Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/0015(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0037/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0037/2022

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 08/03/2022 - 11
CRE 08/03/2022 - 11

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0055

Téacsanna atá glactha
PDF 128kWORD 51k
Dé Máirt, 8 Márta 2022 - Strasbourg
Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha - iarratas EGF/2022/000 TA 2022 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún
P9_TA(2022)0055A9-0037/2022
Rún
 Iarscríbhinn

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh – EGF/2022/000 TA 2022 – Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún (COM(2022)0025 – C9-0025/2022 – 2022/0015(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0025 – C9‑0025/2022),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), (‘Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020’), agus go háirithe pointe 9 de,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0037/2022),

A.  de bhrí gur bhunaigh an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe a bhfuil an domhandú agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil tar éis difear a dhéanamh dóibh, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar an digitiú nó uathoibriú;

B.  de bhrí gur cheart cúnamh an Aontais d’oibrithe iomarcacha a bheith dinimiciúil agus gur cheart é a chur ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir, ag féachaint go cuí do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 i dtaca le cinntí a ghlacadh chun an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a shlógadh;

C.  de bhrí gur leathnaigh an tAontas raon feidhme CED ar dtús chun tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcás aon mhórtheagmhais athstruchtúrúcháin, agus, ar an gcaoi sin, chun éifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 a chumhdach;

D.  de bhrí gur leathnaíodh raon feidhme CED a thuilleadh le glacadh Rialachán CED nua in 2021 chuig mórtheagmhais athstruchtúrúcháin a tharla mar thoradh ar an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin nó mar thoradh ar an digitiú nó uathoibriú, agus ag an am céanna an tairseach is gá do ghníomhachtú CED a laghdú ó 500 oibrí iomarcach go dtí 200;

E.  de bhrí gur socraíodh le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle gurb é EUR 186 mhilliún (i bpraghsanna 2018) an t-uasmhéid bliantúil do CED agus de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 11(1) de Rialachán CED gur féidir suas le 0,5 % den mhéid sin a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún;

F.  de bhrí nach ndearna an Coimisiún aon chúnamh teicniúil a iarraidh in 2021 mar gheall ar éiginnteacht maidir le hoibríochtaí ginearálta, go háirithe teagmhais a mbeadh láithreacht fhisiciúil ag teastáil lena n-aghaidh, de bharr phaindéim COVID-19;

G.  de bhrí go bhféadfadh caiteachas teicniúil agus riaracháin a bheith i gceist le cúnamh teicniúil do chur chun feidhme CED, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, mar aon le bailiú sonraí, lena n-áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin a chuireann le hinfheictheacht CED ina cháil mar chiste nó maidir le tionscadail shonracha agus bearta cúnaimh theicniúil eile;

H.  de bhrí gurb ionann an méid molta de EUR 290 000 agus thart ar 0,14 % den bhuiséad bliantúil uasta atá ar fáil le haghaidh CED in 2022;

1.  ag aontú leis na bearta atá molta ag an gCoimisiún atá le maoiniú mar chúnamh teicniúil i gcomhréir hAirteagal 11(1) agus (4), chomh maith le hAirteagal 12(2), (3) agus (4), de Rialachán CED;

2.  á chur in iúl gur geal léi suíomh gréasáin tiomnaithe a bheith curtha ar bun le haghaidh CED agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a nuashonrú agus a leathnú go rialta, chun infheictheacht dlúthpháirtíochta Eorpaí a léiríonn CED don phobal i gcoitinne agus trédhearcacht ghníomhaíocht an Aontais a mhéadú;

3.  á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach ar nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh iarratais CED agus bhainistíocht CED ag baint úsáid as na feidhmeanna a bhaineann leis an gcóras um malartú sonraí leictreonacha (an Comhchóras um Bainistíocht Cistí Comhroinnte - SFC), lenar féidir próiseáil iarratas a éascú agus a dhéanamh níos tapúla, agus ag baint úsáid as tuairisciú níos fearr;

4.  ag tabhairt dá haire go n-úsáidfidh an Coimisiún an buiséad atá ar fáil faoin tacaíocht riaracháin chun cruinnithe a thionól de Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED, lena n-áirítear beirt chomhalta ó gach Ballstát, agus seimineár amháin ina mbeidh comhlachtaí cur chun feidhme CED agus comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach chun líonrú i measc Ballstáit a chur chun cinn;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chuireadh a thabhairt go córasach don Pharlaimint go dtí na cruinnithe agus na seimineáir sin i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir an Pharlaimint agus an Coimisiún;

6.  á iarraidh ar an gCoimisiún na dea-chleachtais a forbraíodh le linn thréimhse phaindéim COVID-19 a oiriúnú, nuair is iomchuí agus nuair is gá, agus gan deireadh a chur leo go hiomlán nuair a cheadaíonn cúinsí na paindéime é, ach iad a úsáid mar bhonn le haghaidh modhanna oibre agus malartuithe níos fearr;

7.  á chur i bhfios gur gá feasacht ghinearálta agus infheictheacht CED a neartú tuilleadh; á chur i bhfios gur féidir an sprioc sin a bhaint amach trí CED a chumhdach i bhfoilseacháin éagsúla de chuid an Choimisiúin agus gníomhaíochtaí closamhairc éagsúla de chuid an Choimisiúin dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán CED;

8.  á mheabhrú do na Ballstáit is iarratasóirí an ról lárnach atá acu i bhfógraíocht a dhéanamh go forleathan faoi na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag CED do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal i gcoitinne, mar a leagtar amach in Airteagal 12 de Rialachán CED;

9.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

10.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

11.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

(1) IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.
(2) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.
(3) IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.


IARSCRÍBHINN

CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2022/000 TA 2022 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)

(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/457.)

An nuashonrú is déanaí: 3 Meitheamh 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais