Innéacs 
 Ar ais 
 Ar aghaidh 
 Téacs iomlán 
Nós Imeachta : 2022/2069(REG)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0203/2022

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0203/2022

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 06/07/2022 - 11.1
CRE 06/07/2022 - 11.1

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2022)0281

Téacsanna atá glactha
PDF 130kWORD 44k
Dé Céadaoin, 6 Iúil 2022 - Strasbourg
Leasú ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le Riail 216 maidir le cruinnithe coiste
P9_TA(2022)0281A9-0203/2022

Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 6 Iúil 2022 ar leasú ar Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa a bhaineann le Riail 216 maidir le cruinnithe coiste (2022/2069(REG))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don litir óna hUachtarán an 9 Meitheamh 2022,

–  ag féachaint do Rialacha 236 agus 237 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0203/2022),

1.  á chinneadh a cuid Rialacha Nós Imeachta a leasú de réir mar a léirítear anseo thíos;

2.  á chinneadh go dtiocfaidh na leasuithe seo i bhfeidhm ar an lá tar éis a nglactha:

3.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún mar eolas.

An téacs atá ann   Leasú
Leasú 1
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 216 – mír 1
1.  Tiocfaidh coiste le chéile nuair a chomórfaidh a Chathaoirleach é nó ar iarraidh ón Uachtarán.
1.  Tiocfaidh coiste le chéile nuair a chomórfaidh a Chathaoirleach é nó ar iarraidh ón Uachtarán.
Nuair atá cruinniú den sórt sin á chomóradh, féadfaidh an Cathaoirleach a chinneadh, de réir an cháis agus le formheas comhordaitheoirí is ionann le tromlach chomhaltaí an choiste, go bhféadfar freastal go cianda ar an gcruinniú freisin, seachas cruinnithe coiste atá le tionól i seomra iata.
Nuair atá an cruinniú á chomóradh, tíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréachtchlár oibre. Déanfaidh an coiste cinneadh maidir leis an gclár oibre ag tús an chruinnithe.
Nuair atá an cruinniú á chomóradh, tíolacfaidh an Cathaoirleach a dhréachtchlár oibre, ina luafar cibé acu an bhféadfar nó nach bhféadfar freastal go cianda ar an gcruinniú. Déanfaidh an coiste cinneadh maidir leis an gclár oibre ag tús an chruinnithe.
Leasú 2
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 216 – mír 4
4.  Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2) maidir le leithdháileadh ama labhartha.
4.  Beidh feidhm mutatis mutandis maidir le coistí ag Riail 171(2). Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an dara habairt de Riail 171(2) maidir le Feisirí atá ag freastal go cianda ar an gcruinniú.
Leasú 3
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
Riail 216 – mír 5 a (nua)
5a.  I gcás rannpháirtíocht chianda, áiritheofar:
—  go mbeidh na Feisirí in ann a sainordú parlaiminteach a fheidhmiú, lena n-áirítear, go háirithe, a gceart labhairt sna coistí gan bhac;
—  go mbeidh na réitigh teicneolaíochta faisnéise a chuirfear ar fáil ‘neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de’;
—  go mbainfear úsáid as modhanna leictreonacha slána a ndéanann seirbhísí na Parlaiminte bainistiú agus maoirseacht orthu go díreach agus go hinmheánach;
—  go gcuirfear an caighdeán fuaime agus físe is gá ar fáil leis an trealamh teicniúil; agus
—  go ndéanfar an idirghabháil ó áit iomchuí.
An nuashonrú is déanaí: 30 Samhain 2022Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais