighis, táirgí sláinte bunriachtanacha agus tástálacha diagnóiseacha a bhunú, a oibriú agus a chomhordú ar leibhéal an Aontais. Is gá neartú a dhéanamh ar chomhordú agus ar mhalartú faisnéise leis na Ballstáit maidir le stoc-chairn straitéiseacha agus frithbhearta leighis atá ar fáil chun feabhas a chur ar bhailiú, ar shamhaltú agus ar úsáid sonraí ionchasacha lena lamháiltear d’fhógraí foláirimh luaithe san Aontas.
Leasú 28
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 13
(13)  Bunaíodh córas lenar féidir foláirimh a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a fhógairt ar leibhéal an Aontais trí bhíthin Chinneadh Uimh. 2119/98/CE chun a áirithiú go gcuirtear údaráis sláinte poiblí inniúla sna Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas mar is iomchuí ar bhealach tráthúil. Cumhdaíonn EWRS gach bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte arna gcumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart go bhfanfadh oibriú EWRS faoi réimse freagrachta ECDC. Ní gá foláireamh a thabhairt ach amháin i gcás ina bhfuil scála agus déine na bagartha lena mbaineann chomh suntasach sin go bhfuil, nó go bhféadfadh, tionchar a bheith aici ar níos mó ná Ballstát amháin agus go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe ina leith ar leibhéal an Aontais nó go bhféadfadh gá a bheith lena leithéid. Chun dúbailt a sheachaint agus chun comhordú ar fud chórais rabhaidh an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus do ECDC a áirithiú go mbíonn ceangail idir na fógraí foláirimh faoi EWRS agus córais mear-rabhaidh eile ar leibhéal an Aontais a mhéid is féidir, ionas go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, a mhéid is féidir, nach n-eisítear an foláireamh céanna trí chórais dhifriúla ar leibhéal an Aontais agus d'fhéadfaidís tairbhe a bhaint as na foláirimh ghuaise uile a fháil ó aon fhoinse comhordaithe amháin.
(13)  Bunaíodh córas lenar féidir foláirimh a bhaineann le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a fhógairt ar leibhéal an Aontais trí bhíthin Chinneadh Uimh. 2119/98/CE chun a áirithiú go gcuirtear údaráis sláinte poiblí inniúla sna Ballstáit agus an Coimisiún ar an eolas mar is iomchuí ar bhealach tráthúil. Cumhdaíonn EWRS gach bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte arna gcumhdach leis an Rialachán seo. Ba cheart go bhfanfadh oibriú EWRS faoi réimse freagrachta ECDC. Ní gá foláireamh a thabhairt ach amháin i gcás ina bhfuil scála agus déine na bagartha lena mbaineann chomh suntasach sin go bhfuil, nó go bhféadfadh, tionchar a bheith aici ar níos mó ná Ballstát amháin agus go bhfuil gá le freagairt chomhordaithe ina leith ar leibhéal an Aontais nó go bhféadfadh gá a bheith lena leithéid. Chun dúbailt a sheachaint agus chun comhordú ar fud chórais rabhaidh an Aontais a áirithiú, ba cheart don Choimisiún agus do ECDC a áirithiú maidir leis ceangail idir na fógraí foláirimh faoi EWRS agus córais mear-rabhaidh eile ar leibhéal an Aontais go mbeidh siad idir-inoibritheach ina n-iomláine agus, faoi réir formhaoirseacht dhaonna, go mbeidh ceangal uathoibríoch eatarthu a mhéid is féidir, ionas go bhféadfaidh údaráis inniúla na mBallstát a áirithiú, a mhéid is féidir, nach n-eisítear an foláireamh céanna trí chórais dhifriúla ar leibhéal an Aontais agus d’fhéadfaidís tairbhe a bhaint as na foláirimh ghuaise uile a fháil ó aon fhoinse comhordaithe amháin.
Leasú 29
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
(14)  D’fhonn a áirithiú go ndéantar rioscaí don tsláinte phoiblí ar leibhéal an Aontais mar gheall ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a mheasúnú ar bhealach comhsheasmhach agus cuimsitheach ó thaobh sláinte phoiblí de, ba cheart an saineolas eolaíoch atá ar fáil a shlógadh ar bhealach comhordaithe, trí na cainéil nó struchtúir iomchuí ag brath ar an gcineál bagartha atá i gceist. Ba cheart an measúnú sin ar rioscaí do shláinte phoiblí a fhorbairt trí bhíthin próisis atá iomlán trédhearcach agus ba cheart é a bheith bunaithe ar phrionsabail na sármhaitheasa, an neamhspleáchais, na neamhchlaontachta agus na trédhearcachta. Is gá páirtíocht ghníomhaireachtaí an Aontais sna measúnuithe riosca sin a leathnú de réir a speisialtachta, chun cur chuige uile-ghuaise a áirithiú, trí líonra buan de ghníomhaireachtaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin chun tacú le measúnuithe riosca a ullmhú.
(14)  D’fhonn a áirithiú go ndéantar rioscaí don tsláinte phoiblí ar leibhéal an Aontais mar gheall ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a mheasúnú ar bhealach comhsheasmhach agus cuimsitheach ó thaobh sláinte phoiblí de, ba cheart an saineolas eolaíoch atá ar fáil a shlógadh ar bhealach comhordaithe agus ildisciplíneach, trí na cainéil nó struchtúir iomchuí ag brath ar an gcineál bagartha atá i gceist. Ba cheart an measúnú sin ar rioscaí do shláinte phoiblí a fhorbairt trí bhíthin próisis atá iomlán trédhearcach agus ba cheart é a bheith bunaithe ar phrionsabail na sármhaitheasa, an neamhspleáchais, na neamhchlaontachta agus na trédhearcachta. Is gá páirtíocht ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais sna measúnuithe riosca sin a leathnú de réir a speisialtachta, chun cur chuige uile-ghuaise a áirithiú, trí líonra buan de ghníomhaireachtaí agus seirbhísí ábhartha an Choimisiúin chun tacú le measúnuithe riosca a ullmhú. Chun leibhéal leordhóthanach saineolais agus éifeachtachta a bhaint amach, ba cheart acmhainní airgeadais agus daonna ghníomhaireachtaí agus chomhlachtaí an Aontais a mhéadú.
Leasuithe 30 agus 252
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 a (nua)
(14 a)   Ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún, go háirithe HERA, agus do ghníomhaireachtaí an Aontais, agus an cur chuige Aon Sláinte Amháin á chur i bhfeidhm acu, eagraíochtaí agus saineolaithe aitheanta sláinte poiblí a shainaithint, i réimse na ngalar teagmhálach agus na mórghalar neamhtheagmhálach araon, chomh maith le geallsealbhóirí ábhartha eile ar fud earnálacha, atá ar fáil chun cabhrú le freagairtí an Aontais ar bhagairtí sláinte. Ba cheart do na saineolaithe agus do na geallsealbhóirí sin, lena n-áirítear eagraíochtaí na sochaí sibhialta, a bheith rannpháirteach go struchtúrach i ngach gníomhaíocht maidir le freagairt ar ghéarchéimeanna agus rannchuidiú leis na próisis chinnteoireachta. Ba cheart do na húdaráis náisiúnta dul i gcomhairle freisin le hionadaithe eagraíochtaí othar agus le comhpháirtithe sóisialta náisiúnta in earnáil an chúraim sláinte agus na seirbhísí sóisialta i gcur chun feidhme an rialacháin seo i gcás inarb iomchuí. Tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfar go hiomlán rialacha trédhearcachta agus coinbhleachta leasa maidir le rannpháirtíocht geallsealbhóirí.
Leasú 31
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14 b (nua)
(14b)   Níor cheart lánaí glasa a mheas mar uirlis iomchuí ach amháin i gcás paindéime ina mbeadh éigeandáil sláinte poiblí fógartha agus é mar aidhm leo a áirithiú go bhfuil earraí bunriachtanacha, frithbhearta leighis agus oibrithe trasteorann in ann gluaiseacht gan srian agus go sábháilte laistigh den mhargadh inmheánach. Níor cheart go ndéanfadh cruthú lánaí glasa i gcásanna den sórt sin difear d’fhorálacha ábhartha an chonartha nó don reachtaíocht lena rialaítear rialuithe teorann.
Leasú 32
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 15 a (nua)
(15a)  Ba cheart don Choimisiún a áirithiú, tráth a fhógraítear staid éigeandála, go bhfuiltear ar an eolas faoi líon na saoráidí cóiríochta in ospidéil sna Ballstáit, mar aon le líon na n-aonad cóiríochta atá ar fáil in aonaid dianchúraim sna Ballstáit, chun críoch shaorghluaiseacht na n-othar.
Leasú 33
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 16 a (nua)
(16a)  Ba cheart idirphlé agus malartú faisnéise rialta idir údaráis, tionscal, eintitis ábhartha an tslabhra soláthair cógaisíochta, gairmithe cúraim sláinte agus eagraíochtaí othar a áirithiú freisin, chun tús a chur leis an bplé luath faoi bhagairtí tromchúiseacha trasteorann a d’fhéadfadh a bheith ann don tsláinte sa mhargadh, trí fhaisnéis a chomhroinnt faoi shrianta soláthair a bhfuiltear ag dréim leo nó trí riachtanais shonracha cliniciúla a tharraingt anuas, agus, ar an gcaoi sin, comhordú níos fearr, sineirgí níos fearr agus freagairt iomchuí a lamháil nuair is gá.
Leasú 34
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 17
(17)  D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cumarsáid neamhréireach leis an bpobal agus le geallsealbhóirí, ar nós gairmithe cúram sláinte, ar éifeachtacht na freagartha ó thaobh sláinte poiblí de agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Dá bhrí sin, mar chuid den fhreagairt a chomhordú laistigh den Choiste, le cabhair ó fhoghrúpaí ábhartha, ba cheart mear-mhalartú faisnéise a bhunú maidir le teachtaireachtaí cumarsáide agus straitéisí agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chumarsáide d’fhonn cumarsáid riosca agus géarchéime a chomhordú, bunaithe ar mheasúnú láidir agus neamhspleách ar rioscaí sláinte poiblí, a gcuirfear in oiriúint é do riachtanais agus dálaí náisiúnta. Tá sé beartaithe le malartuithe faisnéise den sórt sin faireachán a éascú ar shoiléire agus comhleanúnachas na dteachtaireachtaí don phobal agus do ghairmithe cúram sláinte. Ós rud é gur géarchéim de chineál trasearnála í seo, ba cheart comhordú le toghlaigh ábhartha eile a áirithiú chomh maith, mar shampla Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17.
(17)  D’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ag cumarsáid neamhréireach leis an bpobal agus le geallsealbhóirí, ar nós gairmithe cúram sláinte agus sláinte poiblí, ar éifeachtacht na freagartha ó thaobh sláinte poiblí de agus ar oibreoirí eacnamaíocha. Dá bhrí sin, mar chuid den fhreagairt a chomhordú laistigh den Choiste, le cabhair ó fhoghrúpaí ábhartha, ba cheart mear-mhalartú faisnéise a bhunú maidir le teachtaireachtaí cumarsáide agus straitéisí agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chumarsáide d’fhonn cumarsáid riosca agus géarchéime a chomhordú, bunaithe ar mheasúnú iomlánaíoch, láidir agus neamhspleách ar rioscaí sláinte poiblí, a gcuirfear in oiriúint é do riachtanais agus dálaí náisiúnta agus réigiúnacha. Sna Ballstáit sin le réigiúin a bhfuil inniúlachtaí sláinte acu, ba cheart do na réigiúin sin an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Tá sé beartaithe le malartuithe faisnéise den sórt sin faireachán a éascú ar shoiléire agus comhleanúnachas na dteachtaireachtaí don phobal agus do ghairmithe cúram sláinte. Ag éirí as na moltaí a thug ECDC do na Ballstáit agus do ghairmithe cúraim sláinte, ba cheart dó a chuid gníomhaíochta cumarsáide a leathnú chun go mbeidh an gnáthphobal san áireamh, trí thairseach ar líne a bhunú agus a bhainistiú chun faisnéis fhíoraithe a chomhroinnt agus cur i gcoinne na bréagaisnéise. Ós rud é gur géarchéim de chineál trasearnála í seo, ba cheart comhordú le toghlaigh ábhartha eile a áirithiú chomh maith, mar shampla Sásra an Aontais um Chosaint Shibhialta a bunaíodh le Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17.
__________________
__________________
17 Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 77 I, 20.3.2019, lch. 1).
17 Cinneadh (AE) 2019/420 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2019 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE maidir le Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta (IO L 77 I, 20.3.2019, lch. 1).
Leasuithe 35 agus 253
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 18
(18)  Ba cheart an t-aitheantas a thugtar d’éigeandálaí sláinte poiblí agus éifeachtaí dlíthiúla an aitheantais sin arna soláthar le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE a leathnú. Chuige sin, ba cheart go gceadódh an Rialachán seo don Choimisiún éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais. Ionas go bhféadfaí staid éigeandála den sórt sin a aithint, ba cheart don Choimisiún coiste comhairleach neamhspleách a bhunú, a chuirfidh saineolas ar fáil maidir le cibé an bhfuil bagairt ina héigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus a thabharfaidh comhairle maidir le bearta freagartha sláinte poiblí agus foirceannadh an aitheantais éigeandála sin. Ba cheart saineolaithe neamhspleácha a bheith ar an gcoiste comhairleach, arna roghnú ag an gCoimisiún ó na réimsí saineolais agus taithí is ábhartha don bhagairt shonrach atá ag tarlú, in éineacht le hionadaithe ECDC, ionadaithe EMA agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais mar bhreathnóirí. Ach éigeandáil sláinte poiblí a aithint ar leibhéal an Aontais, cuirfear an bonn ar fáil chun bearta sláinte poiblí oibríochtúla a thabhairt isteach i ndáil le táirgí leighis agus feistí leighis, sásraí solúbtha chun frithbhearta leighis a fhorbairt, a sholáthar, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm chomh maith le tacaíocht ó ECDC a ghníomhachtú chun foirne cúnaimh ráige a ghríosú agus a imscaradh, ar a dtabharfaí ‘Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh’.
(18)  Ba cheart an t-aitheantas a thugtar d’éigeandálaí sláinte poiblí agus éifeachtaí dlíthiúla an aitheantais sin arna soláthar le Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE a leathnú. Chuige sin, ba cheart go gceadódh an Rialachán seo don Choimisiún éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais. Ionas go bhféadfaí staid éigeandála den sórt sin a aithint, ba cheart don Choimisiún coiste comhairleach neamhspleách a bhunú, a chuirfidh saineolas ar fáil maidir le cibé an bhfuil bagairt ina héigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus a thabharfaidh comhairle maidir le bearta freagartha sláinte poiblí agus foirceannadh an aitheantais éigeandála sin. Ba cheart saineolaithe neamhspleácha, ionadaithe na n-oibrithe sláinte agus cúraim, lena n-áirítear altraí agus dochtúirí leighis, agus ionadaithe na sochaí sibhialta, a bheith ar an gcoiste comhairleach, arna roghnú ag an gCoimisiún ó na réimsí saineolais agus taithí is ábhartha don bhagairt shonrach atá ag tarlú, in éineacht le hionadaithe ECDC, ionadaithe EMA, ionadaithe HERA, agus comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais mar bhreathnóirí. Ba cheart do bhaill uile an Choiste Chomhairligh dearbhuithe leasa a sholáthar. Ba cheart don choiste comhairleach a bheith ag obair i ndlúthchomhar le comhlachtaí comhairleacha náisiúnta. Agus éigeandáil sláinte poiblí á haithint ar leibhéal an Aontais, soláthróidh sé an bonn faoi bhearta sláinte poiblí oibríochtúla a thabhairt isteach i ndáil le táirgí leighis agus feistí leighis, sásraí rialaithe onnmhairí de chuid an Aontais, sásraí solúbtha chun frithbhearta leighis a fhorbairt, a sholáthar, a bhainistiú agus a chur i bhfeidhm trí HERA chomh maith le tacaíocht ó ECDC a ghníomhachtú chun foirne cúnaimh ráige a ghríosú agus a imscaradh, ar a dtabharfaí ‘Tascfhórsa Sláinte an Aontais Eorpaigh’. D’fhéadfadh aithint éigeandála sláinte poiblí tús a chur le gníomhachtú an chreata a leagtar amach sa Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha do ghéarchéim a áirithiú i gcás éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go leanfadh an creat sin de bheith oibríochtúil ar feadh tréimhse tosaigh 6 mhí, a bheidh in-athnuaite fad is a bheidh an éigeandáil sláinte poiblí ann.
Leasú 36
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 20
(20)  Is cosúil go mbeidh iarmhairtí ar fud an Aontais ag imeacht a tharlaíonn atá ag teacht le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte, agus d’éilleofaí ar na Ballstáit lena mbaineann bearta áirithe rialaithe nó rianaithe teagmhálaithe a ghlacadh ar bhealach comhordaithe d’fhonn daoine atá éillithe cheana féin nó daoine a nochtadh do riosca a shainaithint. Chun comhordú den sórt sin a dhéanamh d’fhéadfadh gá a bheith ann sonraí pearsanta a mhalartú tríd an gcóras, lena n-áirítear faisnéis íogair a bhaineann le sláinte agus faisnéis faoi chásanna deimhnithe nó amhrasta den ghalar i ndaoine, idir na Ballstáit sin atá rannpháirteach go díreach sna bearta rianaithe teagmhálaithe. Ní mór do na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sláinte a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18.
(20)  Is cosúil go mbeidh iarmhairtí ar fud an Aontais ag imeacht a tharlaíonn atá ag teacht le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte, agus cheanglófaí ar na Ballstáit lena mbaineann nó a d’fhéadfadh a bheith bainteach leo bearta áirithe rialaithe nó rianaithe teagmhálaithe a ghlacadh ar bhealach comhordaithe d’fhonn daoine atá éillithe cheana féin nó daoine a nochtadh do riosca a shainaithint. Chun comhordú den sórt sin a dhéanamh d’fhéadfadh gá a bheith ann sonraí pearsanta a mhalartú tríd an gcóras, lena n-áirítear faisnéis íogair a bhaineann le sláinte agus faisnéis faoi chásanna deimhnithe nó amhrasta den ghalar nó ionfhabhtú i ndaoine, idir na Ballstáit sin atá rannpháirteach go díreach sna bearta rianaithe teagmhálaithe. Ní mór do na Ballstáit sonraí pearsanta maidir le sláinte a mhalartú i gcomhréir le hAirteagal 9(2)(i) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle18.
__________________
__________________
18 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
18 Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
Leasú 37
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 21
(21)  Ba cheart comhar idirnáisiúnta a chothú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse na sláinte poiblí. Tá sé fíorthábhachtach a áirithiú go ndéanfaí faisnéis a mhalartú le EDS faoi na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Beidh gá leis an gcomhar treisithe sin chomh maith chun rannchuidiú le tiomantas an Aontais chun tacaíocht a neartú do chórais sláinte agus chun cumas ullmhachta agus freagartha na gcomhpháirtithe a threisiú. D’fhéadfadh an tAontas tairbhe a bhaint as comhaontuithe comhair idirnáisiúnta a dhéanamh le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte san áireamh, chun malartú faisnéise ábhartha a chothú ó chórais faireacháin agus foláirimh maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte. Laistigh de theorainneacha inniúlachtaí an Aontais, d’fhéadfaí nithe mar iad seo a leanas a áireamh le comhaontuithe den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtíocht tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin sa líonra ábhartha um monatóireacht faireachais eipidéimeolaíoch agus in EWRS, malartú dea-chleachtais maidir le hullmhacht agus cumas freagartha agus pleanáil, measúnú riosca sláinte poiblí agus dul i gcomhar maidir le comhordú na freagartha, lena n-áirítear an fhreagairt taighde.
(21)  Ba cheart comhar idirnáisiúnta a chothú le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta i réimse na sláinte poiblí. Tá sé fíorthábhachtach a áirithiú go ndéanfaí faisnéis a mhalartú le EDS faoi na bearta arna nglacadh de bhun an Rialacháin seo. Beidh gá leis an gcomhar treisithe sin chomh maith chun rannchuidiú le tiomantas an Aontais chun tacaíocht a neartú do chórais sláinte agus chun cumas ullmhachta agus freagartha na gcomhpháirtithe a threisiú. D’fhéadfadh an tAontas tairbhe a bhaint as comhaontuithe comhair idirnáisiúnta a dhéanamh le tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte san áireamh, chun malartú faisnéise ábhartha a chothú ó chórais faireacháin agus foláirimh maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte. Laistigh de theorainneacha inniúlachtaí an Aontais, d’fhéadfaí nithe mar iad seo a leanas a áireamh le comhaontuithe den sórt sin, i gcás inarb iomchuí, rannpháirtíocht tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta den sórt sin sa líonra ábhartha um monatóireacht faireachais eipidéimeolaíoch, amhail an Córas Eorpach um Fhaireachas (TESSy), agus in EWRS, malartú dea-chleachtais maidir le hullmhacht agus cumas freagartha agus pleanáil, measúnú riosca sláinte poiblí agus dul i gcomhar maidir le comhordú na freagartha, lena n-áirítear an fhreagairt taighde. Ba cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit oibriú go gníomhach chun creat-choinbhinsiún de chuid EDS maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí a bhunú, lenar cheart prionsabail agus tosaíochtaí a leagan síos maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí. Ba cheart do chreat-choinbhinsiún den sórt sin cur chun feidhme na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005)1a a éascú agus tacú leis an gcreat idirnáisiúnta sláinte a neartú agus comhar a fheabhsú maidir le luathbhrath, cosc, freagairt agus athléimneacht i ndáil le paindéimí a bheidh ann amach anseo.
__________________
1a An Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (2005), an Tríú hEagrán ar fáil ag https://www.who.int/publications/i/item/9789241580496
Leasú 38
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 22
(22)  I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh le hoibriú EWRS maidir le coimircí sonracha le haghaidh malartú slán agus dlíthiúil sonraí pearsanta chun críche na mbeart rianaithe teagmhálaithe arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, áiríonn EWRS feidhm teachtaireachtaí trínar féidir sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus sonraí maidir le sláinte, a chur in iúl do na húdaráis ábhartha sin amháin a mbeidh baint acu le bearta rianaithe teagmhálaithe.
(22)  De bharr nádúr íogair sonraí sláinte, ba cheart do na Ballstáit, don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí an Aontais a choimirciú agus a ráthú go n-urramaíonn a n-oibríochtaí próiseála na prionsabail cosanta sonraí i gcomhréir le hAirteagal 5 RGCS. I gcás inar gá sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart na sonraí sin a phróiseáil i gcomhréir le RCGS agus Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle19. Go háirithe, ba cheart foráil a dhéanamh le hoibriú EWRS maidir le coimircí sonracha le haghaidh malartú slán agus dlíthiúil sonraí pearsanta chun críche na mbeart rianaithe teagmhálaithe arna gcur chun feidhme ag na Ballstáit ar an leibhéal náisiúnta. Maidir leis sin, áiríonn EWRS feidhm teachtaireachtaí trínar féidir sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus sonraí maidir le sláinte, a chur in iúl do na húdaráis ábhartha sin amháin a mbeidh baint acu le rianú teagmhálaithe. Ba cheart Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a urramú go docht agus bearta iomchuí teicniúla agus eagraíochtúla slándála a chur i bhfeidhm, i gcomhréir leis an Rialachán sin.
__________________
__________________
19 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
19 Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).
Leasú 39
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 25
(25)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme maidir leis na nithe seo a leanas: teimpléid is ceart a úsáid agus an fhaisnéis á soláthar maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha; gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú do bhaill foirne cúram sláinte agus sláinte poiblí; liosta de ghalair theagmhálacha a bhunú agus a nuashonrú, in éineacht le saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, faoi réir an líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus na nósanna imeachta chun líonra den sórt sin a oibriú; sainithe cáis a ghlacadh le haghaidh na ngalar teagmhálach sin agus na saincheisteanna sláinte speisialta arna gcumhdach leis an líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus, i gcás inar gá, le haghaidh bagairtí tromchúiseacha trasteorann eile ar shláinte faoi réir faireachán ad hoc; na nósanna imeachta maidir le EWRS a oibriú; feidhmiú an ardáin faireachais; saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh a ainmniú chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta; na nósanna imeachta chun faisnéis a mhalartú maidir le freagairtí na mBallstát agus iad a chomhordú; staideanna éigeandála sláinte poiblí a aithint ar leibhéal an Aontais agus aitheantas den sórt sin a fhoirceannadh, agus na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go bhfuil oibriú EWRS agus próiseáil sonraí á ndéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí.
(25)  Chun coinníollacha aonfhoirmeacha a áirithiú maidir leis an Rialachán seo a chur chun feidhme, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh maidir leis na nithe seo a leanas: teimpléid is ceart a úsáid agus an fhaisnéis á soláthar maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha; gníomhaíochtaí oiliúna a eagrú do bhaill foirne cúram sláinte agus sláinte poiblí; liosta de ghalair theagmhálacha a bhunú agus a nuashonrú, in éineacht le saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, faoi réir na nósanna imeachta d’oibriú an líonra faireachais eipidéimeolaíoch; saotharlanna tagartha an Aontais Eorpaigh a ainmniú chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta agus réigiúnacha; na nósanna imeachta chun faisnéis a mhalartú maidir le freagairtí na mBallstát agus iad a chomhordú; staideanna éigeandála sláinte poiblí a aithint ar leibhéal an Aontais agus aitheantas den sórt sin a fhoirceannadh, agus na nósanna imeachta is gá chun a áirithiú go bhfuil oibriú EWRS agus próiseáil sonraí á ndéanamh i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí.
Leasú 40
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28
(28)  Chun staid cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais a fháil amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca le nósanna imeachta, caighdeáin agus critéir i gcomhair na n-iniúchtaí a bheidh dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar phleanáil ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201621. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
(28)  Chun gnéithe áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus chun staid cur chun feidhme na bpleananna ullmhachta náisiúnta agus réigiúnacha agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais a fháil amach, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún i dtaca leis an méid seo a leanas: liosta de ghalair theagmhálacha a bhunú agus a nuashonrú, in éineacht le saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, faoi réir an líonra faireachais eipidéimeolaíoch; sainmhínithe cáis a ghlacadh ar na galair theagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta sin a chumhdaítear leis an líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus, i gcás inar gá, ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann eile ar shláinte atá faoi réir faireachán ad hoc; na ceanglais is gá chun a áirithiú go gcomhlíonfaidh oibriú EWRS agus próiseáil sonraí na Rialacháin ábhartha; liosta de shonraí ábhartha sláinte a bheidh le bailiú go huathoibríoch trí ardán digiteach, faoi réir formhaoirseacht dhaonna, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta; feidhmiú an ardáin faireachais; agus na nósanna imeachta, caighdeáin agus critéir i gcomhair na n-iniúchtaí a bheidh dírithe ar mheasúnú a dhéanamh ar phleanáil ullmhachta agus freagartha ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 201621. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile i gcomhthráth leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.
__________________
__________________
21 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
21 IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
Leasú 41
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 28 a (nua)
(28a)  I dtaca le liosta de ghalair theagmhálacha agus na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann a bhunú agus a nuashonrú faoi réir an líonra faireachais eipidéimeolaíoch agus na nósanna imeachta chun líonra den sórt sin a oibriú, i dtaca le sainmhínithe cáis a ghlacadh ar na galair theagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta sin a chumhdaítear faoin líonra faireachais eipidéimeolaíoch, agus i dtaca leis na sainmhínithe cáis a bheidh le húsáid san fhaireachán ad hoc, ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoin nós imeachta práinne i gcás inar gá de bharr mórchúiseanna práinne cuí-réasúnaithe a bhaineann le déine nó úrnuacht bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte nó le luas a leata idir na Ballstáit.
Leasú 42
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe c
(c)  soláthar comhpháirteach frithbheart leighis;
(c)  soláthar comhpháirteach, bainistiú agus imlonnú frithbheart leighis;
Leasú 254
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)   taighde éigeandála agus pleananna nuálaíochta, lena n-áirítear líonraí trialacha cliniciúla agus ardáin nuálaíochta;
Leasú 43
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)   líonra de stoc-chairn straitéiseacha náisiúnta agus de fhrithbhearta leighis atá ar fáil;
Leasú 44
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3
3.  Tacófar le cur chun feidhme an Rialacháin seo le cistiú ó chláir agus ionstraimí ábhartha an Aontais.
3.  I gcomhréir leis na cuir chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ agus ‘An tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartais’, tacófar le cur chun feidhme an Rialacháin seo le cistiú ó chláir agus ionstraimí ábhartha an Aontais. Oibreoidh creat sláinte neartaithe an Aontais lena dtugtar aghaidh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann sláinte i sineirgí le beartais agus cistí eile de chuid an Aontais agus ar bhealach atá comhlántach leo, amhail gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoi Chlár EU4Health, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach, cúlchiste rescEU, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála (EIS) agus Clár an Mhargaidh Aonair (SMP).
Leasú 45
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3 a (nua)
3a.   Leis an Rialachán seo, áiritheofar maidir le héigeandálaí sláinte amach anseo nach gcuirfear stop le brath, le hidirghabhálacha sláinte agus le cóireáil galar tromchúiseach eile.
Leasú 46
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3 b (nua)
3b.  Déanfar an Rialachán seo a chur chun feidhme agus dínit, cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine á n-urramú ina n-iomláine.
Leasú 243
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 1 – pointe a – pointe i
(i)  galair theagmhálacha;
(i)  galair theagmhálacha, lena n-áirítear iad siúd de thionscnamh zónóiseach;
Leasú 47
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 2
2.  Beidh feidhm ag an Rialachán maidir le faireachas eipidéimeolaíoch a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann chomh maith.
2.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin maidir le faireachas eipidéimeolaíoch a dhéanamh ar ghalair theagmhálacha, faireachán a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag galair den sórt sin ar mhórghalair neamhtheagmhálacha agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann, amhail meabhairshláinte, agus an tionchar maidir le scagthástáil, diagnóis, faireachán, cóireáil agus cúram a chur siar do ghalair agus riochtaí eile.
Leasú 48
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 3 a (nua)
3a.   Leis an Rialachán seo, déanfar cur chun feidhme na Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta a chur chun cinn, laghdófar an t-ualach riaracháin agus dúbailt acmhainní, agus neartófar na bearnaí a nochtadh le linn phaindéim COVID-19 maidir le bagairtí ar shláinte phoiblí a chosc, ullmhú dóibh agus freagairt dóibh.
Leasú 49
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 4
4.  I staideanna éigeandála eisceachtúla, féadfaidh Ballstát nó an Coimisiún a iarraidh go ndéanfaí freagairt a chomhordú laistigh den choiste slándála sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21, maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte seachas na cinn sin a luaitear in Airteagal 2(1), má mheastar nach leor iad na bearta sláinte poiblí a glacadh roimhe seo chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine.
4.  I staideanna éigeandála eisceachtúla, féadfaidh Ballstát nó an Coimisiún a iarraidh go ndéanfaí freagairt a chomhordú laistigh den choiste slándála sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21, maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte seachas na cinn sin a luaitear in Airteagal 2(1), go háirithe maidir le mórghalair neamhtheagmhálacha, má mheastar nach leor iad na bearta sláinte poiblí a glacadh roimhe seo chun ardleibhéal cosanta a áirithiú do shláinte an duine.
Leasú 50
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 5
5.  Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise idir na sásraí agus na struchtúir arna mbunú faoin Rialachán seo, agus sásraí agus struchtúir chomhchosúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais nó faoi Chonradh Euratom, a bhfuil a ngníomhaíochtaí ábhartha don phleanáil ullmhachta agus freagartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo.
5.  Áiritheoidh an Coimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise idir na sásraí agus na struchtúir arna mbunú faoin Rialachán seo, agus sásraí agus struchtúir chomhchosúla arna mbunú ar leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais nó faoi Chonradh Euratom, a bhfuil a ngníomhaíochtaí ábhartha don phleanáil ullmhachta agus freagartha, d’fhaireachán a dhéanamh ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, luathrabhadh a thabhairt ina leith agus dul i ngleic leo.
Leasú 51
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 6
6.  Coinneoidh na Ballstáit an ceart chun socruithe, nósanna imeachta agus bearta breise a chothabháil nó a thabhairt isteach ina gcórais náisiúnta sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear socruithe dá bhforáiltear i gcomhaontuithe nó i gcoinbhinsiúin dhéthaobhacha nó iltaobhacha atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, ar choinníoll nach ndéanfaidh na socruithe, nósanna imeachta agus bearta breise sin dochar do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
6.  Coinneoidh na Ballstáit an ceart chun socruithe, nósanna imeachta agus bearta breise a chothabháil nó a thabhairt isteach ina gcórais náisiúnta sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo, lena n-áirítear socruithe dá bhforáiltear i gcomhaontuithe nó i gcoinbhinsiúin dhéthaobhacha nó iltaobhacha atá ann cheana féin nó a bheidh ann amach anseo, ar choinníoll nach ndéanfaidh na socruithe, nósanna imeachta agus bearta breise sin dochar do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Iarrfaidh an tAontas go mbunófar creat-choinbhinsiún EDS maidir le hullmhacht agus freagairt i ndáil le paindéimí. Beidh an coinbhinsiún sin de chineál a éascóidh cur chun feidhme an Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta (2005)1a agus a réiteoidh laigí an Rialacháin sin, a sainaithníodh le linn ghéarchéim COVID-19.
___________________
1aAn Eagraíocht Dhomhanda Sláinte. An Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR, 2005) https://www.who.int/ihr/publications/9789241596664/en/
Leasú 52
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 2 – mír 6 a (nua)
6a.  Beidh feidhm ag an Rialachán seo freisin, i gcás inarb iomchuí, maidir le húdaráis inniúla réigiúnacha, córais agus cláir sna réimsí a chumhdaítear leis an Rialachán seo.
Leasú 255
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 (nua)
(-1)   ciallaíonn ‘éigeandáil sláinte poiblí’ éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais atá aitheanta ag an gCoimisiún ar bhonn tuairim ón gCoiste Comhairleach i gcomhréir le hAirteagal 23 den Rialachán seo;
Leasú 53
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3
(3)  ciallaíonn ‘rianú teagmhálaithe’ bearta a chuirtear chun feidhme chun daoine a rianú a bhí neamhchosanta ar fhoinse bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte, agus atá i mbaol galar a fhorbairt nó a bhfuil galar forbartha acu, trí theagmháil láimhe nó trí mhodhanna teicneolaíocha eile;
(3)  ciallaíonn ‘rianú teagmhálaithe’ bearta chun daoine a shainaithint, a mheas agus a bhainistiú a bhí neamhchosanta ar fhoinse bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte, agus atá i mbaol a bheith ionfhabhtaithe nó a bheith ionfhabhtaíoch nó a bhfuil galar teagmhálach forbartha acu, trí mhodh láimhe nó modhanna teicneolaíocha eile, agus gan de chuspóir leis ach sainaithint thapa a dhéanamh ar dhaoine a d’fhéadfadh a bheith nua-ionfhabhtaithe agus arbh fhéidir a bhí i dteagmháil le cásanna reatha, chun tuilleadh tras-seolta a laghdú;
Leasú 54
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 4
(4)  ciallaíonn ‘faireachas eipidéimeolaíoch’ an bailiú, taifeadadh, anailís, léirmhíniú agus scaipeadh córasach sonraí agus anailíse maidir le galair theagmhálacha agus saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann;
(4)  ciallaíonn ‘faireachas eipidéimeolaíoch’ an bailiú, taifeadadh, anailís, léirmhíniú agus scaipeadh córasach sonraí agus anailíse maidir le galair theagmhálacha, faireachán ar thionchar na ngalar sin ar mhórghalair neamhtheagmhálacha, amhail iad sin a bhaineann le meabhairshláinte, agus ar shaincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann;
Leasú 55
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 a (nua)
(5a)  ciallaíonn ‘cur chuige Aon Sláinte Amháin’ cur chuige ilearnála lena n-aithnítear go bhfuil sláinte an duine nasctha le sláinte ainmhithe agus leis an gcomhshaol, agus nach mór na trí ghné sin a chur san áireamh le gníomhaíochtaí chun dul i ngleic le bagairtí ar shláinte;
Leasú 56
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5 b (nua)
(5b)  ciallaíonn ‘An tSláinte a Chuimsiú i nGach Beartas’ cur chuige maidir le beartais phoiblí a fhorbairt, a chur chun feidhme agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, gan beann ar an earnáil, trína gcuirtear na himpleachtaí sláinte atá ag cinntí san áireamh, agus lena bhféachtar le sineirgí a bhaint amach, agus tionchair dhíobhálacha sláinte a d’fheadfadh a bheith mar thoradh ar bheartais den sórt sin a sheachaint, chun sláinte an daonra agus cothromas sláinte a fheabhsú;
Leasú 57
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 7 a (nua)
(7a)   ciallaíonn ‘mórghalar neamhtheagmhálach’ galar mar a shainmhínítear i bpointe (4a) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) [Rialachán ECDC, tagairt cheart le cur isteach];
Leasú 58
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8
(8)  ciallaíonn ‘frithbheart leighis’ táirgí leighis lena n-úsáid ag an duine agus feistí leighis mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 agus i Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24 nó earraí nó seirbhísí eile chun críche ullmhachta agus freagartha i dtaca le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte.
(8)  ciallaíonn ‘frithbheart leighis’ táirgí leighis lena n-úsáid ag an duine agus feistí leighis mar a shainmhínítear i dTreoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle23 agus i Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle24 nó earraí nó seirbhísí eile chun críoch diagnóis agus cóireáil a éascú faoi chuimsiú ullmhachta agus freagartha i dtaca le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte.
___________________
___________________
23 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
23 Treoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine (IO L 311, 28.11.2001, lch. 67).
24 Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
24 Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
Leasú 59
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8 a (nua)
(8a)   ciallaíonn ‘Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta a ghlac an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte in 2005;
Leasú 60
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8 b (nua)
(8b)   ciallaíonn ‘feiste leighis’ feiste leighis mar a shainmhínítear i bpointe (1) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/745, arna léamh in éineacht le pointe (2) d’Airteagal 1 agus pointe (a) d’Airteagal 1(6) den Rialachán sin, agus feiste leighis diagnóiseach in vitro mar a shainmhínítear i bpointe (2) d’Airteagal 2 de Rialachán (AE) 2017/746, araon;
Leasú 61
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 3 – mír 1 – pointe 8 c (nua)
(8c)  ciallaíonn ‘lánaí glasa’ conairí idirthurais intaistil agus sábháilte a chaomhnaíonn slabhraí soláthair i gcás éigeandála sláinte poiblí fógartha ar leibhéal an Aontais le linn staid paindéime trína áirithiú gur féidir le hearraí bunriachtanacha, frithbhearta leighis agus oibrithe trasteorann gluaiseacht gan srian agus go sábháilte laistigh den mhargadh inmheánach, agus Airteagal 77(2)(e) CFAE á urramú go hiomlán ag an am céanna.
Leasú 62
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1 a (nua)
1a.  Beidh ionadaithe ó ghníomhaireachtaí ábhartha an Aontais rannpháirteach i gcruinnithe an Choiste Slándála Sláinte mar bhreathnóirí.
Leasú 63
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe b
(b)  comhordú i gcuibhreann leis an gCoimisiún i dtaca le pleanáil ullmhachta agus freagartha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10;
(b)  comhordú i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais i dtaca le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha na mBallstát i gcomhréir le hAirteagal 10;
Leasú 64
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe c
(c)  comhordú i gcuibhreann leis an gCoimisiún maidir le cumarsáid agus freagairtí riosca agus géarchéime na mBallstát i dtaca le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, i gcomhréir le hAirteagal 21;
(c)  comhordú i gcuibhreann leis an gCoimisiún agus gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais maidir le cumarsáid agus freagairtí riosca agus géarchéime na mBallstát i dtaca le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte, i gcomhréir le hAirteagal 21;
Leasú 65
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 2 – pointe d a (nua)
(da)  clár gníomhaíochta a ghlacadh, ar bhonn bliantúil chun tosaíochtaí agus cuspóirí a leagan síos go soiléir ar leibhéil na meithle ardleibhéil agus na meithle teicniúla.
Leasú 66
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 4
4.  Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar an gCoiste Slándála Sláinte. Tiocfaidh an Coiste Slándála Sláinte le chéile go tráthrialta agus nuair a bheidh gá leis, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát.
4.  Beidh ionadaí ón gCoimisiún mar chathaoirleach ar an gCoiste Slándála Sláinte gan ceart vótála. Tiocfaidh an Coiste Slándála Sláinte le chéile go tráthrialta agus nuair a bheidh gá leis, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát.
Leasú 67
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 5 a (nua)
5a.  Áiritheoidh comhaltaí an Choiste Slándála Sláinte agus an Coimisiún comhairliúchán críochnúil le gníomhaireachtaí ábhartha de chuid an Aontais, le saineolaithe sláinte poiblí, le heagraíochtaí idirnáisiúnta agus le geallsealbhóirí, lena n-áirítear gairmithe cúraim sláinte.
Leasú 68
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 a (nua)
7a.  Ainmneoidh Parlaimint na hEorpa ionadaithe chun a bheith rannpháirteach sa Choiste Slándála Sláinte mar bhreathnóirí.
Leasú 69
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 b (nua)
7b.  Déanfar an liosta de chomhaltaí an Choiste Slándála Sláinte ar an leibhéal polaitiúil agus ar an leibhéal teicniúil araon a chur ar fáil don phobal ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin agus na Comhairle. Ní bheidh aon leasanna airgeadais ná aon leasanna eile ag comhaltaí an Choiste a d’fhéadfadh difear a dhéanamh dá neamhchlaontacht. Gníomhóidh siad ar mhaithe le leas an phobail agus ar bhealach neamhspleách agus déanfaidh siad dearbhú bliantúil maidir lena gcuid leasanna airgeadais. Déanfar gach leas díreach a d’fhéadfadh baint a bheith aige leis an earnáil leighis nó le hearnáil iomchuí eile a iontráil i gclár atá i seilbh an Choimisiúin agus beidh rochtain ag an bpobal air, arna iarraidh sin.
Leasú 70
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 c (nua)
7c.  Déanfar rialacha nós imeachta, treoir, cláir oibre agus miontuairiscí chruinnithe an Choiste Slándála Sláinte a fhoilsiú ar thairseach ghréasáin an Choimisiúin.
Leasú 256
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 7 a (nua)
7d.  Gníomhóidh an Coiste Polaitiúil agus Slándála i gcomhar le bord HERA arna bhunú faoin gcinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an tÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt i dtaca le hÉigeandáil Sláinte, agus leis an mBord um Ghéarchéim Sláinte (HCB) atá le bunú faoi rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis a bhaineann le géarchéimeanna a áirithiú i gcás éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais. Áiritheofar leis an gcomhordú idir na comhlachtaí sin rannpháirtíocht gach geallsealbhóra ábhartha, lena n-áirítear eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte, comhlachais othar agus gníomhaithe tionscail agus gníomhaithe an tslabhra soláthair ag a bhfuil taithí aitheanta i ndisciplíní a bhaineann le HSC, HCB agus le hobair HERA. Beidh feidhm ag na forálacha a bhaineann le coinbhleacht leasa agus le trédhearcacht, dá bhforáiltear le míreanna 7b agus 7c, i ndáil leis an mhír seo freisin. Tabharfaidh an Coimisiún cuireadh d’ionadaí ó Pharlaimint na hEorpa feidhmiú mar chomhalta gníomhach de chuid HCB.
Leasú 71
Togra le haghaidh rialacháin
Caibidil II – teideal
II PLEANÁIL ULLMHACHTA AGUS FREAGARTHA
II PLEANÁIL COISC, ULLMHACHTA AGUS FREAGARTHA
Leasú 72
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – teideal
Plean ullmhachta agus freagartha an Aontais
Plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais
Leasú 73
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
1.  Bunóidh an Coimisiún, i gcomhar le Ballstáit agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, plean géarchéime sláinte agus paindéime don Aontas (‘plean ullmhachta agus freagartha an Aontais’) chun freagairt éifeachtach chomhordaithe ar bhagairtí trasteorann ar shláinte ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn.
1.  Bunóidh an Coimisiún, i gcomhar le Ballstáit agus le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais agus creat EDS á chur san áireamh, plean géarchéime sláinte agus paindéime don Aontas (‘plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais’) chun freagairt éifeachtach chomhordaithe ar bhagairtí trasteorann ar shláinte ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn.
Leasú 74
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 2
2.  Cuirfidh plean ullmhachta agus freagartha an Aontais leis na pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 6.
2.  Cuirfidh plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais leis na pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha a bhunaítear i gcomhréir le hAirteagal 6.
Leasú 75
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Áireoidh plean ullmhachta agus freagartha an Aontais socruithe le haghaidh rialú, inniúlachtaí agus acmhainní don mhéid seo a leanas go háirithe:
3.  Áireoidh plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais socruithe le haghaidh rialú, inniúlachtaí agus acmhainní don mhéid seo a leanas go háirithe:
Leasú 257
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe a
(a)  comhar tráthúil idir an Coimisiún, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí an Aontais;
(a)  comhar tráthúil idir an Coimisiún, na Ballstáit agus gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais;
Leasú 258
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe b
(b)  an malartú slán faisnéise idir an Coimisiún, gníomhaireachtaí an Aontais agus na Ballstáit;
(b)  an malartú slán faisnéise idir an Coimisiún, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais agus na Ballstáit;
Leasú 76
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 - mír 3 - pointe c
(c)  an faireachas agus faireachán eipidéimeolaíochta;
(c)  an faireachas agus faireachán eipidéimeolaíoch, chomh maith le tionchar na ngalar teagmhálach ar mhórghalair neamhtheagmhálacha;
Leasú 77
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe e
(e)  an chumarsáid riosca agus géarchéime;
(e)  an chumarsáid riosca agus géarchéime, lena ndíreofar ar ghairmithe sláinte agus ar shaoránaigh;
Leasú 78
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe f a (nua)
(fa)  acmhainneacht táirgthe de tháirgí sláinte san Aontas ina iomláine a mhapáil;
Leasú 79
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe f b (nua)
(fb)  stoc de tháirgí íocshláinte criticiúla, frithbhearta leighis agus trealamh cosanta pearsanta de chuid an Aontais a bhunú mar chuid de chúlchiste éigeandála rescEU;
Leasú 259
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe f a (nua)
(fc)  cur chun feidhme fhorálacha an phlean maidir le taighde éigeandála agus gnéithe den nuálaíocht;
Leasú 80
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g a (nua)
(ga)  na critéir chun na gníomhaíochtaí a ghníomhachtú agus a dhíghníomhachtú;
Leasú 81
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g b (nua)
(gb)  a áirithiú go gcuirtear seirbhísí cúraim sláinte, lena n-áirítear scagthástáil, diagnóis, faireachán, cóireáil agus cúram i leith galair agus riochtaí eile, ar fáil gan cur isteach orthu le linn éigeandálaí sláinte;
Leasú 82
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g c (nua)
(gc)  a áirithiú go bhfuil na córais sláinte náisiúnta cuimsitheach agus go gcuirtear rochtain chomhionann ar sheirbhísí sláinte agus ar sheirbhísí gaolmhara ar fáil leo, agus go bhfuil cóireálacha ar ardchaighdeán ar fáil gan mhoill;
Leasú 83
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g d (nua)
(gd)  leibhéal foirne leormhaith agus atá dírithe ar riachtanais;
Leasú 84
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 3 – pointe g e (nua)
(ge)  faireachán a dhéanamh ar cibé an bhfuil measúnuithe riosca, pleananna ullmhachta agus cúrsaí oiliúna leormhaithe beartaithe do ghairmithe sláinte agus cúraim shóisialta.
Leasú 85
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4
4.  I bplean ullmhachta agus freagartha an Aontais, áireofar eilimintí freagartha idir-réigiúnach chun bearta sláinte poiblí comhtháite ilearnála trasteorann a bhunú, go háirithe inniúlachtaí tástála, rianú teagmhálaithe, saotharlanna agus cóireáil speisialaithe nó dianchúram a bhreithniú thar réigiúin máguaird. Áireofar sna pleananna modhanna ullmhachta agus freagartha chun aghaidh a thabhairt ar na saoránaigh sin a mbaineann ardriosca leo.
4.  I bplean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais, áireofar pleananna freagartha trasteorann agus idir-réigiúnach chun bearta sláinte poiblí comhtháite ilearnála trasteorann a bhunú, go háirithe breithniú ar inniúlachtaí maidir le tástáil, rianú teagmhálaithe, saotharlanna, oiliúint a chur ar bhaill foirne agus cóireáil speisialaithe nó dianchúram ar fud na réigiúin máguaird. Áireofar sna pleananna modhanna ullmhachta agus freagartha chun aghaidh a thabhairt ar na saoránaigh sin a mbaineann ardriosca leo.
Leasú 86
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 4 a (nua)
4a.  Forálfar freisin le plean ullmhachta agus freagartha an Aontais bearta chun a áirithiú go bhfeidhmeodh an margadh aonair mar is gnách i gcás ina dtiocfadh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte chun cinn.
Leasú 87
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5
5.  D’fhonn oibriú phlean ullmhachta agus freagartha an Aontais a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta le Ballstáit, agus tabharfaidh sé an plean cothrom le dáta de réir mar is gá.
5.  D’fhonn oibriú phlean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún tástálacha struis, cleachtaí agus athbhreithnithe le linn na gníomhaíochta agus tar éis na gníomhaíochta le Ballstáit, agus tabharfaidh sé an plean cothrom le dáta de réir mar is gá. Cuirfear san áireamh sa phlean coisc, ullmhachta agus freagartha sonraí na gcóras sláinte agus sonraí ábhartha a bheidh le bailiú ar an leibhéal náisiúnta nó ar an leibhéal réigiúnach.
Leasú 88
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 a (nua)
5a.  Chun freagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí, féadfaidh an Coimisiún Eorpach moltaí a eisiúint, bunaithe ar shonraí chórais sláinte an Aontais, maidir leis na hacmhainní íosta is gá, i ndáil le daonra gach Ballstáit, i measc nithe eile, chun clúdach sláinte uilíoch bunlíne de cháilíocht leormhaith a sholáthar, lena n-áirítear maidir leis an rogha acmhainní a chomhthiomsú ar leibhéal an Aontais.
Leasú 89
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 5 b (nua)
5b.  Foilseofar na hathbhreithnithe agus aon choigeartuithe a dhéanfar ina dhiaidh sin ar an bplean chun trédhearcacht an phróisis maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a mhéadú.
Leasú 90
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – teideal
Pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha
Pleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha
Leasuithe 91 agus 260
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1
1.  Agus pleananna náisiúnta ullmhachta agus freagartha á n-ullmhú, comhordóidh gach Ballstát leis an gCoimisiún chun comhsheasmhacht a bhaint amach le plean ullmhachta agus freagartha an Aontais, agus cuirfidh sé an Coimisiún agus an Coiste Slándála Sláinte ar an eolas gan mhoill faoi aon athbhreithniú mór ar an bplean náisiúnta.
1.  Agus pleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha á n-ullmhú, rachaidh gach Ballstát i gcomhairle le heagraíochtaí othar, le heagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte, le geallsealbhóirí tionscail agus an tslabhra soláthair agus le comhpháirtithe sóisialta náisiúnta, comhordóidh sé leis an gCoimisiún, go háirithe le HERA, chun comhsheasmhacht a bhaint amach le plean coisc, ullmhachta agus freagartha an Aontais, a bheidh i gcomhréir le socruithe le haghaidh rialachais, acmhainneachtaí agus acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 5(3), lena n-áirítear maidir le ceanglais náisiúnta um stoc-charnadh agus bainistiú chúlchistí straitéiseacha an Aontais, agus cuirfidh siad an Coimisiún, HCB agus HSC ar an eolas gan mhoill faoi aon athbhreithniú mór ar an bplean náisiúnta.
Leasú 92
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 1 a (nua)
1a.  Áireofar sna pleananna náisiúnta coisc, ullmhachta agus freagartha socruithe le haghaidh rialachais agus faisnéis maidir le hacmhainneachtaí agus acmhainní dá dtagraítear in Airteagal 5(3).
Leasú 93
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – teideal
Pleanáil ullmhachta agus freagartha a thuairisciú
Pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a thuairisciú
Leasuithe 94 agus 261
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 1
1.  Cuirfidh Ballstáit tuarascáil ar fáil don Choimisiún, faoi dheireadh mhí na Samhna 2021 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, maidir lena bpleanáil ullmhachta agus freagartha agus lena cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta.
1.  Cuirfidh Ballstáit tuarascáil nuashonraithe ar fáil don Choimisiún agus do ghníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais, laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an rialacháin seo agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin, maidir lena bpleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha agus lena cur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar na leibhéil réigiúnacha agus trasteorann.
Leasú 95
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – an chuid réamhráiteach
Cumhdófar an méid seo a leanas sa tuarascáil:
Beidh an tuarascáil sin gonta, bunaithe ar chomhtháscairí, ina mbeidh forléargas ar na gníomhaíochtaí a chuirtear chun feidhme sna Ballstáit, agus cumhdófar inti an méid seo a leanas:
Leasú 96
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a)  stádas cur chun feidhme na gcaighdeán inniúlachta maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha de réir mar a chinnfear iad ar an leibhéal náisiúnta le haghaidh na hearnála sláinte, mar a soláthraíodh do EDS i gcomhréir leis an Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR), a shainaithint agus a thabhairt cothrom le dáta;
(a)  stádas cur chun feidhme na gcaighdeán inniúlachta maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha de réir mar a chinnfear iad ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach le haghaidh na hearnála sláinte, mar a soláthraíodh do EDS i gcomhréir leis an Rialachán Sláinte Idirnáisiúnta (IHR), a shainaithint agus a thabhairt cothrom le dáta;
Leasú 97
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a a (nua)
(aa)  cur síos ar na bearta nó na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo idir-inoibritheacht a áirithiú idir an earnáil sláinte agus earnálacha eile a bhíonn criticiúil i gcás éigeandála;
Leasú 98
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a b (nua)
(ab)  cur síos ar na pleananna leanúnachais gnó, na bearta nó na socruithe a bhfuil sé mar aidhm leo a áirithiú go ndéanfar seirbhísí agus táirgí criticiúla a sheachadadh go leanúnach;
Leasú 99
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  eilimintí ullmhachta éigeandála, go háirithe:
(b)  nuashonrú, más gá, ar na heilimintí coisc, ullmhachta agus freagartha i gcás éigeandálaí, go háirithe:
Leasú 100
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b – pointe i
(i)  rialachas: lena n‑áirítear beartais agus reachtaíocht náisiúnta ina gcomhtháthaítear ullmhacht éigeandála; pleananna maidir le hullmhacht, freagairt agus athshlánú éigeandála; sásraí comhordaithe;
(i)  rialachas: lena n‑áirítear beartais agus reachtaíocht náisiúnta agus, más iomchuí, beartais agus reachtaíocht réigiúnach ina gcomhtháthaítear cosc agus ullmhacht éigeandála; pleananna maidir le cosc, ullmhacht, freagairt agus athshlánú éigeandála, agus sásraí comhordaithe ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach agus trasteorann; leanúnachas cúraim sláinte chriticiúil fhadtéarmaigh;
Leasú 101
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b – pointe ii
(ii)  inniúlachtaí: lena n-áirítear measúnuithe ar rioscaí agus inniúlachtaí chun tosaíochtaí maidir le hullmhacht éigeandála a chinneadh; faireachas agus luathrabhadh, bainistiú faisnéise; rochtain ar sheirbhísí diagnóiseacha le linn éigeandálaí; seirbhísí sláinte agus éigeandála bunúsacha slána atá íogair ó thaobh inscne; cumarsáid maidir le rioscaí; forbairt taighde agus meastóireachtaí le bheith mar fhaisnéis don ullmhacht éigeandála agus a chuirfidh dlús leis;
(ii)  inniúlachtaí: lena n-áirítear measúnuithe ar rioscaí agus inniúlachtaí chun tosaíochtaí maidir le hullmhacht éigeandála a chinneadh; faireachas agus luathrabhadh, bainistiú faisnéise; na hinniúlachtaí táirgí íocshláinte a tháirgeadh; stoic de fhrithbhearta leighis, lena n-áirítear trealamh cosanta pearsanta ar an gcáilíocht is airde; rochtain chothrom ar sheirbhísí agus ar uirlisí diagnóiseacha, agus ar tháirgí leighis le linn éigeandálaí; faisnéis atá ábhartha don mhargadh inmheánach agus do chúlchistí straitéiseacha tháirgí leighis an Aontais; seirbhísí sláinte agus éigeandála atá cothrom, bunúsach, sábháilte, íogair ó thaobh inscne de agus ar ardchaighdeán a chuireann riachtanais na bpobal atá i mbaol níos mó san áireamh; leanúnachas scagthástála, diagnóise, faireacháin agus cóireála do chúram i ndáil le galair agus riochtaí eile, go háirithe cúram sláinte criticiúil fadtéarmach; cumarsáid maidir le rioscaí; forbairt taighde agus meastóireachtaí le bheith mar fhaisnéis don ullmhacht éigeandála agus a chuirfidh dlús leis;
Leasú 102
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b – pointe iii
(iii)  acmhainní: lena n-áirítear acmhainní airgeadais le haghaidh ullmhacht éigeandála agus cistiú teagmhasach le haghaidh freagartha; sásraí lóistíochta agus soláthairtí riachtanacha le haghaidh na sláinte; agus acmhainní daonna tiomanta, oilte agus trealmhaithe le haghaidh éigeandálaí; agus
(iii)  acmhainní: lena n-áirítear acmhainní airgeadais le haghaidh ullmhacht éigeandála agus cistiú teagmhasach le haghaidh freagartha; sásraí lóistíochta agus soláthairtí riachtanacha le haghaidh na sláinte; bearta chun leanúnachas cúraim sláinte chriticiúil fhadtéarmaigh a áirithiú; agus seirbhísí sláinte agus sóisialta ag a bhfuil líon leormhaith acmhainní daonna tiomnaithe, oilte agus trealmhaithe le haghaidh éigeandálaí;
Leasú 103
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b – pointe iii a (nua)
(iiia)  stoc-charn straitéiseach: cuirfidh gach Ballstát faisnéis ar fáil maidir le líon agus infhaighteacht na bhfrithbheart leighis agus na dtáirgí íocshláinte bunriachtanacha eile agus na bhfeistí leighis criticiúla eile chun na bagairtí a leagtar amach in Airteagal 2(1) a rialú, chomh maith maidir leis an inniúlacht iad a choimeád slán agus a stóráil. Maidir le stóráil, chun go mbeidh inniúlacht freagartha níos fearr ann, déanfar é sna háitribh is gaire do na háiteanna ina bhfuil líon mór daonra agus is mó a bhfuil rochtain acu orthu, gan cur isteach ar inrochtaineacht na dtáirgí sin do dhaoine i réigiúin iargúlta, i réigiúin tuaithe agus i réigiúin is forimeallaí, ar áitribh iad a chomhlíonann na ceanglais is gá chun an tseirbhís a sholáthar i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le táirgí íocshláinte, feistí leighis1b agus frithbhearta leighis eile; agus
__________________
1b Rialachán (AE) 2017/745 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2017 maidir le feistí leighis, lena leasaítear Treoir 2001/83/CE, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002 agus Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 90/385/CEE ón gComhairle agus Treoir 93/42/CEE ón gComhairle (IO L 117, 5.5.2017, lch. 1).
Leasú 104
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  an comhairliúchán a rinneadh le comhpháirtithe ábhartha chun a áirithiú go ndéantar measúnuithe riosca, pleananna coisc, ullmhachta agus freagartha agus cur chun feidhme a chomhroinnt ar an iomlán agus go dtacaítear leo agus go bhfuil siad i gcomhréir leis an reachtaíocht saothair agus leis na comhaontuithe comhchoiteanna is infheidhme;
Leasú 105
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 2 – pointe c b (nua)
(cb)  bearnaí a aimsítear sa chur chun feidhme agus aon ghníomhaíochtaí riachtanacha a dhéanfaidh na Ballstáit chun a n-ullmhacht agus a gcumas freagartha a fheabhsú.
Leasú 106
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 3
Áireofar sa tuarascáil, nuair is ábhartha, eilimintí idir-réigiúnach ullmhachta agus freagartha ar aon dul le pleananna an Aontais agus pleananna náisiúnta, lena gcumhdaítear go háirithe na hinniúlachtaí, acmhainní agus sásraí comhordaithe atá ann cheana thar réigiúin máguaird.
Maidir le Ballstáit a roinneann teorainn talún le Ballstát amháin eile ar a laghad, áireofar sa tuarascáil pleananna coisc, ullmhachta agus freagartha trasteorann, idir-réigiúnacha agus idirearnála le réigiúin máguaird, lena n-áirítear sásraí comhordaithe do na heilimintí go léir a liostaítear i bpointí (a), (b) agus (c), oiliúint trasteorann agus comhroinnt dea-chleachtas do bhaill foirne cúraim sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí agus sásraí comhordaithe le haghaidh aistriú leighis othar. Rachaidh eintitis de chuid an Aontais nó eintitis náisiúnta, a bhíonn i mbun táirgí leighis a stoc-charnadh, i mbun plé leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit maidir le tuairisciú a dhéanamh ar stoic atá ar fáil agus a chuirtear san áireamh i bpleanáil ullmhachta agus freagartha an Aontais agus náisiúnta araon.
Leasú 107
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 3 a (nua)
Áireofar sa tuarascáil freisin, a mhéid is féidir, faisnéis maidir le tionchar na ngalar teagmhálach ar mhórghalair neamhtheagmhálacha.
Leasú 108
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1 – fomhír 3 b (nua)
Beidh an leagan is déanaí de na pleananna coisc, ullmhachta agus freagartha i gceangal leis an tuarascáil.
Leasú 262
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 1
2.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 1 ar fáil don Choiste Slándála Sláinte i dtuarascáil a ullmhófar i gcomhar leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha eile an Aontais gach 2 bhliain.
2.  Cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis a fuarthas i gcomhréir le mír 1 ar fáil do HSC i dtuarascáil a ullmhófar i gcomhar le ECDC agus le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha eile an Aontais gach 2 bhliain. Ar maithe leis an tuarascáil a tharraingt suas, déanfaidh HERA measúnú ar infhaighteacht frithbheart leighis atá ábhartha do ghéarchéim, ar chumas táirgthe na bhfrithbheart agus stoc-chairn na bhfrithbheart sin atá ann cheana féin agus ar an riosca go gcuirfí isteach ar shlabhraí soláthair faoi chuimsiú na pleanála ullmhachta agus freagartha náisiúnta, agus faisnéis a fhaightear de bhun Rialachán (AE).../... á cur i gcuntas [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin maidir le EMA[ISC/2020/12532]] agus go háirithe Airteagail XX [uimhreacha Airteagail le deimhniú tar éis a ghlactha] de, maidir le faireachán agus maolú a dhéanamh ar ghanntanais táirgí íocshláinte criticiúla, feistí leighis agus feistí leighis diagnóiseacha in vitro.
Leasú 109
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 2 – fomhír 4
Foilseofar moltaí na tuarascála ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.
Foilseofar moltaí na tuarascála ar shuíomhanna gréasáin an Choimisiúin agus ECDC.
Leasú 110
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – teideal
Iniúchóireacht ar phleanáil ullmhachta agus freagartha
Iniúchóireacht ar phleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha
Leasú 111
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
1.  Gach 3 bliana, déanfaidh ECDC iniúchtaí sna Ballstáit atá ceaptha chun staid cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais a fháil amach. Cuirfear na hiniúchtaí sin chun feidhme le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, arna ndíriú ar phleanáil ullmhachta agus freagartha a mheasúnú ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
1.  Gach 2 bhliain, déanfaidh ECDC iniúchtaí sna Ballstáit chun staid cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta agus a gcomhleanúnachas le plean an Aontais a fháil amach. Beidh na hiniúchtaí sin bunaithe ar thacar táscairí agus cuirfear chun feidhme iad i gcomhar le gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, arna ndíriú ar phleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a mheasúnú ar an leibhéal náisiúnta maidir leis an bhfaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 7(1).
Leasú 112
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1
2.  Tíolacfaidh na Ballstáit plean gníomhaíochta ina dtabharfar aghaidh ar mholtaí beartaithe an iniúchta agus ar na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus na garspriocanna comhfhreagracha.
2.  I gcás ina sainaithnítear easnaimh san iniúchadh, tíolacfaidh an Ballstát, laistigh de shé mhí tar éis dó a chonclúidí a fháil, plean gníomhaíochta ina dtabharfar aghaidh ar mholtaí beartaithe an iniúchta agus ina leagfar amach na gníomhaíochtaí ceartaitheacha agus garspriocanna comhfhreagracha.
Leasú 113
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)
Má chinneann Ballstát gan moladh a leanúint, luafaidh sé na cúiseanna atá aige leis sin.
Leasú 114
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – teideal
Tuarascáil an Choimisiúin maidir le pleanáil ullmhachta
Tuarascáil an Choimisiúin maidir le pleanáil coisc agus ullmhachta
Leasú 115
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1
1.  Ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7, agus ar bhonn thorthaí na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 8, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le staid na hoibre agus dul chun cinn i ndáil le pleanáil ullmhachta agus freagartha ar leibhéal an Aontais a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi mhí Iúil 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
1.  Ar bhonn na faisnéise a sholáthróidh na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7, agus ar bhonn thorthaí na n-iniúchtaí dá dtagraítear in Airteagal 8, déanfaidh an Coimisiún tuarascáil maidir le staid na hoibre agus dul chun cinn i ndáil le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha ar leibhéal an Aontais a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi mhí Iúil 2022 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin.
Leasú 116
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 1 a (nua)
1a.  Áireofar sa tuarascáil ón gCoimisiún staid na pleanála ullmhachta agus freagartha trasteorann sna réigiúin máguaird.
Leasú 117
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 9 – mír 2
2.  Féadfaidh an Coimisiún moltaí a ghlacadh maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha arna ndíriú chuig Ballstáit bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1.
2.  Féadfaidh an Coimisiún moltaí a ghlacadh maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha arna ndíriú chuig Ballstáit bunaithe ar an tuarascáil dá dtagraítear i mír 1. Féadfar a chumhdach leis na moltaí sin, inter alia, na hacmhainní íosta is gá chun freagairt d’éigeandálaí sláinte poiblí i ndáil le méid an daonra, i measc nithe eile, agus forbrófar iad ar bhonn dea-chleachtais agus measúnuithe beartais.
Leasú 118
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – teideal
Comhordú na pleanála ullmhachta agus freagartha ar an gCoiste Slándála Sláinte
Comhordú na pleanála coisc, ullmhachta agus freagartha ar an gCoiste Slándála Sláinte
Leasuithe 119 agus 263
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 1
1.  Oibreoidh an Coimisiún agus na Ballstáit le chéile laistigh den Choiste Slándála Sláinte chun a n-iarrachtaí a chomhordú maidir lena n-inniúlachtaí a fhorbairt, a neartú agus a chothabháil chun faireachán, luathrabhadh, measúnú agus freagairt a dhéanamh i dtaobh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte.
1.  Oibreoidh an Coimisiún, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais, lena n-áirítear HERA agus na Ballstáit le chéile laistigh den Choiste Slándála Sláinte chun a n-iarrachtaí a chomhordú maidir lena n-inniúlachtaí a fhorbairt, a neartú agus a chothabháil chun faireachán, cosc, luathrabhadh, measúnú agus freagairt a dhéanamh i dtaobh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte.
Leasú 120
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 2 – pointe a
(a)  dea-chleachtas agus an taithí maidir le pleanáil ullmhachta agus freagartha a chomhroinnt;
(a)  dea-chleachtas agus an taithí maidir le pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a chomhroinnt;
Leasú 121
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 2 – pointe b
(b)  idir-inoibritheacht na pleanála náisiúnta ullmhachta agus ghné na pleanála ullmhachta agus freagartha idir na hearnálacha ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn;
(b)  idir-inoibritheacht na pleanála náisiúnta coisc, ullmhachta agus ghné na pleanála coisc, ullmhachta agus freagartha idir na hearnálacha ar leibhéal an Aontais a chur chun cinn;
Leasú 122
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 – fomhír 2 – pointe e
(e)  faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, bearnaí agus bearta a shainaithint chun pleanáil ullmhachta agus freagartha a neartú, lena n-áirítear i réimse an taighde, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
(e)  faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, bearnaí agus gníomhaíochtaí a shainaithint chun pleanáil coisc, ullmhachta agus freagartha a neartú, lena n-áirítear i réimse an taighde, ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais.
Leasú 123
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 10 – mír 1 a (nua)
1a.  Beidh idirphlé ag an gCoimisiún agus na Ballstáit, i gcás inarb iomchuí, le geallsealbhóirí, lena n-áirítear eagraíochtaí oibrithe sláinte agus cúraim, geallsealbhóirí tionscail agus an tslabhra soláthair, agus eagraíochtaí othar agus tomhaltóirí. Áireofar san idirphlé sin malartuithe faisnéise rialta idir údaráis, tionscal agus gníomhaithe ábhartha sa slabhra soláthair cógaisíochta chun srianta soláthair ionchasacha a shainaithint d’fhonn comhordú níos fearr, forbairt sineirgí agus freagairtí iomchuí a éascú.
Leasú 124
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 1
1.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí oiliúna do bhaill foirne cúram sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí sna Ballstáit a eagrú, lena n-áirítear inniúlachtaí ullmhachta faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.
1.  Féadfaidh an Coimisiún gníomhaíochtaí oiliúna, arna dtacú ag gníomhaireachtaí ábhartha an Aontais, a eagrú i ndlúthchomhar le comhlachais leighis agus eagraíochtaí othar, do bhaill foirne cúraim sláinte, do bhaill foirne seirbhíse sóisialta agus do bhaill foirne sláinte poiblí sna Ballstáit, go háirithe oiliúint idirdhisciplíneach maidir le hAon Sláinte Amháin, lena n-áirítear inniúlachtaí ullmhachta faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.
Leasú 125
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2
Déanfaidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sin a eagrú i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann.
Eagróidh an Coimisiún na gníomhaíochtaí sin i gcomhar leis na Ballstáit lena mbaineann nó a d’fhéadfadh a bheith bainteach leo, agus i gcomhordú, i gcás inar féidir, le EDS chun dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint, lena n-áirítear cumais ullmhachta faoi na Rialacháin Sláinte Idirnáisiúnta.
Leasú 126
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2 a (nua)
I réigiúin trasteorann, déanfar oiliúint chomhpháirteach trasteorann agus comhroinnt dea-chleachtas do bhaill foirne cúraim sláinte agus do bhaill foirne sláinte poiblí a chur chun cinn agus beidh eolas ar chórais sláinte poiblí éigeantach.
Leasú 127
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 1 – fomhír 2 b (nua)
Bainfidh an Coimisiún leas as an acmhainneacht is iomláine cianfhoghlama chun líon na n-oiliúnaithe a leathnú.
Leasú 128
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 2
2.  Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 an t-eolas agus na scileanna is gá a sholáthar do bhaill foirne dá dtagraítear sa mhír sin, go háirithe chun na pleananna náisiúnta ullmhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a fhorbairt agus a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus inniúlachtaí faireachais a neartú, lena n-áirítear uirlisí digiteacha a úsáid, a chur chun feidhme.
2.  Beidh sé d’aidhm ag na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 an t-eolas agus na scileanna is gá a sholáthar do bhaill foirne dá dtagraítear sa mhír sin, go háirithe chun na pleananna náisiúnta ullmhachta dá dtagraítear in Airteagal 6 a fhorbairt agus a chur chun feidhme, gníomhaíochtaí a chur chun feidhme chun ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus inniúlachtaí faireachais, lena n-áirítear úsáid uirlisí digiteacha, a neartú, leanúnachas seirbhísí cúraim sláinte criticiúla fadtéarmacha a áirithiú agus a bheith comhsheasmhach leis an gcur chuige Aon Sláinte Amháin.
Leasú 129
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 3
3.  Féadfar na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 a oscailt d’fhoireann údarás inniúil tríú tíortha agus féadfar iad a eagrú lasmuigh den Aontas.
3.  Féadfar na gníomhaíochtaí oiliúna dá dtagraítear i mír 1 a oscailt d’fhoireann údarás inniúil tríú tíortha agus féadfar iad a eagrú lasmuigh den Aontas i gcomhordú, i gcás inar féidir, le gníomhaíochtaí ECDC sa réimse sin.
Leasú 130
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 11 – mír 5
5.  Féadfaidh an Coimisiún tacú le cláir a eagrú, i gcomhar leis na Ballstáit, chun foireann cúram sláinte agus foireann sláinte poiblí a mhalartú idir dhá Bhallstát nó níos mó agus chun foireann a thabhairt ar iasacht go sealadach ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.
5.  Féadfaidh an Coimisiún tacú le cláir a eagrú, i gcomhar leis na Ballstáit, chun foireann cúram sláinte agus foireann sláinte poiblí a mhalartú idir dhá Bhallstát nó níos mó agus chun foireann a thabhairt ar iasacht go sealadach ó Bhallstát amháin go Ballstát eile. Agus na cláir sin á n-eagrú, cuirfear san áireamh rannchuidiú arna dhéanamh eagraíochtaí gairmiúla sláinte i ngach ceann de na Ballstáit.
Leasuithe 131 agus 264
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 1
1.  Féadfaidh an Coimisiún agus aon Bhallstát ar mian leo dul i mbun nós imeachta soláthair chomhpháirtigh arna dhéanamh de bhun Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 d’fhonn frithbhearta leighis i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a réamhcheannach.
1.  Féadfaidh an Coimisiún, go háirithe le HERA, agus aon Bhallstáit dul i mbun nós imeachta soláthair chomhpháirtigh mar pháirtithe conarthacha arna dhéanamh de bhun Airteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle29 d’fhonn frithbhearta leighis i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a réamhcheannach laistigh de thréimhse ama réasúnta.
__________________
__________________
29 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
29 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).
Leasú 132
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe a
(a)  beidh rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh ar oscailt do gach Ballstát, do Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus do thíortha is iarrthóirí don Aontas i gcomhréir le hAirteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046;
(a)  beidh rannpháirtíocht sa nós imeachta soláthair chomhpháirtigh ar oscailt do gach Ballstát, do Stáit Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) agus do thíortha is iarrthóirí don Aontas i gcomhréir le hAirteagal 165(2) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 agus do Phrionsacht Andóra, do Phrionsacht Mhonacó, do Phoblacht San Mairíne agus do Stát Chathair na Vatacáine;
Leasú 133
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c
(c)  Déanfaidh na Ballstáit, Stáit CSTE agus tíortha is iarrthóirí don Aontas a bheidh rannpháirteach i soláthar comhpháirteach an frithbheart leighis atá i gceist a sholáthar tríd an nós imeachta sin agus ní sholáthróidh siad ar bhealaí eile é, agus ní rachaidh siad i mbun próisis chaibidlíochta eile don táirge sin ag an am céanna;
(c)  déanfaidh tíortha a bheidh rannpháirteach i soláthar comhpháirteach an frithbheart leighis atá i gceist a sholáthar tríd an nós imeachta sin agus ní sholáthróidh siad ar bhealaí eile é, agus ní rachaidh siad i mbun próisis chaibidlíochta chomhuaineacha eile don táirge sin ón am sin ar aghaidh. Déanfar tíortha a ghlacfaidh páirt i bpróisis chaibidlíochta chomhuaineacha ón am sin ar aghaidh a eisiamh ó ghrúpa na dtíortha rannpháirteacha, beag beann ar shroich na próisis sin céim an tsínithe;
Leasú 134
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)  saineofar sa soláthar comhpháirteach céimeanna soiléire nós imeachta don phróiseas, do raon feidhme, do shonraíochtaí agus d’amlínte tairisceana, agus éileoidh sé ar gach páirtí gealltanais shoiléire a chomhlíonadh agus a urramú, lena n-áirítear monaróirí a sheachadann cainníochtaí táirgthe comhaontaithe agus údaráis a cheannaíonn méideanna forchoimeádta comhaontaithe. Nochtfar na méideanna beachta arna n-ordú ag gach tír rannpháirteach agus arna soláthar dóibh, mar aon le mionsonraí faoina ndliteanais;
Leasú 135
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c b (nua)
(cb)  Cuirfear leibhéal ard trédhearcachta i bhfeidhm maidir le gach gníomhaíocht soláthair chomhpháirtigh agus gach comhaontú ceannaigh gaolmhar. Beidh rochtain iomlán ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ar na doiciméid ábhartha uile chun grinnscrúdú bliantúil cruinn a sholáthar ar na conarthaí sínithe agus ar an infheistíocht phoiblí lena mbaineann;
Leasú 136
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c c (nua)
(cc)  má úsáidtear soláthar comhpháirteach, déanfar critéir cháilíochtúla a mheas sa phróiseas dámhachtana, sa bhreis ar chostas. Cuirfear san áireamh sna critéir sin freisin, mar shampla, cumas an mhonaróra shlándáil an tsoláthair a áirithiú le linn géarchéim sláinte;
Leasú 137
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe c d (nua)
(cd)  déanfar an soláthar comhpháirteach a reáchtáil ar bhealach lena neartófar cumhacht ceannaigh na dtíortha rannpháirteacha, lena bhfeabhsófar slándáil soláthair agus lena n-áiritheofar rochtain chothrom ar na frithbhearta leighis in aghaidh bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte;
Leasú 265
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe e a (nua)
(e a)   agus soláthar comhpháirteach á dhéanamh faoi Airteagal 7 den Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha do ghéarchéim a áirithiú i gcás éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais (ISC/2020/12524), beidh sé de cheart ag an gCoimisiún a cheangal go ndéanfar maoin intleachtúil agus fios gnó a bhaineann leis na frithbhearta sin a cheadúnú, faoi choinníollacha córa agus réasúnacha, i gcás ina dtréigeann oibreoir eacnamaíoch a iarrachtaí forbartha nó mura mbeidh sé ar a chumas a áirithiú go ndéanfar na frithbhearta sin a sholáthar go leordhóthanach agus go tráthúil faoi théarmaí an chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích. Féadfar coinníollacha agus nósanna imeachta breise a bhaineann leis an gceart sin a fheidhmiú a leagan amach sna comhaontuithe sonracha le hoibreoirí eacnamaíocha;
Leasú 266
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 2 – pointe e b (nua)
(e b)   chun trédhearcacht a áirithiú maidir le caiteachas cistí poiblí, agus soláthar comhpháirteach á dhéanamh faoi Airteagal 7 de Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha do ghéarchéim a áirithiú i gcás éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais [ISC/2020/12524], déanfaidh an Coimisiún na conarthaí agus na comhaontuithe arna mbunú le hoibreoirí eacnamaíocha a chur ar fáil go poiblí go tráthúil ina sonrófar an méid seo a leanas ar a laghad:
(i)  sceideal soláthair an earra nó na seirbhíse;
(ii)  téarmaí na ndliteanas agus na slánuithe;
(iii)  i gcás inarb iomchuí, cainníocht agus líon na suíomhanna monaraíochta.
Leasú 138
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – an chuid réamhráiteach
3.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na heintitis a bheidh ag eagrú aon bhirt, lena n-áirítear nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh, stoc-charnadh agus deonú frithbhirt leighis faoi shásraí difriúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais ach gan a bheith teoranta dóibh sin, go háirithe faoin méid seo a leanas:
3.  Déanfaidh an Coimisiún, i gcuibhreann leis na Ballstáit, comhordú agus malartú faisnéise a áirithiú idir na heintitis a bheidh ag eagrú agus a bheidh rannpháirteach in aon ghníomhaíocht, lena n-áirítear nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh, forbairt, stoc-charnadh i saoráidí lena gcomhlíontar na ceanglais dhlíthiúla shonracha maidir le frithbhearta leighis a stóráil agus a bhfuil an ghaireacht agus an inrochtaineacht is mó acu d’áiteanna ina bhfuil daoine, gan cur isteach ar inrochtaineacht na dtáirgí sin do dhaoine i réigiúin iargúlta, tuaithe agus is forimeallaí, dáileachán agus deonú frithbheart leighis, a rachaidh chun tairbhe tíortha ísealioncaim agus meánioncaim, faoi shásraí difriúla arna mbunú ar leibhéal an Aontais ach gan a bheith teoranta dóibh sin, go háirithe faoin méid seo a leanas:
Leasú 139
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – pointe a
(a)  stoc-charnadh faoi rescEU dá dtagraítear in Airteagal 12 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE;
(a)  stoc-charnadh faoi rescEU dá dtagraítear in Airteagal 23 de Chinneadh Uimh. 1313/2013/AE;
Leasuithe 140 agus 267
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 – pointe f
(f)  ionstraimí eile lena dtugtar tacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt bithleighis ar leibhéal an Aontais le haghaidh inniúlacht agus ullmhacht fheabhsaithe chun freagairt do bhagairtí agus d’éigeandálaí trasteorann.
(f)  cláir agus ionstraimí eile lena dtugtar tacaíocht do thaighde agus d’fhorbairt bithleighis ar leibhéal an Aontais le haghaidh inniúlacht agus ullmhacht fheabhsaithe chun freagairt do bhagairtí agus d’éigeandálaí trasteorann amhail an Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun soláthar frithbheart leighis atá ábhartha do ghéarchéim a áirithiú i gcás éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais [ISC/2020/12524].
Leasú 141
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 a (nua)
3a.  Áiritheoidh tíortha rannpháirteacha go bhfuil stoc-charnadh agus dáileadh leormhaith d’fhrithbhearta leighis arna soláthar. Leagfar amach na mionsonraí agus saintréithe príomha maidir leis an stoc-charnadh agus dáileadh sin i bpleananna náisiúnta.
Leasú 142
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 b (nua)
3b.  I gcomhréir le prionsabal na trédhearcachta, cuirfidh an Coimisiún Parlaimint na hEorpa ar an eolas go rialta faoin gcaibidlíocht a bhaineann le soláthar comhpháirteach frithbheart leighis.
Leasú 143
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 c (nua)
3c.  Faoi na rialacha rúndachta atá ann cheana, forchoimeádann Parlaimint na hEorpa an ceart grinnscrúdú a dheanamh, am ar bith, ar ábhar na gconarthaí ar fad nach ndearnadh cinsireacht orthu arna dtabhairt i gcrích in imeachtaí faoin Airteagal seo.
Leasú 144
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 d (nua)
3d.  Cuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit faisnéis atá cothrom le dáta, inrochtana agus soiléir ar fáil do thomhaltóirí maidir lena gcearta agus lena ndualgais i dtaca le frithbhearta leighis a sholáthraítear go comhpháirteach, lena n-áirítear mionsonraí maidir le dliteanas i leith damáistí, agus rochtain ar chosaint dlí agus ar ionadaíocht tomhaltóirí.
Leasú 145
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 12 – mír 3 e (nua)
3e.   I gcás nach gcuirtear an nós imeachta soláthair chomhpháirtigh d’fhrithbhearta leighis ar bhagairtí trasteorann ar shláinte i bhfeidhm, spreagfaidh an Coimisiún na Ballstáit chun faisnéis a mhalartú maidir le praghsáil agus dátaí seachadta d’fhrithbhearta leighis.
Leasuithe 146 agus 268
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 1
1.  Déanfaidh an líonra um fhaireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) cumarsáid bhuan a áirithiú idir an Coimisiún, ECDC, agus na húdaráis inniúla atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta as faireachas eipidéimeolaíoch.
1.  Déanfaidh an líonra um fhaireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha, lena n-áirítear galair theagmhálacha de bhunadh zónóiseach, agus ar na saincheisteanna sláinte speisialta lena mbaineann dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) cumarsáid bhuan a áirithiú idir an Coimisiún, HERA go háirithe, ECDC, agus na húdaráis inniúla atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta as faireachas eipidéimeolaíoch.
Leasú 147
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)   faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngalar teagmhálach ar leanúnachas scagthástála, diagnóise, faireacháin, cóireála agus cúraim do ghalair agus do riochtaí eile;
Leasú 148
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe b b (nua)
(bb)   faireachán a dhéanamh ar thionchar na ngalar teagmhálach ar mheabhairshláinte.
Leasú 149
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe d
(d)  tosca riosca maidir le tarchur galair, grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil spriocbhearta coisctheacha de dhíth orthu a shainaithint;
(d)  tosca riosca maidir le leathadh galair, grúpaí daonra atá i mbaol agus a bhfuil spriocbhearta coisctheacha de dhíth orthu a shainaithint agus faireachán a dhéanamh orthu;
Leasú 150
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe e
(e)  rannchuidiú le hualach na ngalar teagmhálach ar an daonra a mheasúnú trí shonraí amhail leitheadúlacht galar, castachtaí, ospidéalú agus básmhaireacht a úsáid;
(e)  rannchuidiú le measúnú a dhéanamh ar ualach na ngalar teagmhálach ar chórais sláinte agus ar chúram sláinte a chur ar fáil agus ar an daonra a úsáideann sonraí den sórt sin amhail leitheadúlacht galar, aimhréidheanna, ospidéalú, básmhaireacht, an tionchar ar mheabhairshláinte, scagthástáil, diagnóis, faireachán, cóireáil agus cúram iarchurtha do ghalair agus do riochtaí eile agus a dtionchar sóisialta agus eacnamaíoch;
Leasú 151
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 2 – pointe h a (nua)
(ha)  aon laigí sa slabhra soláthair domhanda, a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus monarú na bhfrithbheart leighis is gá chun galair theagmhálacha a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a sheiceáil, a shainaithint, agus pleananna a dhéanamh chun na laigí sin a mhaolú; B’fhéidir go bhfágfadh sásraí eile, amhail sásra rialaithe onnmhairí de chuid an Aontais, solúbthacht rialála, comhaontuithe comhair, agus comhaontuithe ceadúnúcháin éigeantacha nó deonacha idir cuideachtaí, go mbeadh an tAontas in ann éascaíocht a dhéanamh ar rochtain ar fhrithbhearta dá shaoránaigh agus dá chónaitheoirí agus freisin do dhaoine ó thíortha i gComhpháirtíocht an Oirthir agus ó thíortha ísealioncaim agus meánioncaim;
Leasú 152
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 – pointe f a (nua)
(fa)   faisnéis maidir le hinfhaighteacht na bhfrithbheart leighis atá riachtanach chun an galar a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a sheiceáil.
Leasú 153
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 3 a (nua)
3a.   Déanfar an fhaisnéis arna cur in iúl ag na Ballstáit dá dtagraítear i bpointe (a) de mhír 3 a thuairisciú ar leibhéal NUTS II ar a laghad don Chóras Eorpach um Fhaireachas (TESSy) nó d’ardán eile, ar bhealach tráthúil arna chinneadh i gcomhréir le hAirteagal 7.
Leasú 154
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 6 – fomhír 2 a (nua)
Tacóidh ECDC leis na Ballstáit chun bailiú agus comhroinnt sonraí tráth géarchéime sláinte agus oibríocht chomhtháite an líonra um fhaireachas eipidéimeolaíoch ar ghalair theagmhálacha agus ar na deacrachtaí sláinte speisialta dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) a áirithiú. Déanfaidh ECDC, i gcás inarb iomchuí, a shaineolas sa réimse sin a chur ar fáil do thríú tíortha freisin.
Leasú 155
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
9.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, an méid seo a leanas a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta:
9.  Déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i ndáil leis an méid seo a leanas a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta:
Leasú 156
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9 – fomhír 1 – pointe c
(c)  nósanna imeachta maidir le hoibríocht an líonra faireachais eipidéimeolaíoch mar a fhorbrófar é de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE).../... [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]].
scriosta
Leasú 157
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9 a (nua)
9a.  Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine nó úrnuacht bagartha trasteorann tromchúisí ar an tsláinte nó le luas a leata idir na Ballstáit, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 28a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlactar de bhun an Airteagail seo.
Leasú 158
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 9 b (nua)
9b.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta maidir le hoibríocht an líonra faireachais eipidéimeolaíoch arna fhorbairt de bhun Airteagal 5 de Rialachán (AE).../... [IO:, a bhunú agus a thabhairt cothrom le dáta. Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]].
Leasú 159
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 13 – mír 10
10.  Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine nó úrnuacht na bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte nó leis an luas lena leathadh i measc na mBallstát, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(3) maidir le sainithe cáis, nósanna imeachta agus táscairí faireachais a ghlacadh i mBallstáit i gcás bagartha dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1). Tacóidh na táscairí thuasluaite freisin le hinniúlacht a mheasúnú maidir le haithint, cosc agus cóireáil.
10.  Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine nó úrnuacht bagartha trasteorann tromchúisí ar an tsláinte nó le luas a leata i measc na mBallstát, féadfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach bonn a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(3) i gcomhair na nósanna imeachta glactha um fhaireachas i mBallstáit i gcás bagairt dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) a bheith ann.
Leasú 160
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 1
1.  Cinnteoidh ECDC go ndéanfar an t-ardán digiteach a fhorbairt tuilleadh trína ndéantar sonraí a bhainistiú agus a mhalartú go huathoibríoch, chun córais faireachais comhtháite idir-inoibritheacha a bhunú trínar féidir faireachas fíor-ama a dhéanamh i gcás inarb iomchuí, chun críche tacú i dtaobh galair theagmhálacha a chosc agus a rialú.
1.  Áiritheoidh ECDC go leanfar d’fhorbairt a dhéanamh ar an ardán digiteach tar éis dó measúnú tionchair ar chosaint sonraí a dhéanamh agus ar é aon rioscaí do chearta agus saoirsí na n-ábhar sonraí a mhaolú, trína ndéantar sonraí a bhainistiú agus a mhalartú go huathoibríoch, chun córais faireachais chomhtháite agus idir-inoibritheacha a bhunú trínar féidir faireachas fíor-ama a dhéanamh, i gcás inarb iomchuí, chun tacú le cosc agus rialú galar teagmhálach. Áiritheoidh sé go ndéanfar formhaoirseacht dhaonna ar an árdán digiteach agus áireoidh sé bearta sonracha le haghaidh rioscaí a d’fhéadfadh eascairt as aistriú claontachtaí nó sonraí neamhiomlána ó fhoinsí iomadúla a mhaolú, agus freisin bunóidh sé nósanna imeachta um an athbhreithniú ar cháilíocht na sonraí. Na hardáin agus na feidhmchláir dhigiteacha lena dtacaítear leis an bhfaireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh de bhun Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Leasú 161
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe a
(a)  cumasófar bailiú uathoibríoch na sonraí faireachais agus saotharlainne, bainfear úsáid as faisnéis ó ríomhthaifid sláinte, déanfar faireachán ar na meáin, agus cuirfear intleacht shaorga i bhfeidhm le haghaidh bailíochtú sonraí, anailíse agus tuairisciú uathoibríoch;
(a)  cumasófar bailiú uathoibríoch na sonraí faireachais agus saotharlainne, bainfear úsáid as faisnéis sláinte ábhartha ó liosta arna shainaithint roimhe seo agus údaraithe ó ríomhthaifid sláinte agus bunachair sonraí sláinte, déanfar faireachán ar na meáin, agus cuirfear an intleacht shaorga i bhfeidhm le haghaidh bailíochtú sonraí, anailíse agus tuairisciú staidrimh i gcomhréir le hAirteagal 22 GDPR;
Leasú 162
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe b
(b)  ceadófar láimhsiú agus malartú ríomhairithe faisnéise, sonraí agus doiciméad.
(b)  foráil a dhéanamh do phróiseáil agus malartú ríomhairithe faisnéise, sonraí agus doiciméad, á chur dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí pearsanta san áireamh;
Leasú 163
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 2 – pointe b a (nua)
(ba)   foráil a dhéanamh d’fhógra uathoibríoch ar EWRS nuair a éiríonn galair theagmhálacha thar thairseacha rabhaidh, amhail dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 13(2). Déanfaidh an t-údarás sláinte inniúil an fógra a bhailíochtú.
Leasú 164
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 3
3.  Tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú go ndéantar faisnéis, sonraí agus doiciméid thráthúla iomlána a tharchuirtear agus a mhalartaítear tríd an ardán digiteach a chur isteach sa chóras faireachais comhtháite ar bhonn rialta.
3.  Tá na Ballstáit freagrach as a áirithiú go ndéantar faisnéis, sonraí agus doiciméid thráthúla, iomlána agus chruinne a tharchuirtear agus a mhalartaítear tríd an ardán digiteach a chur isteach sa chóras faireachais comhtháite ar bhonn rialta. Cuirfidh na Ballstáit chun cinn uathoibriú an phróisis sin idir an córas faireachais náisiúnta agus córas faireachais an Aontais.
Leasú 165
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 5
5.  Chun críocha eipidéimeolaíocha, beidh rochtain ag ECDC ar shonraí ábhartha maidir le sláinte a fhaightear nó a chuirtear ar fáil trí na bonneagair dhigiteacha lenar féidir na sonraí maidir le sláinte a úsáid chun críocha taighde, ceapadh beartas agus rialála.
5.  Chun críocha faireachas eipidéimeolaíoch, beidh rochtain ag ECDC freisin ar shonraí ábhartha maidir le sláinte a fhaightear nó a chuirtear ar fáil trí na bonneagair dhigiteacha lenar féidir na sonraí maidir le sláinte a úsáid chun críocha taighde, ceapadh beartas agus rialála. Beidh an rochtain ar na sonraí sláinte comhréireach le críocha sonracha agus nithiúla a bheidh sainaitheanta roimhe seo ag ECDC.
Leasú 166
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 – an chuid réamhráiteach
6.  Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme maidir le feidhmiú an ardáin faireachais lena leagtar síos an méid seo a leanas:
6.  Déanfaidh an Coimisiún, de dhroim chur i gcrích nós imeachta comhairliúcháin mar a leagtar amach in Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i dtaobh fheidhmiú an ardáin faireachais lena leagtar síos an méid seo a leanas:
Leasú 167
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 – pointe a
(a)  sonraíochtaí teicniúla an ardáin, lena n-áirítear an sásra do mhalartú leictreonach sonraí lena ndéantar sonraí a mhalartú le córais náisiúnta atá ann cheana, sainaithint na gcaighdeán is infheidhme, sainmhíniú ar struchtúir teachtaireachtaí, foclóirí sonraí, malartú prótacal agus nósanna imeachta;
(a)  sonraíochtaí teicniúla an ardáin, lena n-áirítear an sásra do mhalartú leictreonach sonraí lena ndéantar sonraí a mhalartú le córais idirnáisiúnta agus náisiúnta atá ann cheana, sainaithint na gcaighdeán is infheidhme, sainmhíniú ar struchtúir teachtaireachtaí, foclóirí sonraí, malartú prótacal agus nósanna imeachta;
Leasú 168
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 - mír 6 - pointe c
(c)  socruithe teagmhasacha atá le cur i bhfeidhm i gcás nach bhfuil aon cheann d'fheidhmiúlachtaí an ardáin ar fáil;
(c)  socruithe teagmhasacha agus cúltacaí sonraí slána a bheidh le cur i bhfeidhm i gcás nach mbeidh aon cheann d’fheidhmiúlachtaí an ardáin ar fáil;
Leasú 169
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 – pointe d
(d)  na cásanna inar féidir páirt-rochtain ar fheidhmiúlachtaí an ardáin a thabhairt do thríú tíortha agus d'eagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann, na coinníollacha faoinar féidir leis sin tarlú agus na socruithe praiticiúla maidir le rochtain den sórt sin;
(d)  na cásanna ina bhféadfar páirt-rochtain ar fheidhmiúlachtaí an ardáin a thabhairt d'o na heagraíochtaí idirnáisiúnta lena mbaineann, na coinníollacha faoina bhféadfar déanamh amhlaidh, agus na socruithe praiticiúla maidir leis an rochtain sin, i gcomhréir go hiomlán le Rialacháin (AE) 2018/1725 agus (AE) 2016/679 agus Treoir (AE) 2016/680;
Leasú 170
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 – pointe f a (nua)
(fa)   a áirithiú go ndéanfar an bonneagar maidir le stóráil, próiseáil agus anailísiú sonraí a chaighdeánú.
Leasú 171
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 14 – mír 6 a (nua)
6a.   Na hardáin agus na feidhmchláir dhigiteacha lena dtacaítear leis an bhfaireachas eipidéimeolaíoch ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát, déanfar iad a chur chun feidhme i gcomhréir le prionsabal na cosanta sonraí trí dhearadh de bhun Airteagal 27(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.
Leasú 172
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 1
1.  I réimse na sláinte poiblí nó i gcás réimsí sonracha sláinte poiblí atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo nó na bpleananna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saotharlanna tagartha an Aontais a ainmniú chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta chun dea-chleachtas agus ailíniú na mBallstát ar bhonn deonach a chur chun cinn maidir le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfaidh na Ballstáit faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair.
1.  I réimse na sláinte poiblí nó i gcás réimsí sonracha sláinte poiblí atá ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo nó cur chun feidhme na bpleananna náisiúnta dá dtagraítear in Airteagal 6, féadfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, saotharlanna tagartha an Aontais a ainmniú chun tacaíocht a sholáthar do shaotharlanna tagartha náisiúnta chun dea-chleachtas agus ailíniú na mBallstát maidir le diagnóisic, modhanna tástála, agus tástálacha áirithe a úsáid le go ndéanfaidh na Ballstáit faireachas, fógra agus tuairisciú aonfhoirmeach ar ghalair, a chur chun cinn.
Leasú 173
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 2 – pointe f
(f)  faireachán, rabhadh agus tacaíocht sa fhreagairt ráige;
(f)  faireachán, foláireamh agus tacaíocht sa fhreagairt ar an ráig, i gcás paitiginí atá ag teacht chun cinn go háirithe; agus
Leasú 174
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3
3.  Déanfaidh ECDC líonra shaotharlanna tagartha an Aontais a oibriú agus a chomhordú.
3.  Déanfaidh ECDC an líonra de shaotharlanna tagartha an Aontais a oibriú agus a chomhordú, i gcomhar le saotharlanna líonra EDS chun dúbailt gníomhaíochtaí a sheachaint. Le struchtúr rialachais an líonra, cumhdófar an comhar agus an comhordú le saotharlanna agus líonraí tagartha náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana.
Leasú 175
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 3 a (nua)
3a.   Rannchuideoidh na saotharlanna dá dtagraítear i mír 1 le dea-chleachtais a mhalartú agus le feabhas a chur ar an bhfaireachas eipidéimeolaíoch dá dtagraítear in Airteagal 13.
Leasú 176
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 4
4.  Leanfaidh na hainmnithe dá bhforáiltear i mír 1 próiseas roghnúcháin poiblí, beidh siad teoranta ó thaobh ama, mairfidh siad 5 bliana ar a laghad, agus déanfar athbhreithniú orthu go tráthrialta. Bunófar le hainmnithe freagrachtaí agus cúraimí na saotharlann ainmnithe.
4.  Leanfaidh na hainmnithe dá bhforáiltear i mír 1 próiseas roghnúcháin poiblí, beidh siad teoranta ó thaobh ama de, mairfidh siad 5 bliana ar a laghad, agus déanfar athbhreithniú orthu go tráthrialta. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis na Ballstáit agus ECDC chun téarmaí tagartha agus critéir an phróisis ainmnithe a mhionsaothrú. Bunófar le hainmnithe freagrachtaí agus cúraimí na saotharlann ainmnithe. Beidh cuibhreannais saotharlann incháilithe lena n-ainmniú.
Leasú 177
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 15 – mír 5 – pointe a
(a)  beidh siad neamhchlaonta, saor ó aon choinbhleacht leasa agus go háirithe, ní bheidh siad i staid ina bhféadfaí, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú a gcúraimí mar shaotharlainne tagartha de chuid an Aontais;
(a)  beidh siad neamhchlaonta, saor ó aon choinbhleacht leasa agus go háirithe, ní bheidh siad i staid ina bhféadfaí, go díreach nó go hindíreach, dochar a dhéanamh do neamhchlaontacht a n-iompair ghairmiúil i ndáil le feidhmiú a gcúraimí mar shaotharlainne tagartha de chuid an Aontais; Tabharfar aird ar leith ar thástálacha agus modhanna dílseánaigh arbh fhéidir gur le saotharlanna iad;
Leasú 178
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 1 a (nua)
1a.   Úsáidfear an Córas Eorpach um Fhaireachas (TESSy) chun faireachán ad hoc a dhéanamh ar bhagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte dá dtagraítear i bpointe (iii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) agus i bpointí (b), (c) agus (d) d’Airteagal 2(1).
Leasú 179
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 1
Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, i gcás inar gá, na sainithe cáis a bheidh le húsáid le haghaidh faireacháin ad hoc, d’fhonn inchomparáideacht agus comhoiriúnacht na sonraí a bhaileofar ar leibhéal an Aontais a áirithiú.
Glacfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá, gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 28 maidir leis na sainithe cáis a bheidh le húsáid le haghaidh faireacháin ad hoc, chun inchomparáideacht agus comhoiriúnacht na sonraí a bhaileofar ar leibhéal an Aontais a áirithiú.
Leasú 180
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 2
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
scriosta
Leasú 181
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 17 – mír 3 – fomhír 3
Ar mhórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine na bagartha tromchúisí trasteorann ar shláinte nó le luas a leata idir na Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún na sainithe cáis dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh nó a thabhairt cothrom le dáta trí ghníomhartha cur chun feidhme atá infheidhme láithreach i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 27(3).
Más rud é go n-éilítear amhlaidh ar mórfhorais phráinne a bhfuil údar cuí leo a bhaineann le déine nó úrnuacht bagartha trasteorann tromchúisí ar an tsláinte nó le luas a leata idir na Ballstáit, beidh feidhm ag an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 28a maidir le gníomhartha tarmligthe a ghlacfar de bhun an Airteagail seo.
Leasú 182
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 1
1.  Cuirfidh EWRS ar chumas an Choimisiúin agus na n-údarás inniúil atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta a bheith i mbuanchumarsáid chun críocha ullmhachta, luathrabhaidh agus freagartha, foláirimh, rioscaí sláinte poiblí a mheasúnú agus cinneadh a dhéanamh faoi na bearta a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint.
1.  Cuirfidh EWRS ar chumas an Choimisiúin, ECDC, agus na n-údarás inniúil atá freagrach ar an leibhéal náisiúnta a bheith i mbuanchumarsáid le chéile chun críocha ullmhachta, luathrabhaidh agus freagartha, foláirimh, rioscaí sláinte poiblí a mheasúnú agus cinneadh a dhéanamh faoi na bearta a d’fhéadfadh a bheith riachtanach chun an tsláinte phoiblí a chosaint.
Leasú 183
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
Bíonn malartú sonraí pearsanta i gceist le bainistiú agus le húsáid EWRS i gcásanna sonracha i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis na hionstraimí dlí ábhartha. Áirítear leis sin:
Bíonn malartú sonraí pearsanta i gceist le bainistiú agus le húsáid oibríochtúil EWRS i gcásanna sonracha i gcás ina bhforáiltear amhlaidh leis na hionstraimí dlí ábhartha. Áirítear leis sin:
Leasú 184
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 2
Déanfaidh ECDC EWRS a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach le go mbeifí in ann teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid, amhail feidhmchláir mhóibíleacha dhigiteacha, samhlacha intleachta saorga, feidhmchláir spáschumasaithe, nó teicneolaíochtaí eile le haghaidh uathrianú teagmhálaithe, ag tógáil ar na teicneolaíochtaí rianaithe teagmhálaithe arna bhforbairt ag na Ballstáit.
Déanfaidh ECDC EWRS a thabhairt cothrom le dáta go leanúnach le go mbeifí in ann teicneolaíochtaí nua-aimseartha a úsáid, amhail feidhmchláir mhóibíleacha dhigiteacha, samhlacha na hintleachta saorga, feidhmchláir spáschumasaithe, nó teicneolaíochtaí eile le haghaidh uathrianú teagmhálaithe, agus na teicneolaíochtaí rianaithe teagmhálaithe arna bhforbairt ag na Ballstáit nó ag an Aontas, arna n-úsáid d’aon ghnó chun an phaindéim a chomhrac agus ar léiríodh iad a bheith leormhaith, riachtanach agus comhréireach, ina mbonn leis sin, agus i lán-chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 agus Treoir 2002/58/CE.
Leasú 185
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 2 a (nua)
Chun cáilíocht agus comhsheasmhacht sonraí a áirithiú, déanfaidh EWRS próisis sonraí stóinsithe, bheachta agus idir-inoibritheacha a chur chun feidhme leis na Ballstáit. Oibreoidh ECDC i gcomhar leis na Ballstáit i gcaitheamh na bpróiseas malartaithe sonraí sin, ó mheasúnú a dhéanamh ar na ceanglais sonraí, iad a tharchur agus a bhailiú, go dtí achtáil agus léirmhíniú sonraí, agus fós comhoibriú láidir idir an Coimisiún, ECDC agus comhlachtaí inniúla náisiúnta agus réigiúnacha a áirithiú.
Leasú 186
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 a (nua)
2a.   Forbróidh ECDC EWRS, agus cuirfidh sé feabhas air, chun cur le huathoibriú na faisnéise, an bhailithe agus na hanailíse, chun aicmiú an fhógra a uasghrádú, cumarsáid téacs oscailte a laghdú, chun an t-ualach riaracháin a laghdú, agus chun feabhas a chur ar chaigdeánú na bhfógraí.
Leasú 187
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 2 b (nua)
2b.   Cuirfear feabhas ar EWRS chun ualach an mhaorlathais agus dúbailtí an fhógra a laghdú. Ceadóidh EWRS do na húdaráis inniúla náisiúnta fógra a thabhairt do EDS faoi eachtraí a d’fhéadfadh a bheith ina n-éigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad i gcomhréir le hAirteagal 6 de IHR, agus comhtháthóidh sé an fhaisnéis sin i gcóras EWRS, chun fógra a thabhairt go huathoibríoch faoi fholáireamh i EWRS.
Leasú 188
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4
4.  Déanfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta a ghlacadh a bhaineann le faisnéis a mhalartú le córais mear-rabhaidh eile ar leibhéal an Aontais, lena n-áirítear sonraí pearsanta a mhalartú, d’fhonn feidhmiú ceart EWRS a áirithiú agus chun forluí gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht le struchtúir agus le sásraí atá ann cheana maidir le hullmhacht, faireachán, luathrabhadh agus comhrac na mbagairtí tromchúiseacha trasteorann ar shláinte a sheachaint.
4.  Glacfaidh an Coimisiún, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, nósanna imeachta a bhaineann le faisnéis a mhalartú le córais eile mear-rabhaidh ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, lena n-áirítear sonraí pearsanta a mhalartú, chun feidhmiú ceart EWRS a áirithiú agus chun forluí gníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí atá i gcoinbhleacht le struchtúir agus sásraí atá ann cheana maidir le hullmhacht, faireachán, luathrabhadh agus comhrac na mbagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte a sheachaint.
Leasú 189
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 18 – mír 4 a (nua)
4a.   Beidh EWRS in ann faisnéis a bhailiú go huathoibríoch ó bhunachair sonraí thábhachtacha, amhail iad siúd a chuimsíonn sonraí maidir leis an gcomhshaol, sonraí maidir leis an aeráid, sonraí maidir le huisciú an uisce agus sonraí eile atá ábhartha do bhagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte, a d’fhéadfadh tuiscint a éascú agus an baol go bhféadfadh bagairtí a bheith ann ar an tsláinte a mhaolú.
Leasú 190
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 2
2.  I gcás ina dtugann na húdaráis náisiúnta inniúla fógra do EDS maidir le himeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-éigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta iad i gcomhréir le hAirteagal 6 de IHR, déanfaidh siad foláireamh a thabhairt do EWRS ag an am céanna ar a dheireanaí, ar choinníoll go dtagann an bhagairt faoi réim iad sin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo.
2.  I gcás ina dtugann na húdaráis náisiúnta inniúla fógra do EDS maidir le himeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ina n-éigeandálaí sláinte poiblí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta iad i gcomhréir le hAirteagal 6 de IHR, amhail dá dtagraítear in Airteagal 18(2b), tabharfar fógra faoi fholáireamh go comhuaineach in EWRS, ar an gcoinníoll go dtagann an bhagairt faoi réim iad sin dá dtagraítear in Airteagal 2(1) den Rialachán seo.
Leasú 191
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – pointe f
(f)  rioscaí sláinte poiblí;
(f)  rioscaí sláinte poiblí, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear, a mhéid is féidir, a dtionchar ar mhórghalair neamhtheagmhálacha;
Leasú 192
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – pointe h
(h)  bearta seachas bearta sláinte poiblí;
(h)  bearta ilearnála seachas bearta sláinte poiblí;
Leasú 193
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – pointe i a (nua)
(ia)   na láithreáin táirgthe atá ann cheana agus a d’fhéadfadh a bheith ann, agus gan d’aidhm leis sin ach a fhágáil gur féidir leis an Aontas na hacmhainneachtaí táirgthe straitéisigh don Aontas ina iomláine a mhapáil;
Leasú 194
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 3 – pointe j
(j)  iarrataí ar chúnamh éigeandála trasteorann agus tairiscintí cúnaimh éigeandála trasteorann;
(j)  iarrataí ar chúnamh éigeandála trasteorann agus tairiscintí cúnaimh éigeandála trasteorann, amhail aistriú leighis othar nó soláthar foirne cúraim sláinte ag Ballstát amháin do Bhallstát eile, go háirithe i limistéir trasteorann sna réigiúin máguaird;
Leasú 195
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 19 – mír 4 a (nua)
4a.   Déanfaidh an Ballstát an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 3 a thabhairt cothrom le dáta de réir mar a bheidh sonraí nua ar fáil.
Leasú 196
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  I gcás ina dtugtar fógra foláirimh de bhun Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá chun an fhreagairt ar leibhéal an Aontais a chomhordú nó arna iarraidh sin don Choiste Slándála Sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21 nó ar a thionscnamh féin, measúnú riosca ar dhéine ionchasach na bagartha ar shláinte phoiblí, lena n-áirítear bearta sláinte poiblí féideartha, a chur ar fáil go pras do na húdaráis náisiúnta inniúla agus don Choiste Slándála Sláinte, trí EWRS. Is mar seo a leanas a dhéanfar an measúnú riosca sin:
1.  I gcás ina dtugtar fógra faoi fholáireamh de bhun Airteagal 19, déanfaidh an Coimisiún, i gcás inar gá chun an fhreagairt ar leibhéal an Aontais a chomhordú nó arna iarraidh sin don Choiste Slándála Sláinte dá dtagraítear in Airteagal 21 nó ar a thionscnamh féin, measúnú riosca ar dhéine ionchasach na bagartha ar an tsláinte phoiblí, lena n-áirítear bearta sláinte poiblí féideartha, lena n-áirítear measúnú riosca ar mheabhairshláinte an phobail lena mbaineann, a chur ar fáil go pras do na húdaráis náisiúnta inniúla agus don Choiste Slándála Sláinte, trí EWRS. Is mar seo a leanas a dhéanfar an measúnú riosca sin:
Leasú 269
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – pointe a (nua)
(-a)   HERA i gcomhréir le hAirteagal 2(2) de Chinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021. Déanfaidh HERA an measúnú a chur i gcrích ar bhealach lenar féidir cinneadh a dhéanamh ar ghníomhachtú an chreata éigeandála mar a leagtar amach in Airteagal 3 de Rialachán ón gComhairle maidir le creat chun an soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus maidir leis na bearta mar a leagtar amach in Airteagail 5 go 11 agus in Airteagal 13 den Rialachán sin is iomchuí a ghníomhachtú;
Leasú 197
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – pointe a
(a)  ECDC i gcomhréir le hAirteagal 8a de Rialachán (AE) .../...[IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]] maidir le bagairt dá dtagraítear i bpointí (i) agus (ii) de phointe (a) d’Airteagal 2(1) lena n-áirítear substaintí de bhunús daonna: fuil, orgáin, fíocháin agus cealla a bhféadfadh tionchar a bheith ag galair theagmhálacha orthu; nó pointe (d) d'Airteagal 2(1); agus/nó
(a)  ECDC i gcomhréir le hAirteagal 8a de Rialachán (AE) .../...[IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]] maidir le bagairt dá dtagraítear i bpointe (a) d’Airteagal 2(1) lena n-áirítear substaintí de bhunús daonna: amhail fuil, orgáin, fíocháin agus cealla a bhféadfadh tionchar a bheith ag galair theagmhálacha orthu; nó pointe (d) d'Airteagal 2(1); agus/nó
Leasú 198
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – pointe a a (nua)
(aa)   an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA), i gcomhréir le hAirteagal 1 de Rialachán (AE) 2021/... [cuir isteach uimhir an Rialacháin athbhreithnithe EMA 2020/0321(COD)], i gcás bagairt atá nasctha le táirge leighis easnamhach nó i gcás bagairt atá ag dul in olcas mar thoradh ar ghanntanas táirgí leighis lena n-úsáid ag an duine nó ganntanas feistí leighis; agus/nó
Leasú 199
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 1 – pointe f a (nua)
(fa)   Eintitis de chuid an Aontais nó eintitis náisiúnta atá i mbun stoc-charnadh feistí leighis.
Leasú 200
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 2
2.  Arna iarraidh sin ag an ngníomhaireacht nó ag an gcomhlacht a dhéanfaidh an measúnú riosca laistigh dá sainordú, déanfaidh na gníomhaireachtaí agus comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, gan moill mhíchuí, aon fhaisnéis agus sonraí ábhartha atá ar fáil acu a sholáthar.
2.  Arna iarraidh sin ag an ngníomhaireacht nó ag an gcomhlacht a dhéanfaidh an measúnú riosca laistigh dá sainordú, déanfaidh na gníomhaireachtaí agus na comhlachtaí dá dtagraítear i mír 1, gan moill mhíchuí, aon sonraí faisnéise agus saineolas ábhartha atá ar fáil dóibh a sholáthar. Agus a measúnú riosca á thabhairt aige, ainmneofar an ghníomhaireacht nó an comhlacht mar an phríomhghníomhaireacht i gcomhréir le mír 3. Áiritheoidh an ghníomhaireacht nó an comhlacht go dtabharfaidh sí nó sé aird ar aon fhaisnéis nó saineolas a gheofar ó ghníomhaireachtaí nó comhlachtaí eile dá dtagraítear i mír 1.
Leasú 201
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 1
I gcás ina mbíonn an measúnú riosca atá ag teastáil go hiomlán nó go páirteach lasmuigh de shainordú na ngníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 1, agus go meastar gur gá an fhreagairt a chomhordú ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an gCoiste Slándála Sláinte nó ar a thionscnamh féin, measúnú riosca ad hoc a sholáthar.
I gcás ina mbíonn an measúnú riosca atá ag teastáil go hiomlán nó go páirteach lasmuigh de shainorduithe na ngníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 1, agus ina meastar go bhfuil gá leis chun an fhreagairt a chomhordú ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Coimisiún, arna iarraidh sin ag an gCoiste Slándála Sláinte nó ar a thionscnamh féin, measúnú riosca ad hoc a sholáthar. I gcás ina dtagann an measúnú riosca is gá faoi shainordú roinnt de na gníomhaireachtaí dá dtagraítear i mír 1, ainmneoidh an Coimisiún príomhghníomhaireacht le bheith i gceannas ar an measúnú riosca a chur i gcrích, i gcomhar leis na gníomhaireachtaí eile lena mbaineann, agus leagfaidh sé síos sprioc-am faoina mbeidh ar an ngníomhaireacht sin an measúnú a thíolacadh.
Leasú 202
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 2
Déanfaidh an Coimisiún an measúnú riosca a chur ar fáil go pras do na húdaráis náisiúnta inniúla trí EWRS, agus, más iomchuí, trí chórais foláirimh nasctha. I gcás ina bhfuil an measúnú riosca le cur ar fáil go poiblí, gheobhaidh na húdaráis náisiúnta inniúla é sula bhfoilseofar é.
Déanfaidh an Coimisiún an measúnú riosca a chur ar fáil go pras do na húdaráis náisiúnta inniúla trí EWRS, agus, más iomchuí, trí chórais foláirimh nasctha. I gcás ina bhfuil an measúnú riosca le cur ar fáil go poiblí, gheobhaidh na húdaráis náisiúnta inniúla é sula bhfoilseofar é trí EWRS agus HSC.
Leasú 203
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 20 – mír 3 – fomhír 3
Cuirfear an fhaisnéis ábhartha, más ann di, a chuireann eintitis eile ar fáil san áireamh sa mheasúnú riosca, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le héigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar leibhéal idirnáisiúnta í.
Déanfar faisnéis ábhartha, más ann di, arna soláthar ag saineolaithe sláinte poiblí agus eintitis eile, go háirithe ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte maidir le héigeandáil sláinte poiblí arb ábhar imní ar an leibhéal idirnáisiúnta í, a chur san áireamh sa mheasúnú riosca.
Leasú 270
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Tar éis fógra foláirimh de bhun Airteagal 19, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát agus ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19 agus na measúnuithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 20, déanfaidh Ballstáit laistigh den Choiste Slándála Sláinte agus i gcuibhreann leis an gCoimisiún an méid seo a leanas a chomhordú:
1.  Tar éis fógra foláirimh de bhun Airteagal 19, arna iarraidh sin don Choimisiún nó do Bhallstát agus ar bhonn na faisnéise atá ar fáil, lena n-áirítear an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 19 agus na measúnuithe riosca dá dtagraítear in Airteagal 20, déanfaidh Ballstáit laistigh den Choiste Slándála Sláinte agus i gcuibhreann leis an gCoimisiún, le HERA go háirithe, an méid seo a leanas a chomhordú:
Leasú 204
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe b
(b)  cumarsáid riosca agus géarchéime, le cur in oiriúint do riachtanais agus do dhálaí Ballstát, atá dírithe ar fhaisnéis chomhsheasmhach chomhordaithe san Aontas a chur ar fáil don phobal agus do ghairmithe cúraim sláinte;
(b)  cumarsáid riosca agus géarchéime, a bheidh le cur in oiriúint do riachtanais agus dálaí na mBallstát, atá dírithe ar fhaisnéis chomhsheasmhach agus chomhordaithe a sholáthar don phobal, do ghairmithe cúraim sláinte agus do shaineolaithe sláinte poiblí san Aontas;
Leasú 205
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe c
(c)  tuairimí agus treoir a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le bearta freagartha sonracha do na Ballstáit maidir le bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte a chosc agus a rialú.
(c)  tuairimí agus treoir a ghlacadh, lena n-áirítear maidir le bearta freagartha sonracha do na Ballstáit le haghaidh bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte a chosc agus a rialú, lena n-áirítear bearta freagartha a chomhordú.
Leasú 206
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)   srianta taistil náisiúnta agus srianta trasteorann eile ar ghluaiseacht agus cruinniú daoine, mar aon le ceanglais choraintín agus maoirseacht ar choraintíní tar éis taisteal trasteorann.
Leasuithe 207 agus 271
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 2
2.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát bearta sláinte poiblí a ghlacadh chun bagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte a chomhrac, déanfaidh sé, sula nglacann sé na bearta sin, na Ballstáit eile agus an Coimisiún a chur ar an eolas faoi chineál, faoi chuspóir agus faoi raon na mbeart agus rachaidh siad i gcomhairle leo maidir leis sin, mura mbíonn an gá chun sláinte phoiblí a chosaint chomh práinneach sin gur gá na bearta a ghlacadh láithreach.
2.  I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag Ballstát bearta sláinte poiblí a ghlacadh chun bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte a chomhrac, déanfaidh sé, sula nglacann sé na bearta sin, sula scoireann sé díobh, na Ballstáit eile, go háirithe na Ballstáit chomharsanacha, an Coimisiún, go háirithe HERA, HCB agus an Coiste Slándála Sláinte a chur ar an eolas faoi chineál, cuspóir agus raon feidhme na mbeart, rachaidh sé i gcomhairle agus i mbun comhordú leo maidir leis sin, mura rud é go mbeidh sé chomh práinneach sin an tsláinte phoiblí a chosaint gur gá na bearta a ghlacadh láithreach.
Leasuithe 208 agus 272
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3
3.  I gcás inar gá do Bhallstát, ar bhonn práinne, bearta sláinte poiblí a ghlacadh mar fhreagairt ar bhagairt thromchúiseach trasteorann ar shláinte a theacht nó a bhorradh, cuirfidh sé na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas, láithreach ar iad a ghlacadh, maidir le cineál, cuspóir agus raon na mbeart sin.
3.  I gcás inar gá do Bhallstát, ar bhonn práinne, bearta sláinte poiblí a ghlacadh mar fhreagairt ar bhagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte a theacht nó a bhorradh, cuirfidh sé na Ballstáit eile, na húdaráis réigiúnacha ábhartha, an Coimisiún, go háirithe HERA, HCB agus an Coiste Slándála Sláinte ar an eolas, láithreach ar iad a ghlacadh, maidir le cineál, cuspóir agus raon feidhme na mbeart sin i réigiúin trasteorann go háirithe.
Leasú 209
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 21 – mír 3 a (nua)
3a.   I gcás na n-acmhainneachtaí freagartha náisiúnta i mBallstát a bheith thar a riocht ag bagairt trasteorann thromchúiseach ar an tsláinte, féadfaidh an Ballstát sin cúnamh a iarraidh ar Bhallstáit eile trí ERCC dá bhforáiltear i gCinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a.
___________________
1a Cinneadh Uimh. 1313/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Sásra an Aontais Eorpaigh um Chosaint Shibhialta.
Leasú 273
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe a
(a)  beidh siad bunaithe ar mholtaí ECDC go háirithe, na ngníomhaireachtaí nó na gcomhlachtaí ábhartha eile, nó an Choiste Chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 24;
(a)  beidh siad bunaithe ar mholtaí ECDC agus HERA go háirithe, na ngníomhaireachtaí nó na gcomhlachtaí ábhartha eile, nó an Choiste Chomhairligh dá dtagraítear in Airteagal 24;
Leasú 210
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe c
(c)  beidh siad comhréireach leis na rioscaí sláinte poiblí a bhaineann leis an mbagairt a bheidh i gceist, lena seachnófar go háirithe aon srian nach bhfuil gá léi ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí.
(c)  beidh siad riachtanach, oiriúnach agus comhréireach leis na rioscaí sláinte poiblí a bhaineann leis an mbagairt a bheidh i gceist, lena seachnófar go háirithe aon srian nach bhfuil gá léi ar shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí, agus aon srian ar na cearta, na saoirsí agus na prionsabail a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus lena gcuirfear chun cinn comhordú na mbeart idir na Ballstáit;
Leasú 211
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe c a (nua)
(ca)   beidh siad teoranta ó thaobh ama de, agus scoirfidh siad d’fheidhm a bheith acu a luaithe nach mbeidh ceann amháin de na coinníollacha is infheidhme a leagtar amach i pointí (a), (b) agus (c) á chomhlíonadh a thuilleadh;
Leasú 212
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 22 – mír 2 – pointe c b (nua)
(cb)  cuirfear san áireamh an gá atá le margadh inmheánach a fheidhmíonn mar is gnách, go háirithe gur ann do lánaí glasa do shaorghluaiseacht bia agus frithbheart leighis.
Leasú 213
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 3
3.  Sula n-aithnítear staid éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún idirchaidreamh a dhéanamh le EDS d’fhonn anailís an Choimisiúin ar staid na ráige a chomhroinnt agus chun a chur in iúl do EDS go bhfuil sé ar intinn aige glacadh le cinneadh den sórt sin.
3.  Sula n-aithnítear staid éigeandála sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, déanfaidh an Coimisiún idirchaidreamh le EDS chun anailís an Choimisiúin ar staid na ráige a chomhroinnt agus chun a chur in iúl do EDS go bhfuil sé ar intinn aige cinneadh den sórt sin a ghlacadh.
Leasú 214
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 4 – fomhír 2
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(3).
Leasú 274
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 23 – mír 4 a (nua)
4 a.   Tar éis éigeandáil sláinte poiblí a aithint, féadfaidh an Chomhairle, ar an togra ón gCoimisiún, rialachán a ghlacadh lena ngníomhachtaítear an creat éigeandála i gcás ina bhfuil sé sin iomchuí don staid eacnamaíoch, de bhun Airteagal 3 de Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun an soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais. I gcás ina ngníomhachtaítear an creat éigeandála, déanfar HCB a chur ar bun chun comhordú a dhéanamh ar ghníomhaíocht ag an gComhairle, an Coimisiún, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí ábhartha an Aontais agus na Ballstáit chun an soláthar agus an rochtain ar fhrithbhearta leighis a áirithiú. I gcásanna den sórt sin, de bhun an Dearbhaithe Chomhpháirtigh maidir le grinnscrúdú buiséadach ar thograí nua bunaithe ar Airteagal 122 CFAE, déanfar Comhchoiste ina mbeidh ionadaithe ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chur ar bun.
Leasú 215
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – an chuid réamhráiteach
1.  Chun críche éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais, bunóidh an Coimisiún Coiste Comhairleach maidir le héigeandálaí sláinte poiblí (‘An Coiste Comhairleach’) a thabharfaidh, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, comhairle don Choimisiún trína thuairimí a chur ar fáil maidir leis an méid seo a leanas:
1.  Chun críche éigeandáil sláinte poiblí a aithint go foirmiúil ar leibhéal an Aontais, bunóidh an Coimisiún, ar é a dhul i gcomhairle leis an gCoiste Slándála Sláinte, Coiste Comhairleach maidir le héigeandálaí sláinte poiblí (‘An Coiste Comhairleach’) a thabharfaidh, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag an gCoiste Slándála Sláinte, comhairle don Choimisiún agus don Choiste Slándála Sláinte trína thuairimí ar an méid seo a leanas a sholáthar:
Leasú 216
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe c – pointe ii
(ii)  bearnaí, neamhréireachtaí nó easnaimh shuntasacha sna bearta a tógadh nó atá le tógáil a aithint agus a mhaolú, agus an bhagairt shonrach a bhainistiú agus a tionchar a shárú, lena n-áirítear maidir le bainistiú agus cóireáil chliniciúil, frithbhearta neamhchógaisíochta agus riachtanais taighde sláinte poiblí;
(ii)  bearnaí, neamhréireachtaí nó easnaimh shuntasacha sna bearta a tógadh nó atá le tógáil a shainaithint agus a mhaolú, agus an bhagairt shonrach a bhainistiú agus a tionchar a shárú, lena n-áirítear maidir le bainistiú agus cóireáil chliniciúil, agus riachtanais taighde sláinte poiblí;
Leasú 217
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 1 – pointe c – pointe ii a (nua)
(iia)  i gcomhairle le EMA de bhun Rialachán (AE) …/… [IO: Cuir isteach uimhir Rialachán EMA] cobhsaíocht slabhraí soláthair agus acmhainneacht táirgeachta slabhraí soláthair leighis a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus monarú na bhfrithbheart leighis is gá chun an galar lena mbaineann a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a sheiceáil;
Leasú 218
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2
2.  Beidh saineolaithe neamhspleácha ar an gCoiste Comhairleach, arna roghnú ag an gCoimisiún de réir na réimsí saineolais agus taithí is ábhartha don bhagairt shonrach a bheidh ag tarlú. Ba cheart ballraíocht ildisciplíneach a bheith ag an gCoiste ionas gur féidir leis comhairle a thabhairt ar ghnéithe bithleighis, iompraíochta, sóisialta, eacnamaíocha, cultúrtha agus idirnáisiúnta. Beidh ionadaithe ECDC agus EMA rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an gCoiste Comhairleach. Beidh ionadaithe comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais atá ábhartha don bhagairt shonrach rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an gCoiste seo de réir mar is gá. Féadfaidh an Coimisiún iarraidh ar shaineolaithe a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar ar an gclár oibre páirt a ghlacadh in obair an Choiste Chomhairligh ar bhonn ad-hoc.
2.  Beidh an Coiste Comhairleach comhdhéanta de shaineolaithe neamhspleácha, ionadaithe ar oibrithe sláinte agus cúraim agus ionadaithe den tsochaí shibhialta, arna roghnú ag an gCoimisiún de réir na réimsí saineolais agus taithí is ábhartha don bhagairt shonrach a bheidh ag tarlú. Ba cheart ballraíocht ildisciplíneach a bheith ag an gCoiste ionas gur féidir leis comhairle a thabhairt ar ghnéithe sláintíochta, bithleighis, iompraíochta, sóisialta, eacnamaíocha, taighde, forbartha, monaraíochta, cultúrtha, iompair agus idirnáisiúnta. Glacfaidh ionadaithe ECDC agus EMA páirt ghníomhach ar an gCoiste Comhairleach. Beidh ionadaithe comhlachtaí nó gníomhaireachtaí eile an Aontais atá ábhartha don bhagairt shonrach rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an gCoiste seo de réir mar is gá. Féadfaidh an Coimisiún nó an Coiste Slándála Sláinte a iarraidh ar shaineolaithe agus geallsealbhóirí a bhfuil saineolas sonrach acu i ndáil le hábhar ar an gclár oibre páirt a ghlacadh in obair an Choiste Chomhairligh ar bhonn ad-hoc. Foilseoidh an Coimisiún ainmneacha na saineolaithe arna roghnú chun a bheith ina gcuid den Choiste Comhairleach mar aon le mionsonraí na gcúlraí gairmiúla agus/nó eolaíocha ba bhunús lena gceapachán.
Leasú 219
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 a (nua)
2a.  Déanfaidh an Coimisiún an liosta de chomhaltaí an Choiste Chomhairligh agus na cáilíochtaí a thacaíonn lena gceapachán a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin. Áireofar go mbeidh cothromaíocht gheografach ann sa bhallraíocht nuair is féidir. Gníomhóidh na comhaltaí ar mhaithe le leas an phobail agus ar bhealach neamhspleách. Déanfaidh siad dearbhuithe leasa agus dearbhuithe gealltanas. Áireofar sna dearbhuithe sin aon ghníomhaíocht, aon phost, aon imthosca nó fíricí ar bith eile a bhféadfadh leas díreach nó indíreach a bheith i gceist ina leith, chun go bhféadfar leasanna arbh fhéidir a mheas go bhfuil siad chun dochair do neamhspleáchas na saineolaithe sin a shainaithint.
Leasú 275
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 2 b (nua)
2b.   Feidhmeoidh an Coiste Comhairleach i gcomhar le HCB agus le Fóram Comhairleach HERA arna bhunú faoi Chinneadh ón gCoimisiún an 16 Meán Fómhair 2021. Beidh ionadaithe ó Fhóram Comhairleach HERA rannpháirteach mar bhreathnóirí ar an gCoiste Comhairleach. Áiritheofar leis an gcomhordú idir na comhlachtaí sin go mbeidh na geallsealbhóirí ábhartha uile rannpháirteach, lena n-áirítear eagraíochtaí gairmithe cúraim sláinte, comhlachais othar agus gníomhaithe tionscail agus gníomhaithe an tslabhra soláthair ag a bhfuil taithí aitheanta i ndisciplíní a bhaineann le comhairle a sholáthar ar fhreagairt d’éigeandálaí sláinte agus i leith na hoibre a dhéanann HERA.
Leasú 220
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 3
3.  Tiocfaidh an Coiste Comhairleach le chéile nuair a bheidh gá leis, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún nó ag Ballstát.
3.  Tiocfaidh an Coiste Comhairleach le chéile nuair a bheidh gá leis, arna iarraidh sin ag an gCoimisiún, ag an gCoiste Slándála Sláinte nó ag Ballstát.
Leasú 221
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6
6.  Bunóidh an Coiste Comhairleach rialacha nós imeachta lena n-áirítear rialacha maidir le dearbhú agus foirceannadh staide éigeandála, agus moltaí a ghlacadh agus vótáil. Tiocfaidh na rialacha nósanna imeachta i bhfeidhm tar éis don Choimisiún tuairim fhabhrach a thabhairt ina leith.
6.  Bunóidh an Coiste Comhairleach a rialacha nós imeachta lena n-áirítear maidir leis na rialacha le haghaidh dearbhú agus foirceannadh staide éigeandála, agus moltaí a ghlacadh agus vótáil. Tiocfaidh na rialacha nós imeachta i bhfeidhm tar éis tuairim fhabhrach a fháil ón gCoimisiún agus ón gCoiste Slándála Sláinte.
Leasú 222
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6 a (nua)
6a.   Beidh miontuairiscí an Choiste Chomhairligh ar fáil go poiblí.
Leasú 223
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 24 – mír 6 b (nua)
6b.   Oibreoidh an coiste comhairleach i ndlúthchomhar le comhlachtaí comhairleacha náisiúnta.
Leasuithe 224 agus 276
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe b
(b)  sásraí chun ganntanais frithbheart leighis a fhaire, agus iad a fhorbairt, a fháil, a bhainistiú agus a imscaradh;
(b)  bearta, de bhun Rialachán ón gComhairle maidir le creat beart chun an soláthar frithbheart leighis atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú i gcás éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais, ar fhorbairt, ar mhonarú, ar sholáthar, ar ghníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích chun slándáil an tsoláthar a áirithiú, ar bhainistíocht, ar stóráil, ar dháileadh agus ar úsáid na bhfrithbheart leighis;
Leasú 225
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe c
(c)  gníomhachtú na tacaíochta ó ECDC dá dtagraítear i Rialachán (AE) .../... [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]] chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais a shlógadh agus a chur in úsáid.
(c)  gníomhachtú na tacaíochta ó ECDC amhail dá dtagraítear i Rialachán (AE) .../... [IO: Cuir isteach uimhir an Rialacháin ECDC [ISC/2020/12527]] chun Tascfhórsa Sláinte an Aontais a shlógadh agus a chur in úsáid, agus go háirithe liosta saoráidí cóiríochta in aonaid dianchúraim sna Ballstáit a bhunú chun críche aistriú trasteorann othar a d’fhéadfadh tarlú;
Leasú 226
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe c a (nua)
(ca)   sásra rialaithe onnmhairí de chuid an Aontais chun a chur ar chumas an Aontais rochtain thráthúil agus éifeachtach ar fhrithbhearta a áirithiú;
Leasú 227
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 – mír 1 – pointe c b (nua)
(cb)  lánaí glasa dá dtagraítear in Airteagal 25a den Rialachán seo, i gcásanna eisceachtúla.
Leasú 228
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 25 a (nua)
Airteagal 25a
Lánaí glasa
1.  I ndiaidh dó éigeandáil sláinte poiblí maidir le cás paindéime a aithint faoi Airteagal 23(1), bunóidh an Coimisiún lánaí glasa, i gcás srianta trasteorann, chun a áirithiú gur féidir le hearraí bunriachtanacha, frithbhearta leighis agus oibrithe trasteorann gluaiseacht faoi shaoirse laistigh den mhargadh inmheánach.
2.  Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le forálacha maidir le bunú na lánaí glasa dá dtagraítear i mír 1.
3.  Ní fhéadfaidh Ballstát onnmhairithe frithbheart leighis a thoirmeasc ná a shrianadh ach i gcásanna a shainmhínítear in Airteagal 36 CFAE le linn éigeandáil sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, ar choinníoll go bhfaighidh sé údarú roimh ré ón gCoimisiún.
4.  Déanfaidh an Coimisiún cinneadh maidir leis an iarraidh ar réamhúdarú laistigh de chúig lá tar éis dó an iarraidh a fháil. Mura ndéanfaidh an Coimisiún cinneadh laistigh den tréimhse sin, measfar an t-údarú a bheith tugtha.
Leasú 229
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 1
1.  Áireoidh EWRS feidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha trínar féidir sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus sonraí maidir le sláinte, a chur in iúl d’údaráis náisiúnta inniúla amháin a mbeidh baint acu leis na bearta rianaithe teagmhálaithe lena mbaineann. Déanfar an fheidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha sin a dhearadh agus a oibriú ionas go n-áiritheofar sábháilteacht agus próiseáil shlán dhleathach sonraí pearsanta agus go nascfadh sé le córais rianaithe teagmhálaithe ar leibhéal an Aontais.
1.  Áireoidh EWRS feidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha trína bhféadfar sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus sonraí maidir le sláinte, a chur in iúl d’údaráis náisiúnta inniúla a mbeidh baint acu leis na bearta rianaithe teagmhálaithe lena mbaineann, agus dóibh siúd amháin. Déanfar an fheidhmiúlacht teachtaireachtaí roghnaíocha sin a dhearadh agus prionsabal an íoslaghdaithe sonraí agus na cosanta sonraí trí dhearadh agus mar réamhshocrú á urramú, agus déanfar í a oibriú ionas go n-áiritheofar sábháilteacht agus próiseáil shlán dhleathach sonraí pearsanta agus go nascfaidh sí le córais rianaithe teagmhálaithe ar leibhéal an Aontais.
Leasú 230
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 5
5.  D’fhéadfaí sonraí pearsanta a mhalartú freisin i gcomhthéacs an rianaithe teagmhálaithe uathoibríoch, trí fheidhmchláir rianaithe teagmhálaithe a úsáid.
5.  Féadfar sonraí pearsanta a mhalartú freisin i gcomhthéacs an rianaithe teagmhálaithe uathoibríoch, trí fheidhmchláir rianaithe teagmhálaithe a úsáid, i lán-chomhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ('GDPR')1a
__________________
1a Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016).
Leasú 231
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach
6.  Déanfaidh an Coimisiún an méid seo a leanas a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme:
6.  De dhroim nós imeachta réamhchomhairliúcháin mar a leagtar amach in Airteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725, déanfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 28 i dtaobh an mhéid seo a leanas:
Leasú 232
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír  1 – pointe b
(b)  nósanna imeachta chun EWRS a idirnascadh le córais rianaithe teagmhálaithe ar leibhéal an Aontais;
(b)  nósanna imeachta chun EWRS a idirnascadh le córais rianaithe teagmhálaithe ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta;
Leasú 233
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 1 – pointe d
(d)  rialacha mionsonraithe chun na feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe uathoibríocha a phróiseáil agus idir-oibritheacht na bhfeidhmchlár sin, chomh maith le cásanna ina bhféadfaí go ndeonófar rochtain ar thríú tíortha ar idir-inoibritheacht rianaithe teagmhálaithe, agus na coinníollacha faoina ndeonófar an rochtain sin, agus socruithe praiticiúla na rochtana sin.
(d)  na modúlachtaí chun feidhmchláir rianaithe teagmhálaithe uathoibríocha a phróiseáil mar aon le hidir-oibritheacht na bhfeidhmchlár sin, chomh maith leis na cásanna ina bhféadfar rochtain ar idir-inoibritheacht rianaithe teagmhálaithe a thabhairt do thríú tíortha, agus na coinníollacha faoina bhféadfar an rochtain sin a thabhairt, agus socruithe praiticiúla na rochtana sin, agus EUDPR agus cásdlí is infheidhme na Cúirte Breithiúnais á gcomhlíonadh go hiomlán;
Leasú 234
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 1 – pointe d a (nua)
(da)   cur síos mionsonraithe ar róil na ngníomhaithe a bheidh páirteach i bpróiseáil sonraí pearsanta trí na huirlisí agus na córais TF a mholtar.
Leasú 235
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 26 – mír 6 – fomhír 2
Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 27(2).
scriosta
Leasú 236
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 2
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an ghnímh reachtaigh bhunúsaigh nó dáta ar bith eile á leagan síos ag comhreachtóirí].
2.  Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 8(3), 13(9), 14(6), 17(3), 25a(2), agus 26(6) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an bhunghnímh reachtaigh nó aon dáta eile arna leagan síos ag na comhreachtóirí]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5 bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.
Leasú 237
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 3
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
3.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 8(3), 13(9), 14(6), 17(3), 25a(2) agus 26(6) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.
Leasú 238
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 – mír 6
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
6.  Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 8(3), 13(9), 14(6), 17(3), 25a(2) agus 26(6) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.
Leasú 239
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 28 a (nua)
Airteagal 28a
An nós imeachta práinne
1.  Tiocfaidh gníomhartha tarmligthe a ghlactar faoin Airteagal seo i bhfeidhm gan mhoill agus beidh feidhm acu ar choinníoll nach ndéanfar aon agóid i gcomhréir le mír 2. Déanfar na cúiseanna le húsáid a bhaint as an nós imeachta práinne a lua san fhógra faoi ghníomh tarmligthe a thugtar do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle.
2.  Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle agóid a dhéanamh i gcoinne gníomh tarmligthe i gcomhréir leis an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 28(6). I gcás den sórt sin, déanfaidh an Coimisiún an gníomh tarmligthe a aisghairm láithreach tar éis do Pharlaimint na hEorpa nó don Chomhairle fógra a thabhairt maidir leis an gcinneadh agóid a dhéanamh.
Leasuithe 240 agus 277
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1
Faoi 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an mheastóireacht a reáchtáil i gcomhréir le treoirlínte rialála níos fearr an Choimisiúin. Áireofar leis an meastóireacht, go háirithe, measúnú ar oibriú EWRS agus an líonra faireachais eipidéimeolaíoch, chomh maith le comhordú na freagartha leis an gCoiste Slándála Sláinte.
Faoi 2025 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi na príomhthorthaí faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle. Déanfar an mheastóireacht a reáchtáil i gcomhréir le treoirlínte rialála níos fearr an Choimisiúin. Áireofar sa mheastóireacht, go háirithe, measúnú ar oibriú EWRS agus an líonra faireachais eipidéimeolaíoch, chomh maith le comhordú ar an bhfreagairt le HSC, HERA agus tionchar an Rialacháin ar fheidhmiú cuí an mhargaidh aonair nuair a bhíonn bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar an tsláinte ann. Faoi 2023 agus gach 2 bhliain ina dhiaidh sin déanfaidh an Coimisiún grinn-athbhreithniú ar chur chun feidhme oibríochtaí HERA, lena n-áirítear a struchtúr, rialachas, cistiú agus acmhainní daonna. Tabharfar aghaidh leis na hathbhreithnithe sin, go háirithe, ar aon ghá atá le struchtúr HERA a mhodhnú, lena n-áirítear ach nach bhfuil teoranta don fhéidearthacht HERA a uasghrádú chuig gníomhaireacht neamhspleách, an sainordú atá ag HERA agus na himpleachtaí airgeadais a bhaineann le haon mhodhnú den sórt sin. Tuairisceoidh an Coimisiún do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le torthaí na n-athbhreithnithe. Cuirfear na torthaí sin ar fáil don phobal. Beidh togra reachtach ag gabháil leis na hathbhreithnithe, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna dá dtagraítear sa mhír seo, agus lánurraim á tabhairt do ról Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir.
Leasú 241
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 29 – mír 1 a (nua)
Bunaithe ar an meastóireacht dá dtagraítear i mír 2, tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach chun an Rialachán seo a leasú.

(1) Tarchuireadh an ní ar ais chuig an gcoiste freagrach le haghaidh idirbheartaíocht idirinstitiúideach de bhun Riail 59(4), an ceathrú fomhír (A9-0247/2021)


Comhaontú AE/an Astráil: modhnú lamháltas ar na taraif-chuótaí uile a áirítear i Sceideal AE CLXXV ***
PDF 114kWORD 43k
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích, thar ceann an Aontais, an Chomhaontuithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na hAstráile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le lamháltais a mhodhnú ar na cuótaí rátaí taraife uile i Sceideal AECLXXV de thoradh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (06102/2021 – C9-0376/2021 – 2021/0029(NLE))
P9_TA(2021)0450A9-0306/2021

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06102/2021),

–  ag féachaint don dréacht-Chomhaontú i bhfoirm malartú litreacha idir an tAontas Eorpach agus Comhlathas na hAstráile de bhun Airteagal XXVIII den Chomhaontú Ginearálta um Tharaifí agus Trádáil (GATT) 1994 a bhaineann le lamháltais a mhodhnú ar na cuótaí rátaí taraife uile i Sceideal AE CLXXV de thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach (06103/2021),

–  ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4), an chéad fhomhír, agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9-0376/2021),

–  ag féachaint do Riail 105(1) agus (4), agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0306/2021),

1.  ag tabhairt a toilithe do thabhairt i gcrích an chomhaontaithe;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Chomhlathas na hAstráile.


Daonlathas, saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE
PDF 217kWORD 69k
Rún
Iarscríbhinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE: an úsáid mhíchuí a bhaintear as gníomhaíochtaí faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost (2021/2036(INI))
P9_TA(2021)0451A9-0292/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus go háirithe Airteagal 2, Airteagal 3, Airteagal 4(3) agus Airteagail 5, 6, 7 agus 19 de,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 70, 81, 82, 114 agus 352 de,

–  ag féachaint don Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) agus go háirithe Airteagail 11, 12, 15, 20, 47, 48 agus 54 di,

–  ag féachaint do Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach agus do Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, atá i gceangal le CAE agus le CFAE,

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 864/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Iúil 2007 maidir leis an dlí is infheidhme ar oibleagáidí neamhchonarthacha (an Róimh II)(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (an Bhruiséil I)(2),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais(3),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014(4),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár Ceartais agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013(5),

–  ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don teachtaireacht dar teideal Commission Work Programme 2021 – A Union of vitality in a world of fragility [Clár oibre an Choimisiún do 2021: Aontas beogachta i ndomhan leochaileachta] (COM(2020)0690),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal On the European democracy action plan [Maidir leis an bPlean Gníomhaíochta um an Daonlathas Eorpach] (COM(2020)0790),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal A Union of Equality: Gender Equality Strategy 2020-2025 [Aontas an Chomhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025] (COM(2020)0152),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal 2020 Rule of Law Report – The rule of law situation in the European Union [Tuarascáil 2020 ar an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach] (COM(2020)0580), agus do na 27 gcaibidil tíre a ghabhann léi maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit (SWD(2020)0300-0326),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025] (COM(2020)0698),

–  ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú (C/2021/6650),

–  ag féachaint don obair leantach ón gCoimisiún Eorpach ar an rún neamhreachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2018 maidir le hiolrachas na meán agus saoirse na meán san Aontas Eorpach,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha dar teideal Challenges facing civil society organisations working on human rights in the EU [Dúshláin os comhair eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar chearta an duine in AE], a foilsíodh an 17 Eanáir 2018, do na feasacháin ar na himpleachtaí do chearta bunúsacha a bhaineann le paindéim an chóróinvíris in AE a foilsíodh in 2020, agus do thuarascálacha, sonraí agus uirlisí eile na Gníomhaireachta, go háirithe Córas Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EFRIS),

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, agus go háirithe Airteagal 19 de,

–  ag féachaint d’ionstraimí eile de chuid na Náisiún Aontaithe maidir le cosaint chearta an duine agus le cosaint do chearta bunúsacha agus ag féachaint do na moltaí agus na tuarascálacha atá in Athbhreithniú Tréimhsiúil Uilechoiteann na Náisiún Aontaithe, chomh maith le cásdlí Chomhlachtaí Conartha na Náisiún Aontaithe agus nósanna imeachta speisialta na Comhairle um Chearta an Duine,

–  ag féachaint do Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cosantóirí Chearta an Duine an 8 Márta 1999,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir leis an gceart chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun saoirse comhlachais maidir le cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí (SLAPPanna) agus cearta saoirse comhthionóil agus comhlachais (cearta FoAA),

–  ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, do Chairt Shóisialta na hEorpa, do chásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, don Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta, agus do na coinbhinsiúin, na moltaí, na rúin, na tuairimí agus na tuarascálacha ón Tionól Parlaiminteach i gComhairle na hEorpa, ó Choiste na nAirí, ón gCoimisinéir um Chearta an Duine, ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, ón nGrúpa Stiúrtha ar Fhrith-Idirdhealú, Éagsúlacht agus Cuimsiú, ó Choimisiún na Veinéise agus ó chomhlachtaí eile i gComhairle na hEorpa,

–  ag féachaint don dearbhú ó Chomhairle na hEorpa an 4 Iúil 2012 maidir le hInmhianaitheacht na gCaighdeán Idirnáisiúnta lena ndéileáiltear le Siopadóireacht Dlínse i leith Clúmhilleadh, ‘Turasóireacht Leabhail’, chun an tSaoirse chun Tuairimí a Nochtadh a áirithiú,

–  ag féachaint do Mholadh ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa chuig na Ballstáit an 13 Aibreán 2016 maidir le cosaint na hiriseoireachta agus sábháilteacht gníomhaithe eile sna meáin (CM/Rec(2016)4[1]),

–  ag féachaint don mholadh ó Chomhairle na hEorpa an 28 Samhain 2018 maidir leis an ngá le cosaint agus cur chun cinn spás na sochaí sibhialta san Eoraip a neartú (CM/Rec(2018)11),

–  ag féachaint don mholadh ó Chomhairle na hEorpa do na Ballstáit an 7 Márta 2018 maidir le hiolrachas na meán agus trédhearcacht úinéireacht na meán (CM/Rec(2018)1),

–  ag féachaint do rún ó Chomhdháil Aireachta Chomhairle na hEorpa an 11 Meitheamh 2021 maidir le sábháilteacht iriseoirí,

–  ag féachaint don alt le Coimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine dar teideal Human Rights Comment: Time to take action against SLAPPs [Tuairim faoi Chearta an Duine: Tá sé in am gníomhú in aghaidh SLAPPanna] a foilsíodh an 27 Deireadh Fómhair 2020,

–  ag féachaint do thuarascáil bhliantúil 2021 ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa chun Cosaint na hIriseoireachta agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chur Chun Cinn,

–  ag féachaint do mholtaí agus do thuarascálacha na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine, ón Ionadaí maidir le Saoirse na Meán agus ó chomhlachtaí eile de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (OSCE),

–  ag féachaint do staidéar ón líonra EU-CITZEN an 29 Bealtaine 2020 dar teideal SLAPP in the EU context [SLAPP i gcomhthéacs AE](6),

–  ag féachaint don éileamh atá déanta ag comhghuaillíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha go ndéanfaí treoir frith-SLAPP a thabhairt isteach(7),

–  ag féachaint don staidéar dar teideal The Use of SLAPPs to Silence Journalists, NGOs and Civil Society [Úsáid SLAPPanna chun Iriseoirí, Eagraíochtaí Neamhrialtasacha agus an tSochaí Shibhialta a chur ina dtost] a foilsíodh i mí an Mheithimh 2021 agus a choimisiúnaigh Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa ar iarraidh ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,

–  ag féachaint dá ghearrchuntas faisnéise dar teideal European added value of an EU mechanism on democracy, rule of law and fundamental rights – Preliminary Assessment [An Breisluach Eorpach ó shásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha – Réamh-mheasúnú] an 23 Aibreán 2020,

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Bealtaine 2013 maidir le Cairt an Aontais Eorpaigh: socruithe caighdeánacha i ndáil le saoirse na meán ar fud an Aontais(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le sásra de chuid an Aontais um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta(10),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir le hiriseoirí iniúchta san Eoraip a chosaint: cás an iriseora Ján Kuciak agus Martina Kušnírová ón tSlóvaic(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 3 Bealtaine 2018 maidir le hiolrachas sna meáin agus saoirse na meán san Aontas Eorpach(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach de chuid an Aontais a bheith ann chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint(13),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE(14),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Márta 2019 maidir le staid an smachta reachta agus an comhrac i gcoinne an éillithe san Aontas Eorpach, go sonrach i Málta agus sa tSlóvaic(15),

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir leis an Smacht Reachta i Málta tar éis an mhéid a tháinig chun solais le déanaí i dtaobh dhúnmharú Daphne Caruana Galizia(16),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir le tuarascáil bhliantúil 2018 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus beartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair(17),

–  ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 ar Shásra de chuid an Aontais um an Daonlathas, um an Smacht Reachta agus um Chearta Bunúsacha a bhunú(18),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le Saoirse na Meán a Neartú: Cosaint Iriseoirí san Eoraip, an Fhuathchaint, an Bhréagaisnéis agus Ról na nArdán(19),

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach sa bhliain – Tuarascáil Bhliantúil do na blianta 2018-2019(20),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Nollaig 2020 maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027, don Chomhaontú Idirinstitiúideach, d’Ionstraim AE um Théarnamh agus don Rialachán maidir leis an Smacht Reachta(21),

–  ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2021 inar dearbhaíodh gur Limistéar Saoirse do LADTIA atá san Aontas Eorpach(22),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092, Sásra Coinníollachta an smachta reachta(23),

–  ag féachaint do rún uaithi an 29 Aibreán 2021 maidir le feallmharú Daphne Caruana Galizia agus maidir leis an smacht reachta i Málta(24),

–  ag féachaint do rún an 19 Bealtaine 2021 uaithi maidir le héifeachtaí an athraithe aeráide ar chearta an duine agus maidir le ról chosantóirí chearta an duine san ábhar(25),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile faoi Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0292/2021),

A.  de bhrí go bhfuil na cearta chun saoirse tuairimí a nochtadh, chun faisnéise agus chun rannpháirtíochta poiblí, i measc bhunchlocha an daonlathais; de bhrí go bhfuil an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh fíor-riachtanach chun prionsabail na trédhearcachta agus na cuntasachta a bhaint amach; de bhrí gur féidir le rannpháirtíocht phoiblí duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá ag gabháil d’ábhar a bhaineann le leas an phobail a bheith i bhfoirmeacha éagsúla; de bhrí gur féidir a áireamh sa rannpháirtíocht phoiblí sin feidhmiú an ghrinnscrúdaithe phoiblí agus scaipeadh faisnéise poiblí ar líne agus as líne, amhail cumarsáid, foilseacháin nó saothair iriseoireachta, lena n-áirítear ábhar eagarthóireachta, cumarsáid, foilseacháin nó saothair de chineál polaitiúil, eolaíoch, acadúil, ealaíonta, tráchtaireacht nó ábhar aorach, lena n-áirítear nuair is daoine atá faoi réir iniúchadh poiblí, i measc daoine eile, iad na daoine lena mbaineann, i gcomhthéacs leasanna níos leithne i bplé oscailte ar shaincheisteanna polaitiúla; de bhrí go bhfuil leibhéal níos airde cosanta ag foilseacháin a chuireann leis na díospóireachtaí ar ábhair a bhaineann le leas an phobail nó ar díol spéise ginearálta iad; de bhrí go bhfuil na teorainneacha a bhaineann leis an méid cáinte atá inghlactha níos leithne i gcás pearsana poiblí, go háirithe polaiteoirí agus oifigigh stáit;

B.  de bhrí gur príomhcholúin de chuid an daonlathais atá san iriseoireacht neamhspleách, neamhchlaonta, ghairmiúil agus fhreagrach mar aon leis an rochtain ar fhaisnéis iolraíoch; de bhrí go bhfuil an fhaisnéis, na tuarascálacha, na tuairimí, na héilimh, na hargóintí agus ráitis eile ón tsochaí shibhialta ríthábhachtach chun go mbeidh rath ar aon daonlathas; de bhrí gur údar imní atá ag dul i méid atá sa chúngú atá á dhéanamh ar an spás don tsochaí shibhialta i dtíortha áirithe agus go bhféadfadh drochthionchar a bheith aige sin ar an daonlathas; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an iriseoireacht neamhspleách atá ar ardchaighdeán agus ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta mar chaomhnóirí an daonlathais agus an smachta reachta trí lucht na cumhachta a thabhairt chun cuntais agus an bhréagaisnéis agus an mhífhaisnéis a chomhrac mar aon le cur isteach agus cúbláil pholaitiúil ón iasacht;

C.  de bhrí go bhfuil iriseoirí agus gníomhaithe sna meáin san Eoraip agus thar lear á mbagairt, á n-ionsaí go fisiciúil agus á bhfeallmharú níos minice agus níos minice le blianta beaga anuas mar gheall ar a gcuid oibre, go háirithe nuair a bhíonn an obair sin dírithe ar mhí-úsáid na cumhachta, ar an éilliú, ar sháruithe ar chearta bunúsacha agus ar ghníomhaíochtaí coiriúla; á chur i bhfáth, chun go ndéanfar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a fheidhmiú go héifeachtach, go bhfuil gá le réimse beart dearfach ar mhaithe le hiriseoirí a chosaint, lena n-áirítear ar mhaithe lena mbeatha a chosaint agus feallmharuithe a fhiosrú, agus a gcuid foinsí a chosaint go héifeachtach; ag tabhairt dá haire nach bagairtí foréigneacha amháin iad na bagairtí sin agus go n-eascraíonn an t-imeaglú a dhéantar ar iriseoirí ó bhrú dlíthiúil, polaitiúil, soch-chultúrtha agus eacnamaíoch freisin;

D.  de bhrí gur ceart bunúsach é an ceart chun saoirse cainte agus nach mór é a fheidhmiú le teann dualgais agus freagrachta, agus an ceart bunúsach atá ag daoine faisnéis neamhchlaonta a fháil á chur san áireamh mar aon leis an urraim a thugtar don cheart bunúsach atá ag an duine go gcosnófaí a chlú(26) agus a chuid príobháideachais; de bhrí, i gcásanna coinbhleachta idir na cearta sin, nach mór go mbeadh rochtain ag gach páirtí ar na cúirteanna mura rud é gur réitíodh an cás go cairdiúil;

E.  de bhrí gurb éard atá i gCásanna Dlí Straitéiseacha i gcoinne Rannpháirtíocht Phoiblí (SLAPPanna) ná cásanna dlí nó caingne dlí eile (e.g. urghairí, reo sócmhainní) a thógann daoine aonair agus eintitis phríobháideacha, mar aon le hoifigigh phoiblí, comhlachtaí poiblí agus eintitis atá faoi rialú poiblí, atá dírithe ar cheann amháin nó níos mó de dhaoine aonair nó grúpaí, trí úsáid a bhaint as réimse bunús dlí sa dlí sibhialta agus coiriúil den chuid is mó, chomh maith le bagairtí go ndéanfaí gníomhaíochtaí den sórt sin, d’fhonn cosc a chur ar fhiosrú agus tuairisciú ar sháruithe ar dhlí an Aontais agus ar an dlí náisiúnta, ar éilliú nó ar chleachtais mhí-úsáideacha eile nó bac a chur ar rannpháirtíocht an phobail nó baint di ar bhealach eile; de bhrí go bhfuil tionchar díreach agus díobhálach aige sin ar an rannpháirtíocht dhaonlathach, ar an teacht aniar atá sa tsochaí agus ar an idirphlé, agus nach bhfuil sé ag teacht leis na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE;

F.  de bhrí go gcuimsíonn an rannpháirtíocht phoiblí, inter alia, imscrúdú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le leas an phobail, labhairt amach fúthu, tuairisciú a dhéanamh orthu nó iad a nochtadh ar bhealach eile, go háirithe i dtaca le cleachtais a chuireann cearta agus saoirsí bunúsacha, an daonlathas, an smacht reachta nó an dea-rialachas i mbaol, agus a bheith i mbun abhcóideachta trí shaoirsí sibhialta amhail an tsaoirse comhlachais, an tsaoirse comhthionóil shíochánta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an tsaoráil faisnéise a fheidhmiú;

G.  de bhrí go gcuirtear an dlí go minic ar íospartaigh SLAPPanna as tuairimí cáinteacha a chur in iúl faoi iompraíocht daoine aonair agus eintiteas príobháideach, mar aon le hiompraíocht oifigeach poiblí, comhlachtaí poiblí agus eintiteas atá faoi rialú poiblí, nó as cáineadh a dhéanamh ar an éagóir atá déanta acu, trína gcuid tuairimí a chur in iúl ar líne nó as líne, nó mar fhrithbheart as a gcuid rannpháirtíochta i bhfeachtais, cásanna cúirte, caingne dlí nó agóidí; de bhrí gur saintréithe coitianta de chuid SLAPPanna iad éilimh nach bhfuil aon bhunús dlí leo, éilimh ar léir go bhfuil siad gan bhunús agus éilimh a léiríonn éagothroime cumhachta agus go bhfuil mí-úsáid á baint ag an ngearánaí as cearta nó as an bpróiseas dlí agus éilimh iomarcacha á ndéanamh aige in ábhair ina bhfuil ceart atá faoi chosaint dlí á fheidhmiú ag an gcosantóir, agus úsáid á baint ag an ngearánaí as an bpróiseas breithiúnach dá bhrí sin chun críoch eile seachas ceart a bheith á fheidhmiú aige i ndáiríre;

H.  de bhrí, dar le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht acadúil, cleachtóirí dlí agus íospartaigh a bhíonn ag obair ar an ábhar seo, go bhfuil SLAPPanna ag éirí níos sofaisticiúla agus níos éifeachtaí, agus gurb é ceann de na teicnící a úsáidtear ná go dtógtar cásanna dlí iomadúla i gcoinne an duine chéanna ar an ábhar céanna, rud a fhágann go gcaithfidh an duine céanna iad go léir a chosaint agus déileáil leo ag an am céanna, rud a mhéadaíonn na costais go díréireach; de bhrí gur minic a bhíonn SLAPPanna bunaithe ar éilimh a bhaineann le clúmhilleadh nó leabhal, ar cionta coiriúla iad go fóill i bhformhór na mBallstát, agus go mbíonn ar íospartaigh SLAPPanna dul i ngleic le cúisimh choiriúla fad is atá an dlí á chur orthu as dliteanas sibhialta atá is ainm a bheith ag teacht as an iompraíocht chéanna; de bhrí gur minic a sháraíonn SLAPPanna ceart na n-íospartach chun cosanta a aithnítear sa Chairt, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar a gceart chun trialach córa agus ar thoimhde na neamhchiontachta freisin;

I.  de bhrí nach féidir SLAPPanna a shainaithint go tapa agus nach féidir aghaidh a thabhairt orthu go héifeachtach cheal cur chuige comhsheasmhach agus cuimsitheach dlí agus breithiúnach laistigh den Aontas; de bhrí nach mar a chéile leibhéal na cosanta ar chásanna dlí SLAPP ar fud na mBallstát go fóill, rud a chuireann bac ar an deimhneacht dhlíthiúil agus ar cheart na n-íospartach SLAPP chun leighis éifeachtaigh; de bhrí gurb é ceann de na príomhdhúshláin a bhaineann le reachtaíocht in aghaidh SLAPPanna a dhréachtú ná conas aghaidh a thabhairt ar éilimh mhí-úsáideacha, gan dochar a dhéanamh do chearta éilitheoirí a eascraíonn as bunreachtanna na mBallstát ná dá gcuid oibleagáidí faoin gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;

J.  de bhrí gur léir ón bhfianaise atá ann gur cleachtas forleathan anois iad SLAPPanna, mar a léiríodh in go leor cásanna ar fud an Aontais, amhail cás scáfar an iriseora iniúchta Daphne Caruana Galizia, a raibh, de réir tuairiscí, 47 gcás dlí clúmhillte shibhialta agus choiriúla roimpi (agus a cuid sócmhainní reoite dá bharr sin) ar fud dlínsí éagsúla an lá a feallmharaíodh í an 16 Deireadh Fómhair 2017 – feallmharú a cáineadh go láidir – agus na cásanna dlí atá roimh a hoidhrí go fóill; de bhrí go n-áirítear ar chásanna léiritheacha agus scanrúla eile i gcoinne na meán agus iriseoirí neamhspleácha Realtid Media, a raibh cás dlí ag bagairt air arís agus arís eile i ndlínse eile seachas an áit ar tharla an tuairisciú a bhí i gceist, agus Gazeta Wyborcza, a bhfuil roinnt eintitis phoiblí agus oifigigh phoiblí á agairt go fóill ar bhonn rialta;

K.  de bhrí gur minic a bhaineann údaráis phoiblí nó a gcuid ionadaithe, amhail eagraíochtaí de chuid na meán atá státmhaoinithe, eagraíochtaí neamhrialtasacha státmhaoinithe nó cuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit, úsáid as SLAPPanna;

L.  de bhrí gur féidir leas a bhaint as SLAPPanna chun iolrachas na meán a laghdú ar an leibhéal córasach trí éifeacht athchomhairleach a fheidhmiú ar na meáin neamhspleácha; de bhrí go ndéantar SLAPPanna a thionscnamh d’aon ghnó d’fhonn cur le costas na dlíthíochta, fad a bhaint aisti agus í a dhéanamh níos casta do na cosantóirí, lena n-áirítear trí imeaglú a dhéanamh ar na spriocghrúpaí agus trína gcuid acmhainní airgeadais agus síceolaíocha a ídiú; de bhrí go mbíonn drochthionchar ag SLAPPanna ní hamháin ar na híospartaigh, ach ar a dteaghlach agus ar an rannpháirtíocht phoiblí ar bhonn níos leithne freisin;

M.  de bhrí go gcumhdaíonn an tagairt d’íospartaigh agus spriocghrúpaí SLAPP iriseoirí, foilsitheoirí agus eagraíochtaí sna meáin, an lucht acadúil, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an tsochaí shibhialta agus gníomhaithe eile a bhíonn i mbun rannpháirtíocht phoiblí, amhail iad siúd a bhíonn ag obair ar son chearta an duine agus ar shaincheisteanna comhshaoil;

N.  de bhrí gur de chineál trasteorann go minic iad SLAPPanna laistigh den Aontas, arb é an toradh a bhíonn orthu ná moilleanna ar thuairisciú nó faisnéis neamhiomlán mar a léirítear ina lán cásanna, a bhaineann go minic le cearta an duine agus cosaint an chomhshaoil, calaois airgeadais agus/nó éilliú, agus iad ina n-iarracht shoiléir moill a chur ar fhoilsiú faisnéise trí stop a chur le hobair iriseoirí aonair agus eintiteas foilsitheoireachta nó trí mhíchlú a tharraingt ar obair na n-iriseoirí nó na n-eintiteas sin, agus an ceart chun faisnéise á cheilt ar na saoránaigh agus tionchar á imirt ar iolrachas na meán dá chionn; de bhrí go bhféadfadh gníomhaithe i dtríú tíortha SLAPPanna agus bagairtí SLAPPanna a thionscnamh in aghaidh forais faire laistigh den Aontas agus go bhféadfaí SLAPPanna agus bagairtí SLAPPanna a thabhairt os comhair cúirteanna i dtríú tíortha;

O.  de bhrí go mbaintear úsáid níos mó agus níos mó as cásanna náisiúnta SLAPP laistigh de na Ballstáit d’fhonn srian a chur le saoirse cainte agus leis an gceart chun faisnéise, rud a fhágann go mbíonn éifeacht athchomhairleach ann in aghaidh íospartaigh SLAPPanna trí bheith ag brath ar a gcuid spriocghrúpaí a chloí go síceolaíoch agus a gcuid acmhainní airgeadais a ídiú chun iallach a chur orthu ábhair a bhaineann le leas an phobail a nochtadh;

P.  de bhrí go gcuireann an easpa reachtaíochta dírí sna Ballstáit maidir le SLAPPanna i dteannta forálacha náisiúnta débhríocha agus leathana maidir le clúmhilleadh sa chomhthéacs sin, mar aon le pionóis ghéara, lena n-áirítear pionóis de chineál coiriúil, go mór leis an méadú ar líon na gcásanna mí-úsáideacha sin agus le himeaglú a gcuid spriocghrúpaí ina dhiaidh sin;

Q.  de bhrí gur saincheist an-tromchúiseach é coirpigh a dhéanamh d’iriseoirí de bharr a gcuid oibre; de bhrí gur coir é an clúmhilleadh go fóill de réir na reachtaíochta in 23 Bhallstát, in ainneoin na n-iarrataí arís is arís eile ó na Náisiúin Aontaithe, ó Chomhairle na hEorpa agus ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), agus ó eagraíochtaí neamhrialtasacha mór le rá amhail Index on Censorship, Institiúid Idirnáisiúnta an Phreasa agus an Coiste d’Iriseoirí Cosanta, i measc eagraíochtaí eile;

R.  de bhrí gur beart comhlántach atá ag teastáil iad bearta reachtaíochta boige a ghabhann le togra reachtach agus leis an athbhreithniú ar dhlíthe idirnáisiúnta príobháideacha áirithe atá i bhfeidhm faoi láthair, ach nach dtugtar cosaint iomlán bhreithiúnach leo ina n-aonar;

S.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go n-ardófaí feasacht ar SLAPPanna chun feasacht ar an tsaincheist sin a mhúscailt i measc an phobail agus na ngairmithe dlí araon, go háirithe i measc breithiúna agus dlíodóirí;

T.  de bhrí, i gcás ina n-eisíonn oifigigh phoiblí, comhlachtaí poiblí nó eintitis atá faoi rialú poiblí, amhail cuideachtaí atá faoi úinéireacht stáit, cásanna dlí SLAPP, gur féidir leas a bhaint as an cásanna dlí sin chun cumhacht pholaitiúil a fheidhmiú agus go bhféadfadh an damáiste a dhéantar d’íospartaigh SLAPPanna a bheith níos mó fós;

Tionchair ar chearta bunúsacha agus ar an smacht reachta

1.  á thabhairt chun suntais gur ionsaí cráiteach agus díreach ar fheidhmiú na gceart agus saoirsí bunúsacha iad SLAPPanna, agus go bhfuil sé mar aidhm leo éagsúlacht na smaointeoireachta criticiúla poiblí agus na dtuairimí poiblí criticiúla a chur ina dtost, lena n-áirítear trí fhéinchinsireacht iriseoireachta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil baint ag cearta bunúsacha agus ag an daonlathas le seasamh leis an smacht reachta, agus gurb ionann an bonn a bheith á bhaint ó shaoirse na meán agus ón rannpháirtíocht dhaonlathach phoiblí, lena n-áirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse comhthionóil agus comhlachais, agus bagairt ar luachanna an Aontais, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE iad; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cúis bhuartha ar leith iad SLAPPanna má dhéantar iad a chistiú go díreach nó go hindíreach ó bhuiséid stáit agus má chuirtear in éineacht le bearta indíreacha agus díreacha eile iad in aghaidh eagraíochtaí neamhspleácha de chuid na meán, na hiriseoireachta neamhspleáiche agus na sochaí sibhialta; á chur in iúl gur geal léi, i dtuarascáil 2020 maidir leis an smacht reachta ón gCoimisiún go n-áirítear cásanna dlí SLAPP sa mheasúnú a dhéantar inti ar shaoirse agus iolrachas na meán ar fud an Aontais, agus go sonraítear bearta nithiúla agus dea-chleachtais sa tuarascáil sin chun iad a chomhrac; á iarraidh go n-áireofaí measúnú críochnúil ar an timpeallacht dhlíthiúil do na meáin agus don iriseoireacht iniúchta go háirithe sna tuarascálacha bliantúla sa todhchaí, agus go bhféachfar níos grinne ar na dúshláin a théann i bhfeidhm ar iriseoirí agus ar an tsochaí shibhialta agus ar an éifeacht athchomhairleach is féidir a bheith ag SLAPPanna ar na gníomhaithe sin; á thabhairt chun suntais gur bagairt iad cásanna dlí SLAPP do na meáin shaora agus iolraíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí tírshonracha a eisiúint freisin agus a ndul chun cinn a mheas, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna a bhaineann le staid shaoirse na meán laistigh de na Ballstáit;

2.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cúngú atá á dhéanamh ar an spás d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus an bhagairt ar iriseoirí a bhíonn ag tuairisciú faoi ábhair thábhachtacha a bhaineann le leas an phobail agus a bhíonn cáinteach ar dhaoine cumhachtacha sa tsochaí, agus an méadú atá ag teacht ar úsáid SLAPPanna mar bhealach chun íospartaigh SLAPPanna a chur ina dtost agus imeaglú a dhéanamh orthu; ag moladh do na Ballstáit an litearthacht sna meáin agus an smaointeoireacht chriticiúil a áireamh sna curaclaim náisiúnta agus oibriú i ndlúthchomhar le hiriseoirí i dtaca leis sin ar gach leibhéal den tsochaí, go háirithe le daoine óga agus leo siúd atá i mbaol mífhaisnéise, bréagaisnéise agus ionramhála; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach gníomhaíochtaí nua chun feabhas a chur ar shaoirse na meán, ar an iriseoireacht atá ar ardchaighdeán agus ar an litearthacht sna meáin faoi shnáithe trasearnála an chláir Eoraip na Cruthaitheachta;

3.  á mheabhrú, maidir leis an oibleagáid atá ar na Ballstáit éascaíocht a dhéanamh ar fheidhmiú na gceart chun tuairimí a nochtadh, chun saoirse comhthionóil shíochánta agus chun comhlachais, go n-áirítear leis an oibleagáid sin an dualgas ó thaobh timpeallacht fhabhrach a bhunú agus a chaomhnú le haghaidh rannpháirtíocht phoiblí agus forais faire phoiblí; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na gníomhaithe uile a bhíonn i mbun rannpháirtíocht phoiblí in ann oibriú gan bac ná eagla a bheith orthu go bhféadfaí aon bhagairtí, imeaglú nó foréigean a dhéanamh orthu; á thabhairt chun suntais nach mór do na Ballstáit an ceart atá ag iriseoirí a gcuid foinsí a chosaint a ráthú freisin;

Tionchair ar an margadh inmheánach

4.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról tábhachtach ag an rannpháirtíocht phoiblí i bhfeidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus i bhforfheidhmiú reachtaíocht agus bheartais an Aontais, mar is minic gur trí rannpháirtíocht phoiblí a chuirtear sáruithe ar dhlí an Aontais, lena n-áirítear sáruithe ar chearta bunúsacha, éilliú agus cleachtais mhí-úsáideacha eile lena gcuirtear feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh i mbaol, i bhfios don phobal; á chur i bhfios go láidir go bhfuil bearta cosanta i gcoinne SLAPPanna ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann leis an gcleachtas mí-úsáideach sin d’fhorfheidhmiú dhlí agus bheartais AE;

5.  á thabhairt chun suntais go bhfuil drochthionchar ag an úsáid a bhaintear as SLAPPanna ar shaoirsí an mhargaidh inmheánaigh a bheith á dteachtadh ag daoine aonair agus ag eagraíochtaí a bhíonn i mbun rannpháirtíocht phoiblí agus atá i mbaol imeachtaí ina n-aghaidh, toisc go bhféadfadh an easpa cosanta céanna i gcoinne na gcásanna dlí sin sna Ballstáit a bheith ina ndíspreagadh dóibh oibriú go muiníneach ar fud an Aontais; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, nach bhfuil cásanna SLAPPanna, nó an bhagairt a bhaineann le SLAPPanna, ag teacht le teachtadh éifeachtach na gceart chun saoirse bunaíochta agus saorghluaiseachta seirbhísí, mar go mbíonn éifeacht athchomhairleach acu go háirithe ar iriseoirí, a d’fhéadfadh féinchinsireacht a dhéanamh in ionad tuairisciú a dhéanamh ar ábhair a bhaineann le leas an phobail i mBallstáit eile toisc go bhfuil an baol ann go mbeadh orthu aghaidh a thabhairt ar SLAPPanna ina dhiaidh sin i gcórais eile dlí nach bhfuil cur amach acu orthu;

6.  ag tarraingt aird ar an bhfíoras go mbíonn iolrachas agus éagsúlacht na meán i mbaol i gcás ina mbíonn soláthraithe beaga sna meáin i mbaol de dheasca na bagartha d’aon ghnó a bhaineann le damáistí díréireacha a dhéanann éilitheoirí tríd an turasóireacht leabhail;

7.  á mheas, ina leith sin, trí rannchuidiú le forfheidhmiú dhlí an Aontais agus trí fheidhmiú éifeachtach na gcóras náisiúnta ceartais agus spás coiteann an chomhair bhreithiúnaigh a chaomhnú, go gcuirfeadh cosaint ar chásanna dlí SLAPPanna go mór le feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh;

Tionchair ar chórais cheartais

8.  á chur i bhfios nach amháin go mbaineann SLAPPanna an bonn go mór ón gceart chun rochtana éifeachtaí ar cheartas d’íospartaigh SLAPP, agus dá bhrí sin ón smacht reachta, ach gur mí-úsáid iad freisin ar chórais cheartais agus creataí dlí na mBallstát, go háirithe trí bhac a chur ar chumas na mBallstát aghaidh a thabhairt go rathúil ar dhúshláin choiteanna leanúnacha a leagtar amach sa Scórchlár Ceartais, amhail fad na n-imeachtaí agus cáilíocht na gcóras ceartais, mar aon le riar na gcásanna agus riaráistí na gcásanna; á mheabhrú go dtugann córas ceartais neamhspleách atá ag feidhmiú go cuí breithiúnais gan aon mhoill mhíchuí, agus go mbainistíonn sé na hacmhainní breithiúnacha chun an éifeachtúlacht a uasmhéadú, agus nach féidir é sin a dhéanamh ach amháin i gcás ina gcuireann breithiúna agus comhlachtaí breithiúnacha a gcuid dualgas i gcrích le neamhspleáchas iomlán agus ar bhealach neamhchlaonta, agus nach gcuirtear d’ualach orthu láimhseáil a dhéanamh ar éilimh gan bhunús a ndiúltaítear dóibh ina dhiaidh sin toisc gur mí-úsáid iad agus nach bhfuil fiúntas dlí ag baint leo; á mheas go bhféadfadh díbhe luath cáis dlí SLAPPanna a bheith bunaithe ar chritéir oibiachtúla, amhail líon agus cineál na gcásanna dlí nó na gcaingne a thionscnaíonn an t-éilitheoir, an rogha dlínse agus an dlí is infheidhme maidir leis an gcás, nó éagothroime shoiléir throm cumhachta a bheith ann idir an t-éilitheoir agus an cosantóir; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go gcuireann SLAPPanna isteach go mór ar rochtain éifeachtach ar an gceartas, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint ón gceart chun trialach córa;

9.  á chur i bhfáth go bhfuil neamhspleáchas na mbreithiúna ina dhlúthchuid den chinnteoireacht bhreithiúnach agus gur ceanglas é a eascraíonn as prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí a chumhdaítear in Airteagal 19 CAE; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na hiarrachtaí atá déanta ag roinnt Ballstát deighilt na gcumhachtaí agus neamhspleáchas na mbreithiúna a lagú, mar aon le leas a bheith á bhaint as SLAPPanna chun daoine cáinteacha a chur ina dtost;

10.  á chur i bhfáth go bhfuil neamhspleáchas, cáilíocht agus éifeachtúlacht na gcóras ceartais náisiúnta ríthábhachtach chun ceartas éifeachtach a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh mórthionchar a bheith ag infhaighteacht an chúnaimh dhlíthiúil agus leibhéal na dtáillí cúirte ar rochtain ar an gceartas; á chur i bhfáth go bhfuil an luach dlíthiúil céanna ag an gCairt agus atá ag na Conarthaí; ag tabhairt dá haire, i gcomhréir leis an treoir ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, nach gcuireann údaráis bhreithiúnacha na mBallstát an Chairt i bhfeidhm ach amháin nuair a bhíonn gníomhartha dlí an Aontais á gcur chun feidhme acu, ach go bhfuil sé tábhachtach, áfach, go gcuirfí na cearta mar a chumhdaítear sa Chairt iad san áireamh i gcónaí chun cultúr coiteann dlíthiúil, breithiúnach agus smachta reachta a chothú;

Fuathchaint

11.  á thabhairt chun suntais go bhfuil an fhuathchaint agus an t-idirdhealú sna meáin, ar líne agus as líne araon, mar aon leis an gcibearfhoréigean, tar éis éirí níos coitianta i gcoinne iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha, an lucht acadúil, cosantóirí ceart agus ghníomhaithe eile na sochaí sibhialta, lena n-áirítear iad siúd a chosnaíonn cearta LADTIA, saincheisteanna comhionannais inscne, reiligiún nó creideamh, rud a chuireann saoirse na meán, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoire comhthionóil, agus an tsábháilteacht phoiblí i mbaol; á mheabhrú gur féidir leis an bhfuathchaint ar líne foréigean as líne a spreagadh; a mheabhrú a riachtanaí atá sé cód iompair an Choimisiúin maidir le cur i gcoinne na fuathchainte neamhdhleathaí ar líne a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras go mbíonn iriseoirí ar mná iad faoin mbrú céanna lena gcomhghleacaithe maidir le saincheisteanna a bhaineann le hábhar ach gur minice gur íospartaigh foréigin agus ciaptha ghnéasaigh iad;

12.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhchaighdeáin Eorpacha agus cur chuige comhordaithe chun déileáil leis an bhfuathchaint, go háirithe sa timpeallacht ar líne;

An staid mar atá faoi láthair san Aontas

13.  á chur i bhfáth gur minic le SLAPPanna a bheith gan fiúntas, suaibhreosach nó bunaithe ar éilimh áibhéalacha, ar éilimh mhí-úsáideacha iad go minic, agus nach dtionscnaítear iad chun toradh breithiúnach fabhrach a fháil ach chun imeaglú nó ciapadh a dhéanamh orthu siúd a bhfuil siad ag díriú orthu, tuirse nó brú síceolaíoch a chur orthu, míchlú a tharraingt orthu, nó a gcuid acmhainní a ídiú, agus é mar chuspóir deiridh acu dúmhál a dhéanamh orthu agus iad a chur ina dtost dá mbuíochas tríd an nós imeachta breithiúnach féin; á chur i bhfáth nach amháin go gcuireann SLAPPanna ualach airgeadais ar a gcuid spriocghrúpaí agus ar a ndaoine muinteartha ach go mbíonn drochthionchar síceolaíoch acu orthu freisin, agus gur measa é sin nuair a chuirtear san áireamh go bhféadfadh a ndaoine muinteartha na himeachtaí mí-úsáideacha sin a fháil le hoidhreacht freisin dá bhfaigheadh an duine nó na daoine atá i gceist bás; á chur i bhfios go mbíonn éifeacht mhór athchomhairleach ag SLAPPanna, rud as a dtagann féinchinsireacht, a chuireann rannpháirtíocht sa saol daonlathach faoi chois, agus a dhéanann daoine eile a dhíspreagadh freisin ó thuairisciú a dhéanamh ar shaincheisteanna comhchosúla, ó dhul isteach sna gairmeacha sin nó ó dhul i mbun gníomhaíochtaí gaolmhara ábhartha;

14.  á chur i bhfios go mbaineann dlíthithe a théann i muinín SLAPPanna úsáid agus mí-úsáid den chuid is mó as dlíthe maidir le clúmhilleadh coiriúil agus cásanna dlí sibhialta maidir le leabhal, cosaint chlú an duine nó cearta maoine intleachtúla amhail cóipcheart; ag tabhairt dá haire, áfach, go mbaintear mí-úsáid freisin as ionstraimí éagsúla eile chun srian a chur le rannpháirtíocht phoiblí, amhail smachtbhannaí saothair (dífhostú), cúisimh choiriúla faoi chalaois chánach, nósanna imeachta iniúchta cánach agus rialacha cosanta sonraí;

15.  á chur in iúl gur saoth léi go bhfuair iriseoirí bás díreach mar gheall go raibh a bpost á dhéanamh acu agus go raibh an daonlathas á chaomhnú acu;

16.  á chur i bhfios go láidir gur gné choiteann de SLAPPanna é éagothroime cumhachta idir an t-éilitheoir agus an cosantóir, go háirithe ó thaobh acmhainní airgeadais de, agus go mbronntar damáistí móra nach féidir a thuar in ábhair amhail leabhal;

17.  á chur i bhfáth, maidir leis an bhfadhb sin, go bhfuil na Ballstáit uile gann ar reachtaíocht maidir le coimircí íosta lena gcosnaítear daoine ar SLAPPanna agus lena n-áirithítear go seastar lena gcearta bunúsacha i ndlínsí uile na mBallstát; á chur i bhfios go láidir go bhfuil neamhspleáchas na mbreithiúna ríthábhachtach chun cosc a chur ar bhaill den rialtas, d’eintitis phoiblí agus d’údaráis phoiblí SLAPPanna a thionscnamh i gcoinne daoine agus eagraíochtaí atá rannpháirteach go dlisteanach sa díospóireacht phoiblí; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go bhfuil gá le bearta nithiúla d’fhonn timpeallacht shábháilte a chruthú agus a chaomhnú d’iriseoirí agus d’oibrithe sna meáin; á iarraidh ar na Ballstáit iolrachas na meán a ráthú agus trédhearcacht i leith úinéireacht na meán a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat dlíthiúil uaillmhianach, láidir agus iomlán a fhorbairt sa Ghníomh um Shaoirse na Meán atá ar na bacáin; ag aithint go bhfuil athrú as cuimse tagtha ar thírdhreach na meán mar gheall ar an aistriú digiteach; á iarraidh ar na Ballstáit ar fad Treoir 2010/13/AE maidir le forálacha áirithe a chomhordú arna leagan síos le dlí, le rialachán nó le gníomh riaracháin sna Ballstáit a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a chur ar fáil (an Treoir maidir le Seirbhísí na Meán Closamhairc)(27), mar a athbhreithníodh in 2018 í sna forálacha ar fad atá inti, a chur chun feidhme go pras; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA) agus ag moladh do chomhlachtaí rialála closamhairc sa mhargadh inmheánach oibriú i gcomhar le chéile, agus le comhlachtaí rialála eile atá ábhartha do ghníomhaíochtaí nuachta ar líne;

18.  ar an eolas nach bhfuil cúnamh airgeadais agus síceolaíoch á fháil faoi láthair ag íospartaigh SLAPPanna nó íospartaigh fhéideartha SLAPPanna ach ó chomhghleacaithe eile a raibh cásanna dlí comhchosúla rompu nó atá eolach ar chineál agus gnás na gcásanna dlí SLAPPanna, chun gur féidir an cás a seirbheáladh orthu a thuiscint agus cur ina choinne fiú b’fhéidir; á mheas mar sin féin, cé go bhfuil sí inmholta, nach leor an chabhair sin agus nach mór bearta breise a chur i bhfeidhm;

19.  ag moladh na hoibre tábhachtaí agus úsáidí a dhéanann an tsochaí shibhialta ó thaobh feasacht a ardú ar éifeachtaí díobhálacha SLAPPanna, mar aon leis an tacaíocht a thugann sí d’íospartaigh agus spriocghrúpaí féideartha SLAPPanna;

20.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go raibh tionchar ag paindéim COVID-19 ar earnáil na meán ina hiomláine, go háirithe mar gheall ar laghdú ioncaim agus dálaí oibre iriseoirí a bheith imithe in olcas, rud a d’fhéadfadh cur leis an seans go ndéanfaí SLAPP a thionscnamh ina gcoinne dá bharr; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfadh rialtais ar fud an domhain leas a bhaint as géarchéim an choróinvíris mar leithscéal chun srianta diana a chur chun feidhme lena gcuirtear srian le saoirse cainte;

SLAPPanna ar an leibhéal domhanda

21.  á chur in iúl gur oth léi nár achtaigh aon Bhallstát reachtaíocht spriocdhírithe go dtí seo chun cosaint a thabhairt in aghaidh SLAPPanna; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil an reachtaíocht in aghaidh SLAPPanna forbartha go maith i roinnt stát de Stáit Aontaithe Mheiriceá, i gCeanada agus san Astráil; ag moladh don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na dea-chleachtais in aghaidh SLAPPanna atá á gcur i bhfeidhm faoi láthair lasmuigh den Aontas agus a d’fhéadfadh inspioráid luachmhar a thabhairt i ndáil le bearta reachtacha agus neamhreachtacha de chuid an Aontais maidir leis an ábhar; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cur chuige coiteann de chuid an Aontais bunaithe ar an reachtaíocht agus na dea-chleachtais is uaillmhianaí atá i bhfeidhm faoi láthair chun úsáid SLAPPanna san Aontas a dhíspreagadh;

An gá atá le gníomhaíocht reachtach

22.  ag aontú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, an lucht acadúil, na dlíodóirí agus na híospartaigh iomadúla a thagraíonn don ghá atá le gníomhaíocht reachtach i gcoinne fhadhb na SLAPPanna atá ag dul i méid; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na Rialacháin An Bhruiséil I agus An Róimh II a leasú go práinneach chun cosc a chur ar an ‘turasóireacht leabhail’ nó ‘siopadóireacht dlínse’ trína shuí gur cheart, i bprionsabal, gurb í an chúirt a bhfuil dlínse aici agus an dlí is infheidhme maidir le cásanna dlí coiriúla nó sibhialta a bhaineann le clúmhilleadh, damáiste do chlú agus cosaint chlú an duine aonair ná an áit a bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir; á iarraidh freisin go ndéanfaí riail aonfhoirmeach agus intuartha maidir leis an dlí is infheidhme maidir le clúmhilleadh a thabhairt isteach; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh go práinneach le haghaidh reachtaíocht cheangailteach de chuid an Aontais maidir le coimircí comhchoiteanna agus éifeachtacha d’íospartaigh SLAPPanna ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí threoir lena mbunaítear íoschaighdeáin maidir le cosaint ar SLAPPanna, lena n-urramaítear na cearta agus na prionsabail a chumhdaítear sa Chairt; ag áitiú go mbeidh SLAPPanna fós ina mbagairt ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha na saoirse chun tuairimí a nochtadh, na saoirse comhlachais, na saoirse comhthionóil shíochánta agus na saorála faisnéise san Aontas d’uireasa gníomhaíocht reachtach den sórt sin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, más rud é nach dtugtar aghaidh i mbearta ach ar chásanna dlí a bhaineann le clúmhilleadh, go bhféadfar caingne maidir le hábhair shibhialta eile nó nósanna imeachta coiriúla a úsáid go fóill féin ar thionscnamh éilitheoirí atá bunaithe san Aontas nó lasmuigh de;

Bunús dlí

23.  á dhearbhú go bhféadfaí bearta reachtacha ar leibhéal an Aontais a bhunú ar Airteagal 81 CFAE (i ndáil le cásanna dlí sibhialta trasteorann) agus ar Airteagal 82 CFAE (i ndáil le cásanna dlí coiriúla), agus ar leithligh ar Airteagal 114 CFAE chun an rannpháirtíocht phoiblí a chosaint chun feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh a áirithiú trí éilliú agus cleachtais mhí-úsáideacha eile a nochtadh; á dhearbhú go bhféadfaí aghaidh a thabhairt leis an mbeart deireanach sin ar SLAPPanna, a bhféachtar orthu mar chásanna dlí a úsáidtear chun críoch eile seachas chun ceart a dhearbhú nó a fheidhmiú agus a bhfuil sé mar aidhm leo imscrúdú agus tuairisciú ar sháruithe ar dhlí an Aontais a chosc trí úsáid a bhaint as cur chuige atá cosúil leis an gcur chuige ar glacadh Treoir (AE) 2019/1937 (an ‘Treoir maidir le Sceithirí’) mar thoradh air; den tuairim go bhféadfaí aghaidh a thabhairt leis na bunúis dlí thuasluaite ar SLAPPanna ina mbeadh cásanna dlí coiriúla agus sibhialta araon, cé gur trí ionstraimí reachtacha ar leithligh a dhéanfaí é sin; á iarraidh go mbeadh coimircí éifeachtacha ann in aghaidh SLAPPanna ar fud an Aontais ar bhonn na dtograí sin ón gCoimisiún mar aon le gníomhaíochtaí ó na Ballstáit chun go mbeidh feidhm ag na coimircí sin maidir le cásanna náisiúnta freisin;

Rialacha ginearálta cosanta agus ceartas sibhialta

24.  á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach beart reachtach a ghlacadh lena gcosnófar ról íospartaigh SLAPP ó thaobh sáruithe ar dhlí an Aontais a chosc, a thuairisciú agus a cháineadh agus feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus lán-urraim do chearta bunúsacha a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún togra le haghaidh reachtaíochta a thíolacadh ina leagfar amach coimircí coiteanna do dhaoine a iniúchann agus a thuairiscíonn ar shlí eile na hábhair sin a bhaineann le leas an phobail;

25.  ag tathant ar an gCoimisiún togra a thíolacadh le haghaidh beart lena dtabharfar aghaidh ar chásanna SLAPP amhail rialacha maidir le díbhe luath SLAPPanna agus caingne cúirte eile a bhfuil d’aidhm acu rannpháirtíocht phoiblí a chosc; ar cheart smachtbhannaí iomchuí amhail pionóis shibhialta nó fineálacha riaracháin, breithniú ar inspreagthaí mí-úsáideacha fiú mura ndéantar an cás dlí nó an caingean a dhíbhe, costais agus damáistí arna bhfulaingt ag an íospartach (damáistí eacnamaíocha, damáistí don chlú, damáiste síceolaíochta nó damáiste eile) a áireamh ar na rialacha sin; á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfí na dúshláin atá roimh íospartaigh SLAPP san áireamh leis na módúlachtaí chun cur isteach ar dhíbhe luath, go háirithe trína cheangal go dtugann an t-éilitheoir údar maith leis an bhfáth nach bhfuil an ghníomhaíocht míchuí, agus costais dlí na nósanna imeachta á leithdháileadh ar an éilitheoir agus tacaíocht dhlíthiúil agus airgeadais á dtabhairt don chosantóir; á mholadh go mór do na Ballstáit coimircí nós imeachta sibhialta den sórt sin a chur i bhfeidhm i leith chásanna SLAPPanna agus ní hamháin i leith cásanna trasteorann; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina theannta sin, aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna as a n-eascraíonn siopadóireacht dlínse agus turasóireacht leabhail san athbhreithniú atá le teacht go luath ar Rialacháin na Bruiséile I agus na Róimhe II agus aird á thabhairt freisin ar an obair a rinneadh ag Comhdháil na Háige um an Dlí Idirnáisiúnta Príobháideach; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar deireadh, feasacht a mhúscailt i measc breithiúna agus ionchúisitheoirí ar fud an Aontais faoi SLAPPanna, lena n-áiritheofar faisnéis a sholáthar faoin ngá atá le díbhe luath na gcásanna dlí sin, mar aon le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine maidir le clúmhilleadh a chur chun feidhme go cuí;

26.  á mheabhrú go gcuireann an prionsabal res judicata cosc ar thionscnóirí SLAPP caingne eile a bhaineann leis na fíricí céanna agus i gcoinne na bpáirtithe céanna a thabhairt; á mheas gur cheart go gcuirfeadh na cúirteanna san áireamh go cuí gur thionscain páirtí SLAPPanna roimhe seo (fiú nuair nach ionann na fíricí agus na páirtithe go díreach, ach go bhfuil siad cosúil agus/nó bainteach lena chéile) agus aighneacht maidir le SLAPPanna á scrúdú acu;

27.  á chreidiúint gur cheart aon athbhreithniú ar na rialacha ábhartha i Rialachán na Bruiséile I a léiriú mar is ceart trí athbhreithniú coibhéiseach a dhéanamh ar Choinbhinsiún Lugano chun a áirithiú go gcuirfear rialacha maidir le dlínse idirnáisiúnta i bhfeidhm go comhleanúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála lasmuigh den Aontas agus i gcás ina bhfuil saoránaigh an Aontais i gceist;

Ceartas coiriúil

28.  ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar thromchúis na SLAPPanna arna dtionscain trí imeachtaí coiriúla trí thogra a thíolacadh le haghaidh bearta chun a áirithiú nach féidir clúmhilleadh, leabhal ná béadchaint, ar cionta coiriúla iad i bhformhór na mBallstát, a úsáid le haghaidh SLAPPanna trí ionchúiseamh poiblí nó príobháideach; ag cur i bhfios go láidir go n-iarrann Comhairle na hEorpa agus ESCE go ndéanfaí an clúmhilleadh a dhíchoiriúlú; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar SLAPPanna atá mar chásanna dlí a úsáidtear chun críoch eile seachas chun ceart a dhearbhú nó a fheidhmiú i ndáiríre; ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn cúisimh choiriúla os comhair cosantóirí agus dliteanas sibhialta á n-agairt ina leith ag an am céanna ar dliteanas sibhialta é a líomhnaítear a eascraíonn as an iompar céanna agus á iarraidh ar an gCoimisiún coimircí íosta coiteanna nós imeachta a thabhairt isteach i gcoinne SLAPPanna comhcheangailte;

29.  á mheabhrú go bhfuil coincheap an chomhionannais arm idir páirtithe in imeachtaí riaracháin, sibhialta agus coiriúla ina ghné dhílis den cheart chun trialach córa faoi Airteagal 47 den Chairt agus ag croílár an chirt sin; á chur in iúl gur ábhar imní di go mbaineann míchothromaíocht cumhachta agus acmhainní idir páirtithe i gcásanna SLAPPanna an bonn de chomhionannas arm, agus ar an gcaoi sin an ceart chun triail chóir a fháil;

Leas dlisteanach éilitheoirí

30.  á dhearbhú nach mór do chúirteanna na mBallstát an phróis chuí thráthúil agus cosaint chothrom na gceart dlisteanacha a eascraíonn as dlí an Aontais, amhail an ceart chun clú duine a chosaint, a áirithiú, agus nach féidir na cearta sin a chur i mbaol, lena n-áirítear na cearta a luaitear go rialta i gcásanna dlí mí-úsáideacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh bearta frith-SLAPP gan dochar do chaingne cúirte dlisteanacha agus do cheart éilitheoirí rochtain a fháil ar an gceartas; ag seasamh leis an tuairim ag an am céanna gur gá cosc a chur ar aon úsáid mhí-úsáideach as córais cheartais agus as na cearta sin ar bhealach atá contrártha go follasach do rún na reachtóirí agus iad á mbronnadh ar dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha chun an ceart chun trialach córa a ráthú; á mheas chuige sin, gur gá coimircí a bheith ann, ní hamháin chun íospartaigh SLAPPanna a chosaint, ach chomh maith leis sin chun mí-úsáid na mbeart i gcoinne SLAPPanna a chosc agus pionós a ghearradh uirthi, e.g. i gcásanna ina n-úsáideann rialtais fhorlámhacha clásail frith-SLAPP mar arm chun ENRanna arna n-eagrú ag rialtas a chosaint ar chásanna dlisteanacha clúmhillte; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé chomh riachtanach céanna mí-úsáid den sórt sin a chosc chun dlí an Aontais a chur i bhfeidhm i gceart agus go haonfhoirmeach, agus ar an gcaoi sin a héifeachtacht a chosaint;

Bearta féideartha reachtaíochta boige

31.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil géarghá le ciste láidir chun tacú le híospartaigh SLAPPanna agus eagraíochtaí a thacaíonn leo ar choinníoll go n-úsáidtear na cistí go díreach le haghaidh táillí dlíthiúla nó chun cúnamh dlíthiúil agus tacaíocht shíceolaíoch a chur ar fáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faisnéis éasca inrochtana a bheith ar fáil d’íospartaigh agus d’íospartaigh ionchasacha SLAPPanna faoi na cásanna sin, faoi chúnamh dlí agus faoi thacaíocht, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch d'íospartaigh agus ball dá theaghlach;

32.  á mheas gur féidir le tacaíocht do chomhlachtaí neamhspleácha, ar féidir leo gearáin a éisteacht agus cúnamh a thabhairt d’íospartaigh ionchasacha SLAPPanna agus oiliúint leormhaith a chur ar breithiúna agus dlíodóirí, cur go substaintiúil le heolas agus le hacmhainneacht a fhorbairt maidir leis an mbealach chun SLAPPanna agus an bhagairt ó SLAPPanna a bhrath agus a láimhseáil, ar SLAPPanna iad atá mar chásanna dlí a úsáidtear chun críoch eile seachas chun ceart a dhearbhú nó a fheidhmiú i ndáiríre;

33.  á mheas gur gá sonraí a bhailiú maidir le cásanna SLAPPanna agus feasacht a mhúscailt maidir le cineál agus le héifeachtaí díobhálacha SLAPPanna;

34.  á chur in iúl gur geal léi an moladh ón gCoimisiún maidir le cosaint, sábháilteacht agus cumhachtú iriseoirí agus gairmithe eile sna meáin san Aontas Eorpach a áirithiú (C/2021/6650), ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ag teacht ar an úsáid a bhaintear as saoroibrithe, go háirithe iriseoirí óga agus oibrithe sna meáin ag tús a ngairmréime, chun limistéir ardriosca agus limistéir choinbhleachta a chumhdach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na dálaí oibre forbhásacha agus na dálaí sábháilteachta atá ag dul in olcas ina n-oibríonn saoroibrithe i limistéir ardriosca agus i limistéir choinbhleachta; á iarraidh ar na Ballstáit an moladh ó Chomhairle na hEorpa maidir le cosaint na hiriseoireachta agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhaithe eile sna meáin a chur chun feidhme go hiomlán;

Comhlántacht le hionstraimí agus beartais eile

35.  á mheas gur cheart go gcomhlánódh bearta reachtacha agus neamhreachtacha nua frith-SLAPP ionstraimí agus beartais eile de chuid an Aontais; á chur in iúl gur geal léi Straitéis an Aontais 2021-2025 chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe, agus á iarraidh go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí i ndáil leis sin; ag tabhairt dá haire nach féidir le bearta reachtacha ná le bearta reachtaíochta boige a bheith éifeachtach sna Ballstáit sin ina bhfuil imní faoi neamhspleáchas na mbreithiúna nó faoin gcomhrac i gcoinne an éillithe; á athdhearbhú, ina leith sin, an géarghá atá le sásra AE maidir leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha mar atá molta ag an bParlaimint;

36.  ag meabhrú a thábhachtaí atá Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint, a bhfuil feidhm aige maidir le gach leithreasú faoi chomhair gealltanas agus íocaíochtaí ón 1 Eanáir 2021; á chur i bhfios go láidir go bhfuil leasanna airgeadais an Aontais le cosaint i gcomhréir le luachanna agus gealltanais an Aontais, agus gur cheart don Choimisiún leas a bhaint as an sásra coinníollachta má theipeann ar na Ballstáit na luachanna sin a chosaint; á mholadh, i bhfianaise an mhéid sin, an obair thábhachtach a dhéanann iriseoirí iniúchacha i gcásanna ina ndéantar mí-úsáid ar chistí AE a nochtadh, agus ag cur béim ar ar a thábhachtaí atá sé go mbeadh iriseoirí in ann a ngairm a chleachtadh gan bac ó SLAPPanna a chur orthu;

37.  á chur i bhfáth gur cheart do bhearta ar leibhéal an Aontais chun SLAPPanna a chomhrac a bheith comhlántach agus comhsheasmhach le huirlisí eile atá ar fáil, amhail an sásra chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint, beartais maidir le héilliú a chomhrac, agus cláir airgeadais reatha chun tacú le córais sochaí sibhialta agus córais cheartais;

38.  á thabhairt chun suntais go bhfuil an comhrac i gcoinne an éillithe ríthábhachtach chun an daonlathas, cearta bunúsacha agus an smacht reachta a chaomhnú, ós rud é go mbaintear an bonn ónár luachanna, ó dhea-fheidhmiú na stát agus ón gcoireacht eagraithe leis an éilliú, arb ann do go leor cineálacha éagsúla;

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi chuimsiú an tsásra bhliantúil maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha, an t-idirphlé rialta, cuimsitheach agus struchtúrtha le húdaráis náisiúnta, le ENRanna, le comhlachais ghairmiúla agus le geallsealbhóirí eile a neartú chun iriseoirí, agus ionadaithe eile de chuid na sochaí sibhialta atá i mbaol SLAPPanna, a chosaint agus chun tacú leo;

o
o   o

40.  á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a ullmhú ar bhonn na hiarscríbhinne a ghabhann leis an rún seo;

41.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

IARSCRÍBHINN

1.  Pacáiste ina bhfuil reachtaíocht bhog agus reachtaíocht chrua araon

Bearta reachtacha – ba cheart tograí a chur san áireamh i bpacáiste lena dtugtar aghaidh ar SLAPPanna, lena n-áirítear sásraí maidir le díbhe luath, ar tograí iad:

—  le haghaidh rialacha ginearálta lena dtugtar cosaint in aghaidh SLAPPanna; reachtaíocht sonrach lena leagtar síos comhchaighdeáin íosta maidir le bearta tacaíochta agus díspreagtha lena dtugtar cosaint in aghaidh SLAPPanna;

—  lena dtugtar aghaidh go sonrach ar cheisteanna a bhaineann leis an gceartas sibhialta; a mholtar go láidir do na Ballstáit iad a chur i bhfeidhm i gcásanna náisiúnta SLAPPanna freisin, agus an dlí idirnáisiúnta príobháideach, lena n-áirítear comhar breithiúnach agus siopadóireacht dlínse;

—  lena dtugtar aghaidh go háirithe ar shaincheisteanna an cheartais choiriúil.

Bearta neamhreachtacha – ba cheart an méid seo a leanas a áireamh freisin sa phacáiste sin:

—  oiliúint leormhaith a chur ar bhreithiúna agus ar dhlíodóirí i dtaobh SLAPPanna;

—  measúnú ar an idirghníomhú idir réimsí éagsúla dlí, amhail dlíthe náisiúnta na meán agus dlíthe bunreachtúla sa chomhthéacs sin;

—  ciste sonrach de chuid an Aontais chun tacaíocht a thabhairt d’íospartaigh SLAPPanna agus dá mbaill teaghlaigh, lena n-áirítear maidir le cúnamh airgeadais, cúnamh dlí agus tacaíocht shíceolaíoch;

—  tacaíocht do chomhlachtaí neamhspleácha (amhail ombudsmain) atá in ann déileáil le gearáin ó dhaoine a bhfuil cásanna SLAPP ag bagairt orthu nó os a gcomhair, agus cúnamh a thabhairt dóibh, mar aon le tacaíocht do chomhaltaí féinrialála meán;

—  clár de chuid an Aontais de chinntí ábhartha cúirte a mbeidh rochtain ag an bpobal air;

—  ‘ionad ilfhreastail’/mol tacaíochta a fhaigheann tacaíocht ó gréasáin thiomanta náisiúnta de dhlíodóirí agus síceolaithe ar féidir le híospartaigh SLAPPanna teagmháil a dhéanamh leo agus inar féidir leo treoir agus rochtain éasca a fháil ar fhaisnéis maidir le SLAPPanna agus tacaíocht i gcoinne SLAPPanna, lena n-áirítear maidir le ‘garchabhair’, cúnamh dlíthiúil, tacaíocht airgeadais agus tacaíocht shíceolaíoch, lena n-áirítear trí ghréasáin um malartú idir piaraí.

2.  Rialacha ginearálta

Bheadh dhá aidhm ag togra reachtach le haghaidh beart ginearálta cosanta, eadhon, cosaint a thabhairt, i gcomhréir leis na cearta bunúsacha agus na prionsabail a aithnítear go háirithe sa Chairt, do dhaoine a bhfuil ábhair a bhaineann le leas an phobail á n-imscrúdú, á dtuairisciú nó á nochtadh acu ar bhealach eile, ar ábhair iad maidir le sáruithe ar dhlí an Aontais, lena n-áirítear cleachtais mhí-úsáideacha nach bhfuil neamhdhleathach ach a chuireann ar neamhní cuspóir nó críoch an dlí, agus a thugann cosaint d’fheidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh.

Leis an mbeart reachtach, ba cheart an méid seo a leanas a sholáthar freisin:

(a)  sainmhíniú soiléir ar SLAPPanna, lena n-áirítear rannpháirtíocht an phobail ar ábhair a bhaineann le leas an phobail a shainmhíniú;

(b)  rialacha maidir le rúndacht iniúchtaí agus tuarascálacha, lena n-áirítear rúndacht foinsí faisnéise;

(c)  rialacha maidir le frithbheartaíocht agus pionóis éifeachtacha agus athchomhairleacha in aghaidh ghníomhaíochtaí SLAPP a thoirmeasc;

(d)  rialacha lena gcuirtear cosc ar mhí-úsáid na mbeart in aghaidh SLAPPanna;

(e)  bearta tacaíochta, lena n-áirítear:

(i)  cúnamh éifeachtach, faisnéis, agus comhairle agus tacaíocht phraiticiúil arna soláthar ag ‘ionad ilfhreastail’ i ndáil le ‘garchabhair’ d’íospartaigh SLAPP;

(ii)  cúnamh dlíthiúil agus airgeadais;

(f)  bearta éifeachtacha chun cosaint a thabhairt i gcoinne frithbheartaíocht a eascraíonn as míchothromaíochtaí cumhachta idir na páirtithe agus lena lamháiltear damáistí a d’fhéadfaí a bheith ann a leigheas.

3.  Nós imeachta sibhialta

Le togra reachtach le haghaidh beart nós imeachta sibhialta is infheidhme i gcásanna SLAPP, a mholtar go láidir do na Ballstáit a chur i bhfeidhm freisin i gcásanna náisiúnta, ba cheart go bhforbrófaí comhar breithiúnach in ábhair shibhialta trí fhoráil a dhéanamh do rialacha comhchoiteanna maidir le SLAPPanna a eascraíonn as éilimh faoin dlí sibhialta agus ba cheart go n-áireofaí an méid seo a leanas:

(a)  go ndéanfaidh an éilitheoir i gcásanna a bhaineann le rannpháirtíocht phoiblí sonrú ar an bhfáth nach caingean mhí-úsáideach an chaingean agus réasúnú a thabhairt ina leith;

(b)  go ndéanfaidh na cúirteanna sin cásanna dlí mí-úsáideacha a dhíbhe go hachomair, ag an gcéim is luaithe is féidir, ex officio nó tar éis iarraidh a fháil ón gcosantóir bunaithe ar a cheart nó a ceart chun tairiscint ar dhíbhe luath a chur isteach;

(c)  go ndéanfaidh na cúirteanna an ghné mhí-úsáideach a bhreithniú in aon chinneadh críochnaitheach;

(d)  go bhféadfaidh tríú páirtithe idirghabháil agus seachaíocht a dhéanamh ar chearta agus oibleagáidí an chosantóra, i gcomhréir leis an dlí nós imeachta náisiúnta;

(e)  go ndéanfaidh na cúirteanna leas an phobail agus cothromaíocht na n-acmhainní airgeadais idir pháirtithe a bhreithniú le linn dóibh costais a mheasúnú agus damáistí a dhámhachtain;

(f)  acmhainn chun íospartaigh a chosaint ar SLAPPanna arna dtionscnamh lasmuigh den Aontas;

(g)  an ceart chun costais a dhámhachtain go hiomlán;

(h)  an ceart chun damáistí mar gheall ar dhíobháil ábhartha agus neamhábhartha, lena n-áirítear damáistí eacnamaíocha, damáistí don chlú, damáiste síceolaíochta nó damáiste eile a rinneadh;

(i)  rialacha maidir le cosc a chur ar dhlíthíocht mhí-úsáideach bhreise ag páirtí a thóg cás dlí SLAPP i ndáil leis na fíorais chéanna, eadhon tríd an imthoisc sin a chur san áireamh agus cás nua á scrúdú aige.

Ba cheart an méid seo a leanas a shuí le togra ón gCoimisiún arb é is aidhm dó cobhsaíocht an dlí agus intuarthacht an dlí a bhaint amach agus tar éis athbhreithniú a dhéanamh ar ionstraimí dlí idirnáisiúnta phríobháidigh:

(a)  athmhúnlú ar Rialachán na Bruiséile I ina mbeidh riail shainráite maidir le héilimh chlúmhillte nó éilimh eile atá bunaithe sa dlí sibhialta agus tráchtála a d’fhéadfadh a bheith ina SLAPP, gnáthchónaí an chosantóra mar an t-aon dlínse, ag féachaint go cuí do chásanna inar daoine príobháideacha iad íospartaigh an chlúmhillte;

(b)  gurb é an dlí is infheidhme dlí na háite a bhfuil foilseachán dírithe chuige nó, murar féidir an áit sin a shainaithint, áit an rialaithe eagarthóireachta nó na gníomhaíochta ábhartha maidir le rannpháirtíocht an phobail.

4.  Nós imeachta coiriúil

Le togra reachtach maidir le gnéithe dlí choiriúil de SLAPPanna, ba cheart an méid seo a leanas a dhéanamh:

(a)  a shonrú, i gcás inar cionta coiriúla iad clúmhilleadh, leabhal agus béadchaint, nach féidir iad a úsáid le haghaidh SLAPPanna, go háirithe trí ionchúiseamh príobháideach;

(b)  forálacha a shonrú chun cearta daoine aonair a choimirciú ionas nach bhféadfar ionchúiseamh a úsáid chun íospartaigh SLAPPanna a chur ina dtost;

(c)  aitheantas frithpháirteach do bhreithiúnais agus do chinntí breithiúnacha, agus comhar idir póilíní agus breithiúna in ábhair choiriúla, a éascú;

(d)  coimircí nós imeachta íosta comhchoiteanna a shocrú chun cosantóirí a bhfuil SLAPPanna os a gcomhair a chosaint bunaithe ar chúisimh choiriúla chomhcheangailte agus ar chaingne dliteanais shibhialta a líomhnaítear a eascraíonn as an iompar céanna.

Ba cheart do na bearta sin a bheith comhlántach le gníomhaíochtaí reatha an Choimisiúin, le reachtaíocht a glacadh cheana agus le tionscnaimh a bheidh ann amach anseo.

(1) IO L 199, 31.7.2007, lch. 40.
(2) IO L 351, 20.12.2012, lch. 1.
(3) IO L 305, 26.11.2019, lch. 17.
(4) IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.
(5) IO L 156, 5.5.2021, lch. 21.
(6) https://ec.europa.eu/info/sites/default/files/ad-hoc-literature-review-analysis-key-elements-slapp_en.pdf
(7) https://rsf.org/en/news/rsf-and-60-other-organisations-call-eu-anti-slapp-directive
(8) IO C 55, 12.2.2016, lch. 33.
(9) IO C 215, 19.6.2018, lch. 162.
(10) IO C 390, 18.11.2019, lch. 117.
(11) IO C 390, 18.11.2019, lch. 111.
(12) IO C 41, 6.2.2020, lch. 64.
(13) IO C 363, 28.10.2020, lch. 45.
(14) IO C 449, 23.12.2020, lch. 102.
(15) IO C 108, 26.3.2021, lch. 107.
(16) IO C 255, 29.6.2021, lch. 22.
(17) IO C 388, 13.11.2020, lch. 100.
(18) IO C 395, 29.9.2021, lch. 2.
(19) IO C 425, 20.10.2021, lch. 28.
(20) IO C 425, 20.10.2021, lch. 107.
(21) IO C 445, 29.10.2021, lch. 15.
(22) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0089.
(23) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0103.
(24) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0148.
(25) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0245.
(26) Airteagal 10 den Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint.
(27) IO L 95, 15.4.2010, lch. 1.


An Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann
PDF 173kWORD 61k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann (2020/2243(INI))
P9_TA(2021)0452A9-0291/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 165 agus 166 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 5(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus Prótacal (Uimh. 2) maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm,

–  ag féachaint d’Airteagal 14 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don chéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, agus go háirithe do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 na Náisiún Aontaithe,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 maidir le Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025 (COM(2020)0625),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal Digital Education Action Plan 2021-2027: Resetting education and training for the digital age [Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027: Athshocrú a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint don ré dhigiteach] (COM(2020)0624),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience [Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] (COM(2020)0274),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal Building a stronger Europe: the role of youth, education and culture policies [Eoraip níos láidre a thógáil: an ról atá ag beartais maidir le daoine óga, oideachas agus cultúr] (COM(2018)0268),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Samhain 2017 dar teideal Strengthening European Identity through Education and Culture [An Fhéiniúlacht Eorpach a neartú trí Oideachas agus Cultúr] (COM(2017)0673),

–  ag féachaint do rún ón gComhairle an 26 Feabhra 2021 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint i dtreo an Limistéir Eorpaigh Oideachais agus níos faide anonn (2021-2030)(1),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Bealtaine 2021 maidir le cothromas agus cuimsiú san oideachas agus san oiliúint d’fhonn rath oideachasúil a chur chun cinn do chách(2) agus maidir le tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha – An t-ardoideachas, an taighde, an nuálaíocht agus an tsochaí a nascadh: an bealach a réiteach do ghné nua san ardoideachas Eorpach(3),

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 12 Bealtaine 2009 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhar Eorpach san oideachas agus san oiliúint (ET 2020)(4),

–  ag féachaint do mholtaí ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le comhluachanna, oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn(5) agus maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil(6), an 26 Samhain 2018 maidir le haitheantas frithpháirteach uathoibríoch a chur chun cinn do cháilíochtaí ardoideachais agus meánoideachais shinsearaigh agus oiliúna agus do thorthaí tréimhsí foghlama thar lear(7), an 22 Bealtaine 2019 maidir le Córais Oideachais agus Cúraim Luath-Óige ar Ardchaighdeán(8) agus maidir le cur chuige cuimsitheach i leith teagasc agus foghlaim teangacha(9), agus an 20 Nollaig 2012 i dtaca le bailíochtú na foghlama seachfhoirmiúla agus neamhfhoirmiúla(10),

–  ag féachaint do Dhearbhú Pháras an 17 Márta 2015 maidir le saoránacht agus le luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn tríd an oideachas,

–  ag féachaint do thuarascáil ó Eurydice an 24 Márta 2021 maidir le múinteoirí san Eoraip: gairmeacha, forbairt agus dea-bhail, agus na staidéir a d’fhoilsigh an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe dá hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha i nDeireadh Fómhair 2020 dar teideal Towards a European Education – Critical perspectives on challenges ahead [I dtreo Oideachas Eorpach – Dearcaí Criticiúla maidir le dúshláin amach anseo] agus Bealtaine 2021 dar teideal Education and youth in post-COVID-19 Europe – crisis effects and policy recommendations [Oideachas agus an Óige san Eoraip i ndiaidh COVID-19 – Éifeachtaí géarchéime agus moltaí beartais],

–  ag féachaint don staidéar a d’fhoilsigh an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe dá hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha i bhFeabhra 2021 dar teideal Making the European Education Area a reality: state of affairs, challenges and prospects [An Limistéar Eorpach Oideachais a Thabhairt i gCrích: Staid Cúrsaí, Dúshláin agus Ionchais],

–  ag féachaint don staidéar a d’fhoilsigh an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe dá hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha i mBealtaine 2018 dar teideal European Identity [Féiniúlacht Eorpach],

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir le beartas oideachais dhigitigh a mhúnlú(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 11 Nollaig 2018 maidir leis an oideachas sa ré dhigiteach: dúshláin, deiseanna agus ceachtanna do cheapadh beartais an Aontais Eorpaigh(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 12 Meitheamh 2018 maidir le nuachóiriú an oideachais san Aontas Eorpach(13),

–  ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 19 Márta 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais a bhaint amach faoi 2025(14),

–  ag féachaint do Riail 57 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus Oideachas (A9-0291/2021),

A.  de bhrí go bhfuil ag gach duine an ceart chun oideachais agus chun rochtain a fháil ar ghairmoiliúint agus ar oiliúint leanúnach;

B.  de bhrí gur rannchuidigh próiseas lánpháirtíochta na hEorpa, margadh aonair AE agus beartais eile AE – cé go ndearnadh ar bhealach ilroinnte é – le forbairt nádúrtha an spáis oideachais Eorpaigh, rud a raibh traidisiúin dhaonnachas agus chearta bunúsacha agus luachanna na hEorpa mar bhonn taca aige go stairiúil;

C.  de bhrí gurb é an sprioc dheiridh Limistéar Eorpach Oideachais (LEO) ón mbun aníos a bhunú a mbeidh cuspóirí comhchoiteanna beartais Eorpaigh aige lena ráthaítear oideachas ar ardchaighdeán atá cuimsitheach agus inrochtana, lena dtreiseofar malartú na ndea-chleachtas agus lena n-áiritheofar creat éifeachtach do shoghluaisteacht Eorpach, lena n-éilítear bacainní atá ann cheana a bhaint, uirlisí Eorpacha a úsáid, agus tacaíocht d’fhorbairtí beartais ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun córais oideachais a dhéanamh oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim aeráide agus chun claochlú glas agus digiteach rathúil a chumasú;

D.  de bhrí gur gá an t-oideachas a choincheapú a bheag nó a mhór mar ‘fhoghlaim ar feadh an tsaoil’, ó oideachas réamhbhunscoile go oideachas treasach, lena n-áirítear gairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) chomh maith le hoideachas seachfhoirmiúl agus neamhfhoirmiúil, agus lena ndírítear ar inniúlachtaí idirdhisciplíneacha a fháil chun cur ar chumas gach duine a n-acmhainneacht a fhorbairt go pearsanta agus go gairmiúil, chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí agus chun an t-aistriú isteach i margadh an tsaothair a bhainistiú go rathúil;

E.  de bhrí go bhféadfadh gníomhaíocht Eorpach iomchuí agus chomhbheartaithe a bheith de dhíth ar an Aontas agus ar na Ballstáit mar gheall ar na dúshláin atá rompu faoi láthair, lena n-áirítear easpa iomaíochais, athrú aeráide, claochlú digiteach na sochaí, cineálacha éagsúla antoisceachais agus pobalachais, bréagaisnéis, an bonn a bhaint den oideachas atá bunaithe ar fhianaise agus na neamhionannais atá ann faoi láthair atá ag éirí níos measa mar thoradh ar phaindéim COVID-19;

F.  de bhrí go bhfuil tionchar diúltach ag an bpaindéim ar an earnáil oideachais ina hiomláine, agus go bhfuil na difríochtaí atá ann faoi láthair sa bhonneagar oideachais, sa saineolas agus sa rochtain ar acmhainní laistigh de na Ballstáit agus ar fud na mBallstát agus idir leibhéil agus cineálacha éagsúla oideachais tar éis éirí níos suntasaí fós le linn phaindéim COVID-19, go príomha mar thoradh ar éagothroime mhéadaithe, lena n-áirítear easpa rochtana ar bhonneagar TF do dhaoine ó chúlraí atá faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, a raibh iarmhairtí diúltacha aige maidir le rochtain ar an oideachas;

G.  de bhrí go bhfuil oideachas i bpearsa fós riachtanach i bhforbairt intleachtúil agus phearsanta an mhic léinn;

H.  de bhrí gur iarr an Pharlaimint ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí san oideachas agus san oiliúint, mar shampla trí 10 % ar a laghad dá mbuiséid náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta a leithdháileadh ar bheartais chomhfhreagracha, agus gur iarr sí buiséad i bhfad níos airde do chlár Erasmus+, á mheas gur infheistíocht é caiteachas oideachais inár dtodhchaí choiteann(15) seachas costas, chun sochaí níos inbhuanaithe, níos digití agus níos comhtháite go sóisialta a bhaint amach; de bhrí gur iarr an Pharlaimint go mbeadh infheistíocht san oideachas agus san oiliúint mar chuid shubstaintiúil d’ionstraim NextGenerationEU an Choimisiúin;

I.  de bhrí go bhfuil toradh ard ar infheistíocht d’ardchaighdeán san oideachas, cé nach ionann caiteachas méadaithe amháin agus na torthaí inmhianaithe a bhaint amach; de bhrí go bhfuil an meánráta fillte príobháideach ar domhan ar oideachas fós ard agus cobhsaí i gcaitheamh na mblianta(16);

J.  de bhrí go bhfuil gá le haitheantas níos fearr a thabhairt do ghairm na múinteoireachta, atá ag dul trí ghéarchéim, do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí spreagtha agus inniúla, agus d’oiliúint níos leanúnaí; de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór idir na Ballstáit maidir le hoiliúint tosaigh agus ionduchtú múinteoirí, dálaí oibre, pá, measúnú, gairmeacha, agus forbairt ghairmiúil leantach; de bhrí, in 2018, nach ndeachaigh ach 40,9 % de mhúinteoirí AE thar lear uair amháin ar a laghad chun críocha gairmiúla mar mhac léinn, múinteoir nó an dá cheann(17);

K.  de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le Limistéar Eorpach an Ardoideachais a fhorbairt, a eascraíonn as iarrachtaí fadtéarmacha Phróiseas Bologna agus é a úsáid mar thagairt chun foghlaim ó thaithí lena chur chun feidhme; de bhrí gur gá Ollscoileanna Eorpacha a chur chun cinn, toisc go gcuireann siad le barr feabhais na hEorpa agus le ról geopholaitiúil AE;

L.  de bhrí go bhfuil easpa aitheantais do VET mar chonair rogha agus barr feabhais ar chomhchéim le conairí oideachais eile; de bhrí go bhfuil go leor bacainní fós ar shoghluaisteacht foghlaimeoirí, lena n-áirítear soghluaisteacht fhadtéarmach printíseach, d’ainneoin an dul chun cinn a rinneadh faoi phróiseas Chóbanhávan;

M.  de bhrí nach bhfuil cuspóirí agus tagarmharcanna chreat Oideachais agus Oiliúna 2020 bainte amach go hiomlán ag na Ballstáit, go háirithe na haidhmeanna maidir le feabhas a chur ar oideachas cothrom agus ar ardchaighdeán, ráta luathfhágálaithe oideachais agus oiliúna a laghdú, agus sciar na ndaoine atá 15 mbliana d’aois de bheagán oiliúna sa léitheoireacht, sa mhatamaitic nó san eolaíocht a thabhairt faoi bhun 15 %;

N.  de bhrí go bhfuil bailiú sonraí agus staidreamh ar ardchaighdeán maidir le hoideachas agus oiliúint ar dhá cheann de na réamhriachtanais chun tuiscint níos fearr a fháil ar na dúshláin ábhartha ar fud AE agus ar na difríochtaí atá ann agus chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na difríochtaí sin;

O.  de bhrí gur cheart breathnú ar an oideachas digiteach agus scileanna digiteacha leordhóthanacha mar chuid d’oideachas atá dírithe ar an todhchaí, agus ní mar fho-thacar nó mar rogha mhalartach ar na modhanna foghlama agus teagaisc atá ann cheana, agus béim á leagan ag an am céanna ar a thábhachtaí atá an fhoghlaim i bpearsa; de bhrí nach bhfuil scileanna digiteacha bunúsacha fiú ag i bhfad os cionn an tríú cuid de mhuintir na hEorpa (42 %), le difríochtaí suntasacha laistigh de na Ballstáit agus eatarthu; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an gClár Oibre Scileanna a áirithiú go mbeidh bunscileanna digiteacha ag 70 % de dhaoine idir 16 agus 74 bliana d’aois faoi 2025, meánmhéadú de dhá phointe céatadáin in aghaidh na bliana i gcomparáid le méadú 0,75 pointe céatadáin in aghaidh na bliana idir 2015 agus 2019;

P.  de bhrí gur deis thábhachtach í LEO chun tuilleadh comhair idirnáisiúnta a dhéanamh;

An gá le Limistéar Eorpach Oideachais (LEO)

1.  ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le hoideachas ardcháilíochta, inacmhainne agus cuimsitheach atá inrochtana do chách ar feadh an tsaoil agus gur cheart go gcuirfeadh tionscnamh LEO níos mó deiseanna agus deiseanna níos fearr ar fáil d’fhoghlaimeoirí san AE chun staidéar, oiliúint agus taighde a dhéanamh, agus obair cibé áit a bhfuil siad, soghluaisteacht foghlama a mhéadú, idirphlé leanúnach agus fiúntach a éascú leis na gníomhaithe ábhartha, agus timpeallacht a chothú ina n-aithnítear agus ina gcuirtear luach ar scileanna, ar cháilíochtaí agus ar chéimeanna ar fud na hEorpa;

2.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an ráta filleadh ar an oideachas fós an-ard agus, dá bhrí sin, go bhfuil an t-oideachas agus an oiliúint ag teacht go mór le fás na sochaí agus an gheilleagair, le comhionannas níos fearr agus caighdeáin mhaireachtála níos fearr do chách agus níos mó deiseanna gairmiúla agus pearsanta ar leibhéal an duine aonair; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, an tábhacht a mheastar a bhaineann leis an oideachas, leis an oiliúint agus leis an bhfoghlaim, ar cheart go mbeadh rochtain ag gach duine orthu, mar na gnéithe is tábhachtaí chun dul chun cinn na sochaí agus fás eacnamaíoch inbhuanaithe a chur chun cinn; á chreidiúint gur féidir le LEO, agus nach mór dó, ról thar a bheith tábhachtach a imirt maidir le feabhas a chur ar rochtain ar oideachas agus ar cháilíocht an oideachais ar fud an Aontais;

3.  á chur i bhfáth an ról atá ag LEO maidir le deis a thabhairt d’fhoghlaimeoirí, do mhúinteoirí agus don eolas sreabhadh níos mó agus níos fearr a bhaint amach, lena ndéanfar muintearas Eorpach agus feasacht shibhialta a chothú, lena ndéanfar cearta agus luachanna a ráthú, agus lena gcuifear deiseanna cothroma agus comhionanna ar fáil; ag cur béim ar acmhainneacht na hEorpa a bheith ina fíorchumhacht oideachais trí tharraingt ar shaibhreas ár n-éagsúlachta agus trí dhea-chleachtais a mhalartú chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo;

4.  á mheas go bhfuil oideachas agus cultúr ríthábhachtach chun dul chun cinn pearsanta agus sóisialta agus dea-bhail a bhaint amach, chun saoránacht Eorpach a chothú, chun comhtháthú sóisialta a fheabhsú, chun cruthú post agus rathúnas eacnamaíoch agus sóisialta na hEorpa a chur chun cinn go cothrom agus go hinbhuanaithe, agus chun a áirithiú gur gníomhaí iomaíoch agus athléimneach ar fud an domhain é an tAontas Eorpach a mbeidh níos mó fiontraíochta mar shaintréith aige chun na haistrithe glasa agus digiteacha a stiúradh;

5.  á iarraidh go mbainfear úsáid as an iliomad deiseanna do ‘bhreisluach Eorpach’ atá curtha ar fáil tríd an oideachas, go háirithe trí shoghluaisteacht agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt, agus go mbeidh ról fíorthábhachtach ag Erasmus+ agus ag cláir an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh ina leith;

6.  á iarraidh go mbeadh gné gheopholaitiúil níos soiléire agus níos láidre ag LEO chun cur ar chumas an Aontais Eorpaigh úsáid straitéiseach a bhaint as a chumhacht oideachais leis na comharsana agus na comhpháirtithe is gaire dó;

Cineálacha cur chuige institiúideach agus geallsealbhóirí a nascadh

7.  ag tabhairt dá haire gur ann d’fhíseanna agus cineálacha cur chuige éagsúla maidir le LEO, a chuireann in iúl go bhfuil mian chomhchoiteann ann spreagadh úr a thabhairt don tionscadal Eorpach; á mheas go bhfuil an t-oideachas mar bhunchloch chun an tionscadal Eorpach a bhaint amach, agus ról AE dírithe, inter alia, ar thacú leis na Ballstáit agus iad a chomhordú i dtaca le dea-chleachtais a roinnt, comhchaighdeáin a spreagadh agus bearnaí atá ann cheana a líonadh, agus an t-ábhar oideachais agus na modhanna teagaisc fós mar inniúlacht náisiúnta; á chur i bhfios go láidir an gá atá le tuilleadh comhair maidir leis an oideachas ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin d’fhonn cur chuige comhchoiteann agus réitigh choiteanna a fhorbairt ar dhúshláin choiteanna;

8.  á chur in iúl gur mór aici iarrachtaí an Choimisiúin LEO a chothú, agus ag tabhairt dá haire an gá atá le cur chuige níos iomlánaíche lena n-éilítear comhar agus comhordú fóinteach idir na gníomhaithe uile agus raon éagsúil geallsealbhóirí, lena n-áirítear an pobal oideachais agus oiliúna, cumainn tuismitheoirí, comhpháirtithe sóisialta, ceardchumainn, eagraíochtaí óige, oibrithe don ógra agus an tsochaí shibhialta; á iarraidh go mbeadh níos mó oscailteachta ann i leith smaointe núíosacha chun a áirithiú go leanfaidh LEO de bheith ag forbairt agus go mbeidh sé ina spreagadh chun níos mó comhpháirtíochtaí agus comhpháirtíochtaí níos láidre a bhaint amach, lena n-áirítear idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach, agus sineirgí idir geallsealbhóirí;

9.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an fhreagra ón gComhairle ar na tograí ón gCoimisiún, go háirithe an bhéim ar thábhacht VET agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil, nach mór dóibh a bheith inacmhainne agus inrochtana do chách, go háirithe sna réigiúin is forimeallaí san Aontas;

10.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin LEO a bhaint amach faoi 2025; ag tabhairt rabhaidh gur achoimre straitéiseach den chuid is mó atá sna tograí ón gCoimisiún go fóill seachas treochlár nithiúil beartais; ag moladh, dá bhrí sin, go mbunófaí tosaíochtaí soiléire meántéarmacha agus fadtéarmacha a mbeidh spriocanna agus spriocdhátaí insroichte ag gabháil leo do na gníomhaíochtaí ar cheart a ghlacadh, lena n-áirítear táirgí insoláthartha eatramhacha atá sainithe go soiléir agus a bheidh ina mbloic thógála d’fhíor-LEO gan aon mhoill nach gá, agus cumais fhioscacha na mBallstát á gcur san áireamh ag an am céanna;

11.  ag cur béim ar an ngéarghá le straitéis agus treochlár comhchoiteann cur chun feidhme a fhorbairt ina n-áirítear institiúidí an Aontais Eorpaigh, na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus an tsochaí shibhialta, agus lena sainítear a bhfreagrachtaí agus a ndeiseanna faoi seach; á áitiú gur cheart go mbeadh LEO soiléir agus inrochtana agus go léireodh sé gach leibhéal rialachais;

Réaltacht a dhéanamh den fhís: comhthosaíochtaí straitéiseacha agus spriocanna ar leibhéal an Aontais

12.  á chur i bhfáth an acmhainneacht a bhaineann le huirlisí maidir le comhordú beartas Eorpach a úsáid chun comhchuspóirí LEO a bhaint amach, lena n-áirítear an modh oscailte comhordúcháin agus an Seimeastar Eorpach; á mheabhrú ról an tSeimeastair Eorpaigh chun beartais an Aontais i réimse an oideachais a chur chun feidhme go rathúil, agus ag an am céanna ag aithint gur ceapadh é ar dtús mar uirlis chun beartais eacnamaíocha ar fud an Aontais a chomhordú d’fhonn a áirithiú go n-urramóidh rialtais an fhreagracht fhioscach;

13.  á iarraidh go dtiocfaidh institiúidí uile AE agus na Ballstáit ar chomhaontú maidir leis an bhfís chéanna, na tosaíochtaí céanna, na spriocanna céanna agus na tagarmharcanna céanna i ndáil le LEO, agus aitheantas á thabhairt do na héagsúlachtaí atá ann cheana san Eoraip;

14.  á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le saoirse acadúil agus neamhspleáchas oideolaíoch a bhunú mar chroíphrionsabail LEO;

15.  á iarraidh go ndéanfar sineirgí idir LEO, an Limistéar Eorpach Taighde agus Limistéar Eorpach an Ardoideachais a úsáid, chomh maith le sineirgí idir cláir éagsúla de chuid an Aontais; á iarraidh go ndéanfaí clár Erasmus+, Fís Eorpach, Eoraip na Cruthaitheachta, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an clár don Eoraip Dhigiteach agus an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a neartú tuilleadh chun tairbhe na múinteoirí, na n-oibrithe oideachais, na soláthraithe oideachais, na n-oibrithe don óige agus na bhfoghlaimeoirí ar fad;

16.  á thabhairt chun suntais gur cheart don chuimsitheacht a bheith ina gné lárnach de LEO agus ina réamhriachtanas chun oideachas ar ardchaighdeáin a bhaint amach do chách; á chur i bhfios go láidir nár cheart aon duine a fhágáil ar gcúl, go bhfuil tallann ag gach foghlaimeoir, agus gur cheart go mbeadh aird agus meas ar dhifríochtaí aonair; á chur i bhfios go láidir nach féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir le spriocanna comhchoiteanna ach amháin trí chur chuige níos cuimsithí;

17.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an foghlaimeoir a chur ag croílár an phróisis foghlama; á chur i bhfios go láidir gur gá a chinntiú go nglacfar cur chuige saincheaptha i leith grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear daoine a bhfuil aon chineál míchumais nó difríochtaí foghlama acu, amhail iad siúd ar speictream an uathachais nó iad siúd a bhfuil ardacmhainneacht acu, agus chun cur chuige uilescoile a chothú i leith LEO; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha ar fad, amhail cumainn mac léinn, saineolaithe tacaíochta oideolaíochta, cúramóirí d’fhoghlaimeoirí a bhfuil riachtanais speisialta acu, agus daoine eile, go háirithe i dtaca leis na hOllscoileanna Eorpacha agus Ionaid Barr Feabhais Ghairme Eorpaí a fhorbairt;

18.  á chur in iúl gur geal léi cuspóirí chreat nua straitéiseach AE maidir le foghlaim agus oiliúint ar feadh an tsaoil, a bhí mar ábhar de rún ón gComhairle an 19 Feabhra 2021 maidir le creat straitéiseach le haghaidh comhair Eorpaigh san oideachas, chomh maith leis na cúig thosaíocht straitéiseacha a sainaithníodh ann, go háirithe na tograí sonracha chun printíseachtaí ar feadh an tsaoil agus soghluaisteacht do chách a chur i gcrích;

19.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dálaí oibre a fheabhsú agus gur gá luach saothair leordhóthanach a thabhairt do mhúinteoirí agus d’oideoirí as a gcuid oibre; ag tathant ar na Ballstáit, i gcomhar leis an gCoimisiún, infheistíocht a dhéanamh in oideachas tosaigh múinteoirí agus oiliúnóirí, go háirithe trí ghné Eorpach agus soghluaisteacht thrasnáisiúnta a áireamh ina gcuraclam, chun inniúlachtaí agus inspreagadh a chothú i ngairm an oideachais, chun feabhas a chur ar an aitheantas a thugtar do luach na n-oideoirí sa tsochaí, agus chun neamhspleáchas oideolaíoch a threisiú; á chur i bhfios an tábhacht a bhaineann le gairmiúlú a dhéanamh ar fhoireann oideachas agus chúram na luath-óige d’fhonn aitheantas ceart agus luach ceart a thabhairt dá gcuid oibre, rud atá fíor-riachtanach chun oideachas a chur ar leanaí;

20.  ag tathant ar na Ballstáit litearthacht sna meáin agus san fhaisnéis, smaointeoireacht chriticiúil agus cultúr caoinfhulaingthe a chothú ag gach céim den phróiseas foghlama mar thosaíocht agus mar uirlis chriticiúil chun saoránaigh fhreagracha Eorpacha a chumhachtú leis na scileanna is gá chun rabharta na bréagaisnéise atá ag dul i méid a chomhrac agus aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an 21ú haois;

21.  á iarraidh go mbeadh creat comhchoiteann ann maidir le hinniúlachtaí digiteacha; á chur i bhfáth an gá atá le córas comhchoiteann chun scileanna, cáilíochtaí agus dintiúir dhigiteacha a aithint, a bhailíochtú agus a dheimhniú, chun bearnaí in inniúlachtaí digiteacha ar fud na hEorpa a laghdú, agus chun go mbeidh rochtain ag gach foghlaimeoir, go háirithe leanaí, ar threalamh bunúsach digiteach;

22.  á chur i bhfios go láidir an gá le digitiú na n-ollscoileanna san Aontas Eorpach a áirithiú agus á athdhearbhú go gcruthófaí ardán Eorpach ollscoile ar líne; á iarraidh ar an Aontas Eorpach an nascacht agus an bonneagar digiteach a aithint mar cheart a dhíorthaítear ón gceart bunúsach chun oideachais;

23.  á chur in iúl gur geal léi na hathruithe a rinneadh le déanaí san Ardán Leictreonach don Fhoghlaim Aosach san Eoraip agus á iarraidh ar an nGníomhaireacht Feidhmiúcháin Eorpach um Oideachas agus Cultúr measúnú a dhéanamh ar conas infheictheacht an phobail foghlama aosaigh a mhéadú tuilleadh, leanúint lena fhorbairt agus a thionchar a neartú;

24.  ag tacú le húsáid táscairí agus tagarmharcanna cainníochtúla, agus aird chuí á tabhairt ar na difríochtaí idir na Ballstáit agus laistigh díobh, chun go bhféadfar comparáid agus faireachán leanúnach a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i dtreo cuspóirí comhchoiteanna agus ag dreasú tuilleadh gníomhaíochtaí beartais, agus á athdhearbhú an gá atá le táscairí agus tagarmharcanna cáilíochtúla forlíontacha agus ag tabhairt rabhadh i gcoinne spriocanna meántéarmacha atá ró-uaillmhianach;

25.  á thabhairt chun suntais an gá atá ann feabhas a chur ar cháilíocht na ngníomhaíochtaí riachtanacha bailithe sonraí agus a mhinice a mhéadú, agus a áirithiú go ndéanfar faireachán gníomhach ar tháscairí agus ar thagarmharcanna ábhartha amhail an sprioc a leagtar síos leis an gClár Oibre Eorpach do Scileanna Nua go mbeadh 50 % den daonra fásta rannpháirteach i ngníomhaíochtaí foghlama a bhaint amach; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit spriocanna uaillmhianacha a bhaint amach, amhail maidir le cion na ndaltaí lagchumasacha agus na luathfhágálaithe scoile, tríd an gcéad tagarmharc a laghdú ó 15 % go 10 % agus an dara ceann a laghdú ó 10 % go 5 %;

26.  á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe idir AE agus eagraíochtaí agus institiúidí eile amhail UNESCO agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta, agus go mbainfí úsáid ghníomhach as taighde agus staidéir oideachais atá ann cheana agus a bheidh ann amach anseo agus go dtabharfaí tacaíocht dóibh chun cabhrú leis na Ballstáit athchóirithe beartais éifeachtacha a shainaithint; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit taighde oideachasúil coiteann agus rannpháirtíoch a fhorbairt a mbeidh sainordú agus buiséad dea-shainithe aige a thagann faoi shainchúram inniúlachtaí AE;

27.  á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an cistiú is gá a sholáthar chun LEO a bhunú, a chur chun feidhme agus a fhorbairt agus chun ionstraim thiomnaithe airgeadais a bhunú i gcreat airgeadais ilbhliantúil 2028-2034 d’fhonn LEO a fhorbairt tuilleadh agus aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí a éascú; á athdhearbhú a hiarraidh 10 % ar a laghad den chistiú faoin tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a leithdháileadh ar an oideachas, lena n-áirítear an t-oideachas digiteach, agus á iarraidh ar na Ballstáit an caiteachas poiblí san oideachas a mhéadú go suntasach os cionn mheán an Aontais (4,7 % de OTI in 2019);

28.  ag spreagadh an Coimisiún agus na Ballstáit straitéisí maolaithe tubaistí a chur i bhfeidhm d’earnáil an oideachais, i gcomhpháirtíocht agus i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ar fad, agus á áitiú a thábhachtaí atá gníomhaíocht chomhbheartaithe Eorpach tráth géarchéime, amhail paindéim COVID 19;

Bearta agus breithnithe earnáilsonracha

29.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé teangacha iasachta a fhoghlaim, agus an Béarla go háirithe; á chur i bhfios go láidir gur gá do na Ballstáit gníomhú chun tacú le hinniúlachtaí teanga a fhorbairt ar gach leibhéal, go háirithe sa bhunoideachas agus sa mheánoideachas, chun glacadh le sprioc Chomhairle na hEorpa maidir le ‘hilteangachas’ agus chun an tagarmharc a bhaint amach go mbeidh eolas leordhóthanach ag gach dalta ar dhá theanga oifigiúla eile de chuid an Aontais Eorpaigh agus a Bhallstát ar a laghad ag deireadh an mheánoideachais íochtaraigh ar a dhéanaí;

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí a fhorbairt chun go mbeidh na Ballstáit in ann an moladh ón gComhairle maidir le cur chuige cuimsitheach i leith múineadh agus foghlaim teangacha a chur chun feidhme, agus faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn dá réir; á iarraidh ar na Ballstáit sonraí inchomparáide maidir le foghlaim teangacha a bhailiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do scoileanna a mhúineann scileanna teanga Eorpacha, go háirithe teangacha dúchais shaoránaigh an Aontais atá ina gcónaí i dtíortha eile an Aontais;

31.  á chur i bhfáth an gá atá ann taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn san oideachas; á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le LEO ó thaobh tuiscint, staidéar agus taighde a chur chun cinn maidir le teicneolaíochtaí ceannródaíocha amhail intleacht shaorga (IS) agus róbataic chun feasacht a mhúscailt maidir leis na deiseanna agus na dúshláin ghaolmhara i suíomhanna oideachais, lena n-áirítear trí chláir staidéir shonracha fochéime ar fud na mBallstát ar fad; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil soláthar leordhóthanach de chláir speisialaithe fochéime IS ag an Aontas ina iomláine;

32.  á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ó na Lárionaid Eorpacha um Barrfheabhas Gairme, lena gcuirtear struchtúr ar fáil don earnáil ar an leibhéal Eorpach; á iarraidh go gcruthófaí limistéar Eorpach gairmiúil agus oiliúna mar chuid lárnach de LEO; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú chun reacht Eorpach na bPrintíseach a chruthú; á thabhairt chun suntais gur gá do Bhallstáit áirithe aghaidh a thabhairt ar an easpa tarraingteachta agus gradaim a bhaineann le VET agus le déchórais oideachais; á chur i bhfáth nach mór córais VET a bheith dírithe níos mó ar an bhfoghlaimeoir agus a chur in oiriúint do shaol na hoibre atá ag athrú; á athdhearbhú a thábhachtaí atá aitheantas do VET agus á iarraidh ar na Ballstáit an moladh comhfhreagrach ón gComhairle agus an Clár Oibre Eorpach do Scileanna Nua a chur chun feidhme go cuí agus ina n-iomláine; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé conairí solúbtha modúlacha foghlama a chruthú chun cur ar chumas foghlaimeoirí taithí agus deiseanna foghlama éagsúla a chur le chéile agus cur leo;

33.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhaíocht an Choimisiúin agus na mBallstát san ardoideachas, amhail Próiseas Bologna a atreisiú, gné idirnáisiúnta LEO a neartú agus an Cárta Mic Léinn Eorpach a chur chun cinn, lena n-áirítear trí ghlacadh leis na sineirgí a thairgtear trí na cláir AE atá ann cheana;

34.  ag tathant gur cheart go mbeadh LEO ina gharsprioc maidir le dioplómaí agus cáilíochtaí a aithint ar fud AE agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit méadú uathaitheantais fhrithpháirtigh ar thorthaí foghlama agus ar thréimhsí staidéir thar lear a éascú, lena n-áirítear sa VET agus trí mhicridhintiúir Eorpacha;

35.  á thabhairt chun suntais an ról tábhachtach atá ag an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil chomh maith leis an obair dheonach agus á chur i bhfáth an gá lena dtorthaí a aithint; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bogscileanna a chur chun cinn ar fud an Aontais;

36.  ag spreagadh na mBallstát moladh 2018 ón gComhairle a chur chun feidhme maidir le hinniúlachtaí lárnacha d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh sna hocht bpríomhréimse uile, amhail deiseanna d’fhoghlaimeoirí óga tabhairt faoi thaithí phraiticiúil fiontraíochta amháin ar a laghad le linn a gcuid oideachais agus, tríd an méid sin a dhéanamh, feabhas a chur ar an aitheantas a thugtar do na hinniúlachtaí a fhaightear tríd an bhfoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil ionas go méadófar solúbthacht na gconairí foghlama d’fhoghlaimeoirí de gach aois; á iarraidh go gcruthófaí creat Eorpach maidir le hinniúlachtaí sibhialta agus sóisialta lena n-aithnítear luach bhuntáistí na gcleachtas amhail meantóireacht agus maoirseacht ar ghníomhaíochtaí óige agus lena ndéantar iad a chur chun cinn agus a aithint;

37.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an chianfhoghlaim ina cuid anois de shaol go leor foghlaimeoirí tar éis phaindéim COVID-19; á chur i bhfáth, san oideachas bunscoile agus meánscoile, nach mór don chianfhoghlaim fanacht mar rogha dheiridh agus a bheith comhlántach le foghlaim aghaidh ar aghaidh, rud atá ríthábhachtach chun scileanna luachmhara sóisialta a theagasc; á chur i bhfios go láidir nach mór cur chuige nua-aimseartha, foghlama cumaisc atá dírithe ar dhaltaí atá in aois scoile a bheith ar siúl sa seomra ranga den chuid is mó agus faoi threoir an mhúinteora, a d’fhéadfadh, ar chúiseanna oideolaíocha, roghnú uirlisí éagsúla a mheascadh, bíodh siad digiteach (lena n-áirítear ar líne) nó neamhdhigiteach, mar chuid de thascanna foghlama(18);

38.  á iarraidh ar na Ballstáit oideachas a bhaineann leis an athrú aeráide agus an t-aistriú éiceolaíoch a chun cinn agus feasacht a ardú maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

39.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an bhearna inscne san oideachas a dhúnadh, lena n-áirítear san oideachas agus i ngairmeacha san eolaíocht, sa teicneolaíocht, san innealtóireacht, sna healaíona agus sa mhatamaitic (STEAM), chun steiréitíopaí inscne agus idirdhealú a chomhrac, agus chun an bhulaíocht, an chibearbhulaíocht agus cineálacha eile ciaptha, idirdhealaithe agus mí-iompair fhoréignigh a dhíothú chun éagsúlacht chultúrtha, eitneach agus inscne a fheabhsú trí dhea-chleachtais a chruthú agus a mhalartú ar fud na hEorpa;

40.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas Uachtaránacht na Portaingéile ar an gComhairle chun ardán ar líne a sheoladh a bhfuil sé mar aidhm leis comhroinnt sonraí a éascú i measc na mBallstát, ar sonraí iad a bhaineann leis na dúshláin atá nasctha leis an dífhostaíocht atá roimh dhaoine óga mar thoradh ar an bpaindéim;

41.  á athdhearbhú an tábhacht a bhaineann le hollchúrsaí oscailte ar líne (MOOCanna) mar ghné riachtanach chun uas-sciliú agus athsciliú an fhórsa saothair a chur chun cinn ar bhealach idirghníomhach agus inrochtana; á chreidiúint gur cheart do LEO glacadh agus forbairt MOOCanna a chur chun cinn agus na cuspóirí sin a léiriú sa chur chuige Eorpach i leith micridhintiúr;

42.  ag tabhairt dá haire nach ann d’aon sainmhíniú comhaontaithe aonair faoi láthair lena gcumhdaítear an téarma ‘micridhintiúir’; á mheas, dá bhrí sin, gur gá caighdeáin aonfhoirmeacha uile-AE a shainiú chun a n-aitheantas frithpháirteach a chur chun cinn go héifeachtach i measc na mBallstát agus chun a áirithiú go mbeidh muinín ag fostóirí as a luach;

Creat rialachais

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit Creat Straitéiseach 2030 maidir le Limistéar Oideachais Eorpach (EEASF 2030) atá nithiúil a bhunú faoi dheireadh 2022, lena n-áirítear sásra cuimsitheach stiúrtha, faireacháin agus meastóireachta, i gcomhréir le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 4 de chuid na Náisiún Aontaithe chun ‘oideachas atá ar ardchaighdeán, cothrom agus ionchuimsitheach a áirithiú agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil a chur chun cinn do chách’, agus leis an gcéad phrionsabal de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta; á chur in iúl gur geal léi an togra le haghaidh coiste stiúrtha do LEO, lena leagtar síos an bhunobair do chreat rialachais struchtúrtha agus córasach; ag cur béim ar ról na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa chun an bealach chun cinn a phlé maidir leis na dúshláin atá os comhair oideachas na hEorpa agus maidir le beartas a fhorbairt;

44.  ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt don chineál rannpháirtíochta a cheanglófar ar na Ballstáit agus ar leibhéil eile rialtais, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha, chomh maith le hinstitiúidí AE, agus socruithe rialachais il-leibhéil éifeachtacha a cheapadh lena n-urramófar prionsabal na coimhdeachta, agus é mar aidhm acu breisluach Eorpach a ghiniúint ag an am céanna;

45.  ag féachaint le soiléireacht a fháil maidir leis an leibhéal rannpháirtíochta atáthar ag dréim leis ó gheallsealbhóirí, ó earnálacha oideachais a bhí faoi ghannionadaíocht go dtí seo, agus ó ghníomhaithe ábhartha na sochaí sibhialta; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha ar fad atá ag obair i ngach réimse den fhoghlaim, lena n-áirítear oibrithe don óige agus eagraíochtaí don óige chomh maith le cumainn tuismitheoirí rannpháirteach sa chreat rialachais;

46.  á iarraidh ar an gCoimisiún ardán LEO a bhunú mar thairseach phoiblí idirghníomhach chun tacú le Ballstáit agus le geallsealbhóirí faisnéis a mhalartú agus comhar agus malartú dea-chleachtas a chur chun cinn; á chreidiúint gur cheart an t-ardán sin a mhaoiniú go leordhóthanach agus a bheith ar fáil i ngach teanga oifigiúil de chuid an Aontais;

47.  ag cur béim ar an bhfíoras gur príomhthosaíocht do na Ballstáit agus dá gcórais oideachais iad daonáirimh Eorpacha, bailiú sonraí agus taighde maidir le riachtanais chríochacha agus cleachtais oideachais ar fud an Aontais Eorpaigh;

I dtreo gné Eorpach méadaithe san oideachas

48.  á chur i bhfios go láidir an gá atá le gné Eorpach san oideachas trí pheirspictíocht Eorpach níos mó agus ar leith a ionchorprú i gcuraclam oideachais agus i gcláir oiliúna múinteoirí, lena gcuimsítear na múinteoirí, na hoiliúnóirí agus na foghlaimeoirí go léir ó eagraíochtaí foirmiúla agus seachfhoirmiúla agus ó earnáil VET araon, agus lena n-áirítear tacaíocht ó ghníomhartha Jean Monnet agus ó acadaimh na múinteoirí; ag moladh go dtabharfaí ‘Acadaimh Comenius do Mhúinteoirí’ ar na hacadaimh do mhúinteoirí sin; ag tacú le creat coiteann a chruthú chun cáilíochtaí múinteoirí a mhúnlú agus a fhorbairt ar fud na mBallstát;

49.  ag cur béim ar an ngá le heolas cuimsitheach a chur ar fáil d’fhoghlaimeoirí faoi stair agus faoi oidhreacht chultúrtha na hEorpa, idir inláimhsithe agus doláimhsithe, agus cuimhne chriticiúil Eorpach agus comhfhios stairiúil a chothú bunaithe ar na bunluachanna ar a bhfuil an tAontas Eorpach tógtha; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar Chomhairle na hEorpa comhoibriú maidir le stair na hEorpa agus leis an oideachas ar oidhreacht chultúrtha ar fud an Aontais, agus á thabhairt chun suntais an gá atá le cistiú spriocdhírithe agus le tionscnaimh spriocdhírithe chun taighde ar stair na hEorpa a mhéadú, chomh maith leis an stair phoiblí a chur chun cinn, agus nádúr casta stair ár mór-roinne á chur san áireamh;

50.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit creat comhchoiteann a chruthú maidir le foghlaim faoi AE ar fud na leibhéal agus na réimsí oideachais uile iomchuí; á chur i bhfáth gur gá foghlaimeoirí a chur ar an eolas faoi phróiseas lánpháirtiú na hEorpa, faoi institiúidí agus beartais AE, faoi na chearta a eascraíonn as saoránacht AE agus ar an gcaoi le páirt ghníomhach a ghlacadh i bpróisis dhaonlathacha AE;

51.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis chuimsitheach Eorpach agus creat coiteann maidir le hoideachas saoránachta a bhfuil gné Eorpach ag baint leis a fhorbairt, lena n-áirítear foghlaim faoi luachanna Eorpacha – amhail dínit an duine, an daonlathas, an smacht reachta, cearta an duine agus comhionannas – chun malartú dea-chleachtas agus forbairt ábhair agus cur chuige oideolaíoch chomhchoiteann a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis an méid sin, scrúdú a dhéanamh ar thascfhórsa oideachais saoránachta a bhunú chun an cúram sin a chomhordú agus chun feabhas a chur ar rochtain ar oideachas saoránachta Eorpaí d’fhonn cultúr sibhialta Eorpach agus muintearas Eorpach a chothú, lena gcuirfí le gnéithe áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus domhanda;

o
o   o

52.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO C 66, 26.2.2021, lch. 1.
(2) IO C 221, 10.6.2021, lch. 3.
(3) IO C 221, 10.6.2021, lch. 14.
(4) IO C 119, 28.5.2009, lch. 2.
(5) IO C 195, 7.6.2018, lch. 1.
(6) IO C 189, 4.6.2018, lch. 1.
(7) IO C 444, 10.12.2018, lch. 1.
(8) IO C 189, 5.6.2019, lch. 4.
(9) IO C 189, 5.6.2019, lch. 15.
(10) IO C 398, 22.12.2012, lch. 1.
(11) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0095.
(12) IO C 388, 13.11.2020, lch. 2.
(13) IO C 28, 27.1.2020, lch. 8.
(14) IO C 175, 7.5.2021, lch. 6.
(15) Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 maidir le beartas oideachais dhigitigh a mhúnlú.
(16) Psacharopoulos, G., Patrinos, H. A., Returns to Investment in Education: A Decennial Review of the Global Literature, [Fillte ar Infheistíocht san Oideachas: Athbhreithniú deichbhliantúil ar an Litríocht Dhomhanda] Grúpa an Bhainc Dhomhanda, Aibreán 2018.
(17) Tuarascáil ó Eurydice an 24 Márta 2021 maidir le múinteoirí san Eoraip: gairmeacha, forbairt agus dea-bhail.
(18) Féach an togra ón gCoimisiún an 5 Lúnasa 2021 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le foghlaim chumaisc le haghaidh oideachas bunscoile agus meánscoile ar ardcháilíocht agus cuimsitheach (COM(2021)0455).


Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais
PDF 179kWORD 65k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 ar phlean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais (2021/2007(INI))
P9_TA(2021)0453A9-0284/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir le Straitéis Chógaisíochta don Eoraip (COM(2020)0761),

–  ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 maidir le Straitéis Eorpach maidir le sonraí (COM(2020)0066),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 dar teideal Making the most of the EU’s innovative potential – An intellectual property action plan to support the EU’s recovery and resilience [An Leas is fearr is féidir a bhaint as acmhainneacht nuálach an Aontais Eorpaigh – Plean gníomhaíochta um maoin intleachtúil chun tacú le téarnamh agus athléimneacht an Aontais Eorpaigh] (COM(2020)0760),

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’), go háirithe Airteagal 17(2) di,

–  ag féachaint don Chomhaontú maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní(1),

–  ag féachaint do Chomhaontú EDT, 1995, maidir le Gnéithe de Chearta Maoine Intleachtúla a bhaineann le Trádáil (Comhaontú TRIPS),

–  ag féachaint d’Acht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin i dtaca le hAinmniúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha ón Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (EDMI), a tháinig i bhfeidhm an 26 Feabhra 2020(2),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta(3),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/933 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 469/2009 maidir leis an deimhniú forlíontach cosanta le haghaidh táirgí íocshláinte(4),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE(5),

–  ag féachaint do Threoir 2004/27/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leasaítear Treoir 2001/83/CE maidir leis an gcód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine(6),

–  ag féachaint do Threoir 2004/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le cearta maoine intleachtúla a fhorfheidhmiú(7),

–  ag féachaint do Threoir 98/71/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 1998 maidir le cosaint dhlíthiúil na ndearaí(8),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle an 12 Nollaig 2001 maidir le dearaí Comhphobail(9),

–  ag féachaint do Thuarascáil Fiosrúcháin na hEarnála Cógaisíochta ón gCoimisiún, 2009,

–  ag féachaint do thuarascáil anailíse chomhpháirteach ar leibhéal gnólachta ó OEP-EUIPO maidir le cearta maoine intleachtúla agus feidhmíocht ghnólachta san Aontas Eorpach, Feabhra 2021,

–  ag féachaint do mheastóireacht an Choimisiúin ar reachtaíocht AE maidir le cosaint dearaí,

–   ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle maidir le tosaíochtaí AE a leagan síos don chomhrac i gcoinne na coireachta tromchúisí agus eagraithe le haghaidh EMPACT 2022-2025,

–  ag féachaint don mhionanailís a choimisiúnaigh Parlaimint na hEorpa dar teideal Standard Essential Patents and the Internet of Things [Paitinní Bunriachtanacha Caighdeánacha agus Idirlíon na Rudaí Nithiúla], Eanáir 2019,

–  ag féachaint do rún uaithi an 9 Meitheamh 2015 ar ‘I dtreo comhthoil athnuaite maidir le forghníomhú Ceart Maoine Intleachtúla: Plean Gníomhaíochta AE’(10),

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2020 ar chearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga(11),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún ar dhúshláin eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach(12),

–  ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2015 ar an bhféidearthacht cosaint ón Aontas Eorpach maidir le tásc geografach a leathnú go dtí táirgí neamhthalmhaíochta(13),

–  ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 ar straitéis sláinte poiblí an Aontais don ré i ndiaidh COVID-19(14),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0284/2021),

A.  de bhrí go bhfuil cosaint chothrom agus forfheidhmiú cothrom ceart maoine intleachtúla (CMI) an-tábhachtach do gheilleagar na hEorpa agus do théarnamh agus d’athléimneacht AE freisin, go háirithe maidir le paindéim COVID-19;

B.  de bhrí gur léiríodh le paindéim COVID-19 an tábhacht a bhaineann le beartais cosanta MI ós rud é gur léiríodh an gá atá le bearta éifeachtacha chun aghaidh a thabhairt ar an nganntanas vacsaíní i gcoinne COVID-19, go raibh slite beatha faoi bhagairt agus go raibh caillteanas ioncaim eiseach d’oibrithe in earnálacha an chultúir agus na cruthaitheachta mar thoradh air;

C.  de bhrí gur lú i bhfad an tionchar a bhí ag an ngéarchéim eacnamaíoch in 2008 ar infheistíochtaí in sócmhainní doláimhsithe, rud a léiríonn acmhainneacht sócmhainní MI chun cobhsaíocht eacnamaíoch agus fás a chruthú, chomh maith le comhghaol deimhneach idir úinéireacht CMI agus cáilíocht agus cobhsaíocht fostaíochta; de bhrí go léirítear le staidéir go bhfásann gnólachtaí a úsáideann CMInna níos tapa, go bhfuil siad níos athléimní ó thaobh sleabhctha eacnamaíocha de, go méadaíonn siad luach na cuideachta agus go dtreisíonn siad a seasamh sa mhargadh aonair; de bhrí go léirítear leis na fíricí sin freisin a thábhachtaí atá sé dreasachtaí agus cúnamh a thabhairt do FBManna a gcuid CMInna a chosaint agus seilbh a bheith acu orthu;

D.  de bhrí gur tháinig méadú beag ar chlárúcháin MI i míonna tosaigh 2021 i gcomparáid leis an tréimhse chéanna in 2020; de bhrí go bhféadfaí téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe agus digiteach tar éis COVID a bhunú ar CMI; de bhrí, le linn phaindéim reatha COVID-19, gur chláraigh an córas mear-rabhaidh do tháirgí contúirteacha (‘RAPEX’) an líon foláireamh is airde dá raibh riamh ann;

E.  de bhrí go bhfuil clárúcháin maoine intleachtúla (MI) ag dul i méid an t-am ar fad, agus go bhfuil an margadh aonair ilroinnte fós de bharr éagsúlachtaí sa reachtaíocht náisiúnta; de bhrí go bhfuil gá leanúnach le nósanna imeachta bailíochtaithe náisiúnta comhthreomhara agus dlíthíocht i gcomhair paitinní Eorpacha; de bhrí go bhfuil bearnaí fós ann, go háirithe san fhorfheidhmiú, a d’fhéadfadh bac a chur ar fhorbairt cuideachtaí, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), srian a chur ar rochtain tomhaltóirí ar tháirgí nuálacha agus sábháilte, agus a d’fhéadfadh cosc a chur ar aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shóisialta tríd an nuálaíocht;

F.  de bhrí gur foinse fáis agus rathúnais iad tionscail dianeolais; de bhrí gur ghin siad beagnach 30 % de na poist ar fad agus beagnach 45 % den ghníomhaíocht eacnamaíoch iomlán (OTI) in AE idir 2012 agus 2016, mar a léiríodh i dtuarascáil anailíse ar leibhéal an tionscail, 2019, ó Oifig Eorpach na bPaitinní (OEP) agus ó Oifig Maoine Intleachtúla AE (EUIPO)(15); de bhrí gurb ionann tionscail atá dian ó thaobh CMI de agus 93 % d’onnmhairí iomlána earraí AE chuig an gcuid eile den domhan;

G.  de bhrí gur ceart bunúsach é MI de réir Airteagal 17 den Chairt;

H.  de bhrí go mbraitheann forbairt agus dul chun cinn tionscal eolasbhunaithe go suntasach ar na rialacha lena rialaítear CMI, agus go háirithe ar chosaint éifeachtach a áirithiú trí reachtaíocht éifeachtúil maidir le paitinní, trádmharcanna, dearaí, cóipcheart agus cearta gaolmhara, tásca geografacha agus cosaint cineálacha plandaí, agus freisin trí na rialacha maidir le cosaint rún trádála a chur i bhfeidhm go cuí agus go comhchuibhithe,

I.  de bhrí go rannchuidíonn córais MI le forbairt cógas nua agus go bhfuil dreasachtaí MI tábhachtach chun rochtain éifeachtach ar chógais inacmhainne a áirithiú; de bhrí nach mór cógais nua an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine, an dlí idirnáisiúnta poiblí agus ceanglais sláinte poiblí a chomhlíonadh;

J.  de bhrí go bhfuil nuálaithe Eorpacha chun tosaigh i dtaobh teicneolaíochtaí glasa, ag a bhfuil cion mór paitinní glasa agus punanna láidre MI i dteicneolaíochtaí amhail oiriúnú don athrú aeráide, gabháil agus stóráil carbóin, agus cóireáil uisce agus dramhaíola;

K.  de bhrí gur gá luachshocrú agus úsáid taighde agus forbartha a chur chun cinn san Eoraip, mar a léirítear leis an bhfíric gurb ionann iarratasóirí Eorpacha ar phaitinní agus mionlach iarratasóirí ar phaitinní ar fud an domhain i réimse na hintleachta saorga, cé gur ón Eoraip a thagann céatadán suntasach d’fhoilseacháin ardluacha maidir le IS;

Ginearálta

1.  ag tacú leis an gCoimisiún i dtaobh a phlean gníomhaíochta MI ó mhí na Samhna 2020 a shaothrú, ós rud é go bhfuil cosaint láidir, stóinsithe agus chothrom CMI ar an leibhéal náisiúnta, Eorpach agus idirnáisiúnta a lamhálann do thoradh ar infheistíocht go háirithe tábhachtach don téarnamh eacnamaíoch agus sóisialta ó COVID-19 agus ó ghéarchéimeanna domhanda eile agus don athléimneacht fhadtéarmach ina leith ionas gur féidir le AE freagairt do ghéarchéimeanna ar bhealach gasta agus i gcomhréir le prionsabail Rialachán (AE) 2021/241 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta(16) agus déantar deimhneacht dhlíthiúil agus comhlíonadh na reachtaíochta Eorpaí a áirithiú léi, mar aon le cruthú geilleagair inbhuanaithe atá digiteach agus iomaíoch go domhanda in AE, ina bhfuil an nuálaíocht ag fónamh freisin chun cur le leas coiteann na sochaí, a chumasú;

2.  ag aithint go spreagtar gníomhaíocht chruthaitheach, airgtheach agus nuálach le cosaint CMI, agus ar an gcaoi sin ag lamháil don líon is mó daoine tairbhe a bhaint as an ngníomhaíocht sin; ag tabhairt dá haire go bhfágann an ghníomhaíocht sin gur féidir le haireagóirí, nuálaithe agus údair cúiteamh a fháil as a gcuid iarrachtaí cruthaitheacha; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag tacú le cumas cuideachtaí Eorpacha nuáil a dhéanamh ar bhonn réimeas cuimsitheach MI chun cosaint éifeachtach a choinneáil maidir lena n-infheistíochtaí T&F, torthaí cothroma a bhaint amach trí cheadúnú, leanúint de chaighdeáin teicneolaíochta oscailte a fhorbairt a thacaíonn le hiomaíocht agus le rogha agus a áirithiú go mbeidh tionscal AE rannpháirteach i bhforbairt na bpríomhtheicneolaíochtaí ar an leibhéal domhanda;

FBManna agus cosaint MI

3.  á thabhairt chun suntais go bhfuil go leor tairbhí ag baint le CMInna d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus do mhicrifhiontair; á chur i bhfios go láidir go gcuireann tionscail atá dian ó thaobh CMI de poist de chaighdeán níos fearr ag a bhfuil dálaí oibre níos fearr agus luach saothair níos airde ar fáil; ag tabhairt dá haire go ngineann FBManna ar leo CMInna suas le 68 % níos mó ioncaim in aghaidh an fhostaí agus go n-íocann siad pá atá 20 % níos airde ná pá in FBManna nach leo CMInna; á chur in iúl gur ábhar imní di, dá bhrí sin, go mbíonn deacrachtaí ag go leor FBManna a straitéis MI féin a chinneadh agus a gcuid CMInna a bhainistiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di, dá bhrí sin, dearbháin MI, an tseirbhís réamhdhiagnóiseach MI (‘IP Scan’) agus tionscnaimh eile de chuid an Choimisiúin agus EUIPO chun tacú le nósanna imeachta simplí clárúcháin agus táillí ísle riaracháin do mhicrifhiontair agus do FBManna agus chun cabhrú leo an leas is fearr is féidir a bhaint as a gcuid MI; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar Oifig Eorpach na bPaitinní (OEP) agus ar EUIPO machnamh a dhéanamh ar na tionscnaimh sin a leathnú chuig sócmhainní MI de gach cineál agus bearta breise a shainaithint chun na tairbhí a bhaineann le clárú CMI a chur chun cinn chun gníomhaíochtaí FBManna a fhorbairt;

4.  á chur in iúl go bhfuil sí lánchinnte de gurb é tacaíocht a thabhairt do FBManna, lena n-áirítear bearta airgeadais agus neamhairgeadais, an bealach ceart le heolas níos fearr a chur ar fáil dóibh agus le rochtain níos fearr ar CMInna a thabhairt dóibh, agus go bhfuil ionstraimí airgeadais agus dlíthiúla den ríthábhacht sa chomhthéacs sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar EUIPO, dá bhrí sin, leanúint de bhearta tacaíochta bainistithe MI a chur chun feidhme i gcomhair FBManna agus micrifhiontar le linn an téarnaimh eacnamaíoch, lena n-áirítear rochtain ilfhreastail ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí gaolmhara agus ar chomhairle faoi MI a sholáthar; á chur i bhfáth go gcuideoidh an tacaíocht sin le gach tionscnamh náisiúnta agus réigiúnach de chuid chomhaltaí Ghréasán an Aontais Eorpaigh um Maoin Intleachtúil (EUIPN) a ghiaráil agus a chur chun cinn;

5.  á chur in iúl gur ábhar imní di nach bhfuil ach líon beag FBManna Eorpacha ar an eolas go bhfuil sócmhainní doláimhsithe ar chuid de na sócmhainní is luachmhaire, agus nach mbaineann ach an líon beag sin tairbhe as a gcuid MI agus iad ag iarraidh maoiniú a fháil; á chur in iúl gur díol sásaimh di, dá bhrí sin, an Lárionad Faisnéise Eorpach um Maoin Intleachtúil a fógraíodh mar cheann de roinnt mhaith beart lena n-áiritheofar go mbainfidh an Eoraip leas breise as luach an eolais a dhéanann ár gcuideachtaí a chruthú, a fhorbairt agus a chomhroinnt go leanúnach, agus go mbeidh na huirlisí agus an fhaisnéis is gá acu nó go ndéanfaidh siad na sócmhainní sin a bhainistiú ar bhealach níos gníomhaí; á chur i bhfáth go gcuireann na samhlacha áisiúlachta cosaint ghasta agus ísealchostais ar fáil d’aireagáin theicniúla agus go bhfuil siad an-tarraingteach do FBManna; ag spreagadh na mBallstát nach bhfuil an uirlis sin á tairiscint acu go fóill í a bhunú dá bhrí sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar an bhféidearthacht cosaint a thabhairt isteach do shamhlacha áisiúlachta ar leibhéal AE, rud nach bhfuil ar fáil faoi láthair;

Pacáiste na bPaitinní Aonadacha

6.  á chur i bhfáth go bhfuil sé mar aidhm le pacáiste na bpaitinní aonadacha, lena n-áirítear an phaitinn Eorpach a bhfuil éifeacht aonadach léi (paitinn aonadach) agus Cúirt Aontaithe na bPaitinní (CAP), cosaint phaitinne a dhéanamh níos éifeachtúla, chomh maith le réiteach díospóide ar fud na hEorpa a dhéanamh sothuigthe, trí nósanna imeachta comhthreomhara sna Ballstáit a sheachaint, agus na costais a bhaineann leo a laghdú, trí chostais dlí a laghdú, chomh maith le bheith níos inrochtana agus níos éifeachtúla, agus ar an gcaoi sin deimhneacht dhlíthiúil a fheabhsú; á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirteacha nach bhfuil sé déanta fós acu, dá bhrí sin, bogadh ar aghaidh leis an bPrótacal a ghabhann leis an gComhaontú maidir le Cúirt Aontaithe Paitinní i ndáil le cur i bhfeidhm sealadach (PPA) a dhaingniú, a luaithe is féidir, nó a dhearbhú trí mhodhanna eile go bhfuil siad faoi cheangal ag PPA chun go dtiocfaidh pacáiste na npaitinní aonadacha i ngníomh go tapa;

7.  á chur i bhfáth gur rogha bhreise í an phaitinn aonadach i gcomhthreo le paitinní náisiúnta agus ag spreagadh na mBallstát nach bhfuil rannpháirteach go fóill i gcomhar feabhsaithe chun cosaint aonadach phaitinne a chruthú agus/nó nár aontaigh go fóill Comhaontú CAP, leanúint den phróiseas as a n-eascróidh rannpháirtíocht iomlán; á mheabhrú go mbaineann FBManna nuálacha tairbhe as córas comhsheasmhach Eorpach paitinne, agus á chur i bhfios go láidir gurb ionann Comhaontú CAP agus na Rialacha Nós Imeachta a ghabhann leis agus réiteach atá cothromaithe go cúramach, lena léirítear bunphrionsabail na comhréireachta, na solúbthachta, na cothroime agus an chothromais de chuid an Aontais; ag cur sonrú sna laghduithe ar tháillí agus aisíocaíocht na dtáillí do FBManna faoi chuimsiú Rialacha Nós Imeachta CAP;

8.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an córas malartach réitigh díospóide ionaid ilfhreastail atá le bunú faoi Airteagal 35 de Chomhaontú CAP, ar córas é nach gcuireann isteach ar na córais náisiúnta atá ann faoi láthair, ionas nach mbainfear an bonn de cheart na bpáirtithe chun ceartais; á iarraidh ar na Ballstáit cur i bhfeidhm tapa lárionad eadrána agus idirghabhála na bpaitinní a éascú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhféadfadh an lárionad, sa mheántéarma nó san fhadtéarma, déileáil leis na díospóidí MI uile; á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí na mBallstát teacht ar réitigh iomchuí chun déileáil leis na héifeachtaí a eascraíonn as Brexit;

Deimhnithe forlíontacha cosanta

9.  á chur i bhfáth go ndéantar an córas um dheimhniú forlíontach cosanta (SPC) laistigh den Aontas, i ndiaidh go bhfuil mórábharthacht phraiticiúil ag baint leis, a chur chun feidhme ar dhóigh ilroinnte ar fud na mBallstát; ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint le haghaidh na mBallstát agus aghaidh a thabhairt ar an ilroinnt sin, lena n-áirítear trí thograí reachtacha bunaithe ar mheasúnú tionchair uileghabhálach;

10.  ag aithint nach ndéantar foráil le pacáiste na bpaitinní aonadacha do theideal aonadach SPC agus á iarraidh ar na Ballstáit tacú leis an teideal sin a bhunú mar shíneadh loighciúil ar chosaint aonadach phaitinne;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún, in éagmais teideal aonadach SPC, comhleanúnachas a áirithiú idir córas na bpaitinní aonadacha atá ar na bacáin agus córas reatha SPC laistigh de AE trína shoiléiriú go bhféadfaidh oifigí paitinne náisiúnta SPCanna náisiúnta a dheonú ar bhonn paitinn aonadach;

12.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur mian leis an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag togra le haghaidh SPC aonadach; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh tabhairt isteach teideal aonadach SPC le coinníoll fionraíochta ag brath ar an gcinneadh foirmiúil ar an leibhéal náisiúnta tarlú fiú sula dtiocfaidh an phaitinn aonadach i bhfeidhm, agus ag moladh dá bhrí sin go ndéanfaí machnamh ar shíneadh a chur le sainordú OEP, ionas go bhféadfaí scrúdú a dhéanamh ar iarratais SPC ar bhonn rialacha aontaithe;

13.  á chur i bhfios go gcuireann neamhéifeachtúlachtaí i nósanna imeachta deonaithe SPC bac ar nuálaithe agus ar tháirgeoirí chun dochair do rochtain chothrom othar ar chóireálacha agus go bhfuil sé bunriachtanach go mbeadh machaire comhréidh ann do dhéantóirí táirgí cineálacha agus bithshamhlacha san Aontas; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, nach mór aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar mhí-úsáidí iarratas roinne ar phaitinní agus nascálacha paitinne; á mheabhrú gur cheart go mbainfí amach na riachtanais is práinní atá ag an tsochaí leis an nuálaíocht agus gur cheart soláthairtí tráthúla cógas, lena n-áirítear táirgí cineálacha agus bithshamhlacha, a chur chun cinn sa chomhthéacs sin, chomh maith le hinacmhainneacht agus infhaighteacht ghasta; á chur i bhfáth, maidir le díolúine Bolar, mar a thugtar uirthi, lena gceadaítear trialacha ar tháirgí paitinnithe a dhéanamh chun tacú le hiarratais ar údarú margaíochta i dtaca le táirgí cineálacha agus bithshamhlacha gan iad a bheith á meas mar sháruithe ar chearta paitinne nó SPCanna le haghaidh táirgí íocshláinte, chomh maith le teacht isteach éifeachtach agus láithreach ar an margadh tar éis do chearta paitinne agus SPCanna dul in éag, nach féidir athbhreithniú féideartha a dhéanamh uirthi go dtí go mbeidh measúnú tionchair cuimsitheach déanta;

14.  ag cur béim láidir ar an ról tábhachtach atá ag infheistíochtaí poiblí in T&F, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh torthaí T&F a mhaoinítear go poiblí san earnáil cógaistíochta trédhearcach ionas go ráthófar le coinníollacha paitinnithe agus ceadúnaithe go mbeidh sochar ann don tsláinte phoiblí ó infheistíochtaí poiblí;

Bunphaitinní Caighdeáin

15.  ag aithint go bhfuil faisnéis maidir le bunphaitinní caighdeáin a bheith ann, maidir lena raon feidhme agus maidir lena n-ábharthacht tábhachtach don chaibidlíocht ar cheadúnú cóir, rud a fhágann gur féidir le húsáideoir ionchasach na gcaighdeán méid a nochta do Bhunphaitinní Caighdeáin agus do cheadúnóirí a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint; ag tabhairt dá haire, cé go dtéann páirtithe toilteanacha i mbun caibidlíochta de mheon macánta i bhformhór na gcásanna, gur minic a bhíonn Bunphaitinní Caighdeáin faoi réir dlíthíochta; ag moladh go bhféachfadh an Coimisiún ar dhreasachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann chun caibidlíocht a dhéanamh lena seachnófaí dlíthíocht mar, leis sin, seachnófaí na costais a ghabhann le díospóidí agus laghdófaí fadhbanna gaolmhara eile;

16.  á chur i bhfáth, maidir le mórán iarratas ar phaitinní arna ndearbhú mar iarratais a d’fhéadfadh a bheith bunriachtanach in eagraíochtaí forbartha caighdeán le linn an phróisis socraithe caighdeán, go bhféadfadh sé nach mbeadh siad bunriachtanach ar deireadh don chaighdeán arna ghlacadh ar deireadh nó i ndiaidh an phaitinn a dheonú, agus go gcuirfeadh sásra grinnscrúdaithe atá iomchuí, neamhspleách i ndáiríre agus trédhearcach leis an trédhearcacht agus go méadódh sé an deimhneacht dhlíthiúil; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an staidéar píolótach le haghaidh measúnú ar thréith riachtanach bunphaitinní caighdeáin(17);

17.  á iarraidh ar an gCoimisiún imscrúdú breise a dhéanamh, in éineacht leis na gníomhaithe ábhartha, ar na ceanglais maidir le córas neamhspleách, neodrach agus trédhearcach seiceálacha ar thréith riachtanach tríú páirtí tríd an éileamh ar acmhainní amhail teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn amhail IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara agus/nó saineolas teicniúil OEP a shainaithint, measúnú a dhéanamh ar a dtionchar sin, agus an ról a d’fhéadfadh a bheith acu sin sa chomhthéacs sin a shainiú, agus an t-eolas arna fháil a úsáid mar ionchur don tionscnamh reachtach maidir le bunphaitinní caighdeáin atá beartaithe do thús 2022 bunaithe ar mheasúnuithe tionchair iomchuí;

18.  ag aithint a thábhachtaí atá córas cothrom ceadúnúcháin cothrom do bhunphaitinní caighdeáin agus ag áitiú go bhfuil tábhacht le rialacha cobhsaí, éifeachtúla agus cothroma le haghaidh sin; á chur i bhfios go láidir gur téarmaí dlí doiléire iad ‘téarmaí cothroma, réasúnacha agus neamh-idirdhealaitheacha’ (FRAND) lena n-áirítear éiginnteacht dhlíthiúil, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí tionscail agus tuilleadh soiléireachta a chur ar fáil maidir le gnéithe éagsúla FRAND chomh maith le cásdlí agus lena n-áirítear trí fhaireachlann (ionad inniúlachta) a ainmniú chun na críche sin; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint roimhe seo ar an gCoimisiún tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú ina léirítear cásanna iarbhír de neamhchomhlíonadh FRAND agus de phaitinn ‘hold-ups’ agus paitinn ‘hold-outs’, mar a thugtar orthu;

19.  ag cur béim ar an bhfíoras a thábhachtaí atá trédhearcacht na mbunachar sonraí um Eagraíocht Forbartha Caighdeán a mhéadú agus á iarraidh ar Eagraíochtaí Forbartha Caighdeán a gcóras dearbhaithe agus a mbunachair a thabhairt cothrom le dáta; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar Airteagal 9(1)(c) de Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012(18) lena bhforáiltear go bhfuil sé de chúram ar OEP gealltanais cheadúnúcháin arna ndéanamh ag dílseánach paitinne aonadaí i gcomhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú a ghlacadh agus a chlárú; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bhreathnú ar iompar cuideachtaí tríú tíortha i gcomhlachtaí idirnáisiúnta um chaighdeánú, rud a chuireann, in éineacht leis na cinntí a rinne cúirteanna eachtracha le déanaí, míbhuntáiste suntasach ar chuideachtaí Eorpacha tríd an mbonn a bhaint d’iomaíochas an mhargaidh Eorpaigh;

20.  ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá trédhearcacht agus an gá atá le faisnéis riachtanach a sholáthar go réamhghníomhach roimh ré agus bunphaitinní caighdeáin á gceadúnú maidir le téarmaí FRAND ar bhealach lena n-áiritheofar toradh cothrom na caibidlíochta de mheon macánta idir páirtithe; á thabhairt chun suntais nach bhfuil soiléireacht ann go fóill faoin gceist an féidir le sealbhóir bunphaitinne caighdeáin leibhéal an cheadúnaithe a roghnú i slabhra soláthair nó an gcaithfidh rochtain a bheith ag aon chuideachta sa slabhra luacha ar cheadúnas, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún comhoibriú leis na geallsealbhóirí ábhartha chun teacht ar chur chuige maidir leis an tsaincheist sin agus aghaidh a thabhairt uirthi;

21.  ag leagan béim ar an luach atá ar thionscnaimh dheonacha atá ann cheana agus atá faoi stiúir an tionscail chun ceadúnú bunphaitinne caighdeáin a éascú d’idirlíon na rudaí nithiúla, amhail comhthiomsuithe ceadúnúcháin, lena dtugtar le chéile formhór na bhforbróirí Eorpacha agus idirnáisiúnta teicneolaíochta ceallaí;

Tásca geografacha

22.  á mheabhrú go bhfuil thart ar 3 300 táirge faoi chosaint ag AE mar thásca geografacha (TGanna) agus go bhfuil méadú tagtha ar luach bliantúil na dtáirgí sin ar fad go breis agus EUR 75 bhilliún, agus dá bhrí sin á chur in iúl gur is díol sásaimh di na tionscnaimh agus na gníomhaíochtaí chun córas na dtásc geografach maidir le táirgí talmhaíochta, bia, fíonta agus biotáillí a neartú, a nuachóiriú, a chuíchóiriú agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr chun é a dhéanamh níos beaichte agus níos éifeachtaí, ós rud é go rannchuidíonn siad le poist ardcháilíochta a chruthú agus a chosaint, le hinbhuanaitheacht shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíoch a chur chun cinn i gceantair thuaithe, agus le héagsúlacht chultúrtha Eorpach a chothú;

23.  á mheas gur cheart do shaincheist an ró-ualaigh riaracháin a chuirtear ar tháirgeoirí i ndáil le clárú, leasú agus bainistiú sonraíochtaí táirgí TGanna agus sainearraí traidisiúnta faoi ráthaíocht (STR) a bheith i gcroílár na bpléití amach anseo; á mheabhrú gur ndearnadh na nósanna imeachta chun na sonraíochtaí a leasú do TGanna a shimpliú agus a chuíchóiriú maidir le táirgí fíona agus agraibhia mar chuid den athbhreithniú ar athchóiriú an chomhbheartais talmhaíochta, agus gur cheart an cur chuige sin a neartú amach anseo;

24.  á mheabhrú go meastar gurb ionann síolta feirm-shábháilte agus breis is 80 % de riachtanais iomlána síolta feirmeoirí i dtíortha áirithe san Afraic; á iarraidh ar AE tacú le córais CMInna lena gcuirtear feabhas ar fhorbairt cineálacha síolta arna n-oiriúnú go háitiúil agus síolta feirm-shábháilte, i gcomhréir le forálacha an Chonartha Idirnáisiúnta maidir le hAcmhainní Géiniteacha Plandaí do Bhia agus don Talmhaíocht (ITPGRFA) agus Airteagal 19 de Dhearbhú na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta na dTuathánach agus Daoine Eile a Oibríonn i gCeantair Thuaithe;

25.  á mheas go bhfuil sé bunriachtanach CMInna a chosaint ar bhealach lena gcuirtear taighde agus nuálaíocht chun cinn, go háirithe chun cineálacha talmhaíochta níos athléimní a thabhairt isteach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, samhlacha feirmeoireachta inbhuanaithe agus agrai-éiceolaíocha a bhaint amach, ar samhlacha iad lena dtugtar cosaint d’acmhainní nádúrtha agus lena n-urramaítear acmhainn atáirgthe agus ábhair ilchineálaigh neamhchosanta san earnáil orgánach; á chur i bhfáth go bhfuil cosaint ceart maidir le cineálacha plandaí bunriachtanach agus go n-éilítear léi córas láidir agus infhorfheidhmithe cosanta in AE agus ag leagan béim, dá bhrí sin, ar an ról tábhachtach atá ag córais an Chomhphobail um chearta cineálacha plandaí agus ag an Aontas Idirnáisiúnta um Chosaint Cineálacha Nua Plandaí; á chur i bhfios nach mór do CMInna cur le slándáil bia agus le hathléimneacht agus iomaíochas shamhail agraibhia AE;

26.  á chur i bhfáth gur cheart iarrachtaí breise a dhéanamh an trédhearcacht a mhéadú maidir le stádas agus inphaitinneacht ábhair bhitheolaíoch; á chur i bhfios gur cheart rochtain leormhaith a thabhairt do phóraitheoirí ar fhaisnéis faoin ábhar bitheolaíoch a úsáidfidh siad sa phróiseas pórúcháin plandaí; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún modhanna nua a chur chun feidhme chun comhairliúchán éifeachtach a dhéanamh agus chun faisnéis a mhalartú; ag cur i gcoinne aon phaitinniú ar ainmhithe beo;

27.  á chreidiúint go bhfuil aitheantas ar TGanna le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta ábhartha maidir le tosaíochtaí chláir AE atá á bhforbairt, lena n-áirítear tosaíochtaí na straitéise tionsclaíche, trí shlabhraí soláthair gairide a fhorbairt, agus an Chomhaontaithe Ghlais trí tháirgí a dhéantar go háitiúil a chothú a bhfuil níos mó inrianaitheachta agus trédhearcachta acu maidir le tionscnamh an táirge agus na próisis mhonaraíochta a úsáidtear;

28.  ag tacú leis an gCoimisiún maidir lena thionscnamh chun cosaint sui generis AE éifeachtúil agus thrédhearcach i dtaca le tásca geografacha (TGanna) a bhunú, ar bhonn measúnú tionchair críochnúil, le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta, lena sainaithnítear táirge mar tháirge de thionscnamh críche Ballstáit nó réigiúin nó ceantair sa chríoch sin, i gcás ina bhfuil cáilíocht, clú nó saintréith eile áirithe an táirge inchurtha go bunúsach i leith a thionscnaimh gheografaigh, chun teacht, inter alia, le hAcht na Ginéive de Chomhaontú Liospóin maidir le Sonrúcháin Tionscnaimh agus Tásca Geografacha, atá sínithe ag AE agus lena n-áirítear ann an fhéidearthacht TGanna a chosaint le haghaidh táirgí talmhaíochta agus neamhthalmhaíochta araon; ag dréim leis go molfaidh an Coimisiún reachtaíocht maidir leis sin a luaithe is féidir agus faoi dheireadh 2021 ar a dhéanaí;

29.  ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart é a bheith d’aidhm ag córas cosanta sui generis AE maidir le TGanna le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta tairbhí a thabhairt do thomhaltóirí, trí eolas ar thásca táirge barántúlachta a éascú, tionchar dearfach eacnamaíoch a imirt ar mhicrifhiontair agus ar FBManna trí iomaíochas a spreagadh, agus tionchar ginearálta a bheith aige ar fhostaíocht, ar fhorbairt agus ar thurasóireacht i gceantair thuaithe agus i gceantair bheagfhorbartha, rud a d’fhéadfadh cabhrú go háirithe le téarnamh AE tar éis ghéarchéim COVID-19; á chreidiúint go ndéanfadh cosaint sui generis sin maidir le TGanna neamhthalmhaíochta rochtain ar mhargaí tríú tíortha a éascú trí chomhaontuithe trádála AE; á mheas, áfach, nach mór go ndéanfaí, leis an gcóras, coimircí riachtanacha a bheartú, lena n-áirítear sásraí éifeachtacha agus trédhearcacha um chur i bhfeidhm agus um chur i gcoinne;

30.  ag tabhairt dá haire nach lamháiltear do tháirgeoirí leis an gcosaint atá ann faoi láthair maidir le trádmharcanna AE an nasc idir cáilíocht agus tionscnamh geografach a dheimhniú, agus go bhfuil córais chosanta sui generis náisiúnta bunaithe cheana féin ag roinnt Ballstát do TGanna le haghaidh táirgí neamhthalmhaíochta, ós rud é nach bhfuil córas cosanta comhchuibhithe ann, rud a bhfuil ilroinnt sa mhargadh agus éiginnteacht dhlíthiúil mar thoradh air, agus a ghineann tionchar freisin chun dochair do tháirgeoirí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcruthódh cosaint chomhchuibhithe ar leibhéal an Aontais an deimhneacht dhlíthiúil is gá do na gníomhaithe uile mar aon le cosc faoi ráthaíocht ar sháruithe ar CMInna le haghaidh táirgí monaraithe agus táirgí ó cheardaithe ionas gur féidir le AE a leasanna a chosaint ar an leibhéal idirnáisiúnta ar bhealach níos fearr;

31.  ag moladh na freagrachta maidir le clár a bhunú do thásca geografacha neamhthalmhaíochta a shannadh ar EUIPO chun a áirithiú go ndéanfar iad a scrúdú agus a chosaint go haonfhoirmeach ar fud an Aontais;

Athbhreithniú ar reachtaíocht AE maidir le cosaint dearaí

32.  á chur i bhfáth gur bunaíodh an córas cosanta dearaí atá ann faoi láthair ar leibhéal AE 20 bliain ó shin agus gur cheart athbhreithniú a dhéanamh air; á chur in iúl gur díol sásaimh di, dá bhrí sin, go bhfuil an Coimisiún toilteanach reachtaíocht an Aontais maidir le cosaint dearaí a nuachóiriú d’fhonn tacú níos fearr leis an aistriú chuig an ngeilleagar digiteach, inbhuanaithe agus glas; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar lámh amháin, an nós imeachta clárúcháin a thabhairt cothrom le dáta chun lamháil do chineálacha nua dearaidh, amhail comhéadain úsáideoirí ghrafacha, dearaí fíorúla agus beoite, clónna agus deilbhíní, agus dearaí ábhartha a leanann forbairtí agus teicneolaíochtaí nua a chosaint ar bhealach atá éasca agus nach bhfuil an t-ualach céanna ag baint leo, agus ar an lámh eile, comhchuibhiú breise a dhéanamh ar chur i bhfeidhm agus neamhbhailíochtú na nósanna imeachta sna Ballstáit;

33.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil ach comhchuibhiú páirteach déanta ar chosaint dearaí le haghaidh comhpháirteanna a úsáidtear chun táirgí casta a dheisiú; á chur i bhfios go bhfuil roinnt Ballstát i ndiaidh ‘eisceacht páirteanna spártha ’ nó ‘clásal deisiúcháin’ a thabhairt isteach ina reachtaíocht cheana, rud a fhágann gur féidir comhpháirteanna de tháirgí casta a mhonarú agus a dhíol gan sárú a dhéanamh ar CMInna; ag tabhairt dá haire go gcruthaíonn sé sin ilroinnt sa mhargadh inmheánach mar aon le héiginnteacht dhlíthiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, ‘clásal deisiúcháin’ a áireamh sa togra a bheidh aige amach anseo, lena gcuirfear le tacaíocht don aistriú chuig geilleagar níos inbhuanaithe agus níos glaise agus lena seachnófar saobhadh ar an iomaíocht;

34.  á chreidiúint gur cheart córas cosanta dearaí AE a ailíniú le córas trádmharcanna AE d’fhonn lamháil do shealbhóirí dearaí cosc a chur ar earraí a sháraíonn dearaí teacht isteach i gcríoch chustaim AE, ós rud é go bhfuil na cearta a ghabhann le trádmharcanna infhorfheidhmithe in aghaidh earraí sáraitheacha atá faoi bhealach tríd an Aontas Eorpach, cé nach bhfuil na cearta sin a ghabhann le dearadh infhorfheidhmithe; á iarraidh ar an gCoimisiún an bhearna sin a dhúnadh san athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le dearaí agus a chur ar chumas úinéirí branda stop a chur le dearaí góchumtha atá faoi bhealach tríd an Aontas Eorpach;

35.  á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de gur cheart cosaint dearaí a chur ar fáil ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an mhargaidh aonair agus ag moladh don Choimisiún machnamh a dhéanamh faoin Treoir maidir le Dearaí agus an Rialachán maidir le Dearaí Comhphobail a ailíniú d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil níos fearr a chruthú;

Sáruithe ar CMInna a chomhrac

36.  á chur in iúl go bhféadfadh earraí góchumtha, amhail, mar shampla, cógais ghóchumtha nó trealamh cosanta pearsanta bréige nó maisc i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, tionchar tromchúiseach a bheith acu ar shláinte agus sábháilteacht shaoránaigh AE agus go bhféadfaidh siad dochar tromchúiseach a dhéanamh don tsláinte phoiblí; ag áitiú cé go bhfuil sé d’aidhm ag gníomhaíochtaí faireachais margaidh leasanna an phobail i gcoitinne a chosaint, agus cé go mbaineann táirgí góchumtha le cosaint CMInna príobháideacha, go bhfuil dlúthnasc idir táirgí góchumtha agus rioscaí do shláinte agus do shábháilteacht tomhaltóirí;

37.  á thabhairt chun suntais gur earraí bréige a bhí in suas le 6,8 % d’allmhairí AE, nó luach EUR 121 billiún, in 2016, agus gur tharla caillteanais díolachán díreacha de luach EUR 50 billiún agus tuairim is 416 000 caillteanas poist díreach sa tréimhse 2013-2017 de bharr iad a bheith ar fáil ar an margadh aonair(19); á chur i bhfios fios go bhfuil leibhéal íseal riosca i gceist le sárú ar CMI maidir leis an dóchúlacht go ndéanfar iad a bhrath agus maidir leis an smachtbhanna má bhraitear iad; ag tathant ar na Ballstáit, in éineacht leis an gCoimisiún, leis na húdaráis chustaim, le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol), Interpol, agus le húdaráis forfheidhmithe dlí straitéisí a chomhordú agus smachtbhannaí éifeachtacha agus athchomhairleacha a fhorbairt go háirithe chun líon na dtáirgí guaiseacha a chuirtear ar fáil don phobal a theorannú agus chun góchumadh agus píoráideacht a chomhrac, go háirithe nuair a bhíonn nasc acu le coireacht eagraithe;

38.  á chur in iúl gur oth léi go bhfuil úsáid shuntasach á baint as an idirlíon chun táirgí góchumtha, ábhar sáraitheach agus seirbhísí sáraitheacha CMI a dháileadh, rud a bhfuil éifeachtaí díobhálacha suntasacha aige sin do thionscal monaraíochta AE mar aon le hearnálacha na cruthaitheachta, an chultúir agus an spóirt; á chur in iúl gur díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún maidir leis an Ionstraim um Sheirbhísí Digiteacha; á thabhairt chun suntais go rannchuideodh an phrionsabail ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméir gnó’agus an córas um chomharthóirí iontaofa go mór leis an gcomhrac i gcoinne an ghóchumtha agus go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag IS agus ag an mblocshlabhra i dtaobh dul i ngleic le hearraí góchumtha agus bradacha atá ar fáil ar líne chomh maith le rannchuidiú le forfheidhmiú feabhsaithe CMI sa slabhra soláthair ina iomláine; ag tacú, dá bhrí sin, le húsáid teicneolaíochtaí nua chun sáruithe ar MI a chomhrac agus á chur in iúl gur díol sásaimh di na foilseacháin fianaise-bhunaithe a chuir Faireachlann EUIPO i dtoll a chéile i ndáil leis sin;

39.  ag aithint an acmhainneacht ard a bhaineann le teicneolaíochtaí blocshlabhra chun CMInna a chlárú agus a chosaint; á chur i bhfáth gur féidir le córais bhlocshlabhra cabhrú leis an slabhra soláthair a dhaingniú trí inrianaitheacht, trí shábháilteacht a áirithiú agus trí gach céim a dhaingniú i gcoinne na gcontúirtí a bhaineann le góchumadh ag gach leibhéal den slabhra soláthair; ag tabhairt dá haire, go háirithe i ndáil le CMInna a chlárú, gur gá d’oifigí maoine intleachtúla caighdeáin theicniúla a ghlacadh dá réitigh bhlocshlabhra ionas go lamhálfar d’idir-inoibritheacht; á chur i bhfios go láidir, chun cáilíocht agus cothroime cinntí a áirithiú, nach féidir IS agus na teicneolaíochtaí gaolmhara a úsáidtear don nós imeachta clárúcháin le haghaidh deonú CMInna a úsáid in áit an athbhreithnithe dhaonna a dhéantar de réir an cháis;

40.  ag tarraingt aird ar an nasc idir coireacht MI agus an choireacht eagraithe agus thromchúiseach idirnáisiúnta; á chur in iúl gur díol sásaimh di, dá bhrí sin, an cinneadh ón gComhairle sáruithe ar MI a chur ar liosta tosaíochtaí coireachta an Aontais athuair faoi chuimsiú an Ardáin Eorpaigh Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (EMPACT) do thimthriall 2022-2025 atá ar na bacáin, agus á iarraidh ar an gComhairle iad a choinneáil ar an liosta sin agus treisiú leis an gcomhar trasteorann idir na húdaráis náisiúnta, EUIPO, Europol, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chomhar Ceartais Choiriúil (Eurojust) agus an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF);

41.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé i gceist ag an gCoimisiún bosca uirlisí AE i gcoinne an ghóchumtha a chur ar bun chun feabhas a chur ar an gcomhar idir sealbhóirí ceart, údaráis phoiblí, údaráis forfheidhmithe dlí ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE, agus idirghabhálaithe trí róil agus freagrachtaí a shoiléiriú tuilleadh, agus é mar aidhm leis comhroinnt éifeachtach faisnéise agus sonraí a éascú idir príomhghníomhaithe, úsáid uirlisí nua a chur chun cinn agus dul i ngleic le gníomhaíochtaí góchumtha; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhaíochtaí nithiúla a dhéanamh chun faireachán a dhéanamh ar shárú d’aon turas ar CMInna, lena n-áirítear i gcás ina n-úsáidtear sárú de mheon mímhacánta mar straitéis tráchtála d’aon ghnó, agus rialú níos fearr agus comhar trasteorann idir gníomhaireachtaí custaim a éileamh mar chuid den chomhrac i gcoinne allmhairiú táirgí góchumtha; á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú a dhéanamh i dtaobh bosca uirlisí AE den chineál céanna a chruthú chun sáruithe eile ar CMI a chomhrac;

42.  á chur i bhfios go láidir go mbeadh oideachas fadtéarmach i scoileanna maidir le MI, góchumadh agus píoráideacht riachtanach freisin chun athrú a dhéanamh ar an toilteanas earraí agus seirbhísí a sháraíonn CMInna a úsáid; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, comhoibriú le EUIPO chun feachtais feasachta a sheoladh, lena n-áirítear i réimse na priontála 3T; á mheabhrú go bhféadfadh sé go n-ardódh teicneolaíocht na priontála 3D roinnt ábhar imní sonrach dlíthiúil maidir le gach réimse den dlí MI, amhail cóipcheart, paitinní, dearaí, trádmharcanna tríthoiseacha agus tásca geografacha;

43.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de CMInna a chosaint agus forfheidhmiú a chur chun cinn i dtíortha nach tíortha de AE iad, lena n-áirítear trí chistiú a mhéadú do chláir spriocdhírithe AE maidir le comhar teicniúil agus fothú acmhainneachta, amhail na trí chlár comhair IP Key atá ar bun faoi láthair leis an tSín, leis an Áise Thoir Theas agus le Meiriceá Laidineach agus an chomhpháirtíocht le mór-roinn na hAfraice chun giniúint agus bainistiú níos fearr MI a chur chun cinn, agus trí thacú le córais MI a fheabhsaíonn an fhorbairt áitiúil talmhaíochta; ag spreagadh an Choimisiúin, sa chomhthéacs sin, ar bhonn thaithí AE, cuidiú le lucht déanta beartais agus le húdaráis forfheidhmithe agus eolas agus treoirlínte a sholáthar dóibh i dtaca lena n-acmhainneacht le dul i ngleic le sáruithe ar CMInna a fheabhsú, agus réitigh indéanta a chur chun cinn, lena bhféadfaí costais a laghdú go suntasach agus simpliú a dhéanamh ar na nósanna imeachta chun cosaint CMInna a fháil, a chothabháil agus a fhorfheidhmiú, chomh maith le faisnéis a soláthar do shealbhóirí ceart maidir le timpeallacht athraitheach na sáruithe agus soláthar earraí góchumtha;

Dúshláin nua do cheapadh beartais i leith MI

44.  á thabhairt chun suntais go bhfuil tábhacht le cosaint MI a bhaineann le teicneolaíochtaí IS agus gur cheart í a mheas mar is cuí, agus cé go bhféadfaí teicneolaíochtaí IS a chumhdach leis na rialacha reatha maidir le haireagáin arna gcur chun feidhme ar an ríomhaire a chosaint trí phaitinní, go bhfuil gá le critéir shoiléire le haghaidh cosaint na n-aireagán arna nginiúint le cabhair ó theicneolaíochtaí IS; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, i gcomhar le OEP agus EUIPO, deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar maidir leis an ábhar sin agus súil ghéar a choinneáil ar an tsaincheist ar an leibhéal idirnáisiúnta in EDMI;

45.  ag spreagadh na mBallstát forálacha na Treorach maidir le Cóipchirt a thrasuí gan mhoill agus ar bhealach a léiríonn an comhaontú a rinne na comhreachtóirí chun an chosaint a bhforáiltear léi a fheabhsú, agus eisceachtaí amhail rochtain ar oideachas ar líne agus ar oidhreacht chultúrtha dhigitithe a cheadú; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chonarthaí ceannaigh thar barr amach chun luach saothair cothrom a áirithiú do chruthaitheoirí bunaithe ar chóipcheart nó ar chearta na n-údar; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh réitigh náisiúnta éagsúla a bheith ann do shaothair a fhaigheann cúnamh ón intleacht shaorga mar thoradh ar easpa comhchuibhithe na rialacha maidir le húdarthacht agus úinéireacht cóipchirt;

46.  á chur i bhfios go láidir, in ainneoin ardleibhéal comhchuibhithe ceart MI ar fud na hEorpa, nach bhfuil na cearta sin á bhforfheidhmiú go héifeachtúil ar bhonn trasteorann in AE go fóill;

47.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra ón gCoimisiún go ndéanfaidh sé athbhreithniú ar an Treoir maidir le Bunachar Sonraí chun rochtain ar shonraí agus úsáid sonraí a éascú agus leasanna dlisteanacha á gcosaint ag an am céanna; á chur i bhfios go gcuireann bacainní neamhriachtanacha bac ar thaighde go fóill agus nach mór spásanna stóinsithe sonraí a fhorbairt tuilleadh chun cur ar chumas taighdeoirí teacht ar réitigh eolaíocha, lena n-áirítear nuair atá srianta eisceachtúla ama i gceist; ag cur béim, maidir leis an méid sin, ar ról na dteorainneacha agus na n-eisceachtaí ar chearta eisiacha;

48.  á chur in iúl gur oth léi nach ndearnadh, sa staidéar a rinne an Coimisiún in 2016 ar eintitis dearbhaithe paitinne (PAE) san Eoraip(20), freagra soiléir a thabhairt ar an gceist i dtaobh an ndéanann samhlacha gnó roinnt PAE, ar tríothu a fhaightear paitinní ó thríú páirtithe agus a fhéachtar le hioncam a ghiniúint trína ndearbhú i gcoinne sáraitheoirí líomhnaithe trí mhí-úsáid a bhaint as neamhshiméadrachtaí dlíthíochta, mí-úsáid a bhaint as bealaí éalaithe sa reachtaíocht atá ann cheana agus, dá bhrí sin, atá ina bhfadhb ar cheart dul i ngleic léi; ag spreagadh an Choimisiúin leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an tsaincheist sin agus mionstaidéar comhfhreagrach a dhéanamh;

49.  á chur in iúl gur díol sásaimh di iarrachtaí na mBallstát uile chun a áirithiú go gcuirfidh na cúirteanna prionsabal na comhréireachta san áireamh agus iad ag déileáil le cásanna urghaire;

50.  ag tabhairt dá haire go bhfuil cosaint CMI ríthábhachtach chun taighde agus táirgeadh táirgí agus próiseas nuálach a dhreasú, lena n-áirítear cógais nua, ach tá sí suite de go bhfuil comhthiomsú deonach paitinní, ceadúnú éigeantach agus solúbthachtaí dá bhforáiltear i gComhaontú TRIPS EDT tábhachtach chun comhrac i gcoinne éigeandálaí sláinte domhanda, aghaidh a thabhairt ar inrochtaineacht táirgí íocshláinte áirithe, agus lamháil d’idirghabhálacha tarrthála ar mhaithe le leas an phobail; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, anailís agus iniúchadh a dhéanamh ar na roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun éifeachtacht an cheadúnaithe éigeantaigh, agus comhordú níos fearr air san Aontas, a áirithiú agus fós na cásanna inar úsáideadh é san Aontas, na cúiseanna lena úsáid, na coinníollacha faoinar deonaíodh é, a iarmhairtí eacnamaíocha, agus cibé acu a baineadh an éifeacht inmhianaithe amach leis, a chur san áireamh;

51.  á chur i bhfáth go bhfuil sé riachtanach vacsaíní a dháileadh ar bhealach níos cothroime ar fud an domhain chun leathadh COVID-19 agus a shóchán a chomhrac go héifeachtach, agus gur gá tacú le rochtain dhomhanda ar vacsaíní COVID-19; á thabhairt dá haire gur mórdhúshlán fós i dtíortha atá i mbéal forbartha í an easpa rochtana ar vacsaíní inacmhainne; ag tacú, dá bhrí sin, leis an gCoimisiún agus leis na Ballstáit ina n-iarrachtaí brú a chur ar thíortha nach tíortha de AE iad deireadh a chur leis na toirmisc onnmhairiúcháin atá ann faoi láthair agus dlús a chur le deonú vacsaíní; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a mhéadú tuilleadh chun tacú le haistriú teicneolaíochta agus ceadúnú deonach CMInna chun rochtain dhomhanda ar tháirgí íocshláinte inacmhainne a bhaineann le COVID-19 a fheabhsú, chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní ar tháirgeadh domhanda agus ar ghanntanas soláthair, agus ar an gcaoi sin galair ionfhabhtaíocha eindéimeacha nó phaindéimeacha a chóireáil ar fud an domhain;

52.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil tarscaoileadh ag na tíortha is lú forbairt cheana, ar tugadh dóibh é go dtí an 1 Eanáir 2033, maidir le forálacha TRIPS i ndáil le cógaisíocht a chur chun feidhme; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a gheallúint a chomhlíonadh, i gcomhar le EDT, agus dul i mbun caibidlíochtaí téacs-bhunaithe gníomhacha agus fiúntacha ag EDT chun obair a dhéanamh maidir le méadú acmhainneachtaí táirgeachta vacsaíní i dtíortha atá i mbéal forbartha a dhreasú agus tacú leo, agus comhthiomsú deonach agus mear CMInna mar aon le comhaontuithe maidir le ceadúnú deonach a dhreasú, agus idirphlé a sheoladh maidir le bacainní atá ann faoi láthair ar cheadúnú deonach agus conas iad a shárú;

53.  ag moladh go mbunófar comhordaitheoir MI ar an leibhéal Eorpach chun a áirithiú go mbeidh cur chuige iomlánaíoch agus comhordaithe ann i leith bheartas AE maidir le MI agus chun an comhar idir na húdaráis náisiúnta éagsúla maidir le MI, Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin agus comhlachtaí eile atá i gceannas ar CMI, amhail OEP, EUIPO agus EDMI agus gníomhaithe ábhartha eile a fheabhsú; go bhféadfadh an comhordaitheoir MI an comhrac i gcoinne sáruithe ar CMI a chur chun cinn tuilleadh ar an leibhéal polaitiúil is airde agus dul i mbun dualgais eile a bhaineann le CMI dá mba ghá;

54.  ag cosaint an smaoinimh go bhfuil gá le bainistiú níos fearr MI a chur chun cinn sa phobal taighde agus nuálaíochta chun go mbeidh nuálaíocht mar thoradh ar thaighde sármhaith na hEorpa a rachaidh chun tairbhe dá saoránaigh agus dá gnólachtaí; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, nach mór leas a bhaint as MI a mhaoinítear go poiblí ar bhealach cothrom agus éifeachtach, agus gur cheart na torthaí a bhaintear amach le cistí AE a úsáid chun geilleagar AE a fheabhsú do chách;

55.  á mheabhrú go ngineann tionscail atá dian ó thaobh CMI de an chuid is mó de ghníomhaíochtaí trádála AE agus go bhfuil sé bunriachtanach CMInna a chosaint agus a fhorfheidhmiú i dtríú tíortha freisin; á chur in iúl gur díol sásaimh di gealltanas an Choimisiúin cosaint urrúnta a lorg do MI i gcomhaontuithe saorthrádála a dhéanfar amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún go n-iarrfadh sé ar an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus ar EDMI aghaidh a thabhairt ar fhorfheidhmiú CMInna;

56.  á mheabhrú gurb é ceann de na príomhdhúshláin atá ag tíortha atá i mbéal forbartha ná dul chun cinn a dhéanamh ar an slabhra luacha domhanda trí éagsúlú eacnamaíoch, lena n-éilítear rialacha trádála domhanda atá cothrom agus i bhfabhar na forbartha;

57.  ag spreagadh tíortha atá i mbéal forbartha chun neart a chur le slabhraí luacha réigiúnacha agus trádáil agus infheistíochtaí laistigh de réigiúin sa tsláinte agus i réimsí a bhaineann leis an tsláinte, go háirithe trí iarrachtaí comhchoiteanna T&F i dtaighde leighis agus comhthiomsú réigiúnach acmhainní; á thabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go raibh 54 rialtas tar éis srianta onnmhairiúcháin a thabhairt isteach, faoin 21 Márta 2020, ar sholáthairtí leighis tábhachtacha ó thús na bliana sin, de réir an Fholáirimh Trádála Domhanda; á chur i bhfáth gur cheart comhshocruithe trádála réigiúnacha a úsáid chun cosc a chur ar thoirmisc onnmhairiúcháin ar tháirgí tábhachtacha nuair a tharlaíonn ganntanais dhomhanda agus réigiúnacha, mar atá ag tarlú i gcás ghéarchéim na paindéime reatha;

o
o   o

58.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO C 175, 20.6.2013, lch. 1.
(2) IO L 271, 24.10.2019.
(3) IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.
(4) IO L 153, 11.6.2019, lch. 1.
(5) IO L 130, 17.5.2019, lch. 92.
(6) IO L 136, 30.4.2004, lch. 34.
(7) IO L 157, 30.4.2004, lch. 45.
(8) IO L 289, 28.10.1998, lch. 28.
(9) IO L 3, 5.1.2002, lch. 1.
(10) IO C 407, 4.11.2016, lch. 25.
(11) IO C 404, 6.10.2021, lch. 129.
(12) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0236.
(13) IO C 349, 17.10.2017, lch. 2.
(14) IO C 371, 15.9.2021, lch. 102
(15) OEP-EUIPO, IPR-intensive industries and economic performances in the EU: Industry-level analysis report [Tionscail atá dian ó thaobh cearta maoine intleachtúla de agus feidhmíochtaí eacnamaíocha in AE: Tuarascáil anailíse ar leibhéal an tionscail], an tríú heagrán, Meán Fómhair 2019.
(16) IO L 57, 18.2.2021, lch. 17.
(17) Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, Pilot study for Essentiality Assessment of Standard Essential Patents [Staidéar Píolótach le haghaidh Measúnú ar Thréith Riachtanach Bunphaitinní Caighdeáin], 2020.
(18) Rialachán (AE) Uimh. 1257/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2012 lena gcuirtear comhar feabhsaithe chun feidhme sa réimse a bhaineann le cosaint aonadach phaitinne a chruthú (IO L 361, 31.12.2012, lch. 1).
(19) EUIPO, 2020, Tuarascáil Stádais maidir le sárú ar CMI: meánfhigiúirí bliantúla, 2013-2017.
(20) Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, Patent Assertion Entities in Europe: Their impact on innovation and knowledge transfer in ICT markets [Eintitis Dearbhaithe Paitinne san Eoraip: A dtionchar ar an nuálaíocht agus ar aistriú an eolais i margaí TFC], 2016.


Reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla agus fondúireachtaí Eorpacha
PDF 165kWORD 54k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 ar chur i bhfeidhm Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (2021/2018(INI))
P9_TA(2021)0454A9-0294/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 10(4) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint d’Airteagail 224 agus 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha(1) (dá ngairtear ‘an Rialachán’ anseo feasta), arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2018/673 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Bealtaine 2018(2) agus Rialachán (AE, Euratom) 2019/493 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2019(3), agus go háirithe Airteagal 38(1) de,

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais(4) (an Rialachán Airgeadais),

–  tar éis dul i gcomhairle leis an Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus um Fhondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (dá ngairtear ‘an tÚdarás’ anseo feasta) agus lena thuarascálacha bliantúla,

–  ag féachaint do thuarascáil ó Ardrúnaí Pharlaimint na hEorpa chuig an mBiúró an 19 Aibreán 2021 maidir le cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, ar an leibhéal Eorpach,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0294/2021),

A.  de bhrí go bhfuil páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla láidre ar leibhéal AE riachtanach chun fíor-réimse polaitiúil AE a fhorbairt;

B.  de bhrí gur cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha ról níos lárnaí a bheith acu i bpróiseas na dtoghchán Eorpach agus rannchuidiú le feasacht pholaitiúil AE a chruthú agus le toil shaoránaigh AE a chur in iúl; de bhrí go bhfuil an éagsúlacht pholaitiúil riachtanach don dioscúrsa poiblí agus chun roghanna na saoránach a chur in iúl;

C.  de bhrí nach féidir a mheas gur eintitis neamhpháirtíneacha iad páirtithe le linn iomaíocht pholaitiúil agus de bhrí nach féidir a maoiniú a laghdú go speansais neamhpholaitiúla;

D.  de bhrí go bhfuil sainordú ag fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chuimsíonn feasacht pholaitiúil ar shaincheisteanna beartais AE agus ar phróiseas an lánpháirtithe Eorpaigh a ardú agus cur leis an díospóireacht sin, agus laistigh den chreat sin, forbraíonn siad freisin tairiscintí nach bhfuil dírithe go heisiach ar bhaill nó ar vótálaithe páirtí ar leith, ach atá ar oscailt do chách ar na téarmaí céanna;

E.  de bhrí gur cheart do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha comhoibriú lena mballpháirtithe agus comhpháirtithe náisiúnta, chun tacú leo an tAontas agus a bheartais a thabhairt níos gaire do na saoránaigh agus chun an dlisteanacht dhaonlathach a fheabhsú;

F.  de bhrí gur cheart do pháirtithe polaitiúla Eorpacha comhoibriú lena gcontrapháirtithe náisiúnta comhfhreagracha chun rannpháirtíocht idirghníomhach maidir le saincheisteanna AE a éascú;

G.  de bhrí, chun leanúint de bheith feasach ar thoil shaoránaigh an Aontais agus chun í a chur in iúl, go bhfuil sé riachtanach nach bhfuil ról agus feidhmiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha teoranta do shaincheisteanna atá d’ábharthacht Eorpach amháin ar leibhéal an Aontais; de bhrí gur cheart go mbeadh cead ag na páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha sin a gcistí a úsáid chun maoiniú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a rannchuidíonn le saoránaigh AE a chur ar an eolas agus feasacht a mhéadú ar shaincheisteanna a bhaineann le beartais AE;

H.  de bhrí gur réamhriachtanas iad acmhainní airgeadais leordhóthanacha do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chun a gcuid cúraimí a ghlacadh, agus ba cheart trédhearcacht agus cuntasacht iomlán a bheith mar choinníoll le cistí poiblí a fháil ó bhuiséad an Aontais;

I.  de bhrí gur féidir le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ról a imirt i gcur chun cinn bheartais AE maidir le tíortha comharsanachta faoin gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus mar chuid de chaidreamh seachtrach an Aontais; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbeidís oscailte do bhallraíocht páirtithe nó daoine aonair ó na tíortha sin agus go mbeadh siad in ann ranníocaíochtaí a fháil uathu, ar choinníoll go n-áiritheofaí trédhearcacht iomlán agus comhlíonadh iomlán Airteagal 325 CFAE agus rialacha an Aontais maidir leis an gcomhrac i gcoinne na calaoise agus na caimiléireachta;

J.  de bhrí gur cheart go mbeadh sé indéanta catagóirí breise ioncaim a bheith ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha seachas ranníocaíochtaí agus tabhartais;

K.  de bhrí go gcuirfeadh ailíniú an ráta cómhaoinithe le haghaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha leis an leibhéal a fhorchuirtear ar fhondúireachtaí polaitiúla cosc ar charnadh fiachais;

L.  de bhrí gur cheart an córas um rialú riaracháin ar chaiteachas a shimpliú, agus urraim chuí á tabhairt don trédhearcacht agus d’úsáid chuí cistí poiblí, agus gur cheart deireadh a chur leis an gceanglas cuntais a thíolacadh de réir na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais toisc nach bhfreagraíonn sé do chineál páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, agus gur ualach fadálach agus costasach é nach bhfuil gá leis;

M.  de bhrí go seachnófaí an dara sraith d’iniúchadh dá ndéanfaí an tréimhse tugtha anonn d’fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a ailíniú leis na ceanglais a fhorchuirtear ar pháirtithe polaitiúla agus, dá bhrí sin, go laghdófaí go suntasach an t-ualach riaracháin ar fhondúireachtaí;

Meastóireacht ar chur i bhfeidhm an Rialacháin

1.  ag meabhrú gurb é Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 maidir le reacht agus cistiú pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus fhondúireachtaí polaitiúla AE, an creat dlíthiúil lena mbunaítear a gcearta agus a n-oibleagáidí; ag tabhairt chun suntais gur cuid de bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh é an cistiú arna dhámhachtain faoin Rialachán sin agus gur cheart, dá bhrí sin, é a chur chun feidhme i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, agus béim ar phrionsabal ginearálta na bainistíochta fónta airgeadais;

2.  ag tabhairt dá haire gurb í 2018 an chéad bhliain de chur chun feidhme an Rialacháin; á chur in iúl gur geal léi an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí 2019 arna tíolacadh ag an Údarás; ag cur sonrú sna príomhghníomhaíochtaí agus na príomhdhúshláin a tháinig chun cinn le linn 2019; ag tabhairt dá haire go ndearna an tÚdarás a chéad athbhreithniú ar chuntais páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomhthéacs thoghcháin Eorpacha 2019, lena n-áirithítear go gcomhlíontar an Rialachán, agus ag an am céanna d’áirithigh Ard-Stiúrthóireacht Airgeadais Pharlaimint na hEorpa gur comhlíonadh an Rialachán Airgeadais; ag cur in iúl gur geal léi nach raibh ar an Údarás smachtbhannaí a fhorchur ar aon pháirtí ná ar aon fhondúireacht pholaitiúil Eorpach in 2019; ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, go ndearna an tÚdarás idiragairt in imeachtaí os comhair Chúirt Ghinearálta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, agus go ndearna sé idirchaidreamh le Ballstáit chun líonra de phointí teagmhála agus d’údaráis chosanta sonraí náisiúnta a chur ar bun;

3.  ag meabhrú, le hAirteagal 38 den Rialachán, go gceanglaítear ar an bParlaimint tuarascáil a ghlacadh maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin faoi dheireadh 2021, agus go gceanglaítear ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh maidir leis an ábhar céanna sé mhí tar éis an dáta sin, nach mór togra reachtach a bheith ag gabháil léi chun an Rialachán a leasú; ag tabhairt dá haire go n-áirítear i dtreochlár an Choimisiúin na rialacha airgeadais agus na rialacha forfheidhmithe a dhéanamh níos doichte, an t-ualach riaracháin a laghdú, trédhearcacht a fheabhsú agus fíor-ionadaíocht thoghchánach shaoránaigh AE a neartú; ag cur i bhfios, thairis sin, a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an mbaol go ndéanfaí trasnaíocht eachtrach agus go sárófaí rialacha cosanta sonraí;

4.  á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta nua um an daonlathas Eorpach, lena n-áirítear togra reachtach chun trédhearcacht níos mó a áirithiú maidir le fógraíocht pholaitiúil íoctha agus athbhreithniú ar an reachtaíocht maidir le maoiniú pháirtithe agus fhondúireachtaí polaitiúla Eorpacha; ag athdhearbhú a togra chun an Rialachán a leasú, a cuireadh in iúl i rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le hathbhreithniú ar thoghcháin Eorpacha(5), i dtaca le rannpháirtíocht sna toghcháin Eorpacha, trédhearcacht cistiúcháin agus toirmeasc ar thabhartais ó chomhlachtaí príobháideacha agus poiblí ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;

5.  ag aithint, leis an Rialachán, go bhfuil feabhas tagtha ar stádas páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha i gcomparáid leis an gcreat dlíthiúil a bunaíodh roimhe le Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003(6), go háirithe trína aithint go bhfuil pearsantacht dhlítheanach Aontais ag na heintitis sin agus tríd an Údarás;

6.  ag aithint ról an Údaráis, a ghlac na cúraimí a chuirtear air faoin rialachán;

7.  ag aithint, áfach, go bhfuil roinnt bacainní riaracháin agus polaitiúla fós ag cur cosc ar pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a n-acmhainneacht iomlán a bhaint amach mar ghníomhaithe gníomhacha agus infheicthe i ndaonlathas na hEorpa, ar an leibhéal Eorpach agus i mBallstáit AE araon;

8.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chlárú, ós rud é go n-éilítear leis go gcomhlíonfar coinníollacha uile an Rialacháin, go háirithe urraim do bhunluachanna an Aontais a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, agus go mbíonn incháilitheacht le haghaidh cistiú ó bhuiséad an Aontais ag brath ar chomhlíonadh den sórt sin, chomh maith leis an ngá trédhearcacht iomlán a áirithiú;

9.  á chreidiúint, i ndáil leis sin, gur cheart an Rialachán a leasú chun a shoiléiriú gur cheart go mbeadh feidhm ag urraim do bhunluachanna AE maidir leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach féin agus lena bhallpháirtithe araon;

10.  á chur in iúl gur díol sásaimh di treisiú na bhforálacha maidir le faireachán a dhéanamh ar urraim na bpáirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha do bhunluachanna an Aontais agus don nós imeachta chun déileáil le sáruithe, lena n-áirítear smachtbhannaí agus aisghabháil cistí;

11.  á mheas gurbh úsáideach an chéad chéim a bhí sa leasú is déanaí ar an Rialachán, lenar tugadh isteach smachtbhannaí i leith sáruithe ar rialacha cosanta sonraí, ach gur cheart é a neartú tuilleadh;

12.  á mheas, maidir leis an gcóras atá ann faoi láthair chun urraim do na rialacha maidir le húsáid ranníocaíochtaí agus deontas a fhíorú, go caithfear é a fheabhsú ó thaobh soiléireachta, éifeachtúlachta agus luais de;

13.  á mheas gur foinse mhearbhaill agus éiginnteachta dlíthiúla é páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla AE a chur faoi réir rialacha Eorpacha agus náisiúnta, a leagtar síos in ionstraimí dlíthiúla éagsúla; ag moladh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na rialacha lena rialaítear páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chomhchuibhiú tuilleadh agus a neartú chun creat dlíthiúil cuimsitheach AE a áirithiú do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, lena rachfar i ngleic, go háirithe, le coinníollacha maidir le clárú, le struchtúr agus oibríochtaí, le hinfheictheacht agus trédhearcacht, agus le smachtbhannaí;

14.  á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh cistiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bheith trédhearcach, go gcaithfidh sé a bheith faoi réir Airteagal 325 CFAE, go gcaithfidh nach féidir mí-úsáid a bhaint as agus go gcaithfear tacaíocht a thabhairt leis, go heisiach, do chláir agus do ghníomhaíochtaí polaitiúla i gcomhréir le prionsabail bhunaidh an Aontais Eorpaigh arna gcur in iúl in Airteagal 2 CAE;

Na fadhbanna a sainaithníodh

15.  ag meabhrú go gceanglaítear ar na ballpháirtithe náisiúnta, leis an Rialachán, lógó, clár polaitiúil agus nasc gréasáin a bpáirtí Eorpaigh cleamhnachta a thaispeáint ar a suíomhanna gréasáin sa chaoi go mbeidís le feiceáil go soiléir agus ar bhealach soláimhsithe mar choinníoll do pháirtí polaitiúil Eorpach, rochtain a fháil ar chistí; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, de réir thionscadal Logos de chuid European Democracy Consulting, go dteipeann go mór ar bhallpháirtithe náisiúnta ceanglas taispeána an Rialacháin a chur chun feidhme i gceart, mar nach ndéanann ach 15 % díobh an lógó a thaispeáint ar bhealach soiléir atá soláimhsithe don úsáideoir;

16.  á chur i bhfios go láidir gur gá an sainmhíniú ar chistiú indíreach ó pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha chuig contrapháirtithe agus comhaltaí náisiúnta a dhéanamh níos beaichte agus níos simplí ionas nach gcuirfear isteach ar a gcomhar riachtanach maidir le beartais AE a chur chun cinn agus a mhíniú, mar aon lena rannpháirtíocht le saoránaigh AE;

17.  á chur i bhfáth go dtéann an toirmeasc ar fheachtais reifrinn ar shaincheisteanna AE a mhaoiniú i gcoinne chuspóir na bpáirtithe agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha;

18.  ag tabhairt chun suntais go bhfuil nasc bunúsach idir cistiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus critéir chlárúcháin a liostaítear sa Rialachán; ag aithint gur gá a áirithiú go bhforáiltear le critéir chlárúcháin agus le critéir bhallraíochta, fíor-ionadaíocht chuimsitheach ar pháirtithe polaitiúla atá gníomhach ar leibhéal AE, agus bac ar ionadaíocht dhaonlathach na bpáirtithe polaitiúla beaga ar leibhéal AE a sheachaint ag an am céanna; ag meabhrú na ndíospóireachtaí a tionóladh i gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla sa Pharlaimint i ndáil leis an tairseach le haghaidh clárúcháin agus tacaíocht do shaoránaigh; ag tabhairt dá haire, i ndiaidh Brexit, go bhfuil gá méadaithe le hathbhreithniú a dhéanamh ar chatagóirí éagsúla de bhallraíocht páirtithe agus ar bhailiú táillí ballraíochta; ag moladh, dá bhrí sin, go ndéanfaí athbhreithniú ar na ceanglais chlárúcháin agus ar na critéir ionadaíochtúla, lena n-áirítear machnamh ar bhallraíocht dhíreach na saoránach;

19.  á chur in iúl gur oth léi an léirmhíniú cúng ar choincheap na ballraíochta arna bhunú le cásdlí, an easpa sainmhínithe soiléire ar mhódúlachtaí ballraíochta i bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus an easpa leibhéil dhifreáilte cleamhnachta i leith fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, nach gceadaíonn solúbthacht in eagrú inmheánach páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, go háirithe maidir le comhaltaí comhlacha agus comhpháirtithe fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, lena n-áirítear iad siúd ó iar-Bhallstáit agus ó thíortha Eorpacha eile; á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil sé d’éifeacht ag an léirmhíniú cúng sin cosc a chur, gan cúis mhaith, ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha ó ranníocaíochtaí airgeadais a fháil ó chomhaltaí den sórt sin; á mheas gur cheart módúlachtaí ballraíochta agus cleamhnachta le fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, chomh maith le comhpháirtíochtaí taighde leo, a shoiléiriú freisin;

20.  á mheas gur cheart an toirmeasc ar bhallraíocht traspháirtí agus ar bhallraíocht trasfhondúireachta a shoiléiriú agus a leathnú;

21.  á chur i bhfios go láidir go sainmhínítear na catagóirí ioncaim go róchúng sa rialachán agus, go háirithe, nach gcuirtear san áireamh leo acmhainní dílse eile a d’fhéadfaí a fháil go dleathach;

22.  á chur i bhfáth gur léiríodh go bhfuil sé an-deacair an leibhéal cómhaoinithe a fhorchuirtear, go háirithe ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha, a bhaint amach;

23.  á mheas nach gcuirtear luach ar bith leis an gceanglas cuntais na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus na bhfondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a bhunú i gcomhréir le caighdeáin iniúchóireachta náisiúnta an Bhallstáit ina bhfuil siad lonnaithe agus i gcomhréir leis na Caighdeáin Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, agus go bhfuil costais agus moilleanna ama i gceist nach bhfuil gá leo;

24.  á chur in iúl go bhfuil aiféala uirthi go bhfuil dearadh lochtach sa Rialachán ag cur bac ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha a ról mar pháirtithe polaitiúla nua-aimseartha a nascann saoránaigh leis an gcóras polaitiúil a chomhlíonadh toisc nach bhfuil cur amach ag na saoránaigh orthu de bharr ballraíocht theoranta aonair agus de bharr go bhfuil ról teoranta ag na páirtithe sin i ndéanamh beartas agus i múnlú clár oibre poiblí, agus ar an gcaoi sin, nach ionann in aon chor an leibhéal de shlógadh gníomhaithe a spreagann siad agus líon na ngníomhaithe atá páirtithe náisiúnta agus réigiúnacha in ann a chruinniú;

25.  ag cur i bhfios go bhfuil cumhachtaí teoranta ag an Údarás i ndáil le fíorú a dhéanamh an bhfuil páirtí polaitiúil nó fondúireacht pholaitiúil Eorpach ag sárú luachanna comhroinnte AE agus nár spreag sé nós imeachta casta chomhlíonta na luachanna go dtí seo; á iarraidh go neartófaí bunú an Údaráis chun go mbeifear in ann faireachán níos fearr a dhéanamh ar na critéir uile a leagtar síos sa Rialachán, lena n-áirítear urraim do luachanna an Aontais agus do rialachas daonlathach páirtithe polaitiúla Eorpacha agus comhlíonadh na rialacha ábhartha agus cur chun feidhme smachtbhannaí, agus freisin chun a neamhspleáchas agus neodracht iomlán a áirithiú;

26.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil cead ag roinnt páirtithe polaitiúla trasnáisiúnta atá gníomhach i bpolaitíocht AE agus a bhfuil ionadaíocht acu i bParlaimint na hEorpa clárú go hoifigiúil mar pháirtithe polaitiúla Eorpacha mar gheall ar cheanglais dhíréireacha atá leagtha síos sa Rialachán a chuireann bac ar ionadaíocht dhaonlathach páirtithe polaitiúla níos lú ar leibhéal AE;

Moltaí le haghaidh feabhsúcháin

27.  á mheas gur cheart tacar soiléir rialacha agus coinníollacha a bhunú le haghaidh eagrú agus cómhaoiniú comhpháirteach gníomhaíochtaí a bhaineann le saincheisteanna AE ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus ag a mballpháirtithe; á mheas, i gcás na ngníomhaíochtaí comhpháirteacha sin, gur cheart go mbeadh gá le lógó an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh a thaispeáint in éineacht le lógó an bhallpháirtí náisiúnta;

28.  á chur i bhfios go láidir nár cheart go gcuirfeadh aon riail cosc ar rannpháirtíocht ionadaithe agus oibrithe páirtithe polaitiúla in imeachtaí fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, a bhfuil bonn cirt leis mar gheall ar chineál na n-imeachtaí sin;

29.  á iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais shoiléire agus treoirlínte mionsonraithe a chur ar fáil maidir le hinfheictheacht an pháirtí pholaitiúil Eorpaigh cleamhnachta d’fhonn a áirithiú go ndéanfar Airteagal 18(2)(a) den Rialachán maidir le lógónna páirtithe polaitiúla Eorpacha a thaispeáint taobh le lógónna páirtithe náisiúnta nó réigiúnacha a fhorfheidhmiú;

30.  ag tabhairt chun suntais gur sainaithníodh feabhsuithe a d’fhéadfaí a dhéanamh, sa chéad athbhreithniú ar na cuntais, go háirithe maidir le leibhéal na sonraí agus leibhéal inchomparáideachta na faisnéise iarrtha a chuireann páirtithe agus fondúireachtaí Eorpacha ar fáil; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach teimpléid in 2020 chun an próiseas a éascú; ag tabhairt dá haire in 2019, gur caitheadh formhór acmhainní airgeadais páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha ar phearsanra, ar chruinnithe agus ar bhailiú faisnéise;

31.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le rialacha dochta lena sainítear incháilitheacht caiteachais chun bainistíocht fónta airgeadais agus trédhearcacht a bhaint amach; á iarraidh go gcruthófaí forálacha sainráite le haghaidh gníomhaíochtaí a dhéantar le heagraíochtaí idirnáisiúnta níos mó agus le comhpháirtithe lasmuigh den Aontas mar aon le rialacha mionsonraithe maidir le costais phearsanra agus costais chruinnithe, go háirithe i dtéarmaí uasteorainneacha agus nósanna imeachta tairisceana;

32.  á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an toirmeasc ar fheachtais reifrinn a mhaoiniú chun go bhféadfaidh páirtithe polaitiúla Eorpacha feachtais reifrinn a bhaineann le cur chun feidhme CAE nó CFAE a mhaoiniú;

33.  á áitiú go n-aithneofaí catagóirí éagsúla ballraíochta do pháirtithe, fondúireachtaí agus comhpháirtíochtaí taighde le fondúireachtaí, go gceadófaí cleamhnacht comhaltaí ó Bhallstáit Chomhairle na hEorpa agus ó thíortha Eorpacha eile, go gcruthófaí catagóir comhpháirtithe taighde d’fhondúireachtaí, agus go mbeadh cead ag páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha táillí ballraíochta a bhailiú go dlíthiúil ar bhonn ordú ginearálta ranníocaíochta is infheidhme go comhionann lena gcomhaltaí uile;

34.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le sainmhíniú ar chomhaltaí d’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a bheith ann maidir leis na cineálacha éagsúla ballraíochta atá ann, maidir le caidreamh na gcomhaltaí leis an bpáirtí polaitiúil Eorpach lena gcloíonn siad agus maidir leis na ceanglais nach mór dóibh a chomhlíonadh;

35.  á mholadh go ndéanfaí raon feidhme an toirmisc ar bhallraíocht traspháirtí a leathnú chuig comhaltaí na bparlaimintí agus na dtionól náisiúnta agus réigiúnach;

36.  ag tacú le cruthú catagóirí breise ioncaim d’fhonn gach foinse ioncaim de chuid páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla a chumhdach, seachas díreach ranníocaíochtaí agus tabhartais, amhail catagóir nua ‘acmhainní dílse eile’ a chruthú lena n-áirítear ranníocaíochtaí ó ghníomhaíochtaí comhpháirteacha, díolacháin foilseachán, táillí rannpháirtíochta do chomhdhálacha nó do cheardlanna, nó gníomhaíochtaí eile atá nasctha go díreach le gníomhaíocht pholaitiúil;

37.  á mholadh go n-ísleofaí an ráta acmhainní dílse is gá do pháirtithe polaitiúla go 5 %, seachas 10 %, chun é a ailíniú leis an ráta is infheidhme maidir le fondúireachtaí;

38.  ag moladh go gcuirfí síneadh leis an tréimhse tugtha anonn d’fhondúireachtaí go dtí an bhliain iomlán dar gcionn (N+1), lena ndéanfaí í a ailíniú leis an tréimhse is infheidhme maidir le páirtithe;

39.  á iarraidh go gcuirfí deireadh leis an oibleagáid atá ar pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a ráitis airgeadais bhliantúla a thíolacadh ar bhonn na gCaighdeán Idirnáisiúnta um Thuairisciú Airgeadais, sa bhreis ar na Prionsabail Chuntasaíochta a bhfuil Glactha leo go Ginearálta;

40.  ag meabhrú ról na gcásanna eile de rialú airgeadais laistigh dá sainorduithe, eadhon, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise agus Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh; ag tabhairt dá haire, i gcomhthéacs na hiniúchóireachta agus an rialaithe, a thábhachtaí atá sé caiteachas pháirtithe polaitiúla Eorpacha a chur ní hamháin faoi bhráid córas iniúchóireachta inmheánaí agus breithiúnas a gcomhaltaí, ach faoi bhráid údaráis phoiblí agus grinnscrúdú poiblí;

41.  á mholadh go mbeadh caiteachas páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha faoi réir sásra féin-rialaithe, a mbeadh córas iniúchóireachta inmheánaí ag gabháil leis, agus a bheadh faoi réir formhaoirseachta ag iniúchóir seachtrach agus ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus faoi réir formhaoirseacht phoiblí;

42.  ag moladh go n-úsáidfí tráthchlár comhchuibhithe le haghaidh tuairisciú agus le haghaidh na rialuithe arna ndéanamh ag páirtithe polaitiúla Eorpacha, an tÚdarás agus an Pharlaimint faoi seach, ionas nach gá athríomh a dhéanamh ar mhéideanna deiridh an chistithe, agus na spriocdhátaí a fhorchuirtear leis na rialacha ábhartha á gcur san áireamh ag an am céanna;

43.  ag moladh go ndéanfaí an trédhearcacht a mhéadú chomh fada agus a bhaineann le maoiniú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha trí oibleagáid a chur ar Pharlaimint na hEorpa na ráitis airgeadais bhliantúla a fhaigheann sí a fhoilsiú ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir; ag cur i bhfios go láidir gur cheart an fhaisnéis lena gcumhdaítear clárú agus staid airgeadais páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha a chur ar fáil go poiblí a mhéid is féidir agus gur cheart í a bheith iomlán agus cothrom le dáta;

44.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an fhaisnéis arna foilsiú ag an bParlaimint agus ag an Údarás a chur i láthair i bhformáidí atá oscailte agus inléite ag meaisín agus ar bhealach atá soláimhsithe don úsáideoir;

45.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur trédhearcaí a bheadh tionchar seachtrach suntasach ar pháirtithe polaitiúla Eorpacha dá ndéanfadh an tÚdarás grinnscrúdú níos fearr ar na tabhartais chomhiomlána a thuairiscítear, arb ionann iad agus breis agus EUR 3 000; á chreidiúint gur cheart don Údarás an grinnscrúdú sin a dhíriú ar chásanna ina bhfeictear dó go bhfuil méaduithe suntasacha agus tobanna ar líon comhiomlán na dtabhartas beag;

46.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, thairis sin, gur cheart tabhartais ón deontóir céanna do pháirtí polaitiúil Eorpach, dá bhallpháirtithe náisiúnta agus dá fhostruchtúir réigiúnacha a bheith faoi réir a bhfoilsithe ag an Údarás chun trédhearcacht cistiúcháin a neartú; á chur in iúl, ina theannta sin, go bhfuil sí den tuairim nach mór ionstraimí oiriúnacha a bheith i bhfeidhm faoin mbliain airgeadais 2027 ar a dhéanaí chun a áirithiú nach dtabharfar tabhartais d’eintitis atá neamhspleách go dlíthiúil agus atá mar chuid den pháirtí polaitiúil Eorpach céanna chun teacht timpeall ar rialacha trédhearcachta, a sháródh na teorainneacha trédhearcachta le chéile;

47.  ag moladh go n-áiritheofar, faoin mbliain féilire 2027, go mbeidh aon tabhartas a thugann deontóir do pháirtí polaitiúil Eorpach comhionann, faoin dlí cánach, le tabhartais a thugtar do pháirtithe polaitiúla náisiúnta i dtír chónaithe an deontóra faoi seach;

48.  ag tacú leis an smaoineamh go méadófaí an tábhacht a bhaineann le hacmhainní dílse na bpáirtithe polaitiúla Eorpacha agus an méid a mhaoiníonn an tAontas á ríomh;

49.  á chreidiúint, ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht, gur cheart na forálacha uile is infheidhme maidir le páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha, lena n-áirítear iad siúd atá mar chuid den Rialachán Airgeadais faoi láthair, a thabhairt le chéile i ngníomh dlí amháin de chuid an Aontais, eadhon Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014;

50.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil na rialacha maidir le hincháilitheacht chaiteachais róchúng agus gur cheart a cheadú do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha maoiniú a dhéanamh ar aon ghníomhaíocht a eagraítear ní hamháin mar imeacht inmheánach ach atá ar oscailt don phobal i gcoitinne freisin agus a rannchuidíonn le feasacht pholaitiúil AE a mhéadú agus le toil shaoránaigh an Aontais a chur in iúl;

51.  á mholadh go mbunófaí fíorstádas dlíthiúil AE agus pearsantacht dhlítheanach AE do pháirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha trí choinníollacha íosta a leagan síos do struchtúr agus feidhmiú páirtithe agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha agus, ag an am céanna, iad a dhéanamh níos neamhspleáiche ar an dlí náisiúnta;

52.  á chur i bhfáth, go háirithe, gur gá bearta a chur san áireamh chun a áirithiú nach n-aicmítear páirtithe polaitiúla Eorpacha mar eintitis dhlíthiúla eachtracha faoin dlí náisiúnta sna Ballstáit;

53.  á áitiú nach mór do pháirtithe polaitiúla Eorpacha agus a gcomhaltaí struchtúr daonlathach a bheith acu agus na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe a urramú agus nach mór dóibh cloí le nósanna imeachta daonlathacha agus leis an trédhearcacht, agus a gceannairí páirtí agus a n-iarrthóirí á roghnú acu le haghaidh toghcháin, agus nach mór dóibh vótáil dhaonlathach a reáchtáil freisin chun a rialacha inmheánacha agus a gclár polaitiúil a ghlacadh;

54.  ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Rialachán d’fhonn na rialacha maidir le clárú, maoiniú, feachtasaíocht pholaitiúil agus toghcháin agus ballraíocht a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh páirtithe polaitiúla Eorpacha ina n-urlabhraithe ag na saoránaigh maidir le polaitíocht agus ceapadh beartais AE agus chun saoránaigh AE a thabhairt níos gaire do chinnteoireacht AE;

55.  á iarraidh go háirithe go ndéanfar athbhreithniú ar an Rialachán chun coinníollacha clárúcháin faoi Airteagal 3 de a éascú agus chun go mbeidh ballraíocht oscailte ann do shaoránaigh uile AE chun foráil a dhéanamh d’ionadaíocht níos cuimsithí de pháirtithe polaitiúla atá gníomhach ar leibhéal AE;

56.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart stádas hibrideach an Údaráis a shoiléiriú, agus gur cheart a struchtúr a athshainiú, agus gur cheart foráil a dhéanamh freisin maidir leis an bhféidearthacht achomharc riaracháin a dhéanamh ar chinntí an Údaráis, ós rud é, faoin Rialachán reatha, nach féidir le gearánaithe achomharc a dhéanamh ach chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

57.  á mholadh go mbunófaí idirdhealú soiléir idir díchlárú mar bheart rogha deiridh agus smachtbhannaí airgeadais agus go gcuirfí feabhas ar chomhleanúnachas chóras na smachtbhannaí airgeadais;

58.  á mheas gur gá feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ar dheimhneacht dhlíthiúil forálacha áirithe den Rialachán, gur gá na cúiseanna le díchlárú a fhorbairt agus a shoiléiriú tuilleadh, go bhfuil gá le tacar coiteann rialacha maidir le foilsiú, teacht i bhfeidhm agus éifeacht cinntí díchláraithe agus gur gá na rialacha maidir le haisghabháil a shoiléiriú;

59.  á mheas gur gá rialacha maoinithe páirtithe polaitiúla Eorpacha agus a bhfondúireachtaí a chur i gcomhréir le feachtas toghlaigh uile-Eorpach sna toghcháin Eorpacha;

60.  ag moladh go neartódh an Coimisiún na forálacha maidir le cosaint sonraí trí thagairtí do na cionta a shainmhínítear in Airteagail 3 go 6 de Threoir 2013/40/AE maidir le hionsaithe ar chórais faisnéise, a chur san áireamh(7); á chur in iúl gur geal léi go bhfuil líonra d’údaráis náisiúnta cosanta sonraí bunaithe ag an Údarás chun an nós imeachta nua fíorúcháin a dhéanamh lánoibríochtúil.

61.  á iarraidh ar an gCoimisiún aird chuí a thabhairt ar na tograí sin agus a thogra le haghaidh rialacháin lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 á dhréachtú agus á thíolacadh aige;

o
o   o

62.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;

(1) IO L 317, 4.11.2014, lch. 1.
(2) IO L 114 I, 4.5.2018, lch. 1.
(3) IO L 85 I, 27.3.2019, lch. 7.
(4) IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.
(5) IO C 425, 20.10.2021, lch. 98.
(6) Rialachán (CE) Uimh. 2004/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Samhain 2003 maidir leis na rialacháin lena rialaítear páirtithe polaitiúla ar leibhéal Eorpach agus maidir leis na rialacha a bhaineann lena gcistiú (IO L 297, 15.11.2003, lch. 1).
(7) IO L 218, 14.8.2013, lch. 8.


Comóradh bliana an toirmisc de facto ar ghinmhilleadh sa Pholainn
PDF 193kWORD 61k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Samhain 2021 ar chomóradh bliana an toirmisc de facto ar ghinmhilleadh sa Pholainn (2021/2925(RSP))
P9_TA(2021)0455B9-0543/2021

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagail 2 agus 7(1) de,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR) an 4 Samhain 1950 agus do chásdlí gaolmhar na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (ECtHR),

–  ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, agus go háirithe Airteagail 18 agus 19 de,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) agus, go háirithe, Airteagail 1, 2, 3, 6, 7, 10, 11, 21, 23, 35 agus 45 di,

–  ag féachaint do Bhunreacht Phoblacht na Polainne,

–  ag féachaint do Chúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha an 16 Nollaig 1966 agus do Chúnant Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla an 16 Nollaig 1966,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú an 18 Nollaig 1979, agus do Mholtaí Ginearálta Uimh. 21 (1994), Uimh. 24 (1999), Uimh. 28 (2010), Uimh. 33 (2015) agus Uimh. 35 (2017) a ghabhann leis,

–  ag féachaint d’Ardán Bhéising le haghaidh Gníomhaíochta agus do thorthaí a chomhdhálacha athbhreithnithe,

–  ag féachaint do Chomhdháil Idirnáisiúnta ar Dhaonra agus d’Fhorbairt (ICPD) 1994 i gCaireo, dá Clár Gníomhaíochta, agus do thorthaí a cuid comhdhálacha athbhreithnithe, go háirithe Cruinniú Mullaigh Nairobi maidir le ICPD+ 25 agus a ghealltanais iarracht a dhéanamh an cuspóir ‘trí nialas’ a bhaint amach, gan aon riachtanas nach bhfuil comhlíonta le haghaidh faisnéis agus seirbhísí faoi phleanáil clainne, básmhaireacht mháthar inchoiscthe nialasach agus leibhéil nialasacha foréigin gnéis agus inscne-bhunaithe agus cleachtais dhochracha in aghaidh na mban agus na gcailíní,

–  ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a comhaontaíodh in 2015, agus, go háirithe, spriocanna 3 agus 5,

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta ó Oifig Réigiúnach na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip maidir le Sláinte Gnéis agus Atáirgthe: I dtreo Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe san Eoraip a bhaint amach – gan aon duine a fhágáil ar lár,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Céastóireachta agus in aghaidh Íde nó Pionóis Eile atá Cruálach, Mídhaonna nó Táireach an 10 Nollaig 1984,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (‘Coinbhinsiún Iostanbúl’), a tháinig i bhfeidhm an 1 Lúnasa 2014,

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac(1),

–  ag féachaint do pháipéar saincheiste ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine an 4 Nollaig 2017 dar teideal Women’s sexual and reproductive health and rights in Europe [Sláinte agus Cearta gnéis agus atáirgthe na mBan san Eoraip],

–  ag féachaint do Threoir Theicniúil Idirnáisiúnta UNESCO 2018 maidir le hOideachas Gnéasachta,

–  ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an bPolainn, go háirithe rúin an 15 Samhain 2017 ar staid an smachta reachta agus an daonlathais sa Pholainn(2) agus rúin an 17 Meán Fómhair 2020 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go ndéanfaidh Poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar an smacht reachta(3),

–  ag féachaint do na ceithre nós imeachta um shárú a sheol an Coimisiún i gcoinne na Polainne i ndáil le hathchóiriú chóras breithiúnach na Polainne agus don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle an 20 Nollaig 2017 maidir leis an gcinneadh baol soiléir a bheith ann go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta (COM(2017)0835),

–  ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2018 ar an gcinneadh ón gCoimisiún Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú maidir leis an staid sa Pholainn(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2019 ar choiriúlú gnéasoideachais sa Pholainn(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2019 ar fhrithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 ar an gcosc de facto ar an gceart chun ginmhillte sa Pholainn(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 ar staid na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe in AE, faoi chuimsiú shláinte na mban(8),

–  ag féachaint d’Atlas 2021 na mBeartas Eorpach maidir le Ginmhilleadh , a rangaíonn 52 thír agus chríoch Eorpacha trí scóir a shannadh dá gcreataí dlíthiúla chun rochtain a fháil ar chúram sábháilte ginmhillte,

–  ag féachaint go háirithe do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 ar shaoirse na meán agus ar mheath breise ar an smacht reachta sa Pholainn(9) agus an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le géarchéim an smachta reachta sa Pholainn agus tosaíocht dhlí AE(10),

–  ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

A.  de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an gceartas, ar an smacht reachta agus ar an urraim do chearta an duine agus ar an neamh-idirdhealú, mar a leagtar amach in Airteagal 2 CAE; de bhrí go bhfuil oibleagáidí agus dualgais faoin dlí idirnáisiúnta agus Conarthaí AE glactha orthu féin ag na Ballstáit uile chun cearta bunúsacha a urramú, a ráthú agus a chomhlíonadh;

B.  de bhrí, de réir na Cairte, go mbaineann ECHR agus cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, agus dlí-eolaíocht chomhlachtaí conarthacha na Náisiún Aontaithe, sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) le hilchearta daonna, amhail an ceart chun beatha, an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte, saoirse ó chóireáil mhídhaonna nó tháireach, agus urraim do shláine coirp, príobháideacht agus neamhspleáchas pearsanta; de bhrí go bhfuil cearta sin an duine cumhdaithe freisin i mBunreacht na Polainne; de bhrí go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar na Ballstáit cearta an duine a chaomhnú agus a chosaint i gcomhréir lena mbunreachtanna, le Conarthaí AE agus leis an gCairt, chomh maith leis an dlí idirnáisiúnta;

C.  de bhrí gur cineál foréigin inscnebhunaithe atá i gceist le rochtain ar ghinmhilleadh a mhoilliú agus a dhiúltú; de bhrí go bhfuil rochtain ar chúram ginmhillte riachtanach don chomhionannas sóisialta agus eacnamaíoch; de bhrí go bhfuil sé dearbhaithe ag roinnt comhlachtaí um chearta an duine(11) go bhféadfadh sé gurbh ionann ginmhilleadh sábháilte a dhiúltú agus céasadh nó íde atá cruálach, mídhaonna agus táireach, agus ginmhilleadh neamhshábháilte as a n-eascraíonn bás i gcomhthéacs coisc ar ghinmhilleadh, ba cheart a thuiscint gurb ionann sin agus ‘maruithe bunaithe ar inscne, a fhulaingíonn mná amháin, mar thoradh ar idirdhealú atá cumhdaithe sa dlí’;

D.  de bhrí, bliain ó shin, an 22 Deireadh Fómhair 2020, gur rialaigh Binse Bunreachtúil na Polainne míbhunreachtúil an fhoráil d’Acht 1993 maidir le Pleanáil Teaghlaigh, Cosaint an Fhéatas an Duine agus Coinníollacha chun toirceas a fhoirceannadh lenar lamháladh ginmhilleadh i gcásanna inar léirigh tástáil réamhbhreithe nó cúinsí eile leighis dóchúlacht ard ann go mbeadh aimhrialtacht féatais tromchúiseach agus dochúlaithe nó galar dochúlaithe ann a chuirfeadh beatha an fhéatais i mbaol; de bhrí go raibh toirmeasc de facto ar ghinmhilleadh i gceist leis sin, toisc go raibh formhór mór na nginmhilltí dleathacha a rinneadh sa Pholainn bunaithe ar an bhforas thuasluaite;

E.  de bhrí go bhfuil sáruithe ar chearta an duine, lena n-áirítear SRHR, mar thoradh ar an gcreimeadh ar an smacht reachta sa Pholainn; de bhrí gur ionsaí soiléir ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha é an cosc ar ghinmhilleadh de facto sa Pholainn, agus go gcuireann sé srian le fíorú SRHR sa Pholainn, tar éis an iliomad ionsaithe a bhí ann ar an smacht reachta le blianta beaga anuas;

F.  de bhrí gur chuir Coiste Airí Chomhairle na hEorpa in iúl arís agus arís eile gur údar imní dó nár chuir an Pholainn breithiúnais ECtHR chun feidhme le breis agus 13 bliana i roinnt cásanna(12) inar chinn an Chúirt gur sháraigh an Pholainn cearta an duine toisc nár éirigh léi inrochtaineacht ar ghinmhilleadh dleathach i gcleachtas a áirithiú;

G.  de bhrí gur cuireadh stad ar dtús in 2016, 2018 agus 2020 le hiarrachtaí a rinneadh roimhe sin srian a chur le SRHR mar thoradh ar ollfhreasúra ó shaoránaigh Pholannacha, mar a cuireadh in iúl i mórshiúlta ‘Dé hAoine Dubh’, ar thacaigh Feisirí Pharlaimint na hEorpa ó ghrúpaí polaitiúla éagsúla go láidir leo;

H.  de bhrí, mar fhreagairt ar an rialú lena gcuirtear srian breise ar rochtain ar ghinmhilleadh, gur tharla agóidí nach bhfacthas a leithéid roimhe arís ar fud na Polainne, lena n-áirítear i mbailte beaga agus i sráidbhailte, agus ar fud an domhain, agus gur eagraíodh iad arís le linn mhí Dheireadh Fómhair 2021 i níos mó ná 20 cathair ar fud na Polainne chun comóradh bliana a dhéanamh ar an gcosc de facto; de bhrí gur thosaigh na hagóidí i gcoinne an tsriain thromchúisigh a bhaineann an bonn ó SRHR bunúsach na mban Polannach ach gur tháinig athrú orthu mar agóidí i gcoinne sáruithe breise ar an smacht reachta agus i gcoinne an rialtais atá freagrach as na sáruithe sin; de bhrí go ndearnadh an úsáid a bhaineann oifigigh um fhorfheidhmiú an dlí as fórsa iomarcach díréireach i gcoinne agóideoirí a dhoiciméadú go maith;

I.  de bhrí, in ainneoin na léirsithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe sin, gur foilsíodh an rialú go hoifigiúil an 27 Eanáir 2021 agus dá bhrí sin gur fíoraíodh an cosc de facto ar ghinmhilleadh a bheith ann do mhná sa Pholainn, arbh é a lean as gur tháinig leathnú ar ghinmhilltí neamhshábháilte agus a spreag mná chun ginmhilleadh a lorg thar lear, rud a bhain an bonn ó shláinte agus ó chearta na mban, a n-uathriail agus a n-ionracas gnéis agus coirp, agus a saol a chur i mbaol;

J.  de bhrí go bhfuair bean torrach 30 bliana d’aois, darbh ainm Izabela, bás de thurraing sheipteach an 22 Meán Fómhair 2021 toisc nach ndearna a dochtúirí ginmhilleadh tarrthála, ag feitheamh, ina ionad sin, ar bhás an fhéatais mar gheall ar na srianta ar ghinmhilleadh dlíthiúil agus ar éifeacht athchomhairleach na srianta sin ar dhochtúirí sa Pholainn; de bhrí gur spreag a bás agóidí i roinnt cathracha sa Pholainn agus ar na meáin shóisialta faoin mana ‘Gan oiread is bean amháin eile’;

K.  de bhrí, de réir tuairiscí ó na meáin, gur bhásaigh bean eile darb ainm Anna, le linn a cúigiú mí toirchis, den turraing sheipteach an 14 Meitheamh 2021 tar éis do dhochtúirí iallach a chur uirthi leanbh marbh-bheirthe a shaolú in ainneoin seipsis amhrasta;

L.  de bhrí, ón rialú i leith, gur cuireadh iachall ar go leor ban Polannach cabhair a iarraidh trí thionscnaimh amhail Ginmhilleadh Gan Teorainneacha agus eagraíochtaí atá bunaithe i mBallstáit eile chun rochtain a fháil ar a SRHR, go háirithe ar sheirbhísí ginmhillte; de bhrí, maidir le heagrú nósanna imeachta a bhaineann le ginmhilleadh, go bhfuil eagraíochtaí cearta ban agus grúpaí neamhfhoirmiúla freagrach astu, agus go mbraitheann an t-eagrú sin ar airgead a bhailítear trí shíntiúis;

M.  de bhrí, le 12 mhí anuas, gur chabhraigh an Ginmhilleadh Gan Teorainneacha le 34 000 duine ón bPolainn(13) chun rochtain a fháil ar ghinmhilleadh; de bhrí nach bhfuil sa líon sin ach codán de líon iomlán na mban Polannach a dteastaíonn tacaíocht uathu chun rochtain a fháil ar chúram ginmhillte;

N.  de bhrí, mar thoradh ar shrianta dlíthiúla agus ar stiogmatú, go bhfuil easpa sonraí iontaofa ann maidir le minicíocht na nginmhilltí i roinnt mhaith Ballstát, chomh maith leis an gcomhthéacs ina gcuirtear an ginmhilleadh i gcrích; de bhrí go bhfuil sonraí cruinne, a nuashonraítear go rialta agus atá anaithnid maidir le ginmhilleadh ó na Ballstáit uile ríthábhachtach chun riachtanais SRHR a thuiscint agus chun cearta na mban a dhaingniú;

O.  de bhrí, de réir na sonraí a bhailigh an Cónaidhm na mBan agus Pleanála Clainne (FEDERA), le 10 mí anuas, nach bhfuair ach 300 bean rochtain ar sheirbhísí ginmhillte in ospidéil na Polainne ar an bhforas go raibh bagairt ann do bheatha agus do shláinte an duine; de bhrí go ndéanann an rialú stiogmatú breise ar SRHR agus go ndéantar difear díréireach do mhná agus do dhaoine torracha nach bhfuil an acmhainn airgeadais acu ginmhilltí leighis nó ginmhilltí thar lear a chistiú, agus dóibh siúd nach bhfuil rochtain acu ar theicneolaíochtaí faisnéise;

P.  de bhrí nach ndéanann ach líon beag ospidéal sa Pholainn ginmhilleadh ar eagla go mbeadh dlíthíocht ann; de bhrí gur minic a staonann mná ó úsáid a gcuid seirbhísí mar gheall ar eagla go mbeadh nósanna imeachta agus atreorú anásta i gceist, agus go gcuirfí moill orthu d’aon ghnó; de bhrí go bhfuil iarracht mhéadaithe á déanamh ag mná a bhfuil dianriochtaí meabhairshláinte acu toisc nach bhfaigheann siad aon chúnamh institiúideach Stáit chun rochtain a fháil ar sheirbhísí ginmhillte dhlíthiúil ar fhorais mheabhairshláinte sa Pholainn; de bhrí gur fhógair an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine i mí Iúil 2021 go raibh sé ar intinn aici aghaidh a thabhairt ar na gearáin ó mhná Polannacha maidir leis na sáruithe ar a gcearta atá faoi choimirce CECD(14);

Q.  de bhrí, de réir Atlas Frithghiniúna na hEorpa 2020(15) go raibh ceann de na beartais is sriantaí maidir le rochtain ar sholáthairtí frithghiniúnacha, pleanáil teaghlaigh, comhairleoireacht agus soláthar faisnéise ag an bPolainn, fiú roimh an rialú; de bhrí go bhfuil an Pholainn ar cheann den bheagán tíortha a éilíonn oideas do fhrithghiniúint éigeandála, ar minic a shéanann dochtúirí é ar fhorais creidimh phearsanta;

R.  de bhrí, ar bhonn chód coiriúil na Polainne, go mbíonn dliteanas coiriúil, lena n-áirítear príosúnacht, roimh aon duine a chuireann deireadh le toircheas duine eile, nó a chabhraíonn le duine torrach nó a neartaíonn duine torrach chun deireadh a chur leis an toircheas de shárú ar fhorálacha an dlí; de bhrí, mar thoradh ar na forálacha dlíthiúla atá ann faoi láthair, stiogma sóisialta, eagla agus brú óna bpiaraí agus ó na húdaráis leighis, gur fearr le dochtúirí sa Pholainn gan baint a bheith acu le nósanna imeachta ginmhillte, agus gurbh amhlaidh cheana féin fiú nuair a bhí ginmhilleadh fós dlíthiúil; de bhrí, cé is moite den chlásal coinsiasa a úsáidtear go forleathan, go gcruthaíonn roinnt dochtúirí bacainní neamhreachtúla breise, amhail scrúduithe leighis gan ghá, comhairliúcháin shíceolaíocha nó comhairliúcháin bhreise le saineolaithe, nó teorainn a chur le cearta na mban tástálacha réamhbhreithe a dhéanamh agus faisnéis réamhbhreithe a fháil, ar bacainní iad ba cheart a ráthú do chách faoin scéim sláinte poiblí; de bhrí nach gceadaítear do thuairimí pearsanta duine aonair maidir le ginmhilleadh cur isteach ar cheart othair rochtain iomlán a fháil ar chúram sláinte agus ar sheirbhísí arna soláthar faoin dlí;

S.  de bhrí go bhfuil an rochtain ar chúram gínéiceolaíoch sa Pholainn an-srianta agus i roinnt réigiún beagnach dodhéanta, rud a fhágann go bhfuil líon ard toircheas neamhphleanáilte, drochshláinte atáirgthe, leitheadúlacht ard ailse cheirbheacs agus rochtain neamhleor ar fhrithghiniúint mar thoradh air sin; de bhrí, de réir na hUasoifige Iniúchóireachta, nach ndeachaigh ach 2 % de mhná torracha a bhí ina gcónaí i gceantair thuaithe sa Pholainn faoi na tástálacha caighdeánacha ar fad a atá riachtanach le linn toirchis in 2018; de bhrí go bhfuil srian mór ar an rochtain atá ag daoine LADTI+ ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe, chomh maith lena gcearta; de bhrí go ndéantar idirdhealú ar dhaoine trasinscneacha agus neamh-dhénártha a bhfuil cúram gínéiceolaíoch ag teastáil uathu i gcúrsaí leighis agus gur minic a dhiúltaítear rochtain ar chúram dóibh; de bhrí nach bhfuil oideachas gnéis agus caidrimh atá oiriúnach ó thaobh aoise de éigeantach i scoileanna Polannacha, agus nach bhfuil sé cuimsitheach ná bunaithe ar fhianaise, agus go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh é a thoirmeasc go hiomlán;

T.  de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon na mbagairtí imníocha agus na bhfeachtas fuatha atá dírithe ar chosantóirí baineanna chearta an duine (WHRDanna) sa Pholainn toisc go dtacaíonn siad le cearta na mban, an ceart chun ginmhilleadh agus gluaiseacht Stailc na mBan a bhí ar thús cadhnaíochta sna hollagóidí i gcoinne na srianta ar rochtain ar ghinmhilleadh dlíthiúil; de bhrí go bhfuil na bagairtí sin ag cur isteach ar na rioscaí atá ag dul in olcas do WHRDanna sa tír;

U.  de bhrí go bhfuil na WHRDanna ag bailiú sínithe le haghaidh bille, mar chuid den tionscnamh sibhialta a d’ullmhaigh FEDERA dar teideal ‘Ginmhilleadh Dlíthiúil. Ní bheidh aon chomhréiteach’, a d’aisiompódh an cosc ar ghinmhilleadh agus a cheadódh deireadh sábháilte a chur le toirchis suas go dtí an 12a seachtain gan iarraidh ar an othar cúis a thabhairt, agus i gcásanna eisceachtúla tar éis an 12a seachtain; de bhrí, i mí Mheán Fómhair 2021, gur chuir an Fhondúireacht ar son an chirt chun na Beatha bille faoi bhráid Pharlaimint na Polainne dar teideal ‘Cuir stop le Ginmhilleadh 2021’ (Stop Aborcji), a chuirfeadh toirmeasc iomlán ar rochtain ar ghinmhilleadh agus a dhéanfadh é a choiriúlú, le pionóis suas le 25 bliain i bpríosún;

V.  de bhrí go ndearna gníomhartha Pharlaimint na Polainne maidir leis an mBinse Bunreachtúil, arna nglacadh an 22 Nollaig 2015 agus an 22 Iúil 2016, chomh maith leis an bpacáiste de thrí ghníomh arna nglacadh ag deireadh 2016, an bonn a bhaint go mór de neamhspleáchas agus de dhlisteanacht an Bhinse Bhunreachtúil; de bhrí gur dhearbhaigh an Binse Bunreachtúil gníomhartha an 22 Nollaig 2015 agus an 22 Iúil 2016 a bheith neamhbhunreachtúil an 9 Márta agus an 11 Lúnasa 2016, faoi seach; de bhrí nach ndearna údaráis na Polainne na breithiúnais sin a fhoilsiú ná a chur chun feidhme an tráth sin; de bhrí nach féidir bunreachtúlacht dhlíthe na Polainne a ráthú go héifeachtach a thuilleadh sa Pholainn ó tharla go bhfuil amhras ann maidir le teacht i bhfeidhm na n-athruithe reachtacha réamhluaite(16) agus, dá bhrí sin, dlíthiúlacht rialú an 22 Deireadh Fómhair 2020;

W.  de bhrí, an 7 Deireadh Fómhair 2021, gur thíolaic an ‘Binse Bunreachtúil’ neamhdhlisteanach céanna a chinneadh i gcás K 3/21, arna ghlacadh le dhá thuairim easaontacha, ar an iarraidh a thionscain Príomh-Aire na Polainne an 29 Márta 2021, lena léiríodh nach raibh forálacha CAE ag luí le Bunreacht na Polainne ar fhorais iolracha; de bhrí gur ionsaí é an cinneadh seo ar an gComhphobal Eorpach maidir le luachanna agus dlíthe ina iomláine, lena mbaintear an bonn ó thosaíocht dhlí AE mar cheann dá phrionsabail bhunúsacha i gcomhréir le cásdlí seanbhunaithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

X.  de bhrí go n-aisiompaíonn rialú an 22 Deireadh Fómhair 2020 cearta faighte mhná na Polainne, mar a tharla sular cuireadh chun feidhme é, go raibh ginmhilleadh sa Pholainn dlíthiúil i dtrí chás, rud a chiallaíonn go bhfuil mná Polannacha i seasamh dlíthiúil níos measa anois ná mar a bhí nuair a tháinig an Pholainn isteach san Aontas Eorpach in 2004; á chur i bhfáth nár cheistigh Binse Bunreachtúil bunreachtúlacht na dtrí eisceacht atá ann cheana féin go dtí go raibh smacht níos leithne ag an rialtas atá faoi stiúir PiS ar an mbinse agus ar an gcóras ceartais;

Y.  de bhrí go raibh eagraíocht bhunúsaí, Ordo Iuris, a bhfuil dlúthbhaint aici leis an gcomhghuaillíocht rialaithe, ina ceann feadhna taobh thiar de na feachtais lena mbaintear an bonn de chearta an duine agus den chomhionannas inscne sa Pholainn, lena n-áirítear na hiarrachtaí chun ginmhilleadh a chosc, na hiarrataí go dtarraingeodh an Pholainn siar ó Choinbhinsiún Iostanbúl agus na hiarrataí go gcruthófaí saorlimistéir-LADTI mar a thugtar orthu; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil mí-úsáid á baint as luachanna cultúrtha agus reiligiúnacha sa Pholainn mar chúiseanna chun bac a chur ar fhíorú iomlán chearta na mban, ar chomhionannas do mhná agus ar a gceart cinntí a dhéanamh maidir lena gcoirp féin;

Z.  de bhrí go bhfuil Coimisiún na Veinéise de Chomhairle na hEorpa, an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine, an Pharlaimint agus an Coimisiún tar éis imní mhór a chur in iúl maidir leis an smacht reachta, lena n-áirítear dlisteanacht, neamhspleáchas agus éifeachtacht an Bhinse Bhunreachtúil; de bhrí gur chuir an Coimisiún nós imeachta Airteagal 7(1) i ngníomh tar éis athchóirithe 2015 ar an gcóras ceartais sa Pholainn;

1.  á athdhearbhú go gcáineann sí go láidir an rialú a rinne an Binse Bunreachtúil neamhdhlisteanach an 22 Deireadh Fómhair 2020 lena bhforchuirtear toirmeasc iomlán, nach mór, ar ghinmhilleadh agus an t-ionsaí neamhbhalbh sin ar SRHR sa Pholainn; á iarraidh ar Rialtas na Polainne rochtain ar sheirbhísí ginmhillte agus soláthar seirbhísí ginmhillte a ráthú go pras agus go hiomlán, seirbhísí sábháilte, dlíthiúla, saor in aisce agus ar ardchaighdeán a chur ar fáil, agus iad a dhéanamh inrochtana do gach bean agus gach cailín; á iarraidh ar údaráis na Polainne cearta daonna na mban chun na beatha, na sláinte agus an chomhionannais a urramú, a chomhlíonadh agus a chur chun cinn, chomh maith lena saoirse ó idirdhealú, ó fhoréigean agus ó chéasadh nó ó íde atá cruálach, mídhaonna nó táireach;

2.  á chur in iúl gurb oth léi nach raibh aon tionscnamh nó togra le linn na bliana atá thart chun díriú ar an gcosc de facto ar ghinmhilleadh a bhaint mar aon leis na srianta iomadúla ar rochtain ar SRHR sa tír; á athdhearbhú go bhfuil an cosc de facto ar ghinmhilleadh ag cur sláinte agus beatha na mban i mbaol agus go bhfuair ar a laghad bean amháin bás dá bharr go dtí seo; á mheabhrú gur bunchearta an duine iad rochtain uilíoch ar chúram sláinte agus ar SRHR;

3.  ag seasamh i ndlúthpháirtíocht le mná Polannacha, gníomhaithe agus leis na daoine agus na heagraíochtaí cróga a leanann ar aghaidh ag cabhrú le mná teacht ar chúram ginmhillte nuair a bhíonn sé de dhíth orthu, mar is é a rogha féin maidir lena gcorp féin; á chur in iúl gurb oth léi go mór gur tháinig an rialú i bhfeidhm, d’ainneoin na n-oll-léirsithe i bhfabhar rochtain dhlíthiúil ar ghinmhilleadh; ag tacú leis na mná agus leis na cosantóirí uile ar chearta an duine a leanann de bheith ag déanamh agóide gan stad gan staonadh i gcoinne na srianta tromchúiseacha sin ar a saoirsí bunúsacha agus ar a gcearta bunúsacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil na hagóideoirí ag éileamh ní hamháin rialú an Bhinse Bhunreachtúil neamhdhlisteanaigh a neamhniú, ach freisin an ceart chun rochtain shaor, dhlíthiúil agus shábháilte ar ghinmhilleadh agus urraim ar fhéinriar agus sláine cholainne; á thabhairt chun suntais na léirithe tacaíochta do chúis agóideoirí Polannacha ó go leor Ballstát agus ar fud an domhain, agus gur spéis leo an chúis sin;

4.  á chur i bhfáth nach laghdaítear an gá atá le ginmhilleadh trí shrian nó toirmeasc a chur ar an gceart chun ginmhillte ar bhealach ar bith, ach go mbíonn ar mhná ginmhilleadh neamhshábháilte a lorg, taisteal thar lear chun ginmhilleadh a fháil nó a toirchis a iompar go téarma in aghaidh a dtola, lena n-áirítear i gcásanna dianlagaithe nó lagaithe mharfaigh féatais; á chur i bhfáth, thairis sin, gur sárú é sin ar chearta an duine agus ar chineál foréigin inscnebhunaithe a dhéanann difear do chearta na mban agus na gcailíní chun na beatha, chun sláine choirp agus mheabhrach, chun comhionannais, chun neamh-idirdhealaithe agus chun sláinte;

5.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil ar na mílte bean taisteal chun rochtain a fháil ar sheirbhís sláinte atá chomh riachtanach le ginmhilleadh; ag cur béim ar an bhfíoras nach rogha inmharthana iad seirbhísí ginmhillte trasteorann, go háirithe dóibh siúd atá ag maireachtáil i mbochtaineacht, a bhfuil aghaidh á tabhairt acu ar leithcheal trasnach agus atá i gcásanna leochaileacha; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an fíoras go gcuireann taisteal thar lear sláinte, beatha agus dea-bhail na mban i mbaol; á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le cúram iar-ghinmhillte, go háirithe do mhná a mbíonn deacrachtaí acu mar thoradh ar ghinmhilleadh neamhiomlán nó neamhshábháilte;

6.  ag cáineadh go láidir gach togra reachtach nó srianta a bhfuil sé d’aidhm leo an rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil sa Pholainn a thoirmeasc, a choiriúlú agus a theorannú tuilleadh; á mheabhrú do Pharlaimint na Polainne agus d’údaráis na Polainne go bhfuil bearta chun srian a chur ar SRHR in aghaidh phrionsabal na neamh-aischéimnitheachta faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine agus ag tathant orthu a áirithiú go gcuirfear SRHR i gcrích go hiomlán;

7.  á cháineadh na timpeallachta do WHRDanna sa Pholainn atá ag éirí níos naimhdí agus níos foréigní, agus á iarraidh ar údaráis na Polainne an ceart chun iad féin a chur in iúl go poiblí a ráthú, lena n-áirítear nuair a chuireann siad i gcoinne beartais rialtais, gan eagla a bheith orthu roimh iarmhairtí nó bagairtí; á iarraidh ar údaráis na Polainne cosaint a thabhairt go práinneach ar na WHRDanna ar díríodh orthu, bagairtí ina gcoinne a fhiosrú agus na daoine atá freagrach a thabhairt chun cuntais; ag tathant ar Rialtas na Polainne dul i ngleic leis an mífhaisnéis ionsaitheach lena ndírítear ar WHRDanna; á chur i bhfáth go bhfuil cúisimh choiriúla curtha in aghaidh roinnt mhaith WHRDanna sa Pholainn as an ról a bhí acu sna hagóidí i gcoinne an bhille mar thoradh ar shrianta COVID-19 a bhí forchurtha ag an am sin; ag tathant ar Rialtas na Polainne staonadh ó chúisimh choiriúla arb í an pholaitíocht is cúis leo a chur i gcoinne WHRDanna;

8.  ag cáineadh go láidir úsáid iomarcach agus dhíréireach fornirt agus foréigin i gcoinne agóideoirí, lena n-áirítear gníomhaithe agus eagraíochtaí um chearta na mban, ag na húdaráis forfheidmithe dlí agus ag gníomhaithe neamhstáit amhail grúpaí náisiúnacha atá go mór ar an eite dheis; á iarraidh ar údaráis na Polainne a áirithiú go dtabharfar na daoine a ionsaíonn agóideoirí chun cuntais as a ngníomhaíochtaí;

9.  ag cáineadh na reitrice naimhdí arna húsáid ag oifigigh rialtais na Polainne i gcoinne WHRDanna agus lucht cáinte bheartais an rialtais, agus ag tathant ar an gCoimisiún dul i ngleic leis sin agus tacú leis na gníomhaithe ó thaobh na polaitíochta agus an airgeadais de;

10.  á iarraidh ar Rialtas na Polainne a áirithiú go mbeidh mná agus cailíní rannpháirteach i ndréachtú dlíthe agus beartas a bhfuil tionchar acu ar a saolta, lena n-áirítear SRHR agus ginmhilleadh, agus go mbeidh siad in ann rochtain a fháil ar cheartas agus ar leigheasanna nuair a dhéantar sárú ar a gcearta;

11.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cistiú leormhaith a sholáthar le haghaidh eagraíochtaí náisiúnta agus eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta chun tacaíocht ar leibhéal an phobail don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha sna Ballstáit, lena n-áirítear an Pholainn, a chothú; ag tathant ar an gCoimisiún tacaíocht láithreach agus dhíreach a sholáthar le haghaidh clár agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta sa Pholainn a oibríonn chun a áirithiú go dtabharfar cosaint do SRHR; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cúrsaí múscailte feasachta maidir le SRHR agus le cúrsaí oiliúna trí chláir chistiúcháin; á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht a sholáthraíonn Ballstáit áirithe maidir le cúnamh a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta a chabhraíonn le mná na Polainne a SRHR a thuiscint agus spreagann sí do Bhallstáit eile amhlaidh a dhéanamh; á iarraidh ar na Ballstáit comhoibriú ar bhealach níos éifeachtaí chun rochtain thrasteorann ar ghinmhilleadh a éascú, mar shampla trí rochtain ar ghinmhilleadh saor in aisce agus sábháilte a dheonú do mhná na Polainne laistigh de chórais náisiúnta cúraim sláinte;

12.  á áitiú nár cheart go n-áireofaí ginmhilleadh a dhéanamh sa chód coiriúil ar bhealach ar bith, toisc go bhfuil éifeacht athchomhairleach aige sin ar dhochtúirí a staonann ó sheirbhísí SRHR a sholáthar dá bhrí sin ar eagla go gcuirfí smachtbhannaí coiriúla ina leith, agus, ar an gcaoi sin, a theorannaíonn an cúram sláinte atá ar fáil do mhná agus cailíní; á chur in iúl gur cúis mhór imní di, mar thoradh ar an staid sin, go bhfuil claonadh ag dochtúirí tosaíocht a thabhairt don fhéatas seachas do shaol na mná; á iarraidh ar Rialtas na Polainne a áirithiú nach gcaillfear ‘oiread is bean amháin eile’ sa Pholainn de bharr an dlí shriantaigh sin agus ginmhilleadh a dhíchoiriúlú go hiomlán agus aon rud a bhaineann le ginmhilleadh a bhaint den dlí coiriúil, chun a áirithiú go n-aontóidh dochtúirí le ginmhilltí a dhéanamh i gcleachtas laistigh de theorainneacha dlíthiúla an dlí náisiúnta, agus chun a áirithiú go mbeidh an fhaisnéis a soláthraítear leis maidir le rochtain ar ghinmhilleadh agus cearta eile gnéis agus atáirgthe neamhchlaonta agus fianaise-bhunaithe;

13.  á mheabhrú, de bharr barraíochta srianta maidir le rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte a leanann as an rialú thuasluaite ón mBinse Bunreachtúil neamhdhlisteanach, ar barraíocht í nach bhfuil údar cuí léi, go mainnítear cearta bunúsacha agus doshannta agus dínit na mban a chosaint, toisc go sáraíonn sí an Chairt, ECHR, cásdlí ECtHR, coinbhinsiúin idirnáisiúnta iomadúla a bhfuil an Pholainn ina sínitheoir orthu, chomh maith le Bunreacht Phoblacht na Polainne; á iarraidh an athuair ar údaráis na Polainne na breithiúnais a thug ECtHR sna cásanna a tugadh in aghaidh na Polainne a chur chun feidhme go hiomlán, inar rialaigh sí gurb ionann srian a chur le rochtain ar ghinmhilleadh dleathach agus sárú ar chearta an duine do mhná;

14.  á chur i bhfáth go bhfuil rochtain thráthúil gan bhac ar sheirbhísí sláinte atáirgthe agus urraim ar neamhspleáchas atáirgthe agus cinnteoireacht na mban ríthábhachtach chun cearta an duine do mhná agus comhionannas inscne na mban a chosaint; á chur i bhfios go láidir gur chuir saineolaithe na Náisiún Aontaithe(17) i bhfáth gur ‘cearta bunúsacha iad cearta an duine do mhná nach féidir a bheith faoi réir breithnithe cultúrtha, reiligiúnacha nó polaitiúla’, agus go raibh ‘tionchar an chuir isteach i gcúrsaí sláinte poiblí arbh iad an reiligiún nó an idé-eolaíocht ba shiocair leis thar a bheith díobhálach do shláinte agus dea-bhail ban agus cailíní’;

15.  á chur in iúl gur údar mór imní di úsáid an chlásail coinsiasa, ar diúltú é do chúram leighis bunaithe ar thuairimí pearsanta; á chur in iúl gur oth léi, tar éis an leasaithe ar an ‘nGníomh maidir le gairmithe dochtúirí agus fiaclóirí’, nach bhfuil sé d’oibleagáid ar dhochtúirí nó ar shaoráidí sláinte saoráid mhalartach nó cleachtóir mhalartach a chur in iúl i gcás ina ndiúltaítear ginmhilleadh nó seirbhísí eile SRH a dhéanamh bunaithe ar thuairimí pearsanta; á thabhairt dá haire, tar éis an rialaithe ó Bhinse Bhunreachtúil neamhdhlisteanach an 22 Deireadh Fómhair 2020, go bhfuil úsáid phraiticiúil an chlásail coinsiasa teoranta ann féin mar gheall ar an easpa rochtana ar ghinmhilleadh ar fhorais a bhaineann le bail an fhéatais; á chur in iúl gur saoth léi an chaoi nach ndéantar aon fhoráil maidir le haon nós imeachta achomhairc in aghaidh úsáid ionsaitheach an chlásáil coinsiasa leis an gcaoi a gcuirtear an clásal sin le chéile faoi dhlí na Polainne; á chur in iúl gur oth léi go ndéanann gínéiceolaithe é a agairt go mícheart nuair a iarrtar orthu frithghiniúnaigh a oideasú, agus ar an gcaoi sin go ndéantar srian a chur le rochtain ar fhrithghiniúnaigh sa Pholainn freisin; ag tabhairt dá haire go gcuireann an sásra sin maidir le cúram leighis a dhiúltú bunaithe ar thuairimí pearsanta bac freisin ar rochtain ar scagadh réamhbhreithe, ar sárú é ní hamháin ar an gceart chun faisnéise maidir le bail an fhéatais, ach freisin a chuireann bac ar chóireáil rathúil le linn toirchis nó díreach ina dhiaidh sin; á iarraidh ar Rialtas na Polainne rialáil a dhéanamh ar dhiúltuithe seirbhísí SRH a sholáthar de pháirt soláthraithe cúraim sláinte ar bhealach nach ndiúltaíonn rochtain ar SRHR, agus ag tathant ar Rialtas na Polainne na hathchóirithe is gá a ghlacadh chun an oibleagáid a thabhairt isteach chun othar a atreorú chuig cleachtóir mhalartach chomh maith le nós imeachta achomhairc in aghaidh úsáid ionsaitheach an chlásáil coinsiasa;

16.  ag tathant ar údaráis na Polainne an dlí a aisghair lena gcuirtear srian leis an rochtain ar an bpiollaire frithghiniúnach éigeandála, agus raon iomlán na bhfrithghiniúnach a mhaoiniú, a fhorbairt agus a chur chun cinn, lena n-áirítear frithghiniúnaigh d’fhir;

17.  á cháineadh go bhfuil Rialtas na Polainne ag baint mí-úsáid as an gcóras breithiúnach agus as a cumhachtaí reachtacha chun saolta agus sláinte na mban agus dhaoine LGBTI+ a ionstraimiú agus uirlis pholaitiúil a dhéanamh díobh, rud as a leanann cur faoi chos agus idirdhealú a bheith á ndéanamh ar na daoine sin;

18.  ag athdhearbhú a cúiseanna imní a léiríodh sna rúin uaithi maidir leis na hiarrachtaí chun scaipeadh oideachais ghnéasachta agus chaidrimh sa Pholainn a choiriúlú agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, lena n-áirítear an Pholainn, a áirithiú go bhfaighidh daltaí ar gach aois agus ó gach treoshuíomh gnéasach oideachas cuimsitheach gnéasachta agus caidrimh atá oiriúnach dá n-aois agus fianaise-bhunaithe, ar gné ríthábhachtach é chun forbairt a dhéanamh ar scileanna daoine óga chun caidrimh shláintiúla, chomhionanna, chothaitheacha agus shábháilte a fhothú atá saor ó idirdhealú, comhéigean agus foréigean; á thabhairt chun suntais nach féidir laghdú a dhéanamh ar mhífhaisnéis agus ar líon na dtoircheas neamhphleanáilte ach trí oideachas, faisnéis, rochtain uilíoch ar fhrithghiniúnaigh, díothú an fhoréigin ghnéasaigh agus freagracht chomhroinnte as frithghiniúnaigh idir mná agus fir;

19.  á cháineadh go láidir an cinneadh a rinne Aire Ceartais na Polainne chun tús oifigiúil a chur le tarraingt siar na Polainne as Coinbhinsiún Iostanbúl, ar céim thromchúiseach ar gcúl é cheana féin, ach má thugtar i gcrích é, ar céim níos tromchúisí ar gcúl a bheadh ann a mhéid a bhaineann le comhionannas inscne, cearta na mban agus an comhrac i gcoinne foréigean inscnebhunaithe; ag tathant ar údaráis na Polainne an cinneadh sin a fhreaschur agus cur chun feidhme éifeachtach agus praiticiúil an Choinbhinsiúin a áirithiú; á iarraidh ar an gComhairle daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl ag AE a thabhairt i gcrích go práinneach;

20.  á mheabhrú gur cearta bunúsacha an duine iad cearta na mban agus go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ar institiúidí AE agus ar na Ballstáit iad a urramú agus a chosaint i gcomhréir leis na Conarthaí agus leis an gCairt, agus le dlí idirnáisiúnta;

21.  á iarraidh ar an gComhairle dul i ngleic leis an tsaincheist sin agus le líomhnaithe eile de sháruithe ar chearta bunúsacha sa Pholainn trí leathnú a dhéanamh ar raon feidhme a héisteachtaí maidir leis an staid sa Pholainn, i gcomhréir le hAirteagal 7(1) CAE;

22.  á iarraidh ar Rialtas na Polainne cloí leis an rialú ó ECtHR, lena ndearbhaítear go bhfuil comhdhéanamh na Cúirte Bunreachtúla neamhdhleathach(18); ag athdhearbhú a hiarrataí ar an gCoimisiún measúnú críochnúil a dhéanamh ar chomhdhéanamh an Bhinse Bhunreachtúil neamhdhlisteanach; á chur i bhfios go láidir gur sampla eile de ghabháil cumhachta sa pholaitíocht arna déanamh ag na breithiúna agus de chliseadh sistéamach an smachta reachta sa Pholainn gurb ea an rialú sin maidir le ginmhilleadh, agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar insititiúidí AE gníomhú dá réir;

23.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit maidir le rochtain uilíoch ar SRHR a ráthú, lena n-áirítear rochtain ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil do gach saoránach;

24.  Á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an ceart chun sláinte a choimirciú agus a ráthú nach mbeidh mná agus cailíní sa Pholainn fágtha ar lár, trí ghníomhaíocht chinntitheach a dhéanamh agus trí chur i gcoinne aon tograí reachtacha nó srianta maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte a thagann as an bPolainn, lena n-áirítear cúram maidir le ginmhilleadh;

25.  á iarraidh ar na Coimisinéirí um Shláinte agus um Shábháilteacht Bia, um Chomhionannas agus um Dhéimeagrafaíocht cosaint SRHR sa Pholainn a éascú agus a chosaint mar ghné ríthábhachtach chun an ceart chun sláinte, sábháilteachta agus comhionannas inscne a bhaint amach;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún céimeanna nithiúla a ghlacadh chun SRHR a chosaint in AE ar bhonn níos ginearálta, ag tosú le Toscaire Speisialta de chuid an Aontais maidir le SRHR a bhunú mar aon le caibidil ainmnithe ar ‘An staid mar atá maidir le SRHR’ a áireamh i dTuarascáil Bhliantúil AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a ghlacadh do na Ballstáit chun rochtain chomhionann ar earraí agus seirbhísí SRHR a áirithiú i gcomhréir le dlí AE agus dlí-eolaíocht ECtHR;

28.  á mheabhrú don Choimisiún gur cheart dó treoir chuimsitheach a mholadh maidir le foréigean inscnebhunaithe i ngach foirm de, lena n-áirítear sáruithe ar SRHR, a chosc agus a chomhrac;

29.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na Polainne agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO C 232, 16.6.2021, lch. 48.
(2) IO C 356, 4.10.2018, lch. 44.
(3) IO C 385, 22.9.2021, lch. 317.
(4) IO C 129, 5.4.2019, lch. 13.
(5) IO C 208, 1.6.2021, lch. 24.
(6) IO C 449, 23.12.2020, lch. 102.
(7) IO C 425, 20.10.2021, lch. 147.
(8) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0314.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0395.
(10) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0439.
(11) An Coiste um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú, an Coiste um Chearta an Duine, an Rapóirtéir Speisialta maidir le céastóireacht agus cineálacha eile íde nó pionóis atá cruálach, mídhaonna nó táireach, agus an rapóirtéir Speisialta maidir le básuithe seachbhreithiúnacha, achoimre nó treallach (Sraith Faisnéise maidir le Sláinte agus Cearta Gnéis agus Atáirgthe - Ginmhilleadh, Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, 2020).
(12) Tysiąc v. an Pholainn (2007), R.R. V. an Pholainn (2011), agus P. agus S. v. an Pholainn (2012).
(13) https://www.asn.org.uk/press-release-abortion-without-borders-helps-more-than-17000-with-abortion-in-six-months-after-polish-constitutional-court-ruling/
(14) https://en.federa.org.pl/womens-collective-complaint-in-the-echr/
(15) https://www.epfweb.org/european-contraception-atlas#:~:text=On%2012%20November%202020%2C%20MEPs,on%20access%20to%20modern%20contraception
(16) Tuairim ó Choimisiún na Veinéise an 14 agus an 15 Deireadh Fómhair 2016 maidir leis an Ionstraim um an mBinse Bunreachtúil, mír 128; Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, Breithnithe deiridh maidir leis an seachtú tuarascáil thréimhsiúil faoin bPolainn, 23 Samhain 2016, míreanna 7 agus 8; Moladh ón gCoimisiún (AE) 2017/1520 an 26 Iúil 2017, maidir leis an smacht reachta sa Pholainn (IO L 228, 2.9.2017, lch. 19).
(17) Grúpa Oibre maidir le hidirdhealú in aghaidh ban agus cailíní, an 14 Meán Fómhair 2021, ar fáil ag: https://www.ohchr.org/EN/NewsEvents/Pages/DisplayNews.aspx?NewsID=27457&LangID=E
(18) Cás Xero Flor w Polsce sp. z o.o. v. An Pholainn, atá ar fáil ag: https://hudoc.echr.coe.int/eng#{%22itemid%22:[%22001-210065%22]}

Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais