Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2055(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0071/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0071/2022

Díospóireachtaí :

PV 02/05/2022 - 16
CRE 02/05/2022 - 16

Vótaí :

PV 03/05/2022 - 8.10

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0137

Téacsanna atá glactha
PDF 170kWORD 63k
Dé Máirt, 3 Bealtaine 2022 - Strasbourg
An ghéarleanúint a dhéantar ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin
P9_TA(2022)0137A9-0071/2022

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 3 Bealtaine 2022 ar an ngéarleanúint a dhéantar ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin (2021/2055(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 2, 8 agus 26 de Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

–  ag féachaint d’Airteagail 2, 4, 18, 24, 26 agus 27 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

–  ag féachaint d’Airteagail 2 agus 13 den Chúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha,

–  ag féachaint d’Airteagail 6 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

–  ag féachaint d’Airteagal 17 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagail 10, 14, 21 agus 22 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint d’Airteagal 9 den Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha, d’Airteagal 2 den chéad Phrótacal a ghabhann leis, agus d’Airteagal 12 de Phrótacal Uimh. 12 a ghabhann leis an gCoinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún 1948 na Náisiún Aontaithe um Chosc agus Pionósú Choir an Chinedhíothaithe,

–  ag féachaint do Choinbhinsiún 1979 na Náisiún Aontaithe maidir le gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú,

–  ag féachaint do Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta,

–  ag féachaint do Dhearbhú an 25 Samhain 1981 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le gach Cineál Éadulaingthe agus Idirdhealaithe atá bunaithe ar Reiligiún nó Creideamh a Dhíothú,

–  ag féachaint do Dhearbhú an 18 Nollaig 1992 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta Daoine a bhaineann le Mionlaigh Náisiúnta nó Eitneacha, Reiligiúnacha agus Teanga,

–  ag féachaint do rún an 24 Márta 2011 ó Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le héadulaingt, steiréitíopáil dhiúltach agus stiogmatú daoine, agus idirdhealú, gríosú chun foréigin agus foréigean i gcoinne daoine atá bunaithe ar reiligiún nó ar chreideamh a chomhrac,

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta Rabat an 5 Deireadh Fómhair 2012, maidir le cosc a chur le tacaíocht a thabhairt d’fhuath náisiúnta, ciníoch nó reiligiúnach arb é atá ann gríosadh chun idirdhealaithe, naimhdis nó foréigin,

–  ag féachaint do chinneadh ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe lenar socraíodh an 22 Lúnasa mar Lá Idirnáisiúnta na Náisiún Aontaithe i gCuimhne ar Íospartaigh Gníomhartha Foréigin Bunaithe ar Chreideamh nó ar Reiligiún, arna ghlacadh an 28 Bealtaine 2019,

–  ag féachaint do rún ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 21 Eanáir 2021 maidir le cultúr na síochána agus na caoinfhulaingthe a chur chun cinn chun láithreacha reiligiúnacha a choimirciú,

–  ag féachaint do thuarascálacha an 15 Iúil 2019 agus an 3 Márta 2021 ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saincheisteanna mionlaigh chuig Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, ag tabhairt aghaidh go háirithe ar an gcoincheap ‘mionlach’ agus ar spriocdhíriú forleathan ar mhionlaigh trí fhuathchaint sna meáin shóisialta,

–  ag féachaint do thuarascáil an 12 Deireadh Fómhair 2020 ó Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh, lenar tugadh aghaidh ar an tábhacht a bhaineann le saoirse reiligiúin nó creidimh a chosaint do chách ar mhaithe le Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme go rathúil agus conas atá daoine ar de mhionlaigh reiligiúnacha nó creidimh iad i mbaol ‘go bhfágfaí chun deiridh iad’,

–  ag féachaint do thuarascáil bhliantúil an 28 Nollaig 2020 ó Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine maidir le cearta daoine a bhaineann le mionlaigh náisiúnta nó eitneacha, reiligiúnacha agus teanga,

–  ag féachaint do Dhearbhú Marrakech an 27 Eanáir 2016 maidir le Cearta Mionlach Reiligiúnach i bPobail ina bhfuil Móramh Moslamach go Príomha,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Samhain 2009 maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 21 Feabhra 2011 maidir le héadulaingt, idirdhealú agus foréigean ar bhonn reiligiúin nó creidimh,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 22 Feabhra 2021 maidir le tosaíochtaí AE i bhFóraim na Náisiún Aontaithe maidir le Cearta an Duine in 2021,

–  ag féachaint do Threoirlínte AE an 24 Meitheamh 2013 maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh a chur chun cinn agus a chosaint,

–  ag féachaint do Threoirlínte AE maidir le Cearta an Duine an 18 Márta 2019 maidir le neamh-idirdhealú sa ghníomhaíocht sheachtrach,

–  ag féachaint do thuarascálacha ón Toscaire Speisialta um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh de AE,

–  ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE 2020-24 maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas, a bheidh le maoiniú faoi chreat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027,

–  ag féachaint don togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta (COM(2018)0460), agus don togra leasaithe ina thaobh (COM(2020)0459),

–  ag féachaint do bhronnadh Dhuais Sakharov Pharlaimint na hEorpa um Shaoirse Smaointeoireachta ar Raif Badawi in 2015, Nadia Murad agus Lamiya Aji Bashar in 2016 agus Ilham Tohti in 2019,

–  ag féachaint do rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2013 maidir le hidirdhealú ar bhonn sainaicme(1), go háirithe mír 6 de maidir le reiligiún mar thoisc thrasnach san idirdhealú agus sa mhí-úsáid,

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2019 maidir le Treoirlínte AE agus sainordú Thoscaire Speisialta AE maidir le cur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh de AE(2),

–  ag féachaint do rún uaithi an 4 Feabhra 2016 maidir le holldúnmharú córasach na mionlach reiligiúnach ag ISIS/Daesh, mar a thugtar air(3),

–  ag féachaint do rún uaithi an 4 Iúil 2017 maidir le haghaidh a thabhairt ar sháruithe ar chearta an duine i gcomhthéacs coireanna cogaidh, agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna, lena n-áirítear cinedhíothú(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Márta 2018 maidir leis an staid sa tSiria(5),

–  ag féachaint do rúin uaithi an 4 Deireadh Fómhair 2018 maidir le mórchoinneáil threallach na nUigiúrach agus na gCasacach i Réigiún Uathrialach Xinjiang Uigiúr(6), an 18 Aibreán 2019 maidir leis an tSín, go háirithe staid na mionlach reiligiúnach agus eitneach(7), an 19 Nollaig 2019 maidir le staid na nUigiúrach sa tSín (Cáblaí na Síne)(8) agus an 17 Nollaig 2020 maidir le saothar éigeantais agus staid na nUigiúrach i réigiún Réigiún Uathrialach Xinjiang Uigiúr(9),

–  ag féachaint do rúin uaithi an 7 Iúil(10) agus an 15 Nollaig 2016(11), an 14 Meán Fómhair(12) agus an 14 Nollaig 2017(13), agus an 19 Meán Fómhair 2019(14) maidir le Maenmar agus staid mhuintir Róihinse,

–  ag féachaint do rúin uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le staid na saoirsí san Ailgéir(15), agus an 26 Samhain 2020 maidir le staid chearta an duine atá ag dul in olcas san Ailgéir, go háirithe cás an iriseora Khaled Drareni(16),

–  ag féachaint do rún uaithi an 19 Nollaig 2019 maidir le sáruithe ar chearta an duine lena n-áirítear saoirsí reiligiúin i mBuircíne Fasó(17),

–  ag féachaint do rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir leis an Nigéir, go háirithe na hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh le déanaí(18),

–  ag féachaint do rúin uaithi an 29 Aibreán 2021 maidir le dlíthe blaisféime sa Phacastáin, go háirithe cás Shagufta Kausar agus Shafqat Emmanuel(19), agus ina luaitear cás Asia Bibi freisin, an 14 Aibreán 2016 maidir leis an bPacastáin, go háirithe an t-ionsaí in Lahore(20), agus an 13 Nollaig 2018 maidir leis an Iaráin, go háirithe cás Nasrin Sotoudeh(21),

–  ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le hiarmhairtí ráig COVID-19 ar an mbeartas eachtrach(22),

–  ag féachaint do mholadh uaithi an 29 Aibreán 2021 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an India(23),

–  ag féachaint do mholadh uaithi an 9 Meitheamh 2021 don Chomhairle maidir leis an 75ú agus an 76ú seisiún de chuid Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe(24),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus ar bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2018(25), go háirithe míreanna 42, 43 agus 45 de,

–  ag féachaint do rún uaithi an 20 Eanáir 2021 maidir le cearta an duine agus an daonlathas ar domhan agus ar bheartas an Aontais Eorpaigh i leith an ábhair – tuarascáil bhliantúil 2019(26), go háirithe míreanna 103, 104, 106 agus 107 de,

–  ag féachaint do ghníomhaíochtaí Idirghrúpa Pharlaimint na hEorpa maidir le Saoirse Reiligiúin nó Creidimh agus Caoinfhulaingt Reiligiúnach,

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

–  ag féachaint do thuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0071/2022),

A.  de bhrí go bhforáiltear i gconarthaí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine, mar aon le dlíthe idirnáisiúnta agus le dlíthe AE, do chaighdeáin maidir le cearta daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad a chosaint mar dhlúthchuid de chearta an duine;

B.  de bhrí go n-áirítear leis an gceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin an tsaoirse creideamh a roghnú nó gan creideamh a roghnú, an tsaoirse reiligiún nó creideamh a bhunú, a athrú, a athrú nó a thréigean gan aon srianta, agus an tsaoirse a bheith ag duine a reiligiún nó a chreideamh a nochtadh, ar bhonn aonair nó laistigh de phobal agus go príobháideach nó go poiblí, a mhéid a bhaineann le hadhradh, teagasc, cleachtadh agus coimeád; de bhrí go bhfuil i gceist leis an tsaoirse sin freisin an ceart atá ag eagraíochtaí reiligiúnacha, tuata agus neamhfhaoistiniúla pearsantacht dhlítheanach aitheanta a bheith acu; de bhrí go n-áirítear freisin le saoirse reiligiúin nó creidimh an ceart tuairimí criticiúla nó aoracha a nochtadh maidir le reiligiúin agus údaráis reiligiúnacha mar léiriú dlisteanach ar an tsaoirse smaointeoireachta nó ar chruthú ealaíne;

C.  de bhrí, de réir Airteagal 21 CAE, go ndéanann tAontas meas ar dhínit an duine agus uilechoitinne agus dodhealaitheacht chearta an duine agus na saoirsí bunúsacha a chur chun cinn agus a chosaint mar chuid de phrionsabail threoracha an bheartais eachtraigh atá aige;

D.  de bhrí go ndéantar sárú ar shaoirse reiligiúin nó creidimh i líon suntasach tíortha ar fud an domhain; de bhrí go bhfuil líon mór daoine ina gcónaí i dtíortha ina ndéantar sáruithe tromchúiseacha ar shaoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh a fhorchur nó a fhulaingt;

E.  de bhrí go ndéanann gníomhaithe éagsúla – bídís ina rialtais, gníomhaithe neamhstáit nó meascán den dá rud – idirdhealú agus géarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiún agus go bhféadfadh sé go mbíonn cineálacha éagsúla i gceist leo, amhail marú, céasadh, ionsaithe fisiciúla, ollcharcrú, gabhálacha treallacha, fuadach forfheidhmithe, bású seachbhreithiúnach, comhéigean, iompú éigeantais, fuadach, luathphósadh agus pósadh éigeantais, foréigean inscnebhunaithe, éigniú, drochíde fhisiciúil agus mheabhrach, úsáid éigeantais rialaithe breithe agus ginmhilleadh éigeantais, saothar éigeantais agus easáitiú éigeantais, gáinneáil ar dhaoine, bagairtí, eisiamh, cóir idirdhealaitheach agus éagórach, ciapadh, díshealbhú, teorannú ar rochtain ar shaoránacht, ar oifigí tofa, ar fhostaíocht, ar oideachas, ar an tsláinte agus ar sheirbhísí riaracháin, scriosadh ionad adhartha, reiligí agus oidhreachta cultúrtha, agus fuathchaint as líne agus ar líne;

F.  de bhrí gur géire anois an ghéarleanúint agus an foréigean i gcoinne mionlaigh chreidimh agus reiligiúnacha i roinnt tíortha de bharr phaindéim COVID-19; de bhrí, thairis sin, go raibh an ghéarchéim sláinte ina leithscéal do roinnt tíortha bearta géarleanúna nár bhain leis an bpaindéim a ghlacadh; de bhrí go bhfuil mionlaigh chreidimh agus reiligiúnacha tar éis éirí an-leochaileach i leith ionfhabhtuithe COVID-19 agus bhás dá bharr mar gheall ar rochtain éagothrom ar chúram leighis leormhaith;

G.  de bhrí go mbíonn mná ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, ach go háirithe, i mbaol breis idirdhealaithe agus foréigin, ar nithe iad ceachtar atá nasctha tosca trasnacha amhail inscne, reiligiún, sainaicme, cúlra eitneach, éagothroime cumhachta agus patrarcacht, agus ar spreagadh reiligiúnach nó creidimh is údar leo i roinnt cásanna; de bhrí gur mó deacrachtaí a bhíonn acu a gceart a fheidhmiú maidir le pobal reiligiúnach nó creidimh a fhágáil, i ngeall ar easpa neamhspleáchas sóisialta nó eacnamaíoch, bagairtí foréigin nó bagairtí go gcaillfidís coimeád a leanaí;

H.  de bhrí gur ann i gcónaí d’fhoréigean agus idirdhealú inscnebhunaithe atá fothaithe ar fhíréanú reiligiúnach; de bhrí go bhfuil gníomhaithe stáit agus neamhstáit ag leanúint d’idirdhealú agus foréigean a dhéanamh ar mhná agus daoine LGBTIQ+ in ainm an reiligiúin; de bhrí go gcuireann gníomhaithe stáit agus neamhstáit toirmeasc, in ainm an reiligiúin, ar an tsláinte ghnéis agus an tsláinte atáirgthe agus ar na cearta a bhaineann leo (SRHR);

I.  de bhrí gur cheart do rialtais náisiúnta agus do ghníomhaithe idirnáisiúnta aon ghéarleanúint ar bhonn reiligiúin nó creidimh a cháineadh go géar agus freagairt uirthi go pras;

J.  de bhrí gur cuid d’fhéiniúlacht chultúrtha pobal iad na deasghnátha a bhaineann le creidimh dhúchasacha nó le reiligiúin dhúchasacha; de bhrí go bhfuil an ceart ag pobail dhúchasacha a struchtúir institiúideacha agus a ngnásanna sainiúla, spioradáltacht, traidisiúin, nósanna imeachta agus deasghnátha a chur chun cinn, a fhorbairt agus a choinneáil ar bun i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine;

K.  de bhrí go ndealraíonn sé go bhfuil mionlaigh reiligiúnacha i mbeagnach gach réigiún ar domhan i mbaol a n-ainmnithe mar ‘ghrúpaí sceimhlitheoireachta’ agus baill dá gcuid a bheith á ngabháil faoi chúisimh ‘an antoisceachais’ nó ‘gníomhaíochtaí neamhdhleathacha’; de bhrí go bhfuil leas á bhaint ag roinnt rialtas as riachtanais slándála náisiúnta agus as bearta frithsceimhlitheoireachta chun ballraíocht i ngrúpaí reiligiúnacha nó creidimh áirithe nó gníomhaíochtaí na ngrúpaí sin a choiriúlú; de bhrí go mbaineann an cur chuige sin an bonn go mór ó fheidhmiú an chirt chun saoirse reiligiúin nó creidimh;

L.  de bhrí gur minic a bhíonn ionadaíocht náisiúnta leordhóthanach de dhíth ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha; de bhrí gur minic a dhéantar riachtanais agus leasanna na mionlach sin a eisiamh le reachtaíocht agus go mbaineann rialtais seift as raon bearta seachbhreithiúnacha lena ndéantar géarleanúint ar na mionlaigh sin nó lena ndéantar iad a mhídhlisteanú nó a stiogmatú;

M.  de bhrí gurb amhlaidh, i roinnt mhaith coinbhleachtaí agus géarchéimeanna ar fud an domhain, a bhí ionsaithe cultúrtha ina n-uirlis chun foréigean siombalach a imirt agus chun oidhreacht chultúrtha a pholaitiú; de bhrí gur chuir gnéithe reiligiúnacha na gcoinbhleachtaí sin go díreach le géarchéimeanna daonnúla, easáitiú, imirce agus sáruithe ar chearta reiligiúnacha agus cultúrtha agus ar dhínit an duine; de bhrí gur féidir leis na coinbhleachtaí agus na géarchéimeanna sin sochaithe, tíortha, réigiúin, grúpaí eitneacha agus pobail a dheighilt agus a scoilteadh agus riosca na coinbhleachta foréigní a mhéadú; de bhrí, dá bhrí sin, gur féidir le scriosadh agus creachadh na hoidhreachta cultúrtha a bheith ina arm cogaidh agus ina chomhartha rabhaidh faoi oll-ainghníomhartha amach anseo; de bhrí, thairis sin, gur bacainní móra ar an idirphlé, ar an tsíocháin agus ar an athmhuintearas iad an scriosadh agus an creachadh sin;

N.  de bhrí go bhfágann scriosadh na hoidhreachta cultúrtha go mbíonn pobail, go háirithe pobail reiligiúnacha, leochaileach toisc go mbaintear cuid thábhachtach dá bhféiniúlacht díobh; de bhrí gur féidir le grúpaí antoisceacha agus páirtithe eile i gcoinbhleacht a dtionchar a scaipeadh go héasca i limistéir inar lagaíodh féiniúlachtaí agus comhtháthú sóisialta a lagú agus inar treisíodh deighiltí i bpobail;

O.  de bhrí, i gcásanna coireanna idirnáisiúnta atá bunaithe ar reiligiún nó ar chreideamh, gur fágadh lucht déanta na gcoireanna saor ó phionós, cé is moite de roinnt bheag eisceachtaí, agus, dá bhrí sin, go rabhthas in ann leanúint de na hainghníomhartha;

P.  de bhrí go bhfuil sé d’oibleagáid ar stáit agus údaráis phoiblí, i gcomhréir le Coinbhinsiún 1948 na Náisiún Aontaithe um Chinedhíothú, ní hamháin pionós a ghearradh ar dhéantóirí cinedhíothaithe, ach freisin an choir sin a chosc ar an gcéad dul síos;

1.  ag athdhearbhú a tiomantais dhaingin i leith cearta daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad ar fud an domhain a chur chun cinn agus a chosaint, lena n-áirítear a gceart chun a gcreideamh nó a reiligiún a ghlacadh, a athrú, a roghnú, a léiriú, a chleachtadh nó a thréigean, i gcomhréir le prionsabail an chomhionannais agus an neamh-idirdhealaithe; ag cáineadh go láidir gach géarleanúint, foréigean, gríosú chun foréigin agus gnímh sceimhlitheoireachta lena ndírítear ar aon mhionlach ar fhorais chreidimh nó reiligiúin, nó ar na forais go bhfuil creideamh nó reiligiún in easnamh; á chur i bhfáth go bhféadfadh sé, i gcásanna áirithe, gur cinedhíothú nó coireanna i gcoinne an chine dhaonna atá i gceist le sáruithe ar chearta sin an duine; á cháineadh go mbíonn na sáruithe sin á séanadh agus go mbíonn iarrachtaí ar bun beag is fiú a dhéanamh díobh, agus á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta dá ndíothú agus go dtacaíonn sí leis na híospartaigh;

2.  á chur i bhfáth gur ar stáit atá an phríomhfhreagracht cearta daonna daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad a chur chun cinn agus a choimirciú, lena n-áirítear a gceart chun a reiligiún nó a gcreideamh a chleachtadh faoi shaoirse agus a gceart gan creideamh a bheith acu, agus iad a chosaint ar sháruithe ar na cearta sin, go háirithe coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus cinedhíothú;

3.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil sé riachtanach, gan beann ar chreideamh, reiligiún, smaointeoireacht ná coinsias, a áirithiú go gcuimsítear an uile dhuine sa tsochaí ina bhfuil sé nó sí agus sa saol polaitiúil, socheacnamaíoch agus cultúrtha, agus go bhfuil sé riachtanach freisin a áirithiú go dtugtar urraim dá ndínit, dá saoránacht, dá gcearta mar dhaoine aonair agus dá saoirse;

4.  á chur i bhfáth gur cearta daonna dá dtugtar cosaint faoin dlí idirnáisiúnta iad saoirse smaointeoireachta, saoirse coinsiasa, saoirse creidimh agus reiligiúin, lena n-áirítear an tsaoirse chun adhradh, chun coimeád, chun cleachtadh agus chun teagasc, an tsaoirse chun creideamh a bheith ag an duine nó gan creideamh a bheith ag an duine, an tsaoirse chun tuairimí diachúla, neamhdhiachúla, agnóiseacha agus andiacha a bheith ag an duine, agus an ceart chun creideamh a shéanadh; á chur i bhfáth go raibh cur chun cinn agus cosaint na gceart sin ina rannchuidiú le cearta an duine agus an daonlathas a bheith á dtabhairt ar aghaidh i suíomhanna éagsúla, lena n-áirítear i dtimpeallachtaí diansmachta; á aithint gur minic a bhíonn sáruithe ar na cearta sin ina siocair le héadulaingt nó gur measa a bhíonn éadulaingt dá mbarr, agus gur minic gur táscairí luatha iad ar fhoréigean agus coinbhleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann;

5.  á mheabhrú go rannchuidítear go mór leis an gcobhsaíocht shóisialta agus pholaitiúil, le bochtanas a laghdú, leis an rialachas daonlathach agus le coinbhleachtaí a chosc nuair a dhéantar an t-idirdhealú in aghaidh na mionlach uile a chomhrac gan beann ar a dtraidisiúin, a gcreidimh ná a reiligiún;

6.  ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a bhíonn géarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin fite fuaite le forais ar leith eile, go háirithe na forais sin a atá nasctha le bunadh náisiúnta nó eitneach, le hinscne nó le sainaicme; ag leagan béim ar na cásanna ina ndéantar géarleanúint ar ghrúpaí creidimh nó reiligiúnacha, lena n-áirítear na cásanna nuair is mór a líon ar chríoch stáit nó nach bhfuil siad sa mhionlach ó thaobh na déimeagrafachaíochta de, ach ina bhfuil siad i staid leochaileach a fhágann go bhfuil sé éasca foréigean a imirt orthu agus iad a chur faoi dhiansmacht; á thabhairt chun suntais freisin go bhféadfadh sé go ndéanfaí sáruithe tromchúiseacha ar chearta daonna iompaitheach a fhágann creideamh tromlaigh, lena n-áirítear príosúnacht, colscaradh éigeantais, fuadach, foréigean fisiciúil agus dúnmharú;

7.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di feiniméan domhanda na leibhéal arda comhéigin, idirdhealaithe, ciaptha, foréigin agus diansmachta i gcoinne daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, ar feiniméan é atá ag dul i dtreis i réigiúin áirithe; á thabhairt dá haire go ndéanann sé difear don iomaí pobal reiligiúnach, amhail Búdachas, Críostaíocht, Hiondúchas, Ioslam agus Giúdachas, i measc reiligiúin eile, chomh maith le grúpaí daoine ar aindiachaithe, daonnachaithe nó agnóisithe iad nó nach bhfuil baint acu le haon chreideamh ná reiligiún;

8.  á chur in iúl gur saoth léi an ghéarleanúint bhreise, lena n-áirítear rabhartaí gríosaithe chun fuatha agus maruithe atá roimh eagraíochtaí neamhreiligiúnacha, tuata agus daonnachacha i roinnt tíortha ar fud an domhain agus nach bhfacthas a leithéid cheana; ag cáineadh go bhfuil líon gan áireamh de dhaoine aonair agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta faoi ionsaí as creidimh reiligiúnacha a cheistiú go síochánta, a cháineadh nó a aoradh; á chur i bhfáth go dtéann an sárú leanúnach sin ar an tsaoirse smaointeoireachta agus tuairimí a nochtadh thar theorainneacha geografacha agus cultúrtha, lena n-áirítear laistigh de Bhallstáit an Aontais;

9.  ag cur béim ar an bhfíoras go n-áirítear ar dhéantóirí na ngníomhartha géarleanúna réimis fhorlámhacha, rialtais a bhfuil claonadh acu ardcheannas pobal eitneach nó reiligiúnach ceannasach a fhorchur ar mhionlaigh, eagraíochtaí sceimhlitheoireachta, páirtithe nó grúpaí antoisceacha polaitiúla agus reiligiúnacha, agus freisin, ar uairibh, baill teaghlaigh, cairde agus comharsana na n-íospartach, mar shampla i gcás ina n-athraíonn íospartaigh a ndílseacht reiligiúnach nó ina n-athraíonn siad í;

10.  á chur in iúl gur geal léi an ról dearfach atá ag roinnt pobail chreidimh agus reiligiúnacha agus ag roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha creideamhbhunaithe a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí daonnúla i limistéir choinbhleachta, leis an gcomhrac i gcoinne an díghrádaithe comhshaoil, le bheith i bhfách leis an tsíocháin agus an athmhuintearas, agus le rannchuidiú leis an bhforbairt;

11.  á aithint go bhfuil ról suntasach ag eaglaisí, ag eagraíochtaí creideamhbhunaithe (FBOnna) agus ag institiúidí agus cumainn eile chreidimh agus reiligiúin i gcreatlach shóisialta na dtíortha atá i mbéal forbartha;

12.  á chur i bhfios go láidir go n-imríonn FBOnna áirithe ról tábhachtach ó thaobh straitéise de agus iad ag dul i bhfeidhm ar bhaill dá bpobail chun teacht ar sheasamh tuisceana agus abhcóideachta maidir le saincheisteanna ríthábhachtacha amhail VEID, cúram sláinte gnéis agus atáirgthe, agus cumhachtú cailíní agus ban;

13.  ag tabhairt dá haire gur minic gurb iad na heaglaisí agus institiúidí eile chreidimh agus reiligiúin agus FBOnna, agus iad sin amháin, a sholáthraíonn cúram sláinte agus seirbhísí sóisialta eile i limistéir iargúlta i dtíortha áirithe atá i mbéal forbartha agus i suíomhanna a mbíonn coinbhleacht iontu;

14.  á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart oiliúint a chur ar ghníomhaithe daonnúla maidir leis na híogaireachtaí ar leith atá ag grúpaí mionlaigh agus creidimh i suíomhanna inar easáitíodh daoine chun cabhair agus cosaint níos cuimsithí a thabhairt do raon pobal ar dídeanaithe iad;

Ag dul i ngleic leis na príomhdhúshláin a bhaineann leis an géarleanúint ar mhionlaigh reiligiúnacha

15.  á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé go dtabharfaí chun cuntais déantóirí sáruithe ar chearta an duine i gcoinne daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad; á chur i bhfáth a ríthábhachtaí atá sé imscrúduithe cuimsitheacha a dhéanamh ar sháruithe ar chearta an duine, a áirithiú go bhfuil rochtain éifeachtach ag íospartaigh agus ag a dteaghlaigh ar an gceartas agus ar leigheasanna, agus cúiteamh leormhaith a thabhairt dóibh; á iarraidh go rachaidh an tAontas agus na Ballstáit i mbun oibre go práinneach le sásraí agus coistí ábhartha de chuid na Náisiún Aontaithe chun dlús a chur lena gcuid imscrúduithe ar sháruithe ar chearta an duine atá á ndéanamh faoi láthair i gcoinne mionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha ar fud an domhain; á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, go dtacaíonn sí leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus ag leagan béim ar a thábhachtaí atá a ról maidir leis na coireanna is tromchúisí a ionchúiseamh; á thabhairt dá haire go gcumhdaítear le Reacht na Róimhe coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus cinedhíothú i gcoinne grúpaí ar bhonn creidimh nó reiligiúin, agus go mbunaítear leis bunchreat dlí idirnáisiúnta chun an tsaoirse ó phionós a chomhrac; á iarraidh go dtabharfaidh an tAontas agus na Ballstáit níos mó tacaíocht airgeadais don Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, agus á iarraidh ar bhallstáit na Náisiún Aontaithe a bheith tiomanta don chomhrac i gcoinne na saoirse ó phionóis sa chomhthéacs sin trí Reacht na Róimhe a dhaingniú; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá oibriú ar mhaithe le gníomhartha foréigin atá bunaithe ar chreideamh nó ar reiligiún a chosc, go háirithe coireanna idirnáisiúnta, amhail cinedhíothú, coireanna in aghaidh an chine dhaonna agus coireanna cogaidh; á chur i bhfáth gur gá don Aontas agus do na Bhallstáit sásraí a chur chun feidhme lena gcuirfear ar a gcumas faireachán a dhéanamh, i gcomhréir le Creat Anailíse na Náisiún Aontaithe maidir le Coireanna is Ainghníomhartha, ar chomharthaí luathrabhaidh agus ar thosca riosca maidir le coireanna idirnáisiúnta, anailís a dhéanamh orthu agus freagairt orthu go cuimsitheach, lena n-áirítear i gcomhréir leis an dualgas coir an chinedhíothaithe a chosc agus a phionósú;

16.  á thabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, gur tearc i gcónaí an tuairisciú a dhéantar ar fud an domhain ar an gcuid is mó de na coireanna fuatha atá bunaithe ar chreideamh agus ar reiligiún agus nach ndéantar ionchúiseamh ina leith; á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) agus ar Bhallstáit an Aontais oibriú le tríú tíortha maidir le bearta a ghlacadh chun eachtraí coireanna fuatha a chosc agus a chomhrac, agus maidir le reachtaíocht a ghlacadh lena gcomhlíontar ina n-iomláine caighdeáin idirnáisiúnta maidir leis an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus le saoirse creidimh agus reiligiúin; á iarraidh freisin ar rialtais córais chuimsitheacha bailithe sonraí a bhunú maidir le coireanna fuatha agus gníomhartha idirdhealaitheacha eile i gcoinne pobail chreidimh nó reiligiúnacha;

17.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar Bhallstáit an Aontais smachtbhannaí a chur i bhfeidhm ar dhaoine aonair agus eintitis atá freagrach as treascairtí nó sáruithe tromchúiseacha nó córasacha ar an tsaoirse reiligiúin nó creidimh, amhail dá bhforáiltear i gcóras domhanda smachtbhannaí an Aontais i ndáil le cearta an duine;

18.  á chur in iúl gur cúis uafáis di an géarú ar an ngéarleanúint ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha le linn phaindéim COVID-19; ag cáineadh an fhíorais go ndearnadh ceap milleáin de dhaoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, gur cuireadh ina leith gurb iad ba shiocair le víreas COVID-19 a bheith á leathadh, agus go ndearnadh idirdhealú orthu a mhéid a bhaineann le cúram sláinte poiblí, cúnamh bia nó cabhair dhaonnúil, nó gur diúltaíodh rochtain ar nithe sin dóibh, ar bhonn critéir chreidimh nó reiligiúnacha;

19.  á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh soláthar na cabhrach daonnúla a bheith saor ó aon chineál idirdhealaithe, agus ag cáineadh go láidir aon idirdhealú bunaithe ar chleamhnacht reiligiúnach agus cabhair dhaonnúil á dáileadh;

20.  á iarraidh go n-aithneoidh an tAontas agus na Ballstáit na cearta, na creidimh agus na luachanna atá ag pobail dhúchasach agus go ngeallfaidh siad go dtabharfaidh siad aghaidh, ar bhealach cuimsitheach trí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, ar an idirdhealú sonrach atá á dhéanamh ar phobail dhúchasacha bunaithe ar a gcreidimh;

21.  á chur in iúl gur cúis bhuartha di cur i bhfeidhm dlíthe blaisféime agus reiligiúnacha a mbíonn forlámhas acu ar dhlíthe náisiúnta i roinnt tíortha; á chur in iúl gur saoth léi go ndírítear go sonrach agus go méadaitheach ar mhná agus cailíní ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad agus é mar chuspóir díobháil a dhéanamh dá bpobal ina iomláine; á chur i bhfáth go bhfuil siad neamhchosanta go háirithe ar ionsaithe foréigneacha, fuadach, éigniú, foréigean gnéis agus inscnebhunaithe, tiontú éigeantais, steiriliú éigeantais agus ginmhilleadh éigeantais, ciorrú ball giniúna ban, pósadh éigeantais agus luathphósadh, agus carcrú baile; ag cáineadh go láidir na sáruithe sin go léir ar chearta daonna na mban agus na gcailíní sin, agus á chur i bhfáth gur forbhásaí fós staid a gceart daonna i ngeall ar na bearta dianghlasála a glacadh le linn phaindéim COVID-19 agus gur chuir siad srianta breise lena rochtain ar fhaisnéis;

22.  ag cáineadh gach gnímh foréigin, géarleanúna, comhéigin agus idirdhealaithe agus gach gríosaithe chun foréigin, géarleanúna, comhéigin agus idirdhealaithe ar dhaoine aonair ar bhonn inscne nó gnéaschlaonta, lena n-áirítear ag ceannairí reiligiúnacha nó bunaithe ar spreagadh reiligiúnach nó creidimh; á chur i bhfáth nach féidir le cosaint an ‘traidisiúin’ ná ‘na moráltachta poiblí’ a bheith ag teacht salach, i gcás ar bith, ar fhorálacha idirnáisiúnta maidir le cearta an duine, nach mór do stáit cloí leo; ag leagan béim, go háirithe, ar idirdhealú san fhostaíocht, san oideachas, sa rochtain ar cheartas agus ar leigheasanna éifeachtacha, i dtithíocht agus i gcúram sláinte; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di mí-úsáid agus ionstraimiú an chreidimh nó an reiligiúin chun beartais, dlíthe, lena n-áirítear dlíthe coiriúla, nó srianta idirdhealaitheacha a forchur a thagann salach ar chearta dhaoine LGBTIQ, ban agus cailíní agus a bhaineann an bonn ó na cearta sin, agus lena gcuirtear srian leis an rochtain ar sheirbhísí bunúsacha, amhail oideachas agus sláinte, lena n-áirítear cearta gnéis agus atáirgthe, chun ginmhilleadh a choiriúlú i ngach cás, chun adhaltranas a choiriúlú nó chun cleachtais reiligiúnacha lena sáraítear cearta an duine a éascú; á iarraidh go n-aisghairfear na beartais, na dlíthe nó na srianta ábhartha a thrasuitear go minic sa reachtaíocht náisiúnta mar shrianta tuata;

23.  ag cáineadh na gcultas reiligiúnach a dhíríonn a gcuid gníomhaíochtaí ar phobail an diaspóra ó thíortha atá i mbéal forbartha trí scéimeanna chun tairbhiú ar bhonn airgeadais de leochaileachtaí na bpobal imirceach sin san Eoraip agus lena ndéantar dearcadh claonta ar an saol a chur chun cinn, ar dearcthaí iad a mbíonn homafóibe, trasfhóibe agus fuath ban ina gcuid díobh go minic;

24.  ag cáineadh na sáruithe ar chearta an duine, na mí-úsáide gnéasaí, an tseicteachais agus mí-iompair airgeadais arna ndéanamh ag misin agus ceannairí reiligiúnacha i roinnt tíortha atá i mbéal forbartha;

25.  ag cáineadh na húsáide a bhaintear as reachtaíocht maidir leis an tslándáil, ceannairc, díshocracht an oird phoiblí, gríosú chun foréigin agus an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta agus an antoisceachais mar ionstraim chun géarleanúint a dhéanamh ar dhaoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad nó iad a choiriúlú, chun cleachtadh nó léiriú a gcreidimh nó a reiligiúin a eisreachtú nó a chosc, chun ionaid adhartha a dhúnadh agus chun ballraíocht i gcomhlachais chreidimh nó reiligiúnacha nó clárú na gcomhlachas sin a dhíspreagadh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS faireachán cúramach a dhéanamh ar chur chun feidhme na reachtaíochta sin, agus an tsaincheist sin a tharraingt anus go leanúnach in idirphlé déthaobhach leis na rialtais lena mbaineann; ag tathant ar Bhallstáit an Aontais diúltú d’aon iarraidh ó údaráis eachtracha ar chomhar breithiúnach agus póilíneachta i gcásanna breithiúnacha aonair má tá siad bunaithe ar reachtaíocht den sórt sin;

26.  ag cáineadh go láidir aon chleachtas coinneála comhéigní i gcampaí athoideachais arna rith ag an stát, aon saothar éigeantais nó aon dúshaothrú daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, i gcás ina n-áirítear ar na cuspóirí iallach a chur ar na daoine sin a reiligiún a thréigean agus asamhlú sa chultúr, sa teanga nó sa smaointeoireacht atá i réim; ag cáineadh freisin na húsáide a bhaintear go forleathan as teicneolaíochtaí faireachais dhigitigh chun faireachán a dhéanamh ar dhaoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad agus chun iad a rialú agus a chur faoi chois;

27.  á chur in iúl gur saoth léi na srianta ar rochtain ar dhoiciméadacht agus clárú dlíthiúil d’eagraíochtaí agus do dhaoine aonair ar de mhionlaigh reiligiúnacha agus chreidimh iad, agus á mheabhrú gur ceart atá sa chéannacht dhlíthiúil nach mór a ráthú ar bhealach comhionann don uile dhuine;

28.  á chur in iúl gur saoth léi go ndéanann na húdaráis i níos mó ná 70 tír ar domhan dlíthe coiriúla a fhorfheidhmiú nó go bhféachann siad le reachtaíocht nua a thabhairt isteach lena bhforáiltear do phionóis as blaisféime, eiriceacht, séanadh creidimh, clúmhilleadh nó maslú reiligiúin, agus iompú creidimh, lena n-áirítear pionós an bháis; á thabhairt dá haire go mbaintear leas díréireach as na dlíthe atá i bhfeidhm cheana i gcoinne daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, agus go ndéanann siad timpeallacht foréigin, idirdhealaithe agus éadulaingthe reiligiúnach a chothú, ar timpeallacht í a bhféadfadh foréigean droinge ar phobail mionlach agus scriosadh áiteanna adhartha a bheith i gceist léi; á iarraidh ar an Aontas a idirphlé polaitiúil leis na tíortha uile lena mbaineann a threisiú d’fhonn na dlíthe sin a aisghairm; á chur i bhfáth go rachadh sé chun tairbhe do ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le tacaíocht do chur chun cinn na saoirse reiligiúin iarrachtaí a bheith á ndéanamh ag an Aontas agus ag na Ballstáit oibriú le chéile chun dlíthe blaisféime a dhíothú ar fud an domhain; á iarraidh go dtabharfaidh an tAontas dea-shampla i ndáil leis an méid sin trí aghaidh a thabhairt ar a staid inmheánach;

29.  á chur i bhfáth gur gá cosaint a thabhairt do chosantóirí chearta an duine, do dhlíodóirí, d’eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do ghníomhaithe na sochaí sibhialta a thacaíonn leo siúd a ndéantar géarleanúint orthu ar fhorais chreidimh nó reiligiúin agus a chosnaíonn iad; á cháineadh go dtéitear i muinín an staonta blaisféime, an staonta creidimh agus líomhaintí eile ar fhorais reiligiúin, chun creidimh nó líomhaintí eile atá bunaithe ar fhorais reiligiúnacha, chun bheith níos déine ar na daoine agus na heagraíochtaí sin a mhéid a bhaineann lena gcuid gníomhaíochtaí dlisteanacha, lena n-áirítear ar an idirlíon agus ar na meáin shóisialta;

30.  á chur i bhfáth gur cheart do stáit ina bhfuil seirbhís mhíleata éigeantach lamháil d’agóid choinsiasach, lena n-áirítear ar fhorais reiligiúin nó chreidimh, agus foráil a dhéanamh do sheirbhís náisiúnta mhalartach;

31.  á mheas, maidir le claontacht agus steiréitíopaí lena gcuirtear le níos mó teannas, míthuiscintí, dearcthaí idirdhealaitheacha agus dímheasa, go bhféadfadh sé go mbeidís á gcothú leis an easpa eolais faoi éagsúlacht na reiligiún agus na gcreideamh do dhaoine aonair agus do phobail agus leis an easpa aitheantais a thugtar don éagsúlacht sin; á mheabhrú, mar a luaigh Coiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, nach bhfuil oideachas poiblí lena n-áirítear teagasc i reiligiún nó creideamh ar leith comhsheasmhach leis an gceart chun saoirse smaointeoireachta, coinsiasa agus reiligiúin, mura rud é go ndéantar forálacha maidir le díolúintí nó roghanna malartacha neamh-idirdhealaitheacha lena bhfreastalófaí ar mhianta na ndaoine lena mbaineann agus a gcaomhnóirí;

32.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cuir chuige straitéiseacha agus tionscnaimh oideachais lena gcuimsítear oideachas agus idirphlé idirchultúrtha, idirchreidimh agus idir-reiligiúnach, lena n-áirítear le ceannairí reiligiúnacha agus le heagraíochtaí na sochaí sibhialta, chun dul i ngleic leis an ngéarleanúint, an éadulaingt agus an fhuathchaint i leith mionlaigh ar fhorais an chreidimh nó an reiligiúin; á thabhairt chun suntais gur féidir le hidirphlé idirchultúrtha, idirchreidimh agus idir-reiligiúnach a bheith ina spreagadh chun iontaoibh, meas agus tuiscint a fhorbairt agus chun meas frithpháirteach agus athmhuintearas a chothú, ionas gur féidir foghlaim conas maireachtáil i bhfochair a chéile faoi shíocháin agus go cuiditheach i gcomhthéacs ilchultúrtha;

33.  á thabhairt dá haire go mbíonn daoine sna tíortha atá i mbéal forbartha thar a bheith leochaileach maidir le hidé-eolaíochtaí antoisceacha, agus go bhfuil oideachas ardcháilíochta ar cheann de na slite chun an radacú a chomhrac; á thabhairt dá haire gur minic a chuireann gluaiseachtaí antoisceacha easpa láithreachta an stáit i limistéir tuaithe chun tairbhe dóibh féin;

34.  á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil ag méadú ar an dúshaothrú atá á dhéanamh ar ardáin agus líonraí meán sóisialta mar spásanna don imeaglú chun fuath agus foréigean a ghríosú; á thabhairt chun suntais go bhfuil fuathchaint ar líne agus as líne ó dhaoine aonair agus grúpaí eagraithe ar fud an speictrim pholaitiúil agus reiligiúnaigh á fulaingt i gcónaí ag mionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha, agus á iarraidh ar rialtais aghaidh a thabhairt uirthi agus cur ina coinne;

Neartú a dhéanamh ar bheartas eachtrach agus gníomhaíochtaí eachtracha an Aontais chun cosaint a thabhairt don tsaoirse creidimh agus reiligiúin atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad

35.  á thabhairt dá haire go bhfuil post Thoscaire Speisialta an Aontais um chur chun cinn saoirse reiligiúin agus creidimh lasmuigh den Aontas Eorpach folamh le níos mó ná bliain anuas; á iarraidh an athuair ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún measúnú trédhearcach, cuimsitheach a dhéanamh maidir le héifeachtacht agus breisluach phost an Toscaire Speisialta, acmhainní leormhaithe a sholáthar don Toscaire Speisialta, agus tacú ar bhealach leormhaith lena sainordú, a cháil agus a dhualgais institiúideacha; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún trédhearcacht a ráthú maidir le hainmniú, sainordú, gníomhaíochtaí agus oibleagáidí tuairiscithe an Toscaire Speisialta; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh dualgais an Toscaire Speisialta dírithe ar chur chun cinn na saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin agus creidimh, agus ar chur chun cinn an chirt gan creideamh a bheith ag an duine, chirt an tséanta creidim agus an chirt tuairimí andiacha a bheith ag an duine, agus aird á tabhairt san am céanna ar chás na neamhchreidmheach atá i mbaol; á mholadh go n-oibreodh an Toscaire Speisialta go dlúth agus ar bhealach comhlántach le hIonadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine agus le Meitheal na Comhairle um Chearta an Duine (COHOM);

36.  á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar Bhallstáit an Aontais aghaidh a thabhairt ar chásanna géarleanúna atá bunaithe ar chreideamh nó ar reiligiún mar cheann de thosaíochtaí bheartas eachtrach an Aontais um chearta an duine, i gcomhréir le plean gníomhaíochta an Aontais maidir le cearta an duine agus an daonlathas don tréimhse 2020-2024; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige ilsrathach ilghníomhaí chun an tsaoirse creidimh nó reiligiúin a chosaint agus a chur chun cinn, ar cur chuige é lena gcuimseofaí cearta an duine, idirphlé, idirghabháil agus réiteach gus cosc coinbhleachtaí i gcomhar leis an iliomad gníomhaithe stáit agus neamhstáit, amhail FBOanna, ceannairí reiligiúnacha, grúpaí neamhchreidmheach, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus cosantóirí chearta an duine; á iarraidh go ndéanfaí comhar feabhsaithe le tionscnaimh na Náisiún Aontaithe i ndáil leis an ábhar sin; á iarraidh an athuair go ndéanfar athbhreithniú tráthrialta poiblí ar Threoirlínte an Aontais maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh, lena lamháiltear do mheasúnú ar a gcur chun feidhme agus ar thograí ar mhaithe lena nuashonrú; á thabhairt dá haire go bhforáiltear i dTreoirlínte an Aontais do mheastóireacht ar a gcur chun feidhme arna déanamh ag COHOM tar éis thréimhse 3 bliana, agus nach ndearnadh aon mheastóireacht den sórt sin a chomhroinnt ná a chur ar fáil don phobal; á mheas gur cheart aird a tharraingt sa mheastóireacht sin ar dhea-chleachtais, réimsí a d’fhéadfaí a fheabhsú a shainaithint agus moltaí nithiúla a sholáthar maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte, i gcomhréir le hamlíne agus garspriocanna sonraithe; á iarraidh go n-áireofaí an mheastóireacht i dTuarascálacha Bliantúla an Aontais maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas ar fud an Domhain; á iarraidh freisin go ndéanfaí tuarascálacha ar dhul chun cinn maidir le cur chun feidhme na dTreoirlínte a chur in iúl go tráthrialta don Pharlaimint;

37.  á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus na Ballstáit sásraí cosanta dlíthiúla agus institiúideacha a neartú chun cearta an duine a áirithiú i gcás baill mhionlaigh chreidimh agus reiligiúnacha agus i gcás aon duine i staid leochaileach, lena n-áirítear mná agus cailíní, daoine d’eitneachtaí nó sainaicmí éagsúla, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas, imircigh, dídeanaithe agus daoine atá easáitithe go hinmheánach, agus daoine LGBTIQ, chun go mbeidh lánchosaint acu ar bhonn a gceart bunúsach agus nach ndéanfar idirdhealú orthu mar gheall ar a gcreideamh nó a reiligiún;

38.  á chur i bhfios go láidir gur mór an spreagadh coinbhleachtaí ar fud an domhain é ionstraimiú reiligiúin agus creidimh; á chur i bhfáth go gcuirtear de cheangal ar an-chuid daoine aonair agus pobal dul ar imirce nó iad féin a easáitiú go hinmheánach de bharr na géarleanúna agus an idirdhealaithe ar fhorais an reiligiúin agus an chreidimh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit an Aontais cúnamh a thabhairt do na daoine easáitithe ar fad, lena n-áirítear iad siúd ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, ar mian leo filleadh ar a dtír dhúchais dá ndeoin féin nuair a fhágann na dálaí ábhartha agus slándála gur féidir sin a dhéanamh agus nach ann a thuilleadh do na dálaí ba shiocair lena n-imeacht, go háirithe trí rannchuidiú lena slí bheatha agus le hatógáil a gcuid tithíochta agus ar a mbunbhonneagair, amhail scoileanna agus ospidéil;

39.  á iarraidh go ndéanfaidh an tAontas agus a chomhpháirtithe machnamh ar mhapáil a dhéanamh ar ról an reiligiúin i gcoinbhleachtaí sonracha, ar ghníomhaíochtaí dearfacha reatha de chuid ceannairí reiligiúnacha a shainaithint agus páirt a ghlacadh iontu, ar gníomhaíochtaí iad a bhaineann le hiarrachtaí síocháin a thógáil agus coinbhleachtaí a anailísiú agus a chosc, agus ar éisteacht le glórtha éagsúla atá ionadaíoch ar ghrúpaí reiligiúnacha móraimh agus mionlaigh araon agus iad a mheasúnú;

40.  á chur i bhfios maidir le mionlaigh, ag éirí as foréigean a bheith á dhéanamh orthu le linn coinbhleachtaí, go bhféadfaidís a bheith i mbaol ionsaithe breise i suíomhanna dídeanaithe de bharr míthuiscintí ar phrionsabail dhaonnúla na neodrachta agus na huilíochta agus de bharr toimhdí forleathana faoin reiligiún a bheith neamhriachtanach nó dealaitheach;

41.  ag tathant ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais cuspóirí a bhaineann go sonrach leis an ngéarleanúint ar mhionlaigh ar fhorais chreidimh nó reiligiúin a áireamh le haghaidh gach cáis ábhartha, mar chuid de na straitéisí tíre maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas do 2021-2024; á iarraidh ar SEGS agus ar thoscaireachtaí an Aontais saincheisteanna ginearálta agus cásanna sonracha maidir le géarleanúint nó idirdhealú ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha a tharraingt aníos go comhleanúnach agus idirphlé á dhéanamh le tíortha comhpháirtíochta ar chearta an duine agus i bhfóraim de chuid na Náisiún Aontaithe um chearta an duine, agus cur chuige atá dírithe ar thorthaí á leanúint agus lena n-áirítear gné na hinscne; á iarraidh an athuair go dtabharfar rochtain d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa ar inneachar na straitéisí tíre sin; á thabhairt faoi deara go bhfuil grúpaí aindiachais agus neamhreiligiúnacha ag fás go tapa agus gur cheart caitheamh go cothrom leo faoi chreat beartais an Aontais;

42.  á chur i bhfios gurb iad gníomhaithe neamhstáit is príomhfhoinsí idirdhealaithe in aghaidh na mionlach i roinnt tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit gan díriú go huile ar idirdhealú rialtasbhunaithe agus a bheith ag obair le tíortha comhpháirtíochta chun dul i ngleic le cúiseanna an idirdhealaithe shóisialta in aghaidh mionlach, go háirithe i gcomhthéacs na fuathchainte;

43.  á iarraidh ar thoscaireachtaí an Aontais agus ar ionadaíochtaí na mBallstát tacú le cosantóirí chearta an duine agus le hiriseoirí atá gníomhach i ndáil le mionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha agus, i gcás inarb iomchuí, eisiúint víosaí éigeandála a éascú agus dídean shealadach a sholáthar i mBallstáit an Aontais nuair a bhíonn na daoine aonair sin i mbaol;

44.  á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a thabhairt d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus d’fheachtais shóisialta lena ndéantar tuiscint agus feasacht ar grúpaí creidimh agus reiligiúnacha nach iad an móramh iad, go háirithe daonnachaithe agus aindiachaithe i dtíortha ina mbíonn cineálacha idirdhealaithe atá an-tromchúiseach rompu, a chur chun cinn;

45.  á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS grinnscrúdú a dhéanamh ar an staid ina bhfuil cearta daonna mionlach creidimh nó reiligiúnacha i dtríú tíortha agus ar chur chun feidhme ghealltanais ghaolmhara na dtíortha sin faoi chomhaontuithe déthaobhacha leis an Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh, go háirithe, ar incháilitheacht tríú tíortha i ndáil leis an méid sin faoi Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife; ag moladh córas lena ndéanfaí fabhair a dheonú de réir a chéile do thríú tír bunaithe ar a mhéid a chomhlíonann sí a cuid gealltanas maidir le cearta an duine, lena n-áirítear maidir leis an tsaoirse reiligiúin nó creidimh;

46.  á chur i bhfáth gur cheart don Aontas na dúshláin nithiúla a bhíonn roimh mhionlaigh reiligiúnacha, eitneacha agus theanga go minic agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar chúnamh daonnúil de bharr imeallaithe, spriocdhíriú gníomhach nó lagstaid shocheacnamaíoch a chur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar rochtain éifeachtach na mionlach ar chúnamh daonnúil agus a áirithiú nach ndéantar neamhaird ar mhionlaigh ina bheartas daonnúil;

47.  á chur in iúl gur saoth léi scriosadh agus lot láithreacha reiligiúnacha, ar cuid dhílis den oidhreacht chultúrtha iad, agus á iarraidh go ndéanfar iad a chosaint agus a athchóiriú; á mholadh go n-áireodh an tAontas cosaint na hoidhreachta cultúrtha mar ghné de ghníomhaíochtaí seachtracha a bheartais eachtraigh agus é mar aidhm an tsíocháin a chaomhnú, an t-athmhuintearas a chur chun cinn agus coinbhleachtaí a chosc; á mholadh go mbainfeadh an tAontas leas as comhar maidir leis an oidhreacht chultúrtha mar chuid de bhearta cothaithe muiníne i bpróisis síochána;

48.  á iarraidh ar an gCoimisiún maoiniú leormhaith a áirithiú do shaincheisteanna a bhaineann le cosaint daoine ar de mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha iad, faoin gclár téamach maidir le cearta an duine faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – An Eoraip Dhomhanda; á iarraidh go n-áiritheoidh an tAontas go n-urramófar prionsabail an iolrachais, na neodrachta agus na cothroime agus staonfaidh sé go docht ó bheith ag treisiú le beartais nó reachtaíocht lena dtacaítear le grúpa creidimh nó reiligiúnach amháin thar ghrúpaí eile agus cistí á leithdháileadh chun na críche sin;

49.  á mholadh go neartófaí rannpháirteachas iltaobhach an Aontais d’fhonn an urraim do mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha a chur chun cinn agus a phríomhshruthú i mbeartais maidir le cearta an duine ar fud an domhain; á iarraidh go gcuirfidh an tAontas agus na Ballstáit feabhas ar an gcomhar leis na Náisiúin Aontaithe, le Comhairle na hEorpa agus leis an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) chun géarú ar an idirphlé oscailte agus cuiditheach leis an Aontas Afracach, le hEagraíocht na Stát Meiriceánach, le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas, le hEagraíocht na Comhdhála Ioslamaí agus le heagraíochtaí réigiúnacha eile, agus comhghuaillíochtaí a chothú le tríú tíortha nó le grúpaí stát a bhfuil an dearcadh céanna acu ar mhaithe le freagairtí idirnáisiúnta a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le cearta an duine a mbíonn ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha aghaidh a thabhairt orthu, go háirithe iad siúd is leochailí nó iad siúd is mó a ndírítear orthu i limistéir choinbhleachta; á mholadh go leanfaidh an tAontas de bheith ina phríomhurraitheoir rún maidir le saoirse smaointeoireachta, coinsiasa, reiligiúin nó creidimh i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe agus i gComhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine; á iarraidh go dtabharfaidh an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe faoi thionscnaimh chomhpháirteacha chun dul i ngleic leis an ngéarleanúint agus an t-idirdhealú ar mhionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha agus ar neamhchreidmhigh; á iarraidh ar an Aontas dlús a chur leis an gcomhar le Comhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, go háirithe trí nósanna imeachta speisialta Chomhairle na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, trí Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine agus tríd an Rapóirtéir Speisialta maidir le saoirse reiligiúin nó creidimh; á mholadh freisin go ndéanfadh toscairí speisialta um shaoirse reiligiúin nó creidimh ar fud Bhallstáit an Aontais a ndea-chleachtais a chomhroinnt agus go n-oibreodh siad i ndlúthchomhar le chéile;

50.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an 22 Lúnasa mar an Lá Idirnáisiúnta i gCuimhne ar Íospartaigh Gníomhartha Foréigin Bunaithe ar Reiligiún nó ar Chreideamh; á iarraidh ar an gComhairle, ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit an Aontais aird ar leith a thabhairt ar an lá sin agus iad ag pleanáil, agus a bheith i dteagmháil go gníomhach le mionlaigh chreidimh nó reiligiúnacha chun a léiriú go bhfuil siad tiomanta dá saoirsí a chur chun cinn agus a chosaint, agus chun oibriú ar mhaithe le gníomhartha foréigin agus éadulaingte ina gcoinne a chosc amach anseo;

o
o   o

51.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus chuig Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine, chuig rialtais agus chuig parlaimintí na mBallstát agus chuig na Náisiúin Aontaithe.

(1) IO C 181, 19.5.2016, lch. 69.
(2) IO C 411, 27.11.2020, lch. 30.
(3) IO C 35, 31.1.2018, lch. 77.
(4) IO C 334, 19.9.2018, lch. 69.
(5) IO C 162, 10.5.2019, lch. 119.
(6) IO C 11, 13.1.2020, lch. 25.
(7) IO C 158, 30.4.2021, lch. 2.
(8) IO C 255, 29.6.2021, lch. 60.
(9) IO C 445, 29.10.2021, lch. 114.
(10) IO C 101, 16.3.2018, lch. 134.
(11) IO C 238, 6.7.2018, lch. 112.
(12) IO C 337, 20.9.2018, lch. 109.
(13) IO C 369, 11.10.2018, lch. 91.
(14) IO C 171, 6.5.2021, lch. 12.
(15) IO C 232, 16.6.2021, lch. 12.
(16) IO C 425, 20.10.2021, lch. 126.
(17) IO C 255, 29.6.2021, lch. 45.
(18) IO C 270, 7.7.2021, lch. 83.
(19) IO C 506, 15.12.2021, lch. 77.
(20) IO C 58, 15.2.2018, lch. 151.
(21) IO C 388, 13.11.2020, lch. 127.
(22) IO C 425, 20.10.2021, lch. 63.
(23) IO C 506, 15.12.2021, lch. 109.
(24) IO C 67, 8.2.2022, lch. 150.
(25) IO C 270, 7.7.2021, lch. 25.
(26) IO C 456, 10.11.2021, lch. 94.

An nuashonrú is déanaí: 26 Lúnasa 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais