Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Iúil 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023 (COM(2022)0282 – C9-0195/2022 – 2022/0179(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023 (COM(2022)0282),
– ag féachaint d’Airteagal 140(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Thuarascáil 2022 ón gCoimisiún maidir le Cóineasú agus do Thuarascáil mhí an Mheithimh 2022 ón mBanc Ceannais Eorpach maidir leCóineasú,
— ag féachaint do rún uaithi an 1 Meitheamh 2006 maidir le méadú an limistéir euro(1),
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Meitheamh 2007 maidir le feabhas a chur ar an modh chun dul i gcomhairle leis an bParlaimint i nósanna imeachta a bhaineann le méadú an limistéir euro(2),
– ag féachaint do Riail 106 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0187/2022),
A. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 140 CFAE maidir le gnóthú ardleibhéil cóineasaithe inbhuanaithe faoi threoir chomhlíonadh na gcritéar seo a leanas ag gach Ballstát: gnóthú ardleibhéil cobhsaíochta praghsanna; inbhuanaitheacht riocht airgeadais an rialtais, nach bhfuil an Ballstát faoi réir nós imeachta um easnamh iomarcach mar a thuairiscítear i bPrótacal Uimh. 12 atá i gceangal leis na Conarthaí; urramú na ngnáthlamhálacha luaineachta dá bhforáiltear leis an sásra ráta malairte; agus marthanacht an chóineasaithe arna ghnóthú ag an mBallstát agus ag rannpháirtíocht an Bhallstáit i sásra ráta malairte an Chórais Eorpaigh Airgeadaíochta a bheith á léiriú i leibhéil fhadtéarmacha rátaí úis (‘critéir Maastricht’);
B. de bhrí gur chomhlíon an Chróit critéir Maastricht i gcomhréir le hAirteagal 140 CFAE agus Prótacal Uimh. 13 maidir leis na critéir um chóineasú atá i gceangal leis na Conarthaí, agus go bhfuil meastóireacht déanta ag an gCoimisiún agus ag an mBanc Ceannais Eorpach (BCE) ar reachtaíocht na Cróite mar reachtaíocht atá ag teacht go hiomlán le ceanglais CFAE agus Reacht an Chórais Eorpaigh Banc Ceannais agus an Bhainc Cheannais Eorpaigh;
C. de bhrí go n-iarrtar in CFAE go ndéanfaí scrúdú ar thosca eile atá ábhartha do chomhtháthú agus cóineasú eacnamaíoch agus atá le cur san áireamh sa mheasúnú, lena n-áirítear forbairtí i gcomhardú íocaíochtaí agus comhtháthú margaí táirgí, saothair agus airgeadais; de bhrí go measann an Coimisiún go gcomhlíonann an Chróit na coinníollacha chun an euro a ghlacadh, comh maith leis na critéir bhreise;
D. de bhrí, bunaithe ar chleachtas coiteann, agus mar a rinneadh roinnt uaireanta roimhe seo, chun an critéar cobhsaíochta praghsanna a mheasúnú, go ndéanann an Coimisiún na tíortha siúd nach bhféadfaí a rátaí boilscithe a mheas mar thagarmharc fóinteach do Bhallstáit eile a eisiamh ó na tíortha is fearr feidhmíocht, agus go bhfuil dhá Bhallstát eisithe ón measúnú aige, mar sin, maidir le bheith ina dtíortha is fearr feidhmíocht;
E. de bhrí go raibh tionchar ag na himthosca atá ann faoi láthair, amhail an méadú ar phraghsanna fuinnimh agus ionradh neamhdhleathach na Rúise agus ionradh na hÚcráine gan chosaint, ar roinnt táscairí a úsáideadh sna tuarascálacha cóineasaithe agus go mbeadh gá le machnamh leormhaith a dhéanamh ar a gcur chun feidhme; de bhrí, maidir le cloí leis na critéir sin, go rannchuidíonn sé le comhtháthú san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta agus le cobhsaíocht fhadtéarmach an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta;
F. de bhrí, le teacht i bhfeidhm an chreata dlúthchomhair ar an 1 Deireadh Fómhair 2020, gur tugadh an fhreagracht do BCE as maoirseacht dhíreach a dhéanamh ar ocht n-institiúid thábhachtacha agus as maoirseacht a dhéanamh ar 15 institiúid ar lú a dtábhacht sa Chróit;
G. de bhrí gur gheall an Chróit roinnt beart a chur chun feidhme tar éis di teacht isteach sa Sásra Ráta Malairte (ERM II) i mí Iúil 2020 sna ceithre réimse seo a leanas: frithsciúradh airgid, an timpeallacht ghnó, rialachas na hearnála poiblí agus creat dócmhainneachta;
H. de bhrí gur thug an Rapóirtéir cuairt ar an gCróit chun measúnú a dhéanamh ar ullmhacht na tíre teacht isteach sa limistéar euro;
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;
2. ag tacú le glacadh an euro ag an gCróit an 1 Eanáir 2023;
3. á thabhairt dá haire go gcomhlíonann an Chróit na critéir go léir chun an euro a ghlacadh mar thoradh ar iarrachtaí uaillmhianacha, diongbháilte, inchreidte agus inbhuanaithe ag Rialtas na Cróite agus ag muintir na Cróite;
4. á thabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún agus BCE na measúnuithe dearfacha i gcomhthéacs thurraing COVID-19, a bhí níos faide ná mar a bhíothas ag dréim leis, agus an téarnaimh eacnamaíoch a bhí ann ina dhiaidh sin in 2021; á thabhairt dá haire, áfach, go raibh tionchar teoranta ag ionradh gan chúis agus neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin a thosaigh an 24 Feabhra 2022 ar na sonraí stairiúla a úsáideadh chun na tuarascálacha cóineasaithe a ullmhú; á chur in iúl go bhfuil sí suite de, dá bhrí sin, go bhfuil an Chróit go hiomlán ullamh an euro a ghlacadh amhail ón 1 Eanáir 2023;
5. á chur i bhfios go láidir, in ainneoin na staide eacnamaíche deacra a tháinig as an ngéarchéim sláinte agus as an méadú is déanaí ar phraghsanna fuinnimh, gurb ionann glacadh an euro agus comhlíonadh na gcritéar is riachtanach ag an gCróit agus comhartha polaitiúil láidir maidir le hinmharthanacht agus tarraingteacht airgeadra aonair an Aontais; á chur in iúl, mar sin, gur díol sásaimh di na hiarrachtaí leanúnacha atá déanta ag Rialtas na Cróite i ndáil leis sin; ag creidiúint go gcuirfidh tabhairt isteach an euro ag an gCróit le teacht aniar agus le haontacht an Aontais agus go gcuirfidh sí lena híomhá dhearfach sa réigiún, go háirithe ós rud é gurb é sin an chéad phróiseas comhtháthaithe suntasach de chuid an Aontais tar éis Brexit;
6. á thabhairt chun suntais go neartóidh tabhairt isteach an euro geilleagar na Cróite agus go rachaidh sé chun tairbhe a muintire agus a cuid cuideachtaí, mar go mbeidh geilleagar na tíre níos athléimní, go meallfar níos mó infheistíochta coigríche, go méadófar muinín infheisteoirí idirnáisiúnta agus go laghdófar malartuithe airgeadra, a mbeidh éifeacht ábhartha acu in earnáil ríthábhachtach na turasóireachta sa tír;
7. á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag rialtas na Cróite maidir le hacmhainneacht institiúideach na Cróite a neartú, na hiarrachtaí chun an timpeallacht ghnó a fheabhsú, agus maidir le hathchóirithe struchtúracha a chur chun feidhme go héifeachtach agus go héifeachtúil, arb athchóirithe iad a rannchuidíonn le fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus cuimsitheach; á chur in iúl gur geal léi go háirithe na hiarrachtaí chun neamhspleáchas institiúideach Hrvatska narodna banka a neartú; á iarraidh ar údaráis na Cróite leanúint den chreat institiúideach a neartú chun cáilíocht rialála a áirithiú;
8. á iarraidh go gcuirfear athchóirithe agus infheistíochtaí Phlean na Cróite don Athléimneacht agus don Téarnamh chun feidhme go pras agus go héifeachtach, rud a chuirfidh borradh faoin bhfás agus a neartóidh a comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach;
9. á chur i bhfios go láidir go rannchuidíonn an cóineasú sa mhaoirseacht baincéireachta le cobhsaíocht airgeadais a choimirciú trína áirithiú go gcuirfear caighdeáin aonfhoirmeacha mhaoirseachta i bhfeidhm; á thabhairt chun suntais ina theannta sin, gur áirithigh an Chróit, trí dhlúthchomhar le BCE, go mbeadh bealach rianúil ann chun dul isteach san Aontas Baincéireachta;
10. á iarraidh ar údaráis na Cróite leanúint dá bhfeachtas maith faisnéise agus cumarsáide maidir le glacadh an euro;
11. á iarraidh ar údaráis na Cróite leanúint de na hullmhúcháin phraiticiúla atá ar siúl faoi láthair chun próiseas rianúil athraithe a áirithiú;
12. á thabhairt dá haire, de réir Thuarascáil 2022 ón gCoimisiúin maidir le Cóineasú, go bhfuil leibhéal cóineasaithe praghsanna leis an limistéar euro bainte amach cheana sa Chróit atá níos airde ná an leibhéal praghsanna a baineadh amach i mBallstáit eile nuair a tháinig siad isteach sa limistéar euro; ag dréim leis, dá bhrí sin, go ndéanfaidh rialtas na Cróite iarrachtaí leanúnacha chun a áirithiú go mbainfear amach tuilleadh cóineasaithe praghsanna ar bhealach inbhuanaithe agus nach dtiocfaidh méaduithe saorga ar phraghsanna mar gheall an euro a thabhairt isteach;
13. á iarraidh ar Rialtas na Cróite leanúint dá chuid gníomhaíochtaí chun an gealltanas a chomhlíonadh plean gníomhaíochta nua maidir le frithsciúradh airgid a chur chun feidhme faoi 2023;
14. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
15. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa a leasú go substaintiúil;
16. á threorú dá hUachtarán an cinneadh sin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an mBanc Ceannais Eorpach agus chuig rialtais na mBallstát.