Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/0803(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0004/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0004/2022

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 20/01/2022 - 3
CRE 20/01/2022 - 3

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0003

Téacsanna atá glactha
PDF 109kWORD 42k
Déardaoin, 20 Eanáir 2022 - Strasbourg
Ainmniú comhalta den Chúirt Iniúchóirí - Marek Opiola
P9_TA(2022)0003A9-0004/2022

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 20 Eanáir 2022 maidir le hainmniú Marek Opiola mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí (C9-0406/2021 – 2021/0803(NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagal 286(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0406/2021),

–  ag féachaint do Riail 129 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0004/2022),

A.  de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle, i litir an 5 Samhain 2021, i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa maidir le Marek Opiola a ainmniú mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí;

B.  de bhrí go ndeachaigh an Coiste um Rialú Buiséadach i bParlaimint na hEorpa ar aghaidh le meastóireacht a dhéanamh ar dhintiúir an ainmní, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 286(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

C.  de bhrí gur thionóil an coiste éisteacht leis an ainmní ina dhiaidh sin an 10 Eanáir 2022, éisteacht ina ndearna an t-ainmní ráiteas tosaigh agus inar fhreagair an t-ainmní ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

1.  ag tabhairt tuairim neamhfhabhrach ar ainmniú Marek Opiola ag an gComhairle mar Chomhalta den Chúirt Iniúchóirí, agus á iarraidh ar an gComhairle a hainmniúchán a tharraingt siar agus ceann nua a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus, mar fhaisnéis, chuig an gCúirt Iniúchóirí, chuig institiúidí eile an Aontais Eorpaigh agus chuig institiúidí iniúchóireachta na mBallstát.

An nuashonrú is déanaí: 14 Meitheamh 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais