Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Macadóin Thuaidh (2021/2248(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, den pháirt eile(1),
– ag féachaint d’iarratas na Macadóine Thuaidh an 22 Márta 2004 ar bhallraíocht san Aontas Eorpach,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(2),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 19-20 Meitheamh 2003 agus do Chlár Oibre Thessaloniki do na Balcáin Thiar,
– ag féachaint do chinneadh ón gComhairle Eorpach an 16 Nollaig 2005 maidir le stádas iarrthóra ar bhallraíocht AE a dheonú don Mhacadóin Thuaidh,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair 2019,
– ag féachaint don Chonradh maidir le Cairdeas, Dea-Chomharsanacht agus Comhar idir an Bhulgáir agus Poblacht na Macadóine Thuaidh, a síníodh an 1 Lúnasa 2017 agus a daingníodh i mí Eanáir 2018,
– ag féachaint don Chomhaontú Deiridh maidir le Socrú na nDifríochtaí a thuairiscítear i rúin 817 (1993) agus 845 (1993) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, d’fhoirceannadh Chomhaontú Eatramhach 1995, agus do bhunú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an Ghréig agus an Mhacadóin Thuaidh an 17 Meitheamh 2018, ar a dtugtar freisin Comhaontú Prespa,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 5 Meitheamh 2020 maidir le feabhas a chur ar an gcomhar le comhpháirtithe na mBalcán Thiar i réimse na himirce agus na slándála,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019, an 25 Márta 2020 agus an 14 Nollaig 2021 maidir leis an méadú agus leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0057),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal ‘Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach’ (COM(2020)0315),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 dar teideal ‘Plean gníomhaíochta an Aontais 2020-2025 maidir le gáinneáil ar airm thine’ (COM(2020)0608),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0641),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le Straitéis AE chun dul i ngleic leis an gCoireacht Eagraithe 2021-2025 (COM(2021)0170),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas um Méadú AE’ (COM(2021)0644), a raibh doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Tuarascáil 2019 maidir leis an Macadóin Thuaidh’ (SWD(2021)0294) ag gabháil léi,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ó Choireacht agus um Maoiniú Sceimhlitheoireachta,
– ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 2 Deireadh Fómhair 2020 ó Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) ó Mhisean Breathnóireachta Toghchán na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le luaththoghcháin pharlaiminteacha na Macadóine Thuaidh an 15 Iúil 2020 agus dá tuarascáil chríochnaitheach an 25 Márta 2022 maidir le toghcháin áitiúla an 17 agus an 31 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do thuairim Choimisiún na Veinéise an 18 Deireadh Fómhair 2021 maidir leis an dréacht-dlí i ndáil leis an staid éigeandála agus dá thuairimí roimhe sin,
– ag féachaint do chruinnithe mullaigh AE-na Balcáin Thiar a tionóladh i Sóifia, i Ságrab agus in Brdo pri Kranju in 2018, 2020 agus 2021, agus dá ndearbhuithe faoi seach,
– ag féachaint do Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, lena n-áirítear an Dearbhú maidir leis an gCómhargadh Réigiúnach agus an Dearbhú maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar,
– ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na Balcáin Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do chlár oibre tosaíochtaí Shóifia san iarscríbhinn a ghabhann leis;
– ag féachaint do 8ú Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín, a seoladh an 5 Iúil 2021,
– ag féachaint don dearbhú críochnaitheach ó 8ú Fóram na Sochaí Sibhialta um na Balcáin Thiar dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don smacht reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur leis na caibidlíochtaí aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin(3),
– ag féachaint do moladh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, tar éis chruinniú mullaigh 2020(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 ar shaoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis(7),
– ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Macadóin Thuaidh,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0133/2022),
A. de bhrí gurb ionann lánpháirtiú AE agus mianta shaoránaigh na Macadóine Thuaidh i dtreo an daonlathais agus an rathúnais agus go bhfeidhmíonn sé mar chatalaíoch cumhachtach d’athchóirithe lena bhfeabhsaítear cáilíocht na beatha agus feidhmiú institiúidí stáit agus lena gcuirtear leis an bhfás eacnamaíoch agus leis an gcomhar réigiúnach; de bhrí gur chun leasanna polaitiúla, slándála agus eacnamaíocha an Aontais féin atá ballraíocht bunaithe ar fhiúntas na Macadóine Thuaidh;
B. de bhrí gur comhpháirtí iontaofa í an Mhacadóin Thuaidh, tar éis di dul chun cinn comhsheasmhach a dhéanamh ar a cosán i dtreo ballraíochta san AE agus tar éis di na coinníollacha is gá a chomhlíonadh agus leanúint leo chun tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais, agus í féin a ailíniú go hiomlán le beartas eachtrach agus slándála an AE, lena n-áirítear smachtbhannaí ar an Rúis;
C. de bhrí nach mór don Aontas bealach soiléir a chur ar fáil do thíortha atá ag iarraidh teacht isteach san AE;
D. de bhrí gur tír is iarrthóir í an Mhacadóin Thuaidh ó 2005 i leith; de bhrí go bhfuil sé molta go leanúnach ag an gCoimisiún tús a chur le caibidlíocht aontachais ó 2009 i leith agus gur léirigh an tír gealltanas tiomnaithe maidir lena dul isteach in AE, rud a d’fhág gur chinn an Chomhairle an 26 Márta 2020 tús a chur le caibidlíochtaí aontachais;
E. de bhrí gur comhaontuithe cinniúnacha iad Comhaontú Prespa agus an Conradh maidir le cairdeas, dea-chomharsanacht agus comhar arb ionann iad agus samhail don chobhsaíocht agus don athmhuintearas ar fud na mBalcán Thiar agus a chuir feabhas ar mheon an dea-chaidrimh comharsanachta agus an chomhair réigiúnaigh;
F. de bhrí go bhfuil luas seasta agus diongbháilte á choineád ag an Macadóin Thuaidh maidir le hathchóirithe AE a chur chun cinn, ag díriú ar na bunphrionsabail, agus gur cheart di leanúint de mhóiminteam an athchóirithe a choinneáil agus de léiriú a thabhairt ar an taifead is fearr maidir le haistriú daonlathach ar fud réigiún na mBalcán Thiar;
G. de bhrí go bhfuil mí-úsáid an phróisis aontachais chun díospóidí cultúrtha agus stairiúla a shocrú ina fasach contúirteach do phróisis aontachais amach anseo agus go gcuireann sé inchreidteacht, tionchar agus cumhacht chlaochlaitheach an Aontais i mbaol;
H. de bhrí gur céim shoiléir í ballraíocht ECAT i dtreo cobhsaíocht, idir-inoibritheacht agus comhtháthú cosanta níos fearr sa phobal Eora-Atlantach;
I. de bhrí go bhfuil AE lántiomanta i gcónaí tacú le cuspóir straitéiseach na Macadóine Thuaidh maidir le lánpháirtiú AE, ar bhonn an smachta reachta agus an dea-chaidrimh comharsanachta, agus go leanann sé de bheith ar an gcomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó atá ag an Macadóin Thuaidh agus an soláthraí cúnaimh airgeadais is mó atá ag an Macadóin Thuaidh, go háirithe trí IPA III, tríd an bPlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta (EIP) do na Balcáin Thiar agus Cúnamh Macrai-Airgeadais; lena n-áirítear tacaíocht shuntasach chun aghaidh a thabhairt ar an bpaindéim COVID-19;
J. de bhrí gur ionstraim éifeachtach beartais eachtraigh é lánpháirtiú na hEorpa a chuidíonn le cur chun cinn na síochána agus le leathadh luachanna bunúsacha AE maidir le hómós don daonlathas, do chearta an duine, don smacht reachta agus don tsaoirse tuairimí a nochtadh;
K. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag cur isteach eachtrach díobhálach díreach agus seachvótála agus bréagaisnéis easaontas a chothú, foréigean agus teannas idir-eitneach a spreagadh, agus an réigiún ina iomláine a dhíchobhsú;
1. á athdhearbhú go dtacaíonn sí go soiléir le tiomantas na Macadóine Thuaidh don daonlathas agus don smacht reachta, a bhfuil a treoshuíomh straitéiseach ar son na hEorpa mar bhonn agus taca leis, a tiomantas daingean do luachanna Eorpacha, athchóirithe a bhaineann leis an Aontas agus próiseas lánpháirtithe AE, agus dea-chaidreamh comharsanachta agus comhar réigiúnach cuimsitheach;
2. á chur in iúl gur oth léi mainneachtain na Comhairle caibidlíochtaí aontachais, a raibh sé thar am tabhairt futhu, leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin a oscailt go hoifigiúil; ag cur béim ar a dlúthpháirtíocht iomlán le saoránaigh na dtíortha agus ar a comhbhrón leo agus á mheas go ndéanann an mainneachtain sin dochar do chlú AE mar chomhpháirtí iontaofa agus mar ghníomhaí geopholaitiúil dáiríre, rud a bhaineann an bonn ó dhearcadh an phobail i leith AE agus a chruthaíonn baol tromchúiseach don bheartas um méadú ina iomláine; á mholadh don Bhulgáir agus don Mhacadóin Thuaidh a ndíospóid chultúrtha stairiúil a réiteach ar leithligh ó phróiseas aontachais na Macadóine Thuaidh agus cead láithreach a thabhairt go n-eagrófaí an chéad chomhdháil idir-rialtasach toisc go bhfuil na critéir oifigiúla uile comhlíonta ag an Macadóin Thuaidh;
3. ag athdhearbhú an tábhacht gheostraitéiseach a bhaineann leis an Macadóin Thuaidh agus le réigiúin iomlán na mBalcán Thiar agus a dtodhchaí mar chuid den AE; á mheabhrú do na Ballstáit nach mór an beartas um mhéadú a bheith á stiúradh ag critéir oibiachtúla; á athdhearbhú gurb é beartas an Aontais um méadú an ionstraim beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid an Aontais, agus go bhfuil comhtháthú iomlán na mBalcán Thiar i leasanna polaitiúla, slándála agus eacnamaíocha AE mar infheistíocht gheostraitéiseach in Aontas atá cobhsaí agus rathúil; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh tús oifigiúil na caibidlíochta aontachais ina infheistíocht in inchreidteacht AE, chomh maith le cobhsaíocht, rathúnas agus próisis leanúnacha athmhuintearais sa réigiún;
4. á iarraidh ar AE go nglacfaí bearta nithiúla i lánpháirtiú na mBalcán Thiar i gcomhthéacs straitéiseach agus slándála níos leithne, lena n-áirítear impleachtaí slándála ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag an Rúis sa réigiún agus gníomhaíochtaí mailíseacha lena bhféachfaí leo an bonn a bhaint de chobhsaíocht pholaitiúil agus de lánpháirtiú AE thíortha na mBalcán Thiar; ag meabhrú nádúr claochlaitheach na gcaibidlíochta aontachais atá le déanamh faoi mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe;
5. á mheabhrú go bhfuil an AE bunaithe ar dhíospóidí réigiúnacha agus stair dheacair a sáraíodh chun oibriú i dtreo todhchaí níos fearr, níos síochánta agus níos rathúla; ag iarraidh ar an mBulgáir agus ar an Mhacadóin Thuaidh teacht ar chomhaontú go tapa lena réiteofar saincheisteanna déthaobhacha chun moilleanna breise agus bacainní ar dhul chun cinn an aontachais a chosc;
6. ag tathant ar an gComhairle chun tiomantas polaitiúil iomlán don mhéadú a léiriú agus dlús a chur le luas agus inchreidteacht lánpháirtiú AE agus é a neartú trí thús oifigiúil a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh, go háirithe i gcomhthéacs geostraitéiseach an chaidrimh leis an Rúis agus a ionsaí i gcoinne na hÚcráine, ós rud é go bhfuil na coinníollacha riachtanacha comhlíonta ag an dá thír agus go bhfuil torthaí marthanacha bainte amach acu, lena n-áirítear i réimsí na mbunphrionsabal;
7. ag moladh na Macadóine Thuaidh as an dul chun cinn seasta atá déanta aici maidir le ballraíocht AE a bhaint amach, as a tiomantas do Chreat-Chomhaontú Ohrid a chur chun feidhme chun ilchultúrthacht agus comhchuibheas idir-eitneach a áirithiú, agus na hiarrachtaí leanúnacha dearfacha agus comhleanúnacha atá á ndéanamh aici chun saincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh a réiteach; á chur in iúl gur geal léi an cur chuige straitéiseach i leith na n-athchóirithe a bhaineann leis an Aontas, lena n-áirítear faoin gclár oibre ‘Europe at Home’ [An Eoraip ag Baile] agus faoin gClár Náisiúnta chun an Acquis a ghlacadh;
8. á chur i bhfios go láidir gur cheart luas aontachais AE a chinneadh trí dhul chun cinn maidir le feidhmiú cuí na n-institiúidí daonlathacha, atá bunaithe ar an smacht reachta, ar an dea-rialachas agus ar chearta bunúsacha; ag moladh an Mhacadóin Thuaidh as a hiarrachtaí leanúnacha chun an smacht reachta, neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta mionlaigh a neartú, an t-éilliú agus an choireacht eagraithe a chomhrac, a riarachán poiblí a athchóiriú agus saoirse na meán a chomhdhlúthú; ag spreagadh na tíre na hiarrachtaí sin a chothú agus a threisiú;
Feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha
9. á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil an Mhacadóin Thuaidh fós ag léiriú an teist is fearr maidir le haistriú daonlathach ar fud réigiún na mBalcán Thiar, agus feabhas suntasach tagtha ar thrédhearcacht, ar idirphlé polaitiúil agus ar iomaíochas toghchánach;
10. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí uile chun polarú a laghdú agus chun dlús a chur le hidirphlé cuiditheach polaitiúil agus ag tathant ar pháirtithe polaitiúla ról níos cuidithí a bheith acu i ndáil leis sin, rud a chuideoidh le hinstitiúidí daonlathacha a neartú trína rialachas, a sláine agus a gcuntasacht a fheabhsú tuilleadh;
11. á athdhearbhú go bhfuil gá rannpháirtíocht chuiditheach a chothú idir an rialtas agus an freasúra agus comhdhearcadh leathan traspháirtí maidir le hathchóirithe a bhaineann leis an Aontas, trí acmhainneachtaí reachtacha, maoirseachta agus buiséadacha Thionól na Macadóine Thuaidh (Sobranie) a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi tiomantas polaitiúil traspháirtí leanúnach na Macadóine Thuaidh do phróiseas Idirphlé Jean Monnet (JMD), lena neartaítear cumas na gceannairí polaitiúla fíor-idirphlé idirpháirtí a fhorbairt agus an comhdhearcadh is gá a fhorbairt chun muinín agus cultúr parlaiminteach daonlathach a chothú; ag tathant ar reachtóirí an gealltanas a chur chun feidhme go pras maidir lena rialacha nós imeachta arna ndéanamh faoi JMD a athbhreithniú agus an t-idirphlé le Parlaimint na hEorpa agus leis na parlaimintí náisiúnta a threisiú;
12. á chur in iúl gur geal léi trédhearcacht agus cuntasacht mhéadaitheach Sobranie agus ag tathant air cáilíocht na reachtaíochta a fheabhsú, lena n-áirítear trí chomhairliúcháin chuí agus measúnuithe tionchair cuí a dhéanamh le haghaidh príomhreachtaíocht, chun úsáid nósanna imeachta meara a theorannú go docht chomh híseal agus is féidir agus chun polarú parlaiminteach a laghdú; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht traspháirtí do ghlacadh dlíthe maidir le hidirdhealú, foréigean in aghaidh na mban agus foréigean baile a chosc agus a chosaint, agus leasuithe ar an dlí maidir le cearta an linbh;
13. á chur i bhfáth go bhfuil gá bailchríoch a chur ar na hathchóirithe toghcháin ar bhealach tráthúil, trédhearcach agus cuimsitheach i gcomhréir leis na moltaí fós gan réiteach ó Oifig ESCE um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) agus ó Choimisiún na Veinéise; á chur in iúl gur geal léi reáchtáil réidh agus iomaíoch na dtoghcháin áitiúla an 17 agus an 31 Deireadh Fómhair 2021, a tionóladh ar bhealach saor agus cothrom;
14. á iarraidh ar pháirtithe polaitiúla na Macadóine Thuaidh trédhearcacht maoinithe páirtí a fheabhsú agus feabhas a chur ar dhaonlathas iomaíoch agus iomláine laistigh de pháirtí;
15. á iarraidh go leanfaí d’athchóiriú i dtreo riarachán poiblí cuntasach fiúntais-bhunaithe, le neamhspleáchas gairmiúil feabhsaithe agus línte cuntasachta, creat institiúideach sruthlínithe, agus comhordú inseirbhíse maidir le lánpháirtiú AE agus athchóirithe gaolmhara, nósanna imeachta riaracháin simplithe agus rialachas áitiúil feabhsaithe; ag aithint na bearta a glacadh chun éifeachtúlacht agus cáilíocht na seirbhísí a fheabhsú agus chun deireadh a chur leis an éilliú tríd an digitiú;
16. á chur in iúl gur geal léi gur reáchtáladh daonáireamh 2021 i gcomhréir le caighdeáin ábhartha na Náisiún Aontaithe agus le reachtaíocht staidrimh AE, ar cheart cinnteoireacht fhianaise-bhunaithe fheabhsaithe a bheith mar thoradh air; á chur in iúl gur geal léi gur foilsíodh na torthaí agus tá sí ag tnúth lena gcur chun feidhme i gceapadh beartas;
17. á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh bearta chun cuntasacht shistéamach na n-institiúidí poiblí a áirithiú trí chomhairliúcháin phoiblí fhiúntacha le páirtithe leasmhara, agus á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta sa réimse go dtí seo;
18. ag tathant ar Rialtas na Macadóine Thuaidh maoiniú leordhóthanach agus cur chun feidhme comhsheasmhach na gcinntí agus na moltaí ó chomhlachtaí agus gníomhaireachtaí neamhspleácha, amhail an tOmbudsman, a áirithiú;
19. á chur in iúl gur geal léi gur bunaíodh an Choimisiún um Chosc agus um Chosaint i gcoinne Idirdhealaithe agus an obair leanúnach atá ar bun aige; ag tathant ar an rialtas na hacmhainní is gá a leithdháileadh le go mbeidh sé ag feidhmiú go hiomlán;
Na meáin agus an tsochaí shibhialta
20. á mheabhrú go bhfuil gá an creat dlíthiúil do na meáin ar líne agus as líne a ailíniú tuilleadh, ar bhealach cuimsitheach agus trédhearcach, i gcomhréir le acquis AE agus caighdeáin AE i gcomhar le comhlachais ghairmiúla, leis an tsochaí shibhialta agus le saineolaithe chun a neamhspleáchas ar chur isteach polaitiúil, príobháideach agus seachtrach eile a neartú, lena n-áiritheofar trédhearcacht úinéireachta, inbhuanaitheacht airgeadais agus féinrialáil; á iarraidh ar Rialtas na Macadóine Thuaidh acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun gairmiúlacht agus neamhspleáchas an chraoltóra phoiblí a áirithiú;
21. ag athdhearbhú a hiarrataí go ndéanfaí athchóiriú ar na rialacha lena rialaítear maoiniú stáit agus fógraí páirtithe polaitiúla sna meáin chun dáileadh iomaíoch agus cothrom an mhaoinithe phoiblí a áirithiú agus iomaíocht chóir agus neamhspleáchas eagarthóireachta a choimirciú;
22. ag moladh go ndéanfaí bearta gasta chun dlús a chur le neamhspleáchas eagarthóireachta agus airgeadais, le neamhchlaontacht agus gairmiúlacht chraoltóirí na seirbhíse poiblí agus rialtóirí na meán, agus á chur in iúl gur geal léi nuachóiriú leanúnach an dá chomhlacht sin;
23. á iarraidh go gcuirfí chun feidhme bearta lena méadaítear sábháilteacht gairmithe na meán agus lena dtéitear i ngleic le hiarrachtaí imeaglú a dhéanamh orthu; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur chuige neamhfhulaingthe a fhorfheidhmiú maidir le himeaglú, bagairtí agus gníomhartha foréigin i gcoinne iriseoirí; ag tabhairt dá haire gur gá aon iarrachtaí den sórt sin a imscrúdú agus a ionchúiseamh agus dálaí oibre iriseoirí a fheabhsú chun iriseoireacht ardcháilíochta a áirithiú;
24. á mheabhrú gur gá an iriseoireacht neamhspleách iniúchta, seiceáil fíricí neamhchlaonta agus litearthacht sna meáin a neartú mar mhodh chun dul i ngleic leis an bhfuathchaint, leis an mbréagaisnéis agus le feachtais trasnaíochta eachtraí, ar feachtais iad a bhfuil dlús curtha leo le linn éigeandáil COVID-19 agus le linn chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhar institiúideach maidir le creat éifeachtach a bhunú chun dul i ngleic le bréagaisnéis chúblála; á iarraidh go gcuirfí dlús leis na hiarrachtaí chun iolrachas agus neamhspleáchas na meán a áirithiú agus chun timpeallacht meán a chothú atá saor ó thionchair sheachtracha agus a chabhródh le hiompar gairmiúil i measc na meáin sa Mhacadóin Thuaidh; á chur in iúl go dtacaíonn sí le hiolrachas na meán agus an chultúir a chur chun cinn chun feasacht agus malartú cultúrtha a chothú agus chun comhthuiscint a fheabhsú;
25. ag moladh iarrachtaí an rialtais chun rannpháirtíocht leis an tsochaí shibhialta a fheabhsú agus á iarraidh go mbeadh creat ann chun inbhuanaitheacht airgeadais eagraíochtaí na sochaí sibhialta a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann ionadaíocht ar chearta na bpobal eitneach éagsúil agus a chosnaíonn na cearta sin; á mheabhrú go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun próiseas comhairliúcháin níos tráthúla, níos fónta agus níos trédhearcaí a áirithiú leis an tsochaí shibhialta i ndáil leis sin; á chur in iúl gur geal léi samplaí dearfacha de shineirge idir an tsochaí shibhialta agus institiúidí, amhail cruthú an Ghrúpa Pharlaimintigh Idir-Pháirtí um Chearta LGBTI+;
Cearta bunúsacha
26. ag tabhairt dá haire go ndearnadh feabhsuithe maidir le cearta na mban agus beartais a fhreagraíonn do chúrsaí inscne a áirithiú; á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an dlí atá dírithe ar fhoréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus ag spreagadh na tíre feabhas a chur ar chur chun feidhme an phlean gníomhaíochta náisiúnta chun forálacha Choinbhinsiún Iostanbúl a chur chun feidhme; á iarraidh ar an Macadóin Thuaidh leanúint de na hiarrachtaí uile atá dírithe ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban, lena n-áirítear trí thús áite a thabhairt do phríomhshruthú inscne agus do chomhar méadaithe leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le heagraíochtaí na mban;
27. á iarraidh ar an Mhacadóin Thuaidh bearta a dhéanamh chun ionadaíocht leordhóthanach na mban i ngach post cinnteoireachta a áirithiú, agus aghaidh a thabhairt tuilleadh ar an easpa cur chun feidhme maidir le cearta oibrithe ban agus dul i ngleic le steiréitíopáil ar bhonn inscne, éagothroime inscne agus an bhearna phá idir na hinscní sa lucht saothair; á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí suntasacha inscne ann ó thaobh rannpháirtíochta agus cáilíocht na hoibre de, gníomhaíocht neamhleor maidir le gnéaschiapadh san ionad oibre, idirdhealú i bhforálacha dlíthiúla a bhaineann le saoire mháithreachais agus easpa acmhainne cúraim leanaí agus réamhscoile; ag aithint na leasuithe ar an dlí maidir le cearta an linbh agus cur i gcrích an phróisis dí-institiúidithe;
28. ag spreagadh céimeanna leanúnacha a thógáil chun tuilleadh muiníne a chothú i measc pobail agus i bhfeidhmiú sochaí agus daonlathas il-eitneach, agus á mheabhrú ag an am céanna a thábhachtaí atá sé cearta na bpobal uile a chaomhnú agus dul i ngleic go héifeachtach le gach cás a bhaineann le hidirdhealú; ag spreagadh an rialtais cosaint chomhionann bhunreachtúil chearta na bpobal eitneach uile a áirithiú, i gcás inarb iomchuí trí leasuithe reachtacha, agus a n-oidhreacht chultúrtha, a dteangacha agus a dtraidisiúin a chosaint agus a chur chun cinn trí rochtain chomhionann, chuimsitheach agus neamh-idirdhealaitheach ar an oideachas agus ar na meáin;
29. á iarraidh ar na húdaráis go bhforbrófaí straitéis nua chun dul i ngleic leis na saincheisteanna atá os comhair an phobail Romach, in ionad na straitéise a chuaigh in éag in 2020, agus athmhachnamh a dhéanamh ar an gcinneadh an buiséad do chuimsiú na Romach a laghdú, rud ba cheart a mhéadú i ndáiríre;
30. á chur in iúl gur geal léi an rath a bhí ar an dara Pride Scóipé a tionóladh in 2021; á iarraidh ar Pharlaimint na Macadóine Thuaidh plean gníomhaíochta náisiúnta maidir le saincheisteanna LGBTI+ a ghlacadh go práinneach agus a áirithiú go ndéanfar acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh chun é a chur chun feidhme; ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla uile an Dlí maidir le Clárlann Shibhialta a leasú agus aitheantas dlíthiúil inscne atá tapa agus gan bhac a áirithiú ar bhonn féinchinntiúcháin;
31. á iarraidh go ndéanfar tuilleadh feabhsuithe ar fhorfheidhmiú na gceart atá ag daoine, ar de ghrúpaí mionlaigh iad, lena n-áirítear féinaitheantas agus oideachas idirchultúrtha cuimsitheach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dlíthe oideachais a thabhairt cothrom le dáta agus a ghlacadh óna mbaintear ábhar idirdhealaitheach agus stiogma agus atá comhchuibhithe leis an Dlí maidir le Cosc agus Cosaint i gcoinne Idirdhealaithe;
32. á chur i bhfáth go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn chun a áirithiú go gcloífear le cearta daoine faoi mhíchumas; á chur in iúl gur geal léi an sásra chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Choinbhinsiúin um Chearta Daoine faoi Mhíchumas a bunaíodh laistigh d’Oifig an Ombudsman; á chur i bhfáth go bhfuil gá an t-idirdhealú atá os comhair daoine faoi mhíchumas a chomhrac, idir idirdhealú díreach agus indíreach, mar thoradh ar bhacainní a bhaineann leis an mbonneagar, easpa faisnéise agus seirbhísí, dearcthaí idirdhealaitheacha agus eisiamh sóisialta; ag tathant ar na húdaráis an próiseas dí-institiúidithe a thabhairt chun críche go pras; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hacmhainní agus bonneagar leordhóthanach chun seasamh leis an gcosaint shóisialta is gá agus chun dálaí maireachtála cuibhiúla a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas sa Mhacadóin Thuaidh;
33. ag tathant ar na comhlachtaí ábhartha gach cás fuathchainte, coireanna fuatha agus imeaglaithe a chosc agus a ionchúiseamh go córasach, imscrúdú críochnúil a dhéanamh ar ionsaithe gaolmhara agus sábháilteacht agus slándáil a gcuid spriocanna a áirithiú, amhail iriseoirí, daoine a bhaineann le grúpaí mionlaigh agus grúpaí leochaileacha eile; ag athdhearbhú a hiarrata ar na húdaráis ábhartha feabhas a chur ar acmhainneachtaí institiúideacha chun fuathchaint, coireacht fuatha agus idirdhealú ar aon fhoras a chosc agus a chomhrac i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;
34. ag tathant ar na gníomhaithe polaitiúla uile deireadh a chur leis an bhfuathchaint, le feachtais chlúmhillte agus le ciapadh eagraíochtaí neamhspleácha na sochaí sibhialta agus iad a cháineadh agus ag iarraidh ar na húdaráis inniúla cur chuige neamhfhulaingthe a fhorfheidhmiú maidir le himeaglú, bagairtí agus gníomhartha foréigin i gcoinne iriseoirí agus cosantóirí chearta an duine agus a áirithiú go dtabharfar déantóirí na coire os comhair na cúirte;
35. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú soiléir atá tagtha ar an mhífhaisnéis agus ar an óráid idirdhealaitheach i gcoinne lucht LGBTI+ agus chosantóirí chearta an duine sna meáin agus sa dioscúrsa polaitiúil; ag cáineadh ciapadh, fuathchaint, coireanna fuatha agus bagairtí báis atá dírithe ar lucht LGBTI+ agus ar chosantóirí cearta agus ag tathant go ndéanfaí na teagmhais sin a imscrúdú go hiomlán agus smachtbhannaí a fhorchur ina leith;
36. á mheabhrú go bhfuil gá dlús a chur le maoirseacht neamhspleách na bpóilíní, cuntasacht a chosc agus a áirithiú do shaoirse ó phionós na bpóilíní i gcoinne pobail imeallaithe, amhail na Romaigh, agus feabhas a chur ar an gcaoi a gcaitear le coinneálaithe agus dálaí príosúin trí na moltaí ábhartha a chur chun feidhme ina n-iomláine;
37. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí leanúnacha údaráis na Bulgáire agus na Macadóine Thuaidh caidreamh measúil a thógáil bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach, rapprochement agus teagmhálacha níos dlúithe idir daoine; ag cáineadh go láidir an reitric ghríosaitheach agus ag tathant go neartófaí na hiarrachtaí frithpháirteacha chun gach cás fuathchainte agus choireacht fuatha atá bunaithe ar thionscnamh náisiúnta nó eitneach a chosc agus a ionchúiseamh;
38. á chur in iúl gur díol sásaimh di ballraíocht na Macadóine Thuaidh sa Chomhghuaillíocht Idirnáisiúnta Cuimhneacháin Uileloiscthe;
39. á mheabhrú gur gá seirbhís rúnda na hIúgslaive (UDBA) agus cartlanna sheirbhís rúnda Arm na hIúgslaive (KOS) a oscailt ar fud an réigiúin chun taighde críochnúil a dhéanamh ar choireanna ón ré chumannach agus ar eagraíochtaí coiriúla agus aghaidh a thabhairt orthu; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur céim i dtreo tuilleadh daonlathaithe, cuntasachta agus neart institiúideach é láimhseáil thrédhearcach na gcoireanna ollsmachtacha, lena n-áirítear oscailt na gcartlann sin;
40. á iarraidh ar AE borradh a chur faoina thacaíocht do chúnamh daonnúil agus do bhainistiú teorainneacha sa réigiún, agus cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán; ag moladh iarrachtaí na Macadóine Thuaidh dídeanaithe a óstáil agus an ról cuiditheach leanúnach atá ag an tír maidir leis an imirce neamhrialta a bhainistiú; ag athdhearbhú a hiarrata ar an tír rochtain ar dhálaí tearmainn agus glactha a fheabhsú agus córas cuí bainistithe agus clárúcháin imirce a chur i bhfeidhm; á mheabhrú go bhfuil gá cur chuige córasach a ghlacadh chun smuigleáil daoine a chomhrac agus chun aghaidh a thabhairt ar an imirce neamhrialta, á chur in iúl gur geal léi an comhar idirnáisiúnta i ndáil leis sin agus ag tabhairt dá haire nár síníodh fós an comhaontú stádais leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) mar gheall ar shaincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh;
An smacht reachta
41. á chur i bhfios go láidir, cé go n-aithnítear an dul chun cinn atá déanta, go bhfuil gá athchóiriú an smachta reachta a chur chun cinn mar chnámh droma an chlaochlaithe dhaonlathaigh, lena n-áirithítear deimhneacht dhlíthiúil, trédhearcacht, rochtain ar cheartas agus neamh-idirdhealú;
42. ag tathant ar an gCoimisiún moltaí Thuarascáil Speisialta Uimh. 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur chun feidhme chun tionchar éifeachtach an smachta reachta a áirithiú maidir le cúnamh airgeadais sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear sa Mhacadóin Thuaidh;
43. á chur in iúl gur geal léi bearta breise chun an cuntas teiste maidir le cásanna éillithe agus coireachta eagraithe a imscrúdú, a ionchúiseamh agus a chur faoi thriail, lena n-áirítear ar ardleibhéal, agus institiúidí maoirseachta neamhspleácha agus córais bhreithiúnacha a neartú;
44. á mheabhrú gur cheart go gcumhdófaí leis na nuashonruithe ar an gcód coiriúil, inter alia, na forálacha maidir le foréigean in aghaidh na mban, coireacht eacnamaíoch, sciúradh airgid, éilliú, coigistiú sócmhainní agus scaipeadh na bréagaisnéise, agus gur cheart go gcuirfí dlús leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe, lena n-áirítear gearradh neamhdhleathach adhmaid;
45. ag cur béim ar an ngá atá leis an athchóiriú breithiúnach a chur chun cinn tuilleadh, agus ar an gcaoi sin, neamhspleáchas institiúideach, cistiú, cáilíocht, comhordú agus trédhearcacht na mbreithiúnachta agus feidhmiú a gcomhlachtaí féinrialachais a neartú; ag tathant ar fhórsaí polaitiúla teacht ar chomhaontú go pras maidir le breithiúna den Chúirt Bhunreachtúil a cheapadh chun a feidhmiú cuí a áirithiú;
46. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn suntasach atá déanta agus go dtacaíonn sí leis na bearta a fhorfheidhmítear chun an t-éilliú agus an choireacht eagraithe a chomhrac, amhail faoin bplean frith-éillithe ‘Beart 21’, lena n-áirítear trí imscrúduithe réamhghníomhacha arna ndéanamh ag an gCoimisiún Stáit um Éilliú a Chosc agus ag an Ionchúisitheoir don Choireacht Eagraithe agus don Éilliú, a thug tús áite do chiontuithe agus do choigistiú sócmhainní coiriúla i gcásanna ardleibhéil; á iarraidh ar na Ballstáit go gcuirfí feabhas ar an gcomhar breithiúnach trasteorann le tíortha na mBalcán Thiar in ábhair choiriúla, agus acquis cosanta sonraí AE á urramú go hiomlán ag an am céanna;
47. á iarraidh go dtabharfar chun críche bearta athchóirithe na hearnála slándála agus faisnéise, lena n-áiritheofar neamhspleáchas na hearnála agus maoirseacht pharlaiminteach fhiúntach; á iarraidh go ndéanfaí an sásra cosanta do sceithirí a nuashonrú, feabhas a chur ar ailíniú le Treoir AE maidir le Sceithirí(8) agus ar chur chun feidhme na Treorach sin agus ar Mholadh CM/Rec(2014)7 ó Chomhairle na hEorpa maidir le sceithirí a chosaint agus cur chun feidhme éifeachtach an dlí nua-leasaithe brústocaireachta a áirithiú;
48. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint de chuntasacht dhlíthiúil a bhunú, lena n-áirítear i ngach cás mór dlí a bhaineann le mí-úsáid oifige, saoirse ó phionós do phóilíní, éilliú, ionsaithe 2017 i bParlaimint na Macadóine Thuaidh, cúléisteacht theileafóin neamhdhleathach agus sracadh neamhdhleathach;
49. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé imscrúduithe, ionchúiseamh agus ciontuithe críochnaitheacha atá comhsheasmhach agus réamhghníomhach a shaothrú i gcásanna éillithe ardleibhéil;
50. á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht chinntitheach i gcoinne sciúradh airgid agus coireacht airgeadais a shaothrú trí chomhordú feabhsaithe, lena n-áirítear le Europol, agus ailíniú iomlán á dhéanamh le acquis sonraí AE agus é á urramú; ag tathant go neartófaí acmhainneacht comhlachtaí forfheidhmithe dlí chun an choireacht eagraithe, an sceimhlitheoireacht agus an radacú a chomhrac; ag iarraidh ar na húdaráis an reachtaíocht is gá a ghlacadh agus a chur chun feidhme chun gníomhaíocht na hOifige um Aisghabháil Sócmhainní a rialáil agus chun éifeachtacht an chórais náisiúnta aisghabhála sócmhainní a fheabhsú;
51. á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn marthanach a rinneadh go dtí seo, ar cheart go dtiocfadh feabhsuithe sistéamacha as maidir le dul i ngleic leis an ngáinneáil ar dhaoine, ar dhrugaí, ar airm thine agus ar earraí, mar aon le cibearchoireacht agus faireachas, coireacht fhoréigneach, antoisceachas agus bagairtí sceimhlitheoireachta; ag moladh na n-imscrúduithe agus an chomhair dhéthaobhaigh agus idirnáisiúnta atá ar siúl maidir le líonraí coireachta trasnáisiúnta a dhíchóimeáil, lena n-áirítear le gníomhaireachtaí ceartais agus gnóthaí baile idirnáisiúnta agus AE, amhail Eurojust, Europol agus Frontex, a chuir dlús le gníomhaíocht i gcoinne na gáinneála ar dhaoine, ar dhrugaí agus ar airm neamhdhleathacha agus ar chontúirt an radacaithe; ag tabhairt dá haire tacaíocht pholaitiúil, oibríochtúil agus lóistíochta na Macadóine Thuaidh do Frontex agus do sheirbhísí garda teorann agus cósta na mBallstát; ag tathant ar an Mhacadóin Thuaidh a hathléimneacht i leith bagairtí hibrideacha, bréagaisnéis agus bréagnuacht a neartú; á chur in iúl gur saoth léi na cibirionsaithe a rinneadh i gcoinne institiúidí na tíre;
Athchóirithe socheacnamaíocha
52. ag tabhairt dá haire tionchar tromchúiseach eacnamaíoch agus sóisialta ghéarchéim COVID-19 agus á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an raon beart arna ndéanamh ag na húdaráis chun an tsláinte phoiblí a chosaint agus chun tionchar socheacnamaíoch na géarchéime a mhaolú, lena n-áirítear leas maith a bhaint as an tacaíocht shuntasach a chuireann AE ar fáil ó thaobh cúnamh airgeadais, trealamh leighis agus vacsaíní; á chur in iúl gur geal léi téarnamh na Macadóine Thuaidh in 2021, níos tapúla ná mar a bhíothas ag súil leis, agus fás eacnamaíoch méadaithe;
53. á mholadh go leanfadh an Mhacadóin Thuaidh de bhearta a shaothrú chun feabhas a chur ar chúinsí gnó agus ar an mbonneagar gnó faoin bPlean Maoinithe um Ghéarú Fáis, imghabháil cánach a chomhrac, oideachas a nuachóiriú, cumhdach slándála sóisialta a leathnú, an claochlú digiteach a chur chun cinn, agus na margaí fuinnimh agus iompair a athchóiriú, chomh maith le bearta gearrthéarmacha chun tionchar paindéimí agus ardú ar phraghsanna fuinnimh agus bia a mhaolú;
54. á chur in iúl gur geal léi na bearta a glacadh chun córas cánachais phearsanta dhírigh a bhunú atá bunaithe ar rátaí forchéimnitheacha; ag tabhairt dá haire an filleadh ar shamhail chothrom chánach ag spreagadh an rialtais chun an cód cánach a nuachóiriú chun béim níos mó a chur ar rátaí forchéimnitheacha ar ioncam agus ar chánachas ar mhaoin agus ar thosca comhshaoil, chun luach leordhóthanach a chur ar fáil chun athchóirithe sóisialta a chur chun feidhme agus chun éagothromaíocht a chomhrac;
55. ag spreagadh na n-údarás an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a laghdú trí fheabhas a chur ar rochtain uilíoch ar sheirbhísí sóisialta, oideachais agus cúraim sláinte, go háirithe do phobail faoi mhíbhuntáiste agus do ghrúpaí leochaileacha;
56. ag moladh don Mhacadóin Thuaidh leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh maidir le cur chun feidhme na n-athchóirithe a bhaineann leis an óige agus leis an oideachas; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an Dlí maidir leis an Meánoideachas trí phróiseas cuimsitheach ina mbeidh saineolaithe, cleachtóirí agus an tsochaí shibhialta rannpháirteach, agus aird ar leith á tabhairt ar chearta na mac léinn atá faoi mhíchumas;
57. ag spreagadh na Macadóine Thuaidh leanúint de leas a bhaint as an acmhainneacht a chuirtear ar fáil leis an digitiú chun próisis riaracháin, toghcháin, bhreithiúnachta, shóisialta, sláinte, fhioscacha agus eacnamaíocha a nuachóiriú, chun trédhearcacht agus cuntasacht a mhéadú, agus chun dul i ngleic leis an éilliú agus leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil i gcomhréir le acquis an Aontais; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá dlús a chur le tacaíocht AE don smacht reachta, don fhás glas inbhuanaithe, don bhithéagsúlacht, don nuálaíocht, don iomaíochas, do chearta maoine, agus d’athrú ó thaobh imirce daoine oilte agus an mheatha dhéimeagrafaigh; á chur i bhfios go láidir gur gá borradh a chur faoin infheistíocht i gcumhachtú agus cuimsiú na hóige, mar aon le bearta chun leibhéil arda dífhostaíochta i measc na n-óg a laghdú;
58. á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme na Ráthaíochta don Aos Óg sa Mhacadóin Thuaidh mar chlár chun dífhostaíocht i measc na n-óg a laghdú, go háirithe i bhfianaise na neamhchinnteachta eacnamaíche agus na ndeiseanna fostaíochta laghdaithe do dhaoine óga mar thoradh ar phaindéim COVID-19; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá cistí a chuirtear ar fáil trí EIP do na Balcáin Thiar do thionscadail shuaitheanta amhail an Ráthaíocht don Aos Óg sa Mhacadóin Thuaidh;
59. á mheabhrú go bhfuil cistiú AE faoi IPA III agus EIP do na Balcáin Thiar, ionstraimí ar díol sásaimh dó iad, bunaithe ar choinníollacht dhocht; á chur i bhfáth go mbeartaítear le IPA III nach mór cistiú a mhodhnú nó a chur ar fionraí fiú i gcás cúlchéimniú suntasach nó i gcás easpa leanúnach dul chun cinn i réimse na mbunphrionsabal, go háirithe i réimse an smachta reachta agus na gceart bunúsach, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an éillithe agus na coireachta eagraithe, chomh maith le saoirse na meán; á chur i bhfáth gur chun leasa slándála AE féin é agus go bhfuil sé de fhreagracht air a ráthú nach gcuireann cistí AE leis an éilliú; ag iarraidh ar AE agus ar thíortha na mBalcán Thiar, sa chomhthéacs sin, comhar breithiúnach trasteorann a fheabhsú agus creat a bhunú le haghaidh comhar éifeachtach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, go háirithe i réimse chistí IPA III; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá infheictheacht chistiú AE a fheabhsú agus a áirithiú go mbeidh aon infheistíocht i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus spriocanna dícharbónaithe AE;
60. á chur in iúl gur geal léi glacadh EIP agus an Chláir Oibre Ghlais do na Balcáin Thiar, arb é is aidhm dó téarnamh eacnamaíoch fadtéarmach an réigiúin a spreagadh, tacú le haistriú glas agus digiteach, agus nascacht réigiúnach agus comhtháthú agus cóineasú leis an Aontas Eorpach a chothú; á mheabhrú go bhféadfadh comhar Eorpach a bheith ann i réimsí amhail bainistiú uisce, dramhuisce agus teicneolaíochtaí cóireála dramhaíola, fuinneamh in-athnuaite, teicneolaíochtaí talmhaíochta agus próiseála bia, TFC, cógaisíocht agus trealamh leighis; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhordú feabhsaithe le heagraíochtaí idirnáisiúnta amhail Clár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe chun aghaidh a thabhairt ar an athrú aeráide agus chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach;
An comhshaol, fuinneamh agus iompar
61. ag tathant ar an rialtas dlús suntasach a chur lena uaillmhianta agus an toil pholaitiúil a mhéadú chun moltaí na bliana seo caite maidir leis an aistriú glas a chur chun feidhme, go háirithe i gcomhthéacs an Chláir Oibre Ghlais do na Balcáin Thiar, agus leas á bhaint as acmhainneacht EIP do na Balcáin Thiar i ndáil leis sin;
62. á chur in iúl gur geal léi gealltanas nuashonraithe aeráide na Macadóine Thuaidh maidir le glanlaghdú 82 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2030, agus á iarraidh ag an am céanna go gcuirfear Comhaontú Pháras chun feidhme, lena n-áirítear trí straitéis chuimsitheach aeráide agus dlí a ghlacadh a bheidh comhsheasmhach le creat aeráide agus fuinnimh AE 2030; á mheabhrú go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun na spriocanna maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, fuinneamh inathnuaite, slándáil an tsoláthair fuinnimh agus laghduithe ar astaíochtaí a chomhlíonadh; ag tathant ar AE dlús a chur lena thacaíocht chun aistriú inbhuanaithe ó ghual a aisiompú agus chun foinsí fuinnimh iontaise a chéimniú amach de réir a chéile i bhfianaise an ghéarchor fuinnimh dhomhanda; ag tathant ar na húdaráis reachtaíocht maidir leis an gcomhshaol agus leis an athrú aeráide a ailíniú le acquis AE agus forfheidhmiú na reachtaíochta sin a áirithiú;
63. á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le cáilíocht an aeir a fheabhsú, go háirithe i limistéir uirbeacha; ag tathant go láidir ar na húdaráis dlús a chur le bearta maidir le bithéagsúlacht, uisce, cosaint aeir agus aeráide, athchúrsáil agus bainistiú dramhaíola réigiúnaí, lena n-áirítear trí mheasúnuithe tionchair cuimsitheacha, comhairliúcháin phoiblí chuí, comhordú idirearnálach feabhsaithe, acmhainní airgeadais méadaithe agus dian-ionchúiseamh na coireachta comhshaoil;
64. ag tathant ar na húdaráis feabhas suntasach a chur ar cháilíocht a measúnuithe straitéiseacha comhshaoil (SEA), agus Treoir SEA(9) a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú d’fhonn tionchar diúltach éiceolaíoch a chosc go héifeachtach agus deireadh a chur le héilliú san earnáil; ag iarraidh ar na húdaráis an moladh ó eagraíochtaí comhshaoil agus ó shaineolaithe neamhspleácha maidir leis na leasuithe atá beartaithe ar an Dlí maidir le hUirbiú, a chur san áireamh go hiomlán;
65. ag spreagadh an Choimisiúin tacaíocht iomlán a thabhairt don Mhacadóin Thuaidh chun plean gníomhaíochta a dhréachtú agus a chur chun feidhme lena mbeartaítear an spleáchas ar fhoinsí fuinnimh a allmhairítear ón Rúis a laghdú, agus é mar aidhm leis sin athléimneacht agus slándáil fuinnimh a mhéadú, chomh maith le cur ar a cumas mianta AE maidir le haeráidneodracht a chomhlíonadh; ag aithint ailíniú méadaitheach na tíre le tríú pacáiste fuinnimh AE agus ag tathant go dtabharfaí an díchuachadh gáis chun críche agus go gcuirfí an reachtaíocht maidir le héifeachtúlacht fuinnimh chun feidhme;
66. ag tathant ar an tír dlús a chur leis na hiarrachtaí chun bonneagar iompair agus fuinnimh a uasghrádú, chomh maith le nascacht réigiúnach; ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé mórthionscadail bhonneagair réigiúnacha a thabhairt chun críche go tapa, agus na nósanna imeachta cuí do na measúnuithe cuimsitheacha tionchair is gá á n-urramú go hiomlán, lena n-áirítear conairí iarnróid agus bóthair VIII agus X, idirnascairí gáis leis an mBulgáir, leis an nGréig, leis an gCosaiv agus leis an tSeirbia, agus an t-idirnascaire leictreachais leis an Albáin;
67. á chur in iúl gur geal léi gur osclaíodh nasc aeir idir Scóipé agus Sóifia agus á mholadh go gcuirfí feabhas ar naisc iompair eile agus go n-osclófar seicphointí nua teorann le tíortha comharsanachta;
68. á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh deireadh le táillí fánaíochta i measc na Macadóine Thuaidh agus cúig stát eile de chuid na mBalcán Thiar amhail ón 1 Iúil 2021; ag tathant, ina leith sin, go gcruthófaí treochlár mear chun muirir fánaíochta a laghdú agus a dhíothú ar fud na mBallstát go léir;
Comhar réigiúnach agus an beartas eachtrach
69. ag iarraidh ar AE measúnú criticiúil a dhéanamh ar impleachtaí slándála a bhfuil tábhacht stairiúil ag baint leo do chobhsaíocht agus d’aontacht ar mhór-roinn na hEorpa agus sna Balcáin Thiar i gcomhthéacs ionsaí na Rúise in aghaidh na hÚcráine; ag tathant ar na Ballstáit aontacht na hEorpa a léiriú trí thús oifigiúil a chur le caibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin, agus impleachtaí geopholaitiúla agus comhlíonadh critéar oifigiúil araon á gcur san áireamh, mar infheistíocht san iontaoibh, sa chobhsaíocht, sa rathúnas agus sa phróiseas leanúnach athmhuintearais sa réigiún;
70. á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Macadóine Thuaidh don dlúthpháirtíocht, don iltaobhachas agus don dea-comharsanacht; á chur in iúl go dtacaíonn sí le lánpháirtiú AE agus bearta leanúnacha chun teagmhálacha idirphearsanta a chur chun cinn ar fud Oirdheisceart na hEorpa agus comhtháthú réigiúnach cuimsitheach freisin, rud a thugann an réigiún ar fad níos gaire don Aontas tríd an gComhmhargadh Réigiúnach a fhorbairt; á chur in iúl go dtacaíonn sí le scéimeanna cuimsitheacha réigiúnacha um chomhar eacnamaíoch lena mbunaítear comhar ar bhonn cothrom i measc na sé thír uile, lena neartaítear ailíniú le caighdeáin AE agus le acquis AE, agus lena gcuirtear le próisis lánpháirtithe AE;
71. ag tnúth le Cathaoirleacht na Macadóine Thuaidh ar an ESCE in 2023 mar léiriú ar a freagracht idirnáisiúnta agus ar a hiontaofacht mar chomhalta de ECAT agus mar Bhallstát den Aontas amach anseo, agus mar rannchuidiú le cur chun cinn phrionsabail bhunaidh ESCE i réimse na slándála, chearta an duine agus an daonlathais; ag moladh lánpháirtiú thar a bheith gasta na Macadóine Thuaidh i struchtúir ECAT, agus béim á leagan aici ar a roghanna straitéiseacha slándála agus, ar an gcaoi sin, ag cuidiú agus ar cur cobhsaíocht ar fáil sna Balcáin Thiar;
72. á chur in iúl gur geal léi tiomantas leanúnach na Macadóine Thuaidh don chreat slándála Eora-Atlantach; ag moladh ailíniú iomlán na tíre le comhbheartas eachtrach, slándála agus cosanta AE; á chur in iúl gur geal léi a rannchuidiú leanúnach le misin bhainistithe géarchéime AE agus le hoibríochtaí faoi stiúir ECAT; ag moladh a hailíniú gasta leis na smachtbhannaí a forchuireadh i gcomhthéacs ionsaí na Rúise atá dírithe ar an mbonn a bhaint d’iomláine chríochach agus de cheannasacht na hÚcráine, agus ar an gcaoi sin ailíniú a beartais eachtraigh a mhéadú go 100 %;
73. ag tabhairt dá haire na rioscaí a bhaineann le spleáchas méadaitheach eacnamaíoch agus fuinnimh ar an tSín agus ar an Rúis ar fud an réigiúin; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an leochaileacht agus an spleáchas a eascraíonn as iasachtaí infheistíochta arna gcistiú ag an tSín; á chur in iúl gur geal léi tiomantas na Macadóine Thuaidh slándáil teorann a áirithiú, mar aon le príobháideacht agus slándáil sonraí faoin tionscnamh ‘Líonra Glan’;
74. á chur in iúl gur geal léi an próiseas leanúnach chun dea-chomharsanacht le tíortha comharsanachta a neartú agus comhar réigiúnach feabhsaithe, a chumhdaítear le Comhaontú Prespa leis an nGréig agus leis an gConradh maidir le cairdeas, dea-chomharsanacht agus comhar leis an mBulgáir; ag iarraidh ar na páirtithe uile leanúint d’idirphlé cuiditheach a shaothrú chun a áirithiú go gcuirfear chun feidhme go hiomlán agus go comhsheasmhach iad de mheon macánta, agus ag an am céanna staonadh ó ghníomhaíochtaí a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de lánpháirtiú AE agus de leasanna níos leithne an Aontais in aghaidh trasnaíocht eachtrach; ag iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí chun idirphlé a éascú, agus ar an gcaoi sin an bealach a réiteach do chomhaontú inmharthana agus inbhuanaithe;
75. á mholadh don Bhulgáir agus don Mhacadóin Thuaidh teacht ar réiteach a bheidh inghlactha go frithpháirteach ar shaincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh; á chur in iúl gur geal léi go mór an spreagadh polaitiúil don rannpháirtíocht fhadréimseach, chuiditheach idir an dá thaobh, agus comhthuiscint á lorg i réimsí éagsúla leasa choitinn, seachas línte deighilte breise a tharraingt; ag spreagadh na gcomhpháirtithe dlús a chur leis an rannpháirtíocht sin de mheon macánta agus i gcomhréir leis an gConradh maidir le cairdeas, dea-chomharsanacht agus comhar agus tús a chur le caibidlíocht aontachais, agus réiteach á sholáthar ar na saincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh sna ‘bearta 4+ 1’ a bheidh le cur chun feidhme go leordhóthanach agus aghaidh le tabhairt orthu le linn phróiseas lánpháirtithe AE; ag tathant ar na comhpháirtithe a ndícheall a dhéanamh chun teacht ar réitigh a bheidh inghlactha go frithpháirteach, cothrom agus inbhuanaithe ar shaincheisteanna déthaobhacha atá ar feitheamh a luaithe is féidir; á chur in iúl gur geal léi gur atosaíodh obair an Chomhchoimisiún Saineolaithe Ildisciplínigh maidir le Saincheisteanna Stairiúla agus Oideachais na Bulgáire agus na Macadóine Thuaidh, agus ar an gcaoi sin sochaithe a thabhairt níos gaire dá chéile trí thodhchaí chomhchoiteann a chumasú san Aontas, agus gan aon tionchar a bheith aige ar phróiseas aontachais na Macadóine Thuaidh;
76. ag athdhearbhú a hiarrata go mbeidh ann d’athmhuintearais stairiúil bunaithe ar an stair choiteann shainithe, mar a leagtar síos sa Chonradh maidir le Cairdeas, Dea-chomharsanacht agus Comhar;
77. á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le cur chun feidhme frithpháirteach comhsheasmhach agus luathaithe Chomhaontú Prespa leis an nGréig mar ghné thábhachtach den chaidreamh déthaobhach, lena n-áirítear daingniú na meabhrán a síníodh idir an dá thír atá ar feitheamh;
78. ag tréaslú leis an Macadóin Thuaidh as insealbhú Idirphlé Fhóram Prespa, mar ardán réigiúnach chun idirphlé, athmhuintearas, dea-chomharsanachta agus comhar réigiúnach a spreagadh agus a chur chun cinn de mheon lánpháirtiú AE;
79. ag iarraidh arís ar na ceannairí polaitiúla réigiúnacha uile an Coimisiún Réigiúnach um theacht ar an bhfírinne faoi choireanna cogaidh agus an fhírinne sin a nochtadh agus faoi Fhoréigean Eile ar Chearta an Duine arna nDéanamh ar Chríoch na hIar-Iúgslaive (RECOM) a bhunú, ag tógáil ar an obair shuntasach a rinne an Chomhghuaillíocht do RECOM;
80. ag tathant go láidir go gcuirfí tús arís leis an obair ar théacsleabhair staire scoile sa Bhulgáir agus sa Mhacadóin Thuaidh; á chur i bhfáth gur cheart go léireodh na téacsanna an léirmhíniú ar fhíricí agus ar fhigiúirí stairiúla ó stair choiteann an dá phobal, bunaithe ar dhoiciméid/foinsí stairiúla barántúla; á chreidiúint gurb é sin an bonn ar ar cheart don dá thír a gcaidreamh a fhorbairt, agus go mbeidh an caidreamh idir na glúine atá le teacht den Mhacadóin Thuaidh agus an Bhulgáir mar léiriú ar na próisis oideachais sa dá thír;
81. ag cáineadh aon iarracht ar shéadchomharthaí stairiúla agus/nó déantáin stairiúla a ionadú, lena n-áirítear an oidhreacht chultúrtha bharántúil a scriosadh agus aon iarrachtaí chun an stair a athscríobh; á chur i bhfáth gur cúis mhór imní iad teagmhais den sórt sin, lena n-áirítear i gcomhthéacs easpa cur chun feidhme an Chonrartha maidir le cairdeas, dea-chomharsanacht agus comhar 2017;
o o o
82. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Tionól Phoblacht na Macadóine Thuaidh.
Treoir (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais (IO L 305, 26.11.2019, lch. 17).
Treoir 2001/42/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2001 maidir le héifeachtaí pleananna agus clár áirithe ar an gcomhshaol a mheasúnú (IO L 197, 21.7.2001, lch. 30).