Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2003(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0025/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0025/2022

Díospóireachtaí :

PV 08/03/2022 - 16
CRE 08/03/2022 - 16

Vótaí :

PV 09/03/2022 - 13
CRE 09/03/2022 - 13
PV 10/03/2022 - 2
CRE 10/03/2022 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0073

Téacsanna atá glactha
PDF 217kWORD 74k
Déardaoin, 10 Márta 2022 - Strasbourg
Plean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne
P9_TA(2022)0073A9-0025/2022

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 10 Márta 2022 ar Phlean Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne (2021/2003(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW) an 18 Nollaig 1979, agus do Mholadh Ginearálta Uimh. 30 maidir le mná i gcásanna coinbhleachtaí, coinbhleachta agus iarchoinbhleachta de Choiste na Náisiún Aontaithe um Idirdhealú in aghaidh na mBan a Dhíothú an 18 Deireadh Fómhair 2013,

–  ag féachaint do Dhearbhú Bhéising 1995 agus don Ardán Gníomhaíochta ón gCeathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná agus do thorthaí na gcomhdhálacha athbhreithnithe,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD) agus dá theacht i bhfeidhm in AE an 21 Eanáir 2011, i gcomhréir le Cinneadh 2010/48/CE ón gComhairle an 26 Samhain 2009 maidir leis an gComhphobal Eorpach do thabhairt Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas i gcrích(1),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumas 2021-2030’ (COM(2021)0101),

–  ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe, a glacadh i mí Mheán Fómhair 2015 agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) de, go háirithe spriocanna 1, 4, 5, 8, 10 agus 17,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún EIS Uimh. 100 de 1951 maidir le Luach Saothair Comhionann na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún EIS Uimh. 111 de 1958 maidir le hIdirdhealú (i gCúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha),

–  ag féachaint do Choinbhinsiún EIS Uimh. 190 de 2019 maidir le Foréigean agus Ciapadh,

–  ag féachaint do Mholadh EIS Uimh. 202 de 2012 maidir le Bunchosaintí Sóisialta,

–  ag féachaint do Cheathrú Coinbhinsiún na Ginéive maidir le cosaint daoine sibhialta in aimsir chogaidh den 12 Lúnasa 1949,

–  ag féachaint do rúin 1325 (2000), 1820 (2008), 1888 (2009), 1889 (2009), 1960 (2010), 2106 (2013), 2122 (2013), 2242 (2015), 2467 (2019) agus 2493 (2019) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le mná, maidir leis an tsíocháin agus maidir leis an tslándáil,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) an 11 Bealtaine 2011,

–  ag féachaint do Choinbhinsiúin Chomhairle na hEorpa maidir le Gníomhaíocht in aghaidh Gáinneáil ar Dhaoine an 16 Bealtaine 2005 agus maidir le Leanaí a Chosaint ar Dhúshaothrú Gnéasach agus ar Mhí-úsáid Ghnéasach an 25 Deireadh Fómhair 2007,

–  ag féachaint don Chomhdháil Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt (CIDF), arna reáchtáil i gCaireo in 1994, agus dá clár gníomhaíochta, agus do thorthaí a comhdhálacha athbhreithnithe agus do Chruinniú Mullaigh Nairobi 2019 (CIDF+25) lena ndearnadh comóradh 25bliana na Comhdhála a cheiliúradh,

–  ag féachaint do Chlár Oibre Gníomhaíochta Addis Ababa arna ghlacadh ag an Tríú Comhdháil Idirnáisiúnta um Maoiniú Forbraíochta a reáchtáladh i mí Iúil 2015,

–  ag féachaint do Thionscnamh Comhpháirteach Spotsolais an Aontais Eorpaigh agus na Náisiún Aontaithe, a bhfuil sé mar aidhm leis gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní a dhíothú,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus d’Airteagail 8, 153(1) agus 208 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 23 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh ó mhí an Mheithimh 2016,

–  ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don tSlándáil an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta AE maidir le hInscne (GAP) III – clár oibre uaillmhianach maidir le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban i ngníomhaíocht sheachtrach AE 2021-2025’ (JOIN(2020)0017), agus don Doiciméad Inmheánach Oibre Comhpháirteach dar teideal ‘Cuspóirí agus Táscairí chun cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta maidir le hInscne III (2021-25) a cheapadh’ (SWD(2020)0284),

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014(2),

–  ag féachaint d’fhaisnéisiú beartais Ardrúnaí na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘Tionchar COVID-19 ar Mhná’ an 9 Aibreán 2020,

–  ag féachaint don tuarascáil ó Chiste na Náisiún Aontaithe ar mhaithe leis an bPobal dar teideal Impact of the COVID-19 Pandemic on Family Planning and Ending Gender-based Violence, Female Genital Mutilation and Child Marriage [Tionchar Phaindéim COVID-19 ar Phleanáil Teaghlaigh agus deireadh a chur le Foréigean Inscne, Ciorrú Ball Giniúna Ban, agus Pósadh Leanaí], a foilsíodh an 27 Aibreán 2020,

–  ag féachaint do straitéis dhomhanda na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) chun díothú na hailse ceirbheacsaí a luathú mar fhadhb sláinte poiblí a seoladh i mí na Samhna 2020,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Márta 2020 dar teideal ‘Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2025’ (COM(2020)0152),

–  ag féachaint do Threoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil 2019-2024 an 5 Iúil 2019,

–  ag féachaint don Fhóram ‘Generation Equality’ a tionóladh ón 29 go dtí an 31 Márta 2021 i gCathair Mheicsiceo agus ón 30 Meitheamh go dtí an 2 Iúil 2021 i bPáras, agus do na gealltanais a fógraíodh chun dlús a chur leis an dul chun cinn maidir le comhionannas inscne a bhaint amach ar fud an domhain, agus don ‘Phlean Domhanda maidir le dlús a chur leis an gComhionannas Inscne’ agus don ‘Comhshocrú nua maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil agus Gníomhaíocht Dhaonnúil’ a seoladh mar thoradh ar an bhFóram,

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/947 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 31 Bealtaine 2018 maidir le cur chun feidhme an Doiciméid Inmheánaigh Oibre Chomhpháirtigh (SWD(2015)0182) – Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan: Saol na gCailíní agus na mBan a Bhunathrú chun Feabhais trí Chaidreamh Seachtrach an Aontais Eorpaigh (2016–2020)(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 12 Feabhra 2020 ar straitéis Eorpach chun an ciorrú ball giniúna ban a dhíothú ar fud an domhain(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 13 Feabhra 2020 maidir le tosaíochtaí an Aontais Eorpaigh don 64ú seisiún de Choimisiún na Náisiún Aontaithe ar Stádas na mBan(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le gné na hinscne i ngéarchéim COVID-19 agus sa tréimhse iar-ghéarchéime(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir leis an mbearna inscne san earnáil dhigiteach a dhúnadh:, rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar digiteach(9),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 ar chomóradh 25 bliana na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt (CIDF25) (Cruinniú Mullaigh Nairobi)(10),

–  ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 ar staid na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe in AE, faoi chuimsiú shláinte na mban(11),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus ón gCoiste um Buiséid,

–  ag féachaint don tuarascáil chomhpháirteach ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0025/2022),

A.  de bhrí gur luach de chuid an Aontais Eorpaigh é an comhionannas inscne agus gur ceart bunúsach agus uilechoiteann é;

B.  de bhrí gurb é an foréigean inscnebhunaithe de gach cineál, go háirithe feimeamharú, an cineál is measa den neamhionannas inscne; de bhrí go bhfuil foréigean inscne le tuiscint mar fhíorchineál idirdhealaithe agus mar shárú ar chearta an duine;

C.  de bhrí gur gá cearta na mban a chosaint agus bearta a dhéanamh chun gach cineál dúshaothraithe, foréigin, leatroim agus neamhionannais idir mná agus fir a chomhrac; de bhrí go bhfuil gá leis na noirm inscne a cheistiú lena mbuanaítear éagothroime agus lena ndéantar bearta agus athchóirithe reachtacha éifeachtacha a ghlacadh agus a chur chun feidhme, i measc bearta eile, chun foréigean inscne a chosc;

D.  de bhrí gur cúis agus iarmhairt é an foréigean bunaithe ar inscne mar gheall ar éagothromaíochtaí struchtúracha agus easpa dáileadh cothrom cumhachta; de bhrí, chun an foréigean a chomhrac, go dteastaíonn tuiscint ar na cúiseanna leis agus ar na fachtóirí a rannchuidíonn leis; de bhrí go bhfuil an neamhionannas inscne greanta go mór i luachanna na sochaí atá bunaithe ar steiréitíopaí inscne; de bhrí gur sprioc agus réamhriachtanas iad fir agus buachaillí a mhealladh i dtreo comhionannas inscne chun comhionannas inbhuanaithe agus éifeachtach a bhaint amach;

E.  de bhrí go bhfuil an foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní léirithe i bhfoirmeacha éagsúla nach bhfuil comheisiach, lena n-áirítear cibearfhoréigean; de bhrí, de réir meastachán, go ndearnadh níos mó ná leath (58 %) de 14 000 bean agus cailín i 31 thír a chiapadh agus a mhí-úsáid ar líne;

F.  de bhrí gur mó an baol foréigin do mhná a bhfuil féiniúlachtaí agus leochaileachtaí forluiteacha acu;

G.  de bhrí go bhfuil AE agus na Náisiúin Aontaithe tar éis an Tionscnamh Spotsolais a sheoladh d’fhonn foréigean in aghaidh na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear foréigean gnéasach, a chomhrac;

H.  de bhrí gur cineál tromchúiseach foréigin é teacht i dtír gnéasach a mbíonn tionchar aige ar mhná agus ar chailíní den chuid is mó; de bhrí gur gá do AE tacú le tíortha comhpháirtíochta chun go ndéanfaidh siad maoiniú a mhéadú do thacaíocht shóisialta agus do rochtain ar sheirbhísí d’íospartaigh na gáinneála agus an teacht i dtír ghnéasaigh, le tacaíocht shíceolaíoch agus shóisialta ó speisialtóirí, agus seirbhísí speisialaithe a thabhairt isteach atá tiomnaithe do chuimsiú iomlán shóisialta agus eacnamaíocha ban agus cailíní leochaileacha chun iad a shaoradh ó theacht i dtír gnéasach;

I.  de bhrí, maidir le seirbhísí cúraim sláinte agus seirbhísí a bhaineann le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SCGA), nach mór rochtain uilíoch a bheith inti; de bhrí gur cearta bunúsacha na mban iad cearta sláinte, go háirithe cearta sláinte gnéis agus atáirgthe, agus gur cheart iad a neartú agus nach féidir iad a laghdú ar bhealach ar bith ná iad a bhaint; de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar dhioscúrsa áirithe lena gcuirtear i mbaol caomhnú ceart gnéis agus atáirgthe laistigh agus lasmuigh den Aontas araon;

J.  de bhrí go bhfuil idirdhealú struchtúrtha trasnach i measc na mban ina n-éagsúlacht uile bunaithe ar chine, eitneacht, reiligiún nó creideamh, míchumas, sláinte, cúlra socheacnamaíoch, stádas breithe, aois, aicme, stádas dídeanaí nó imirce, treoshuíomh gnéasach agus féiniúlacht inscne, ar gá é a aithint mar bhac ar leas iomlán a bhaint as cearta bunúsacha;

K.  de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach don eolas agus don rialachas domhanda sonraí imdhealaithe agus inchainníochtaithe a bhailiú maidir le neamhionannas inscne, agus fachtóirí trasnacha á gcur san áireamh;

L.  de bhrí go bhfuil cearta na mban agus na gcailíní faoi bhagairt agus go bhfuil an spás d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta (ESSanna), go háirithe iad siúd a chosnaíonn cearta na mban, chomh maith le heagraíochtaí feimineacha agus pobail, ag laghdú i go leor tíortha laistigh agus lasmuigh de AE araon; de bhrí go bhfuil an fhrithfhreagairt i gcoinne na mban agus chearta LADTIA+ á tabhairt faoi deara ar fud an domhain agus go bhfuil teorannú ar SRHR agus toirmeasc ar ghnéasoideachas agus ar staidéar inscní i gceist leis;

M.  de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaí ESSanna a chumhachtú agus cistiú leormhaith a sholáthar dóibh chun cearta na mban agus na gcailíní i dtíortha comhpháirtíochta a chosaint chun meon nua sochaíoch agus comhdhearcadh lena n-éascaítear comhionannas inscne a ghiniúint; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht ghníomhach eagraíochtaí ban ar an láthair riachtanach chun GAP III a chur chun feidhme go rathúil;

N.  de bhrí go mbíonn tionchar díréireach ag líon na staideanna éigeandála atá ag dul i méid, amhail na staideanna sin a eascraíonn as coinbhleachtaí armtha, tubaistí nádúrtha agus athrú aeráide, ar mhná agus ar chailíní;

O.  de bhrí go raibh tionchar tromchúiseach ag paindéim COVID-19 agus ag na bearta dianghlasála ina dhiaidh sin ar mhná agus ar chailíní agus gur chuir siad leis an neamhionannas inscne atá ann cheana, go háirithe rochtain ar oideachas agus ar chúram sláinte, go háirithe SRHR, chomh maith le cothromaíocht oibre is saoil; de bhrí go bhfuil méadú ar an bhforéigean inscne agus ar an neamhionannas sóisialta agus eacnamaíoch mar thoradh air sin;

P.  de bhrí go raibh tionchar díréireach ag an bpaindéim ar mhná; de bhrí gur mná iad 70 % de na hoibrithe sóisialta agus sláinte atá ag troid COVID-19 ar an líne thosaigh, bídís ina n-altraí, ina ndochtúirí nó ina nglantóirí; de bhrí go bhfuil níos mó brú fós ar mhná atá ag obair sa bhaile, atá dífhostaithe nó atá ag obair go páirtaimseartha, de bhrí go bhfuil siad fós faoi bhrú ag formhór na timireachta tí agus teaghlaigh; de bhrí go dtugtar le fios leis na sonraí atá ar fáil gur tháinig ardú ar líon na mban a d’fhulaing foréigean agus/nó ciapadh le linn dhianghlasáil COVID-19;

Q.  de bhrí go bhfuil easpa iníonacha léinn i réimsí staidéir na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice (STEM);

R.  de bhrí go bhfuil ionadaíocht chomhionann, rannpháirtíocht chomhionann agus tionchar comhionann na mban agus na bhfear sa saol polaitiúil ina réamhchoinníoll do shochaí fhíordhaonlathach; de bhrí go bhfuil síocháin níos inbhuanaithe ann mar gheall ar rannpháirtíocht chuiditheach na mban agus na gcailíní i gcosc, i réiteach agus in atógáil coinbhleachtaí;

S.  de bhrí go mbeidh bearta chun neamhionannais a chomhrac ríthábhachtach don téarnamh iarphaindéime; de bhrí gur cheart go mbeadh rannpháirtíocht, ionadaíocht agus ceannaireacht na gcailíní agus na mban mar thosaíocht agus na bearta sin á gceapadh, á gcur chun feidhme agus á meas acu;

T.  de bhrí gur dúshlán fós é urraim do dhínit an duine agus do chomhionannas inscne a bhaint amach; de bhrí nach mbeidh aon tír ar domhan gar do chomhionannas inscne a bhaint amach roimh 2030;

U.  de bhrí gur cheart GAP III a bheith ina chreat do rannchuidiú gníomhach ghníomhaíocht sheachtrach AE sa chomhrac i gcoinne an neamhionannais inscne; de bhrí gur cheart GAP III a chur chun feidhme go hiomlán mar phríomhionstraim chun idirdhealú agus imeallú a dhíspreagadh, agus chun cearta agus dínit na mban agus na gcailíní a áirithiú, agus príomhshruthú saincheisteanna inscne a mholadh i ngach clár comhair idirnáisiúnta agus comhionannas inscne a chomhtháthú i bpleananna agus straitéisí náisiúnta, i gcomhar le comhpháirtithe áitiúla agus ESSanna;

V.  de bhrí gur cheart go mbeadh cur chuige níos straitéisí, níos comhordaithe agus níos córasaí ann maidir leis an gcaoi a n-oibríonn AE agus na Ballstáit le chéile maidir le saincheisteanna inscne i dtíortha comhpháirtíochta; de bhrí go bhfuil misin agus toscaireachtaí AE ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí GAP III a chur chun feidhme, agus gur príomhghné é saineolas fhoireann na dtoscaireachtaí agus na misean chun é a chur chun feidhme go rathúil; de bhrí gur cheart don Choimisiún cúnamh teicniúil a chur ar fáil do thoscaireachtaí chun tús a chur leis na pleananna cur chun feidhme ar leibhéal na tíre (CLIPanna);

1.  á chur in iúl gur díol sásaimh di Plean Gníomhaíochta III an Aontais maidir le hInscne don tréimhse 2021‑2025 agus an iarraidh ar dhomhan comhionann inscne atá ann, mar leanúint den obair, de na ceachtanna a foghlaimíodh agus den mhéid a baineadh amach le GAP II agus ag cur leis an obair sin; á chur in iúl gur díol sásaimh di feabhas, gealltanais agus cuspóirí cuimsitheacha GAP III, go háirithe a uasghrádú ó dhoiciméad oibre go teachtaireacht chomhpháirteach, mar a d’iarr an Pharlaimint ina rún an 23 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE;

2.  á chur in iúl gur díol sásaimh di cineál cuimsitheach an phróisis chomhairliúcháin a rinneadh chun bonn eolais a chur faoi dhréachtú GAP III agus an machnamh atá ann ar na moltaí a chuir an Pharlaimint, na Ballstáit, lárphointí inscne AE agus go háirithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta um chearta na mban (WCSOnna) ar fáil;

3.  á chur in iúl gur saoth léi gur theip ar an gComhairle aontoilíocht a bhaint amach maidir le conclúidí, mar gheall ar agóidí ó cheithre Bhallstát i gcoinne an fhocail ‘inscne’, rud a chuireann bac ar fhormhuiniú foirmiúil an Phlean Gníomhaíochta, agus á chur i bhfáth go léirítear leis sin comharthaí soiléire ar an bhfrithfhreagairt i gcoinne comhionannas inscne agus cearta na mban; á iarraidh an athuair go mbunófaí foirmíocht nua de chuid na Comhairle maidir le comhionannas inscne ina dtabharfar le chéile airí AE agus rúnaithe an stáit atá freagrach as comhionannas inscne d’fhonn príomhshruthú inscne a éascú ar fud bheartais uile an Aontais, lena n-áirítear beartas eachtrach agus slándála agus beartas forbartha; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun seasamh comhpháirteach AE a bhaint amach agus go ndéanfaí gníomhaíocht láidir chun an fhrithfhreagairt i gcoinne an chomhionannais inscne a shéanadh go neamhbhalbh;

4.  á thabhairt le fios go bhfuil ról tábhachtach ag an Aontas maidir le domhan comhionann inscne a bhaint amach trí thacú le tíortha comhpháirtíochta chun aghaidh a thabhairt ar idirdhealú inscne; á iarraidh ar AE dea-shampla a thabhairt agus ag tathant ar na sé Bhallstát nach bhfuil Coinbhinsiún Iostanbúl daingnithe ná curtha chun feidhme acu fós é sin a dhéanamh laistigh den aga ama is giorra is féidir; á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl a chur chun cinn laistigh dá idirphlé polaitiúil le tíortha comhpháirtíochta Chomhairle na hEorpa;

5.  á cháineadh go láidir gur aistarraing an Tuirc as Coinbhinsiún Iostanbúl; á mheas gur céim eile é séanadh Choinbhinsiún Iostanbúl a cheistíonn stádas na Tuirce mar iarrthóir ar bhallraíocht AE;

Tiomantas agus cur chun feidhme níos éifeachtaí ón Aontas Eorpach

6.  á iarraidh go ndéanfaí GAP III a chur chun feidhme go hiomlán agus tús áite a thabhairt dó i ngach gné de ghníomhaíocht sheachtrach AE trí chur chuige atá claochlaitheach maidir le caidrimh inscne, agus trasnach, i dtéarmaí chlúdach geografach GAP III agus réimsí gníomhaíochta, chomh maith le príomhshruthú inscne i ngach réimse den ghníomhaíocht sheachtrach, bíodh an trádáil, an beartas forbartha, an chabhair dhaonnúil, an tslándáil nó earnálacha amhail fuinneamh agus talmhaíocht araon; á athdhearbhú nach mór go mbunófaí gníomhaíochtaí chun GAP III a chur chun feidhme ar an ngá atá ann aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an neamhionannais inscne, agus rannpháirtíocht fhóinteach agus cuimsiú na bhfear, na mban agus na ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste a cheadú, agus go bhfuil cistiú teoranta agus easpa foirne ar cheann de na bacainní bunúsacha atá roimh chuspóirí an Aontais maidir le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a chur chun feidhme; á athdhearbhú nach mór éagsúlacht na mban a chur san áireamh in aon iarracht chun spriocanna GAP III a bhaint amach; á mheabhrú gur cheart do GAP III Comhtháthú Beartas ar mhaithe le Forbairt a áirithiú trí mheasúnuithe córasacha tionchair inscne chun aon tionchar diúltach a bheadh ag beartais AE ar chearta na mban agus na gcailíní agus ar chomhionannas inscne a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún na huirlisí praiticiúla agus polaitiúla is gá a sholáthar chun a áirithiú go ndéanfar prionsabail GAP III a aistriú go réidh i ngníomhaíochtaí agus i gcleachtas; á iarraidh ar AE a bheith uaillmhianach maidir le spriocanna a chur chun cinn lena dtabharfar aird ar chearta an duine agus ar fhíor-chomhionannas inscne i measc na gcomhpháirtithe seachtracha a bhfuil AE ag iarraidh oibriú leo;

7.  á iarraidh go mbunófaí clár oiliúna cuimsitheach cuimsitheach chun tacú le cur chun feidhme GAP III, go háirithe maidir le príomhshruthú inscne, buiséadú inscne agus measúnuithe tionchair inscne, chomh maith le foréigean bunaithe ar inscne; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh in eolas, acmhainní agus saineolas inmheánach maidir le comhionannas inscne i dtoscaireachtaí AE chun go mbeidh siad in ann GAP III a chur chun feidhme go leormhaith; á iarraidh go ndéanfaí na cláir oiliúna sin a chur in oiriúint a mhéid is féidir don chomhthéacs áitiúil agus náisiúnta ina bhfuil GAP III á chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí na cúrsaí oiliúna agus na huirlisí gaolmhara sin a chur ar fáil gan bhac agus go héasca do na comhpháirtithe áitiúla leasmhara;

8.  á chur i bhfáth gur gá measúnú rialta, seachtrach agus neamhspleách a dhéanamh ar thorthaí GAP III, ar gach leibhéal agus ag gach céim, i bhfianaise na gcuspóirí spriocdhírithe agus intomhaiste a leagtar síos agus i bhfianaise ionchur na sochaí sibhialta, na n-eagraíochtaí neamhrialtasacha agus na ngeallsealbhóirí ábhartha eile ar an láthair, ar measúnú é atá le cur san áireamh ar bhealach trédhearcach, cuimsitheach; á iarraidh go ndéanfaí diananailís inscne a chur chun feidhme go córasach agus go n-úsáidfí táscairí agus staidreamh atá inscne-íogair agus imdhealaithe de réir inscne; á áitiú gur cheart go ndéanfadh an measúnú ar GAP III meastóireacht ar chur chun feidhme bheartais uile AE atá ábhartha do ghníomhaíocht sheachtrach AE; á iarraidh ar GAP III uirlisí soiléire a ionchorprú chun méid iomlán an chaiteachais ar chomhionannas inscne a rianú agus measúnú a dhéanamh ar thionchar cáilíochtúil na dtionscnamh sin maidir le comhionannas inscne a chur chun cinn; ag súil go gcuirfear na bunlínte, na táscairí, na gníomhaíochtaí agus na spriocanna sonracha intomhaiste atá in easnamh sa Doiciméad Oibre gan a thuilleadh moille, mar aon leis na treochláir agus na hamlínte faoi seach le haghaidh na gcuspóirí uile; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cleachtadh clársceidealaithe na hIonstraime Domhanda don Eoraip mar dheis uathúil chun spriocanna GAP III a oibríochtú;

9.  á iarraidh ar mhisin agus ar thoscaireachtaí AE, ar na Ballstáit, ar na tíortha comhpháirtíochta agus ar rialtais áitiúla agus réigiúnacha comhoibriú go dlúth le cur chun feidhme GAP III agus leas á bhaint acu as na huirlisí taidhleoireachta agus clár uile atá ar fáil dóibh, trí threoir chuí a fhorbairt agus a roinnt trí na toscaireachtaí; á mheabhrú a thábhachtaí atá na lárphointí inscne agus á iarraidh go neartófaí a ról agus a n-infheictheacht; á chur in iúl gur díol sásaimh di gur tugadh isteach CLIPanna agus ag áitiú go ndéanfar na CLIPanna uile a chur ar fáil don phobal agus a aistriú chun a áirithiú go mbeidh rochtain ag eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta agus eagraíochtaí poiblí;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún sineirgí leis na Náisiúin Aontaithe, le tíortha comhpháirtíochta agus le geallsealbhóirí idirnáisiúnta a neartú, chun spriocanna idirnáisiúnta a bhaineann le comhionannas inscne i gClár Oibre 2030 agus a SFInna a chur chun cinn agus a bhaint amach, i nDearbhú Bhéising agus ina Chlár Oibre Gníomhaíochta, agus i gClár Gníomhaíochta ICPD agus ina chuid comhdhálacha athbhreithnithe;

11.  á iarraidh go mbunófaí dlúthnaisc le ESSanna áitiúla, go háirithe iad siúd a oibríonn chun cearta na mban agus na gcailíní a chosaint, lena n-áirítear iad siúd ó phobail leochaileacha, agus le haireachtaí, rialtais réigiúnacha agus áitiúla i dtíortha comhpháirtíochta chun éifeachtacht agus úinéireacht tíre chur chun feidhme GAP III agus a CLIPanna a fheabhsú; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí beartas agus idirphlé polaitiúil bliantúil le Parlaimint na hEorpa maidir le cur chun feidhme GAP III, lena gcuimseofar geallsealbhóirí agus, go háirithe, údaráis áitiúla, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí ban; á iarraidh an athuair ar mhisin agus ar thoscaireachtaí an Aontais dul i mbun idirphlé fónta le ESSanna agus faisnéis a sholáthar agus a mhalartú maidir leis an gcaoi ar úsáideadh a n-ionchur agus a n-aistriú i mbeartais inscne;

12.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil GAP III dírithe ar dhaoine óga mar thiomántóirí don athrú; á iarraidh ar AE a áirithiú go mbeidh mná agus cailíní, chomh maith le cearta na mban agus eagraíochtaí an phobail, go háirithe eagraíochtaí atá faoi stiúir cailíní agus ógánach agus freagróirí túslíne daonnúla faoi stiúir na mban, go mbeidh siad rannpháirteach go fóinteach agus go mbeidh ról ceannasach acu i gcur chun feidhme GAP III ina dtíortha féin, trí mhaoiniú agus oiliúint; á athdhearbhú go mbaineann tábhacht agus breisluach le saineolas agus rannpháirtíocht fhadtéarmach gníomhaithe áitiúla, eagraíochtaí pobail agus/nó saineolaithe eile agus geallsealbhóirí ábhartha maidir le saincheisteanna inscne, ionas go gcuirfear tionscadail inscne in oiriúint don chomhthéacs socheacnamaíoch agus cultúrtha áitiúil;

13.  á iarraidh go mbeadh comhar ní ba láidre agus ní ba chórasaí ann idir na geallsealbhóirí a bhfuil baint acu le cur chun feidhme GAP III, lena n-áirítear idir Ard-Stiúrthóireachtaí an Choimisiúin; ag moladh go láidir do na Ballstáit agus do thoscaireachtaí an Aontais rialtais áitiúla agus réigiúnacha a mheas mar phríomhghníomhaithe sa bheartas forbartha, ós rud é gurb iad an leibhéal daonlathach is gaire do na saoránaigh agus gurb iad is fearr chun comhionannas inscne agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn; á chur i bhfáth gur gá oibriú go dlúth le pobail tuaithe agus le ceannairí pobail chun raon na gclár comhionannais inscne a chothú i ngach áit;

14.  á iarraidh go n-áireofaí sprioc shonrach maidir le heagraíochtaí um chearta na mban agus an tsochaí shibhialta a chistiú; á iarraidh go dtabharfaí cistiú ilbhliantúil, solúbtha, díreach, leormhaith agus leordhóthanach do ESSanna áitiúla agus do líonraí ina n-éagsúlacht uile, go háirithe iad siúd a oibríonn chun cearta na mban, na gcailíní agus na bpobal leochaileach eile a chosaint, agus d’eagraíochtaí um chearta an duine a oibríonn chun creat dlíthiúil tíortha a fheabhsú; á iarraidh ar an gCoimisiún sásraí cistiúcháin agus cleachtais shimplithe a chur chun cinn le go mbeidh eagraíochtaí beaga pobail in ann rochtain a fháil ar chistiú AE do chomhionannas inscne; ag cáineadh na mbeart ar fad chun bac a chur ar ghníomhaithe ar son chearta na mban, lena n-áirítear cosantóirí chearta an duine ar mná iad, agus ag tathant ar na rialtais uile an tsochaí shibhialta a chosaint, tacú léi agus oibriú i gcomhar léi;

15.  á chur i bhfáth go bhfuil mná a chosnaíonn cearta an duine i staid an-leochaileach, go háirithe i limistéir choinbhleachta agus i gcásanna coinbhleachta agus iarchoinbhleachta; á chur in iúl gur díol sásaimh di an iarraidh comhoibriú le timpeallacht shábháilte do mhná a chosnaíonn cearta an duine agus an timpeallacht sin a chur chun cinn agus á iarraidh ar an gCoimisiún iad a chosaint trí ghníomhaíochtaí agus sásraí leormhaithe, mar aon le hacmhainní tiomnaithe a leithdháileadh ar thoscaireachtaí an Aontais;

16.  á iarraidh ar thoscaireachtaí AE Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine a chur chun feidhme go docht i ndáil le gníomhaithe a dhéanann cearta na mban a chosaint, go háirithe maidir leis na dualgais tuairisc a thabhairt ar chomhlachtaí rialtasacha atá freagrach as sáruithe ar chearta an duine agus conairí dlíthiúla a chur ar fáil do ghníomhaithe nuair is gá agus de réir mar is gá; á iarraidh ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán/Ardionadaí) tuarascáil bhliantúil a thabhairt don Pharlaimint maidir le cur chun feidhme Threoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine;

17.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le cistiú leordhóthanach trí phróiseas clársceidealaithe an Aontais chun GAP III a chur chun feidhme go héifeachtach; á iarraidh go láidir go ndéanfaí GAP III a chomhordú ar bhealach níos dlúithe le tionscnaimh eile, amhail an Tionscnamh Spotsolais, ar cheart a bhuiséad a mhéadú, agus gur gá a éifeachtacht a fheabhsú i gcomhréir lena mheasúnú meántéarma a rinneadh le déanaí, agus trí cheachtanna a fhoghlaim ón gcomhthéacs nua a cruthaíodh le paindéim COVID-19; á chur in iúl gur díol sásaimh di an Tionscnamh Spotsolais agus an aidhm atá leis deireadh a chur le gach cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní; á iarraidh go ndéanfar na cistí arna leithdháileadh ar an Tionscnamh Spotsolais a athnuachan tar éis dheireadh an chláir reatha in 2022, agus go gcuirfí síneadh leis an gclár i rith na tréimhse maoinithe ilbhliantúil ina hiomláine agus ar fud fo-réigiún;

18.  á chur i bhfios go láidir gurb é atá in SFI 5 ná an comhionannas inscne a bhaint amach agus na mná agus na cailíní uile a chumhachtú, agus nach mór an sprioc sin a phríomhshruthú sna réimsí éagsúla ina bhfuil sé de chumhacht ag an Aontas gníomhú; á chur in iúl gur saoth léi go láidir go bhfuil SFI 5 ar cheann de na trí SFI is lú cistiú; á thabhairt dá haire augs is mór aici go measann GAP III gur tosaíocht thrasearnálach de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais é an comhionannas inscne ina chuid oibre beartais agus clársceidealaithe; á athdhearbhú gur gá príomhshruthú inscne a chomhtháthú go hiomchuí i ngach earnáil de ghníomhaíocht sheachtrach AE, agus gur cheart go mbeadh tosaíochtaí na hEorpa Domhanda i dtíortha comhpháirtíochta, chomh maith leis na Tionscnaimh ó Fhoireann na hEorpa, claochlaitheach ó thaobh inscne de, i gcomhréir le GAP III, agus go háirithe i gcás na cabhrach daonnúla;

19.  á chur in iúl gur geal léi gur gá go mbeadh cúrsaí inscne mar phríomhchuspóir nó mar chuspóir tábhachtach ag 85 % de na gníomhaíochtaí seachtracha nua uile; á chur in iúl gur díol sásaimh di aidhm an Choimisiúin an comhionannas inscne a bheith mar phríomhchuspóir ag 5 % dá chláir nua maidir le gníomhaíochtaí seachtracha; á chur in iúl gur díol sásaimh di freisin tionscnamh amháin ar a laghad in aghaidh na tíre agus comhionannas inscne mar phríomhchuspóir aige; á mheabhrú gur baineadh amach an sprioc 5 % cheana féin in 2019 agus á iarraidh go mbeadh níos mó uaillmhéine, níos mó tacaíochta agus cistiúcháin nithiúil curtha in áirithe do thionscnaimh atá dírithe ar inscne a chur san áireamh in GAP III; á iarraidh go ndéanfaí 20 % de chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) i ngach tír a leithdháileadh ar chláir a bhfuil comhionannas inscne mar cheann dá bpríomhchuspóirí; á iarraidh go mbunófaí sprioc shonrach 85 % de chistiú ODA AE a bheidh tiomnaithe do chláir a bhfuil comhionannas inscne mar phríomhchuspóir nó mar chuspóir suntasach acu; Tá sí ag súil, agus á iarraidh dá bhrí sin, ar an Aontas agus ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt gan cúnamh oifigiúil um fhorbairt a chaitheamh ar thionscadail a d’fhéadfadh éachtaí comhionannais inscne a aisiompú nó dochar a dhéanamh dóibh; á chur i bhfáth gur cheart na cuspóirí a leagtar síos a chainníochtú freisin ó thaobh cistiú tiomnaithe de agus ní hamháin ó thaobh chéatadán na gclár;

20.  ag áitiú ar an gCoimisiún agus ar SEGS dea-shampla a thabhairt agus díriú ar a struchtúir inmheánacha féin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ceannaireacht a fhreagraíonn do chúrsaí inscne maidir le comhionannas inscne a bhaint amach agus maidir le GAP III a chur chun feidhme mar is ceart; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tiomantas chun bainistíocht atá cothrom ó thaobh inscne de a áirithiú i gceanncheathrú SEGS agus i seirbhísí seachtracha an Choimisiúin, i dtoscaireachtaí an Aontais agus i misin an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC); á chur in iúl gur oth léi, áfach, go bhfuil SEGS i bhfad ó sprioc 50 % na mban i bpoist bhainistíochta a bhaint amach agus á iarraidh ar an Leas-Uachtarán / Ardionadaí atá ann faoi láthair comhionannas inscne a chur chun feidhme ina iomláine ar gach leibhéal mar a bheartaítear; á chur in iúl gur díol sásaimh di an tiomantas chun comhionannas inscne agus oiliúint GAP III a thabhairt isteach do gach bainisteoir sa Cheanncheathrú agus do thoscaireachtaí an Aontais, agus á iarraidh go mbeadh an beart sin éigeantach agus go leathnófaí é chuig an bhfoireann uile atá ag obair i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais;

21.  á thabhairt dá haire gur cheart go mbeadh SEGS ar thús cadhnaíochta agus an inscne ina ghné lárnach den ghníomhaíocht sheachtrach, agus gur cheart di toscaireachtaí AE a dhreasú agus tacú leo go polaitiúil chun an rud céanna a dhéanamh ar leibhéal na tíre comhpháirtíochta; á chur i bhfáth gur gá go n-áireofaí i litreacha misin agus i dtuairiscí poist na gCeann Toscaireachta tagairt shonrach don chomhionannas inscne, cur chun feidhme GAP III, agus a thábhachtaí atá sé go mbeadh toscaireachtaí AE agus na Ballstáit ag obair go córasach le chéile agus ag dul i gcomhairle lena chéile chun comhtháthú iomlán GAP agus a chur chuige trasfhoirmitheach inscne-bhunaithe, bunaithe ar chearta an duine, a áirithiú i bpleanáil na gclár ilbhliantúil táscach; á chur in iúl gur díol sásaimh di tiomantas GAP III a áirithiú go mbeidh Comhairleoirí Inscne / Lártheagmhálaithe Inscne / Lárphointí Inscne ag toscaireacht agus ag ardcheathrú AE uile ach á chur i bhfáth gur gá na seasaimh sin a bheith lánaimseartha agus go mbeadh acmhainní leordhóthanacha acu chun a gcúraimí a chomhlíonadh; á iarraidh uair amháin eile go gceapfaí comhairleoirí inscne i misin mhíleata CBSC freisin;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS sonraí ábhartha maidir le hacmhainní daonna a bhailiú, imdhealaithe de réir inscne, measúnú a dhéanamh ar líon na n-ainmniúchán, iarrthóirí gearrliostaithe, roghnúcháin, faduithe conartha agus fad imscartha, i measc critéir eile, agus dul chun cinn a rianú, chomh maith le hagallaimh chórasaithe a dhéanamh le mná agus le daoine ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste maidir leis na cúiseanna atá acu poist a fhágáil;

23.  á chur in iúl gur oth léi go bhfuil saincheist thábhachtach na héagsúlachta grúpáilte i ról Chomhairleoir SEGS maidir le hInscne agus Éagsúlacht, agus á iarraidh ar SEGS an tábhacht is gá a thabhairt don chomhionannas inscne agus do chlár oibre MSS araon, agus don éagsúlacht agus don chuimsiú, agus ról amháin a bhunú do gach ceann de na saincheisteanna sin, agus na róil sin, a sainorduithe, a n-acmhainní agus a gcumhachtaí a neartú; á iarraidh go gceapfaí comhairleoir tiomnaithe inscne i ngach stiúrthóireacht SEGS, ag tuairisciú go díreach do Chomhairleoir SEGS maidir le hInscne agus Éagsúlacht, agus a bhfoireann a spreagadh chun oibriú go dlúth leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne;

24.  á chur i bhfáth gur ceart daonna é an comhionannas inscne, atá ríthábhachtach d‘fhorbairt inbhuanaithe agus do gheilleagair chliste, a théann chun tairbhe do mhná agus d’fhir araon, san éagsúlacht uile, lena n-áirítear pobal LADTIA+; á thabhairt dá haire go bhfuil an neamhionannas inscne níos measa mar gheall ar chineálacha eile neamhionannais; á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí forleathana socheacnamaíocha ag míchothromaíochtaí do shochaithe ina n-iomláine agus gur cheart é sin a chur san áireamh le geallsealbhóirí atá frithsheasmhach in aghaidh athrú; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh gealltanais uile an Aontais níos éifeachtaí má ghlactar cur chuige trasnach i ngníomhaíocht AE maidir le comhionannas inscne; á iarraidh an athuair go ndéanfaí gníomhaíocht uile AE na féiniúlachtaí trasnacha a chur san áireamh agus a aithint nach ndéanann neamhionannas inscne difear cothrom do mhná agus do chailíní ina n-éagsúlacht uile;

25.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur cuireadh trasnachas isteach mar chroíphrionsabal GAP III, ach gur oth léi an easpa spriocanna, táscairí agus gníomhaíochtaí sonracha chun é a chur chun feidhme; ag cur béim ar thiomantas an Choimisiúin agus SEGS daoine LADTIA+ a chosaint agus a chumasú chun a gcearta a éileamh ar fud an domhain;

26.  á chur in iúl gur geal léi an tagairt a rinneadh in GAP III d’acmhainneacht phróiseas aontachais AE an comhionannas inscne a chur chun cinn i dtíortha is iarrthóirí agus i dtíortha is iarrthóirí ionchasacha; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hidirphlé láidir beartais agus le cúnamh teicniúil chun comhionannas inscne a thabhairt isteach i mbeartais um méadú agus i mbeartais chomharsanachta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tuilleadh úsáide a bhaint as caibidlíocht aontachais mar ghiaráil chun go bhfónfaidh an méadú do mhná;

27.  á chur in iúl gur geal léi go dtugtar aghaidh le GAP III ar mhór-leochaileacht ban agus cailíní ar imircigh iad; á iarraidh go dtabharfar aird ar leith ar chás na mban agus na gcailíní a mbíonn orthu a ndúiche a fhágáil, a bhíonn ar bhealaí imirce nó i gcampaí, agus á iarraidh go háirithe go ráthófaí a rochtain acu ar uisce, sláintíocht agus sláinteachas, SRHR agus cúram sláinte do mháithreacha;

Seacht réimse gníomhaíochta

Deireadh a chur le gach cineál foréigin inscnebhunaithe

28.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go ndírítear sa chéad réimse rannpháirtíochta GAP III ar dheireadh a chur le gach cineál foréigin inscne; á iarraidh go gcuirfí dlús le gníomhaíocht fheabhsaithe, chomhordaithe agus iomlánaíoch chun feimbhású a chomhrac, agus gach cineál foréigin inscnebhunaithe ar líne agus as líne, go háirithe i gcásanna coinbhleachta agus éigeandála ina mbíonn mná agus cailíní i staideanna níos leochailí, agus ag díriú ar mhná agus ar chailíní ar dóchúla go mbeidh siad ina n-íospartaigh foréigin amhail mná agus cailíní atá faoi mhíchumas; á chur i bhfáth gur gá oibriú le tíortha comhpháirtíochta d’fhonn gach cineál foréigin inscnebhunaithe a choiriúlú;

29.  á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht phráinneach chun aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna an fhoréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní, le cur chuige atá claochlaitheach maidir le caidrimh inscne, agus trasnach, go háirithe i bhfianaise an mhéadaithe shuntasaigh atá tagtha ar an bhfeimeamharú agus ar chineálacha eile foréigin inscnebhunaithe i gcomhthéacs na paindéime; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an Coimisiún ag díriú ar chosc a chur chun cinn trí noirm dhíobhálacha inscne a cheistiú; á chur i bhfáth, ina leith sin, go bhfuil sé ríthábhachtach oibriú le tíortha comhpháirtíochta agus ESSanna chun steiréitíopaí inscne a chomhrac i ngach gné den saol sóisialta; á iarraidh ar thoscaireachtaí AE agus ar na Ballstáit leas a bhaint as na modhanna taidhleoireachta uile is féidir chun glacadh reachtaíochta lena bhforáiltear do chomhionannas struchtúrach inscne i ngach gné a chur chun cinn;

30.  á mheabhrú gur cheart cláir chuimsitheacha a bheith san oiliúint éigeantach do na baill foirne uile sa SEGS, sa Choimisiún, i dtoscaireachtaí an Aontais agus i misin agus oibríochtaí CBSC chun íospartaigh an fhoréigin gnéis agus/nó an fhoréigin inscnebhunaithe a bhaineann le coinbhleacht mar aon le cláir um chosc a shainaithint, chomh maith le hoiliúint d’fhoireann uile an Aontais, lena n-áirítear baill foirne mhíleata agus póilíní; ag tathant ar AE an tionchar uile is féidir a fheidhmiú lena áirithiú go ndéanfar déantóirí olléignithe i gcogaíocht a thuairisciú, a shainaithint, a ionchúiseamh agus pionós a ghearradh orthu i gcomhréir leis an dlí coiriúil idirnáisiúnta; á mheabhrú go soláthraítear buanchreat dlíthiúil le Reacht na Róimhe chun aghaidh a thabhairt go forleathan ar an bhforéigean gnéis agus inscnebhunaithe (SGBV) mar choir in aghaidh an chine dhaonna agus á iarraidh, dá bhrí sin, go dtacódh an tAontas go gníomhach le gníomhaíocht neamhspleách bhunriachtanach na Cúirte Coiriúla Idirnáisiúnta ar bhonn polaitiúil agus airgeadais araon; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil foréigean gnéis agus inscnebhunaithe mar chuid de na critéir chun smachtbhannaí a fhorchur faoi chuimsiú Chóras Domhanda Smachtbhannaí an Aontais i ndáil le Cearta an Duine, agus ag spreagadh na mBallstát chun úsáid éifeachtach a bhaint as;

31.  á chur i bhfáth gur sárú ar chearta an duine é pósadh éigeantais agus pósadh leanaí, rud a fhágann go mbíonn cailíní an-leochaileach i leith foréigin agus mí-úsáide; á thabhairt le fios go n-aithnítear ciorrú ball giniúna baineann (FGM) go hidirnáisiúnta mar shárú ar chearta an duine, le 200 milliún íospartach ar fud an domhain agus 500 000 íospartach san Aontas Eorpach ina n-aonar, agus go bhfuil ar a laghad trí mhilliún cailín i mbaol ciorrú ball giniúna gach bliain; á chur i bhfios go láidir gur masla iad FGM agus an pósadh éigeantais do dhínit na mban mar dhaoine; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chomhtháite chun feasacht a ardú i dtaobh FGM agus póstaí éigeantais agus chun iad a chosc, go háirithe i gcomhthéacsanna coinbhleachta agus éigeandála; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chuige fadtéarmach comhleanúnach a áirithiú chun stop a chur le FGM laistigh agus lasmuigh den Aontas trí fheabhas a chur ar na sineirgí idir cláir inmheánacha agus cláir sheachtracha an Aontais; á iarraidh an athuair go ndéanfaí bearta coiscthe FGM a ionchorprú i ngach réimse beartais ina ghníomhaíocht sheachtrach;

32.  á mheabhrú gurb ionann mná agus cailíní agus formhór íospartaigh na gáinneála agus an teacht i dtír ghnéasaigh; á iarraidh go ndéanfadh an Coimisiún agus na Ballstáit ceannaireacht agus faireachán níos fearr, agus go méadófaí an comhar idirnáisiúnta chun deireadh a chur leis na cleachtais dhíobhálacha thuasluaite a bhfuil na cineálacha sin sclábhaithe mar thoradh orthu; á mheabhrú go gcuirtear le leochaileacht na mban i leith na gáinneála agus an teacht i dtír ghnéasaigh nuair a bhíonn cruatan eacnamaíoch, coinbhleacht armtha agus éigeandálaí i réim; á iarraidh go ndéanfaí an comhrac i gcoinne na gáinneála ar mhná agus ar chailíní a chomhtháthú tuilleadh i gcuspóirí GAP III agus go méadófaí sineirgí le Straitéis AE maidir le Gáinneáil ar Dhaoine a Chomhrac (2021-2025);

Rochtain ar chúram sláinte a áirithiú do mhná agus ar chearta gnéis agus atáirgthe

33.  á athdhearbhú gur cearta an duine iad SRHR agus gurb ionann iad agus gnéithe bunúsacha de dhínit an duine agus de chumhachtú na mban; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fhrithfhreagairt i gcoinne an chomhionannais inscne agus chearta na mban, agus an t-ardú atá ag teacht ar reitric fhrithbhanda choimeádach agus ar ghrúpaí eagraithe reiligiúnacha agus grúpaí eagraithe eile, rud atá ag bagairt, i measc nithe eile, ar an rochtain ar SRHR laistigh agus lasmuigh den Aontas Eorpach araon; á chur i bhfáth go ndéanann rolladh siar reachtach ar ghinmhilleadh an bonn a bhaint ó chosaint shláinte, chearta agus dhínit na mban, agus go gcuirtear na mná is leochailí ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair de i mbaol níos mó; á thabhairt dá haire gur cheart don Aontas a bheith ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain maidir le SRHR a chur chun cinn, saor ó chomhéigean, ó fhoréigean, ó idirdhealú agus ó mhí-úsáid; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit uile rochtain uilíoch ar SRHR ina gcríocha a áirithiú;

34.  á chur in iúl gur saoth léi go ndearnadh an rochtain ar shláinte ghnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil, a laghdú go tromchúiseach agus a choiriúlú go minic in go leor réigiún ar fud an domhain; á chur i bhfáth gurb iad mná bochta, mná tuaithe agus mná mionlaigh na príomhíospartaigh; á chur i bhfios go láidir an gá atá ann díriú ar na haoisghrúpaí uile, lena n-áirítear cailíní agus mná óga, agus faisnéis ábhartha, oideachas agus rochtain ar SRHR a chur ar fáil, lena n-áirítear cúram réamhbhreithe, ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil agus frithghiniúint; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leanúint de dhul i ngleic leis na noirm idirdhealaitheacha a fhágann gur deacair do mhná, do chailíní agus do dhaoine LADTIA+ leas a bhaint as SRHR, chomh maith le steiréitíopaí as a dtagann idirdhealú in aghaidh na mban imeallaithe le linn breith clainne;

35.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé feabhas a chur ar infhaighteacht na modhanna frithghiniúna i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe do chailíní déagóirí; á chreidiúint go bhfuil gach bean agus cailín ógánach i dteideal a roghanna saora agus eolasacha féin a dhéanamh maidir lena SRHR; á mheabhrú gur táscaire tábhachtach ar fhorbairt tíre é cáilíocht an chúraim sláinte máthartha; á chreidiúint gur cheart go gcabhródh AE le tíortha comhpháirtíochta seasamh leis an gceart chun sláinte i gcomhthéacs toirchis agus breithe trí sheirbhísí maithe sláinte máthartha a bhunú a laghdaíonn go héifeachtach mortlaíocht naíonán agus básanna a bhaineann le deacrachtaí le linn breith clainne;

36.  á iarraidh ar GAP III ardtosaíocht a thabhairt don chomhionannas inscne agus do SRHR in AE agus i bhfreagairt na mBallstát maidir le cabhair dhaonnúil, chomh maith le cuntasacht agus rochtain ar cheartas agus ar shásamh le haghaidh sáruithe ar chearta gnéis agus atáirgthe agus le haghaidh foréigean inscnebhunaithe, i dtéarmaí oiliúint a sholáthar do ghníomhaithe daonnúla agus i ndáil le maoiniú;

37.  á iarraidh go gcuirfeadh GAP III tábhacht níos mó le SRHR, i bhfianaise na n-iarmhairtí tromchúiseacha a bhí ag an bpaindéim ar mhná agus ar chailíní i dtíortha comhpháirtíochta, agus go ndéanfaí cistiú leordhóthanach, leanúnach agus spriocdhírithe a chomhordú agus a leithdháileadh orthu agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda á clársceidealú; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit breathnú ar SRHR mar thosaíocht i bpróiseas clársceidealaithe gníomhaíochta seachtraí an Aontais, lena n-áirítear sa chlársceidealú comhpháirteach; á chur i bhfios go bhfuil ról ríthábhachtach ag eagraíochtaí neamhrialtasacha mar sholáthraithe seirbhíse agus a thacaíonn le SRHR;

38.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá SRHR maidir le comhlachtaí na mban agus na gcailíní agus lena neamhspleáchas, agus ag áitiú go gcaithfí le SRHR mar shaincheisteanna sláinte poiblí a bhfuil rochtain ag gach duine orthu gan idirdhealú; á iarraidh go mbeadh rochtain uilíoch ar oideachas cuimsitheach gnéasachta atá aois-oiriúnach, ar fhrithghiniúint éifeachtach, ar VEID agus ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha a chosc, agus ar ghinmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil; á iarraidh ar chláir CSE aghaidh a thabhairt ar chaidrimh idirphearsanta, gnéaschlaonadh, comhionannas inscne, noirm inscne, foréigean inscne agus toiliú inscnebhunaithe a chosc, agus faisnéis a sholáthar maidir le caithreachas, an timthriall míosta, toircheas agus breith linbh, frithghiniúint agus galair ghnéas-tarchurtha a chosc;

39.  á thabhairt chun suntais gur gá aois a chur san áireamh i ngníomhaíochtaí a bhaineann le SRHR, mar shampla trí fhaisnéis agus seirbhísí inrochtana atá fabhrach don óige a áirithiú; á chur i bhfáth gur cheart do AE tíortha comhpháirtíochta a chur chun cinn, lena n-áirítear na saincheisteanna sin ina bpleananna náisiúnta sláinte poiblí; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit gealltanas a thabhairt maidir le cuspóirí GAP III maidir le SRHR agus ‘pleananna cur chun feidhme ar leibhéal tíre’ a ullmhú agus tús áite a thabhairt do SRHR;

40.  á chur i bhfáth gur gá rochtain ar oideachas a spreagadh ar gach leibhéal agus i ngach uile chás d’fhonn an luathphósadh, an toirchis do dhéagóirí agus spleáchas eacnamaíoch a laghdú; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí méadaithe chun neamhláithreacht a chosc d’fhonn a chur ar chumas cailíní a bheidh ina máithreacha filleadh ar scoil agus a n-oideachas a chur i gcrích agus a bheith san áireamh i margadh an tsaothair;

41.  á iarraidh go ndéanfaí neamhláithreacht cailíní ón scoil mar gheall ar mhíostrú a chomhrac trí fheabhas a chur ar shláintíocht uisce, ar sheirbhísí sláinteachais agus ar shaoráidí sláinteachais míosta agus trí dhul i ngleic leis an mbochtaineacht mhíosta agus le stiogmatú sa réimse sin a chomhrac, lena n-áirítear bheith ag obair le mná, cailíní agus fir agus buachaillí; á iarraidh go mbeadh sineirgí níos fearr ann idir cláir a thugann aghaidh ar shláinte, ar SRHR agus ar sheirbhísí uisce, sláintíochta agus sláinteachais i scoileanna agus ar thacaíocht phearsanta do chailíní;

42.  ag tarraingt aird ar na héagothromaíochtaí trasnacha agus na difríochtaí idir mná agus fir maidir le rochtain ar chúram sláinte agus cáilíocht an chúraim sláinte a sholáthraítear, agus easpa cúraim sláinte agus seirbhísí a fhreagraíonn do chúrsaí inscne á gcur san áireamh; á iarraidh go mbeadh rochtain uilíoch ar shaoráidí i ndáil le faisnéis maidir le galair baineanna, amhail eitinn agus ailse cheirbheacs, agus maidir le galair ghnéas-tarchurtha, amhail VEID, agus chun na galair sin a chosc, a dhiagnóisiú, agus cúram agus cóireáil a thabhairt ina leith; á iarraidh ar an Aontas Eorpach tacú le cur chun feidhme straitéis dhomhanda EDS chun dlús a chur le díothú ailse cheirbheacs;

43.  á iarraidh ar na tíortha comhpháirtíochta a gcórais sláinte phoiblí a mhaoiniú agus a neartú go leordhóthanach agus taighde a dhéanamh ar shláinte na mban ar fud an domhain chun eolas ar shaincheisteanna a bhaineann le hinscne agus le gnéas a chur chun cinn i réimsí a bhaineann le galair a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil agus taighde a dhéanamh orthu; á iarraidh freisin go n-ardófaí feasacht an phobail ar shaincheisteanna sláinte a bhaineann le hinscne;

44.  á chur i bhfáth gur gá go nglacfaidh na Ballstáit beartas sláinte poiblí lena gcuirfear béim ar leith ar chur chun cinn na sláinte agus ar chosc galar trí chúram sláinte uilíoch agus ar ardchaighdeán a ráthú agus trína áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ar fáil chun dul i ngleic leis na príomhfhadhbanna sláinte poiblí;

Cearta eacnamaíocha agus sóisialta agus comhionannas a chur chun cinn, agus neamhspleáchas na mban agus na gcailíní a áirithiú

45.  á athdhearbhú go bhfuil an ghéarchéim agus na hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta a eascraíonn as paindéim COVID-19 díréireach ag cur isteach go díréireach ar rochtain na mban ar mhargadh an tsaothair; á chur i bhfáth a thábhachtaí agus a riachtanaí atá sé go dtacódh an tAontas le gné thrasnach inscne a fhorbairt agus a chuimsiú i ngach plean téarnaimh COVID-19 i dtíortha comhpháirtíochta agus i dtionscnaimh Fhoireann na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le freagairt inscne-íogair do COVID-19 i gcur chun feidhme GAP III chun cúinsí uathúla na mban agus na gcailíní a chur san áireamh agus chun deiseanna iar-ghéarchéime a spreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún gné na hinscne a phríomhshruthú agus gníomhaíochtaí atá claochlaitheach maidir le caidrimh inscne a áireamh i ngach beart a bhaineann le paindéim COVID-19 i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear i bpleananna agus i mbearta téarnaimh, agus tacú le tionscadail, lena n-áirítear tionscadail airgeadais, ar bhealach ina n-áireofar an comhionannas inscne; á chur i bhfáth go bhféadfadh cineálacha nua maoiniúcháin amhail bannaí inscne tús a chur le geilleagair náisiúnta agus mná á gcumhachtú ag an am céanna;

46.  den tuairim go bhfuil an obair lárnach chun dul i ngleic leis an neamhionannas; ag tacú le cómhargáil mar bhealach ní hamháin chun dálaí oibre a fheabhsú ach chun dul i ngleic leis an neamhionannas idir fir agus mná;

47.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún a cheangal go gcomhlíonfar coinbhinsiúin ábhartha EIS agus na Náisiún Aontaithe maidir le comhionannas inscne san athbhreithniú a dhéanfaidh sé amach anseo ar an Scéim um Fhabhair Ghinearálaithe atá ar na bacáin; á iarraidh ar an gCoimisiún comhionannas inscne a áireamh go héifeachtach sna caibidlí uile maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe agus a áirithiú nach gcuirfidh trádáil agus infheistíocht leis an neamhionannas inscne; á chur i bhfáth gur cheart tuairimí ESSanna a chur san áireamh sna measúnuithe tionchair uile a bhaineann le trádáil;

48.  á chur i bhfáth nach mór oiliúint, rochtain ar fhaisnéis, uasoiliúint agus ardú feasachta maidir lena gcearta bunúsacha a bheith in éineacht le tacaíocht airgeadais do mhná;

49.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le tíortha comhpháirtíochta chun ciapadh na mban ag an obair a chosc agus chun dul i ngleic leis, chomh maith le cur chun cinn dhaingniú Choinbhinsiún EIS maidir le Foréigean agus Ciapadh (Uimh. 190);

50.  á iarraidh ar GAP III gníomhaíocht eacnamaíoch na mban a chur chun cinn mar aon lena rochtain ar na huirlisí eacnamaíocha agus sóisialta is gá, agus ar na hacmhainní agus ar an gcosaint shóisialta is gá, go háirithe i gcomhthéacsanna éigeandála; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar ar fud an domhain i dtaca leis an bhforbairt inbhuanaithe agus leis an bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach, a bhfuil dlúthbhaint aige leis an sprioc dhomhanda deireadh a chur leis an mbochtaineacht mar a leagtar amach sna spriocanna forbartha inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le sásraí cosanta sóisialta a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, lena n-áirítear aistrithe airgid, agus na sásraí sin a chur chun cinn, chun feabhas a chur ar chumas na dtíortha comhpháirtíochta freagairt do ghéarchéimeanna agus do shuaití seachtracha;

51.  á iarraidh ar AE agus ar thíortha comhpháirtíochta bearta a ghlacadh chun cabhrú le mná a dhéanamh níos infhostaithe agus poist chuibhiúla a chur ar fáil dóibh, rochtain ar mhaoiniú agus ar dheiseanna gnó, lena n-áirítear trí thacú le heagraíochtaí áitiúla atá faoi stiúir na mban, agus a rannpháirtíocht i gceardchumainn agus i gceardchumainn saothair a spreagadh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an rochtain ar mhicriasacht, mar shampla, a mhéadú d’fhonn cruthaitheacht agus fiontraíocht na mban ar scála níos lú a éascú agus a spreagadh;

52.  á thabhairt chun suntais a riachtanaí atá sé machnamh a dhéanamh ar chomhlántacht gníomhaíochtaí eile chun a n-éifeachtacht a áirithiú, amhail an tsaoirse ó fhoréigean inscne, rochtain ar obair chuibhiúil agus cúram inacmhainne do leanaí agus do dhaoine scothaosta; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit máithreacha agus aithreacha ar fud an domhain a chumhachtú agus a chosaint, agus oibriú le tíortha comhpháirtíochta chun saoire leormhaith mháithreachais, atharthachta agus thuismitheoireachta a ráthú, agus bearta praiticiúla a ghlacadh chun an chosaint sin a áirithiú, mar aon le hinfheistíocht i seirbhísí cúraim leanaí agus oideachais;

53.  á chur i bhfáth gur cheart don Aontas tacú le hIonstraim Cheangailteach maidir le Gnó agus Cearta an Duine a chruthú laistigh de chreat na Náisiún Aontaithe d’fhonn a ráthú go hiomlán go mbeidh cearta an duine agus cearta na mban á dteachtadh;

54.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le tíortha comhpháirtíochta chun bearta a chistiú agus a chur chun cinn lena dtabharfar aghaidh ar ualach díréireach na hoibre gan phá a bhíonn ar mhná, agus chun tacú le gníomhaíochtaí lena gcabhrófar le banoibrithe aistriú ón ngeilleagar neamhfhoirmiúil go dtí an geilleagar foirmiúil; á chur i bhfios go láidir gur cheart do mhná agus d’fhir cúram neamhíoctha agus freagrachtaí baile a roinnt go cothrom; á iarraidh go ndéanfaí bearta nithiúla chun cúram neamhíoctha agus obair tí a aithint, a laghdú agus a athdháileadh;

55.  á iarraidh go gcuirfí chun cinn go gníomhach ról agus rannpháirtíocht na mban sa gheilleagar agus sa tsochaí agus go dtabharfaí aitheantas dá gcearta sibhialta agus dlíthiúla, lena n-áirítear an ceart chun maoine, rochtain ar iasachtaí bainc agus an ceart páirt a ghlacadh in earnálacha éagsúla eacnamaíocha agus sa saol polaitiúil, go háirithe trí bheartais mhaicreacnamaíocha a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a chur chun cinn; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil an ceart chun pá comhionann as obair chomhionann ar luach comhionann faoi leith in go leor imthosca, laistigh agus lasmuigh de AE, fiú nuair a chumhdaítear sa dlí é, agus á chur i bhfáth go láidir nach mór aghaidh a thabhairt ar bhunchúis an idirdhealaithe sin;

56.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeidh an earnáil phríobháideach rannpháirteach i mbaint amach na gcuspóirí a leagtar amach in GAP III agus go ndéanfar í a thabhairt chun cuntais i gcás sáruithe ar chearta na mban le linn gníomhaíochtaí corparáideacha; á iarraidh ar an gCoimisiún gné na hinscne a áireamh sa togra reachtach a bheidh aige go luath maidir le dícheall cuí corparáideach;

57.  á chur i bhfáth go bhfuil neamhspleáchas eacnamaíoch agus sóisialta na mban ríthábhachtach don fhás inbhuanaithe agus cuimsitheach; á iarraidh go ndéanfaí iarracht chuimsitheach rochtain a thabhairt do chailíní agus do mhná ar oideachas ardcháilíochta agus ar oiliúint ardchaighdeáin maidir le scileanna, agus uirlisí éifeachtacha lena gcuirtear le rochtain na gcailíní agus na mban ar mhargadh an tsaothair, go háirithe i suíomhanna éigeandála agus easáitithe; ag moladh go láidir go gcuirfeadh tíortha comhpháirtíochta borradh faoi infheistíocht in oideachas ardcháilíochta cuimsitheach, le tacaíocht ó bhuiséad an Aontais; ag cur i bhfios go bhfuil tacaíocht bhuiséadach AE, a bhfuil a héifeachtúlacht i réimse an oideachais cruthaithe, fós mar bhealach chun rochtain a thabhairt do chách ar oideachas cuimsitheach ardcháilíochta i dtíortha i mbéal forbartha; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé beartaithe an maoiniú foriomlán don oideachas a mhéadú, agus 10 % den bhuiséad maidir le cabhair dhaonnúil a chur i leataobh do mhaoiniú le haghaidh oideachais i gcásanna éigeandála;

58.  á chur i bhfáth gur gá tacú le hinfheistíocht shuntasach i seirbhísí sláinte agus oideachais, i dtithíocht inacmhainne agus in iompar poiblí atá sábháilte, inacmhainne agus inrochtana, i gceantair thuaithe agus uirbeacha araon, d’fhonn freastal ar riachtanais phoiblí agus chun cur le neamhspleáchas, comhionannas agus fuascailt na mban; á mheabhrú nach mór aird ar leith a thabhairt ar na saincheisteanna sin i stáit leochaileacha agus i stáit iarchoinbhleachta, ina gcuirfidh an AE tionscadail forbartha chun feidhme freisin chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar an easpa tithíochta, talún agus ceart maoine do mhná;

59.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá tagtha ar an mbearna inscne dhigiteach i roinnt mhaith tíortha, rud a chuireann bac ar rochtain chothrom ar fhaisnéis agus ar sheirbhísí digiteacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an litearthacht dhigiteach a chur chun cinn, chomh maith le rochtain ar uirlisí digiteacha agus inacmhainneacht na n-uirlisí sin, agus rochtain a fháil ar mhargadh an tsaothair; á iarraidh go ndéanfaí cistiú agus scoláireachtaí méadaithe agus spriocdhírithe chun go mbeidh mná agus cailíní in ann rochtain a fháil ar ardoideachas agus ar ghairmoiliúint, go háirithe d’fhonn oideachas digiteach agus teicneolaíoch cailíní, agus rannpháirtíocht na mban i réimsí STEM a chur chun cinn, agus chun tacú le tionscadail faoi stiúir na mban; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil rún daingean ag GAP III an bhearna dhigiteach inscne a líonadh chun claochlú digiteach atá cuimsitheach i ndáiríre a chur chun cinn;

60.  á mheabhrú go bhféadfadh deacrachtaí a bheith ag mná rochtain a fháil ar sheirbhísí digiteacha agus ar bhonneagar lena mbaineann, go háirithe iad siúd a bhfuil idirdhealú trasnach os a gcomhair; á iarraidh go dtabharfaí rochtain níos fearr, uilíoch, shábháilte agus shlán ar uirlisí digiteacha do mhná agus do chailíní, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta;

61.  á chur i bhfáth gur gá tacú le soláthar seirbhísí poiblí agus príobháideacha trí bhealaí digiteacha, teicneolaíochtaí agus seirbhísí digiteacha a fhreagraíonn do chúrsaí inscne (mar shampla ríomhsheirbhísí rialtais, seirbhísí digiteacha airgeadais) lena gcuirfear feabhas ar chuimsiú agus ar rannpháirtíocht na mban agus na gcailíní sa tsochaí; á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic le heisiamh digiteach na ngrúpaí leochaileacha uile sa tsochaí agus oideachas i dteicneolaíocht na faisnéise agus na cumarsáide a chur ar fáil dóibh, agus na fachtóirí éagsúla lena gcinntear rochtain na mban ar an oideachas á gcur san áireamh, chomh maith le pointí rochtana digití saor in aisce a chruthú;

62.  á iarraidh go dtacódh AE le nuachóiriú agus digiteáil na nósanna imeachta riaracháin i dtíortha comhpháirtíochta, go háirithe chun a áirithiú go mbeidh cláir shibhialta iontaofa ag na tíortha sin go léir a dhéanann taifead ar gach breith;

63.  ag aithint go gcuirtear oideachas agus oiliúint na mban agus na gcailíní i mbaol le héigeandálaí, amhail coinbhleacht armtha agus géarchéimeanna eacnamaíocha, agus suíomhanna easáitithe; á athdhearbhú go ndéantar difear tromchúiseach do rochtain na mban ar shlite beatha agus ar dheiseanna saothair le linn éigeandálaí agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé go leithdháilfear na cistí riachtanacha sna cásanna sin, go háirithe ar eagraíochtaí áitiúla atá faoi stiúir na mban agus ar na struchtúir atá ann cheana, d’fhonn feabhas a chur ar na struchtúir lena n-áirithítear forbairt cheart a n-oideachais, a scileanna agus a rochtain ar phoist san fhadtéarma;

64.  á thabhairt dá haire go bhfuil tionchar neamhshiméadrach ag neamhdheimhneacht an tsoláthair bhia ar mhná agus gur lú talamh, beostoc agus sócmhainní eile atá acu ar bhealach díréireach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú leis an aidhm comhionannas inscne a bhaint amach in earnáil an bhia agus na talmhaíochta, deiseanna airgeadais agus rochtain ar oiliúint chun mná a chumhachtú sa talmhaíocht; á thabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag tíortha comhpháirtíochta maidir le hathchóirithe dlíthiúla, beartais agus institiúideacha chun cearta comhionanna a thabhairt do mhná maidir le hacmhainní eacnamaíocha, go háirithe rochtain agus rialú ar thalamh agus ar chineálacha eile maoine;

65.  á iarraidh ar an Aontas beartais eacnamaíocha agus trádála a chur chun cinn a bheidh comhsheasmhach leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus le cuspóirí GAP III; ag meabhrú an tseasaimh a bhí aici roimhe seo maidir le trádáil agus inscne mar a leagtar amach ina rún an 13 Márta 2018 i ndáil le comhionannas inscne i gcomhaontuithe trádála AE(12); á iarraidh ar AE leanúint de thacaíocht a thabhairt do bheartais trádála agus iad a thabhairt isteach, ar beartais iad lena laghdaítear bearnaí socheacnamaíocha agus lena ndéantar ardleibhéal cosanta agus urraime do shaoirsí bunúsacha agus do chearta an duine a áirithiú, lena n-áirítear comhionannas inscne;

66.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go n-iarrtar le GAP III go gcuirfí comhionannas inscne chun cinn trí bheartas trádála an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar SEGS cuimsiú caibidle inscne ar leith i gcomhaontuithe trádála agus infheistíochta uile an Aontais a chur chun cinn agus tacú leis, lena n-áirítear gealltanais chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún tionchar inscne bheartas trádála agus chomhaontuithe trádála AE a chur san áireamh i measúnuithe tionchair ex ante agus ex post;

67.  ag cur béim ar an seasamh a bhí aici roimhe seo ina n-iarrtar go mbeadh caibidil ar leith ann maidir le trádáil agus comhionannas inscne agus cumhachtú na mban sa nuachóiriú ar an gComhaontú Comhlachais idir AE agus an tSile atá ar na bacáin; ag breathnú ar an dul chun cinn a rinneadh le linn na caibidlíochta maidir le caibidil i ndáil le trádáil agus inscne agus é ina ábhar suime di;

68.  ag meabhrú rún an 25 Samhain 2010 uaithi maidir le cearta an duine agus caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil i gcomhaontuithe trádála idirnáisiúnta(13);

69.  ag tabhairt dá haire nach bhfuil an beartas trádála neodrach ó thaobh inscne de agus gur gá sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú ar bhealach níos fearr, mar aon le táscairí soiléire, chun measúnú leormhaith a dhéanamh ar thionchair éagsúla an bheartais trádála ar mhná agus ar fhir; á iarraidh an athuair ar an Aontas agus a Bhallstáit spreagadh a fháil ón tsraith uirlisí arna forbairt ag Comhdháil na Náisiún Aontaithe ar Thrádáil agus Forbairt agus an tionchar inscne tírshonrach agus earnáilshonrach de bhearta trádála agus comhaontuithe trádála AE a áireamh i measúnuithe tionchair ex ante agus i measúnuithe ex post; ag iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar le comhpháirtithe idirnáisiúnta, amhail EDT, agus le húdaráis áitiúla agus le heagraíochtaí chun sonraí a bhailiú, anailís a dhéanamh ar thionchar na trádála ar mhná agus sonraí a aistriú ina dtograí nithiúla chun feabhas a chur ar ról na mban sa chóras trádála idirnáisiúnta agus chun fás eacnamaíoch cuimsitheach a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhféadfadh dea-chleachtais agus modhanna bailithe sonraí a chomhroinnt ar bhealach níos fearr, agus gné inscne a áireamh sa trádáil mar thoradh ar an gcomhar treisithe idir eagraíochtaí idirnáisiúnta amhail EDT, Lárionad Trádála Idirnáisiúnta agus na Náisiúin Aontaithe agus cruthú líonraí a bhfuil an lucht léinn, ESSanna agus parlaimintí rannpháirteach iontu; á áitiú nár cheart saincheisteanna inscne a theorannú don chaibidil maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe;

70.  á iarraidh ar an gCoimisiún páirt ghníomhach a ghlacadh i Meitheal EDT Neamhfhoirmiúil um Thrádáil agus Inscne a bunaíodh le déanaí chun oibriú i dtreo Dearbhú láidir Aireachta ag an 12ú Comhdháil Aireachta a d’fhéadfadh a bheith ina threochlár chun Dearbhú Buenos Aires 2017 a chur chun feidhme; ag cur i bhfios go láidir gurb í an Mheitheal Neamhfhoirmiúil um Thrádáil agus Inscne an chéad chéim i dtreo ardán níos buaine in EDT chun saincheisteanna a bhaineann le trádáil agus le hinscne a phlé; ag iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de dhul i dteagmháil go réamhghníomhach le comhaltaí eile EDT chun cur le hobair na Meithle Neamhfhoirmiúla, agus chun féachaint an bhféadfaí meitheal bhuan a bhunú;

71.  ag meabhrú a héilimh chuig an gCoimisiún go mbeadh comhdhéanamh na nGrúpaí Comhairleacha Baile cothrom ó thaobh inscne de, go leathnófaí a ról faireacháin tuilleadh, agus go mbunófaí Coiste um Thrádáil agus Inscne faoi gach Comhaontú Saorthrádála chun easnaimh a shainaithint;

72.  ag iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht chúramach a dhéanamh ar thionchar na gcomhaontuithe trádála ar earnálacha a bhfuil céatadán ard oibrithe ban acu, amhail earnáil an éadaigh agus talmhaíocht ar mhionscála; á mheabhrú, maidir leis an ngéarchéim eacnamaíoch a tharla mar thoradh ar COVID-19, go ndearna sí difear do na hearnálacha sin agus gur measa an baol go dtiocfadh méadú ar neamhionannas, idirdhealú agus dúshaothrú oibrithe baineanna;

73.  ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh acmhainní leordhóthanacha ar fáil, agus go ndéantar na hacmhainní a leithdháiltear a nochtadh, chun bunluach an chomhionannais inscne ina bheartais trádála agus infheistíochta a chur chun cinn agus a áirithiú go mbeidh an t-eolas agus an cumas teicniúil ag rúnaíochtaí institiúidí an Aontais atá freagrach as beartas trádála agus caibidlíocht trádála chun gné na hinscne a ionchorprú sa phróiseas caibidlíochta trádála agus ceapadh beartais ina iomláine, trí lárphointí inscne a cheapadh in institiúidí agus toscaireachtaí an Aontais;

74.  á iarraidh go n-áireofaí forálacha in-fhorfheidhmithe sna caibidlí uile maidir le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe atá bunaithe ar urramú chroíchaighdeáin saothair na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair agus na gcoinbhinsiún ábhartha, go háirithe Coinbhinsiún Uimh. 189 maidir le hOibrithe Intíre, Coinbhinsiún Uimh. 156 maidir le hOibrithe le Freagrachtaí Teaghlaigh, CEDAW, Coinbhinsiún Uimh. 111 maidir le hIdirdhealú (Cúrsaí Fostaíochta agus Slí Bheatha), Coinbhinsiún Uimh. 100 maidir le Luach Saothair Comhionann agus Coinbhinsiún Uimh. 190 maidir le Foréigean agus Ciapadh, agus go n-áireofaí na coinbhinsiúin sin ar liosta na gcoinbhinsiún in athbhreithniú GSP+;

75.  á chur in iúl gur geal léi Comhaontú Idirnáisiúnta Ceardlann de chuid Eagraíocht Idirnáisiúnta na gCaighdeán (ISO/IWA 34) maidir le sainmhínithe domhanda a bhaineann le fiontraíocht na mban, arb é is aidhm dó ceapadh beartais, bailiú sonraí agus rochtain ar fhothú acmhainneachta, rochtain ar mhaoiniú agus ar mhargaí chun cumhachtú eacnamaíoch na mban, a éascú.

76.  á chur in iúl gur geal léi an méid atá bainte amach go dtí seo maidir le hinscne i mbeartais iasachtaithe an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus á iarraidh ar BEI a iarrachtaí a mhéadú agus, go háirithe, spriocanna beartais GAP III a chur san áireamh a mhéid is féidir ina shainordú iasachtaithe sheachtraigh;

77.  á chur i bhfáth gur cheart BEI agus institiúidí airgeadais Eorpacha ábhartha eile don fhorbairt a ailíniú go hiomlán le GAP III; á iarraidh ar BEI cuspóirí GAP III a chur san áireamh agus tacaíocht á tabhairt do ghnóthais i dtíortha comhpháirtíochta trí mheasúnuithe tionchair ba cheart a dhéanamh ar gach tionscadal a mhaoiníonn BEI, agus á iarraidh go ndéanfaí faireachán leanúnach ar oibríochtaí ar an láthair;

Rannpháirtíocht agus ceannaireacht na mban, na gcailíní agus na mban óg a spreagadh

78.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá ceannaireacht agus rannpháirtíocht na mban agus na gcailíní ar gach leibhéal den chinnteoireacht agus go bhfuil rannpháirtíocht chothrom na mban, sa saol poiblí agus sa saol polaitiúil ríthábhachtach chun dea-rialachas agus beartas a cheapadh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé ionadaíocht a dhéanamh ar mhná ar an dá thaobh den bhord caibidlíochta ar gach leibhéal den ghníomhaíocht sheachtrach; á athdhearbhú, nuair a bhíonn mná agus cailíní ar an bhfód go cothrom, go mbaineann pobail uile tairbhe as réitigh níos fearr agus níos buanfasaí; á thabhairt dá haire go bhfuil mná faoi ghannionadaíocht ar gach leibhéal den saol polaitiúil agus poiblí agus go bhfuil an dul chun cinn mall;

79.  á iarraidh go ndéanfaí clár a mhaoiniú chun oiliúint, rannpháirtíocht shibhialta agus rannpháirtíocht na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear tacú le cur chuige rannpháirtíochta ar leibhéal an phobail agus gníomhaíochtaí sonracha oideachais do chailíní agus do mhná óga, ós rud é go bhfuil siad ar na cinn is mó a ndéanann an t-idirdhealú difear dóibh; á iarraidh go n-áireofaí mná ar gach leibhéal den chinnteoireacht, den rialtas, den cheannaireacht agus de phoist chumhachta, trí athchóirithe ar an riarachán poiblí, trí chláir agus gníomhaíochtaí amhail líonrú, malartuithe, meantóireacht agus urraíocht, agus ag tacú le heagraíochtaí áitiúla um chearta na mban agus freagróirí túslíne daonnúla faoi stiúir na mban a chuimsiú sa chomhordú daonnúil agus sna struchtúir chinnteoireachta;

Mná a dhéanamh rannpháirteach i bpróisis cothaithe síochána agus slándála

80.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an rannchuidiú a rinne mná agus an tsochaí shibhialta chun an t-idirphlé a chur chun cinn, chun comhghuaillíochtaí a chothú agus idirghabháil a dhéanamh ar son na síochána, agus chun dearcthaí éagsúla a thabhairt maidir leis an gciall atá leis an tsíocháin agus leis an tslándáil, go háirithe maidir le coinbhleachtaí a chosc, a réiteach agus a atógáil iarchoinbhleachta; á iarraidh ar AE níos mó rannpháirtíochta ag mná i gcoimeád na síochána agus i gcothú na síochána a chur chun cinn, agus tacaíocht agus aitheantas a thabhairt do mhná, do mhná óga, do chailíní agus do mhná mar phríomhspreagthaí an athraithe, agus chun tacú leo agus iad a chosaint; á chur i bhfáth gur bunchloch do shochaí dhaonlathach agus chuimsitheach iad cearta daonna na mban a urramú agus a fhíorú go hiomlán;

81.  á chur in iúl gur díol sásaimh di gur comhtháthaíodh Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (MSS in GAP III agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme go héifeachtach é; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról tábhachtach ag tionscnaimh áitiúla um chothú na síochána atá ann cheana agus atá rathúil, ar tionscnaimh iad atá faoi stiúir ban agus cosantóirí baineanna chearta an duine, agus á iarraidh ar AE tacú leis na tionscnaimh sin, feabhas a chur orthu agus iad a áireamh go córasach i gcomhairliúcháin maidir le cothú na síochána, sa chomhordú agus sa chinnteoireacht;

82.  á iarraidh ar SEGS anailís chórasach dhéanamh ar choinbhleachtaí le gné chomhtháite inscne bunaithe ar anailís inscne agus ar anailís inscne-chuimsitheach ar choinbhleachtaí, go háirithe maidir le misin agus oibríochtaí CBSC, agus gníomhaíochtaí faoin tSaoráid Eorpach Síochána; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní leordhóthanacha chun saineolas agus cumas AE tabhairt faoi anailísí riosca agus coinbhleachta le gné chomhtháite inscne a fhorbairt agus a neartú, lenar cheart aird ar leith a thabhairt ar an gcomhionannas inscne agus ar rannpháirtíocht fhóinteach na mban agus grúpaí faoi mhíbhuntáiste a áirithiú;

83.  á chur i bhfios a thábhachtaí atá sé coincheap na slándála daonna agus an cur chuige inscne a nascadh; á iarraidh ar AE úsáid a bhaint as coincheap na slándála daonna mar a leagtar amach i Rún 66/290 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus ina chlár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus leis an tSlándáil; á áitiú nach mór don tslándáil díriú ar shaol an duine agus ar dhaoine a chosaint ar bhagairtí amhail foréigean agus easpa oideachais, cúram sláinte, bia nó neamhspleáchas eacnamaíoch; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar na Ballstáit clár oibre dí-armála na Náisiún Aontaithe a fhorbairt agus a chur chun cinn; á áitiú go mbeadh beartas eachtrach feimineach ann maidir le dí-armáil agus neamhleathadh;

84.  á thabhairt le fios go bhfuil tionchar díréireach ag foréigean gnéasach a bhaineann le coinbhleacht agus ag sáruithe eile ar chearta an duine a dhéantar le saoirse ó phionós ar mhná, lena n-áirítear baol níos airde gáinneála ar dhaoine; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go bhfaighidh mná agus cailíní a d’fhulaing foréigean gnéasach i limistéir choinbhleachta agus tíortha cúram agus cóireáil atá iomchuí agus iomlánaíoch, agus cúiteamh éifeachtach agus pras; á thabhairt dá haire go bhfuil an córas sin ag obair cheana féin san áit a bhfuil sé curtha ar bun agus go gcuidíonn sé leis na híospartaigh sin a athimeascadh sa tsochaí; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le stiogmatú íospartach; á iarraidh go leanfaí de thacaíocht a thabhairt do bhearta lena gcuirfear mná ar fáil i gcomhthéacsanna coinbhleachta agus éigeandála le pacáistí cúraim SRHR, trí chistiú a thabhairt d’eagraíochtaí túslíne agus d’eagraíochtaí atá faoi stiúir na mban agus trí thacú leo;

85.  á mheabhrú go bhfuil tionchar díréireach ag coinbhleacht armtha ar mhná agus ar chailíní; á chur in iúl gur saoth léi úsáid an fhoréigin ghnéasaigh mar arm cogaidh agus ag áitiú gur gá dul i ngleic leis an bhforéigean sin, agus saoirse ó phionós a chomhrac, trí lucht déanta na coire a thabhairt os comhair na cúirte; á chur i bhfáth, thairis sin, gur minic iad mná na chéad íospartaigh easáitithe i limistéir choinbhleachta, agus gur minic nach mbíonn neamhspleáchas eacnamaíoch acu ná rochtain acu ar oideachas agus ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe atá iontaofa; á thabhairt chun suntais gur gá rochtain ar oideachas agus ar phoist a áirithiú dóibh siúd a easáitíodh mar gheall ar choinbhleacht nó ar thubaistí nádúrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oibriú le tíortha comhpháirtíochta agus lena bhfórsaí armtha chun forfheidhmiú cuí Cheathrú Coinbhinsiún na Ginéive a áirithiú i dtaca le daoine a chosaint in aimsir chogaidh, agus béim ar leith á leagan ar fhoréigean gnéasach a chosc agus a phionósú;

86.  á chur in iúl gur oth léi an easpa breithnithe in GAP III maidir leis an oidhreacht chultúrtha ar fud na dtíortha agus ról na mban i gcosaint agus i bhforbairt na hoidhreachta sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS cláir a fhorbairt lena ndíreofar ar an oidhreacht chultúrtha agus na traidisiúin arna bhforbairt ag mná, ar oidhreacht agus traidisiúin iad nach dtugtar aird orthu go minic, go háirithe le linn thimthriall iomlán na coinbhleachta, a chosaint agus a aithint;

Gníomhaíocht inscne-fhreagrúil a áirithiú

87.  á chur in iúl gur oth léi nach dtugtar aghaidh go leordhóthanach ar ghné na hinscne i suíomhanna daonnúla sa teachtaireacht a tháinig ón gCoimisiún le déanaí ‘maidir le gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais: dúshláin nua, na prionsabail chéanna’ (COM(2021)0110); á iarraidh ar an gCoimisiún tograí níos nithiúla a chur ar fáil maidir le caiteachas sonrach, cláir shonracha, rianú agus measúnú ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le hinscne i suíomhanna daonnúla, agus bearta a fhorbairt tuilleadh chun gníomhaíocht dhaonnúil an Aontais a fhorbairt tuilleadh, a bheidh oiriúnaithe agus éifeachtúil a fhreagraíonn d’inscní, i bhfianaise na ndeiseanna a chuirtear i láthair le cur chuige na ‘dtrí nasc’ idir an daonnúlacht, an fhorbairt agus an tsíocháin a chur chun cinn chun cearta na mban agus na gcailíní a chosaint agus chun comhionannas inscne a chur chun cinn i ngach comhthéacs;

Sochaí ghlas agus dhigiteach a thógáil

88.  á chur in iúl gur díol sásaimh di go n-áirítear in GAP III réimse tosaíochta maidir leis an athrú aeráide, ós rud é nach bhfuil an t-athrú aeráide neodrach i dtaobh inscne, toisc go bhfeidhmíonn sé mar údar scaipthe an neamhionannais inscne atá ann cheana, go háirithe i gcás na mbocht, na ndaoine óga agus na ndaoine dúchasacha, agus go háirithe i dtimpeallachtaí leochaileacha; á chur in iúl gur mór aici a dhiongbháilte atá an tAontas aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna inscne i gcomhthéacs an aistrithe ghlais, i bhfianaise thionchar trasnach agus díréireach an athraithe aeráide ar mhná agus ar chailíní, go háirithe i dtíortha i mbéal forbartha; á chur i bhfáth a riachtanaí atá sé go n-áireofaí, go n-éistfear le mná agus cailíní agus cumhacht a thabhairt dóibh i gceapadh agus i gcur chun feidhme cur chuige éifeachtach maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide i dtíortha comhpháirtíochta, agus ar an gcaoi sin gníomhaíocht éifeachtach claochlaitheach ar son na haeráide a áirithiú; á iarraidh ar AE dea-shampla a thabhairt trí ghné agus spriocanna inscne a chur san áireamh, gan mhoill, maidir le comhionannas inscne sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus i dtionscnaimh ghaolmhara;

89.  á athdhearbhú gur réamhriachtanas é an comhionannas inscne don fhorbairt inbhuanaithe agus d’fhonn aistriú cóir agus cothrom a bhaint amach, rud a fhágann nach bhfágfar aon duine ar lár; á athdhearbhú, dá bhrí sin, gur iarr sí go leanfadh ‘Taidhleoireacht um Chomhaontú Glas don Eoraip’ an ‘Comhaontú Glas don Eoraip’ go pras, agus go ndéanfaí dearcadh inscne agus trasnach a áireamh go córasach, agus lena mbainfeadh mná agus cailíní, lena n-áirítear mná dúchasacha, sa chinnteoireacht straitéiseach maidir le hoiriúnú don athrú aeráide;

90.  á thabhairt le fios go bhfuil na mná agus eagraíochtaí na mban ar thús cadhnaíochta ó thaobh réitigh a fháil agus saineolas a chur ar fáil i réimsí na talmhaíochta, na haeráide, an fhuinnimh agus chaomhnú na bithéagsúlachta, agus go bhfuil siad ar thús cadhnaíochta sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht dóibh i bhfoirm cistiú leormhaith agus solúbtha, forálacha creata reachtaigh agus rochtain ar thalamh agus ar acmhainní, agus comhar leis na hearnálacha príobháideacha agus airgeadais; á athdhearbhú go bhfuil an ról ag an oiriúnú inscne-fhreagrúil, lena n-áirítear talmhaíocht aeráidchliste, laghdú rioscaí tubaiste, an geilleagar ciorclach agus bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha;

91.  á iarraidh go dtabharfaí rochtain níos fearr do mhná agus do chailíní ar uirlisí digiteacha agus ar oiliúint ina n-úsáid agus go ndéanfaí bearta chun iad a chur chun cinn i slite beatha STEM;

92.  á chur i bhfáth gur foinse idirdhealaithe agus ciaptha bunaithe ar inscne iad líonraí sóisialta; á chur i bhfáth gur gá go gcuirfeadh rialtais dlús leis na hiarrachtaí chun rialáil níos fearr a dhéanamh ar na líonraí sin, in éineacht le hardáin dhigiteacha chun foréigean inscnebhunaithe ar líne agus cibearbhulaíocht a chomhrac; ag aithint gur bac mór é sin ar rochtain na mban agus na gcailíní ar spásanna digiteacha agus ar a rannpháirtíocht ar líne agus go gcuireann sé bac mór ar rannpháirtíocht pholaitiúil cailíní agus ban, go háirithe i gcás mná agus cailíní a bhfuil féiniúlachtaí trasnacha acu, a thuairiscíonn rátaí níos airde ciaptha ar líne; á iarraidh go mbeadh sásraí spriocdhírithe cosanta ann do mhná ar líne agus go mbeadh baint níos mó ag mná le feidhmchláir intleachta saorga a dhearadh, a mhonarú agus a fhorbairt chun buanú steiréitíopála agus réamhchlaontaí inscne a chomhrac; á iarraidh go bhforfheidhmeofaí forálacha cuí an dlí choiriúil chun comhrac a dhéanamh ar an mí-úsáid ar líne, ar theachtaireachtaí bagracha, ar ghnéaschiapadh agus ar chomhroinnt íomhánna príobháideacha gan toiliú;

93.  ag tabhairt dá aire go bhfuil sé d’acmhainneacht ag an ríomhthráchtáil níos mó banfhiontraithe a nascadh le margaí idirnáisiúnta; á iarraidh, áfach, ar an gCoimisiún tacú le mná maidir le teicneolaíochtaí nua a ghlacadh amhail blocshlabhra, mar gheall ar a nádúr idir piaraí, a anaithnideacht agus a éifeachtúlacht gur féidir leis cuidiú le mná áirithe roinnt bacainní idirdhealaitheacha dlíthiúla agus cultúrtha ar thrádáil a shárú, feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar mhaoiniú agus cuidiú leo iad féin a chomhtháthú i slabhraí luacha domhanda;

Glúin an Chomhionannais a chruthú i bhfírinne

94.  á athdhearbhú gur gá don Aontas ról ceannasach a imirt ar an leibhéal iltaobhach maidir le taidhleoireacht fheimineach a chur chun cinn d’fhonn comhaontuithe idirnáisiúnta a chur chun feidhme a bhaineann le cearta agus cumhachtú na mban agus na gcailíní; á iarraidh ar an Aontas, ar na Ballstáit, ar an gCoimisiún agus ar SEGS gealltanas a thabhairt go rachaidh siad chun cinn i dtreo beartas eachtrach, slándála agus forbartha feimineach atá claochlaitheach maidir le caidrimh inscne agus go mbeidh an comhionannas inscne ina chuid lárnach dá ngníomhaíochtaí seachtracha agus dá dtosaíochtaí seachtracha;

95.  á chur in iúl gur díol sásaimh di an EUR 33 bhilliún a gheall rialtais ar fud an domhain, an earnáil phríobháideach agus an tsochaí shibhialta ag an bhFóram ‘Generation Equality’ i bPáras; á iarraidh go mbeadh córas cuntasachta idirnáisiúnta agus éifeachtúil ann, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar na gealltanais a comhaontaíodh agus ar a gcur chun feidhme iarbhír go bliantúil;

96.  á mheabhrú gur gheall an Coimisiún EUR 4 bhilliún ón mbuiséad seachtrach a chur i leataobh le haghaidh na mban agus na gcailíní agus maoiniú a mhéadú d’eagraíochtaí na mban; á iarraidh go ndéanfaí na gealltanais sin a shoiléiriú, go ndéanfaí faireachán leormhaith orthu agus go gcuirfí i ngníomh iad, agus go mbunófaí bonnlíne agus spriocanna soiléire;

97.  á thabhairt le fios arís go bhfuil idirphlé idirghlúine agus cuimsiú, chomh maith leis an tiomantas ó thaobh na bhfear agus na mbuachaillí an comhionannas inscne a chur chun cinn, ríthábhachtach chun athrú sochaíoch a chruthú agus chun fíor-chomhionannas a chruthú;

98.  á chur in iúl gur geal léi an t-aitheantas a thug GAP III don tábhacht a bhaineann le fir agus buachaillí a mhealladh go gníomhach chun athrú ar dhearcthaí sóisialta a chur chun cinn agus, mar thoradh air sin, athrú struchtúrach níos leithne a chur chun cinn; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé bealaí praiticiúla a chruthú chun ról a thabhairt d’fhir agus do bhuachaillí mar ghníomhairí don athrú trí tháscairí agus spriocanna breise a leagan síos maidir le rannpháirtíocht na bhfear agus na mbuachaillí agus a áirithiú go mbeidh torthaí dearfacha orthu mar thoradh ar GAP III freisin;

o
o   o

99.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.

(1) IO L 23, 27.1.2010, lch. 35.
(2) IO L 107, 26.3.2021, lch. 1.
(3) IO L 209, 14.6.2021, lch. 1.
(4) IO C 76, 9.3.2020, lch. 168.
(5) IO C 294, 23.7.2021, lch. 8.
(6) IO C 294, 23.7.2021, lch. 58.
(7) IO C 404, 6.10.2021, lch. 202.
(8) IO C 456, 10.11.2021, lch. 191.
(9) IO C 456, 10.11.2021, lch. 232.
(10) IO C 81, 18.2.2022, lch. 63.
(11) IO C 81, 18.2.2022, lch. 43.
(12) IO C 162, 10.5.2019, lch. 9.
(13) IO C 99 E, 3.4.2012, lch. 31.

An nuashonrú is déanaí: 17 Meitheamh 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais