Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le AE agus na dúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (2021/2232(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le Straitéis nua idir AE agus an tSín(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine(2),
– ag féachaint do rún ES-11/L.1 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022, lena ndéantar ionsaitheacht na Rúise i gcoinne na hÚcráine a cháineadh,
– ag féachaint do Rún ES-11/L.2 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Márta 2022 maidir le hiarmhairtí daonnúla an ionsaithe ar an Úcráin,
– ag féachaint do Choiste Straitéiseach AE, a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 24 Márta 2022,
– ag féachaint don chomhráiteas ó Chónaidhm na Rúise agus ó Dhaon-Phoblacht na Síne an 4 Feabhra 2022 maidir leis an gcaidreamh idirnáisiúnta a bheith i mbéal ré nua agus maidir le forbairt inbhuanaithe dhomhanda,
– ag féachaint d’Fhóram Aireachta um Chomhar sa Réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach an 22 Feabhra 2022,
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2021 maidir leis na dúshláin agus na hionchais do chórais iltaobhacha rialaithe arm ollscriosta agus do chórais dí-armála(3),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2021 chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (Leas-Uachtarán/Ardionadaí) maidir leis an gcaidreamh agus comhar polaitiúil idir AE agus an Téaváin(4),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 21 Deireadh Fómhair 2020 chuig an gComhairle agus chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir le hullmhú an 10ú próiseas athbhreithnithe maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach (NPT), rialú arm núicléach agus roghanna maidir le dí-armáil núicléach(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 21 Eanáir 2021 maidir le nascacht agus an caidreamh idir AE agus an Áise(6),
– ag féachaint do thairiscint i gcomhair rún uaithi an 18 Aibreán 2018 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gCreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Astráil, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais(7),
– ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE le Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN)(8),
– ag féachaint do mholadh uaithi an 29 Aibreán 2021 chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir leis an gcaidreamh idir AE agus an India(9),
– ag féachaint dá seasamh arna glacadh an 12 Nollaig 2018 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Straitéisí idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an tSeapáin, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais(10),
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2021 maidir le staid chumais chibearchosanta AE(11),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 21 agus an 22 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 16 Meán Fómhair 2021 maidir le straitéis AE maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (JOIN(2021)0024),
– ag féachaint do nuashonrú mhí Iúil 2021 ar straitéis na Fraince maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach dar teideal The Indo-Pacific region: a priority for France [An Réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach: tosaíocht don Fhrainc],
– ag féachaint do Chomhairliúcháin Ardleibhéil idir AE agus SAM maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach an 3 Nollaig 2021,
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 1 Nollaig 2021 maidir leis an ‘Tairseach Dhomhanda’ (JOIN(2021)0030),
– ag féachaint don 13ú Cruinniú Mullaigh idir an Áise agus an Eoraip (ASEM) an 25 agus an 26 Samhain 2021,
– ag féachaint don Choincheap maidir le Cur Chuige Comhtháite maidir leis an Athrú Aeráide agus maidir leis an tSlándáil an 5 Deireadh Fómhair 2021,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Aibreán 2021 i ndáil le straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach,
– ag féachaint do chomhshocrú slándála AUKUS an 15 Meán Fómhair 2021,
– ag féachaint do communiqué ó Chruinniú Mullaigh ECAT na Bruiséile arna eisiúint an 14 Meitheamh 2021,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 17 Meitheamh 2020 agus an 10 Bealtaine 2021 maidir le slándáil agus cosaint,
– ag féachaint do chomhpháirtíocht nascachta idir an tAontas agus an India a comhaontaíodh an 8 Bealtaine 2021,
– ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/2188 ón gComhairle an 22 Nollaig 2020 lena leasaítear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 2008/851/CBES maidir le hoibríocht mhíleata de chuid an Aontais Eorpaigh chun rannchuidiú le gníomhartha píoráideachta agus robála armtha a dhíspreagadh, a chosc agus a chur faoi chois amach ó chósta na Somáile(12),
– ag féachaint do ráiteas comhpháirteach aireachta maidir le nascacht ón Aontas Eorpach agus ó ASEAN an 1 Nollaig 2020,
– ag féachaint do chruinniú mullaigh AE/Síne an 1 Aibreán 2022,
– ag féachaint do chuairt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, go dtí an India an 24-25 Aibreán 2022,
– ag féachaint do chruinniú mullaigh AE/Seapáine an 12 Bealtaine 2022,
– ag féachaint don ráiteas comhpháirteach a d’eisigh Airí Gnóthaí Eachtracha G7 an 14 Bealtaine 2022,
– ag féachaint do ‘Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach an 13 Samhain 2020 dar teideal ‘An Réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach: Treoirlínte maidir le comhar na hÍsiltíre agus an Aontais le comhpháirtithe san Áise a neartú’,
– ag féachaint do Threochlár um Athrú Aeráide agus Cosaint an 9 Samhain 2020,
– ag féachaint do threoirlínte beartais Rialtas Cónaidhme na Gearmáine maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ó Mheán Fómhair 2020,
– ag féachaint don Chomhpháirtíocht maidir le Nascacht Inbhuanaithe agus Bonneagar Cáilíochta a comhaontaíodh idir AE agus an tSeapáin an 27 Meán Fómhair 2019,
– ag féachaint don rannchuidiú ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí le Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gComhairle Eorpach an 12 Márta 2019 dar teideal ‘an caidreamh idir AE agus an tSín – Dearcadh straitéiseach’,
– ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta an Aontais i gcoinne na Bréagaisnéise an 5 Nollaig 2018,
– ag féachaint don chinneadh a rinneadh ag an gcruinniú aireachta idir an tAontas agus ASEAN an 21 Eanáir 2019 chun comhpháirtíocht straitéiseach idir an tAontas agus ASEAN a bhunú,
– ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir AE agus Singeapór, arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2018,
– ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí an 19 Meán Fómhair 2018 dar teideal ‘An Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile – Clocha coirnéil ionsar straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh’ (JOIN(2018)0031),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 28 Bealtaine 2018 maidir le comhar slándála feabhsaithe AE san Áise agus leis an Áise,
– ag féachaint do phlean gníomhaíochta idir ASEAN agus AE 2018-2022,
– ag féachaint do Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le Caidreamh agus Comhar idir an Nua-Shéalainn agus an tAontas Eorpach an 5 Deireadh Fómhair 2016,
– ag féachaint don togra comhpháirteach le haghaidh cinneadh ón gComhairle an 14 Aibreán 2016 maidir leis an gCreat-Chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus an Astráil, den pháirt eile, a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach thar ceann an Aontais (JOIN(2016)0008),
– ag féachaint do Straitéis Slándála Muirí AE an 24 Meitheamh 2014,
– ag féachaint do Chreat-Chomhaontú an 23 Eanáir 2013 idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht na Cóire, den pháirt eile,
– ag féachaint don communiqué ó Chruinniú Mullaigh an 14 Meitheamh 2021 a d’eisigh na Cinn Stáit agus Rialtais a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh sa Bhruiséil,
– ag féachaint do rialú ón mBuanchúirt Eadrána an 12 Iúil 2016 maidir le hEadráin Mhuir na Síne Theas (Poblacht na hOileáin Fhilipíneacha v. Daon-Phoblacht na Síne),
– ag féachaint don chéad chruinniú mullaigh pearsanta de chuid na gceannairí an 24 Meán Fómhair 2021 den Idirphlé Slándála Ceathairshleasach (QUAD), ina bhfuil ceannairí polaitiúla na Stát Aontaithe, na hAstráile, na Seapáine agus na hIndia,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0085/2022),
A. de bhrí go sainíonn AE an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach mar réigiún a chuimsíonn cósta thoir na hAfraice agus stáit oileánacha an Aigéin Chiúin; de bhrí gur réigiún ilchineálach é an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, ina bhfuil 60 % de dhaonra an domhain agus seacht mball de G20 agus gur príomhghníomhaí é san ord idirnáisiúnta domhanda agus gur réigiún é ina bhfuil comhpháirtithe polaitiúla, trádála agus slándála atá ag éirí níos tábhachtaí do AE;
B. de bhrí go n-iompraítear thart ar 90 % de thrádáil sheachtrach AE ar muir; de bhrí go bhfuil uiscebhealaí móra atá ríthábhachtach do thrádáil AE, amhail Caolas Malacca, Muir na Síne Theas agus Caolas Bab-el-Mandeb, lonnaithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;
C. de bhrí go bhfuil tíortha AE agus tíortha an réigiúin Ind-Chiúin Aigéanaigh ag dul i ngleic le níos mó agus níos mó dúshláin slándála agus dúshláin neamhthraidisiúnta chomhchosúla; de bhrí go léiríonn dearcadh AE i leith an réigiúin go bhfuil aitheantas polaitiúil á thabhairt ar an ngá freagracht níos mó a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin slándála dhomhanda;
D. de bhrí, ar chuireadh a fháil ón Uachtarán Xi Jinping an 4 Feabhra 2022, gur síníodh téacs comhpháirteach ó Uachtarán na Síne agus ó Uachtarán na Rúise roimh shearmanas oscailte Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i mBéising; de bhrí gur dearbhaíodh sa chomhráiteas, i measc nithe eile, go bhfuil cairdeas ‘gan teorainneacha’ idir an dá Stát agus de bhrí, tríd an ráiteas sin, gur thacaigh an tSín go hoifigiúil den chéad uair le héileamh na Rúise chun stop a chur le leathnú ECAT;
E. de bhrí, de réir tuarascálacha ó na meáin, gur iarr oifigigh Shíneacha ag cruinniú mullaigh an 4 Feabhra 2022 ar oifigigh shinsearacha Rúiseacha gan ionradh a dhéanamh ar an Úcráin roimh dheireadh Chluichí Oilimpeacha an Gheimhridh i mBéising; de bhrí go gciallódh sé sin go raibh leibhéal éigin eolais dhírigh ag oifigigh shinsearacha Shíneacha faoi phleananna nó mianta cogaidh na Rúise sular cuireadh tús leis an ionsaí an 24 Feabhra 2022;
F. de bhrí, ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín an 1 Aibreán 2022, ag meabhrú dó freagracht na Síne mar ghníomhaí domhanda, oibriú ar son na síochána agus na cobhsaíochta, d’iarr an tAontas ar an tSín tacú leis na hiarrachtaí chun deireadh láithreach a chur leis an doirteadh fola san Úcráin, i gcomhréir le ról na Síne sa domhan mar bhall buan de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe, agus dá dlúthchaidreamh uathúil leis an Rúis;
G. de bhrí, mar fhreagairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar cuireadh tús leis trí ionradh míleata an 24 Feabhra 2022, gur ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe Rún ES-11/1 an 2 Márta 2022, lenar cáineadh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, le 141 vóta i bhfabhar, 5 vóta i gcoinne, 35 staonadh agus 12 thír gan vótáil; de bhrí nár vótáil aon tír san Aigéan Ciúin in aghaidh an rúin agus nár staon ach an tSín, an India, Madagascar, Mósaimbíc, Laos, an Afraic Theas, Srí Lanca, an Tansáin agus Vítneam ón téacs deiridh;
H. de bhrí go léirítear leis an teachtaireacht chomhpháirteach a glacadh le déanaí maidir le straitéis AE don chomhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, atá bunaithe ar rannpháirtíocht ar bhonn prionsabal ag a bhfuil dearcadh fadtéarmach, an éabhlóid dhomhain riachtanach ar an mbealach ina mbreathnaíonn AE ar a leasanna, ar na deiseanna agus ar na dúshláin atá aige san Aigéan Ciúin agus ar an uaillmhian atá aige ról níos mó a bheith aige chun a luachanna agus a leasanna a chosaint sa réigiún sin lena mbaineann tábhacht mhéadaitheach gheopholaitiúil agus eacnamaíoch; de bhrí gur cuid lárnach den straitéis é ollstruchtúr slándála réigiúnach atá oscailte, cobhsaí agus riailbhunaithe a chur chun cinn agus caidreamh láidir a chothú, naisc trádála inbhuanaithe agus comhar slándála a chothú le heagraíochtaí agus le tíortha réigiúnacha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh; de bhrí gur tháinig Airí Gnóthaí Eachtracha Bhallstáit AE agus thart ar 30 tír le chéile sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ag Fóram Aireachta um Chomhar san Aigéan Ciúin an 22 Feabhra 2022, agus de bhrí gur chuir AE agus a chuid Ballstát i bhfios go láidir sa chruinniú go dtacaíonn siad le rannpháirtíocht mhéadaithe fhadtéarmach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, trí ghníomhaíochtaí nithiúla agus trí fheabhas a chur ar an idirphlé slándála agus cosanta agus ar an gcaidreamh déthaobhach le comhpháirtithe sa réigiún;
I. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm leis an teachtaireacht chomhpháirteach maidir leis ‘an Tairseach Dhomhanda’ infheistíochtaí suas le EUR 300 billiún a shlógadh chun naisc chliste, ghlana agus shlána sna hearnálacha digiteacha, fuinnimh agus iompair a spreagadh agus chun córais sláinte, oideachais agus taighde a neartú ar fud an domhain;
J. de bhrí go bhfuil fíortheannas geopholaitiúil agus iomaíocht gheopholaitiúil ann le blianta beaga anuas mar thoradh ar dhinimic an réigiúin, agus go háirithe na dinimicí sin a eascraíonn as Daon-Phoblacht na Síne, a léirítear le méadú ar chaiteachas míleata, le forbairt mhíleata agus le reitric níos ionsaithí, rud a chuireann an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe i mbaol; de bhrí go bhfuil lárionad nua iomaíochta réigiúnaí agus domhanda tagtha chun cinn, dá bhrí sin, sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí nach ann d’ollstruchtúr réigiúnach slándála ná do shásra cothaithe muiníne chun na dúshláin agus an teannas lena mbaineann a mhaolú; de bhrí gur bagairt thromchúiseach í an dinimic sin do chobhsaíocht agus do shlándáil an réigiúin agus an chomhphobail dhomhanda, agus go bhfuil tionchar díreach aici ar leasanna straitéiseacha AE mar phríomh-chomhpháirtí polaitiúil agus eacnamaíoch na dtíortha sa réigiún; de bhrí go bhféadfadh an streachailt idé-eolaíoch sa réigiún idir an t-údarásaíochas agus an daonlathas borradh a chur faoi thoradh streachailt chomhionann ar fud an domhain, lena n-áirítear i gcomharsanacht an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach seasmhach, síochánta agus bunaithe ar urraim don dlí idirnáisiúnta chun slándáil agus leasanna AE a chosaint; de bhrí gur réamhchoinníoll chun síocháin agus slándáil a áirithiú san Aigéan Ciúin é dul i ngleic le bunchúiseanna na héagobhsaíochta, amhail an bhochtaineacht, an éagóir shóisialta agus sáruithe ar chearta an duine; de bhrí go bhfuil AE tiomanta do shlándáil an duine, don tsíocháin, don dlí idirnáisiúnta agus do chearta an duine;
K. de bhrí gurb é an tAontas an príomhinfheisteoir coigríche agus an príomhsoláthraí cúnaimh forbartha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; de bhrí gur comhpháirtí tábhachtach trádála é AE agus go bhfuil comhaontuithe saorthrádála curtha i gcrích aige cheana féin agus go bhfuil comhaontuithe saorthrádála á gcaibidil aige le tíortha sa réigiún; de bhrí gur féidir le AE a bheith ag brath cheana féin ar líonra leathan comhpháirtíochtaí agus comhaontuithe le roinnt tíortha, amhail an tSeapáin, Poblacht na Cóiré, an Astráil, an India, an Nua-Shéalainn, Vítneam agus Singeapór, agus le heagraíochtaí réigiúnacha, amhail Comhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN) agus Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (OACPS); de bhrí go bhfuil an tAontas i láthair sa réigiún a bhuí le Bhallstát dá chuid, an Fhrainc, go háirithe trí na ranna thar lear La Réunion agus Mayotte de chuid na Fraince, chomh maith le Tailte an Deiscirt agus an Antartaigh de chuid na Fraince san Aigéan Indiach, agus freisin san Aigéan Ciúin tríd an Nua-Chaladóin, chomh maith le trí chomhbhailithe na Fraince thar lear, eadhon Polainéis na Fraince agus Vailís agus Futúna; de bhrí go bhfuil thart ar 1,6 milliún saoránach AE ina gcónaí sna réigiúin sin de chuid na Fraince, lena n-áirítear os cionn 7 000 pearsanra míleata; de bhrí, dá bhrí sin, go bhfuil AE ina ghníomhaí cónaitheach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;
L. de bhrí go n-oibríonn níos mó ná leath de shoithí iascaireachta an domhain i muir na Síne Theas, arb í amháin atá freagrach as thart ar 12 % d’iascaireacht an domhain; de bhrí go bhfuil roinnt comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe tugtha i gcrích ag AE le tíortha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (Stáit Chónaidhme na Micrinéise, Oileáin Cook, Oileáin Sholomón, Cireabaití, Madagascar, Oileán Mhuirís, Mósaimbíc agus na Séiséil) agus de bhrí go bhfuil cabhlach iascaireachta AE i láthair san Aigéan Indiach agus san Aigéan Ciúin; de bhrí go bhfuil AE ina chomhalta gníomhach de roinnt eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh (ERBIanna) sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach (an Coimisiún um Thuinníní an Aigéin Indiaigh, Páirtithe Chomhaontú Iascaigh an Aigéin Indiaigh Theas, Coimisiún Iascaigh don Aigéan Ciúin Iartharach agus don Aigéan Ciúin Láir agus ERBI an Aigéin Chiúin Theas); de bhrí gur glacadh iarratas AE ar bhallraíocht i gCoimisiún Iascaigh an Aigéin Chiúin Thuaidh an 25 Feabhra 2021 agus de bhrí go mbíonn idirphlé ardleibhéil aige maidir le saincheisteanna aigéin agus iascaigh leis an Astráil, leis an Indinéis, leis an tSeapáin agus leis an Nua-Shéalainn; de bhrí go bhfuil comhaontú comhpháirtíochta aigéin sínithe ag AE leis an tSín; de bhrí go mbíonn idirphlé aige freisin agus go bhfuil meithleacha aige maidir le hiascaireacht neamhdhleathach, neamhrialáilte agus neamhthuairiscithe leis an gCóiré, leis an Téalainn agus leis an Téaváin;
M. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach cobhsaíocht agus saoirse loingseoireachta a áirithiú in uiscí an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh chun inbhuanaitheacht agus síocháin dhomhanda agus réigiúnach a áirithiú agus chun leasanna straitéiseacha AE a áirithiú; de bhrí go bhfuil AE rannpháirteach i dtacaíocht a thabhairt don tslándáil mhuirí réigiúnach tríd an gcomhbheartas slándála agus cosanta (CBSC) EUNAVFOR Atalanta; de bhrí gur díol sásaimh do chomhpháirtithe an réigiúin Ind-Chiúin Áigéanaigh Oibríocht Atalanta agus go bhfuil sí ag díriú ar phíoráideacht agus robáil armtha a chosc, chomh maith le faireachán a dhéanamh ar airm agus ar gháinneáil ar dhrugaí; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag an Aontas agus ag a Bhallstáit láithreacht chabhlaigh bhuan sa réigiún a mhéadú trí, inter alia, coincheap na Láithreachtaí Muirí Comhordaithe;
N. de bhrí go bhfuil cumais mhíleata bhuanseasmhacha ag an bhFrainc i gceantar na hÁise agus an Aigéin Chiúin; agus de bhrí go bhféadfadh sé a bheith ábhartha machnamh a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfaí suíomhanna bhuana sin na Fraince – trí Fhórsaí Armtha i bPolainéis na Fraince (FAPF) agus trí Fhórsaí Armtha na Nua-Chaladóine go háirithe – a úsáid le haghaidh imscaradh féideartha Eorpach;
O. de bhrí, mar thoradh ar mhéadú tapa míleata na Síne, a hiompar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá ag éirí níos teanntásaí agus níos leathnaithí, a gníomhaíochtaí míleata i gCaolas na Téaváine agus i Muir na Síne Thoir agus Theas, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun bac a chur ar an tsaoirse loingseoireachta arna ndéanamh ag Garda Cósta na Síne agus ag an Militia Muirí, go bhfuil géarú á dhéanamh ar an teannas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, rud atá ag tarlú freisin mar gheall ar sháruithe leantacha d’aon ghnó na Síne ar zón aitheantais aerchosanta na Téaváine, a cuid gníomhaíochtaí chun deireadh a chur le neamhspleáchas agus uathriail mhíleata Hong Cong, a méadú míleata ag an teorann idir an tSín agus an India, a reitric atá ag éirí níos ionsaithí, a feachtais ionramhálacha bréagaisnéise agus a feachtais meáin; á iarraidh ar AE straitéis a ullmhú bunaithe ar dhálaí iarbhír a d’fhágfadh go mbeadh sé in ann freagairt dá mba ghá; ag tabhairt rabhadh faoin mbaol a bhaineann le rás luathaithe arm sa réigiún;
P. de bhrí nach bhfuil treallús na Síne sa réigiún teoranta don saol míleata ach gur tharla sé freisin mar gheall ar chleachtais tráchtála ionsaitheacha bunaithe ar chomhéigean taidhleoireachta agus ar bheartais thaidhleoireachta fiachais ionsaitheacha; de bhrí go mbaineann infheistíochtaí i mbonneagar criticiúil le leathnú eacnamaíoch agus airgeadais na Síne sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus san Eoraip; de bhrí go bhfuil an tSín ag iarraidh tionchar polaitiúil a fháil trína leasanna eacnamaíocha; de bhrí gur léiríodh le géarchéim COVID-19 a thábhachtaí atá slabhraí soláthair iontaofa agus naisc eacnamaíocha níos cothroime leis an tSín;
Q. de bhrí gur rialaigh an Bhuanchúirt Eadrána i gcás sainchomhartha an 12 Iúil 2016 nach raibh aon fhianaise ann gur fheidhmigh an tSín rialú eisiach go stairiúil ar na críocha a nglacann sí teideal orthu laistigh de Mhuir na Síne Theas; de bhrí gur thug an tSín neamhaird ar an rialú sin agus go bhfuil bunáiteanna míleata cruthaithe aici ar oileáin de dhéantús an duine, i measc gníomhaíochtaí eile;
R. de bhrí gur léirigh an tSín easpa trédhearcachta agus drogall maidir le páirt a ghlacadh i gcainteanna faoin bpáirt a d’fhéadfadh a bheith aici in ionstraimí rialaithe arm núicléach iltaobhach, rud a d’fhág go raibh sí in ann stór mór diúracán balaistíoch idirmheánach atá chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de, amhail Dong-Feng 26, a stocáil;
S. de bhrí go bhfuil tionchar méadaitheach ag an gclaochlú digiteach ar struchtúr an chórais idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas agus dá thodhchaí dhigiteach ag baint le caighdeáin a leagan síos ar an leibhéal idirnáisiúnta agus le nuálaíochtaí ceannródaíocha i dteicneolaíochtaí ar thús cadhnaíochta amhail an intleacht shaorga, an ríomhaireacht chandamach agus 5G agus 6G agus de bhrí go bhfuil an iomaíocht dhomhanda le haghaidh ardcheannas teicneolaíochta ag dul i méid i gcónaí, rud a bhfuil infheistíocht shuntasach déanta ag an tSín ann;
T. de bhrí, i ráiteas comhpháirteach an 24 Bealtaine 2022, gur leag ceannairí na Stát Aontaithe, na hAstráile, na hIndia agus na Seapáine, ag cruinniú mullaigh QUAD le déanaí, béim arís ar na prionsabail a bhaineann le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a bheith saor agus oscailte: saoirse, an smacht reachta, luachanna daonlathacha, ceannasacht agus iomláine chríochach; de bhrí gur fhógair na ceannairí sraith tionscnamh nua a ceapadh chun comhar a neartú ar fud an réigiúin, lena n-áirítear Comhpháirtíocht an Aigéin Chiúin le haghaidh Feasacht ar Réimsí Muirí;
U. de bhrí, an 23 Bealtaine 2022, go ndúirt Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, go ndéanfadh na Stáit Aontaithe idirghabháil mhíleata dá ndéanfadh an tSín iarracht an Téaváin a thógáil le forneart;
V. de bhrí go ndearna ceithre bhuamadóir Shíneacha H-6 agus beirt bhuamadóir Tu-95 Rúiseacha eitiltí comhpháirteacha ar fud na Seapáine agus Phoblacht na Cóiré an 24 Bealtaine 2022, gur spreag siad an dá thír aerárthaí troda a chur san aer chun faireachán a dhéanamh ar na heitiltí; De bhrí go raibh na heitiltí comhpháirteacha ar siúl an lá céanna a raibh Uachtarán na Stát Aontaithe, Joe Biden, ag bualadh lena chontrapháirtithe QUAD i dTóiceo;
W. de bhrí, an 23 Bealtaine 2022, gur sheol na Stáit Aontaithe, an Astráil, Brúiné Darasalám, an India, an Indinéis, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré, an Mhalaeisia, an Nua-Shéalainn, Poblacht na nOileán Filipíneach, Singeapór, an Téalainn agus Vítneam an próiseas chun Creat Eacnamaíoch an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh don Rathúnas a bhunú, arb é is aidhm dó rannchuidiú leis an gcomhar, leis an gcobhsaíocht, leis an rathúnas, leis an bhforbairt agus leis an tsíocháin laistigh den réigiún; de bhrí gurb é atá i gCreat Eacnamaíoch an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh do Rathúnas rogha eile ar láithreacht tráchtála mhéadaitheach na Síne ar fud an réigiúin;
X. de bhrí gur shínigh an tSín agus Oileáin Sholomón Comhshocrú um chomhar slándála i mí Aibreáin 2022, lenar tarraingíodh aird idirnáisiúnta ar láithreacht taidhleoireachta agus ar chaidreamh méadaithe le tíortha oileánacha an Aigéin Chiúin; de bhrí gur fhógair an tSín, an 30 Bealtaine 2022, le linn cuairt a bheith á thabhairt ag Aire Gnóthaí Eachtracha na Síne Wang Yi ar 10 náisiún oileánacha san Aigéan Ciúin, agus tar éis ábhar imní mhéadaitheach a bheith ann laistigh de na tíortha sin, go raibh sé ag cur stop le comhaontú réigiúnach pleanáilte le náisiúin oileánacha an Aigéin Chiúin dar teideal ‘Fís Chomhchoitinn Forbartha Thíortha Oileánacha an Aigéin Chiúin’, a raibh sé mar aidhm leis comhar saorthrádála agus slándála a chumhdach, lena n-áirítear réimsí amhail oiliúint póilíní, cibearshlándáil, mapáil mhuirí agus rochtain ar acmhainní; de bhrí gur thug Uachtarán Stáit Chónaidhme na Micrinéise, David Panuelo, an togra ‘an comhaontú beartaithe is ceannródaíche san Aigéan Ciúin in á saol’, agus go raibh ‘ bagairt ann Cogadh Fuar a thabhairt isteach ar sa chás ab fhearr, agus Cogadh Domhanda sa chás ba mheasa’; de bhrí, in ainneoin na teipe an comhaontú forleathan sin a bhaint amach, gur shínigh an tSín roinnt comhaontuithe déthaobhacha níos lú le náisiúin an Aigéin Chiúin le linn chuairteanna réigiúnacha Wang;
Y. de bhrí go bhfuil tionchar ag an ngéarchéim aeráide ar an gcóras idirnáisiúnta, ina bhféadfadh sí cur leis an teannas geopholaitiúil; de bhrí nach mór athrú aeráide agus díghrádú comhshaoil a ionchorprú níos mó mar iolraitheoir riosca i ngníomhaíocht sheachtrach an Aontais agus nach mór dó a straitéisí agus a choincheapa agus a nósanna imeachta a oiriúnú dá réir sin, lena n-áirítear sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;
Z. de bhrí, an 15 Nollaig 1995, gur shínigh ballstáit ASEAN an Conradh maidir le Limistéar na hÁise Thoir Theas Saor ó Airm Núicléacha (Conradh SEANWFZ) mar ghealltanas chun réigiún na hÁise Thoir Theas a chaomhnú mar réigiún atá saor ó airm núicléacha agus airm ollscriosta eile;
Freagairt AE ar dhúshláin slándála sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach
1. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht chomhpháirteach a glacadh le déanaí i ndáil le straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag aithint bhreisluach na straitéise mar chéad bhunchloch chur chuige aontaithe an Aontais i leith an réigiúin, agus ag moladh chineál cuimsitheach ilghnéitheach na straitéise agus go n-áirítear an tslándáil agus an chosaint mar cheann dá seacht réimse tosaíochta; á iarraidh ar AE úsáid a bhaint as an straitéis mar uirlis chun a láithreacht agus a thionchar a mhéadú go héifeachtach sa réigiún trí naisc straitéiseacha a chur chun cinn agus trí idirphlé uilechuimsitheach agus comhar maidir le cúrsaí slándála agus cosanta le tíortha agus le heagraíochtaí atá ar aon intinn leis sa réigiún a dhoimhniú; ag creidiúint, má ghlacann AE páirt luachbhunaithe mhéadaithe sa réigiún, go gcuirfear leis an tslándáil réigiúnach agus leis an rathúnas, agus go gcabhrófar le teannas réigiúnach a shárú agus caidreamh níos cothroime a chruthú i measc na ngníomhaithe réigiúnacha; á mheabhrú gur tionscadal de chuid Fhoireann na hEorpa í an straitéis agus gur cheart go gcothódh comhaontuithe déthaobhacha cur chuige AE, chomh maith le cumas AE freagairtí coiteanna ar dhúshláin slándála a thabhairt chun cinn; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé ríthábhachtach don Aontas agus dá Bhallstáit an tsíocháin, an chobhsaíocht agus saoirse na loingseoireachta a chaomhnú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;
2. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach an-éagsúil, agus nach féidir aon chur chuige a oireann do chách a chur i bhfeidhm; á chur in iúl gur mór aici an cur chuige iomlánaíoch agus an clár oibre dearfach a chuirtear i láthair i Straitéis an Aontais agus á thabhairt chun suntais gur gá don Straitéis dul in oiriúint de shíor don chóimheá cumhachta atá ag athrú go gasta, agus ag an am céanna cloí go daingean le luachanna, prionsabail agus noirm Eorpacha, go háirithe Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ar cheart dó a bheith ina chreat normatach do rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an nasc idir an tslándáil agus an fhorbairt agus an daonnúlachas;
3. á chur i bhfios go láidir go mbeidh mórthionchar buan ag an gcogadh ionsaitheach mídhleathach gan chúis a rinne an Rúis i gcoinne na hÚcráine, a thosaigh an 24 Feabhra 2022, ar an gcaidreamh idirnáisiúnta; á chur i bhfáth nach mór do AE a ghealltanais idirnáisiúnta a chomhdhlúthú tuilleadh, mar atá leagtha síos ag an gCoiste Straitéiseach, lena n-áirítear, go háirithe, sa réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanach, ar réigiún straitéiseach é; cé go n-aithníonn sí an caidreamh níos dlúithe idir an Rúis agus an tSín, mar a léiríodh i gcomhráiteas uathu an 4 Feabhra 2022, i measc nithe eile, á chur in iúl gur cúis mhór imní di an easpa cáinte soiléir ag ceannaireacht na Síne ar an gcogadh neamhdhleathach sin, ar cogadh é a sháraíonn na noirm agus na dlíthe idirnáisiúnta go léir agus a bhfuil bás na mílte pearsanra míleata agus na mílte sibhialtach neamhurchóideach mar thoradh air cheana féin; á iarraidh go láidir ar cheannaireacht na Síne cloí lena cuid freagrachtaí mar bhuanchomhalta de Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus ní hamháin an sárú uafásach sin ag Cónaidhm na Rúise a cháineadh ach freisin a dlúth-theagmhálacha le hUachtarán na Rúise a úsáid chun a áiteamh air an cogadh foréigneach sin a stopadh láithreach, na trúpaí uile a bhaint de chríoch na hÚcráine agus lánurraim a thabhairt do neamhspleáchas na hÚcráine agus do thoil a muintire maireachtáil faoi shíocháin agus faoi shaoirse;
4. á chur in iúl gur díol sásaimh di an tacaíocht ollmhór a léirigh tíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh ag na vótaí i gComhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta maidir le Rún ES-11/L.1 lenar cáineadh ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, chomh maith le Rún ES-11/L.2 ó Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 24 Márta maidir le hiarmhairtí daonnúla an ionsaithe ar an Úcráin, á mheabhrú nár vótáil tír ar bith sa réigiún i gcoinne an rúin; á chreidiúint go gcuireann sé sin teachtaireacht an-láidir in iúl maidir leis an tacaíocht fhoriomlán don dlí idirnáisiúnta, don tsíocháin agus don chomhar idirnáisiúnta sa réigiún; á chur in iúl gur oth léi, mar sin féin, gur chinn an tAontas, in éineacht leis an tSín, leis an India, le Madagascar, le Mósaimbíc, le Laos, leis an Afraic Theas, le Srí Lanca, leis an Tansáin agus le Vítneam staonadh ón téacs deiridh; ag spreagadh na dtíortha sin gan neamhaird a thabhairt ar na réaltachtaí san Úcráin, ar an sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta agus ar fhulaingt uafásach agus marú sibhialtach neamhurchóideach, agus, dá bhrí sin, a seasamh a athbhreithniú agus seasamh le tromlach mór an chomhphobail idirnáisiúnta maidir le cogadh ionsaitheach na Rúise a cháineadh go soiléir agus páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí idirnáisiúnta chun oibriú i dtreo na síochána san Úcráin agus sibhialtaigh neamhurchóideacha a chosaint;
5. á thabhairt chun suntais gur gá aontacht an Aontais a áirithiú mar réamhchoinníoll chun uaillmhian an Aontais maidir le ceannasacht straitéiseach oscailte a bhaint amach le linn chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus i bhfianaise na mbagairtí agus na hiomaíochta atá ag dul i méid i measc tíortha cumhachtacha, go háirithe na Stáit Aontaithe, an Rúis agus an tSín; á iarraidh go mbeidh níos mó aontachta ann i gComhairle an Aontais Eorpaigh maidir le bearta a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar bheartas frithdhaonlathach agus iompar ionsaitheach na Síne, a chuireann ceannasacht a comharsan agus cobhsaíocht an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh i mbaol; á mheabhrú nach mór beartas eachtrach agus slándála atá pragmatach, prionsabalbhunaithe agus luachbhunaithe a bheith mar bhonn le cur chuige aontaithe an Aontais, ar beartas é a fhéachann le comhoibriú le comhpháirtithe más féidir agus le gníomhú leis féin más gá chun dlúthpháirtíocht agus ceannasacht straitéiseach an Aontais a shaothrú, agus nach mór uirlisí inchreidte beartais eachtraigh a bheith ag gabháil leis, chomh maith le hathchóiriú ar a phróiseas cinnteoireachta, go háirithe trí aistriú chuig vótáil trí thromlach cáilithe, lena n-éascófaí freagairt thapa ar dhúshláin thromchúiseacha slándála agus lena ndéanfaí an tsíocháin, an tslándáil dhaonna, an fhorbairt inbhuanaithe agus an daonlathas a chur i gcrích; á chur in iúl go bhfuil impleachtaí maidir le slándáil na hEorpa ag tiomantas méadaitheach SAM don réigiún Ind-Chiúin Aigéanach agus, dá bhrí sin, á athdhearbhú gur gá Aontas Cosanta Eorpach atá cumasach a bheith ann; á thabhairt chun suntais, d’fhonn oibriú le comhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus cogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine á chur san áireamh, nach mór don Aontas a uathriail straitéiseach a neartú chun go mbeidh sé ina chomhpháirtí domhanda éifeachtach; ag tacú, dá bhrí sin, leis an uaillmhian acmhainneacht mhear-imscartha a chruthú;
6. á chur i bhfáth a thiomanta atá an tAontas ollstruchtúr slándála réigiúnach atá oscailte, cobhsaí agus riailbhunaithe a chur chun cinn bunaithe ar urraim don daonlathas, don smacht reachta, do chearta an duine agus don dlí idirnáisiúnta, agus lena n-áirítear línte mara slána cumarsáide, fothú acmhainneachta agus láithreacht chabhlaigh fheabhsaithe, i gcomhréir leis an gcreat dlíthiúil a bunaíodh le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS); á iarraidh ar AE caidreamh déthaobhach torthúil a shaothrú le comhpháirtithe sa réigiún, lena n-áirítear tíortha Afracacha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh agus oibriú i ndlúthchomhar le córais daonlathacha liobrálacha eile agus le comhghuaillithe stairiúla, amhail ECAT, SAM agus an Ríocht Aontaithe, go háirithe i gcomhthéacs chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus na Síne atá ag éirí níos teanntásaí agus ionsaithí, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar bhealach níos fearr ar dhúshláin choiteanna slándála réigiúnacha agus dhomhanda; ag leagan béim ar an ngá atá ann cuspóir comhchoiteann na hinbhuanaitheachta agus an rathúnais a chur chun cinn, agus an t-iltaobhachas a neartú trí na Náisiúin Aontaithe agus trí eagraíochtaí idirnáisiúnta eile; á mheabhrú, mura gcomhlíontar na prionsabail nó na luachanna sin, nó má dhéantar sárú follasach orthu, go mbeadh iarmhairtí diúltacha ann do leasanna eacnamaíocha agus slándála ríthábhachtacha an Aontais, agus dá rannpháirtíocht i gcomhpháirtíochtaí déthaobhacha agus i gcomhpháirtíochtaí réigiúnacha, a bhféadfadh smachtbhannaí a bheith mar thoradh air;
7. ag tathant ar an Aontas leas iomlán a bhaint as a sheasamh agus as a chlú mar ghníomhaí domhanda inchreidte, iontaofa agus neamhspleách ar son na síochána agus an iomaíocht gheopholaitiúil ag dul i méid idir cumhachtaí domhanda agus cumhachtaí réigiúnacha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á mheabhrú go mbaineann breisluach rannpháirtíocht an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach le raon cuimsitheach a bheart cúnaimh shibhialta agus mhíleata, lena n-áirítear rannchuidithe neamh-mhíleata dea-fhorbartha; á mheabhrú go bhfuil líonra ollmhór sócmhainní taidhleoireachta ag an Aontas chun idirphlé, idirghabháil, cosc coinbhleachtaí, réiteach coinbhleachtaí, rialú arm, dí-armáil, neamhleathadh agus dí-armáil núicléach a éascú, chomh maith le réitigh dhlíthiúla agus saineolas i réimse an iltaobhachais agus maidir le bearta cothaithe muiníne a chur ar bun, agus maidir le bearta a dhéanamh arb é is aidhm dóibh an t-éilliú a chomhrac, ar féidir iad a roinnt le comhpháirtithe a ghníomhaíonn de mheon macánta; á mheas gur gá líonra taidhleoireachta agus consalach na mBallstát sa réigiún a neartú agus luachanna agus leasanna an Aontais agus a chuid Ballstát a chosaint; á iarraidh ar AE an rannchuidiú a dhéanann sé le tíortha sa réigiún agus a iarrachtaí taidhleoireachta a nascadh ar bhealach níos dlúithe lena luachanna agus lena leasanna; á iarraidh ar AE dlús a chur leis na hiarrachtaí cumarsáide maidir leis an Straitéis Ind-Chiúin-Aigéanach agus tíortha comhpháirtíochta a rannpháirtiú sa phróiseas cur chun feidhme chun an caidreamh slándála a neartú agus chun rannchuidiú leis na spriocanna a áirítear sa Straitéis a bhaint amach;
8. ag spreagadh an Aontais neartú a dhéanamh ar a thiomantas in éineacht lena chomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach do chur chun feidhme Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil, agus do Rún 2250, Rún 2419 agus Rún 2535 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an Óige, an tSíocháin agus an tSlándáil, le leithdháiltí buiséadacha iomchuí do chur chun feidhme éifeachtach; ag cur béim ar a thábhachtaí atá rannpháirtíocht na mban i gcoimeád na síochána agus i gcomhdhlúthú na síochána agus ar an mbreisluach dearfach a thugann siad ina leith sin, lena n-áirítear i gcaibidlíocht agus i misin;
Ceannasacht straitéiseach bunaithe ar an iltaobhachas agus ar an ord idirnáisiúnta atá bunaithe ar rialacha
9. á mheas, maidir le cogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine, ar sárú follasach é ar an dlí idirnáisiúnta, mar aon le diúltú na Rúise dul i mbun idirghabhála agus caibidlíochtaí macánta a sheoladh, go mbeidh siad ina mbagairt thromchúiseach ar an tslándáil, ar an tsíocháin agus ar an gcobhsaíocht dhomhanda agus ar chumarsáid shaor agus oscailte i réimsí na mara, an aeir, an spáis agus an chibearspáis, ar réimsí iad atá bunriachtanach maidir leis an tsíocháin agus chun bealaí trádála réigiúnacha agus domhanda a choinneáil; ag spreagadh na seirbhísí ábhartha sa tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí anailís a dhéanamh ar thionchar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar bheartas AE maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag coinbhleacht réigiúnach ar leasanna eacnamaíocha agus slándála AE, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar an gcaoi a bhféadfadh AE freagairt do staid slándála atá ag dul in olcas sa réigiún an Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di tionchar an chogaidh san Úcráin ar gheilleagair náisiúnta thíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le praghsanna gráin, fuinnimh agus leasachán atá ag dul i méid; á athdhearbhú go bhféadfadh ról cobhsaíochta a bheith ag AE sa réigiún;
10. á chur in iúl gur cúis mhór imní di forbairt mhear mhíleata na Síne, lena n-áirítear an tástáil diúracáin hipirshonaigh a nochtadh le déanaí, agus a iompar atá ag éirí níos teanntásaí, a bhfuil sé mar aidhm leis, i measc nithe eile, a éilimh chríochacha a chur chun cinn i Muir na Síne Thoir agus Theas; á thabhairt chun suntais, mar thoradh ar theophointí slándála agus saincheisteanna gan réiteach amhail clár núicléach Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré, an leamhsháinn teorainn a bhí ann idir an tSín agus an India le déanaí, an cniogbheartaíocht ar an daonlathas i Hong Cong agus Macao, mainneachtain ag an tSín a hoibleagáidí faoin dlí náisiúnta agus idirnáisiúnta a chomhlíonadh maidir le cearta an duine a urramú, lena n-áirítear cearta na mionlach in Xinjiang, sa Tibéid agus san Ion-Mhongóil, agus na bagairtí a thugann an tSín ar shláine críche na Téaváine, ar nithe iad a d’eascair as gníomhaíochtaí míleata, go bhfuil tuilleadh brú ar an tslándáil agus an chobhsaíocht réigiúnach; ag cáineadh thaidhleoireacht na Síne maidir le himeaglú agus feachtais bhréagaisnéise ionramhála; á chur in iúl gur cúis imní di freisin an méadú atá tagtha ar láithreacht na Síne i réimsí straitéiseacha eile, amhail an tAigéan Indiach, réigiún an Aigéin Chiúin Theas agus na hAigéine, agus an Mhuir Arabach;
11. á mheabhrú go bhfuil cumas an Aontais comhsheasamh a ghlacadh i leith na Síne níos laige mar gheall ar dheighiltí a bhí ann roimhe seo; á thabhairt chun suntais nach mór cur chuige an Aontais i leith na Síne a bheith aontaithe, pragmatach, ilghnéitheach agus prionsabálta, lena n-áirítear comhoibriú ar shaincheisteanna comhleasa a bhfuil tionchar domhanda acu amhail an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, nach mór dó a bheith bunaithe ar chearta an duine agus ar an dlí idirnáisiúnta, dul in iomaíocht leis an tSín a mhéid a bhaineann le roghanna malartacha eacnamaíocha, polaitiúla agus straitéiseacha a chur ar fáil do thríú tíortha, agus aghaidh a thabhairt ar an tSín agus smachtbhannaí a ghearradh uirthi b’fhéidir maidir le hábhair ina bhfuil ár dtuairimí faoi seach an-éagsúil óna chéile, mar shampla maidir le cosaint a thabhairt do luachanna an Aontais amhail urraim don daonlathas agus do chearta an duine, agus maidir le labhairt amach i gcoinne ionsaithe foréigneacha i gcoinne tíortha neamhspleácha agus déantóirí na sáruithe sin a cháineadh, lena n-áirítear iad siúd atá freagrach as sibhialtaigh neamhúrchóideacha a mharú trí ghníomhartha cogaidh, amhail a fheiceann an comhphobal idirnáisiúnta faoi láthair trí ghníomhaíochtaí na Rúise san Úcráin;
12. á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-idirphlé nua tráthúil idir an tAontas agus SAM maidir leis an tSín agus bunú chomhairliúcháin idir AE agus SAM maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, agus á iarraidh go mbeidh cur chuige comhordaithe ann chun comhar maidir le cúrsaí slándála a dhoimhniú, lena n-áirítear trí idirphlé parlaiminteach trasatlantach chun institiúidí iltaobhacha agus eagraíochtaí réigiúnacha a neartú, chun an daonlathas a chur chun cinn agus chun an athléimneacht dhaonlathach a fheabhsú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus níos faide i gcéin; á chur in iúl gur díol sásaimh di rún SAM an chobhsaíocht, an athléimneacht agus an tslándáil réigiúnach a threisiú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an comhphobal trasatlantach aontaithe go láidir agus iad ag freagairt ar chogadh ionsaitheach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á mheas gur comhartha an-láidir é don domhan ar fad go bhfuilimid tiomanta dár luachanna féin agus go bhfuilimid réidh iad a chosaint má dhéantar tástáil orthu;
13. á thabhairt dá haire gur tugadh an comhaontú tríthaobhach slándála AUKUS chun críche le déanaí; á chur in iúl gur oth léi an easpa réamhchomhairliúcháin sa phróiseas sin agus ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta leis an bhFrainc; á chur in iúl go bhfuil sí go láidir den tuairim go bhfuil an caidreamh láidir idir an tAontas agus an Astráil, ar caidreamh é atá bunaithe ar mhuinín fhrithpháirteach agus ar chomhairliúchán, tábhachtach do chobhsaíocht an réigiúin agus gur cheart é sin a chur chun cinn tuilleadh agus nár cheart tabhairt i gcrích AUKUS difear a dhéanamh dó; á mheas gur codanna tábhachtacha iad AUKUS agus QUAD d’ollstruchtúr na slándála réigiúnaí agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil idirphlé oscailte, cuimsitheach ag teastáil chun slándáil éifeachtach réigiúnach a áirithiú, ar idirphlé é a mbeidh gníomhaithe réigiúnacha ábhartha, gníomhaithe seachréigiúnacha lena mbaineann agus gníomhaithe idirnáisiúnta freisin i gceist leis; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí scrúdú a dhéanamh, in éineacht leis na comhpháirtithe ábhartha, ar na féidearthachtaí maidir le hidirphlé buan a bhunú le AUKUS agus ionadaíocht a dhéanamh ag cruinnithe chomhaltaí QUAD i réimsí neamh-mhíleata freisin amhail an t-athrú aeráide, an teicneolaíocht, an tsláinte agus an trádáil d’fhonn iarrachtaí a ailíniú agus sineirgí a neartú idir ár straitéisí faoi seach maidir leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur i bhfáth gur gá creat comhair idir AE agus an Ríocht Aontaithe a fhorbairt agus a neartú tuilleadh, lena n-áirítear sa bheartas eachtrach agus slándála; á thabhairt dá haire go bhfuil easpa spéise léirithe ag an Ríocht Aontaithe amhlaidh a dhéanamh, go dtí seo;
14. ag leagan béim ar an ról bunúsach atá ag an nascacht i gcaidreamh geopholaitiúil an Aontais agus a Bhallstát, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an teachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí maidir leis an straitéis don Tairseach Dhomhanda a tíolacadh i mí na Nollag 2021 arb é is aidhm di comhar inbhuanaithe a mhéadú le stáit atá ar aon intinn leis agus leas a bhaint as cumhacht bhog chun luachanna Eorpacha a chur chun cinn agus chun comhpháirtíochtaí láidre, marthanacha a áirithiú; á chreidiúint go bhféadfadh an tionscnamh sin a bheith ina rogha mhalartach tharraingteach ar straitéis nascachta na Síne do chomhpháirtithe an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus níos faide i gcéin; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá comhar nascachta don Aontas agus don réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach chun aghaidh a thabhairt go rathúil ar na dúshláin slándála nua, lena n-áirítear an chibearshlándáil, nascacht dhigiteach, agus bonneagar criticiúil, agus á chreidiúint gur cheart go n-áireofaí leis sin freisin iarrachtaí chun slándáil an bhonneagair dhomhanda idirlín a áirithiú, lena n-áirítear cáblaí faoi mhuir; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé an tslándáil aeráide agus an fhorbairt inbhuanaithe a neartú trí infheistíochtaí nascachta; á iarraidh go gcuirfear an straitéis sin chun feidhme go pras sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, lena n-áirítear trí thionscadail nithiúla infheicthe a chur chun feidhme;
15. ag aithint, i gCompás Straitéiseach an Aontais, go ndéantar an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a shainaithint mar réigiún a bhfuil príomhleas straitéiseach ag AE ann agus go ndéantar tacar nithiúil cuspóirí atá le baint amach sa réigiún sin a shainaithint freisin, chomh maith leis na hacmhainneachtaí is gá chun iad a bhaint amach, bunaithe ar an measúnú comhpháirteach ar bhagairtí; á thabhairt chun suntais, chun a bheith ina ghníomhaí inchreidte slándála sa réigiún, agus ar an leibhéal idirnáisiúnta, gur gá don Aontas a iarrachtaí comhpháirteacha a mhéadú tuilleadh maidir le forbairt cumais, go háirithe sa réimse muirí, agus ag an am céanna díriú ar thionscadail a bhfuil ábharthacht straitéiseach ag baint leo; ag moladh tuilleadh comhair idir AE agus ECAT chun freagairt ar na dúshláin slándála a bhaineann leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, mar a leagtar amach i gCompás Straitéiseach AE;
Comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí réigiúnacha agus le tíortha daonlathacha a fheabhsú
16. á athdhearbhú gur príomhghné den straitéis gurb ea feabhas a chur ar na comhpháirtíochtaí le gníomhaithe réigiúnacha atá ann cheana agus comhpháirtíochtaí nua a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gníomhaíocht aontaithe i measc AE agus a chomhghuaillithe traidisiúnta sa réigiún ríthábhachtach chun cobhsaíocht a bhaint amach; á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil sé beartaithe ag an Aontas dlús a chur leis an idirphlé lena chomhpháirtithe maidir le slándáil agus cosaint, lena n-áirítear maidir leis an bhfrithsceimhlitheoireacht, an chibearshlándáil, neamhleathadh agus dí-armáil, fothú acmhainneachta, bagairtí hibrideacha, an tslándáil mhuirí agus trasnaíocht agus bréagaisnéis a chomhrac, go háirithe trí dhea-chleachtais a roinnt, trí fheabhas a chur ar an gcumarsáid straitéiseach, agus trí fhianaise a bhailiú d’fhonn sannadh comhchoiteann agus na smachtbhannaí comhchoiteanna a fheabhsú, slándáil aeráide agus freagairt géarchéime a fheabhsú, agus freagairt iltaobhach éifeachtach a áirithiú do ghéarchéim COVID-19 agus do ghéarchéimeanna sláinte domhanda a bheidh ann amach anseo, chomh maith le hidirphlé maidir le slándáil mhuirí; á chur in iúl gur díol sásaimh di freisin go bhfuil AE ag imscaradh comhairleoirí míleata chuig toscaireachtaí AE sa réigiún, faoi mar a rinne sé sa tSín agus san Indinéis;
17. ag cur béim ar an gcomhar seanbhunaithe idir AE agus ASEAN maidir le cúrsaí slándála agus cosanta, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-uasghrádú a rinneadh le déanaí ar an gcaidreamh déthaobhach go comhpháirtíocht straitéiseach; ag athdhearbhú a thiomanta atá sí tacú le lárnacht agus struchtúr iltaobhach cuimsitheach ASEAN; á iarraidh ar AE a láithreacht sa réigiún a dhaingniú agus a leathnú trí chomhar le ASEAN agus lena chomhaltaí a dhoimhniú; á iarraidh ar ASEAN ról a thabhairt do AE ag Cruinniú Airí Cosanta ASEAN-Plus agus ag Cruinniú Mullaigh na hÁise Thoir; ag cur béim ar ról bunúsach na taidhleoireachta parlaimintí maidir leis an daonlathas a neartú agus cearta an duine a chur chun cinn sa réigiún, agus dá bhrí sin á spreagadh go mbunófaí Tionól Parlaiminteach AE-ASEAN agus níos mó malartuithe parlaiminteacha ar bhonn níos rialta leis an réigiún, lena n-áirítear tráth chomóradh 45 bliana an chruinnithe mullaigh sa Bhruiséil in 2022; á chur i bhfáth gur cheart do AE féachaint an bhféadfaí dul i mbun bearta fothaithe acmhainneachta le ASEAN i réimsí amhail coinbhleachtaí sibhialta a chosc, idirghabháil, cothú na síochána agus athmhuintearas, lena n-áirítear trí chomhar le comhpháirtithe réigiúnacha eile maidir leis na bearta sin;
18. á chur in iúl gur geal léi go mór an dlúthchomhar leis an Astráil, leis an tSeapáin, le Poblacht na Cóiré agus leis an Nua-Shéalainn mar fhreagairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á chur in iúl gur geal léi go bhfuil dlúth-ailíniú idir an tAontas agus na ceithre thír sin maidir le smachtbhannaí a ghearradh ar an Rúis agus ar an mBealarúis i ngeall ar a ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha mídhaonna; á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-idirphlé neartaithe idir ECAT agus a cheithre chomhpháirtí ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach eadhon an Astráil, an tSeapáin, Poblacht na Cóiré agus an Nua-Shéalainn, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trasearnálacha slándála agus ar dhúshláin dhomhanda agus d’fhonn feabhas a chur ar fheasacht staide choiteann maidir le forbairtí slándála sa réigiún Eora-Atlantach agus sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, go háirithe cruinnithe ambasadóirí idir Comhairle ECAT an Atlantaigh Thuaidh (NAC) agus na ceithre thír sin ó réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise, a dtugtar an fhormáid ‘NAC+ 4’ orthu go coitianta; á iarraidh ar AE idirphlé den chineál céanna a fhorbairt leis na ceithre chomhpháirtí ó réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise; á chur in iúl gur cheart díriú ar fhothú acmhainneachta, bagairtí hibrideacha, neamhleathadh agus freagairt ar ghéarchéimeanna, cibearchosaint, ullmhacht shibhialta agus clár oibre na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil sna réimsí tosaíochta le haghaidh comhar le comhpháirtithe; á iarraidh ar ECAT leas a bhaint as a phróiseas machnaimh 2030 chun feabhas a chur ar an gcomhar lena chomhpháirtithe d’fhonn comhluachanna a chosaint, an daonlathas a chomhdhlúthú sa réigiún, athléimneacht a threisiú agus seasamh leis an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus comhsheasmhacht níos fearr a áirithiú idir beartais maidir leis an tSín agus lánurraim á tabhairt d’uathriail cinnteoireachta agus gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh;
19. á chur in iúl gur geal léi an tionscadal ‘Comhar Slándála san Áise agus leis an Áise a fheabhsú’ agus, chun tacú lena chur chun feidhme, ag spreagadh malartuithe rialta agus turais staidéir d’oifigigh mhíleata chun comhthuiscint a éascú agus chun cur chuige straitéiseach comhchoiteann a chothú;
20. ag athdhearbhú a thábhachtaí atá an chomhpháirtíocht straitéiseach sheanbhunaithe idir an tAontas agus an tSeapáin agus ag leagan béim ar an gcomhpháirtíocht atá eadrainn i réimsí na slándála, na cosanta agus na nascachta; á thabhairt dá haire gurb í an tSeapáin an t-aon chomhpháirtí sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a luaitear go sonrach i gCompás Straitéiseach AE; á chur in iúl gur geal léi torthaí an 28ú Cruinniú Mullaigh idir AE agus an tSeapáin arna reáchtáil an 12 Bealtaine 2022, inar athdhearbhaigh na ceannairí a dtiomantas an comhar a fheabhsú ar mhaithe le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a bheidh saor agus oscailte, bunaithe ar luachanna comhroinnte agus ar straitéisí comhlántacha don réigiún; á thabhairt dá haire gur chnuasaigh an tSeapáin saineolas agus eolas go traidisiúnta maidir le comhar le tíortha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á iarraidh, dá bhrí sin, go méadódh AE a chomhoibriú leis an tSeapáin chun neartú éifeachtach a dhéanamh ar chomhar slándála muirí sa réigiún, go háirithe le ASEAN; á chur in iúl gur geal léi go mór rannpháirtíocht na Seapáine in iarrachtaí idirnáisiúnta frithphíoráideachta i Murascaill Áidin, trí chleachtaí comhpháirteacha a dhéanamh le hOibríocht Atalanta EUNAVFOR; á iarraidh ar an dá chomhpháirtí comhar a fheabhsú i réimse na slándála muirí agus comhar a fhorbairt tuilleadh faoi chuimsiú CBSC i réimsí amhail faisnéis, fothú acmhainneachta agus cibearshlándáil; á chur in iúl gur geal léi an tiomantas a thug AE agus an tSeapáin feabhas a chur ar chomhairliúcháin i réimse na dí-armála agus an neamhleata agus cur chun cinn breise a dhéanamh, i gcomhthéacs an chogaidh san Úcráin, ar neartú an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach; á iarraidh ar AE agus ar an tSeapáin comhairliúcháin a leathnú tuilleadh i réimse na mbagairtí hibrideacha, lena n-áirítear idirphlé maidir le cur i gcoinne na bréagaisnéise agus na trasnaíochta a dhéanann gníomhaithe stáit agus neamhstáit; ag cur in iúl gur geal léi go mór an dlúthchomhar agus ailíniú na Seapáine leis an Aontas Eorpach agus le SAM maidir le freagairt do chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur geal léi seoladh tapa an chomhair agus an chomhordaithe idir AE agus an tSeapáin chun cobhsaíocht na margaí fuinnimh domhanda a chaomhnú agus á chur in iúl gur díol sásaimh di an dlúthpháirtíocht a léirigh an tSeapáin i dtaca le soláthairtí inacmhainne gáis nádúrtha leachtaithe a chur ar fáil don Aontas;
21. á iarraidh ar AE a chomhpháirtíocht straitéiseach leis an India a neartú tuilleadh; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na gealltanais a thug an tAontas agus an India i réimse na slándála agus na cosanta, agus is geal léi freisin gur seoladh idirphlé le déanaí maidir leis an tslándáil mhuirí; á iarraidh ar an dá pháirtí a gcomhar oibríochtúil ar muir a neartú tuilleadh, lena n-áirítear freachnaimh chomhpháirteacha chabhlaigh agus cuairteanna ar chalafoirt, chomh maith le gníomhaíochtaí chun línte muirí na cumarsáide a chosaint agus a chur chun cinn mar chuid den Chomhpháirtíocht Nascachta idir an tAontas agus an India a bunaíodh le déanaí; á iarraidh ar AE agus ar an India freisin feabhas a chur ar chomhordú agus ar mhalartuithe frithpháirteacha chun feasacht maidir leis an réimse muirí a threisiú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur in iúl gur geal léi cuairt Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, ar an India an 24-25 Aibreán; á chur i bhfios go láidir gur céim dhearfach i dtreo comhpháirtíochtaí amach anseo a neartú agus an comhar déthaobhach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a dhoimhniú; á thabhairt dá haire gur príomh-chomhpháirtí í an India i dtaca le timpeallacht slándála muirí a thógáil; ag athdhearbhú gur cheart go mbeadh cobhsaíocht na hÁise Láir agus Theas ina phríomhchuspóir don chomhar idir an tAontas agus an India; á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil cáineadh soiléir déanta ag Rialtas na hIndia ar chogadh neamhdhleathach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus á iarraidh ar Rialtas na hIndia athbhreithniú a dhéanamh ar a sheasamh i bhfianaise na sáruithe ar an dlí idirnáisiúnta atá léirithe go soiléir ag an Rúis; á iarraidh ar an India, mar an tír daonlathach is mó ar domhan, gan seasamh i leataobh go díomhaoin agus ionsaí brúidiúil á dhéanamh ar an Úcráin, ceann de na tíortha daonlathacha is mó san Eoraip, agus á iarraidh ar Rialtas na hIndia labhairt amach i gcoinne marú sibhialtach neamhurchóideach agus na ngníomhaíochtaí brúidiúla agus athbhreithnitheacha arna ndéanamh ag Vladimir Putin;
22. á chur i bhfáth go bhfuil fréamhacha doimhne stairiúla agus naisc dhaonna ag an gcaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an Astráil agus go bhfuil sé bunaithe ar luachanna coiteanna agus ar phrionsabail chomhchoiteanna, amhail an tsíocháin, an tslándáil agus an urraim don daonlathas, do chearta an duine, do chomhionannas inscne agus don smacht reachta, lena n-áirítear an dlí idirnáisiúnta; á chur in iúl gur díol sásaimh di na forbairtí dearfacha sa chomhar slándála agus cosanta idir an tAontas agus an Astráil le deich mbliana anuas agus rannpháirtíocht na hAstráile in oibríochtaí bainistithe géarchéime an Aontais; á iarraidh ar an dá chomhpháirtí tuilleadh feabhais a chur ar an gcomhordú agus ar na sineirgí d’fhonn an tslándáil agus an chobhsaíocht a chur chun cinn sa réigiún Ind-Chiún-Aigéanach, lena n-áirítear maidir le saoirse loingseoireachta, agus dul i mbun plé d’fhonn réimsí leasa choitinn a shainaithint don chomhar a bheidh ann amach anseo maidir le cúrsaí slándála agus cosanta; á thabhairt dá haire, áfach, go raibh tionchar ag an easpa comhairliúcháin agus faisnéise maidir le comhaontú AUKUS ar an muinín fhrithpháirteach; á chur in iúl gur mian léi go mbeadh comhar maith frithpháirteach maidir le cosaint ann amach anseo; á chur in iúl gur geal léi go mór dlúthchomhar agus ailíniú na Seapáine leis an Aontas Eorpach agus le SAM a mhéid a bhaineann le freagairt a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta;
23. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an comhaontú slándála le déanaí idir an tSín agus Oileáin Sholomón, a bhféadfadh impleachtaí a bheith aige do shlándáil an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh láithreacht chabhlach na Síne in Oileáin Sholomón bac a chur ar rochtain ar lánaí muirí don Astráil, chun críoch trádála agus míleata araon; á chur i bhfáth go bhfuil an tsaoirse loingseoireachta in uiscí an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh ríthábhachtach don tsíocháin dhomhanda agus réigiúnach, lena n-áirithítear leasanna straitéiseacha an Aontais agus a chomhpháirtithe;
24. á chur in iúl gur geal léi an comhar maith idir AE agus Poblacht na Cóiré, lena n-áirítear i réimse na slándála agus na cosanta, agus ag tabhairt rabhadh go bhfuil gníomhaíochtaí núicléacha Dhaon-Phoblacht Dhaonlathach na Cóiré (DPDC) ina mbagairt thromchúiseach ar an tsíocháin agus ar an tslándáil idirnáisiúnta, agus ar iarrachtaí domhanda maidir le dí-armáil agus neamhleathadh; ag déanamh cáineadh láidir ar bhriogadh treisithe DPDC ó thús na bliana 2022, lena n-áirítear as diúracáin bhalaistíocha ghearr-raoin a scaoileadh ó limistéar Sunan Pyongyang an 12 Bealtaine, agus ag cáineadh DPDC freisin as diúracáin bhalaistíocha a scaoileadh an 25 Bealtaine tar éis d’Uachtarán SAM Biden imeacht ó Phoblacht na Cóiré; ag tabhairt dá haire agus is oth léi gurb é sin an 17ú tástáil mhór ar airm i mbliana; ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag Poblacht na Cóiré maidir le tacú leis na hiarrachtaí chun cláir núicléacha agus diúracán balaistíoch DPDC a dhíchóimeáil ar bhealach iomlán, infhíoraithe agus do-aisiompaithe; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus ar na Ballstáit a n-inchreidteacht agus a saineolas a úsáid chun cur go héifeachtach leis na hiarrachtaí sin, lena n-áirítear trí thacú le rún síochánta agus taidhleoireachta le DPDC i ndlúthchomhar lenár gcomhpháirtithe idirnáisiúnta; ag déanamh cáineadh láidir ar thástálacha diúracán balaistíoch agus núicléach DPDC agus ar ghníomhaíochtaí eile a bhaineann le leathadh núicléach; ag áitiú ar DPDC an Conradh um Chosc Cuimsitheach ar Thástáil (CTBT) a shíniú agus a dhaingniú go pras agus filleadh ar chomhlíonadh an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach; á thabhairt chun suntais gur uirlis éifeachtach é an comhar idir an tAontas agus Poblacht na Cóiré maidir leis an gcibearshlándáil chun aghaidh a thabhairt ar chibear-ionsaithe de thionscnamh DPDC agus tíortha réigiúnacha eile; á iarraidh ar AE agus ar Phoblacht na Cóiré araon dlús breise a chur leis na hiarrachtaí comhpháirteacha chun an chibearchoireacht a chomhrac agus chun bonneagar athléimneach a fhothú; á iarraidh ar AE agus ar Phoblacht na Cóiré a gcomhar a neartú i gcúrsaí a bhaineann leis an mbeartas spáis agus leis an teicneolaíocht; á chur in iúl gur geal léi go mór dlúthchomhar agus ailíniú Phoblacht na Cóiré leis an Aontas Eorpach agus le SAM a mhéid a bhaineann le freagairt a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta;
25. á mheas go bhfuil an Téaváin ina comhpháirtí lárnach agus ina comhghuaillí daonlathach sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus go dtacaíonn sí go láidir lena conair dhaonlathach; ag cur béim ar dhlúththacaíocht agus cairdeas AE leis an Téaváin agus, i bhfianaise chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine freisin, ag diúltú d’aon iarracht a rinne bolscaireacht Shíneach chun cosúlachtaí a tharraingt idir cogadh na Rúise san Úcráin agus staid slándála foriomlán na Téaváine toisc go bhfuil difríocht shuntasach idir na staideanna sin ó thaobh na staire de agus nuair a dhéantar anailís ar ról na Téaváine sa chomhthéacs réigiúnach agus domhanda; á chur in iúl gur geal léi an ról dearfach atá ag an Téaváin maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil a chothú sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus go háirithe i gCaolas na Téaváine; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le comhordú níos dlúithe le comhpháirtithe atá ar aon intinn chun an tsíocháin agus an chobhsaíocht a choinneáil i gCaolas na Téaváine; ag athdhearbhú gur cheart an caidreamh idir an tSín agus an Téaváin a fhorbairt ar bhealach cuiditheach trí idirphlé gan chomhéigean ná trí bhearta díchobhsaithe ag ceachtar taobh; á chur i bhfáth go bhfuil sí i gcoinne aon ghníomhaíocht aontaobhach a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de status quo Chaolas na Téaváine, agus á athdhearbhú nár cheart aon athrú ar an gcaidreamh idir dhá thaobh an Chaolais a dhéanamh in aghaidh thoil shaoránaigh na Téaváine; á iarraidh ar AE an chomhpháirtíocht atá ann cheana leis an Téaváin a fheabhsú chun luachanna coiteanna amhail an daonlathas, cearta an duine, an smacht reachta agus dea-rialachas sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a chur chun cinn, oibriú le chéile ar ábhair amhail línte sábháilte cumarsáide agus aerspás oscailte agus sábháilte, agus dul i mbun comhiarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide; ag tacú le comhar níos dlúithe idir gníomhaireachtaí ábhartha Eorpacha agus Téaváine, ENRanna agus meithleacha machnaimh agus ag athdhearbhú a tacaíochta do rannpháirtíocht na Téaváine mar bhall breathnóra in eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear san Eagraíocht Dhomhanda Sláinte; á chur in iúl gur geal léi go mór dlúthchomhar agus ailíniú na Téaváine leis an Aontas Eorpach agus le SAM a mhéid a bhaineann le freagairt a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta;
26. á chur in iúl gur geal léi an ról dearfach atá ag an Nua-Shéalainn sa tsíocháin agus sa tslándáil réigiúnach; ag moladh an fhíorais go gcuirtear béim láidir sa Chomhaontú Comhpháirtíochta maidir le Caidreamh agus Comhar idir an Nua-Shéalainn agus an tAontas Eorpach ar leathadh arm ollscriosta a chomhrac agus ar thrádáil aindleathach mionarm agus arm éadrom a chomhrac, lena n-áirítear maidir le haghaidh a thabhairt ar athléimneacht eacnamaíoch atá lagaithe, ar príomhthoisc riosca slándála é; ag moladh an rannchuidithe a rinne an Nua-Shéalainn le misin an Aontais amhail Oibríocht Atalanta EUNAVFOR; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne an Comhchoiste le déanaí chun tuilleadh deiseanna a fhiosrú chun feabhas a chur ar chomhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach, go háirithe i réimsí na slándála muirí agus chun dlús a chur le malartuithe i ndáil le comhrac na sceimhlitheoireachta, an antoisceachais fhoréignigh agus ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, chomh maith le trasnaíocht eachtrach agus bréagaisnéis; á chur in iúl go bhfuil sí ag tnúth le bheith ag obair le chéile chun seasamh leis an dlí idirnáisiúnta sa réigiún; á chur in iúl gur geal léi go mór dlúthchomhar agus ailíniú na Nua-Shéalainne leis an Aontas Eorpach agus le SAM a mhéid a bhaineann le freagairt a thabhairt ar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus maidir le smachtbhannaí a ghearradh mar fhreagairt ar an sárú follasach sin ar an dlí idirnáisiúnta;
27. á iarraidh ar AE dlús a chur leis an gcomhar le stáit san Aigéan Ciúin trí Fhóram Oileáin an Aigéin Chiúin agus tríd an gcomhaontú nua idir AE agus OACPS; ag moladh go mbeadh an Comhthionól Parlaiminteach nua AE-OACPS agus, go háirithe, a Thionól Parlaiminteach Réigiúnach idir AE agus an Aigéan Ciúin, rannpháirteach i straitéis AE-an Aigéin Chiúin;
28. ag cur béim ar an rannchuidiú tábhachtach a dhéanann comhpháirtithe ón réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanach i misin agus oibríochtaí CBSC trí chomhaontuithe rannpháirtíochta creata leis an Astráil, an Nua-Shéalainn, Poblacht na Cóiré agus Vítneam, agus ar an ról feabhsaithe a d’fhéadfadh a bheith aici, agus á iarraidh go dtabharfaí tuilleadh comhaontuithe rannpháirtíochta creata i gcrích le tíortha comhpháirtíochta; ag tacú leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag comhpháirtithe an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh chun a gcumas síochánaíochta féin a fhorbairt;
29. á iarraidh ar AE cuireadh a thabhairt do chomhpháirtithe an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh atá ar aon intinn leis páirt a ghlacadh i dtionscadail roghnaithe an Bhuanchomhair Struchtúrtha, ar choinníoll go bhfuil rannpháirtíocht tríú tíortha eisceachtúil agus cinntithe de réir an cháis ar bhonn tacar comhaontaithe de choinníollacha polaitiúla, substainteacha agus dlíthiúla; á chur i bhfáth go bhféadfadh comhar den sórt sin a bheith chun leas straitéiseach an Aontais, inter alia maidir le saineolas teicniúil nó acmhainneachtaí breise a chur ar fáil agus go bhféadfadh sé idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas a fheabhsú, go háirithe i gcás comhpháirtithe straitéiseacha amhail stáit dhaonlathacha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach;
30. á chur in iúl gur geal léi Teachtaireacht an 14 Bealtaine 2022 ó Airí Eachtracha G7 ina leagtar béim ar a thábhachtaí atá sé réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a chaomhnú a bheidh cuimsitheach agus faoi rialú ag luachanna na mbunsaoirsí, ag an smacht reachta, ag prionsabail dhaonlathacha, ag sláine chríochach agus ag réiteach síochánta, cuimsitheach díospóidí; ag tacú go láidir leis an ngealltanas a thug tíortha G7 chun oibriú i dtreo na sprice sin tríd an ord idirnáisiúnta riailbhunaithe a chosaint agus a chur chun cinn, tríd an nascacht réigiúnach a fheabhsú agus trí athléimneacht náisiúnta a fheabhsú;
Saoirse na n-acmhainní uilechoiteanna domhanda: an bonn bunúsach don chaidreamh idir an tAontas Eorpach agus an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach
Gné na slándála muirí
31. á thabhairt chun suntais go bhfuil an tslándáil mhuirí agus saoirse loingseoireachta, nach mór a áirithiú i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta agus, go háirithe, UNCLOS, i measc na bpríomhdhúshlán sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á iarraidh go ndéanfaidh AE tuilleadh gníomhaíochta seachtraí, go háirithe iarrachtaí taidhleoireachta, chun feabhas a chur ar an smacht reachta amach ón gcósta agus chun comhar muirí le tíortha sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a fheabhsú; á iarraidh ar na stáit uile nach ndearna amhlaidh UNCLOS a dhaingniú go pras; á chur in iúl gur dhíol sásaimh di é dá mbunófaí creataí córasacha agus comhordaithe, lena n-áirítear freachnaimh chomhpháirteacha, cuairteanna ar chalafoirt agus iarrachtaí chun píoráideacht a chomhrac lena ndéanfaí an taidhleoireacht chabhlaigh a chur chun cinn agus lena gcuirfí leis an tslándáil mhuirí réigiúnach;
32. á iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit dlús a chur lena n-acmhainneachtaí muirí féin sa réigiún ar bhealach comhordaithe agus neamhspleách, lena n-áirítear trí bhealaí a fhiosrú chun láithreacht chabhlaigh Eorpach a bheidh buan agus inchreidte a áirithiú san Aigéan Indiach; á chur i bhfáth gur gá cur le hacmhainneacht an Aontais mar sholáthraí éifeachtach slándála muirí, agus á chur i bhfáth gur gá plé agus cinneadh a dhéanamh maidir le rogha de na dúshláin is ábhartha agus is práinní ar féidir aghaidh a thabhairt orthu i ndáiríre le cabhair ón Aontas i ndlúthchomhar le comhpháirtithe sa réigiún, lena n-áirítear a longa agus a chriúnna a chosaint; á thabhairt chun suntais gurb í an Fhrainc an t-aon Bhallstát a bhfuil láithreacht mhíleata bhuan aici san Aigéan Indiach; á chur in iúl gur geal léi gur sheol an Ísiltír agus an Ghearmáin frigéid chuig an réigiún; á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí tabhairt faoi níos mó misean cabhlaigh, lena n-áirítear misin ar leibhéal an Aontais, agus go mbeidh gá leo sa todhchaí, a bheidh leabaithe i gcur chuige comhordaithe agus cuimsitheach maidir leis an tslándáil réigiúnach; á chur in iúl gur geal léi na freachnaimh chomhpháirteacha chabhlaigh a rinne EUNAVFOR Atalanta go dtí seo leis an tSeapáin, le Poblacht na Cóiré, leis an India, le Vítneam, le Óman agus le Djibouti agus á mholadh go gcuirfí feabhas ar chleachtaí comhpháirteacha den sórt sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag EUNAVFOR Atalanta sa taidhleoireacht chabhlaigh; á chur in iúl gur geal léi a rannchuidiú láidir leis an tslándáil réigiúnach san Aigéan Indiach, go háirithe trí shoithí an Chláir Dhomhanda Bia a chosaint go rathúil agus trí shrian a chur leis an bpíoráideacht, agus ag moladh na sineirgí a cruthaíodh le EUCAP Somalia agus le EUTM Somalia; á mholadh freisin an comhar leis an Nua-Shéalainn agus le Cabhlach na Stát Aontaithe, agus an obair a rinneadh i gcomhpháirt leis an Oibríocht um Chosaint an Aigéin de chuid ECAT agus le hOibríocht AGENOR, an ghné mhíleata den tionscnamh Eorpach um Fheasacht ar Staid Mhuirí i gCaolas Hormuz (EMASOH) faoi stiúir na hEorpa; á iarraidh ar na Ballstáit chósta a n-acmhainneachtaí cabhlaigh míleata a fhorbairt d’fhonn feabhas a chur ar láithreacht agus infheictheacht AE san earnáil mhuirí dhomhanda agus á iarraidh ar AE raon feidhme geografach EUNAVFOR Atalanta a leathnú chuig an Aigéan Indiach; á iarraidh ar na Ballstáit a chuir lena láithreacht chabhlaigh cheana féin sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach a gcur chuige a chomhordú i bhfóraim AE; á chur in iúl gur geal léi, i ndáil leis an méid sin, an cinneadh a rinne an Chomhairle Gnóthaí Eachtracha le déanaí cur chun feidhme choincheap na Láithreacha Muirí Comhordaithe a sheoladh san Aigéan Indiach Thiar Thuaidh trí limistéar leasa muirí a bhunú lena gcumhdófar an limistéar muirí ó Chaolas Hormuz go dtí an Trópaic Theas agus ó thuaidh ón Muir Rua i dtreo lár an Aigéin Indiaigh, ag tógáil ar shócmhainní aonair na mBallstát; á iarraidh go mbeidh sineirgí láidre ann le EUNAVFOR Atalanta; á chur in iúl gur geal léi seoladh gasta EUTM Mhósaimbíc;
33. á mheabhrú go bhfuil gá le fís níos leithne i leith na cobhsaíochta muirí ag teastáil chun slándáil mhuirí éifeachtach a áirithiú, agus fadhbanna ar an tír mhór a gcur san áireamh a bhaineann leis an éilliú, leis an smacht reachta, le bunchúiseanna na hiascaireachta neamhdhleathaí, le drugaí neamhdhleathacha, le gáinneáil ar airm agus ar dhaoine agus leis an bpíoráideacht, chomh maith leis an tionchar a bhíonn ag gníomhaíochtaí tráchtála agus tionsclaíocha ar an gcomhshaol, lena n-áirítear eastóscadh breosla iontaise; á iarraidh ar AE aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin i gcomhthráth le bearta slándála muirí níos traidisiúnta;
34. á chur in iúl gur geal léi gníomhaíochtaí comhpháirteacha cabhlaigh agus á iarraidh ar AE agus ar chomhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach cur leis na creataí comhair mhuirí atá ann cheana; á iarraidh ar AE meastóireacht a dhéanamh lena chomhpháirtithe ar an ngá atá le córas faireacháin a bhunú maidir le sáruithe ar an dlí muirí idirnáisiúnta sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag cur béim ar an mbreisluach a bhaineann le páirt a ghlacadh i bhfóraim réigiúnacha comhair, amhail Idirphlé Ardleibhéil AE-ASEAN maidir le Comhar Slándála Muirí, an Cruinniú idir an Áise agus an Eoraip agus Fóram Réigiúnach ASEAN;
35. á iarraidh ar AE a láithreacht mhuirí a chomhlánú le cláir feabhsaithe um fhothú acmhainneachta muirí do chomhpháirtithe atá ar aon intinn leis, lena n-áirítear trí leanúint de thionscadail CRIMARIO I agus II a chur chun feidhme mar chuid de chlár an Aontais maidir le Bealaí Criticiúla Muirí agus trí chomhar a leathnú maidir le gníomhaíochtaí chun feabhas a chur ar fheasacht ar an réimse muirí agus ar chomhroinnt faisnéise; á iarraidh ar AE measúnú a dhéanamh ar an deis raon feidhme geografach CRIMARIO a leathnú chuig an Aigéan Ciúin Theas;
36. á chur i bhfios gur gné ábhartha den timpeallacht mhuirí í an bhainistíocht iascaigh; ag tathant ar AE leanúint de rialachas na n-aigéan sa réigiún agus de bhainistiú inbhuanaithe acmhainní muirí a chur chun cinn, trí chomhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh inbhuanaithe a chur chun feidhme agus trína rannpháirtíocht i mbainistiú iascaigh réigiúnach; á iarraidh ar an Aontas an comhar atá aige le comhpháirtithe idirnáisiúnta atá ar aon intinn leis a neartú chun an ró-iascaireacht, ró-acmhainn agus an iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chomhrac sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach agus bainistiú iascaigh a chur san áireamh go córasach ar chlár oibre an idirphlé slándála muirí lena chomhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag tathant ar an Aontas leanúint d’fheabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre d’iascairí sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach i gcomhréir le rialacháin agus coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS); á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar ghnéithe slándála agus cosanta sa chéad nuashonrú eile ar a theachtaireacht maidir le rialachas idirnáisiúnta na n-aigéan atá beartaithe do 2022;
An ghné a bhaineann leis an teicneolaíocht, an cibearspás, an aer agus an spás
37. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá faisnéis agus cibearshlándáil mar chuid de bhonneagar ríthábhachtach an gheilleagair dhomhanda, agus chun an daonlathas a chosaint ar bhréagaisnéis agus ar ionsaithe mailíseacha; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí AE chun feabhas breise a chur ar an gcomhar maidir leis an gcibearchoireacht agus le fothú acmhainneachta maidir leis an gcibear-athléimneacht do chomhpháirtithe sa réigiún; á iarraidh ar an Aontas agus ar chomhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach feabhas a chur ar an gcomhar sa chomhrac i gcoinne bagairtí hibrideacha, lena n-áirítear feachtais bhréagaisnéise; á thabhairt chun suntais gur gá don Aontas comhordú a dhéanamh le comhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá ar aon intinn leis maidir le sannadh comhchoiteann agus maidir le sásraí atá dírithe ar fhianaise agus ar fhaisnéis a chomhroinnt a bheadh mar bhonn chun cibearsmachtbhannaí a eisiúint; á iarraidh ar an Aontas agus ar ECAT a straitéisí faoi seach a ailíniú arb é is aidhm dóibh freagairtí leormhaithe a sholáthar ar chibearionsaithe de thionscnamh an réigiúin; á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na bréagaisnéise ar bhealach comhchosúil leis an mbréagaisnéis a thagann as taobh thoir an Aontais; á mholadh go mbunófaí mol cumarsáide straitéisí neamhspleách AE don réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach ag a mbeidh foireann agus acmhainní tiomnaithe a bheidh leabaithe i dtoscaireacht AE sa réigiún;
38. á chur in iúl gur geal léi an comhar a seoladh idir an tAontas agus roinnt comhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach maidir leis an gcibearshlándáil agus leis an gcosaint; á iarraidh ar an Aontas dlús a chur le bunú Líonra Cibear-Thaidhleoireachta an Aontais, a bheidh dírithe ar noirm cibearshlándála agus creataí dlíthiúla a chur chun cinn sa réigiún; á iarraidh ar an Aontas agus ar thíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh atá ar aon intinn leis, cibearspás riailbhunaithe, saor, oscailte agus slán a chur chun cinn agus rialáil idirnáisiúnta an chibearspáis a neartú, inter alia trí Choinbhinsiún Bhúdaipeist, agus tionscnaimh a chur chun cinn faoi chuimsiú na Náisiún Aontaithe;
39. ag tathant ar AE comhpháirtíochtaí réigiúnacha agus domhanda a fhorbairt le táirgeoirí daonlathacha réigiúnacha na dteicneolaíochtaí criticiúla arb é is aidhm dóibh oibriú i dtreo comhghuaillíocht dhomhanda daonlathas teicneolaíochta chun noirm agus caighdeáin atá cothrom, oscailte agus faoi thionchar luachanna a bhunú maidir le húsáid a bhaint as teicneolaíochtaí ar bhealach riailbhunaithe, eiticiúil agus dírithe ar an duine, lena n-urramaítear príobháideacht úsáideoirí aonair, go háirithe maidir leis an intleacht shaorga agus rialachas an idirlín; á iarraidh go mbeidh dlúthchomhar agus comhordú idir an tAontas agus tíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh maidir le freagairt a thabhairt ar shlabhraí soláthair domhanda agus maolú a dhéanamh ar an mbrú a d’fhéadfadh a bheith orthu mar thoradh ar smachtbhannaí idirnáisiúnta i gcoinne cuideachtaí agus earnálacha eacnamaíocha na Rúise; á iarraidh go neartófar comhar le comhpháirtithe daonlathacha ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach chun noirm dhomhanda a fhorbairt maidir le húsáid mhíleata na hintleachta saorga agus cosc domhanda ar chórais arm atá go hiomlán uathrialach; á iarraidh go mbeidh cur chuige straitéiseach comhordaithe uile-Eorpach ann i leith an réigiúin d’fhonn soláthairtí teicneolaíochta criticiúla agus ábhar criticiúil a áirithiú agus d’fhonn cumas na gcomhpháirtithe daonlathacha iad a tháirgeadh a neartú; á iarraidh go mbeidh ceanglais dhiana ann, idir cheanglais pholaitiúla agus theicniúla, maidir le teicneolaíochtaí den sórt sin a cheannach ó stáit neamhdhaonlathacha sa réigiún, amhail an tSín;
40. á iarraidh go mbeidh rochtain chomhionann gan bhac ar an aerspás bunaithe ar urraim iomlán don dlí idirnáisiúnta; ag tacú leis an tiomantas don tsaorghluaiseacht oscailte agus saor trí thionscnaimh amhail an Comhaontú Cuimsitheach Aeriompair idir an tAontas agus ASEAN;
41. ag cur béim ar an tábhacht mhéadaitheach a bhaineann leis an ngné spáis den chomhar idirnáisiúnta agus den tslándáil idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis imní di an méadú atá tagtha ar fhorbairt agus ar leathadh na n-arm spáis, rud a mhéadaíonn an baol a bhaineann le rás arm; á chur i bhfios go láidir gur gá feabhas a chur ar an gcomhar réigiúnach agus domhanda agus ar an idirphlé maidir le cúrsaí spáis, lena n-áirítear trí Oifig na Náisiún Aontaithe um Ghnóthaí sa Chianspás, mar bhealach chun an teannas a laghdú agus chun cosc a chur ar armáil an spáis; á iarraidh ar AE cur leis an gcomhar rathúil i ndáil leis an mbeartas spáis agus leis an teicneolaíocht spáis le Poblacht na Cóiré agus leis an tSeapáin agus comhar maidir le scileanna agus teicneolaíocht spáis a sheoladh le comhpháirtithe réigiúnacha eile;
Dúshláin slándála neamhthraidisiúnta
42. á thabhairt chun suntais go bhfuil an comhrac i gcoinne an antoisceachais fhoréignigh agus na bolscaireachta chun leasa an Aontais agus thíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh, agus don chomhphobal idirnáisiúnta chomh maith; á iarraidh ar AE tionscadal a bhunú chun an t-Antoisceachas Foréigneach a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear gníomhaíochtaí atá dírithe ar athléimneacht i gcoinne antoisceachas foréigneach a neartú, amhail ardán aontaithe chun cur i gcoinne an antoisceachais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á iarraidh ar an Aontas agus ar chomhpháirtithe ón réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá ar aon intinn leis an comhar idir seirbhísí faisnéise frithsceimhlitheoireachta a neartú, lena n-áirítear trí mhalartuithe acadúla a threisiú; ag cur béim ar an ngá atá ann comhar idir Europol agus Aseanopol a chur chun cinn tuilleadh, agus idir Europol agus gníomhaireachtaí náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí chomh maith, chun malartú dea-chleachtas agus saineolais a éascú i bpríomhréimsí leasa, amhail an fhrithsceimhlitheoireacht, an choireacht thrasnáisiúnta a chomhrac, gáinneáil ar dhaoine agus ar airm aindleathacha agus smuigleáil imirceach; á mheabhrú gur dúshlán i gcónaí í an gháinneáil ar dhaoine ar fud an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh; á iarraidh ar AE tacú le comhpháirtithe réigiúnacha maidir le Prótacal Gáinneála na Náisiún Aontaithe agus tionscnaimh réigiúnacha a chur chun feidhme amhail Coinbhinsiún ASEAN i gcoinne na Gáinneála ar Dhaoine, go háirithe Mná agus Leanaí;
43. á iarraidh go mbeidh ról níos láidre ag tíortha an réigiúin Ind-Chiúin-Aigéanaigh maidir le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin slándála a eascraíonn as an Afganastáin tar éis ghabháil cumhachta an Talaban, lena n-áirítear an sceimhlitheoireacht agus an gháinneáil ar dhrugaí agus ar dhaoine, agus maidir le dul i ngleic leis an ngéarchéim dhaonnúil agus leis na bagairtí do shlándáil an duine;
44. á thabhairt chun suntais go bhfuil an riosca a bhaineann le leathadh arm núicléach agus le méadú agus athlonnú mear na n-acmhainneachtaí nua núicléacha atá chun cinn ó thaobh na teicneolaíochta de agus na teicneolaíochta diúracáin fós ina chúis mhór imní don tslándáil réigiúnach agus domhanda sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á chur in iúl gur cúis mhór imní di an creimeadh leanúnach ar ollstruchtúr na dí-armála agus an rialaithe arm; ag tathant ar AE agus ar thíortha comhpháirtíochta atá ar aon intinn leis feabhas a chur ar an gcomhar maidir le sábháilteacht núicléach agus le neamhleathadh arm núicléach, ceimiceach agus bitheolaíoch agus tacú le cur chun feidhme agus uiliú an Chonartha Trádála Arm sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; á iarraidh ar AE comhordú a dhéanamh le comhpháirtithe atá ar aon intinn leis chun dul i mbun dian-thaidhleoireachta leis an tSín, agus nuachóiriú leanúnach a armlann núicléach, lena n-áirítear diúracáin hipirshonacha núicléacha, á chur san áireamh, d’fhonn teacht ar chóras rialaithe arm uilechoiteann, agus ollstruchtúr dí-armála agus neamhleata éifeachtach a bhaint amach, go háirithe maidir le comharba a d’fhéadfadh a bheith ann ar Chonradh um Fhórsaí Núicléacha le Meánraon agus ar an gConradh Nua um Laghdú Arm Straitéiseach, a rachaidh in éag in 2026, chun AE agus leasanna slándála idirnáisiúnta a chosaint; á iarraidh go gcoinneofar agus go seasfaí leis na conarthaí agus na hionstraimí idirnáisiúnta maidir le dí-armáil agus neamhleathadh; á iarraidh ar na stáit lasmuigh de chreat an Chonartha maidir le Neamhleathadh Arm Núicléach atá i seilbh arm núicléach staonadh ó leathadh aon teicneolaíochta núicléiche a bhaineann le cúrsaí míleata agus a bheith ina bpáirtithe sa Chonradh; ag moladh thionscnamh AE maidir le hIonaid Barr Feabhais a bhaineann le cosaint cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach (CBRN), arna mhaoiniú faoin Ionstraim maidir leis an gComharsanacht, an Fhorbairt agus an Comhar Idirnáisiúnta, agus á iarraidh ar an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí leanúint d’oiliúint agus d’fhothú acmhainneachta ár gcomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach; ag tacú leis an gConradh maidir le Limistéar na hÁise Thoir Theas Saor ó Airm Núicléacha (SEANWFZ), mar réigiún atá saor ó airm núicléacha agus airm ollscriosta eile, agus go háirithe an aidhm chun dí-armáil núicléach a chur chun cinn;
45. á mheabhrú go bhfuil an réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach neamhchosanta go mór ar an athrú aeráide, lena mbaineann rioscaí tromchúiseacha slándála; ag spreagadh chomhpháirtithe an Aontais sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach dlús a chur lena gcuid gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na spriocanna a leagtar síos i gComhaontú Pháras agus ag spreagadh an Aontais tacú leis na comhpháirtithe sin astaíochtaí níos ísle a bhaint amach agus bearta maolaithe don athrú aeráide a chur chun feidhme, agus a n-acmhainneachtaí a mhéadú maidir le rioscaí slándála aeráide a mheas, a réamh-mheas agus a bhainistiú; á iarraidh ar an Aontas tús áite a thabhairt do na rioscaí slándála a bhaineann leis an aeráid ar chlár oibre straitéis an Aontais maidir le comhar sa réigiún Ind-Chiúin-Aigeánach agus Treochlár Cosanta agus Aeráide an Aontais a chur chun feidhme go hiomlán agus é rannpháirteach sa réigiún;
46. á chur in iúl gur geal léi plean AE a rannpháirtíocht leis an réigiún Ind-Chiúin-Aigeánach a atreisiú maidir le cúnamh daonnúil agus acmhainneachtaí fóirithinte tubaistí; á iarraidh ar AE agus ar a chomhpháirtithe sa réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach tús áite a thabhairt do chosc agus d’athléimneacht tubaistí agus dlús a chur le cur chun feidhme Chreat Sendai 2015-2030 um Laghdú Rioscaí Tubaistí;
o o o
47. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ard-Ionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.