Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 17 Feabhra 2022 maidir le dul i ngleic le bacainní neamhtharaife agus neamhchánach sa mhargadh aonair (2021/2043(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal Identifying and addressing barriers to the Single Market [Bacainní ar an Margadh Aonair a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu] (COM(2020)0093),
– ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,
– ag féachaint do theachtaireacht an 10 Márta 2020 ón gCoimisiún dar teideal Long term action plan for better implementation and enforcement of single market rules [Plean gníomhaíochta fadtéarmach chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr] (COM(2020)0094),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 13 Samhain 2020 dar teideal New Consumer Agenda – Strengthening consumer resilience for sustainable recovery [Clár Oibre Nua do Thomhaltóirí – Athléimneacht na dtomhaltóirí a neartú ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe] (COM(2020)0696),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Updating the 2020 New Industrial Strategy: Building a stronger Single Market for Europe’s recovery [Straitéis Thionsclaíoch Nua 2020 a nuashonrú: Margadh Aonair níos láidre a thógáil ar maithe le téarnamh na hEorpa] (COM(2021)0350),
– ag féachaint do theachtaireacht an 17 Márta 2021 ón gCoimisiún dar teideal A common path to safe and sustained re-opening [Conair choiteann i dtreo athoscailt shábháilte agus bhuan] (COM(2021)0129),
– ag féachaint do rún an 20 Eanáir 2021 uaithi maidir leis an margadh aonair a neartú: todhchaí na saorghluaiseachta seirbhísí(1), agus don tuairim ina leith ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1724 an 2 Deireadh Fómhair 2018 maidir le pointe rochtana aonair digiteach a bhunú chun rochtain ar fhaisnéis, nósanna imeachta agus seirbhísí cúnaimh agus réitigh fadhbanna a sholáthar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012(2) (‘an Rialachán maidir leis an Tairseach Aonair Dhigiteach’),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún – an Tuarascáil maidir le Bacainní ar an Margadh Aonair agus an Plean Gníomhaíochta maidir le Forfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (COR 2020/02355),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le (a) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — ‘Long term action plan for better implementation and enforcement of single market rules’ [Plean gníomhaíochta fadtéarmach chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú ar bhealach níos fearr] (COM(2020)0094) agus (b) Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — ‘Identifying and addressing barriers to the Single Market’ [Bacainní ar an Margadh Aonair a Shainaithint agus Aghaidh a Thabhairt orthu] (COM(2020)0093) CESE 2020/01412,
– ag féachaint do Dhoiciméad Inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 10 Márta 2020 dar teideal Business Journey on the Single Market: Practical Obstacles and Barriers [Turas Gnó ar an Margadh Aonair: Constaicí agus Bacainní Praiticiúla] (SWD(2020)0054),
– ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 8 Meán Fómhair 2020 dar teideal Evaluation of the Vertical Block Exemption Regulation [Athbhreithniú an Rialacháin um Blocdhíolúine Ingearach] (SWD(2020)0172),
– ag féachaint do staidéar Iúil 2020 ó Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin Eorpaigh um an Margadh Inmheánach, Tionsclaíocht, Fiontraíocht agus Fiontair Bheaga agus Mheánmhéide dar teideal Territorial supply constraints in the EU retail sector [Srianta soláthair críochacha in earnáil miondíola AE],
– ag féachaint do staidéar Feabhra 2018 a rinne Aontas Benelux i mí Feabhra 2018 dar teideal Territorial Supply Constraints in the Retail Trade in Belgium, The Netherlands and Luxembourg [Srianta soláthair críochacha san earnáil miondíola sa Bheilg, san Ísiltír agus i Lucsamburg],
– ag féachaint don staidéar a rinne Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um an mBeartas Cháilíocht na Beatha i mí na Samhna 2020 dar teideal Legal Obstacles in Member States to Single Market rules [Constaicí dlíthiúla sna Ballstáit roimh rialacha an Mhargaidh Aonair],
– ag féachaint don staidéar a rinne Aonad Tacaíochta Pharlaimint na hEorpa um Rialachas Eacnamaíoch i mí Dheireadh Fómhair 2020 dar teideal Background Reader on the European Semester Autumn edition 2020 – The European Semester from a Parliamentary perspective,
– ag féachaint don staidéar a rinne Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um an mBeartas Cháilíocht na Beatha i mí Feabhra 2021 dar teideal The impact of COVID-19 on the Internal Market [Tionchar COVID-19 ar an Margadh Inmheánach],
– ag féachaint don staidéar a rinne Roinn Beartais Pharlaimint na hEorpa um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um an mBeartas Cháilíocht na Beatha i mí na Samhna 2019 dar teideal Contribution to Growth: The Single Market for Services – Delivering economic benefits for citizens and businesses [Ag Cuidiú leis an bhFás: an Margadh Aonair le haghaidh Seirbhísí – sochair eacnamaíocha a sholáthar le haghaidh saoránach agus gnólachtaí],
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 05/2016 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 14 Márta 2016 dar teideal Has the Commission ensured effective implementation of the Services Directive? [Ar áirithigh an Coimisiún go bhfuil an Treoir um Sheirbhísí á cur chur chun feidhme go héifeachtach?],
– ag féachaint don staidéar a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa i mí Aibreáin 2019 dar teideal Mapping the Cost of Non-Europe [Costas na Neamh-Eorpa a Mhapáil],
– ag féachaint do rún an 12 Nollaig 2018 uaithi maidir leis an bpacáiste maidir leis an margadh aonair(3),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0336/2021),
A. de bhrí gurb ionann an margadh aonair agus 56 mhilliún post Eorpach agus go ngineann sé 25 % de OTI AE; de bhrí gurb í an earnáil agraibhia an earnáil mhonaraíochta is mó san Aontas ó thaobh fostaíochta agus breisluacha de;
B. de bhrí go bhfuil forbairt inbhuanaithe agus ardleibhéil caighdeán sóisialta agus comhshaoil ina réamhriachtanais le haghaidh cineál táirgiúlachta a bheidh comhoiriúnach le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe Chlár Oibre 2030 NA agus an sprioc neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050;
C. de bhrí go bhfuil cosaint ceart sóisialta, saothair agus ceardchumainn, lena n-áirítear cómhargáil, pá cothrom agus dea-dhálaí oibre, agus a gcur chun cinn, ina dlúthchuid de mhargadh aonair dea-fheidhmithe, cóir, ionchuimsitheach agus inbhuanaithe a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí ar ardchaighdeán; de bhrí nár cheart tús áite a bheith ag saoirsí eacnamaíocha chun earraí agus seirbhísí a sholáthar seachas ag cearta bunúsacha lena n-áirítear cearta sóisialta, saothair agus ceardchumainn agus nár cheart go mbainfidís uathu;
D. de bhrí go bhféadfaí leas a bhaint as measúnú uileghabhálach ar na bacainní neamhtharaife sa mhargadh aonair, san earnáil agraibhia go háirithe, chun spreagadh a thabhairt chun dul i ngleic leis na bacainní sin;
E. de bhrí gur cheart aon mheasúnú ar na bacainní ar an margadh aonair a bhunú ar thaithí agus dearcthaí na ngnólachtaí, na n-oibrithe agus na dtomhaltóirí a ghlacann páirt go pointe áirithe sa mhargadh aonair gach lá, agus nithe eile, agus ar chuspóir rialacha an mhargaidh aonair; de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag bacainní reatha ar an margadh aonair ar FBManna agus micrifhiontair, go bpionósaíonn siad iad fiú, agus go gcuireann siad bac ar a ngníomhaíochtaí trasteorann;
F. de bhrí gur ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit araon atá an fhreagracht as an margadh aonair a fheidhmiú, reachtaíocht reatha AE a chur chun feidhme agus bacainní a dhíothú;
G. de bhrí go n-eascraíonn roinnt mhaith bacainní a dhéanann difear don mhargadh aonair as reachtaíocht AE a chur i bhfeidhm go mícheart nó go neamhiomlán, gan trasuí cuí déanta ar reachtaíocht AE sna creata dlí náisiúnta, easpa beart dlí iomchuí AE a dhíríonn ar bhacainní atá ann faoi láthair, rochtain bhactha ar fhaisnéis riachtanach, nó bearta beartais aontaobhacha arna nglacadh ag Ballstáit; de bhrí go bhféadfadh idirghabháil rialála neamhriachtanach ar leibhéal AE difear dochrach a dhéanamh don mhargadh aonair freisin, ag cruthú bacainní le haghaidh tomhaltóirí aonair amhail ardchostais chomhlíontachta nó neamhchinnteacht dhlíthiúil;
H. de bhrí go bhféadfadh drochiarmhairtí a bheith ann ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta de dheasca ilroinnt, rialacha sriantacha náisiúnta, cur chun feidhme neamhleor nó mícheart, maorlathas agus rórialáil, agus gan bearta dlí AE iomchuí á bhforfheidhmiú, nó gan ann dóibh, chun dul i ngleic leis na bacainní, go gceilfear poist ar shaoránaigh, roghanna ar thomhaltóirí, agus deiseanna ar fhiontraithe;
I. de bhrí gur gníomh rialála díréireach nó idirdhealaitheach í bacainn neamhtharaife ar ualach nó costas atá le hiompar ag gnólacht ar mhian leis dul isteach i margadh agus nach bhfuil á iompar ag gnólachtaí atá sa mhargadh cheana féin atá mar thoradh uirthi, nó gur costas í a fhabhraíonn chuig gnólachtaí neamhnáisiúnta agus nach bhfuil á iompar ag gnólachtaí intíre, gan dochar do chearta na mBallstát rialáil agus cuspóirí dleathacha beartais phoiblí a shaothrú amhail cosaint an chomhshaoil agus cearta tomhaltóirí nó fostaíochta; de bhrí gur thug an Pharlaimint aghaidh ar bhacainní neamhtharaife i rún an 26 Bealtaine 2016 uaithi(4);
J. de bhrí go gciallaíonn ‘rórialáil’ ‘cleachtais faoina dtionscnaíonn Ballstáit ceanglais riaracháin bhreise gan údar ar ceanglais iad nach mbaineann le cuspóirí na reachtaíochta agus a d’fhéadfadh baint ó fheidhmiú rianúil an mhargaidh intíre’; de bhrí nár mhór idirdhealú áfach idir rórialáil agus caighdeáin níos airde á socrú ar caighdeáin iad a théann níos faide ná na caighdeáin íosta uile-Aontais le haghaidh cosaint an chomhshaoil agus tomhaltóirí, cúram sláinte agus sábháilteacht bhia;
K. de bhrí nach bhfuil pacáiste reachtach cuimsitheach curtha ar aghaidh ag an gCoimisiún reatha go fóill lena dtugtar aghaidh ar mhainneachtain i dtaca le feidhmiú shaoirsí lárnacha an mhargaidh aonair seachas forfheidhmiú, cé is moite de thionscnaimh dhigiteacha; de bhrí gur thug an Coimisiún tús áite don ghá le reachtaíocht reatha an mhargaidh aonair a bheith á fhorfheidhmiú níos fearr agus do roinnt tionscnamh digiteach agus glas chun an dé-aistriú a thabhairt i gcrích;
L. de bhrí go gcaithfear a áirithiú, le forbairt agus cur chun feidhme reachtaíocht an mhargaidh inmheánaigh, go mbeidh rannpháirtíocht cuí ag na comhpháirtithe sóisialta agus eagraíochtaí sochaí sibhialta;
M. de bhrí gur dhiúltaigh an Pharlaimint agus an Chomhairle do roinnt de na tograí i bPacáiste Seirbhísí 2016;
N. de bhrí go bhfuil tromlach suntasach gnólachtaí ann a mheasann nach bhfuil an margadh aonair lánpháirtithe a dhóthain; de bhrí go gcuirtear isteach go mór ar an ngnó agus ar thomhaltóirí ar fud an mhargaidh inmheánaigh nuair a dhéantar rialacha le haghaidh tráchtáil trasteorann a ilroinnt;
O. de bhrí gur minic a théann sé dian ar thrádálaithe go fóill fiú teacht ar fhaisnéis faoi na rialacha agus na nósanna imeachta maidir le soláthar trasteorann seirbhísí agus díol earraí ainneoin na hiarrachtaí a rinneadh cheana trí roinnt clár agus cur i bhfeidhm,
P. de bhrí go bhfuair 71 % de FBManna a bhain triail as córas an aitheantais fhrithpháirtigh atá ann faoi láthair d’earraí neamh-chomhchuibhithe cinneadh lenar diúltaíodh rochtain ar an margadh dóibh, agus de bhrí go raibh an t-athbhreithniú a rinneadh le deireanas ar an rialachán lena rialaítear an córas sin dírithe, trí chreat níos fearr a sholáthar le haghaidh cinnteoireacht náisiúnta, ar a dhéanamh níos fusa do chuideachtaí é a chur i bhfeidhm;
Q. de bhrí gur príomhionstraim chun feidhmiú cuí an mhargaidh aonair a áirithiú atá sa Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla(5) ach go bhfuil an easpa ionstraimí uathaitheanta cáilíochtaí agus scileanna ó Bhallstát go chéile ina bac ar shoghluaisteacht gairmithe agus bacainní nach bhfuil údar leo á gcruthú dá réir;
R. de bhrí gur tionscadal nach mbeidh críochnaithe go brách atá i margadh aonair AE agus go bhféadfaí constaicí nua don mhargadh aonair a chruthú a chuirfeadh isteach ar a lánfheidhmiú de bharr a thapúla a tharlaíonn forbairtí sochaíocha agus teicneolaíochta;
S. de bhrí go bhfuil sé ar chumas na digiteála agus úsáid IS agus teicneolaíochtaí nua breisluach suntasach a chur leis an margadh aonair, agus go mbeidís ina gcabhair chun laghdú ar bhacainní agus ualaí atá ann faoi láthair agus deis a thabhairt maidir le deiseanna nua gnó agus lánfheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh agus leas tomhaltóirí agus fiontar a dhéanamh; de bhrí go bhféadfadh úsáid na dteicneolaíochtaí nua agus IS a bheith áisiúil chun bacainní áirithe a shárú sa mhargadh aonair digiteach;
T. de bhrí go dtugann easpa comhchuibhithe agus íoschaighdeánú neamhleor costas breise agus go laghdaítear ar shábháilteacht táirgí sa mhargadh aonair agus ag an am céanna go laghdaítear ar iomaíochas na hEorpa ar mhargaí idirnáisiúnta;
U. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach do chreat an mhargaidh aonair go ndéanfaí saoirsí eacnamaíocha, cearta sóisialta, leasanna tomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí, agus an leas coiteann a chothromú i gceart;
V. de bhrí gur cuireadh roinnt mhaith achainíocha nár bhain le bacainn neamhtharaife faoi bhráid Choiste na Parlaiminte um Achainíocha (PETI) le deireanas, achainíocha 0179/2021 agus 0940/2020, mar shampla;
W. de bhrí gur baineadh suaitheadh as táirgeadh agus tomhaltas de bharr ghéarchéim COVID-19 agus go bhfuil athmhúnlú déanta aici ar ghníomhaíochtaí intíre agus trasteorann, rud a chuireann isteach ar thomhaltóirí, gnólachtaí, oibrithe agus an soláthar seirbhisí; de bhrí go bhféadfadh sé gur éifeachtaí sealadacha cuid díobh, ach go mbeidh iarmhairtí fadtéarmacha ag éifeachtaí eile ar struchtúr agus riachtanais an mhargaidh aonair; de bhrí gur cuireadh dlús leis an aistriú chuig seribhísí digiteacha mar fhreagairt ar an bpaindéim; de bhrí gur léirigh an ghéarchéim a thábhachtaí atá lánpháirtiú Eorpach, forais láidre agus rialáil; de bhrí go ndearnadh difear dochrach don mhargadh inmheánach de bharr cleachtais threallacha soláthair phoiblí a cuireadh chun feidhme le linn phaindéim COVID-19 agus iad ina mbagairtí tromchúiseacha ar an trédhearcacht; de bhrí nár mhór, mar gheall ar an gcruachás ina bhfuilimid faoi láthair, deireadh a chur ní hamháin le srianta arb é COVID faoi deara iad ach le bacainní freisin nach bhfuil údar leo agus atá tar éis leanúint ar aghaidh sa mhargadh aonair leis na blianta, rud a chuirfeadh feabhas ar an margadh aonair agus a dhéanfadh é a dhoimhniú agus a chabhródh linn an cor ina bhfuilimid a chur dínn;
Staid an mhargaidh aonair agus a chuspóirí beartais
1. á chur in iúl gur geal léi Pacáiste Mhárta 2020 um Rialú an Mhargaidh Inmheánaigh, a bhfuil mar aidhm leis cur chun feidhme na reachtaíochta Eorpaí agus a forfheidhmiú a fheabhsú trí fhorléargas a chur ar fáil ar an gcéad dul síos ar na tionscnaimh atá ann faoi láthair agus tionscnaimh a bheidh ag teacht; á mheas freisin go bhfuil laigí reachtaíochta agus forfheidhmithe ann i gcónaí, atá ag cur isteach ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh aonair; á mheas go háirithe go bhfuil easpa tionscnamh ann a chuirfeadh feabhas ar an margadh aonair le haghaidh seirbhísí;
2. ag tacú leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le plean gníomhaíochta fadtéarmach chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú níos fearr, agus go háirithe na tograí chun SOLVIT a athneartú mar uirlis chun diospóidí margaidh aonair a réiteach, ról breise a thabhairt don Choimisiún cuidiú leis na Ballstáit dlí AE a thrasuí i gceart, go hiomlán agus in am chun léirmhíniú comhchuibhithe a áirithiú agus chun nach ndéanfar rórialáil, uirlis le haghaidh constaicí sa mhargadh aonair a chruthú faoin Tairseach Aonair Dhigiteach, agus a chur ar chumas saoránach agus gnólachtaí tuairisciú anaithnid a dhéanamh ar chonstaicí a chastar orthu agus a gcearta margaidh aonair á bhfeidhmiú acu;
3. á chur i bhfios go n-íocann idir ghnólachtaí agus thomhaltóirí araon as cur chun feidhme neamhleor agus ag spreagadh an Choimisiúin chun gníomhartha forfheidhmithe imleora a bheith ina dtosaíocht;
4. á chur i bhfáth na n-iarrachtaí chun a áirithiú go dtéann feidhmiú cuí an mhargaidh aonair le chéile le hiarrachtaí chun bunchuspóirí AE a bhaint amach maidir le forbairt inbhuanaithe agus geilleagar sóisialta margaidh, mar aon le hardleibhéal cosanta agus cáilíocht an chomhshaoil a fheabhsú;
5. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an margadh aonair ar na héachtaí is mó atá bainte amach ag an Aontas Eorpach i gcónaí; ag tathant ar an gCoimisiún, ar an ábhar sin, acmhainní a dhíriú ar shaincheisteanna a dhéanann difear don mhargadh aonair, go háirithe bacainní neamhthraife nach bhfuil údar leo a choisceann gnóthú lánacmhainn an mhargaidh aonair ar thomhaltóirí, oibrithe agus gnólachtaí, go háirithe FBManna, trí bhacainní neamhriachtanacha agus éagóracha ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí a chruthú;
6. á admháil gur cosúil go mbeidh faireachán níos laidre ag teastáil ó na Ballstáit freisin, stuamacht rialála, simpliú ar an tslí a ndéantar creat rialála reatha AE a chur i bhfeidhm agus béim pholaitiúil bhreise ar an margadh aonair, gur cosúil go mbeidh an méid sin uile ag teastáil chun bacainní den sórt sin a bhaint go héifeachtach agus lánpháirtiú an mhargaidh aonair a dhoimhniú a thuilleadh;
7. á aithint a bhuntábhachtaí atá beartas cosanta tomhaltóirí mar thoisc chun an margadh aonair a neartú agus rannchuidiú lena lánpháirtiú;
8. á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as acmhainní chlár an mhargaidh aonair chun rialachas an mhargaidh aonair a neartú agus feabhas a chur ar a fheidhmiú, go háirithe maidir le bacainní neamhtharaife;
9. á iarraidh ar na Ballstáit sláine an mhargaidh aonair a urramú trí fhaisnéis ar chur chun feidhme dhlí AE a mhalartú níos fearr agus tríd an gcur chun feidhme a chomhordú níos fearr, arna éascú ag an gCoimisiún, staonadh chomh fada agus is féidir ó rialacha náisiúnta a thionscnamh a imíonn uaidh agus réitigh a lorg ar an leibhéal Eorpach, treoirlínte maidir le Rialáil Níos Fearr a chur i bhfeidhm chun rialacha náisiúnta a thionscnamh, measúnauithe tionchair cuí a sholáthar agus tacaíocht a thabhairt do gheallsealbhóirí chun go bhféadfaidh siad rannchuidiú go cuí leis an bpróiseas cinnteoireachta, agus na rialacha uile a chur i bhfeidhm ar bhealach a bhfuil bonn chirt leis, agus a bheidh comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach;
10. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gnóthú iomlán na gcuspóirí i gclár oibre an Chomhaontaithe Ghlais agus sa chár oibre digiteach ag brath den chuid is mó ar fheidhmiú éifeachtach an mhargaidh aonair agus beartais phoiblí iomchuí, rud atá ina phríomhchumasóir d’éifeachtúlacht an mhargaidh agus don nuálaíocht agus atá ar cheann de na huirlisí iomadúla chun geilleagair na hEorpa a nuachóiriú; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart an leibhéal céanna airde a thabhairt ar easnaimh sa mhargadh aonair is a thugtar ar an gComhaontú Glas agus an clár oibre digiteach; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfeadh beartais Eorpacha eile rialacha an mhargaidh aonair san áireamh agus go gcaithfidh siad a phrionsabail a urramú; á athdhearbhú a tiomantas féin d’fhorbairt agus coimirciú a dhéanamh ar mhargadh inmheánach stóinseach, inbhuanaithe atá fabhrach do thomhaltóirí, d’oibrithe agus do lucht gnó;
11. á chur in iúl gurb oth léi go mbeadh roinnt bacainní neamhtharaife ina mbac ar spriocanna AE maidir le straitéis tionsclaíochta, go háirithe táirgeacht a chur ar bun sa bhaile an athuair agus athléimneacht gheilleagar na hEorpa a neartú; á chur i bhfios go láidir gur réamhchoinníoll é margadh aonair láidir lánpháirtithe inar cuireadh deireadh le bacainní neamhtharaife chun spriocanna AE maidir le straitéis tionsclaíochta a bhaint amach;
12. ag tathant ar na Ballstáit a áirithiú go ngníomhóidh siad go comhréireach agus i ndlúthailíniú le cuspóirí dlisteanacha beartais phoiblí amhail sláinte phoiblí, an comhshaol, seirbhísí poiblí agus an leas coiteann; á chur in iúl áfach gurb oth léi go bhfuil Ballstáit ann a luann an leas coiteann chun a margaí intíre a leithlisiú; á thabhairt chun suntais thairis sin go ndéantar bacainní gan údar a chruthú sa mhargadh aonair le ceanglais amhail srianta críochacha nach bhfuil údar leo, ceanglais teanga neamhriachtanacha agus tástálacha maidir le riachtanais eacnamaíocha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún maoirsiú na mBallstát a fheabhsú sa mhéid sin, lena n-áirítear oibleagáidí maidir le fógraí dlí a dhéanamh;
13. á chur in iúl gur saoth léi go léiríonn staidéar Parlaiminte gur mhéadaigh líon na n-imeachtaí um shárú in aghaidh Ballstát i réimse an mhargaidh aonair idir 2017 agus 2019, agus go raibh 800 i gceist in 2019, an leibhéal is airde ó 2014 i leith;
Bacainní ar shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí
14. á chur i bhfios gur shainaithin an Coimisiún agus geallsealbhóirí grúpa príomhbhacainní gan údar ar ghníomhaíochtaí trasteorann, ina measc:
(a)
éagothromaíochtaí rialála agus dlí AE á chur chun feidhme go neamhréireach, rud a chruthaíonn deacrachtaí le haghaidh malartuithe trasteorann agus a chuireann iallach ar chuideachtaí acmhainní a thiomnú don phróiseas duaisiúil i dtaca le hanailís a dhéanamh ar fhorálacha dhlí AE, trína ndéantar infheistíochtaí a atreorú ó ghníomhaíochtaí a chruthaíonn fostaíocht nó a thacaíonn le fás;
(b)
forfheidhmiú neamhleor reachtaíocht AE agus nósanna imeachta fada agus casta chun sáruithe dlí AE a réiteach;
(c)
ceanglais nó cleachtais riaracháin thuirsiúla agus iad casta uaireanta, amhail athchigireachtaí leanúnacha agus smachtbhannaí atá díréireach leis an gcion, faisnéis neamhleor agus dhorochtana nó faisnéis nach ann di agus línte teoranta cumarsáide leis an riarachán poiblí, rud a chuireann teorainn leis na feidearthachtaí freisin maidir le seirbhísí nua nó iomaíocha i suíomhanna nua a dheonódh rogha bhreise do thomhaltóirí;
(d)
srianta soláthair críochacha a chuireann bac follasach ar fhorbairt an mhargaidh aonair agus an tairbhe fhéideartha a bheadh ann do thomhaltóirí;
(e)
ceanglais theicniúla bhreise arna nglacadh ar an leibhéal náisiúnta a ghineann ró-ualaí riaracháin agus gan udar leo agus a d’fhéadfadh baint ó fheidhmiú rianúil an mhargaidh inmheánaigh;
(f)
easpa uirlisí agus sásraí éifeachtacha chun eolas maidir le hoibleagáidí reatha a éascú nó easpa caighdeán teicniúil comhchuibhithe, costais chomhlíontachta a mhéadú le haghaidh cuideachtaí a oibríonn trasna teorainneacha;
(g)
easpa trédhearcachta agus faisnéise agus ceanglais chasta nós imeachta a mhéadaíonn ar an deacracht rochtain a fháil ar sholáthar trasteorann, go háirithe i gcás fiontar beag agus meánmhéide (FBManna);
(h)
rialacha neamhleor le haghaidh ríomhthráchtáil trasteorann;
(i)
deacrachtaí maidir le díospóidí riaracháin agus tráchtála a réiteach go tráthúil;
15. ag tabhairt dá haire go ndearna cuideachtaí AE atá ag feidhmiú sa mhargadh inmheánach samplaí nithiúla a thuairisciú cheana féin de na bacainní thuasluaite, lena n-áirítear mar shampla, ceanglais ar sholáthraithe eachtracha seirbhísí cuideachta a chlárú i gclár trádála agus cuideachtaí an Bhallstáit óstaigh, fiú agus oibrithe á seoladh chuig críoch an Bhallstáit óstaigh acu ach ar bhonn sealadach amháin agus gan aon bhonneagar acu ansin óna bhféadfaidís gníomhaiochtaí a reáchtáil ar bhealach rialta, seasmhach agus leanúnach;
16. á chur i bhfáth gurb é an bealach is éifeachtaí chun laghdú ar ilroinnt an mhargaidh aonair comhchuibhiú a lorg a mhéid is féidir; á chur i bhfáth nár cheart gur ualach rialachán níos measa ar chuideachtaí a bheadh mar thoradh ar an gcomhchuibhiú sin mar sin féin;
17. á thabhairt chun suntais go dtreisítear sláine an mhargaidh aonair agus go meabhraítear a n-oibleagáidí do na Ballstáit maidir le fógra dlí a thabhairt trí sheasamh le smacht reachta;
18. ag cur béim ar an bhfíoras go mbíonn tionchar tromchúiseach ag bacainní neamhtharaifí, i measc bacainní eile, ar an earnáil seirbhísí agus, ar an gcaoi sin, ar chodanna eile den gheilleagar a bhfuil an earnáil seirbhísí mar bhonn taca leo; á thabhairt chun suntais, thairis sin, gur shainaithin an Coimisiún 24 shrian shonracha fós féin ar fud 13 earnáil, ar srianta iad a sháraíonn na rialacha arna mbunú leis an Treoir um Sheirbhísí(6), lena n-áirítear roinnt seirbhísí atá idirdhealaitheach nó atá ina gceanglais maidir le bunaíocht nó náisiúntacht; ag tabhairt dá haire gurb é cuspóir an phróisis láithreacht nó neamhláithreacht srianta a dhoiciméadú, agus go raibh measúnú comhréireachta srianta lasmuigh de raon feidhme an phróisis agus nár mheas an próiseas cé acu an raibh údar cirt leis an srian ábhartha nó an raibh sé comhréireach
19. á admháil go léiríonn an tuarascáil laghdú beag ar leibhéal na mbacainní i mbeagnach gach earnáil a measúnaíodh, rud a éilíonn measúnú thairis sin ón gCoimisiún; ag cur béim ar an bhfíoras, mar sin féin, gur obair mhall é, de réir an Choimisiúin, na laghduithe ar bhacainní a mhapáil sna hearnálacha seirbhísí éagsúla ó cuireadh an Treoir um Sheirbhísí chun feidhme in 2006 agus 2017, agus i gcás earnáil an mhiondíola gur i méid fiú a chuaigh na bacainní a mapáladh idir 2011 agus 2017, rud a dhíothaigh aon dul chun cinn a bhí déanta;
20. á chur in iúl gurb oth léi roinnt de na srianta faoin Treoir um Sheirbhísí a sainaithníodh a bheith tagtha chun cinn mar thoradh ar an neamhchinnteacht dhlíthiúil atá spreagtha ag an Treoir ó theacht i bhfeidhm di, i dtaca lena raon feidhme, go háirithe maidir le FBManna in earnáil na turasóireachta;
21. á chur i bhfios go dteachtann seirbhísí poiblí cosaint speisialta i ndáil le rialacha an mhargaidh inmheánaigh i ngeall ar an ról leasa ghinearálta a chomhlíonann siad, rud a chiallaíonn nach bacainní neamhtharaife iad na rialacha a leagann na húdaráis phoiblí síos chun iad a oibriú mar is cuí; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, go dtagann seirbhísí sóisialta agus seirbhísí sláinte lasmuigh de raon feidhme na Treorach um Sheirbhísí;
22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur lena n-iarrachtaí bacainní ar mhiondíol a bhaint agus gníomhú go pras nuair a shainaithnítear bacainní nua; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a ullmhú maidir le comhréireacht nósanna imeachta údarúcháin sa mhiondíol chun cur le deimhneacht agus intuarthacht dhlíthiúil i gcás miondíola agus plean gnímh nua a chur i láthair le haghaidh earnáil mhiondíola na hEorpa faoi lár 2022;
23. á mheabhrú gur as cleachtais riaracháin seachas as neamh-chomhoiriúnacht le dlí AE a eascraíonn líon mór fadhbanna leis an soláthar trasteorann seirbhísí;
24. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag forbairt treoirlínte chun aghaidh a thabhairt ar reachtaíocht drochfheidhmíochta; á chur i bhfios go bhféadfadh easpa soiléire dlíthiúla agus ualaí maorlathais ar chuideachtaí agus oibrithe a sholáthraíonn seirbhísí i mBallstáit éagsúla a bheith mar thoradh ar léirmhíniú coiteann easnamhach ar dhlíthe AE faoina n-éascaítear saoirse ghluaiseachta d’oibrithe; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt do na Ballstáit i bpróiseas an trasuí chun cur chuige níos comhchuibhithe a rathú;
25. á chur in iúl gur saoth léi go mbaintear úsáid neamhleor as an nós imeachta um fhógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí(7); á thabhairt chun suntais go mbaintear ó chumas an Choimisiúin dá réir a áirithiú go mbeidh an treoir um Sheirbhísí á comhlíonadh ag dlíthe nua um sheirbhísí; á iarraidh ar na Ballstáit a n-oibleagáidí maidir le fógra a thabhairt faoin Treoir um Sheirbhísí a chomhlíonadh; á iarraidh ar an gCoimisiúnplean gníomh a thabhairt ar aghaidh faoi lár 2022 maidir leis an gcreat reatha a fheabhsú; ag tabhairt dá haire i ndáil leis sin rún an Choimisiúin an lámhleabhar maidir le cur chun feidhme na Treorach um Sheirbhísí a nuashonrú chun gnéithe a éiríonn as an gcásdlí is deireanaí a ionchorprú agus chun forfheidhmiú na treorach a fheabhsú;
26. á chur i bhfáth go bhféadfadh bacainní eascairt freisin as cumais theoranta na rialtas náisiúnta seirbhísí a sholáthar i dteangacha eile, agus as ganntanais oiliúna agus bonneagair ábhartha; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh faisnéis agus doiciméid a bhaineann le rochtain ar an margadh ar fáil, ní hamháin i dteanga oifigiúil an Bhallstát, ach i mBéarla nó sa teanga eile is mó úsáid sa gheilleagar áitiúil, freisin;
27. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit uirlisí áisiúla, gonta agus réidh le húsáid a ghlacadh le haghaidh na n-údarás náisiúnta chun aghaidh a thabhairt ar chleachtais mhíchearta agus ar sháruithe agus chun rialacha an mhargaidh inmheánaigh a fhorfheidhmiú;
28. á mheabhrú nach bhféadfaidh Ballstát beartas poiblí, sláinte phoiblí nó slándáil phoiblí a agairt ach amháin i gcás inar féidir leis a chruthú gurb ann do bhagairt iarbhír, sách tromchúiseach a dhéanann difear do cheann de leasanna bunúsacha na sochaí; á chur in iúl nach bhfuil idirdhealú státurraithe d’aon chineál inglactha dar léi, ar an ábhar sin, mar shampla in aghaidh daoine faoi mhíchumais nó bunaithe ar sheasamh eacnamaíoch, náisiúntacht, aois, bunadh cine nó eitneach, reiligiún nó creideamh, gairm, gnéas nó gnéaschlaonadh (lena n-áirítear LGBTIQ-fóibe); á mheas go bhféadfadh idirdhealú den sórt sin saoirsí an mhargaidh inmheánaigh a shrianadh agus sa tslí sin bacainn neamhtharaife a bhunú a dhéanfadh difear do shaorghluaiseacht earraí agus seirbhísí, óir coiscfear ar tháirgeoirí earraí agus soláthraithe seirbhísí na hearraí agus na seirbhísí céanna a sholáthar ar bhonn cothrom ar fud AE agus ar thomhaltóirí tairbhiú d’éachtaí an mhargaidh aonair;
29. á chur in iúl gur geal léi na feabhsuithe suntasacha a rinneadh ar shaorghluaiseacht earraí le blianta beaga anuas a bhuí le rialacháin amhail Rialachán (AE) 2018/302(8) (‘an Rialachán maidir le Geobhlocáil’), Rialachán (AE) 2019/1020(9) (‘an Rialachán maidir le Faireachas Margaidh ar Tháirgí agus Comhlíonadh Táirgí’), agus níos tábhachtaí fós a bhuí le Rialachán (AE) 2019/515(10) (‘an Rialachán maidir le hAitheantas Frithpháirteach Eearraí’); á mheabhrú gur le hearraí neamh-chomhchuibhithe amháin a bhaineann prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhchuibhiú ón mbarr anuas chun ardleibhéal sábháilteachta táirgí agus cosanta tomhaltóirí a áirithiú; á chreidiúint, trí phrionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh a chur i bhfeidhm go críochnúil, agus trí na hionstraimí a sainíodh le deireanas le Rialachán (AE) 2019/515 a chur i bhfeidhm go ndéanfaí clár oibre an mhargaidh aonair a chur chun cinn go héifeachtúil, go háirithe sna réimsí a bhfuil deacrachtaí fós iontu;
30. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go ndeachaigh glacadh agus cur chun feidhme an Rialacháin maidir le Geobhlocáil chun tairbhe do thomhaltóirí maidir le ceannacháin trasteoran a éascú; á mheabhrú, mar sin féin, go bhfuil constaicí áirithe ann i gcónaí, go háirithe sa soláthar seirbhísí agus inneachair closamhairc, agus gur follas an méid sin ó mhuinín laghdaithe na dtomhaltóirí sa tsiopadóireacht trasteorann ar líne; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar chuid de thuarascáil meastóireachta a sceidealaíodh le haghaidh 2022, bealaí a mholadh chun geobhlocáil nach bhfuil údar léi agus atá neamhéifeachtach a bhaint agus dianiarracht a dhéanamh margadh aonair digiteach comhchuibhithe a thógáil;
31. á thabhairt chun suntais gurb ann do chleachtais idirdhealaitheacha agus frithiomaíocha amhail srianta críochacha soláthair a chuireann bac ar fhorbairt an mhargaidh aonair agus a bhaineann óna shochair fhéideartha do thomhaltóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún teacht ar aghaidh le bearta leordhóthanacha chun srianta críochacha soláthair a dhíothú agus sa tslí sin bacainní ar an trádáil trasteorann a laghdú d’fhonn margadh aonair lánfheidhmithe a bhaint amach;
32. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil comhchuibhiú cáilíochtaí trí bhíthin aitheantas frithpháirteach ag rannchuidiú cheana féin le fás an mhargaidh aonair i ndáil le líon suntas gairmeacha; á chur in iúl gurb oth léi, mar sin féin, go mbeidh srianadh tromchúiseach ar aon dul chun cinn amach anseo de bharr bacainní riaracháin a bheith á bhforchur ag na Ballstáit; á chur i bhfios go láidir go neartófaí saoirse gluaiseachta oibrithe agus seirbhísí mar thoradh ar aitheantas frithpháirteach do dhioplómaí, cáilíochtaí, scileanna agus inniúlachtaí idir na Ballstáit agus ag tathant ar na Ballstáit aitheantas frithpháirteach a leathnú amach chuig na leibhéil fhéideartha oideachais agus oiliúna uile agus na nósanna imeachta riachtanacha a thionscnamh nó a fheabhsú a luaithe is féidir le haghaidh leathnú amach den sórt sin;
33. á mheabhrú stádas sonrach na ngairmeacha rialáilte sa mhargadh aonair agus a ról chun aghaidh a thabhairt ar an leas poiblí, ach á chur i bhfios go láidir freisin nár cheart leas a bhaint as an stádas sonrach sin chun bacainní nach bhfuil údar leo a chaomhnú, arb é ilroinnt an mhargaidh aonair an toradh orthu;
34. ag spreagadh na mBallstát chun deireadh a chur le srianta míchuí ar cháilíochtaí gairmiúla agus ag spreagadh an Choimisiúin chun leanúint de bheith airdeallach agus nósanna imeachta maidir le sárú á saothrú sa chás nach gcomhlíonann na Ballstáit reachtaíocht AE maidir le haitheantas do cháilíochtaí;
35. á mheabhrú gur tógadh an Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla ar phrionsabail an chóir chomhionann, a thoirmeascann idirdhealú ar fhorais náisiúntachta;
36. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feasacht a mhéadú i gcónaí i measc gnólachtaí agus oibrithe a d’fhéadfadh a bheith ar easpa eolais maidir le haitheantas frithpháirteach agus rialacha ábhartha eile lena n-éascaítear oibríochtaí trasteorann;
37. á iarraidh go ndéanfaí an Creat Eorpach um Cháilíochtaí a chur chun cinn agus go n-éascófaí a chur i bhfeidhm ar fud an Aontais, chun go mbeidh sé ina ionstraim aitheantais a mbeidh glacadh forleathan léi;
38. á chur in iúl gurb oth léi an rochtain neamhleor ar fhaisnéis i dtaca le soghluaisteacht an lucht saothair in earnálacha na seirbhísí, agus gur ábhar imní di nósanna imeachta tuirsiúla i mBallstáit áirithe maidir le doiciméid bhunriachtanacha a fháil agus na fadhbanna leanúnacha leis an bhfoirm A1 a chur ar fáil go tráthúil do shaoránaigh; á chur i bhfios go láidir gur cheart rochtain ar fhaisnéis, maidir le comhaontuithe comhchoiteanna intíre mar shampla, i gcás ina bhfuil siad infheidhme agus ábhartha, amhail a cheanglaítear faoi Threoir 2014/67/AE(11) a fheabhsú chun an comhlíonadh a éascú maidir le gnólachtaí agus faisnéis maidir le hoibrithe; á áitiú gur cheart an fhaisnéis sin a bheith ar fáil tríd an Tairseach Aonair Dhigiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an Údarás Saothair Eorpach céimeanna iomchuí a ghlacadh chun an rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú;
39. ag tathant ar an gCoimisiún foirm dhigiteach a thionscnamh – amhail a pleanáladh – chun dearbhú a thabhairt maidir le hoibrithe a phostaítear sa chéad ráithe de 2022, de réir mar a imlíníodh ina nuashonrú ar straitéis tionsclaíochta nua 2020, lena mbunaítear foirm dhigiteach a bheidh simplí, soláimhsithe agus idir-inoibrithe a oirfidh do riachtanais na gcuideachtaí Eorpacha agus FBManna go háirithe;
40. á mheabhrú gur bunriachtanas í rochtain ar fhaisnéis agus go gcaithfear í a dhéanamh chomh furasta agus is féidir do na húsáideoirí; á chur in iúl maidir leis na bearta atá a ndéanamh chun an rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú i gcás rialacha agus oibleagáidí atá infheidhme le haghaidh gnólachtaí mar chuid den Phacáiste um Earraí go bhfuil sí den tuairim gur maith ann iad mar fhorbairt chun éascaíocht a dhéanamh ar an trádáil trasteorann agus ardleibhéal cosanta tomhaltóirí a choinneáil ag an am céanna; á iarraidh go ndéanfaí acmhainní imleora a leithdháileadh chun ionaid ilfhreastail a bhunú;
41. ag tabhairt dá haire an méadú ar líon na rialachán maidir le rochtain feithiclí uirbeacha a chuirtear i bhfeidhm ar fheithiclí príobháideacha agus tráchtála; á iarraidh ar an gCoimisiún a mheas an mbeidh sé riachtanach comhordú a dhéanamh ar leibhéal AE;
42. á chur i bhfáth go bhfuil feidhmiú cuí an mhargaidh aonair ríthábhachtach chun soláthairtí leordhóthanacha de tháirgí inacmhainne agus ardcháilíochta, lena n-áirítear táirgí agraibhia, a choimirciú ar fud an Aontais;
43. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé fuinneamh agus athléimneacht chórais soláthair an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear ar an leibhéal réigiúnach agus áitiúil, agus a thábhachtaí atá sé slabhraí soláthair gearra cliste agus comhtháite a neartú chun soláthairtí leanúnacha táirgí a áirithiú ar fud an Aontais;
44. á chur i bhfáth, gur den riachtanas é a áirithiú go mbeidh an margadh aonair chomh comhchuibhithe agus is féidir trí chur chuige aonfhoirmeach uile-Aontais maidir le lipéadú a d’fhéadfadh deireadh a chur le bacainní ar fheidhmiú an mhargaidh aonair agus a áiritheoidh go mbeidh an fhaisnéis a chuirtear ar fáil do thomhaltóirí soiléir, trédhearcach, inrianaithe agus sothuigthe i gcónaí;
45. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Treoir athbhreithnithe maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha(12) agus na dreasachtaí ón gCoimisiún chuige sin agus go dtacaíonn sí le hobair agus le torthaí an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde, ar nithe iad go léir lena bhféachtar le haghaidh a thabhairt ar shaincheist na décháilíochta;
Digiteáil agus úsáid IS chun aghaidh a thabhairt ar bhacainní sa mhargadh aonair
46. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá margadh aonair digiteach lánfheidhmithe a thairbhíonn do thomhaltóirí agus d’fhiontair agus á iarraidh go dtacófar le FBManna chun tabhairt faoi na constaicí agus faoin streachailt agus a gclaochlú digiteach á dhéanamh;
47. á chreidiúint go bhféadfaidh an digiteáil agus teicneolaíochtaí éiritheacha amhail IS rannchuidiú chun cuspóirí AE a bhaint amach agus an margadh inmheánach a dhoimhniú; á chur i bhfáth, go bhféadfadh teicneolaíochtaí den sórt sin a bheith dearfach agus claochlaitheach ach iad a úsáid i gceart agus go bhféadfaidís aghaidh a thabhairt ar an iliomad dúshlán agus deireadh a chur le constaicí sa mhargadh aonair;
48. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh thairis sin maidir le réitigh dhigiteacha a cheadú agus a spreagadh a d’fhéadfadh cabhrú chun faisnéis éigeantach faoin táirge nó faoin bpacáistiú a sholáthar chun nár ghá méid pacástí a mhéadú nó athphacáistiú a dhéanamh;
49. á chur in iúl gur geal léi na moltaí ón gCoimisiún le haghaidh ionstraim um Seirbhísí Digiteacha (COM(2020)0825) agus ionstraim um Margaí Digiteacha (COM(2020)0842) agus á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit creata a ghlacadh a bheidh comhleanúnach le beartais eile an mhargaidh inmheánaigh agus an Aontais; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach le haghaidh cuideachtaí agus le haghaidh FBManna agus tomhaltóirí go háirithe foireann rialacha soiléire, comhchuibhithe agus stóinseacha a bheith acu;
50. á chur in iúl gur geal léi plean an Choimisiúin pointe aonair Eorpach iontrála faisnéise a bhunú le haghaidh údarás rialaithe maidir le táirgí nach bia iad;
51. á iarraidh ar na húdaráis ábhartha de chuid an Aontais Eorpaigh agus náisiúnta bearta cuí a dhéanamh a dhíríonn ar theimpléad aonair a fhorbairt le haghaidh suíomhanna gréasáin náisiúnta oifigiúla agus iad a dhéanamh comhoiriúnach leis an Tairseach Aonair Dhigiteach chun rochtain a fheabhsú ar fhaisnéis ábhartha i measc na mBallstát;
52. á aithint go n-eascraíonn an iliomad bacainní as acmhainneacht theoranta na riarachán seirbhísí ardcháilíochta a sholáthar i suíomhanna trasteorann; á chreidiúint go bhfuil digiteáil na seirbhísí poiblí agus cumais lánfheidhme ríomhrialtais bunriachtanach i gcónaí chun deireadh a chur le cuid de na bacainní neamhtharaife dochraideacha; á iarraidh ar an gCoimisiún úsáid uirlisí digiteacha a chur chun cinn agus ag tathant ar na Ballstáit tiomnú go huile do dhigiteáil na seirbhísí poiblí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé uirlisí ríomhrialtais idir-inoibrithe agus foinse oscailte a fhorbairt agus a úsáid d’fhonn forbairt nósanna imeachta ríomhrialtais a bheidh comhoiriúnach ar bhonn idirnaisiúnta a chothú á mheabhrú, i ndáil leis sin, gur ghá príomhfhorálacha na tairsí aonair digití a chur i bhfeidhm i ngach Ballstát AE faoin 12 Nollaig 2020; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá ‘digiteach mar réamhshocrú’ mar phrionsabal agus prionsabal na haonuaire, chun am agus airgead a sparáil ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí, go háirithe má bhaintear úsáid níos forleithne astu; á chur in iúl gur geal léi an togra chun uirlis chun dul i ngleic leis na constaicí ar an margadh aonair a chur leis an tairseach aonair dhigiteach;
53. á chur in iúl gurb oth léi a mhoille atá an Tairseach Aonair Dhigiteach á cur chun feidhme; á iarraidh ar na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a thiomnú do chur chun feidhme na Tairsí Aonair Digití ar bhealach a bheidh soláimhsithe ag FBManna trí fhaisnéis úsáideoir-lárnach a sholáthar maidir le rialacha an mhargaidh aonair agus nósanna imeachta riaracháin chun ionad ilfhreastail fíorúil a dhéanamh as a mhéid is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit raon feidhme na Tairsí Aonair Digití a leathnú amach chuig na nósanna imeachta uile atá ábhartha do lucht gnó;
54. á thabhairt chun suntais go bhfuil an-fhéidearthacht ag SOLVIT chun a bheith ar an bpríomhuirlis fadhbréitigh le haghaidh gnólachtaí agus tomhaltóirí i gcásanna ina ndéantar dlí AE a mhífheidhmiú; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún an uirlis réamhshocraithe le haghaidh réiteach díospóidí sa mhargadh aonair a dhéanamh de SOLVIT; ag cur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeidh múscailt feasachta bhreise ag teastáil faoi gurb ann do na huirlisí réitigh díospóide sin;
55. ag tabhairt dá haire, ainneoin gníomhaiochtaí múscailte feasachta an Choimisiúin agus na mBallstát, go bhfuil líon mór saoránach agus gnólachtaí nach eol dóibh gurb ann do SOLVIT; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit bearta breise a dhéanamh chun cur lena phróifíl;
56. ag tabhairt dá haire go bhfuil SOLVIT bunaithe ar mholadh agus nach bhfuil bunús dlí leis agus nach bhfuil ar a chumas cinntí a dhéanamh a bheidh ceangailteach de réir dlí; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí feabhsuithe suntasacha a dhéanamh maidir le hoibríochtaí SOLVIT;
57. ag tabhairt dá haire go bhfuil neart ionad SOLVIT a bhfuil easpa ball foirne iontu, iad easnamhach maidir le hacmhainní agus oiliúint ábhartha le haghaidh ball foirne, eadhón, an t-eolas riachtanach in easnamh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ag ionaid SOLVIT chun oibriú de réir mar a d’iarr an Coimisiún i dteachtaireacht COM(2017)0255;
58. ag díriú ar an bpointe maidir le cleachtais rialaithe nach bhfuil údar cirt leo, atá díréireach agus idirdhealaitheach agus á bhfeidhmiú ag na Ballstáit, lena n-áirítear fíneálacha rómhór nó rochtain ar shonraí iomaíochta cuideachtaí, gur leagan de bhacainn atá iontu siúd freisin laistigh den mhargadh inmheánach; ag tabhairt dá haire go mbíonn cuideachtaí Eorpacha ag tuairisciú samplaí de na cleachtais sin go rialta, trí bhíthin SOLVIT, achainíocha a chuirtear faoi bhráid Choiste PETI nó mar ghearáin chuig an gCoimisiún;
59. á chur i bhfáth nár mhór pointe teagmhála fáilteach agus inrochtana a bheith ann le haghaidh saoránaigh agus gnólachtaí Eorpacha agus a gcuid ionadaithe, ina bhféadfaidís ceist a ardú faoi bhearta atá déanta ag Ballstáit ar bearta iad a chuireann bac le margadh aonair AE; á thabhairt chun suntais a riachtanaí a bheidh sé na gearáin sin a fhiosrú gan mhoill chun dul i ngleic le bacainní gan údar ar an margadh aonair a luaithe is féidir;
60. á mheabhrú go mbíonn an earnáil idirnáisiúnta iompair de bhóthar faoi réir bacainní neamhtharaife a shrianaíonn an rochtain ar mhargaí náisiúnta, rud a chuireann teorainn lena hiomaíochas
61. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá comhchuibhiú caighdeán maidir leis an margadh inmheánach agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé geallsealbhóirí agus gnólachtaí a dhéanamh níos rannpháirtí i bpróiseas an chomhchuibhithe chun nach mbeidh bacainní gan ghá ar an rochtain ar mhargadh aonair AE;
Faireachán ar fhorfheidhmiú agus comhlíonadh
62. á chur in iúl gur geal léi, i bprionsabal, an Tascfhórsa um Fhorfheidhmiú an Mhargaidh Aonair (SMET), a bhfuil sé mar aidhm leis measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht an dlí náisiúnta le rialacha an mhargaidh aonair agus tús áite a thabhairt do na bacainní is práinní, aghaidh a thabhairt ar an rórialáil agus saincheisteanna forfheidhmithe cothrománacha a phlé; á chur i bhfios nach amháin gur cheart do SMET fadhbanna a shainaithint, ach gur cheart dó réitigh féideartha a mholadh freisin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar geallsealbhóirí a chuimsiú a thuilleadh in oibriú SMET;
63. á mheabhrú, go dtí seo, nár tháinig ach torthaí teoranta amach as plean an Choimisiúin dlús a chur le forfheidhmiú dhlí AE trí bhíthin SMET, a thionóil a chéad chruinniú mí Aibreáin 2020; á chur in iúl gurb oth léi an easpa trédhearcachta a bhaineann le modhanna oibre SMET; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar thrédhearcacht SMET agus geallsealbhóirí a bheith ina measc siúd ag a chuid cruinnithe, agus a áirithiú freisin go ndéanfaidh SMET liosta rannpháirtithe, clár oibre agus miontuairiscí a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún torthaí nithiúla obair SMET a chur i láthair faoi dheireadh 2022, agus iad a sholáthar do Choiste na Parlaiminte um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus don Chomhairle Iomaíochais i gcomhréir le teachtaireacht an 10 Márta 2020 uaidh maidir le plean gníomhaíochta fadtéarmach chun rialacha an mhargaidh aonair a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú níos fearr (COM(2020)0094);
64. á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil ar bhacainní neamhtharaife a chur i láthair go rialta, gach trí bliana ar a laghad, Scórchlár an Mhargaidh Aonair atá ann faoi láthair a leathnú ar bhealach trédhearcach, agus liosta a thabhairt de na nósanna imeachta um shárú agus na rialacháin náisiúnta ina bhfuil amhras go bhfuil dlí AE á bhriseadh acu;
65. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnú a dhéanamh go comhsheasmhach, go mear agus go beacht i dtaobh cibé an gcuireann rialacha náisiúnta bac ar an margadh inmheánach, agus i gcás ina ndéanann siad amhlaidh, a mheasúnú an bhfuil siad riachtanach, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus an bhfuil údar maith leo amhail a shonraítear le Treoir (AE) 2015/1535 maidir le faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus le Treoir (AE) 2018/958(13) maidir le rochtain ar na gairmeacha rialáilte; ag tabhairt dá haire go bhfuil measúnuithe cuí tionchair agus bonn chirt a bhfuil míniú soiléir orthu ar iarraidh, go háirithe i ndáil le rialacha náisiúnta táirgí agus seirbhísí; á iarraidh ar an gCoimisiún cinntí tapa a dhéanamh maidir le gearáin chun a áirithiú go ndéileáiltear go pras le ceisteanna ábhartha ó pheirspictíocht an úsáideora deiridh de agus go réitítear go héifeachtúil iad;
66. á mheabhrú nach mór do na Ballstáit agus don Choimisiún, le linn saolré rialála, an fhreagracht a chomhroinnt maidir lena áirithiú go gcomhlíontar rialacha an mhargaidh aonair, go gcuirtear Comhaontú Pháras agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta san áireamh freisin, agus go ndéantar cearta na saoránach, lena n-áirítear cearta oibrithe agus cearta tomhaltóirí, a fhorfheidhmiú; á chur i bhfáth a riachtanaí atá comhchuibhiú uile-Aontais rialacha maidir le minicíocht agus cáilíocht seiceálacha agus gníomhaíochtaí eile faireachais margaidh, i ndáil le sábháilteacht táirgí go háirithe, agus maidir le huirlisí a chur chun cinn chun faisnéis a mhalartú idir údaráis náisiúnta d’fhonn an comhar sa réimse sin a neartú;
67. á iarraidh ar gach Ballstát a áirithiú go mbeidh na cumhachtaí íosta, mar aon le buiséad agus an fhoireann riachtanach, ag na húdaráis inniúla uile laistigh dá ndlínse chun a áirithiú go ndéanfar acquis an mhargaidh inmheánaigh a fheidhmiú go cuí;
68. á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé go ndéanfadh na húdaráis ábhartha faireachas agus cigireacht chomhréireach ar oibreoirí eacnamaíocha nach gcomhlíonann reachtaíocht agus go ndéanfaidís smachtbhannaí comhréireacha a fhorchur ina leith, gan beann ar a mBallstát bunaíochta; á chur i bhfáth go bhfuil sé fíor-riachtanach ní hamháin leas a bhaint as uirlisí le haghaidh comhair faireachais margaidh idir údaráis náisiúnta agus an Coimisiún, ach uirlisí nua a fhorbairt freisin chun réamhfhógra a thabhairt madiir le haon fhadhbanna neamhchomhlíontachta a chuireann sábháilteacht tomhaltóirí i mbaol, go háirithe trí mhaoirsiú breise a chur ar fáil ar leibhéal na hEorpa;
69. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá leibhéal comhchuibhithe níos airde lena n-áirítear comhar forfheidhmiúcháin éifeachtach agus éifeachtúil i measc na n-údarás inniúil chun sáruithe a bhrath agus a imscrúdú agus chun ordú a thabhairt scor díobh nó iad a thoirmeasc;
70. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh, agus á chur in iúl dá bhrí sin gur geal léi Scórchlár an Mhargaidh Inmheánaigh mar uirlis chun faireachán a dhéanamh ar fheidhmíocht; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le díospóireacht athfhillteach maidir le torthaí an Scórchláir ar na leibhéil pholaitiúla is airde, lena n-áiritheofaí tiomantas polaitiúil chun dul i ngleic leis na constaicí arna sainaithint, ní hamháin ó pheirspictíocht ghnó de ach maidir leis na dúshláin d’oibrithe, tomhaltóirí agus saoránaigh freisin, agus aird chuí á tabhairt ar cheisteanna beartais shóisialta agus chomhshaoil;
71. á chur in iúl gur geal léi fothú acmhainneachta maidir le riaracháin phoiblí náisiúnta, gairmithe soláthair phoiblí, breithiúna agus dlí-chleachtóirí eile a bheadh inchistithe faoin gclár tacaíochta le haghaidh athchóiriú;
Bacainní ar an margadh aonair mar gheall ar an bhfreagairt ar COVID-19
72. á mheabhrú nár cuireadh riachtanais an mhargaidh aonair san áireamh leis an bhfreagairt ar an bpaindéim a bhí ag na Ballstáit agus an Coimisiún ar dtús, agus á mheabhrú go raibh tionchar tromchúiseach aige sin ar shaorghluaiseacht trasteorann earraí, daoine agus seirbhísí; á chreidiúint go mbeidh gá le measúnú thairis sin ar thionchar na paindéime ar an margadh aonair chun teacht ar chonclúidí ag éirí as géarchéim COVID-19;
73. á iarraidh ar na Ballstáit, sa chás go dtéann cúrsa na paindéime in olcas, treoirlínte an Choimisiúin a chur chun feidhme go huile maidir le feidhmiú saoirse gluaiseachta oibrithe le linn ráig COVID-19 agus an teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal Towards a phased and coordinated approach for restoring freedom of movement and lifting internal border controls [I dtreo cur chuige céimnithe agus comhordaithe chun saoirse gluaiseachta a athbhunú agus rialuithe teorann inmheánach a bhaint] (C(2020)3250) chun deis a thabhairt d’oibrithe, go háirithe oibrithe iompair, teorann, phostáilte agus shéasúracha, agus do sholáthraithe seirbhísí, gluaiseacht trasna teorainneacha agus rochtain gan bac a bheith acu ar a n-ionad oibre;
74. á chur in iúl gur geal léi an pacáiste téarnaimh NextGenerationEU, treoirlínte AE maidir le bainistiú teorainneacha, na lánaí glasa iompair, Deimhniú Digiteach COVID an Aontais chun saorghluaiseacht a éascú, agus bearta breise a bhfuil mar aidhm leo deis a thabhairt don mhargadh aonair oibriú mar is gnách;
75. á chur in iúl gurb oth léi srianta breise taistil a bheith tugtha isteach ag roinnt Ballstát, srianta amhail coraintín le haghaidh sealbhóirí áirithe Teastas Digiteach COVID an AE; ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt de na srianta sin thar a bheith duaisiúil le haghaidh oibrithe trasteorann agus postaithe agus tiománaithe trucailí;
76. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach ndéanfaidh bearta COVID-19 difear don sreabhadh táirgí, bia go háirithe, laistigh den Aontas, lena n-áirítear críocha nach bhfuil nasctha le mórthír na hEorpa;
77. ag tabhairt dá haire gur tháinig srianta áirithe idir na Ballstáit agus laistigh díobh mar thoradh ar phaindéim COVID-19, chomh maith le meath in earnáil an óstáin, na bialainne agus na lónadóireachta, a raibh tionchar tubaisteach aici ar tháirgeadh bia;
78. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb í an fhorbairt inbhuanaithe, aistriú cóir, ionchuimsitheacht shóisialta agus cruthú post ar ardchaighdeán a chaithfidh an bealach a réiteach i dtreo téarnaimh;
79. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisún Ionstraim Éigeandála le haghaidh an Mhargaidh Aonair a chur i láthair; á iarraidh ar an gCoimisiún í a fhorbairt mar uirlis struchtúrtha a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí chun saoirse gluaiseachta daoine, earraí agus seirbhísí a áirithiú i gcás géarchéimeanna amach anseo;
80. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid réamhghníomhach a bhaint as na ceachtanna a foghlaimíodh agus plean freagartha le haghaidh éigeandálaí a fhorbairt, ar cheart go mbeadh sé mar aidhm leis freagairt chomhpháirteach a chinntiú agus saorghluaiseacht seirbhísí, earraí agus daoine, agus oibrithe trasteorann go hairithe, a choimirciú a mhéid is féidir; á mheabhrú a riachtanaí atá sé go dtabharfadh na Ballstáit fógra go pras maidir le bearta náisiúnta a chuirfeadh teorainn le saorghluaiseacht earraí agus seirbhísí;
81. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann don tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE (COM(2020)0727), go háirithe an togra uaidh chun sásra a chruthú a rialódh srianta ar onnmhairí trealaimh leighis sa mhargadh inmheánach;
82. á chur i bhfáth a phráinní atá rochtain níos leithne ar sheirbhísí agus teicneolaíochtaí digiteacha ar fíor-riachtanais iad le linn éigeandálaí chun go mbeidh an margadh aonair ag feidhmiú go rianúil agus chun go mbeidh rochtain ag saoránaigh agus gnólachtaí ar sheirbhísí poiblí trí réitigh ríomhrialtais; á aithint go bhfuil eisiamh digiteach agus easpa rochtana ar an idirlíon ar na bacainní neamhtharaife is suntasaí ar chlaochlú digiteach mhargadh aonair AE;
o o o
83. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;
Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22).
Treoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach (IO L 376, 27.12.2006, lch. 36).
Treoir (AE) 2015/1535 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meán Fómhair 2015 lena leagtar síos nós imeachta chun faisnéis a sholáthar i réimse na rialachán teicniúil agus na rialacha maidir le seirbhísí na Sochaí Faisnéise (IO L 241, 17.9.2015, lch. 1).
Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach (IO L 60 I, 2.3.2018, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí (IO L 169, 25.6.2019, lch. 1).
Rialachán (AE) 2019/515 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Márta 2019 maidir le haitheantas frithpháirteach a thabhairt d’earraí atá ar an margadh go dleathach i mBallstát eile (IO L 91, 29.3.2019, lch. 1).
Treoir 2014/67/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le forfheidhmiú Threoir 96/71/CE maidir le hoibrithe a phostú faoi chuimsiú seirbhísí a sholáthar (IO L 159, 28.5.2014, lch. 11).
Treoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagóracha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach (IO L 149, 11.6.2005, lch. 22).
Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil chomhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha (IO L 173, 9.7.2018, lch. 25).