Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine 2022 ar Thuarascáil 2021 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin (2021/2244(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na hAlbáine, den pháirt eile(1),
– ag féachaint d’iarratas na hAlbáine ar bhallraíocht san Aontas Eorpach a cuireadh isteach an 24 Aibreán 2009,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1529 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Meán Fómhair 2021 lena mbunaítear an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III)(2),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 19-20 Meitheamh 2003 agus do Chlár Oibre Thessaloniki do na Balcáin Thiar,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 26-27 Meitheamh 2014, lenar áiríodh cinneadh chun stádas tír is iarrthóir do bhallraíocht AE a dheonú don Albáin,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 17-18 Deireadh Fómhair 2019,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 18 Meitheamh 2019, an 25 Márta 2020 agus an 14 Nollaig 2021 maidir leis an méadú agus leis an bpróiseas cobhsaíochta agus comhlachais,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Feabhra 2020 dar teideal ‘An próiseas aontachais a fheabhsú – Peirspictíocht inchreidte AE do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0057),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Aibreán 2020 dar teideal ‘Tacaíocht do na Balcáin Thiar chun dul i ngleic le COVID-19 agus leis an téarnamh iar-phaindéimeach’ (COM(2020)0315),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Iúil 2020 dar teideal ‘2020-2025 EU action plan on firearms trafficking’ [Plean gníomhaíochta AE 2020-2025 maidir le gáinneáil ar airm thine’ (COM(2020)0608),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar’ (COM(2020)0641),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Aibreán 2021 maidir le straitéis AE chun dul i ngleic leis an gcoireacht eagraithe 2021-2025 (COM(2021)0170),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal ‘Teachtaireacht 2021 maidir le Beartas um Méadú AE’ (COM(2021)0644), a raibh doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin dar teideal ‘Tuarascáil 2021 maidir leis an Albáin’ ag gabháil léi (SWD(2021)0289),
– ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa um Sciúradh, Cuardach, Urghabháil agus Coigistiú na bhFáltas ón gCoireacht agus um Maoiniú na Sceimhlitheoireachta,
– ag féachaint do thuarascáil ón gComhairle Eorpach i Samhain 2021 dar teideal Beyond Definitions: a call for action against hate speech in Albania – a comprehensive study [Thar Shainmhíniúcháin: glao ar ghníomhú i gcoinne na fuathchainte san Albáin - staidéar cuimsitheach],
– ag féachaint do thuarascáil chríochnaitheach an 26 Iúil 2021 ó Mhisean Breathnóireachta Toghcháin na hOifige um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) de chuid na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) maidir le toghcháin pharlaiminteacha Phoblacht na hAlbáine a reáchtáladh an 25 Aibreán 2021,
– ag féachaint do thuairim Choimisiún na Veinéise an 14 Nollaig 2021 maidir le síneadh a chur le téarma oifige na gcomhlachtaí idirthréimhseacha atá i gceannas ar athmheastóireacht a dhéanamh ar bhreithiúna agus ar ionchúisitheoirí,
– ag féachaint do Thuairim Chomhpháirteach ó Choimisiún na Veinéise agus ó ESCE/ODIHR an 11 Nollaig 2020 maidir le leasuithe an 30 Iúil 2020 ar Bhunreacht na hAlbáine agus an 5 Deireadh Fómhair 2020 ar an gCód Toghcháin,
– ag féachaint do na tuairimí uile ó Choimisiún na Veinéise maidir leis an Albáin,
– ag féachaint do Chruinniú Mullaigh Shóifia an 10 Samhain 2020, lena n-áirítear an Dearbhú maidir leis an gCómhargadh Réigiúnach agus an Dearbhú maidir leis an gClár Oibre Glas do na Balcáin Thiar,
– ag féachaint do Dhearbhú Shóifia ó chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar an 17 Bealtaine 2018 agus do chlár oibre tosaíochtaí Shóifia,
– ag féachaint do chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar, a tionóladh i Ságrab an 6 Bealtaine 2020, agus don dearbhú uaidh,
– ag féachaint do chruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar, a tionóladh in Brdo pri Kranju an 6 Deireadh Fómhair 2021, agus don dearbhú uaidh,
– ag féachaint do 8ú Cruinniú Mullaigh Phróiseas Bheirlín an 5 Iúil 2021,
– ag féachaint d’Fhóram Aireachta AE-na mBalcán Thiar maidir le Ceartas agus Gnóthaí Baile a tionóladh in Brdo pri Kranju an 1-3 Nollaig 2021 agus don phreasráiteas comhpháirteach uaidh,
– ag féachaint don dearbhú críochnaitheach ó 8ú Fóram um Shochaí Shibhialta na mBalcán Thiar dar dáta an 1 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 10 Eanáir 2022 dar teideal EU support for the rule of law in the Western Balkans: Despite efforts, fundamental problems persist [Tacaíocht AE don Smacht Reachta sna Balcáin Thiar: in ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta, tá fadhbanna bunúsacha fós ann],
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Deireadh Fómhair 2019 maidir le tús a chur leis an gcaibidlíocht aontachais leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin(3),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 19 Meitheamh 2020 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir leis na Balcáin Thiar, i ndiaidh chruinniú mullaigh 2020(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 ar shaoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 ar an gcomhar i ndáil leis an gcomhrac i gcoinne na coireachta eagraithe sna Balcáin Thiar(6),
– ag féachaint do thuarascáil uaithi an 9 Márta 2022 maidir le trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear bréagaisnéis(7),
– ag féachaint do rúin uaithi roimhe seo maidir leis an Albáin,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9‑0131/2022),
A. de bhrí go bhfuil an méadú ar cheann de na hionstraimí beartais eachtraigh is éifeachtaí de chuid an Aontais, toisc go rannchuidíonn sé le méadú a dhéanamh ar réimse bhunluachanna an Aontais maidir le saoirse, an daonlathas, an smacht reachta, cothú na síochána agus urraim do chearta an duine;
B. de bhrí gurb ionann lánpháirtiú na hEorpa agus mianta shaoránaigh na hAlbáine i leith an daonlathais agus an rathúnais agus go bhfeidhmíonn sé mar chatalaíoch cumhachtach le haghaidh athchóirithe lena ndéanfaí feidhmiú institiúidí an stáit agus caighdeán na beatha a fheabhsú;
C. de bhrí gur chun leas polaitiúil, slándála agus eacnamaíoch an Aontais féin é an t-ionchas go mbeidh an Albáin ina Ballstát bunaithe ar fhiúntas;
D. de bhrí gur tír is iarrthóir í an Albáin ó 2014 i leith agus go raibh an Coimisiún ag moladh go gcuirfí tús le cainteanna um aontachas ó 2018 i leith agus gur chuir an Coimisiún dréachtchreat caibidlíochta don Albáin isteach an 1 Iúil 2020;
E. de bhrí nach mór don AE conair shoiléir agus iontaofa a chur ar fáil do thíortha ar mian leo dul leis an AE; de bhrí gur cheart go gcinnfí an clár ama maidir le haontachas ar bhonn chaighdeán athchóirithe riachtanacha na tíre; de bhrí gur mhéadaigh an Albáin a cuid iarrachtaí agus gur sholáthair an tír torthaí follasacha agus inbhuanaithe maidir le príomhréimsí arna sainaithint ag an gComhairle le bheith riachtanach le haghaidh an creat caibidlíochta a ghlacadh roimh an gcéad chomhdháil idir-rialtasach;
F. de bhrí nach mór don Albáin leanúint ar aghaidh leis an daonlathas, leis an smacht reachta agus le cearta an duine a chomhdhlúthú, lena n-áirítear cosaint daoine a bhaineann le mionlaigh, in éineacht leis an gcomhrac i gcoinne éillithe mar phríomh-thagarmhairc le haghaidh dul chun cinn i dtreo aontachas AE a mheasúnú;
G. de bhrí go bhfuil AE tiomanta go hiomlán do thacú le rogha straitéiseach na hAlbáine maidir le lánpháirtiú AE, bunaithe ar dhea-chaidrimh chomharsanúla, agus go bhfuil sé fós ina chomhpháirtí trádála agus infheistíochta is mó de chuid na hAlbáine agus go bhfuil sé ina sholáthraí cúnaimh airgeadais is mó de chuid na tíre; de bhrí gur bhain an tír tairbhe as EUR 1,24 billiún mar mhaoiniú réamhaontachais AE faoin Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA) I agus faoi IPA II ó 2007;
H. de bhrí gur léirigh AE a tiomantas do pheirspictíocht Eorpach thíortha na mBalcán Thiar agus go ndearna sé EUR 3,3 billiún a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte láithreach agus chun iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta phaindéim COVID-19 a mhaolú;
I. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag cur isteach agus ag bréagaisnéis eachtrach atá díobhálach, díreach agus ionadaíoch easaontas, foréigean agus teannas idir eitneachtaí a chothú agus chun an réigiún iomlán a dhíchobhsú;
J. de bhrí go bhfuil an Albáin fós ina comhghuaillí geopholaitiúil agus ina comhpháirtí iontaofa maidir le beartas eachtrach, agus í ailínithe ina hiomláine leis an gcomhbheartas eachtrach agus slándála agus lena iarrachtaí chun comhar réigiúnach agus dea-chaidrimh chomharsanúla a chur chun cinn;
K. de bhrí gur ghlac an Albáin páirt in iarrachtaí AE chun tacú leis an Úcráin trí smachtbhannaí a chur ar an Rúis, agus í ag ailíniú le vótaí Bhallstáit an AE i gComhthionól Ginearálta na NA agus ag obair ina cáil mar bhall de Chomhairle Slándála na NA;
L. de bhrí go ndearna an Albáin iarrachtaí leanúnacha chun na coinníollacha uile a chomhlíonadh le haghaidh an chéad Chomhdháil Idir-rialtasach a sceidealú, mar a Dearbhaíodh cheana féin sa tuarascáil ón bPárlaimint ar thuarascáil 2019-2020 ón gCoimisiún maidir leis an Albáin, agus go bhfuil an próiseas aontachais dá cuid á cur chun cinn aici;
M. de bhrí gur bhain saoránaigh na hAlbáine leas as taisteal saor ó víosaí chuig limistéar Schengen ó Nollaig 2010 i leith agus go raibh siad in ann páirt a ghlacadh i malartuithe mac léinn, acadúla agus óige faoi chlár Erasmus+ ó 2015 i leith;
1. ag athdhearbhú a tacaíochta soiléire d’athrú daonlathach ó bhonn na hAlbáine, faoina gcuirtear taca ag a claonadh straitéiseach agus tiomantas daingean do lánpháirtiú na hEorpa, in éineacht le dea-chaidrimh chomharsanúla agus comhar réigiúnach cuimsitheach; á dhearbhú an athuair todhchaí Eorpach na hAlbáine agus réigiún iomlán na mBalcán Thiar;
2. á chur in iúl gurb oth léi an mainneachtain i dtús a chur le caibidlíocht aontachais thar am leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh; ag cur béim ar a dlúthpháirtíocht iomlán agus ar a bánna le saoránaigh na dtíortha agus measann sí gur teip í sin, rud lena mbaintear an bonn ó dhearcadh an phobail i leith AE, agus gur contúirt í sin maidir le beartas méadaithe AE tríd is tríd, lena ndéantar damáiste do cháil AE mar chomhpháirtí iontaofa agus gníomhaí geopholaitiúil dáiríre;
3. ag tathant na Comhairle chun seasamh le creidiúnacht lánpháirtiú na hEorpa trí chaibidlíocht aontachais a oscailt go prap leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh, mar a mhol an Coimisiún go leanúnach, ós rud é gur chomhlíon an dá thír na coinníollacha arna leagan amach ag an gComhairle Eorpach agus go leanann siad le torthaí leanúnacha a sholáthar thar réimsí bunúsacha; á iarraidh ar na Ballstáit chun tiomantas polaitiúil iomlán a thaispeáint i dtreo an mhéadaithe agus chun spreagadh inchreidte a thabhairt maidir le hiarrachtaí athchóirithe i dtíortha eile an mhéadaithe trí thús a chur le caibidlíocht aontachais leis an Albáin agus leis an Macadóin Thuaidh;
4. ag glacadh le nádúr bunathraitheach na caibidlíochta aontachais a bheidh le cur chun feidhme faoi mhodheolaíocht athbhreithnithe an mhéadaithe laistigh de chomhthéacs geostraitéiseach níos leithne, lena n-áirítear gníomhaíochtaí mailíseacha chun an bonn a bhaint ó lánpháirtiú níos dlúithe na mBalcán Thiar san AE agus ó cobhsaíocht thíortha na mBalcán Thiar;
5. á mheabhrú go bhfuil aontachas AE deiridh na hAlbáine ag brath ar athchóirithe buana, doimhne agus do-aisiompaithe ar fud réimsí bunúsacha, ag tosú leis an smacht reachta agus feidhmiú na n-institiúidí daonlathacha; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go ndéanfaí luas a haontachas AE ar bhonn tuillteanais a chinneadh ag an dul chun cinn maidir le feidhmiú iomchuí na n-institiúidí uile agus go bhfuil sé bunaithe ar an smacht reachta, ar dhea-rialachas agus ar chearta bunúsacha; ag tathant na hAlbáine chun iarrachtaí a choimeád ar siúl agus a threisiú chun feidhmiú na mbreithiúna a threisiú, chun an daonlathas, an smacht reachta agus an geilleagar a neartú, chun an tsochaí shibhialta a chumasú, chun cur i gcoinne éillithe agus na coireachta eagraithe, chun saoirse na meán a chinntiú agus cosaint chearta na mionlach a ráthú , lena n-áirítear an pobal LADTI+; á mheabhrú go dtéann tíortha faoi athruithe doimhne ó bhonn d’fhonn critéir ballraíochta a chomhlíonadh le linn na caibidlíochta aontachais, a mhaireann chomh fada agus atá riachtanach chun na hathchóirithe riachtanacha a chur i bhfeidhm;
Institiúidí daonlathacha, na meáin agus an tsochaí shibhialta
6. á dhearbhú an athuair freagracht chomhpháirteach fhórsaí polaitiúla na hAlbáine chun idirphlé polaitiúil agus comhar atá tairbheach a neartú, agus feidhmiú éifeachtach institiúidí daonlathacha na tíre á chumasú trí leanúint le rialachas, le follasacht agus le hiolrachas a fheabhsú agus trí rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta a chumasú; á chur in iúl gur cúis thromchúiseach bhuartha di an t-atmaisféar polaitíochta deighilte agus an easpa comhair thraspháirtí inbhuanaithe lena gcuirtear bac go fóill ar an bpróiseas daonlathach; á mheabhrú an tábhacht a bhaineann leis an gcomhaontú riachtanach idir na gníomhaithe polaitiúla uile chun cultúr parlaiminteach daonlathach, traidisiún parlaiminteach tairbheach, iontaoibh agus idirphlé idirpháirtí dáiríre san Albáin a neartú; ag spreagadh úsáid Idirphlé Jean Monnet maidir leis sin;
7. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí uile a rinneadh chun deighilt a laghdú roimh na holltoghcháin in 2021, rud a mheall páirtithe an fhreasúra ar ais isteach sa phróiseas polaitiúil sa pharlaimint; á chur in iúl gurb oth léi na hathruithe a rinne an tromlach i gceannas ar an mbunreacht agus ar dhlí toghcháin gan chomhthoil roimh na holltoghcháin; á iarraidh ar pháirtithe polaitiúla na hAlbáine chun aibíocht pholaitiúil a thaispeáint sa dóigh a bpléann siad le nithe ar spéis leis an bpobal iad agus chun daonlathas agus macántacht idirpháirtithe iomaíoch a mhéadú mar chéim aistir le haghaidh iolrachais agus athrú daonlathach ó bhonn;
8. á mheabhrú gur mór tabhairt faoi na heasnaimh atá fágtha maidir le toghcháin ar aon dul le moltaí OSCE/ODIHR agus Choimisiún na Veinéise go tráthúil roimh an gcéad toghchán eile, trí inrochtaineacht agus macántacht a fheabhsú a thuilleadh maidir le toghcháin agus trí cheannach vótaí agus mí-úsáid acmhainní riaracháin a chosc, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as digitiú, follasacht, cosaint sonraí, rochtain chothrom ar na meáin, mar aon le reachtaíocht agus rialuithe athbhreithnithe maidir le maoiniú agus feidhmiú páirtithe polaitiúla; á thabhairt dá haire go raibh na toghcháin don pharlaimint in 2021 dea-eagraithe agus iomaíoch go ginearálta, in ainneoin na n-easnamh agus na bhfadhbanna sin; á chur in iúl gurb oth léi easpa na gciontuithe deiridh i gcásanna ardleibhéil ceannaithe vótaí; á mholadh go seolfaí Misean Breathnóireachta AE chuig an Albáin roimh na chéad toghcháin pharlaiminte eile;
9. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an reitric ghríosaitheach, agus polaiteoirí ardleibhéil, oifigigh phoiblí agus pearsana poiblí eile i gceist léi, atá ina cúis le cultúr an imeaglaithe, le feachtais chlúmhillte, le foréigean agus le círéibeacha; ag tathant ar ghníomhaithe polaitiúla ceannaireacht a thabhairt le dea-shampla trí idirphlé sochaíoch a chur chun cinn agus iarrann sí go gcinnteofaí go gciontaítear daoine a dhéanann ionsaí ar iriseoirí;
10. ag cur béim ar an bhfíoras nach mór borradh a chur faoi rannpháirtíocht Pharlaimint na hAlbáine (Kuvendi) i bpróiseas lánpháirtithe AE d’fhonn a cumais reachtaíochta, mhaoirseachta agus bhuiséadacha a mhéadú a thuilleadh; ag tathant ar Kuvendi chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le hathchóirithe toghcháin agus críche agus cuireann sí in iúl gur geal léi bunú na gcoistí parlaiminteacha ábhartha;
11. ag spreagadh an rialtais chun ullmhúcháin riaracháin a luathú don chaibidlíocht aontachais atá le teacht agus chun an úsáid is fearr a bhaint as an gcúnamh agus as an saineolas ábhartha arna gcur ar fáil ag Ballstáit AE; á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le struchtúir rialtais shoiléire agus éifeachtúla a chur i bhfeidhm chun gnóthaí AE a chomhordú go héifeachtach a bhaineann leis an tsochaí shibhialta agus le páirtithe leasmhara ábhartha, agus follasacht i leith an phobail i gcoitinne á cinntiú ag an am céanna;
12. á chur i bhfios nach mór comhordú, measúnú agus monatóireacht laistigh de sheirbhísí a fheabhsú ar athchóirithe a bhaineann leis an AE, d’fhonn dílárú, nuachóiriú ar fud na tíre agus dípholaitiú na seirbhíse sibhialta a chur chun cinn agus chun dálaí a chruthú chun an daonáireamh atá le teacht a chur chun feidhme ar aon dul le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le follasacht agus rúndacht, ionas gur féidir gach mionlach náisiúnta a chomhaireamh go cruinn, gan aon imeaglú; á athdhearbhú nach mór athchóiriú riaracháin críche a chomhdhlúthú a thuilleadh mar chuid den chlár oibre díláraithe níos leithne d’fhonn neamhspleáchas fioscach áitiúil a rathú agus bardasachtaí a chumasú seirbhísí poiblí ardchaighdeáin a sholáthar;
13. a mheabhrú go bhfuil sé de fhreagacht ar údaráis náisiúnta agus áitiúla follasacht, cuntasacht agus ionchuimsitheacht a fheabhsú trí réamhchomhairliúcháin, fiúntacha, rialta a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus trí chumas na Comhairle Náisiúnta don tSochaí Shibhialta a neartú tosaíochtaí eagraíochtaí na sochaí sibhialta a léiriú; á iarraidh go gcuirfí comhairliúcháin chearta agus idirphlé ceart ar bun leis an bpobal, lena n-áirítear an óige agus mionlaigh, lena gclúdófar, i measc nithe eile, saincheisteanna an chomhshaoil agus tionscadail atógála agus uirbithe; á chur i bhfios go láidir an gá le daonlathas rannpháirtíoch a mhéadú, lena n-áirítear trí dhlí reifrinn cothrom a ghlacadh; ag tathant ar na húdaráis chun maoiniú leordhóthanach a áirithiú do chomhlachtaí agus do ghníomhaireachtaí neamhspleácha, mar aon lena bhfeidhmiú éifeachtach agus neamhchlaonta, chomh maith le feidhmiú comhsheasmhach na gcinntí agus na moltaí dá gcuid;
14. á athdhearbhú gur gá cultúr de chuntasacht, de rochtain neamh-chlaonpháirteach ar fhaisnéis phoiblí agus de ghrinnscrúdú ar institiúidí poiblí a chothú, go háirithe trí thimpeallacht fhioscach agus slándála chumasaithe agus trí chomhoibriú leis na meáin agus leis an tsochaí shibhialta; á iarraidh go ndéanfaí dul chun cinn follasach níos mó maidir le hinbhuanaitheacht dhlíthiúil agus airgeadais agus féinrialú na n-earnálacha neamhrialtasacha agus na meán, lena n-áirítear na meáin ar líne;
15. á thabhairt dá haire gur gá feabhas práinneach a chur ar shaoirse cainte, ar neamhspleáchas na meán agus ar iolrachas agus gur cúis bhuartha di nach bhfuil dul chun cinn á dhéanamh sa réimse sin, ós rud é gur thit an Albáin ocht n-áit i ‘World Press Freedom Index’ [Innéacs Domhanda um Shaoirse na Meán] de chuid Iriseoirí Gan Teorainneacha ó 2018;
16. á iarraidh ar na húdaráis chun beartas neamhfhulaingthe a chur i bhfeidhm agus chun gníomhú go deimhneach i gcoinne imeallú agus imeaglú bhealaí na meán agus iriseoirí agus in aghaidh foréigin ina gcoinne, trí bheart a dhéanamh i gcoinne cásanna dlí straitéiseacha in aghaidh rannpháirtíocht phoiblí, feachtas clúmhillte agus brú polaitiúil agus airgeadais indíreach lena gcuirtear srian tromchúiseach ar shaoirse na meán, lena spreagtar féinchinsireacht agus lena mbaintear an bonn ar bhonn tromchúiseach ó iarrachtaí chun coireacht agus éilliú a nochtadh agus chun tuairisciú neamhspleách a dhéanamh; ag tathant ar phearsana polaitiúla chun ionsaithe béil, feachtais chlúmhillte agus gníomhaíochtaí imeaglaithe a stad, amhail cásanna dlí atá dírithe ar iriseoirí, a bhfuil mar aidhm acu an bonn a bhaint ó thábhacht na hiriseoireachta agus neamhspleáchas na meán nó drochtheist a chur orthu;
17. ag athrá a glaonna chun dálaí oibre iriseoirí a fheabhsú trí chosaint chearta saothair agus sóisialta na n-iriseoirí a neartú, agus chun rialacháin a ghlacadh lena méadófar follasacht maidir le húinéireacht na meán, foinsí maoinithe agus fógraíocht phoiblí, mar aon le nochtadh poiblí ina leith;
18. á mheabhrú gur cheart go mbeadh athbhreithniú ar bith a dhéanfaidh Kuvendi ar dhlíthe na meán ar aon dul le moltaí Choimisiún na Veinéise agus gur cheart go dtarlódh siad ar bhealach follasach agus ionchuimsitheach, i gcomhairle le heagraíochtaí na meán, agus an aidhm ann saoirse na meán agus féinrialú a fheabhsú agus comhchruinniú, mí-úsáid, cur isteach seachtrach agus féinchinsireacht i leith na meán a laghdú; á athdhearbhú gur cúis thromchúiseach di an ‘pacáiste frith-chlúmhillte’ a moladh roimhe seo agus cuireann sí in iúl gur geal léi gur chuir Kuvendi tús le próiseas chun athbhreithniú a dhéanamh ar na dlíthe reatha maidir leis an gcreat frith-chlúmhillte;
19. á mheabhrú gur gá iriseoireacht iniúchta, seiceáil fíricí agus litearthacht sna meáin a neartú mar bhealach chun dul i ngleic le fuathchaint, le bréagaisnéis agus le bhréagnuacht; ag spreagadh tacaíochta do mheicníocht féinrialála do na meáin agus cuireann sí i bhfáth nach mór feidhmiú rialála neamhchlaontach Údarás na Meán Closamhairc a áirithiú; á iarraidh go ndéanfaí athchóiriú ar an gcraoltóir seirbhíse poiblí d’fhonn a neamhspleáchas eagarthóireachta agus airgeadais, a neamhchlaontacht agus a ghairmiúlacht a mhéadú;
20. á chur i bhfios go láidir gur cheart do Gníomhaireacht na Meán agus na Faisnéise a bunaíodh lé déanaí follasacht agus dílárú a mhéadú agus nár cheart di, ar bhealach ar bith, srian a chur ar rochtain iriseoirí ar fhaisnéis ó fhoinsí rialtais; á iarraidh ar an rialtas chun rochtain a fheabhsú ar thuairisciú agus ar scrúdú a chuid oibre trí bhealaí oifigiúla agus foirmiúla, amhail preasócaidí agus agallaimh;
21. á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus ar an gCoimisiún comhar a fheabhsú agus aghaidh a thabhairt ar an mbréagaisnéis agus ar bhagairtí hibrideacha lena bhféachtar an bonn a bhaint ó dhearcadh AE, trí bhéim a chur ar bhealach níos straitéisí ar ábharthacht AE do dhaoine sna Balcáin Thiar;
Cearta bunúsacha
22. ag tathant ar na comhlachtaí ábhartha gach cás den fhuathchaint as líne agus ar líne, de choireanna fuatha, d’ionsaithe ó bhéal agus fisiciúla agus d’imeaglú a chosc agus a iniúchadh agus a ionchúiseamh go gasta agus go críochnúil , lena n-áirítear iad siúd a dhéantar i gcoinne iriseoirí, cosantóirí chearta an duine agus daoine de chuid grúpaí leochaileacha agus mionlaigh, amhail LADTI+ nó Romaigh, d’fhonn a sábháilteacht agus a slándáil a áirithiú; ag spreagadh oifig an Choimisinéara um Chosaint ar Leithcheal chun a bheith níos réamhghníomhaí sa chomhrac i gcoinne na fuathchainte, go háirithe i gcoinne daoine LADTI+, agus chun bailiú sonraí imdhealaithe a fhorbairt maidir leis an ábhar; ag spreagadh an rialtais chun smaoineamh ar fhuathchaint a shainiú ina chód coiriúil;
23. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn maidir le comhdheiseanna a áirithiú agus iarrann sí feabhsuithe breise maidir le comhionannas inscne cearta maoine, cosaint sonraí, cearta daoine faoi mhíchumais agus cearta mionlach sna réimsí a bhaineann le hoideachas, teangacha, féinaithint agus cosaint oidhreachta cultúrtha; á iarraidh ar na húdaráis chun caitheamh cothrom a áirithiú do dhaoine LADTI+ agus do mhionlaigh Romach agus chun dul i ngleic leis an leithcheal trasnach a dhéantar ar na grúpaí sin trí chur chuige institiúideach, córasach agus éifeachtach; á chur in iúl gur geal léi glacadh an fhodhlí maidir le hoideachas mionlaigh agus iarrann sí ar an rialtas chun an reachtaíocht feidhmithe atá fós ar feitheamh a ghlacadh go gasta a bhaineann le dlí creatlaí 2017 maidir le mionlaigh náisiúnta a chosaint, lena n-áirítear féinaithint agus úsáid teangacha mionlaigh; ag tathant ar na húdaráis chun rochtain neamhleithchealach ar oideachas a áirithiú agus iarrann sí ar an Albáin chun cosaint éifeachtach a áirithiú maidir le cearta maoine agus oidhreacht chultúrtha mionlach eitneach agus náisiúnta uile agus go n-áirithíonn sí go mbeidh comhdheiseanna agus ionadaíocht leordhóthanach ag grúpaí mionlaigh sa saol polaitiúil agus cultúrtha, sna meáin phoiblí agus i measc na mbreithiúna;
24. á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun a áirithiú go mbíonn cearta daonna agus saoirsí bunúsacha iomlána ag daoine faoi mhíchumais, agus go gcosnófaí na cearta sin, ar daoine iad a bhí i measc na ndaoine is mó a ndeachthas i bhfeidhm orthu ag Paindéim COVID-19; á chur in iúl gur saoth léi gur cuireadh baic roimh dhaoine faoi mhíchumais le linn thoghcháin Aibreán 2021 agus iad ag iarraidh vótaí a chaitheamh; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun tabhairt faoi fhoréigean i gcoinne daoine faoi mhíchumais, chun inrochtaineacht fhoriomlán a fheabhsú (lena n-áirítear seirbhísí agus faisnéis), agus chun fostaíocht a chur chun cinn; á chur i bhfios gur cúis bhuartha fós di cáilíocht an oideachais atá ar fáil do pháistí faoi mhíchumais, go speisialta páistí bodhra; á thabhairt dá haire nach bhfuil an Prótacal Roghnach leis an gCoinbhinsiún maidir le Cearta Daoine faoi Mhíchumais daingnithe go fóill ag an Albáin;
25. á mheas gur cúis bhuartha an-mhór dúbailt ionfhabhtuithe VEID ón mbliain seo caite; á mheabhrú go ndeachaigh an straitéis náisiúnta do dhaoine atá ag maireachtáil le VEID in éag in 2020; á iarraidh ar an rialtas chun bearta iomchuí a ghlacadh, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta, chun tabhairt faoi líon na n-ionfhabhtuithe VEID atá ag dul i méid agus chun rochtain ar chúram sláinte a áirithiú do na daoine is leochailí;
26. á mholadh gur glacadh plean gníomhaíochta náisiúnta 2021-2027 maidir le LADTI+ agus spreagann sí go gcuirfí i bhfeidhm é ina iomlán agus go gcuirfí buiséad ceart ar fáil ina leith trí chomhlacht comhordaithe agus monatóireachta trína ndéanfaí maoirseacht air; á mheabhrú nach mór Deireadh a chur le leithcheal, le hiompar bagrach agus le fuathchaint atá forleathan agus comhchearta a áirithiú do dhaoine LADTI+, go speisialta maidir le rochtain ar chúram sláinte, ar oiDeachas, ar cheartas, ar fhostaíocht agus ar thithíocht;
27. á iarraidh ar an Albáin chun moltaí Choimisiún na Veinéise a chur i bhfeidhm ina n-iomláine trí athchóiriú cuimsitheach ar earnáil na talún a chur chun cinn trí chlárú agus cúiteamh maoine a chomhdhlúthú ar bhonn soiléir;
28. á chur in iúl gur cúis bhuartha mhór di an sceitheadh ollmhór sonraí pearsanta; á iarraidh ar údaráis na hAlbáine feabhas a chur ar chosc ar mhí-úsáid sonraí, cuntasacht a áirithiú maidir le mí-úsáid sonraí agus dlús a chur le hailíniú le rialacha AE maidir le cosaint sonraí pearsanta;
29. ag glacadh leis go ndearnadh dul chun cinn maidir le Coinbhinsiún Iostanbúl a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar údaráis chun borradh a chur faoi chosc agus faoi fhreagairtí maidir le foréigean ar bhonn inscne agus feimeamharú, chun tacaíocht airgeadais, ath-imeasctha agus dhlíthiúil a mhéadú do mharthanóirí agus chun maoiniú a mhéadú d’eagraíochtaí neamhrialtasacha ábhartha do mhná; á chur i bhfios go láidir nach mór ionchúiseamh cásanna ciaptha, foréigin sa bhaile agus foréigin i gcoinne páistí a chur chun cinn, lena n-áirítear trí líon na n-oifigeach forfheidhmithe dlí agus na mbreithiúna atá inscne-íogair agus oilte go ceart a mhéadú; ag tathant ar údaráis chun beart a dhéanamh i gcoinne drochúsáidí gnéasacha uile, go háirithe iad siúd a bhaineann le páistí, go speisialta páistí atá ina n-inimircigh agus ina ndídeanaithe atá thar a bheith leochaileach agus páistí faoi mhíchumais, ós rud é go ndéantar an chuid is mó de choireanna drochúsáide gnéasaí san Albáin i gcoinne cailíní;
30. á mheabhrú nach mór an ceart ar shaoirse tionóil shíochánta a áirithiú gan bhearta treallacha nó leithchealacha agus tugann sí dá haire an tábhacht a bhaineann le tabhairt faoi líomhaintí mí-iompair ag na póilíní agus le húsáid dhíréireach fórsa a iniúchadh agus a ionchúiseamh; a chur in iúl go dtacaíonn sí le grinnfhiosrú neamhspleách ar phóilíní ardchéimiúla agus molann sí go smaoineodh an Albáin ar sheiceálacha macántachta rialta ar phóilíní a thabhairt isteach; á iarraidh go gcuirfí athchóiriú peannaideach chun cinn d’fhonn dálaí sna príosúin agus caitheamh le príosúnaigh a fheabhsú a thuilleadh ar aon dul leis na moltaí ón gCoimisiún Eorpach maidir le Céasadh agus Íde nó Pionós atá Mídhaonna nó Táireach a Chosc; á mheabhrú nach mór tabhairt faoi choireanna sa ré chumannach, daoine a fuadaíodh a imscrúdú, na daoine ciontacha a ionchúiseamh agus cúiteamh a chur ar fáil do mharthanóirí agus dá dteaghlaigh;
31. a chur in iúl gur geal léi tiomantas cruthaithe seanbhunaithe na hAlbáine chun teifigh a óstáil; á mheabhrú go bhfuil oibleagáid ar na húdaráis próiseas iomchuí tearmainn a áirithiú agus chun tabhairt faoi riachtanais teifeach, iarrthóirí tearmainn agus imirceach; á iarraidh ar an AE chun borradh a chur faoina thacaíocht le cúnamh daonnúil agus le bainistíocht na himirce sa réigiún; á chur in iúl gur geal léi cinneadh na hAlbáine maidir le saoránaigh na hAfganastáine agus na hÚcráine a óstáil go sealadach a bhfuil tearmann á lorg acu tar éis dóibh a dtíortha féin a fhágáil;
An smacht reachta
32. a chur i bhfios go láidir gur cnámh droma iad an smacht reachta agus athchóirithe breithiúnacha de bhunathrú daonlathach agus go ndéantar cinnteacht dhlíthiúil, follasacht, rochtain ar cheartas agus bearta i gcoinne leithcheala a áirithiú leo; ag tathant ar an gCoimisiún chun moltaí thuarascáil speisialta 01/2022 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa a chur i bhfeidhm, lena n-áirithítear go gcuirtear an smacht reachta chun cinn sna Balcáin Thiar agus san Albáin freisin le maoiniú AE;
33. ag cur béim ar an oibleagáid atá ar údaráis na hAlbáine chun leanúint d’éilliú agus de ghníomhaíochtaí coiriúla a dhíothú ó réimsí uile an tsaoil phoiblí, lena n-áirítear nósanna imeachta soláthair phoiblí agus maoiniú páirtithe polaitiúla; á thabhairt dá haire gur thit an Albáin 27 n-áit ar Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú do 2021 de chuid Transparency International, ó 2016; á chur in iúl gur cúis bhuartha di an mhaoirseacht agus an chuntasacht atá lagaithe ar sholáthar poiblí agus ar chaitheamh ar chúnamh don iasacht le linn na paindéime agus tá sí ag tathant go ndéanfaí na heasnaimh a leigheas go gasta;
34. ag moladh an dul chun cinn seasta atá á dhéanamh maidir le hathchóiriú cuimsitheach ceartais, faoina gcuirtear taca ag an gcreat reachtaíochta neartaithe agus ag an bpróiseas grinnfhiosraithe gan fasach, lena gcuirtear torthaí soiléire ar fáil ar bhonn leanúnach; a chur in iúl gur geal léi an tacaíocht thraspháirtí lena gcumasaíodh cinneadh Kuvendi sainchúram na gcomhlachtaí grinnfhiosraithe a shíneadh go dtí an 31 Nollaig 2024 agus tá sí ag tathant ar gach taobh chun tabhairt chun críche phróiseas an ghrinnfhiosraithe a luathú; a chur i bhfios go láidir nach mór bearta riachtanacha a ghlacadh chun fáil réidh le fo-iarmhairtí an ghrinnfhiosraithe, amhail imeachtaí fadálacha, ráta íseal imréitigh agus riaráiste ard cásanna; á chur in iúl gur geal léi feidhmiúlacht athchóirithe na Cúirte Bunreachtúla agus na hArdchúirte, rud a d’fhéadfadh a bheith ina fheabhsúchán ar rochtain na saoránach ar cheartas agus lena ndéanfaí imeachtaí breithiúnacha a luathú;
35. á mheabhrú go bhfuil sé ríthábhachtach cumas chóras na mbreithiúna a chur chun cinn agus a chomhdhlúthú a thuilleadh d’fhonn athrú do-aisiompaithe a chumasú i dtreo institiúidí breithiúnacha agus rialachais atá cuntasach, neamhspleách agus feidhmiúil; á chur i bhfáth nach mór acmhainní airgeadais, teicniúla agus daonna a áirithiú, mar aon le neamhspleáchas airgeadais agus oibríochtúil institiúidí breithiúnacha agus forfheidhmithe an dlí; a chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh maidir le gairmiúlacht, neamhchlaontacht agus cuntasacht na mbreithiúna, a bhfuil mar aidhm aige a neamhspleáchas a áirithiú ar thionchar míchuí agus riaráiste cásanna atá ag dul i méid a réiteach; á mheabhrú go bhfuil an oibleagáid ann chun feidhmiú éifeachtach na gcomhlachtaí breithiúnacha féinrialaitheacha a ráthú;
36. á chur in iúl gur geal léi obair an Struchtúir Speisialaithe um Fhrith-Éilliú agus Coireacht Eagraithe lena n-áirítear na cúirteanna, chun dul i ngleic le héilliú agus le coireacht eagraithe; á thabhairt dá haire gur gá le hiarrachtaí breise chun urghabháil agus coigistiú sócmhainní coiriúla a mhéadú a eascraíonn ó chionta a bhaineann le héilliú agus chun cuntas teiste a fhorbairt i gcásanna ardleibhéil; a chur in iúl gur saoth léi go bhfuil líon na n-ionchúiseamh i gcásanna a bhaineann le hoifigigh ardleibhéil fós teoranta, rud lena gcothaítear cultúr de shaoirse ó phionós;
37. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh le 10 ndlí a bhfuil mar aidhm acu éifeachtúlacht chóras na mbreithiúna a neartú a thuilleadh agus cuireann sí i bhfios go láidir a thábhachtaí agus atá bearta breise amhail cur i bhfeidhm na léarscáile breithiúnaí, córas bainistíochta cásanna comhtháite nua agus córas um oideachas dlí neartaithe; á thabhairt chun suntais gur cheart go dtabharfaí tuairimí páirtithe leasmhara agus dálaí socheacnamaíocha grúpaí leochaileacha san áireamh le hathchóiriú chóras na gcúirteanna faoi léarscáil na mbreithiúna agus go bhfeabhsófaí rochtain ar cheartas agus ar phróis chuí an dlí;
38. á chur i bhfios go láidir cé chomh tábhachtach agus atá sé beart cinntitheach a dhéanamh i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta trí chuntas teiste comhsheasmhach a áirithiú maidir le himscrúdú réamhghníomhach, ionchúiseamh agus ciontuithe deiridh le haghaidh éilliú ardleibhéil agus maidir le coigistiú sócmhainní; ag spreagadh go ndéanfaí easnaimh a leigheas go gasta maidir le tabhairt faoi phlean gníomhaíochta an Táscfhórsa um Ghníomhú Airgeadais agus faoi ‘mholtaí Moneyval’ agus go gcuirfí an reachtaíocht arna leasú le déanaí i bhfeidhm ina hiomláine ar aon dul le rialacha ábhartha AE;
39. á mheabhrú go mbaineann poitéinseal ollmhór le digitiú le haghaidh fónamh a dhéanamh don cheartas agus le haghaidh deireadh a chur le gníomhaíochtaí coiriúla agus le coinbhleachtaí leasa trí nochtadh agus trí fhíordheimhniú sócmhainní agus leasanna; á iarraidh ar an rialtas chun bearta a fheidhmiú chun neamhfhoirmiúlacht a laghdú, nuair is féidir;
40. ag spreagadh na hAlbáine chun staonadh ó scéim um shaoránacht trí infheistíocht a bhunú, rud trína bhféadfaí rioscaí tromchúiseacha slándála, sciúrtha airgid, éillithe agus imghabhála cánach a chruthú;
41. á chur in iúl gur geal léi rannpháirteachas cuiditheach nua SAM sna Balcáin Thiar, lena n-áirítear an fócas dá gcuid ar an gcomhrac i gcoinne éillithe; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs sin, ordú forghníomhaithe SAM lena ndéantar smachtbhannaí ar dhaoine a chuireann le staid dhíchobhsaithe sna Balcáin Thiar, mar aon le gníomhú SAM atá spriocdhírithe ar dhaoine agus ar eintitis as ucht a gcuid beart suntasach éillithe; á iarraidh ar AE ailíniú féideartha lena leithéid de bhearta a mheas go críochnúil;
42. a chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí leanúnacha chun feabhsuithe córasacha a dhéanamh ar dhul i ngleic le coireacht eagraithe, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, ar dhrugaí, ar airm thine, ar earraí cultúrtha agus ar earraí eile, mar aon le cibearchoireacht, coireacht fhoréigneach, antoisceachas agus bagairtí sceimhlitheoireachta; ag moladh an chomhoibrithe dhéthaobhaigh, réigiúnaigh agus idirnáisiúnta atá ar siúl chun líonraí coireachta trasnáisiúnta a tharraingt ó chéile, lena n-áirítear gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile AE, amhail Europol, Eurojust agus Frontex, lena gclúdaítear an gníomhú neartaithe i gcoinne drugaí a thairgeadh agus iad, airm mhídhleathacha agus daoine a gháinneáil ar bhonn eagraithe;
43. á thabhairt chun suntais gurb í an Albain an tír amháin sa réigiún a shínigh comhaontuithe comhair le gníomhaireachtaí Ceartais agus Gnóthaí Baile AE uile agus go ndearnadh an chéad oibríocht chomhpháirteach lánfhorbartha leis an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) lasmuigh den AE a imscaradh ag teorainn na Gréige-na hAlbáine i mBealtaine 2019; ag moladh an fhíorais gur cheadaigh an Albain monatóireacht san aer ag seirbhísí forfheidhmithe an dlí de chuid Bhallstáit an AE d’fhonn táirgeadh drugaí a bhrath; ag comhairliú don Albáin an reachtaíocht a nuashonrú a bhaineann le réamhtheachtaithe drugaí;
44. a chur in iúl gur cúis bhuartha léi leitheadúlacht arm tine san Albáin; a chur i bhfáth nach mór nósanna imeachta agus meicníochtaí a fheabhsú chun an trádáil mhídhleathach i mionairm agus in airm éadroma a chomhrac agus chun imscrúdú agus ionchúiseamh a threisiú maidir lena ngáinneáil;
45. á chur i bhfios go láidir rannchuidiú ríthábhachtach na hAlbáine le bainistíocht theorainn sheachtrach an Aontais agus le coireacht thrasteorann a chosc, rud nach mór a choinneáil mar thosaíocht agus nach mór a dhéanamh agus na cearta bunúsacha á gcomhlíonadh atá cumhdaithe i ndlíthe agus i bprionsabail idirnáisiúnta agus réigiúnacha infheidhme;
46. á thabhairt dá haire go bhfuil tíortha na mBalcán Thiar fós ina mbealach aistir d’imircigh agus go gcuirtear dúshlán roimh an réigiún agus roimh Bhallstáit AE le gluaiseachtaí móra teifeach, iarrthóirí tearmainn agus imirceach; á thabhairt dá haire go bhfuil líon daoine atá ag dul i méid fós ag teacht chun na hAlbáine atá ina n-imircigh Den chuid is mó atá ag taisteal tríd an réigiún; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise chun imircigh leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear trí thabhairt faoi smuigléireacht daoine, go háirithe mionaoisigh neamhthionlactha; á thabhairt dá haire laghdú leanúnach ar éilimh gan bhunús ó shaoránaigh na hAlbáine, óna dteastaíonn iarrachtaí breise ar thaobh údaráis na hAlbáine agus tugann sí dá haire go ndearnadh tagarmharcanna um léirscaoileadh víosaí a chomhlíonadh;
Athchóirithe socheacnamaíocha
47. á thabhairt chun suntais maoiniú inbhuanaithe AE do théarnamh tar éis an chreatha talún agus na paindéime agus tacaíonn sí le hiarrachtaí leanúnacha chun bunathrú daonlathach, glas agus digiteach na hAlbáine a chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht AE don atógáil, lena n-áirítear atógáil scoileanna agus naíscoileanna agus suíomhanna oidhreachta cultúrtha tar éis Chomhdháil Deontóirí Together4Albania tar éis an chreatha talún uafásach i Samhain 2019; á chur i bhfios go láidir nach mór cúnamh agus maoiniú ón AE a mhéadú le haghaidh an smacht reachta a fheabhsú agus le haghaidh fás glas inbhuanaithe, bithéagsúlacht, nuáil, iomaíochas, cearta maoine agus ais-iompú an laghdaithe dhéimeagrafaigh a spreagadh;
48. a chur i bhfios go láidir go ndéanfaí bainistíocht caiteachais phoiblí agus an t-easnamh mar gheall ar phraghsanna fuinnimh agus bia atá ag méadú a éascú trí shimpliú agus trí nuachóiriú an chórais cánach agus trí bhailiú feabhsaithe cánach;
49. a chur i bhfáth go bhfuil rialachas feabhsaithe, follasacht, cinnteacht dhlíthiúil, ionchuimsitheacht agus idirphlé sóisialta ríthábhachtach le haghaidh infheistíocht dhíreach choigríche a spreagadh agus oibrithe oilte a choinneáil; á iarraidh go gcuimseofaí an tsochaí shibhialta agus páirtithe leasmhara eile sa díospóireacht maidir le gníomhaíochtaí beartais;
50. ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé an óige a chumasú agus á chur in iúl gur díol sásaimh di gur ainmníodh Tiorána mar Phríomhchathair Óige na hEorpa 2022; á chur i bhfáth go láidir a thábhachtaí agus atá an clár do na Balcáin Thiar mar dheis chun luachanna lánpháirtiú na hEorpa a chothú mar aon le dea-chaidrimh chomharsanúla a chothú i measc na hóige ó gach cúinne na hEorpa, agus éagsúlacht chultúrtha agus theangeolaíoch á cur chun cinn ag an am céanna;
51. ag spreagadh údaráis na hAlbáine riosca na bochtaineachta agus eisiamh shóisialta a laghdú trí rochtain ar sheirbhísí sóisialta, oideachais agus cúraim sláinte a fheabhsú, go speisialta do dhaonraí faoi mhíbhuntáiste amhail Romaigh agus pobail Éigipteacha, grúpaí mionlaigh, daoine faoi mhíchumais agus na bochtáin; ag tathant go leagfaí caighdeán íosta maireachtála síos, mar mheán chun riosca na bochtaineachta a laghdú; a chur in iúl gurb oth léi nach raibh sa leithdháileadh buiséadach do 2021 ach 2,7% de OTI na hAlbáine; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht mhéadaithe i nuachóiriú an chórais oideachais;
52. ag tathant ar an Albáin chun iarrachtaí a mhéadú atá dírithe ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban trí phríomhshruthú inscne agus comhar méadaithe leis an tsochaí shibhialta, go háirithe le heagraíochtaí na mban; á iarraidh ar reachtóirí san Albáin chun bearta a dhéanamh chun ionadaíocht leordhóthanach na mban a áirithiú i bpoist chinnteoireachta uile, agus chun tabhairt faoin easpa feidhmithe ar bhonn níos mó maidir le cearta oibrithe ban, steiréitíopáil ar bhonn inscne, éagothroime inscne agus an bhearna phá idir na fir agus na mná san fhórsa saothair; a chur in iúl gur geal léi, maidir leis sin, an chéad chomh-aireacht le tromlach ban sa rialtas reatha; á chur i bhfios go bhfuil difríochtaí inscne suntasacha ann maidir le rannpháirtíocht san obair agus i gcáilíocht na hoibre, go bhfuil gníomhú neamhleor ann maidir le ciapadh gnéasach san áit oibre, go bhfuil leithcheal ann maidir le forálacha dlíthiúla a bhaineann le saoire mháithreachais agus easpa cúram leanaí agus toillte sna naíscoileanna;
53. ag glacadh le tábhacht IPA III agus an Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta do na Balcáin Thiar maidir leis an bpróiseas athchóirithe, nascacht inbhuanaithe, caipiteal daonna, iomaíochas agus fás ionchuimsitheach a thacú, agus le haghaidh comhar réigiúnach agus trasteorann a threisiú; á thabhairt chun suntais nach mór go mbeidh infheistíocht ar bith ar aon dul le cuspóirí Chomhaontú Pháras agus le spriocanna dícharbónaithe AE;
54. á mheabhrú go ndéantar foráil le IPA III do choinníollacht láidir nuair nach mór maoiniú a mhionathrú nó a chur ar fionraí i gcásanna de chúlú suntasach nó d’easpa leanúnach dul chun cinn sa réimse a bhaineann leis na ‘bunphrionsabail’, go háirithe sa réimse a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha, lena n-áirítear an comhrac i gcoinne éillithe agus i gcoinne na coireachta eagraithe, mar aon le saoirse na meán; á chur i bhfáth go bhfuil sé chun leasa slándála féin an AE agus go bhfuil sé de fhreagracht air chun a ráthú nach gcuireann cistí AE le héilliú; á iarraidh, sa chomhthéacs sin, go méadódh an AE agus tíortha na mBalcán Thiar comhar breithiúnach trasteorann agus go mbunódh siad creat maidir le comhar éifeachtach le hOifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh, go háirithe sa réimse a bhaineann le cistí IPA III;
55. a chur i bhfáth nach mór infheictheacht agus cumarsáid a fheabhsú maidir le maoiniú AE san Albáin; á mheabhrú, maidir leis sin, an tacaíocht shubstaintiúil a chuir an AE ar fáil do na Balcáin Thiar chun paindéim COVID-19 a chomhrac agus chun an drochthoradh mar gheall air sin a shrianadh;
An comhshaol, fuinneamh agus iompar
56. ag tathant go láidir ar na húdaráis chun bearta a threisiú maidir le bithéagsúlacht, uisce, aer, cosaint na haeráide agus bainistíocht réigiúnach ar dhramhaíl, lena n-áirítear trí mheasúnachtaí tionchair comhshaoil agus straitéiseacha cuimsitheacha, trí chomhairliúcháin phoiblí chearta, trí nósanna imeachta follasacha ar fud earnálacha atá íogair ó thaobh an chomhshaoil de agus trí ionchúiseamh dian na coireachta i gcoinne an chomhshaoil;
57. á chur in iúl gur geal léi ainmniú an Vjosa mar pháirc dúlra(8), agus tá sí ag tathant ar údaráis na hAlbáine chun Páirc Náisiúnta Vjosa(9) a bhunú a luaithe agus is féidir lena gcumhdófar an abhainn iomlán, lena n-áirítear a craobh-aibhneacha a shreabhann go saor;
58. a chur in iúl gur bhúis bhuartha di go ndearnadh athbhreithniú ar léarscáil líonraí na limistéar cosanta, agus nár cheart go gcuirfeadh sé sin le díghrádú comhshaoil i limistéir chósta agus bogaigh na hAlbáine atá saibhir ó thaobh na bithéagsúlachta ach atá faoi bhagairt;
59. á iarraidh ar údaráis chun tús áite a thabhairt do mhonatóireacht agus do thuairisciú bliantúil ar thruailliú aeir, ar thruailliú ó thorann agus ar cháilíocht uisce dromchla; á thabhairt dá haire nach mór an daonra a chur ar an eolas ar bhonn rialta maidir le stádas an truaillithe thimpeallaigh;
60. á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an straitéis náisiúnta maidir le bainistíocht dramhaíola do 2018-2035 agus go gcuirfí fócas nua ar na modhanna is sofaisticiúla le haghaidh athchúrsáil ar aon dul le caighdeáin AE; a chur i bhfáth nach mór teicneolaíocht scagtha chomhaimseartha do ghléasraí loiscthe go dtí go gcuirfear straitéis athchúrsála i bhfeidhm d’fhonn guaiseacha sláinte agus comhshaoil a laghdú;
61. á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí breise i réimse na talmhaíochta agus na forbartha tuaithe, lena n-áirítear trí chóras nithiúil a bhunú maidir le comhairliúcháin le grúpaí leasa éagsúla i dtuathlimistéir; á chur i bhfáth nach mór talmhaíocht bheag agus mheánmhéide atá neamhdhíobhálach don chomhshaol lena n-áirithítear slí bheatha feirmeoirí agus cosaint acmhainní nádúrtha agus bithéagsúlacht na hAlbáine;
62. ag tathant ar údaráis na hAlbáine dul chun cinn a dhéanamh ar fheidhmiú an chláir oibre ghlais do na Balcáin Thiar, atá mar an gcéanna le tosaíochtaí Chomhaontú Glas na hEorpa agus le Dearbhú Brdo, arna ghlacadh ag cruinniú mullaigh AE-na mBalcán Thiar in Brdo pri Kranju an 6 Deireadh Fómhair 2021;
63. a mheabhrú go dteastaíonn iarrachtaí substaintiúla chun spriocanna a bhaint amach a bhaineann le héagsúlacht, slándáil, éagsúlú agus glasú sholáthar an fhuinnimh agus an iompair tríd an Dlí Comhshaoil Eorpach(10) a chur i bhfeidhm, ionstraimí praghsála carbóin a fhorbairt agus trí thabhairt faoi bhochtaineacht fuinnimh; á mheabhrú nach mór inbhuanaitheacht hidreachumhachta ó thaobh an chomhshaoil de a mhéadú, a thionchar diúltach a íoslaghdú agus a fhorbairt i limistéir chosanta a stopadh;
64. a chur in iúl gur geal léi an pacáiste infheistíochta EUR 3,2 billiún faoi Phlean Eacnamaíoch agus Infheistíochta AE do na Balcáin Thiar agus tugann sí chun suntais ról bunathraitheach na n-infheistíochtaí sin; á thabhairt dá haire go sásúil go mbeidh an chéad ghléasra cumhachta gréine ar snámh san Albain i dtaiscumar Vau i Dejës ina cheann de na tionscadail mhaoinithe; á dhearbhú an athuair ról nasc iarnróid Thiorána-Phodgairítse, idirnascaire leictreachais Elbasan-Bitola agus phíblíne gáis Fier-Vlora maidir le nascacht réigiúnach agus tras-Eorpach a fheabhsú; a chur in iúl gur geal léi an tús a cuireadh le hobair ar idirnascaire chórais tarchurtha leictreachais na Macadóine Thuaidh agus na hAlbáine; á mheabhrú nach mór go gcomhlíontar caighdeáin AE maidir le soláthar poiblí le tionscadail bhonneagair, agus calafort Durrës san áireamh, atá sa Chomhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais;
65. a chur in iúl gur geal léi baint na dtáillí fánaíochta idir na sé stát sna Balcáin Thiar; ag tathant ar pháirtithe ábhartha uile chun plean a idirbheartú lena mbeadh díothú táillí fánaíochta idir an Albáin agus Ballstáit AE ina thoradh;
Beartas eachtrach agus slándáil
66. á chur in iúl gur ábhar sásaimh di go bhfuil an Albáin fós ina comhpháirtí beartais sheachtraigh atá iontaofa agus tiomanta, agus go bhfuil sí ag teacht go hiomlán le beartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais, agus go rannchuidíonn sí go gníomhach le misin agus oibríochtaí bainistithe géarchéime AE;
67. ag moladh freagairt agus ailíniú gasta na hAlbáine leis an AE maidir le smachtbhannaí a chur ar Chónaidhm na Ruise agus ar a ceannaireacht pholaitiúil mar gheall ar a hionsaitheacht i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear an smachtbhanna ar iontráil ina haerspás; á chur in iúl gur geal léi a comhlíonadh iomlán leanúnach le bearta sriantacha AE;
68. ag cur béim ar an bhfíoras go ndéanann an Albáin rannchuidiú ríthábhachtach, mar bhall ECAT, le cosaint theorainn sheachtrach an AE agus iarrann sí ar an AE chun a thacaíocht a threisiú do shlándáil teorainneacha sa réigiún;
69. á chur in iúl gur díol sásaimh di é tiomantas na tíre don dlúthpháirtíocht agus don iltaobhachas, lena n-áirítear trína ballraíocht i gComhairle Slándála na Náisiún Aontaithe in 2022-2023;
70. á iarraidh ar an AE chun measúnú criticiúil a dhéanamh ar iarmhairtí slándála atá tábhachtach ó thaobh na staire de maidir le cobhsaíocht agus aontacht ar ilchríoch na hEorpa agus sna Balcáin Thiar i gcomhthéacs ionsú na Rúise i gcoinne na hÚcráine; ag tathant ar na Ballstáit chun aontacht na hEorpa a thaispeáint trí chaibidlíocht aontachais a thosú leis an Macadóin Thuaidh agus leis an Albáin, agus impleachtaí geopholaitiúla agus comhlíonadh na gcritéar oifigiúil acu á gcur san áireamh;
71. á mheabhrú go mbíonn sé de nós ag gníomhaithe eachtracha mailíseacha deis a thapú as teannas eitneach sna Balcáin Thiar, agus an Albáin san áireamh, lena n-áirítear trí láimhsiú faisnéise agus teicnící cogaíochta hibrideacha a thástáil a bhfuil mar aidhm acu an bonn a bhaint ón AE; ag moladh go ndéanann an AE agus an Albáin dea-chleachtais agus a mhalartú agus go ndéanann siad gníomhaíochtaí a chomhordú maidir le cur isteach eachtrach; a chur i bhfios go láidir nach mór don AE agus do Stáit Aontaithe Mheiriceá a gcomhpháirtíocht agus a gcomhordú a neartú sna Balcáin Thiar;
72. á iarraidh ar Rialtas na hAlbáine chun leanúint de dhea-chaidrimh chomharsanúla a chur chun cinn agus comhtháthú réigiúnach a mhéadú lena mbunaítear comhar cothrom i measc na sé thír uile, agus ailíniú le caighdeáin agus le acquis AE a neartú a thuilleadh tríd an gCómhargadh Réigiúnach a fhorbairt, agus ar an mbealach sin forbairt a dhéanamh ar ghnóthachtálacha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch chun nascacht agus comhtháthú réigiúnach a mhéadú; a chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Albáin le prótacail bhreise i dtaca le Comhaontú Saorthrádála Lár na hEorpa;
o o o
73. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Comhairle Eorpaí, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Uachtarán, Rialtas agus Parlaimint Phoblacht na hAlbáine.
Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 401/2009 agus (AE) 2018/1999 (‘An Dlí Aeráide Eorpach’) (IO L 243, 9.7.2021, lch. 1).