Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030 (COM(2020)0652 – C9-0329/2020 – 2020/0300(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0652),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0329/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 27 Eanáir 2021(1),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Feabhra 2021(2),
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Nollaig 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0203/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo(3);
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. a threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Glacann an seasamh seo ionad na leasuithe arna nglacadh an 8 Iúil 2021 (Téacsanna a glacadh, P9_TA(2021)0352).
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 10 Márta 2022 chun go nglacfaí Cinneadh (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár Ginearálta Gníomhaíochta Comhshaoil an Aontais go dtí 2030
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Cinneadh AE) 2022/591.)