Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive (COM(2022)0020 – C9-0015/2022 – 2022/0010(BUD))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0020 – C9‑0015/2022),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2) (‘Rialachán CAI’), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0038/2022),
A. de bhrí go ndearna an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha a chur ar bun chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe atá buailte ag iarmhairtí an domhandaithe agus na n-athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar an digitiú nó uathoibriú;
B. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe arb é is aidhm dóibh tairbhithe a athimeascadh go mear i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach a bheidh níos glaise agus níos digití;
C. de bhrí gur thíolaic an Spáinn iarratas EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis do 705 oibrí a bheith curtha ar iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear(4) faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí) i réigiún NUTS 2 Cataluña (ES51) sa Spáinn, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2021;
D. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 346 oibrí iomarcacha ar tháinig a ngníomhaíocht chun deiridh le linn na tréimhse tagartha san earnáil eacnamaíoch, agus gur cuireadh 359 oibrí ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh mar thoradh ar na teagmhais chéanna a spreag deireadh le gníomhaíocht na n-oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha agus go measfar, dá bhrí sin, gur tairbhithe incháilithe iad freisin;
E. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (b), de Rialachán CED, faoina gceanglaítear scor gníomhaíochta de 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 6 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ag rannán NACE Athbhreithniú 2 agus atá lonnaithe i réigiún amháin nó dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2 i mBallstát;
F. de bhrí gur fhógair Nissan, an 28 Bealtaine 2020, go ndúnfaí a ghléasra in Barcelona, lenar fágadh gur cuireadh 2 500 oibrí de chuid an ghléasra ar iomarcaíocht agus gur cailleadh 8 000 post i measc a soláthraithe; de bhrí go bhfuil na hiomarcaíochtaí dá dtagraítear san iarratas seo comhchruinnithe i gceithre chontae de chúige Barcelona (Barcelonès, Alt Penedés, Baix Llobregat agus Vallés Oriental), contaetha ina bhfuil líon mór comhlachtaí in earnáil na ngluaisteán suite; de bhrí, maidir le líon na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht de bharr nós imeachta comhchoiteann iomarcaíochta idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2021 sa Chatalóin (7 993 dhuine), gur mó an líon sin ná líon na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht sa bhliain 2020 (7 936 dhuine), agus gur tháinig méadú ar scriosadh na fostaíochta sa réigiún le linn na tréimhse 2018-2020;
G. de bhrí nach rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 000 000 (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán CAI;
1. ag aontú leis an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (b), de Rialachán CED agus go bhfuil an Spáinn i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 2 795 156 faoin Rialachán sin, arb ionann é agus 85 % de chostas iomlán EUR 3 288 419, lena gcuimsítear caiteachas EUR 3 138 300 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 150 119 as CED a chur chun feidhme(5);
2. ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Spáinne an t-iarratas an 23 Meán Fómhair 2021, agus gur thug an Coimisiún a mheasúnú chun críche an 20 Eanáir 2022 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 705 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Spáinn ag dréim leis go mbeidh 450 tairbhí as na tairbhithe incháilithe iomlána rannpháirteach sna bearta (tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu); á chur i bhfios go láidir an gá atá le trédhearcacht ag gach céim den nós imeachta agus á iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme agus meastóireacht an phacáiste seirbhísí;
4. á mheabhrú go meastar go mbeidh tionchar sóisialta na n-iomarcaíochtaí tábhachtach do Cataluña, áit arb é tionscal na ngluaisteán an tríú earnáil is tábhachtaí (i ndiaidh ceimiceán agus bia) ó thaobh láimhdeachais agus fostaíochta de araon;
5. á chur i bhfios go bhfuil 34,9 % de na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu os cionn 54 bliana d’aois, gur mná iad 44,4 % díobh agus go bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí ar níos lú ná 50,4 % díobh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbaineann dúshláin shonracha don athfhostaíocht le próifíl aoise agus leibhéal oideachais na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear sainiúlachtaí aoise, leibhéal an oideachais agus an ceangal atá eatarthu san áireamh go cuí agus pacáiste na seirbhísí pearsantaithe á chur chun feidhme;
6. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Spáinn ar sheirbhísí pearsantaithe a chur ar fáil do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 17 Eanáir 2022 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 17 Eanáir 2022 go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin a theacht i bhfeidhm;
7. á mheabhrú go bhfuil na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist le seirbhísí pearsantaithe atá le cur ar fáil do na hoibrithe iomarcacha, ar fiú 37,8 % den tacaíocht airgeadais iomlán iad: ceardlanna ar mhodheolaíochtaí cuardaigh poist, gairmthreoir, oiliúint (inniúlachtaí cothrománacha, athsciliú, uas-sciliú agus intéirneachtaí, mar aon le gairmoiliúint), tacaíocht fiontraíochta, deontais cruthaithe gnó, dianchúnamh cuardaigh poist, lena n-áirítear ionchais fostaíochta áitiúila agus réigiúnacha a shainaithint, teagasc tar éis ath-imeascadh san obair agus dreasachtaí airgeadais éagsúla;
8. á chur in iúl gur geal léi gur beartaíodh go mbeadh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhréir le Straitéis Geilleagair Chiorclaigh na Spáinne(6), nach mór a bheith bunaithe ar thimthriallta ábhair neamhthocsaineacha, agus an Straitéis maidir le Forbairt Inbhuanaithe na Catalóine(7) agus gur thacaigh ionadaithe SOC(8), CIAC(9), agus Agència per la Competitivitat de l’Empresa (ACCIÓ)(10) le hiarratas CED, i bpróiseas a raibh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ann(11); ag tabhairt dá haire gur cheart go bhfreastalódh bearta oiliúna ar an gceanglas i dtaobh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch a scaipeadh agus i ngeilleagar glas a bheadh tíosach ar acmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán CED;
9. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear leis na dreasachtaí costais ranníocaíochta suas le EUR 20 in aghaidh an lae d’oibrithe iomarcacha nó EUR 350 in aghaidh na míosa do na daoine a fhilleann ar an obair, ar feadh 3 mhí ar a mhéad; á chur i bhfios go láidir gurb é is aidhm don dreasacht ná spreagadh a thabhairt d’athfhostaíocht mhear agus d’oibrithe scothaosta fanacht sa mhargadh saothair;
10. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Spáinne nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais an Aontais;
11. á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta fhaighteoirí leithdháileadh CED chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú;
12. á mheabhrú go bhfuil dícharbónú na hearnála iompair ar tí tarlú; ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar freisin ag an gclaochlú digiteach agus glas ar mhargadh an tsaothair agus go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh tionchar suntasach aige ar earnáil na ngluaisteán; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur cheart ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir leis na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil don athrú cóir i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; ag tacú go láidir le CED in 2021-2027 agus, le linn na tréimhse sin, go leanfaidh sé de dhlúthpháirtíocht a léiriú le daoine a ndearnadh difear dóibh agus go gcoinneoidh sé an fócas ar an tionchar atá ag athstruchtúrú ar oibrithe agus á iarraidh go ndéanfar comhleanúnachas beartais a uasmhéadú sna hiarratais a dhéanfar sa todhchaí; á mheas gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an oideachas cáilithe, lena n-áirítear an ghairmoiliúint agus an córas déphrintíseachta mar a thugtar air a chur chun cinn, ar córas é a bhfuil sé léirithe go bhfuil sé éifeachtach i roinnt Ballstát;
13. ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile; á chur i bhfios go láidir an gá atá le trédhearcacht ag gach céim den nós imeachta; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta sa mheitheal a cuireadh ar bun chun an pacáiste beart a n-iarrtar cómhaoiniú CED ina leith a shainiú agus á iarraidh go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i gcur chun feidhme phacáiste na seirbhísí agus sa mheastóireacht a dhéantar air;
14. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
15. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
16. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Na fiontair lena mbaineann: Aludyne Automotive Spain SLU, Bosch Sistemas de Frenado SLU, Continental Automotive Spain SA, Faurencia Interior Systems España SAU, Fico Transpar SA, Gruau Ibérica SLU, Magna Seating Spain SLU, Nobel Plastiques Iberia SA, Robert Bosch España (gléasra Castellet), U-Shin Spain SLU