Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2020/2136(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0357/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0357/2021

Díospóireachtaí :

PV 14/02/2022 - 23
PV 14/02/2022 - 25
CRE 14/02/2022 - 22
CRE 14/02/2022 - 23
CRE 14/02/2022 - 24
CRE 14/02/2022 - 25

Vótaí :

PV 15/02/2022 - 13
CRE 15/02/2022 - 13
PV 16/02/2022 - 2
CRE 16/02/2022 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0033

Téacsanna atá glactha
PDF 176kWORD 60k
Dé Céadaoin, 16 Feabhra 2022 - Strasbourg
Measúnú ar chur chun feidhme Airteagal 50 CAE
P9_TA(2022)0033A9-0357/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 maidir le measúnú ar chur chun feidhme Airteagal 50 CAE (2020/2136(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagal 50 agus Airteagal 8 de,

–  ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 218 de,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don fhógra dar dáta an 29 Márta 2017 a thug an Ríocht Aontaithe don Chomhairle Eorpach á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de bhun Airteagal 50(2) CAE agus de bhun Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

–  ag féachaint do threoirlínte na Comhairle Eorpaí (Airteagal 50) an 29 Aibreán 2017 tar éis don Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt faoi Airteagal 50 CAE, an 15 Nollaig 2017 don dara céim den chaibidlíocht faoi Brexit, agus an 23 Márta 2018 maidir leis an gcreat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ,

–  ag féachaint don Chinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 lena leagtar síos na treoracha le haghaidh comhaontú a chaibidliú le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ina leagtar amach na socruithe dá tarraingt siar as an Aontas Eorpach, agus don Chinneadh ón gComhairle an 29 Eanáir 2018 lena bhforlíontar Cinneadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2017 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú lena leagtar amach socruithe dá tarraingt siar as an Aontas Eorpach, lena leagtar amach treoracha forlíontacha don chaibidlíocht,

–  ag féachaint do Chinneadh (AE, Euratom) 2020/266 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020 lena n-údaraítear tús a chur le caibidlíocht le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann maidir le comhaontú nua comhpháirtíochta(1) agus na treoracha a leagtar amach san aguisín a ghabhann leis maidir le comhpháirtíocht nua a chaibidliú le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, a cuireadh ar fáil don phobal,

–  ag féachaint do rúin uaithi an 5 Aibreán 2017 maidir leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe tar éis fógra a fháil uaithi go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar as an Aontas Eorpach(2), an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe(3), an 13 Nollaig 2017 maidir le staid na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe(4), an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe(5), an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le staid na caibidlíochta i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach(6), an 15 Eanáir 2020 maidir le cur chun feidhme agus faireachán na bhforálacha maidir le cearta na saoránach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar(7), agus an 12 Feabhra 2020 maidir leis an sainordú beartaithe i gcomhair caibidlíocht maidir le comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an gcaibidlíocht i gcomhair comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann(9),

–  ag féachaint do rún reachtach uaithi an 29 Eanáir 2020 ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach(10),

–  ag féachaint don Dearbhú ón gCoimisiún i gcomhair sheisiún iomlánach Pharlaimint na hEorpa an 16 Aibreán 2019,

–  ag féachaint don Chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach(11) (‘an Comhaontú um Tharraingt Siar’), agus don dearbhú polaitiúil a ghabhann leis, lena leagtar amach an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe(12) (‘an Dearbhú Polaitiúil’),

–  ag féachaint do Chinneadh (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 lena socraítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa(13),

–  Ag féachaint do bhreithiúnas an 10 Nollaig 2018 ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), Andy Wightman agus Eile v an Státrúnaí um Imeacht ón Aontas Eorpach, C-621/18, ECLI:EU:C:2018:999,

–  ag féachaint do mhionanailís ar Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa i mí na Samhna 2020 dar teideal Article 50 TEU in practice: How the EU has applied the “exit” clause [Airteagal 50 CAE: An chaoi a bhfuil an clásal ‘imeachta’ curtha i bhfeidhm ag AE],

–  ag féachaint don staidéar ó Mhárta 2021 ó Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla de Pharlaimint na hEorpa, staidéar dar teideal Interpretation and implementation of Article 50 TEU – Legal and institutional assessment [Léirmhíniú agus cur chun feidhme Airteagal 50 CAE – Measúnú dlíthiúil agus institiúideach],

–  ag féachaint do Chomhaontú Bhéal Feirste an 10 Aibreán 1998 a shínigh Rialtas na Ríochta Aontaithe, Rialtas na hÉireann agus na rannpháirtithe eile sa chaibidlíocht ilpháirtí (‘Comhaontú Aoine an Chéasta’),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,

–  ag féachaint don litir ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0357/2021),

A.  de bhrí gurb é is cuspóir don tuarascáil seo measúnú a dhéanamh ar na bealaí ina ndearnadh forálacha Airteagal 50 CAE a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, agus ar an gcaoi a ndearnadh an nós imeachta maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as AE a eagrú agus a chur i gcrích faoin Airteagal sin, lena n-áirítear na ceachtanna foghlamtha maidir le dlí an Aontais agus feidhmiú an Aontais Eorpaigh;

B.  de bhrí go rannchuidíonn machnamh ar chur chun feidhme Airteagal 50 CAE le tuiscint níos fearr a fháil ar phríomhghnéithe chéannacht bhunreachtúil an Aontais, ar na prionsabail atá mar bhonn faoi lánpháirtiú na hEorpa, ar a thábhachtaí atá an uathriail chinnteoireachta agus ar an gceart chun rialaithe, ar gnéithe iad a chuirfear san áireamh in athruithe conartha amach anseo;

C.  de bhrí gur thug Airteagal 50 CAE aghaidh ar an éiginnteacht agus an débhríocht a bhí ann cheana maidir leis an gceart tarraingt siar as an Aontas, tríd an gceart sainráite a thabhairt do na Ballstáit tarraingt siar faoi réir aon choinníollacha seachas comhlíonadh a gceanglas bunreachtúil náisiúnta féin;

D.  de bhrí go mbunaítear le hAirteagal 50 CAE, trí bhíthin foráil a dhéanamh go sainráite maidir le tarraingt siar faoi dhlí an Aontais, an t-aon nós imeachta faoina bhféadfaidh Ballstát tarraingt siar go dleathach as AE;

E.  de bhrí nach bhfuil aon rud in Airteagal 50 CAE maidir le roinnt gnéithe den nós imeachta, nó nach bhfuil sé soiléir go leor fúthu, ar gnéithe iad a tháinig chun cinn le linn don Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas;

F.  de bhrí nach bhforchuirtear le hAirteagal 50 CAE aon cheanglais foirmiúla maidir leis an bhfógra go bhfuil sé beartaithe an tAontas a fhágáil ná ar theorainn ama n cúlghairm an fhógra sin; de bhrí nach bhforáiltear go sainráite in Airteagal 50 CAE maidir le socruithe idirthréimhseacha a bheith ann;

G.  de bhrí nach sainítear in Airteagal 50 CAE ceanglais shonracha maidir leis an bhféidearthacht síneadh a chur leis an tréimhse dhá bhliain a leagtar amach faoi Airteagal 50(3) CAE, lena gceadaítear solúbthacht sa phróiseas caibidlíochta dá bhrí sin;

H.  de bhrí go ndearbhaítear le hAirteagal 50 CAE go bhfuil ballraíocht AE deonach, rud a thugann le tuiscint nach féidir iallach a chur ar Bhallstát fanacht nó imeacht; de bhrí gur cinneadh ceannasach de chuid Ballstáit é an cinneadh tarraingt siar ón Aontas, arna dhéanamh i gcomhréir le dlíchóras bunreachtúil inmheánach an stáit atá ag tarraingt siar;

I.  de bhrí go n-éilítear le prionsabal an chomhair dhílis go dtugtar fógra a luaithe a dhéantar an cinneadh chun imeachta;

J.  de bhrí, ina breithiúnas ón 10 Nollaig 2018, i gCás Andy Wightman agus Eile v an Státrúnaí um Imeacht ón Aontas Eorpach, shoiléirigh CBAE go bhfuil saoirse ag an Ballstát atá ag tarraingt siar an fógra go bhfuil sé beartaithe aige tarraingt siar as an Aontas a chúlghairm go haontaobhach tráth a bhfuil feidhm fós ag na Conarthaí i leith an Bhallstáit sin;

K.  de bhrí nach bhfuil Airteagal 50 CAE soiléir maidir le codanna d’Airteagal 218 CFAE a chur i bhfeidhm, seachas mír 3 de;

L.  de bhrí gur urramaíodh an toil mar a chuir muintir na Breataine in iúl í chun an tAontas Eorpach a fhágáil i gcomhréir le luachanna na saoirse agus an daonlathais, dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, in ainneoin gur vótáil tromlach na saoránach in Albain agus i dTuaisceart Éireann ar son fanachta;

M.  de bhrí nach raibh líon leordhóthanach de fheachtais múscailte feasachta ag gabháil le reifreann na Ríochta Aontaithe, mar nár tugadh léargas soiléir riamh do shaoránaigh ar an gcaidreamh a bheadh ag a dtír le AE nuair a d’fhág sí é, agus gur minic a cuireadh amú iad faoi na himpleachtaí a bheadh ag an tarraingt siar, go háirithe maidir le Tuaisceart Éireann, agus ar an gcaoi sin nochtadh na rioscaí agus na dúshláin a bhaineann leis an mífhaisnéis;

N.  de bhrí go dtugann Airteagal 50 CAE an inniúlacht chothrománach eisceachtúil don Aontas chun comhaontú a chaibidliú lena gcumhdaítear na hábhair uile is gá chun a shocrú go dtarraingeofaí siar Ballstát;

O.  de bhrí go raibh ról institiúidí AE uile i nós imeachta na tarraingthe siar ríthábhachtach i léirmhíniú agus i gcur chun feidhme fhorálacha Airteagal 50 CAE agus maidir le suaitheadh institiúideach a íoslaghdú, aontacht na mBallstát a choimirciú agus tarraingt siar ordúil a áirithiú;

P.  de bhrí gur cruthaíodh gurb é an cur chuige dhá chéim a ghlac Michel Barnier, an Príomh-Idirbheartaí thar ceann an Choimisiúin, an cur chuige ceart;

Q.  de bhrí, faoi CAE, go bhfuil ionadaíocht dhíreach ag na saoránaigh ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa; de bhrí go bhfuil an Pharlaimint mar chuid den nós imeachta cinnteoireachta faoi Airteagal 50 CAE agus rialú polaitiúil ginearálta á fheidhmiú aici, dá bhforáiltear in Airteagal 14 CAE, agus dá bhrí sin, ba cheart di a bheith rannpháirteach go dlúth sa chaibidlíocht um tharraingt siar chun a bheith in ann a toiliú a thabhairt faoi Airteagal 50 CAE;

R.  de bhrí, sa nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 50 CAE agus mar a dhéantar i ngach cás de chomhaontuithe idirnáisiúnta arna gcaibidil ag úsáid an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 218(3) CFAE, go bhfuil ról imeallach ag an bParlaimint atá teoranta do chomhaontú féideartha um tharraingt siar a fhormheas; de bhrí, d’ainneoin na srianta sin, go raibh an Pharlaimint gníomhach i bpróiseas na tarraingthe siar ón tús agus go bhfuil gealltanas tugtha aici chun leasanna shaoránaigh AE a chosaint agus sláine an Aontais Eorpaigh a chosaint ar fud an phróisis ar fad;

S.  de bhrí go raibh ról ríthábhachtach ag an bParlaimint ionadaíocht a dhéanamh ar shaoránaigh uile an Aontais, ó AE-27 agus ón Ríocht Aontaithe araon, le linn an phróisis;

T.  de bhrí go raibh tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa dá bhforáiltear in Airteagal 3(2) de Threoir (AE) 2018/937 ón gComhairle Eorpach;

U.  de bhrí gur tháinig éiginnteacht as an bpróiseas tarraingthe siar agus gur dúshlán é ní hamháin do AE agus don Bhallstát atá ag tarraingt siar, ach freisin, agus níos mó fiú, do na saoránaigh agus na heintitis is mó a ndéantar difear díreach dóibh; de bhrí go bhfuil na costais eacnamaíocha agus shóisialta a bhaineann leis an éiginnteacht sin an-ard agus gur chuir siad brú freisin ar an gcaidreamh polaitiúil idir AE agus an Ballstát atá ag tarraingt siar; de bhrí go bhféadfaí cinnteacht níos fearr a bhaint amach le linn an phróisis deighilte trína éileamh, i measc nithe eile, go mbeadh treoirphlean den chaidreamh sa todhchaí atá ar intinn ag an mBallstát arna tharraingt siar ag gabháil leis an bhfógra maidir leis an gcinneadh tarraingt siar;

V.  de bhrí go bhfuil gach iarracht déanta ag institiúidí an Aontais gan próiseas na tarraingthe siar a pholaitiú, ach mar sin féin go bhfuil tarraingt siar faoi Airteagal 50 CAE polaitiúil mar go dtagann sé as roghanna bunúsacha maidir le ballraíocht in AE agus/nó leis an gcaidreamh le AE agus go bhfuil tionchar ag na roghanna bunúsacha sin ar an tarraingt siar sin;

W.  de bhrí gurb ionann tarraingt siar Ballstáit ón Aontas Eorpach agus suaitheadh polaitiúil, eacnamaíoch agus sóisialta ollmhór, nárbh fhéidir na hiarmhairtí diúltacha de a mhaolú ach amháin go páirteach trí shocruithe um tharraingt siar atá cuíphleanáilte agus caibidlithe go hordúil;

X.  de bhrí, sa Dearbhú Polaitiúil ina leagtar amach creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus RA, go mbunaítear na paraiméadair do chomhpháirtíocht uaillmhianach, leathan, dhomhain agus sholúbtha lena gcuimsítear an beartas eachtrach, slándáil, cosaint, agus na réimsí comhair ina n-iomláine;

Y.  de bhrí tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um tharraingt siar, is ar bhonn Airteagal 49 CAE an t-aon bealach dleathach le hath-aontachas leis an Aontas;

Z.  de bhrí go leagann Airteagal 8 CAE béim ar an gcaidreamh speisialta idir AE agus a thíortha comharsanacha;

AA.  de bhrí, de réir Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla freagrach as na hiarmhairtí institiúideacha a ghabhann le tarraingt siar as an Aontas;

Próiseas gan fasach

1.  á thabhairt chun suntais gur próiseas gan fasach agus thar a bheith íogair don Aontas Eorpach é tarraingt siar ceann dá Bhallstáit;

2.  á aithint, ach mar sin féin, á mheas gur cúis aiféala é tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach;

3.  ag cur béim ar an bhfíoras nár chuir agus nach gcuireann suntas stairiúil tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar bhallraíocht AE an tAontas ar atreo óna phróiseas lánpháirtithe, toisc go bhforáiltear le hAirteagal 50 CAE ráthaíochtaí maidir le dlíchóras an Aontais agus go gcosnaítear leis cuspóirí bunúsacha lánpháirtiú na hEorpa;

4.  á chur i bhfios go láidir go léiríonn forálacha Airteagal 50 CAE agus an bealach ar a ndearnadh iad a léirmhíniú agus a chur chun feidhme na comhluachanna agus comhchuspóirí atá mar bhunsraith ag an Aontas agus go dtacaíonn siad leo, go háirithe an tsaoirse, an daonlathas agus an smacht reachta;

5.  á chreidiúint go bhfuil a chuspóir bainte amach ag Airteagal 50 CAE, eadhon ceart ceannasach Ballstáit tarraingt siar as an Aontas Eorpach, lena ndearbhaítear go sainráite cineál deonach na ballraíochta in AE, agus a chuspóir tarraingt siar ordúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas a áirithiú, agus lamháil do chaidreamh feabhsaithe a thógáil ina dhiaidh sin idir AE agus an Ríocht Aontaithe mar thríú tír;

Tosaíochtaí AE

6.  á mheas gur baineadh amach go ginearálta aidhmeanna Airteagal 50 CAE agus na caibidlíochta maidir le tarraingt siar leis an Ríocht Aontaithe i dtaobh idirscaradh ón Aontas a áirithiú, cobhsaíocht dhlíthiúil a sholáthar agus cur isteach a íoslaghdú, agus fís shoiléir den todhchaí a sholáthar do shaoránaigh agus d’eintitis dhlíthiúla, trí tharraingt siar ordúil a áirithiú, agus sláine agus leasanna an Aontais Eorpaigh, a chuid saoránach agus a Bhallstát á gcosaint;

7.  á mheas go raibh sé ríthábhachtach go ndéanfaí na tosaíochtaí a shainaithint go pras agus go daingean i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, agus go háirithe, cearta na milliún náisiúnach den Aontas Eorpach a chosaint sa Ríocht Aontaithe agus náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe san Aontas a ndearna an tarraingt siar difear dóibh, na himthosca speisialta a bhí ag bagairt ar oileán na hÉireann agus socrú airgeadais aonair chun an próiseas a struchtúrú agus a thionchar san Aontas a chobhsú; á mheas, áfach, gur cheart go raibh níos mó soiléireachta ann le linn na caibidlíochta maidir le socrú aon díospóidí a d’fhéadfadh eascairt as an gcomhaontú um tharraingt siar a chur i bhfeidhm, go háirithe i dtaca le ról CBAE;

8.  ag creidiúint go raibh roinnt shoiléir na gcúraimí idir na hinstitiúidí agus an cur chuige cuimsitheach agus trédhearcach nach bhfacthas cheana a ghlac an Coimisiún agus a Phríomh-Idirbheartaí, lena n-áirítear i leith na Parlaiminte, fíorthábhachtach chun comhsheasmhacht agus aontacht a choimeád laistigh de AE agus a Bhallstáit, chun tosaíochtaí agus leasanna AE a chur chun cinn sa chaibidlíocht, agus sláine dhlíchóras an Aontais a choimirciú;

9.  ag moladh na bpríomhghníomhaithe institiúideacha as an aontacht i measc na 27 mBallstát a choimirciú mar aon leis an aontacht i measc institiúidí an Aontais agus laistigh díobh, rud a thug urraim do nádúr na tarraingthe siar mar phróiseas de chuid an Aontais;

10.  á chreidiúint go raibh leasanna an Aontais faoi chosaint a bhuí leis an eagrúchán straitéiseach agus an choinníollacht idir na céimeanna éagsúla den nós imeachta; á mheabhrú, go háirithe, seicheamhú na caibidlíochta, a tosaíodh le comhaontú maidir leis na socruithe um tharraingt siar, agus a bogadh ar aghaidh ansin chun aghaidh a thabhairt ar shocruithe na hidirthréimhse agus ansin tugadh i gcrích é le comhaontú maidir le tuiscint fhoriomlán ar dhlúthchomhpháirtíocht nua idir AE agus an Ríocht Aontaithe ar bhonn dul chun cinn suntasach sa chaibidlíocht maidir le cearta na saoránach, saincheist na hÉireann agus Thuaisceart Éireann, an socrú airgeadais agus cur i bhfeidhm cuí agus fóinteach an tsínidh ar an tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 50(3) CAE;

11.  á chur in iúl gur mór aici gur tugadh tosaíocht, leis an gcaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe, do chearta na saoránach, ar ábhar mór imní í agus a fhanfaidh ina hábhar mór imní, agus gur comhaontaíodh an chaibidil seo de na socruithe um tharraingt siar sách luath sa chaibidlíocht, ós rud é gur bhain Cuid a Dó sa leagan tosaigh de dhréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar an 19 Márta 2018, a comhaontaíodh go hiomlán, le cearta saoránach, go háirithe le héifeacht dhíreach fhorálacha an Chomhaontaithe agus le dlínse CBAE i ndáil leis na forálacha ábhartha maidir le cearta na saoránach;

12.  á chur i bhfios gur shainaithin an tAontas go soiléir ó thús an phróisis gur saincheisteanna a bhain leis an Aontas ina iomláine iad na cúinsí sonracha i dtaca le hoileán na hÉireann agus an gá atá le Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint agus tionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ar Éirinn;

13.  á mheas gur chun leasa an dá pháirtí an idirthréimhse a bhfuil teorainn ama léi, ar idirthréimhse í ina gcuirtear i bhfeidhm go leanúnach tar éis na tarraingthe siar ionstraimí agus struchtúir rialála, buiséadacha, maoirseachta, breithiúnacha agus forfheidhmithe an Aontais atá ann cheana agus gur éascaíodh an chaibidlíocht maidir leis an gcaidreamh sa todhchaí agus gnóthú an chaidrimh sin;

14.  á mheabhrú gur leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Ríocht Aontaithe sa Dearbhú Polaitiúil a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, ina bhfuil forálacha soiléire arna mbunú ag an dá pháirtí maidir le comhar i réimsí an bheartais eachtraigh, na slándála agus na cosanta;

15.  á chur in iúl gur oth léi gur fhág nádúr neamhcheangailteach an Dearbhaithe Pholaitiúil na forais dlí a bheith ag an Ríocht Aontaithe gan baint a bheith aici le codanna ríthábhachtacha dá inneachar, go háirithe na codanna sin maidir leis an mbeartas eachtrach agus slándála, nach raibh mar chuid den chaibidlíocht dá bhrí sin;

An Ballstát arna tharraingt siar

16.  á chreidiúint, mar sin féin, go raibh éiginnteacht fhada ó thaobh na Ríochta Aontaithe ina saintréith den phróiseas, ó thús go deireadh na caibidlíochta, a léiríodh sa bhearna ama idir an reifreann agus an fógra maidir leis an tarraingt siar faoi Airteagal 50 CAE, i measc nithe eile; á chreidiúint go raibh iarmhairt ag an éiginnteacht sin ar shaoránaigh agus ar oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe iad siúd ar oileán na hÉireann; á mheas go gcuireadh i mbaol an dóchúlacht go mbeadh tarraingt siar rianúil ann dá má rud é gur ardaíodh an bhagairt de tharraingt siar gan mhargadh;

17.  á mheas, ina leith sin, gur suntasach iad iarmhairtí polaitiúla agus eacnamaíocha an chinnidh imeacht ón Aontas; ag creidiúint nach ndearna an Ríocht Aontaithe measúnú dáiríre agus iomlán orthu sin sular chinn sí tarraingt siar, rud a d’fhág go raibh easpa ullmhúcháin ann don nós imeachta; á chreidiúint gur beag eolas a bhí ag saoránaigh na Breataine faoi Aontas Eorpach agus nár cuireadh ar an eolas go leormhaith iad maidir le hiarmhairtí forleathana an chinnidh imeacht ón Aontas;

18.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur láimhseáladh forálacha Airteagal 50 CAE maidir le fógra a thabhairt agus síneadh a chur leis an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE ar bhealach atá solúbtha go leor chun freagairt don bhraiteoireacht agus do na neamhréireachtaí polaitiúla atá ag rialtais na Ríochta Aontaithe i ndiaidh a chéile, agus sláine an phróisis um tharraingt siar a chaomhnú agus seasamh le dlíchóras an Aontais ag an am céanna;

19.  á mheabhrú gurb é an ceart ceannasach atá ag Ballstát an cinneadh maidir le tarraingt siar agus go bhfuil sé d’oibleagáid ar an Aontas intinn an stáit sin a aithint; á thabhairt chun suntais nach sonraítear le hAirteagal 50 CAE agus nach gcuirtear, dá bhrí sin, aon srianta ar fhoirm an fhógra go bhfuil sé beartaithe ag Ballstát tarraingt siar; ag creidiúint sa chomhthéacs sin, i gcás nach n-urramaíonn Ballstát dlí AE agus/nó ina gcuireann sé in iúl go bhfuil sé ar intinn aige diúltú do na Conarthaí a chur i bhfeidhm nó do dhlínse CBAE a aithint agus a chuid breithiúnas a urramú, gurb ionann sin agus diúltú soiléir do na hoibleagáidí a bhaineann le ballraíocht AE;

20.  á chur in iúl gur próiseas de chineál casta é tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus go bhféadfadh roghanna polaitiúla an Bhallstáit atá ag tarraingt siar i ndáil leis an gcaidreamh a bheidh aige leis an Aontas amach anseo cur leis an gcastacht sin;

An tábhacht atá le tarraingt siar ordúil

21.  á chreidiúint, cé nach bhfuil an tarraingt siar ag brath ar chomhaontú idir an Ballstát atá ag tarraingt siar agus an tAontas, go léiríonn próiseas tharraingt siar na Ríochta Aontaithe a thábhachtaí atá sé comhaontú a thabhairt i gcrích maidir leis na socruithe um tharraingt siar, go háirithe d’fhonn cosaint chearta agus ionchais dhlisteanacha na saoránach a ndéantar difear dóibh;

22.  á mheas go ndearna institiúidí AE a ndícheall agus gur chomhlíon siad a n-oibleagáid chun a áirithiú go dtabharfaí comhaontú i gcrích; ag moladh na n-iarrachtaí a rinneadh chun Brexit gan mhargadh a sheachaint; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, i gcomhréir le hAirteagal 50(3) CAE, mura dtagtar ar chomhaontú, go mbeidh éifeacht leis an tarraingt siar dhá bhliain tar éis fógra a thabhairt don Chomhairle; ag cur béim ar an bhfíoras nach bhfuil aon fhorálacha in CAE chun dul i ngleic le cás gan mhargadh agus le tarraingt siar mí-ordúil;

23.  á chur i bhfios go láidir gurb amhlaidh, i bhfianaise nádúr ardchomhtháthaithe mhargadh aonair an Aontais, go n-imríonn tarraingt siar Ballstáit tionchar ar gach réimse gníomhaíochta eacnamaíche, agus go bhfuil gá le coigeartuithe dlíthiúla agus riaracháin ar leibhéil an Aontais, ar leibhéal na mBallstát agus ar an leibhéal áitiúil; á athdhearbhú a thábhachtaí atá an obair a dhéanann an Coimisiún agus na Ballstáit ar gach leibhéal den riarachán poiblí agus chun feasacht a mhúscailt agus chun saoránaigh agus an earnáil phríobháideach a ullmhú trí roinnt mhaith fógraí sonracha maidir le hullmhacht geallsealbhóirí a fhoilsiú agus trí bhearta teagmhasacha aontaobhacha agus sealadacha a ghlacadh go tráthúil chun dul i ngleic le cás gan mhargadh a bheith ann agus le tarraingt siar mí-ordúil;

24.  ag tabhairt dá haire nach sonraítear le CAE aon cheanglais shuntasacha maidir leis an gcreat don chaidreamh sa todhchaí idir an Ballstát atá ag tarraingt siar agus an tAontas agus an nasc atá aige leis na socruithe um tharraingt siar; á mheabhrú áfach, de réir Airteagal 50(2) CAE, nach mór an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an stát atá ag tarraingt siar agus an tAontas a chur san áireamh le comhaontú um tharraingt siar;

25.  ag tabhairt dá haire, i gcás tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, gur tréimhse róghearr i gcomhair tarraingt siar ordúil í an tréimhse dhá bhliain a leagtar síos in Airteagal 50(3) CAE tráth a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an mBallstát atá ag tarraingt siar ón nóiméad a fuair sé fógra maidir leis an tarraingt siar, toisc gur measadh go raibh gá le trí shíneadh a chur leis an tréimhse sin anuas ar idirthréimhse ina dhiaidh sin; á mheabhrú gur féidir an tréimhse ama sin a mhéadú i gcomhréir le hAirteagal 50(3) CAE trí shíneadh a chur léi; á mheas go lamháiltear le síneadh den sórt sin leanúint leis an gcaibidlíocht chun Brexit gan mhargadh a sheachaint; á mheabhrú, áfach, i rith na tréimhse dhá bhliain agus na síntí ama ina dhiaidh sin, go raibh ar shaoránaigh, oibreoirí eacnamaíocha, Ballstáit agus comhpháirtithe trádála ó thríú tíortha, aghaidh a thabhairt ar leibhéal éiginnteachta dlíthiúla fadaithe nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo;

26.  á thabhairt faoi deara, de bharr tarraingt siar Ballstáit, gur eascair iarmhairtí dlíthiúla gan fasach as do ghealltanais idirnáisiúnta an Aontais, go háirithe i ndáil leis an ngá a bhí leis na cuótaí ráta taraife a aontaíodh ar leibhéal na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) a chaibidliú an athuair chun an sciar cuóta a bhí in úsáid ag an mBallstát atá ag imeacht a chur san áireamh, agus ar an gcaoi sin, ag ceadú do thríú tíortha éilimh bhreise a dhéanamh ar rochtain ar an margadh; á mheas go ndearnadh bainistíocht mhaith ar chionroinnt chuótaí ráta taraife an Aontais, mar phrionsabal, le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe, ar dtús trí ghníomh reachtach inmheánach a ghlacadh lena leagtar síos sciaranna cuóta nuachionroinnte an Aontais (go háirithe i bhfoirm Rialachán (AE) 2019/216(14)) agus ansin trí obair leantach a dhéanamh air trí chaibidlíocht le tríú tíortha ar leibhéal EDT, cé nach bhfuil ann d’fhorálacha dlíthiúla ar an leibhéal sin a thugann aghaidh ar aontais custaim ag dealú ó chéile;

Solúbthacht faoi Airteagal 50 CAE

27.  á mheas go mbaintear cothromaíocht amach in Airteagal 50 CAE idir próiseas tarraingthe siar atá fónta ó thaobh an dlí de a áirithiú agus cosaint a thabhairt don tsolúbthacht pholaitiúil is gá chun oiriúnú do na himthosca sonracha; ag tabhairt dá haire, áfach, an easpa mionsonraí i bhforálacha Airteagal 50 CAE maidir leis na gnéithe seo a leanas:

   ceanglais fhoirmiúla an fhógra go bhfuil sé beartaithe an tAontas a fhágáil agus sainráiteas go bhféadfaí an fógra a chúlghairm;
   an creat iomchuí chun síneadh a chur leis an tréimhse dhá bhliain a leagtar amach faoi Airteagal 50(3) CAE, lena gceadaítear solúbthacht sa chaibidlíocht agus prionsabal an chomhair dhílis á urramú ag an am céanna,
   impleachtaí na hoibleagáide chun an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo a chur i gcuntas;
   cur i bhfeidhm fhorálacha Airteagal 218(11) CFAE, go háirithe ról Pharlaimint na hEorpa agus Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
   na socruithe idirthréimhseacha a d’fhéadfadh a bheith ann;

28.  á chur in iúl gur oth léi gur fhág tarraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas gur imigh pobal iomlán de shaoránaigh AE; á mheabhrú go raibh Parlaimint na hEorpa an-ghníomhach maidir le hidirphlé gníomhach le saoránaigh agus eagraíochtaí eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht orthu a mholadh agus a bheith páirteach ann, trí chomhairliúcháin, éisteachtaí agus chruinnithe arna n-eagrú ag coistí parlaiminteacha agus ag Grúpa Stiúrtha Brexit (BSG), a rinne iarracht imní agus ionchais na saoránach a chur in iúl le linn an phróisis um tharraingt siar; á mheas, mar sin féin, go bhféadfadh institiúidí AE níos mó a dhéanamh chun faisnéis a chur ar fáil do shaoránaigh le linn na gcéimeanna éagsúla den tarraingt siar;

29.  á chreidiúint, i bhfianaise dhothuarthacht an phróisis um tharraingt siar, gur cheart, le forálacha CAE maidir le tarraingt siar, deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do líon ollmhór saoránach AE agus saoránach an Bhallstáit atá ag imeacht a ndéanann an tarraingt siar difear dóibh, trí na cearta atá acu ar bhonn dhlí AE a chosaint agus trí chóras forfheidhmithe éifeachtach a áirithiú, gan cruthú sásraí leantacha agus feachtas faisnéise a chur as an áireamh; á chur i bhfios go láidir gur gá na saoránaigh atá buailte a chur ar an eolas, go háirithe saoránaigh leochaileacha, ar bhealach tráthúil agus leordhóthanach faoina gcearta agus faoina n-oibleagáidí maidir leis an tarraingt siar;

30.  á chreidiúint, i bhfianaise chineál an chinnidh chun imeacht as an Aontas agus a thionchair bhunúsacha ar shaoránaigh an Bhallstáit atá ag imeacht, go bhféadfadh tionól refrinn a bheith ina cosaint thábhachtach chun an cinneadh deiridh a dheimhniú; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach freisin go ndearbhóidh na saoránaigh an rogha dheiridh sin i gcás nach dtabharfar an chaibidlíocht maidir le comhaontú um tharraingt siar chun críche, agus i gcás nach mbeadh aon mhargadh ann; á mheas gur cheart gach beart is féidir a dhéanamh le linn an phróisis sin chun bréagaisnéis, cur isteach eachtrach agus neamhrialtachtaí maoinithe a sheachaint;

Ról na n-institiúidí sa phróiseas um tharraingt siar

31.  á chreidiúint gur fhreagair agus gur chloígh institiúidí an Aontais agus na Ballstáit le chéile le cur chuige comhleanúnach aontaithe lena bhforáiltear do shainmhíniú tráthúil, soiléir agus dea-struchtúrtha ar ghnéithe an phróisis um tharraingt siar, lena n-áirítear iad siúd nach sonraítear go sainráite in Airteagal 50 CAE, go háirithe cuspóirí agus prionsabail ghinearálta na caibidlíochta, inniúlachtaí an Aontais maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an tarraingt siar, le seicheamhú na caibidlíochta, le raon feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, le socruithe idirthréimhseacha an chaidrimh, agus le creat an chaidrimh a bheidh ann amach anseo;

32.  ag cur béim ar an bhfíoras go raibh ról lárnach ag an bParlaimint sa phróiseas um tharraingt siar ina iomláine agus gur rannchuidigh sí go gníomhach le straitéisí a shainaithint agus le leasanna agus tosaíochtaí AE agus a chuid saoránach a chosaint le rúin chuí-réasúnaithe, ón tréimhse ag druidim le reifreann na Ríochta Aontaithe maidir le ballraíocht AE; á mheabhrú, chuige sin, go ndearnadh rannchuidiú na Parlaiminte a struchtúrú go príomha trí BSG, a chruthaigh Comhdháil na nUachtarán an 6 Aibreán 2017, le tacaíocht agus dlúth-rannpháirtíocht ó choistí na Parlaiminte agus Chomhdháil na nUachtarán;

33.  á chur i bhfios gur imlonnadh an Pharlaimint ina hiomláine agus d’aon ghuth chun faireachán a dhéanamh ar an bpróiseas um tharraingt siar, trína comhlachtaí polaitiúla agus trína coistí araon, ar iarradh orthu, i dtréimhse luath, tionchar tharraingt siar na Ríochta Aonaithe ar na réimsí beartais agus ar an reachtaíocht laistigh dá réimsí freagrachta faoi seach a shainaithint; á athdhearbhú a thábhachtaí atá rannpháirtíocht leanúnach na gcoistí atá freagrach as beartais earnála le linn na caibidlíochta; ag moladh an obair ullmhúcháin fhada uileghabhálach a rinne na coistí chun fianaise, comhairle agus saineolas a bhailiú trí éisteachtaí, ceardlanna agus staidéir maidir leis na saincheisteanna go léir a bhaineann leis an tarraingt siar nó leis an gcaidreamh a bheidh ann amach anseo idir AE agus an Ríocht Aontaithe;

34.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go raibh ról comhiomlánaithe agus cobhsaíochta ag an gComhairle Eorpach sa phróiseas, lena n-áirítear trína treoirlínte faoi Airteagal 50(2) CAE, trí fhorálacha Airteagal 50 CAE a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear i ndáil leis na gnéithe nach bhfuil aon rud sna forálacha ina dtaobh, agus treoir pholaitiúil shoiléir a leagan síos i gcomhréir le leasanna an Aontais maidir le téarmaí caibidlíochta a shainmhíniú agus an Coimisiún a ainmniú mar idirbheartaí an Aontais;

35.  á cur i bhfios, i gcomhréir le hAirteagal 50(4) CAE, nach féidir leis an gcomhalta den Chomhairle Eorpach nó den Chomhairle a dhéanann ionadaíocht don Bhallstát atá ag tarraingt siar rannpháirt a ghlacadh i bplé na Comhairle Eorpaí nó na Comhairle nó sna cinntí a bhaineann leis an bpróiseas um tharraingt siar, fad a leanfaidh na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a toghadh sa Bhallstát atá ag tarraingt siar de bheith ag fónamh, agus a gcuid cearta agus oibleagáidí uile slán, go dtí go dtiocfaidh éifeacht leis an tarraingt siar;

36.  ag aithint chineál an chomhair idirinstitiúidigh agus na trédhearcachta nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe agus Airteagal 50 CAE á chur chun feidhme, lena n-áirítear na modhanna oibre agus na struchtúir a bhaineann leis an gcaibidlíocht, le cainéil faisnéise, le doiciméid chaibidlíochta a fhoilsiú agus le rannphairt a ghlacadh i gcruinnithe, go háirithe i gcruinnithe Sherpa agus i gcruinnithe den Chomhairle Gnóthaí Ginearálta;

37.  ag aithint ábharthacht na gcroíphrionsabail a mhol Parlaimint na hEorpa agus a thug an Chomhairle Eorpach isteach ina cuid treoirlínte idirbheartaíochta i ndiaidh a chéile, agus arb iad na croíphrionsabail seo iad, a leanas a cuireadh chun feidhme ina dhiaidh sin sa chaibidlíocht:

   cearta na saoránach a eascraíonn óna stádas mar shaoránaigh AE a chosaint;
   gníomhú chun leasa an Aontais agus a shláine bhunreachtúil agus neamhspleáchas a chinnteoireachta a chaomhnú;
   ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a choimirciú;
   cobhsaíocht airgeadais an Aontais a chaomhnú;
   cosaint a thabhairt don Bhallstáit atá ag tarraingt siar i dteachtadh a cheart uile agus i gcomhlíonadh a oibleagáidí uile a eascraíonn ó na Conarthaí, lena n-áirítear prionsabal an chomhair dhílis;
   cosaint a thabhairt don difríocht shoiléir sa stádas idir na Ballstáit agus stáit nach Ballstáit iad, mar nach féidir le stát a d’fhág an tAontas na cearta céanna a bheith aige agus atá ag Ballstát;

38.  ag leanúint de bheith ag tacú go hiomlán leis na prionsabail sin;

39.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil na prionsabail sin níos leithne ná comhthéacs Airteagal 50 CAE, toisc go bhfuil siad ina mbonn taca leis an lánpháirtíocht Eorpach agus ina bpríomhghnéithe anois d’fhéiniúlacht bhunreachtúil agus de dhlíchóras AE cé nach cuid de CAE iad;

40.  ag tabhairt dá haire, chuige sin, gur athdhearbhaigh AE agus a Bhallstáit féiniúlacht bhunreachtúil an Aontais mar thoradh ar an nós imeachta um tharraingt siar dá bhforáiltear in Airteagal 50 CAE;

Cearta agus oibleagáidí AE agus an Bhallstáit atá ag tarraingt siar

41.  á athdhearbhú, go dtí go dtiocfaidh comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm nó, ina éagmais sin, go dtí go mbeidh an tréimhse dhá bhliain nó an tréimhse le síneadh a luaitear in Airteagal 50(3) CAE caite, go leanfaidh an stát atá ag tarraingt siar de bheith ina Bhallstát, beidh na cearta uile á dteachtadh aige agus beidh sé faoi na hoibleagáidí go léir a eascraíonn as na Conarthaí gan eisceacht, lena n-áirítear prionsabal an chomhair dhílis a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE agus an oibleagáid toghcháin do Pharlaimint na hEorpa a reáchtáil, ionadaithe chuig institiúidí agus comhlachtaí an Aontais a cheapadh, lánchosaint chearta a shaoránach a áirithe agus a chuid oibleagáidí airgeadais a urramú;

Grinnscrúdú na Parlaiminte

42.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról mhaoirseacht pholaitiúil Pharlaimint na hEorpa fíor-riachtanach i gcóras daonlathach parlaiminteach agus go ráthaítear trédhearcacht agus cuntasacht pholaitiúil leis; á áitiú, ina leith sin, gur cheart na cumhachtaí parlaiminteacha maidir le céim an ghrinnscrúdaithe a ráthú agus a fheidhmiú le dóthain ama chun aon chomhaontuithe idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích, lena n-áirítear i gcás iarratas sealadach, go háirithe, má thugtar chun críche iad i gcomhthéacs tarraingt siar ón Aontas Eorpach; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, a thábhachtaí atá cur i bhfeidhm iomlán Airteagal 218 (10) CFAE maidir le sainchumais na Parlaimint i dtaca leis an tarraingt siar, ina luaitear nach mór Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas, sna céimeanna uile den nós imeachta, faoin gcaibidlíocht idir an tAontas agus tríú tíortha; á chur i bhfios go láidir nach mór don Choimisiún an Pharlaimint a choinneáil ar an eolas ar comhchéim leis an gComhairle;

43.  á chreidiúint go raibh struchtúir BSG agus Grúpa Comhordaithe na Ríocht Aontaithe araon, ar struchtúir iad a chruthaigh Parlaimint na hEorpa le linn gach céime den chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe, fíorthábhachtach maidir le hobair leantach agus rannpháirtíocht na Parlaiminte a ráthú agus maidir le trédhearcacht a áirithiú sa chaibidlíocht; á chreidiúint gur dea-shampla é cur chun feidhme Airteagal 50 CAE de chomhordú comhchoiteann idir institiúidí chun tacú le leasanna an Aontais ba cheart a chur i bhfeidhm maidir le gach caibidlíocht comhaontuithe idirnáisiúnta;

44.  á mheas, sa chomhthéacs sin, go bhfuil ról na Parlaiminte bunriachtanach chun an ghné pharlaiminteach agus dhaonlathach de nós imeachta a chosaint a mbeidh tionchar bunreachtúil agus institiúideach den sórt sin aige ar an Aontas agus ar chearta shaoránaigh an Aontais; á mheas gur cheart a ról sa mhaoirseacht pholaitiúil a choimirciú agus a fheabhsú ionas go n-áireofaí an toiliú is gá i ngach gné ábhartha den phróiseas;

45.  ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis an méid sin, cé go bhfuil próiseas Airteagal 50 CAE tugtha i gcrích agus gur tháinig an tarraingt siar ón Aontas i bhfeidhm, gur próiseas fadtéarmach é ballraíocht AE a aisiompú go hiarbhír agus an Comhaontú um Tharraingt Siar a chur chun feidhme; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, go mbeidh ról iomlán ag an bParlaimint maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar;

Saincheisteanna a bhfuil machnamh le déanamh orthu

46.  á mheas go dtugtar aghaidh in Airteagal 50 CAE ar an ngné nós imeachta de tharraingt siar Ballstáit agus go lamhálann sé réiteach na gné sin, ach nach réitíonn sé na hiarmhairtí suntasacha polaitiúla agus eacnamaíocha, agus na héifeachtaí suaiteacha a bhaineann le tarraingt siar Ballstáit as AE, ar éifeachtaí iad laistigh agus ar fud na mBallstáit agus go hidirnáisiúnta;

47.  á iarraidh an athuair go ndéanfar machnamh domhain ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, agus ar a tionchar ar thodhchaí AE; ag creidiúint gur cheart, le machnamh den sórt sin, idirphlé oscailte agus fairsingithe a áirithiú maidir leis na hathchóirithe atá de dhíth ar an Aontas chun an daonlathas agus an cumas chun freastal ar riachtanais agus ionchais na saoránach a atreisiú; á mheabhrú, chun na críche sin, próiseas machnaimh an Aontais a bhí gan fasach maidir lena bhfuil i ndán dó faoi chuimsiú na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil an tsochaí shibhialta agus ionadaithe eagraíochtaí um chearta na saoránach páirteach sa mhéid sin;

48.  á chreidiúint gurb é freagracht agus ról an Aontais agus a Bhallstát níos mó a dhéanamh chun próiseas lánpháirtíochta na hEorpa a chaomhnú, chun luachanna agus prionsabail Eorpacha a chosaint, lena n-áirítear prionsabal an chomhair dhílis, agus chun tarraingt siar eile ón Aontas a sheachaint; á chur in iúl gurb oth léi, sa chomhthéacs sin, srianadh agus rannpháirtíocht theoranta Pharlaimint na hEorpa agus a coistí roimh an reifreann sa Ríocht Aontaithe, a d’fhág saoránaigh na Ríochta Aontaithe, a bhí ina saoránaigh den Aontas ag an am, gan rochtain iomlán a bheith acu ar fhaisnéis maidir le feidhmiú AE agus na himpleachtaí a bheadh ag an tarraingt siar; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart coimircí a bhunú chun a áirithiú go gceadófaí do na saoránaigh lena mbaineann cinneadh eolasach a dhéanamh trí dhíospóireacht phoiblí sula dtabharfadh Ballstát faoi Airteagal 50 CAE a thionscnamh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an Aontas Eorpach faisnéis fhorleathan a sholáthar go comhsheasmhach do shaoránaigh AE maidir le feidhmiú an Aontais Eorpaigh, a réimsí gníomhaíochta, a phróisis chinnteoireachta, cearta shaoránaigh AE agus na hiarmhairtí a bhaineann le AE a fhágáil; á mheas, chun na críche sin, go dtugtar deis leis an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa d’idirphlé feabhsaithe leis na saoránaigh agus leis an tsochaí shibhialta maidir leis an Aontas Eorpach agus conas ba cheart é a fhorbairt; á mholadh don Choimisiún togra a chur chun cinn lena gceadófar do pháirtithe polaitiúla Eorpacha maoiniú a dhéanamh ar fheachtais reifrinn a bhaineann le cur chun feidhme CAE nó CFAE;

o
o   o

49.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 58, 27.2.2020, lch. 53.
(2) IO C 298, 23.8.2018, lch. 24.
(3) IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.
(4) IO C 369, 11.10.2018, lch. 32.
(5) IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.
(6) IO C 171, 6.5.2021, lch. 2.
(7) IO C 270, 7.7.2021, lch. 21.
(8) IO C 294, 23.7.2021, lch. 18.
(9) IO C 362, 8.9.2021, lch. 90.
(10) IO C 331, 17.8.2021, lch. 38.
(11) IO L 29, 31.1.2020, lch. 7.
(12) IO C 34, 31.1.2020, lch. 1.
(13) IO L 165 I, 2.7.2018, lch. 1.
(14) IO L 38, 8.2.2019, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 4 Bealtaine 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais