Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0802(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0002/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0002/2022

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 20/01/2022 - 3
CRE 20/01/2022 - 3

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0002

Téacsanna atá glactha
PDF 108kWORD 43k
Déardaoin, 20 Eanáir 2022 - Strasbourg
Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Jan Gregor
P9_TA(2022)0002A9-0002/2022

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2022 maidir le hainmniú Jan Gregor mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0405/2021 – 2021/0802(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0405/2021),

–  ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0002/2022),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 5 Samhain 2021, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Jan Gregor a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.  de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir an ainmní, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an ainmní ina dhiaidh sin an 10 Eanáir 2022, éisteacht ina ndearna an t-ainmní ráiteas tosaigh agus inar fhreagair an t-ainmní ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag tabhairt tuairim fhabhrach ar ainmniú Jan Gregor ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar eolas, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

An nuashonrú is déanaí: 14 Meitheamh 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais