Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha a bheidh le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gComhbheartas Talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha faoi CBT) agus arna maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2018)0392 – C8-0248/2018 – 2018/0216(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0392),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 42 agus 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0248/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 13 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– Ag féachaint d'Ionstraim Aontachais 1979, agus go háirithe mír 6 de Phrótacal Uimh. 4 ar chadás atá ag gabháil léi,
– ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Tionól Náisiúnta na Fraince, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),
– ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 25 Deireadh Fómhair 2018(3),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 23 Iúil 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus freisin do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A8-0200/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(4);
2. ag formheas a ráitis chomh maith leis an ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear rialacha maidir le tacaíocht do phleananna straitéiseacha atá le tarraingt suas ag na Ballstáit faoin gcomhbheartas talmhaíochta (Pleananna Straitéiseacha CBT) agus le maoiniú ag an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ag an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1305/2013 agus (AE) Uimh. 1307/2013
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2115.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le ról na Comhairle Eorpaí i ndáil le gnéithe reachtacha den chomhbheartas talmhaíochta
Is saoth le Parlaimint na hEorpa gur ghlac an Chomhairle Eorpach cinntí, ina conclúidí an 21 Iúil 2020, maidir le gnéithe reachtacha den chomhbheartas talmhaíochta ba cheart a chinneadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach i gcomhréir leis na Conarthaí. Measann Parlaimint na hEorpa nach bhfuil na cinntí aontaobhacha réamhghabhálacha sin inghlactha agus go gcuireann siad isteach ar chearta Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir atá ag gníomhú ar chomhchéim leis an gComhairle.
Is saoth le Parlaimint na hEorpa nach raibh an Chomhairle toilteanach, dá bhrí sin, dul i mbun caibidlíocht fhónta le Parlaimint na hEorpa maidir leis na heilimintí sin ar an bhforas go raibh cinneadh ina leith déanta cheana ag an gComhairle Eorpach.
Go háirithe, tugann Parlaimint na hEorpa dá haire nach ndeachaigh an Chomhairle i mbun caibidlíocht fhónta maidir leis na forálacha uasteorannaithe agus céimlaghdaitheachta a leagtar síos in Airteagal 17 agus maidir leis an tsolúbthacht idir leithdháiltí íocaíochtaí díreacha agus leithdháiltí CETFT a leagtar síos in Airteagal 96, agus measann sí nach bhfuil toradh na caibidlíochta ar na hAirteagail sin sásúil.
Is oth le Parlaimint na hEorpa go mór cur chuige na Comhairle agus measann sí go mbaineann sé an bonn d’fheidhmiú cuí an ghnáthnós imeachta reachtaigh. Dá bhrí sin, áitíonn Parlaimint na hEorpa nár cheart é sin a dhéanamh arís in aon chaibidlíocht amach anseo i gcomhthéacs an ghnáthnós imeachta reachtaigh.
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le gné shóisialta an chomhbheartais talmhaíochta
Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh, trí staidéar a bheidh le déanamh dhá bhliain tar éis an chéad dá bhliain de chur i bhfeidhm na coinníollachta sóisialta ag na Ballstáit uile, ar thionchar an tsásra ar dhálaí oibrithe agus ar fheidhmiú an chórais pionós agus, i gcás inarb iomchuí, tograí a chur ar aghaidh chun gné shóisialta CBT a fheabhsú.
Faoi 2025, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar a indéanta atá sé Iarscríbhinn XX, Airteagal 7(1) de Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 maidir le saorghluaiseacht oibrithe a áireamh agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh sé tograí ar aghaidh chuige sin.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht don Bheilg dhá Phlean Straitéiseacha CBT a thíolacadh
I bhfianaise fhorálacha Airteagal 104 de Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT a chomhaontaigh na comhreachtóirí agus freisin ar chur chreat bunreachtúil ar leith na Beilge san áireamh, deimhníonn an Coimisiún go bhfuil sé inghlactha aige go dtíolacfadh an Bheilg Plean Straitéiseach CBT ar leith le haghaidh gach ceann dá heintitis chónasctha ábhartha. Ní dhéanann sin difear d’oibleagáidí na Beilge faoi Rialachán na bPleananna Straitéiseacha CBT ná ní athraíonn sé na hoibleagáidí sin.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 (COM(2018)0393 – C8-0247/2018 – 2018/0217(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0393),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) agus d’Airteagal 322(1), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0247/2018),
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla maidir leis an mbunús dlí atá beartaithe,
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 25 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(2),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(3),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 23 Iúil 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Buiséid, ón gCoiste um Rialú Buiséadach agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8-0199/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(4);
2. ag formheas a ráitis chomh maith leis an ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún agus an ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. ag tabhairt dá haire na ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1306/2013
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2116.)
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH
Ráiteas ó Pharlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme agus trédhearcacht an Chomhbheartais Talmhaíochta
Is éard atá i gcreat dlíthiúil nua an Chomhbheartais Talmhaíochta (CBT) solúbthacht fheabhsaithe do na Ballstáit maidir le pleananna straitéiseacha náisiúnta (NSPanna) a cheapadh agus a chur chun feidhme. Fágann sin gur féidir oiriúnú do riachtanais áitiúla agus ag an am céanna a chinntiú go gcomhlíonann tairbhithe deiridh na coinníollacha incháilitheachta ginearálta. Leis an tsamhail seachadta nua (NDM), lena dtugtar isteach cur chuige feidhmíochtbhunaithe, áirítear freisin aistriú suntasach freagrachta ó leibhéal an Aontais chuig riaracháin náisiúnta i mbainistiú agus i rialú chistí talmhaíochta an Aontais.
Measann Parlaimint na hEorpa, maidir leis an gcomhaontú idirinstitiúideach ar tháinig na comhreachtóirí air, go bhfuil na coimircí ann atá riachtanach chun cosc a chur ar na rioscaí a sainaithníodh do chur chun feidhme ceart NSPanna na mBallstát, de réir mar a d’fhormheas an Coimisiún é. Déanfaidh Parlaimint na hEorpa dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme na NSPanna ag na Ballstáit de réir mar a d’fhormheas an Coimisiún é agus feidhmeoidh sí go hiomlán an ról atá aici mar mhaoirseoir ar obair an Choimisiúin a thugtar faoi na Conarthaí agus mar a shainítear i Rialacháin CBT.
Measann Parlaimint na hEorpa go bhfuil cosaint éifeachtach leasanna airgeadais an Aontais le háirithiú le Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air, lena n-áirítear bailiú agus foilsiú sonraí maidir le grúpaí a áirithíonn seiceálacha éifeachtúla ar choinbhleachtaí leasa, neamhrialtachtaí, saincheisteanna maoinithe dhúbailte, agus mí-úsáid choiriúil na gcistí. D’fhonn uirlis aonair mianadóireachta sonraí a úsáid sna Ballstáit, is díol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa an gealltanas scrúdú a dhéanamh ar thogra maidir lena húsáid éigeantach sna Ballstáit uile, tar éis na tuarascála ón gCoimisiún, atá le cur i gcrích faoi 2025, ina ndéanfar measúnú ar a húsáid agus ar a hidir-inoibritheacht.
Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le faireachán bliantúil ar fheidhmíocht faoi chuimsiú an Chomhbheartais Talmhaíochta
Meabhraíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún, i bhfianaise na samhla seachadta nua agus an chreata feidhmíochta atá le bunú sa Chomhbheartas Talmhaíochta (CBT) don tréimhse 2023-2027, go bhfuil tábhacht shuntasach ag baint leis na tuarascálacha bliantúla ar fheidhmíocht, leis an bhfaireachán bliantúil agus leis an athbhreithniú feidhmíochta débhliantúil chun na huaillmhianta a leagtar amach sna Pleananna Straitéiseacha faoi CBT a chomhlíonadh.
Sa chomhthéacs sin, comhaontaíonn Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún gur gá don Choimisiún tuarascáil bhliantúil a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, sa Choiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, maidir leis an dul chun cinn atá déanta faoi raon feidhme an fhaireacháin bhliantúil ar fheidhmíocht.
Ráiteas Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le bearta breise chun buiséad an Aontais a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí trína éileamh go ndéanfaí uirlis aonair mianadóireachta sonraí a chur i bhfeidhm ar bhonn ginearálaithe faoi chuimsiú an Chomhbheartais Talmhaíochta
Tá gealltanas tugtha ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa scrúdú a dhéanamh ar thogra maidir le húsáid éigeantach uirlise mianadóireachta sonraí sna Ballstáit, tar éis na tuarascála ón gCoimisiún faoi 2025 ina ndéanfar measúnú ar úsáid na huirlise aonair mianadóireachta sonraí agus ar a hidir-inoibritheacht d’fhonn í a bheith á húsáid ar bhonn ginearálaithe ag na Ballstáit.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le comhlachtaí deimhniúcháin faoi chuimsiú an Chomhbheartais Talmhaíochta
Tugann an Coimisiún dá aire aithris 13 nua a cuireadh isteach sa Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air maidir le faisnéis a chur in iúl i ndáil leis na Comhlachtaí Deimhniúcháin a ceapadh. Faigheann an Coimisiún faisnéis ó na Ballstáit maidir le ceapadh Comhlachtaí Deimhniúcháin poiblí agus príobháideacha agus coimeádann sé clár cothrom le dáta de na comhlachtaí sin chun críche faireacháin. Meabhraíonn an Coimisiún go bhfuil sé tiomanta liosta na gcomhlachtaí deimhniúcháin a ceapadh a chur in iúl go bliantúil don Pharlaimint.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le saoradh CETFT faoi chuimsiú an Chomhbheartais Talmhaíochta
Má tá riosca ann go saorfar cistiú CETFT, deimhníonn an Coimisiún go seolfaidh seirbhísí ábhartha an Choimisiúin litir chuig údaráis na mBallstát chun foláireamh a thabhairt dóibh in am trátha roimh an sprioc-am is infheidhme maidir le saoradh uathoibríoch an riosca sin. Is é cuspóir na litreach sin méadú ar ionsú chistiú CETFT a spreagadh agus iniúchadh a dhéanamh leis na Ballstáit ar an méid is féidir a dhéanamh chuige sin.
Féachann an Coimisiún le saoradh a sheachaint freisin i gcás ina mbíonn cúinsí sonracha ann. Chuige sin, má tá imeachtaí dlíthiúla nó achomhairc riaracháin fós sa siúl, cuirfear i bhfeidhm go hiomlán na rialacha ábhartha a leagtar síos i Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcomhbheartas talmhaíochta a mhaoiniú, a bhainistiú agus faireachán a dhéanamh air chun cur isteach ar thréimhse an tsaortha. Thairis sin, go háirithe, urramófar go hiomlán an riail nach gcuirfear saoradh i bhfeidhm i gcás nár úsáideadh gealltanais bhuiséadacha ar chúiseanna force majeure a dhéanann difear tromchúiseach do chur chun feidhme Phleananna Straitéiseacha CBT.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le cuachadh cumhachtuithe faoi chuimsiú an Chomhbheartais Talmhaíochta
Meabhraíonn an Coimisiún a ghealltanas cloí le Comhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Luaitear i bpointe 31 den Chomhaontú sin go bhféadfar cumhachtuithe a chuachadh, ar choinníoll go soláthraíonn an Coimisiún réasúnú oibiachtúil bunaithe ar an nasc substainteach idir dhá chumhachtú nó níos mó atá in aon ghníomh reachtach amháin. Is ann do chomhairliúcháin le linn ullmhú gníomhartha tarmligthe freisin chun léiriú a thabhairt i dtaobh na gcumhachtuithe a mheastar a bheith nasctha go substaintiúil.
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas, agus (AE) Uimh. 229/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach (COM(2018)0394 – C8-0246/2018 – 2018/0218(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0394),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2), d’Airteagal 114, d’Airteagal118, an chéad mhír, agus d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0246/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 17 Deireadh Fómhair 2018(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Nollaig 2018(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 23 Iúil 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, do na tuairimí agus seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Fhorbairt, ón gCoiste um Rialú Buiséadach, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia agus ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,(A8-0198/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);
2. ag formheas na ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún agus an ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
3. ag tabhairt dá haire an ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1308/2013 lena mbunaítear comheagrú na margaí i dtáirgí talmhaíochta, (AE) Uimh. 1151/2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia-earraí, (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint sonraí geografacha i ndáil le táirgí fíona cumhraithe, agus (AE) Uimh. 228/2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht sna réigiúin is forimeallaí den Aontas
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2117.)
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle agus ón gCoimisiún maidir le rannpháirtíocht réamhghníomhach ar leibhéal iltaobhach i ndáil le caighdeáin sláinte agus chomhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm ar tháirgí talmhaíochta allmhairithe
Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur gá comhleanúnachas níos fearr a lorg idir caighdeáin sláinte agus chomhshaoil a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí talmhaíochta san Aontas Eorpach agus na caighdeáin sin a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí talmhaíochta allmhairithe, i gcomhréir le rialacha trádála idirnáisiúnta. Chun dul i ngleic le saincheisteanna forbartha inbhuanaithe, go háirithe an t-athrú aeráide agus cailliúint na bithéagsúlachta, ar saincheisteanna iad atá ina n-ábhar imní ar fud an domhain, agus chun teacht leis na hionchais atá ag saoránaigh i leith bianna atá níos inbhuanaithe agus ar cháilíocht níos airde, tá na caighdeáin sin ardaithe go leanúnach ag an Aontas Eorpach le blianta fada anuas. Leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus a straitéisí earnála, lena n-áirítear an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, déantar gach iarracht an sprioc sin a bhaint amach, agus beidh ardú breise ar na caighdeáin sin a chuirtear i bhfeidhm laistigh de AE, lena n-áirítear, i gcás inarb ábhartha, do tháirgí allmhairithe, mar thoradh air sin.
Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún gur gá teagmháil réamhghníomhach a dhéanamh ar an leibhéal iltaobhach chun an uaillmhian maidir le cuspóirí idirnáisiúnta comhshaoil a mhéadú agus rialacha trádála idirnáisiúnta á bhforfheidhmiú agus á bhfeabhsú. Mar a luaitear sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le hAthbhreithniú ar an mBeartas Trádála, is iomchuí freisin don Aontas Eorpach, faoi imthosca áirithe mar atá sainithe i rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, a cheangal go gcomhlíonfaidh táirgí talmhaíochta allmhairithe ceanglais áirithe táirgthe chun éifeachtacht na gcaighdeán sláinte, leasa ainmhithe agus comhshaoil a bhfuil feidhm acu maidir le táirgí talmhaíochta san Aontas Eorpach a áirithiú agus chun rannchuidiú le seachadadh iomlán na dteachtaireachtaí maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’. I bhfianaise thábhacht a mhargaidh i dtrádáil idirnáisiúnta, is féidir leis an Aontas Eorpach a chumas giarála a úsáid chun caighdeáin maidir le sláinte agus leis an gcomhshaol a ardú ar fud an domhain agus, ar an gcaoi sin, rannchuidiú le cuspóirí idirnáisiúnta comhshaoil a bhaint amach, amhail cuspóirí Chomhaontú Pháras.
Is díol sásaimh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus don Choimisiún an cur chuige níos leithne a cuireadh chun cinn san Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála, maidir leis an ngá atá le níos mó rannpháirtíochta ar an leibhéal iltaobhach chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna tábhachtacha, amhail stoic straitéiseacha, go háirithe toisc gur leas bunriachtanach é bia. Le feabhas a chur ar an tslándáil dhomhanda bia, tugtar le fios gur gá an éagobhsaíocht sna margaí talmhaíochta a laghdú trí níos mó comhair ar an leibhéal iltaobhach, a théann níos faide ná an laghdú ar shaobhadh an mhargaidh, rud atá riachtanach ach neamhleor chun margaí idirnáisiúnta a chobhsú.
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa, ón gComhairle, agus ón gCoimisiún maidir le forálacha CEM a bhaineann le hearnáil an tsiúcra in AE
Aithníonn Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún na deacrachtaí atá roimh earnáil an tsiúcra tar éis dhíothú na gcuótaí siúcra i mí Dheireadh Fómhair 2017, deacrachtaí arb iad is príomhthréithe dóibh éagobhsaíocht ar mhargaí idirnáisiúnta, tomhaltas marbhánta agus laghdú ar tháirgeadh biatais siúcra agus ar tháirgeadh siúcra. Is cúis imní an staid sin d’earnáil an tsiúcra in AE.
Déanfar measúnú cuimsitheach ar staid reatha na hearnála agus ar a cuid straitéisí oiriúnaithe laistigh de chreat staidéir atá le cur ar fáil i bhfómhar na bliana 2021. Déanfar anailís sa staidéar ar na hionstraimí beartais Eorpacha agus náisiúnta atá ar fáil d’earnáil an tsiúcra, agus ar róil na hearnála príobháidí agus na n-institiúidí poiblí faoi seach maidir le freagairt ar na rioscaí móra a dhéanann difear don earnáil, agus sainaithneofar straitéisí ann a bhféadfaí leas a bhaint astu chun athléimneacht earnáil siúcra na hEorpa a fheabhsú.
Breithneoidh Parlaimint na hEorpa, an Chomhairleagus an Coimisiún aon fhorbairtí beartais amach anseo is iomchuí i bhfianaise na bpríomhthorthaí agus na gconclúidí a bhainfear amach i gcomhthéacs an staidéir sin. D’fhéadfadh forbairtí beartais den sórt sin aon tionscnaimh rialála agus neamhrialála ábhartha a bhaineann le huirlisí bainistithe margaidh agus géarchéime, trédhearcacht an mhargaidh i slabhra an tsoláthair siúcra, caidreamh conarthach idir saothraithe agus táirgeoirí siúcra, trádáil idirnáisiúnta agus forás an bhithgheilleagair a chuimsiú.
Ráiteas comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin sláinte agus chomhshaoil AE a chur i bhfeidhm ar tháirgí talmhaíochta allmhairithe
Iarrann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar an gCoimisiún tuarascáil a thíolacadh, i mí an Mheithimh 2022 ar a dhéanaí, ina mbeidh measúnú ar a réasúnaí agus ar a indéanta atá sé, ó thaobh dlí, caighdeáin sláinte agus comhshaoil an Aontais (lena n-áirítear caighdeáin leasa ainmhithe chomh maith le próisis agus modhanna táirgthe) a chur i bhfeidhm maidir le táirgí talmhaíochta agus agraibhia allmhairithe chomh maith le tionscnaimh nithiúla a shainaithint chun comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú maidir lena gcur i bhfeidhm, i gcomhréir le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála. Ba cheart go gcumhdófaí sa tuarascáil sin na réimsí beartais phoiblí ábhartha uile, lena n-áirítear an Comhbheartas Talmhaíochta, an Beartas Sláinte agus Sábháilteachta Bia, an beartas comhshaoil agus an Comhbheartas Tráchtála, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar lamháltais allmhairiúcháin agus Uasteorainneacha Iarmhar Codex
Tar éis measúnú críochnúil a dhéanamh ar an bhfaisnéis eolaíoch atá ar fáil faoi shubstaintí gníomhacha, i gcomhthéacs na nósanna imeachta faoi Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 nó na nósanna imeachta faoi Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 agus i gcomhréir le rialacha EDT, leanfaidh an Coimisiún Eorpach de bheith á áirithiú go ndéanfar measúnú agus athbhreithniú ar lamháltais allmhairiúcháin agus Uasteorainneacha Iarmhar Codex le haghaidh substaintí gníomhacha nach bhfuil formheasta, nó nach bhfuil formheasta a thuilleadh, san Aontas, ionas nach mbeidh aon riosca le haghaidh tomhaltóirí ag baint le haon iarmhar i mbia nó i mbeatha. Mar aon leis na gnéithe sláinte agus dea-chleachtais talmhaíochta a bhreithnítear faoi láthair, déanfaidh an Coimisiún ábhair imní faoin gcomhshaol ar de chineál domhanda iad a chur san áireamh freisin i gcomhréir le rialacha EDT agus iarratais ar lamháltas allmhairiúcháin á measúnú nó nuair a dhéanfar athbhreithniú ar lamháltais allmhairiúcháin maidir le substaintí gníomhacha nach bhfuil formheasta a thuilleadh san Aontas. I dtaca le cur i láthair an togra le haghaidh creat reachtach i leith córais bhia inbhuanaithe ag an gCoimisiún, is céim ríthábhachtach bhreise a bheidh ann chun an uaillmhian sin a bhaint amach ina hiomláine, i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais.
Ráiteas ón gCoimisiún maidir le lipéadú cothúcháin agus comhábhair fíona agus táirgí fíona cumhraithe
I gcás táirgí ina bhfuil 1.2 % alcól de réir toirte agus níos lú ná sin, measann an Coimisiún gur cheart leanúint dá rialú le Rialachán FBT agus forchoimeádann sé aige féin a cheart filleadh ar an gcreat dlíthiúil maidir le lipéadú fíona laistigh den tionscnamh atá le teacht i dtaca le gach deoch alcóil a lipéadú faoi Phlean Sáraithe Ailse an Aontais.
Is dóigh leis an gCoimisiún freisin nach féidir a mheas go gcruthaítear fasach maidir le tograí reachtacha agus caibidlíocht amach anseo leis an gcomhréiteach atá ann faoi láthair maidir le lipéadú fíona agus táirgí fíona cumhraithe i dtaca le liosta na gcomhábhar agus leis an dearbhú cothúcháin, agus forchoimeádann sé aige féin a chearta chun na ceanglais lipéadaithe le haghaidh gach fíon a ailíniú le Plean Sáraithe Ailse an Aontais.
Fonóta teicniúil: Sa ráiteas comhpháirteach maidir le rannpháirtíocht réamhghníomhach ar leibhéal iltaobhach i ndáil le caighdeáin sláinte agus chomhshaoil an Aontais a chur i bhfeidhm ar tháirgí talmhaíochta allmhairithe, bhí an dara mír (maidir le lamháltais allmhairiúcháin le haghaidh lotnaidicídí) sa bhreis, de réir mar a áirítear i leasú 283 . Cuireadh an mír sin isteach sa leasú mar thoradh ar earráid chléireachais. Cumhdaítear ábhar na míre sin cheana féin le ráiteas aontaobhach ón gCoimisiún maidir leis an athbhreithniú ar lamháltais allmhairiúcháin agus Uasteorainneacha Iarmhar Codex (MRL). Dá bhrí sin, ní áireofar an mhír sin sa chomhráiteas atá le foilsiú i sraith ‘C’ d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus níl sé le feiceáil sa téacs arna ghlacadh ag Parlaimint na hEorpa.
Imeachtaí dócmhainneachta: Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán a ionadú ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ó gComhairle lena n-ionadaítear Iarscríbhinní A agus B a ghabhann le Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (COM(2021)0231 – C9-0178/2021 – 2021/0118(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0231),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0178/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Samhain 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0293/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. a threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/848 maidir le himeachtaí dócmhainneachta chun Iarscríbhinní A agus B a ghabhann leis a ionadú
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2260.)
Staidreamh comhtháite feirme: Ranníocaíocht an Aontais faoi CAI do na blianta 2021 go 2027 ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 maidir le ranníocaíocht an Aontais don staidreamh comhtháite feirme faoi chreat airgeadais 2021-2027 (COM(2021)0477 – C9-0346/2021 – 2021/0270(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0477),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuir an Coimisiún an togra do Pharlaiminte na hEorpa (C9‑0346/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Samhain 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0310/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1091 a mhéid a bhaineann le ranníocaíocht an Aontais do staidreamh comhtháite feirme faoi Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2269.)
Earraí infheistíochta pacáistithe miondíola atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna): doiciméid faisnéise bunriachtanaí. Síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach ***I
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh (COM(2021)0397 – C9-0326/2021 – 2021/0215(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0397),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0326/2021),
— ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
— ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021(1),
— ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 5 Samhain 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0297/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 a mhéid a bhaineann le síneadh a chur leis an socrú idirthréimhseach do chuideachtaí bainistíochta, do chuideachtaí infheistíochta agus do dhaoine a dhíolann aonaid gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) nó neamh-GCUInna nó a thugann comhairle ina dtaobh
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2021/2259.)
Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 ar an togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí (COM(2021)0399 – C9-0327/2021 – 2021/0219(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0399),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 53(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0327/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
— ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 20 Deireadh Fómhair 2021(1),
— ag féachaint don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 5 Samhain 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0301/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Samhain 2021 chun go nglacfaí Treoir (AE) 2021/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2009/65/CE a mhéid a bhaineann leis an úsáid a bhaineann cuideachtaí bainistíochta gnóthas le haghaidh comhinfheistíocht in urrúis inaistrithe (GCUInna) as doiciméid faisnéise bunriachtanaí
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Treoir (AE) 2021/2261.)
Beartas Spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann
167k
57k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 maidir le Beartas Spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann (2021/2058(INI))
– ag féachaint d’Airteagail 6 agus 165 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), ina sonraítear inniúlachtaí agus gníomhaíochtaí an Aontais i réimse an spóirt, go háirithe saincheisteanna Eorpacha spóirt a chur chun cinn, ag féachaint do shain-nádúr an spóirt, dá struchtúir atá bunaithe ar an ngníomhaíocht shaorálach agus d’fheidhm shóisialta agus oideachasúil an spóirt,
– ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus dá 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), agus go háirithe do ról an spóirt mar chumasóir tábhachtach don fhorbairt inbhuanaithe agus an méid a rannchuidíonn sé leis an tsíocháin, leis an gcaoinfhulaingt agus an urraim a chur chun cinn, agus le cumhachtú na mban agus na ndaoine óga, daoine aonair agus pobal, agus le cuspóirí sláinte, oideachais agus cuimsithe shóisialta(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um spórt agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013(2), agus go háirithe caibidil an spóirt de,
– ag féachaint do pháipéar bán ón gCoimisiún an 11 Iúil 2007 maidir le spórt (COM(2007)0391),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Eanáir 2011 dar teideal ‘An Ghné Eorpach sa Spórt a Fhorbairt’ (COM(2011)0012),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Iúil 2020 maidir le cur chun feidhme agus ábharthacht Phlean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt 2017-2020 (COM(2020)0293), agus go háirithe a mholtaí don todhchaí,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030' (COM(2021)0101),
– ag féachaint do threoirlínte AE an 16 Samhain 2012 dar teideal Dual Careers of Athletes – Recommended Policy Actions in Support of Dual Careers in High-Performance Sport [Déghairmeacha Lúthchleasaithe – Gníomhaíochtaí Beartais Molta chun Tacú le Déghairmeacha sa Spórt Ardfheidhmíochta],
– ag féachaint do rún uaithi an 2 Feabhra 2012 maidir leis an ngné Eorpach den spórt(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Márta 2013 maidir le cúbláil cluichí agus éilliú sa spórt(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Meitheamh 2015 maidir leis an méid a tháinig chun solais le déanaí i ndáil cásanna d’éilliú ardleibhéil in FIFA(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 2 Feabhra 2017 maidir le cur chuige comhtháite i dtaca le Beartas Spóirt: dea-rialachas, inrochtaineacht agus ionracas(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Meán Fómhair 2020 maidir le bearta éifeachtacha chun clár Erasmus+, clár Eoraip na Cruthaitheachta agus an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach a ‘ghlasú’(7),
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Feabhra 2021 maidir leis an tionchar atá ag COVID-19 ar an óige agus ar an spórt(8),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Bealtaine 2021 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le dúshláin eagraithe imeachtaí spóirt sa timpeallacht dhigiteach(9),
– ag féachaint don rún ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le Plean Oibre an Aontais Eorpaigh don Spórt (1 Eanáir 2021-30 Meitheamh 2024)(10), go háirithe a réimsí tosaíochta,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le héilliú sa spórt a chomhrac(11),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir le rochtain ar spórt do dhaoine faoi mhíchumas(12),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le tionchar phaindéim COVID-19 agus téarnamh san earnáil spóirt(13),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle, maidir le traenálaithe a chumhachtú trí dheiseanna a fheabhsú chun scileanna agus inniúlachtaí a ghnóthú(14),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle agus ó ionadaithe rialtais na mBallstát ag teacht le chéile dóibh i dtionól na Comhairle maidir leis an nuálaíocht i gcúrsaí spóirt(15),
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 16 Samhain 1989 maidir le frithdhópáil,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 18 Meán Fómhair 2014 maidir le cúbláil comórtas spóirt,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa an 3 Iúil 2016 maidir le cur chuige comhtháite sábháilteachta, slándála, agus seirbhíse ag cluichí sacair agus imeachtaí eile spóirt,
– ag féachaint don Chód Eitice Spóirt, arna athbhreithniú an 16 Bealtaine 2001, agus do Chairt Eorpach Spóirt Chomhairle na hEorpa, arna hathbhreithniú an 13 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Idirnáisiúnta UNESCO an 19 Deireadh Fómhair 2005 i gcoinne na dópála sa spórt,
– ag féachaint dá staidéar i mí an Mheithimh 2021 dar teideal ‘Beartas spóirt AE: measúnú agus na bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann’(16),
– ag féachaint don tuarascáil deiridh ó Ecorys, KEA agus Spórt agus Saoránacht chuig AS Oideachais agus Cultúir an Choimisiúin Eorpaigh i mí an Mheithimh 2016 dar teideal ‘Mapping and analysis of the specificity of sport’ [Mapáil agus anailís ar shainiúlacht an spóirt],
– ag féachaint don tuarascáil ó Ecorys and SportsEconEustria chuig an gCoimisiún Eorpach, 2020, dar teideal ‘Mapping study on measuring the economic impact of COVID-19 on the sport sector in the EU’ [Staidéar mapála maidir le tionchar eacnamaíoch COVID-19 ar earnáil an spóirt san Aontas a thomhas],
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0318/2021),
A. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an spórt i saol sóisialta, cultúrtha agus oideachasúil shaoránaigh na hEorpa agus go gcuireann sé luachanna amhail an daonlathas, an urraim, an dlúthpháirtíocht, an éagsúlacht agus an comhionannas chun cinn;
B. de bhrí go bhfónann an spórt mar chumasóir don lánpháirtiú, go háirithe do dhaoine a bhfuil níos lú deiseanna acu;
C. de bhrí nach mór don spórt a bheith cuimsitheach agus oscailte do chách gan beann ar aois, inscne, míchumas nó cúlra cultúrtha agus socheacnamaíoch;
D. de bhrí gur earnáil eacnamaíoch atá ag dul i méid í earnáil an spóirt a chuireann le fás agus le poist in AE agus, dá bhrí sin, lena rathúnas;
E. de bhrí go rannchuidíonn an spórt le lánpháirtiú na hEorpa a neartú agus le seasamh AE sa chomhar idirnáisiúnta;
F. de bhrí go raibh drochthionchar eacnamaíoch agus sóisialta ag COVID-19 ar earnáil an spóirt;
G. de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag AE an ghné Eorpach den spórt a fhorbairt tuilleadh agus a nádúr sonrach agus a neamhspleáchas á urramú;
H. de bhrí nach mór do bheartas spóirt AE tacú le spórt éilíte agus spórt an ghnáthphobail araon, lena n-áirítear cineálacha gníomhacha fóillíochta;
I. de bhrí go gcuireann spórt an ghnáthphobail le scileanna a fhorbairt i measc daoine óga agus go gcuireann sé rannpháirtíocht shibhialta chun cinn trí shaorálaíocht;
J. de bhrí go bhfuil dúshlán roimh lúthchleasaithe óga a ngairmeacha spóirt, a n-oiliúint agus a ngníomhaíochtaí gairmiúla a thabhairt chun réitigh;
K. de bhrí go bhfuil tionchar dearfach ag an spórt ar shláinte agus ar fholláine na saoránach;
L. de bhrí go bhfuil forbairt an bhonneagair spóirt ina gné thábhachtach chun cáilíocht saoil agus deiseanna eacnamaíocha a fheabhsú i gceantair iargúlta agus i gceantair faoi mhíbhuntáiste;
M. de bhrí go bhfuil réimse dúshlán roimh an spórt amhail saincheisteanna rialachais, éilliú, cúbláil cluichí, dópáil, maoiniú, píoráideacht dhigiteach, samhlacha atá bunaithe ar bhrabús amháin, sáruithe ar chearta an duine, idirdhealú agus foréigean agus cúiseanna imní a bhaineann le tionchar ar an gcomhshaol agus inbhuanaitheacht;
N. de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht sa spórt, i gcomhlachtaí rialaithe agus i réimse na meán araon;
O. de bhrí go bhfuil sruthú neamhdhleathach imeachtaí beo spóirt ag bagairt ar chobhsaíocht airgeadais sa spórt gairmiúil agus i spórt an ghnáthphobail araon, a bhíonn ag brath ar an ioncam ó chearta craoltóireachta spóirt;
Infheictheacht, comhar agus príomhshruthú i mbeartais spóirt AE a neartú
1. á iarraidh ar AE cur chuige níos iomlánaíche a ghlacadh maidir le beartas spóirt agus dlús a chur leis na hiarrachtaí é a phríomhshruthú i mbeartais eile de chuid an Aontais;
2. á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhar agus comhoibriú idirinstitiúideach le geallsealbhóirí spóirt a neartú;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún comhar struchtúrtha ardleibhéil rialta a bhunú leis na geallsealbhóirí uile sa spórt agus le hinstitiúidí eile chun moltaí níos spriocdhírithe agus níos cuntasaí a sholáthar le haghaidh gníomhaíochta maidir leis na dúshláin reatha atá roimh earnáil an spóirt;
4. á iarraidh ar an gCoimisiún teachtaireacht a thíolacadh maidir le todhchaí an spóirt nasctha le spriocanna straitéiseacha AE;
5. á iarraidh ar an gCoimisiún infheictheacht an spóirt agus an dearcadh atá aige maidir leis an spórt a neartú ar fud réimsí beartais ar leibhéal AE tríd an spórt a chur faoi theideal phunann an Choimisinéara um an réimse sin;
6. á iarraidh freisin, i ndáil leis sin, go mbunófaí comhordaitheoir spóirt AE a bheadh ina theagmhálaí ag an gCoimisiún maidir leis an tsaincheist agus ina phointe tagartha infheicthe;
7. á áitiú go mbeadh páirt níos mó ag an bParlaimint chun creat a chur ar fáil do dhíospóireacht pholaitiúil rialta agus do ghníomhaíocht rialta maidir leis an spórt agus sa ghrinnscrúdú agus faireachán parlaiminteach i ndáil le cur chun feidhme na spriocanna straitéiseacha;
8. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag an gComhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa sa phlé faoin mbealach chun cinn i ndáil le beartas spóirt AE agus saincheisteanna a bhaineann leis an spórt, agus ag spreagadh rannpháirtíocht ghníomhach na ngeallsealbhóirí uile sa spórt;
9. á aithint gur glacadh le déanaí an Chairt Eorpach Spóirt athbhreithnithe i gComhairle na hEorpa ina leagtar béim ar ghnéithe comhchoiteanna de chreat don spórt Eorpach agus dá eagrú agus á iarraidh ar institiúidí AE a ndícheall a dhéanamh chun comhsheasmhacht, comhar agus dlúthpháirtíocht a bhaint amach ar leibhéal na mór-roinne, agus ag an am céanna seasamh chun tosaigh i réimse an bheartais spóirt;
10. á iarraidh ar an bParlaimint ról níos gníomhaí a bheith aici sa taidhleoireacht spóirt;
Feabhas a chur ar na prionsabail a bhaineann le samhail spóirt Eorpach
11. ag aithint a thábhachtaí atá samhail spóirt Eorpach atá bunaithe ar luachanna, ar ghníomhaíochtaí deonacha agus ar an dlúthpháirtíocht agus ag tnúth le forbairt bhreise a dhéanamh uirthi ar mhaithe leis na saoránaigh agus leis na geallsealbhóirí;
12. ag aithint éagsúlacht na gcur chuige ar fud an spóirt agus na dtíortha agus ag an am céanna ag aithint go bhfuil gá le bunús comhchoiteann an spóirt Eorpaigh a fheabhsú agus a chosaint tuilleadh, go háirithe na naisc idir spórt ar leibhéal an ghnáthphobail agus spórt éilíte;
13. á iarraidh go mbeadh samhail spóirt Eorpach ann ina n-aithnítear an gá le tiomantas láidir do phrionsabail na dlúthpháirtíochta, na hinbhuanaitheachta, na cuimsitheachta do chách, an iomaíochais oscailte, fiúntais agus cothroime sa spórt, agus dá réir sin, á chur in iúl go bhfuil sí go mór i gcoinne comórtas scoir lena mbaintear an bonn de na prionsabail sin agus lena gcuirtear cobhsaíocht éiceachóras foriomlán an spóirt i mbaol; á chur i bhfáth gur cheart do na geallsealbhóirí spóirt agus do na húdaráis náisiúnta uile na prionsabail sin a spreagadh;
14. ag aithint ról na gcónaidhmeanna maidir lena spórt a rialú agus ag spreagadh comhordú agus comhar níos dlúithe leis na húdaráis agus leis na geallsealbhóirí ábhartha uile;
15. á aithint go bhfuil clubanna spóirt ina mbunús le samhail spóirt Eorpach a thugann an deis do chách páirt a ghlacadh sa spórt go háitiúil, go háirithe daoine óga, gan beann ar a gcúlra cultúrtha nó socheacnamaíoch;
16. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le dlúthpháirtíocht níos spriocdhírithe agus níos fearr agus athdháileadh airgeadais níos mó, chomh maith le malartuithe i scileanna agus i bhfios gnó, go háirithe idir spórt gairmiúil agus spórt an ghnáthphobail; á iarraidh ar chónaidhmeanna spóirt sásra dlúthpháirtíochta a chur chun feidhme atá bunaithe ar mhodh dáilte cóir agus ceangailteach lena n-áirithítear maoiniú leordhóthanach do spórt amaitéarach agus do spórt an ghnáthphobail;
17. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le cobhsaíocht inbhuanaithe airgeadais agus bainistiú fónta clubanna spóirt a áirithiú agus á iarraidh ar chomhlachtaí spóirt sásraí a thabhairt isteach chuige sin, i gcás nach ann dóibh cheana féin, in éineacht le córas cuí forfheidhmiúcháin;
18. á chreidiúint gur éirigh go maith le samhail úinéireachta clubanna na Gearmáine atá bunaithe ar an riail 50+ 1 agus gur cheart é a mheas mar shampla féideartha den dea-chleachtas agus tíortha eile ag féachaint lena samhlacha féin a fheabhsú;
19. ag tathant ar údaráis phoiblí, ar chónaidhmeanna spóirt agus ar eagraíochtaí spóirt seasamh le cearta an duine agus le prionsabail dhaonlathacha ina gcuid gníomhaíochtaí uile, go háirithe agus stádas óstach á bhronnadh le haghaidh mórimeachtaí spóirt, agus nuair atá urraitheoirí á roghnú; á áitiú nár cheart mórimeachtaí spóirt a bhronnadh a thuilleadh ar thíortha ina sáraítear na cearta bunúsacha agus na luachanna sin arís agus arís eile;
20. á iarraidh ar eagraíochtaí spóirt cloí le minicíocht sheanbhunaithe na gcomórtas idirnáisiúnta spóirt, go háirithe craobhchomórtais Eorpacha agus dhomhanda, agus comórtais bhaile agus sláinte lúthchleasaithe agus imreoirí á gcur san áireamh;
An dea-rialachas agus an t-ionracas a athnuachan
21. á mheas go bhfuil gá le tiomantas athnuaite don dea-rialachas chun na gnéithe sóisialta agus eacnamaíocha sa spórt a athchothromú agus chun a áirithiú go n-urramófar ionadaíocht na ngeallsealbhóirí i gcomhlachtaí cinnteoireachta;
22. ag tabhairt dá haire gur cheart an bhéim sa spórt gairmiúil ar leasanna tráchtála a chothromú le feidhmeanna sóisialta a bhfuil géarghá leo; ag spreagadh na n-eagraíochtaí ábhartha aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin mar bhealach chun a seasamh mar eiseamláirí a choinneáil chun na hidéil ar ar tógadh spórt na hEorpa a chosaint;
23. á iarraidh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta, Eorpacha agus náisiúnta spóirt agus ar eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar gheallsealbhóirí na caighdeáin rialachais is airde a chur chun feidhme;
24. ag aithint na n-iarrachtaí a rinne eagraíochtaí agus cónaidhmeanna spóírt chun cur chun feidhme phrionsabail an dea-rialachais sa spórt a áirithiú agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le go ndéanfadh an Coimisiún moltaí a fhorbairt le haghaidh treoirlínte d’eagrú an spóirt agus a chomhlachtaí rialaithe in AE;
25. ag tathant áitiú ar chomhlachtaí idirnáisiúnta, Eorpacha agus náisiúnta rialaithe spóirt bearta maidir le héagsúlacht agus cuimsiú a chur chun feidhme, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar líon íseal na mban agus na mionlach eitneach i bpoist cheannaireachta agus ar bhoird;
26. á iarraidh ar gach eagraíocht geallsealbhóirí spóirt na leibhéil iomchuí ionadaíochta agus ghairmiúlachta a bhaint amach mar réamhriachtanas le bheith rannpháirteach sna próisis chinnteoireachta chomhchoiteanna;
27. á iarraidh ar institiúidí AE cearta bunúsacha lúthchleasaithe a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear ionadaíocht na lúthchleasaithe sa chinnteoireacht, saoirse comhlachais, cómhargáil agus neamh-idirdhealú;
28. á chur i bhfáth go bhfuil gá le go gcuirfeadh na húdaráis spóirt cosaint mheabhairshláinte na lúthchleasaithe san áireamh ar an mbealach céanna lena sláinte choirp;
29. á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhéanamh chun a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ag na lúthchleasaithe gairmiúla uile ar shásraí cosanta sóisialta agus saothair;
30. á iarraidh ar na Ballstáit, ar chomhlachtaí rialaithe spóirt agus ar chlubanna stádas an lucht leanúna sa spórt a aithint trí pháirt a thabhairt dóibh i gcomhlachtaí rialachais agus cinnteoireachta;
31. á iarraidh ar an gCoimisiún cur leis an obair atá déanta aige cheana maidir leis an idirphlé sóisialta agus a raon feidhme a leathnú chuig na spóirt ghairmiúla go léir;
32. á chur in iúl gur geal léi athchóirithe agus bearta chun feabhas a chur ar thrédhearcacht agus ar chuntasacht i margadh aistrithe na n-imreoirí ar fud an spóirt agus ag spreagadh iarrachtaí breise; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá le creataí Eorpacha chun feabhas a chur ar chórais aistrithe imreoirí chun caighdeáin agus cuspóirí Eorpacha a chomhlíonadh, go háirithe maidir le margadh an tsaothair agus rialacháin airgeadais;
33. á mheabhrú go bhfuil gá le gníomhaíochtaí gníomhairí a rialáil agus á aithint gur athchóirithe chun feabhais iad na hathchóirithe a rinneadh le déanaí ar an margadh aistrithe sacair, lena n-áirítear ionad imréitigh a bhunú, ceanglais cheadúnúcháin do ghníomhairí agus teorainneacha ar an gcoimisiún a fhaigheann gníomhairí; á áitiú ar na húdaráis ábhartha spóirt a áirithiú go gcuirfear na hathchóirithe sin chun feidhme go pras agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn;
34. á áitiú go bhfuil comhar trasnáisiúnta de dhíth i measc na ngeallsealbhóirí agus na n-údarás go léir chun an t-éilliú a chomhrac sa spórt, a bhíonn nasctha go minic le sciúradh airgid agus le coireacht;
35. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis ábhartha comhrac go diongbháilte i gcoinne mí-úsáidí in earnáil an chearrbhachais, lena n-áirítear iomadú na láithreán calaoiseach agus na gcleachtas foghlach, chun mionaoisigh agus daoine leochaileacha a chosaint ar aon riosca;
36. á áitiú ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún deireadh a chur leis an tsáinn maidir le Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa i ndáil le hionramháil ar chomórtais spóirt a shíniú agus a dhaingniú;
37. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le fothú acmhainneachta chun bearta coisctheacha agus frithdhópála sa spórt a neartú trí bhíthin straitéis chomhchoiteann Eorpach lena n-áirítear dlúthchomhar agus comhroinnt faisnéise idir gníomhaireachtaí um fhorfheidhmiú an dlí i dtíortha uile an Aontais;
38. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le faisnéis agus le feachtais oideachais maidir le dópáil, cúbláil cluichí, éilliú, foréigean, mí-úsáid fhisiceach agus shíceolaíoch a chosc, agus ábhair eile a bhaineann le hionracas le béim ar an spórt amaitéarach;
Spórt sábháilte, cuimsitheach agus comhionann a áirithiú
39. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ról a thabhairt do na geallsealbhóirí ábhartha uile chun a áirithiú go dtacaíonn an beartas agus an reachtaíocht spóirt le comhionannas inscne, agus aird ar leith á tabhairt ar dhul i ngleic le gach cineál foréigin agus ciaptha, steiréitíopaí inscne, le hinfheictheacht íseal agus cumhdach na meán, agus le héagothromaíochtaí i dtuarastail, i bpá préimhe agus i ndámhachtainí;
40. á iarraidh ar chónaidhmeanna spóirt náisiúnta bogadh i dtreo íocaíochtaí préimhe a chothromú do lúthchleasaithe baineanna agus do lúthchleasaithe fireanna, ag leanúint shampla Chumann Peile na hÉireann (FAI);
41. á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt dá thábhachtaí atá sé tacaíocht a thabhairt do chuimsiú sóisialta na ndaoine a bhfuil níos lú deiseanna acu, na ndídeanaithe, na mionlach eitneach agus phobal LGBTQI+ sa spórt gan aon duine a fhágáil taobh thiar;
42. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leas a bhaint as údarás suntasach sóisialta an spóirt éilíte chun feasacht a mhúscailt maidir le saincheisteanna a mbíonn ar daoine LGBTQI+ aghaidh a thabhairt orthu sa spórt;
43. ag tathant ar chomhlachtaí spóirt agus ar údaráis phoiblí dul i ngleic go héifeachtach leis an idirdhealú, leis an bhforéigean agus leis an bhfuathchaint agus spórt sábháilte, cuimsitheach a ráthú do na lúthchleasaithe uile, don lucht féachana agus do bhaill foirne in ionaid spóirt agus ar líne;
44. á áitiú go mbeadh cur chuige neamhfhulaingthe ann i dtéarmaí ciníochais agus foréigin sa spórt agus ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar chónaidhmeanna spóirt bearta a fhorbairt chun na teagmhais sin a chosc agus pionóis éifeachtacha agus bearta a ghlacadh chun tacú le híospartaigh;
45. á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun daoine atá faoi mhíchumas meabhrach agus faoi mhíchumas coirp a chuimsiú i ngníomhaíochtaí spóirt agus i gcláir spóirt, agus chun infheictheacht sna meáin na gcomórtas ina mbíonn lúthchleasaithe faoi mhíchumas rannpháirteach a mhéadú;
46. á chur i bhfáth go bhfuil gá le maoiniú a mhéadú agus deireadh a chur leis na bacainní ar fad do dhaoine faoi mhíchumas trí fheachtais oideachais agus feasachta, trí oiliúint speisialaithe do ghníomhaithe ábhartha agus trí bhonneagar inrochtana spóirt lena gceadaítear freastal ar imeachtaí spóirt agus rannpháirtíocht sa spórt;
47. á iarraidh ar na Ballstáit luach saothair airgeadais comhionann a thairiscint dá seaimpíní Oilimpeacha agus Parailimpeacha agus tacaíocht a thabhairt d’Oilimpigh agus do Pharailimpigh atá ar ioncam íseal;
48. á mheabhrú go bhfuil dúshláin dhéimeagrafacha roimh AE amhail daonra atá ag dul in aois, agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar aosú gníomhach a spreagadh tríd an ngníomhaíocht choirp;
49. ag áitiú ar na meáin sna Ballstáit cumhdach níos mó a thabhairt do réimse níos leithne spóirt agus go háirithe spóirt na mban agus na n-óg;
50. á iarraidh ar na Ballstáit bearta speisialta a thabhairt isteach chun go mbeidh leanaí ó chúlra faoi mhíbhuntáiste sóisialta in ann rochtain a fháil ar spóirt lena mbaineann costais agus táillí arda trealaimh, lena n-áirítear spóirt gheimhridh;
51. á iarraidh ar institiúidí AE, ar na Ballstáit agus ar eagraíochtaí spóirt tosaíocht a thabhairt do bheartais lena ndéantar leanaí a choimirciú ar idirdhealú, ciapadh agus aon chineál mí-úsáide, feasacht a mhúscailt agus rochtain ar leigheasanna a sholáthar, lena n-áirítear comhairle dlí agus cosaint thráthúil;
52. á chur in iúl gur geal léi an staidéar ón gCoimisiún in 2019 dar teideal ‘Coimirciú leanaí sa spórt’ agus á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag obair sa réimse sin, lena n-áirítear trí shonraí a bhailiú agus a nuashonrú go rialta;
53. á áitiú nach mór lúthchleasaithe óga ó thíortha atá i mbéal forbartha a chosaint ar chalaois agus ar gháinneáil, agus gur cheart go mbeidís in ann tairbhiú de stádas dlíthiúil san Eoraip agus go bhfaigheadh siad tacaíocht le measúnú agus faireachán a dhéanamh ar a gconarthaí;
54. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar chónaidhmeanna spóirt oiliúint gharchabhrach a chur ar fáil do dhaoine óga agus do lúthchleasaithe;
Stíleanna maireachtála sláintiúla agus gníomhacha a chur chun cinn mar aon le deiseanna oideachais agus forbartha
55. á áitiú ar na Ballstáit agus ar na húdaráis phoiblí bonneagar spóirt a fhorbairt, go háirithe i réigiúin iargúlta agus i limistéir faoi mhíbhuntáiste, agus méid an chorpoideachais a mhéadú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí laethúla fisiciúla coirp, sosanna gníomhacha agus gníomhaíochtaí fisiciúla seach-churaclaim sna scoileanna, agus athrú meoin a spreagadh san aitheantas ar an tábhacht a bhaineann leis an spórt mar dhisciplín scoile;
56. á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige comhtháite maidir le cathracha gníomhacha lena gcuirtear gníomhaíocht choirp chun cinn i ngnáthshaol shaoránaigh na hEorpa, lena n-áirítear sa láthair oibre, agus lena méadaítear agus lena bhforbraítear soghluaisteacht ghníomhach agus inbhuanaithe agus modhanna iompair;
57. á chur in iúl gur geal léi tionscnaimh agus feachtais chun gníomhaíocht choirp a spreagadh amhail Seachtain Eorpach an Spóirt, #BeActive agus HealthyLifestyle4All agus ag spreagadh an Choimisiúin chun dlús a chur leis an gcumarsáid maidir leis na himeachtaí sin sna Ballstáit, go háirithe imeachtaí atá dírithe ar scoileanna; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá measúnuithe rialta ar a bhfor-rochtain agus ar a dtionchar;
58. á iarraidh go leathnófaí treoirlínte AE maidir le déghairmeacha lúthchleasaithe le bheith curtha chun feidhme agus curtha chun cinn i ngach Ballstáit agus chuig an bhfoireann spóirt uile atá gafa le spórt struchtúrtha agus le tionscnaimh shonracha athoiliúna;
59. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit, ar chónaidhmeanna agus clubanna spóirt deiseanna déghairme do lúthchleasaithe a chur chun cinn agus á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar shoghluaisteacht trasteorann lúthchleasaithe a chur san áireamh sa chéad chlár Erasmus+ eile;
60. á athdhearbhú gur gá straitéis a fhorbairt chun tacú le hiar-lúthchleasaithe chun a áirithiú go mbeidh rochtain leordhóthanach acu ar phoist, ar oiliúint nó ar athoiliúint;
61. ag thabhairt chun suntais ról na gcóitseálaithe, na foirne spóirt, na múinteoirí agus na n-oibrithe don óige maidir le scileanna leanaí agus daoine óga a fhorbairt agus maidir le hoideachas a chur orthu agus á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag oiliúint leordhóthanach chun rannpháirtíocht sa spórt a spreagadh agus chun timpeallacht shábháilte a áirithiú do chách;
62. á chur in iúl gur geal léi gur áiríodh soghluaisteacht foirne spóirt i gclár Erasmus + 2021-2027, agus á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na gníomhaireachtaí náisiúnta agus ar na cónaidhmeanna spóirt feasacht a mhúscailt faoin deis nua sin;
63. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit caighdeáin chomhchoiteanna a fhorbairt ar leibhéal an Aontais lena áirithiú go mbeidh na scileanna agus an oiliúint iomchuí ag na cóitseálaithe uile chun leanaí agus daoine óga a chóitseáil;
64. á iarraidh ar an gCoimisiún líonra ambasadóirí spóirt a bhunú chun leas a bhaint as tionchar na n-eiseamláirí spóirt a bhfuil ardmheas ag daoine orthu chun gníomhaíocht choirp agus stíleanna maireachtála sláintiúla a spreagadh;
65. ag aithint rannchuidiú luachmhar na saorálaithe spóirt sa tsochaí agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit córas a chruthú a bheidh i gcomhréir le clár oibre scileanna AE, agus cur leis an gcóras Eorpach aistrithe creidiúna (ECTS) agus leis an gcóras creidmheasa Eorpach don ghairmoideachas agus don ghairmoiliúint (ECVET), chun aitheantas a thabhairt do cháilíochtaí a fhaigheann saorálaithe, lena n-áirítear cóitseálaithe atá ag obair mar shaorálaithe;
Cabhrú leis an spórt chun téarnamh rathúil a áirithiú
66. á áitiú go bhfuil gá le tacaíocht agus sásraí cistiúcháin tiomnaithe chun earnáil an spóirt agus gach spórt a chur ar ais ar an mbóthar ceart tar éis COVID-19, lena n-áirítear trí chistí náisiúnta tacaíochta, tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta agus trí chistí struchtúracha AE;
67. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil spóirt curtha san áireamh ag roinnt Ballstát ina bpleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta;
68. á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a chur ar fáil i ndáil le hinfheistíochtaí agus athchóirithe a bhaineann leis an spórt ina thuarascáil athbhreithnithe maidir le cur chun feidhme na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta, atá le cur faoi bhráid na Parlaiminte agus na Comhairle in 2022;
69. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an buiséad níos airde ann don spórt faoi chlár reatha Erasmus+ agus ag tacú le sineirgí breise idir cláir agus cistí amhail EU4Health agus LIFE; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach deireadh a chur le gach bacainn sa phróiseas iarratais ar an leibhéal náisiúnta chun úsáid níos fearr a bhaint as na huirlisí sin chun tacú leis an téarnamh sa spórt;
70. á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil tagairt shainráite don spórt sa rialachán maidir le clár EU4Health;
71. á áitiú ar institiúidí AE an buiséad atá tiomnaithe do spórt an ghnáthphobail faoi chlár Erasmus+ a mhéadú go suntasach sa chéad chlárthréimhse airgeadais eile;
72. á chur i bhfáth go bhfuil gá le maoiniú don spórt a mhéadú tuilleadh, sa bhreis ar chlár Erasmus+ freisin, ar bhealach spriocdhírithe agus béim á leagan ar an ngné shóisialta den spórt, go háirithe i spórt an ghnáthphobail;
73. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá réamhbhearta agus treoirthionscadail i réimse an spóirt lena gcuirtear maoiniú breise ar fáil do spórt an ghnáthphobail agus lena mbaintear amach torthaí a bhfuil gealladh fúthu;
74. á iarraidh ar an gCoimisiún líon na dtreoirthionscadal agus na réamhbheart i réimse an spóirt a bhfuil glacadh leo a mhéadú;
75. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le tacú leis an turasóireacht spóirt mar cheann de na bealaí chun borradh a chur faoi théarnamh agus athléimneacht earnáil an spóirt tar éis COVID-19;
76. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé na spóirt thraidisiúnta a chosaint agus iad a chur chun cinn le maoiniú leordhóthanach mar chuid d’oidhreacht chultúrtha na hEorpa agus den fhéiniúlacht réigiúnach;
77. á iarraidh ar údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag an spórt agus ag an ngníomhaíocht choirp i réimsí amhail athnuachan uirbeach, turasóireacht agus comhtháthú críochach agus infheistíochtaí ábhartha a spreagadh faoi bheartas comhtháthaithe AE, go háirithe maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;
78. á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid chistiú REACT-AE a spreagadh le haghaidh na dtionscadal a bhaineann le bonneagar spóirt, ar choinníoll go bhfuil sé inbhuanaithe, go gcuireann sé le téarnamh eacnamaíoch fadtéarmach agus go dtacaíonn sí leis an turasóireacht;
79. ag tarraingt aird an Choimisiúin agus na n-údarás bainistíochta ar an ról tábhachtach atá ag clubanna agus cumainn bheaga spóirt agus á thabhairt chun suntais go bhfuil easpa acmhainní daonna agus ábhartha ann dóibh chun rochtain a fháil ar chistiú Eorpach agus ar thacaíocht spriocdhírithe;
80. á iarraidh ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar an ráta CBL is ísle is féidir a chur i bhfeidhm in earnáil an spóirt mar cheann de na huirlisí chun rochtain ar a cuid seirbhísí a éascú tar éis COVID-19;
81. á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht a fhorbairt chun na critéir a shainiú chun tionchar sóisialta na dtionscadal spóirt a thomhas agus chun faireachán a dhéanamh air in éineacht leis na geallsealbhóirí ábhartha uile lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, comhpháirtithe sóisialta agus údaráis phoiblí, agus sonraí maidir le tionchar sóisialta an spóirt a thabhairt cothrom le dáta agus a chur i láthair go rialta;
82. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí maidir le tionchar eacnamaíoch an spóirt a thabhairt cothrom le dáta agus a chur i láthair go rialta;
Tacú leis an aistriú chuig todhchaí inbhuanaithe agus nuálach
83. ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí déanta ag clubanna agus cónaidhmeanna chun inbhuanaitheacht chomhshaoil a áirithiú; á iarraidh ar institiúidí AE, ar na Ballstáit agus ar chónaidhmeanna spóirt, áfach, tuilleadh tacaíochta a thabhairt d’fhorbairt an spóirt agus d’eagrú imeachtaí spóirt atá uaillmhianach ó thaobh an chomhshaoil de agus iad a chur chun cinn;
84. á áitiú go ndéanfaí an spórt a ailíniú le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus leis an méid a chuireann sé le hoideachas faoin gcomhshaol agus le hiompraíocht a athrú;
85. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le haistriú glas na hearnála spóirt, go háirithe maidir le bonneagar spóirt a thógáil, a leathnú agus a athchóiriú, lena n-áirítear saoráidí le haghaidh spóirt gheimhridh;
86. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an spórt agus an ghníomhaíocht choirp laistigh de Bauhaus Nua na hEorpa agus á aithint go bhféadfaí spásanna gníomhacha a fhorbairt agus bonneagar spóirt inbhuanaithe a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar tosaíocht do thionscadail a bhaineann leis an spórt, go háirithe tionscadail laistigh de na spásanna poiblí sin, sa tionscnamh seo;
87. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit critéir íosta chomhchuibhithe inrochtaineachta, tagarmharcanna inbhuanaitheachta agus caighdeáin sábháilteachta don bhonneagar spóirt a bhunú, lena n-áirítear bearta chun cosc a chur ar aon chineál ciaptha, agus chun tacú le cuimsiú chomh maith le soghluaisteacht lúthchleasaithe agus oibrithe a bhaineann leis an spórt;
88. á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar dhálaí oibre na n-oibrithe tógála a bhfuil baint acu le bonneagar spóirt a thógáil;
89. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an nuálaíocht agus an comhar trasearnálach sa spórt, go háirithe uirlisí digiteacha a fhorbairt chun rannpháirtíocht sa ghníomhaíocht choirp a mhéadú;
90. á chur i bhfios go láidir gur cheart, i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, bealaí nua a bheartú chun imeachtaí spóirt a eagrú agus leas á bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha atá ar fáil;
91. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Institiúid Eorpach um Theicneolaíocht Pobal Eolais agus Nuálaíochta (PEN) a chruthú i réimse an spóirt chun borradh a chur faoin nuálaíocht, faoin athléimneacht agus faoin gcomhar trasnáisiúnta;
92. á iarraidh ar institiúidí AE tús a chur le díospóireacht maidir le todhchaí agus deiseanna an ríomhspóirt agus sonraí a bhailiú chun measúnú a dhéanamh ar an earnáil sin agus staidéar a chur i láthair maidir leis an tionchar sóisialta agus eacnamaíoch a bheidh aige;
93. á iarraidh ar an gCoimisiún dul i ngleic gan mhoill leis an bhfadhb mhéadaitheach a bhaineann le sruthú beo neamhdhleathach imeachtaí spóirt;
o o o
94. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig na cónaidhmeanna agus eagraíochtaí spóirt Eorpacha, idirnáisiúnta agus náisiúnta.
Rún dar teideal ‘An Domhan a chlaochlú: Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’, arna ghlacadh ag Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015, A/RES/70/1.
Mittag, J. & Naul, R. (2021), EU sports policy: assessment and possible ways forward [measúnú agus bealaí chun cinn a d’fhéadfadh a bheith ann], Parlaimint na hEorpa, Taighde do Choiste CULT – An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, an Bhruiséil.
An tuairisciú, faireachán agus iniúchadh Eorpach a dhigitiú
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Samhain 2021 le moltaí don Choimisiún maidir leis an tuairisciú, faireachán agus iniúchadh Eorpach a dhigitiú (2021/2054(INL))
– ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint d’Airteagail 322(1) agus 325 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (an Rialachán Airgeadais)(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(2),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2017 maidir leis an gcomhrac in aghaidh na calaoise ar leasanna airgeadais an Aontais trí bhíthin an dlí choiriúil (Treoir PIF)(3),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2018/843 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir (AE) 2015/849 maidir le cosc a chur le húsáid an chórais airgeadais chun críocha sciúrtha airgid nó maoinithe sceimhlitheoireachta, agus lena leasaítear Treoracha 2009/138/CE agus 2013/36/AE, (an Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid)(4),
– ag féachaint d’Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta(5),
– ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gCoimisiún maidir le bailiú sonraí le haghaidh rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha(6),
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach,
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Bealtaine 2020 ag a bhfuil barúlacha mar chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2018, Roinn III — an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin(7),
– ag féachaint do rún uaithi an 29 Aibreán 2021 ag a bhfuil barúlacha mar chuid dhílis de na cinntí maidir le hurscaoileadh i leith buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme don bhliain airgeadais 2019, Roinn III – an Coimisiún agus gníomhaireachtaí feidhmiúcháin(8),
– ag féachaint do mhír 24 de chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 go dtí an 21 Iúil 2020 maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027,
– ag féachaint don ráiteas ón gCúirt Bhreithiúnais i gcásanna uamtha C-465/00, C-138/01 agus C-139/01 Österreichischer Rundfunk(9) maidir le ‘sochaí dhaonlathach, gurb iondúil go mbíonn sé de cheart ag cáiníocóirí agus ag tuairim an phobail iad a choinneáil ar an eolas faoi úsáid ioncaim phoiblí.’,
– ag féachaint don staidéar a rinne an Roinn Beartais um Ghnóthaí Buiséadacha, mar a d’iarr an Coiste um Rialú Buiséadach, dar teideal The Largest 50 Beneficiaries in each EU Member State of CAP and Cohesion Funds [An 50 Tairbhí is Mó i ngach Ballstát de AE maidir leis an gComhbheartas Talmhaíochta agus na Cistí Comhtháthaithe],
– ag féachaint don staidéar measúnaithe breisluacha Eorpaigh arna dhéanamh ag Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, dar teideal Digitalisation of the European reporting, monitoring and audit [An tuairisciú, faireachán agus iniúchadh Eorpach a dhigitiú],
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 4/2020 ón gCúirt Iniúchóirí: Using new imaging technologies to monitor the Common Agricultural Policy: steady progress overall, but slower for climate and environment monitoring [Teicneolaíochtaí íomháithe nua a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta: dul chun cinn seasta ar an iomlán, ach níos moille i gcás faireachán a dhéanamh ar an aeráid agus an comhshaol],
– ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0311/2021),
A. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir;
B. de bhrí, i dtaca le cur chun feidhme an bhuiséid, go dtugtar le fios le cur i bhfeidhm an phrionsabail sin gur cheart gurb eol do shaoránaigh an áit agus an chúis a gcaitheann an tAontas cistí; á thabhairt dá haire go bhfuil líon na n-ionstraimí seachbhuiséid fós ag dul i méid, á mheas go bhfuil na hionstraimí amhail Ionstraim Théarnaimh AE mar bhonn le bainistiú díreach an Choimisiúin; á thabhairt chun suntais gur gá don Pharlaimint a sainordú maidir le feidhmeanna cinnteoireachta, grinnscrúdaithe agus urscaoilte a chomhlíonadh; á iarraidh go dtabharfaí an Rialachán Airgeadais cothrom le dáta, trína gceadófaí don Pharlaimint a sainordú maidir leis na sásraí nua sin a rialú a chomhlíonadh; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis sin i gcomhthéacs dhigitiú an tuairiscithe, an fhaireacháin agus an iniúchta Eorpaigh;
C. de bhrí go bhfuil eolas an phobail agus lán-trédhearcacht faoi chaiteachas chistí an Aontais bunriachtanach chun glacadh leis an gcaiteachas sin agus go bhfuil siad ríthábhachtach freisin chun cuntasacht agus inchreidteacht a áirithiú agus rialú níos fearr ar chaiteachas a áirithiú lena n-áirítear mí-úsáid, éilliú, calaois agus coinbhleachtaí leasa a sheachaint;
D. de bhrí go leagtar síos na rialacha reatha maidir le faisnéis a fhoilsiú maidir le faighteoirí agus faisnéis eile in Airteagal 38 den Rialachán Airgeadais;
E. de bhrí gur eascair difríochtaí i gcur chun feidhme na rialacha sin arb é a bhí mar thoradh orthu go bhfuil córas tuairiscithe amháin ann do CBT i ngach Ballstát agus níos mó ná 250 córas tuairiscithe faoi na beartais struchtúracha agus chomhtháthaithe sna Ballstáit;
F. de bhrí go bhfuil difríochtaí móra ann faoi láthair maidir leis an gcaoi a ndeartar na córais sin, an chaoi a n-oibríonn siad agus conas faisnéis a aisghabháil uathu agus a chomhroinnt;
G. de bhrí go bhfágann ilroinnt sonraí go bhfuil sé thar a bheith deacair, nó dodhéanta fiú, tairbhithe deiridh a shainaithint le haghaidh bhainistiú díreach, indíreach nó comhroinnte chistí an Aontais;
H. de bhrí go bhfuil mórán córas ann nach n-áirítear uimhreacha sainaitheantais uathúla iontu do dhaoine nádúrtha agus do chuideachtaí;
I. de bhrí nach bhfuil faisnéis faoi úinéir nó úinéirí na gcuideachtaí agus a n-úinéirí tairbhiúla sna córais reatha i bhformhór na gcásanna; de bhrí gurb é digitiú an tuairiscithe, faireacháin agus iniúchta Eorpaigh an ionstraim is úsáidí chun an bhréagaisnéis a sheachaint má tá faisnéis neamhíogair ar fáil go poiblí;
J. de bhrí gur iarr an Pharlaimint arís agus arís eile ar an gCoimisiún faisnéis a sholáthar maidir leis an 50 tairbhí is mó de CBT agus cistí struchtúracha i ngach Ballstát ach nach bhfuil ach freagraí neamh-iomlána míshásúla á bhfáil aici go dtí seo;
K. de bhrí gur chuir an Pharlaimint tús le staidéar in 2020 d’fhonn an 50 tairbhí is mó de CBT agus cistí struchtúracha i ngach Ballstát a shainaithint bunaithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí, a chuir torthaí suimiúla ar fáil ach a léirigh chomh deacair agus atá sé mórán tairbhithe deiridh a aithint go soiléir go fóill;
L. de bhrí go bhfuil sé dodhéanta de facto de dheasca na staide reatha léargas a fháil ar an méid airgid a fhaigheann tairbhithe deiridh ó CBT agus ó na beartais struchtúracha agus chomhtháthaithe;
M. de bhrí gur léirigh na torthaí a chuir an Chúirt Iniúchóirí i láthair le linn éisteacht phoiblí an 2 Meán Fómhair 2021 in CONT go bhfuil gá soiléir ann trédhearcacht chóras reatha na formhaoirseachta ar chistí an Aontais a fheabhsú;
N. de bhrí go mbíonn cuideachtaí agus daoine nádúrtha áirithe i mbun oibríochta i níos mó ná Ballstát amháin agus, dá bhrí sin, go bhfaigheann siad fóirdheontais ón Aontas i roinnt Ballstát, agus i bhfianaise gur féidir le struchtúir cuideachtaí a bheith an-chasta agus doiléir, nach féidir leis an gCoimisiún súil a choinneáil ar an méid iomlán airgid arna charnadh ag gach ceann de na cuideachtaí ilnáisiúnta sin;
O. de bhrí gur admhaigh an Chomhairle Eorpach i ndáil leis an gcomhaontú idir Cinn Stáit nó Rialtais maidir le CAI 2021-2027 an 17-21 Iúil 2020 i mír 24 dá gconclúidí go raibh gá le tuilleadh faisnéise faoi thairbhithe deiridh chistiú an Aontais chun críoch rialaithe agus iniúchóireachta;
P. de bhrí go léiríonn na tosca sin go léir go bhfuil géarghá le cruthú córais aonair dhigitigh chaighdeánaithe idir-inoibritheach ar fud an Aontais atá trédhearcach agus éasca lena úsáid agus atá bunaithe, a mhéid is féidir, ar phrionsabail foinse oscailte, le haghaidh údaráis cur chun feidhme na mBallstát chun tuairisciú faoi thairbhithe CBT agus cistí na mbeartas struchtúracha agus comhtháthaithe agus gach ciste eile chun go gcumasófar d’údaráis rialaithe agus iniúchta náisiúnta, do OLAF agus OIPE agus d’institiúidí agus comhlachtaí eile an Aontais faisnéis iontaofa agus chuimsitheach a fháil faoi chéannacht na dtairbhithe deiridh, an méid a fhaigheann siad agus cad iad na cistí óna bhfaigheann siad cistiú;
Q. de bhrí gur cheart go mbeadh rochtain ag an bpobal ar fhaisnéis maidir le tairbhithe díreacha agus deiridh chistí an Aontais a mhéid is féidir i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus le dlí-eolaíocht bhuan Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) maidir le foilsiú sonraí faoi thairbhithe chistí an Aontais;
R. de bhrí gur cheart go n-áiritheodh córas den sórt sin comhchuibhiú formáide sonraí, go mbeadh sé meaisín-inléite, go mbeadh uimhreacha sainaitheantais uathúla ann, go gcuimseodh sé feidhmeanna cuardaigh agus sórtála agus go mbeadh sé idir-inoibritheach ionas gur féidir sonraí a chomhiomlánú ní hamháin maidir le beartas nó ciste amháin ach ar fud na mbeartas, na gcistí agus na mBallstát go léir agus gur cheart go mbainfeadh sé le bainistiú díreach, indíreach agus comhroinnte freisin;
S. de bhrí gur cheart don Choimisiún córas den sórt sin a fhorbairt chun idir-inoibritheacht iomlán a áirithiú, lena n-áirítear aistriúchán uathoibríoch ar phríomhghnéithe an chórais agus a áirithiú go gcuirfear an córas sin chun feidhme chomh tapa agus is féidir ar fud na mBallstát, na mbeartas agus na gcistí go léir;
T. de bhrí gur gá an córas sin a fhorbairt i gcomhar leis an leibhéal is airde cibearshlándála chun aon chibir-ionsaithe nó iarrachtaí ar chibir-ionsaithe i gcoinne an chórais sin a úsáidtear i ngach Ballstát a sheachaint;
U. de bhrí gur cheart go maoineofaí forbairt an chórais sin le buiséad an Aontais, agus go mbeadh sé ar fáil do na Ballstáit agus d’údaráis réigiúnacha atá i gceannas ar rith agus cothabháil córas tuairiscithe de sórt sin, agus freisin d’iriseoirí, d’ionadaithe na sochaí sibhialta agus don phobal i gcoitinne, mar aon le cúrsaí oiliúna d’oifigigh atá i gceannas ar oibriú laethúil na gcóras;
V. de bhrí nach féidir na córais tuairiscithe do CBT agus do bheartais struchtúracha agus chomhtháthaithe a nuashonrú go réalaíoch i gcónaí leis an bhfaisnéis is déanaí faoi úinéireacht cuideachtaí agus ar an gcaoi sin faoi thairbhithe deiridh, agus gur cheart, dá bhrí sin, na córais a nascadh go huathoibríoch le bunachair sonraí cuideachtaí poiblí agus bunachair choiteanna sonraí faoi thairbhithe deiridh;
W. de bhrí gur minic go bhfaigheann eintitis phoiblí cistiú díreach ó CBT nó ó chistí struchtúracha a íoctar ansin le faighteoirí eile mar chuid de chur chun feidhme sonrach cláir; de bhrí, i gcásanna den sórt sin gur cheart go mbeadh oibleagáid ar an eintiteas poiblí tuairisc a thabhairt faoi cérbh iad faighteoirí deiridh an airgid; de bhrí gur cheart go n-áireofaí idir-inoibritheacht sa chóras digiteach inter alia le córais inmheánacha na gcomhlachtaí agus na n-údarás náisiúnta ábhartha, na n-údarás bainistíochta agus íocaíochta, mar aon le bunachair sonraí náisiúnta um sholáthar poiblí agus um thairiscintí;
X. de bhrí gur cheart go n-urramódh córas idir-inoibritheach den sórt sin rialacha RGCS agus ‘rialacha de minimis’ réasúnacha i dtaca le foilsiú sonraí;
Y. de bhrí gur cheart go mbeadh sonraí maidir le faighteoirí cistí ó CBT agus cistí struchtúracha agus comhtháthaithe ar fáil don phobal ar feadh íostréimhse cúig bliana;
Z. de bhrí gur cheart na rialacha maidir foilsiú sonraí a bhaineann le tairbhithe cistí ó bheartais bainistíochta roinnte a chomhchuibhiú a mhéid is féidir le rialacha a bhaineann le tairbhithe cistí i mbainistíocht dhíreach; de bhrí gur cheart sonraí satailíte a úsáid níos minice agus gur cheart úsáid níos fearr a bhaint astu, ag baint na mbacainní atá roimh úsáid fhorleathan teicneolaíochtaí nua ag gníomhaireachtaí íocaíochta faoi láthair(10);
1. á iarraidh go ndeánfadh an Coimisiún, lena n-áirítear mar chuid den athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an Rialachán Airgeadais, na tograí reachtacha is gá a chur isteach le haghaidh leasuithe ar an Rialachán Airgeadais, roimh dheireadh 2021, de réir na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis seo;
2. á mheas gur cheart go mbeadh impleachtaí airgeadais an togra iarrtha clúdaithe ag Buiséad an Aontais;
3. á mheas go bhfuil sé riachtanach muinín i mbainistíocht airgeadais chistí an Aontais a áirithiú chun muinín fhoriomlán a bheith in institiúidí an Aontais agus ar an tslí sin inchreidteacht sa tionscadal chun lánpháirtiú breise Eorpach a dhéanamh a áirithiú;
4. de bhrí gur cumasóirí straitéiseacha nuálaíochta iad seirbhísí néalríomhaireachta le haghaidh claochlú digiteach agus gurb ionann seoladh na Comhghuaillíochta Eorpaí um Shonraí Tionsclaíocha, Imeallríomhaireacht agus Néalríomhaireacht i mí Iúil 2021 agus céim thábhachtach i ndáil leis sin;
5. á chur i bhfáth gurb é an chéad réamhchoinníoll maidir le tacaíocht a bhaineann le bainistíocht airgeadais chistí an Aontais ná rialacha soiléire, sothuigthe agus cothroma maidir le teidlíochtaí chun tacaíocht a fháil nó páirt a ghlacadh i gcláir chaiteachais;
6. á chur in iúl go bhfuil sí go láidir den tuairim gurb é an bealach is éifeachtúla agus is éifeachtaí chun feabhas breise a chur ar chosaint airgeadas an Aontais agus grinnscrúdú níos géire a chumasú ná córas comhtháite, idir-inoibritheach agus comhchuibhithe a chruthú chun faisnéis faoi thairbhithe deiridh i ngach Ballstát a bhailiú, faireachán a dhéanamh uirthi agus í a anailísiú;
7. á mheas, maidir le trédhearcacht i leith chur chun feidhme na rialacha agus dá réir sin maidir le céannacht faighteoirí cistiúcháin ó chistí agus ó chláir éagsúla agus faoi na méideanna a fhaigheann siad agus faoi bheartais maidir le calaois a chosc, gur cuid riachtanach é sin chun muinín a áirithiú i mbainistiú airgeadais chistí an Aontais; ag aithint gur cheart go mbeadh tairseacha ‘de minimis’ san áireamh i bhfoilsiú sonraí maidir le tairbhithe, i gcomhréir leis na rialacha is infheidhme maidir le cosaint sonraí agus le dlí-eolaíocht bhuan CBAE;
8. á mheas, thairis sin, go bhféadfadh trédhearcacht arna háirithiú le clár digitithe lena gcruthaítear córas comhtháite, idir-inoibritheach agus comhchuibhithe, a bheith ar an uirlis is fearr chun an bhréagaisnéis a chomhrac ar fud na mBallstát uile;
9. á mheas gur uirlis an-éifeachtach í an trédhearcacht faoi thairbhithe deiridh sa chomhrac i gcoinne mí-úsáid fhéideartha, coinbhleachtaí leasa, calaois agus éilliú atá nasctha le caiteachas agus dáileadh chistí an Aontais;
10. á chreidiúint go n-áirithítear cuntasacht níos fearr agus muinín fheabhsaithe ó shaoránaigh as údaráis phoiblí le trédhearcacht cistí poiblí;
11. á chur i bhfios go láidir go n-áiritheoidh trédhearcacht faoi thairbhithe deiridh go mbeidh féidearthachtaí i bhfad níos fearr agus níos cruinne ag údaráis iniúchóireachta, rialaithe agus um urscaoilte i riaracháin náisiúnta agus réigiúnacha, sa Choimisiún, sa Chomhairle agus sa Pharlaimint lena áirithiú go gcaitear cistí go héifeachtúil agus chun aisghabhálacha a dhéanamh i gcás calaoise nó aon chineál cur amú airgid eile de réir rialacha agus uaillmhianta beartais; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh an Chúirt Iniúchóirí, OLAF agus OIPE in ann a bhfreagrachtaí faoi seach a chomhlíonadh freisin le héifeachtúlacht agus cruinneas níos fearr má thugtar rochtain iomlán dóibh ar fhaisnéis iomlán agus iontaofa;
12. á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go dtabharfaidh foilsiú comhleanúnach ar fud an Aontais de shonraí faoi thairbhithe deiridh féidearthachtaí i bhfad níos fearr d’iriseoirí, d’ionadaithe na sochaí sibhialta agus don phobal i gcoitinne ceisteanna agus ábhair imní dhlisteanacha a ardú agus ar an gcaoi sin cásanna féideartha mí-úsáide nó calaoise de chistí an Aontais nó rannpháirtíocht amhrasta Daoine atá faoi Riteacht Pholaitiúil (PEPanna) a nochtadh;
13. á mheas go bhfuil an staid reatha ina bhfuil sé dodhéanta pictiúr réasúnta iomlán a fháil faoi cé atá ag fáil na gcistí agus faoi cé mhéad atá á fháil acu, go háirithe ó chistí bainistíochta roinnte, lena n-áirítear, go háirithe, an fíoras nach féidir méideanna aonair a chomhiomlánú i gcás ina bhfuil an tairbhí díreach agus/nó deiridh céanna agus/nó an t-úinéir tairbhiúil céanna i gceist, do-ghlactha agus go gcaithfear é a athrú a luaithe is féidir chun trédhearcacht agus éifeachtúlacht chistí an Aontais a mhéadú;
14. á chur in iúl gurb é an tuairim dhaingean atá aici gurb é an bealach is éifeachtúla chun an staid a cheartú ná na codanna ábhartha den Rialachán Airgeadais a athbhreithniú agus é mar aidhm leis sin trédhearcacht a mhéadú maidir le cé atá ag fáil cistí, cé mhéad atá á fháil acu agus as cibé cistí nó cláir Aontais a thagann sé;
15. á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh athruithe ar an reachtaíocht earnála a bhaineann le cistí agus cláir faoi seach a bheith i gceist le hathrú den sórt sin ar an Rialachán Airgeadais;
16. á chur i bhfáth go gcuirfear i láthair sa cheathrú ráithe de 2021 gur cheart athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh ar an Rialachán Airgeadais reatha mar chuid den athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an Rialachán Airgeadais a d’fhógair an Coimisiún;
17. á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí bunús dlí daingean san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais le haghaidh úsáid éigeantach sonraí soláthair phoiblí oscailte agus caighdeánaithe, mar aon le córais TF maidir le rialú buiséad a dhéanamh éigeantach agus idir-inoibritheach le bunachair sonraí náisiúnta agus réigiúnacha;
18. á chur i bhfáth gur cheart go ndéanfaí úsáid tacar sonraí caighdeánaithe agus an fhéidearthacht tairbhithe deiridh cistí a shainaithint a áirithiú leis an athbhreithniú; á mheas gur gá a áireamh ar a laghad i míreanna faisnéise éigeantaí a bhailítear chun críoch iniúchóireachta agus rialaithe cláruimhir na n-eintiteas dlíthiúil, uimhir aitheantais náisiúnta do dhaoine nádúrtha, léiriú ar an gcineál tairbhí, fochonraitheoirí, úinéirí tairbhiúla, cé acu a fhaigheann nó nach bhfaigheann an tairbhí státchabhair freisin, agus faisnéis teagmhála an tairbhí; á chur i bhfios go láidir gur cheart rochtain ar shonraí íogaire tríd an gcóras tuairiscithe agus faireacháin idir-inoibritheach agus digiteach a theorannú d’údaráis, institiúidí agus comhlachtaí freagracha náisiúnta agus Eorpacha chun críoch iniúchóireachta, rialaithe agus urscaoilte agus gur cheart dóibh a bheith i gcomhréir go docht le ceanglais cosanta sonraí;
19. á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún a áirithiú go mbeidh úsáid uirlisí comhtháite agus caighdeánaithe tuairiscithe agus faireacháin éigeantach agus curtha chun feidhme go hiomlán sna Ballstáit agus, ar an gcaoi sin, nach mbeidh siad ag oibriú ar bhonn deonach amháin;
20. á chur i bhfios go láidir gur cheart go dtabharfaí áirithiú breise leis an athbhreithniú nuair is cuideachta é faighteoir díreach chistí an Aontais, gur cheart a áirithiú go mbeadh sé indéanta úinéirí na cuideachta sin a shainaithint;
21. á chur i bhfios go láidir gur cheart a áirithiú, i gcásanna inar cuideachta faoi úinéireacht cuideachta eile an faighteoir díreach, gur féidir úinéirí tairbhiúla an dara cuideachta a shainaithint freisin, agus gur cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin maidir le gach cuideachta atá bainteach leis an struchtúr úinéireachta; á mheas, dá bhrí sin, gur gá uimhreacha aitheantais uathúla a bheith curtha ar bun ag máthairchuideachtaí do thairbhithe, ionas go mbeidh uimhir i ndiaidh a chéile ag gach fochuideachta, lena mbeifear in ann cistí a rianú go hiomlán siar chuig na tairbhithe deiridh agus chuig na húinéirí tairbhiúla;
22. á thabhairt dá haire gur cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid sin an t-úinéir tairbhiúil a shainaithint ar a laghad aon uair a bhfuil níos mó ná 15% den chuideachta i gceist i seilbh aon duine nádúrtha nó dlítheanaigh; ag cur béim ar an bhfioras gur cheart scaireanna cuideachta ar le gaolta iad a chomhiomlánú agus a áireamh le chéile;
23. á thabhairt dá haire gur cheart go mbeadh feidhm ag an oibleagáid a bheith in ann úinéirí tairbhiúla na cuideachta a shainaithint nuair atá cuideachta suite i dtír nach tír den Aontas í;
24. á thabhairt dá haire gur cheart go n-áiritheofaí freisin leis an athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais gur cheart go mbeadh oibleagáid ar eintitis phoiblí, ar faighteoirí díreacha chistí an Aontais iad, tuairisciú maidir le tairbhithe deiridh na gcistí, i.e. más duine nádúrtha nó dlítheanach iad seachas an t-eintiteas poiblí é féin; á chur i bhfios go láidir gur gá go n-áireofaí idir-inoibritheacht sa chóras digiteach le córais inmheánacha na gcomhlachtaí agus na n-údarás náisiúnta ábhartha, na n-údarás bainistíochta agus íocaíochta, mar aon le bunachair sonraí náisiúnta um sholáthar poiblí agus um thairiscintí;
25. á iarraidh an gCoimisiún, maidir le gníomhaithe agus eintitis airgeadais atá freagrach as cur chun feidhme an bhuiséid, lena n-áirítear údaráis náisiúnta agus réigiúnacha inniúla faoi bhainistíocht chomhroinnte, go bhforbrófar córas agus go gcuirfear ar fáil dóibh é chun a áirithiú go ndéanfar tuairisciú, faireachán agus iniúchadh Eorpach do CBT, do bheartais cistí comhtháthaithe agus struchtúracha agus do bheartais eile;
26. á chur i bhfáth go mbeidh córas den sórt sin bunaithe, a mhéid is féidir, ar phrionsabail foinse oscailte agus go mbainfidh sé úsáid as tacair sonraí agus bearta caighdeánaithe chun faisnéis agus figiúirí maidir le faighteoirí deiridh agus tairbhithe chistiú an Aontais a bhailiú, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú, chun críoch rialaithe, iniúchta agus urscaoilte; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá céannacht leictreonach mar chéad chéim chun muinín na saoránach in institiúidí poiblí a mhéadú;
27. á chur i bhfios go láidir gur cheart córas den sórt sin a fhorbairt d’fhonn a áirithiú go gcomhlíonfar go hiomlán prionsabail na trédhearcachta mar a shonraítear i dTeideal II, caibidil 8, den Rialachán Airgeadais;
28. á thabhairt chun suntais go mbeadh córas den sórt sin ar fáil d’iriseoirí, d’ionadaithe na sochaí sibhialta agus don phobal i gcoitinne chun taighde ar úsáid cistí poiblí a éascú agus, b’fhéidir, chun calaois a nochtadh, agus rialacha RGCS á n-urramú;
29. á iarraidh go bhforbrófar an córas sin taobh istigh de dhá bhliain agus go gcuirfear ar fáil é, saor in aisce, agus go mbeidh sé éigeantach do na húdaráis tuairiscithe sna Ballstáit;
30. á chur i bhfios go láidir gur cheart, maidir le córas den sórt sin a fhorbairt, go mbeadh cumasú údarás náisiúnta agus réigiúnacha agus institiúidí ábhartha an Aontais ag gabháil leis, lena n-áirítear an Pharlaimint, an Coimisiún, an Chúirt Iniúchóirí, OLAF agus OIPE, i gcás inarb ábhartha, chun go n-áiritheofaí seiceálacha éifeachtacha a dhéanamh ar choinbhleachtaí leasa, neamhrialtachtaí, saincheisteanna a bhaineann le cistiú dúbailte agus aon mhí-úsáid ar na cistí lena n-áirítear uirlisí TF nua-aimseartha amhail ARACHNE a úsáid;
31. á chur in iúl go lamhálfadh córas den sórt sin go sainaithneofaí an-tapa tairbhithe athfhillteacha agus ró-ionadaíocha féideartha chistí an Aontais, lena n-áirítear buaiteoirí tairiscintí;
32. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirtear an cistiú riachtanach do chóras den sórt sin ar fáil i mbuiséad an Aontais mar aon le leithreasaí le haghaidh oiliúna agus cúnamh teicniúil d’fhoireann na n-údarás náisiúnta agus réigiúnacha a bheidh ag úsáid an chórais sin;
33. á thabhairt dá haire nach féidir sonraí nuashonraithe ar úinéireacht cuideachtaí a bheith i gcóras den sórt sin; á thabhairt dá haire, thairis sin, go gcuirfeadh ceanglas den sórt sin le tuiscint go mbeadh údaráis bhainistíochta freagrach as sonraí faoi chuideachtaí, nach bhfuil freagracht orthu ina leith;
34. á iarraidh go ndearfaí an córas ar bhealach lena ndéanfaidh sé nasc uathoibríoch le bunachair sonraí ina bhfuil faisnéis nuashonraithe maidir le húinéireacht cuideachta agus go mbeidh sé idir-inoibritheach le córais inmheánacha na gcomhlachtaí agus na n-údarás náisiúnta ábhartha, na n-údarás bainistíochta agus íocaíochta, mar aon le bunachair sonraí náisiúnta um sholáthar poiblí agus um thairiscintí;
35. á iarraidh go gcuirfear faisnéis faoi fhaighteoirí chistí an Aontais ar fáil go poiblí ar feadh íostréimhse cúig bliana;
36. á chur i bhfios go láidir gur cheart do chóras den sórt sin rialacha cosanta sonraí an Aontais agus dlí-eolaíocht bhuan CBAE a urramú; á thabhairt dá haire go bhfuil difríochtaí ann idir leibhéal an mhionsonraithe i bhfaisnéis nach mór í a bhailiú a chomhiomlánú agus a stóráil chun críoch iniúchta, rialaithe agus urscaoilte agus faisnéis ar féidir í a chur ar fail don phobal i gcoitinne; á chur i bhfáth gur gá go mbeadh rochtain iomlán ag údaráis iniúchta, rialaithe agus urscaoilte ar gach faisnéis atá ar fáil, agus gur féidir foilsiú sonraí a shrianadh le ceanglais cosanta sonraí is infheidhme agus tairseacha ‘de minimis’;
37. á thabhairt chun suntais go mbeidh cosaint éifeachtach ar chibearbhagairtí ag córas den sórt sin; á iarraidh ar an gCoimisiún infheistiú a dhéanamh i mbogearraí ardleibhéil cibearshlándála agus tástálacha tréimhsiúla a dhéanamh chun leochaileachtaí ionchasacha a aithint, ar leibhéal na mBallstát chomh maith;
38. á aithint gur cheart don chóras rialacha a urramú maidir le híosmhéideanna nach gcuirfear ar fáil go poiblí; á chur i bhfáth gur cheart do na húdaráis fhreagracha, mar sin féin, na cistí go léir atá á n-íoc le tairbhí aonair a chomhiomlánú i gcónaí agus más mó an méid iomlán atá á íoc le haon tairbhí aonair ná an t-íosmhéid, gur cheart faisnéis maidir leis na híocaíochtaí uile a dhéantar leis an tairbhí sin a nochtadh don phobal;
39. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-úsáidfear an córas sin chomh fada agus is féidir le haghaidh cistí agus beartais atá faoi bhainistíocht dhíreach leis na rialacha céanna maidir le trédhearcacht agus a bhaineann le faighteoirí cistí ó chláir an Aontais;
40. á chur i bhfáth go bhfuil ról tábhachtach freisin ag an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh (EDES) i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fíoras nach bhfuil feidhm aige ach amháin maidir le cistí faoi bhainistíocht dhíreach, nach bhfuil iontu ach 20% de chistí an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha chomh mór céanna di an fíoras nach n-eisítear oibreoirí eacnamaíocha, arna n-aithint ag OLAF mar oibreoirí a bhaineann mí-úsáid as cistí poiblí, go huathoibríoch ó chonarthaí arna maoiniú ag buiséad an Aontais nó nach mbíonn siad faoi réir pionóis airgeadais; ag tathant ar an gCoimisiún raon feidhme EDES a leathnú san athbhreithniú ar an Rialachán Airgeadais atá ar na bacáin, chun é a dhéanamh níos éifeachtaí;
41. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig an gComhairle.
IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN
TÉACS AN TOGRA ARNA IARRAIDH
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 322(1) de, i gcomhar leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, agus go háirithe Airteagal 106a de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1) I gcomhréir le hiarrataí ó Pharlaimint na hEorpa agus mar fhreagra ar phointe 24 de chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17 go 21 Iúil 2020, chun feabhas a chur ar chosaint bhuiséad an Aontais agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh i gcoinne na calaoise agus na neamhrialtachtaí, ba cheart bearta caighdeánaithe a thabhairt isteach chun faisnéis agus figiúirí ar fhaighteoirí deiridh agus ar thairbhithe deiridh chistiú an Aontais a bhailiú, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú, chun críoch rialaithe agus iniúchóireachta.
(2) Chun rialuithe agus iniúchtaí éifeachtacha a áirithiú, is gá sonraí a bhailiú fúthu siúd a dtéann cistiú ón Aontas faoi bhainistíocht roinnte agus tionscadail agus athchóirithe lena dtacaítear faoi Rialachán (AE) 2021/241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Feabhra 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta(11) chun sochair dóibh go díreach nó go hindíreach ar deireadh, lena n-áirítear sonraí faoi úinéirí tairbhiúla fhaighteoirí an chistithe. Na rialacha maidir le sonraí den sórt sin a bhailiú agus a phróiseáil, beidh orthu na rialacha cosanta sonraí is infheidhme a chomhlíonadh.
(3) Chun feabhas a chur le cosaint bhuiséad an Aontais, ba cheart don Coimisiún córas comhtháite agus idir-inoibritheach faisnéise agus faireacháin a chur ar fáil, lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, chun na sonraí thuasluaite a rochtain, a stóráil, a chomhiomlánú agus chun anailís a dhéanamh orthu d’fhonn go gcuirfidh na Ballstáit i bhfeidhm ar bhealach ginearálaithe agus éigeantach é. Leis an gcóras sin, ba cheart a áirithiú go ndéanfaí seiceálacha éifeachtúla ar choinbhleachtaí leasa, neamhrialtachtaí, saincheisteanna a bhaineann le cistiú dúbailte, agus aon mhí-úsáid a bhaintear as na cistí. Ba cheart an rochtain is gá a bheith ag an gCoimisiún, ag an Oifig Frith-Chalaoise Eorpach (OLAF) agus ag comhlachtaí imscrúduithe agus rialúcháin eile de chuid an Aontais ar na sonraí sin chun a bhfeidhmeanna maoirseachta a fheidhmiú maidir leis na rialuithe agus na hiniúchtaí atá le déanamh ag na Ballstáit ar an gcéad dul síos chun neamhrialtachtaí a bhrath agus imscrúduithe riaracháin a dhéanamh ar mhí-úsáid an chistithe ón Aontas lena mbaineann, agus chun forléargas beacht a fháil ar a dháileadh.
(4) Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a leasú dá réir sin,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 mar a leanas:
(1) leasaítear Airteagal 36 mar seo a leanas:
(a) i mír 3, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(ee) sonraí a bhailiú fúthu siúd a dtéann cistiú an Aontais chun sochair go díreach nó go hindíreach dóibh ar deireadh.’
(b) i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(cc) a bheith ag brath ar chóras leictreonach faisnéise agus faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach, lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, chun sonraí a rochtain agus a anailís a dhéanamh orthu maidir leo siúd a thairbhíonn ar deireadh, go díreach nó go hindíreach, de chistiú an Aontais.’
(2) leasaítear Airteagal 38 mar a leanas:
(a) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:
‘1. Cuirfidh an Coimisiún faisnéis ar fáil, ar bhealach iomchuí agus tráthúil, maidir leo siúd a thairbhíonn ar deireadh, go díreach nó go hindíreach, de chistiú an Aontais, ag tarraingt ar na sonraí a bhailítear sa chóras leictreonach faisnéise agus faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 129a.
Beidh feidhm ag an gcéad fhomhír den mhír seo freisin maidir le hinstitiúidí eile de chuid an Aontais nuair a chuirfidh siad an buiséad chun feidhme de bhun Airteagal 59(1). I gcás inar duine dlítheanach an faighteoir cistí, foilseofar faisnéis faoi dhaoine agus eintitis a bhfuil úinéireacht níos mó ná 15% acu ar an eintiteas sin’;
(b) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:
‘2. Foilseofar an fhaisnéis neamh-íogair seo a leanas, agus aird chuí á tabhairt ar riachtanais rúndachta agus slándála, go háirithe cosaint sonraí pearsanta:
(a) ainm an fhaighteora;
(b) nádúr dlíthiúil an fhaighteora, eadhon:
(i) duine nádúrtha;
(ii) duine dlítheanach;
(iii) eintiteas poiblí nó institiúid phoiblí;
(iv) eile.
(c) dúiche an fhaighteora, eadhon:
(i) seoladh an fhaighteora nuair is duine dlítheanach an faighteoir;
(ii) an réigiún ar leibhéal NUTS 2 nuair is duine nádúrtha an faighteoir;
(d) an méid a gealladh go dlíthiúil;
(e) cineál agus cuspóir an bhirt.’
(c) scriostar mír 4;
(d) cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 6:
‘6. I gcás ina bhfoilsítear sonraí pearsanta, scriosfar an fhaisnéis 5 bliana tar éis dheireadh na bliana airgeadais inar gealladh na cistí go dlíthiúil. Beidh feidhm ag an méid sin freisin maidir le sonraí pearsanta a thagraíonn do dhaoine dlítheanacha a n-aithníonn a n-ainm oifigiúil duine nádúrtha amháin nó níos mó.’
(3) leasaítear Airteagal 63 mar a leanas:
(a) cuirtear an mhír seo a leanas isteach:
‘1a. Agus cúraimí á gcur i gcrích acu a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid, baileoidh na Ballstáit sonraí fúthu siúd a thairbhíonn ar deireadh, go díreach nó go hindíreach, de chistiú an Aontais de réir cheanglais an chórais leictreonaigh faisnéise agus faireacháin chomhtháite agus idir-inoibrithigh a bunaíodh faoi Airteagal 129a. Féadfar ceanglais chomhlántacha maidir le húsáid an chórais in earnáil ar leith a leagan síos i rialacha earnáilsonracha.’
(b) i mír 2, an chéad fhomhír, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(bb) sonraí a bhailiú fúthu siúd a thairbhíonn ar deireadh, go díreach nó go hindíreach, de chistiú an Aontais, trí úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach faisnéise agus faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach a chuireann an Coimisiún ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 129a.’
(c) i mír 4, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(bb) úsáid a bhaint as an gcóras leictreonach faisnéise agus faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach a chuireann an Coimisiún ar fáil i gcomhréir le Airteagal 129a.’
(4) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:
‘Airteagal 129a
Córas leictreonach faisnéise agus faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach
1. Déanfaidh an Coimisiún córas leictreonach faisnéise agus faireacháin comhtháite agus idir-inoibritheach a chur ar bun, a oibriú agus a chur ar fáil do ghníomhaithe airgeadais, daoine eile agus eintitis a bhfuil baint acu le cur chun feidhme an bhuiséid, lena n-áirítear údaráis náisiúnta inniúla faoi bhainistíocht roinnte, ar córas é lena n-áirítear uirlis aonair mianadóireachta sonraí agus scórála riosca, chun rochtain a fháil ar shonraí fúthu siúd a thairbhíonn ar deireadh, go díreach nó go hindíreach, de chistiú an Aontais.
2. Beidh an córas dá dtagraítear i mír 1 bunaithe ar bhearta caighdeánaithe chun faisnéis agus figiúirí maidir leo siúd a thairbhíonn ar deireadh, go díreach nó go hindíreach, de chistiú an Aontais a bhailiú, a chur i gcomparáid agus a chomhiomlánú, chun críoch rialaithe agus iniúchóireachta. Leis an gcóras, cumasófar seiceálacha éifeachtúla ar choinbhleachtaí leasa, neamhrialtachtaí, saincheisteanna a bhaineann le cistiú dúbailte, agus aon mhí-úsáid a bhaintear as na cistí.
3. Áireofar ar na míreanna faisnéise éigeantaí a bhaileofar sa chóras, inter alia:
(a) uimhir CBL nó uimhir chlárúcháin eintiteas dlítheanach;
(b) uimhir náisiúnta aitheantais i gcás daoine nádúrtha:
(c) nádúr dlíthiúil an fhaighteora, eadhon:
(i) duine nádúrtha;
(ii) duine dlítheanach;
(iii) eintiteas poiblí nó institiúid phoiblí;
(iv) eile.
(d) conraitheoir nó conraitheoirí agus fochonraitheoir nó fochonraitheoirí;
(e) úinéir tairbhiúil nó úinéirí tairbhiúla aon uair gur duine dlítheanach an faighteoir, an t-úinéir, an conraitheoir nó an fochonraitheoir;
(f) faisnéis faoi cibé a fhaigheann nó nach bhfaigheann an tairbhí státchabhair freisin;
(g) sonraí teagmhála na dtairbhithe agus na n-úinéirí tairbhiúla uile;
4. Maidir leis an gCoimisiún, le OLAF, leis an gCúirt Iniúchóirí agus, i leith na mBallstát sin atá rannpháirteach i gcomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, le OIPE, chomh maith le comhlachtaí imscrúduithe agus rialaithe eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear an t-údarás um urscaoileadh, tabharfar rochtain dóibh ar an bhfaisnéis atá sa chóras dá dtagraítear i mír 1 i gcás inar gá chun a bhfeidhmeanna a fheidhmiú.
5. Le haon phróiseáil a dhéantar ar shonraí pearsanta agus an córas á oibriú, comhlíonfar Rialachán (AE) 2016/679.
6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 269 chun rialacha mionsonraithe a leagan síos maidir le hoibriú agus feidhmiú an chórais dá dtagraítear i mír 1, lena n-áirítear rialacha maidir le bailiú sonraí agus maidir le rochtain ar an bhfaisnéis atá sa chóras.
(5) in Airteagal 154(4), an chéad fhomhír, cuirtear an pointe seo a leanas isteach:
‘(dd) go n-áiritheoidh siad go mbailítear sonraí fúthu siúd a thairbhíonn ar deireadh, go díreach nó go hindíreach, de chistiú an Aontais a mhéid atá comhionann le ceanglais an chórais dá dtagraítear in Airteagal 129a.’
(6) leasaítear Airteagal 269 mar a leanas:
(a) i mír 3, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 70(1), Airteagal 71, an tríú mír, Airteagal 129a, Airteagal 161 agus Airteagal 213(2), an dara agus an tríú fomhír, a chúlghairm aon tráth.’
(b) i mír 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad abairte:
‘Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 70(1), Airteagal 71, an tríú mír, Airteagal 129a, Airteagal 161 agus Airteagal 213(2), an dara agus an tríú mír, i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse 2 mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid.’
Arna dhéanamh i/in/sa …,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
Tuarascáil Speisialta CIE Uimh. 4/2020: Teicneolaíochtaí íomháithe nua a úsáid chun faireachán a dhéanamh ar an gComhbheartas Talmhaíochta: dul chun cinn seasta ar an iomlán, ach níos moille i gcás faireachán a dhéanamh ar an aeráid agus an comhshaol.