Moladh ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Meitheamh 2022 chuig an gComhairle agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála maidir le Beartas Eachtrach, Slándála agus Cosanta an Aontais tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine (2022/2039(INI))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Theidil II, III agus V den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don ghealltanas a leagtar síos sa bhrollach chun Comhbheartas Eachtrach agus Slándála a chur chun feidhme, agus go háirithe d’Airteagail 10(1) agus (2), 13(2), 14(1), 16(1), 24(1), 26, 36, 41, 42(2), (3), (6) agus (7), 44, 45 agus 46 agus Prótacal Uimh. 10 de,
– ag féachaint don phlean gníomhaíochta ‘Strategic Compass for Security and Defence – For a European Union that protects its citizens, values and interests and contributes to international peace and security’ [Compás Straitéiseach um Shlándáil agus Cosaint — I gcás Aontas Eorpach a chosnaíonn a shaoránaigh, a luachanna agus a leasanna agus a rannchuidíonn leis an tsíocháin agus leis an tslándáil idirnáisiúnta], a d’fhormheas an Chomhairle an 21 Márta 2022 agus a d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an 25 Márta 2022,
– ag féachaint do Dhearbhú Versailles ó Chinn Stáit nó Rialtais an Aontais an 11 Márta 2022,
– ag féachaint do theachtaireacht chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 18 Bealtaine 2022 dar teideal ‘Anailís ar Bhearnaí Infheistíochta i Réimse na Cosanta agus an Bealach Chun Tosaigh’ (JOIN(2022)0024),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 dar teideal ‘Cur chun feidhme an Chomhbheartais Eachtraigh agus Slándála – tuarascáil bhliantúil 2021’(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Feabhra 2022 dar teideal ‘Cur chun feidhme an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta – tuarascáil bhliantúil 2021’(2),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Feabhra 2022 dar teideal Commission contribution to European defence [Rannchuidiú an Choimisiúin do chosaint na hEorpa] (COM(2022)0060),
– ag féachaint do Chinneadh ón gComhairle an 22 Márta 2021, lena mbunaítear Saoráid Eorpach Síochána agus lena n-aisghairtear Cinneadh (CBES) 2015/528(3),
– ag féachaint do rún uaithi an 16 Márta 2017 dar teideal ‘Na himpleachtaí bunreachtúla, dlíthiúla agus institiúideacha atá ag comhbheartas slándála agus cosanta: deiseanna atá ar fáil trí Chonradh Liospóin’(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Aibreán 2022 maidir leis na conclúidí ó chruinniú na Comhairle Eorpaí an 24-25 Márta 2022, lena n-áirítear na forbairtí is déanaí maidir leis an gcogadh i gcoinne na hÚcráine agus smachtbhannaí AE i gcoinne na Rúise agus a gcur chun feidhme(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Márta 2022 maidir leis an ngá atá le plean gníomhaíochta práinneach AE chun slándáil bia a áirithiú laistigh agus lasmuigh de AE i bhfianaise ionradh na Rúise ar an Úcráin(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine(7),
– ag féachaint do na ráitis maidir leis an Úcráin ó cheannairí Pharlaimint na hEorpa an 16 agus an 24 Feabhra 2022,
– ag féachaint don tuarascáil ar thoradh deiridh na Comhdhála maidir le Todhchaí na hEorpa i mí na Bealtaine 2022,
– ag féachaint don ráiteas ó Chruinniú Mullaigh na Bruiséile, a d’eisigh na Cinn Stáit agus Rialtais a bhí rannpháirteach i gcruinniú Chomhairle an Atlantaigh Thuaidh sa Bhruiséil an 14 Meitheamh 2021,
– ag féachaint d’anailís agus do Mholtaí an Meitheal Mhachnaimh arna cheapadh ag Ardrúnaí ECAT an 25 Samhain 2020 dar teideal ‘NATO 2030: United for a New Era’ [EACT 2030: Aontaithe le haghaidh Ré Nua’],
– ag féachaint do na rúin a ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe an 2 Márta 2022 maidir leis an ionsaí i gcoinne na hÚcráine, an 24 Márta 2022 maidir le hiarmhairtí daonnúla an ionsaí i gcoinne na hÚcráine, agus an 7 Aibreán 2022 maidir le cearta ballraíochta Chónaidhm na Rúise sa Chomhairle um Chearta an Duine a chur ar fionraí,
– ag féachaint don Chomhaontú Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile(8), lena n-áirítear comhaontú domhain cuimsitheach saorthrádála, a tháinig i bhfeidhm an 1 Meán Fómhair 2017,
– ag féachaint do na cinntí a ghlac an Chomhairle maidir le bearta sriantacha AE i gcoinne na Rúise mar gheall ar a cogadh san Úcráin,
– ag féachaint don Chomhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann, den pháirt eile(9) (an Comhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe),
– ag féachaint do Riail 118 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0164/2022),
A. de bhrí gurb ionann ionsaí míleata gan ábhar agus gan údar Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine, tar éis ionradh na Rúise ar an tSeoirsia in 2008 agus gníomhaíochtaí ionsaitheacha eile ar fud an domhain, agus sárú follasach ar an dlí idirnáisiúnta, ar Chairt na Náisiún Aontaithe agus ar na prionsabail a chumhdaítear in Ionstraim Chríochnaitheach Heilsincí 1975 agus Meabhrán Bhúdaipeist 1994 agus Cairt Pháras le haghaidh Eoraip Nua an 21 Samhain 1990, agus go mbaineann sí an bonn go mór ó shlándáil agus ó chobhsaíocht na hEorpa agus an domhain;
B. de bhrí nár chomhlíon Cónaidhm na Rúise an t-ordú a d’eisigh an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta an 16 Márta 2022 ag iarraidh go haonchiallach ar an Rúis a cuid oibríochtaí míleata a chur ar fionraí láithreach agus a áirithiú nach ndéanfaidh aon aonaid armtha mhíleata nó neamhrialta a bhféadfadh sí a bheith i gceannas orthu nó ag tacú leo, chomh maith le haon eagraíochtaí agus daoine a d’fhéadfadh a bheith faoina rialú nó faoina ceannas, aon bhearta chun na hoibríochtaí míleata atá ann cheana a chur chun cinn;
C. de bhrí gurb ionann ionradh na Rúise ar an Úcráin agus ionsaí ar an ord síochána Eorpach féin agus, ar an gcaoi sin, go bhfuil sé mar bhagairt ar an mbonn sin ar ar tógadh beartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais; de bhrí go n-éilíonn iarrachtaí leanúnacha na Rúise éagobhsaíocht a chruthú i gcomharsanacht an Aontais agus ar fud an domhain agus an bonn a bhaint den ordú slándála Eorpach, go n-éilíonn siad ar an Aontas comhtháthú agus éifeachtacht a beartais eachtraigh, slándála agus cosanta a fheabhsú go substaintiúil agus go diongbháilte;
D. de bhrí go bhfuair na mílte Úcránach bás sa chogadh a d’fhear Cónaidhm na Rúise i gcoinne phobal na hÚcráine ó 2014; de bhrí gur gortaíodh na mílte agus go raibh ar breis is 10 milliún daoine a dtithe a fhágáil nó gur theith siad chuig tíortha comharsanachta;
E. de bhrí go bhfuil fórsaí armtha na Rúise ag déanamh ionsaí le sliogáin d’aon ghnó agus as éadan ar bhonneagar sibhialta, lena n-áirítear tithe agus tearmainn, naíonraí, scoileanna, ospidéil, saoráidí éigeandála agus cúraim agus stáisiúin traenach agus bus;
F. de bhrí, de réir Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine, go bhfuil na hionsaithe sin ina gcúis le fulaingt as cuimse an duine agus gurb ionann iad agus coireanna cogaidh agus coireanna in aghaidh an chine dhaonna; de bhrí gur coireanna uafásacha cogaidh iad céasadh agus dúnmharú sibhialtach agus líon méadaitheach na dtuarascálacha ar gháinneáil ar dhaoine, ar fhoréigean gnéasach, ar dhúshaothrú, ar éigniú agus ar mhí-úsáid a mbíonn ar mhná agus ar leanaí cur suas leo, ar coireanna iad nach mór a imscrúdú agus a dhoiciméadú go práinneach ionas gur féidir déantóirí na coire a thriail; de bhrí go bhfuil imscrúdú idirnáisiúnta ar na coireanna a rinneadh in Bucha fós ar siúl; de bhrí go bhféadfadh ionradh na hÚcráine a bheith ina choir ionsaithe mar a shainmhínítear in Airteagal 8ú de Reacht na Róimhe den Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta agus go bhfreagraíonn na hainghníomhartha a rinne arm na Rúise agus a seachvótálaithe don sainmhíniú ar chinedhíothú atá i gCoinbhinsiún NA 1948; de bhrí nach mór cinnteoirí agus déantóirí coireanna a chur faoi bhráid an cheartais choiriúil idirnáisiúnta;
G. de bhrí go bhfuil ionradh na Rúise ar an Úcráin tar éis cogadh a thabhairt ar ais san Eoraip agus de bhrí nach mór dúinne san Aontas Eorpach leas a bhaint as ár ndiongbháilteacht agus ár rúndaingne uile chun an tAontas seo agus na luachanna agus na prionsabail a seasann sé dó a chosaint, lena n-áirítear prionsabal na sláine críche, na ceannasachta náisiúnta agus an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe;
H. de bhrí gur spreag an mhainneachtain freagairt leormhaith a thabhairt ar ionsaithe na Rúise i gcoinne na Seoirsia in 2008 agus i gcoinne na hÚcráine in 2014 don Rúis leanúint d’fheachtais ionsaitheacha mhíleata agus pholaitiúla, lena n-áirítear ionradh iomlán ar an Úcráin, agus ar an gcaoi sin an t-ord idirnáisiúnta riailbhunaithe agus an chobhsaíocht san Eoraip agus in áiteanna eile a lagú agus an bonn a bhaint de;
I. de bhrí gurb é an sprioc straitéiseach atá ag an domhan saor cabhrú leis an Úcráin dul i ngleic le hionsaitheoir na Rúise agus smacht a fháil arís ar a críoch a aithnítear go hidirnáisiúnta;
J. de bhrí go bhfuil cogadh ionsaithe Chónaidhm na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus an t-ionsaí a rinne sí ar ord síochána na hEorpa ag tarlú i gcomhthéacs an chúlra de dhiansmacht ar an tsochaí shibhialta agus ar an bhfreasúra polaitiúil sa Rúis, arb é is aidhm dó a áirithiú go mairfidh réimeas atá ag éirí níos ollsmachtaí de réir a céile;
K. de bhrí, thar aon ní eile, gur oibleagáid ar dhaonlathais na hEorpa go léir é an Eoraip a chosaint; de bhrí nach mór an oibleagáid sin a mheaitseáil le spriocanna cumais airgeadais agus míleata leordhóthanacha; de bhrí go bhfuil rún daingean ag an Aontas a chuid a dhéanamh chun cur i gcoinne iarrachtaí Chónaidhm na Rúise bonn na slándála agus na cobhsaíochta idirnáisiúnta a scriosadh, lena n-áirítear i ndlúthchomhar le ECAT, bunchloch chosaint chomhchoiteann a chomhaltaí; de bhrí gur thíolaic an Fhionlainn agus an tSualainn a n-iarratais chun dul isteach in ECAT go hoifigiúil an 18 Bealtaine 2022; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go ndaingneoidh comhghuaillithe uile ECAT prótacail aontachais na Fionlainne agus na Sualainne go pras; de bhrí go bhfuil drogall ar an Tuirc fáilte a chur roimh iarratais na Fionlainne agus na Sualainne dul isteach in ECAT; de bhrí go bhfuil Airteagal 42(7) CAE fós ina ghné thábhachtach d’ailtireacht slándála na hEorpa, lena gcuirtear tacaíocht agus cosaint ar fáil do Bhallstáit uile AE; de bhrí go bhfuil a buíochas ó chroí curtha in iúl ag an bParlaimint as cúnamh agus comhar athnuaite na SA maidir le cosaint chríochach na hEorpa a chosaint agus a sholáthar;
L. de bhrí go bhfuil ceart bunúsach féinchosanta ag an Úcráin faoi Airteagal 51 de Chairt na Náisiún Aontaithe; de bhrí go molann an Pharlaimint muintir na hÚcráine as a gcrógacht i dtaca lena dtír agus ár luachanna comhroinnte, eadhon saoirse agus daonlathas, a chosaint agus nach bhfágfaidh sí ina n-aonar iad;
M. de bhrí gur iarr an Pharlaimint, ina rún an 1 Márta 2022 maidir le hionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, go n-oibreodh institiúidí AE i dtreo stádas mar iarrthóir AE a dheonú don Úcráin agus, idir an dá linn, leanúint de bheith ag obair i dtreo a lánpháirtíochta i margadh aonair AE de réir an Chomhaontaithe Comhlachais idir AE agus an Úcráin;
N. de bhrí, faoi shainordú athnuaite Mhisean Comhairleach an Aontais Eorpaigh (EUAM) san Úcráin, go n-áiritheofar leis an misean dlúthchomhar leis an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta, le gníomhaireacht an Aontais Eurojust agus leis na Ballstáit atá i mbun gníomhaíochta a thacaíonn go díreach le coireanna idirnáisiúnta a imscrúdú agus a ionchúiseamh san Úcráin;
O. de bhrí gur cheart don Pharlaimint anailís dhomhain a thionscnamh ar na cúiseanna ar theip ar an Aontas, ar a Bhallstáit agus ar a chomhpháirtithe atá ar aon intinn leo sa chomhphobal idirnáisiúnta cosc a chur ar chogadh ionsaitheach na Rúise ar an Úcráin, rud a sháraíonn Cairt na Náisiún Aontaithe agus, dá bhrí sin, arb ionann é agus ionsaí ar chroílár ord síochána agus slándála na hEorpa, a luachanna agus a rathúnas, agus a bhunchlocha daonlathacha, agus a marana a dhéanamh ar na ceachtanna ó bhotúin a rinneadh roimhe seo i mbeartas vis-à-vis na Rúise, ag tosú le mainneachtain cur chun feidhme iomlán chomhaontú sosa cogaidh an 12 Lúnasa 2008 faoi stiúir an Aontais a áirithiú, chomh maith le himscrúdú a dhéanamh ar chásanna sáruithe ar na smachtbhannaí a forchuireadh ó 2014;
P. de bhrí gur admhaigh an Chomhairle sa Chompás Straitéiseach nach bhfuil slándáil ná cobhsaíocht le fáil ar fud na mBalcán Thiar go fóill agus go bhféadfadh iarmhairtí a bheith ann mar gheall ar an meath atá ag teacht ar staid slándála na hEorpa faoi láthair;
Q. de bhrí go bhfuil géarghá le hullmhacht a mhéadú chun go mbeifear in ann déileáil ar bhealach níos fearr le raon iomlán na ngéarchéimeanna atá le teacht, go háirithe géarchéimeanna daonnúla agus slándála; de bhrí gur gá don Aontas na hionstraimí uile atá ar fáil dó a úsáid, agus béim á leagan ar rannpháirtíocht thráthúil, chun an tAontas agus a chónaitheoirí agus a luachanna agus a leasanna a chosaint, agus chun rannchuidiú le síocháin agus slándáil idirnáisiúnta; de bhrí gur gá don Aontas oibriú lena chomhghuaillithe;
R. de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag coinbhleachtaí armtha ar mhná, ar chailíní agus ar ghrúpaí leochaileacha; de bhrí go bhfuil síocháin níos inbhuanaithe ann mar gheall ar rannpháirtíocht chuiditheach na mban agus na gcailíní i gcosc, i réiteach agus in atógáil coinbhleachtaí; de bhrí gur gheall institiúidí AE comhionannas inscne a phríomhshruthú faoi Phlean Gníomhaíochta III maidir le hInscne, lena n-áirítear gach réimse den Chomhbheartas Eachtrach agus Slándála (CBES) agus den Chomhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC);
S. de bhrí go ndéanfadh ról gníomhach don Pharlaimint i dtaca le comhbheartas cosanta de chuid an Aontais a dhearadh, agus comhchosaint a bhunú agus a tacaíocht pholaitiúil dó sin agus grinnscrúdú daonlathach air, dearbhú agus treisiú ar bhunchlocha ionadaíocha agus daonlathacha an Aontais;
T. de bhrí go bhfuil feidhmiú an Aontais bunaithe ar an daonlathas ionadaíoch agus de bhrí go ndéantar ionadaíocht dhíreach ar shaoránaigh AE ar leibhéal an Aontais i bParlaimint na hEorpa;
U. de bhrí gur cheart do gach institiúid AE lánúsáid a bhaint as na cumhachtaí a thugtar di leis na Conarthaí agus i gcomhréir leis na nósanna imeachta, na coinníollacha agus na cuspóirí a leagtar amach iontu; de bhrí gur cheart do na hinstitiúidí comhar dílis frithpháirteach a chleachtadh;
V. de bhrí go gcumhdaíonn inniúlacht an Aontais i gcúrsaí CBES gach réimse den bheartas eachtrach agus gach ceist a bhaineann le slándáil an Aontais, lena n-áirítear comhbheartas cosanta a chumadh go comhleanúnach, a bhféadfadh comhchosaint teacht as nuair a chinneann an Chomhairle Eorpach amhlaidh, ag gníomhú di d’aon toil, i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 42(2) CAE;
W. de bhrí go sainmhínítear ról sonrach na Parlaiminte i mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais sna Conarthaí;
X. de bhrí gur cheart do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhpháirt leis an gComhairle, a feidhm bhuiséadach a fheidhmiú sa réimse seo, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 41 CAE, agus gur cheart di a feidhm comhairliúcháin pholaitiúil a fheidhmiú amhail dá bhforáiltear in Airteagal 36 CAE;
Y. de bhrí, nuair a dhéantar cinntí sa Chomhairle Eorpach agus sa Chomhairle maidir leis an mbeartas eachtrach, slándála agus cosanta, go bhfuil feidhmeannas an Aontais Eorpaigh comhdhéanta d’Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, den Chomhairle, den Choiste Polaitiúil agus Slándála, agus de na foghníomhaireachtaí; de bhrí go luaitear in Airteagal 24 CAE go dtacóidh ‘na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le beartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí’, agus ‘go staonfaidh siad ó aon ghníomhaíocht a bheadh bunoscionn le leasanna an Aontais nó ar dóigh di a éifeachtúlacht mar fhórsa comhtháthaithe sa chaidreamh idirnáisiúnta a dhochrú’;
Z. de bhrí gurb í an Pharlaimint an t-aon institiúid ar féidir léi feidhm an rialaithe pholaitiúil agus na maoirseachta polaitiúil a fheidhmiú go dlisteanach ar an bhfeidhmeannas ar leibhéal an Aontais;
AA. de bhrí gur cheart go mbeadh an doimhniú ar an gcomhar cosanta i measc na mBallstát ar leibhéal an Aontais ag gabháil le neartú an ghrinnscrúdaithe agus an rialaithe pharlaimintigh ag Parlaimint na hEorpa agus na parlaimintí náisiúnta;
AB. de bhrí go ndéanfaidh Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR), in éineacht leis an gCoimisiún más iomchuí, a tuairimí mionsonraithe a thabhairt don Pharlaimint maidir leis na moltaí thíos, go háirithe i gcás ina bhfuil siad sin nasctha le feidhm rialaithe bhuiséadaigh agus pholaitiúil na Parlaiminte ar bheartas eachtrach, slándála agus cosanta an Aontais;
AC. de bhrí gur cheart don chomhar idir na Ballstáit agus comhpháirtithe faoi Airteagail 42(2), 45 agus 46 CAE tairbhe a bhaint as an gcéannacht dhlíthiúil, as na pribhléidí agus as na díolúintí a chuirtear ar fáil leis na Conarthaí;
AD. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an Aontas sochaithe síochánta agus cuimsitheacha le haghaidh forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, rochtain ar cheartas a chur ar fáil do chách agus institiúidí éifeachtacha, cuntasacha agus cuimsitheacha a fhorbairt ar gach leibhéal;
AE. de bhrí nach mór don Aontas, in éineacht lena chomhghuaillithe, féachaint lena ord síochána agus slándála a chaomhnú chun an tsíocháin agus an tslándáil atá tuillte acu a chur ar fáil don mhór-roinn agus dá chónaitheoirí; de bhrí gur nochtadh lochtanna na hailtireachta slándála domhanda atá ann faoi láthair leis an gcogadh san Úcráin;
AF. de bhrí, mar gheall ar nádúr ilghnéitheach ghníomhaíochtaí naimhdeacha na Rúise, go bhfuil sé tábhachtach smaoineamh agus dearadh a dhéanamh ar chosaint Eoraip atá saor ar bhealach iomlánaíoch, lena n-áirítear na réimsí criticiúla uile, ó chosaint, comhar idirnáisiúnta, na meáin agus bonneagar sibhialtach criticiúil, teicneolaíocht, slabhraí soláthair agus fuinneamh;
AG. de bhrí go bhfuil an tAontas ag féachaint ar an mbagairt is dírí ar a shlándáil chríochach ó dheireadh an Dara Cogadh Domhanda; de bhrí gur léiríodh leis an ngéarchéim reatha go bhfuil gá le plé ar bhuiséad AE, go háirithe i bhfianaise an phlé leanúnaigh maidir leis an gcineál trealaimh mhíleata nó tacaíochta míleata is féidir leis an Aontas a sholáthar;
AH. de bhrí nach mór an bhréagaisnéis agus an bholscaireacht a chomhrac go práinneach, go dleathach agus go teicniúil, go háirithe i dtíortha is iarrthóirí AE agus tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí sna Balcáin Thiar agus i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir;
AI. de bhrí gur ghlac an Chomhairle an Compás Straitéiseach i mí an Mhárta 2022; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an gCompás Straitéiseach na huirlisí a thabhairt don Aontas chun a bheith ina sholáthraí slándála éifeachtach i dtimpeallacht naimhdeach agus ina ghníomhaí domhanda níos teanntásaí don tsíocháin agus don tslándáil dhaonna;
AJ. de bhrí gur cheart gach tionscnamh AE lena ndírítear ar chosaint Eorpach a threisiú a thabhairt cothrom le dáta go rialta i gcomhréir le torthaí an Chompáis Straitéisigh agus na n-athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar an anailís ar bhagairtí;
AK. de bhrí gur cheart aon acmhainní breise a leithdháiltear chun an sprioc 2 % de OTI a chaitheamh ar chosaint a úsáid ar bhealach comhordaithe agus comhoibritheach, agus leas iomlán á bhaint as ionstraimí cosanta AE chun easnaimh chumais a shárú agus cosaint na hEorpa a neartú;
AL. de bhrí, trí leas iomlán a bhaint as na hiarrachtaí chun cumais chosanta chomhpháirteacha AE a fhorbairt, go háirithe an Buanchomhar Struchtúrtha (PESCO) agus an Ciste Eorpach Cosanta (EDF), go gcuideofar le slándáil chomhghuaillithe ECAT agus na mBallstát araon a mhéadú;
AM. de bhrí gur cheart do na Ballstáit gníomhaíochtaí neamhchomhordaithe a sheachaint a d’fhéadfadh ilroinnt agus dúbailt i mBonn Tionsclaíoch agus Teicneolaíoch na Cosanta de chuid an Aontais a ghéarú tuilleadh, agus ar an gcaoi sin úsáid níos fearr a bhaint as airgead na gcáiníocóirí;
AN. de bhrí go bhfuil forfheidhmiú smachtbhannaí fós ar cheann de na príomhghnéithe i mbosca uirlisí an Aontais chun cur i gcoinne chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine, agus de bhrí nach mór gach modh a chur ar fáil dá bhrí sin ar leibhéal AE agus ar leibhéal na mBallstát chun a áirithiú go ndéanfar smachtbhannaí a fhorfheidhmiú go hiomlán; de bhrí gur ghníomhaigh an Chomhairle go tapa agus ar bhealach aontaithe agus go bhfuil cúig phacáiste smachtbhannaí glactha aici go dtí seo i gcoinne na Rúise mar gheall ar a cogadh san Úcráin, lena n-áirítear smachtbhannaí aonair amhail reo sócmhainní agus srianta taistil, smachtbhannaí eacnamaíocha atá dírithe ar na hearnálacha airgeadais, trádála, fuinnimh, iompair, teicneolaíochta agus cosanta, srianta ar na meáin, bearta taidhleoireachta, srianta ar an gcaidreamh eacnamaíoch leis an gCrimé agus Sevastopol agus na limistéir Donetsk agus Luhansk nach bhfuil faoi rialú an rialtais, agus bearta maidir le comhar eacnamaíoch;
AO. de bhrí go bhfuil iarmhairtí tánaisteacha ag ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine a imríonn tionchar ar mhacra-leibhéal an chaidrimh idirnáisiúnta, na comhghuaillíochtaí domhanda, an táirgthe thionsclaíoch agus na slabhraí soláthair, rud a imríonn tionchar ar shlándáil an tsoláthair bia agus ar shlite beatha daoine;
AP. de bhrí go bhfuil Daon-Phoblacht na Síne, trína ráitis agus a gníomhartha, ag léiriú tacaíochta agus comhbhrón do sheasamh na Rúise, ag cur insint agus bréaga soiléire na Rúise chun cinn agus ag léiriú drogall ar cheannasacht agus iomláine chríochach na hÚcráine a fhormhuiniú go hiomlán;
AQ. de bhrí go ndéanann an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh d’aon toil, CBES a dhréachtú agus a chur chun feidhme, ach amháin i gcás ina ndéantar foráil sna Conarthaí maidir le heisceachtaí, mar a dhéantar le hAirteagal 24 CAE;
AR. de bhrí go bhfuil ról uathúil ag Parlaimint na hEorpa, mar ionadaíocht dhíreach ar shaoránaigh AE ar leibhéal an Aontais, in institiúidí AE agus go bhfuil ról lárnach aici maidir lena áirithiú go bhfuil cinnteoireacht AE, lena n-áirítear i réimse an bheartais eachtraigh, ailínithe le mianta na saoránach, mar a luaitear i dtuarascáil deiridh na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa;
1. ag moladh an mhéid seo a leanas don Chomhairle agus do Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála:
(a)
tacaíocht láidir a athdhearbhú do shláine críche na hÚcráine, do cheannasacht agus do neamhspleáchas na hÚcráine laistigh dá teorainneacha a aithnítear go hidirnáisiúnta; gach cabhair ábhartha, mhíleata, airgeadais agus dhaonnúil is gá a chur ar fáil don Úcráin, agus ullmhúchán a dhéanamh chun rannchuidiú, a mhéid is féidir, leis an tír a atógáil tar éis an chogaidh, ós rud é go bhfuil an daonlathas agus an tsaoirse ag brath ar rathúnas agus ar chobhsaíocht eacnamaíoch; ionstraim dlí a bhunú lenar féidir sócmhainní agus cistí reoite de chuid na Rúise a choigistiú agus a úsáid chun cúiteamh a dhéanamh agus chun an Úcráin a atógáil;
(b)
tógáil ar an diongbháilteacht agus ar an aontacht a léiríodh ag tús an chogaidh i gcoinne na hÚcráine agus a leibhéal uaillmhéine comhpháirteach a bhaint amach go práinneach; dul chun cinn dáiríre a dhéanamh sa bheartas eachtrach agus sa chomhar cosanta ar leibhéal an Aontais, mar a cuireadh in iúl i nDearbhú Versailles agus i gconclúidí na Comhairle an 24 agus an 25 Márta 2022;
(c)
a chomhaontú gur cheart don Leas-Uachtarán/Ardionadaí a bheith i láthair ex officio i bhformáidí caibidlíochta arna dtionscnamh nó arna stiúradh ag Ballstáit AE;
(d)
vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach do réimsí áirithe beartais eachtraigh, mar a fhoráiltear cheana sna Conarthaí, mar shampla córais smachtbhannaí pearsanta AE a ghlacadh, agus iarracht a dhéanamh vótáil trí thromlach cáilithe a leathnú chuig an mbeartas eachtrach sa Chomhairle, chun éifeachtacht bheartas eachtrach AE a mhéadú;
(e)
a áirithiú go gcloíonn na Ballstáit le prionsabail na gConarthaí, go háirithe Airteagal 24 CAE, ina luaitear go dtacóidh ‘na Ballstáit go gníomhach agus gan chuntar le beartas eachtrach agus slándála an Aontais de mheon dílseachta agus dlúthpháirtíochta frithpháirtí’;
(f)
dul chun cinn tapa a dhéanamh maidir le haontas cosanta a bhunú ag a mbeidh cuspóirí níos uaillmhianaí sa ghearrthéarma, sa mheántéarma agus san fhadtéarma trí na gníomhaíochtaí nithiúla a leagtar síos sa Chompás Straitéiseach a chur chun feidhme, a bheadh ina thúsphointe chun comhchosaint AE a chur chun feidhme, i gcomhréir leis an bhforáil a leagtar síos in Airteagal 42(2) CAE;
(g)
dlús a chur leis an gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn ar fud an domhain, go háirithe le comhghuaillithe trasatlantacha ECAT, chun an aontacht is láidre is féidir a choinneáil i gcosaint an oird idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus ar an gcaoi sin an tsíocháin, prionsabail dhaonlathacha agus urraim do chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, agus a áirithiú nach mbeidh forlámhas ag spleáchais eacnamaíocha ar chosaint chearta an duine agus ar na luachanna a seasann an tAontas dóibh; béim a leagan, go háirithe, ar chomhar den sórt sin le tíortha sa Domhan Theas agus úsáid a bhaint as comhar um fhorbairt agus as straitéis na tairsí domhanda chun na críche sin; béim a leagan ar an ngá atá le comhar idirnáisiúnta maidir le hábhair imní a bhaineann le slándáil an tsoláthair bia;
(h)
comhairle rialta aire cosanta AE a bhunú;
(i)
a áirithiú go mbeidh uathriail straitéiseach an Aontais ina aidhm uileghabhálach i ngach réimse agus ina chur chuige bunúsach iomlánaíoch i leith a bheartais eachtraigh, slándála agus cosanta agus i leith a ghníomhaíochta seachtraí, ionas go mbeidh sé in ann gníomhú ina aonar nuair is gá agus le comhpháirtithe nuair is féidir agus, dá bhrí sin, a chur ar a chumas ról tábhachtach a bheith aige ar an leibhéal idirnáisiúnta; uirlisí a chruthú chun gníomhú in aghaidh an chomhéigin eacnamaíoch agus chun biafhlaitheas agus slándáil iomlán soláthairtí fuinnimh a bhaint amach, a luaithe is féidir, chun spleáchais fuinnimh a laghdú; a áirithiú freisin go mbeidh slabhraí soláthair éagsúlaithe chun cur i gcoinne spleáchais straitéiseacha ar amhábhair; a áirithiú, sa chomhthéacs sin, go mbeidh cómhalartacht ann freisin san infheistíocht agus sa bheartas trádála;
(j)
oibriú le comhghuaillithe agus comhpháirtithe chun aghaidh a thabhairt ar iarmhairtí tánaisteacha ionsaí na Rúise i gcoinne na hÚcráine, lena n-áirítear slándáil bia i dtíortha nach bhfuil san Aontas, go háirithe i gcomharsanacht an Aontais;
(k)
cur i gcoinne feachtais bholscaireachta agus bréagaisnéise san Aontas agus ina chomharsanacht agus iad a chomhrac agus borradh a chur faoin gcomhar le comhpháirtithe i dtíortha is iarrthóirí AE agus tíortha a d'fhéadfadh a bheith ina n-iarrthóirí agus ar fud an domhain, lena n-áirítear trí na cumais dhlíthiúla agus theicniúla is gá a chur ar bun go práinneach chun é sin a dhéanamh, chun cur i gcoinne cur isteach eachtrach mailíseach, amhail cur isteach eachtrach mailíseach a rinne an Rúis roimh agus le linn a cogaidh fhoghaigh i gcoinne na hÚcráine; acmhainneachtaí Thascfhórsa Cumarsáide Straitéisí an Oirthir de chuid an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí a neartú; beartas cumarsáide atá réamhghníomhach, ilteangach agus straitéiseach a bheith acu;
A mhéid a bhaineann le hobair leantach ar ghlacadh an Chompáis Straitéisigh
(l)
ceachtanna a fhoghlaim ó úsáid na Saoráide Eorpaí Síochána chun tacú leis an Úcráin, feabhas a chur ar a cumas gníomhú agus tógáil ar shásra an tí imréitigh, a cuireadh chun feidhme den chéad uair le linn ghéarchéim na hÚcráine; machnamh a dhéanamh maidir leis an tSaoráid Eorpach Síochána a fheabhsú don chuid eile den tréimhse airgeadais 2021-2027; breithniú a dhéanamh ar bhealaí chun slándáil agus athléimneacht chomhpháirtithe comhlachaithe an Aontais a neartú trí leas a bhaint as na féidearthachtaí a d’oscail an Coiste Straitéiseach agus an cúnamh don tSeoirsia agus don Mholdóiv a mhéadú faoi chuimsiú na Saoráide Eorpaí Síochána;
(m)
plé a sheoladh go práinneach d’fhonn saoráid airgeadais sheachbhuiséid eile a bhunú lena dtabharfaí aghaidh ar shaolré iomlán na gcumas míleata ar leibhéal an Aontais ó thaighde agus forbairt chomhoibríoch agus soláthar comhpháirteach go cothabháil chomhpháirteach, oiliúint agus slándáil soláthair;
(n)
comhroinnt faisnéise agus comhar i measc na mBallstát, lena n-áirítear ar leibhéal an Aontais, agus le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo a fheabhsú agus a uasghrádú go suntasach; feabhas a chur ar acmhainní airgeadais agus teicniúla agus ar chumais Lárionad Faisnéise agus Staide an Aontais Eorpaigh agus European Union Military Staff Intelligence Directorate [Stiúrthóireacht Faisnéise Foirne Míleata an Aontais Eorpaigh]; tabhairt faoi nuashonruithe córasacha, rialta agus níos minice a dhéanamh ar an anailís ar bhagairtí mar a gealladh sa Chompás Straitéiseach; á chur i bhfáth gur cheart don anailís ar bhagairtí cultúr straitéiseach an Aontais a neartú agus treoir a chur ar fáil maidir le tosaíocht a thabhairt do chuspóirí beartais i réimse na slándála agus na cosanta;
(o)
cistiú buan ón Aontas a bhronnadh ar Lárionad Satailítí an Aontais chun a chur ar a chumas leanúint dá ranníocaíochtaí le haghaidh gníomhaíochtaí an Aontais i réimsí na n-íomhánna spáis agus an bhailithe faisnéise, lena n-áirítear chun tacú le misin agus oibríochtaí CBSC;
(p)
obair a dhéanamh go pras ar chur chun feidhme na ngnéithe is práinní den Chompás Straitéiseach, lena n-áirítear Airteagal 42(7) CAE a oibríochtú tuilleadh, agus creat bunreachtúil sonrach agus socruithe slándála na mBallstát uile á gcur san áireamh, agus céimeanna nithiúla a ghlacadh chun athléimneacht an bhonneagair chriticiúil san Aontas a neartú, slándáil an tsoláthair a fheabhsú, gealltanais bheachta dhaingne a fháil ó na Ballstáit maidir le caiteachas cosanta níos fearr agus iarrachtaí comhpháirteacha chun aghaidh a thabhairt ar easnaimh chumais, go háirithe i réimse na gcumasóirí straitéiseacha, na hoiliúna comhpháirtí agus an oideachais mhíleata, iarrachtaí feabhsaithe chun borradh a chur faoin gcumarsáid straitéiseach, agus bosca uirlisí neartaithe chun dul i ngleic le bagairtí hibrideacha agus cibearbhagairtí agus chun bréagaisnéis a chomhrac; beartas cibearchosanta an Aontais a fhorbairt tuilleadh; obair a dhéanamh ar shannadh comhchoiteann a bhunú le haghaidh cibirionsaithe mailíseacha; leas iomlán a bhaint as córais chibear-smachtbhannaí an Aontais i gcoinne daoine aonair, eintitis agus comhlachtaí atá freagrach as na cibirionsaithe éagsúla atá dírithe ar an Úcráin nó a bhfuil baint acu leo; cosaint agus slándáil institiúidí san Aontas i gcoinne cibirionsaithe a fheabhsú, ar leibhéal an Aontais agus ar leibhéal na mBallstát; acmhainneachtaí cibearchosanta na gcomhlachtaí a bhfuil ról straitéiseach acu i bhfreagairt láithreach ar choinbhleachtaí a threisiú go práinneach;
(q)
an obair a chur chun cinn chun an togra le haghaidh ionstraim acmhainneachta mhear-imscartha a dhréachtú agus a oibríochtú, agus i bhfianaise a thábhachtaí atá sé d’ollstruchtúr slándála agus cosanta an Aontais, cumas oibríochtúil a bhaint amach i bhfad níos luaithe ná 2025;
(r)
athbhreithniú a dhéanamh go práinneach ar choincheap na hacmhainneachta mear-imscartha, ar coincheap é nach bhfuil uaillmhianach go leor, agus a struchtúr casta a athoibriú, ar struchtúr é nach bhfreagraíonn go leormhaith do riachtanas práinneach an Aontais maidir le haonad míleata ilnáisiúnta buan agus an-iontaofa a bheith ann agus ar cheart briogáid talún ilnáisiúnta de thart ar 5 000 trúpa agus gnéithe maidir le haer, an mhuir agus fórsaí speisialta a áireamh ann, agus ar cheart go mbeadh a phríomhghnéithe réidh le bogadh laistigh de dhá lá go trí lá;
(s)
soiléiriú a thabhairt, mar ábhar práinne, ar an gcaoi a gcuirfear Airteagal 44 CAE chun feidhme go hiarbhír chun solúbthacht CBSC a mhéadú trí chead a thabhairt do ghrúpa Ballstát toilteanach agus inniúil misin agus oibríochtaí a phleanáil agus a sheoladh faoi chreat AE thar ceann an Aontais ina iomláine;
(t)
féachaint leis an Ríocht Aontaithe a thabhairt isteach i gcreat le haghaidh comhar coiteann maidir le cúrsaí cosanta agus beartais eachtraigh trí fhorálacha ábhartha a chur leis an gComhaontú Trádála agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, chun na féidearthachtaí maidir le comhar idir AE agus an Ríocht Aontaithe a uasmhéadú;
(u)
oibriú go gasta chun ceanncheathrú mhíleata lánfheidhmiúil de chuid an Aontais a bhunú trí struchtúr an Chumas Míleata Pleanála agus Forfheidhmithe agus an Stiúrthóireacht um Chumas Pleanála agus Forfheidhmithe Sibhialta a chumasc chun ceanncheathrú oibríochtúil mhíleata shibhialta lánfheidhme a chruthú, agus an timpeallacht slándála nua á cur san áireamh;
(v)
ionad comhpháirteach um fheasacht staide a bhunú, a bheadh ina uirlis ríthábhachtach chun fadbhreathnaitheacht straitéiseach agus uathriail straitéiseach an Aontais a fheabhsú;
(w)
leas iomlán a bhaint as tionscnaimh forbartha cumais an Aontais, go háirithe CEF agus PESCO, chun stoic-chairn mhíleata na mBallstát a athlíonadh agus chun acmhainneachtaí cosanta an Aontais a fheabhsú, lena n-áirítear cosaint aeir agus diúracán, agus éifeachtúlacht PESCO a mhéadú ag an am céanna; aitheantas a thabhairt don bhreisluach a bhaineann le comhar breise le tíortha atá ar aon intinn leo maidir le tionscadail nithiúla áirithe sa chomhthéacs sin;
(x)
CBSC sibhialtach a neartú go suntasach ó thaobh pearsanra atá ar fáil, oiliúint réamh-imscartha, príomhshruthú inscne agus a bhuiséad agus a áirithiú go ndíríonn a mhisin go príomha ar riachtanais slándála, ceartais agus smachta reachta an phobail áitiúil, agus go ndéanfar maoirseacht pharlaiminteach láidir ar earnáil na slándála sibhialtaí agus trédhearcacht a ionchorprú chun nuachóiriú agus athchóiriú a dhéanamh níos inbhuanaithe;
(y)
infheistíocht a mhéadú go suntasach i rialú arm réigiúnach agus domhanda, i neamhleathadh agus i ndí-armáil, go háirithe maidir le cineálacha cur chuige iltaobhacha lena laghdaítear leathadh arm ollscriosta agus modhanna seachadta na n-arm sin;
(z)
tacú le hobair ríthábhachtach na Gníomhaireachta Idirnáisiúnta do Fhuinneamh Adamhach chun sábháilteacht shaoráidí núicléacha na hÚcráine a áirithiú; neartú a dhéanamh ar ailtireacht dhomhanda na n-arm ollscriosta maidir le neamhleathadh, dí-armáil agus rialú arm; a ullmhacht cheimiceach, bhitheolaíoch, raideolaíoch agus núicléach a neartú tuilleadh;
(aa)
tathant ar an gCoimisiún córas slándála soláthair maidir le cosaint a thíolacadh gan mhoill, mar a d’éiligh an Chomhairle Eorpach in 2013, agus atá ina ábhar práinne anois i bhfianaise na staide slándála atá ann faoi láthair;
(ab)
cuimsiú na mban agus na ngrúpaí imeallaithe a fheabhsú sa chaibidlíocht maidir le coinbhleachtaí a chosc, a réiteach, a idirghabháil agus i ndáil leis an tsíocháin ar gach bealach, agus aird ar leith a thabhairt ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban, na gcailíní agus na ngrúpaí imeallaithe sa CBES agus sa CBSC, go háirithe i gcásanna coinbhleachta;
A mhéid a bhaineann le tionchar ar mhisin agus ar oibríochtaí CBSC
(ac)
sainordú EUAM Ukraine agus Mhisean Cúnaimh Teorann an Aontais Eorpaigh (EUBAM) chuig an Moldóiv agus chuig an Úcráin a athbhreithniú agus a neartú, más gá agus gan mhoill, i gcomhréir leis na riachtanais a chuir údaráis na hÚcráine agus na Moldóive in iúl, chun dul in oiriúint don réaltacht gheopholaitiúil nua agus chun tacú go pras agus go héifeachtúil le húdaráis na hÚcráine agus na Moldóive;
(ad)
obair a dhéanamh chun a áirithiú go ndéanfar na rúin ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe a athnuachan lena gcuirfear ar chumas oibríochtaí CBSC cúraimí criticiúla a dhéanamh don tslándáil dhomhanda;
(ae)
feabhas a chur ar bhunú fórsaí agus neartú a dhéanamh ar an bhfoireann, ar an acmhainneacht freagartha, ar na hacmhainní agus ar an gcumarsáid straitéiseach do mhisin agus d’oibríochtaí uile CBSC, go háirithe iad siúd a ndéanann timpeallacht bhagartha meathlaithe difear dóibh, go háirithe Misean Faireacháin an Aontais Eorpaigh sa tSeoirsia agus Oibríocht ALTHEA sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin, sa chás deireanach sin trína áirithiú go mbeidh fáil ar chúltacaí leordhóthanacha agus go mbeidh siad ullamh go leordhóthanach i gcás ina dtiocfaidh meath ar an staid slándála sa Bhoisnia agus sa Heirseagaivéin;
(af)
feabhas a chur ar acmhainneacht faisnéise le haghaidh oibríochtaí CBSC ar an láthair agus feasacht staide a threisiú;
(ag)
athléimneacht mhisin agus oibríochtaí CBSC ar an láthair i gcoinne cibirionsaithe agus ionsaithe hibrideacha a neartú, amhail feachtais bhréagaisnéise atá ceaptha chun dochar a dhéanamh dá n-inchreidteacht i dtuairim na bpobal áitiúil;
(ah)
a éileamh go dtacóidh tíortha, ina n-imscartar misin agus oibríochtaí CBSC AE, le fothú acmhainneachta do na misin agus oibríochtaí sin ionas gur féidir deireadh a chur lena gconarthaí le cuideachtaí príobháideacha slándála míleata a líomhnaítear go bhfuil baint acu le sáruithe ar chearta an duine;
A mhéid a bhaineann le comhar idir an tAontas agus ECAT
(ai)
an obair ar thríú Dearbhú suntasach Comhpháirteach AE-ECAT a thabhairt chun críche go pras agus a áirithiú go gcuirfear cuspóirí agus tosaíochtaí an Chompáis Straitéisigh san áireamh go cuí nuair a dhréachtófar Coincheap Straitéiseach ECAT agus nuair a ghlacfar é ina dhiaidh sin ag Cruinniú Mullaigh Mhaidrid; a áirithiú go ndéanfar an Compás Straitéiseach agus coincheap straitéiseach ECAT a ailíniú agus go mbeidh méadú ar chomhlántacht straitéiseach mar thoradh air;
(aj)
méadú suntasach a dhéanamh ar mhaoiniú agus dlús a chur le cur chun feidhme tionscadal a bhaineann leis an tionscadal soghluaisteachta míleata ríthábhachtach i ndlúthchomhar le ECAT; béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé bonneagar iompair na hEorpa a fheabhsú agus nósanna imeachta custaim a shruthlíniú ionas gur féidir trúpaí a imscaradh ar fud na hEorpa go tráthúil;
(ak)
teagmháil a dhéanamh laistigh den Aontas agus le ECAT, le tíortha ábhartha nach bhfuil san Aontas Eorpach agus leis an Úcráin féin chun ráthaíochtaí slándála don Úcráin a phlé;
(al)
Ballstáit AE a spreagadh chun a mbuiséid agus a n-infheistíochtaí cosanta a mhéadú agus chun sprioc ECAT 2 % den OTI a chaitheamh ar an gcosaint a aithint, chun na bearnaí cumais atá ann cheana a dhúnadh agus chun cosaint chuí a áirithiú do chónaitheoirí AE i bhfianaise na bagartha míleata méadaithe atá á cruthú ag an Rúis i ngarchomharsanacht an Aontais;
(am)
spreagadh a thabhairt chun láithreacht fheabhsaithe ECAT a neartú tuilleadh sna Ballstáit AE is gaire go geografach d’ionsaitheoir na Rúise agus don choinbhleacht;
A mhéid a bhaineann le méadú agus caidreamh le tíortha sa chomharsanacht Eorpach
(an)
aitheantas a thabhairt go bhfuil lánpháirtiú Eorpach na mBalcán Thiar ríthábhachtach do chobhsaíocht agus do shlándáil fhadtéarmach an Aontais Eorpaigh, agus is é sin an fáth gur mian leis an bParlaimint ionchas inchreidte a thabhairt do na tíortha sin dul isteach in AE; iarraidh go dtabharfaí níos mó cúnaimh pholaitiúil agus eacnamaíoch do chomhar trádála agus slándála níos dlúithe le comhpháirtithe an Aontais sna Balcáin Thiar agus i dtíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir, lena n-áirítear i réimsí na cogaíochta ceimicí, bitheolaíocha, raideolaíocha agus núicléacha, na cibearshlándála agus athléimneacht eintiteas criticiúil, mar chuid de bheartas comharsanachta na hEorpa;
(ao)
athbhreithniú a dhéanamh ar bheartas comharsanachta na hEorpa agus é mar aidhm leis measúnú críochnúil a dhéanamh ar thionchar chogadh na Rúise i gcoinne na hÚcráine ar chomhar laistigh de Chomhpháirtíocht an Oirthir; ina theannta sin, tograí a fhorbairt maidir le conas leanúint de na naisc le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a neartú i gcomhthéacs ina léirítear ionsaí míleata follasach agus bagairtí inláimhsithe slándála eile, feachtais bhréagaisnéise spriocdhírithe, agus iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na coimhlinte leis an Rúis, lena n-áirítear do thoilmhianta Eorpacha na Moldóive agus na Seoirsia agus don dul chun cinn leanúnach maidir le hathchóirithe gaolmhara;
(ap)
láithreacht taidhleoireachta agus rannpháirtíocht taidhleoireachta an Aontais a threisiú i dtíortha a léiríonn spéis sa chomhar feabhsaithe leis an Aontas, go háirithe tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir agus tíortha sna Balcáin Thiar, agus i dtíortha ina gcuireann cur isteach na Rúise a gcobhsaíocht, a slándáil nó a gconair dhaonlathach i mbaol;
(aq)
straitéis an Aontais um méadú a neartú go práinneach agus a áirithiú ag an am céanna go rannchuidíonn an beartas um méadú, na hionchais aontachais agus an próiseas aontachais leis an tslándáil agus leis an gcobhsaíocht, leis an daonlathas agus leis an smacht reachta a neartú, agus leis an rathúnas eacnamaíoch agus sóisialta, agus le hinchreidteacht, comhleanúnachas agus éifeachtacht ghníomhaíocht AE agus chomhtháthú inmheánach AE a choinneáil ar bun;
A mhéid a bhaineann le grinnscrúdú parlaiminteach
(ar)
an Pharlaimint a dhéanamh rannpháirteach i gcur chun feidhme agus grinnscrúdú cuí agus breise i ndáil leis an tSaoráid Eorpach Síochána, ar ionstraim sheachbhuiséid í; a áirithiú go bhfuil an Pharlaimint rannpháirteach go fóinteach i ngrinnscrúdú, i gcur chun feidhme agus in athbhreithniú rialta an Chompáis Straitéisigh; malartuithe a chothú le hairí náisiúnta i bParlaimint na hEorpa ar ábhair ar tosaíochtaí reatha an AE iad; ról tábhachtach na bparlaimintí náisiúnta sna Ballstáit a thabhairt chun cuimhne, béim a chur ar an bpríomhról is féidir le Tionól Parlaiminteach ECAT a imirt agus iarraidh go ndéanfar caidreamh na Parlaiminte le Tionól Parlaiminteach ECAT a neartú tuilleadh;
(as)
comhaontú déthaobhach an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, ina leagfar amach gach gné den chaidreamh, a chur in ionad an dearbhaithe aontaobhaigh;
A mhéid a bhaineann le hábhair bhuiséadacha
(at)
go mbeadh sé mar chuspóir feidhm bhuiséadach chuimsitheach a bheith ag an bParlaimint i mbeartas slándála eachtraí agus cosanta, dá bhforáiltear in Airteagal 14(1), 16(1) agus 41 CAE, go háirithe maidir le cinntí arna ndéanamh de bhun Airteagal 42(2), 45 agus 46 CAE;
(au)
AE agus a chuid Ballstát a spreagadh chun seasamh leis an toil pholaitiúil a cuireadh in iúl le Dearbhú Versailles, agus tacú go láidir le leibhéal uaillmhéine na teachtaireachta comhpháirtí dar dáta an 18 Bealtaine 2022 maidir le bearnaí san infheistíocht i réimse na cosanta agus an bealach chun cinn, agus é a fheabhsú, chun na bearnaí a sainaithníodh sa teachtaireacht sin agus san athbhreithniú comhordaithe bliantúil ar chosaint a dhúnadh go tapa agus an fíor-bhreisluach Eorpach á áirithiú; dá bhrí sin measúnuithe iomchuí a dhéanamh ar acmhainní comhchoiteanna airgeadais an Aontais agus ar na hionstraimí is gá le haghaidh beartas slándála agus cosanta an Aontais a bheith níos éifeachtaí agus níos inchreidte, agus tacaíocht á tabhairt freisin ar na féidearthachtaí le haghaidh sineirgí le cistí eile de chuid an Aontais, amhail CEF a chomhlánú le tascfhórsa soláthair chomhpháirtigh agus le sásra soláthair chomhpháirtigh, agus ar an gcaoi sin slándáil Bhallstáit an Aontais a neartú, agus slándáil leordhóthanach a sholáthar do gach duine san Aontas;
(av)
leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí maidir le cistiú ó bhuiséad an Aontais dá bhforáiltear sna Conarthaí, mar a mholtar sa teachtaireacht chomhpháirteach ar bhearnaí infheistíochta cosanta agus an bealach chun cinn, chun athbhreithniú a éascú agus a dhéanamh ar na féidearthachtaí maidir le cistiú i gcomhthéacs an athbhreithnithe mheántéarmaigh ar an gcreat airgeadais ilbhliantúil d’fhonn na cistí méadaithe is gá le haghaidh ionstraimí AE agus tionscnaimh ábhartha de chuid an Aontais a sholáthar i réimse na cosanta; CEF a neartú agus líon agus ábharthacht na dtionscadal comhoibríoch sa tionscal cosanta a mhéadú; an t-ualach maorlathach ar chuideachtaí a dhéanann iarratas ar ghlaonna ar thairiscintí a laghdú, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide; an tSaoráid Eorpach Síochána agus an tionscadal Soghluaisteachta Míleata a leathnú; éascú a dhéanamh ar mhaoiniú bunú fórsaí le haghaidh oibríochtaí CBSC, imscarthaí míleata agus freachnaimh bheo; agus na bearta atá molta a chur chun feidhme go pras mar rannchuidiú an Choimisiúin le haghaidh cosaint na hEorpa;
(aw)
a áirithiú go n-áireofar sa togra buiséid do 2023 cistiú iomchuí don Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint, do Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh, do PESCO, don Mhear-Imscaradh AE atá beartaithe faoi bhuiséad CBES agus, faoin teideal céanna agus faoi theidil eile de réir mar is iomchuí, cistiú le haghaidh na ndreasachtaí dá dtagraítear thuas i gcomhréir leis na Conarthaí;
(ax)
iarrachtaí fógartha na mBallstát a shruthlíniú agus a chomhordú chun caiteachas cosanta a mhéadú, agus plean comhpháirteach an Choimisiúin agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí a fhorbairt go tapa le haghaidh chomhsholáthar AE ar chórais mhíleata, chun an leibhéal comhsheasmhachta agus tionchair is fearr ar shlándáil chomhchoiteann agus ar chosaint chríochach na hEorpa a bhaint amach, d’fhonn dúbláil agus ilroinnt a sheachaint;
(ay)
feabhas a chur ar dheiseanna maoinithe do thionscal cosanta na hEorpa trí threalamh míleata a bhaint de liosta gníomhaíochtaí eisiata an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta;
A mhéid a bhaineann leis an Úcráin
(az)
airm a sholáthar, gan mhoill, i gcomhréir leis na riachtanais a chuir údaráis na hÚcráine in iúl, go háirithe trí úsáid a bhaint as an tSaoráid Eorpach Síochána agus as sásra an tí imréitigh, agus faoi chomhaontuithe déthaobhacha na mBallstát leis an Úcráin;
(ba)
a aithint go n-aithnítear le Dearbhú Versailles toilmhianta Eorpacha na hÚcráine agus a hiarratas ar bhallraíocht AE agus go ndeonaíonn sé stádas mar iarrthóir AE di mar chomhartha polaitiúil soiléir na dlúthpháirtíochta le muintir na hÚcráine;
(bb)
a threisiú go bhfuil an ceart ceannasach ag an Úcráin, cosúil le haon tír eile, cinntí a dhéanamh faoina comhghuaillíochtaí polaitiúla agus faoina lánpháirtiú eacnamaíoch ina haonar, gan cur isteach ó thíortha eile;
(bc)
tacú leis an imscrúdú ar choireanna cogaidh a rinne an Rúis san Úcráin, lena n-áirítear trí bhinse speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a iarraidh; a áirithiú go dtabharfar déantóirí coireanna cogaidh agus sáruithe ar chearta an duine chun cuntais agus a iarraidh ar an Aontas agus ar a Bhallstáit cabhrú leis an Úcráin ina cuid imscrúduithe idirnáisiúnta ar choireacht chogaidh;
A mhéid a bhaineann le smachtbhannaí
(bd)
a áirithiú go ndéanfar faireachán cuimsitheach ar smachtbhannaí an Aontais agus ar a gcur chun feidhme agus treoir a eisiúint do na Ballstáit maidir le conas na smachtbhannaí sin a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú i gceart; smachtbhannaí tánaisteacha a achtú ar eintitis agus ar thíortha neamh-AE a éascaíonn go gníomhach smachtbhannaí an Aontais i gcoinne na Rúise a sheachaint; oibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta chun mionstaidéar a dhéanamh ar thionchar na smachtbhannaí ar an Rúis go dtí seo; teagmháil a dhéanamh le tíortha nach bhfuil san Aontas agus go háirithe le tíortha is iarrthóirí ar bhallraíocht san Aontas agus ailíniú níos fearr le bearta sriantacha an Aontais a spreagadh;
(be)
cumas an Choimisiúin a neartú chun bearta sriantacha a chur chun feidhme agus príomhstaidrimh sheachtainiúla a fhoilsiú;
(bf)
aghaidh a thabhairt ar na leibhéil éagsúla de chur chun feidhme smachtbhannaí spriocdhírithe i gcoinne daoine aonair atá nasctha leis an gCreimil ar fud na mBallstát agus tionchar a imirt ar na Ballstáit sin nach bhfuil sé déanta acu cheana chun an cúnamh míleata, airgeadais agus daonnúil uile is gá a thabhairt don Úcráin agus chun trádbhac iomlán a fhorchur ar allmhairí gáis, ola agus guail na Rúise isteach san Aontas;
(bg)
ionsaí taidhleoireachta a imscaradh i ngach stát a staon nó a vótáil i gcoinne rúin Chomhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe chun a thromchúisí atá ionsaí na Rúise agus an gá atá le freagairt d’aon toil ón gcomhphobal idirnáisiúnta a mhíniú;
(bh)
cur chuige iomlánaíoch a shaothrú i leith Chónaidhm na Rúise agus éirí as aon rannpháirtíocht roghnaitheach le Moscó i bhfianaise na n-ainghníomhartha agus na gcoireanna cogaidh a bheartaigh scothaicmí polaitiúla na Rúise agus a rinne trúpaí na Rúise, a gcuid seach-ionadaithe agus a gcuid amhas san Úcráin agus in áiteanna eile; na cinnteoirí atá freagrach as na gníomhartha sin a thabhairt chun cuntais agus iad a thabhairt faoi réim an cheartais idirnáisiúnta;
2. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála.