Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2021/2079(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0144/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0144/2022

Díospóireachtaí :

PV 06/06/2022 - 18
CRE 06/06/2022 - 18

Vótaí :

PV 07/06/2022 - 4.6
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0225

Téacsanna atá glactha
PDF 184kWORD 66k
Dé Máirt, 7 Meitheamh 2022 - Strasbourg
Oileáin AE agus beartas comhtháthaithe
P9_TA(2022)0225A9-0144/2022

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 7 Meitheamh 2022 maidir le hoileáin an Aontais agus beartas comhtháthaithe: an staid reatha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo (2021/2079(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint d’Airteagail 174, 175 agus 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe(1),

–  ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir(2),

–  ag féachaint do Dhearbhú Deiridh an 40ú Comhthionól Ginearálta Bliantúil de chuid Choimisiún na nOileán de Chomhdháil Réigiúin Mhuirí Fhorimeallacha na hEorpa an 15 Aibreán 2021,

–  ag féachaint don 7ú Clár Gníomhaíochta don Chomhshaol (CGC) agus do na coincheapa a leagtar amach ann,

–  ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 16 Deireadh Fómhair 2020 maidir le straitéis bhithéagsúlachta an Aontais Eorpaigh go dtí 2030,

–  ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Choiste um Fhorbairt Réigiúnach dar teideal ‘Islands of the European Union: State of play and future challenges’ [Oileáin an Aontais Eorpaigh: Staid na himeartha agus na dúshláin a bheidh ann amach anseo], a foilsíodh i mí an Mhárta 2021,

–  ag féachaint don staidéar a rinneadh dá Choiste um Fhorbairt Réigiúnach dar teideal ‘Cohesion Policy and Climate Change’ [Beartas Comhtháthaithe agus Athrú Aeráide], a foilsíodh i mí an Mhárta 2021,

–  ag féachaint d’Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh Next Generation EU,

–  ag féachaint don dearbhú deiridh ón 26ú Comhdháil d’Uachtaráin na Réigiún is Forimeallaí, a síníodh in Ponta Delgada an 18 Samhain 2021,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 10 Nollaig 2020 maidir leis an tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach i ndáil le cur chun feidhme na comhpháirtíochta straitéisí athnuaite leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas(3),

–  ag féachaint do chomhaontú ón gComhairle an 7 Nollaig 2021 maidir le cur chuige ginearálta chun rialacha an Aontais maidir le rátaí cánach breisluacha (CBL) a nuashonrú,

–  ag féachaint do rún uaithi an 18 Bealtaine 2021 maidir leis an athbhreithniú ar Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh(4),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2018 maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú san Aontas Eorpach: an 7ú tuarascáil ón gCoimisiún Eorpach(5),

–  ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac(6),

–  ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(7),

–  ag féachaint do rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2021 dar teideal ‘Towards a stronger partnership with the EU outermost regions’ [I dtreo comhpháirtíochta níos láidre leis na réigiúin is forimeallaí san Aontas](8),

–  ag féachaint do rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil(9),

–  ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le húsáid inbhuanaithe acmhainní nádúrtha laistigh de chomhthéacs oileánach na Meánmhara,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0144/2022),

A.  de bhrí go bhfuil daonra measta de bhreis agus 20 000 000 ag réigiúin oileánacha AE (4.6 % de dhaonra iomlán AE); de bhrí go bhfuil daonra oileánach AE scaipthe thar tuairim is 2 400 oileán a bhaineann le 13 Bhallstát;

B.  de bhrí go bhfuil oileáin AE a bhfuil líon suntasach fadhbanna struchtúracha acu aicmithe den chuid is mó cheana féin mar réigiúin d'aicmiú comhchoiteann na n-aonad críche maidir le staidreamh (NUTS) 2 nó NUTS 3;

C.  de bhrí gur minic a bhíonn oileáin ag fulaingt ó mheascán de mhíbhuntáistí nádúrtha iolracha agus buana amhail méid beag, don chuid is mó dlús íseal daonra, dúshláin dhéimeagrafacha amhail brú déimeagrafach séasúrach, margaí beaga, oileánachas dúbailte (oileánda agus oileánra), topagrafaíocht dheacair atá an-chosúil le topagrafaíocht réigiún sléibhtiúil, spleáchas ar mhuiriompar agus ar aeriompar agus spleáchas ar líon beag táirgí;

D.  de bhrí nach bhfuil tionchar aonfhoirmeach ag an athrú déimeagrafach ar gach tír agus ar gach réigiún, ach go bhfuil tionchar níos mó aige ar réigiúin atá tite ar gcúl cheana féin, rud a chuireann leis an neamhionannas críochach agus sóisialta atá ann cheana; de bhrí gurb iad na réigiúin thuaithe, imeallacha agus na réigiúin is forimeallaí, lena n-áirítear oileáin, is mó atá thíos le dídhaonrú, le daoine óga agus mná den chuid is mó ag fágáil na gceantar sin, rud a fhágann go bhfuil sciar na ndaoine scothaosta atá ina gcónaí iontu ag dul i méid, rud a d’fhéadfadh baol an leithlisithe shóisialta a mhéadú;

E.  de bhrí go n-aithnítear saintréithe sonracha na n-oileán le hAirteagal 174 CFAE, agus de bhrí go bhfuil cur i bhfeidhm nithiúil an Airteagail seo, i dtaca go sonrach le críocha oileánacha AE, fós in easnamh; de bhrí gur cheart na saintréithe sin a chur san áireamh i mbeartais AE, go háirithe trí straitéis thiomnaithe, plean gníomhaíochta Eorpach agus clár oibre beartais oileánaigh a tharraingt suas ina mbeidh tosaíochtaí gníomhaíochta atá sainithe go soiléir;

F.  de bhrí nach bhfuil na réigiúin oileánacha go léir chomh forbartha céanna i gcomparáid le réigiúin mhórthír a mBallstát agus go bhfuil OTI per capita níos ísle acu;

G.  de bhrí gur oileáin iad trí Bhallstát den AE;

H.  de bhrí go gcruthaíonn dícheangal fisiceach na n-oileán agus a n-iargúltacht ón mórthír srianta breise, lena n-áirítear don mhargadh saothair, naisc agus soghluaisteacht inbhuanaithe iompair, allmhairiú amhábhar agus táirgí tomhaltais, rochtain do tháirgí oileánda chuig margaí seachtracha comharsanachta, oideachas, cúram sláinte, gnó, rochtain ar uisce agus sláintíocht, soláthar fuinnimh agus saoráidí bainistithe dramhaíola; de bhrí go bhfágann an dícheangal geografach sin go bhfuil aistriú glas na gcríoch sin, i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, i bhfad níos deacra;

I.  de bhrí go bhfuil rochtain chomhionann ar bhearta oiliúna, uas-scilithe agus athscilithe cáilíochta agus cuimsitheacha, chomh maith le faisnéis maidir le hacmhainní scileanna, comhairleoireacht, oideachas agus gairmoiliúint do gach duine, lena n-áirítear do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus iargúlta agus oileáin faoi líon fíorbheag daoine agus atá dídhaonraithe, ríthábhachtach don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht;

J.  de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 349 CFAE, i gcás na réigiún is forimeallaí, atá ina dtromlach mór ar oileáin, nach mór do AE bearta sonracha a ghlacadh atá dírithe ar choinníollacha a leagan síos maidir le cur i bhfeidhm chomhbheartais AE maidir leis na réigiúin sin, go háirithe i réimsí amhail beartais chustaim agus trádála, beartas fioscach, saorlimistéir, beartais talmhaíochta agus iascaigh, coinníollacha maidir le soláthar amhábhar agus earraí tomhaltais riachtanacha, Státchabhair agus coinníollacha rochtana ar chistí struchtúracha agus ar chláir chothrománacha de chuid an Aontais; de bhrí go rannchuidíonn bearta sonracha sna réimsí sin go léir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach san AE a neartú;

K.  de bhrí gur minic nach raibh cúram sláinte bunúsach, cóiríocht chuibhiúil, trealamh cosanta pearsanta agus faisnéis leordhóthanach ar fáil le linn phaindéim COVID-19 d’oibrithe séasúracha agus d’oibrithe ar postú; de bhrí gur minic nach raibh acu ach rochtain neamhleor nó nach raibh rochtain acu ar chor ar bith ar scéimeanna cosanta sóisialta sna Ballstáit óstacha, lena n-áirítear pá breoiteachta agus scéimeanna dífhostaíochta ghearrthéarmacha; de bhrí go bhfuil soghluaisteacht oibrithe ag brath go mór ar mhodhanna iompair atá ar fáil, agus go ndéantar difear ar leith d’oibrithe ó oileáin agus ó na réigiúin is forimeallaí den Aontas;

L.  de bhrí gur ábhar imní ar leith iad iarmhairtí fadtéarmacha sóisialta, eacnamaíocha, comhshaoil agus cultúrtha ghéarchéim COVID-19 ar chríocha oileánacha an Aontais, agus de bhrí nach mór na hoileáin a áireamh i dtéarnamh na hEorpa agus nár cheart go gcruthófaí tuilleadh éagothromaíochtaí réigiúnacha; de bhrí gur léirigh géarchéim COVID-19 go bhfuil geilleagair na n-oileán an-leochaileach i leith imeachtaí den sórt sin;

M.  de bhrí go bhfuil rátaí dífhostaíochta arda na n-oileán go minic, ar gnách leo a bheith níos airde ná ar an mórthír, níos measa go mór mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, rud a chuireann isteach ar dhaoine óga go háirithe;

N.  de bhrí go bhfuil oileáin agus na réigiúin is forimeallaí ar líne tosaigh an athraithe aeráide, faoi thionchar leibhéil na farraige atá ag ardú agus creimeadh cósta agus téamh agus aigéadú na bhfarraigí agus na n-aigéan agus minicíocht mhéadaithe agus foréigean méadaithe tubaistí nádúrtha amhail cioclóin, brúchtaí bolcánacha, dóiteáin agus stoirmeacha foraoise, tuilte, triomach agus na fadhbanna a bhaineann le fairsingiú fásaigh, ar féidir leo tionchar diúltach a bheith acu ar thalmhaíocht agus ar sholáthar bia agus a d’fhéadfadh cineálacha éagsúla damáiste eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a dhéanamh; de bhrí gur féidir leo a bheith mar bhealaí den scoth chun réimse próiseas aistrithe éiceolaíochta a thástáil agus go bhfuil go leor acu ag iarraidh neamhspleáchas fuinnimh a bhaint amach bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite;

O.  de bhrí go bhfuil go leor sócmhainní ag na hoileáin ar cheart a n-acmhainneacht a bhaint amach ar bhealach níos fearr;

P.  de bhrí go bhfuil bithéagsúlacht agus éiceachórais thar a bheith saibhir ag na hoileáin; de bhrí go bhfuil éiceachórais na n-oileán faoi bhagairt ar leith ag tionchar an athraithe aeráide agus gur cheart iad a chosaint;

Q.  de bhrí, ar go leor oileán, go bhfuil ceantair intíre chun deiridh ar réigiúin chósta ó thaobh forbairt eacnamaíoch agus inrochtaineacht seirbhísí de;

R.  de bhrí go gcuirtear bac ar ghabháltais talmhaíochta ar oileáin, den chuid is mó díobh, mar gheall ar a suíomh iargúlta, a n-oileánachas agus a ndálaí comhshaoil, a spleáchas ar fhuinneamh ón mórthír, éagsúlacht theoranta sa táirgeacht i ngeall ar dhálaí áitiúla agus aeráide agus spleáchas ard ar mhargaí áitiúla, chomh maith leis an ngéarchéim aeráide, díghrádú an chomhshaoil, cailliúint na bithéagsúlachta agus easpa bonneagar bunúsach amhail bóithre, soláthar uisce, bainistiú dramhaíola, bonneagar digiteach agus sláinte; de bhrí gur minic a dhéantar na deacrachtaí struchtúracha sin níos measa fós mar gheall ar easpa seirbhísí lánfhorbartha leasa ghinearálta;

S.  de bhrí go bhfuil oileáin, go háirithe na réigiúin is forimeallaí, an-leochaileach do ghéarchéimeanna socheacnamaíocha chomh maith le tubaistí nádúrtha amhail teagmhais adhaimsire agus gníomhaíocht bholcánach; de bhrí, mar gheall ar a leithlisiú geografach agus na deacrachtaí atá acu rochtain a fháil ar sholáthairtí bunúsacha ó chríocha mórthír, amhail breosla nó uisce, go bhfuil tionchar níos tromchúisí ag feiniméin amhail paindéim COVID-19 ar oileáin, rud a chruthaíonn deacrachtaí ar leith d’fheirmeoirí; de bhrí gurb ionann críocha oileánacha san Aontas agus 80 % de bhithéagsúlacht na hEorpa, go gcuanann siad go leor de speicis eindéimeacha na hEorpa agus go bhféadfadh siad gníomhú mar dhídean do speicis atá atá i mbaol díothaithe, agus gurb ionann iad freisin agus láithreacha geimhridh ríthábhachtacha, stadanna nó scrogaill d’éin imirceacha, mamaigh agus inveirteabraigh chomh maith le seoda tírdhreacha agus comhshaoil a bhfuil cosaint shonrach ag teastáil ina leith;

T.  de bhrí go bhfuil cuid shuntasach d’fhorbairt shocheacnamaíoch na n-oileán bunaithe ar earnálacha atá thar a bheith séasúrach, mar is amhlaidh i gcás na talmhaíochta agus na turasóireachta; de bhrí go bhfuil feirmeoirí i réigiúin oileánacha ag fulaingt go háirithe mar gheall ar iomaíochas laghdaithe toisc go gcaithfidh siad costais arda iompair a sheasamh agus nach féidir leo tairbhe a bhaint as barainneachtaí scála, ós rud é gur acmhainn gann é talamh ar go leor oileán; de bhrí go mbeidh ar oileáin AE an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ a chomhlíonadh mar chuid riachtanach den Chomhaontú Glas don Eoraip chun córais soláthair bia atá cothrom, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a fhorbairt; de bhrí go bhféadfadh na réigiúin sin a bheith faoi mhíbhuntáiste tromchúiseach mar gheall ar iomaíocht ó thíortha neamh-AE, nach n-urramaíonn na caighdeáin táirgthe chomhshaoil agus sábháilteachta bia céanna go minic agus a bhfuil costais saothair i bhfad níos ísle acu;

U.  de bhrí go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha a bheith ag tionchar na straitéise ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ ar tháirgeadh talmhaíochta AE sna réigiúin sin mar gheall ar a n-iomaíochas lag vis-à-vis allmhairí ón gcoigríoch agus na dúshláin atá rompu maidir lena dtáirgeadh a éagsúlú;

V.  de bhrí go bhfuil bithéagsúlacht mhuirí agus talún na n-oileán eindéimeach den chuid is mó, agus dá bhrí sin go bhfuil sí níos leochailí; de bhrí gur féidir le truailliú muirí agus cósta, chomh maith le ró-iascaireacht agus iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte, a bhfuil tionchar méadaithe aige ar chomhshaol na n-oileán agus iarmhairtí an-tromchúiseach aige ar fhostaíocht, ar earnáil an iascaigh ar mhionscála agus ar phobail áitiúla, a bheith ina n-ábhar imní ar na hoileáin;

W.  de bhrí go bhfuil sé d’acmhainn ag na réigiúin agus na hoileáin is forimeallaí cuidiú le todhchaí inbhuanaithe a áirithiú don Eoraip in earnálacha straitéiseacha amhail fuinneamh glan, bithéagsúlacht agus éiceathurasóireacht;

Saintréithe agus gnéithe sonracha oileáin an Aontais Eorpaigh

1.  á aithint gur bac struchtúrach buan í an oileánachas; á thabhairt dá haire gurb é sin an fáth go bhfuil gá straitéisí le haghaidh lánpháirtíochta a fhorbairt chun cur ar chumas na n-oileán aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus na bacainní is cúis leis an oileánacht a shárú;

2.  á mheabhrú go sonraítear in Airteagal 174 CFAE nach mór don Aontas aird ar leith a thabhairt ar oileáin Eorpacha;

3.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil gnéithe geografacha éagsúla agus socruithe institiúideacha éagsúla ag oileáin Eorpacha, cé go bhfuil dúshláin choiteanna rompu, rud a chiallaíonn go bhfuil sé ríthábhachtach réitigh sholúbtha a ghlacadh lena gcuirtear na sainiúlachtaí sin san áireamh;

4.  á chur in iúl gur oth léi easpa físe AE d’oileáin Eorpacha agus á iarraidh go bhforbrófar fís oileánach Eorpach agus go mbainfí leas as láidreachtaí na n-oileán;

5.  á chur i bhfios go n-aithnítear freisin in Airteagal 349 CFAE an oileánachas i measc na gcoinníollacha lena gcuirtear srian le forbairt na naoi réigiún is forimeallaí agus go luann sé an oileánachas mar cheann de na coinníollacha a chuireann lena staid shóisialta agus eacnamaíoch atá leochaileach ó thaobh struchtúir de; á mheabhrú go bhforáiltear le hAirteagal 349 CFAE do bhearta sonracha do na réigiúin sin is forimeallaí; á iarraidh go mbeadh rialachán sonrach ann do na réigiúin is forimeallaí maidir le comheagrú na margaí ionas gur féidir imthosca áirithe comhshaoil, geografacha agus sóisialta na gcríoch sin a thagann faoi Airteagal 349 CFAE a chur san áireamh;

6.  á chur i bhfáth go bhfuil OTI agus leibhéal forbartha na n-oileán Eorpach tite ar gcúl ar mheán AE agus na dtíortha lena mbaineann siad;

7.  á chur i bhfáth gur b'iad na coinníollacha geomhoirfeolaíocha agus nádúrtha ceann de na míbhuntáistí móra ar na hoileáin; á thabhairt dá haire go ginearálta go mbíonn bac nádúrtha dúbailte nó triarach ag oileáin, i.e. oileánachas, tír-raon sléibhtiúil agus go bhfuil siad mar chuid d’oileánra;

8.  á mheabhrú go gcruthaíonn oileánachas fadhbanna struchtúracha maidir le spleáchas ar mhuiriompar agus ar aeriompar, ar seirbhís phoiblí í ar a bhfuil saol laethúil shaoránaigh na hEorpa atá ina gcónaí ar oileáin ag brath, agus costais bhreise ar allmhairiú agus onnmhairiú earraí, amhábhar, lena n-áirítear tráchtearraí fuinnimh, agus táirgí tomhaltais chomh maith le hiompar paisinéirí;

9.  á chur i bhfáth, i gcás oileánraí, go ndéantar na deacrachtaí sin ó thaobh oileánachas a iolrú faoi dhó nó faoi thrí uaireanta;

10.  ag tabhairt chun suntais easnaimh na n-oileán ó thaobh daonra, amhábhar agus acmhainní de gach cineál, agus ag tabhairt dá haire gur saincheist lárnach i saol na ndaoine agus d’fhorbairt na talmhaíochta, táirgeadh fuinnimh, inbhuanaitheacht an oileáin agus a chumas iompair turasóireachta é i gcás go leor oileán rochtain ar uisce óil agus ar shláintíocht, go háirithe do gach teaghlach;

11.  á chur i bhfáth go gciallaíonn leithlisiú mar gheall ar oileánachas spleáchas ar mhargaí na mórthíre agus na limistéar ilchríochach agus go méadaíonn sé costas seirbhísí áirithe amhail bainistiú dramhaíola, chomh maith le costas earraí áirithe, go háirithe i gcás oileáin bheaga nó iargúlta atá ag brath go mór ar allmhairí;

12.  á chur i bhfáth go bhfuil geilleagair na n-oileán dírithe ar na hearnálacha príomhúla agus treasacha agus go lagaíonn an hipearspeisialtóireacht an creatlach eacnamaíoch trína bheith níos leochailí ó thaobh moillithe agus géarchéimeanna eacnamaíocha de; á chur in iúl gur cúis bhuartha di forbairtí fadtéarmacha ar féidir leo i roinnt mhaith oileán AE geilleagar a chruthú atá bunaithe ar an turasóireacht amháin, as a n-eascraíonn leochaileachtaí séasúracha amhail difríochtaí in acmhainní airgeadais idir na séasúir turasóireachta arda agus ísle; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, go bhfuil gá geilleagar na n-oileán a éagsúlú trína n-earnálacha tánaisteacha a neartú chun cothromaíocht mhaith agus margadh saothair éagsúil a bhaint amach;

13.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, éifeachtaí leanúnacha agus fadtéarmacha ghéarchéim phaindéim COVID-19, atá ag cur staid oileáin AE, atá an-fhorbhásach cheana féin in go leor ceantar, in olcas; á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di go bhfuil meath na meabhairshláinte ina ghné shuntasach don éiginnteacht, mar gheall ar leithlisiú agus roghanna srianta na gceantar oileánach;

14.  á chur i bhfáth go bhfuil iarmhairtí ghéarchéim COVID-19 níos measa fós ar go leor oileán agus sna réigiúin is forimeallaí ná mar atá ar an mórthír, mar a léirítear i bpraghsanna lastais mhuirí atá ag dul i méid, agus go bhfuil siad ag cur leis na deacrachtaí struchtúracha sóisialta agus eacnamaíocha atá ina saintréithe de na réigiúin sin; ag tabhairt dá haire nach ndéanfaidh méaduithe ar phraghsanna atá ann faoi láthair ach na deacrachtaí sin a threisiú;

15.  á mheabhrú do na Ballstáit gur cheart go bhféachfadh an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta le héagsúlachtaí san fhorbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach idir na hoileáin agus na réigiúin is forimeallaí agus na réigiúin is forbartha a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún a chur in iúl ar comhlíonadh an fhoráil sin sna pleananna téarnaimh náisiúnta agus a thuarascáil athbhreithnithe á cur faoi bhráid na Parlaiminte;

Saincheisteanna agus dúshláin d’oileáin na hEorpa

An t-athrú aeráide agus an bhithéagsúlacht

16.  á chur i bhfáth go bhfuil tréithe uathúla bithgheografacha, fíliginiteacha agus feidhmiúla mar shaintréith ag an mbithéagsúlacht ar oileáin, go bhfuil méid suntasach de bhithéagsúlacht an domhain le fáil ar oileáin agus go bhfuil pobail phórúcháin mhóra de speicis thábhachtacha á n-óstáil acu, ach go bhfuil cailliúint dhíréireach bithéagsúlachta orthu freisin; á chur i bhfáth go bhfuil gá le beartais agus gníomhaíochtaí réigiúnacha spriocdhírithe amhail cúnamh teicniúil níos comhordaithe chun bithéagsúlacht uathúil na n-oileán a chosaint agus a athbhunú chomh maith leis na hacmhainní nádúrtha ganna atá orthu a chaomhnú, amhail ithir agus uisce, chun a dtáirgiúlacht talmhaíochta a chosaint, go háirithe i gcás táirgí traidisiúnta inbhuanaithe, agus slite beatha a áirithiú agus, ag an am céanna, cuidiú le cuspóir an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a neartú d’fheirmeoirí atá ag gabháil do chleachtais atá neamhdhíobhálach don bhithéagsúlacht, lena n-áirítear trí rátaí cistiúcháin agus cómhaoinithe níos airde;

17.  á chur i bhfáth go bhfuil timpeallacht leochaileach agus bithéagsúlacht eindéimeach mhuirí agus talún ag go leor oileán, agus go bhfuil forbairt na turasóireachta, go háirithe ar oileáin áirithe sa Mheánmhuir, ag cur tuilleadh leis an mbrú antrapaigineach ar an mbithéagsúlacht;

18.  á iarraidh go mbeadh beartais agus gníomhaíocht réigiúnach spriocdhírithe, inbhuanaithe agus éifeachtúil ann do na hoileáin lena ndírítear ar neartú a dhéanamh ar a gcumas a mbithéagsúlacht uathúil a chosaint agus a athbhunú, geilleagar gorm a chur chun cinn atá dírithe ar an turasóireacht agus ar an iascach inbhuanaithe, agus tacú le taighde ar ghrinneall na farraige; ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar an athraithe aeráide ar oileáin;

19.  á mheabhrú go bhfuil oileáin ar líne tosaigh an athraithe aeráide, go háirithe le leibhéil farraige atá ag ardú agus le téamh agus aigéadú na bhfarraigí agus na n-aigéan, tionchar méadaitheach an fhairsingithe fásaigh agus iomadú tubaistí nádúrtha;

20.  ag iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar an ngá atá le Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh a fheabhsú agus é a chur in oiriúint do réaltachtaí agus bagairtí nua amhail tubaistí nádúrtha nó éifeachtaí an athraithe aeráide, chun déileáil ar bhealach níos réadúla le hiarmhairtí na bhfeiniméan sin;

21.  ag iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt go pras ar an tábhacht a bhaineann leis na sásraí éigeandála atá ann cheana a oiriúnú chun dul i ngleic le tubaistí nádúrtha atá ag éirí níos tromchúisí amhail brúchtadh an bholcáin ar oileán La Palma (an Spáinn), dúshlán sóisialta agus eacnamaíoch nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo a éilíonn freagairt chomhréireach ar an damáiste a rinneadh;

22.  ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na rioscaí a bhaineann le ró-iascaireacht agus le truailliú muirí agus cósta; á iarraidh, i gcomhthéacs Chomhaontú Pháras agus an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, lena n-áirítear an Dlí Aeráide, go dtabharfaí tacaíocht shonrach d’oileáin, ós rud é go bhfuil sé sin bunriachtanach chun iad a dhéanamh inoiriúnaithe, athléimneach agus fadbhreathnaitheach go hiomchuí chun an t-athrú aeráide a chomhrac agus oiriúnú dó; á iarraidh go n-imscarfar ionstraimí chun drochthionchar sóisialta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ar oileáin an AE a chúiteamh;

23.  á iarraidh go ndéanfaí anailís ar straitéisí maidir le rioscaí tubaiste nádúrtha a chosc, ar bhearta oiriúnaithe don athrú aeráide agus ar bheartais réigiúnacha chun iomadú tithíochta agus bonneagair ar thuilemhánna cósta nó i limistéir ina bhfuil baol ann go dtarlóidh sciorradh talún a sheachaint;

Rochtain ar uisce agus bainistiú uisce

24.  á mheas gur féidir le hoileáin a bheith ina saotharlann iontach do chleachtais inbhuanaitheachta in earnálacha amhail fuinneamh glan, an geilleagar ciorclach, soghluaisteacht chliste, bainistiú dramhaíola agus an geilleagar gorm; measann sé go bhfuil sé riachtanach go háirithe slabhraí dáileacháin a ghiorrú chun astaíochtaí ó iompar amhábhar a laghdú agus chun an geilleagar ciorclach a chur chun cinn, toisc go bhfuil sé seo thar a bheith tábhachtach chun oileáin a dhéanamh níos iomaíche agus féinchothabhálach;

25.  á chur i bhfáth go bhfuil staid fhorbhásach beagnach gach oileáin ag éirí níos measa i dtéarmaí a sócmhainní comhshaoil, go háirithe acmhainní uisce; ag iarraidh, sa chomhthéacs sin, ar an gCoimisiún cistiú breise a shlógadh chun tacaíocht níos fearr a chur ar fáil do réigiúin oileánacha maidir le rochtain ar uisce agus bainistiú uisce agus comhbheartas bainistithe uisce a ghlacadh do na hoileáin;

26.  á chur i bhfáth gur gá íonú uisce a chur chun cinn, go háirithe fuíolluisce, agus timthriall inbhuanaithe uisce a ráthú; á mheabhrú gur minic a bhíonn an díshalannú costasach agus nach bealach éifeachtach é chun soláthar uisce iomlán oileáin a chur ar fáil; ag meabhrú freisin na dúshláin a bhaineann le bainistiú dramhaíola ar chríocha oileánacha a bhfuil acmhainní teoranta acu chun dramhaíl a stóráil agus a phróiseáil, go háirithe le linn séasúir mhóra turasóireachta ina méadaítear táirgeadh dramhaíola; ag tabhairt chun suntais, thairis sin, ról straitéiseach an gheilleagair chiorclaigh, nach mór a leathnú chun bailiú agus athchúrsáil eacnamaíoch na dramhaíola muirí a chuimsiú;

Aistriú fuinnimh

27.  á iarraidh go mbeadh rialacha sonracha agus tacaíocht airgeadais ann chun cabhrú le hoileáin spriocanna aeráidneodrachta a bhaint amach, agus na costais bhreise a bhaineann le hearnálacha amhail fuinneamh agus iompar á gcur san áireamh chomh maith le tionchar na dteicneolaíochtaí soghluaiste ar a gcórais fuinnimh; á aithint go bhfuil gá le leibhéil infheistíochta an-ard go comhréireach chun fuinnimh inathnuaite eadrannacha a bhainistiú; á iarraidh go gcuirfí na costais sin san áireamh sa phacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’;

28.  á chur i bhfios go láidir an gá atá leis an bpacáiste reachtach ‘Oiriúnach do 55’ agus na deiseanna a eascraíonn as an bpacáiste sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, áfach, gur cheart go mbeadh dlúthbhaint ag cur chun feidhme nithiúil na mbeart reachtach sin le cur chun cinn an chomhtháthaithe eacnamaíoch, shóisialta agus chríochach, ós rud é go bhfuil oileáin ag brath ar an aeriompar agus ar an muiriompar amháin;

29.  á iarraidh go ndéanfaí bearta cúiteacha nithiúla lena bhfritháireofar aon iarmhairtí diúltacha do chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach na n-oileán sa phróiseas chun aistriú chuig geilleagar agus sochaí níos glaine a d’fhéadfadh teacht chun cinn mar gheall ar a spleáchas ar na hearnálacha eitlíochta agus muirí;

30.  á mheas go bhfuil dlúthfhaireachán tábhachtach chun a áirithiú go ndéanfar oileáin a chomhtháthú go hiomlán i bhforbairt an bhonneagair mhuirí ghlais; á iarraidh go ndéanfaí tosaíocht a thabhairt d’oileáin i bhforbairt bonneagair atá dírithe ar an aeriompar agus ar an muiriompar a dhícharbónú; á thabhairt chun suntais go bhfágann míbhuntáistí struchtúracha na n-oileán a saoránaigh agus a ngnólachtaí gan chosaint ó thaobh praghsanna atá ag ardú;

31.  á chur i bhfios, mar gheall ar a mbeagmhéid agus a gcórais fuinnimh scoite, go bhfuil dúshlán mór roimh oileáin maidir le soláthar fuinnimh ós rud é go mbíonn siad ag brath go ginearálta ar allmhairí breosla iontaise le haghaidh giniúna leictreachais, iompair agus teasa;

32.  á mheas gur cheart tús áite a thabhairt d’úsáid fuinnimh in-athnuaite, lena n-áirítear fuinneamh taoide, a thugann buntáistí suntasacha do na hoileáin, agus riachtanais na bpobal áitiúil á gcur san áireamh, lena n-áirítear ailtireacht thraidisiúnta na n-oileán agus gnáthóga áitiúla a chaomhnú; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtacófaí le forbairt raon leathan foinsí fuinnimh in-athnuaite de réir ghnéithe geografacha na n-oileán; á chur in iúl gur geal léi na cláir hidrigine glasa atá seolta ag na hoileáin;

33.  á iarraidh go mbunófaí neamhspleáchas fuinnimh atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite mar sprioc do gach oileán Eorpach, go dtacófar leis trí na hacmhainní airgeadais riachtanacha agus go rachfar i ngleic leis trí bhreoslaí iontaise a chéimniú amach agus trí bhearta a thabhairt isteach chun acmhainneacht an fhuinnimh inbhuanaithe agus inathnuaite a mhéadú; á iarraidh go ndéanfar taighde breise chun foinsí inathnuaite fuinnimh amach ón gcósta a dhéanamh níos inacmhainne agus níos oiriúnaí do ghnéithe geografacha na n-imchuach farraige éagsúil;

34.  á chur i bhfios go láidir, chun aistriú éifeachtach comhshaoil a bhaint amach, go bhfuil sé ríthábhachtach cumas riaracháin institiúidí áitiúla na n-oileán Eorpach a fheabhsú agus a n-acmhainneacht a fhorbairt mar chumasóirí ar iomaíochas eacnamaíoch, sóisialta agus críochach agus mar thionscnóirí iompraíochta atá neamhdhíobhálach don aeráid i measc na saoránach; á mheabhrú go mbraitheann an t-aistriú sin freisin ar bheartais agus tionscnaimh láidre taighde agus nuálaíochta lena gcothaítear comhar i measc geallsealbhóirí áitiúla agus ag an am céanna a chothaíonn úsáid níos leithne saoráidí taighde i gcríocha oileánacha;

35.  á mheabhrú do na Ballstáit nach mór staidéar agus anailís shonrach do gach ceann dá n-oileán a áireamh ina bpleananna náisiúnta um aistriú, mar a fhoráiltear faoin gCiste um Aistriú Cóir;

Forbairt eacnamaíoch agus shóisialta

36.  á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú le creatlach eacnamaíoch áitiúil na n-oileán Eorpach, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);

37.  ag iarraidh ar na Ballstáit maoiniú ó Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa a úsáid chun tacú le cruthú post ardcháilíochta, chun cothromaíocht oibre is saoil níos fearr a chur chun cinn agus chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i réigiúin atá i mbaol dídhaonraithe, agus aird ar leith á tabhairt ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a fheabhsú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá seirbhísí comhairliúcháin, foghlaim ar feadh an tsaoil agus cláir le haghaidh athoiliúint agus uas-sciliú d’oibrithe ag gach aois;

38.  á iarraidh go ndéanfar bearta práinneacha chun dídhaonrú na n-oileán chomh maith le himirce daoine oilte agus scileanna a theorannú agus chun feabhas a chur ar cháilíocht na beatha, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar inrochtaineacht do ghrúpaí leochaileacha, chun tacú le gnólachtaí áitiúla agus chun poist a chosaint, agus chun aghaidh a thabhairt ar aosú an daonra; á iarraidh freisin go ndéanfaí forbairt ar oideachas, oiliúint ghairmiúil, uas-sciliú, fiontraíocht nuálach agus inbhuanaithe agus bunaíochtaí fostaíochta d’áitritheoirí na n-oileán a chur chun cinn, go háirithe do mhná, a bhfuil ráta dífhostaíochta níos airde acu ná fir i mbeagnach gach oileán AE, agus daoine óga;

39.  á chur i bhfáth gur gá an comhaontú ón gComhairle an 7 Nollaig 2021 a leathnú chun rialacha an Aontais maidir le rátaí CBL do gach limistéar oileánach san Aontas a nuashonrú i gcás inarb infheidhme;

40.  á chur i bhfios gur nocht géarchéim COVID-19 na lochtanna sláinte ar go leor oileán Eorpach; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé bonneagar sláinte a fhorbairt agus a fheabhsú, rochtain ar chúram agus tacaíocht a chur ar fáil chun bunú gairmithe cúraim sláinte a spreagadh, go háirithe sna críocha oileánacha is iargúlta;

41.  á chur i bhfáth go bhfuil gá, ar an leibhéal áitiúil, dlúthchomhar, soghluaisteacht agus malartuithe eolais idir institiúidí oideachais, taighde agus nuálaíochta teicneolaíochta, gnólachtaí agus saoránaigh aonair a spreagadh; ag iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a áirithiú gur féidir le háitritheoirí oileán na hEorpa, go háirithe iad siúd is faide ó mhór-roinn na hEorpa, a bheith rannpháirteach go hiomlán agus go cothrom i gcláir soghluaisteachta Eorpacha amhail Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, DiscoverEU agus an clár Aim, Learn, Master, Achieve (ALMA) a bheidh ann amach anseo;

42.  á mheabhrú a thábhachtaí atá cláir AE amhail an Ráthaíocht don Aos Óg; ag iarraidh ar na Ballstáit an clár sin a chur chun feidhme go tapa, i ndlúth-ailíniú le cistí AE amhail CSE+, chun aghaidh a thabhairt ar staid na ndaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna, agus imní ar leith dóibh siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus i réigiúin a bhfuil srianta nádúrtha nó déimeagrafacha ina margaí saothair, lena n-áirítear oileáin, chun a áirithiú go bhfaighidh gach duine óg faoi bhun 30 bliain d’aois tairiscint mhaith fostaíochta, oideachas leanúnach, gairmoideachas nó gairmoiliúint, go mbeidh siad in ann na scileanna is gá do dheiseanna fostaíochta i raon leathan earnálacha a fhorbairt, nó go dtairgfear printíseacht nó tréimhse oiliúna luach saothair dóibh laistigh de cheithre mhí tar éis dóibh a bheith dífhostaithe nó an t-oideachas foirmiúil a fhágáil;

43.  á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí chun an Ráthaíocht don Aos Óg a dhéanamh níos cuimsithí agus chun aon chineál idirdhealaithe a sheachaint, lena n-áirítear idirdhealú i gcás daoine óga atá ina gcónaí i gceantair uirbeacha iargúlta, thuaithe nó faoi mhíbhuntáiste nó i gcríocha thar lear agus i réigiúin oileánacha;

Cultúr

44.  á chreidiúint go bhfuil cultúr agus forbairt na hearnála cultúir ar oileáin ríthábhachtach; á mheas gur cheart féiniúlachtaí cultúrtha agus teanga na n-oileán a chosaint agus a chur chun cinn, lena n-áirítear i suíomhanna oideachais, toisc go gcuireann siad lena bhfeabhsú, agus le feabhsú AE ina iomláine, ar go leor leibhéal;

45.  ag iarraidh ar an gCoimisiún go mbeadh 2024 mar Bhliain Eorpach na nOileán;

Talmhaíocht agus iascach

46.  á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfaí measúnú ar an ngá atá le rialachán lena leagtar síos bearta sonracha i réimse na talmhaíochta do gach oileán ar leibhéal NUTS 2 agus NUTS 3 d’fhonn neamhspleáchas bia a bhaint amach agus iomaíochas a dtáirgí a mhéadú, gan dochar a dhéanamh d’ionstraimí atá ann cheana amhail an clár roghanna a bhaineann go sonrach le hiargúltacht agus oileánacht (POSEI) agus an rialachán lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéacha is lú(10);

47.  á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm acu an bhearna eacnamaíoch a líonadh idir limistéir intíre agus réigiúin chósta rud a tharlaionn go han-mhinic i gcríocha oileánacha;

48.  á thabhairt dá haire go bhfuil cáilíocht ar leith ag baint le táirgí talmhaíochta agus bia na n-oileán mar gheall ar choinníollacha mionaeráideacha agus topagrafacha na n-oileán; á chur i bhfáth gur gá tomhaltas táirgí talmhaíochta ó réigiúin oileánacha agus imeallacha a chur chun cinn tríd an mbeartas comhtháthaithe; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit réitigh inbhuanaithe a fhorbairt chun táirgí talmhaíochta a iompar idir formhór na n-oileán agus an mhórthír; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcuirfidh sé sin le hiomaíochas na n-oileán is lú go háirithe agus go dtabharfar cumhacht d’fheirmeoirí beaga;

49.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht mhéadaithe d’fhorbairt inbhuanaithe na n-oileán, laistigh de theorainneacha éiceolaíocha agus ag féachaint go cuí do chomhshaol sláintiúil talún agus muirí, don talmhaíocht, do bhainistiú agus caomhnú foraoisí, d’fheirmeoireacht ainmhithe, don dobharshaothrú, don iascach inbhuanaithe, don táirgeadh áitiúil, agus don gheilleagar gorm, lena n-áirítear trí chláir um chomhar Eorpach; á mheas gur gá tacaíocht AE a neartú chun an ghníomhaíocht talmhaíochta ar na hoileáin a nuachóiriú, lena n-áirítear trí fheirmeoireacht bheacht a chur chun cinn, chun cabhrú leis na réigiúin sin cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

50.  á chur i bhfios go bhfuil méadú breise tagtha ar an mbearna forbartha atá ag ceantair thuaithe na n-oileán toisc nach bhfuil cathracha bríomhara ag formhór na n-oileán, agus dá bhrí sin nach féidir leo leas a bhaint as iarmhairtí airgeadais uirbeacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil laghdú ar iomaíochas mar thoradh air sin, go háirithe maidir le cumas FBManna barainneachtaí scála a fhiosrú;

51.  á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá pleanáil spásúlachta lena ndírítear ar úsáid talún éifeachtach agus éifeachtúil;

52.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i dteagmháil le daoine i gceantair thuaithe agus iargúlta agus deiseanna uas-scilithe agus athscilithe a dhéanamh níos inrochtana agus iad a dhearadh do dhaoine atá ag obair sa talmhaíocht, san iascach, san fhoraoiseacht agus i bpoist eile sna réigiúin sin, agus scileanna glasa agus digiteacha agus gach scil riachtanach eile a chur ar fáil dóibh chun tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo a chuireann an geilleagar glas agus gorm ar fáil, agus chun a chur ar a gcumas rannchuidiú go mór le caomhnú an chomhshaoil;

53.  ag tabhairt chun suntais an easpa réiteach inbhuanaithe chun táirgí talmhaíochta a iompar idir formhór na n-oileán agus an mhórthír agus chun táirgí talmhaíochta a onnmhairiú agus a allmhairiú ó oileáin agus chuig oileáin, agus ag iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le tionscadail nuálacha le haghaidh naisc níos glaise ina bpleananna forbartha d’oileáin AE;

54.  ag iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na huirlisí uile atá ar fáil faoin mbeartas comhtháthaithe agus deiseanna comhlántachta agus sineirgí idir na beartais agus na cistí Eorpacha éagsúla a shainaithint agus a chur chun cinn, chun slándáil bia agus féinchothabhálacht na n-oileán a threisiú, inter alia trí úsáid fuinnimh ó fhoinsí in-athnuaite a chur chun cinn, agus iad a bheith ina gcuid dhílis den aistriú i dtreo córais bhia chiorclacha inbhuanaithe agus ceantair thuaithe chliste, agus, ar an gcaoi sin, deiseanna a dhéanamh de bhaic gheografacha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfadh cur chun cinn ról na n-oileán sa bhiashlabhra inbhuanaithe trí ionstraimí beartais AE, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe, deiseanna breise fostaíochta a chruthú agus stop a chur le treocht an dídhaonraithe i réigiúin oileánacha;

55.  á chur i bhfáth gur gá tacú le slabhraí soláthair gairide cúititheacha agus neamhdhíobhálach don chomhshaol agus le hearnáil feirmeoireachta a fhorbairt lena dtugtar tús áite do tháirgí traidisiúnta ard-bhreisluacha, do thomhaltas áitiúil agus do réitigh ghlasa, agus lena rannchuidítear le neamhspleáchas bia a bhaint amach;

56.  á chur i bhfáth gur gá Dearbhú Corcaí 2.0 maidir le saol níos fearr i gceantair thuaithe a chur chun feidhme tuilleadh chun machnamh a dhéanamh ar na dúshláin agus na deiseanna atá os comhair oileáin na hEorpa faoi láthair; á iarraidh go ndéanfaí sainghnéithe na réigiún is forimeallaí agus na n-oileán Aeigéach a chomhtháthú go sonrach leis an bhfís fhadtéarmach do cheantair thuaithe; ag iarraidh ar an gCoimisiún beartais oileánacha a chur chun cinn le linn próisis pleanála réigiúnacha chun tacú le talmhaíocht inbhuanaithe, táirgeadh bia, agrathurasóireacht, an geilleagar gorm agus nascacht lena n-áirítear le cistí atá comhlántach leo siúd ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), lena dtugtar aghaidh ar an athrú aeráide, lena gcosnaítear an bhithéagsúlacht, lena dtugtar isteach an geilleagar ciorclach agus lena n-aistrítear i dtreo fuinneamh in-athnuaite; ag tathant air freisin measúnú a dhéanamh ar fhíorchostas oileánachas agus oileánachas dúbailte na réigiún oileánach, agus leochaileachtaí agus sócmhainní na réigiún oileánach, go háirithe na réigiúin is forimeallaí, á gcur san áireamh; á chreidiúint gur cheart fíorchostas na n-oileánachas do na réigiúin oileánacha a chur san áireamh i mbeartas comhtháthaithe AE, agus ag an am céanna gur cheart measúnú tionchair ar thionscnaimh agus ar ghníomhaíochtaí AE ar na hoileáin a dhéanamh agus a bheith bunaithe ar shonraí atá cothrom le dáta agus comhchuibhithe; á chur i bhfáth gur deis uathúil í an Fhaireachlann Tuaithe chun sonraí ardcháilíochta leordhóthanach agus cothrom le dáta a tháirgeadh do chríocha oileánacha atá dírithe, i measc nithe eile, ar rochtain ar thalamh, lena mbunaítear forais le haghaidh forbairt iomlánaíoch talmhaíochta agus eacnamaíoch na n-oileán;

57.  á chreidiúint gur cheart leanúint d’ainmhithe beo a iompar ar muir, i bhfianaise an spleáchais throm ar onnmhairí earnálacha feirmeoireachta áirithe ar oileáin, go príomha na hoileáin is lú, nach bhfuil in ann conablaigh ainmhithe a loingsiú mar gheall ar a mbeagmhéid agus easpa bonneagair mar thoradh air sin;

58.  á mheas gur gá tacaíocht AE a neartú chun an ghníomhaíocht talmhaíochta ar na hoileáin a nuachóiriú, lena n-áirítear trí fheirmeoireacht bheacht a chur chun cinn, chun cabhrú leis na réigiúin sin cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

59.  á chur i bhfios, áfach, ós rud é go gcuireann an straitéis ‘ón bhfeirm go dtí an forc’ srian breise ar úsáid táirgí cosanta plandaí san Aontas, gur cheart sainiúlachtaí na mbarr trópaiceach agus fothrópaiceach sna réigiúin is forimeallaí a chur san áireamh agus rochtain ar mhargaí an Aontais a theorannú do tháirgí nach gcomhlíonann caighdeáin an Aontais;

60.  á chreidiúint, agus aird ar leith á tabhairt ar na réigiúin is forimeallaí, gur cheart comhtháthú AE a shaothrú tríd an méid seo a leanas: Airteagal 349 CFAE a threisiú, go háirithe tríd an ‘acquis AE’ is infheidhme sna réigiúin sin a chomhdhlúthú; clár POSEI agus a bhuiséad a chothabháil agus a threisiú, go háirithe trína thrasuí sna hearnálacha eile lasmuigh den talmhaíocht amhail iascach, iompar, turasóireacht, etc.; agus a áirithiú go gcaithfear go difreáilte le táirgí na réigiún is forimeallaí le linn athchaibidlíocht na gcomhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche agus saorthrádála uile agus cosaint iomlán á tabhairt do tháirgí íogaire talmhaíochta amhail bananaí, trátaí, siúcra agus bainne le linn na caibidlíochta sin;

61.  á iarraidh go ndéanfaí sásraí sonracha a neartú faoin gcreat CBT trí chlár POSEI chun spleáchas na réigiún is forimeallaí ar allmhairí talmhaíochta agus agraibhia a laghdú, agus chun slándáil bia agus cumas na réigiún sin rochtain a fháil ar a margaí a neartú, bíodh siad laistigh dá gcríoch féin nó in áiteanna eile san Aontas; á iarraidh, chun na críche sin, go méadófaí buiséad POSEI ó 2027 chun freastal ar riachtanais mhéadaitheacha na réigiún iargúlta agus oileánach sin agus a dtáirgeadh áitiúil a fhorbairt, ós rud é go bhfuil costais táirgthe bhreise shuntasacha acu;

62.  á iarraidh ar an gCoimisiún go gcoinneofaí an ráta cómhaoinithe fadtéarmach do na réigiúin is forimeallaí ag 85 % do CETFT chun forbairt shocheacnamaíoch na gcríoch sin a áirithiú agus, ar an gcaoi sin, na fadhbanna a eascraíonn as a suíomh iargúlta a mhaolú;

63.  á iarraidh go gcomhlíonfar go docht na caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta Eorpacha is infheidhme maidir le hearraí trópaiceacha ó thíortha nach bhfuil san Aontas agus go ndéanfar cuótaí córasacha allmhairiúcháin a chur i bhfeidhm le haghaidh táirgí trópaiceacha ó na tíortha sin, bunaithe ar na sreafaí trádála atá ann cheana; á mheas gur cheart sásraí sonracha faireachais agus smachtbhannaí a thabhairt isteach chun comhlíonadh na gcoinníollacha sin a sheiceáil; á mholadh go bhforchuirfí prionsabal na comhréireachta le haghaidh allmhairí ó thíortha neamh-AE, go háirithe i gcás táirgí orgánacha;

64.  á aithint go bhfuil réigiúin chósta agus na réigiúin is forimeallaí ag brath go stairiúil ar an iascach agus gur cheart dóibh leas a bhaint as tacaíocht airgeadais chun poist san earnáil iascaigh a chomhdhlúthú agus chun earnálacha nua a fhorbairt chomh maith le poist nua a chruthú, go háirithe in iascaigh ar mhionscála; á iarraidh ar na Ballstáit beartais spriocdhírithe a chur i bhfeidhm chun na poist atá ann cheana a chosaint, chun poist nua éagsúla a chruthú agus chun an digitiú a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé idirdhealú de chineál ar bith i margadh an tsaothair a chosc agus tacaíocht a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha agus do ghrúpaí atá faoi mhíbhuntáiste; ag tacú le comhúsáid Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa chun sineirgí a chruthú, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna;

65.  á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di sláinte fhisiciúil agus mheabhrach na n-oibrithe sa tionscal iascaireachta, rud a chuirtear i mbaol go minic ní hamháin leis an gcontúirt bhunúsach a bhaineann le bheith ag obair ar na farraigí, ach freisin le húsáid soithí nach gcomhlíonann na rialacháin sábháilteachta reatha, rud a mhéadaíonn a neamhchosaint ar thionóiscí a bhaineann leis an obair, lena n-áirítear tionóiscí tromchúiseacha; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar na húdaráis inniúla dálaí oibre sábháilte agus cuibhiúla a áirithiú do gach oibrí san earnáil chomh maith le machaire comhréidh agus iomaíocht chóir i measc cuideachtaí iascaireachta ar fud an domhain gan caighdeáin Eorpacha a laghdú; ag iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht leordhóthanach a chur ar fáil chun feabhas a chur ar shábháilteacht na gcabhlach agus ar dhálaí oibre i gcomhréir le ceanglais inbhuanaitheachta chomhshaoil agus le béim ar leith ar an iascaireacht ar mhionscála, go háirithe sna réigiúin oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, áiteanna ina mbíonn meánaois na soithí i bhfad níos airde ná in iascaigh thionsclaíocha; á chur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún féachaint le teacht ar chomhaontú maidir le sábháilteacht soithí iascaireachta;

An turasóireacht

66.  á thabhairt dá haire gurb í earnáil na turasóireachta is mó a chuireann le fás eacnamaíoch réigiúin na n-oileán ó thaobh ioncaim agus fostaíochta de; ag iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún tacaíocht airgeadais shonrach bhreise a chur ar fáil don turasóireacht inbhuanaithe ar oileáin, fadhb na turasóireachta séasúraí a réiteach agus tacú le treoirthionscadail nuálacha chun réitigh níos éiceolaíocha agus níos digití a chur chun cinn i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus chun cabhrú le hoileáin atá ag brath go mór ar an turasóireacht a ngeilleagair a éagsúlú; ag iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, lipéad turasóireachta inbhuanaithe Eorpach a bhunú chun tacú le láidreachtaí agus iarrachtaí na n-oileán agus réigiúin na n-oileán sa réimse sin;

67.  á chur i bhfáth gur gá an cur chuige comhtháite forbartha críochaí i leith na n-oileán, amhail infheistíochtaí críochacha comhtháite agus forbairt áitiúil faoi stiúir an phobail, agus tionscnaimh amhail sráidbhailte cliste agus moil nuálaíochta digití Eorpacha maidir le hoileáin a neartú chun tacú le talmhaíocht inbhuanaithe agus táirgeadh bia agus béim ar leith á leagan ar chleachtais atá neamhdhíobhálach don chomhshaol, chomh maith leis an agrathurasóireacht inbhuanaithe; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé úsáid chliste fuinnimh agus uisce a chur chun cinn chun a áirithiú go mbainfidh oileáin an leas is fearr is féidir as a n-acmhainní tearca;

Rochtain ar sheirbhísí poiblí

68.  á iarraidh go ndéanfaí bonneagar iompair na n-oileán a fhorbairt agus a fheabhsú chun iompar inbhuanaithe a chothú, agus go dtacófaí le bonneagar bóithre, aerfoirt agus calafoirt a nuachóiriú agus a ghlasú agus aistriú atá cóir go sóisialta á áirithiú ag an am céanna; á iarraidh, go háirithe, go gcuirfí tacaíocht ar fáil d’iompar poiblí agus príobháideach atá neamhdhíobhálach don chomhshaol;

69.  á iarraidh go dtabharfaí tús áite d’infheistíocht níos mó i mbonneagar bunúsach chun feabhas a chur ar an rochtain atá ag gach teaghlach ar uisce óil agus ar sheirbhísí sláintíochta;

70.  á chur i bhfáth gur gá leanúnachas críochach na n-oileán uile a áirithiú trí mhuiriompar agus aeriompar inbhuanaithe, agus a bheith fíor chúramach chun staideanna monaplachta a sheachaint, ach amháin i gcás ganntanas seirbhísí iompair rialta i gcás saoriomaíocht, rud a fhágann gur gá dul i muinín comhaontuithe seirbhíse poiblí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé costais iompair a laghdú do phaisinéirí agus d’earraí, lena n-áirítear trí tháillí laghdaithe a thairiscint do chónaitheoirí, agus a thábhachtaí atá sé sábháilteacht agus oiriúnacht droichid talún agus naisc bhóithre a áirithiú;

71.  ag iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go rannchuideoidh clár oibre 2021-2023 na Saoráide um Chónascadh na hEorpa agus na gclár comhair Eorpach le hinrochtaineacht chríochach na n-oileán; á thabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach feabhas a chur ar inrochtaineacht na n-oileán agus naisc iompair inbhuanaithe a fhorbairt chucu agus eatarthu chun iad a fhorbairt agus chun seirbhísí poiblí bunriachtanacha amhail oideachas, sláinte agus cúram sóisialta a sholáthar; á chreidiúint nár cheart feabhsuithe den chineál sin a bheith teoranta don mhórthír nó, i gcás inarb infheidhme, do Bhallstáit an AE;

72.  á chur i bhfáth, go háirithe i gcomhthéacs ghéarchéim phaindéim COVID-19, a thábhachtaí atá sé bonneagar sláinte a fheabhsú, seirbhísí teilileigheas agus teilea-síciatrachta a threisiú agus soláthar cúraim sláinte príomhúil agus rochtain ar chógais leighis ar oileáin AE a uasghrádú;

73.  á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhionannas deiseanna do chách ríthábhachtach, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a dhéanamh de bhearna na scileanna digiteacha a dhúnadh trína áirithiú go mbeidh rochtain ag réigiúin leochaileacha, lena n-áirítear ceantair thuaithe agus iargúlta agus saoránaigh dhíothacha, ar oideachas agus oiliúint dhigiteach, ar na crua-earraí íosta is gá, ar rochtain fhorleathan ar an idirlíon, agus ar thacaíocht dhigiteach agus ar uirlisí foghlama teicneolaíochta eile; á chur i bhfios go láidir nach mór tacaíocht a thabhairt do na catagóirí sin chun na scileanna digiteacha a theastaíonn uathu a ardú agus chun doimhniú neamhionannais a sheachaint, lena n-áiritheofar nach bhfágfar aon duine ar lár;

74.  á chur i bhfios go láidir gur príomhthosaíocht é digitiú agus nascacht dhigiteach éifeachtúil do na hoileáin, go háirithe chun rannchuidiú leis na míbhuntáistí geografacha atá os a gcomhair a shárú agus chun feabhas a chur ar sholáthar teicneolaíochtaí agus bonneagar digiteach, seirbhísí oideachais agus oiliúna chomh maith le ríomhshláinte, lena n-áirítear teilileigheas agus teilea-síciatracht, agus seirbhísí rialtais riachtanacha eile do shaoránaigh agus do FBManna a mbíonn éifeachtaí dearfacha acu ar straitéisí agus oibríochtaí gnó;

75.  á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé na bonneagair dhigiteacha lena nasctar oileáin AE leis an gcuid eile den domhan a choinneáil, eadhon trí chistiú leordhóthanach Eorpach a chur go leataobh chun cáblaí fomhuirí atá imithe i léig a athsholáthar;

76.  á chreidiúint, go háirithe ar oileáin bheaga, go bhfuil sé deacair do FBManna rochtain éasca a fháil ar an bhfaisnéis uile maidir le fiontraíocht a chur chun cinn, forbairt scileanna agus deiseanna atá maoinithe ag AE; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht airgeadais níos láidre ina leith sin chomh maith le seisiúin faisnéise fheabhsaithe, seirbhísí comhairleacha agus oiliúint shaincheaptha a sholáthar;

An imirce

77.  á thabhairt dá haire go bhfuil roinnt oileán ag tabhairt aghaidh ar líon mór imirceach ag teacht isteach, arb ionann iad uaireanta agus níos mó ná an daonra áitiúil, agus nach bhfuil siad in ann na modhanna riachtanacha cóiríochta agus cúnaimh a sholáthar;

78.  ag tarraingt aird ar an mbrú sonrach agus díréireach atá ar chórais tearmainn agus glactha ar oileáin, ar oileáin fhorimeallacha agus ar na réigiúin is forimeallaí; á iarraidh go n-aithneofaí sa phlean gníomhaíochta Eorpach do na hoileáin an réaltacht tearmainn agus imirce thuasluaite, lena n-éilítear réitigh chomhordaithe ar an leibhéal Eorpach lena n-urramaítear folláine agus dínit an duine aonair, agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar an mbrú;

Athmheasúnú ar scéimeanna Státchabhrach agus bearta chun an t-easnamh forbartha a laghdú

79.  ag iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar mhéid na státchabhrach a dheonaítear do ghnóthais atá bunaithe ar oileáin AE; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach, d’ainneoin na n-iarrachtaí atá déanta ag an Aontas agus ag na Ballstáit, a chinneadh ar bhain gnóthais atá lonnaithe ar chríocha oileánacha tairbhe as bearta den sórt sin agus a mhéid a bhain siad tairbhe as na bearta sin agus athmheasúnú a dhéanamh dá réir sin ar na rialacha maidir le Státchabhair; á chur i bhfios go láidir, i ndáil leis sin, a thábhachtaí atá státchabhair níos solúbtha do chuideachtaí aeriompair agus muiriompair sna críocha oileánacha sin, i bhfianaise a spleáchas iomlán ar na modhanna iompair sin;

80.  á iarraidh go mbeidh aon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an gcreat reachtach maidir le Státchabhair faoi réir measúnuithe tionchair bunaithe ar tháscairí sonracha chun measúnú a dhéanamh ar an iomaíochas atá ag titim i ngeilleagair réigiún na n-oileán, chomh maith le hiarmhairtí an phacáiste ‘Oiriúnach do 55’ ar na críocha sin, agus scéim céimlaghdaitheach shonrach a cheapadh do chríocha oileánacha nuair a thiocfaidh deireadh leis na bearta urghnácha dá bhforáiltear faoin gCreat Sealadach um Státchabhair tar éis an 31 Nollaig 2021;

81.  á iarraidh go gcruthófaí fochatagóir ‘oileáin’, i bhfianaise a saintréithe sainiúla, i ndáil le cur i bhfeidhm na rialacha maidir le Státchabhair réigiúnach don tréimhse 2021-2027, agus go ndéanfaí na huasteorainneacha ‘de minimis’ a dhíothú d’oileáin Eorpacha agus do na réigiúin is forimeallaí, a bhfuil gá le húdarú an Choimisiúin os a gcionn;

82.  á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige níos solúbtha chun a áirithiú go ndéanfar cistiú Eorpach a imscaradh ar bhealach níos éifeachtaí ar chríocha oileánacha agus ar na réigiúin is forimeallaí, gan na caighdeáin cháilíochta ábhartha agus na nósanna imeachta faireacháin ábhartha a chur i mbaol;

83.  á thabhairt dá haire go gcuireann an riail de minimis atá ann faoi láthair srian ar iomaíochas agus go n-eascraíonn deacrachtaí dá barr sna hoileáin Eorpacha agus sna réigiúin is forimeallaí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart oileáin AE ar fad a dhíolmhú ó uasteorainneacha infheidhme na rialach de minimis, ionas go mbeidh siad faoi mhíbhuntáiste níos lú; ag iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, rialacha Státchabhrach a oiriúnú chun a áirithiú nach measfar fóirdheontais chun oileánachas a leigheas mar státchabhair ach gur cúiteamh iad chun oileáin Eorpacha agus réigiúin is forimeallaí a chur ar chomhchéim lena gcontrapháirtithe ilchríochacha;

84.  á iarraidh go ndéanfaí athmheasúnú ar an gcritéar maidir le fad (150 km) a úsáidtear chun oileáin a aicmiú mar réigiúin teorann atá incháilithe do mhaoiniú faoi chláir um chomhar trasteorann a thagann faoi chuspóir an bheartais chomhtháthaithe maidir le comhar críochach nó faoi Bheartas Comharsanachta na hEorpa, agus staid na n-oileán á cur san áireamh; á chreidiúint, más gá teorainn de chineál éigin a bhunú, go mbeadh sé níos iomchuí, i gcás réigiúin oileánacha, coinníoll na críche trasteorann a chur i bhfeidhm ar leibhéal an imchuach mhuirí;

Beartas sonrach de chuid an AE atá saincheaptha do na hoileáin

85.  á chur i bhfáth go bhfuil an easpa sonraí staidrimh maidir le hoileáin ag cur bac ar bheartais spriocdhírithe a fhorbairt; ag iarraidh ar an gCoimisiún Institiúid Eorpach um Chríocha faoi Mhíbhuntáiste a bhunú, a bhaineann le hAirteagal 174 CFAE, chun sonraí staidrimh iontaofa agus comhiomlánaithe a bhailiú, lena n-áirítear sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, a nuashonraítear go rialta agus critéir chomhchuibhithe á n-úsáid ar gach leibhéal riaracháin; ag iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar bhailiú sonraí staidrimh maidir le hoileáin Eorpacha agus promhadh críochach a thabhairt isteach i measúnuithe tionchair ar a thograí, agus é mar aidhm beartais spriocdhírithe a fhorbairt agus measúnú a dhéanamh ar an tionchar a bheadh ag an reachtaíocht atá beartaithe ar shaoránaigh agus ar ghnólachtaí atá lonnaithe sna réigiúin éagsúla;

86.  á chur i bhfios nach gcumhdaítear na hoileáin faoi láthair le reachtaíocht AE maidir le haicmiú críochach; ag iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur leis an bplé sin, d’fhonn oileáin a áireamh in aicmiú comhchoiteann na n-aonad críochach le haghaidh staidrimh agus machnamh a dhéanamh ar chlár a bhunú a bheadh cosúil leis an tionscnamh uirbeach Eorpach chun tacú le comhpháirtíochtaí idir oileáin Eorpacha chun cineálacha cur chuige nuálacha a bhunú maidir le fadhbanna a bhaineann go sonrach leis na hoileáin agus chun dea-chleachtais a roinnt agus réitigh a chur chun feidhme a rachaidh chun tairbhe do shaoránaigh agus do ghnólachtaí;

87.  ag iarraidh ar an gCoimisiún aird a thabhairt ar na staidéir atá déanta cheana ag oileáin Eorpacha maidir leis na dúshláin agus na costais bhreise a bhaineann leis an oileánachas, agus anailísí idirdhisciplíneacha a bhunú lena gcumhdófar saintréithe déimeagrafacha, geografacha, eacnamaíocha, sóisialta agus comhshaoil na gcríoch oileánach chun a áirithiú nach mbeidh aon mhíbhuntáiste iomaíoch a bhaineann lena riocht geografach ag na réigiúin sin;

88.  á iarraidh go ndéanfar buiséad breise a leithdháileadh, a bheidh dírithe ar chabhrú le hoileáin Eorpacha na dúshláin agus na héagothromaíochtaí atá rompu a shárú agus na costais bhreise a bhaineann le hoileáin Eorpacha faoin mbeartas comhtháthaithe a bheidh ann amach anseo a chumhdach; á mholadh go ndéanfaí pointe teagmhála an oileáin a leathnú trí thascfhórsa oileáin a bhunú laistigh d’Ard-Stiúrthóireacht an Bheartais Réigiúnaigh agus Uirbigh de chuid an Choimisiúin;

89.  ag iarraidh ar an gCoimisiún leithdháileadh an bhuiséid bunaithe ar OTI per capita a chur san áireamh chun na héagothromaíochtaí uile idir oileáin a chumhdach;

Comhaontú Oileán agus plean gníomhaíochta Eorpach do na hoileáin

90.  ag iarraidh ar an gCoimisiún measúnú dinimiciúil a dhéanamh ar Airteagal 174 CFAE agus tógáil ar an airteagal sin le fíorchlár oibre Eorpach do na hoileáin agus straitéis Eorpach a chruthú do na hoileáin bunaithe ar an tuarascáil sin, ar straitéis í atá i gcomhréir le riachtanais áitiúla agus réaltachtaí áitiúla ar an láthair agus lena gcuirtear san áireamh gnéithe sonracha gach ceann d’imchuacha farraige AE; ag iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar chásanna éagsúla na gcríoch oileánach agus machnamh a dhéanamh ar straitéis do na hoileáin ina mbeidh tograí inláimhsithe;

91.  á iarraidh go ndéanfaí Comhshocrú Oileán a tharraingt suas a luaithe is féidir agus a chur chun feidhme, le rannpháirtíocht na bpríomh-gheallsealbhóirí, eadhon údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, oibreoirí eacnamaíocha agus sóisialta, an tsochaí shibhialta, an saol acadúil agus eagraíochtaí neamhrialtasacha, i gcomhréir leis an gComhaontú Uirbeach agus leis an gComhaontú Tuaithe a bheidh ann amach anseo;

92.  ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil idirphlé le pobail oileánacha agus eatarthu ríthábhachtach chun gaireacht don tionscadal Eorpach a chothú, chun naisc a chruthú idir cultúir, chun spéis a spreagadh i bpróisis chinnteoireachta agus chun tógáil an Aontais Eorpaigh féin a chur chun cinn;

o
o   o

93.  á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, chuig Coiste na Réigiún agus chuig parlaimintí náisiúnta agus réigiúnacha na mBallstát.

(1) IO L 231, 30.6.2021, lch. 60.
(2) IO L 231, 30.6.2021, lch. 1.
(3) IO C 37, 2.2.2021, lch. 57.
(4) IO C 15, 12.1.2022, lch. 2.
(5) IO C 390, 18.11.2019, lch. 53.
(6) IO C 316, 6.8.2021, lch. 2.
(7) IO C 270, 7.7.2021, lch. 2.
(8) IO C 117, 11.3.2022, lch. 18.
(9) IO C 232, 16.6.2021, lch. 28.
(10) Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta sonracha don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán Aeigéacha is lú. IO L 78, 20.3.2013, lch. 41.

An nuashonrú is déanaí: 27 Meán Fómhair 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais