Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2182(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0354/2021

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0354/2021

Díospóireachtaí :

PV 15/02/2022 - 11
CRE 15/02/2022 - 11

Vótaí :

PV 16/02/2022 - 10
CRE 16/02/2022 - 10
PV 17/02/2022 - 2
CRE 17/02/2022 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0039

Téacsanna atá glactha
PDF 238kWORD 85k
Déardaoin, 17 Feabhra 2022 - Strasbourg
Cur cun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála - tuarascáil bhliantúil 2021
P9_TA(2022)0039A9-0354/2021

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 ar chur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála – tuarascáil bhliantúil 2021 (2021/2182(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), go háirithe Airteagail 21 agus 36 de,

–  ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe, do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige, d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí an 1 Lúnasa 1975 agus dá doiciméid ina dhiaidh sin agus do Chairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua an 19-21 Samhain 1990,

–  ag féachaint do thuarascáil an 16 Meitheamh 2021 ó Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal CFSP Report – Our priorities in 2021 [Tuarascáil CBES – Ár dtosaíochtaí in 2021] (HR(2021)0094)),

–  ag féachaint do Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe an 31 Deireadh Fómhair 2000 maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil,

–  ag féachaint dá moladh maidir le treo an chaidrimh pholaitiúil idir an tAontas Eorpach agus an Rúis an 16 Meán Fómhair 2021(1) agus dá rún maidir leis an staid ag teorainn na hÚcráine agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil na Rúise an 16 Nollaig 2021(2),

–  ag féachaint do na Dearbhuithe Comhpháirteacha maidir leis an gcomhar idir an tAontas agus ECAT an 10 Iúil 2016 agus an 8 Iúil 2018,

–  ag féachaint do na rúin a tháinig uaithi roimhe seo maidir le cúrsaí i Hong Cong, lena n-áirítear rún an 8 Iúil 2021 maidir le Hong Cong, go háirithe cás Apple Daily(3), agus rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le dlí slándála náisiúnta Dhaon-Phoblacht na Síne do Hong Cong agus an gá atá ann go ndéanfadh AE ardleibhéal neamhspleáchais Hong Cong a chosaint(4),

–  ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0354/2021),

A.  de bhrí go bhfuil sé de dhualgas agus de fhreagracht ar Parlaimint na hEorpa grinnscrúdú agus maoirseacht dhaonlathach a dhéanamh ar an gcomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus ar an gcomhbheartas slándála agus cosanta agus gur cheart go bhfaigheadh sí an fhaisnéis is gá ar bhealach trédhearcach agus tráthúil agus go mbeadh na modhanna éifeachtacha aici chun an ról sin a chomhlíonadh;

B.  de bhrí gur chuir na forbairtí idirnáisiúnta a tharla le déanaí mar aon le dúshláin ilghnéitheacha agus timpeallacht gheopholaitiúil atá ag athrú go tapa dlús leis na treochtaí atá ann cheana a dhéanann difear do phríomhghnéithe CBES AE, gur nocht siad a leochailí atá an tAontas i leith eachtraí agus brúnna seachtracha, gur léirigh siad an gá atá le gníomhaíocht níos láidre, níos uaillmhianaí, níos inchreidte, níos straitéisí agus níos aontaithe ó AE ar an leibhéal domhanda, agus gur chuir siad béim ar an ngá atá ann go mbeadh AE in ann a chuid cuspóirí straitéiseacha féin a leagan síos go neamhspleách agus an cumas na cuspóirí sin a bhaint amach a fhorbairt;

C.  de bhrí go n-áirítear ar na forbairtí agus na dúshláin sin paindéim COVID-19 agus na hiarmhairtí a ghabhann léi, paindéim nach bhfacthas a leithéid riamh cheana agus a tháinig as Wuhan na Síne; an t-athrú ar ról na Stát Aontaithe ar an ardán domhanda, iarrachtaí na Rúise chun struchtúr slándála na hEorpa a tharraingt ó chéile agus na hionsaithe leanúnacha atá á ndéanamh aici ar an Úcráin agus forghabháil na Rúise ar chríocha sa tSeoirsia agus san Úcráin, ionsaithe hibrideacha i gcoinne Bhallstáit an Aontais, amhail imircigh a bheith á n-úsáid mar uirlis, a bhfuil sé mar aidhm leo dúshlán bhonnchloch an daonlathais san Eoraip a thabhairt; an sárú leanúnach atá á dhéanamh ag an mBealarúis ar an dlí idirnáisiúnta; Páirtí Cumannach na Síne agus réimis fhorlámhacha agus ollsmachtacha eile a bheith ag éirí níos teanntásaí; an chaoi ar thit struchtúir stáit na hAfganastáine as a chéile go mear le déanaí agus ar ghlac an Talaban seilbh ar an tír ina dhiaidh sin; an teannas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, go háirithe i Muir na Síne Theas agus Thoir agus i gCaolas na Téaváine; leathadh na n-arm ollscriosta; amhras a bheith á chaitheamh ar na comhaontuithe maidir le rialú arm; an t-athrú aeráide, na coireanna airgeadais; an méadú ar choinbhleachtaí réigiúnacha a bhfuil easáitiú an daonra mar thoradh orthu; an iomaíocht le haghaidh acmhainní nádúrtha; an ganntanas fuinnimh agus uisce; na stáit loicthe; an sceimhlitheoireacht; an choireacht thrasnáisiúnta eagraithe; na cibirionsaithe; agus na feachtais bhréagaisnéise;

D.  de bhrí go bhfuil na treochtaí sin ann mar thoradh ar na hathruithe ar chóimheá dhomhanda na cumhachta i dtreo domhan ilpholach ina bhfuil méadú ar an iomaíocht gheopholaitiúil, arb é an toradh atá air sin ná go bhfuil an rialachas domhanda agus soláthar earraí poiblí idirnáisiúnta ag éirí níos deacra tráth a bhfuil gá níos mó agus níos mó leo;

E.  de bhrí go bhfuil an domhan anois i ré nua na ‘neamhshíochána’, tréimhse ina bhfuil an éiginnteacht gheopholaitiúil ag dul i méid mar gheall ar an méadú ar na coinbhleachtaí réigiúnacha agus an iomaíocht mhór le haghaidh cumhachta a bhfuil impleachtaí móra acu do shlándáil an Aontais;

F.  de bhrí gur bagairt inchreidte agus thromchúiseach do shlándáil na hÚcráine agus do shlándáil na hEorpa é fórsaí míleata na Rúise a bheith ag méadú ar bhonn leanúnach feadh theorainn na hÚcráine agus ina críocha atá faoi fhorghabháil go neamhdhleathach, agus sa Bhealarúis agus i gCeantar Kaliningrad chomh maith; de bhrí gur cheart go nglacfaí smachtbhannaí diana eacnamaíocha agus airgeadais i ndlúthchomhar leis na Stáit Aontaithe, ECAT agus comhpháirtithe eile mar thoradh ar aon ghníomhaíochtaí míleata breise agus ionsaithe hibrideacha eile ag Cónaidhm na Rúise;

G.  de bhrí go bhfuil drochthionchar an athraithe aeráide ar shlándáil an Aontais ag éirí níos soiléire;

H.  de bhrí go meastar gur san Afraic a tharlóidh níos mó ná leath an mhéadaithe ar dhaonra an domhain faoi 2050 agus go meastar gur ansin a bheidh 1,3 billiún den 2,4 billiún duine breise ar an bpláinéad; de bhrí go mbeidh sraith dúshlán nua ann mar thoradh ar dhlús an fháis sin i roinnt de na tíortha is boichte agus ar éifeachtaí an athraithe aeráide, agus mura dtabharfar aghaidh orthu láithreach, go mbeidh drochthionchar acu ar na tíortha atá i gceist agus ar AE; de bhrí go meastar i dtuarascáil 2019 ó Chomhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt maidir le trádáil agus forbairt(5) go mbeidh USD 2,5 trilliún breise ag teastáil in aghaidh na bliana chun gealltanais Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach;

I.  de bhrí nach mór do AE gníomhú ar an leibhéal domhanda agus guth comhleanúnach amháin aige atá fréamhaithe i gcomhchultúr straitéiseach chun a ról ceannaireachta a fhorbairt agus an t-iltaobhachas a athbheochan agus a athchóiriú faoi threoir a chuid luachanna amhail an daonlathas, an smacht reachta, an ceartas sóisialta, na cearta bunúsacha lena n-áirítear an comhionannas inscne agus an tacaíocht don tsaoirse ar fud an domhain, mar aon leis an bhfís atá aige do thodhchaí inbhuanaithe agus ionchuimsitheach;

J.  de bhrí go dtacaíonn tromlach leathan de shaoránaigh an Aontais agus na barúlacha a fuarthas go dtí seo ar ardán digiteach na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa le ról níos láidre a bheith ag an Aontas agus cur chuige coiteann Eorpach i gcúrsaí a bhaineann leis an mbeartas eachtrach agus slándála agus gur mian leo beartas eachtrach agus slándála de chuid an Aontais a fheiceáil atá níos comhleanúnaí agus níos éifeachtaí;

1.  á thabhairt chun suntais, chun an cuspóir straitéiseach a bhaint amach maidir lena ról ceannaireachta domhanda a fhorbairt, gur cheart don Aontas a CBES a mhúnlú ar bhonn na sé ngníomhaíocht seo a leanas:

   ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint atá bunaithe ar na prionsabail agus ar na gealltanais a chumhdaítear i gCairt na Náisiún Aontaithe, in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí agus i gCairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua,
   a bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh comhpháirtíochtaí iltaobhacha maidir le tosaíochtaí domhanda a neartú, go háirithe a comhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe, agus ó thaobh an daonlathas agus cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain,
   infheictheacht agus cinnteoireacht AE a fheabhsú, agus lánúsáid níos éifeachtaí a bhaint as ionstraimí cumhachta crua agus boige an Aontais, lena n-áirítear trí vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach le haghaidh na cinnteoireachta i mbeartas eachtrach AE,
   an cheannasacht Eorpach a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí seachtracha agus inmheánacha AE a idirnascadh go comhleanúnach, trí chomhcheangal a dhéanamh idir an cumas gníomhú go neamhspleách más gá agus an ullmhacht tabhairt faoi dhlúthpháirtíocht straitéiseach le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis,
   straitéisí réigiúnacha a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear an rannpháirtíocht taidhleoireachta agus eacnamaíoch agus an comhar slándála,
   an mhaoirseacht, an grinnscrúdú agus an chuntasacht dhaonlathach a neartú mar aon leis an ngné pharlaiminteach de CBES an Aontais;

A bheith ar thús cadhnaíochta ó thaobh comhpháirtíochtaí iltaobhacha maidir le tosaíochtaí domhanda a neartú, go háirithe a comhpháirtíocht leis na Náisiúin Aontaithe, agus ó thaobh an daonlathas agus cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain

2.  á chur in iúl gur geal léi uaillmhian agus tionscnaimh an Aontais atá ag dul i méid ó thaobh comhpháirtíochtaí domhanda maidir le príomhthosaíochtaí a chur chun cinn agus ó thaobh an t-ord iltaobhach atá bunaithe ar rialacha agus luachanna a neartú trí athchóiriú a dhéanamh ar na príomhinstitiúidí agus na príomheagraíochtaí chun a n-éifeachtúlacht a fheabhsú agus an teacht aniar atá iontu a mhéadú agus trí úsáid níos fearr a bhaint as na sásraí agus na hinstitiúidí atá ann cheana le haghaidh an rialachais dhomhanda iltaobhaigh; ag tabhairt dá haire go bhfágann na tionscnaimh sin gur féidir leis an bpobal idirnáisiúnta, atá á rialú ag an dlí idirnáisiúnta, déileáil go héifeachtach le dúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide, paindéimí, an ghéarchéim fuinnimh agus bagairtí sceimhlitheoireachta, agus an tionchar atá ag gníomhaithe forlámhacha urchóideacha a chomhrac; á athdhearbhú nach mór do bheartas eachtrach agus slándála AE a áirithiú go ndéanfar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe go dtí 2030 a chur chun feidhme;

3.  á chur i bhfáth gur gá comhpháirtíocht fhíorstraitéiseach a fhorbairt idir AE agus na Náisiúin Aontaithe maidir leis an ngníomhú ar son na haeráide agus cearta an duine agus i gcomhthéacs an bhainistithe géarchéime; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar rialtais ar fud an domhain tuilleadh inniúlachtaí agus acmhainní mar aon le cumas idirghabhála níos mó a shannadh do chomhlachtaí na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl gurb oth léi go gcuireann an tSín agus an Rúis cosc ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe réimis leatromacha a cháineadh as a gcuid gníomhaíochtaí, go gcuireann siad bac ar fhreagairt aontaithe idirnáisiúnta ar ghéarchéimeanna éagsúla, agus go gcuireann siad cosc ar chur chun feidhme chinntí G7 ar leibhéal na Náisiún Aontaithe; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go láidir leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit tacaíocht leormhaith airgeadais a sholáthar chun go mbeidh an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta in ann a cuid cúraimí a chur i gcrích;

4.  á thabhairt chun suntais nach mór don Aontas an daonlathas a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an domhain trí dhea-shampla a thabhairt, lena n-áirítear trína áirithiú go gcomhlíontar prionsabail an daonlathais, cearta an duine agus an smacht reachta go docht sna Ballstáit uile; á iarraidh ar an Aontas comhghuaillíocht tíortha daonlathacha a chur chun cinn ar fud an domhain; ag áitiú gur gá acmhainní a chomhthiomsú, dea-chleachtais a mhalartú, gníomhaíochtaí comhpháirteacha a chomhordú agus straitéisí comhroinnte a fhorbairt maidir le cur i gcoinne na trasnaíochta díobhálaí agus na bréagaisnéise arb iad stáit fhorlámhacha agus a n-ionadaithe, gníomhaithe agus eagraíochtaí naimhdeacha neamhstáit, agus gníomhaithe frithdhaonlathacha laistigh de shochaithe daonlathacha is cúis leo; á chreidiúint, chun go n-éireoidh leis an méid sin, gur cheart don Aontas agus dá Bhallstáit, trí dhlúthchomhar le hEagraíocht Chonradh an Atlantaigh Thuaidh (ECAT) i measc eagraíochtaí eile, cur chuige uile-rialtais agus uile-shochaí a chur chun cinn chun cur i gcoinne bagairtí hibrideacha agus clár oibre uaillmhianach a bheith acu chun tacú leis an daonlathas a bheadh dírithe ar an tsaoirse cainte agus neamhspleáchas na meán a chaomhnú agus a chur chun cinn; á chur in iúl, ina leith sin, go dtacaíonn sí go hiomlán leis na Cruinnithe Mullaigh ar son an Daonlathais arna n-óstáil ag na Stáit Aontaithe, ina ndírítear ar ghníomhaíochtaí nithiúla chun cearta uilíocha an duine a chosaint, chun an cúlú daonlathach a chosc agus chun an t-éilliú a chomhrac;

5.  á iarraidh ar AE forbairt a dhéanamh ar a bhosca uirlisí chun cur i gcoinne na trasnaíochta, na bolscaireachta agus na n-oibríochtaí tionchair ón iasacht, lena n-áirítear ionstraimí nua a fhorbairt lenar féidir costais a fhorchur ar dhéantóirí na coire agus struchtúir ábhartha a neartú, go háirithe tascfhórsaí cumarsáide straitéisí na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS); á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú leanúnach atá á dhéanamh ar Chód Cleachtais an Choimisiúin maidir le Bréagaisnéis; á chur i bhfáth nach mór do AE cur le hinfheictheacht a chuid gníomhaíochtaí trína chuid gníomhaíochtaí seachtracha a chur in iúl ar bhealach níos fearr agus níos straitéisí dá shaoránaigh féin agus níos faide i gcéin;

6.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an cúlú leanúnach maidir leis an daonlathas agus cearta an duine atá ag tarlú i roinnt tíortha nach bhfuil san Aontas, líon atá ag dul i méid, lena n-áirítear ionsaithe ar chearta polaitiúla agus ar shláine na bpróiseas toghcháin; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá tacaíocht leanúnach an Aontais do na próisis toghcháin ar fud an domhain trí na misin breathnóireachta toghchán, i measc bealaí eile, agus ag meabhrú bhunról Pharlaimint na hEorpa ina leith sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an leibhéal is airde cosanta a áirithiú do bhreathnóirí náisiúnta toghchán; á iarraidh ar AE a chomhar i dtaca le breathnóireacht toghchán a neartú tuilleadh leis na comhpháirtithe ábhartha uile amhail an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE), Comhairle na hEorpa agus na heagraíochtaí a thacaíonn leis an Dearbhú Prionsabal maidir le Breathnóireacht Idirnáisiúnta Toghchán agus an Cód Iompair do Bhreathnóirí Idirnáisiúnta Toghchán;

7.  ag moladh don Aontas a ról ceannaireachta a fhorbairt tuilleadh maidir leis an tsaoirse, an daonlathas agus cearta an duine a chosaint agus a chur chun cinn i bhfóraim iltaobhacha, go háirithe sna Náisiúin Aontaithe; á chreidiúint gur cheart do AE a áirithiú go mbainfí úsáid thrédhearcach agus éifeachtach as Córas Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine (GHRSR) (Gníomh Magnitsky AE), lena n-áirítear trí raon feidhme GHRSR a leathnú chun cionta a bhaineann leis an éilliú a chur san áireamh; á athdhearbhú gur cheart do AE na forálacha maidir le cearta an duine sna comhaontuithe idirnáisiúnta atá tugtha i gcrích aige a fhorghníomhú ar bhealach níos fearr; ag meabhrú chineál polaitiúil GHRSR AE, atá mar chuid de chur chuige beartais AE atá comhtháite agus cuimsitheach;

8.  ag éileamh go ndéanfaí an príomhshruthú inscne agus Plean Gníomhaíochta Inscne III (GAP III) an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus a chomhtháthú go córasach i ngníomhaíocht sheachtrach uile an Aontais, ar gach leibhéal rannpháirtíochta agus sna gníomhaíochtaí agus na coincheapa ábhartha uile, lena n-áirítear tar éis do thréimhse GAP III a bheith istigh; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit ceannaireacht a fheidhmiú i gcur chun feidhme Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil; ag tathant ar SEGS a chothromaíocht gheografach a fheabhsú chun go mbeadh ionadaíocht náisiúnta iomchuí ann lena léireofaí éagsúlacht na mBallstát uile, mar a léirítear in Airteagal 27 de Rialacháin Foirne na nOifigeach(6);

9.  á iarraidh go gcuirfí Coincheap Idirghabhála Síochána 2020 AE chun feidhme go héifeachtach chun seasamh an Aontais a dhaingniú mar ghníomhaí domhanda a bhfuil tionchar aige agus a infheistíonn i gcosc agus idirghabháil coinbhleachtaí, agus mar phríomhghníomhaí i gcur chun cinn agus cur chun feidhme na síochána ar an leibhéal idirnáisiúnta; ag meabhrú bhuntáiste comparáideach an Aontais i dtaca le coinbhleachtaí a chosc agus a réiteach i gcomparáid leis na Ballstáit aonair; ag cur béim ar an ról lárnach atá ag Parlaimint na hEorpa sa réimse sin tríd an taidhleoireacht pharlaiminteach; ag aithint ról na n-eagraíochtaí don óige ó thaobh sochaithe síochánta a chothú, agus ó thaobh cultúr na síochána, na caoinfhulaingthe agus an idirphlé idirchultúrtha agus idirchreidimh a chur chun cinn;

10.  á iarraidh an athuair go dtabharfaí tacaíocht níos mó do straitéis slándála muirí an Aontais, ós rud é go bhfuil méadú ag teacht, ar fud an domhain agus sa chomharsanacht, ar an dúshlán a bhaineann leis an tsaoirse loingseoireachta a choinneáil; á chur i bhfios go láidir gur cheart i gcónaí an tsaoirse loingseoireachta a urramú; á iarraidh ar AE díriú níos mó ar an tsaoirse loingseoireachta a áirithiú agus ar bhearta atá dírithe ar choinbhleachtaí armtha agus eachtraí míleata ar muir a mhaolú agus a chosc;

11.  á iarraidh go mbeadh clár oibre uaillmhianach ag AE, i gcomhar leis na príomh-chomhpháirtithe, chun tacú leis an tsaoirse reiligiúin nó creidimh lasmuigh de AE agus chun ceist na géarleanúna ar fhorais reiligiúin nó creidimh a tharraingt anuas; ag tabhairt dá haire, trí thacú leis an tsaoirse reiligiúin nó creidimh, go gcuidíonn sé sin le síocháin bhuan a chothú agus, dá bhrí sin, le haghaidh a thabhairt ar chuid mhaith de na dúshláin atá roimh AE agus a thíortha comhpháirtíochta; ag tathant ar an gCoimisiún Toscaire Speisialta nua de chuid AE a cheapadh, a luaithe is féidir, chun an tsaoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn;

12.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí AE mar cheannródaí domhanda sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus ag tathant ar an gCoimisiún agus ar SEGS tionscnaimh nua a mholadh amhail idirnáisiúnú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip mar aon le tionscnaimh chun freagairt don bhaol slándála de dheasca an athraithe aeráide, agus chun aghaidh a thabhairt ar thionchar an athraithe aeráide ar an leibhéal áitiúil, go háirithe i bpobail leochaileacha agus i bpobail atá buailte go dona; á chreidiúint gur cheart don Aontas tacú le spriocanna uaillmhianacha laghdaithe CO2 i dtíortha atá lasmuigh den Aontas agus á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach le himirt ag an taidhleoireacht aeráide; ag dréim leis go mbeidh iarmhairtí suntasacha geopholaitiúla ag cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus go mbeidh tionchar aige ar chaidreamh an Aontais le cuid dá chomhpháirtithe, amhail trí aghaidh a thabhairt ar spleáchas AE ar sholáthairtí breosla iontaise ón Rúis;

13.  á chur in iúl gur geal léi cur chuige agus ceannaireacht dhomhanda AE ó thaobh vacsaíní COVID-19 a sholáthar agus aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí sóisialta agus eacnamaíocha na paindéime trí shásra COVAX agus pacáiste domhanda téarnaimh Fhoireann na hEorpa; á iarraidh ar an Aontas straitéis dhomhanda láidir sláinte a chur chun tosaigh, lena n-áirítear na hiarrachtaí domhanda agus iarrachtaí an Aontais ullmhacht dhomhanda níos fearr agus freagairt éifeachtach ar ghéarchéimeanna a bheidh ann amach anseo a áirithiú mar aon le rochtain saor in aisce, chóir, inacmhainne agus chothrom ar vacsaíní ar fud an domhain; á athdhearbhú gur gá don Aontas a bheith níos neamhspleáiche ó thaobh cúrsaí sláinte de agus a chuid slabhraí soláthair a éagsúlú chun deireadh a chur leis an spleáchas ar réimis fhorlámhacha agus ollsmachtacha; á chur in iúl gur geal léi an chomhpháirtíocht idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe i dtaca leis an bhfeachtas domhanda le haghaidh vacsaíní in aghaidh COVID-19;

14.  ag aithint gur gnéithe tábhachtacha de chaidreamh seachtrach agus comhaontuithe comhpháirtíochta an Aontais iad an teicneolaíocht, an nascacht agus sreabhadh sonraí agus go bhfuil impleachtaí móra geopholaitiúla acu; ag tathant ar AE comhpháirtíochtaí domhanda a fhorbairt chun noirm agus caighdeáin atá cothrom, oscailte agus bunaithe ar luachanna a bhunú maidir le húsáid na teicneolaíochta atá riailbhunaithe, eiticiúil agus dírithe ar an duine agus lena n-urramaítear príobháideachas úsáideoirí aonair, go háirithe i dtaca leis an intleacht shaorga agus rialú an idirlín tríd an gcibearthaidhleoireacht a chur i gcroílár a chuid gníomhaíochtaí seachtracha; á chur i bhfáth nach mór don Aontas comhar agus comhordú a áirithiú i measc na dtíortha daonlathacha i dtaca leis sin agus a áirithiú go n-urramófar an dlí idirnáisiúnta agus daonnúil agus aghaidh á tabhairt ar choinbhleachtaí; á chur i bhfáth go bhféadfadh teicneolaíochtaí nua digiteacha a bheith ina mbagairt shonrach ar chosantóirí chearta an duine agus daoine eile trína gcuid gníomhaíochtaí a rialú, a shrianadh agus an bonn a bhaint díobh, mar a léiríodh le déanaí sa mhéid a nocht an tionscadal Pegasus; á iarraidh ar AE dul ar aghaidh agus moratóir a chur ar onnmhairiú teicneolaíochtaí spiaireachta a bhfuil spriocanna smachtaithe acu agus creat rialála idirnáisiúnta láidir a ghlacadh sa réimse sin; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit dícheall cuí maidir le cearta an duine a áirithiú mar aon le grinnfhiosrúchán cuí ar onnmhairiú teicneolaíochta faireachais agus cúnaimh theicniúil ón Eoraip i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Dé-Úsáid(7); á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit dul i mbun idirphlé le rialtais tíortha atá lasmuigh de AE chun deireadh a chur le cleachtais agus reachtaíocht dhiansmachtúil i réimse na cibearshlándála agus na frithsceimhlitheoireachta; á chur i bhfáth nach mór do AE cearta an duine aonair a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, nach bhfuil na córais scórála sóisialta i gcomhréir le bunluachanna AE; á chur i bhfáth nár cheart beartais agus uirlisí faireachais den sórt sin a thabhairt isteach agus a úsáid in AE in imthosca ar bith; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go gcaithfidh AE oibriú chun scaipeadh trasnáisiúnta an chur faoi chois dhigitigh a theorannú agus cur ina choinne; ag tabhairt dá haire gur inniúlacht de chuid na mBallstát é onnmhairiú teicneolaíochtaí agus arm cosanta;

15.  á athdhearbhú gur cheart don Aontas straitéis dhomhanda nascachta a fhorbairt agus a chur chun feidhme mar shíneadh ar an Straitéis Nascachta atá ann faoi láthair idir an tAontas agus an Áise agus mar fhreagairt straitéiseach chun cur lena thionchar ina lán réigiún ar domhan amhail Meiriceá Laidineach, an Afraic agus an Áise; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an tionscnamh uaillmhianach agus ilghnéitheach ‘Global Gateway’ a thíolaic an Coimisiún an 1 Nollaig 2021, a bhfuil sé mar aidhm leis infheistíocht a dhéanamh i ngréasáin dhigiteacha agus bonneagar ardcháilíochta, i measc nithe eile, le comhpháirtithe ar fud an domhain ar bhealach cóir agus inbhuanaithe, agus lena ngealltar comhpháirtíochtaí níos láidre gan spleáchais a chruthú; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún a chur mar choinníoll le tionscadail nascachta le tíortha nach bhfuil in AE go gcloífí le dianchearta sóisialta agus saothair, le trédhearcacht, le cearta an duine, le dícheall cuí, le hidir-inoibritheacht, le dea-rialachas agus le caighdeáin dhaonlathacha mar aon le húsáid eiticiúil na teicneolaíochta go náisiúnta agus thar lear; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur cheart don Choimisiún straitéis a fhorbairt chun feabhas a chur ar rochtain a chuid comhpháirtithe ar theicneolaíocht iontaofa agus shábháilte; á thabhairt chun suntais nach mór d’infheistíochtaí sa nascacht tacú leis an teacht aniar eacnamaíoch agus le dícharbónú an gheilleagair atá i gcomhréir le Comhaontú Pháras; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh iarrachtaí chun comhpháirtíochtaí nascachta AE a chur chun feidhme agus ag moladh don Choimisiún na tionscadail nascachta sin a fhorbairt i gcomhpháirt agus i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis; á chur in iúl gur gheal léi dá mbunófaí comhpháirtíocht nascachta leis an Aontas Afracach (AA) ag an gcéad chruinniú mullaigh eile idir AA agus AE;

16.  á chur in iúl gur geal léi tionscnamh domhanda G7 ‘Build Back Better World’ agus ag tathant ar AE ról gníomhach a imirt chun é a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear trí naisc a shainaithint agus ar bhealach a threisíonn an tionscnamh ‘Global Gateway’ freisin;

Infheictheacht agus cinnteoireacht AE a fheabhsú, agus lánúsáid níos éifeachtaí a bhaint as ionstraimí cumhachta crua agus boige an Aontais, lena n-áirítear trí vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach le haghaidh na cinnteoireachta i mbeartas eachtrach AE

17.  á athdhearbhú go bhfuil sé de dhíth ar an Aontas, thar aon ní eile, go mbeadh aontacht agus fíorthoil pholaitiúil níos láidre ann i measc a Bhallstát maidir le teacht ar chomhaontú faoi spriocanna coiteanna i dtaca le beartas eachtrach AE agus comhar slándála agus cosanta AE agus iad a chur chun cinn go comhpháirteach agus é mar aidhm leo na cuspóirí, na luachanna agus na noirm a leagtar síos in Airteagal 21 CAE a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir gur gá Aontas Slándála agus Cosanta a bhunú a d’fhónfadh mar thúsphointe chun comhbheartas cosanta Eorpach a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an bhforáil a leagtar amach in Airteagal 42(2) CAE;

18.  á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeadh ionstraimí dá chuid féin ag beartas eachtrach AE i ndáil le gnóthaí eachtracha, cearta an duine agus an tslándáil agus an chosaint; á mheabhrú gur cumhdaíodh an Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO) i gConradh Liospóin ach nár bunaíodh é go dtí 2017; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gComhairle, dá bhrí sin, an misneach a bheith acu an úsáid is éifeachtúla is féidir a bhaint as ionstraimí uile an bheartais eachtraigh atá ar fáil sna Conarthaí;

19.  á thabhairt chun suntais gur gá don Aontas, i gcomhar leis na Ballstáit, a chumas gníomhú go héifeachtúil, go tráthúil, go réamhghníomhach agus go neamhspleách a neartú agus freagairt an Aontais ar na dúshláin atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a mhúnlú; á chur i bhfáth gur géarghá don Aontas sásra a bhunú le haghaidh malartú uathoibríoch faisnéise idir na Ballstáit agus AE faoi ghnóthaí eachtracha agus saincheisteanna slándála a tharlaíonn lasmuigh den Aontas, lena n-áirítear faoin sceimhlitheoireacht atá ina bagairt i gcónaí ar luachanna agus slándáil na hEorpa agus a bhfuil cur chuige ilghnéitheach ag teastáil ina leith; á chur in iúl gur geal léi próiseas leanúnach an Chompáis Straitéisigh arb é an túsphointe é chun dul chun cinn a dhéanamh i dtreo Aontas Slándála agus Cosanta san Eoraip, chun ceannasacht straitéiseach a bhaint amach do AE maidir lena shlándáil agus lena chosaint agus chun go dtiocfaidh comhchultúr straitéiseach slándála agus cosanta chun cinn san Eoraip a mbeidh ár gcuid luachanna agus cuspóirí coiteanna agus tuiscint choiteann ar bhagairtí mar threoir aige mar aon leis an urraim do bheartais shonracha slándála agus cosanta na mBallstát; ag dréim leis go gcuideoidh an Compás Straitéiseach le fís choiteann a chruthú le haghaidh shlándáil agus chosaint an Aontais ó thaobh neamhspleáchas straitéiseach a bhaint amach; á chur i bhfáth gur cheart an toradh a léiriú i leagan athchóirithe de Straitéis Dhomhanda 2016 an Aontais ina gcuirfí na príomhbhagairtí, na príomhdhúshláin agus na príomhdheiseanna san áireamh, agus ina gcuirfí bealaí ar fáil don Aontas chun ról domhanda níos réamhghníomhaí a imirt; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur cheart go gcuirfeadh na torthaí sin an bonn ar fáil le haghaidh athbhreithniú ar dhoiciméid eile amhail Plean Forbartha Cumas 2018;

20.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cearta an duine mar ghné lárnach de bhosca uirlisí AE maidir le gnóthaí eachtracha agus ag leagan béim ar chomhlántacht na gné sin; ag moladh do AE comhoibriú le tíortha comhpháirtíochta chun cearta an duine a chosaint agus smachtbhannaí a chur i bhfeidhm chun a dtionchar a mhéadú; á chur i bhfios go bhfuil cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus aonfhoirmeach na mbeart sriantach sna Ballstáit uile ina réamhchoinníoll le haghaidh inchreidteacht agus éifeachtacht bheartas seachtrach an Aontais; ag tathant ar an gCoimisiún, ina ról mar chaomhnóir na gConarthaí, agus ar an gComhairle agus an Leas-Uachtarán / Ardionadaí arb iad atá freagrach as aontacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht bheartas seachtrach AE, a áirithiú go mbeidh na freagairtí náisiúnta ar sháruithe na mbeart sriantach arna nglacadh ag AE éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach; á iarraidh ar AE, maidir leis sin, a áirithiú go mbeidh bearta sriantacha AE, a forchuireadh mar fhreagairt ar iompar bagarthach na Rúise i leith na hÚcráine agus ar ionghabháil neamhdhleathach na Rúise ar an gCrimé, éifeachtach agus comhlíonta go hiomlán; ag tathant ar AE dlúth-chomhoibriú agus dlúthchomhar a chothú leis na Stáit Aontaithe maidir le húsáid smachtbhannaí agus iad ag gabháil do chuspóirí coiteanna i dtaca le beartas eachtrach agus slándála, agus aon iarmhairtí gan choinne do leasanna an dá thír á seachaint san am céanna;

21.  á chur i bhfáth, thairis sin, tar éis don Chomhairle é a ghlacadh, gur cheart don Chompás Straitéiseach breisluach suntasach a bheith aige do CBES de chuid AE agus do chomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) AE agus gur cheart go bhfeabhsódh sé an dlúthpháirtíocht i measc na mBallstát tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi go gcuireann an Compás Straitéiseach le hanailís choiteann ar bhagairtí agus ar dhúshláin atá roimh AE agus a Bhallstáit, go sainaithnítear bearnaí cumais leis atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo – ar bhonn institiúideach agus ar bhonn sócmhainní araon – agus go soláthraítear treochlár soiléir chun na bearnaí sin a líonadh; ag athdhearbhú rún Pharlaimint na hEorpa a bheith rannpháirteach sa phróiseas, go háirithe trína ceart chun grinnscrúdaithe a fheidhmiú agus trí nós imeachta athbhreithnithe rialta a bhunú; ag dréim leis go mbeidh an dréacht críochnaitheach den Chompás Straitéiseach agus Coincheap Straitéiseach ECAT i gcomhréir lena chéile chun comhoibriú agus comhroinnt ualaí neartaithe níos fearr a áirithiú, agus go n-aithneofar bealaí iontu chun an comhar idir AE agus ECAT a threisiú; ag athdhearbhú phrionsabal na foinse aonair fórsaí; ag cur iallach ar na Ballstáit, tar éis chur i gcrích an Chompáis Straitéisigh, teacht ar chultúr straitéiseach comhchoiteann, mar aon le comhthuiscint uaillmhianach ar Airteagal 42(7) CAE agus ar Airteagal 222 CFAE agus ar an ngaol atá acu le hAirteagal 5 de Chonradh an Atlantaigh Thuaidh; ag dréim leis go mbeidh an Compás Straitéiseach in ann tuilleadh deiseanna a chur ar fáil do thíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear Comhpháirtíocht an Oirthir, maidir le feabhas a chur ar athléimneacht i leith bagairtí agus dúshláin slándála na linne seo; á mheas gur cheart beartas eachtrach agus slándála ionsaitheach na Rúise a aithint sa doiciméad seo mar bhagairt mhór slándála do mhór-roinn na hEorpa;

22.  á mheabhrú go bhforáiltear sna Conarthaí don deis nósanna imeachta cinnteoireachta a fheabhsú le haghaidh CBES; á mheabhrú gurb ann d’Airteagal 31(2) CAE, lena gceadaítear don Chomhairle cinntí áirithe a dhéanamh maidir le hábhair a bhaineann leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) trí vótáil trí thromlach cáilithe, agus an ‘clásal passerelle’ atá in Airteagal 31(3) CAE, lena bhforáiltear gur féidir athrú de réir a chéile chuig vótáil trí thromlach cáilithe i gcás cinntí i réimse CBES nach bhfuil impleachtaí míleata ná cosanta acu ach lena gcuirtear feabhas ar dhlúthpháirtíocht agus cúnamh frithpháirteach AE le linn géarchéimeanna; á chur i bhfáth go gcuireann an aontoilíocht bac ar chumas an Aontais gníomhú agus, dá bhrí sin, ag tathant ar na Ballstáit vótáil trí thromlach cáilithe a úsáid chun cinntí a dhéanamh a bhaineann le CBES; á iarraidh an athuair, go háirithe, go dtabharfaí vótáil trí thromlach cáilithe isteach le haghaidh ráitis faoi shaincheisteanna idirnáisiúnta maidir le cearta an duine agus cinntí a bhaineann le cearta an duine a ghlacadh, le haghaidh smachtbhannaí faoi GHRSR a thabhairt isteach agus a chur chun feidhme, agus le haghaidh na gcinntí ar fad i ndáil le misin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC); á chur i bhfáth go bhféadfadh úsáid Airteagail 31 agus 44 CAE feabhas a chur ar sholúbthacht agus cumas an Aontais gníomhú i leith réimse leathan saincheisteanna a bhaineann leis an mbeartas eachtrach;

23.  á iarradh go mbeadh comhairliúcháin níos láidre ann idir AE agus ECAT ag leibhéal an Choiste Pholaitiúil agus Slándála agus ag leibhéal Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh;

24.  á iarraidh an athuair go mbunófaí foirmeacha nua comhair, amhail an Chomhairle Eorpach Slándála, chun cur chuige comhtháite i leith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir gur cheart comhdhéanamh an chomhair sin a mheas mar aon leis na sainchúraimí a d’fhéadfadh a bheith i gceist leis; á mheabhrú go soláthraíonn an Chomhdháil ar Thodhcaí na hEorpa atá ar siúl faoi láthair creat ábhartha chun tograí nuálacha a mhúnlú i ndáil leis sin; á iarraidh go mbeadh an Chomhdháil níos uaillmhianaí i dtaca leis an ngné sheachtrach de bheartais AE, lena n-áirítear maidir leis an tslándáil agus an chosaint, amhail trí bhuanaonaid mhíleata ilnáisiúnta de chuid AE a bhunú agus trí vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach sa chinnteoireacht maidir le beartas eachtrach AE; ag tabhairt dá haire, áfach, nach réiteofar na dúshláin struchtúracha agus pholaitiúla atá roimh CBSC le creataí nua institiúideacha amháin; á iarraidh an athuair go mbunófaí Comhairle Airí Cosanta;

25.  á chur i bhfáth gur cheart a áireamh ar ionstraimí dílse an Aontais go mbunófaí Acadamh Eorpach Taidhleoireachta, ina gcuirfí oiliúint ar thaidhleoirí AE ón tús ar fad agus ina dtabharfaí níos gaire do luachanna agus leasanna coiteanna AE iad, ag dul i dtreo fíor-esprit de corps a bheadh bunaithe ar chultúr coiteann taidhleoireachta ó ghné Eorpach; á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go hiomlán an treoirthionscadal Towards the creation of a European Diplomatic Academy [I dtreo Acadamh Eorpach Taidhleoireachta a chruthú]’, lena bhféadfaí an bealach a réiteach chun an t-acadamh sin a bhunú agus ar cheart bunú próisis roghnúcháin chun dul isteach in SEGS agus i dToscaireachtaí AE a bheith mar chuid de; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ionadaíocht taidhleoireachta AE i dtíortha nach bhfuil san Aontas a neartú agus féachaint le hionadaíocht iomlán taidhleoireachta a bhaint amach in eagraíochtaí iltaobhacha i gcoitinne agus sna Náisiúin Aontaithe go háirithe; á chur i bhfáth go gcuirfeadh ionadaíocht níos láidre de chuid AE i dtíortha nach bhfuil san Aontas agus in eagraíochtaí iltaobhacha an aontacht a bhfuil géarghá léi chun cinn i measc institiúidí agus Bhallstáit AE ó thaobh dul i ngleic leis na dúshláin dhomhanda i réimse CBES;

26.  á chur i bhfáth go bhfuil sineirge idir sócmhainní uile an Aontais i réimse na gníomhaíochta seachtraí de dhíth ar chur chuige iomlánaíoch i leith CBES; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go bhfuil ról lárnach agus buntáiste comparáideach ag Parlaimint na hEorpa i dtaidhleoireacht AE, go háirithe tríd an gcaidreamh idirpharlaiminteach agus rannpháirtíocht fhorleathan Pharlaimint na hEorpa trí chláir tacaíochta daonlathais i dteannta tríú páirtithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit a aithint gur cuid lárnach de ‘Fhoireann na hEorpa’ í Parlaimint na hEorpa agus é sin a léiriú sna struchtúir oibríochtúla; á chur i bhfios go láidir gur uirlis fhónta taidhleoireachta é an cultúr agus gur cuid bhunúsach de chumhacht bhog an Aontais é; á chur i bhfios go láidir go bhfuil acmhainneacht mhór ag baint leis an gcultúr ó thaobh luachanna AE a chur chun cinn;

27.  á iarraidh ar SEGS agus ar an gComhairle bearta a dhéanamh chun athbhreithniú a dhéanamh ar raon feidhme agus sainorduithe Ionadaithe Speisialta agus Toscairí Speisialta AE agus measúnú trédhearcach agus cuimsitheach ar éifeachtacht agus breisluach na seasamh sin a áirithiú, mar a d’iarr Parlaimint na hEorpa i moladh uaithi an 13 Márta 2019(8); ag tathant ar SEGS agus ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun an moladh ó Pharlaimint na hEorpa a chomhlíonadh sa tréimhse ama is giorra is féidir;

28.  á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí an Choimisiúin dlús a chur le cumais fadbhreathnaitheachta an Aontais, lena n-áirítear maidir leis an gComhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES), mar a léirítear sa dara Tuarascáil Bhliantúil maidir leis an bhFadbhreathnaitheacht Straitéiseach dar teideal The EU’s capacity and freedom to act [Acmhainn agus saoirse AE chun gnímh]; ag moladh go ndéanfaí gníomhaíochtaí fadbhreathnaitheacha idirinstitiúideacha ar an leibhéal polaitiúil chun an fhadbhreathnaitheacht i gceapadh beartas a leabú agus chun feabhas a chur ar ullmhacht an Aontais do dhúshláin a bheidh ann amach anseo amhail géarchéimeanna agus coinbhleachtaí atá faoi thionchar na haeráide, agus chun cur lena chumas forbairtí réigiúnacha agus domhanda a mhúnlú;

29.  ag cur béim ar an bhfíoras nach mór an ghné sheachtrach de bhuiséad AE a chistiú go hiomchuí agus a ullmhú chun freagairt gan mhoill do dhúshláin atá ann faoi láthair, atá ag teacht chun cinn agus a bheidh ann amach anseo; ag éileamh gur cheart go mbeadh an buiséad le haghaidh gníomhaíocht sheachtrach dírithe ar réimsí tosaíochta, ar bhonn geografach agus téamach araon, agus ar réimsí inar féidir le gníomhaíocht AE an breisluach is mó a chur ar fáil;

An cheannasacht Eorpach a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí seachtracha agus inmheánacha AE a idirnascadh go comhleanúnach, trí chomhcheangal a dhéanamh idir an cumas gníomhú go neamhspleách más gá agus an ullmhacht tabhairt faoi dhlúthpháirtíocht straitéiseach le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis

30.  á iarraidh ar AE cur lena cheannasacht straitéiseach i réimsí sonracha atá bunriachtanach do thábhacht leanúnach an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta, amhail cur chun cinn luachanna AE, na cearta bunúsacha, an trádáil chóir, an eacnamaíocht, an tslándáil agus an teicneolaíocht, an ceartas sóisialta, an t-aistriú glas agus an t-aistriú digiteach, fuinneamh agus an ról atá aige ó thaobh dul i ngleic le teanntás na réimeas forlámhach agus ollsmachtach; á chur i bhfáth gur gá gníomhaíochtaí seachtracha agus beartais inmheánacha AE a nascadh go comhleanúnach; á iarraidh an athuair go gcruthófaí Aontas Eorpach Slándála agus Cosanta, a d’fhónfadh mar thúsphointe chun comhbheartas cosanta Eorpach a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an bhforáil a leagtar amach in Airteagal 42(2) CAE, agus lena gcuirfí ar chumas an Aontais gníomhú go neamhspleách chun a chuid leasanna slándála a chosaint nuair is gá agus a rannchuideodh le comhpháirtí straitéiseach níos cumasaí agus níos inchreidte dá chomhghuaillithe, lena n-áirítear ECAT agus na Stáit Aontaithe, a dhéanamh den Aontas; á iarraidh go gcuirfí dlús leis an gcomhar cosanta agus go ndéanfaí cuíchóiriú air, mar shampla maidir le saincheisteanna a bhaineann le trealamh cosanta;

31.  á chur i bhfáth gurb é a chiallaíonn neamhspleáchas AE i réimse na slándála agus na cosanta ná forbairt, comhordú agus imlonnú tapa na gcumas straitéiseach iontaofa agus idir-inoibritheach atá riachtanach le haghaidh bainistiú éifeachtach géarchéime; cosaint AE agus a chuid saoránach; oiliúint na bpríomh-chomhpháirtithe; an comhar éifeachtúil, an chinnteoireacht agus roinnt na gcumas saothair, forbartha agus táirgthe idir na Ballstáit i ndlúthpháirtíocht iomlán agus ar leibhéal AE, agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta eile amhail na Náisiúin Aontaithe agus ECAT; agus an cumas cinneadh a dhéanamh agus gníomhú go neamhspleách más gá agus i gcomhréir lena chuid leasanna, prionsabal agus luachanna féin mar a leagtar síos in Airteagal 21 CAE iad, go háirithe trína bhunú féin mar ghníomhaí domhanda éifeachtach, agus lánurraim á tabhairt don dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfáth gur cheart tús áite a thabhairt do thógáil comhghuaillíochtaí, comhpháirtíochtaí agus socruithe iltaobhacha atá láidir agus iontaofa agus do chothú dlúthpháirtíochta straitéisí le tíortha atá ar aon intinn leis; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go dtreiseodh an cur chuige sin an comhar le comhpháirtithe, go háirithe faoi chuimsiú ECAT; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh na cumais agus na struchtúir straitéiseacha Eorpacha fheabhsaithe sin comhoiriúnach do ECAT agus gur cheart dóibh é a chomhlánú; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, gur fhógair Uachtarán an Choimisiúin go dtionólfaí Cruinniú Mullaigh maidir leis an gCosaint Eorpach faoi Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle; á thabhairt chun suntais go dtíolacfaidh an tAontas agus ECAT dearbhú comhpháirteach maidir le comhar faoi dheireadh 2021; á iarraidh go gcruthófaí ‘cumas mear-imlonnaithe’, mar a chuir an Leas-Uachtarán/Ardionadaí i láthair é, mar chéadchéim i dtreo buanaonaid mhíleata ilnáisiúnta de chuid AE a bhunú; á chur i bhfáth go mbeadh ar fhórsa den sórt sin breisluach a sholáthar i gcomparáid le Cathghrúpaí AE, nár imlonnaíodh riamh; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún dá bhrí sin roghanna a mheasúnú agus a fhorbairt le haghaidh buanaonaid mhíleata ilnáisiúnta de chuid AE a bhunú, ar aonaid iad a mhaoineofaí ón tSaoráid Eorpach Síochána agus ó bhuiséad AE araon trí leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí a chuirtear ar fáil le Conarthaí AE i láthair na huaire;

32.  ag aithint gurb é ECAT bunchloch leanúnach na slándála agus na cosanta san Eoraip agus ag moladh do na comhghuaillithe ar dhá thaobh an Atlantaigh a dtiomantas do ECAT mar an phríomhinstitiúid le haghaidh chosaint an limistéir Eora-Atlantaigh a athdhearbhú; á iarraidh an athuair ar na comhghuaillithe cloí leis na ceanglais ar aontaíodh leo maidir le comhroinnt dualgas agus iad a chomhlíonadh, lena n-áirítear an caiteachas ar chosaint, a bhfuil sprioc 2 % den olltáirgeacht intíre (OTI) ag gabháil leis, mar a aontaíodh ag cruinniú mullaigh ECAT in Casnewydd/Newport in 2014;

33.  á iarraidh ar na Ballstáit a mbeartas onnmhairithe arm a ailíniú ar bhonn fhorálacha Chomhsheasamh 2008/944/CBES ón gComhairle an 8 Nollaig 2008 lena sainmhínítear comhrialacha lena rialaítear an rialú a dhéantar ar onnmhairiú teicneolaíochta míleata agus trealaimh mhíleata(9), agus cur i bhfeidhm docht na gcritéar uile a ghlacadh; ag athdhearbhú a hiarrata ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí tús áite a thabhairt don réimse maidir le neamhleathadh, dí-armáil agus rialú arm, ós rud é go dtugann gníomhaithe urchóideacha stáit dúshlán roinnt de na córais rialaithe arm agus go ndéantar neamhaird de chuid eile díobh, agus go bhfuil teicneolaíochtaí nua á bhforbairt agus á n-imlonnú a d’fhéadfaí a mheas ní hamháin gur teicneolaíochtaí bunathraitheacha iad, ach gur teicneolaíochtaí réabhlóideacha iad freisin i ngnóthaí míleata;

34.  á chur i bhfios go láidir nach mór don Aontas tuilleadh forbartha a dhéanamh ar a cheannasacht agus a shaineolas teicneolaíoch, oibríochtúil agus digiteach trí thionscal agus margadh cosanta na hEorpa a neartú, trí Bhonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta Eorpaí a fhorbairt, trí chur leis na gníomhaíochtaí compháirteacha i réimse an taighde agus na forbartha, an tsoláthair, na hoiliúna agus na cothabhála i gcúrsaí míleata, trí chur chuige coiteann i leith shlándáil an tsoláthair a shainiú, agus trí chomhar níos uaillmhianaí a dhéanamh le comhghuaillithe daonlathacha; á chur i bhfáth gur gá aird ar leith a thabhairt ar theicneolaíochtaí bunathraitheacha atá ag teacht chun cinn, ar bhearta cibearshlándála agus ar an gcibearchosaint, ar chosaint agus teacht aniar na mbonneagar criticiúil, agus ar shlándáil an tsoláthair i gcás príomh-chomhpháirteanna teicneolaíochta amhail micrisheoltóirí; ag meabhrú na ndeiseanna a chuirtear ar fáil leis na hionstraimí agus na sásraí atá ann cheana amhail PESCO, an Ciste Eorpach Cosanta agus an tAthbhreithniú Comhordaithe Bliantúil ar Chosaint; á iarraidh ar na Ballstáit leas iomlán a bhaint as na hionstraimí agus na sásraí sin; á chur in iúl gur geal léi na chéad iarrataí ar thograí le haghaidh an Chiste Eorpaigh Cosanta, ar ionstraim bhunriachtanach é chun slándáil agus cosaint na hEorpa a neartú mar aon le ceannasacht straitéiseach AE;

35.  á chur in iúl go bhfuil imní uirthi faoi spleáchas teicneolaíoch AE ar sholáthraithe as tíortha atá lasmuigh de AE, go háirithe stáit neamhdhaonlathacha; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil an Eoraip ag brath ar uirlisí eachtracha le haghaidh na cibearshlándála; á iarraidh ar institiúidí AE teacht ar chomhthoil ar fud an Aontais faoin ngá atá ann neamhspleáchas na hEorpa a chaomhnú i bpríomhréimsí éagsúla teicneolaíochta agus cur chuige pragmatach agus neamhspleách a chur chun cinn chun spleáchas agus an comhéigean geopholaitiúil in earnálacha criticiúla na teicneolaíochta a sheachaint; á chur i bhfios go láidir, go háirithe, go bhfuil tábhacht straitéiseach le bonneagar 5G agus cáblaí faoi uisce;

36.  á chur i bhfios go láidir gur gnéithe tábhachtacha iad an comhbheartas cibearchosanta agus cumais shuntasacha chibearchosanta chun Aontas Eorpach Slándála agus Cosanta atá níos doimhne agus feabhsaithe a fhorbairt; á chur i bhfáth a phráinní atá sé na cumais choiteanna agus cumais na mBallstát araon i réimse na cibearchosanta míleata a fhorbairt agus a neartú; á chur i bhfios go láidir gur gá d’institiúidí uile AE agus do na Ballstáit oibriú i gcomhar le chéile ar gach leibhéal chun straitéis chibearshlándála a chur le chéile; á iarraidh ar SEGS leibhéil leormhaithe chibearshlándála a áirithiú i gcás a chuid sócmhainní, áitreabh agus gníomhaíochtaí, lena n-áirítear a cheanncheathrú agus toscaireachtaí AE;

37.  á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht nach beag le hearnáil spáis na hEorpa ó thaobh neamhspleáchas AE a bhaint amach ar an leibhéal domhanda mar aon le rathúnas agus slándáil na sochaí; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di go bhfuil an cianspás ag iompú ina réimse polaitiúil de réir a chéile atá ina léiriú ar an iomaíocht gheopholaitiúil ar an domhan agus teorainn nua teicneolaíochta, agus go bhféadfadh sé iompú ina réimse míleata go tapa mura gcuirfear na hionstraimí dlí idirnáisiúnta cuí i bhfeidhm; ag tacú le tionscnaimh atá dírithe ar bhorradh a chur faoin mBeartas Eorpach Spáis, lena n-áirítear clár nua uaillmhianach spáis an Aontais, clár a bhfuil sé mar aidhm leis sócmhainní spáis na hEorpa atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chosaint; ag éileamh gur cheart don Aontas na gealltanais pholaitiúla agus airgeadais atá tugtha aige a chur ar aon dul lena chuid uaillmhianta i réimse an spáis; á iarraidh ar AE seasamh lena ghealltanas go bhforbróidh sé rialachán cuimsitheach idirnáisiúnta maidir leis an spás, chun cosc a chur le húsáid an spáis mar arm; ag tacú le Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh ó thaobh luathrabhaidh a thabhairt do chinnteoirí faoi ghéarchéimeanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar aon le feasacht staide dhomhanda;

Straitéisí réigiúnacha a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear an rannpháirtíocht taidhleoireachta agus eacnamaíoch agus an comhar slándála

38.  á chur in iúl gur geal léi na conclúidí ó Chruinniú Mullaigh na mBalcán Thiar a tionóladh in Brdo pri Kranju faoi Uachtaránacht na Slóivéine ar an gComhairle; ag athdhearbhú a cuid tacaíochta do dhearcadh Eorpach thíortha na mBalcán Thiar agus á athdhearbhú dá réir sin gur iarr sí go gcuirfí dlús le próiseas an mhéadaithe agus go gcuirfí bealach soiléir ar fáil do thíortha atá ag iarraidh teacht isteach san Aontas; ag tathant ar na Ballstáit na gealltanais a thug siad a chomhlíonadh faoi dheireadh agus á chur i bhfáth a phráinní atá sé na chéad chomhdhálacha idir-rialtasacha leis an Albáin agus an Mhacadóin Thuaidh a thionól láithreach agus léirscaoileadh víosaí a dheonú don Chosaiv; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil próiseas an mhéadaithe fós bunaithe go daingean ar na critéir ábhartha uile a bheith á gcomhlíonadh ag na tíortha is iarrthóirí mar a shainigh an Chomhairle Eorpach iad agus béim mhór á leagan ar an daonlathas, an smacht reachta agus cearta an duine agus cearta mionlach a neartú, mar aon leis an athmhuintearas agus dul chun cinn eacnamaíoch a chothú sna Balcáin Thiar, nithe atá riachtanach chun go mbeidh síocháin, seasmhacht agus rathúnas buan ann; ag cur béim ar an ngá atá le comhar feabhsaithe chun dul i ngleic le dúshláin choiteanna; á chur i bhfáth nach mór ceachtanna a fhoghlaim ón mbeartas um méadú agus go bhfuil gá le tuilleadh infheictheachta agus infheistíochtaí sa réigiún chun feasacht an phobail a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, cur le hinchreidteacht agus rannpháirtíocht AE; á iarraidh go n-oibreodh AE i gcomhar leis na tíortha sna Balcáin Thiar chun teacht ar réitigh ar na fadhbanna atá ina mbac ar thuilleadh athchóirithe, lena n-áirítear cur chun feidhme na 14 phríomhthosaíocht sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin agus chun a áirithiú go gcuirfear Comhaontú Síochána Dayton chun feidhme; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá lánpháirtiú na stát comhpháirtíochta sin san Aontas Eorpach chun seasmhacht agus slándáil na mór-roinne ina hiomláine a chinntiú; á iarraidh ar AE tacú leis an tsochaí shibhialta sna Balcáin Thiar ó thaobh na luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus a scaipeadh; ag moladh obair Oibríocht Mhíleata an Aontais Eorpaigh sa Bhoisnia-Heirseagaivéin (ALTHEA) atá faoi chúram EUFOR, oibríocht a rannchuidíonn le síocháin, seasmhacht agus lánpháirtiú Eorpach na Boisnia agus an Heirseagaivéine; á athdhearbhú go bhfuil ról ríthábhachtach ag an oibríocht sin i gcónaí i slándáil agus seasmhacht na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus an réigiúin; á thabhairt chun suntais, i bhfianaise an mhéadaithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo, go bhfuil gá le cinnteoireacht níos éifeachtúla ar leibhéal AE; ag cáineadh go láidir na gluaiseachta neamhbhunreachtúla i dtreo scartha atá á déanamh ag údaráis Republika Srpska, a bhfuil sé mar aidhm léi institiúidí comhthreomhara a chruthú sa leigheas agus i bhfeistí leighis, sa cheartas, sa chosaint, sa tslándáil agus sa chánachas, agus ar an gcaoi sin an bonn a bhaint ó struchtúir stáit na Boisnia agus na Heirseagaivéine agus atá ina bagairt fhéideartha d’aontacht agus d’iomláine chríochach na Boisnia agus na Heirseagaivéine; ag cáineadh ról díobhálach gníomhaithe réigiúnacha agus thrasnaíocht eachtrach na Rúise; á iarraidh ar an gComhairle smachtbhannaí spriocdhírithe a fhorchur ar Milorad Dodik agus ar a chomhghuaillithe as a chuid gníomhaíochtaí éillitheacha, as díchobhsú leanúnach na tíre, agus as an mbonn a bhaint ó cheannasacht agus iomláine chríochach na Boisnia agus na Heirseagaivéine;

39.  á chur i bhfios go láidir gur cheart don Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais 2021-2027 (IPA III) a glacadh le déanaí tacú le hinfheistíocht fhadtéarmach i dtodhchaí Eorpach an réigiúin agus gur cheart coinníollacht fheabhsaithe na hionstraime a úsáid go héifeachtach chun torthaí nithiúla a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi na coinníollacha níos déine a bhaineann leis an daonlathas, cearta an duine agus an smacht reachta faoin IPA III nuachóirithe; á chur in iúl gur geal léi an plean eacnamaíoch agus infheistíochta do na Balcáin Thiar agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme láithreach é chun téarnamh fadtéarmach agus fás eacnamaíoch an limistéir agus a nascacht inbhuanaithe a éascú, rud a thabharfadh na Balcáin Thiar níos gaire do mhargadh aonair AE;

40.  ag athdhearbhú a tacaíochta daingne do thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus go háirithe maidir lena neamhspleáchas, a gceannasacht agus a n-iomláine chríochach laistigh dá dteorainneacha atá aitheanta go hidirnáisiúnta mar aon leis an meas ar thoil na ndaoine a dtodhchaí féin agus a mbeartas eachtrach a chinneadh, gan aon chur isteach ón taobh amuigh; á iarraidh go ndéanfaí na Comhaontuithe Comhlachais leis an tSeoirsia, leis an Moldóiv agus leis an Úcráin a chur chun feidhme go hiomlán mar aon leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe leis an Airméin; á chur i bhfios go láidir gur gá leanúint ar aghaidh leis an gcaibidlíocht ar an gComhaontú Comhpháirtíochta Cuimsitheach Feabhsaithe idir AE agus an Asarbaiseáin i gcomhréir leis na coinníollacha a leag Parlaimint na hEorpa amach i moladh uaithi an 4 Iúil 2018 maidir leis an gcaibidlíocht ar an gComhaontú Cuimsitheach idir AE agus an Asarbaiseáin(10); ag tathant ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, agus go háirithe na tíortha sin a roghnaigh bealach an daonlathais agus na lánpháirtíochta Eorpaí, a áirithiú go gcloífear leis na saoirsí bunúsacha, cearta an duine agus an smacht reachta agus leanúint de na hathchóirithe sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla is gá a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún an 18 Márta 2020 dar teideal Eastern Partnership policy beyond 2020 – Reinforcing Resilience – an Eastern Partnership that delivers for all [Beartas Comhpháirtíochta an Oirthir tar éis 2020 – Athneartú na hAthléimneachta – Comhpháirtíocht an Oirthir a dhéanfaidh beart do chách] (JOIN(2020)0007); ag athdhearbhú go bhfuil tacaíocht an Aontais do thuilleadh lánpháirtithe ag brath ar dhul chun cinn nithiúil maidir leis na hathchóirithe sin; ag tacú le prionsabal na coinníollachta agus na difreála atá ag AE, lena n-áirítear dreasachtaí; á chur i bhfáth nach féidir an rath ar thíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a léiriú agus a dhaingniú ach amháin trí phróiseas lánpháirtithe AE, agus gur féidir leis a thaispeáint do mhuintir na Rúise freisin cé na buntáistí socheacnamaíocha a d’fhéadfadh teacht as athchóirithe de chineál Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle leas a bhaint as an gcruinniú mullaigh de chuid Chomhpháirtíocht an Oirthir atá ar na bacáin chun teachtaireacht láidir tacaíochta a chur chuig ár gcomhpháirtithe; á iarraidh ar cheannairí AE a áirithiú go rannchuideoidh na cúig sprioc fhadtéarmacha agus na 10 sprioc nua le haghaidh 2025, tríd an gcistiú a chuirfear ar fáil faoin bplean eacnamaíoch agus infheistíochta a moladh i mí an Mheithimh 2021, go mór leis an téarnamh sóisialta agus eacnamaíoch ó phaindéim COVID-19, go neartóidh siad na naisc eacnamaíocha agus go mbunóidh siad bealaí trádála idir AE agus na tíortha comhpháirtíochta;

41.  ag cáineadh rannpháirtíocht dhíreach agus indíreach na Rúise agus gníomhaithe seachtracha eile i gcoinbhleachtaí armtha mar aon leis na hionsaithe hibrideacha, na forghabhálacha agus na méaduithe ar fhórsaí míleata laistigh den réigiún nó ar a cuid teorainneacha leis an réigiún; á chur i bhfios go láidir gur gá go mbeadh AE agus ECAT araon i láthair go fisiciúil sa réigiún de dheasca na bagartha leanúnaí atá i ngar dúinn; ag tacú le neartú an chomhair idir AE agus tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir i réimse na slándála agus na cosanta, go háirithe maidir le réiteach síochánta ar choinbhleachtaí réigiúnacha a chur chun cinn, aghaidh a thabhairt ar bhagairtí hibrideacha, ar chibirionsaithe, ar bhréagaisnéis agus ar fheachtais bholscaireachta, stop a chur le trasnaíocht tríú páirtithe sna próisis dhaonlathacha agus cur le teacht aniar na sochaí; ag aithint go bhfuil na trí chomhpháirtí chomhlachaithe cóineasaithe le CBES agus ag tacú le comhar feabhsaithe i réimse CBSC, lena n-áirítear rannpháirtíocht in PESCO má chomhlíontar na coinníollacha;

42.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an chaoi a bhfuil cúrsaí sa Bhealarúis; ag cáineadh go láidir na ngníomhartha foréigin i gcoinne na n-agóideoirí síochánta agus á iarraidh go scaoilfí saor láithreach agus gan choinníoll na príosúnaigh pholaitiúla go léir, a gabhadh roimh an toghchán uachtaránachta, mar dhea, ar an 9 Lúnasa 2020 agus ina dhiaidh, agus go dtarraingeofaí siar na cúiseanna ina leith; á athdhearbhú nach dtugann sí aitheantas do Aliaksandr Lukashenka mar uachtarán na Bealarúise; á iarraidh ar an gComhairle na smachtbhannaí is déine agus is leithne is féidir a chur chun feidhme gan mhoill, agus i ndlúthchomhar leis na comhpháirtithe idirnáisiúnta, in aghaidh lucht na calaoise toghcháin, an fhoréigin agus na géarleanúna sa Bhealarúis agus in aghaidh na ndaoine aonair agus na n-eintiteas a eagraíonn na gníomhaíochtaí a fhágann go mbíonn sé níos éasca ar dhaoine teorainneacha seachtracha AE a thrasnú, nó a chabhraíonn leis na gníomhaíochtaí sin; á iarraidh ar an gComhairle níos mó comhordú idirnáisiúnta a dhéanamh a bhfuil sé mar aidhm leis an deachtóir agus a réimeas a scoitheadh amach tuilleadh; ag cáineadh go láidir na n-ionsaithe hibrideacha atá déanta ag réimeas Lukashenka i gcoinne an Aontais, lena n-áirítear leas a bheith á bhaint as imircigh neamhrialta ag teorainneacha seachtracha AE agus as daoine mar uirlis chun críoch polaitiúil, gníomh a sháraíonn na noirm idirnáisiúnta; ag tathant ar AE agus a Bhallstáit freagairt go pras do na bagairtí atá ag teacht chun cinn i gcomhréir le dlí AE agus na hoibleagáidí idirnáisiúnta agus a chomhbheartas eachtrach agus slándála (CBES) agus a bheartais imirce agus tearmainn a chur in oiriúint do na dúshláin nua; ag seasamh i ndlúthpháirtíocht leis na Ballstáit a bhfuil na bagairtí sin orthu; á chur in iúl gur cúis bhuartha di imscaradh trúpaí Rúiseacha ar mhórscála sa Bhealarúis, á mheas gur bagairt an méid sin don tslándáil Eorpach agus do cheannasacht na Bealarúise, agus á iarraidh go dtarraingeoidís siar láithreach agus go n-urramófaí an cheannasacht sin; á chur i bhfáth go bhfuil sí go daingean ar son an daonlathais sa Bhealarúis agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh níos mó teagmhála ann le hionadaithe na sochaí sibhialta agus an fhreasúra dhaonlathaigh sa Bhealarúis; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ardán Pharlaimint na hEorpa sa chomhrac i gcoinne na saoirse ó phionós sa Bhealarúis agus ag moladh go n-úsáidfí na modhanna dlíthiúla uile atá ar fáil chun Lukashenka agus lucht a réimis a thabhairt os comhair na cúirte;

43.  á chur i bhfáth gur gá do AE agus do na Ballstáit níos mó rannpháirtíochta a dhéanamh i gCugas Theas ar mhaithe le seasmhacht agus rathúnas an réigiúin agus chun cur i gcoinne thionchar na gcumhachtaí réigiúnacha agus an chur isteach uathu; á chur in iúl gur geal léi an méid atá déanta ag Uachtarán na Comhairle Eorpaí chun an ghéarchéim pholaitiúil sa tSeoirsia a mhaolú; ag féachaint air mar ghníomh ceannaireachta de chuid AE agus á iarraidh go mbeadh cur chuige den chineál céanna ann i leith na ngéarchéimeanna agus na gcoinbhleachtaí i réigiún Chomhpháirtíocht an Oirthir agus níos faide i gcéin; ag tacú le hiomláine chríochach na Seoirsia agus ag cáineadh fhorghabháil na Rúise ar chríocha na Seoirsia, lena n-áirítear Réigiún na hAbcáise agus Tskhinvali/na hOiséite Theas; ag meabhrú a cuid oibleagáidí idirnáisiúnta don Rúis faoi chomhaontú sosa cogaidh 2008 a ndearna AE idirghabháil ann faoi Uachtaránacht na Fraince; á iarraidh ar an Rúis gníomhú ar bhealach cuiditheach agus dul chun cinn a cheadú i bPlé Idirnáisiúnta na Ginéive; á iarraidh ar an Rúis stop a chur leis na sáruithe atá sí a dhéanamh ar chearta an duine i gcríocha na Seoirsia atá faoi fhorghabháil agus á mheabhrú do Chónaidhm na Rúise go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil uirthi mar an chumhacht a fheidhmíonn ‘rialú éifeachtach’, mar a cuireadh in iúl sa rialú ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine sa chás An tSeoirsia v an Rúis (II)(11); ag cáineadh ghníomhaíochtaí gríosaithe na bhfórsaí forghabhála, lena n-áirítear fuadach saoránach de chuid na Seoirsia mar aon leis an marú, an choinneáil neamhdhleathach agus an teorannú leanúnach atá ar bun; á iarraidh ar AE, ar a chuid Ballstát agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí oibriú go gníomhach i gcomhar le chéile chun teacht ar réiteach buan idir an Airméin agus an Asarbaiseáin maidir leis an Nagarna-Carabaic agus cosc a chur le géarú eile ar an teannas sa réigiún, go háirithe trí bhrú a chur ar an Asarbaiseáin agus ar an Airméin aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna iarchogaidh, lena n-áirítear líniú na dteorainneacha agus go scaoilfí saor gach príosúnach cogaidh atá fós i ngéibheann; ag tabhairt dá haire gurb é Grúpa Mhionsc san Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) an t-aon eagraíocht atá aitheanta go hidirnáisiúnta le haghaidh an choinbhleacht sin a réiteach, ar bhonn phrionsabail na hiomláine críochaí, an fhéinchinntiúcháin agus na gceart comhionann, agus ar an mbonn nach n-úsáidfí an lámh láidir agus go bhfaighfí réiteach síochánta ar choinbhleachtaí; á iarraidh go bhfillfeadh sé ar a ról idirghabhála gan mhoill;

44.  ag athdhearbhú go gcáineann sí go láidir beartais ionsaitheacha na Rúise i leith na hÚcráine, go háirithe an tóstal míleata gan fasach ar theorainneacha na hÚcráine, in Donbas atá faoi fhorghabháil agus i leithinis ghafa na Crimé agus, sa Bhealarúis, an tacaíocht airgeadais agus mhíleata leanúnach d’fhoirmíochtaí armtha in Donbas, forghabháil neamhdhleathach Phoblacht Fhéinrialaitheach na Crimé agus chathair Sevastopol, imshuí Muir Mheoid, agus na cibirionsaithe leantacha agus ionsaithe hibrideacha eile i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir gurb ionann tóstal míleata na Rúise agus bagairt ar an tsíocháin, ar an gcobhsaíocht agus ar an tslándáil san Eoraip; á iarraidh ar Rialtas na Rúise a fhórsaí a tharraingt siar ó theorainneacha na hÚcráine agus scor de bhagairt a chur ar na críocha máguaird; á chur i bhfáth go mbeidh smachtbhannaí polaitiúla, eacnamaíocha, airgeadais agus pearsanta i gcoinne Chónaidhm na Rúise, a geilleagair agus a cinnteoirí mar thoradh ar ionsaitheacht bhreise Rúiseach i gcoinne na hÚcráine; á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an tArdán Idirnáisiúnta maidir leis an gCrimé agus á iarraidh ar institiúidí AE, ar na Ballstáit agus ar na comhpháirtithe uile atá ar aon intinn leo páirt ghníomhach a ghlacadh sa tionscnamh sin a bhfuil sé mar aidhm leis iomláine chríochach na hÚcráine a chur ar bun arís; á athdhearbhú go dtacaíonn sí le Mejlis phobal Tatarach na Crimé arb é an t-aon chomhlacht amháin é atá aitheanta go hidirnáisiúnta a dhéanann ionadaíocht ar Thataraigh na Crimé agus ag moladh an tseasaimh dhochloíte atá glactha ag saoránaigh na hÚcráine sa Chrimé faoi fhorghabháil, go háirithe Tataraigh na Crimé; á iarraidh go ndéanfaí Próiseas Mhionsc a athbheochan chun deireadh a chur leis an gcoinbhleacht mhíleata in Oirthear na hÚcráine; ag tacú le hiarrataí ar chúnamh míleata agus slándála méadaithe agus inchreidte don Úcráin in earnáil na slándála agus sna hathchóirithe míleata atá á ndéanamh aici, agus ag smaoineamh ar oiliúint mhíleata a chur ar fáil d’oifigigh i bhfórsaí armtha na hÚcráine; ag aithint gur tionóladh an chéad chruinniú um an idirphlé idir an tAontas Eorpach agus an Úcráin maidir leis an gcibearshlándáil agus á iarraidh go ndéanfaí méadú ar chúnamh cibearshlándála an Aontais don Úcráin; á chur in iúl gur geal léi an plé ar Mhisean de chuid AE le haghaidh Comhairle Mhíleata agus Oiliúna san Úcráin agus ag cur a cuid tacaíochta in iúl dó;

45.  ag cáineadh go láidir na ngníomhartha forleathana foréigin a thit amach i ndiaidh agóidí síochánta sa Chasacstáin i mí Eanáir 2022; á iarraidh ar údaráis na Casacstáine imscrúdú idirnáisiúnta iomlán agus neamhspleách a sheoladh maidir le sáruithe ar chearta an duine agus ar shaoirsí bunúsacha le linn na corraíola;

46.  ag cur béim ar a phráinní atá an t-idirphlé leantach maidir le slándáil san Eoraip idir na Stáit Aontaithe, a gcomhghuaillithe Eorpacha agus an Rúis; á áitiú go gcaithfidh AE a bheith ina chomhpháirtí lárnach sa phlé sin chun neamhspleáchas, ceannasacht agus iomláine chríochach gach stáit Eorpaigh a chaomhnú, bearta cothaithe muiníne a chothú agus an teannas ar mhór-roinn na hEorpa a laghdú; ag cur béim ar an bhfíoras, ag an am céanna, dá ndéanfadh Cónaidhm na Rúise ionradh ar an Úcráin, gur gá go mbeadh AE ullamh, i gcomhar leis na Stáit Aontaithe agus comhghuaillithe eile agus dlúth-chomhpháirtithe, chun smachtbhannaí forleathana a fhorchur i gcoinne na Rúise;

47.  á athdhearbhú go bhfuil peirspictíocht Eorpach ag an tSeoirsia agus an Úcráin de bhun Airteagal 49 CAE agus go bhféadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar bheith ina mBallstáit den Aontas ar choinníoll go gcloíonn siad le critéir Chóbanhávan ar fad agus prionsabail an daonlathais, go n-urramaíonn siad saoirsí bunúsacha, cearta an duine agus cearta mionlach, agus go seasann siad leis an smacht reachta; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit aitheantas a thabhairt do pheirspictíocht Eorpach na Seoirsia agus na hÚcráine, a mheastar a bheith ríthábhachtach do chobhsaíocht agus do shlándáil na dtíortha, mar aon le bheith ina spreagadh dóibh leanúint d’athchóirithe inmheánacha a chur chun feidhme;

48.  á chur in iúl gur geal léi teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 9 Feabhra 2021 maidir leis an gcomhpháirtíocht athnuaite le comharsanacht an deiscirt(12) agus ag tacú leis an tsíocháin, an tseasmhacht, an rathúnas agus prionsabail an daonlathais sa réigiún; á iarraidh ar an gCoimisiún na tionscnaimh a leagtar amach sa teachtaireacht chomhpháirteach sin a chur chun feidhme go hiomlán; á chur in iúl gurb oth léi, 25 bliana tar éis thús Phróiseas Barcelona, nach bhfuil tógáil limistéir choitinn rathúnais, seasmhachta agus saoirse le tíortha Meánmhara Chomharsanacht an Deiscirt tugtha chun críche go fóill; á iarraidh an athuair, áfach, go ndéanfaí athbhreithniú domhain ar Bheartas Comharsanachta na hEorpa ina iomláine i dtaca leis an gcistiú agus an chabhair a chuirtear ar fáil do thíortha iasachta atá ar theorainn AE chun a áirithiú go ndeanfaidh na comhpháirtithe comharsanachta dul chun cinn maidir leis na hathchóirithe agus go mbeidh siad tiomanta d’idirphlé agus comhar dlúth leis an Aontas, agus chun beartais shaincheaptha a ráthú san am céanna;

49.  ag meabhrú an ghealltanais atá tugtha ag AE faoi Phróiseas Síochána an Mheánoirthir agus faoi chomhaontú a thabhairt i gcrích idir an dá pháirtí, lena n-áirítear maidir le saincheisteanna a bhaineann le comhaontú i ndáil leis an stádas deiridh, ag féachaint, go háirithe, ar an ngá atá ann na dálaí ar an talamh le haghaidh réiteach síochánta dhá stát a chaomhnú, ar bhonn theorainneacha 1967, agus Iarúsailéim mar phríomhchathair ar an dá stát, agus stát slán Iosrael ann agus stát neamhspleách, daonlathach agus inmharthana na Palaistíne buailte leis, iad ag maireachtáil taobh le taobh go síochánta agus go sábháilte, ar bhonn an chirt féinchinntiúcháin agus an dlí idirnáisiúnta á urramú go hiomlán; á iarraidh, ar an ábhar sin, go gcuirfí tús arís le fíor-iarrachtaí síochána a bheadh dírithe ar thorthaí nithiúla a bhaint amach idir an dá thaobh le tacaíocht ón bpobal idirnáisiúnta; á iarraidh ar AE níos mó a dhéanamh chun an próiseas síochána idir na hIosraelaigh agus na Palaistínigh a athbheochan, lena n-áirítear trí bhearta cothaithe muiníne, trí idirphlé réigiúnach agus trí níos mó comhar trasatlantach sa réigiún mar aon le húsáid níos fearr a bhaint as an tionchar atá aige ar an dá pháirtí; á chur i bhfáth gur gá i gcónaí tacú le seirbhísí ríthábhachtacha a chur ar fáil do na milliúin teifeach Palaistíneach ar fud an Mheánoirthir; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh tacaíocht leanúnach ann ó AE agus go hidirnáisiúnta - idir thacaíocht pholaitiúil agus tacaíocht airgeadais – do Ghníomhaireacht na Náisiún Aontaithe um Fhóirithint agus Oibreacha ar mhaithe le dídeanaithe Palaistíneacha sa Neasoirthear (UNRWA);

50.  á iarraidh go gcuirfí deireadh le gníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’inmharthanacht an réitigh dhá stát ar an talamh, amhail lonnaíochtaí Iosraelacha a bheith á dtógáil agus tithe agus bonneagar na bPalaistíneach a bheith á leagan sa Bhruach Thiar atá faoi fhorghabháil, lena n-áirítear in Iarúsailéim Thoir; á iarraidh go dtiocfaí ar réiteach polaitiúil chun deireadh a chur le himshuí Stráice Gaza agus leis an ngéarchéim dhaonnúil atá ann, lena n-áirítear na ráthaíochtaí riachtanacha slándála chun foréigean in aghaidh Iosrael a chosc; ag déanamh cáineadh géar ar an sceimhlitheoireacht; ag cur béim ar a thábhachtaí atá toghcháin na Palaistíne chun dlisteanacht dhaonlathach na tacaíochta atá i measc an phobail d’institiúidí polaitiúla sa Phalaistín a athbhunú;

51.  á thabhairt chun suntais go bhfuil bliain ann ó tugadh Comhaontú Abraham i gcrích agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé don tsíocháin, don tseasmhacht agus don chomhar sa réigiún; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle tacú le normalú an chaidrimh idir Iosrael agus na Stáit Arabacha trí Chomhaontú Abraham a chur chun feidhme agus a leathnú mar rannchuidiú tábhachtach chun síocháin bhuan a bhaint amach sa Mheánoirthear; ag aithint an róil thábhachtaigh a d’imir na Stáit Aontaithe;

52.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di cúrsaí sa Liobáin agus ag tathant go láidir ar Rialtas na Liobáine feidhmiú ar bhealach inchreidte agus cuntasach atá saor ó thrasnaíocht eachtrach agus é dírithe ar an misean atá aige; á chur i bhfáth go bhfuil freagracht ar leith ar Hezbollah agus ar ghrúpaí eile as gluaiseacht phobail na Liobáine a chur faoi chois in 2019 agus as géarchéim pholaitiúil agus eacnamaíoch na Liobáine; á iarraidh ar an Iaráin gan a ladar a chur isteach i ngnóthaí inmheánacha na Liobáine agus á iarraidh go n-urramófaí ceannasacht agus neamhspleáchas polaitiúil na Liobáine; ag déanamh cáineadh géar ar na roicéid a scaoil Hezbollah ó dheisceart na Liobáine i dtreo ceantair in Iosrael ina bhfuil cónaí ar shibhialtaigh; ag diúltú d’aon ról a bheadh ag an Uachtarán Bashar al-Assad sa tSiria i ndiaidh na coinbhleachta agus í ag tagairt do Rún 2254 (2015) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe; á chur in iúl gur geal léi fiosrúcháin choiriúla atá dírithe ar al-Assad agus a chomhluadar de bharr úsáid arm ceimiceach, agus ag tacú leis na fiosrúcháin sin, agus ag éileamh go gcoinneofaí cuntasach iad as an iliomad coireanna cogaidh atá déanta acu; ag moladh do na Ballstáit an liosta díobh siúd atá faoi réir smachtbhannaí spriocdhírithe a leathnú chun oifigigh shibhialtacha agus mhíleata laistigh de réimeas Assad a chur san áireamh ann, oifigigh a bhfuil cruthúnas ann ina leith go raibh siad páirteach i gcoireanna cogaidh, i gcoireanna in aghaidh an chine dhaonna agus i sáruithe tromchúiseacha eile; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta de chuid AE maidir leis an tsaoirse ó phionós a thíolacadh, agus caibidil ar leith ann maidir leis an tSiria; á chur i bhfáth gur cheart don phlean gníomhaíochta sin féachaint le comhordú agus comhchuibhiú níos fearr a dhéanamh ar acmhainní agus iarrachtaí na mBallstát ó thaobh coirpigh chogaidh a ionchúiseamh san Aontas;

53.  á chur in iúl gur cúis imní di i gcónaí beartas eachtrach Rialtas na Tuirce atá ag éirí níos teanntásaí, rud a chuireann an tír ar neamhréir leis an Aontas ina iomláine, a Bhallstáit aonair agus na tíortha atá taobh leis arís agus arís eile; ag tabhairt dá haire, de réir Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Tuirc an 19 Deireadh Fómhair 2021(13), gur choinnigh an Tuirc ráta ailínithe an-íseal i dtaca le CBES – thart ar 14 % i mí Lúnasa 2021; á mheabhrú go bhfuil cúrsaí ag dul in olcas le fada maidir le cearta an duine agus an daonlathas sa Tuirc; ag tabhairt dá haire go mbeidh aon chistiú a thabharfaidh an tAontas don Tuirc faoi réir rialacha maidir le coinníollacht, lena n-áirítear urraim do phrionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe, don dlí idirnáisiúnta, agus do na luachanna agus prionsabail Eorpacha; á iarraidh go gcuirfí tús arís leis an idirphlé taidhleoireachta chun teacht ar réitigh inbhuanaithe ar na díospóidí sa Mheánmhuir Thoir; á aithint go mbeidh príomhleas straitéiseach ag an Aontas sa Tuirc i gcónaí agus gur gá an comhar a threisiú i réimsí leasa choitinn, agus béim ar leith á leagan ar réimsí áirithe beartais amhail an t-athrú aeráide, an fhrithsceimhlitheoireacht, an imirce, an tslándáil agus an geilleagar; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an t-idirphlé ardleibhéil maidir leis an imirce agus an tslándáil a bhí ann le déanaí, an chéad cheann riamh, agus ag athdhearbhú a buíochais don Tuirc as ucht na milliúin imirceach agus dídeanaithe ón tSiria a óstáil; ag déanamh amach, agus an chaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair, gur beag seans atá ann go dtiocfaidh an Tuirc isteach san Aontas Eorpach; ag éileamh go láidir, dá bhrí sin, mura gcuirfear an treocht reatha ar mhalairt slí go práinneach agus go comhsheasmhach, gur cheart don Aontas a mholadh, i gcomhréir leis an gcreat caibidlíochta ó Dheireadh Fómhair 2005, go gcuirfí an chaibidlíocht aontachais leis an Tuirc ar fionraí go foirmiúil, ionas go bhféadfadh an dá thaobh athbhreithniú a dhéanamh, ar bhealach réalaíoch agus trí idirphlé ardleibhéil struchtúrtha, ar oiriúnacht an chreata atá ann faoi láthair agus ar a chumas feidhmiú agus féachaint ar shamhlacha cuimsitheacha nua agus malartacha a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh an chaidrimh a bheidh ann amach anseo; á mheabhrú go bhfuil an tAontas réidh le húsáid a bhaint as na hionstraimí ar fad atá ar fáil dó, lena n-áirítear smachtbhannaí, chun a chuid leasanna agus leasanna na mBallstát a chosaint agus chun an tseasmhacht réigiúnach a choinneáil;

54.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go gcuirfí an Comhaontú um Tharraingt Siar idir AE agus an Ríocht Aontaithe chun feidhme ina iomláine, lena n-áirítear an Prótacal maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann mar aon leis an gComhaontú Trádála agus Comhair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an Prótacal chun an tsíocháin agus an tseasmhacht a chaomhnú, agus chun sláine agus dea-fheidhmiú mhargadh aonair na hEorpa a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi na céimeanna chun Tionól Parlaiminteach Comhpháirtíochta a bhunú d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa agus Feisirí Pharlaimint na Ríochta Aontaithe, mar a fhoráiltear sa chomhaontú; á chur in iúl go bhfuil sí toilteanach i gcónaí an creat comhair idir AE agus an Ríocht Aontaithe a fhorbairt agus a neartú tuilleadh, agus go bhféadfadh comhaontú maidir leis an mbeartas slándála eachtraí agus cosanta agus saincheisteanna leasa choitinn teacht as sin; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, a thábhachtaí atá sé go mbeadh dlúthchomhar ann idir AE agus an Ríocht Aontaithe i bhfóraim idirnáisiúnta, go háirithe sna Náisiúin Aontaithe, agus aird á tabhairt ar an iliomad luachanna agus leasanna atá i gcoiteann acu agus a chóngaraí atá siad dá chéile ó thaobh na tíreolaíochta de;

55.  á chur i bhfios go láidir gur gá an comhar trasatlantach idir AE agus na Stáit Aontaithe a neartú ar bhonn comhpháirtíocht chomhionann a bheidh bunaithe ar luachanna agus cuspóirí coiteanna agus ar phrionsabal na comhpháirtíochta i saincheisteanna ceannaireachta agus freagrachta, agus neamhspleáchas, leasanna agus ardmhianta an pháirtí eile á n-urramú san am céanna; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an ráiteas dar teideal Towards a renewed Transatlantic partnership [I dTreo Comhpháirtíocht Thrasatlantach Athnuaite] ó chruinniú mullaigh 2021 idir AE agus na Stáit Aontaithe, ar ráiteas é lena gcuirtear bonn maith ar fáil do chlár oibre uaillmhianach trasatlantach; ag tacú go hiomlán le sineirgí agus comhchuspóirí eachtracha agus slándála agus ag gealladh go saothróidh sí iad tríd an gcomhar a dhoimhniú tuilleadh faoi chuimsiú an idirphlé thrasatlantaigh idir AE agus SAM chun aghaidh a thabhairt ar chuid mhaith de na príomhdhúshláin dhomhanda amhail an t-athrú aeráide agus an bhagairt ó réimis fhorlámhacha agus ollsmachtacha; á chur in iúl gur geal léi gur seoladh an Chomhairle Thrasatlantach Trádála agus Teicneolaíochta; ag moladh go dtionólfaí cruinnithe mullaigh AE-SAM ar bhonn rialta chun spreagadh leanúnach a thabhairt don chomhar trasatlantach ríthábhachtach ar an leibhéal is airde; á athdhearbhú go bhfuil sí i bhfách le Comhairle Pholaitiúil Thrasatlantach a bhunú, a bheadh faoi stiúir cheannairí beartais eachtraigh an dá pháirtí; á chur i bhfios go láidir nach mór do AE a chumas chun gnímh a fhorbairt tuilleadh chun go mbeidh caidreamh láidir trasatlantach ann; á thabhairt chun suntais a riachtanaí atá sé go rachadh AE in oiriúint go pras do ról na Stát Aontaithe ar an ardán domhanda, ról atá ag athrú, chun a chuid leasanna ríthábhachtacha a chosaint agus a chuid spriocanna i dtaobh an bheartais eachtraigh a shaothrú; á chur i bhfios go láidir nach mór do AE agus do na Stáit Aontaithe a gcuid iarrachtaí a chomhordú chun dul i ngleic leis an sceimhlitheoireacht agus an radacú agus a áirithiú go dtacófar leis na hiarrachtaí sin leis na hacmhainní riachtanacha; á iarraidh ar AE agus SAM oibriú le chéile chun aghaidh a thabhairt ar na bagairtí leanúnacha, atá ag dul i méid, ar chosaint agus caomhnú na hoidhreachta cultúrtha, go háirithe i limistéir choinbhleachta;

56.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil caidreamh AE leis an Afraic fíorthábhachtach chun freagairt do riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta agus a n-acmhainn iontach a fhorbairt agus chun leasanna coiteanna a shaothrú; á chur i bhfios go láidir gur cheart go léireodh an caidreamh sin leis an Afraic go bhfuil cinniúint choiteann ag an dá mhór-roinn agus gur cheart é a bheith dírithe ar dhearcadh inchreidte a chruthú, go háirithe do na glúnta is óige; á chur in iúl gur geal léi teachtaireacht chomhpháirteach an 9 Márta 2020 ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí dar teideal Towards a comprehensive strategy with Africa [I dtreo straitéis chuimsitheach leis an Afraic](14), agus á iarraidh an athuair go mbogfaí ar aghaidh ón gcomhar idir deontóirí agus faighteoirí agus go dtaobhófaí le fíor-chomhpháirtíocht a mbeadh an fhorbairt dhaonna agus cosaint acmhainní nádúrtha ina croílár aici; á áitiú gur gá, ina leith sin, a iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí an plé le comhpháirtithe AE san Afraic a dhoimhniú – idir thíortha aonair agus eagraíochtaí réigiúnacha, amhail an Sásra Eacnamaíoch Réigiúnach agus na Comhphobail Eacnamaíocha Réigiúnacha a chomhdhéanann an tAontas Afracach (AA); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú leis an Aontas Afracach agus lena chomhchodanna réigiúnacha ina gcuid iarrachtaí struchtúr éifeachtach slándála a bhunú chun coinbhleachtaí a chosc agus a bhainistiú trí thacaíocht chuimsitheach a thabhairt, i measc nithe eile, d’oibriú an Fhórsa Fuireachais Afracaigh agus a chomhchodanna réigiúnacha; á iarraidh go ndéanfaí na spriocanna forbartha inbhuanaithe a chur chun feidhme go docht i ngach réimse den chaidreamh idir AE agus an Afraic; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh Comhaontú Iar-Cotonou i gcrích i mí Aibreáin 2021, gur treisíodh naisc AE le tíortha Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin agus gur méadaíodh an comhar i bhfóraim iltaobhacha i dtaca leis an gClár Oibre don Fhorbairt Inbhuanaithe agus an gníomhú ar son na haeráide; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil moill ar shíniú Chomhaontú Iar-Cotonou; ag tabhairt dá haire gur ann do na comhaontuithe um athligean isteach le tíortha na hAfraice;

57.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an éiginnteacht atá ag dul i méid as cuimse i réigiún na Saiheile, rud atá ag cur isteach ar shlándáil agus dálaí maireachtála líon saoránach gan áireamh, agus an méadú ar líon na n-ionsaithe ó mhíleataigh Ioslamacha a bhfuil tionchar mór acu ar sheasmhacht an réigiúin, go háirithe Mailí agus Buircíne Fasó; á iarraidh ar AE agus ar G5 na Saiheile beart a dhéanamh chun nach gclisfidh an tslándáil sa réigiún máguaird; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an chomhpháirtíocht athnuaite idir ECAT agus an Mháratáin, arb í príomh-chomhghuaillí réigiúnach an Aontais í agus a bhfuil a cuid fórsaí sa líne thosaigh ag comhrac na sceimhlitheoireachta sa réigiún; á cháineadh go bhfuil cuideachtaí príobháideacha míleata agus slándála san Afraic, go háirithe Grúpa Rúiseach Wagner ag a bhfuil tacaíocht na Creimile a bhfuil sáruithe forleathana ar chearta an duine déanta aige agus é ag tacú le leasanna na stát neamhdhaonlathach, rud a bhí chun aimhleasa na sibhialtach neamhchiontach agus na slándála, na cobhsaíochta agus an rathúnais i dtíortha Afracacha a bhí léirscriosta ag an gcogaíocht; á áitiú gur gá an straitéis idir AE agus an Afraic a thabhairt cothrom le dáta trí chur chuige comhtháite lenar féidir slándáil agus forbairt a áirithiú chun seasmhacht a bhaint amach sa tSaiheil, ar údar imní an chaoi a bhfuil cúrsaí ansin, agus na forbairtí a chonacthas in 2021 á gcur san áireamh agus i bhfianaise na neamhsheasmhachta atá ag dul i méid sa réigiún agus an tionchair mhóir atá ag imeachtaí sa réigiún ní hamháin ar an Afraic ach ar AE agus a Bhallstáit freisin; ag cur béim ar an bhfíoras, ar an ábhar sin, gur gá comhoibriú ar straitéis i réimsí na cosanta, na forbartha agus chothú na síochána chun cur i gcoinne fhás na jiohádach i réigiún na Saiheile agus in áiteanna eile san Afraic;

58.  á chur in iúl gur cúis mhór imní di na forbairtí sa Rúis agus á athdhearbhú gur chun leasa an Aontais é an tsaoirse, an tseasmhacht agus an tsíocháin a chaomhnú ar mhór-roinn na hEorpa agus níos faide i gcéin; á chreidiúint gur cheart don Aontas oibriú i ndlúthchomhar le ECAT agus le comhpháirtithe eile chun stop a chur leis an Rúis a bheith ag déanamh gníomhaíochtaí díchobhsaithe agus treascracha san Eoraip, go háirithe sna Stáit Bhaltacha agus in Oirthear na hEorpa, lena n-áirítear trí thrasnaíocht thoghchánach, feachtais bhréagaisnéise agus tacaíocht do na páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis; á thabhairt chun suntais nach mór d’údaráis na Rúise íoc go daor as an gcos ar bolg a dhéanann sí ar a cuid saoránach féin; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil seilbh i gcónaí ag fórsaí míleata na Rúise ar chodanna den Úcráin agus den tSeoirsia, rud atá ag sárú an dlí idirnáisiúnta, go bhfuil siad fós i láthair i bPoblacht na Moldóive, agus go bhfuil an Rúis fós ag baint an bhoinn den tsíocháin agus den tslándáil sa réigiún, agus go mbaineann sí leas gníomhach as bearta hibrideacha i gcoinne tíortha daonlathacha san Eoraip; á chur in iúl gur cúis mhór imní di cur isteach na Rúise ar réigiún na mBalcán Thiar, rud a dhéanann sí trí bhearta hibrideacha lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise a bhfuil sé mar aidhm leo an bonn a bhaint de ról AE agus dá thiomantas do thodhchaí Eorpach na dtíortha aonair; á chur i bhfáth gur gá labhairt d’aon ghuth faoi bheartas AE sa chomhthéacs sin, lena n-áirítear maidir le smachtbhannaí a fhorfheidhmiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a straitéis maidir leis an Rúis a chomhordú ar bhealach níos dlúithe leis na Ballstáit ionas go seasfaidh an tAontas gualainn ar ghualainn in aghaidh bhagairtí na Rúise; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé molta ag Parlaimint na hEorpa go ndéanfadh AE, in éineacht leis na Ballstáit, athbhreithniú ar bheartas AE i leith na Rúise agus go bhforbródh sé straitéis chuimsitheach dá chuid ina leith; ag tathant ar AE straitéis a fhorbairt maidir leis an gcaidreamh a d’fhéadfadh a bheith ag AE leis an Rúis amach anseo agus í ina tír dhaonlathach, rud a léireodh go soiléir do mhuintir na Rúise na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an gcaidreamh sin; á chur i bhfios go láidir nach féidir aon athrú mór a dhéanamh ar an gcaidreamh leis an Rúis fad a chloíonn sí le beartais ionsaitheacha i leith AE agus na dtíortha ar a theorainn; á athdhearbhú go gcaithfidh AE a chur in iúl go mbeidh air bearta breise srianta agus díspreagtha a thabhairt isteach i leith na Rúise má leanann an Rúis ar aghaidh leis an mbeartas atá aici faoi láthair i leith na Bealarúise; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na sáruithe leanúnacha atá déanta ag an Rúis ar na comhaontuithe agus caighdeáin maidir le rialú arm, ar dá mbarr a chlis ar an gConradh maidir le Fórsaí Núicléacha le Meánraon, agus gur cúis bhuartha di na sáruithe atá déanta ag an Rúis ar an gCoinbhinsiún um Airm Cheimiceacha trí úsáid a bhaint, ar bhonn intíre agus laistigh de chríoch an Aontais, as oibreáin néaróg de ghrád míleata; á chur i bhfios go láidir gur gá brú a chur ar Chónaidhm na Rúise cloí leis an dlí idirnáisiúnta agus le conarthaí idirnáisiúnta; ag cáineadh na húsáide a bhaineann an Rúis as acmhainní fuinnimh mar uirlis bhrú ar bhonn geopholaitiúil, go háirithe a soláthar gáis chun na Ballstát tríd an Úcráin, agus á iarraidh go ndéanfaí an spleáchas fuinnimh ar an Rúis a íoslaghdú trí éagsúlú na bhfoinsí agus na mbealaí fuinnimh a spreagadh, lena n-áirítear trí thionscadal Nord Stream 2 a stopadh; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit slándáil fuinnimh na hEorpa a neartú, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe thobainn a tháinig ar na praghsanna gáis agus leictreachais le déanaí; ag tathant ar an Aontas dul i mbun rannpháirtíocht níos dlúithe le muintir na Rúise, lena n-áirítear trí chuspóir ‘rannpháirtíochta’ atá sainithe go soiléir a fhorbairt, cuspóir ar cheart dó a bheith dírithe ní hamháin ar rannpháirtíocht thraidisiúnta roghnaitheach leis an gCreimil, ach freisin ar rannpháirtíocht ‘straitéiseach’ agus níos dinimiciúla le lucht an fhreasúra agus leis an tsochaí shibhialta sa Rúis;

59.  á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht straitéiseach agus gheopholaitiúil ag baint leis an Artach don Aontas agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil an tAontas tiomanta do bheith ina ghníomhaí freagrach, agus forbairt fhadtéarmach inbhuanaithe agus shíochánta an réigiúin á lorg aige; ag cur béim ar an gcastacht ar leith a bhaineann leis na dúshláin atá roimh réigiún an Artaigh, a dteastaíonn níos mó rannpháirtíochta agus réiteach ón Aontas lena n-aghaidh, agus aird á tabhairt freisin ar eolas agus toil áitritheoirí an Artaigh, lena n-áirítear na pobail dúchais; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 13 Deireadh Fómhair 2021 maidir le rannpháirtíocht níos láidre ó AE chun go mbeidh an tArtach síochánta, inbhuanaithe agus rathúil(15); á iarraidh ar na geallsealbhóirí uile freagairt d’éifeachtaí agus iarmhairtí an athraithe aeráide, ar cúis mhór imní iad, san Artach; á thabhairt chun suntais go mbaineann baol mór slándála sa réigiún agus níos faide i gcéin le míleatú an Artaigh agus á chur in iúl go bhfuil imní uirthi go bhféadfadh saincheisteanna slándála domhanda leathnú amach go dtí an tArtach agus go bhfuil imní uirthi faoin méadú mór atá ag teacht de réir a chéile ar fhórsaí míleata na Rúise san Artach mar aon leis an tionchar atá ag na tionscnaimh agus mianta forleathana forbartha agus bonneagair atá ag an tSín sa réigiún; ag tabhairt dá haire go bhfuil ról ríthábhachtach ag an Artach i slándáil na hEorpa ina hiomláine; á chur i bhfáth gur gá do AE fís shoiléir a bheith aige dá ról i gcúrsaí slándála san Artach agus dul i mbun comhar éifeachtach le ECAT; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé na dlíthe agus comhaontuithe idirnáisiúnta a urramú chun go mbeidh an tArtach ina réigiún ísealteannais i gcónaí; á iarraidh go dtabharfaí níos mó airde ar an gcéad chábla snáthoptaice san Artach, mar chuid de chóras néaróg an idirlín, a bhfuil oibríochtaí idirnáisiúnta faisnéise ag díriú air níos mó agus níos mó; ag moladh do bhaill na Comhairle Artaí aghaidh a thabhairt ar an méadú ar an míleatú agus ardáin a lorg chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar an méid sin le baill na Comhairle Artaí agus leo siúd nach baill iad; ag moladh do AE tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh chun stádas breathnóra a bhaint amach sa Chomhairle Artach chun go mbeidh tionchar geopholaitiúil níos láidre aige;

60.  á thabhairt chun suntais gur comhpháirtí comhair agus caibidlíochta de chuid AE í an tSín, ach gur iomaitheoir í freisin i líon réimsí atá ag dul i méid, mar aon le céile córasach iomaíochta; á iarraidh an athuair, mar a cuireadh i bhfios go láidir i rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le straitéis nua idir AE agus an tSín(16), ar an Aontas straitéis níos teanntásaí, níos cuimsithí agus níos comhleanúnaí a fhorbairt idir an AE agus an tSín lena dtabharfaí na Ballstáit uile le chéile agus lena múnlófaí an caidreamh leis an tSín, agus í ag éirí níos teanntásaí agus níos idirghabhálaí, ar mhaithe leis an Aontas ina iomláine; á chur in iúl gur cheart don straitéis sin ord riailbhunaithe iltaobhach a chur chun cinn, cosaint luachanna agus leasanna an Aontais a bheith ina croílár aici agus gur cheart í a bheith bunaithe ar thrí phrionsabal: comhoibriú i gcás inar féidir, dul in iomaíocht i gcás inar gá, agus aghaidh a thabhairt ar an méid sin i gcás inar gá; á iarraidh go mbeadh comhar níos mó ann idir tíortha daonlathacha chun aghaidh a thabhairt ar an méadú ar theanntás agus diansmacht Pháirtí Cumannach na Síne;

61.  ag moladh go láidir go mbeadh an Téaváin rannpháirteach mar bhreathnóir, ar bhealach fónta, i gcruinnithe, sásraí agus gníomhaíochtaí eagraíochtaí idirnáisiúnta agus go mbeadh comhar níos doimhne ann idir AE agus an Téaváin, lena n-áirítear comhaontú déthaobhach infheistíochta; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar an gCoimisiún tús a chur go práinneach le measúnú tionchair, comhairliúchán poiblí agus réamhstaidéar maidir le comhaontú déthaobhach infheistíochta le húdaráis na Téaváine chun ullmhú don chaibidlíocht le haghaidh na naisc eacnamaíocha dhéthaobhacha a dhoimhniú; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis mhór bhuartha di, gurbh ann do léiriú fórsa le déanaí agus gur mhéadaigh ar theannais sna teophointí réigiúnacha amhail Muir na Síne Theas agus Thoir agus Caolas na Téaváine; á chur in iúl gur cúis mhór imní di inlíochtaí leanúnacha na Síne i gCaolas na Téaváine, lena n-áirítear na hinlíochtaí sin atá dírithe ar an Téaváin nó a tharlaíonn i Zón Aitheantais Aerchosanta na Téaváine; á iarraidh ar Dhaon-Phoblacht na Síne stop a chur leis an mbuaileam sciath sin, arb ionann é agus bagairt thromchúiseach ar an tsíocháin agus an tseasmhacht i gCaolas na Téaváine agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á athdhearbhú gur cheart an caidreamh idir an tSín agus an Téaváin a fhorbairt ar bhealach cuiditheach trí idirphlé; á chur i bhfáth go bhfuil sí i gcoinne aon ghníomhaíocht aontaobhach a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de status quo Chaolas na Téaváine; á chur i bhfáth nár cheart aon athrú a dhéanamh ar an gcaidreamh traschaolais i gcoinne thoil shaoránaigh na Téaváine; ag tathant ar AE agus a Bhallstáit ról réamhghníomhach a ghlacadh i ndáil le hoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis chun síocháin agus cobhsaíocht ar fud Chaolas na Téaváine a shaothrú, agus comhpháirtíochtaí a chur ar bun le rialtas daonlathach na Téaváine;

62.  ag cáineadh go láidir na sáruithe atá á ndéanamh go leanúnach ar chearta an duine sa tSín, go háirithe i gcoinne mionlaigh eitneacha agus reiligiúnacha, atá dírithe den chuid is mó ar Mhoslamaigh ar Uigiúraigh iad, ar Chríostaithe agus ar Thibéadaigh, ach ag cáineadh na mbeart dianteannta in aghaidh an daonlathais agus na saoirse in Macao agus i Hong Cong freisin, lena n-áirítear tríd an dlí danartha maidir leis an tslándáil náisiúnta a fhorchur in 2020; ag cáineadh iompar ionsaitheach na Síne i Muir na Síne Theas agus Thoir a bhfuil tionchar aige ar shaoirse na loingseoireachta, mar aon le seasamh athbhreithnitheach na Síne san Áise Thoir, as ar eascair roinnt coinbhleachtaí teorann leis na tíortha thart uirthi;

63.  ag athdhearbhú an ghéarcháinte atá déanta aici ar na smachtbhannaí treallacha agus gan bhunús atá curtha ag údaráis na Síne ar roinnt daoine aonair agus eintiteas ón Eoraip, lena n-áirítear cúigear Feisirí de Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh an athuair ar Rialtas na Síne deireadh a chur leis na bearta sriantacha sin nach bhfuil aon údar leo;

64.  ag cáineadh ghníomhaíochtaí Dhaon-Phoblacht na Síne i Hong Cong agus á chur i bhfios go láidir, maidir leis an mbonn a bheith á bhaint go leanúnach ó fhéinriail Hong Cong, go bhfuil sé sin in aghaidh oibleagáidí na Síne faoi chonarthaí iltaobhacha agus faoin dlí idirnáisiúnta, agus ní hamháin sin ach go gcaitheann sé amhras ar ról Bhéising mar chomhpháirtí inchreidte freisin; ag athdhearbhú a tiomantais do na smachtbhannaí spriocdhírithe faoi Chóras Domhanda Smachtbhannaí AE i ndáil le Cearta an Duine arna gcur ar na hoifigigh ón tSín a bhfuil baint acu le sáruithe ar chearta an duine i Hong Cong agus in Xinjiang, agus ag tathant arís ar an gComhairle smachtbhannaí spriocdhírithe a ghlacadh, lena n-áirítear toirmisc taistil agus reo sócmhainní a chur chun feidhme i gcás daoine aonair agus eintitis i Hong Cong agus i nDaon-Phoblacht na Síne as sáruithe tromchúiseacha a dhéanamh ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta i Hong Cong; á iarraidh ar na Ballstáit sin a bhfuil conarthaí eiseachadta acu fós leis an tSín agus le Hong Cong eiseachadadh aonair a chur ar fionraí cibé áit a gcuireann eiseachadadh duine i mbaol céastóireachta nó cóireáil nó pionós cruálach, mídhaonna nó táireach, áit a mbeadh ar an duine sin aghaidh a thabhairt ar chúisimh ar chúiseanna a spreagtar go polaitiúil, i gcásanna eile ina ndíreofaí ar mhionlaigh eitneacha, ionadaithe ón bhfreasúra ar son an daonlathais i Hong Cong agus easaontóirí i gcoitinne, agus cibé áit a sáródh sé sin oibleagáidí AE faoin gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine;

65.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go n-oibreodh AE i gcomhar lena chomhpháirtithe trasatlantacha chun imscrúdú neamhspleách seachtrach a dhéanamh ar bhunúis an víris COVID-19 a tháinig as Wuhan na Síne, chun teacht ar fhreagraí agus léargais a bhfuil géarghá leo i dtaca leis an gcaoi a bhféadfaí cosc a chur le tubaistí domhanda amach anseo a mbeadh tionchar díreach acu ar an mbeartas eachtrach agus slándála;

66.  ag déanamh cáineadh ar an gcaoi ar chomhéignigh Páirtí Cumannach na Síne an Liotuáin agus Ballstáit agus comhpháirtithe eile de chuid AE, agus á iarraidh go mbeadh dlúthpháirtíocht níos mó ann le tíortha ar chomhéignigh Páirtí Cumannach na Síne iad, lena n-áirítear trí chomhoibriú lenár gcomhghuaillithe daonlathacha i dtaca lenár margaí a oscailt do na geilleagair atá thíos le comhéigean eacnamaíoch Pháirtí Cumannach na Síne; á chur in iúl gur geal léi cinneadh an Choimisiúin cás a sheoladh i gcoinne na Síne in EDT chun an Liotuáin a chosaint.

67.  á chur in iúl gur geal léi gur fhógair Uachtarán an Choimisiúin pleananna chun teachtaireacht chomhpháirteach nua a thíolacadh maidir le comhpháirtíocht le réigiún na Murascaille; á iarraidh ar an Aontas straitéis chomhleanúnach a thíolacadh le haghaidh rannpháirtíocht chothromaithe an Aontais sa réigiún, agus slándáil agus comhar réigiúnach á gcur chun cinn mar phríomhchuspóir straitéiseach; ag tabhairt dá haire gur cheart go bhféachfaí leis an rannpháirtíocht sin le sineirgí a chothú le gníomhaithe réigiúnacha, amhail trí Chomhdháil Bhagdad um Chomhar agus um Chomhpháirtíocht agus trí níos mó tacaíochta ó AE do na tionscnaimh thaidhleoireachta den dara conair (Track II) ina mbeadh an lucht acadúil, an tsochaí shibhialta, ceannairí reiligiúnacha agus gníomhaithe eile rannpháirteach; á chur in iúl gur údar misnigh aici maolú an teannais idir an Iaráin agus an Araib Shádach agus á iarraidh ar an dá thír an próiseas le haghaidh caidreamh iomlán taidhleoireachta a athbhunú a thabhairt chun críche go pras; á athdhearbhú gurb é tosaíocht an Aontais an Plean Cuimsitheach Comhpháirteach Gníomhaíochta (JCPOA) a athbheochan mar ábhar slándála don Eoraip agus don réigiún; á mheabhrú gurb é JCPOA an t-aon bhealach amháin chun stop a chur le gníomhaíochtaí núicléacha na hIaráine atá ag cothú imní; ag moladh ról an Leas-Uachtaráin/Ardionadaí agus SEGS san idirghabháil idir na Stáit Aontaithe agus an Iaráin féachaint le JCPOA a athbheochan; á iarraidh ar na Stáit Aontaithe agus ar an Iaráin dul i mbun caibidlíocht fhónta féachaint le JCPOA a chomhlíonadh arís; á áitiú gurb é an bealach chun JCPOA a athbheochan ná, ar thaobh amháin, go gcomhlíonfadh an Iaráin a cuid oibleagáidí ar fad faoi JCPOA agus, ar an taobh eile, go gcuirfeadh na Stáit Aontaithe deireadh lena gcuid smachtbhannaí ar fad a bhaineann le JCPOA; ag tabhairt dá haire gur gá aghaidh a thabhairt ar na gníomhaíochtaí urchóideacha agus díchobhsaithe níos leithne atá ar bun ag an Iaráin ar fud an Mheánoirthir agus níos faide i gcéin, lena n-áirítear ar chríoch na mBallstát, agus cur ina gcoinne; á chur i bhfáth nach mór coimircí leordhóthanacha a bheith san áireamh in aon chomhaontú leis an Iaráin ionas nach mbeidh an Iaráin in ann airm núicléacha a fháil; á chur in iúl gur cúis mhór imní di gur tuairiscíodh nach bhfuil rochtain ag an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach (IAEA) ar a cuid trealaimh faireacháin agus faireachais i stáisiúin agus láithreáin núicléacha san Iaráin, rud a chuireann bac mór ar chumas IAEA gníomhaíochtaí núicléacha na hIaráine a fhíorú agus faireachán a dhéanamh orthu, agus go bhfuil ceist na gcoimircí fós gan réiteach le dhá bhliain anuas; ag cáineadh na sáruithe atá déanta ag an Iaráin ar chearta an duine i measc a muintire féin mar aon le clár na ndiúracán balaistíoch agus na gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta sa réigiún;

68.  á chur i bhfios go láidir gur oscailt súl do AE an chaoi a bhfuil cúrsaí san Afganastáin agus go gcaithfidh sé athmheasúnú a dhéanamh ar an gcur chuige idirnáisiúnta i leith tógáil náisiúin thar lear, sainmhíniú as an nua a dhéanamh ar bhonn straitéiseach ar chur chuige comhtháite a chuid beartas seachtrach, níos mó freagrachta a ghlacadh air féin as an tslándáil dhomhanda agus tuilleadh ceannasachta a lorg ina bheartas eachtrach agus slándála; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an staid uafásach dhaonnúil, pholaitiúil, eacnamaíoch agus slándála san Afganastáin, go háirithe ós rud é go bhfuil an-ocras ar dhuine as gach triúr de mhuintir na hAfganastáine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS dlús a chur leis an gcabhair dhaonnúil agus na huirlisí uile atá ar fáil a úsáid chun a áirithiú go mbeidh rochtain ar chosaint ag na hAfganastánaigh atá i mbaol; á chur i bhfios nach mór do réimeas an Talaban freagracht agus cuntasacht a ghlacadh as beatha daoine agus maoin a chosaint agus an tslándáil, an t-ord sibhialta agus seirbhísí poiblí a athbhunú; á athdhearbhú go bhfuil sé de cheart ag mná agus cailíní na hAfganastáine, daoine atá ag obair leis an tsochaí shibhialta san Afganastáin, cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe polaitiúla, iriseoirí, an lucht acadúil, ealaíontóirí, mionlaigh reiligiúnacha agus eitneacha agus grúpaí eile atá i mbaol, ar nós gach duine san Afganastáin, maireachtáil faoi shábháilteacht agus faoi shlándáil, saol lándínite a chaitheamh agus rochtain iomlán a bheith acu ar an oideachas agus ar an saol poiblí, agus á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht fhorleathan idirnáisiúnta atá ann dá gcearta agus dá saoirsí; á iarraidh go ndéanfaí níos mó de mhuintir na hAfganastáine atá i mbaol a aslonnú, go háirithe breithiúna mná, cosantóirí chearta an duine, iriseoirí, foireann áitiúil agus daoine eile atá i mbaol mar gheall ar a gcuid gníomhaíochtaí ó thaobh an daonlathas agus saoirsí bunúsacha a chur chun cinn; á iarraidh ar an Aontas an méid a baineadh amach le 20 bliain anuas a chaomhnú agus a áirithiú nach mbeidh an Afganastáin ina tearmann do ghrúpaí sceimhlitheoireachta arís; á iarraidh ar AE grinnscrúdú críochnúil a dhéanamh ar an tréimhse 20 bliain san Afganastáin agus ceachtanna a fhoghlaim uaithi agus go ndéanfaí straitéis chuimsitheach cheachtbhunaithe de chuid AE a fhorbairt láithreach bonn don Afganastáin agus do na tíortha thart uirthi; ag cur béim ar a thábhachtaí atá an comhar le tíortha comharsanachta agus réigiúnacha chun slándáil dhomhanda agus seasmhacht réigiúnach a áirithiú, agus é á chur san áireamh san am céanna nach raibh na spriocanna céanna ag comharsana uile na hAfganastáine agus na cumhachtaí réigiúnacha agus a bhí ag an gcomhghuaillíocht a bhí faoi stiúir na Stát Aontaithe; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go raibh ról tábhachtach ag tíortha áirithe ó thaobh Eorpaigh a aisdúichiú agus Afganastánaigh a bhí mbaol a aslonnú, go háirithe trí bhrú mhór taidhleoireachta a chur ar fhórsaí an Talaban;

69.  á chur in iúl gur geal léi tiomantas athnuaite an Aontais don réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus go n-aithnítear go bhfuil an tábhacht atá leis do leasanna AE ag dul i méid, mar a luitear i dTeachtaireacht Chomhpháirteach an 16 Meán Fómhair 2021 ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ón gCoimisiún i ndáil le straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach(17) agus i gConclúidí ón gComhairle an 19 Aibreán 2021 maidir leis an ábhar céanna; ag moladh go mbeadh comhar níos láidre ann le tíortha sa réigiún, go háirithe an tSeapáin, Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), an Astráil, an Nua-Shéalainn agus an Chóiré; ag aithint na dianiomaíochta geopholaitiúla agus na ndíospóidí críochacha sa réigiún, arb é an méadú ar theanntás na Síne i leith na dtíortha thart uirthi is cúis leo den chuid is mó; á iarraidh ar na páirtithe uile cloí le prionsabail an dlí idirnáisiúnta, go háirithe Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le rannpháirtíocht straitéiseach fhadtéarmach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus gur gá sásraí cuimsitheacha agus straitéiseacha um idirphlé déthaobhach agus iltaobhach a bhunú le tíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh agus le sochaithe na dtíortha sin, go háirithe le tíortha atá ar aon intinn le AE amhail an tSeapáin, an Chóiré Theas, an Astráil agus an Nua-Shéalainn i measc tíortha eile; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an tslándáil agus an tseasmhacht sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach do rathúnas agus slándáil AE; ag tabhairt dá haire gur ann do chomhpháirtíochtaí nua atá ag teacht chun cinn sa réigiún amhail an comhaontas míleata tríthaobhach idir an Astráil, an Ríocht Aontaithe agus na Stáit Aontaithe (AUKUS) agus á chur in iúl gurb oth léi gur cruthaíodh an chomhpháirtíocht sin le leibhéal íseal comhordaithe;

70.  á thabhairt chun suntais go bhfuil tionchar réigiúnach agus geopholaitiúil na hIndia ag méadú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil rannpháirtíocht pholaitiúil de dhíth chun an chomhpháirtíocht idir an tAontas agus an India a threisiú agus chun acmhainneacht iomlán an chaidrimh dhéthaobhaigh a scaoileadh; á athdhearbhú go bhfuil gá le comhpháirtíocht níos doimhne ar cheart di a bheith bunaithe ar luachanna coiteanna agus ar lánurraim do chearta an duine; ag aithint gur comhpháirtí tábhachtach í an India do AE mar gheall ar shuíomh na tíre agus an príomhról atá aici i réimsí bunúsacha; á chur i bhfios go bhfuil an chomharsanacht Indiach agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach níos mó mar limistéar ina bhfuil an tSín, lena beartas agus a spriocanna forleathnaithe, ag cruthú dúshláin straitéiseacha, gheopholaitiúla, eacnamaíocha agus tráchtála atá ag fás;

71.  á iarraidh go gcuirfí dlús leis an gcomhar lenár gcomhpháirtithe i Meiriceá Laidineach agus go gcuirfí feabhas air; á chreidiúint go bhfuil caidreamh neartaithe le Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib fíorthábhachtach do straitéis gheopholaitiúil an Aontais ar domhan; á chur i bhfáth gur gá don Aontas na naisc lena dtugtar an tAontas agus tíortha Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib le chéile a neartú, go háirithe ó thaobh an t-ord riailbhunaithe iltaobhach a chosaint; á iarraidh ar AE gach uirlis atá ar fáil a úsáid chun a chomhar leis na comhpháirtithe i Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib a dhoimhniú; ag tathant ar an Aontas a sheasamh mar chomhpháirtí tosaíochta thíortha Mheiriceá Laidinigh a fháil ar ais i bhfianaise na ngníomhaithe geopholaitiúla eile atá ag dul i méid sa réigiún, go háirithe mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus an taidhleoireacht maidir le vacsaíní; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit beartais níos teanntásaí a chur chun feidhme i leith réimis fhorlámhacha a bhfuil tairbhe bainte acu as an gcaidreamh atá acu le AE agus a bhfuil cearta agus saoirsí a gcuid saoránach tarraingthe ó chéile nó sáraithe acu nó a bhfuil cosc díreach curtha acu leo;

An mhaoirseacht, an grinnscrúdú agus an chuntasacht dhaonlathach a neartú mar aon leis an ngné pharlaiminteach de CBES an Aontais

72.  á thabhairt chun suntais rannchuidiú sonrach Pharlaimint na hEorpa le beartas eachtrach agus slándála an Aontais trína cuid sócmhainní taidhleoireachta parlaimintí, mar shampla trí na tuarascálacha agus na rúin a thagann uaithi, an gréasán mór buanchomhlachtaí idirpharlaiminteacha atá aici, a hidirphlé polaitiúil le sealbhóirí oifige ar fud an domhain agus a cuid gníomhaíochtaí tacaíochta daonlathais, idirghabhála agus breathnóireachta toghcháin; ag déanamh tagairt dá misean aimsithe fíoras chuig an Úcráin i mí Feabhra 2022 mar eiseamláir de fhreagrúlacht a taidhleoireachta parlaimintí; á dhearbhú gur cheart do Pharlaimint na hEorpa leas iomlán a bhaint as a cuid cumhachtaí maoirseachta agus buiséadacha i gcinntí an Aontais ar an leibhéal idirnáisiúnta; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá cláir tacaíochta daonlathais Pharlaimint na hEorpa, cláir a bhfuil an-chumas iontu ról AE ar fud an domhain a neartú trí rannpháirt a thabhairt do na príomh-gheallsealbhóirí polaitiúla agus tríd an rialachas daonlathach inbhuanaithe a éascú i dtíortha atá lasmuigh de AE;

73.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil idirphlé polaitiúil agus teicniúil idir parlaimintí ríthábhachtach agus nach mór é a chomhordú go maith le gníomhaíochtaí an fheidhmeannais; á chur i bhfáth, dá réir sin, a thábhachtaí atá sé an fhaisnéis chuí go léir a mhalartú go seolta idir na hinstitiúidí i réimse CBES, lena n-áirítear faisnéis rúnda ábhartha a mhalartú, ar mhaithe le héifeachtacht ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais ina hiomláine agus CBES níos cuntasaí;

74.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an mhaoirseacht pharlaiminteach ar ghníomhaíocht sheachtrach AE a chumasú agus a neartú, lena n-áirítear trí leanúint leis na comhairliúcháin rialta leis an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus leis an gCoimisiún; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an maoirseacht sin chun dea-fheidhmiú dhaonlathas na hEorpa agus muinín an phobail a áirithiú; á chur i bhfáth go bhféadfadh an mhaoirseacht sin a bheith mar thúsphointe i dtreo ról institiúideach níos láidre do Pharlaimint na hEorpa in CBES; á iarraidh go dtabharfaí chun críche go pras na caibidlíochtaí chun comhaontú nua a chur in ionad Chomhaontú Idirinstitiúideach 2002 maidir le rochtain Parlaimint na hEorpa ar fhaisnéis íogair de chuid na Comhairle i réimse an bheartais slándála agus cosanta(18); á iarraidh go ndéanfaí comhordú ar sheirbhísí slándála agus faisnéise na mBallstát;

75.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na Comhthionóil Pharlaiminteacha mar spásanna le haghaidh comhair agus idirphlé institiúideach agus go rannchuidíonn siad ar bhealach luachmhar le gníomhaíocht eachtrach AE i gcúrsaí slándála mar aon leis an ngá atá ann a ngníomhaíocht a chur chun cinn agus a bhfeidhmiú agus a bhforbairt chuí a áirithiú; á iarraidh go neartófaí an mhaoirseacht a dhéanann Parlaimint na hEorpa ar obair Thoscaireachtaí AE ó thaobh ionadaíocht a dhéanamh ar luachanna agus prionsabail AE thar lear agus ó thaobh comhlíonadh leasanna AE a bhaint amach gan neamhaird a dhéanamh den chur chuige bunaithe ar chearta an duine; á thabhairt chun suntais a riachtanaí atá sé go mbeadh na hacmhainní agus na cumais uile is gá agus is iomchuí ag Toscaireachtaí AE chun gníomhú go héifeachtach sna cúraimí sin;

76.  á iarraidh go mbainfí leas iomlán as rannpháirtíocht mhéadaithe Pharlaimint na hEorpa i gclársceidealú na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (‘An Eoraip Dhomhanda’) agus IPA III; á chur in iúl gur geal léi gur tugadh isteach Idirphlé Geopholaitiúil Ardleibhéil débhliantúil le haghaidh ionstraimí maoinithe sheachtraigh mar uirlis ríthábhachtach chun ní amháin grinnscrúdú a dhéanamh ach chun tosaíochtaí beartais eachtraigh an Aontais a mhúnlú go gníomhach freisin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé mar aidhm leis an idirphlé geopholaitiúil sin é a chur ar chumas Pharlaimint na hEorpa treoshuíomhanna, stiúradh straitéiseach agus treoir a chur ar fáil chun gur féidir tosaíochtaí téamacha agus geografacha na hionstraime ‘An Eoraip Dhomhanda’ agus IPA III a chlársceidealú agus a chur chun feidhme; ag éileamh, áfach, go bhfaigheadh Parlaimint na hEorpa na doiciméid ábhartha ullmhúcháin in am tráth agus go mbeadh leibhéal leormhaith sonraí iontu chun grinnscrúdú fiúntach a dhéanamh; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an trédhearcacht i gcur chun feidhme na n-ionstraimí maoinithe trí bhunachar sonraí aonair coiteann atá poiblí agus trédhearcach a chruthú le haghaidh tionscadal agus gníomhaíochtaí;

77.  ag meabhrú don Chomhairle go bhfuil sé de cheart ag Parlaimint na hEorpa go gcuirfí ar an eolas í faoi gach céim de na nósanna imeachta a bhaineann leis an gcaibidlíocht ar chomhaontuithe idirnáisiúnta agus a dtabhairt i gcrích agus go bhfuil saincheart aici toiliú a dheonú do na comhaontuithe sin nó an toiliú sin a choinneáil siar; á chur in iúl go bhfuil rún daingean aici na cumhachtaí sin a úsáid, mar a shainítear sna Conarthaí iad, chun trédhearcacht agus maoirseacht dhaonlathach na gcomhaontuithe idirnáisiúnta a ndéantar caibidlíocht orthu thar ceann AE a áirithiú mar aon le cur chun feidhme na Saoráide Eorpaí Síochána, mar a cuireadh i bhfios i moladh uaithi an 28 Márta 2019(19), lena n-áirítear maidir lena mhéid a chomhlánaíonn sí ionstraimí eile de chuid AE i réimse na gníomhaíochta seachtraí;

78.  ag athdhearbhú a tuairime go bhfuil sé thar am athbhreithniú a dhéanamh ar dhearbhú 2010 maidir le cuntasacht pholaitiúil chun an bonn sin a fheabhsú don chaidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Leas-Uachtarán/Ardionadaí;

o
o   o

79.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, agus chuig rialtais agus parlaimintí na Ballstát.

(1) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0383
(2) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0515.
(3) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0356.
(4) IO C 362, 8.9.2021, lch. 71.
(5) Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt, Trade and Development Report 2019 – Financing a Global Green Deal [Tuarascáil maidir le Trádáil agus Forbairt 2019 – Comhaontú Glas don Domhan a Mhaoiniú], 2019.
(6) IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.
(7) Rialachán (AE) 2021/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear córas Aontais chun onnmhairiú, bróicéireacht, cúnamh teicniúil, idirthuras agus aistriú ítimí dé-úsáide a rialú (IO L 206, 11.6.2021, lch. 1).
(8) Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2019 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le raon feidhme agus sainordú Ionadaithe Speisialta AE (IO C 23, 21.1.2021, lch. 146).
(9) IO L 335, 13.12.2008, lch. 99.
(10) IO C 118, 8.4.2020, lch. 158
(11) Breithiúnas ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine an 21 Eanáir 2021, an tSeoirsia v an Rúis (II).
(12) JOIN(2021)0002.
(13) SWD(2021)0290.
(14) JOIN(2020)0004.
(15) JOIN(2021)0027.
(16) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0382.
(17) JOIN(2021)0024.
(18) IO C 298, 30.11.2002, lch. 1.
(19) Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Márta 2019 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an Togra ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, le tacaíocht ón gCoimisiún, chuig an gComhairle le haghaidh Cinneadh ón gComhairle lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána (IO C 108, 26.3.2021, lch. 141).

An nuashonrú is déanaí: 4 Bealtaine 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais