Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2022/2564(RSP))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint dá rúin roimhe seo maidir leis an Rúis agus an Úcráin, agus go háirithe rún an 16 Nollaig 2021 maidir leis an staid ag teorainn na hÚcráine agus i gcríocha na hÚcráine atá faoi fhorghabháil ag an Rúis(1),
– ag féachaint do na ráitis maidir leis an Úcráin ó cheannairí Pharlaimint na hEorpa an 16 agus an 24 Feabhra 2022,
– ag féachaint don dearbhú ón Ardionadaí thar ceann an Aontais Eorpaigh an 24 Feabhra 2022 maidir le hionradh fhórsaí armtha Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin,
– ag féachaint do na ráitis ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus ó Uachtarán an Choimisiúin an 24 Feabhra 2022 maidir le greas míleata na Rúise i gcoinne na hÚcráine nach raibh aon chúis leis agus nach bhfacthas a leithéid riamh cheana,
– ag féachaint do na ráitis ó Uachtarán na hÚcráine agus ó Uachtarán an Choimisiúin le déanaí maidir leis an staid san Úcráin,
– ag féachaint do ráiteas ó G7 an 24 Feabhra 2022,
– ag féachaint do Mheabhrán Bhúdaipeist maidir le Ráthaíochtaí Slándála 1994,
– ag féachaint do phrionsabail Nurnberg a d’fhorbair Coimisiún Dlí Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe, lena gcinntear cad is coir chogaidh ann,
– ag féachaint do Reacht na Róimhe ón gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta an 17 Iúil 1998,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 24 Feabhra 2022,
– ag féachaint do Chairt na Náisiún Aontaithe,
– ag féachaint d’Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí an 1 Lúnasa 1975 agus do dhoiciméid ina dhiaidh sin,
– ag féachaint do Riail 132(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
A. de bhrí, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus le prionsabail an dlí idirnáisiúnta, go bhfuil ceannasacht chomhionann ag gach stát agus go staonfaidh siad ina gcaidreamh idirnáisiúnta ón bhforneart a bhagairt nó a úsáid i gcoinne iomláine chríochach nó neamhspleáchas polaitiúil aon stáit;
B. de bhrí go ndearna Cónaidhm na Rúise ionradh gan chúis agus gan údar ar an Úcráin an 24 Feabhra 2022;
C. de bhrí go ndearnadh an t-ionsaí míleata i gcoinne na hÚcráine i bpáirt ó chríoch na Bealarúise, a chabhraigh agus a chumasaigh ionsaí na Rúise; de bhrí go bhfuil uachtarán neamhdhlisteanach na Bealarúise díreach tar éis reifreann bréagach a reáchtáil chun an bunreacht a leasú agus neodracht na Bealarúise a lagú; de bhrí go mbeadh láithreacht airm núicléacha na Rúise ar chríoch na Bealarúise ina bagairt do shlándáil na hEorpa;
D. de bhrí, an 21 Feabhra 2022, gur thug Cónaidhm na Rúise aitheantas ar bhonn aontaobhach do neamhspleáchas na gcríoch atá faoi smacht fhórsaí scarúnaíocha a fhaigheann tacaíocht ón Rúis i gcodanna de réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine, rud a chuir deireadh a bheag nó a mhór le Comhaontuithe Mhionsc; de bhrí gurb ionann gníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise agus ionsaí míleata réamhbheartaithe, rud atá ina shárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta, ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar na prionsabail a chumhdaítear in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975, agus go mbaineann siad an bonn go mór ó shlándáil agus cobhsaíocht na hEorpa agus an domhain;
E. de bhrí go bhfuil smacht á choinneáil ag fórsaí armtha na hÚcráine atá faoi cheannas an Uachtaráin Volodymyr Zelenskyi ar chríoch iomlán na hÚcráine, beagnach, lena n-áirítear príomhchathair na hÚcráine, Cív, agus réigiúin theas na tíre, rud a chuireann cosc ar ionróirí na Rúise aon cheann dá gcuspóirí réamhchinnte a bhaint amach, lena n-áirítear deireadh a chur le ceannaireacht na hÚcráine a toghadh go daonlathach;
F. de bhrí go ndearna Cónaidhm na Rúise na hiarrachtaí taidhleoireachta teacht ar réiteach ar an ngéarchéim atá ann faoi láthair a chur ar míthreoir agus a chur dá mbonn d’aon ghnó, ar géarchéim í dá déanamh féin, chun an t-am agus an buntáiste oirbheartaíochta ba ghá a bhaint amach chun ionsaí míleata iomlán i gcoinne na hÚcráine agus ionradh uirthi a ullmhú;
G. de bhrí gur ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh sraith thosaigh smachtbhannaí i gcoinne na Rúise, lena n-áirítear smachtbhannaí spriocdhírithe aonair, smachtbhannaí eacnamaíocha agus airgeadais agus srianta trádála, agus go leanann sí de smachtbhannaí breise a ullmhú i ndlúthchomhar le comhghuaillithe trasatlantacha agus le comhpháirtithe eile idirnáisiúnta a bhfuil an dearcadh céanna acu;
H. de bhrí go ndearna Uachtarán an Choimisiúin ráiteas an 27 Feabhra 2022 maidir leis an gcaidreamh atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo leis an Úcráin, ina ndúirt sí: ‘[...] is pobal dár gcuid iad. Is pobal againn féin iad agus táimid ag iarraidh go mbeidís san Aontas’; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na sibhialtach Úcránach atá ag fáil bháis sa chogadh a thosaigh an Chreimil i gcoinne phobal na hÚcráine; de bhrí gur gortaíodh na céadta agus gur fhág roinnt céad míle a dtithe nó gur theith siad chuig tíortha comharsanachta; de bhrí go bhfuil tuairiscí ann faoi sháruithe iomadúla ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta a rinne trúpaí na Rúise, lena n-áirítear tuairgneáil neamhshrianta ar limistéir chónaithe, ospidéil agus naíscoileanna, maoin phoiblí agus phríobháideach a chreachadh, agus an bonneagar sibhialtach a scriosadh go hainrianta; de bhrí go bhfuil níos mó ná 14 000 duine, idir phearsanra míleata agus shibhialtaigh, tar éis bás a fháil laistigh de 8 mbliana de choinbhleacht a chothaigh Cónaidhm na Rúise in oirthear na hÚcráine, agus go bhfuil dochar tromchúiseach á dhéanamh i gcónaí do shlite beatha phobal na gcríoch san Úcráin atá faoi smacht na Rúise agus na gcríoch san Úcráin atá ionghafa ag an Rúis agus de bhrí go bhfuil difear tromchúiseach á dhéanamh i gcónaí do na réigiúin máguaird san Úcráin;
1. ag géarcháineadh ionsaí míleata neamhdhleathach gan chúis agus gan údar Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus ionradh Chónaidhm na Rúise ar an Úcráin, agus rannpháirtíocht na Bealarúise san ionsaí sin;
2. á éileamh go ndéanfadh Cónaidhm na Rúise deireadh a chur láithreach le gach gníomhaíocht mhíleata san Úcráin, agus na fórsaí míleata agus paraimíleata uile agus an trealamh míleata uile a tharraingt siar gan choinníoll ó chríoch iomlán na hÚcráine, ar críoch í a aithnítear go hidirnáisiúnta, agus go n-urramódh sí iomláine chríochach, ceannasacht agus neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha, ar teorainneacha iad a aithnítear go hidirnáisiúnta;
3. á chur i bhfios go láidir gur sárú tromchúiseach ar an dlí idirnáisiúnta iad an t-ionsaí míleata agus an t-ionradh míleata, agus go sáraíonn siad go háirithe Cairt na Náisiún Aontaithe, agus á iarraidh ar Chónaidhm na Rúise filleadh ar chomhlíonadh na bhfreagrachtaí atá ar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe i ndáil leis an tsíocháin agus leis an tslándáil a chothabháil agus ar a gealltanais a urramú faoi Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí, faoi Chairt Pháras don Eoraip Nua agus faoi Mheabhrán Bhúdaipeist; á mheas go ndéanann ionradh na Rúise ar an Úcráin ionsaí ní hamháin ar thír cheannasach ach freisin ar phrionsabail agus ar shásra an chomhair agus na slándála san Eoraip agus ar an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, mar a shainítear i gCairt na Náisiún Aontaithe;
4. á ghéarcháineadh go bhfuil úsáid á baint ag arm na Rúise as críoch na Bealarúise, le tacaíocht ó fhórsaí na Bealarúise, chun ionsaí míleata a sheoladh i gcoinne na hÚcráine, agus ag cur in iúl gur cúis mhór imní di na rioscaí a bhaineann leis an mBealarúis a neodracht a thréigean agus arm na Rúise a óstáil;
5. ag cur a dlúthpháirtíocht iomlán le muintir na hÚcráine in iúl, a d’fhulaing 8 mbliana cogaidh ina dtír cheana féin, agus ag géarcháineadh ghníomhaíochtaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
6. ag tabhairt ómós don mhisneach éachtach atá léirithe ag muintir na hÚcráine, a n-uachtarán gaisciúil Volodymyr Zelenskyi agus na saighdiúirí cróga atá ag cosaint a dtíre i gcoinne ionróirí na Rúise; á iarraidh ar an domhan saor tacú lena gcomhrac ar son na síochána agus na saoirse le gach acmhainn atá ar fáil dóibh;
7. ag tathant go leanfaí leis na hiarrachtaí taidhleoireachta chun deireadh a chur le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus teacht ar réiteach síochánta bunaithe ar urraim do cheannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine agus ar phrionsabail an dlí idirnáisiúnta, chomh maith le ceart na hÚcráine cinneadh a dhéanamh gan cur isteach seachtrach maidir le comhghuaillíochtaí a bheidh aici amach anseo; ag tathant ar Chónaidhm na Rúise filleadh ar chonair an idirphlé agus na taidhleoireachta chun na daoine san Úcráin agus i dtíortha eile, mar aon leis na daoine ina tír féin, a shábháil ó sciúirse an chogaidh;
8. ag cáineadh an aitheantais aontaobhaigh a thug Cónaidhm na Rúise ar neamhspleáchas na limistéar atá faoi fhorghabháil na Rúise i réigiúin Donetsk agus Luhansk na hÚcráine agus ag tathant ar gach tír staonadh ó aitheantas den sórt sin a thabhairt; á athdhearbhú nach n-aithníonn an t-Aontas Eorpach ionghabháil neamhdhleathach na Crimé agus go bhfuil sí á cáineadh aige fós mar shárú ar an dlí idirnáisiúnta agus go bhfuil sé tiomanta go fóill a bheartas neamhaitheantais a chur chun feidhme go hiomlán, lena n-áirítear trí bhearta sriantacha agus comhar i bhfóraim idirnáisiúnta;
9. ag diúltú go neamhbhalbh do reitric na Rúise lena dtugtar le fios nach mbeadh an dara rogha eile ann ach airm ollscriosta a úsáid, i gcomhthéacs struchtúr domhanda an neamhleata, na dí-armála agus an rialaithe arm, struchtúr atá imithe in olcas agus creimthe cheana féin; á mheabhrú do Chónaidhm na Rúise go bhfuil oibleagáidí idirnáisiúnta aici agus ag tabhairt rabhadh go mbaineann contúirtí le géarú núicléach na coinbhleachta; á chur in iúl gur cúis imní di gur ardaigh Cónaidhm na Rúise leibhéal foláirimh a harmlainne núicléiche; á mheabhrú do Chónaidhm na Rúise go bhféadfadh aon bhriogadh ag teorainn aon Bhallstáit nó aon ionsaithe ar shoithí in imchuach na Mara Duibhe a bheith ina gcúis le géarú breise ar an gcoinbhleacht;
10. á chur in iúl gur cúis dobróin di na básanna tragóideacha agus an fhulaingt dhaonna arb é ionsaí na Rúise is cúis leo agus á chur i bhfáth go bhfuil ionsaithe i gcoinne sibhialtach agus an bhonneagair shibhialtaigh chomh maith le hionsaithe neamh-idirdhealaitheacha toirmiscthe faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta agus, dá bhrí sin, gurb ionann iad agus coireanna cogaidh;
11. á chur i bhfáth gur gá béim ar leith a leagan ar ghrúpaí leochaileacha, mionlaigh, agus mná agus leanaí, ós rud é go mbíonn siad buailte go trom i gcásanna coinbhleachta agus go bhfuil cosaint agus tacaíocht speisialta ag teastáil uathu, go háirithe leanaí i gcúram institiúideach, leanaí neamhthionlactha, agus leanaí faoi mhíchumas agus leanaí a bhfuil breoiteacht thromchúiseach eile orthu, lena n-áirítear ailsí leanaí, agus á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go bhfaighidh siad fós cúram riachtanach agus cóireáil a shábhálfaidh a mbeatha, agus go n-aslonnófar chun sábháilteachta iad;
12. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cabhair dhaonnúil éigeandála bhreise a sholáthar don Úcráin i gcomhar le gníomhaireachtaí daonnúla na Náisiún Aontaithe agus le heagraíochtaí comhpháirtíochta idirnáisiúnta eile; ag tathant ar Chónaidhm na Rúise rochtain shábháilte gan bhac a dheonú do ghníomhaireachtaí daonnúla na Náisiún Aontaithe, lena n-áirítear sna limistéir in oirthear na hÚcráine nach bhfuil faoi rialú an rialtais ar bhonn sealadach;
13. á chur in iúl gur geal léi an tiomantas a thug an Coimisiún agus Uachtaránacht na Fraince ar an gComhairle an Treoir um Chosaint Shealadach(2) a ghníomhachtú chun rochtain láithreach ar chosaint a sholáthar do na dídeanaithe uile ón Úcráin; ag tathant ar na Ballstáit an togra sin a fhormheas ag an gComhairle Ceartais agus Gnóthaí Baile an 4 Márta 2022; ag tathant ar an gComhairle an fhreagracht maidir le glacadh dídeanaithe a shroicheann teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh a roinnt go cothrom i measc na mBallstát; á iarraidh ar an gCoimisiún sásra dlúthpháirtíochta a bhunú chun dídeanaithe ón Úcráin atá tagtha sa Pholainn, san Ungáir, sa Rómáin agus sa tSlóvaic a athlonnú chuig Ballstáit eile agus á iarraidh go gcuirfear stop ar bhonn uile-Aontais ar oibríochtaí um fhilleadh go dtí an Úcráin; á iarraidh ar na Ballstáit fad a chur le víosaí mhic léinn na hÚcráine agus sealbhóirí eile víosa na hÚcráine;
14. á chur in iúl gur geal léi cur chuige gníomhach rialtais na Polainne, na hUngáire, na Rómáine, na Bulgáire, na Slóvaice agus na Moldóive maidir lena dteorainneacha a choinneáil ar oscailt agus bealaí le haslonnú, dídean, cúnamh éigeandála, cúnamh leighis agus tearmann a sholáthar do dhaoine atá ag teitheadh ón gcogadh san Úcráin agus géarleanúint ionchasach, lena n-áirítear náisiúnaigh Úcránacha agus neamh-Úcránacha araon; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún cistiú breise a chur ar fáil do na tíortha sin toisc gurb iad na tíortha sin na príomhphointí iontrála do dhídeanaithe ón Úcráin isteach san Aontas Eorpach; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún gan an comhaontú maidir le tarscaoileadh víosaí leis an Úcráin a chur ar fionraí; á iarraidh ar na Ballstáit uile náisiúnaigh neamh-Úcránacha atá ag teitheadh ón gcoinbhleacht agus ón gcogadh a ligean isteach mar dhiúltóirí coinsiasacha ón Rúis; ag meabhrú do na Ballstáit uile go bhfuil sé de fhreagracht orthu urraim a thabhairt do chearta bunúsacha na n-iarrthóirí tearmainn go léir atá ag lorg sábháilteachta san Aontas, gan beann ar a náisiúntachtaí, agus deireadh a chur le brú siar; ag cáineadh an chiníochais a d’fhulaing mic léinn ón Afraic agus ón Meánoirthear ar cuireadh cosc orthu dul ar bord busanna agus traenacha san Úcráin chun an teorainn a bhaint amach nó ar cuireadh stop leo ag an teorainn agus ar cuireadh cosc orthu, dá bhrí sin, sábháilteacht a lorg;
15. á chur in iúl gur geal léi glacadh mear smachtbhannaí ag an gComhairle agus é mar aidhm leo a chur ina luí ar Chónaidhm na Rúise deireadh a chur lena hionsaithe i gcoinne na hÚcráine; á áitiú, áfach, i bhfianaise na n-ionsaithe is déanaí a rinneadh, lena n-áirítear na hionsaithe sin i gcoinne limistéir chónaithe agus bonneagar sibhialtach, gur gá smachtbhannaí diana breise a ghlacadh;
16. á iarraidh go leathnófar raon feidhme na smachtbhannaí agus go mbeidh siad dírithe ar gheilleagar agus bonn tionsclaíoch na Rúise a lagú go straitéiseach, go háirithe an coimpléasc tionsclaíoch míleata, agus ar an gcaoi sin cumas Chónaidhm na Rúise an tslándáil idirnáisiúnta a chur i mbaol sa todhchaí a lagú, agus go ndéanfar na smachtbhannaí a leathnú chuig an mBealarúis bunaithe ar an tacaíocht dhíreach atá tugtha di d’ionradh na Rúise ar an Úcráin;
17. á iarraidh, go háirithe, go gcuirfear srian leis na hearraí onnmhairithe is tábhachtaí ón Rúis, lena n-áirítear ola agus gás, go gcuirfear toirmeasc ar infheistíocht nua de chuid an Aontais Eorpaigh i gCónaidhm na Rúise agus ar infheistíocht nua Rúiseach san Aontas Eorpach, go gcuirfear bac ar gach banc Rúiseach sa chóras airgeadais Eorpach, go gcuirfear cosc ar Chónaidhm na Rúise agus ar an mBealarúis ó chóras SWIFT agus go bhforchuirfear smachtbhannaí tánaisteacha ar bhainc a úsáideann modhanna malartacha seachas SWIFT le haghaidh idirbhearta gaolmhara nó go bhforchuirfear smachtbhannaí orthu atá comhchosúil leis na smachtbhannaí arna bhforchur i gcoinne bhainc na Rúise nó an chórais baincéireachta, agus á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar thiomsú cistí nó iasachtaí a fháil ar mhargaí Eorpacha ó mhargaí caipitil tánaisteacha; á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar rochtain ar sholáthar poiblí de chuid an Aontais Eorpaigh i dtaca le hearraí agus seirbhísí a thagann ón Rúis agus ón mBealarúis a cheannach; á iarraidh go gcuirfear toirmeasc ar onnmhairiú aon táirgí ardteicneolaíochta agus earraí straitéiseacha chuig margadh na Rúise; á iarraidh go ndéanfar an maoiniú do gach clár comhair leis an Rúis i réimse na taighde agus na nuálaíochta a fhaigheann tacaíocht ó chistí de chuid an Aontais Eorpaigh a bhlocáil nó a tharraingt siar láithreach agus go gcuirfear cláir idir-réigiúnacha ar fionraí; á iarraidh go mbeidh calafoirt an Aontais Eorpaigh dúnta do longa na Rúise; á iarraidh go gcuirfear toirmeasc láithreach ar chistí infheistíochta agus bainc arna rialú ag an Rúis amhail an Banc Infheistíochta Idirnáisiúnta oibriú san Aontas Eorpach; á iarraidh go ndiúltófar rochtain ar chalafoirt uile an Aontais Eorpaigh do longa arb í Cónaidhm na Rúise an calafort cuarda deireanach nó an chéad chalafort cuarda eile atá acu, seachas i gcás cúiseanna riachtanacha daonnúla a bhfuil údar cuí leo; á chur in iúl gur geal léi an toirmeasc ar eitiltí ag aeriompróirí na Rúise chomh maith le heitiltí ag eitleáin phríobháideacha Rúiseacha in aerspás an Aontais Eorpaigh; á iarraidh go ndéanfar smachtbhannaí comhchosúla i gcoinne na Bealarúise a ghlacadh agus a chur i bhfeidhm go hiomchuí;
18. á thabhairt chun suntais gur gá cur chuige comhleanúnach i leith smachtbhannaí a choinneáil gan aon díolúintí arna spreagadh le leasanna earnálacha nó náisiúnta; á chur i bhfios go láidir gur gá do na Ballstáit a aithint agus glacadh leis an bhfíoras go mbeidh éifeachtaí diúltacha dosheachanta ann ar a staid eacnamaíoch mar thoradh ar smachtbhannaí diana i gcoinne Chónaidhm na Rúise agus á iarraidh ar an gCoimisiún modhanna agus bealaí a shainaithint agus a éascú chun dul i ngleic le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na smachtbhannaí;
19. á chur i bhfáth nach mór gach rud a dhéanamh chun an Rúis a thabhairt ar ais chuig an mbord caibidlíochta; á mheabhrú gurb í an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, mar shocrú réigiúnach faoi Chaibidil VIII de Chairt na Náisiún Aontaithe, an chéad rogha i gcónaí chun díospóidí sa réigiún a réiteach ar bhealach síochánta; á iarraidh go mbainfí úsáid as sásraí réitithe géarchéime na Náisiún Aontaithe; á iarraidh ar an Aontas Eorpach, ar a Bhallstáit agus ar na Stáit Aontaithe leanúint dá n-iarrachtaí taidhleoireachta chun deireadh a chur leis an gcogadh san Úcráin;
20. á iarraidh go mbeadh sos comhraic ann go láithreach agus ar bhonn neamhchoinníollach; ag éileamh go bhfanfadh bealaí cumarsáide leis an Rúis oscailte agus go n-ullmhófaí na páirtithe lena mbaineann don idirphlé agus don chaibidlíocht go dtí go mbeidh sos comhraic i bhfeidhm agus go gcuirfear deireadh leis an gcogadh;
21. ag áitiú nach mór go leanfadh na smachtbhannaí uile a bheidh ann amach anseo a chomhordú go dlúth le comhghuaillithe trasatlantacha agus le comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil an dearcadh céanna acu chun a n-éifeachtacht a uasmhéadú;
22. ag athdhearbhú a hiarrataí roimhe seo chun spleáchas fuinnimh a laghdú go suntasach, go háirithe ar ghás, ola agus gual Rúiseach, inter alia, trí fhoinsí fuinnimh a éagsúlú, lena n-áirítear críochfoirt gáis nádúrtha leachtaithe agus bealaí soláthair a leathnú, stóráil gáis a dhíchuachadh, agus éifeachtúlacht fuinnimh agus luas an aistrithe chuig fuinneamh glan a mhéadú; á iarraidh go dtabharfaí cúl le píblíne Nord Stream 2 go cinntitheach agus á chur in iúl, dá bhrí sin, gur díol sásaimh di cinneadh Rialtas na Gearmáine stop a chur le deimhniú Nord Stream 2; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sásra comhordúcháin a chruthú agus taisclanna gáis féideartha uile a úsáid chun soláthar gáis gan bhriseadh ar fud an Aontais Eorpaigh a áirithiú; á iarraidh ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar an mBanc Ceannais Eorpach faireachán a dhéanamh go cúramach ar thionchar an ionsaithe ón Rúis ar chobhsaíocht airgeadais agus ar chobhsaíocht praghsanna, go háirithe i ndáil le táirgí fuinnimh, agus breathnú ar bhearta iomchuí a dhéanamh chun aon tionchar diúltach eacnamaíoch agus sóisialta a mhaolú; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le haon chomhar leis an Rúis sa réimse núicléach, go háirithe comhar le Rosatom agus a fhochuideachtaí, lena n-áirítear comhar leis an Rúis sa Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach agus ceadúnais oibriúcháin le haghaidh fhochuideachtaí uile Rosatom a fhoirceannadh nó a bhaint; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh tionchar ar leith a bheith ag na smachtbhannaí ar theaghlaigh na hEorpa agus nár cheart dóibh a bheith thíos leis an ngéarchéim seo; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit pleananna agus fóirdheontais a ullmhú do theaghlaigh chun doimhniú na géarchéime fuinnimh a sheachaint;
23. á iarraidh go gcomhlánófaí córas smachtbhannaí domhanda an Aontais Eorpaigh atá ann cheana le hionstraim a bheidh tiomanta don éilliú a chomhrac agus go nglacfaí go gasta smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne daoine aonair atá freagrach as éilliú ardleibhéil sa Rúis agus sa Bhealarúis mar aon le holagarcaí agus oifigigh gar don cheannaireacht; á iarraidh go ndéanfadh na Ballstáit agus na tíortha comhghuaillithe a bhfuil scéimeanna acu lena mbronntar cead cónaithe as infheistíocht a dhéanamh athbhreithniú ar thairbhithe uile de stádas cónaithe den chineál sin agus stádas atá ag daoine aonair Rúiseacha a bhfuil glanfhiúchas ard acu agus ag a dteaghlaigh a chúlghairm, go háirithe iad siúd atá nasctha le daoine aonair agus cuideachtaí a bhfuil smachtbhannaí ina leith; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na rialacha atá ann cheana maidir le frithsciúradh airgid a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú go comhsheasmhach agus tuilleadh trédhearcachta a chruthú, go háirithe maidir leis na cistí arna dtaisceadh nó arna gcaitheamh san Aontas Eorpach ag scothaicme na Rúise; ag athdhearbhú a hiarrata sócmhainní olagarcaí san Aontas Eorpach atá gar do cheannaireacht na Rúise agus sócmhainní a dteaghlach a reo agus a víosaí Schengen a chur ar ceal;
24. ag athdhearbhú gur bunchloch comhchosanta é ECAT do na Ballstáit ar comhghuaillithe ECAT iad; á chur in iúl gur díol sásaimh di an aontacht idir an tAontas Eorpach, ECAT agus comhpháirtithe daonlathacha eile a bhfuil an dearcadh céanna acu agus aghaidh á tabhairt ar ionsaí na Rúise, ach á chur i bhfios go láidir gur gá a seasamh díspreagtha, a hullmhacht agus a hathléimneacht chomhchoiteann a mhéadú; ag moladh go neartófaí láithreacht tosaigh fheabhsaithe ECAT sna Ballstáit is gaire don Rúis, an stát is ionsaitheoir, agus don choinbhleacht ó thaobh na tíreolaíochta de; á thabhairt clásail an Aontais Eorpaigh maidir le cúnamh frithpháirteach agus dlúthpháirtíocht chun suntais agus á iarraidh go lainseálfar freachnaimh choiteanna;
25. á chur i bhfáth go n-éilítear leis an ionsaí seo go n-ullmhódh an tAontas Eorpach agus ECAT do gach féidearthacht; á chur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, gníomhachtú phleananna cosanta ECAT chomh maith le gníomhachtú fhórsaí freagartha ECAT agus a n-imscaradh páirteach, sa bhreis ar imscaradh trúpaí ó chomhghuaillithe ECAT lena n-áirítear an Ríocht Aontaithe, na Stáit Aontaithe agus Ceanada, chun an taobh thoir a neartú agus tuilleadh ionsaithe de chuid na Rúise a dhíspreagadh; ag athdhearbhú a hiarrata ar na Ballstáit an caiteachas ar chosaint a mhéadú agus cumais níos éifeachtaí a áirithiú agus leas iomlán a bhaint as na hiarrachtaí comhpháirteacha cosanta laistigh den chreat Eorpach, go háirithe an Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO) agus an Ciste Eorpach Cosanta, chun an colún Eorpach laistigh de ECAT a neartú, rud a mhéadóidh slándáil thíortha ECAT agus na mBallstát araon;
26. ag cáineadh go láidir na bagairtí a rinne Cónaidhm na Rúise i gcoinne na mBallstát nach comhghuaillithe ECAT iad agus á iarraidh ar na Ballstáit sin breathnú ar na roghanna atá acu chun a slándáil a mhéadú; ag tacú lena gceart ceannasach a mbeartais slándála a roghnú; á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhordú dlúth idir ECAT agus an Fhionlainn agus an tSualainn, ar tíortha comhpháirtíochta iad;
27. á iarraidh go méadófaí an rannchuidiú chun acmhainneachtaí cosanta na hÚcráine a neartú; ag tacú go láidir leis an gcinneadh stairiúil cistiú suntasach breise a leithdháileadh chun airm chosanta a sholáthar don Úcráin tríd an tSaoráid Eorpach Síochána agus trí sholáthar trealaimh mhíleata ó na Ballstáit; á iarraidh go ndéanfaí an cinneadh nua sin, chomh maith leis na bearta cúnaimh a soláthraíodh don Úcráin faoi Shaoráid Eorpach Síochána an 2 Nollaig 2021, lena n-áirítear maoiniú aonad míleata leighis, lena n-áirítear ospidéil mhachaire, aonaid innealtóireachta, soghluaisteachta agus lóistíochta, chomh maith le tacaíocht maidir leis an gcibearshlándáil, a chur chun feidhme láithreach agus go hiomlán; á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar na Ballstáit cur chun feidhme gasta agus éifeachtúil na gcinntí sin a éascú;
28. á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le soláthar arm cosanta chun na hÚcráine mar fhreagairt ar riachtanais arna sainaithint go soiléir agus i gcomhréir le hAirteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe, lena gceadaítear féinchosaint aonair agus chomhchoiteann, chun comhar faisnéise leis an Úcráin a mhéadú maidir leis an ionsaí leanúnach agus chun íomhánna satailíte a chomhroinnt trí SatCen agus trí chórais satailíte eile;
29. ag aithint an chinnidh a rinneadh chun pearsanra mhisean sibhialtach chomhbheartas slándála agus cosanta an Aontais Eorpaigh (Misean Comhairleach an Aontais Eorpaigh) a aistriú ón Úcráin d’fhonn sábháilteacht phearsanta a ráthú agus á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar shábháilteacht na foirne áitiúla; á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú práinneach ar shainordú an mhisin agus go ndéanfar é a nuashonrú le gné oiliúna míleata; ag tacú le neartú Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh chuig an Moldóiv agus chuig an Úcráin (EUBAM) ag an teorainn idir an Úcráin agus Poblacht na Moldóive/an Tras-dnístria;
30. ag áitiú gur gá don Aontas Eorpach, do ECAT agus do na comhpháirtithe idirnáisiúnta a bhfuil an dearcadh céanna acu dlús a chur leis an gcúnamh cibearshlándála a thugann siad don Úcráin; á chur in iúl gur díol sásaimh di imscaradh tosaigh shaineolaithe na Foirne Mearfhreagartha Cibirtheagmhas atá maoinithe ag PESCO agus á iarraidh go mbainfear leas iomlán as córas cibear-smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i gcoinne daoine aonair, eintitis agus comhlachtaí atá freagrach nó a bhfuil baint acu leis na cibirionsaithe éagsúla atá spriocdhírithe ar an Úcráin; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú práinneach ar iarratas na hÚcráine ar Ionad Barr Feabhais Chomhar um Chibearchosaint (CCDCOE) ECAT agus go dtacódh comhaltaí uile CCDCOE leis an iarratas;
31. ag cáineadh na húsáide a bhaineann údaráis na Rúise, na meáin stáit agus seach-ionadaithe as an gcogaíocht faisnéise chun deighilt a chruthú le hábhar dímheasúil agus insintí bréagacha faoin Aontas Eorpach, faoi ECAT agus faoin Úcráin, agus é mar aidhm séanadh sochreidte a chruthú d’ainghníomhartha na Rúise; á iarraidh ar na Ballstáit uile, dá bhrí sin, ceadúnú craolacháin do chainéil uile meán stáit na Rúise a chur ar fionraí láithreach, lena n-áirítear a n-athchraoladh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí feabhas a chur ar fhaisnéis mhalartach ar líne sa Rúisis maidir leis na forbairtí atá ag titim amach chun cur i gcoinne na bréagaisnéise, chun a áirithiú go ndéanfaí ráitis phoiblí de chuid an Aontais Eorpaigh a aistriú go Rúisis agus freisin go mbeadh fónamh ar lucht labhartha na Rúisise agus ar ardáin as Rúisis; á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin go mbeadh cosc ar chraoladh Russia Today agus Sputnik san Aontas Eorpach, agus ag athdhearbhú na n-iarrataí ar Google agus YouTube go ndéanfaidís cuntais bolscaireachta cogaidh a thoirmeasc;
32. á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit deireadh a chur leis na ceadúnais bogearraí do threalamh míleata agus sibhialtach sa Rúis agus sa Bhealarúis, go háirithe an trealamh sin a úsáidtear don chumarsáid agus don loingseoireacht satailíte;
33. á chur i bhfios an gá leanúnach atá ag an Aontas Eorpach a chuid athléimneachta féin in aghaidh ionsaithe hibrideacha a neartú;
34. á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit leanúint den tacaíocht eacnamaíoch agus airgeadais is láidre is féidir a chur ar fáil don Úcráin, mar aon le cúnamh macra-airgeadais agus teicniúil nuair is gá, lena n-áirítear i réimsí a bhaineann le cosaint agus le slándáil, chun aon ionstraim bhuiséadach de chuid an Aontais Eorpaigh atá ar fáil a ghníomhachtú agus chun straitéis fhadtéarmach a fhorbairt chun tacú le hiarrachtaí na hÚcráine cur le hathléimneacht a hinstitiúidí daonlathacha agus a geilleagair;
35. á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar a Bhallstáit plean cúnaimh agus téarnaimh ilbhilliún euro don Úcráin a ullmhú chun tacú le geilleagar na hÚcráine agus le hatógáil a bonneagair loite; á chur i bhfios go láidir gurb í Chónaidhm na Rúise atá freagrach as loiteadh bonneagair de chuid na hÚcráine, lena n-áirítear foirgnimh shibhialtacha agus chónaithe, chomh maith leis na caillteanais mhóra eacnamaíocha, agus go mbeidh uirthi cúiteamh a thabhairt ar an damáiste a rinneadh de bharr a cuid gníomhaíochtaí ionsaitheacha;
36. ag athdhearbhú a cuid tacaíochta diongbháilte do cheannasacht agus iomláine chríochach na dtíortha uile de Chomhpháirtíocht an Oirthir agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leo, go háirithe leis an Moldóiv, maidir le dídean shealadach a sholáthar do dhídeanaithe ón Úcráin agus maidir le feabhas a chur ar a n-athléimneacht in aghaidh ionsaithe ón Rúis a d’fhéadfadh tarlú i réimsí na cosanta, na cibearshlándála agus na cumarsáide straitéisí;
37. á iarraidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh oibriú ionsar stádas mar iarrthóir ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a thabhairt don Úcráin, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus ar bhonn tuillteanais, agus, idir an dá linn, leanúint den obair i dtreo a comhtháthaithe i margadh aonair an Aontais Eorpaigh ar nós an Chomhaontaithe Comhlachais;
38. ag tabhairt dá haire agus is ábhar mór imní di na hiarrachtaí dianseasmhacha ó Chónaidhm na Rúise tíortha na mBalcán Thiar a dhíchobhsú agus trasnaíocht a dhéanamh ina bpróisis dhaonlathacha; ag cáineadh iad siúd a léirigh tacaíocht do Chónaidhm na Rúise i ndiaidh a hionsaithe i gcoinne na hÚcráine agus ag moladh na tacaíochta atá á léiriú ag na tíortha de na Balcáin Thiar ar chomhghuaillithe Eora-Atlantacha iad; á chur in iúl gurb oth léi go láidir neamhailíniú na Seirbia le smachtbhannaí an Aontais Eorpaigh i gcoinne na Rúise, rud a dhéanann dochar do phróiseas aontachais na Seirbia leis an Aontas, agus á athdhearbhú go bhfuil sí ag dréim leis go ndéanfaidh iarrthóirí aontachais leis an Aontas ailíniú, ní hamháin le acquis an Aontais Eorpaigh, ach le comhbheartas eachtrach agus slándála an Aontais Eorpaigh chomh maith;
39. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó Chomhairle na hEorpa cearta ionadaíochta Chónaidhm na Rúise a chur ar fionraí agus an cinneadh ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) chun deireadh a chur le próiseas aontachais na Rúise;
40. á chur in iúl a cuid tuisceana agus tacaíochta do shaoránaigh na Rúise agus na Bealarúise a chuaigh ag agóidíocht ar na sráideanna le laethanta beaga anuas, ag cur a sábháilteachta féin i mbaol, chun cáineadh a dhéanamh ar an gcogadh a seoladh in ainm Chónaidhm na Rúise agus le tacaíocht ó dheachtóir neamhdhlisteanach na Bealarúise, agus á cháineadh gur gabhadh na mílte agóideoirí síochánta agus á iarraidh go scaoilfear saor láithreach iad;
41. á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit tacú leis na gluaiseachtaí frithchogaidh atá ag agóid i gcoinne ionradh Putin ar an Úcráin sa Rúis agus sa Bhealarúis;
42. á iarraidh ar eagraíochtaí idirnáisiúnta eile, go háirithe i réimse an chultúir agus an spóirt, breithniú a dhéanamh ar rannpháirtíocht na Rúise a chur ar fionraí freisin; á chur in iúl gur geal léi chuige sin an cinneadh ó Aontas Craolacháin na hEorpa chun bac a chur ar rannpháirtíocht na Rúise i gcomórtas amhránaíochta na hEoraifíse agus an cinneadh ó UEFA chun an Rúis a chur as Craobh Shraith na gCuradh, mar aon leis na cinntí ó iliomad foirne náisiúnta gan imirt in aghaidh na Rúise i mbabhtaí cáilithe agus i gcluichí eile an Choirn Dhomhanda; á iarraidh ar chónaidhmeanna eile spóirt rannpháirtíocht na Rúise ina gcuid imeachtaí a chur ar fionraí, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an cinneadh ó FIFA rannpháirtíocht na Rúise sa Chorn Domhanda a chur ar fionraí;
43. á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit líon na n-ionadaithe taidhleoireachta agus consalacha Rúiseacha san Aontas Eorpach agus sna Ballstáit a laghdú, go háirithe agus ar bhonn láithreach i gcás ina mbaineann a gcuid gníomhaíochtaí leis an arm;
44. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht agus cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine agus don tsochaí shibhialta sa Rúis agus sa Bhealarúis, a mbeidh orthu dul i ngleic le cniogbheartaíocht ghéar, lena n-áirítear trí víosaí éigeandála a eisiúint chun an Rúis agus an Bhealarúis a fhágáil más gá;
45. á chur i bhfios go láidir go n-áiritheoidh an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit go dtabharfar chun cuntais na déantóirí coireanna cogaidh agus sáruithe in aghaidh chearta an duine, lena n-áirítear iad siúd a chuidigh le coireanna den sórt sin trí bhíthin na bolscaireachta; á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus a Bhallstáit, dá bhrí sin, oibriú le comhlachtaí idirnáisiúnta chun fianaise a bhailiú agus chun tacú le dlínse agus imscrúduithe na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta maidir le haon choir chogaidh a rinneadh laistigh de chríoch na hÚcráine ón 20 Feabhra 2014 ar aghaidh chun Vladimir Putin agus Aliaksandr Lukashenka a thabhairt faoi réim an cheartais, agus chun an dlínse sin agus na himscrúduithe sin a chur chun cinn;
46. á chur in iúl gur geal léi an seisiún speisialta de Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun béim a leagan ar cháineadh daingean ón bpobal idirnáisiúnta ar na gníomhaíochtaí a rinneadh in ainm Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus gur geal léi go bhfuil sé beartaithe go nglacfaí rún ina n-éilítear smachtbhannaí i gcoinne Chónaidhm na Rúise mar stát is ionsaitheoir; á chur in iúl gur saoth léi cros na Rúise maidir leis an rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe arb é is aidhm leis deireadh a chur le hionsaí míleata Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine;
47. á iarraidh go ndéanfaí imscrúdú de chuid Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a thionscnamh faoi Chaibidil VI de Chairt na Náisiún Aontaithe (Airteagail 34-35); á iarraidh ar an tSín, mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, lánurraim a thabhairt do cheannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine, agus an tionchar atá aici ar an Rúis a úsáid chun deireadh a chur leis an ionsaí reatha, ionsaí a chuireann an chobhsaíocht idirnáisiúnta i mbaol;
48. ag cáineadh Chónaidhm na Rúise as oibríochtaí míleata a dhéanamh i ngaireacht dhíreach do bhonneagar criticiúil, amhail stáisiúin núicléacha, dambaí agus monarchana ceimiceán; á chur in iúl gur cúis mhór imní di staid Stáisiún Núicléach Shearnóbail tar éis d’fhórsaí na Rúise é a ghabháil, agus ar sárú é ar gach rialachán a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le sábháilteacht stáisiún núicléach agus a bhfuil úsáid á baint as mar thúschlár le haghaidh ionsaí i gcoinne Chív, lena n-áirítear ionsaithe le sliogáin airtléire; á iarraidh ar an gcomhphobal idirnáisiúnta dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid agus á iarraidh go dtionólfaí cruinniú práinneach de Bhord Gobharnóirí na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach maidir leis na hiarmhairtí sábháilteachta núicléacha a d’fhéadfadh a bheith ag ionsaí na Rúise;
49. ag tabhairt dá haire agus is ábhar mór imní di forghabháil agus rialú Stáisiún Núicléach Shearnóbail ag fórsaí míleata na Rúise; á iarraidh ar an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach tascfhórsa speisialta a chruthú chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí Chónaidhm na Rúise sa mhéid a bhaineann le sábháilteacht na suíomhanna núicléacha, na saoráidí núicléacha agus na mbreoslaí núicléacha;
50. á iarraidh ar institiúidí an Aontais Eorpaigh measúnú a dhéanamh ar an tionchar comhshaoil atá ag an gcogadh ar an réigiún;
51. á chur in iúl gur cúis mhór imní di an chomhghuaillíocht idir páirtithe atá i bhfad amach ar an eite dheis agus a bhfuil ionadaíocht acu i bParlaimint na hEorpa agus páirtí rialaithe na Rúise agus an tionchar atá acu ar ár ndaonlathas, mar aon le cistiú eachtrach agus rúnda páirtithe, daoine aonair agus gluaiseachtaí atá dírithe ar an ilroinnt shóisialta agus ar dhíchobhsú an Aontais Eorpaigh;
52. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig na Náisiúin Aontaithe, chuig Comhairle na hEorpa, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na hÚcráine, chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Chónaidhm na Rúise agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint na Bealarúise.
Treoir 2001/55/CE ón gComhairle an 20 Iúil 2001 maidir le caighdeáin íosta chun cosaint shealadach a thabhairt i gcás insreabhadh ollmhór daoine easáitithe agus maidir le bearta lena gcuirtear cothromaíocht iarrachtaí chun cinn idir na Ballstáit agus na daoine sin á nglacadh isteach acu agus na hiarmhairtí lena mbaineann á mbraistint (IO L 212, 7.8.2001, lch. 12).