Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 16 Feabhra 2022 ar an Eoraip a neartú sa chomhrac in aghaidh na hailse – i dtreo straitéis chuimsitheach agus chomhordaithe (2020/2267(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do chinneadh uaithi an 18 Meitheamh 2020 maidir le coiste speisialta um shárú na hailse a chur ar bun, agus lena sainítear a fhreagrachtaí, a líon comhaltaí agus a théarma oifige(1),
– ag féachaint do dhoiciméad oibre an Choiste Speisialta um Shárú na hAilse an 27 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Inputs of the Special Committee on Beating Cancer (BECA) to influence the future Europe’s Beating Cancer Plan [Ionchuir an Choiste Speisialta um Shárú na hAilse (BECA) chun tionchar a imirt ar Phlean Sáraithe Ailse na hEorpa a bheidh ann amach anseo](2),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Feabhra 2021 maidir le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa (COM(2021)0044),
– ag féachaint do Chlár Réime AE um Thaighde agus Nuálaíocht 2021-2027 (Fís Eorpach)(3) agus do Mhisean tiomnaithe an chláir Fís Eorpach maidir le hAilse(4),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint do chonclúidí na Comhairle an 15 Meitheamh 2021 maidir le rochtain ar chógais agus ar fheistí leighis le haghaidh Aontas níos láidre agus níos athléimní(5),
– ag féachaint do na treoirleabhair a forbraíodh faoi na Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha maidir le hailse – An Chomhpháirtíocht Eorpach um Ghníomhaíocht in aghaidh na hAilse (EPAAC), An Ghníomhaíocht Chomhpháirteach um Rialú Ailse (CanCon), An Chomhpháirtíocht Nuálach um Ghníomhaíocht in aghaidh na hAilse (iPAAC) – agus Clár Oibre 2030 maidir le hAilse Neamhchoitianta arna bhunú faoin nGníomhaíocht Chomhpháirteach maidir le hAilsí Neamhchoitianta (JARC),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 maidir le Limistéar Eorpach Taighde (LET) nua do Thaighde agus Nuálaíocht (COM(2020)0628),
– ag féachaint do Mholadh 2003/878/CE ón gComhairle an 2 Nollaig 2003 maidir le scagthástáil ailse(6),
– ag féachaint do thuarascáil na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse (IARC) ó mhí na Bealtaine 2017 ar chur chun feidhme an Molta ón gComhairle maidir le scagthástáil ailse(7),
– ag féachaint do na treoirlínte Eorpacha maidir le dearbhú cáilíochta i scagthástáil agus i diagnóisiú le haghaidh ailse chíche, ailse cheirbheacs agus ailse cholaireicteach,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Bealtaine 2020 dar teideal A Farm to Fork Strategy for a fair, healthy and environmentally-friendly food system [Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc le haghaidh córas bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol] (COM(2020)0381),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meitheamh 2021 ar chreat straitéiseach AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair] (2021-2027) (COM(2021)0323),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 25 Samhain 2020 maidir leis an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip (COM(2020)0761),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal Chemicals Strategy for Sustainability. Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht – i dTreo Timpeallacht Saor ó Thocsainí] (COM(2020)0667),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021 dar teideal Pathway to a Healthy Planet for All – EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil’ [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách - Plean Gníomhaíochta AE: I dtreo Truailliú Nialasach don Aeir, d’Uisce agus don Ithir] (COM(2021)0400),
– ag féachaint do Threoir 2004/37/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair (an Treoir maidir le Carcanaiginí agus Só-ghineacha – CMD)(8), lena n-áirítear na trí threoir leasaitheacha agus an togra ón gCoimisiún don cheathrú treoir leasaitheach (COM(2020)0571),
– ag féachaint do Threoir 98/24/CE ón gComhairle an 7 Aibreán 1998 maidir le sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le hoibreáin cheimiceacha ar an láthair oibre(9),
– ag féachaint do thuarascáil achoimre chomhairliúcháin phoiblí a Coiste Speisialta um Shárú na hAilse an 19 Aibreán 2021 dar teideal ‘The impact of the COVID-19 pandemic on cancer prevention, health services, cancer patients and research: lessons from a public health crisis [Tionchar phaindéim COVID-19 ar chosc ailse, seirbhísí sláinte, othair ailse agus taighde: ceachtanna ó ghéarchéim sláinte poiblí],
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 dar teideal Building a European Health Union – preparedness and resilience [Aontas Sláinte Eorpach a thógáil - ullmhacht agus athléimneacht] (COM(2020)0724) agus do na tograí gaolmhara ón gCoimisiúin maidir le rialacháin ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Samhain 2020 maidir le bagairtí trasteorann tromchúiseacha ar shláinte (COM(2020)0727), maidir le ról treisithe don Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach i leith ullmhacht i gcomhair géarchéimeanna agus bainistiú géarchéimeanna le haghaidh táirgí íocshláinte agus feistí leighis (COM(2020)0725), agus na comhaontuithe sealadacha gaolmhara a bhaineann leis na rialacháin sin, agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 851/2004 lena mbunaítear Lárionad Eorpach um ghalair a chosc agus a rialú (COM(2020)0726),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027(10),
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE (COM(2018)0051), agus don chomhaontú a bhaineann leis sin,
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine, agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/20/CE(11) (an Rialachán maidir le Trialacha Cliniciúla) agus don Chóras Faisnéise maidir le Trialacha Cliniciúla a bunaíodh i gcomhréir leis an rialachán sin,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach(12),
– ag féachaint do Thuarascáil Uimh. 21/2019 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil dar teideal Healthy environment, healthy lives: how the environment influences health and well-being in Europe [Comhshaol sláintiúil, saol sláintiúil: An tionchar atá ag an gcomhshaol ar an tsláinte agus ar an bhfolláine san Eoraip](13),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 9 Meitheamh 2021 maidir le Plean Sáraithe Ailse na hEorpa(14),
– ag féachaint do chonclúidí agus do mholtaí an staidéir a ullmhaíodh don Phainéal um Thodhchaí na hEolaíochta agus na Teicneolaíochta (STOA) i mí Iúil 2021 dar teideal The health impact of 5G [Tionchar sláinte 5G](15),
– ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, go háirithe SDG 3 maidir le sláinte agus dea-bhail,
– ag féachaint don cheathrú heagrán den Chód Eorpach in aghaidh Ailse(16),
– ag féachaint don Chód Eorpach um Chleachtas Ailse(17),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 dar teideal EU strategy on the rights of the child [Straitéis AE maidir le cearta an linbh] (COM(2021)0142),
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre ón gCoimisiún an 19 Iúil 2018 maidir le VEID/SEIF, heipitíteas víreasach agus eitinn san Aontas Eorpach agus i dtíortha comharsanachta a chomhrac – An staid mar atá, ionstraimí beartais agus dea-chleachtais (SWD(2018)0387),
– ag féachaint don tuarascáil ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) in 2020, dar teideal Alcohol and cancer in the WHO European Region: An appeal for better prevention [Alcól agus ailse i Réigiún Eorpach EDS: Achomharc chun cosc níos fearr a dhéanamh](18),
– ag féachaint do ghníomhaíocht agus do chonclúidí an ghrúpa leasa uilepháirtí FPEnna i gcoinne Ailse (MAC),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(19),
– ag féachaint do rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Márta 2017 maidir leis na roghanna atá ag AE ó thaobh rochtain ar tháirgí íocshláinte a fheabhsú(20),
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 maidir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht(21),
– ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2019 maidir le cur chun feidhme na dTreorach maidir le Cúram Sláinte Trasteorann(22),
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2019 maidir le nós imeachta údarúcháin an Aontais maidir le lotnaidicídí(23),
– ag féachaint do rún uaithi an 10 Iúil 2020 ar straitéis sláinte poiblí an Aontais don ré i ndiaidh COVID-19(24),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 maidir leis an nganntanas táirgí íocshláinte – conas déileáil le fadhb atá ag teacht chun cinn(25),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2016 maidir leis an rialachán maidir le cógais leighis phéidiatraiceacha(26) agus don mheasúnú tionchair tosaigh ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú ar reachtaíocht AE maidir le cógais leighis do leanaí agus do ghalair neamhchoitianta,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil óna Coiste Speisialta um Shárú na hAilse (A9-0001/2022),
A. de bhrí gur cheart go bhfreagródh Plean Sáraithe Ailse na hEorpa (‘an Plean’) go héifeachtach don éileamh ar dhul chun cinn ó theaghlaigh agus ó ghairmithe sláinte i dtaca leis an 1,3 milliún duine a fhaigheann bás de dheasca ailse gach bliain san Eoraip, lena n-áirítear 6 000 leanbh agus duine óg, do riachtanais ríthábhachtacha na n-othar a bhfuil diagnóisiú tráthúla, agus cóireálacha agus cúram éifeachtúil, nuálach, inrochtana agus inacmhainne ag teastáil uathu faoi láthair don ailse agus d’aimhréidheanna agus comhghalrachtaí a bhaineann le hailse, do na hionchais dhlisteanacha atá ag níos mó ná 12 mhilliún marthanóir ailse agus a dteaghlaigh a bhfuil orthu dul i ngleic leis an ‘ngnáthshaol’, do thoil shoiléir na nglúnta atá le teacht a bheidh le cosaint ar bhagairtí sláinte agus fachtóirí riosca, agus d’imní na rialtas a chaithfidh aghaidh a thabhairt ar ualach eacnamaíoch agus sóisialta atá ag dul i méid mar gheall ar ailse agus na cóireálacha gaolmhara a bhaineann léi; de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag gníomhaíochtaí an Aontais sa chomhrac in aghaidh ailse ráta marthanais na n-othar ailse a mhéadú cúig bliana;
B. de bhrí gur lú ná 10 % de dhaonra an domhain an Eoraip, ach go bhfuil an ceathrú cuid de chásanna uile na hailse inti, agus de bhrí gurb í an ailse an dara cúis is mó báis san Eoraip i ndiaidh galair chardashoithíocha agus an chéad chúis is mó báis de dheasca galair i leanaí níos sine ná bliain amháin d’aois; de bhrí go n-éilítear aird leanúnach agus tacaíocht ar bhonn uilíoch chun freastal ar riachtanais shonracha leanaí agus déagóirí a bhfuil ailse orthu, agus gur cheart an oinceolaíocht phéidiatraiceach a idirdhealú ó bhainistiú ailse i measc daoine fásta; de bhrí, cé go bhfuil laghdú beag tagtha ar rátaí básmhaireachta a bhuí le feachtais scagthástála, diagnóisic fheabhsaithe agus nuálaíocht theiripeach, go bhfuil líon na gcásanna diagnóisithe ag dul i méid mar sin féin, go háirithe mar gheall ar ionchas saoil níos faide a bheith ann, rud a fhágann go bhfuil daonra ag dul in aois; de bhrí go dtarlaíonn beagnach trí cheathrú de na diagnóisí ailse in AE i ndaoine atá 60 bliain d’aois nó níos sine;
C. de bhrí go léiríonn ailse an éagóir agus éagothromas sóisialta sa chúram sláinte mar go bhfuil na difríochtaí sna rátaí marthanais ailse ar fud Bhallstáit AE os cionn 25 %; de bhrí nach bhfuil saoránaigh AE cothrom ó thaobh coisc de, go bhfuil cosaint éagothrom acu ar fhachtóirí riosca, go bhfuil oideachas éagothrom orthu maidir le hiompraíocht shláintiúil agus nach bhfuil an trealamh céanna acu i gcoinne mífhaisnéise; de bhrí nach bhfuil saoránaigh AE cothrom ó thaobh rochtain thráthúil ar chóireáil agus cúram inacmhainne agus ar ardcháilíocht ó Bhallstát amháin go Ballstát eile agus ó réigiún go réigiún eile in aon tír ar leith; de bhrí go bhfuil éagsúlachtaí móra ann ar fud na hEorpa maidir le rochtain ar fhoirne leighis atá iomlán ildisciplíneach agus ilghairmiúil; de bhrí tar éis téarnamh nó nuair a bhíonn maolú ann ón tinneas, go bhfuil saoránaigh AE neamhchothrom ina gcumas filleadh ar an obair, a bheith neamhspleách ó thaobh airgeadais agus filleadh ar shaol suaimhneach teaghlaigh, sóisialta agus mothúchánach; de bhrí gur bearta tábhachtacha agus cúiseanna éagothromaíochtaí agus éagothromas iad aicme agus inscne ag gach céim den ghalar;
D. de bhrí gur bunaíodh beartais shonracha náisiúnta nó réigiúnacha ailse i bhformhór na mBallstát, a bhfuil a misin, a n-acmhainneachtaí agus a mbuiséid ilchineálach; de bhrí go bhfuil roinnt réigiún tagtha chun bheith ina moil sa chomhrac in aghaidh na hailse, le saineolas ar cheart a roinnt ar fud an Aontais;
E. de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an bPlean, ní hamháin dul i ngleic le saincheist ríthábhachtach maidir leis an tsláinte phoiblí agus cabhrú le hothair maireachtáil níos faide agus níos fearr, ach gur cheart go gcuirfí tús leis freisin chun éagothromaíochtaí agus éagothromais sláinte a laghdú agus chun ualach sóisialta agus eacnamaíoch an ghalair a laghdú; de bhrí gur cheart don Choimisiún cur chuige atá dírithe ar an othar agus atá bunaithe ar chearta na saoránach a chur chun cinn trí bhreithnithe maidir le ceartas, inbhuanaitheacht, cothromas, dlúthpháirtíocht, nuálaíocht agus comhoibriú a chomhtháthú ag croílár an Phlean, lena n-áirítear a ‘thionscnamh chun cabhrú le leanaí a bhfuil ailse orthu’;
F. de bhrí gurb í paindéim COVID-19 a bhí ina chúis, agus atá fós ina cúis, le mórshuaitheadh ar chláir scagthástála ailse, ar chóireáil, ar thaighde, agus ar sheirbhísí marthanóireachta agus leantacha, agus an tionchar atá aige sin ar othair ailse, ar theaghlaigh agus ar ghairmithe cúraim sláinte; de bhrí gur chruthaigh an paindéim riachtanas práinneach seirbhísí ailse a atógáil i dtíortha uile na hEorpa agus aghaidh a thabhairt ar riaráistí i ngníomhaíochtaí coisctheacha, agus i luathbhrath agus luathdhiagnóisiú, ar ábhar mór buartha iad; de bhrí go meastar nach ndearnadh 100 milliún scagthástáil san Eoraip le linn na paindéime agus nach ndearnadh 1 mhilliún cás ailse a dhiagnóisiú; de bhrí nach bhfuair othar amháin ailse as gach cúigear an chóireáil mháinliachta nó cheimiteiripe a bhí de dhíth orthu in am(27); de bhrí gur ghabh gairmithe cúraim sláinte ualach na paindéime orthu féin agus go raibh orthu déileáil le timpeallacht oibre an-strusmhar;
G. de bhrí go n-áirítear le litearthacht sláinte eolas agus scileanna a bhaint amach, feasacht ar chearta agus muinín chun gníomhaíocht a dhéanamh chun sláinte phearsanta agus phobail a fheabhsú; de bhrí gur cheart, le gníomhaíochtaí chun litearthacht sláinte a chur chun cinn faoin bPlean, díriú ar othair agus saoránaigh a chumhachtú trí uirlisí cumarsáide úrscothacha, agus freisin trí shaineolas a lorg ó eagraíochtaí othar agus eagraíochtaí neamhrialtasacha eile atá ag obair chun litearthacht sláinte a scaipeadh agus a leathnú le blianta anuas, agus trí chomhoibriú leo; de bhrí, chun othair a chumhachtú, gur gá cúnamh a thabhairt dóibh chun a gcearta a thuiscint; de bhrí gur cheart daoine atá faoi eisiamh agus riachtanais daoine faoi mhíchumas foghlama a chur san áireamh sna hiarrachtaí ar fad chun litearthacht sláinte a mhéadú, lena n-áirítear litearthacht dhigiteach; de bhrí gur cheart éagothromaíochtaí maidir le heolas ar theicneolaíochtaí TF, maidir le rochtain orthu agus maidir lena n-úsáid, mar aon le difríochtaí réigiúnacha, náisiúnta, sóisialta agus eacnamaíocha, a chur san áireamh; de bhrí gur cheart an fhaisnéis is gá a bheith ar fáil i dteangacha coitianta nach teangacha de chuid an Aontais iad chun dul i dteagmháil le himircigh, le daoine nuathagtha agus le grúpaí leochaileacha eile agus le pobail mhionlaigh; de bhrí, agus iarrachtaí á ndéanamh chun litearthacht sláinte a fheabhsú, gur cheart go mbeadh sé de dhualgas freisin cúnamh a thabhairt do shaoránaigh chun mífhaisnéis a shainaithint, agus aird á tabhairt ar na tionchair dhíobhálacha a d’fhéadfadh a bheith aige sin i ngach réimse de chúram ailse, lena n-áirítear cosc, vacsaíniú agus cóireáil;
H. de bhrí gur féidir tuairim is 40 % de chásanna ailse in AE a chosc; de bhrí go bhfuil cosc níos éifeachtaí ná aon leigheas, chomh maith le bheith ina straitéis fhadtéarmach is cost-éifeachtúla chun ailse a rialú; de bhrí gur cheart aghaidh a thabhairt sa Phlean ar na príomhthosca riosca agus ar na tosca sóisialta ailse; de bhrí go bhfuil leibhéal AE ríthábhachtach maidir le cosc a chur ar ailse toisc go bhfuil inniúlachtaí suntasacha aige a mbíonn tionchar acu ar an gcuid is mó de na fachtóirí riosca a bhaineann le hailse;
I. de bhrí, de réir Thuarascáil Uimh. 21/2019 ón nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, gurb í ailse an galar neamhthógálach is mó atá inchurtha i leith an chomhshaoil, agus gurbh é an comhshaol ba chúis le níos mó ná 250 000 bás de dheasca ailse in 2016 as 32 thír Eorpacha ardioncaim; de bhrí gur shainaithin an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil truailliú an aeir chomhthimpeallaigh, ceimiceáin, dóchán breosla laistigh agus radaíocht mar fhachtóirí riosca comhshaoil a bhaineann le hailse;
J. de bhrí gurb é truailliú aeir an príomhchúis báis, lena mbaineann truailleáin ó réimse leathan foinsí, lena n-áirítear fuinneamh, iompar, talmhaíocht agus tionscal, a chuireann le 400 000 bás anabaí in aghaidh na bliana, lena n-áirítear bás ó ailse scamhóg, galar croí agus strócanna;
K. de bhrí go moltar sa teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le comhar neartaithe in aghaidh galair is féidir a chosc le vacsaín (COM(2018)0245) treoir AE a fhorbairt chun córais chuimsitheacha leictreonacha faisnéise maidir le himdhíonadh a bhunú ar an leibhéal náisiúnta chun faireachán éifeachtach a dhéanamh ar chláir imdhíonta; de bhrí gur cheart an méid sin a dhéanamh agus na rialacha cosanta sonraí á gcomhlíonadh go hiomlán; de bhrí gur ionfhabhtú gnéas-tarchurtha é papalómaivíreas daonna (HPV) a bhaineann le beagnach 5 % de na hailse uile i mban agus i bhfear ar fud an domhain, eadhon ailse cheirbheacs agus bhéalfharaingeach, ach freisin ailsí anasacha, péinis, faighne agus pite; de bhrí gur gá spriocanna um vacsaíniú HPV do chailíní a bhaint amach chomh maith le scagthástáil eagraithe ailse ceirbheacs ar ardcháilíocht a bhunú chun spriocanna 2030 EDS a bhaint amach maidir le hailse ceirbheacs a dhíothú mar fhadhb sláinte poiblí; de bhrí go bhfuil rátaí vacsaínithe HPV íseal ar fud na mBallstát, rud atá ina chúis imní; de bhrí, ar an drochuair, go bhfuil neamhréitigh mhóra i gcumhdach vacsaínithe idir na Ballstáit, ó níos lú ná 30 % go dtí níos mó ná 70 % (agus an leibhéal is gá den díolúine daonra ag 70 %); de bhrí gurb é Helicobacter pylori príomhchúis thógálach na hailse ar fud an domhain, i gcás adanacarcanóma gastrach neamhchairdiach go príomha;
L. de bhrí go bhfuil ailsí inchríneacha áirithe (amhail ailse toróideach, ailse chíche agus ailse uiríoch) ag dul i méid; de bhrí go bhféadfadh fo-iarmhairtí inchríneacha a bheith ag cóireálacha inchríneacha le haghaidh ailse atá spleách ar hormóin; de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí fadtéarmacha a bheith ag cóireálacha ailse amhail comhghalrachtaí inchríneacha i marthanóirí ailse; de bhrí gur fachtóir riosca aitheanta é an murtall i gcás go leor ailsí, lena n-áirítear ailsí inchríneacha; de bhrí gur eol go n-imríonn nochtadh do cheimiceáin ar suaiteoirí inchríneacha iad (EDCanna) tionchar ar theacht chun cinn an mhurtaill agus na hailse; de bhrí go gcosnaíonn EDCanna idir EUR 157 milliún agus EUR 270 billiún in aghaidh na bliana (suas le 2 % de OTI AE)(28) ar chostais chúraim sláinte agus ar an acmhainneacht tuillimh a chaill siad, mar gheall, go príomha, ar neamhoird néarafhorbartha agus mheitibileacha agus ar ailse;
M. de bhrí go bhfuil nochtadh do shubstaintí contúirteacha ag an obair freagrach as tuairim is 120 000 cás ailse a bhaineann leis an obair gach bliain, rud is cúis ina dhiaidh sin le thart ar 80 000 bás in aghaidh na bliana, arb ionann é agus 8 % de bhásanna ailse (12 % de bhásanna ailse i measc na bhfear, agus 7 % de bhásanna ailse i measc na mban); de bhrí go bhféadfadh sé a bheith deacair gaolmhaireacht chúise a bhunú, áfach, mar gheall ar thréimhsí fada aga folaigh; de bhrí go bhfuil 50 carcanaigin tosaíochta sainaitheanta ag IARC de chuid EDS agus gur léirigh sí go bhfuil oibrithe faoi lé go forleathan san Eoraip; de bhrí go ndealraítear go bhfuil formhór mór na n-ailse, arna spreagadh ag carcanaiginí ceirde ag an obair, inchoiscthe má dhéantar na carcanaiginí a rialú dá réir sin ach, faoi Threoir 2004/37/CE, níl teorainnluachanna ceangailteacha um nochtadh ceirde (OEL) ann ach do 27 de na carcanaiginí tosaíochta go dtí seo; de bhrí go bhfuil gá le tuilleadh gníomhaíochta chun ailsí ceirde a bhaineann le sealobair oíche chomh maith le radaíocht UV (d’oibrithe amuigh faoin aer) a chosc, a bhrath agus a aithint ar bhealach níos fearr;
N. de bhrí go bhféadfadh margadh saothair atá ag athrú i ngeall ar fhorbairtí déimeagrafacha, teicneolaíochtaí nua agus cineálacha nua post tionchar a bheith aige ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair; de bhrí go bhfuil níos mó oibrithe ag dul isteach in obair ardáin, obair neamhthraidisiúnta nó fostaíocht neamhthipiciúil; de bhrí go bhfuil fachtóirí amhail radaíocht, strus, eagrú na hoibre agus dálaí oibre go léir nasctha le hailse a bhaineann leis an obair(29); de bhrí go bhfuil easpa sonraí iontaofa agus inchomparáide ar leibhéal an Aontais faoi láthair maidir le nochtadh san ionad oibre d’fhachtóirí riosca ailse(30);
O. de bhrí, murab ionann agus tionóiscí san ionad oibre, ina bhféadfaí gortuithe a mheasúnú agus cúiteamh a dhámhachtain ar bhealach níos éasca, go bhféadfadh sé blianta nó na deicheanna de bhlianta a thógáil sula ndéanfar ailsí a bhaineann leis an obair a dhiagnóisiú agus sula sainaithneofar an chúis mar is ceart; de bhrí go moltar sa Mholadh ón gCoimisiún maidir le galair cheirde(31) go ndéanfadh na Ballstáit, a luaithe is féidir, an sceideal Eorpach atá leagtha amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an moladh thuasluaite a thabhairt isteach ina ndlíthe náisiúnta, ina rialacháin nó ina bhforálacha riaracháin náisiúnta maidir le galair cheirde atá faoi dhliteanas cúitimh; de bhrí go gciallaíonn na neamhionannais atá ann idir na Ballstáit sa mhéid a bhaineann leis an ráta aitheantais de ghalair cheirde go bhfuil go leor oibrithe ann nach n-aithnítear a ngalar ceirde riamh;
P. de bhrí gur gás radaighníomhach é an radón nach bhfuil dath ná boladh air, agus de réir mar atá an radón ag meath san aer, scaoileann sé radaíocht atá in ann damáiste a dhéanamh do DNA na gceall laistigh den chorp; de bhrí go bhfuil leibhéil radóin an-éagsúil i réigiúin éagsúla nó i limistéir chónaithe fiú agus go bhféadfadh sé a bheith san aer lasmuigh agus laistigh araon;
Q. de bhrí go ndearna IARC na réimsí leictreamaighnéadacha radaimhinicíochta a aicmiú in 2011 mar réimsí a d’fhéadfadh a bheith carcanaigineach i leith daoine, ar bhonn riosca méadaithe glióma a bhaineann le húsáid fón póca; de bhrí go bhfuil staidéir, a foilsíodh in 2015 agus in 2018, a léiríonn méadú suntasach (níos mó ná dúbailt) i siadaí glioblastoma thar tréimhse 20 bliana (1995-2015) i ngach aoisghrúpa, agus staidéir eile a léiríonn an riosca méadaithe de glioblastoma a bhaineann le húsáid fón póca agus fón gan sreang i ndaoine idir 18-80 bliain d’aois; de bhrí go bhfuil tuilleadh staidéar de dhíth chun na rioscaí gaolmhara sin a shuí;
R. de bhrí gur cineálacha neamhchoitianta ailse iad 24 % de na diagnóisí nua ailse, lena n-áirítear ailsí péidiatraiceacha, ar fud na hEorpa gach bliain agus gurb ionann iad agus dúshlán sláinte poiblí astu féin; de bhrí go bhfuil dúshláin roimh othair a bhfuil ailsí neamhchoitianta orthu, atá nasctha le diagnóisiú déanach nó mícheart, easpa rochtana ar theiripí agus saineolas iomchuí, easpa tuisceana ar an mbuneolaíocht, easpa indéantacht thráchtála maidir le teiripí nua a fhorbairt, líon beag bainc fíocháin ar fáil, deacrachtaí maidir le staidéir chliniciúla dhea-chumhachtaithe a dhéanamh, agus mothúcháin leithlisithe freisin;
S. de bhrí gur cheart an Plean a chur chun feidhme i ndlúthchomhar le moltaí agus gníomhaíochtaí IARC, SDGanna na Náisiún Aontaithe don tsláinte dhomhanda, lena n-áirítear an cuspóir maidir le cumhdach sláinte uilíoch a bhaint amach, moltaí agus treoirlínte EDS, comhaontuithe idirnáisiúnta sláinte lena n-áirítear Creat-Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac agus Tionscnamh Domhanda EDS um Ailse Óige, Gníomhaíochtaí Comhpháirteacha AE maidir le hAilse, agus moltaí agus treoirlínte ó shaineolaithe agus ó chomhlachais othar; de bhrí gur cheart a aithint mar thosaíocht sa Phlean dlúthpháirtíocht agus comhpháirtíocht an Aontais le tíortha ísealioncaim agus meánioncaim, lena n-áirítear iad siúd i réigiún níos leithne na hEorpa de chuid EDS;
T. de bhrí go dtugann an Ionstraim i dtaobh choinníollacha aontachais na hOstaire, na Fionlainne agus na Sualainne díolúine don tSualainn ón toirmeasc uile-Aontais ar dhíol cineálacha áirithe tobac béil;
U. de bhrí go dtugtar aiste bia shláintiúil chothromaithe ar aiste bia na Meánmhara a bhfuil ról cosanta aici i gcosc príomhúil agus tánaisteach na bpríomhghalar meathlúcháin;
V. de bhrí, cé go dtugtar aird shuntasach sa Phlean ar raon riachtanas beartais maidir le scagthástáil ailse, gur lú an tionscnamh a chuirtear ar fáil chun ailsí a bhrath go luath nach gcumhdaítear le cláir scagthástála; de bhrí go bhfuil gá, dá bhrí sin, le gníomhaíocht spriocdhírithe chun feasacht níos fearr ar chomharthaí rabhaidh ailse a chothú i measc saoránach agus gairmithe cúraim sláinte;
W. de bhrí gur mhó an méadú ar phraghsanna na gcógas ailse ná an méadú ar an gcaiteachas iomlán ar ailse, agus gur aithníodh go bhfuil cógais nua ailse atá ag teacht ar an margadh ar phraghas ard ina spreagadh tábhachtach don mhéadú ar chaiteachas ar chúram ailse; de bhrí gur aithníodh i dTuarascáil Theicniúil EDS 2018 maidir le praghsáil leigheasanna ailse agus a tionchar(32) go raibh praghsanna na gcógas ailse níos airde ná mar a bhí le haghaidh tásca eile agus go raibh na costais a bhaineann leo ag méadú ar ráta níos tapúla, rud a d’fhág easpa rochtana ar chóireáil do go leor othar ar fud an domhain agus a chuireann bac ar chumas na rialtas rochtain inacmhainne a chur ar fáil do chách;
X. de bhrí go bhféadfadh an chaoi a thugtar aghaidh ar ailse i straitéis chuimsitheach amhail an Plean Sáraithe Ailse a chuir an Coimisiún i láthair, a bheith ina samhail do ghalair neamhthógálacha eile, agus de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, go mbainfeadh othair a bhfuil galair ainsealacha eile acu tairbhe as a bhfuil bainte amach agus as prionsabail an Phlean, agus gur cheart pleananna comhchosúla a fhorbairt le haghaidh paiteolaíochtaí eile lena mbaineann ardrátaí básmhaireachta;
Y. de bhrí go bhfuil comhar idir Ballstáit, comhbheartas arna thiomáint ar leibhéal na hEorpa agus comhroinnt eolais trasteorann fíor-riachtanach chun dul chun cinn a dhéanamh i réimse na hailse; de bhrí gur ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht as cosaint sláinte agus as córais cúraim sláinte;
Z. de bhrí go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach, ildisciplíneach agus comhordaithe chun aghaidh a thabhairt ar thosca sláinte a bhaineann le hiompar, tosca bitheolaíochta, comhshaoil, tosca a bhaineann leis an obair, tosca socheacnamaíocha agus tráchtála ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach chun tacú le gníomhaíochtaí lena ndírítear ar gach gné den ailse (cosc, brath, cóireáil, cúram maolaitheach, cúram leantach do mharthanóirí agus athimeascadh) trí leas éifeachtach a bhaint as na príomhuirlisí amhail acmhainní agus cistiú leormhaith, reachtaíocht, taighde agus comhroinnt eolais; de bhrí gur léiríodh go bhfeabhsaítear cáilíocht saoil agus marthanacht fhoriomlán othar le cur chuige cóireála atá dírithe ar an othar; de bhrí go gcuireann teicneolaíochtaí nua agus an intleacht shaorga ardacmhainneacht ar fáil chun feabhas a chur ar réimse an taighde ar ailse, na bpróiseas cóireála agus cúraim;
AA. de bhrí gurb iad an taighde agus an nuálaíocht an t-aon dóchas atá againn go mbeimis in ann ailse a shárú lá éigin amach anseo; de bhrí go bhfuil gá le cistiú leanúnach agus éifeachtach chun tacú le tionscadail uaillmhianacha agus le dálaí oibre maithe agus cobhsaí do thaighdeoirí atá ag obair i réimse na hailse; de bhrí gur príomhgheallsealbhóirí iad cuideachtaí cógaisíochta, lena n-áirítear FBManna, don nuálaíocht i réimse na hailse;
AB. de bhrí gur cheart an cur chuige ‘Sláinte sna Beartais Uile’ agus ‘Aon Sláinte Amháin’ a chur chun cinn tuilleadh, agus gur cheart iarrachtaí chun ailse a chomhrac a chomhtháthú i mbeartais uile AE;
AC. de bhrí gur cheart do AE agus a Bhallstáit a gcuid fórsaí a shlógadh agus dreasachtaí leormhaithe agus buiséid inbhuanaithe a sholáthar chun go mbainfí amach an cuspóir uaillmhianach an t-ualach ailse agus bás ón ailse san Eoraip a shárú;
AD. de bhrí, dá bhrí sin, go bhféadfadh an Plean a bheith ina chéim thábhachtach i dtreo fíor-Aontais Shláinte Eorpaigh agus ina léiriú poiblí do shaoránaigh ar an rath a d’fhéadfadh a bheith ar chomhar sláinte AE;
1. á chur in iúl gur geal léi an Plean agus á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí nua a lorg idir an Plean agus Clár EU4Health, an Straitéis Chógaisíochta don Eoraip, an Straitéis Ceimiceán agus an Straitéis Tionsclaíochta Eorpach nuashonraithe; á mheas go gcuirfeadh creat cuimsitheach ailse den sórt sin le hailse a chosc, a bhrath go luath agus a leigheas; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú chun comhbheartas ailse a fhorbairt lena n-áirítear, nuair is gá, tograí le haghaidh dréacht-reachtaíochta;
A.Réimsí gníomhaíochta
I.Cosc ailse i mbeartais uile na hEorpa
2. á chreidiúint go láidir gur cheart gníomhaíochtaí coisctheacha cuimsitheacha i gcoinne na hailse, trí bhearta lena dtacaítear le díothú nó laghdú na díobhála a tharlaíonn mar gheall ar fhachtóirí riosca inmhodhnaithe, a chur chun feidhme i mbeartais agus i gcláir mhaoinithe uile na hEorpa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feachtais ardaithe feasachta phoiblí maidir le cosc ar ailse a chomhtháthú i ngach beartas ábhartha; á iarraidh ar an gCoimisiún cuspóirí an Phlean a chuíchóiriú i ngach beartas ábhartha earnála; á chreidiúint go láidir gur cheart go mbeadh gníomhaíochtaí coisctheacha bunaithe ar fhianaise; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an maoiniú le haghaidh taighde eolaíoch a mhéadú maidir le cúiseanna na hailse agus le héifeachtúlacht agus cur chun feidhme na mbeart coisctheach;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta coisctheacha éifeachtacha a cheapadh agus a chur chun feidhme ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais a bheidh bunaithe ar shaineolas eolaíoch neamhspleách, ar dhea-chleachtais agus ar cheachtanna foghlamtha, agus ar threoir chliniciúil; chuige sin, á iarraidh, go háirithe, go gcuirfí an Cód Eorpach in aghaidh Ailse (ECAC) chun feidhme chun rioscaí ailse a laghdú ar bhonn na fianaise eolaíche is déanaí, agus go ndéanfaí nuashonrú rialta ar ECAC trí thimthriall atá bunaithe ar fhaireachán agus ar mheastóireacht leanúnach;
4. á aithint gur féidir níos mó ná 40 % de na hailsí go léir a chosc trí ghníomhaíochtaí comhordaithe atá dírithe ar thosca sláinte a bhaineann le hiompar, tosca bitheolaíochta, comhshaoil, tosca a bhaineann leis an obair, tosca socheacnamaíocha agus tráchtála; á iarraidh go dtabharfaí níos mó airde ar stíl mhaireachtála shláintiúil a chothabháil chun ailse a chosc agus chun atarlú ailsí áirithe a laghdú;
5. ag tacú le haidhm an Mhisin Ailse de chuid Fís Eorpach níos mó ná 3 mhilliún bás anabaí breise a sheachaint le linn na tréimhse 2021-2030, trí dhlús a chur le dul chun cinn i gcláir chun ailse a chosc agus a rialú, a dhéanann iarracht comhdheiseanna maidir le rochtain ar na cláir sin a fháil; á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú leormhaith a leithdháileadh ar an Misean Ailse de chuid Fís Eorpach agus ar chláir ábhartha eile (amhail ‘Eolaíocht agus Beartas le haghaidh Todhchaí Shláintiúil’ – HBM4EU) chun an cuspóir sin a bhaint amach;
6. á chur in iúl gur saoth léi na héagothromaíochtaí agus na héagothromais sláinte laistigh de AE maidir le hailse a chosc; ag áitiú gur gá pobail agus daoine leochaileacha, imeallaithe agus eisiata go sóisialta agus daoine atá ina gcónaí i gceantair iargúlta (amhail i réigiúin thuaithe, réigiúin iargúlta nó réigiúin is forimeallaí i bhfad ó ionaid leighis) a shainaithint, agus aird ar leith a thabhairt orthu, chun a áirithiú go mbeidh rochtain acu ar sheirbhísí chun ailse a chosc; á mheas, chuige sin, gur gá cosc na hailse a leagan amach i gcomhthéacs an cheartais shóisialta, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le hathruithe sistéamacha trí bheartais phoiblí ar fud an daonra thar athruithe iompair an duine aonair;
7. ag aithint go bhfuil úsáid tobac ar an gcúis is mó inchoiscthe ailse san Aontas, arb í is cúis le 15-20 % de chásanna ailse san Eoraip agus an príomhfhachtóir riosca maidir le bás ailse san Eoraip (27 % de bhásanna ailse is ionann agus 700 000 bás de dheasca ailse gach bliain in AE); á mheabhrú go bhfuil difríochtaí móra ann ar fud AE ós rud é go n-athraíonn cion na gcaiteoirí tobac níos mó ná cúig oiread ó thír go tír;
8. ag tacú go láidir leis an gcuspóir ‘glúin saor ó thobac’, a leagtar amach sa Phlean, a bhfuil sé mar aidhm aige go n-úsáidfeadh níos lú ná 5 % den daonra tobac faoi 2040, i gcomparáid le 25 % sa lá atá inniu ann; ag tathant ar an gCoimisiún spriocanna eatramhacha a bhunú a ndéanfar faireachán leanúnach orthu agus a chuirfear chun cinn go leanúnach, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta, agus a thuairisceofar laistigh den Chlárlann um Éagothromaíochtaí Ailse chun na hiarrachtaí is fearr a dhéanamh chun an sprioc fhoriomlán a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú a dhéanamh ar chláir lena ndéantar éirí as caitheamh tobac a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an gcomhar idir na Ballstáit maidir leis na cleachtais is fearr agus is éifeachtaí a mhalartú chun caitheamh tobac a laghdú;
9. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Táirgí Tobac(33), ar an Treoir maidir le Cáin ar Tháirgí Tobac(34) agus ar an gcreat dlíthiúil maidir le ceannach trasteorann tobac ag daoine príobháideacha, agus ag tathant ar an gCoimisiún bearta iomchuí a dhéanamh agus tograí reachtacha a thabhairt, chun tosaigh chun an méid seo a leanas a thabhairt isteach:
(a)
méadú agus cóineasú aníos ar íosdleachtanna máil ar gach táirge tobac agus ar a bpraghas margaidh deiridh, rud a chuirfeadh feabhas ar chosc trí ghlacadh agus úsáid tobac a laghdú, go háirithe i measc na gcaiteoirí reatha, agus a choinneodh daoine óga ó thosú ar chaitheamh tobac;
(b)
ceanglas maidir le pacáistíocht chaighdeánaithe phléineáilte agus an oibleagáid rabhaidh sláinte a áireamh ar 80 % de phacáistíocht tosaigh agus chúil táirgí tobac, lena n-áirítear rabhaidh phictiúrtha; agus
(c)
forfheidhmiú géar ar an toirmeasc ar bhlastáin shaintréitheacha i dtáirge tobac chun mealladh na dtáirgí sin i leith daoine a chaitheann tobac, daoine nach gcaitheann tobac agus daoine óga a laghdú;
10. á iarraidh go ndéanfaí measúnú agus athbhreithniú ar mhodhanna tomhais a úsáidtear faoi láthair le haghaidh tarra, nicitín agus aonocsaíde carbóin i dtobac agus i dtáirgí gaolmhara, bunaithe ar thaighde eolaíoch neamhspleách a rinneadh le déanaí;
11. á iarraidh go gcuirfidh na Ballstáit na hoibleagáidí faoin Treoir maidir le Plaisteach Aon Úsáide 2019/904(35) chun feidhme ina n-iomláine i ndáil le scagairí i dtáirgí tobac ina bhfuil plaisteach iontu chun aghaidh a thabhairt ar ábhair imní faoin gcomhshaol agus faoin tsláinte a bhaineann leis na scagairí sin;
12. á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar na meastóireachtaí eolaíocha ar na rioscaí sláinte a bhaineann le toitíní leictreonacha, táirgí tobac téite agus táirgí núíosacha tobac, lena n-áirítear an measúnú ar na rioscaí a bhaineann leis na táirgí sin a úsáid i gcomparáid le táirgí eile tobac a chaitheamh, agus liosta a bhunú ar an leibhéal Eorpach de na substaintí atá sna táirgí sin agus a astaítear uathu; á mheas go bhféadfadh toitíní leictreonacha a cheadú chun ligean do chaiteoirí tobac áirithe éirí as caitheamh tobac de réir a chéile; á mheas ag an am céanna nár cheart go mbeadh toitíní leictreonacha tarraingteach do mhionaoisigh ná do dhaoine nach gcaitheann tobac; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, meastóireacht a dhéanamh, faoi chuimsiú na Treorach um Tháirgí Tobac, ar cad iad na blastáin i dtoitíní leictreonacha tarraingteach go háirithe do mhionaoisigh agus do dhaoine nach gcaitheann tobac, agus toirmeasc a mholadh orthu sin, agus thairis sin, toirmeasc a mholadh ar gach blastán saintréitheach i dtáirgí tobac téite agus i dtáirgí núíosacha tobac;
13. á iarraidh go ndéanfaí Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte maidir le Rialú Tobac (FCTC)(36) agus Prótacal ar mhaithe le Trádáil Aindleathach i dTáirgí Tobac a Dhíothú le Creat-Choinbhinsiún na hEagraíochta Domhanda Sláinte(37) a chur chun feidhme go pras agus go hiomlán, agus aird ar leith á tabhairt ar Airteagal5.3 FCTC agus na treoirlínte ann faoi bheartais sláinte poiblí a chosaint ar leasanna dílsithe an tionscail tobac; ag tathanta ar an gCoimisiún rialacha sonracha iompair a chur chun feidhme dá oifigigh uile agus dá sheirbhísigh eile agus iad ag idirghníomhú le tionscal an tobac, i gcomhréir le cinneadh an Ombudsman Eorpaigh i gCás 852/2014/LP(38);
14. ag tacú leis an togra ón gCoimisiún maidir le nuashonrú a dhéanamh ar an Moladh ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le timpeallachtaí atá saor ó chaitheamh tobac(39) chun a chumhdach a leathnú chuig táirgí atá ag teacht chun cinn, amhail toitíní leictreonacha agus táirgí tobac téite agus timpeallachtaí saor ó thobac a leathnú, lena n-áirítear spásanna amuigh faoin aer;
15. á mheabhrú go ndéanann IARC eatánól agus aicéataildéad ó mheitibileacht eatánóil i ndeochanna alcólacha a aicmiú mar charcanaigineach i leith daoine, agus gur féidir tuairim is 10 % de chásanna uile ailse i measc na bhfear agus 3 % de chásanna uile ailse i measc na mban san Eoraip a lua le hól alcóil(40); á chur i bhfios go láidir gur dá laghad an méid alcóil a óltar is ea is lú an riosca go dtiocfaidh ailse chun cinn; á chur i bhfáth gur fachtóir riosca é an t-ól díobhálach alcóil, maidir le go leor ailsí éagsúla, amhail ailse bhéalchuasa, ailse farainge, ailse larainge, ailse éasafagais, ailse ae, ailse cholaireicteach agus ailse chíche i mná; ag meabhrú an staidéir a ndearnadh EDS(41) tagairt dó ina n-aithnítear nach bhfuil aon leibhéal sábháilte d’ól alcóil ann a mhéid a bhaineann le hailse a chosc, agus á chur i bhfáth an gá atá ann é sin a chur san áireamh agus beartas maidir le hailse a chosc á cheapadh agus á chur chun feidhme(42);
16. á chur in iúl gur geal léi sprioc an Choimisiúin laghdú 10 % ar a laghad a bhaint amach ar mhí-úsáid alcóil faoi 2025; á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun an díobháil a bhaineann le halcól a laghdú agus a chosc faoi chuimsiú straitéis athbhreithnithe AE i leith alcóil(43), lena n-áirítear straitéis Eorpach maidir le gan aon alcól a bheith á ól ag mionaoisigh, ar straitéis í lena ngabhfaidh tograí reachtacha, i gcás inarb iomchuí, agus prionsabal na coimhdeachta agus reachtaíocht náisiúnta reatha maidir le teorainneacha aoise i ndáil le hól alcóil á n-urramú ag an am céanna; ag tacú le faisnéis níos fearr a thabhairt do thomhaltóirí trí fheabhas a chur ar lipéadú deochanna alcólacha chun faisnéis faoi ólachán measartha agus freagrach a áireamh iontu agus trí léiriú sainordaitheach a thabhairt isteach maidir le liosta na gcomhábhar agus faisnéis faoi chothú, agus chomh maith leis sin, trí lipéadú digiteach a thabhairt isteach; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta sonracha a dhéanamh lena ndíreofar ar ól trom agus ardriosca(44); á mheas go bhfuil sé tábhachtach mionaoisigh a chosaint ar chumarsáid tráchtála maidir le halcól a ól chomh maith le suiteáil táirgí agus urraíocht brandaí alcóil, lena n-áirítear sa timpeallacht dhigiteach, ós rud é nach mór gan fógraíocht a dhíriú go sonrach ar mhionaoisigh agus gan daoine a spreagadh le halcól a ól; á iarraidh go gcuirfí toirmeasc ar fhógraíocht alcóil agus ar urraíocht alcóil ag imeachtaí spóirt nuair is mionaoisigh is mó a théann go dtí na himeachtaí sin; á iarraidh go ndéanfaí dlúthfhaireachán ar chur chun feidhme Threoir athbhreithnithe Sheirbhísí na Meán Closamhairc(45); á iarraidh go neartófai leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha atá beartaithe cumas na mBallstát seasamh le reachtaíocht lena bhféachtar le mionaoisigh agus pobail leochaileacha eile a chosaint ó chumarsáid tráchtála le haghaidh deochanna alcólacha agus an reachtaíocht sin a fhorfheidhmiú; á mholadh go ndéanfaí cistí poiblí a leithdháileadh le haghaidh feachtais feasachta náisiúnta agus Eorpacha; ag tacú leis an athbhreithniú atá beartaithe ar reachtaíocht an Aontais maidir le cánachas ar alcól agus le ceannach trasteorann alcóil ag daoine príobháideacha agus le hathbhreithniú ar bheartais praghsála alcóil, lena n-áirítear breithniú ar chánacha ar dheochanna alcólacha a mhéadú;
17. á chur i bhfios go láidir go bhfuil tionchar suntasach ag bia ar shláinte daoine aonair, agus go léiríonn fianaise eolaíoch go mbíonn tionchair dhiúltacha ar an tsláinte ag sciartha bia ar mhéid mhíchuí a ithe agus go bhféadfadh sé an riosca go dtiocfaidh ailse chun cinn a mhéadú; á iarraidh go ndéanfaí feachtais chuimsitheacha cothaithe a fhorbairt, a bheadh i gcomhréir le Straitéis AE “ón bhfeirm go dtí an forc”;
18. á mholadh do na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar chomhairleoireacht cothaithe a chur ar fáil sa chúram sláinte príomhúil;
19. ag cur béim ar an ról atá ag aiste bia fholláin chun minicíocht agus atarlú na hailse a chosc agus a theorannú, agus á chur i bhfáth gur féidir rioscaí aonair ailse a laghdú trí níos mó plandaí, arna dtáirgeadh go hinbhuanaithe, agus níos mó bianna planda-bhunaithe, amhail torthaí agus glasraí úra, gráinní iomlána agus léagúim a ithe; ag cur béim, thairis sin, ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt ar ró-thomhaltas feola agus táirgí sárphróiseáilte, agus ar tháirgí a bhfuil leibhéal ard siúcraí, salainn agus saillte iontu; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an t-athbhreithniú a dhéanfar go luath ar scéim AE do thorthaí, glasraí agus bainne i scoileanna agus ar bheartas AE maidir le táirgí talmhaíochta a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tomhaltóirí a spreagadh agus cuidiú leo roghanna eolasacha, sláintiúla agus inbhuanaithe a dhéanamh faoi tháirgí bia trí bhíthin lipéadú cothúcháin comhchuibhithe éigeantach AE ar aghaidh an phacáiste a ghlacadh, a fhorbrófar ar bhonn fianaise eolaíoch láidir agus neamhspleách; á chur in iúl gur geal léi go ndírítear ar chothú folláin sa Ráthaíocht do Leanaí AE(46) agus á iarraidh go gcuirfí ar fáil Plean Gníomhaíochta nua AE maidir le Murtall i measc Leanaí; ag tacú le bearta fioscacha chun go mbeidh bianna úra (amhail torthaí agus glasraí, piseánaigh, léagúim agus lánghráinní) níos inacmhainne agus níos inrochtana ar an leibhéal náisiúnta, go háirithe i gcás daoine ar ioncam íseal; ag spreagadh na mBallstát beartais phraghsála a úsáid, amhail difreáil na cánach breisluacha, agus rialuithe margaíochta chun tionchar a imirt ar éileamh, ar rochtain agus ar inacmhainneacht bianna agus deochanna atá ar bheagán saillte sáithithe, tras-saillte, salainn agus siúcra; ag tacú leis na Ballstáit agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar na forálacha ábhartha chun srian a chur ar fhógraíocht deochanna milsithe agus táirgí bia próiseáilte ina bhfuil leibhéal ard saillte, salainn agus siúcra, lena n-áirítear fógraíocht ar na meáin shóisialta, agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh le haghaidh rialachán cuimsitheach uile-Aontais chun cosc a chur ar fhógraíocht den sórt sin i leith mionaoiseach;
20. á aithint go meastar go bhfuil an murtall ina fhachtóir riosca do go leor cineálacha ailse, amhail ailse cholaireicteach, dhuáin nó chíche, i measc nithe eile; á iarraidh ar na Ballstáit comhrac gníomhach a dhéanamh i gcoinne an mhurtaill trí roghanna sláintiúla cothaithe a chur ar fáil mar aon le cleachtas an spóirt, ní hamháin trí oiliúint a chur ar shaoránaigh agus iad a spreagadh na roghanna cearta a dhéanamh, ach freisin trí chláir lárnacha a áireamh sa chúram sláinte príomhúil lena gcabhraítear le hothair meáchan a chailleadh ar bhealach sláintiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis an taighde agus an nuálaíocht a bhaineann leis an murtall agus é mar aidhm acu cur síos a dhéanamh ar an tionchar atá ag tosca géiniteacha, ag an micreaflóra daonna nó ag stádas síceolaíochta, i measc nithe eile, ar mheáchan an choirp, agus féachaint ar na hidirghabhálacha is éifeachtaí;
21. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún dul i ngleic le héilleáin charcanaigineacha atá i mbia; á mheabhrú rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Deireadh Fómhair 2020(47) ina n-iarrtar dianteorainneacha dlíthiúla a leagan síos maidir le haicriolaimíd a bheith i mbia chun tomhaltóirí a chosaint go leordhóthanach, go háirithe na daoine is leochailí amhail naíonáin agus leanaí; ag tathant ar an gCoimisiún na tograí ábhartha a chur chun cinn go pras;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar iarrataí éagsúla na Parlaiminte i rún uaithi an 16 Eanáir 2019 chun nós imeachta údaraithe an Aontais maidir le lotnaidicídí a fheabhsú;
23. á iarraidh ar na Ballstáit, ar rialtais réigiúnacha agus áitiúla, ar ionadaithe na sochaí sibhialta agus ar fhostóirí cleachtadh na ngníomhaíochtaí coirp agus an spóirt ar feadh an tsaoil a chur chun cinn agus a éascú, toisc gurb eol é go gcuireann siad teorainn le minicíocht agus le hatarlú na hailse chomh maith le fadhbanna meabhairshláinte a laghdú, agus go spreagtar cuimsiú sóisialta leis; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cleachtas na gníomhaíochta coirp agus an spóirt a dhéanamh inrochtana agus cuimsitheach ó aois óg, go háirithe do ghrúpaí leochaileacha, trí bhonneagair, trealamh agus cláir phoiblí a mhaoiniú; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar ghníomhaíocht choirp a éascú d’othair atá san ospidéal má mholtar é sin go cliniciúil;
24. á chur in iúl gur geal léi feachtas ‘HealthLifestyle4all’ an Aontais lena mbaineann spóirt, gníomhaíocht choirp agus aistí bia sláintiúla, chomh maith le hearnálacha lárnacha eile, a chur chun cinn. á mholadh go gcuirfeadh scoileanna oideachas sláinte san áireamh ina gcuraclaim chun a áirithiú go bhfoghlaimeoidh mionaoisigh agus déagóirí conas stíl mhaireachtála shláintiúil a threorú agus go gcuirfí ar an eolas iad faoi ECAC, agus á iarraidh go mbeadh oideachas sláinte mar chuid lárnach de bheartais oideachais cúnaimh shóisialta;
25. ag tabhairt le fios go bhfuil radaíocht ultraivialait (UV) dofheicthe sa radaíocht ón ngrian arbh fhéidir ailse chraicinn a bheith mar thoradh uirthi; á iarraidh ar an gCoimisiún dá bhrí sin athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2006/25/CE maidir le nochtadh oibrithe do rioscaí ó oibreáin fhisiceacha (radaíocht optúil shaorga)(48) agus radaíocht ghréine a áireamh ina raon feidhme; ag tacú leis an gcosaint i gcoinne nochtadh na radaíochta UV ar leibhéal AE a neartú, go háirithe trí reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta ceirde d’oibrithe amuigh faoin aer; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin féachaint ar bhearta a bhaineann le nochtadh don radaíocht UV, lena n-áirítear ó fheistí súdaireachta saorga (gréasáin neamhnithe)(49); á chur i bhfios á thábhachtaí atá le feachtais faisnéise chun daoine a chur ar an eolas faoi na rioscaí a bhaineann le nochtadh iomarcach don ghrian agus chun iad a mhúineadh conas comharthaí rabhaidh a d’fhéadfadh a bheith ann a aithint; á iarraidh go ndéanfaí bearta sonracha chun laghdú a dhéanamh ar nochtadh mionaoiseach agus déagóirí do radaíocht UV; á iarraidh go mbeadh reachtaíocht níos déine ann maidir le húsáid leapacha gréine chun críocha cosmaideacha agus go gcuirfí cosc ar a n-úsáid ag mionaoisigh; á iarraidh ar na Ballstáit tuairisciú ar ailse craicinn meileanóma a áireamh i gclárlanna náisiúnta ailse;
26. ag aithint gur féidir 2 % d’ualach ailse na hEorpa a chur i leith radaíocht ianúcháin agus gurb é nochtadh don radón laistigh agus a táirgí meatha an dara cúis is mó le hailse scamhóg san Eoraip; ag tnúth le torthaí Chlár Taighde agus Oiliúna Euratom(50), a fheabhsóidh eolas ar nochtadh do radón, agus na frithbhearta beartaithe chun a charnadh in áitribh a laghdú; á mheabhrú go bhféadfadh radaíocht ianúcháin a bheith i dteaghlaigh phríobháideacha freisin; á mholadh don Choimisiún agus do na Ballstáit, dá bhrí sin, na réimsí criticiúla atá ann faoi láthair agus a d‘fhéadfadh a bheith ann a mhapáil ar mhaithe le freagairt go héifeachtach don bhagairt sin; á iarraidh ar an gCoimisiún cistí a leithdháileadh chun léarscáil réamhaisnéise den sórt sin a chruthú agus feachtais faisnéise a chur chun cinn don phobal chun feasacht a mhúscailt ar an ábhar sin; ag spreagadh na mBallstát a bpleananna náisiúnta a thabhairt cothrom le dáta go rialta chun nochtadh don radón a laghdú, mar a iarrtar sa Treoir maidir le Neamhchosaint ar Fhoinsí Radaighníomhacha(51) agus nuashonrú a dhéanamh ar na treoirlínte maidir le maolú radóin le haghaidh foirgníochtaí nua; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar éifeachtacht na mbeart reatha maidir le cosaint a thabhairt d’oibrithe a nochtar do radaíocht ianúcháin amhail criúnna aerlínte, oibrithe stáisiún núicléach, oibrithe i suíomhanna tionsclaíocha ábhartha agus taighdeoirí, gairmithe sláinte agus tréidlianna a oibríonn in earnálacha na raideolaíochta, na radaiteiripe nó an leighis núicléach, agus athbhreithniú a dhéanamh ar na bearta sin i gcás inar gá agus inar comhréireach;
27. á iarraidh ar an gCoimisiún taighde eolaíoch ildisciplíneach a chur chun cinn maidir le naisc a bheith ann idir réimsí leictreamaighnéadacha (EMFanna), lena n-áirítear 5G, agus ailse chun fianaise eolaíoch a bhailiú maidir le héifeachtaí fadtéarmacha EMFanna, agus chun an pobal a chur ar an eolas go tráthúil faoi thoradh na staidéar sin; á iarraidh go gcuirfí chun cinn taighde maidir le forbairt na teicneolaíochta lena laghdaítear an nochtadh radaimhinicíochta;
28. á mheas gur toisc shuntasach é an Comhaontú Glas don Eoraip chuireann le cosc na hailse san Eoraip, trí bhíthin truailliú an aeir, an bhia, an uisce, na hithreach agus nochtadh ceimiceán a laghdú; á iarraidh go ndéanfaí meastóireacht ar thionchar na mbeartas ar mhinicíocht ailse atá le comhtháthú sa Straitéis ón bhFeirm go dtí an Forc, sa Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht, agus sna Straitéisí Ceimiceacha, Truaillithe Nialasaigh agus Comhshaoil Neamhthocsainigh; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a dhéanfar go luath ar chaighdeáin AE maidir le cáilíocht an aeir agus á iarraidh ar an gCoimisiún iad a ailíniú le treoirlínte EDS dá dtagraítear i rún na Parlaiminte an 25 Márta 2021 maidir le cur chun feidhme na dTreoracha maidir le Cáilíocht an Aeir Chomhthimpeallaigh(52); á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcabhraíonn an comhbheartas talmhaíochta le feirmeoirí úsáid lotnaidicíde a laghdú; á mholadh go ndéanfaí taighde ar úsáid agus ar fhorbairt cógas atá níos sábháilte don chomhshaol, agus ag spreagadh cur chun feidhme sásraí éifeachtúla aistrithe dramhaíola lena seachnaítear truailliú an chomhshaoil, i gcomhréir le cuspóirí na Straitéise Cógaisíochta don Eoraip;
29. á chur i bhfáth gur gá an Treoir athbhreithnithe maidir le hUisce Óil(53) a chur chun feidhme go hiomlán agus an Treoir Réime maidir le hUisce a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú(54), rud a laghdóidh an tiúchan in uiscí dromchla agus screamhuisce de thruailleán áirithe a d’fhéadfadh cur le minicíocht ailse;
30. á iarraidh, go háirithe, go neartófaí na ceanglais faisnéise maidir le carcanaigineacht faoin Rialachán maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH)(55) chun gur féidir sainaithint a dhéanamh ar gach substaint charcanaigineach a mhonaraítear nó a allmhairítear, gan beann ar a méid, i gcomhréir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht, agus á iarraidh freisin go ndéanfaí ceimiceáin, lena n-áirítear EDCanna, a chlárú, a mheas, a údarú agus a shrianadh faoi Rialachán REACH, le bheith déanta i gcomhar le measúnuithe IARC agus EDS; á chur in iúl gur geal léi an tiomantas atá tugtha sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuanaitheacht an cur chuige cineálach maidir le bainistiú riosca a leathnú chun a áirithiú nach mbeidh ceimiceáin i dtáirgí tomhaltais arb iad is cúis le hailsí, sócháin ghéinte, a mbíonn tionchar acu ar an gcóras atáirgthe nó ar an gcóras inchríneach, nó atá marthanach agus bithcharnach agus tocsaineach; á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta atá beartaithe sa Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht a chur chun feidhme go pras chun laghdú a dhéanamh ar nochtadh na saoránach do shubstaintí carcanaigineacha agus do shubstaintí ar suaiteoirí inchríneacha iad trí gach conair nochta; á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar na codanna den daonra atá an-leochaileach do cheimiceáin ghuaiseacha agus na pobail leochaileacha sin a chur san áireamh ar bhealach níos fearr sna measúnuithe riosca ar cheimiceáin; á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach faisnéis a thabhairt do thomhaltóirí maidir le conairí nochta ina saol laethúil chun an cosc a neartú, agus á chur in iúl gur geal léi bunú an bhunachair sonraí maidir le Substaintí i dTáirgí arb Údar Imní iad, chuige sin; á iarraidh ar an nGníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil tuarascáil a ullmhú i gcomhar leis an nGníomhaireacht Eorpach Ceimiceán maidir le ceimiceáin sa chomhshaol san Eoraip; á iarraidh go ndéanfaí measúnú sa tuarascáil ar chineál sistéamach na gcarcanaiginí agus EDCanna i gcórais táirgthe agus tomhaltais na hEorpa, ar an úsáid a bhaintear astu i dtáirgí, ar a minicíocht i dtimpeallacht na hEorpa, agus ar an dochar a dhéanann siad do shláinte an duine, go háirithe maidir le hailse;
31. á mheas go mbeidh ar an gcéad eagrán eile de ECAC an t-eolas is déanaí maidir le carcanaiginí comhshaoil a chur i gcuntas; á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh gan mhoill go ndéanfaí athbhreithniú ar Airteagal 68(2) de REACH, ar an Rialachán maidir le Ábhair Theagmhála Bia(56), ar an Rialachán maidir le Táirgí Cosmaideacha(57), ar an Treoir maidir le Sábháilteacht Bréagán(58) agus ar reachtaíocht ábhartha eile maidir le táirgí tomhaltais chun a áirithiú nach mbeidh ceimiceáin i dtáirgí tomhaltais is cúis le hailse, i gcomhréir leis an Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí athbhreithniú rialta ar an reachtaíocht sin chun forbairt ábhar, treochtaí agus táirgí nua a chur san áireamh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil suaiteoirí inchríneacha i mbia, in ábhar teagmhála bia, i gcosmaidí, in earraí tomhaltais, i mbréagáin, agus in uisce óil chomh maith, agus gur féidir éifeachtaí díobhálacha, lena n-áirítear ailse, a bheith mar thoradh ar nochtadh, fiú ar dháileoga ísle, sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma(59); á thabhairt chun suntais, i bhfianaise nochtadh forleathan dhaonra an Aontais do go leor suaiteoirí inchríneacha amhrasta nó aitheanta agus toisc go bhféadfadh éifeachtaí carnacha a bheith ag baint le nochtadh comhcheangailte roinnt suaiteoirí inchríneacha atá ag gníomhú ar chonairí comhchosúla nó éagsúla, gur gá an nochtadh do shuaiteoirí inchríneacha a íoslaghdú agus rialáil an Aontais a dhéanamh níos comhsheasmhaí thar earnálacha; á mholadh go ndéanfaí tuilleadh taighde chun an cumas atá ag ceimiceáin feidhmiú mar shuaiteoirí inchríneacha a chinneadh;
32. ag tacú go hiomlán le tiomantas an Choimisiúin faoin Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht leasú a dhéanamh ar an Rialachán maidir le haicmiú, lipéadú agus pacáistiú ceimiceán (Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008(60)) aicmí guaise nua a thabhairt isteach maidir le, inter alia, suaiteoirí inchríneacha, lena n-áirítear suaiteoirí inchríneacha amhrasta, agus na ceanglais faisnéise a thabhairt cothrom le dáta i ngach reachtaíocht ábhartha chun gur féidir iad a shainaithint;
33. á iarraidh ar an gCoimisiún an cur chuige ‘neamhúrchóideach trí dhearadh’ a chomhtháthú leis na ceanglais rialála a bhaineann le táirgeadh ceimiceán agus cógas, chun cur chuige fíor-réamhchúramach a ghlacadh chun rioscaí dár sláinte, dár sochaí agus don chomhshaol a mhaolú;
34. á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh creat straitéiseach nua AE maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair don tréimhse 2021-2027, go háirithe an cur chuige ‘Fís Nialais’ i leith básanna a bhaineann leis an obair, chomh maith leis an gcruinniú mullaigh atá beartaithe maidir le breithniú ar an tsláinte agus ar an tsábháilteacht cheirde in 2023, chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo ‘Fís Nialais’; á chur i bhfáth an gá atá le dlúth-rannpháirtíocht rialta na gcomhpháirtithe sóisialta agus na ngeallsealbhóirí sa straitéis sin; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, an líon teoranta substaintí ar tugadh aghaidh orthu sa straitéis; á mholadh go ndéanfaí na hanailísí agus an taighde leanúnach maidir le substaintí nua a mheastar a bheith carcanaigineach, só-ghineach agus/nó tocsaineach don atáirgeadh, OELanna a bhunú d’oibreáin cheimiceacha nach bhfuil siad ann fós ina leith, agus leasuithe tréimhsiúla a dhéanamh nuair a bhíonn gá leis sin i bhfianaise sonraí eolaíocha agus forbairtí teicniúla eile le déanaí; á chur in iúl gur geal léi an suirbhé ar oibrithe a d’ullmhaigh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA) maidir le nochtadh d’fhachtóirí riosca ailse; á chur i bhfáth go bhféadfadh cláir bhithfhaireacháin dhaonna a bheadh níos córasaí i gcomhréir iomlán le bearta cosanta sonraí, i suíomhanna ceirde agus i suíomhanna neamhcheirde araon, a bheith ar cheann de roinnt foinsí ábhartha faisnéise maidir le héifeachtaí ginearálta nochta do cheimiceáin agus maidir leis an tionchar ar an tsláinte; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a uaillmhian a mhéadú mar ábhar práinne trí nuashonrú uaillmhianach agus rialta a dhéanamh ar Threoir 2004/37/CE maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh do charcanaiginí nó do shó-ghineacha ag an obair; á iarraidh ar an gCoimisiún, chuige sin, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCoiste Comhairleach um Shláinte agus um Shábháilteacht, plean gníomhaíochta a chur i láthair chun luachanna OEL a bhaint amach do 25 substaint bhreise, grúpa substaintí breise nó substaintí a ghintear trí phróiseas faoi 2024 ar a laghad; á chur i bhfáth, chuige sin, gur gá don Choimisiún cur leis an gcumas athbhreithniú a dhéanamh ar OELanna agus cinn nua a chur leis, lena n-áirítear trí fhoireann mhéadaithe in aonaid agus údaráis ábhartha; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur deis í an chaibidlíocht leanúnach maidir leis an gceathrú hathbhreithniú ar Threoir 2004/37/CE chun obair Iarscríbhinn 1 a bhaineann le nochtadh do tháirgí íocshláinte guaiseacha a chomhlíonann na critéir lena n-aicmiú mar tháirgí carcanaigineacha, só-ghineacha agus/nó tocsaineacha don atáirgeadh de chatagóir 1A nó 1B a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008 a áireamh freisin, chun na bearta cosanta aonair agus ginearálta is fearr is féidir a áirithiú d’oibrithe a láimhseálann na táirgí sin; ag athdhearbhú a hiarrata go mbunófaí córas nua comhleanúnach, trédhearcach agus bunaithe ar riosca chun teorainneacha nochta a shocrú agus chun nochtadh oibrithe do mheascán substaintí a chur san áireamh ar bhealach níos fearr; á chur in iúl gur geal an gealltanas a thug an Coimisiún suaitheoirí inchríneacha a áireamh mar chatagóir substaintí ar cúis mhór imní iad faoi Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 (Rialachán REACH) agus iad a aicmiú faoi Rialachán (CE) Uimh. 1272/2008; á chur i bhfáth gur cheart oibrithe a chosaint ar nochtadh do shuaitheoirí inchríneacha freisin; á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin togra reachtach a thíolacadh in 2022 chun nochtadh oibrithe d’aispeist a laghdú tuilleadh, ar carcanaigin chruthaithe (grúpa 1) í de réir IARC, atá freagrach i gcónaí as tuairim is leath de gach ailse ceirde san Eoraip; ag athdhearbhú i dtaca leis sin iarrataí na Parlaiminte i rún uaithi an 20 Deireadh Fómhair 2021 maidir le hoibrithe a chosaint ar aispeist(61), go háirithe a hiarraidh ar straitéis Eorpach chun gach aispeist a dhíothú agus a moltaí maidir le meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le nochtadh neamhcheirde d’aispeist; á iarraidh ar na Ballstáit aitheantas agus cúiteamh i leith ailsí cruthaithe a bhaineann leis an obair a éascú agus an faireachán a dhéanann cigireachtaí saothair ar nochtadh a bhaineann leis an obair a atreisiú;
35. ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát SDGnna na Náisiún Aontaithe lena ndírítear ar ghalair theagmhálacha a bhaint amach chun cosc na n-ailsí a bhaineann le galair thógálacha a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi na cláir vacsaínithe sa chomhrac i gcoinne tharchur papalómaivíris dhaonna (HPV); á áitiú go gcuirfí clár vacsaínithe HPV atá neodrach ó thaobh inscne de agus a mhaoinítear go poiblí chun feidhme sna Ballstáit chun a áirithiú go gcuirfear deireadh leis na hailse uile a bhaineann le HPV, agus á iarraidh go ndéanfaí 90 % de chailíní a vacsaíniú go hiomlán, agus méadú suntasach ar vacsaíniú buachaillí, le vacsaín HPV faoi 15 bliana d’aois faoi 2030; ag tathant go ndéanfaí dul chun cinn i dtreo spriocanna Plean Sáraithe Ailse na hEorpa maidir le vacsaíniú HPV a thuairisciú sa Chlárlann um Éagothromaíochtaí Ailse; á iarraidh ar na Ballstáit moladh ón gComhairle an 7 Nollaig 2018 maidir le comhar neartaithe in aghaidh galair is féidir a chosc le vacsaín(62) a chur chun feidhme chun éagothromaíochtaí imdhíonta i measc grúpaí leochaileacha a laghdú agus chun feabhas a chur ar imdhíonadh leanaí; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún moladh ón gComhairle a mholadh maidir le hailse atá inchoiscthe trí vacsaíniú; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le gníomhaíochtaí comhordaithe lena ndírítear ar víris charcanaigineacha, amhail HPV agus víreas heipitítis B (HBV), chun a dtarchur a chosc; á iarraidh go mbeadh comhchuibhiú níos mó ar vacsaíniú HPV agus heipitítis B laistigh de chláir náisiúnta na mBallstát, agus a áirithiú go soláthraítear faisnéis faoi vacsaíniú agus go gcuirfear chun cinn rochtain chomhionann air do grúpaí daoine fásta atá leochaileach agus atá i mbaol; á mholadh go ndéanfaí faireachán rialta ar an vacsaíniú HPV agus heipitítis B atá ann faoi láthair ar leibhéal AE trí úsáid a bhaint as córas rianaithe cosúil leis an rianaire vacsaíne do COVID-19 a d’fhorbair an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC), a spreagfaidh na Ballstáit freisin chun dea-chleachtas a ghlacadh agus móiminteam a chothabháil; á iarraidh ar na Ballstáit go mbeadh comhchuibhiú agus idir-inoibritheacht sonraí ann agus forbairt fheabhsaithe a dhéanamh ar chórais náisiúnta sonraí imdhíonta; á chur i bhfios go láidir gur cheart ról lárnach a bheith ag ECDC maidir le dul chun cinn na mBallstát a rianú; ag tacú le tuilleadh taighde ar fhorbairt vacsaíní in aghaidh víris eile amhail víreas heipitíteas C agus víreas easpa imdhíonachta daonna (VEID); á mheas gur cheart idir an dá linn réitigh theiripeacha a úsáid go mór chun sprioc EDS a bhaint amach, eadhon deireadh a chur le heipitíteas C faoi 2030, agus á iarraidh ar an gCoimisiún acmhainní airgeadais a úsáid faoin gCiste Téarnaimh agus Athléimneachta chun na spriocanna sin a bhaint amach trí iarrachtaí scagthástála a mhaoiniú; á iarraidh go gcomhoibreofar leis Ballstáit agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta chun tionchar na mífhaisnéise ar vacsaíniú a chomhrac agus chun aghaidh a thabhairt ar an drogall roimh vacsaíní; á iarraidh go n-úsáidfear EU4Health agus sruthanna cistiúcháin eile AE chun na críche sin, lena n-áirítear tacú le hiarrachtaí múscailte feasachta do shaoránaigh, do sholáthraithe oideachais agus do ghairmithe cúraim sláinte, chomh maith le tacaíocht a thabhairt do thaighde iompair faoin gclár Fís Eorpach; á mholadh go gcuirfí Cód Cleachtais AE maidir le bréagaisnéis i bhfeidhm ar bhealach níos láidre, go háirithe maidir le mífhaisnéis faoi vacsaíní;
36. ag tabhairt le fios go ndeimhnítear le sonraí a bailíodh le déanaí go bhfuil baol níos airde ag daoine a bhfuil athlasadh ainsealach orthu, lena n-áirítear ó ghalair réamatach agus galair mhatánchnámharlaigh (RMDanna), ailse agus urchóideachtaí eile a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit borradh a chur faoin taighde ar an gcaidreamh idir athlasadh ainsealach, ailse agus RMDanna;
37. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tuilleadh infheistíochta a dhéanamh i dtaighde ar na cúiseanna atá le hailse i measc daoine fásta agus le hailsí péidiatraiceacha agus ógánach freisin;
38. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé cistiú iomchuí a leithdháileadh ar thaighde ar an eolaíocht agus ar na daonnachtaí sóisialta chun meastóireacht a dhéanamh ar neamhionannais maidir le rochtain ar chaighdeáin chúraim agus nuálaíochta i ndáil le hailse leanaí ar fud na hEorpa, lena gcuirtear san áireamh difríochtaí suas le 20 % i measc na mBallstát i rátaí marthanais na n-othar ailse péidiatraice, agus chun bearta maolaithe a fhoirmliú chun cearta comhionanna agus rochtain ar chóir leighis a ráthú do gach leanbh agus do dhaoine óga a bhfuil ailse orthu san Eoraip; á chur in iúl gur oth léi, i ndáil leis sin, na héagsúlachtaí i dtaca le rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte ardcháilíochta i measc na mBallstát, agus i measc réigiúin éagsúla laistigh de na Ballstáit freisin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na héagsúlachtaí sin trí na bearta reachtacha iomchuí chun cearta comhionanna a áirithiú in AE;
39. á mholadh go spreagfaí beatha cíche chun an baol a bhaineann le hailse chíche i measc na mban a theorannú trí bhíthin máithreacha a chur ar an eolas agus oideachas a chur orthu faoi na buntáistí a bhaineann le beathú cíche;
40. ag tabhairt dá haire go bhfuil sé léirithe go bhfuil togracht ghéiniteach maidir le hailse ann atá nasctha le sócháin géinte sonracha; á thabhairt chun suntais go bhfuil modhanna chun sócháin den sórt sin a bhrath ar fáil, tráth breithe chun ailsí péidiatraiceacha áirithe a bhrath go luath nó le linn an tsaoil, go háirithe i gcás ailse chíche, agus ailsí ubhagáin agus colaireicteacha, agus go bhféadfadh brath na sóchán sin a bheith ina gcuidiú chun ailse luathchéime a chosc nó a bhrath agus chun roghanna cóireála a threorú; á mholadh, dá bhrí sin, go dtacódh na Ballstáit le rochtain mhéadaithe ar thástáil ghéiniteach d’othair i ngach aoisghrúpa mar aon le comhairleoireacht leighis agus diagnóisic ard-seicheamhaithe trí mhaoiniú a chur ar leataobh agus trí bhealaí soiléire a chruthú chun aisíocaíocht thapa agus éifeachtúil a dhéanamh, agus feasacht a mhúscailt maidir lena mhéid is féidir le saoránaigh rochtain a fháil ar na seirbhísí sin san Aontas; á mholadh go gcuirfí borradh faoi infheistíocht i mbonneagar agus i scileanna a bhaineann le hardáin seicheamhaithe ghéinitigh agus in oiliúint sainchomhairleoirí géineolaíochta in aonaid shonracha, amhail mar atá ann cheana in ionaid áirithe; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le taighde ar ghéineolaíocht chun géinitíopaí a aimsiú ar mó an dóchúlacht go bhforbróidh siad ailsí áirithe, lena n-áirítear ailsí leanaí, ar galair iad a bhfuil neamhchosaint ghearr acu ar oibreáin sheachtracha;
41. á thabhairt chun suntais gur féidir le teicnící amhail eipidéimeolaíocht mhóilíneach léargais nua a thabhairt ar na hidirghníomhaíochtaí idir géinte agus an comhshaol in ailse i gcomparáid le gnátheipidéimeolaíocht; á chur i bhfios gur féidir leas a bhaint as na léargais sin, mar aon le staidéir bhreise ar eipigéineolaíocht, chun tuiscint níos fearr a fháil ar na tosca riosca a chuireann leis na cúiseanna a bhíonn le hailse agus chun an luathbhrath a mhéadú;
42. ag tacú go láidir leis an athbhreithniú a bheartaítear ar ECAC chun dea-chleachtais a fhorbairt, a chomhroinnt agus a chur chun feidhme i gcláir um chosc na hailse, ar athbhreithniú é ina ndíreofar, go háirithe, ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste, agus le seoladh aipe móibílí soláimhsithe de chuid an Aontais lena dtacaítear le daoine agus lena gcumhdaítear réimsí ó chosc na hailse agus oideachas fúithi go cúram ailse, mar a fógraíodh i bPlean Sáraithe Ailse na hEorpa; á thabhairt chun suntais gur cheart an fhaisnéis uile atá cothrom le dáta a chur ar fáil freisin i bhformáidí neamhdhigitiúla, chomh maith le bheith ar fáil ar aipeanna móibíleacha, chun cuimsitheacht a áirithiú; á chur i bhfáth gur cheart do IARC ECAC a mheasúnú go córasach agus gur cheart don Choimisiún leanúint den obair mheastóireachta a chomhordú;
43. ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát litearthacht sláinte maidir le rioscaí agus cinntithigh ailse a chur chun cinn tuilleadh, mar aon le litearthacht dhigiteach, atá nasctha léi, uirlisí oideachais um chosc a fhorbairt agus tacú le hardáin agus feidhmchláir ríomhfhoghlama a chruthú; á iarraidh go dtabharfar aird ar leith ar dhaoine atá faoi mhíbhuntáiste, leochaileach, eisiata go sóisialta agus ar an imeall, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil feachtais shonracha múscailte feasachta do ghrúpaí a bhfuil riachtanais litearthachta sláinte ar leith acu bunriachtanach; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach litearthacht sláinte maidir le substaintí carcanaigineacha ag an láthair oibre a mhéadú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go soláthraíonn fostóirí oiliúint iomchuí; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag soláthraithe cúraim sláinte phríomhúil i gcur chun cinn na sláinte i measc roinnt grúpaí sa daonra, ós rud é gur féidir leo a gcuid gníomhaíochtaí maidir le cur chun cinn na sláinte a chur in oiriúint do riachtanais na n-othar i bhfianaise scileanna digiteacha na n-othar, nó fiú mura bhfuil scileanna digiteacha ar bith acu; á mheas gurb é cosc ar ailse an chéad chéim i dtreo beartas oideachais sláinte poiblí Eorpach;
44. á iarraidh go dtreiseofar go leanúnach leis an Lárionad Eolais um Ailse, ar cheart a chur de chúram air treochlár Eorpach a bhunú chun feachtais choisc ar mórscála a cheapadh agus a chomhordú, i sineirge le cláir náisiúnta, agus chun feachtais éifeachtacha chumarsáide a cheapadh agus a chomhordú maidir le cur chun cinn na sláinte i gcláir oideachais (iompraíochtaí neamhdhíobhálacha, cothú sláintiúil, gníomhaíocht choirp, bealaí tarchuir víreas carcanaigineach, agus deiseanna vacsaínithe agus cóireála i gcás na n-ionfhabhtuithe sin, etc.) agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine óga agus ar ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé tábhachtach comhoibriú le heagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla na sochaí sibhialta agus teachtaireachtaí á bhforbairt do na feachtais sin;
45. á chur i bhfios go láidir gur tosca riosca iad caitheamh tobac agus ól díobhálach alcóil, droch-chothú, innéacs ard maise coirp, stíl mhaireachtála neamhghníomhach agus truailliú na timpeallachta atá i gcoiteann le galair ainsealacha eile; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur gá bearta maidir le cosc ailse agus le laghdú riosca a chur chun feidhme i gcomhthéacs clár comhtháite chun galair ainsealacha a chosc, i ndlúthchomhar leis an nGrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, um Ghalair a Chosc agus um Bhainistiú Galar Neamhthógálacha; á iarraidh go mbeidh cruinniú mullaigh maidir le breithniú agus cosc ann chun díriú ar chinntithigh ailse agus galar ainsealach eile a tháirgtear ar bhonn tráchtála, ar cruinniú mullaigh é ina ndéanfaí institiúidí AE, na Ballstáit, cumainn othar agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá gníomhach i réimse na sláinte a thabhairt le chéile;
46. á iarraidh, maidir le cur chun feidhme na gclár coisc, go mbeidís cuimsitheach trí pháirt a thabhairt do na réigiúin agus na bardais, do na saoránaigh, don tsochaí shibhialta agus do chumainn othar, go háirithe tríd an gComhdháil ar Thodhchaí na hEorpa;
II.Scagthástáil chuimsitheach agus brath cuimsitheach ailse
47. á chur in iúl gur saoth léi na moilleanna agus na heasnaimh a bhíonn ann go minic ar dhiagnóisiú tráthúil ailsí siomptómacha, ar moilleanna agus easnaimh iad a bhaineann le heaspa faisnéise nó le próisis scagthástála agus braite ailse gan a bheith á gcomhlíonadh; á aithint gur gá aird ar leith a thabhairt ar leanúnachas na gclár scagthástála agus na seirbhísí luathbhraite agus cúraim ailse le linn géarchéim sláinte (amhail géarchéim COVID-19) nó i gcásanna ina dtagann laghdú ar acmhainneacht na gcóras sláinte; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát feachtais sláinte poiblí a eagrú, i gcomhpháirtíocht le geallsealbhóirí ailse, chun aghaidh a thabhairt ar aon mhoilleanna a d’fhéadfadh a bheith ar scagthástáil, luathbhrath agus cúram mar thoradh ar ghéarchéim sláinte; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht le sonraí tapa agus cothrom le dáta maidir le cláir scagthástála ailse chun gur féidir frithghníomhú go tapa agus obair leantach a dhéanamh go tapa i gcás ina gcuirtear isteach ar chumais maidir le scagthástáil rialta, agus é mar aidhm líon na scagthástálacha a chuirtear siar a laghdú go dearbh-íosmhéid;
48. á chur in iúl gur oth léi na neamhionannais idir na Ballstáit maidir le rochtain ar scagthástáil ailse, a fhágann gur lú iad na deiseanna marthanais mar thoradh ar dhiagnóisiú déanach ailse, ar idirdhealú do-ghlactha i gcoinne shaoránaigh AE bunaithe ar a dtír chónaithe é; á chur i bhfios go láidir gurb ann, de réir Eurostat, d’éagsúlachtaí cumhdaigh faoi dheich, ar a laghad, ar fud an Aontais i gcás scagthástáil ar ailse chíche; á chur i bhfios gur tugadh ar aird san fhoilseachán ‘Sracfhéachaint ar an tSláinte: Eoraip 2018’ gur idir 25 % agus 80 % a bhíonn an éagsúlacht idir na Ballstáit, i gcás scagthástáil ar ailse cheirbheacs, ó thaobh chumhdach an spriocdhaonra de; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar shampla, de réir na tuarascála is déanaí ó IARC ar chur chun feidhme Mholtaí 2003 ón gComhairle maidir le scagthástáil, nár thuairiscigh ach 18 mBallstát go raibh cláir scagthástála daonra-bhunaithe náisiúnta nó réigiúnacha acu le haghaidh ailse chíche, ailse cheirbheacs agus ailse cholaireicteach; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le tionscadail, mar shampla trí EU4Health, Misean an chláir Fís Eorpach maidir le hAilse nó cláir ábhartha eile, chun féachaint ar na bacainní lena gcuirtear srian ar luathbhrath na hailse agus ar luathdhiagnóisiú na hailse san Eoraip;
49. á iarraidh ar na Ballstáit oibriú le chéile, go háirithe i réigiúin trasteorann agus i limistéir iargúlta (lena n-áirítear limistéir shléibhtiúla agus limistéir uirbeacha atá scoite amach ó ionaid scagthástála), chun éagothromaíochtaí sóisialta agus geografacha i scagthástáil na hailse agus i seirbhísí luathdhiagnóiseachta a laghdú;
50. ag tacú le scéim nua scagthástála ailse, a fhaigheann tacaíocht ón Aontas, a sheoladh, mar a fógraíodh sa Phlean, chun cuidiú leis na Ballstáit a áirithiú go dtairgfear scagthástáil, faoi 2025, do 90 % de dhaonra an Aontais a cháilíonn do scagthástáil ar ailse chíche, ailse cheirbheacs agus ailse cholaireicteach; á iarraidh ar an gCoimisiún ailsí eile a áireamh sa scéim, bunaithe ar an bhfianaise eolaíoch is déanaí, le spriocanna soiléire do gach cineál ailse; ag tacú le taighde ar chineálacha eile ailse a d’fhéadfaí a bhrath go héifeachtach trí scagthástáil; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh gach dhá bhliain ar thorthaí na scéime scagthástála ailse ó thaobh rochtain chothrom a bheith ag an spriocdhaonra air, chun na neamhionannais idir na Ballstáit agus na réigiúin a rianú, bearta nua iomchuí agus cláir scagthástála chomhghaolacha a mholadh ina bhfuil na torthaí is déanaí sa taighde maidir le scagthástáil ailse, agus más gá, bearta a chur i láthair chun cumhdach na seirbhísí scagthástála agus coisc sna Ballstáit a mhéadú; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tuairisciú agus faireachán a dhéanamh ar bhaint amach na spriocanna scagthástála sa Chlárlann Éagothromaíochtaí Ailse;
51. ag spreagadh na mBallstát scagthástáil ailse le haghaidh ailse chíche, ailse cheirbheacs agus ailse cholaireicteach a chur chun cinn, mar chuid de chláir náisiúnta agus réigiúnacha atá bunaithe ar dhaonra, lena n-áirítear sna réigiúin iargúlta agus sna réigiúin is forimeallaí, agus acmhainní leormhaithe a chur ar fáil chuige sin; á athdhearbhú gur cheart, ag an am céanna, fócas méadaithe a bheith sa Phlean maidir le tionscnaimh scagthástála, diagnóisithe agus cóireála le haghaidh ailsí nach féidir a chosc; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát scagthástáil spriocdhírithe a chur chun cinn do ghrúpaí ardriosca; á mholadh go láidir do na Ballstáit beartas cuimsitheach maidir le scagthástáil a fhorbairt lena bhféadfar scagthástáil thráthúil a dhéanamh nuair a bhraitear ailsí a bhfuil saintréithe ó oidhreacht acu; á mholadh go mbunóidh na Ballstáit cláir thaighde maidir le modhanna luathdhiagnóiseachta, atá éifeachtach, cruinn, neamhionrach agus nuálach, amhail bithchomharthaí sóirt, i gcomhair cineálacha éagsúla ailse;
52. á iarraidh go gcuirfidh an Coimisiún agus na Ballstáit chun feidhme go hiomlán na treoirlínte Eorpacha maidir le dearbhú cáilíochta i scagthástáil ailse le haghaidh ailse chíche, ailse cheirbheacs agus ailse cholaireicteach, agus seirbhísí luathbhraite, chun an mhoill ar dhiagnóisiú na n-ailsí sin a íoslaghdú; á mholadh go dtabharfaí aghaidh ar éagothromaíochtaí laistigh de na Ballstáit maidir le scagthástáil, b’fhéidir trí na critéir maidir le scagthástáil ailse, chomh maith le creataí dlí, rialachas agus struchtúir dearbhaithe cáilíochta, a dhéanamh níos doichte agus níos bunaithe ar eolaíocht; á mheas, chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i scagthástáil ailse, go bhfuil gá le comhphrótacail chaighdeánaithe maidir le scagthástáil ar leibhéal an Aontais, a théann níos faide ná treoirlínte dea-chleachtais, e.g. maidir le halgartaim chun cláir scagthástála agus táscairí a eagrú chun cáilíocht na gclár scagthástála a mheas;
53. ag spreagadh bailiú sonraí maidir le scagthástáil ailse a fheabhsú agus a chomhchuibhiú chun lamháil do thuarascáil bhliantúil Eorpach; ag spreagadh faireachán rialta a dhéanamh, thairis sin, ar chláir scagthástála reatha ar leibhéal AE; ag cur béim ar an ngá atá ann tacair sonraí maidir le minicíocht na hailse a nascadh ó chláir scagthástála a bhfuil catagóirí ceirde acu, rud a chuideoidh le bearta coisctheacha iomchuí a shainaithint; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach seirbhísí sláinte poiblí a mhéadú (lena n-áirítear maoiniú, bonneagar agus gnéithe a bhaineann le gairmithe sláinte) chun feabhas a chur ar chosc, scagthástáil agus diagnóisiú na hailse; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé sonraí faoi chomhghalrachtaí ailse a scagadh agus a bhailiú chun iad a réamh-mheas níos fearr; á chur i bhfios go láidir gur cheart, leis an dul chun cinn eolaíochta i dtuar riosca na hailse, go bhféadfaí cláir scagthástála atá iomchuí ó thaobh riosca de a fhorbairt;
54. ag cur béim ar an ngá atá ann dlúthfhaireachán a dhéanamh ar othair reatha agus ar iar-othair heipitítis B agus C chun cosc a chur ar fhorbairt ailse;
55. ag spreagadh an Choimisiúin a mheas an bhféadfaí córas ‘dara tuairim’ a éascú laistigh den Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann(63) i gcás cásanna ailse atá deacair nó neamhthipiciúil, agus á mholadh go dtabharfadh na Ballstáit isteach ceart na n-othar chun a iarraidh go lorgóidh speisialtóirí ó Bhallstát amháin comhairle ó speisialtóirí ó Bhallstát eile laistigh de chóras comhtháite aonair;
56. á chur in iúl gur geal léi an próiseas a thionscain Grúpa Príomhchomhairleoirí Eolaíochta agus an Sásra um Chomhairle Eolaíoch ón gCoimisiún i ndáil leis an nuashonrú atá le teacht ar mholadh 2003 ón gComhairle maidir le scagthástáil d’ailse chíche, cheirbheacsach agus cholaireicteach, lena gcuirfear san áireamh scagthástálacha nua agus na sonraí is déanaí maidir leis na prótacail scagthástála is fearr (íomháú athshondais mhaighnéadaigh, tástáil HPV, cineálacha cur chuige atá srianta ó thaobh riosca de agus áireamháin riosca); ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart faisnéis maidir leis na cláir scagthástála sin a tharchur chuig Lárionad Eolais um Ailse an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde (aois tionscnaimh agus an glacadh a bhí leo ina dhiaidh sin, tionchar ar mharthanas, éifeachtúlacht costais etc.) agus gur cheart do na húdaráis inniúla náisiúnta iad a mheas go rialta; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte AE a fhorbairt chun iarrachtaí taighde a chothú chun measúnú a dhéanamh ar chláir scagthástála ailse atá bunaithe ar an eolaíocht (lena n-áirítear ailse scamhógach, phróstataigh, ghoile agus ubhagáin) agus ról na hintleachta saorga mar chuid den nuashonrú ar an moladh ón gComhairle in 2022, i ndlúthchomhar le IARC, leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte, le gairmithe cúraim sláinte agus le heagraíochtaí othar; á iarraidh go n-aithneofaí an fhianaise lena gcruthaítear go bhfuil éifeacht dhearfach ag scagthástáil spriocdhírithe ailse scamhóg ar bhásmhaireacht; ag spreagadh na Comhairle, bunaithe ar thoradh an mheasúnaithe thuasluaite, machnamh a dhéanamh ar scagthástáil ailse scamhóg agus phróstataigh a chur san áireamh sa nuashonrú ar an moladh ón gComhairle in 2022; á iarraidh, de thoradh na tuairime ón nGrúpa Príomhchomhairleoirí Eolaíochta ón gCoimisiún agus an nuashonrú ar an moladh ón gComhairle in 2022 maidir le scagthástáil ailse, spriocanna soiléire agus follasacha a leagan síos d’aon ailsí nua ar gá dul i ngleic leo;
57. á mholadh go seolfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit ardán AE le haghaidh ionaid scagthástála náisiúnta, agus leas á bhaint as an taithí atá ag ardáin chomhchosúla le haghaidh malartú agus comhar amhail an Líonra Eorpach um Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte agus Cinn na nGníomhaireachtaí Leigheasra; á mholadh go gcuirfí de chúram ar an ardán sin saineolas a chomhroinnt agus dea-chleachtais a chur chun feidhme, dúshláin choiteanna a phlé, comhoibriú, oiliúint agus fothú acmhainní a spreagadh chun feabhas a chur ar cháilíocht na gclár scagthástála, feidhmiú mar mhol lárnach do thionscadail agus do thionscnaimh maidir le scagthástáil ailse le tacaíocht ón Aontas, agus líonra soláthraithe sonraí a chothabháil san fhadtéarma don tuarascáil cur chun feidhme ó IARC maidir le scagthástáil ailse;
58. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé feasacht a mhéadú maidir le scagthástáil ailse agus luathbhrath i measc shaoránaigh na hEorpa agus glacadh na scagthástála sin agus an luathbhraite sin trí fheachtas múscailte feasachta ar fud an Aontais mar chuid de laethanta feasachta na hEorpa, suirbhéanna inspreagtha agus feachtais chumarsáide atá ann cheana a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le gníomhaíochtaí breise, iad a mhaoiniú agus a chur chun feidhme, ar gníomhaíochtaí iad arb é is aidhm dóibh feasacht a mhúscailt maidir le scagthástáil a dhéanamh ar ailse agus rannpháirtíocht i scagthástáil a chur chun cinn i measc an phobail i gcoitinne agus i measc cónaitheoirí incháilithe araon trí fhógraí díreacha a thabhairt; ag spreagadh na mBallstát chun obair ghníomhach a dhéanamh ar straitéisí oideachais in ionaid cúraim sláinte phríomhúil; ag spreagadh taighde ar thosca comhlíonta iompraíochta agus bacainní a chuireann bac ar luathbhrath agus ar dhiagnóisiú ailse chun rannpháirtíocht i gcláir scagthástála a spreagadh, a fhaigheann tacaíocht ó chistiú AE amhail an cistiú a chuirtear ar fáil faoin gclár taighde Fís Eorpach;
59. á iarraidh go mbeadh comhar treisithe ann le tíortha nach bhfuil san Aontas agus go háirithe leis an réigiún Eorpach níos leithne chun eagrú feachtas scagthástála agus clár luathdhiagnóiseachta a spreagadh, go háirithe d’ailsí na mban agus go háirithe i dtíortha ísealioncaim agus meánioncaim agus do phobail mhionlaigh, agus sainiúlachtaí ailsí na mban sna tíortha sin á gcur san áireamh freisin; á chur i bhfáth gur féidir leis an Aontas Eorpach rannchuidiú tábhachtach a dhéanamh chun spriocanna idirnáisiúnta maidir le hailse a bhaint amach, amhail sprioc EDS deireadh a chur le hailse cheirbheacs mar fhadhb sláinte poiblí;
60. ag aithint na tábhachta a bhaineann le hidirghabhálaithe sláinte, le treoraithe othar agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus á iarraidh go gcuirfí san áireamh iad i bpróisis chinnteoireachta agus i straitéisí leithdháilte acmhainní; ag aithint an róil ríthábhachtaigh atá acu, go háirithe i ndáil le feachtais um chosc agus vacsaíniú, trí chuidiú le bacainní idir údaráis agus an tsochaí a shárú, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha;
61. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit an comhar leis an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte a atreisiú agus obair a dhéanamh chun moltaí agus treoirlínte beartais EDS a chur chun feidhme;
IIIa. Rochtain chomhionann ar chúram ailse: i dtreo cúram den scoth
62. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil dúshláin fós roimh othair AE maidir le rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte agus páirt a ghlacadh i dtrialacha cliniciúla i mBallstáit eile agus nach bhfuil ach mionlach othar, agus roinnt gairmithe cúraim sláinte freisin, ar an eolas faoin gceart atá ag othair cúram sláinte trasteorann a lorg faoin dá chreat atá ann cheana: an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann agus an Rialachán Slándála Sóisialta(64); á iarraidh go ndéanfaí an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann a athchóiriú, go háirithe chun soghluaisteacht agus rochtain ar threalamh agus ar chúram an-speisialaithe a éascú trí na pointí teagmhála náisiúnta a neartú trí níos mó acmhainní buiséadacha a chur ar fáil dóibh, agus chun go bhféadfaí treoirlínte ón gCoimisiún a fhorbairt lena leagfar síos amlínte faofa agus athbhreithnithe inghlactha agus comhchuibhithe chun dlús a chur leis an méid ama atá ag teastáil chun cóireáil a fháil san Aontas faoin Rialachán maidir leis an tSlándáil Shóisialta; á iarraidh go méadófaí líon na bhfeachtas faisnéise maidir le cearta na n-othar ar chúram sláinte trasteorann, lena n-áirítear na feachtais sin atá dírithe ar ghairmithe sláinte, chomh maith le hionad ilfhreastail a fhorbairt le haghaidh faisnéise maidir le conairí rochtana trasteorann AE; ag cur béim ar an ngá atá le laghdú a dhéanamh ar na bacainní lóistíochta agus teanga a bhíonn ar othair agus rochtain á fáil acu ar chúram sláinte i mBallstát eile de chuid an Aontais; á chur i bhfáth gur gá faisnéis shoiléir a chur ar fáil d’othair maidir le ceanglais réamhúdarúcháin a bhfuil feidhm acu maidir le Ballstáit áirithe; á chur i bhfios gur gá tacaíocht airgeadais ar leith a chur ar fáil do thuismitheoirí ar ioncam íseal a dhéanann a leanbh a thionlacan thar lear le haghaidh cóireála; ag cur béim ar an ngá atá leis an bpróiseas a éascú trí athbhreithniú iomlánaíoch a dhéanamh ar na creataí cúraim sláinte trasteorann, agus béim chomhionann á tabhairt ar an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann agus ar an Rialachán Slándála Sóisialta, d’othair a thaistealaíonn thar lear le haghaidh trialacha cliniciúla i bhfianaise na riachtanas nach bhfreastalaítear orthu agus na sochar a d’fhéadfadh a bheith ann, agus a bhféadfadh dúshláin a bheith acu amhail easpa soiléireachta maidir le prótacail leantacha tar éis dóibh filleadh abhaile agus maidir le costais a bhaineann lena rannpháirtíocht sa triail chliniciúil ó ghníomhaireachtaí árachais náisiúnta a chumhdach; ag cur béim ar an ngá atá le soiléiriú maidir le rochtain ar thrialacha cliniciúla trasteorann, toisc nach bhfuil sé sin soiléir sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann; á chur i bhfios go láidir gur cheart na costais uile a bhaineann le cóireáil a mhaoiniú sula dtosófar í chun a áirithiú nach ndéanfar othair ar ioncam íseal a eisiamh; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh, i gcomhthéacs an chéad athbhreithnithe eile ar na creataí atá ann cheana, ar shraith aonair rialacha údarúcháin agus aisíocaíochta a bhunú don rochtain ar chúram sláinte trasteorann, lena n-áirítear an ceart chun an dara tuairim a fháil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun meastóireachtaí rialta a dhéanamh ar Straitéis r-Shláinte an Choimisiúin ó 2018 ar aghaidh chun taifid sláinte leictreonacha idirnasctha, idir-inoibritheacht níos fearr, agus cáilíocht sonraí fheabhsaithe, príobháideachas agus slándáil d’othair ailse a áirithiú ar an leibhéal réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach, agus a áirithiú ag an am céanna go gcloífear go docht le rialacha príobháideachais agus slándála maidir le sonraí sláinte othar; ag tabhairt dá haire acmhainneacht na Clárlainne Éagothromaíochtaí Ailse mar bhealach chun feabhas sna réimsí sin a thuairisciú agus a thomhas;
63. ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé cóireáil a riar go tapa agus torthaí scrúduithe ábhartha leighis a chur ar fáil d’othair ailse ar bhealach tráthúil, óir dá mhéad ama a thógann sé sin, is mó a théann an galar ar aghaidh, rud a chuireann marthanas an othair i mbaol; á chur in iúl gurb oth léi nach leor acmhainní poiblí i mBallstáit áirithe chun brath agus cóireáil thráthúil a ráthú, rud a fhágann go bhfágtar othair a bhíonn ag brath ar árachas sóisialta arna sholáthar go poiblí le seans níos lú go dtiocfaidh siad slán, agus, ar an gcaoi sin, níl de rogha acu ach an earnáil phríobháideach;
64. á iarraidh go ndéanfaí cáilíochtaí a bhaineann leis an tsláinte i gcúram ailse a aithint go frithpháirteach ar fud an Aontais agus go ndéanfaí scéim choiteann aitheantais do thíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach a mheas, mar a iarradh i dTreoir 2005/36/CE(65), chun a áirithiú go mbeidh an scéim sin éascaitheach do speisialtachtaí a bhaineann leis an oinceolaíocht; á iarraidh go ndéanfaí cláir uas-scilithe a fhorbairt chun cur ar chumas na ndaoine sin ar mian leo dul isteach san oinceolaíocht é sin a dhéanamh tráth ar bith le linn a ngairmréime;
65. á iarraidh go dtabharfaí aitheantas iomlán d’oinceolaíocht mhíochaine agus d’oinceolaíocht phéidiatraiceach mar dhisciplíní speisialaithe, caighdeáin cháilíochta uile-Eorpacha a bhunú chun cóireálacha leighis le haghaidh ailse a riar agus a mhaoirsiú, do dhaoine fásta agus do leanaí araon, agus rochtain othar ar speisialtóirí ailse a éascú ionas go bhféadfaidh siad leas a bhaint as nuálaíochtaí agus as rochtain ar thrialacha luathchliniciúla ar dhrugaí nua a bhfuil gealladh fúthu, teicneolaíochtaí sláinte agus ionaid tagartha le haghaidh cóireálacha casta amhail teiripe cille agus géinteiripe; ag cur béim ar an ngá atá ann a áirithiú go gcumhdaítear leis na forálacha ábhartha rochtain ar an nuálaíocht i luath-thrialacha cliniciúla le haghaidh urchóideachtaí atá athiompaithe nó ar deacair iad a chóireáil;
66. á iarraidh go neartófar scileanna máinliachta in AE trí oinceolaíocht mháinliachta a aithint mar dhisciplín speisialtóra, caighdeáin cháilíochta pan-Eorpacha a bhunú le haghaidh máinliacht ailse, rochtain othar ar ionaid ‘ardéilimh’ a éascú le haghaidh máinliacht ailse agus rochtain ar nósanna imeachta máinliachta nuálacha; á iarraidh go dtabharfaí aitheantas do mháinliacht ardcháilíochta agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sí maidir le srian a chur le hailse a bhraitear ag céim luath; á chur i bhfáth gur gá curaclam lárnach san oinceolaíocht mháinliachta a chur chun cinn chomh maith le sainoiliúint aonair san oinceolaíocht mháinliachta, agus á iarraidh go gcuirfí cláir ar bun chun oideachas oinceolaíochta máinliachta in AE a chomhchuibhiú; ag tacú le trialacha cliniciúla a fhorbairt san oinceolaíocht mháinliachta mar chuid den chóireáil áitiúil-réigiúnach agus ag cur chun cinn infheistíocht níos mó i gcistí taighde agus nuálaíochta AE agus náisiúnta sa taighde ar an oinceolaíocht mháinliachta; ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le cóireálacha caighdeánaithe oinceolaíochta máinliachta chun cáilíocht saoil fhadtéarmach a fheabhsú do mharthanóirí ailse;
67. ag tacú le feabhsú teiripe radaíochta ardcháilíochta in AE agus le rochtain mhéadaithe agus chomhionann ar an teiripe sin trí aitheantas a thabhairt don fhisic leighis agus don teiripe radaíochta mar dhisciplíní tiomnaithe, comhchaighdeáin oideachais agus oiliúna a chur chun cinn, maoiniú AE a mhéadú do na Ballstáit chun a mbonneagar teiripe radaíochta a leathnú, agus breis infheistíochta a dhéanamh i gcistí taighde agus nuálaíochta AE agus náisiúnta i dtaighde teiripe radaíochta;
68. á iarraidh go gcuirfí chun cinn oinceolaíocht gheiriatrach mar bhrainse ar cheart aird ar leith a thabhairt air agus ar gá é a shaibhriú trí thaighde eolaíoch chun an chóireáil is fearr agus na modhanna diagnóiseacha is fearr d’othair scothaosta a fháil amach; á mheabhrú go dtarlaíonn os cionn 60 % de na cásanna nua ailse agus os cionn 70 % de na básanna ailse in AE i ndaoine atá 65 bliana d’aois nó níos sine; ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh méadú ar an gcion sin de réir mar atá daonra AE ag dul in aois, agus, ar an gcaoi sin, gur dúshlán ríthábhachtach é sin do chórais cúraim sláinte; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt go práinneach ar an staid sin le gníomhaíochtaí nithiúla; á iarraidh go sonrach ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh chun trialacha cliniciúla a éascú i measc daoine scothaosta, chun samhlacha ildisciplíneacha cuimsitheacha don chúram oinc-gheiriatrach a chur chun feidhme i ngnáthbhealaí cliniciúla, agus chun ionaid barr feabhais san oinceolaíocht gheiriatrach a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deiseanna a chothú le haghaidh oiliúint agus uas-sciliú an lucht saothair oinceolaíochta i bprionsabail na geiriatraice;
69. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gníomhaíochtaí a phleanáil lena gcuirfear chun cinn, i gcomhthéacs an chúraim agus na cóireála, aird níos mó ar thorthúlacht na n-othar a chosaint, go háirithe i gcás ailsí péidiatraiceacha agus ailsí ógánach;
70. á chur in iúl gur geal léi an plean gníomhaíochta nua faoin gclár oibre straitéiseach d’fheidhmeanna radaíochta ianúcháin leighis(66), lena dtacófar le slándáil na n-acmhainní táirgeachta do rada-iseatóipí, agus le soláthar na rada-iseatóipí sin, trí chabhlach nua a chur in ionad an chabhlaigh atá ann anois, atá ag dul in aois, agus na teicneolaíochtaí atá ann cheana a chur chun feidhme, go háirithe imoibreoirí agus luasairí cáithníní, faoi ionstraimí airgeadais atá ann cheana, ganntanas rada-iseatóipí a sheachaint trí thrasnú teorainneacha agus díolúintí le haghaidh iompair a éascú, agus feabhas a chur ar cháilíocht agus sábháilteacht theicneolaíocht na radaíochta sa leigheas, ar teicneolaíocht í nach bhfuil fáil chomhionann uirthi i ngach Ballstát AE, trí mheastóireacht a dhéanamh ar rada-iseatóipí trí mheasúnuithe teicneolaíochta sláinte, trí rochtain ar an margadh a chomhchuibhiú, trí leigheas núicléach a dhearbhú mar speisialtacht liachta atá go hiomlán neamhspleách, trí chaighdeáin oiliúna a chur chun cinn, agus trí infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ar leigheas núicléach;
71. á iarraidh ar an gCoimisiún ról cleachtóirí ginearálta, péidiatraiceoirí, altraí, gairmithe cúraim phríomhúil agus lianna speisialaithe a chur chun cinn, agus ar na Ballstáit é a neartú, i bhfianaise a thábhachtaí atá siad maidir le hothair a tharchur le haghaidh tástálacha diagnóiseacha agus speisialtóirí oinceolaíochta, chomh maith leis an ról atá ag saineolaithe cothúcháin nó diaitéitigh, síceolaithe agus speisialtóirí athshlánúcháin le linn cóireáil ailse agus cúram leantach, chun rochtain ar chóireáil cheart agus ar chúram ceart a áirithiú ag an am ceart tríd an gconair chúraim is fearr; á iarraidh go bhforbrófaí foirne ildisciplíneacha chun othair ailse a bhainistiú le linn a n-aistear cóireála, agus go ndéanfaí cinnteoireacht ildisciplíneach faoi chuimsiú cruinnithe comhairliúcháin trasdhisciplíneacha tiomnaithe (an Chomhairle) ina dtabharfar le chéile speisialtóirí éagsúla ailse agus gairmithe cúraim phríomhúil; á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé síoroiliúint a chur ar fáil do ghairmithe sláinte chun iad a choinneáil cothrom le dáta maidir le roghanna nua cóireála ailse; á iarraidh go ndéanfaí ról an chomhordaitheora cóireála níos forleithne chun a áirithiú go ndéanfar an chóireáil othar a chomhordú go hiomchuí, agus chun rochtain éasca a thabhairt d’othair ar fhaisnéis nuashonraithe a bhaineann le diagnóisiú ailse agus ar chomhairle maidir le conas an córas sláinte a úsáid;
72. á mheas gur cheart raon feidhme Threoir 2005/36/CE a athbhreithniú chun go bhféadfar aitheantas frithpháirteach a thabhairt d’oideachas altranais ailse agus d’oideachas d’fhoireann leighis eile a thacaíonn leis an bpróiseas cóireála;
73. á iarraidh ar na Ballstáit, laistigh dá gcláir náisiúnta um rialú ailse (NCCPanna), straitéisí a fhorbairt lena gcuimsítear agus lena gcuirtear chun feidhme bearta coisctheacha i gcoinne an riosca go ndéanfaí gairmithe cúraim ailse a spíonadh; á áitiú ar an gCoimisiún agus ar EU-OSHA aird a dhíriú ar an ábhar imní sin, agus á chur i bhfáth gur cheart iad a mheas mar chomhpháirtithe tábhachtacha chun an plean sin a chur chun feidhme i ndáil leis sin;
74. á mholadh go n-úsáidfí cóireálacha siúlacha ailse chun cáilíocht saoil na n-othar agus a dteaghlach a chaomhnú, i gcás inarb indéanta agus ina bhfuil sé sábháilte é sin a dhéanamh; á chur i bhfáth, go háirithe, gur cheart cóireáil siúlach do leanaí a chur chun cinn, ar choinníoll go ndeartar na spásanna/timpeallachtaí ábhartha agus na feistí leighis atá ar fáil ar bhealach a fhreastalóidh ar riachtanais na n-othar péidiatraiceach; ag cur i bhfáth ról na gcógaiseoirí, na n-oinceolaithe agus na n-altraí san obair leantach ildisciplíneach a dhéantar ar othair a ghlacann cógais leighis béil frithailse; á iarraidh ar na Ballstáit teicneolaíochtaí ríomhshláinte, teilileigheas agus seirbhísí teileachúraim a chur chun feidhme nó a fheabhsú chun leanúnachas cúraim ailse d’othair chónaithe agus d’othair sheachtracha, chomh maith le cúram pobail, a áirithiú; á áitiú ar an gCoimisiún maoiniú taighde ón gclár Fís Eorpach a úsáid chun tacú le húsáid teilileighis agus chun cabhrú le treoirlínte fianaise-bhunaithe a bhunú; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí chun rochtain chomhionann ar sheirbhísí teilileighis ar fud na mBallstát a áirithiú, agus go dtabharfaí maoiniú do chlár EU4Health agus clár don Eoraip Dhigiteach chun tacú le méadú sa litearthacht dhigiteach d’othair agus do ghairmithe cúraim sláinte;
75. á iarraidh ar na Ballstáit seirbhísí cúraim mhaolaithigh atá lárnach agus ildisciplíneach a chur ar fáil d’othair ailse chun a bpian agus a míchompord a mhaolú, chun cúram compoird a chur chun cinn agus chun a áirithiú go mbeidh altraí nó cúramóirí i láthair, agus a ndínit á caomhnú acu agus réamhphleanáil cúraim agus neamhspleáchas an othair á gcur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le malartuithe rialta faisnéise agus na cleachtais is fearr maidir le hospís agus cúram maolaitheach baile ar leibhéal AE a chur chun feidhme, agus na malartuithe agus na cleachtais sin a chomhordú; á iarraidh go bhforbrófaí cúram maolaitheach a bhaineann go sonrach le leanaí, go háirithe sna Ballstáit sin nach gcuirtear cúram den chineál sin ar fáil go forleathan iontu go fóill; á mholadh do na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar chúram maolaitheach ina gcuid NCCPanna, líon na n-aonad maolaitheach i ngach réigiún a uasmhéadú chun a líon a oiriúnú go hiomchuí do riachtanais na n-othar, tréimhsí feithimh a íoslaghdú, agus cistiú inbhuanaithe agus líon leordhóthanach foirne a bhfuil dea-oiliúint orthu a áirithiú; á mheas gur cheart creat rialála AE maidir le haitheantas a thabhairt do cháilíochtaí gairmiúla a leathnú ionas go bhféadfar caighdeánú a dhéanamh ar oideachas cúraim mhaolaithigh agus ar dhea-chleachtais gairmithe sláinte; ag cur béim ar an ngá atá le líonraí tagartha le haghaidh cúram maolaitheach agus lena gcomhtháthú le conairí ailse ar gach leibhéal, eadhon sainospidéil, ionaid cúraim sláinte phríomhúil, cúram ospíse agus cúram baile, chomh maith leis an ngá atá le comhtháthú críche ospidéil; á chur i bhfáth gur cheart rochtain na n-othar ar chúram tacúil agus maolaitheach (lena n-áirítear seirbhísí síc-oinceolaíochta) ar fud AE a thomhas agus a thuairisciú tríd an gClárlann um Éagothromaíochtaí Ailse; á iarraidh go mbeadh comhar níos dlúithe idir córais cúraim sláinte agus córais cúnaimh shóisialta sna Ballstáit uile;
76. ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát critéir shonracha dearbhaithe cáilíochta a ghlacadh (lena n-áirítear caighdeáin choiteanna cúraim, eagrúcháin, bonneagair agus inniúlachtaí leormhaithe, cleachtais ildisciplíneach, oideachas leanúnach do ghairmithe, oideachas d’othair agus rannpháirtíocht i dtaighde cliniciúil) agus treoirlínte cliniciúla comhpháirteacha chun a chinntiú go gcuirtear caighdeáin chreidiúnaithe i bhfeidhm maidir le hospidéil phoiblí agus phríobháideacha a chuireann cóireáil ar othair ailse, chun bainistíocht éifeachtúil, shábháilte agus chomhionann a ráthú ar ailsí ar fud an Aontais; á áitiú nach mór do na critéir sin cloí leis na caighdeáin is airde atá ar fáil d’eolaíocht fhianaisebhunaithe a foilsíodh in irisí eolaíochta piarmheasúnaithe; á áitiú gur cheart institiúidí poiblí agus príobháideacha a chomhlíonann na critéir maidir le dearbhú cáilíochta a chur san áireamh i NCCPanna mar chuid den Phlean agus é mar aidhm acu an cháilíocht is airde de chóireáil ailse a chur ar fáil do gach othar ar fud an Aontais; á iarraidh ar na Ballstáit léarscáileanna a chruthú de riachtanais sláinte oinceolaíochta agus iad a chúpláil le mapálacha agus fardail réalaíocha don bhonneagar oinceolaíochta acu atá ann cheana; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuirfear ar chumas na mBallstát leis an gcleachtadh mapála sin rochtain ar bhonneagar leighis atá ann cheana a phleanáil ar bhealach níos fearr, réimsí soiléire gníomhaíochta a chinneadh agus tús áite a thabhairt do leithdháileadh acmhainní, agus comhar trasteorann idir na lárionaid tagartha oinceolaíochta a phleanáil;
77. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe líonra de chuid an Aontais a bhunú, mar a fógraíodh sa Phlean, lena nascfar ionaid tagartha náisiúnta chuimsitheacha aitheanta don ailse (ionaid tagartha) i ngach Ballstát chun glacadh diagnóise agus cóireálacha ar cháilíocht dhearbhaithe a éascú, lena n-áirítear oiliúint, taighde agus cur chun cinn trialacha cliniciúla ar fud AE; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún tacú le hionaid den sórt sin a bhunú d’ailsí neamhchoitianta agus d’ailsí a bhfuil cóireálacha casta ag teastáil lena n-aghaidh; á iarraidh ar an gCoimisiún lárionaid den chineál sin atá ann cheana laistigh de AE a shainaithint, bunú ionaid ailse chuimsithigh náisiúnta amháin ar a laghad a chur chun cinn i ngach Ballstát agus tacú leis an gcomhordú ar líonra na n-ionad sin; á chur i bhfáth gur cheart go n-áireofaí ar chuspóirí an líonra sin éagothromaíochtaí a laghdú agus taighde aistriúcháin, cliniciúil agus torthaí a neartú; á thabhairt chun suntais gur cheart cur chun cinn agus forbairt an taighde aistriúcháin a mheas mar phríomhchuspóir tábhachtach Líonra an Aontais Eorpaigh d’Ionaid Chuimsitheacha Ailse; ag tabhairt dá haire gur cheart don Choimisiún, agus an líonra sin de chuid an Aontais á fhorbairt aige, machnamh a dhéanamh ar an ngá atá le hinfheistíocht a dhéanamh i dtrealamh úrscothach agus i lianna dea-oilte agus i speisialtóirí cúraim sláinte eile a bhfuil speisialtachtaí éagsúla acu, agus á mholadh go mbeadh réimse speisialtachtaí agus disciplíní dea-fhorbartha ailse rannpháirteach ón tús san obair a dhéanann Líonra an Aontais Eorpaigh d’Ionaid Chuimsitheacha Ailse chun comhar ildisciplíneach a threisiú agus, dá bhrí sin, torthaí d’othair a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le hinbhuanaitheacht an chomhair thrasteorann atá ann cheana féin, amhail na Líonraí Tagartha Eorpacha agus comhar a bhaineann le hailse phéidiatraiceach; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis na Ballstáit trí chuid den bhuiséad a chur i leataobh sna cistí comhtháthaithe agus réigiúnacha chun tacú le bunú na n-ionad sin chun cumhdach iomlán an daonra a áirithiú;
78. á iarraidh go ndéanfar NCCP a shainaithint, a neartú nó a chruthú i ngach Ballstát , i gcomhréir le treoir EDS maidir le NCCPanna, ina bhfuil struchtúr ar leith, institiúid náisiúnta ailse b’fhéidir, atá i gceannas ar chur chun feidhme agus ar obair leantach na NCCPanna faoi seach, ag a mbeidh cuspóirí agus acmhainní leormhaithe; á iarraidh go ndéanfaí inneachar NCCPanna a ailíniú chomh dlúth agus is féidir leis an bPlean chun cur chun feidhme rathúil an phlean a éascú; á mholadh go mbunófar NCCPanna i gcomhréir leis an Treoir Eorpach do na Cláir Náisiúnta um Rialú Ailse ar Cháilíocht arna dtionscnamh ag an gComhpháirtíocht Eorpach um Ghníomhaíocht i gcoinne na hAilse (EPAAC) agus á iarraidh go n-áireofaí comhpháirt d’ailse phéidiatraiceach agus d’ailse neamhchoitianta i ngach NCCP chun a áirithiú go leithdháilfear acmhainní iomchuí agus go dtabharfar isteach cláir cur chun feidhme leormhaithe chun freastal ar riachtanais shonracha na n-othar sin; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh líonra de na heagraíochtaí sin; á chur i bhfáth gur cheart forálacha maidir le cumais foirne leormhaithe a bheith ar áireamh i NCCPanna chun a ráthú go mbeidh líon leordhóthanach oibrithe oinceolaíochta i ngach Ballstát, i gcomhréir leis an líon foriomlán daonra;
IIIb. Rochtain chomhionann ar chúram agus ar chógais ailse san Aontas Eorpach
79. á iarraidh ar an gCoimisiún margadh leigheasra na hEorpa a neartú chun feabhas a chur ar rochtain chomhionann ar chóireáil, lena n-áirítear nuálaíochtaí agus leigheas pearsantaithe, ganntanais cógas a laghdú, an fhadhb i dtaca le costais airde ar theicneolaíochtaí agus cóireálacha nuálacha a shárú, úsáid cógas cineálach agus bithshamhlacha a spreagadh agus cóireálacha ailse a fheabhsú do dhaoine fásta agus do leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na húdaráis iomaíochta náisiúnta measúnú a dhéanamh ar mhargadh leigheasra na hEorpa, ag díriú ar éadáil FBManna ag cuideachtaí móra cógaisíochta a bhaineann an bonn d’iomaíocht chóir; ag spreagadh idirphlé il-gheallsealbhóra maidir le rochtain ar chógais agus ar nuálaíochtaí atá bunaithe ar shamhlacha amhail ACCELERATE(67) in earnáil na hailse péidiatraí agus ina mbeidh na gníomhaithe ábhartha uile rannpháirteach, lena n-áirítear an lucht acadúil, an tionsclaíocht, gairmithe sláinte agus ionadaithe othar;
80. á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur leis an gcumas náisiúnta taighde agus táirgthe le haghaidh cógas agus táirgí sláinte eile, lena n-áirítear trí shaotharlanna náisiúnta cógaisíochta a bhunú, d’fhonn rochtain chothrom ar chóireáil a sholáthar, ganntanais cógas a laghdú agus spleáchas ar an tionscal cógaisíochta, rochtain saor ó chostas a áirithiú ar chóireálacha nuálacha agus cóireálacha ailse a fheabhsú do dhaoine fásta agus do leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit, ina theannta sin, rochtain saor ó chostas a sholáthar ar chóireálacha agus ar chógais a úsáideann othair ailse trí bhíthin a gcuid seirbhísí sláinte poiblí agus machnamh a dhéanamh ar bheartais cógas lena dtugtar rochtain saor ó chostas ar chógais d’úsáideoirí atá os cionn 65 bliana d’aois, d’úsáideoirí a bhfuil tinneas ainsealach air agus do theaghlaigh atá i ngátar eacnamaíoch;
81. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 2001/83/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Samhain 2001 lena mbunaítear cód Comhphobail a bhaineann le táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine(68) agus ar Rialachán (CE) Uimh. 726/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 31 Márta 2004 lena leagtar síos nósanna imeachta Comhphobail maidir le húdarú agus maoirseacht táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus le haghaidh úsáide tréidliachta agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Leigheasra Eorpach(69) (EMA) chun an creat údaraithe margaíochta a neartú, infhaighteacht cógas a fheabhsú agus iomaíocht chineálach agus bhithshamhlach a mhéadú;
82. ag tabhairt dá haire gur minic a bhíonn tionchar ag ganntanais cógas ar othair ailse agus go ndéanann mórshuaitheadh ar sholáthar cóireálacha ailse an-dochar dóibh, dá gcúramóirí agus dá dteaghlaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le chéile chun ganntanais na gcógas leighis agus na dtáirgí míochaine, agus na gcógas ailse go háirithe, a chosc agus a bhainistiú, lena n-áirítear ganntanais cógas riachtanach ailse neamhchostasach; ag tacú le forbairt bascaeid choitinn de dhrugaí ailse a bhféadfadh ganntanas díobh a bheith ann chun a áirithiú go mbeidh rochtain leanúnach ag othair ar chóireáil iomchuí, bunaithe ar riachtanais othar a shainítear go trédhearcach agus go hiomchuí;
83. á iarraidh go ndéanfar an slabhra soláthair a atreisiú agus a éagsúlú, go háirithe slabhra soláthair na ndrugaí ailse, laistigh de AE, go ndéanfar dlúthfhaireachán ar theannas i réimse an leighis agus ar ghanntanais cógas leighis, agus go gcruthófar stoc-charn straitéiseach na gcógas leighis sin, na gcomhábhar gníomhach agus na n-amhábhar criticiúil sin, go háirithe nuair a bhíonn teorainn le líon na soláthróirí; á iarraidh ar reachtaíocht chógaisíochta an Aontais oibleagáid dhlíthiúil a thabhairt isteach do chuideachtaí cógaisíochta faisnéis a thuairisciú don EMA maidir le stoic leormhaithe sábháilteachta de chógais riachtanacha ailse; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ról na gcleachtas soláthair inbhuanaithe chun ganntanas cógas a chosc; ag tathant ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs Threoir AE maidir le Soláthar Poiblí(70), treoirlínte a fhorbairt chun tacú le cleachtais soláthair phoiblí i réimse na cógaisíochta do dhrugaí ailse, go háirithe maidir le cur chun feidhme chritéir na tairisceana is buntáistí go heacnamaíoch, arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht fhadtéarmach, iomaíocht agus slándáil an tsoláthair a áirithiú agus infheistíocht sa mhonaraíocht a spreagadh;
84. á chur i bhfios go ndéantar cúram ailse éifeachtúil agus slán, níos mó iomaíochta agus nuálaíocht agus coigiltis do chórais cúraim sláinte a éascú mar thoradh ar chógais chineálacha agus bhithshamhlacha, agus ar an gcaoi sin go gcuirtear feabhas ar an rochtain atá ag othair ar chógais leighis; á iarraidh go dtabharfar isteach cuspóir straitéiseach sa Phlean agus go gcuirfí NCCPanna chun cinn go gníomhach úsáid leigheasra seachphaitinne a chur chun cinn, i gcás inarb iomchuí agus ina bhfuil sé chun tairbhe na n-othar; á chur i bhfáth nár cheart bac ná moill a chur ar a dteacht isteach sa mhargadh agus gur cheart an próiseas forbartha a chur chun cinn agus a mhaoiniú; á iarraidh ar an gCoimisiún iomaíocht shláintiúil a áirithiú maidir le dul in éag na gceart maoine intleachtúla mar ábhar práinne trí inrochtaineacht ar chógais bhithshamhlacha a áirithiú ón gcéad lá ar aghaidh agus trí na bacainní ar fad ar rochtain ar iomaíocht a bhaint, mar shampla trí nascáil phaitinne, trí chosc a chur ar chleachtais síorghlasaithe mhaoine intleachtúla a chuireann moill mhíchuí ar rochtain ar chógais agus trí fhorbairt dhomhanda aonair a cheadú;
85. á mheas gur cheart do na Ballstáit díriú ar an meastóireacht ar theicneolaíochtaí leighis; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an comhaontú maidir leis an Rialachán maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte ar tháinig Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle air an 22 Meitheamh 2021 chun tacú le measúnú comhchuibhithe ar dhiagnóis agus cóireálacha nuálacha ailse, agus le rochtain níos tapa orthu, agus á mheas go bhféadfadh próiseas cinnteoireachta níos éifeachtúla ról a imirt lena éascú, i measc bearta eile; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil cógais ailse ar cheann de na chéad ghrúpaí táirgí íocshláinte a ndéanfar measúnú comhpháirteach orthu faoin Rialachán maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht na Sláinte; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta breise a dhéanamh lena ndíreofar ar ghlacadh agus úsáid measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha a spreagadh, ar measúnuithe iad atá le déanamh faoin rialachán; á thabhairt chun suntais gurb ann d’uirlisí atá á n-úsáid ag an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte chun cógais ailse a ionchorprú ar Liosta Eiseamlárach EDS de na cógais riachtanacha;
86. á mheabhrú go bhfuil sé de cheart ag gach othar an chóireáil is fearr is féidir a fháil, gan beann ar acmhainní airgeadais, inscne, aois ná náisiúntacht na n-othar; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil difríocht mhór ann maidir le hinfhaighteacht agus rochtain ar theiripí éagsúla ailse, agus go bhfuil neamh-inacmhainne ar cheann de na príomhchúiseanna; á áitiú, dá bhrí sin, gur gá a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ar dhrugaí sábháilte, éifeachtacha agus inacmhainne, go háirithe drugaí ailse, laistigh de AE; á iarraidh ar na Ballstáit machnamh a dhéanamh ar chaibidlíocht chomhpháirteach i dtaobh praghsanna le cuideachtaí cógaisíochta, de réir Thionscnamh Beneluxa maidir le Beartas Cógaisíochta agus Dearbhú Vaileite; á iarraidh ar an gCoimisiún gné lárnach den Phlean agus den Straitéis Chógaisíochta don Eoraip a dhéanamh de phraghsáil chothrom agus d’inacmhainneacht cóireálacha nua, go háirithe trí choinníollachtaí a chur le maoiniú poiblí AE (e.g. faoin gclár Fís Eorpach agus faoin Tionscnamh Nuálach Sláinte), agus a áirithiú go dtabharfar cuntas ar infheistíocht phoiblí i T&D agus go mbeidh cógais a thagann as taighde a mhaoinítear go poiblí ar fáil ar phraghsanna cothroma agus inacmhainne; á chur i bhfios go láidir gur cheart gurb amhlaidh a bheadh freisin i gcás cógais a bhaineann tairbhe as cosaint rialála nó mhargaidh shonrach amhail cógais a fhorbraítear chun ailsí neamhchoitianta nó ailsí phéidiatraiceacha a chóireáil; á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann ar fud an chórais chógaisíochta, go háirithe maidir le comhpháirteanna praghsála, critéir aisíocaíochta agus praghsanna (glana) iarbhír na gcógas leighis i mBallstáit éagsúla chun praghsanna níos cothroime a áirithiú agus chun cuntasacht phoiblí a thabhairt don earnáil chógaisíochta;
87. á mholadh go láidir go leathnófaí nósanna imeachta soláthair chomhpháirtigh, go háirithe le haghaidh cógais agus cóireálacha ailse atá (fíor)annamh, péidiatraiceach agus núíosach, nósanna imeachta diagnóiseacha, tástálacha diagnóiseacha coimhdeachta, agus vacsaíní lena gcoisctear ailse amhail vaicsíní HPV agus heipitítis B, chun dul i ngleic le ganntanais agus feabhas a chur ar inacmhainneacht agus ar rochtain ar chóireáil ailse ar leibhéal an Aontais; ag tabhairt dá haire gur cheart go bhfeabhsódh nósanna imeachta um sholáthar comhpháirteach agaí freagartha agus gur cheart dóibh a bheith trédhearcach; á thabhairt chun suntais nár cheart go gcuirfeadh soláthar poiblí comhpháirteach bac ar rochtain ar othair ná bac ar nuálaíocht leighis;
88. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le creat rialála a neartaíonn dreasachtaí le haghaidh cóireáil ailse neamhchoitianta in AE chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na heasnaimh atá ann cheana; á chur i bhfios go láidir go ndéantar córais phaitinne ar fud an domhain a dhréachtú ar bhealach nach gceadaítear ach don aireagóir saothrú tráchtála a dhéanamh ar a bpaitinn ar feadh tréimhse áirithe ama – i.e. ar feadh ré na paitinne – agus ina dhiaidh sin, gur féidir le duine ar bith an t-aireagán a tháirgeadh gan bhac; á iarraidh ar an gCoimisiún dreasachtaí spriocdhírithe nua a fhorbairt chun a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ar chógais ailse i limistéir nach mbeadh forbairt táirgí inbhuanaithe murach sin;
89. á iarraidh ar an gCoimisiún togra a thíolacadh chun athbhreithniú a dhéanamh ar Threoir 89/105/CEE ón gComhairle maidir le trédhearcacht na mbeart lena rialaítear praghsanna táirgí íocshláinte(71) chun rialuithe éifeachtacha a áirithiú chomh maith le trédhearcacht iomlán na nósanna imeachta a úsáidtear chun praghas na gcógas leighis agus aisíocaíocht a gcostas a chinneadh, go háirithe cógais ailse, sna Ballstáit; á mholadh do na húdaráis inniúla a iarraidh ar chuideachtaí cógaisíochta faisnéis a chur ar fáil maidir le costais taighde agus forbartha, lena n-áirítear maoiniú ó acmhainní poiblí, sula dtabharfar údarú margaíochta, chomh maith leis na sochair agus na fóirdheontais chánach a fuair siad; á iarraidh go ndéanfar úsáid cistí poiblí a chur san áireamh i ríomh na gcostas drugaí; á iarraidh ar EMA líon na n-iniúchtaí a mhéadú chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid a chomhlíonann na cuideachtaí cógaisíochta na ceanglais maidir le trédhearcacht;
90. ag tabhairt dá haire gur nocht an dul chun cinn mór atá déanta sa bhitheolaíocht gur scáth-théarma é ailse ar níos mó ná 200 galar, agus gur féidir beachtleigheas nó leigheas pearsantaithe a chur ar fáil trí dhrugaí a spriocdhíriú ar shócháin éagsúla; á mheas gur bealach a bhfuil gealladh faoi chun feabhas a chur ar chóiréail ailse é beachtleigheas nó leigheas pearsantaithe, arb é atá ann céadrogha cóireála atá bunaithe ar bhithchomharthaí siada aonair lena léirítear géinitíopaí nó feinitíopaí; ag spreagadh na mBallstát, dá bhrí sin, leigheas pearsantaithe a fhorbairt ar fud an Aontais trí chomhar eatarthu agus chun cur chun feidhme ardán réigiúnach um ghéinitic mhóilíneach a chur chun cinn agus rochtain chothrom agus mhear ar arddhiagnóisic agus ar chóireáil phearsantaithe a éascú d’othair, agus príobháideacht sonraí á n-urramú go hiomlán, agus a áirithiú go bhfuil othair ar an eolas agus go dtoilíonn siad lena sonraí sláinte a úsáid don taighde; ag tabhairt dá haire, le hilroinnt agus aicmiú ailsí bunaithe ar ghéinitíopaí sonracha, nár cheart go bhfágfaí go ndéanfaí iad a shainiú mar ‘ghalair neamhchoitianta shaorga’, agus é mar aidhm cúiteamh airgeadais a mhéadú;
91. á mheabhrú go meastar, i gcomhthéacs an leighis phearsantaithe, an leighis inscnebhunaithe agus teiripí, gur straitéisí éifeachtacha cóireála iad chun ailse a leigheas, agus aird á tabhairt ar na difríochtaí idir fir agus mná ar an leibhéal bitheolaíoch, géiniteach agus matánchnámharlach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit forbairt na cóireála inscnebhunaithe d’ailse a éascú, i gcomhréir leis na tásca ag teacht ó liachleachtóirí agus lianna;
92. á chur in iúl gur geal léi an tionscadal ‘Géanómaíocht don tSláinte Phoiblí’ agus bunú an treochláir maidir le cosc pearsantaithe sa Phlean chun bearnaí sa taighde agus sa nuálaíocht a shainaithint agus chun tacú le cur chuige chun na haimhrialtachtaí bitheolaíocha aitheanta go léir a mhapáil as a eascraíonn soghabhálacht i leith ailse, lena n-áirítear ailsí oidhreachta, arb ionann iad agus idir 5 agus 10 % de chásanna ailse;
93. á iarraidh go ndéanfar Rialachán (AE) Uimh. 536/2014 an 16 Aibreán 2014 maidir le trialacha cliniciúla ar tháirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine a chur i bhfeidhm go hiomlán agus go tapa(72); á mheas go n-éascófaí, le cur i bhfeidhm an rialacháin, trialacha cliniciúla móra a sheoladh ar fud na hEorpa ar bhealach comhchuibhithe, éifeachtúil agus comhordaithe ar an leibhéal Eorpach chun taighde ar dhrugaí ailse a éascú agus chun feabhas a chur ar cháilíocht saoil na n-othar agus a dteaghlach; á mheas, thairis sin, gur cheart an rialachán a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach i ngach Ballstát chun nósanna imeachta chun taighde cliniciúil a dhéanamh a chuíchóiriú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé athbhreithniú nua a dhéanamh ar dheiseanna chun an t-ualach riaracháin a bhaineann le trialacha cliniciúla a laghdú; á iarraidh go bhfoghlaimeofar ceachtanna fadtéarmacha ó phaindéim COVID-19 ar na cineálacha comhair idirnáisiúnta trialach agus comhroinnte faisnéise a bheidh ann amach anseo;
94. á chur i bhfios go bhféadfadh scéim PRIME arna seoladh ag an EMA a bheith ina hionstraim an-éifeachtach chun tacaíocht a fheabhsú d’fhorbairt cógas nuálaíoch san oinceolaíocht, ionas go dtabharfar iad d’othair níos luaithe;
95. á iarraidh go mbeadh timpeallacht níos inbhuanaithe ann, lena n-áirítear maidir le tacaíocht airgeadais, chun taighde a dhéanamh agus anailís a dhéanamh ar thaighde atá ann cheana maidir le hathearraíocht a bhaint as cógais le haghaidh cóireáil ailse, go háirithe ag tríú páirtithe nach bhfuil aon intinn tráchtála acu, agus go gcruthófaí tionscadal breise a bhaineann úsáid as ríomhaireacht ardfheidhmíochta chun tástáil a dhéanamh go tapa ar mhóilíní atá ann cheana agus ar theaglaimaí nua drugaí, ag tosú le riachtanais arda nach bhfuiltear ag freastal orthu, amhail cóireáil le haghaidh ailsí lena ngabhann drochphrógnóis, ailsí mheiteastáiseach agus ailsí neamhchoitianta;
96. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist a bhaineann le húsáid seachlipéid cógas, lena n-áirítear cógais neamhchostasacha agus cógais a úsáidtear le haghaidh ailsí neamhchoitianta; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an staid reatha maidir le húsáid seachlipéid cógas;
97. á aithint go mbeidh gá le rialacháin chasta (teiripí cille agus géinteiripe, mar shampla) le go leor teicneolaíochtaí atá le teacht; á mheas gur cheart don Aontas próiseas rialála a mhaoiniú, a dhreasú agus a áirithiú lena spreagtar taighde agus nuálaíocht go gníomhach, lena réamh-mheastar riachtanais taighdeoirí sa saol acadúil, sa tionscal agus i gclinicí, lena gcuirtear ar an eolas iad agus lena dtreoraítear go gníomhach iad maidir le próisis rialála, lena n-ullmhaítear an bealach do theicneolaíochtaí amach anseo, lena ndéantar meastóireacht ar na teicneolaíochtaí sin céim ar chéim agus lena gcothaítear teacht isteach cóireálacha nua sábháilte agus éifeachtacha sa mhargadh;
98. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé fianaise láidir a chruthú agus a thuairisciú maidir le próifílí éifeachtúlachta agus sábháilteachta cógas, i dtrialacha cliniciúla agus i staidéir leantacha ar iar-theacht isteach sa mhargadh araon; ag tacú le forbairt trialacha cliniciúla maidir le húsáid drugaí ailse nua agus inacmhainne i ndaoine fásta agus i leanaí; ag tacú le forbairt trialacha cliniciúla illárnacha ar fud na hEorpa chun bealaí feabhsaithe cóireála agus cúraim a aimsiú d’othair, lena n-áirítear leanaí agus othair níos sine; á chur i bhfios go láidir nach mór do na húdaráis trédhearcacht, comhlíonadh le ceanglais iompair staidéir agus cur in iúl luath na sonraí ábhartha don EMA agus don phobal i gcoitinne a áirithiú;
99. ag tabhairt dá haire gurb ann do thogra reachtach ón gCoimisiún maidir le hÚdarás um Ullmhacht agus Freagairt um Éigeandáil Sláinte (HERA) a bhunú; ag tabhairt dá haire gur cheart don Choimisiún, faoi 2023 agus gach dhá bhliain ina dhiaidh sin, athbhreithniú domhain a dhéanamh ar chur chun feidhme oibríochtaí HERA, lena n-áirítear a struchtúr, rialachas, chistiú agus acmhainní daonna; ag tabhairt dá haire nach mór aghaidh a thabhairt sna hathbhreithnithe sin, go háirithe, ar aon ghá le struchtúr HERA a mhodhnú, lena n-áirítear an fhéidearthacht é a uasghrádú go gníomhaireacht neamhspleách, athbhreithniú a dhéanamh ar a sainordú agus tuiscint a fháil ar na himpleachtaí airgeadais a bheadh ag aon mhodhnú den sórt sin, ach gan a bheith teoranta dóibh sin; ag tabhairt dá haire gur cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar thorthaí na n-athbhreithnithe agus gur cheart na torthaí sin a chur ar fáil don phobal; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh togra reachtach ag gabháil leis na hathbhreithnithe sin, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a leagtar amach, agus ról Pharlaimint na hEorpa mar chomhreachtóir á urramú go hiomlán; á mheas, má dhéantar HERA a uasghrádú go gníomhaireacht neamhspleách, go bhféadfadh sé, ag an bpointe sin, a bheith in ann rochtain thapa, chothrom agus inbhuanaithe ar nuálaíochtaí ailse d’othair ailse, lena n-áirítear nósanna imeachta diagnóiseacha chomh maith le tástálacha diagnóiseacha coimhdeachta, a réamh-mheas, a dhreasú, a fhorbairt agus a éascú; á mheas go bhféadfadh HERA comhoibriú go dlúth san fhadtéarma le heintitis phoiblí agus phríobháideacha chun éiceachóras acmhainní príobháideacha agus poiblí a phleanáil, a chomhordú agus a thógáil lena bhféadfar creataí éigeandála oiriúnacha a chur ar fáil do rochtain AE ar amhábhair lárnacha i gcás suaitheadh sa soláthar domhanda;
100. ag cur béim ar an ngá atá ann an nuálaíocht a chur chun cinn maidir le cóireálacha tarrthála ailse; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, creat reachtaíochta cógaisíochta a chruthú le haghaidh cógais leighis agus teiripí oinceolaíochta lena gcuirtear nuálaíochtaí ceannródaíocha iarbhír chun cinn seachas táirgí cógaisíochta comhchosúla, nach bhfuil iontu ach substaint eile a bhfuil an úsáid chéanna ag baint léi, gan tairbhí móra nó cógaisíocht an-chostasach, nach dtairgeann ach mionfheabhsuithe d’othair; á iarraidh go n-oibreoidh cuibhreannas mór údarás poiblí, cuideachtaí príobháideacha agus ENRanna, lena n-áirítear cumainn othar agus marthanóirí agus lucht acadúil, i gcomhar lena chéile chun inrochtaineacht agus inacmhainneacht roghanna cóireála ailse a éilíonn teicneolaíochtaí casta a ráthú, mar shampla, teiripe cille (T-chealla CAR), géinteiripe, imdhíon-teiripe aistrithe trí eastóscáin géanóim siada (teachtaire RNA) agus nanaitheicneolaíochtaí; á chur i bhfáth, chun úsáid níos leithne teiripí nuálacha a éascú, nach mór do AE agus do na Ballstáit a ndícheall a dhéanamh chun na teiripí atá ar fáil faoi láthair a mhaoiniú, ach ní mór dóibh freisin tacú le modhanna atá níos costéifeachtúla a fhorbairt; á chreidiúint, le laghdú na gcostas a bhaineann leis na teiripí is nuálaí agus is éifeachtaí, go mbeadh fáil níos leithne orthu a bheadh chun leas na n-othar in AE agus níos faide i gcéin; á iarraidh go n-áiritheofar rochtain chothrom ar theiripí nuálacha, i réigiúin uirbeacha ina bhfuil dlús mór daoine agus i gceantair thuaithe nó iargúlta araon;
IIIc. Rochtain chomhionann ar chúram ailse ildisciplíneach ardcháilíochta: i dtreo freagairt níos fearr a thabhairt ar thionchar na ngéarchéimeanna sláinte ar othair ailse
101. á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar suntasach ag géarchéim COVID-19, agus go bhfuil tionchar suntasach aige fós, ar mharthanas agus cáilíocht saoil na n-othar ag gach céim den ghalar, mar gheall ar mhoilleanna i ngníomhaíochtaí coisctheacha amhail vacsaíniú, cur siar scéimeanna coisctheacha, trialacha cliniciúla, scagthástáil, tarchuir, diagnóisí, gnáthaimh agus cóireálacha máinliachta, ganntanais sa soláthar cógas agus soláthairtí liachta eile, ganntanais lucht oibre ardcháilithe, cumarsáid laghdaithe le gairmithe sláinte agus an eagla atá ar othair maidir le hionfhabhtú; á thabhairt chun suntais go dtugtar le fios leis an bhfianaise gur chuir cliniceoirí bail ar 1,5 milliún níos lú othair ailse ar fud na hEorpa sa chéad bhliain den phaindéim agus go ndearna siad 100 milliún níos lú scagthástálacha ailse, agus dá bhrí sin, go bhféadfadh ailse a bheith ar mhilliún saoránach san Aontas faoi láthair mar thoradh ar phaindéim COVID-19;(73)
102. á mheas gur fíorthástáil struis do chórais sláinte AE ab ea paindéim COVID-19; á chur i bhfios go láidir gurb é an príomhcheacht ba cheart a fhoghlaim ná an gá atá le hinfheistiú san earnáil sláinte poiblí agus le straitéis éigeandála a fhorbairt chun a lamháil do na Ballstáit cur, ar bhealach comhordaithe, i gcoinne aon ghéarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo; á chur i bhfáth go mbíonn grúpaí leochaileacha, lena n-áirítear othair ailse, go háirithe gan chosaint le linn géarchéime sláinte; á chur i bhfáth gur cheart bearta sonracha faoin straitéis éigeandála sin a dhíriú ar chosaint na ngrúpaí leochaileacha, lena n-áirítear othair ailse, nach féidir leo fanacht go dtí deireadh na géarchéime; á chur i bhfáth gur cheart go dtacófar, leis na bearta sonracha sin, le forbairt, táirgeadh agus stoc-charnadh táirgí chun na grúpaí leochaileacha sin a chosaint;
103. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí a bhailiú go dícheallach trí chlárlanna oiriúnacha chun faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí vacsaíní i gcoinne COVID-19 i bpobail leochaileacha, lena n-áirítear othair a bhfuil ailse orthu, agus na freagairtí imdhíonachta a thugann siad ina dhiaidh sin;
104. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur measa na ganntanais lucht saothair a bhí ann cheana féin mar thoradh ar phaindéim COVID-19; á aithint a phráinní atá sé líon leordhóthanach gairmithe cúraim sláinte speisialaithe a áirithiú i gcúram ailse; á athdhearbhú gur cheart bearta sonracha faoin straitéis éigeandála a dhíriú ar aghaidh a thabhairt ar ghanntanais lucht saothair trí ghairmithe sláinte a earcú, i gcúram príomhúil agus cúram speisialaithe araon, agus a athoiliúint, más rud é gur speisialtóirí iad i réimsí eile; á mholadh go bhféadfadh an Chlárlann um Éagothromaíochtaí Ailse feidhmiú mar uirlis chun ganntanais lucht saothair atá ann cheana a thomhas agus a thuairisciú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cur chuige nua maidir le cúram sláinte atá dírithe ar an duine chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag gach duine ar sheirbhísí diagnóiseacha, seirbhísí teiripe agus seirbhísí sláinte poiblí ar ardchaighdeán; ag cur béim ar an ngá atá le hobair a dhéanamh ar mheascán scileanna chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an bhfreagairt do riachtanais foirne in earnáil na sláinte; ag tacú le malartú na ndea-chleachtas idir na Ballstáit i ndáil leis an méid sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ardáin oiliúna ar líne a chruthú do ghairmithe cúraim sláinte amhail cúramóirí, agus cláir chúraim theiripigh a chruthú lena ndeonaítear cáilíochtaí agus lena n-aithnítear a n-inniúlachtaí;
105. á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil go leor deacrachtaí fós ag othair rochtain a fháil ar sheirbhísí cúraim sláinte poiblí, ós rud é go bhfuil ganntanais lucht saothair agus easpa cumais ag go leor ranna oinceolaíochta sna hospidéil phoiblí; á iarraidh, dá bhrí sin, go gcruthófaí ranna radaiteiripe ar ardchaighdeán agus lárionaid oinceolaíochta nua-aimseartha in ospidéil phoiblí, bunaithe ar threoirlínte Eorpacha agus i gcomhréir leis an bhfianaise eolaíoch is déanaí;
106. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis ábhartha aitheantas a thabhairt don ról lárnach atá ag cúramóirí neamhfhoirmiúla, iad a lánpháirtiú i bhfoirne sláinte agus cúraim agus iad a chumhachtú leis an gcumas roghanna eolasacha a dhéanamh maidir le bearta tacaíochta atá ar fáil le tacaíocht ó ghairmithe cúraim sláinte; á aithint gur chuir an phaindéim le ról ríthábhachtach na gcúramóirí neamhfhoirmiúla, a chuireann formhór an chúraim laethúil ar fáil d’othair ailse agus a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar easpa soiléir tacaíochta praiticiúla agus beartais, lena n-áirítear maidir le cearta sóisialta, oiliúint, cabhair shíceolaíoch, faisnéis agus aitheantas; ag cur i bhfios chéatadán ard na gcúramóirí neamhfhoirmiúla i measc dhaonra an Aontais agus ar na difríochtaí maidir leis an gcaoi a dtacaítear leo agus an chaoi a n-aithnítear a gcearta ar fud na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar chúram neamhfhoirmiúil a chur ar bhonn foirmiúil, lena n-áiritheofaí go n-aithneofaí íoschaighdeán áirithe ceart, go háirithe dóibh siúd a bhfuil cúram fadtéarmach á sholáthar acu;
107. á mholadh go ndéanfaí córas sláinte digiteach a fhorbairt chun faireachán a dhéanamh ar shiomptóimí go cianda agus chun cóireáil ailse leanúnach a áirithiú i gcúram pobail; á iarraidh go ndéanfaí rochtain bhuan ar chomhairliúcháin leighis, ar sheirbhísí síceasóisialta agus ar theagmháil idir an t-othar agus gairmithe sláinte, agus idir an gairmí sláinte freastail agus teaghlach an othair, a ráthú trí úsáid a bhaint as teilileigheas agus teileachúram agus trína gcomhtháthú isteach i gcórais cúraim sláinte, i dtimpeallachtaí atá saor ó bhagairtí sláinte in ospidéil, nó, i gcás inar féidir agus ina bhfuil sé sábháilte é a dhéanamh, i gcógaslanna; á iarraidh forbairt teiripeach a spreagadh lena bhféadfar tacú le haistriú chuig cúram baile;
108. á iarraidh go mbeidh cumarsáid fheabhsaithe ann idir gairmithe sláinte, othair, marthanóirí, cúramóirí, tuismitheoirí agus údaráis phoiblí maidir le héifeachtacht agus sábháilteacht idirghabhálacha sláinte, go háirithe scagthástáil, diagnóisiú agus cóireáil ailse, agus go mbeidh feachtais feasachta maidir le cosc ann in aimsir géarchéime;
109. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna Eorpacha um chosc agus um bainistiú a ghlacadh mar chuid de straitéis theagmhasach atá comhleanúnach agus iomlánaíoch chun cosc agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais cógas leighis, feistí, táirgí agus foirne in aimsir géarchéime sláinte; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagrachtaí ar shealbhóirí údaraithe margaidh agus ar dháileoirí mórdhíola i ndáil le reachtaíocht ábhartha an Aontais;
IV.Tacaíocht láidir d’othair ailse, dóibh siúd a tháinig slán ón ailse agus do chúramóirí
110. á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh othair ailse thíos le ‘pionós dúbailte’ ina saol laethúil; á iarraidh go nglacfar treoir maidir le frith-idirdhealú, agus go ndéanfar treoracha maidir le seirbhísí airgeadais a chur chun feidhme go cothrom agus go comhionann, amhail an Treoir maidir le Creidmheas do Thomhaltóirí(74), gan aon idirdhealú in aghaidh othair ailse agus daoine a tháinig slán ón ailse;
111. ag tabhairt dá haire gur gá díriú ar an gcáilíocht saoil atá ag líon méadaitheach othar ailse ainsealach nach féidir a gcuid tinnis a leigheas ach ar féidir iad a chobhsú ar feadh roinnt blianta; ag cur béim ar a thábhachtaí atá moltaí sonracha ón Aontas chun feabhas a chur ar cháilíocht saoil na n-othar agus na marthanóirí, lena n-áirítear trí chúram tacaíochta cuimsitheach atá comhtháite i gcúram ailse, ag tosú leis an diagnóis agus ag leanúint ar feadh fhad chúrsa an ghalair (lena n-áirítear faoiseamh pian, seirbhísí síceolaíochta, gníomhaíocht choirp oiriúnaithe, teiripí comhlántacha bunaithe ar fhianaise eolaíoch, rochtain ar oideachas, tacaíocht chothaithe, cúnamh sóisialta a chuimsíonn gach cúram laethúil amhail cabhair teaghlaigh nó cúram leanaí, rochtain ar shláinte atáirgthe agus athbhunú sláine aeistéití) agus rochtain ar lárionaid tacaíochta speisialaithe; á iarraidh ar na Ballstáit ainiarmhairtí paiteolaíocha (míchumas fisiciúil nó foghlama) a aithint, chomh maith le hidirdhealú sóisialta, lena n-áirítear san ionad oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a mholadh do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar a thábhachtaí atá sé córais chuimsitheacha cumhdaigh a bhunú lena ráthófar go gcomhlíonfar na riachtanais sin; á aithint gur galar í an ailse a bhfuil ualach airgeadais ag baint leis, lasmuigh de chóireálacha ailse, fiú; á iarraidh ar an gCoimisiún ardán a bhunú chun dea-chleachtais i gcúram maolaitheach a mhalartú agus chun tacú le taighde ar chúram maolaitheach;
112. á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis AE maidir le cabhair agus cúram a mheas chun cúram fadtéarmach iomchuí, inrochtana agus ardcháilíochta a áirithiú;
113. á thabhairt chun suntais gur féidir le cógas comhtháiteach atá aitheanta go heolaíoch agus atá formheasta ag na húdaráis sláinte poiblí dul chun tairbhe d’othair i dtaca leis na héifeachtaí a ghabhann le galair éagsúla, ar nós ailse, agus lena gcóireáil; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur chuige iomlánaíoch agus comhtháiteach atá dírithe ar an othar a fhorbairt agus, i gcás inarb iomchuí, úsáid chomhlántach na dteiripí sin a spreagadh faoi mhaoirseacht na ngairmithe cúraim sláinte;
114. á chur i bhfios go láidir gur féidir le míchothú cur isteach ar thorthaí na cóireála ailse, agus gur cuid riachtanach de chúram ailse, dá bhrí sin, gurb ea cúram cothaitheach optamach; á iarraidh ar na Ballstáit moltaí a fhorbairt chun cothú cliniciúil a ionchorprú i ngach gné de chúram ailse, lena n-áirítear cóireáil, tacaíocht agus taighde; á mheas, aon uair a léirítear, nach foláir tacaíocht chliniciúil chothaithe a chur ar fáil d’othair ailse faoi chúram saineolaí bia a bheidh le cur san áireamh san fhoireann ildisciplíneach; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an oiliúint idir-speisialta maidir le tacaíocht chothaithe atá beartaithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit íoschaighdeáin a fhorbairt d’oiliúint leanúnach maidir le cúram cothaithe don lucht saothair ildisciplíneach; ag moladh go mbeidh bainistiú cothaithe ina chuid lárnach agus eiticiúil den taighde cliniciúil uile a bhaineann le hothair ailse; ag moladh, thairis sin, go n-áireofar tacaíocht chuí chothaitheach i gCairt um Chearta na n-othar ailse;
115. ag tathant go mór ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear gach othar ailse go hiomlán ar an eolas faoin bhféidearthacht maidir le nósanna imeachta caomhnaithe torthúlachta a bheith ann sula gcuirfear tús le cóireáil ghníomhach; á iarraidh go bhforbrófar treoirlínte ar leibhéal AE do ghairmithe sláinte, lena saineofar an aois ag ar cheart othair ailse a chur ar an eolas faoi infhaighteacht nósanna imeachta sláinte atáirgthe; ag spreagadh na mBallstát, thairis sin, foráil a dhéanamh chun go ndéanfar leis na scéimeanna náisiúnta árachais sláinte, na hothair ailse uile a chumhdaítear le hárachas sláinte náisiúnta éigeantach a aisíoc as na seirbhísí sin;
116. ag moladh do na Ballstáit tnáitheadh theaghlaigh agus ghaolta na n-othar ailse, rud ar minic leis a bheith amhlaidh, a chur i gcuntas agus cúnamh síceolaíoch agus socheacnamaíoch a chur ar fáil dóibh, go háirithe don dream is leochailí, agus tréimhsí sosa san áit oibre a sholáthar dóibh ar feadh fhad chúrsa an ghalair, mar aon le tacaíocht mhéala; ag spreagadh, thairis sin, na forbartha ar scéimeanna tacaíochta comhtháite, leormhaithe agus inrochtana d’othair ailse agus dá dteaghlaigh, lena gcuirfear an tsláinte, seirbhísí pobail agus sóisialta san áireamh;
117. á mheabhrú go bhfuil cumhachtú na n-othar agus litearthacht sláinte ríthábhachtach don straitéis ailse Eorpach agus nach mór othar-lárnacht agus cinnteoireacht rannpháirteach a bheith i gcroílár na bpróiseas cóireála agus cúraim; ag moladh chur chun cinn na n-othar dea-eolasach atá rannpháirteach go gníomhach ina gcóireáil féin agus á iarraidh go gcuirfear oideachas teiripeach ar chúramóirí agus othar agus go ndéanfar iad a chumhachtú sna cláir chúraim; á mheas gur cheart go mbainfí úsáid as modheolaíocht atá saincheaptha go sonrach le haghaidh phróiseas oiliúna agus cumhachtaithe na n-othar péidiatraiceach, i bhfianaise a saintréithe agus a riachtanas sonrach; á iarraidh go ndéanfar cinnteoireacht rannpháirteach, le faisnéis atá pearsantaithe agus intuigthe agus bunaithe ar fhianaise a chur ar fáil d’othair, mar chuid lárnach de NCCPanna, a fhaigheann tacaíocht ón bPlean; á iarraidh go dtacófar leis na tionscnaimh agus leis na gníomhaíochtaí sin chun othair ailse a chumhachtú trí chistiú AE, go háirithe an Clár EU4Health;
118. ag aithint an róil lárnaigh atá ag comhlachais neamhspleácha othar agus cúramóirí i ndáil le habhcóideacht agus tionlacan othar, seirbhísí a chuirtear ar fáil d’othair agus do chúramóirí ailse, scaipeadh litearthachta sláinte, ardú feasachta agus tacaíocht leanúnach ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rannpháirtíocht fhoirmiúil na gcomhlachas a chur i gcuntas, mar aon lena n-iarrataí agus lena moltaí agus beartais agus reachtaíocht a bhaineann le hailse á gceapadh acu agus tacaíocht phoiblí a chur ar fáil dóibh i bhfoirm deontais oibriúcháin agus deontais a bhaineann le tionscadail ar mhaithe lena neamhspleáchas ar chistiú príobháideach a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún critéir shoiléire a leagan síos ar dá réir is féidir tacaíocht airgeadais phoiblí a bhronnadh; á mheas gur cheart go mbeadh ról ag othair phéidiatraiceacha, ar bhonn aonair agus i dteannta a chéile, maidir le feabhas a chur ar nósanna imeachta cúraim sláinte agus taighde do na hothair uile trí rannchuidiú lena dtaithí shonrach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, dá bhrí sin, gur cheart uirlisí foghlama agus oideachais leormhaithe a fhorbairt agus a mhaoiniú go cuí chun rannpháirtíocht leanaí a phleanáil agus a áirithiú;
119. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé roghanna cuí maidir le héileamh ar chúiteamh a dhaingniú d’oibrithe i gcás ailse cheirde; á iarraidh ar na Ballstáit an moladh ón gCoimisiún an 19 Meán Fómhair 2003 maidir le galair cheirde a chur chun feidhme ina iomláine agus a áirithiú go mbeidh roghanna cuí ann chun cúiteamh a éileamh d’oibrithe i gcásanna ailse cheirde, lena bhfágfaí go mbeadh an deis ag gach oibrí cúiteamh cuí a fháil tar éis dó nó di a bheith nochta do shubstaintí díobhálacha nó tar éis don ailse a bhaineann leis an obair difear a dhéanamh dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún liosta íosta de ghalair cheirde a chruthú a mbeidh critéir aitheantais inchomparáide ag gabháil leo ar fud an Aontais;
120. á iarraidh ar na Ballstáit feabhas a chur ar ath-lánpháirtiú na marthanóirí ailse i ngníomhaíochtaí sóisialta agus i margadh an tsaothair, lena gcabhrófar leo aistriú go róil ghairmiúla nua i gcás ina gcuirfear cosc orthu leanúint ar aghaidh sa phost céanna de dheasca ainiarmhairtí agus éascú a dhéanamh ar fhilleadh marthanóirí ailse péidiatraicí ar an scoil nó ar an ardoideachas; ag tabhairt dá haire an tearcluacháil ghinearálta ar iarchúraim i gcomparáid le hailse a chosc atá chomh tábhachtach céanna; ag meabhrú na moltaí agus na n-uirlisí atá forbartha ag Gníomhaíocht Chomhpháirteach CHRODIS+ chun cothú a dhéanamh ar othair a choinneáil ag an obair, ar a gcumas filleadh ar an obair agus a n-athimeascadh i margadh an tsaothair agus ag spreagadh an Choimisiúin tacú le cur chun feidhme na moltaí agus na n-uirlisí sin ar fud na mBallstát; ag moladh moltaí sonracha AE maidir le bearta le haghaidh marthanóirí ailse chun cosc a chur ar atarlú ailse príomhúla agus ar fhorbairt ailsí nua mar aon le bearta maidir lena n-athshlánú, lena n-áirítear forálacha sonracha le haghaidh cúram fadtéarmach leantach do mharthanóirí ailse ar leanaí iad agus iad ag druidim i dtreo na haosachta; á chur i bhfáth an gá atá le hiarchúram leighis agus síceolaíoch do mharthanóirí na hailse;
121. á mheas gur cheart sainordú a thabhairt do EU-OSHA i dtaca le ról níos láidre a bheith aici i gcur chun cinn dea-chleachtas sna Ballstáit maidir le lánpháirtiú na n-othar ailse agus na ndaoine a tháinig slán ón ailse san ionad oibre agus maidir lena gcosaint ar an idirdhealú; á chur in iúl go bhfuil sí ag súil leis an staidéar nua, a fógraíodh sa Phlean, maidir le filleadh na ndaoine a tháinig slán ón ailse ar an obair, lena leagfar amach beartais fostaíochta náisiúnta agus cosanta sóisialta agus lena sainaithneofar constaicí agus na dúshláin atá fós ann;
122. á chur i bhfios go láidir an ról ríthábhachtach atá ag cigireachtaí saothair i dtaobh comhlíonadh leis an reachtaíocht sláinte agus sábháilteachta a dhaingniú agus maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chosc; á iarraidh ar na Ballstáit cigireachtaí saothair a neartú agus a áirithiú go ndéanfar iad a chistiú go leordhóthanach; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le faireachán agus fíorú d’oibrithe taistil; á iarraidh go ndéanfar an tÚdarás Eorpach Saothair (ELA) a chur chun feidhme chomh mear agus is féidir agus é a bheith ag feidhmiú a luaithe is féidir, agus á iarraidh ar ELA fíorchumhacht cigireachta saothair a chur ar fáil i gcásanna trasteorann agus faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na reachtaíochta maidir le sláinte agus sábháilteacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ról a thabhairt do ELA i gcásanna trasteorann chun forfheidhmiú cuí reachtaíochta sláinte agus sábháilteachta a áirithiú;
123. ag tathant ar an gCoimisiún aird a dhíriú ar athruithe i margadh saothair AE, agus ar chistiú leordhóthanach a dhaingniú chun sonraí a bhailiú mar is cuí; á chreidiúint go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach faisnéis agus sonraí a bhailiú go forleathan agus go críochnúil agus gur tosaíocht leanúnach don Choimisiún é chun freagairt leis na tionscnaimh reachtacha agus neamhreachtacha a bhfuil gá leo maidir le hailse a bhaineann leis an obair a chosc; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cláir chuimsitheacha náisiúnta a chur ar bun do na Ballstáit uile, lena bhféadfaí sonraí maidir le nochtadh do charcanaiginí a bhailiú ar fud AE agus á chur i bhfáth gur cheart go gcumhdófaí gach carcanaigin ábhartha leis na cláir sin; á iarraidh go mbeidh dlúthchomhar ann idir institiúidí AE, na Ballstáit, EU-OSHA agus geallsealbhóirí ábhartha, agus go mbeidh ról láidir ag na comhpháirtithe sóisialta ag an am céanna; á iarraidh go mbainfear úsáid as na sonraí a bhaileofar chun obair leantach a dhéanamh i ndáil leis na bearta reachtacha agus neamhreachtacha is gá chun dul i ngleic le hailse a bhaineann leis an obair;
124. ag tacú leis an gCárta Cliste do Dhaoine a Tháinig Slán ón Ailse a leathfar amach go luath, mar a fógraíodh sa Phlean, do na hEorpaigh go léir a tháinig slán ón ailse, go háirithe daoine a tháinig slán ó ailsí leanaí agus ailsí óganach, lena dtabharfar achoimre ar a stair chliniciúil, lena n-áirítear taithí an othair féin, agus lena n-éascófar cúram leantach agus lena ndéanfar faireachán ar an gcúram sin; á chur i bhfáth a íogaire atá sonraí sláinte aonair agus, dá bhrí sin, an gá atá leis an gCárta Cliste a bheith cosanta go hiomlán faoi Rialachán Ginearálta an Aontais maidir le Cosaint Sonraí (RGCS)(75);
125. á mheas nár cheart d’árachóirí ná baincéirí stair leighis na ndaoine a ndearna ailse difear dóibh a chur san áireamh; á iarraidh go n-áiritheofar i reachtaíocht náisiúnta nach ndéanfar idirdhealú i gcoinne daoine a tháinig slán ón ailse i gcomparáid le tomhaltóirí eile; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún dul i mbun plé le gnólachtaí chun cód iompair a fhorbairt chun a áirithiú go léireofar forbairtí i gcóireálacha ailse agus a n-éifeachtúlacht fheabhsaithe i gcleachtais ghnó na soláthraithe seirbhíse airgeadais; ag tacú, i gcomhthráth, le cur chun cinn na bhforbairtí a rinneadh sa Fhrainc, sa Bheilg, i Lucsamburg agus san Ísiltír, ina dteachtann daoine a tháinig slán ón ailse an ‘ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’; á iarraidh, faoi 2025, ar a dhéanaí, gur cheart do na Ballstáit uile an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad a ráthú do gach othar Eorpach 10 mbliana tar éis dheireadh a gcóireála, agus 5 bliana tar éis dheireadh na cóireála d’othair a ndearnadh a ndiagnóisiú sula raibh siad 18 mbliana d’aois; á iarraidh go tabharfar isteach caighdeáin choiteanna maidir leis an gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad faoi na forálacha ábhartha maidir le beartas cosanta tomhaltóirí den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, chun na cleachtais náisiúnta ilroinnte i réimse an mheasúnaithe acmhainneachta creidmheasa a leigheas agus chun rochtain chomhionann ar chreidmheas do dhaoine a tháinig slán ón ailse a áirithiú; á iarraidh go ndéanfar an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad do mharthanóirí ailse a leabú i reachtaíocht ábhartha AE chun idirdhealú a chosc agus chun rochtain marthanóirí ailse ar sheirbhísí airgeadais a fheabhsú;
126. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú leis an gCód Eorpach um Chleachtas Cúraim Ailse arna seoladh ag Eagraíocht Ailse na hEorpa, ar uirlis chumhachtaithe fhaisnéiseach í, chun a áirithiú go soláthrófar an cúram is fearr atá ar fáil do shaoránaigh agus d’othair Eorpacha;
127. á aithint go bhfuil géarghá le cairt Eorpach um chearta na n-othar ailse; á iarraidh go ndéanfar leis an gcairt seo an conair cúraim ailse (i.e. rochtain ar chosc, diagnóisiú tosaigh agus ar feadh a gcóireála), a chur i gcuntas ag gach céim agus feidhm a bheith aici ar bhealach cothrom i leith gach saoránach AE, gan beann ar an tír nó an réigiún ina bhfuil cónaí orthu;
V.Dúshláin maidir le hailse i measc leanaí, óganach agus daoine óga
128. á chur in iúl gur geal léi na tionscnaimh a d’fhógair an Coimisiún chun aird a tharraingt ar ailse i measc leanaí; á iarraidh go mbeidh ceanglais shoiléire beartais ann maidir leis na riachtanais taighde ó thaobh ailse phéidiatraiceach de; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leithdháileadh neamhionann na hinfheistíochta ar ailsí péidiatraiceacha a cheartú; á mheas gur cheart sruth cistithe soiléir agus sonrach AE a thiomnú do thaighde agus cóireáil ailse péidiatraicí agus gur cheart leithdháiltí buiséid a bheith curtha i leataobh ar fud chláir ábhartha uile AE; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú le hardáin taighde acadúla idirnáisiúnta lena ndírítear ar ailsí péidiatraiceacha, atá bunaithe ar thaighde a dhéanann gníomhaithe ábhartha eile;
129. ag tabhairt dá haire go bhfuil an t-ualach oibre maorlathach a bhaineann le triail a ghníomhachtú san Eoraip róthrom i gcás go leor galair neamhchoitianta lena n-áirítear ailsí leanaí toisc go bhfuil easpa urraíocht tráchtála ann do thrialacha atá faoi stiúir imscrúdaitheora agus go bhfuil a lán eagraíochtaí neamhthráchtála fós nach bhfuil toilteanach ról an urraitheora a ghabháil de láimh ar leibhéal uile-Eorpach do thrialacha ilnáisiúnta i leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht atá cheana ann, ina leith sin, agus trialacha ilnáisiúnta do leanaí a éascú;
130. á iarraidh go ndéanfar deonú smeara a chur chun cinn sna Ballstáit ionas gur féidir beatha na mílte daoine atá diagnóisithe le leoicéime a shábháil, líon atá ag méadú de shíor agus lena n-áirítear go leor leanaí, ós rud é gurb í an leoicéime an ailse leanaí is coitianta; á thabhairt chun suntais gurb é an trasphlandú smeara an t-aon dóchas atá ann do go leor daoine atá buailte le leoicéime agus le galair fola eile agus nach mbeidh ball teaghlaigh comhoiriúnach ag triúr as ceathrar othar, agus go mbeidh deontóir, dá bhrí sin, ag teastáil uathu;
131. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit díriú ar rochtain chomhionann agus atá cothrom ó thaobh na geografaíochta de ar na diagnóisic speisialaithe is fearr agus cóireáil ildisciplíneach do leanaí a bhfuil ailse orthu a áirithiú, agus feabhas a chur ar na torthaí cóireála ailse i ngach Ballstát; á mheas gur cheart speisialtacht acadúil agus gairmí an oinceolaí phéidiatraicigh a aithint i ngach Ballstát; á chreidiúint gur cheart do gach othar a d’fhulaing ailse mar leanbh nó mar dhéagóir cúram leighis leanúnach a fháil agus iad a fhaire fiú i ndiaidh dóibh aosacht a bhaint amach, agus á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfar bearta a chur i gcrích chun an comhar a dhéanamh níos solúbtha idir gairmithe péidiatraiceacha agus gairmithe sláinte a fhreastalaíonn ar dhaoine fásta; ag spreagadh malartú eolais i dtaobh chúrsa galair na n-ailsí i measc leanaí agus déagóirí;
132. á chur i bhfáth an gá atá le clárlanna cuimsitheacha daonra-bhunaithe d’ailse leanaí, bunaithe ar chórais aicmithe ailse leanaí a comhaontaíodh go hidirnáisiúnta, chun sonraí inchomparáide ar ardchaighdeán a áirithiú ar fud na hEorpa; ag athdhearbhú an ghá atá le líon na gcásanna ailse i leanaí agus i ndéagóirí a fhoilsiú ar bhonn bliantúil ar a laghad san Aontas agus i ngach Ballstát;
133. á iarraidh go ndéanfar óganaigh agus daoine óga (AYAnna) a bhfuil ailse orthu a aithint ar leibhéal AE mar ghrúpa ar leith a bhfuil riachtanais leighis agus síceasóisialta sonracha acu agus go ndéanfar cláir scoile a chur ar bun a bheidh tiomnaithe dóibh;
134. ag cur béim ar an ngá atá le haghaidh a thabhairt go héifeachtach ar shaincheisteanna meabhairshláinte i leanaí agus in othair ailse AYA agus i marthanóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain agus fáil chothrom ar bhearta tacaíochta síceasóisialta iomchuí don ghrúpa othar sin;
135. á chur i bhfáth go bhfuil gá le neartú a dhéanamh ar an gceart chun cúram trasteorann i gcás leanaí agus othair ailse AYA nuair nach bhfuil an chóir leighis is fearr ar fáil ina dtír chónaithe, agus a áirithiú go gcumhdófar leis an reachtaíocht ábhartha, rochtain ar nuálaíocht trí thrialacha cliniciúla i gcás urchóideachtaí athiompaithe nó urchóideachtaí ar deacair iad a chóireáil, trí inbhuanaitheacht an chomhair trasteorann atá ann cheana a fheabhsú, lena n-áirítear na Líonraí Tagartha Eorpacha (ERNanna), go háirithe an ERN maidir le hailse phéidiatraiceach; ag cur béim ar an ngá atá le soiléiriú maidir le rochtain ar thrialacha cliniciúla trasteorann, toisc nach bhfuil sé sin sonraithe go soiléir sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann;
136. ag tabhairt dá haire go ndearna an dá rialachán maidir le táirgí íocshláinte péidiatraiceacha(76) agus dílleachta(77) cothú ar an bhforbairt agus ar infhaighteacht cógas d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu agus do leanaí, agus go ndearnadh infheistíochtaí príobháideacha agus poiblí a atreorú i dtreo limistéir a ndearnadh faillí iontu roimhe seo; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú uaillmhianach ar na rialacháin maidir le táirgí íocshláinte péidiatraiceacha agus dílleachta chun an fhorbairt ar dhrugaí ailse nuálacha agus rochtain orthu a áirithiú, go ndéanfar na drugaí is tábhachtaí a shainaithint chun freastal ar riachtanais na leanaí a bhfuil ailsí droch-phrognóiseacha orthu, tacú le taighde acadúil agus le rannpháirtíocht FBManna, moilleanna a laghdú ionas gur féidir le leanaí rochtain níos mire a bheith acu ar dhrugaí péidiatraiceacha, ar ghéinteiripe agus ar teiripe cille, iomaíocht a spreagadh tríd an gcreat rialála a oiriúnú agus infheistíocht i gcógais iarphaitinne dílleachta agus phéidiatraiceacha a spreagadh agus aghaidh a thabhairt ar an rochtain theoranta atá ann ar chógais riachtanacha áirithe i ngeall ar ghanntanais drugaí agus praghas ard na gcógas leighis nuálach; á mholadh go ndéanfar ardú 20 % ar na drugaí ailse péidiatraicí nua atá ar fáil faoi 2027, mar aon le méadú ar inrochtaineacht leighis phearsantaithe; á mheas, dá réir sin, gur cheart oibleagáid shoiléir chun taighde péidiatraiceach a áireamh a bhreithniú mar choinníoll le haghaidh iarratas ar chistiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcás inarb iomchuí, i gcomhphlé leis na Ballstáit, córas a oibriú ar mhaithe le rochtain ar fhíor-nuálaíochtaí ceannródaíocha d’othair ailse péidiatraicí; á iarraidh ar an gCoimisiún éascú a dhéanamh ar athrú cuspóra na gcógas a theipeann ar dhaoine fásta nuair atá réasúnaíocht eolaíoch agus réamhchliniciúil ann, agus dreasachtaí níos éifeachtaí agus níos saincheaptha a chur ar fáil chun cothú a dhéanamh ar fhorbairt cógas i gcomhair ailse i leanaí agus ar fhorbairt First-in-Child ar chógais nua frithailse phéidiatraiceacha; á iarraidh ar an gCoimisiún forbairt thráthúil ar chógas péidiatraiceach a spreagadh agus moilleanna a laghdú, amhail trí bhíthin luach saothair luath-chomhréireach a leithdháileadh de réir a chéile agus ní go heisiach ag deireadh an deimhnithe fhorlíontaigh cosanta; á iarraidh ar an gCoimisiún gan Airteagal 11(b) den Rialachán Péidiatraiceach a áireamh san athbhreithniú atá beartaithe chun lamháil don fhorbairt ar chógas ailse péidiatraicí a bheith á stiúradh ag an eolaíocht agus ag sásra gníomhaíochta an chógais;
137. á iarraidh go gcruthófar grúpa comhairleach geallsealbhóirí ar leibhéal AE a bheidh tiomnaithe d’ailsí leanaí, d’ailsí óganach agus d’ailsí daoine óga, lena bhféadfaí tacaíocht a thabhairt do chur chun feidhme spriocdhírithe agus comhleanúnach na ngníomhaíochtaí ábhartha ar fud an Phlean, Fhís na hEorpa, na Straitéise Cogaisíochta don Eoraip agus an Chláir EU4Health;
138. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh air agus á iarraidh ar na Ballstáit Treoir (AE) 2019/1158 an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí(78) a thrasuí go hiomlán, lena dtugtar isteach saoire do chúramóirí agus an deis socruithe solúbtha maidir le ham oibre a iarraidh ionas go mbeidh sé de cheart ag oibrithe saoire cúramóirí 5 lá oibre in aghaidh na bliana a bheith acu chun cúram pearsanta nó tacaíocht phearsanta a thabhairt do ghaol nó do dhuine a bhfuil cónaí air nó uirthi sa teaghlach céanna leis an oibrí agus a bhfuil gá aige nó aici le cúram suntasach leighis ar chúis thromchúiseach leighis, mar a shainítear ag gach Ballstát;
139. á chur in iúl gur geal léi cruthú Líonra AE de Dhaoine Óga a Tháinig Slán ón Ailse a d’fhógair an Coimisiún;
140. ag tacú leis an moladh ó JARC maidir leis an bhfeidhmiú céimneach ar aitheantóir Eorpach uathúil othair, ar an bPas Marthanais agus ar threoirlínte maidir le faireachas fadtéarmach agus ar an aistriú ó chúram péidiatraiceach go cúram do dhaoine fásta, chun a áirithiú go ndéanfar faireachán ar thorthaí fadtéarmacha i marthanóirí ailse leanaí i dtimpeallacht trasteorann; á chur i bhfáth an gá atá leis an ‘gceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’ a bheith oiriúnach don fheidhm don daonra sin;
VI.Dúshláin a bhaineann le hailsí neamhchoitianta aosach
141. Á aithint gur dúshláin don tsláinte phoiblí gurb ea ailsí neamhchoitianta aosach; á mheabhrú go bhfuil na dúshláin chéanna ag othair atá ag fulaingt le hailsí neamhchoitianta aosach a mhéid a bhaineann le hannamhacht agus cineál neamhchoitianta a ngalair, lena n-áirítear moill fhada ar dhiagnóisiú, agus mídhiagnóis ar uairibh, agus deacracht teacht ar chúram agus cóireálacha atá tráthúil agus leormhaith; ag tabhairt dá haire gur minic a mbraitheann othair ina n-aonar agus scoite amach ón bpobal agus gur minic lena gcáilíocht saoil a bheith laghdaithe go mór agus go n-imrítear tionchar suntasach agus diúltach ar a gcúramóirí freisin; á iarraidh ar an gClárlann Éagothromaíochtaí Ailse faisnéis maidir le hailsí neamhchoitianta a chomhtháthú, arb ionann iad agus thart ar 24 % de chásanna nua ailse a tharlaíonn i ngach aoisghrúpa;
142. ag tacú le tionscnamh suaitheanta tiomnaithe a thabhairt isteach maidir le hailsí neamhchoitianta aosach laistigh den Phlean chun dul i ngleic leis na dúshláin shonracha atá os comhair an phobail othar seo agus an leas is fearr a bhaint as na moltaí a leagtar amach i gClár Oibre Ailse Neamhchoitianta 2030 chun taighde a chothú agus cúram a fheabhsú i ngach céim d’aistear an othair atá ag fulaingt le hailse neamhchoitianta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a áirithiú go n-áireofar ailsí neamhchoitianta aosach sna tionscnaimh uile ar fud cheithre cholún an Phlean;
143. á iarraidh go dtabharfar cistiú tiomnaithe do thionscadail taighde maidir le hailse neamhchoitianta aosach faoin gclár Fís Eorpach, lena n-áirítear faoin Misean Ailse (mar shampla, faoi UNCAN.eu – an Tionscnamh Eorpach um an Ailse a Thuiscint), chun teiripí spriocdhírithe a fhorbairt agus chun tacú le bunachair sonraí, clárlanna agus bithbhainc a fhorbairt a bhaineann le hailse neamhchoitianta aosach;
144. á chur i bhfáth a dheacra atá sé ailsí neamhchoitianta aosach a dhiagnóisiú ar bhealach níos tráthúla; ag moladh, dá bhrí sin, rochtain níos éasca agus níos mire ar thástáil mhóilíneach lenar féidir cabhrú le hothair diagnóis bheacht agus teiripe spriocdhírithe a fháil, agus rochtain fiú ar thrialacha cliniciúla ábhartha i gcás inarb iomchuí; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil taighde ar bhithchomharthaí ríthábhachtach sa réimse sin;
145. á iarraidh go méadófar feasacht maidir le hailse neamhchoitianta aosach i measc gairmithe cúraim sláinte príomha agus tánaisteacha agus lena gcuirfear chun feidhme tarchuir leormhaithe chuig sainionaid speisialaithe ildisciplíneacha ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach araon;
146. ag spreagadh na mBallstát líonraí náisiúnta i gcomhair ailse neamhchoitianta aosach a chur ar bun chun an leas is fearr is féidir a bhaint as othair a atreorú chuig ionaid speisialaithe ar bhealach tráthúil agus éascú a dhéanamh ar idirghníomhaíocht le ERNanna chun malartú eolais ildisciplínigh agus cúraim ardcháilíochta a uasmhéadú, mar aon le taighde cliniciúil a chothú;
147. á iarraidh go bhfeabhsófar rochtain ar thrialacha cliniciúla agus ar chláir úsáide atruaiche d’othair ailse neamhchoitianta aosach; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil sé thar a bheith deacair i gcónaí d’othair ailse neamhchoitianta aosach ó go leor tíortha rochtain a fháil ar chláir úsáide atruaiche agus ar thrialacha thar lear; á iarraidh go gcuirfear chun feidhme ar bhonn níos fearr scéimeanna AE d’othair ailse neamhchoitianta aosach chun rochtain a fháil ar chúram sláinte thar lear, agus á mheas gur cheart do na córais sláinte náisiúnta éascú a dhéanamh ar rochtain ar thrialacha agus ar chláir úsáide atruaiche d’othair ar a bhfuil ailsí neamhchoitianta aosach agus nach bhfuil ach beagán roghanna cóireála acu;
148. ag moladh cuir chuige rialála nua chun go mbeidh othair ailse neamhchoitianta aosach in ann rochtain a fháil ar theiripí nua nuálacha faoi fhaireachán sábháilte, agus éascú á dhéanamh ar bhailiú fíorshonraí mar aon leis na sonraí a bhailítear i dtrialacha cliniciúla;
149. ag cur béim ar an ngá atá le hailsí neamhchoitianta aosach a áireamh sa ‘chlár oiliúna il-speisialtachta don ailse’ lena n-áirítear freisin sainoiliúint altranais, i gcomhar le ERNanna i gcás ailse neamhchoitianta aosach; ag cur béim ar an ngá atá le tacaíocht a thabhairt do chláir oideachasúla lena ndíreofar ar othair ailse neamhchoitianta aosach, ar chúramóirí agus ar ionadaithe othar i gcomhar le ERNanna chun leibhéal na litearthachta sláinte a mhéadú agus ar deireadh cabhrú le hothair agus lena dteaghlaigh roghanna eolasacha a dhéanamh faoi roghanna cóireála agus faoi chúram leantach;
150. ag aithint na sainiúlachtaí a bhaineann le hailse neamhchoitianta aosach i gcláir atá tiomanta do cháilíocht saoil othar ailse, marthanóirí agus cúramóirí a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oiliúint shonrach a chur chun feidhme do ghairmithe nach soláthróirí cúraim sláinte iad (e.g. oibrithe sóisialta, bainisteoirí cáis, etc.), atá ag tabhairt aire d’othair ailse neamhchoitianta aosach; á chur i bhfáth gur gá d’othair ailse neamhchoitianta aosach tacaíocht shíceolaíoch leormhaith a fháil, mar aon le hathshlánú agus faireachán a dhéanamh ar fho-éifeachtaí fadtéarmacha na gcóireálacha ag gairmithe a thuigeann a ngalar neamhchoitianta agus a shainiúlachtaí; ag moladh go gcuirfear freisin plean cúraim marthanais ar fáil do gach othar a bhfuil ailse aosach neamhchoitianta air nó uirthi; á mheas go bhfuil gá freisin le rochtain a bheith ag cúramóirí othar ailse neamhchoitianta aosacha (baill teaghlaigh go minic) ar thacaíocht shíceasóisialta chun dul i ngleic le déine agus castacht an ghalair, agus leis an ualach suntasach cúraim a dtugann siad faoi;
151. á iarraidh ar na Ballstáit roinn shonrach a chur san áireamh maidir le bainistiú a dhéanamh ar ailsí neamhchoitianta aosach ina gcuid NCCPanna (mar aon le roinn ar leith maidir le hailsí i leanaí) mar a mholtar i gClár Oibre Ailse Neamhchoitianta 2030; á mheas gur cheart na sainiúlachtaí sin a aithint i ranna tiomnaithe i ngach NCCP, lena n-áirítear sineirgí ábhartha le pleananna náisiúnta galar neamhchoitianta, chun taighde a chothú agus chun feabhas a chur ar bhainistiú cúraim agus ar chonairí cúraim do na hothair sin, ó chúram príomhúil go lárionaid ildisciplíneacha cúraim sláinte atá thar a bheith speisialaithe agus atá mar chuid de na ERNanna ábhartha nó atá i ndlúth-theagmháil leo; ag tabhairt dá haire, go dtí seo, nach n-áirítear go leordhóthanach in go leor de NCCPanna na mBallstát, ailsí neamhchoitianta aosach agus ailsí péidiatraiceacha;
152. ag tathant ar na húdaráis náisiúnta ábhartha eagraíochtaí othar ailse neamhchoitianta aosach a rannpháirtiú mar chomhpháirtithe i NCCPanna chun riachtanais agus ionchais na n-othar ailse neamhchoitianta aosach a chur in iúl, agus chun bheith rannpháirteach go gníomhach i gcur chun feidhme beart tiomnaithe i gcás ailsí neamhchoitianta aosach;
B.Uirlisí i gcomhair gníomhaíochta
I.Taighde iomlánaíoch agus na himpleachtaí a bhaineann leis
153. á chur i bhfáth gur cheart an Plean a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis an Misean Ailse faoi scáth Fhís na hEorpa agus a chuspóirí i dtaca le hinfheistíocht AE i dtaighde ar ailse agus táirgeadh poiblí agus nuálaíocht a chur chun cinn; á chur in iúl gur geal léi go ndéanfar cistiú le Fís na hEorpa ar bhonneagair thaighde, néalríomhaireacht agus gníomhaíochtaí na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí; á iarraidh ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh ar ailse phéidiatraiceach mar ábhar do chomhpháirtíocht Eorpach faoin gcéad chlár straitéiseach eile de chuid Fhís na hEorpa; ag moladh go dtabharfar cistiú iomchuí do thionscadail faoi Fhís na hEorpa atá tiomnaithe do chógais nua ailse péidiatraicí ar mhaithe leis an mbearna atá ann i gcógais phéidiatraiceacha a dhúnadh;
154. á mheabhrú go bhfuil taighde ildisciplíneach ar ailse, agus a aistriú go gnáthchleachtas cliniciúil, ríthábhachtach chun feabhsuithe leanúnacha i gcosc, diagnóisiú agus cóireail na hailse a áirithiú, agus sa chúram leantach do na daoine a thagann slán as; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, seoladh chomhpháirtíochtaí Fhís na hEorpa chun eolas eolaíoch a aistriú ina nuálaíochtaí a théann chomh fada leis na hothair; á iarraidh ar an gCoimisiún súil ghéar a choinneáil ar ghníomhaíocht na gcomhpháirtíochtaí a bhaineann le Fís na hEorpa agus ar an taighde a aistrítear go fíor-bhreisluach don chleachtas leighis atá ann faoi láthair;
155. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Limistéar Eorpach Taighde nua um Thaighde agus um Nuálaíocht, ina leagtar amach na cuspóirí agus na gníomhaíochtaí straitéiseacha a bheidh le cur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na Ballstáit; ag tacú leis an sprioc 3 % de OTI AE a infheistiú sa taighde agus san fhorbairt, lena gcabhrófar le sármhaitheas taighde a chur chun cinn ar fud AE agus lena gcumasófar don phobal eolaíoch, don tsochaí agus don fhíorgheilleagar rochtain a bheith acu ar thorthaí taighde; á chur in iúl gur saoth léi na héagothromaíochtaí suntasacha i gcistiú taighde ar fud AE; á iarraidh ar na Ballstáit comhshocrú maidir le taighde agus nuálaíocht san Eoraip a ghlacadh lena n-áirítear an gealltanas an caiteachas poiblí ar thaighde agus ar nuálaíocht a ardú go 1,25 % den OTI faoi 2030 ar bhealach comhordaithe ar fud AE;
156. á iarraidh ar na Ballstáit gairmeacha eolaíocha tarraingteacha a chur chun cinn agus a áirithiú do thaighdeoirí san Eoraip, agus béim ar leith á leagan ar mhná; á iarraidh ar na Ballstáit lucht saothair agus bonneagar eolaíoch dea-struchtúrtha a chur ar bun, agus cistiú leanúnach a áirithiú dá n-ionaid taighde; á chur in iúl go gcabhrófar le héiceachóras taighde agus nuálaíochta a chruthú ar fud an Aontais leis an tionscnamh sláinte nuálach atá beartaithe, lena ndéanfar an comhar idir an tionscal sláinte, an saol acadúil agus geallsealbhóirí eile a chur chun cinn chun eolas eolaíoch a thiontú ina nuálaíochtaí lena dtabharfar aghaidh ar chosc, ar dhiagnóisiú, ar chóireáil agus ar bhainistiú galar, lena n-áirítear ailse;
157. ag athdhearbhú a hiarrata go mbeadh cistiú inbhuanaithe leordhóthanach ann do thaighde iomaíoch Eorpach ar ailse; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag an taighde sin aghaidh a thabhairt ar réimsí nach bhfuil freastal de shaghas ar bith déanta orthu agus gur cheart é a dhéanamh thar chodanna uile chontanaim an chúraim ailse, lena n-áirítear i gcás na módúlachtaí cóireála uile; á iarraidh ar na Ballstáit méadú 20 % ar a laghad a dhéanamh ar shlógadh taighde phoiblí maidir le nuálaíochtaí teiripeacha, diagnóiseacha agus scagthástála ailse, lena gcumhdófar gach pobal othar lena mbaineann; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfar tacaíocht a thabhairt do thaighde ar chógais phéidiatraiceacha agus dílleachta trí dhuaischistí nuálaíochta Fhís na hEorpa agus trí cláir taighde náisiúnta; á mheas gur cheart na coinníollacha le haghaidh rochtain ar chistiú poiblí a athbhreithniú, lena n-áiritheofar trédhearcacht na gconarthaí a shonraítear idir eintitis phoiblí agus eintitis phríobháideacha mar aon le coinníollachtaí maidir le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht nuálaíochtaí nua nuair a éireoidh le tionscadail;
158. ag tacú le moladh Bhord an Mhisin Ailse maidir leis an Ailse a Chloí i leith clár taighde a chur ar bun a mbeidh sé de chúram air straitéisí agus modhanna éifeachtacha maidir le cosc na hailse a shainaithint maidir le cinntithigh thráchtála na sláinte agus nochtadh do charcanaiginí ceirde(79); ag tacú leis an moladh i dtaobh Saoráid Tacaíochta Beartais a chruthú chun feabhas a chur ar chomhroinnt eolais agus chun tacú le beartais choisc a bhaineann le hailse a chur chun feidhme ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal áitiúil;
159. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún cláir a chur ar bun chun an tacaíocht is gá a chur ar fáil don chomhphobal cógais idirghabhálach cillbhunaithe Eorpach a comhdhlúthaíodh le déanaí, lena gcruthófar agus lena gcomhtháthófar teicneolaíochtaí ceannródaíocha ceallacha agus saorga chun tuiscint a fháil ar luathimeachtaí a bhaineann le freagairt don ailse agus do theiripe, agus úsáid a bhaint as an eolas sin chun torthaí othar a fheabhsú; ag tacú le hardáin i gcomhair cógas idirghabhálach cillbhunaithe a chruthú chun sineirgí a chomhordú agus a chur ar bun idir an taighde, an nuálaíocht agus gníomhaíochtaí ilearnálacha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hinfheistíocht a dhéanamh i gcuir chuige thaighde agus nuálaíochta chun straitéisí nuálacha cillbhunaithe luathbhraite agus straitéisí cóireála pearsantaithe a chruthú i gcás na hailse;
160. á chur i bhfáth go bhfuil gá le taighde neamhspleách agus ildisciplíneach a dhéanamh ar ailse ‘ó luathchéim an taighde go céim an chur i bhfeidhm’ is é sin ón tsaotharlann go dtí na staidéir fheidhmeacha a dhéanfar ar othair, agus go bhfuil gá le hath‑mheastóireacht rialta a dhéanamh ar éifeachtacht na gcógas atá ar an margadh cheana; á chur i bhfáth go bhfuil gá le torthaí an taighde sin a chur ar fáil go poiblí ar bhealach trédhearcach agus simplí; á iarraidh go ndéanfar bearta a chur ar bun chun teorainn a chur leis na rioscaí don tsláinte de dheasca na bréagaisnéise agus na mífhaisnéise, go háirithe ar na meáin shóisialta, agus aird ar leith á tabhairt ar bhearta lena gcosnófar leanaí agus daoine óga; á iarraidh go dtabharfar tacaíocht do thionscnaimh scaipthe eolaíochta;
161. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh san fhorbairt ar mhodheolaíochtaí nua taighde neamhainmhithe, amhail in silico agus in orgánóidigh, ar mhaithe le tréimhsí breathnóireachta réamhchliniciúla a ghiorrú, éifeachtúlacht sa taighde a mhéadú, agus turgnaimh nach bhfuil gá leo ar ainmhithe a laghdú ar minic gur lú hiontaofacht a bhaineann leo; á chur i bhfios go láidir, maidir le modhanna neamhainmhithe chun tástáil a dhéanamh ar charcanaigineacht ceimiceán sa timpeallacht, amhail straitéisí tástála atá dírithe ar na meicníochtaí bitheolaíocha bunúsacha as a dtagann ailse, gur cheart go soláthrófaí leo faisnéis níos ábhartha ná na modhanna ainmhíbhunaithe atá in úsáid faoi láthair i gcomhair measúnú a dhéanamh ar shábháilteacht ceimiceán, lena gcuirfear ar chumas na n-údarás, dá bhrí sin, bearta a dhéanamh ar bhonn níos mire chun nochtadh do cheimiceáin dhíobhálacha a theorannú, ar ceimiceáin iad a d’fhéadfadh a bheith ina siocair le hailse;
162. á iarraidh ar na Ballstáit gealltanas láidir a thabhairt chun an comhar poiblí-príobháideach a spreagadh, á thiomáint ag riachtanais na sláinte poiblí, lena gcuirfear deireadh leis na bacainní ar iomaíochas ar fud AE;
163. á mheas go bhféadfadh tionchar suntasach a bheith ag an úsáid a bhainfear as intleacht saorga, as anailís algartamach ‘mórshonraí’ agus as teicneolaíochtaí eile nua-aimseartha i ndiagnóisiú agus sa chinnteoireacht i gcás ailsí sna blianta amach romhainn; á chur i bhfios go láidir trí chomhcheangal a dhéanamh ar shonraí fíorshaoil, samhaltú matamaiticiúil, intleacht shaorga agus uirlisí digiteacha go gcabhrófar go mór le coireálacha nuálacha a fhorbairt ar bhealach atá níos éifeachtúla ó thaobh costais de, agus go bhféadfaí laghdú a dhéanamh ar líon na n-othar a bheidh ag teastáil le haghaidh trialacha cliniciúla agus ar an úsáid a bhainfí as ainmhithe sa taighde; ag spreagadh an Choimisiúin agus na mBallstát an t-eolas maidir le bitheolaíocht ailse a chur chun cinn trí bhonneagair ghéanómaíochta agus faisnéisíochta a chur chun feidhme; ag tathant ar na comhpháirtithe cur chun feidhme uile a bheith san airdeall i gcónaí i dtaobh phrionsabail an phríobháideachais agus na slándála sonraí, na muiníne, na trédhearcachta, na n-othar-lárnachta agus rannpháirtíocht na n-othar;
164. á thabhairt chun suntais a ríthábhachtaí atá an taighde cliniciúil agus á iarraidh ar na Ballstáit éascú a dhéanamh ar idir-réiteach an chúraim othar le tionscnaimh taighde agus nuálaíochta, go háirithe i lárionaid bheaga, lena laghdófar an t-ualach oibre agus cóimheas na n-othar de réir gairmí sláinte;
165. á iarraidh go ndéanfar taighde ar an tionchar dearfach a d’fhéadfadh a bheith ag an intleacht shaorga agus ag teicneolaíochtaí nua-aimseartha maidir le diagnóisiú, faireachán, cinnteoireacht agus cúram na hailse; á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an tionscadal ‘Géanómaíocht ar mhaithe le Sláinte Phoiblí’ lena dtabharfar rochtain shlán ar mhéideanna móra sonraí géanómaíochta a mbeidh úsáid le baint astu i leigheas P4 (leigheas coisctheach, tuarthach, pearsantaithe agus rannpháirtíochta);
166. ag tacú le hacmhainní agus ardáin nua digiteacha a chruthú, amhail an Tionscnamh Eorpach um Íomháú Ailse, agus le neartú an Chórais Eorpaigh um Fhaisnéis maidir le hAilse, lena gcumasófar do na húdaráis inniúla dea-úsáid a bhaint as an intleacht shaorga a chuirfear i bhfeidhm maidir le mórshonraí sna blianta amach romhainn; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rochtain chothrom agus thrédhearcach ar an bhfaisnéis a áirítear sna hardáin sin;
167. á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an tionscnamh suaitheanta ‘Diagnóisic agus Cóireáil Ailse do Chách’ faoin bPlean, arb é is aidhm dó an rochtain ar dhiagnóis agus cóireáil nuálach ailse a fheabhsú agus an úsáid a bhainfear as teicneolaíocht ‘seicheamhaithe den chéad ghlúin eile’ a chur chun cinn ar mhaithe le próifílí géiniteacha meara agus éifeachtúla na siadcheall a chur i gcrích, lena lamhálfar do thaighdeoirí agus cliniceoirí próifílí ailse a chomhroinnt agus na cuir chuige dhiagnóiseacha agus theiripeacha chéanna nó chomhchosúla a chur i bhfeidhm i leith othair a bhfuil próifílí ailse inchomparáide acu; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cóireálacha pearsantaithe a mheas bunaithe ar thrialacha cliniciúla dea-dheartha a bhfuil luach breise teiripeach cruthaithe ag baint leo d’othair;
168. á chur in iúl gur geal léi an Chomhpháirtíocht maidir le Leigheas Pearsantaithe atá beartaithe, a fógraíodh sa Phlean agus a bheidh le cistiú faoi Fhís na hEorpa, lena sainaithneofar na tosaíochtaí maidir le taighde agus leis an oideachas sa leigheas pearsantaithe, lena dtacófar le tionscadail taighde maidir le hailse a chosc, a dhiagnóisiú agus a chóireáil, agus lena ndéanfar moltaí maidir le leathadh amach na gcur chuige i dtaca le leigheas pearsantaithe i gcleachtas leighis laethúil; á chur i bhfáth go bhfuil gá le téarmaíocht dea-shainithe a leagan síos a bheidh comhsheasmhach ar an leibhéal domhanda i gcás cógais leighis phearsantaithe lena ndéanfaí cuíchóiriú ar an infheistíocht sa taighde agus a rachadh chun tairbhe litearthacht sláinte na n-othar; ag tacú le treochlár a chur ar bun maidir le cosc pearsantaithe lena lamhálfar do bhearnaí sa taighde agus sa nuálaíocht a shainaithint agus do mhapáil a dhéanamh ar gach aimhrialtacht bhitheolaíoch aitheanta as a n-eascraíonn soghabhálacht i leith ailse, lena n-áirítear tosca oidhreachtúla agus comhshaoil agus saincheisteanna péidiatraiceacha; á iarraidh go bhféadfaí na réitigh sin a chur ar fáil trí chórais sláinte poiblí;
169. á iarraidh go gcuirfear feabhas ar fhothú acmhainneachta, ar bhonneagar, ar an gcomhar agus ar an gcistiú don taighde ar thrialacha cliniciúla neamhbhrabúsacha chun straitéisí cóireála a fheabhsú, agus béim á leagan ar dhaoine scothaosta agus ar phobail othar atá leochaileach agus tearcionadaithe, lena n-áirítear mná agus leanaí; á iarraidh go dtacóidh AE leis an gclár oibre don chóras sláinte agus don optamú cóireála;
170. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit staidéir atá tiomnaithe do na heolaíochtaí daonna agus sóisialta a chur chun cinn, go háirithe na staidéir sin lena dtugtar aghaidh ar neamhionannais sláinte ag na céimeanna éagsúla de ghalair na hailse, mar aon leis an taighde ar an mbealach is fearr is féidir cóireáil ailse a eagrú, seirbhísí agus soláthraithe cúraim sláinte a mhaoiniú, soláthar seirbhísí cúraim sláinte a eagrú, agus feidhmiú institiúidí bainistíochta; á iarraidh go n-áireofar leis na staidéir sin neamhionannais i gcúram ailse a bhaineann le tosca amhail inscne, aois agus stádas socheacnamaíoch, agus béim ar leith á leagan ar ghrúpaí imeallaithe agus leochaileacha sa tsochaí;
171. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis an bhforbairt ar thrialacha cliniciúla ilionaid Eorpacha, go háirithe i gcás ailsí íosmhínicíochta agus/nó ailsí a bhfuil roghanna cóireála laghdaithe acu, agus an comhar ilnáisiúnta agus stiúradh trialacha cliniciúla trasteorann a neartú, ag tógáil ar na struchtúir atá cheana ann i gcás inarb iomchuí, amhail an Chomhairle Eorpach um Thaighde Cliniciúil in earnáil na hailse péidiatraicí, agus rannpháirtíocht na dtíortha níos lú a spreagadh; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil gá le tionscnaimh beartais ailse uile AE a bheith comhordaithe i dtreo aidhmeanna sainithe agus comhroinnte;
172. ag tacú le taighde cliniciúil chun meastóireacht a dhéanamh ar indéantacht, éifeachtúlacht agus cost-éifeachtúlacht na n-idirghabhálacha nach mbaineann le cóireáil, amhail staidéir ar thosca sláinte (lena n-áirítear tosca comhshaoil) agus cáilíocht saoil;
173. á chreidiúint go láidir gur cheart othair agus cumainn othar neamhspleácha, mar aon le tuistí agus cúramóirí a rannpháirtiú i dtosaíochtaí agus i gcríochphointí taighde a shainmhíniú i gcás trialacha cliniciúla, chun a áirithiú go dtabharfaidh na trialacha aghaidh ar riachtanais na n-othar Eorpach nach bhfuil comhlíonta, lena n-áirítear cáilíocht saoil mar an príomh-chríochphointe; á mheas gur cheart torthaí deiridh na dtrialacha a chur in iúl do na hothair atá rannpháirteach agus don phobal; á iarraidh go mbeidh othair phéidiatraiceacha rannpháirteach sa sainmhíniú ar riachtanais nach bhfuil comhlíonta chun ionchur a sholáthar i ndearadh phrótacal na dtrialacha cliniciúla, cumarsáid leis an spriocdhaonra a fheabhsú agus feabhas a chur ar mhodhanna chun torthaí a scaipeadh; á chur i bhfáth, a mhéid a bhfuiltear ag comhlíonadh forálacha trédhearcachta sa Rialachán maidir le Trialacha Cliniciúla, gur cheart iad a choinneáil faoi fhaireachas agus tuairisciú rialta a dhéanamh ina leith;
174. á mholadh go ndéanfar grinnscrúdú níos stóinsithe ar thrialacha cliniciúla agus go mbeidh níos mó trédhearcachta ann sa phróiseas taighde ar chóireálacha ailse agus san fhorbairt a dhéanfar orthu, lena n-áirítear tairseach a chur ar bun chun lamháil d’othair rochtain a fháil ar fhaisnéis maidir leis na trialacha cliniciúla atá ar fáil san Eoraip; á iarraidh go mbeidh trédhearcacht ann maidir leis an rochtain ar shonraí ó thrialacha cliniciúla ar leibhéal AE agus maidir lena n-úsáid, lena n-áirítear na sonraí sin a tréigeadh; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áireofaí leis sin freisin faisnéis atá saincheaptha do leanaí agus d’othair óga;
175. á mholadh go mbeidh an taighde ina pharaiméadar den Chlárlann Éagothromaíochtaí Ailse ar mhaithe le héagothromaíochtaí a thomhas agus faireachán a dhéanamh orthu a mhéid a bhaineann le rochtain ar thrialacha cliniciúla agus chun tuiscint níos fearr a fháil ar neamhionannais réigiúnacha agus náisiúnta i ngníomhaíochtaí trialach agus chun freagairt níos fearr dóibh, agus rianú a dhéanamh ar an bhfeabhas atá tagtha ar thionscnaimh a bheidh le glacadh tríd an bPlean, amhail Líonra an Aontais d’Ionaid Chuimsitheacha Náisiúnta Ailse;
176. á thabhairt chun suntais gur cheart difríochtaí a bhaineann le hinscne a chur san áireamh sa taighde ar ailse, ag na céimeanna réamhchliniciúla agus cliniciúla araon, chun cur síos a dhéanamh ar na difríochtaí i bhfisiphaiteolaíocht an ghalair agus i gcomhghalrachtaí gaolmhara, agus i ndrugaí cógaschinéiteacha/cógasdinimiceacha, as measc drugaí eile;
177. ag moladh Dhearbhú Porto 2021 maidir le Taighde Ailse ina dtugtar chun suntais deiseanna i gcomhair cur chuige cuimsitheach i leith taighde ar ailse aistritheach lena bhféadfaí tréimhse marthanais ailse-shonrach 10 mbliana a bhaint amach i gcás 75 % d’othair a ndearnadh diagnóis orthu in 2030 sna Ballstáit ag a bhfuil córais cúraim sláinte dea-fhorbartha; ag tathant ar an gCoimisiún a bheith rannpháirteach go gníomhach agus ról ceannasach a bheith aige chun an sprioc sin a bhaint amach;
178. á chur in iúl gur geal léi go leanfaidh Gníomhaíochtaí Marie Sklodowska-Curie d’oideachas agus d’oiliúint a chur ar thaighdeoirí maidir le hailse a chosc, a thuar, a bhrath, a dhiagnóisiú agus a chóireáil;
II.Eolas comhroinnte
179. á mheas go bhfuil gá le saineolas, sonraí, cláir oiliúna agus uirlisí cumarsáide a chomhroinnt chun feabhas a chur ar an eolas maidir le hailse i measc gairmithe cúraim sláinte, taighdeoirí agus othar; á thabhairt chun suntais go bhfuil an comhar trasearnála agus trasteorann agus an chomhroinnt eolais ríthábhachtach chun cáilíocht an chúraim ailse in AE a fheabhsú tuilleadh; ag tabhairt dá haire a ríthábhachtaí atá comhroinnt sonraí i dtaobh an intleacht shaorga agus uirlisí meaisínfhoghlama a chur i bhfeidhm i leith an taighde a dhéanfar ar an gcoinníoll go bhfuil maoirseacht dhaonna ann, mar aon le claochlú digiteach an chúraim sláinte a chumasú, dul i ngleic le héagothromaíochtaí i gcosc ailse, i diagnóisiú agus i gcóireáil ar fud na hEorpa agus an úsáid a bhainfear as acmhainní na gcóras cúraim sláinte a optamú trí éifeachtúlacht a mhéadú agus lena lamhálfar, dá bhrí sin, d’infhaighteacht ar bhonn níos leithne ar shonraí cúram sláinte oinceolaíocha, lena n-áirítear i limistéir nach bhfuil chomh huirbithe agus atá níos iargúlta; á chur i bhfáth a íogaire is atá sonraí sláinte; á iarraidh go gcomhlíonfar go hiomlán Rialachán (AE) 2016/679 an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin (an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)(80) chun srianta nach bhfuil gá leo ar cúram sláinte trasteorann a sheachaint; á chur i bhfáth go bhfuil gá le léirthuiscint agus cur chun feidhme comhchuibhithe a dhéanamh ar RGCS, go háirithe ag údaráis cosanta sonraí, lena n-áirítear Aithrisí 33 agus 157, agus an idirghníomhaíocht idir é agus an Rialachán maidir le Trialacha Cliniciúla, a luaithe is infheidhme, lena n-áirítear Aithris 29 agus Airteagal 28(2) den Rialachán sin, ar fud an Aontais chun taighde eolaíoch a éascú; á iarraidh ar an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí a áirithiú go ndéanfar a threoirlínte maidir le taighde sláinte a thabhairt cothrom le dáta d’fhonn taighde a chothú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tograí nithiúla a dhéanamh faoi dheireadh na bliana 2022;
180. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fheidhmiú na ERNanna, go háirithe an ról atá acu maidir le saineolas agus dea-chleachtais a bhailiú agus a chomhroinnt, lena gcuíchóireofar, dá bhrí sin, atreorú othar sa bhainistiú ar ailsí neamhchoitianta, ar ailsí iad a dhéanann difear do thuairim is 5.1 milliún othar ar fud na hEorpa agus a éilíonn comhar ar mhórscála; ag cur béim ar a thábhachtaí atá ERNanna maidir le héagothromaíochtaí sláinte a shárú agus lena n-áiritheofar cóireáil atá níos sábháilte agus ar ardchaighdeán thar theorainneacha AE;
181. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cistiú fadtéarmach iomchuí agus marthanach a áirithiú do na ERNanna, agus iad a chomhtháthú sna córais náisiúnta sláinte; á iarraidh go gcumhdófar leis an gcistiú, inter alia, cúiteamh ar chomhairliúcháin fhíorúla, tacaíocht do chláir nasctha agus oideachais, agus aisíocaíocht éifeachtach ar thaisteal othar i gcomhréir leis an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann nuair is gá sin, ar mhaithe le cothú a dhéanamh ar na caighdeáin fheabhsaithe cúraim agus ar rochtain chomhionann ar na hidirghabhálacha is fearr is féidir do na hothair uile a bhfuil gá acu leo ar fud na hEorpa; á iarraidh freisin go dtabharfar tacaíocht d’fheidhmiú céimneach, d’uasghrádú agus d’fheidhmiú rianúil bonneagair dhigitigh lena simpleofar agus lena n-éascófar rochtain ar ERNanna, agus go gcruthófar straitéis sonraí sláinte AE chun feabhas a chur ar chlárlanna reatha na ngalar neamhchoitianta i spás sonraí coiteann agus aonfhoirmeach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cistiú a ráthú d’fheidhmiú leanúnach na ERNanna trí Chlár EU4Health, Fís na hEorpa, clár an tSeimeastair Eorpaigh, cistí struchtúracha, agus trí Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais; ag tacú leis an leathnú ar na ceithre ERN atá cheana ann (PaedCan maidir le hailse phéidiatraiceach, EURACAN maidir le hailse sholadach neamhchoitianta aosach, EuroBloodNet maidir le galair neamhchoitianta haemaiteolaíocha lena n-áirítear urchóideachtaí haemaiteolaíocha neamhchoitianta agus GENTURIS maidir le siondróim riosca siada ghéinitigh ) chun go n-áireofar ailsí neamhchoitianta, casta, atá deacair a leigheas agus ailsí péidiatraiceacha, ós rud é go bhféadfaí éascú a dhéanamh ar rochtain chomhionann d’othair, lena n-áirítear leanaí agus AYA, ar an gcúram is fearr a bhfuil fáil air ar fud na hEorpa agus go bhféadfaí feabhas a chur ar fheidhmiú ERNanna agus ar thorthaí sláinte i ndaonraí na n-othar atá ag fulaingt le galair neamhchoitianta;
182. á chreidiúint, chun ERNanna a fhorbairt agus a bharrfheabhsú tuilleadh, go mbeidh gá le rannpháirtíocht na mBallstát uile sna ERNanna atá cheana ann, agus go mbeidh ‘lánchomhalta’ amháin nó ‘comhalta cleamhnaithe’ amháin ar a laghad ag gach Ballstát i ngach ERN agus i ngach fearann fochliniciúil/líonra téamach na ERNanna, go mbeidh gá le héascú a dhéanamh ar thuras an othair aonair trí chomhoibriú éifeachtach na bpointí teagmhála náisiúnta le ERNanna, le meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú ERNanna trí shonraí maidir lena bhfeidhmíocht agus a líonrú i réimse na n-ailsí neamhchoitianta a chomhroinnt, le húsaid a bhaint as uirlisí teilileighis lena lamhálfar do thaifid cáis agus torthaí íomháithe a chomhroinnt ar bhealach slán chun plé a dhéanamh ar chásanna ailse atá casta agus neamhchoitianta, agus le leithdháileadh a dhéanamh ar chistiú leordhóthanach agus fadtéarmach, ar leibhéal an Aontais (EU4Health) agus ar an leibhéal náisiúnta;
183. á iarraidh ar na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar a thábhachtaí atá eagraíochtaí neamhrialtasacha áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta i dtaobh othair ailse, marthanóirí agus a ngaolta a thabhairt le chéile, ó thaobh a rannpháirtíochta de sa phróiseas comhroinnte eolais, sa chomhrac i gcoinne na hailse, ó thaobh tacaíocht reachtach de, agus ó thaobh cistiú ar leithligh a chur ar fáil do na heagraíochtaí sin, go háirithe iad siúd atá rannpháirteach i gcláir chun ailse a chomhrac;
184. ag moladh do na Ballstáit tacú le cur chuige tiomnaithe agus saincheaptha i leith ailsí neamhchoitianta aosach agus ailsí péidiatraiceacha, agus tionscnaimh AE á gcur san áireamh, agus chun ERNanna a chomhtháthú go hiomlán ina gcórais náisiúnta sláinte; á iarraidh go gcruthófar prótacail choiteanna chomhsheasmhacha lena rialófar bailiú sonraí, agus go gcruthófar tacar aonair sainmhínithe lena dtabharfar míniú ar na sonraí a bhailítear; á iarraidh go mbeadh baint ag eagraíochtaí othar ailse neamhchoitianta le ERNanna agus leis an lárionad tagartha Eorpach;
185. á mheabhrú go bhfuil ról gníomhach glactha ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir le tacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí na gclárlann ailse agus leas a bhaint as a sonraí; á mheas gur cheart neartú a dhéanamh ar an sainordú, cistiú agus tacaíocht pholaitiúil don Airmheán Comhpháirteach Taighde chun leanúint de chuid oibre comhordaithe le clárlanna ailse agus chun dlús a chur leis an gcomhordú sin, go háirithe ó thaobh torthaí na n-othar agus fíorfhianaise de a bhailiú agus braislí ailse a shainaithint, agus iad a chomhtháthú i gclárlanna ailse atá ann faoi láthair;
186. á chur in iúl gur geal léi an fhorbairt ar bhonneagar Eorpach taighde atá tiomnaithe go hiomlán do thaighde péidiatraiceach, lena n-áirítear oinceolaíocht, lena n-éascófar taighde bunúsach, réamhchliniciúil agus trasnáisiúnta péidiatraiceach atá mar bhonn agus mar thaca ag infhaighteacht trialacha cliniciúla agus cógas do leanaí;
187. á chur in iúl gur geal léi seoladh an Lárionaid Eolais maidir leis an Ailse in 2021, chun rannchuidiú a dhéanamh le malartuithe agus comhordú na dtionscnamh eolaíoch agus teicniúil a bhaineann le hailse ar leibhéal AE; á mheas gur cheart go mbeadh na geallsealbhóirí uile (ionadaithe ó gach NCCP, cumainn othar agus cúramóirí, sochaithe léannta, comhlachtaí agus gníomhaireachtaí ábhartha AE, ionadaithe oibreoirí eacnamaíocha, etc.) rannpháirteach san ionad eolais; á chreidiúint gur cheart an lárionad eolais sin a bheith bunaithe ar scagadh sonraí, tuarascálacha ERN agus clárlanna ailse; á mheas gur cheart a mhisean a shainiú go soiléir agus an méid seo a leanas a áireamh leis:
(a)
líonra na NCCPanna uile a chomhordú;
(b)
treochlár Eorpach a tháirgeadh chun feachtais ar mhórscála um chosc agus cláir oideachais maidir le cur chun cinn na sláinte a spreagadh;
(c)
bunú critéar coiteann cáilíochta a chomhordú chun creidiúnú náisiúnta na gclár scagtha, na gclárlann ailse agus na n-ionad cúraim sláinte a threorú;
(d)
forbairt a dhéanamh, ar bhonn na fianaise eolaíche is déanaí, ar threoirlínte maidir le cleachtas cliniciúil agus scéimeanna dearbhaithe cáilíochta chun feabhas a chur ar an gconair chúraim ina hiomláine i gcás gach cineál ailse, agus go háirithe i gcás ailsí neamhchoitianta agus péidiatraiceacha;
(e)
tuarascálacha bliantúla a dhréachtú agus creataí a leagan síos chun feabhas a chur ar bhailiú sonraí ó chláir scagthastála, ó chlárlanna ailse agus ó ERNanna ar leibhéal AE;
(f)
staidéir a thíolacadh ar thionchar an choisc agus na diagnóise, lena n-áirítear meastacháin maidir le laghdú na gcostas eacnamaíoch a ghintear trí infheistíocht mhéadaithe i gcosc agus i ndiagnóisiú;
(g)
malartú dea-chleachtas agus torthaí idir ERNanna agus Ionaid Chuimsitheacha Ailse a chomhordú;
(h)
samhail chuimsitheach a ghiniúint a bheidh bunaithe ar an bPlean agus ar Fhís na hEorpa, lena mbeidh ionchur ó othair agus ó chúramóirí, chun tosaíochtaí taighde a shainaithint agus forbairt b’fhéidir a dhéanamh ar fhórsa taighde ailse comhordaithe agus éifeachtúil san Eoraip a chumasú;
(i)
éascú a dhéanamh ar chomhroinnt sonraí anaithnidithe, arna mbailiú i Néal Ailse Eorpach, do chliniceoirí agus do thaighdeoirí, agus d’eintitis lena bhforbrófar seirbhísí sláinte agus réitigh teicneolaíochta nua-aimseartha d’othair ailse;
(j)
tacú le cláir oiliúna choiteanna do ghairmithe cúraim sláinte, othair agus cúramóirí;
(k)
faisnéis nuashonraithe, dheimhnithe agus thrédhearcach a sholáthar do shaoránaigh agus do ghairmithe maidir leis na cúiseanna atá le hailse, cóireálacha agus reachtaíocht AE;
(l)
faireachán a dhéanamh ar leibhéal chur chun feidhme na moltaí ábhartha i NCCPanna na mBallstát agus torthaí an fhaireacháin sin a chur ar fáil go rialta;
(m)
tascairí intomhaiste agus inatáirgthe a mholadh do na príomhthorthaí a leagtar amach sa Phlean;
188. á mheabhrú go gcaithfidh taighdeoirí oibriú le chéile chun an chóireáil is fearr is féidir a fháil go háirithe d’othair atá ag fulaingt le hailse neamhchoitianta, ach go bhfuil bacainní tromchúiseacha os a gcomhair; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, breathnú go córasach, trína shásra um chomhairle eolaíoch nó trí Thoscaire Speisialta a cheapadh maidir le taighde trasteorann ar ailse, ar na constaicí ar fad ar thaighde agus comhar trasteorann maidir le hailse, lena n-áirítear rialáil, ar mhaithe le taighde trasteorann ar ailse a chur chun cinn;
189. á mholadh go gcruthófar ar a laghad clárlann ailse amháin i ngach réigiún AE, lena n-áirítear na réigiúin iargúlta agus na réigiúin is forimeallaí; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach feidhmiú rianúil clárlanna ailse a áirithiú; ag tacú le neartú a dhéanamh ar acmhainneacht na gclárlann náisiúnta ailse chun torthaí caighdeánaithe arna dtuairisciú ag an othar a bhailiú, chun stíleanna maireachtála shaoránaigh AE a mhapáil ar bhonn níos fearr, lena n-áirítear dálaí socheacnamaíocha, faisnéis cheirde, tosca comhshaoil, agus sonraí eile, agus chun na cúiseanna atá leis na héagothromaíochtaí i minicíocht, leitheadúlacht agus marthanas na hailse a shainaithint; á chur i bhfáth go bhfuil gá bunriachtanach le sonraí a bhailiú i gcomhar le chéile ar fud na mBallstát uile; á iarraidh go ndéanfar foinsí sonraí agus idir-inoibritheacht na gclár réigiúnach agus náisiúnta ailse a chur i gcomparáid le chéile trí raon feidhme agus cáilíocht bhailiú na sonraí a chomhchuibhiú, agus go mbeidh rochtain shlán ar na sonraí sin; á iarraidh go ndéanfar cláir náisiúnta ailse a shainordú chun anailís a dhéanamh ar éagothromaíochtaí maidir le galracht agus chun moltaí a dhéanamh do chomhairlí náisiúnta ailse agus don Airmheán Comhpháirteach Taighde maidir leis an ngá atá le hidirghabháil; á iarraidh go mbainfear úsáid as modhanna nua-aimseartha eipidéimeolaíocha agus móilíneacha géineolaíochta chun anailís a dhéanamh ar leitheadúlacht ailse agus chun na cúiseanna atá léi a shainaithint; á iarraidh go ndéanfar clárlanna sonracha ailse a chur chun feidhme i gcomhair urchóideachtaí péidiatraiceacha i gcomhréir leis an Aicmiú Idirnáisiúnta ar Ailse Óige; á iarraidh go bhfeabhsófar rochtain ar thrialacha cliniciúla agus ar úsáid atruach d’othair ailse neamhchoitianta aosach;
190. ag tacú go láidir le cruthú Clárlainne Éagothromaíochtaí Ailse ar an leibhéal Eorpach, amhail a fógraíodh sa Phlean, chun treochtaí, éagothromaíochtaí, neamhionannais agus bearnaí idir na Ballstáit agus laistigh díobh a shainaithint; á chreidiúint go gcabhróidh an chlárlann sin le dúshláin agus réimsí sonracha gníomhaíochta a shainaithint ionas go ndéanfar infheistíocht agus idirghabháil a threorú ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach; á iarraidh go mbeidh an Chlárlann ar fáil don phobal; á chur i bhfáth gur gá don Chlárlann freisin éagothromaíochtaí sóisialta a chumhdach amhail iad siúd a bhaineann le stádas socheacnamaíoch, le slí bheatha agus le hinscne;
191. á iarraidh ar an gCoimisiún foilsiú na dtorthaí eolaíocha a chur chun cinn mar rochtain oscailte, chun go mbeidh siad ar fáil go héasca do gach gairmí agus taighdeoir sláinte;
192. ag tacú leis an rún atá ag an gCoimisiún othair ailse a chumasú rochtain shlán a fháil ar ríomhthaifid sláinte agus iad a chomhroinnt thar theorainneacha; á mheas go bhféadfadh an Coimisiún an bunús a leagan síos don Spás Eorpach Sonraí Sláinte, i gcomhar le Sláinte Dhigiteach na hEorpa, trí shonraí leighis anaithnidithe a bhailiú, a anailísiú agus a mhalartú (ó chlárlanna ailse, ospidéil, trialacha cliniciúla agus cohóirt acadúla) agus sonraí bitheolaíocha (ó shamplaí fola agus siada) i Néal Eorpach maidir le hAilse; á chur i bhfios go láidir go bhfuil léirmhíniú comhchuibhithe ar RGCS sna Ballstáit uile ina bhonn do thionscnaimh nua um chomhroinnt sonraí amhail an Spás Eorpach do Shonraí Sláinte; á mholadh go mbainfear úsáid as sonraí sláinte chun críocha taighde (altrúchas ó thaobh sonraí de); á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe Ionad Digiteach Eorpach fíorúil d’Othair Ailse a chruthú faoi Mhisean Ailse Fhís na hEorpa chun tacú le cur chuige caighdeánaithe i leith rannpháirtíocht na n-othar toilteanach i dtaisceadh agus malartú a gcuid sonraí sláinte; á mholadh go n-áireofar othair in aon ghníomhaíochtaí a bhaineann le stóráil agus úsáid a bhainfear as sonraí sláinte chun críocha ceaptha beartais agus taighde; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe an Córas Eorpach um Fhaisnéis maidir le hAilse a leathnú roimh 2022;
193. á iarraidh go mbeidh caighdeáin fheabhsaithe ann in oideachas agus oiliúint na ngairmithe cúraim sláinte; á mholadh go mbeidh cláir oiliúna choiteanna agus ildisciplíneacha ann do ghairmithe cúraim sláinte i ndlúthchomhar le sochaithe foghlama Eorpacha; á chur in iúl gur geal léi seoladh cláir oiliúna idir-speisialta ailse ag gach céim den chonair chóireála agus chúraim, lena n-áirítear diagnóis, cóireáil, castachtaí agus deacrachtaí agus comhghalrachtaí, marthanas agus cúram deiridh saoil;
III.Plean Sáraithe Ailse na hEorpa a Mhaoiniú
194. ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart breathnú ar an bPlean ach amháin mar ghealltanas polaitiúil chun fíorathrú a chur i gcrích, ach mar shraith de thionscnaimh nithiúla agus uaillmhianacha lena dtacófar le hiarrachtaí na mBallstát laghdú a dhéanamh ar an bhfualaingt fhisiceach agus mheabhrach arb í an ailse is cúis léi, agus lena ndéanfar na hiarrachtaí sin a chomhordú agus a chomhlánú; ag moladh don Choimisiún cur chun feidhme comhleanúnach na dtionscnamh a leagtar amach sa Phlean a bharrfheabhsú, le treoir shoiléir do na Ballstáit maidir le gníomhaíochtaí nithiúla i gcoinne rochtain mhíchothrom ar dhiagnóisiú agus ar chóireáil ailse, chomh maith le cistiú leordhóthanach, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar rochtain mhíchothrom; ag cur béim, áfach, ar acmhainneacht éagsúil na mBallstát na cistí atá tiomnaithe do chláir sláinte a ionsú go dtí seo; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir agus forléargas soiléir a thabhairt do na Ballstáit ar acmhainní tiomnaithe AE, na conairí atá sainithe go sonrach agus lena nasctar na gníomhaíochtaí a leagtar amach sa Phlean le sásraí cistiúcháin AE atá sainithe ann, agus na sineirgí agus na comhlántachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann idir Clár EU4Health agus cláir eile – amhail an Eoraip Dhigiteach, Fís na hEorpa, an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta/NextGenerationEU, cistí struchtúracha agus comhtháthaithe – chun feabhas a chur ar rochtain chothrom ar dhiagnóisiú agus ar chúram ardcháilíochta, chun infheistíocht leordhóthanach i gcosc agus i nuálaíocht na hailse a áirithiú, agus chun feabhas a chur ar athléimneacht na gcóras sláinte; ag cur béim ar a thábhachtaí atá cistí comhtháthaithe i dtaobh comhionannas rochtana ar chúram sláinte a bhaint amach, go háirithe i gcodanna de AE nach bhfuil chomh forbartha sin, lena n-áirítear ceantair thuaithe, trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar sláinte agus i lucht saothair;
195. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go leithdháilfear cistí leordhóthanacha chun an Plean agus a NCCPanna faoi seach a chur chun feidhme go hiomchuí; á mheas nár cheart níos mó ná 30 % den Phlean a leithdháileadh ar chur chun feidhme na NCCPanna;
196. á chur in iúl gur geal léi an plean cistithe EUR 4 bhilliún agus á thabhairt dá haire comhlántacht na bhfoinsí cistiúcháin mar a leagtar amach sa Phlean féin; ag tabhairt dá haire gur cheart féachaint ar an mbuiséad atá beartaithe mar chéad chéim chun gach gníomhaíocht faoin bPlean a chur i gcrích; á mheabhrú go mbainfidh an Plean tairbhe as foinsí éagsúla cistiúcháin, amhail na cláir EU4Health, Fís na hEorpa agus na cláir don Eoraip Dhigiteach, cistí an bheartais comhtháthaithe, agus an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta; á thabhairt chun suntais gur gá an comhrac i gcoinne na hailse a áireamh ar fud na bhfoinsí cistiúcháin uile ar bhealach comhleanúnach agus trédhearcach; á chur i bhfáth, go háirithe, a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar thaighde ar ailse agus ar chosc na hailse agus an gá atá le níos mó cistí a thiomnú dóibh; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hathbhreithniú rialta a dhéanamh ar an leithdháileadh buiséid atá beartaithe don Phlean, d’fhonn é a mhéadú nuair is féidir; á chur i bhfáth gur gá do na Ballstáit na cistí sin a shlógadh ionas go mbeidh siad i gcomhréir leis na riachtanais atá sainaitheanta ag gach tír, agus atá dírithe ar leas an phobail agus ar sheirbhísí sláinte poiblí;
o o o
197. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte.
Rialachán (AE) 2021/695 an 28 Aibreán 2021 ag bunú Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos a rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh (IO L 170, 12.5.2021, lch. 1).
Treoir 2014/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Aibreán 2014 maidir le comhfhogasú dhlíthe, rialachán agus fhorálacha riaracháin na mBallstát a bhaineann le monarú, tíolacadh agus díol táirgí tobac agus táirgí gaolmhara (IO L 127, 29.4.2014, lch. 1).
Treoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na ndleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO L 176, 5.7.2011, lch. 24).
Treoir (AE) 2019/904 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 155, 12.6.2019, lch. 1).
Scoccianti C., Cecchini M., Anderson A.S. et al., European Code against Cancer 4th Edition: Alcohol drinking and cancer [Cód Eorpach i gcoinne Ailse Eagrán 4: Ól alcóil agus ailse], Cancer Epidemiol. 2016 Nollaig; lgh. 181-188. https://pubmed.ncbi.nlm.nih.gov/27816465/
Teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2006 maidir le straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh chun tacú leis na Ballstáit an díobháil a bhaineann le halcól a laghdú (COM(2006)0625).
Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh, IO L 303, 28.11.2018, lch. 69.
Treoir 2014/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le trealamh leictreach a chur ar fáil ar an margadh, ar trealamh é a dheartar lena úsáid laistigh de theorainneacha áirithe voltais (IO L 96, 29.3.2014, lch. 357).
Rialachán (Euratom) 2021/765 ón gComhairle an 10 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht agus lena leasaítear Rialachán (Euratom) 2018/1563 (IO L 167 I, 12.5.2021, lch. 81).
Treoir 2013/59/Euratom ón gComhairle an 5 Nollaig 2013 lena leagtar síos caighdeáin bhunúsacha sábháilteachta don chosaint i gcoinne na contúirte a eascraíonn as nochtadh don radaíocht ianúcháin, agus lena n-aisghairtear Treoir 89/618/Euratom, Treoir 90/641/Euratom, Treoir 96/29/Euratom, Treoir 97/43/Euratom agus Treoir 2003/122/Euratom (IO L 13, 17.1.2014, lch. 1).
Treoir (AE) 2020/2184 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le cáilíocht an uisce atá beartaithe lena thomhailt ag an duine (IO L 435, 23.12.2020, lch. 1).
Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), agus lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán (IO L 396, 30.12.2006, lch. 1).
Rialachán (CE) Uimh. 1935/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2004 maidir le hábhair agus nithe a bheartaítear a bheith i dtadhall le bia (IO L 338, 13.11.2004, lch. 4).
Rialachán (CE) Uimh. 1223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Samhain 2009 maidir le táirgí cosmaideacha (IO L 342, 22.12.2009, lch. 59).
Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).
Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú córas slándála sóisialta (IO L 166, 30.4.2004, lch. 1).
Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘an Clár Oibre Straitéiseach maidir le hiarratais radaíochta ianúcháin leighis (SAMIRA)’ (SWD(2021)0014).
Treoir 89/105/CEE ón gComhairle an 21 Nollaig 1988 a bhaineann le trédhearcacht na mbeart lena rialaítear praghsanna táirgí íocshláinte lena n-úsáid ag an duine agus a bhaineann lena gcur faoi raon feidhme córas árachais sláinte náisiúnta (IO L 40, 11.2.1989, lch. 8).
Eagraíocht Ailse na hEorpa, ‘Ní fhanfaidh ailse le deireadh phaindéim Covid-19. Is mithid gníomhú.’, 11 Bealtaine 2021, arna rochtain an 21 Nollaig 2021.