Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2060(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0033/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0033/2022

Díospóireachtaí :

PV 04/04/2022 - 18
CRE 04/04/2022 - 18

Vótaí :

PV 05/04/2022 - 7.9
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0104

Téacsanna atá glactha
PDF 169kWORD 55k
Dé Máirt, 5 Aibreán 2022 - Strasbourg
Cosaint chearta an linbh in imeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh
P9_TA(2022)0104A9-0033/2022

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2022 ar chearta an linbh a chosaint in imeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh (2021/2060(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe Airteagal 3(3) de,

–  ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’), go háirithe Airteagal 24 di,

–  ag féachaint d’Airteagal 81 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh,

–  ag féachaint do Bharúil Ghinearálta Uimh. 24 (2019) ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh maidir le cearta leanaí sa chóras ceartais leanaí,

–  ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Márta 2021 maidir le straitéis de chuid an Aontais i dtaca le cearta an linbh (COM(2021)0142),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2201/2003 ón gComhairle an 27 Samhain 2003 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus le freagracht tuismitheora(1) (Rialachán na Bruiséile IIa),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 4/2009 ón gComhairle an 18 Nollaig 2008 maidir le dlínse, leis an dlí is infheidhme, le haithint agus forghníomhú breitheanna agus le comhar in ábhair a bhaineann le hoibleagáidí cothabhála(2) (An Rialachán maidir le Cothabháil),

–  ag féachaint do Threoir 2008/52/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2008 maidir le gnéithe áirithe den idirghabháil in ábhair shibhialta agus tráchtála(3),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/693 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Cheartas(4),

–  ag féachaint do Threoir (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna(5),

–  ag féachaint do Scórchlár Ceartais AE,

–  ag féachaint do threoirlínte an 17 Samhain 2010 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa maidir le ceartas atá fabhrach do leanaí,

–  ag féachaint do Rún 2079 ó Chomhairle na hEorpa an 2 Deireadh Fómhair 2015 maidir leis an gcomhionannas agus freagracht chomhroinnte tuismitheora: ról na n-aithreacha,

–  ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Breithiúnais i gcás C-490/20(6),

–   ag féachaint do Choinbhinsiún na Háige an 25 Deireadh Fómhair 1980 ar na Gnéithe Sibhialta a bhaineann le Fuadach Idirnáisiúnta Leanaí,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún na Háige an 29 Bealtaine 1993 ar Chosaint Leanaí agus um Chomhar i leith Uchtála idir Tíortha,

–  ag féachaint do rún uaithi an 2 Feabhra 2017 le moltaí don Choimisiún maidir le gnéithe trasteorann uchtálacha(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2021 maidir le cearta an linbh i bhfianaise straitéis AE maidir le cearta an linbh(8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 6 Deireadh Fómhair 2021 ar an tionchar a bhíonn ag foréigean páirtí dlúthchaidrimh agus cearta coimeádta ar mhná agus leanaí(9),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Achainíocha,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0033/2022),

Ceartas atá fabhrach do leanaí in imeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh

A.  de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar líon na leanaí agus na ndéagóirí atá ag dul i dteagmháil leis an gcóras breithiúnach in imeachtaí sibhialta, riaracháin agus dlí teaghlaigh, go príomha mar gheall ar an méadú ar cholscaradh, idirscaradh agus uchtáil; de bhrí gur cheart, sna himeachtaí sin, rochtain neamh-idirdhealaitheach ar cheartas a ráthú do gach leanbh, lena n-áirítear, go háirithe, rochtain ar chúirteanna agus modhanna malartacha chun díospóidí a réiteach;

B.  de bhrí go ngabhann AE air féin a áirithiú go ndéanfar cearta gach linbh a urramú, a chosaint agus a fheidhmiú d’fhonn sochaí níos sláintiúla, níos cothroime agus níos córa a bhfuil teacht aniar níos fearr inti a chruthú do chách;

C.  de bhrí go bhfuil sé de cheart ag leanaí a bheith rannpháirteach, éisteacht a fháil agus a dtuairimí a chur in iúl i gcomhréir lena n-aois, a n-aibíocht agus a gcuid scileanna teanga in aon imeachtaí a bhaineann lena leas agus leis na socruithe dá saol sa todhchaí; de bhrí gur cheart aird chuí a thabhairt ar thuairimí leanaí, is cuma más ag cúirt nó ag aon údarás ábhartha eile atá na himeachtaí á dtionól;

D.  de bhrí gur cheart go mbeadh leanaí rannpháirteach in imeachtaí cúirte agus riaracháin i dtimpeallacht chompordach atá fabhrach dóibh ionas nach mbeidh tráma ná strus breise orthu agus chun tionchar síceolaíoch agus mothúchánach na gcúinsí sin a íoslaghdú, go háirithe i gcás na leanaí is leochailí amhail leanaí atá faoi mhíchumas nó leanaí ó chúlra imirceach;

E.  de bhrí gur cheart do na húdaráis ábhartha tacú le rannpháirtíocht leanaí in imeachtaí den sórt sin trí chur chuige ildisciplíneach;

F.  de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit coimircí, ráthaíochtaí agus rialacha nós imeachta a bhunú lena rialaítear éisteachtaí an linbh; de bhrí go bhfuil difríochtaí móra ann maidir leis na forálacha sin idir na Ballstáit áfach;

G.  de bhrí, sa bhaile agus i dtimpeallacht teaghlaigh ina bhfuil aighneas idir tuismitheoirí, go bhféadfadh na leanaí féin a bheith thíos le ‘foréigean feicthe’ trí chineálacha éagsúla drochíde a fheiceáil a chuimsíonn gníomhartha foréigin fhisiciúil, béil, shíceolaíoch, ghnéasaigh agus eacnamaíoch agus iad á ndéanamh ar phearsana tagartha nó ar phearsana tábhachtacha eile sa teaghlach; de bhrí go bhfuil drochthionchar an-tromchúiseach ag foréigean den sórt sin ar fhorbairt shíceolaíoch agus mhothúchánach an linbh; de bhrí go bhfuil sé riachtanach, dá bhrí sin, aird chuí a thabhairt ar fhoréigean den sórt sin nuair a tharlaíonn éisteacht an linbh in imeachtaí dlí teaghlaigh chun a áirithiú go dtabharfar tús áite do leas an linbh;

H.  de bhrí go bhfuil sé de cheart ag leanaí go gcuirfí ar an eolas iad go cuí ar bhealach atá i gcomhréir lena n-aois, a n-aibíocht agus a gcuid scileanna teanga agus ar bhealach atá intuigthe acu ag gach céim de na himeachtaí cúirte agus riaracháin a bhaineann leo;

I.  de bhrí nach bhfuil ach deiseanna teoranta ag leanaí in imeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh, go háirithe i gcásanna trasteorann, i dtaca le hionadaíocht a bheith á déanamh ag gairmí dlí nó ag abhcóide orthu;

J.  de bhrí gur léirigh an taithí a fuarthas i gcásanna áirithe(10) na buntáistí a bhaineann le duine tiomanta agus neamhspleách a bheith ag an leanbh a bhfuil iontaoibh ag an leanbh ann chun tacú leis agus é a thionlacan i rith na n-imeachtaí dlíthiúla ar fad, lena n-áirítear i gcásanna idirghabhála;

K.  de bhrí gur cheart do chúirteanna, comhlachtaí riaracháin agus institiúidí leasa shóisialaigh tús áite a thabhairt do leas an linbh agus aon chinneadh faoin leanbh á dhéanamh acu; de bhrí gur cheart na cinntí sin a dhéanamh ar bhonn aonair, agus aois, riachtanais agus imthosca sonracha an linbh agus a theaghlaigh á gcur san áireamh;

L.  de bhrí nach féidir leas an linbh agus rochtain gach linbh ar cheartas a áirithiú más rud é go bhfuil a rannpháirtíocht in imeachtaí sibhialta, riaracháin agus dlí teaghlaigh agus úsáid na seirbhísí tacaíochta a ghabhann leo ag brath ar acmhainní airgeadais a dtuismitheoirí, go háirithe toisc go bhféadfadh costas na n-imeachtaí agus na seirbhísí sin a bheith an-ard;

M.  de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar AE agus a Bhallstáit cearta an linbh a chur chun cinn, lena n-áirítear trí cheartas atá fabhrach do leanaí, i gcur chun feidhme na ngníomhaíochtaí uile faoin gClár um Cheartas;

Creat AE chun cearta an linbh a chosaint i ndíospóidí sibhialta trasteorann

N.  de bhrí go gciallaíonn an méadú ar shoghluaisteacht gur dócha go dtiocfaidh méadú ar líon na leanaí a bheirtear do theaghlaigh a bhfuil gné thrasteorann acu;

O.  de bhrí, cé gur inniúlacht de chuid na mBallstát fós é an dlí substainteach sibhialta agus teaghlaigh, is féidir rialacha comhchuibhithe maidir leis an dlí sibhialta agus teaghlaigh trasteorann a bhunú ar leibhéal AE;

P.  de bhrí go gcaithfidh na Ballstáit, mar pháirtithe i gCoinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh, tús áite a thabhairt do shárleasanna an linbh i ngach gníomhaíocht phoiblí, lena n-áirítear agus iad ag déileáil le díospóidí teaghlaigh trasteorann; de bhrí, i ndíospóidí teaghlaigh a bhfuil impleachtaí trasteorann acu, gur minic gurb é an chiall a bhaineann na húdaráis inniúla i roinnt Ballstát as cosaint a thabhairt do leas an linbh ná go gcaithfidh an leanbh fanacht ar chríoch an stáit, fiú i gcásanna inar cuireadh mí-úsáid agus foréigean baile i leith an tuismitheora a bhfuil cónaí air sa stát sin;

Q.  de bhrí go gcuireann prionsabal an aitheantais fhrithpháirtigh, atá bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, oibleagáid ar Bhallstáit éifeacht a thabhairt do bhreithiúnas nó do chinneadh de thionscnamh Ballstáit eile;

R.  de bhrí go bhfuil imeachtaí trasteorann níos casta ó thaobh an dlí de agus, dá bhrí sin, go mbíonn siad níos fadálaí agus níos costasaí de ghnáth;

S.  de bhrí go ndéanann an easpa nósanna imeachta éifeachtacha maidir le forghníomhú breithiúnas a bhaineann le freagracht tuismitheora, cearta rochtana, fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir nó oibleagáidí cothabhála i gcásanna trasteorann dochar do leas an linbh;

T.  de bhrí gur cheart gurb ionann na cearta, an leibhéal cosanta, na ráthaíochtaí nós imeachta agus na híoschaighdeáin atá ag leanaí a bhfuil baint acu le díospóidí trasteorann maidir leis an dlí sibhialta agus teaghlaigh, gan beann ar náisiúntacht a dtuismitheoirí;

U.  de bhrí go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh aithne a bheith acu ar a dtuismitheoirí agus go dtabharfadh a dtuismitheoirí aire dóibh; de bhrí, i gcás idirscartha go bhfuil sé de cheart ag gach leanbh caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach a choinneáil leis an mbeirt tuismitheoirí ar bhonn rialta nó, mura bhfuil na tuismitheoirí ar fáil, le gaolta na dtuismitheoirí nó, seachas sin, lena rogha duine; de bhrí nach bhféadfaidh an t-údarás inniúil srian a chur le caidreamh pearsanta agus teagmháil dhíreach linbh lena thuismitheoirí ach amháin chun leas an linbh a chosaint;

V.  de bhrí, faoi Choinbhinsiún na Háige 1980, go dtugtar isteach córas um chomhar idirnáisiúnta idir tíortha chun cásanna idirnáisiúnta fuadaigh leanaí a réiteach go pras; de bhrí go bhfuil an Coinbhinsiún daingnithe ag 101 thír go dtí seo, Ballstáit uile AE san áireamh;

W.  de bhrí, in ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh go dtí seo, nach leor na sonraí atá ag AE faoi imeachtaí breithiúnacha a bhaineann le leanaí, ná na sonraí atá ag na cúirteanna speisialaithe a bhíonn ag déileáil leo;

X.  de bhrí go bhféadfadh caillteanas de na cearta atá ag tuismitheoirí a bheith mar thoradh ar easpa rialacha comhchoiteanna AE maidir le breithiúnais tuismíochta a aithint, go háirithe i gcásanna a bhaineann le tuismitheoirí comhghnéis, go bhféadfaí ceart an linbh a thógáil agus caidreamh a choinneáil leis an mbeirt tuismitheoirí agus aon chearta a eascraíonn as tuismíocht (amhail cothabháil nó comharbas) a shárú agus go bhféadfaí siopadóireacht fóraim a spreagadh i gcás díospóidí teaghlaigh trasteorann; de bhrí gur cheart go gcuideodh an togra reachtach a bheidh ann amach anseo sa réimse sin le líon na n-imeachtaí riaracháin agus breithiúnacha a laghdú;

Y.  de bhrí gur thug an Chúirt Bhreithiúnais an breithiúnas seo a leanas le déanaí i gCás C-490/20: i gcás leanbh ar saoránach de chuid an Aontais é arb iad údaráis inniúla Ballstáit óstaigh a d’eisigh a theastas breithe agus ina n-ainmnítear beirt den ghnéas céanna mar thuismitheoirí an linbh sin ann, tá sé d’oibleagáid ar an mBallstát ar náisiúnach dá chuid an leanbh sin (i) cárta aitheantais nó pas a eisiúint don leanbh sin gan ceangal a chur ar a chuid údarás náisiúnta teastas breithe a tharraingt suas roimh ré, agus (ii) aitheantas a thabhairt don doiciméad ón mBallstát óstach lena gceadaítear don leanbh sin, i dteannta na beirte sin, ceart an linbh chun gluaiseachta agus cónaithe faoi shaoirse laistigh de chríocha na mBallstát a fheidhmiú, rud atá ina oibleagáid ar aon Bhallstát eile freisin;

Idirghabháil i gcásanna a bhaineann le leanaí

Z.  de bhrí go bhfuil sé léirithe in go leor cásanna go bhfuil idirghabháil teaghlaigh níos sciobtha, níos saoire agus níos fabhraí do leanaí ná imeachtaí cúirte chun an díospóid a réiteach agus go bhféadfadh sí, dá bhrí sin, cabhrú le cosc a chur le fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir lá is faide anonn;

AA.  de bhrí gur cheart úsáid réiteach malartach díospóide a spreagadh, mura rud é go bhfuil sé contrártha le leas an linbh, go háirithe i gcás foréigean teaghlaigh agus mí-úsáid ghnéasach;

AB.  de bhrí go bhfuil líon na n-imeachtaí idirghabhála intíre agus trasteorann íseal i gcónaí;

AC.  de bhrí nach bhfuil aon chúnamh dlíthiúil le haghaidh idirghabhála ar fáil i bhformhór na mBallstát do thuismitheoirí a bhfuil acmhainní teoranta airgeadais acu ach a d’fhéadfadh a bheith i dteideal cúnamh dlíthiúil a fháil san am céanna le haghaidh imeachtaí dlíthiúla;

AD.  de bhrí go bhféadfadh sé a bheith deacair ar thuismitheoirí faisnéis chuí agus fhíoraithe a fháil maidir leis an bhféidearthacht dul i mbun idirghabhála ag an gcéim réamhchúirte;

AE.  de bhrí go bhfuil difríocht mhór ann idir idirghabháil tráchtála agus idirghabháil teaghlaigh;

AF.  de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag idirghabháil teaghlaigh trasteorann comhaontuithe a éascú idir tuismitheoirí a fhónann chun leas an linbh a chosaint, chun an t-ualach mothúchánach agus airgeadais a laghdú mar aon leis an gcastacht dhlíthiúil a bhaineann go dlúth le himeachtaí breithiúnacha;

AG.  de bhrí go bhfuil idirghabháil teaghlaigh trasteorann níos casta ná idirghabháil a dhéanamh i ndíospóidí teaghlaigh intíre ó thaobh dlí agus lóistíochta de agus go n-éilíonn sé eolas breise agus scileanna teanga ón idirghabhálaí;

AH.  de bhrí gur cheart oiliúint a chur ar bhreithiúna agus dlíodóirí araon sa chaoi go mbeidh níos mó eolais acu ar idirghabháil teaghlaigh trasteorann;

Ceartas atá fabhrach do leanaí in imeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh

1.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú, i ngach imeacht a bhaineann le leas an linbh agus na socruithe dá shaol sa todhchaí, go ndéanfar cearta an linbh a urramú, a ráthú agus a chur chun feidhme ina n-iomláine, agus go dtabharfar tús áite do leas an linbh agus go ndéanfar é a ionchorprú go cuí agus a chur i bhfeidhm go comhsheasmhach i ngach beart a dhéanann institiúidí poiblí, go háirithe in imeachtaí breithiúnacha, a bhfuil tionchar díreach nó indíreach aige ar leanaí, i gcomhréir le hAirteagal 24 den Chairt;

2.  á mheabhrú gur cearta bunúsacha iad an rochtain ar cheartas agus an ceart éisteacht a fháil agus nach mór do gach leanbh, gan beann ar a chúlra sóisialta, eacnamaíoch nó eitneach, a bheith in ann tairbhiú de na cearta sin ar bhonn pearsanta, neamhspleách ar a thuismitheoirí nó ar a chaomhnóirí dlíthiúla;

3.  á chur i bhfios go láidir go raibh dúshláin bhreise ann maidir leis an rochtain ar cheartas, lena n-áirítear moill ar imeachtaí, de dheasca phaindéim COVID-19; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta a bheartú chun an rochtain ar cheartas a éascú le linn paindéimí, go háirithe má tá baint ag leanbh le himeachtaí dlí shibhialta, riaracháin nó teaghlaigh;

4.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacar treoirlínte comhchoiteanna nó uirlis neamhreachtach chomhchosúil a thíolacadh, gan moill mhíchuí, inar cheart moltaí agus dea-chleachtais a áireamh a bheidh le leanúint ag na Ballstáit ionas go n-áiritheofar gur breitheamh nó saineolaí oilte a sheolfaidh éisteacht an linbh agus nach gcuirfear aon bhrú orthu, lena n-áirítear ó na tuismitheoirí; á chur i bhfáth gur cheart éisteachtaí den sórt sin, go háirithe in imeachtaí dlí teaghlaigh, a reáchtáil i suíomh atá fabhrach do leanaí agus go mbeidís oiriúnach d’aois, aibíocht agus scileanna an linbh ó thaobh teanga agus ábhair de, mar aon le gach ráthaíocht a thabhairt go ndéanfar sláine mhothúchánach agus leas an linbh a urramú, strus nach gá a sheachaint agus a áirithiú go dtabharfaidh an t-údarás inniúil aird chuí ar thuairimí an linbh i gcomhréir lena aois agus a aibíocht; á chur i bhfáth, thairis sin, gur cheart éisteacht an linbh in imeachtaí teaghlaigh i gcás ina bhfuil amhras faoi fhoréigean baile nó teaghlaigh nó ‘foréigean feicthe’ a dhéanamh i láthair gairmithe, dochtúirí nó síceolaithe cáilithe i gcónaí, lena n-áirítear gairmithe atá cáilithe i néaraishíciatracht leanaí, ionas nach gcuirfear leis an tráma atá orthu nó nach ndéanfar tuilleadh leatroim orthu;

5.  á chur i bhfios go láidir nach mór a lua go soiléir sna treoirlínte nó san uirlis neamhreachtach chomhchosúil sin gur cheart leanaí a bhfuil baint acu le himeachtaí dlí shibhialta, riaracháin nó teaghlaigh a chur ar an eolas ag gach céim den nós imeachta ar bhealach atá go hiomlán intuigthe acu agus, go háirithe, gur cheart do ghairmí sainoilte an cinneadh a rinne an t-údarás a mhíniú don leanbh ar bhealach atá oiriúnach dá aois, dá aibíocht agus dá chuid scileanna teanga;

6.  á chur i bhfáth gur gá an dlúthnasc idir imeachtaí coiriúla, imeachtaí sibhialta agus imeachtaí dlíthiúla eile a aithint chun freagairtí breithiúnacha agus freagairtí dlíthiúla eile ar an bhforéigean i gcoinne leanaí agus ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh a chomhordú; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta a ghlacadh chun cásanna coiriúla agus sibhialta a bhaineann le teaghlach aonair agus leanaí a nascadh chun aon neamhréireachtaí idir cinntí breithiúnacha agus cinntí dlíthiúla eile atá díobhálach do leanaí a chosc go héifeachtach;

7.  á iarraidh ar na Ballstáit faisnéis faoi chearta an linbh a chosaint in imeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh agus sna himeachtaí féin, lena n-áirítear imeachtaí a bhfuil gné thrasteorann acu, a áirithiú agus a sholáthar, ar faisnéis í is féidir a rochtain go héasca agus atá intuigthe, cuimsitheach agus fabhrach do leanaí;

8.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar ionadaíocht dhlíthiúil atá saor in aisce, cistithe go poiblí agus ar ardcháilíocht a chumasú do leanaí atá páirteach i ndíospóidí sibhialta, riaracháin agus teaghlaigh, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil gné thrasteorann acu, i gcásanna nach bhfuil freagracht iomlán tuismitheora á feidhmiú ag tuismitheoirí nó i gcás ina bhfuil amhras ann go bhféadfadh a leas a bheith i gcoinbhleacht le leas an linbh;

9.  ag moladh go láidir go nglacfadh na Ballstáit cur chuige ildisciplíneach agus go mbunóidís seirbhísí comhairleacha agus tacaíochta do leanaí is féidir a rochtain go héasca atá ar ardcháilíocht, pearsantaithe, saor in aisce agus cistithe go poiblí – laistigh agus lasmuigh den chúirt araon – chun tacaíocht gairmithe oilte, amhail dochtúirí, síceolaithe, gairmithe atá cáilithe i néaraishíciatracht leanaí, oibrithe sóisialta agus speisialtóirí cúraim leanaí, a sholáthar, i gcás inar gá, chun tacú leis an leanbh ar an mbealach is fearr is féidir i rith gach céime de na himeachtaí; á chur i bhfáth gur cheart cur chuige aonair a ghlacadh i leith gach linbh a bhfuil baint aige le himeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh agus gur cheart aird ar leith a thabhairt ar leanaí a ndéantar idirdhealú orthu go minic nó atá i gcás leochaileach, lena n-áirítear leanaí atá faoi mhíchumas, leanaí ó chúlra imirceach agus leanaí atá ag maireachtáil faoi bhochtaineacht nó atá eisiata go sóisialta;

10.  á iarraidh ar na Ballstáit cúrsaí éigeantacha oiliúna a chur ar fáil faoi chearta agus riachtanais shonracha an linbh do bhreithiúna, do ghairmithe dlíthiúla eile, d’údaráis forfheidhmithe, d’oibrithe sóisialta, do mhúinteoirí, d’oibrithe naíonra agus do na páirtithe ábhartha eile ar fad a bhfuil baint acu le himeachtaí cúirte agus riaracháin a bhaineann le leanaí; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an tacaíocht a thugtar do na gníomhaíochtaí sin, mar shampla tríd an nGréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach, tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, agus tríd an gClár um Cheartas;

11.  á iarraidh ar an gCoimisiún líonraí agus ardáin na ngairmithe dlíthiúla atá ann cheana a spreagadh chun dea-chleachtais a mhalartú faoi éisteacht an linbh, faoi cheart an linbh chun faisnéise agus faoin gceart chun príobháideachta ar fud an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar phointe teagmhála aonair le haghaidh saineolaithe ó gach cearn den Aontas a bhunú chun feidhmiú mar ardán malartaithe faisnéise; ag moladh don Ghréasán Eorpach um Oiliúint Bhreithiúnach soláthar a dhéanamh d’fhóram den chineál sin do bhreithiúna atá bainteach le díospóidí teaghlaigh trasteorann;

12.  á iarraidh ar na Ballstáit acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun a áirithiú go ndéileálfar le himeachtaí dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh a bhaineann le leanaí ar bhealach lena gcomhlíonfar na caighdeáin maidir le ceartas atá fabhrach do leanaí, agus urraim chuí á tabhairt do shláine mhothúchánach agus fhisiciúil an linbh, agus gan moill mhíchuí; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, gur cheart do na Ballstáit a áirithiú go bhfeidhmeoidh na cúirteanna leanaí agus teaghlaigh mar sheirbhís riachtanach agus go leanfaidh siad d’éisteachtaí éigeandála a thionól agus d’orduithe cúirte a fhorghníomhú maidir le cúram agus cosaint leanaí atá i mbaol díreach faillí nó mí-úsáide;

13.  á mheabhrú gur cheart do na Ballstáit an leas is fearr is féidir a bhaint as an gClár um Cheartas chun gníomhaíochtaí agus eagraíochtaí a éascaíonn rochtain éifeachtach agus neamh-idirdhealaitheach ar cheartas do gach leanbh a mhaoiniú agus chun tacaíocht airgeadais a thabhairt d’eagraíochtaí a bhíonn ag obair le leanaí agus ar a son tríd an gClár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna; á iarraidh ar na Ballstáit sásraí agus nósanna imeachta iomchuí a bhunú le haghaidh nósanna imeachta gearán, leighis nó sásaimh chun a áirithiú go hiomlán go ndéanfar cearta an linbh a chomhtháthú go hiomchuí in imeachtaí breithiúnacha a bhfuil tionchar díreach nó indíreach acu ar an leanbh;

Creat AE chun cearta an linbh a chosaint i ndíospóidí sibhialta trasteorann

14.  á iarraidh ar na Ballstáit leas an linbh a chosaint in imeachtaí teaghlaigh trasteorann, lena n-áirítear trína áirithiú nach ndéanfar idirdhealú, le dlíthe agus nósanna imeachta, idir na tuismitheoirí ar bhonn a náisiúntachta, a dtíre cónaithe nó eile, agus trí dhiúltú don tuairim gur chun leasa an linbh i gcónaí é fanacht laistigh de chríoch Ballstáit ar leith;

15.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil an téarmaíocht dhifriúil náisiúnta ar cheann de na cúiseanna ar féidir le cásanna trasteorann a bheith dúshlánach ó thaobh an dlí de, amhail difríochtaí idir na ceanglais maidir leis an aois íosta ar fud na mBallstát, rud a fhágann go bhféadfadh sé go gcaithfí le leanbh ar bhealach difriúil ag brath ar chritéir éagsúla aoise nó ar na róil dhifriúla a bhíonn ag abhcóide an linbh in imeachtaí a bhaineann le leanaí;

16.  ag tathant ar na Ballstáit urraim a thabhairt do cheart gach linbh teagmháil phearsanta agus dhíreach a bheith aige le gach tuismitheoir, mura rud é go bhfuil sé sin i gcoinne leas an linbh, gan beann ar chomhdhéanamh an teaghlaigh nó ar an ngaol bitheolaíoch; á chur i bhfios go láidir gur cheart na cearta sin a urramú in ainneoin na mbeart sriantach a bhaineann le COVID-19;

17.  á iarraidh ar na Ballstáit breithiúnais i ndíospóidí teaghlaigh trasteorann a bhaineann le leanaí a fhorfheidhmiú go héifeachtach i gcomhréir leis an dlí is infheidhme de chuid AE agus breithiúnais na Cúirte Breithiúnais, go háirithe i gcásanna a bhaineann le fuadach trasteorann leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir ach a bhaineann freisin le hidirscaradh, colscaradh, caomhnóireacht, uchtáil agus cúram altramais mar aon le cinntí a bhaineann le tuismitheoireacht a aithint, lena n-áirítear lánúineacha comhghnéis, agus leas an linbh á chur san áireamh i gcónaí i gcomhréir le hAirteagal 24 den Chairt;

18.  á iarraidh ar na Ballstáit na rialacha agus oibleagáidí nua faoi Rialachán (AE) 2019/1111 ón gComhairle maidir le dlínse, maidir le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair maidir le pósadh agus sna hábhair maidir le freagracht tuismitheora, agus maidir le fuadach idirnáisiúnta leanaí(11); á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an malartú faisnéise idir na cúirteanna náisiúnta i gcásanna trasteorann agus ag tathant ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chuige sin, faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme cuí an Rialacháin agus freagairt go pras d’aon mhainneachtain é sin a dhéanamh;

19.  á mheabhrú go raibh athmhúnlú Rialachán IIa na Bruiséile dírithe ar chearta an linbh a chosaint trí na rialacha a shoiléiriú, trí ghiorrú a dhéanamh ar imeachtaí trasteorann a bhaineann le leanaí trí spriocdhátaí bunaithe agus trí dheireadh a chur le nósanna imeachta exequatur, agus trí chomhar níos dlúithe a chothú idir na húdaráis lárnacha agus trí mhalartú faisnéise i gcásanna trasteorann; á iarraidh ar na Ballstáit, i ndáil leis an méid sin, acmhainní daonna agus airgeadais cuí a chur ar fáil chun cur chun feidhme éifeachtach an rialacháin a éascú;

20.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit oiliúint iomchuí a chur ar fáil maidir leis na rialacha nua do na húdaráis lárnacha, do bhreithiúna agus do ghairmithe eile dlí a bhfuil baint acu le díospóidí trasteorann, lena n-áirítear maidir le héisteacht an linbh agus úsáid fhéideartha na hidirghabhála sna cásanna sin; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go gcuirfí leibhéal leordhóthanach eolais agus saineolais ar imeachtaí teaghlaigh trasteorann ar fáil leis an oiliúint sin;

21.  á iarraidh ar an gCoimisiún treoir maidir le dea-chleachtais a chur ar fáil i dtaca le hathmhúnlú Rialachán An Bhruiséil IIa;

22.  á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le reachtaíocht de chuid AE chun ráthaíochtaí nós imeachta do leanaí in imeachtaí dlí teaghlaigh trasteorann a chomhchuibhiú;

23.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach mbeidh costas airgeadais na n-imeachtaí agus na costais bhreise a bhaineann le cásanna trasteorann ina mbac ar rochtain a fháil ar cheartas i gcásanna dlí shibhialta, riaracháin agus teaghlaigh trasteorann a bhaineann le leanaí; á iarraidh ar na Ballstáit an fhaisnéis faoin gcúnamh dlíthiúil a d’fhéadfaí a fháil i gcásanna den sórt sin a chur ar fáil agus a chinntiú gur féidir í a rochtain go héasca;

24.  á thabhairt dá haire nach bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach a thuilleadh sa chomhar faoi Rialachán na Bruiséile IIa agus faoin Rialachán Cothabhála; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú práinneach a dhéanamh ar an modh is iomchuí, lena n-áirítear uirlis dhéthaobhach, chun aghaidh a thabhairt ar an éiginnteacht dhlíthiúil atá ann cheana idir AE agus an Ríocht Aontaithe i réimse na n-imeachtaí sibhialta, riaracháin agus teaghlaigh a bhaineann le leanaí;

25.  á chur in iúl gur geal léi an fógra ón gCoimisiún i dtaca le togra reachtach a chur ar aghaidh chun aitheantas frithpháirteach na tuismíochta idir na Ballstáit a éascú;

26.  á iarraidh ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, aird chuí a thabhairt ar rún ó Pharlaimint na hEorpa an 2 Feabhra 2017 maidir le gnéithe trasteorann d’uchtálacha, lena n-áirítear an iarscríbhinn a ghabhann leis lena bhforáiltear do rialachán maidir le haitheantas trasteorann a thabhairt d’orduithe uchtála, chun creat dlíthiúil soiléir a chruthú agus an deimhneacht dhlíthiúil is gá a sholáthar do theaghlaigh chun go ndéanfaí orduithe uchtála a eisítear go dleathach i mBallstát amháin a aithint i mBallstát eile;

27.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an Pharlaimint a chur ar an eolas go cuí agus í a áireamh in aon togra reachtach nua nó athbhreithnithe i réimse an dlí trasteorann shibhialta agus teaghlaigh, mar go mbíonn tionchar díreach ag na rialacha sin ar shaol agus ar fholláine shaoránaigh AE agus leanaí thar aon duine eile;

28.  á mheas gur ionstraim ríthábhachtach é Coinbhinsiún na Háige 1980 chun leas an linbh a chosaint i gcásanna idirnáisiúnta fuadaigh leanaí agus á chreidiúint gur cheart do AE fáilte a chur roimh rannpháirtíocht tíortha nua sa choinbhinsiún sin; ag moladh don Choimisiún, dá bhrí sin, dul chun cinn a dhéanamh go pras sa mheasúnú atá á dhéanamh aige ar aontachas tíortha nua agus á iarraidh ar na Ballstáit gan aon mhoilleadóireacht a dhéanamh agus iad ag glacadh leo;

29.  á iarraidh an athuair go gcuirfí leis an gcomhar idirnáisiúnta idir na Ballstáit agus le tríú tíortha, go háirithe leis an tSeapáin, chun an reachtaíocht idirnáisiúnta uile a bhaineann le cosaint leanaí a chur chun feidhme chun leanaí a chosaint ar na héifeachtaí díobhálacha a bhaineann le fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir;

30.  á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de bheith ag cur leis an taighde ar cheartas agus dea-chleachtais atá fabhrach do leanaí sa réimse sna Ballstáit agus le bailiú sonraí ina leith; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sonraí a bhailiú maidir leis na díospóidí sibhialta trasteorann a bhaineann le leanaí amhail caomhnóireacht, rochtain agus cásanna a bhaineann le fuadach leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir; á iarraidh ar an gCoimisiún na sonraí sin a chur san áireamh i Scórchlár Ceartais AE;

Idirghabháil i gcásanna a bhaineann le leanaí

31.  á iarraidh ar an gCoimisiún togra nua a chur ar aghaidh le haghaidh rialachán maidir le hidirghabháil trasteorann, i dteannta measúnú tionchair cuimsitheach, lenar cheart go mbunófaí caighdeáin chomhchoiteanna don nós imeachta trasteorann, rialacha maidir le haitheantas a thabhairt do chomhaontuithe idirghabhála agus iad a fhorfheidhmiú, ceanglais maidir le deimhniú Eorpach a bhunú d’idirghabhálaithe chun cáilíocht an tsaineolais i gcásanna trasteorann a áirithiú, agus caighdeáin chomhchoiteanna le haghaidh conarthaí idirghabhála trasteorann; á mheas gur cheart a áirithiú leis na comhchaighdeáin sin go n-urramófaí rialacha rúndachta gach Ballstáit agus go dtabharfaí dóthain faisnéis dhlíthiúil do na páirtithe faoi choincheap, faoi theorainneacha agus faoi iarmhairtí na hidirghabhála;

32.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leanúint de thacaíocht a thabhairt do líonraí idirghabhálaithe atá ann cheana i ndíospóidí teaghlaigh trasteorann;

33.  á iarraidh ar na Ballstáit oifigí réamh-idirghabhála a bhunú chun an fhaisnéis ar fad a theastaíonn ó na tuismitheoirí agus na leanaí lena mbaineann maidir le seoladh na hidirghabhála agus na costais agus na sochair a bhaineann léi, go háirithe do na leanaí féin agus a mhéid a bhaineann lena gcearta agus lena leas, a thabhairt dóibh; á thabhairt chun suntais go bhfuil oifigí den sórt sin bunaithe ag Ballstáit áirithe cheana nó go bhfuil siad ag iarraidh é sin a dhéanamh;

34.  á chur i bhfios go láidir gur féidir leis an idirghabháil a bheith ina huirlis éifeachtach chun leas an linbh a chosaint i gcásanna a bhaineann le fuadach trasteorann leanaí arna dhéanamh ag tuismitheoir; á thabhairt chun suntais, ina leith sin, go mbaineann roinnt Ballstát úsáid as dea-chleachtais agus as an tsamhail ‘idirghabhálaithe sa chúirt’ chun díospóidí teaghlaigh trasteorann a réiteach go cairdiúil agus lasmuigh den chúirt;

35.  á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an deis ag leanaí labhairt le duine cáilithe agus neamhspleách i rith an phróisis idirghabhála, duine ar féidir leis faisnéis agus tacaíocht atá fabhrach do leanaí a sholáthar dóibh;

36.  á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chúnamh dlíthiúil le haghaidh idirghabhála i gcásanna díospóidí teaghlaigh trasteorann a éascú do thuismitheoirí a bhfuil acmhainní teoranta airgeadais acu;

37.  á chur i bhfios go láidir gur gá féachaint an bhféadfaí uirlisí ar líne, lena n-áirítear físchomhdháil, a úsáid san idirghabháil i gcás díospóidí ó chian nó díospóidí a bhfuil tionchar ag imthosca neamhghnácha orthu, amhail paindéim COVID-19;

38.  á iarraidh ar na Ballstáit idirghabháil dheonach a chur chun cinn go gníomhach i gcúrsaí teaghlaigh a bhaineann le leanaí, lena n-áirítear trí athruithe ar an reachtaíocht;

39.  á iarraidh ar na Ballstáit foráil a dhéanamh maidir le rialacha simplí, gasta agus inacmhainne chun comhaontuithe idirghabhála idir tuismitheoirí a dhéanamh ceangailteach ó thaobh dlí agus infhorfheidhmithe;

o
o   o

40.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

(1) IO L 338, 23.12.2003, lch. 1.
(2) IO L 7, 10.1.2009, lch. 1.
(3) IO L 136, 24.5.2008, lch. 3.
(4) IO L 156, 5.5.2021, lch. 21.
(5) IO L 156, 5.5.2021, lch. 1.
(6)  Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 14 Nollaig 2021, V.M.A. v Stolichna obshtina, rayon ‘Pancharevo’, C-490/20, ECLI:EU:C:2021:1008.
(7) IO C 252, 18.7.2018, lch. 14.
(8) IO C 474, 24.11.2021, lch. 146.
(9) Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2021)0406.
(10) Kindbehartiger san Ísiltír nó ‘Youth at Risk’ i bhFlóndras, mar shampla.
(11) IO L 178, 2.7.2019, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais