Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta (COM(2021)0054 – C9-0020/2021 – 2021/0031(COD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0054),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0020/2021),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 10 Nollaig 2021 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0282/2021),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 8 Márta 2022 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2022/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 138/2004 a mhéid a bhaineann le cuntais eacnamaíochta réigiúnacha na talmhaíochta
(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2022/590.)
Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú - EGF/2021/006 ES/Cataluña Automotive - an Spáinn
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh tar éis iarratas ón Spáinn – EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive (COM(2022)0020 – C9-0015/2022 – 2022/0010(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0020 – C9‑0015/2022),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2) (‘Rialachán CAI’), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0038/2022),
A. de bhrí go ndearna an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha a chur ar bun chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe atá buailte ag iarmhairtí an domhandaithe agus na n-athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar an digitiú nó uathoibriú;
B. de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe arb é is aidhm dóibh tairbhithe a athimeascadh go mear i bhfostaíocht chuibhiúil inbhuanaithe, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach a bheidh níos glaise agus níos digití;
C. de bhrí gur thíolaic an Spáinn iarratas EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive ar ranníocaíocht airgeadais ó CED, tar éis do 705 oibrí a bheith curtha ar iomarcaíocht san earnáil eacnamaíoch a aicmítear(4) faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 29 (Monarú mótarfheithiclí, leantóirí agus leathleantóirí) i réigiún NUTS 2 Cataluña (ES51) sa Spáinn, laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2021;
D. de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 346 oibrí iomarcacha ar tháinig a ngníomhaíocht chun deiridh le linn na tréimhse tagartha san earnáil eacnamaíoch, agus gur cuireadh 359 oibrí ar iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh mar thoradh ar na teagmhais chéanna a spreag deireadh le gníomhaíocht na n-oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha agus go measfar, dá bhrí sin, gur tairbhithe incháilithe iad freisin;
E. de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála in Airteagal 4(2), pointe (b), de Rialachán CED, faoina gceanglaítear scor gníomhaíochta de 200 oibrí iomarcach ar a laghad le linn tréimhse thagartha 6 mhí i bhfiontair atá ag oibriú san earnáil eacnamaíoch chéanna arna sainiú ag rannán NACE Athbhreithniú 2 agus atá lonnaithe i réigiún amháin nó dhá réigiún theorantacha arna sainiú ar leibhéal NUTS 2 i mBallstát;
F. de bhrí gur fhógair Nissan, an 28 Bealtaine 2020, go ndúnfaí a ghléasra in Barcelona, lenar fágadh gur cuireadh 2 500 oibrí de chuid an ghléasra ar iomarcaíocht agus gur cailleadh 8 000 post i measc a soláthraithe; de bhrí go bhfuil na hiomarcaíochtaí dá dtagraítear san iarratas seo comhchruinnithe i gceithre chontae de chúige Barcelona (Barcelonès, Alt Penedés, Baix Llobregat agus Vallés Oriental), contaetha ina bhfuil líon mór comhlachtaí in earnáil na ngluaisteán suite; de bhrí, maidir le líon na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht de bharr nós imeachta comhchoiteann iomarcaíochta idir mí Eanáir agus mí an Mheithimh 2021 sa Chatalóin (7 993 dhuine), gur mó an líon sin ná líon na n-oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht sa bhliain 2020 (7 936 dhuine), agus gur tháinig méadú ar scriosadh na fostaíochta sa réigiún le linn na tréimhse 2018-2020;
G. de bhrí nach rachaidh CED thar uasmhéid bliantúil EUR 186 000 000 (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán CAI;
1. ag aontú leis an gCoimisiún gur comhlíonadh na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (b), de Rialachán CED agus go bhfuil an Spáinn i dteideal ranníocaíocht airgeadais EUR 2 795 156 faoin Rialachán sin, arb ionann é agus 85 % de chostas iomlán EUR 3 288 419, lena gcuimsítear caiteachas EUR 3 138 300 ar sheirbhísí pearsantaithe agus caiteachas EUR 150 119 as CED a chur chun feidhme(5);
2. ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Spáinne an t-iarratas an 23 Meán Fómhair 2021, agus gur thug an Coimisiún a mheasúnú chun críche an 20 Eanáir 2022 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
3. ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas san iomlán le 705 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Spáinn ag dréim leis go mbeidh 450 tairbhí as na tairbhithe incháilithe iomlána rannpháirteach sna bearta (tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu); á chur i bhfios go láidir an gá atá le trédhearcacht ag gach céim den nós imeachta agus á iarraidh ar na comhpháirtithe sóisialta a bheith rannpháirteach i gcur chun feidhme agus meastóireacht an phacáiste seirbhísí;
4. á mheabhrú go meastar go mbeidh tionchar sóisialta na n-iomarcaíochtaí tábhachtach do Cataluña, áit arb é tionscal na ngluaisteán an tríú earnáil is tábhachtaí (i ndiaidh ceimiceán agus bia) ó thaobh láimhdeachais agus fostaíochta de araon;
5. á chur i bhfios go bhfuil 34,9 % de na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu os cionn 54 bliana d’aois, gur mná iad 44,4 % díobh agus go bhfuil oideachas meánscoile íochtaraí ar níos lú ná 50,4 % díobh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbaineann dúshláin shonracha don athfhostaíocht le próifíl aoise agus leibhéal oideachais na dtairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé a áirithiú go gcuirfear sainiúlachtaí aoise, leibhéal an oideachais agus an ceangal atá eatarthu san áireamh go cuí agus pacáiste na seirbhísí pearsantaithe á chur chun feidhme;
6. ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Spáinn ar sheirbhísí pearsantaithe a chur ar fáil do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 17 Eanáir 2022 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 17 Eanáir 2022 go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin a theacht i bhfeidhm;
7. á mheabhrú go bhfuil na gníomhaíochtaí seo a leanas i gceist le seirbhísí pearsantaithe atá le cur ar fáil do na hoibrithe iomarcacha, ar fiú 37,8 % den tacaíocht airgeadais iomlán iad: ceardlanna ar mhodheolaíochtaí cuardaigh poist, gairmthreoir, oiliúint (inniúlachtaí cothrománacha, athsciliú, uas-sciliú agus intéirneachtaí, mar aon le gairmoiliúint), tacaíocht fiontraíochta, deontais cruthaithe gnó, dianchúnamh cuardaigh poist, lena n-áirítear ionchais fostaíochta áitiúila agus réigiúnacha a shainaithint, teagasc tar éis ath-imeascadh san obair agus dreasachtaí airgeadais éagsúla;
8. á chur in iúl gur geal léi gur beartaíodh go mbeadh an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhréir le Straitéis Geilleagair Chiorclaigh na Spáinne(6), nach mór a bheith bunaithe ar thimthriallta ábhair neamhthocsaineacha, agus an Straitéis maidir le Forbairt Inbhuanaithe na Catalóine(7) agus gur thacaigh ionadaithe SOC(8), CIAC(9), agus Agència per la Competitivitat de l’Empresa (ACCIÓ)(10) le hiarratas CED, i bpróiseas a raibh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach ann(11); ag tabhairt dá haire gur cheart go bhfreastalódh bearta oiliúna ar an gceanglas i dtaobh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch a scaipeadh agus i ngeilleagar glas a bheadh tíosach ar acmhainní, i gcomhréir le hAirteagal 7(2) de Rialachán CED;
9. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear leis na dreasachtaí costais ranníocaíochta suas le EUR 20 in aghaidh an lae d’oibrithe iomarcacha nó EUR 350 in aghaidh na míosa do na daoine a fhilleann ar an obair, ar feadh 3 mhí ar a mhéad; á chur i bhfios go láidir gurb é is aidhm don dreasacht ná spreagadh a thabhairt d’athfhostaíocht mhear agus d’oibrithe scothaosta fanacht sa mhargadh saothair;
10. á chur i bhfáth go bhfuil sé deimhnithe ag údaráis na Spáinne nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí ná ó ionstraimí eile airgeadais an Aontais;
11. á athdhearbhú nach bhféadfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED teacht in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta fhaighteoirí leithdháileadh CED chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú;
12. á mheabhrú go bhfuil dícharbónú na hearnála iompair ar tí tarlú; ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar freisin ag an gclaochlú digiteach agus glas ar mhargadh an tsaothair agus go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh tionchar suntasach aige ar earnáil na ngluaisteán; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur cheart ról tábhachtach a bheith ag an Aontas maidir leis na cáilíochtaí is gá a chur ar fáil don athrú cóir i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; ag tacú go láidir le CED in 2021-2027 agus, le linn na tréimhse sin, go leanfaidh sé de dhlúthpháirtíocht a léiriú le daoine a ndearnadh difear dóibh agus go gcoinneoidh sé an fócas ar an tionchar atá ag athstruchtúrú ar oibrithe agus á iarraidh go ndéanfar comhleanúnachas beartais a uasmhéadú sna hiarratais a dhéanfar sa todhchaí; á mheas gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an oideachas cáilithe, lena n-áirítear an ghairmoiliúint agus an córas déphrintíseachta mar a thugtar air a chur chun cinn, ar córas é a bhfuil sé léirithe go bhfuil sé éifeachtach i roinnt Ballstát;
13. ag tabhairt dá haire gur comhlíonadh na ceanglais nós imeachta uile; á chur i bhfios go láidir an gá atá le trédhearcacht ag gach céim den nós imeachta; á chur in iúl gur geal léi rannpháirtíocht na gcomhpháirtithe sóisialta sa mheitheal a cuireadh ar bun chun an pacáiste beart a n-iarrtar cómhaoiniú CED ina leith a shainiú agus á iarraidh go mbeadh na comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach i gcur chun feidhme phacáiste na seirbhísí agus sa mheastóireacht a dhéantar air;
14. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
15. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
16. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ón gCOMHAIRLE
maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Spáinn (EGF/2021/006 ES/Cataluña automotive)
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/458.)
Na fiontair lena mbaineann: Aludyne Automotive Spain SLU, Bosch Sistemas de Frenado SLU, Continental Automotive Spain SA, Faurencia Interior Systems España SAU, Fico Transpar SA, Gruau Ibérica SLU, Magna Seating Spain SLU, Nobel Plastiques Iberia SA, Robert Bosch España (gléasra Castellet), U-Shin Spain SLU
Comisiones Obreras, UGT, Fomento del Trabajo Nacional (FOMENT) agus PIMEC (comhlachas FBManna na Catalóine).
Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha - iarratas EGF/2022/000 TA 2022 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh – EGF/2022/000 TA 2022 – Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún (COM(2022)0025 – C9-0025/2022 – 2022/0015(BUD))
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2022)0025 – C9‑0025/2022),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013(1) (‘Rialachán CED’),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027(2), agus go háirithe Airteagal 8 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach(3), (‘Comhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020’), agus go háirithe pointe 9 de,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0037/2022),
A. de bhrí gur bhunaigh an tAontas ionstraimí reachtacha agus buiséadacha chun tacaíocht bhreise a sholáthar d’oibrithe a bhfuil an domhandú agus athruithe teicneolaíochta agus comhshaoil tar éis difear a dhéanamh dóibh, amhail athruithe ar phatrúin trádála domhanda, díospóidí trádála, athruithe suntasacha ar chaidreamh trádála an Aontais nó comhdhéanamh an mhargaidh inmheánaigh agus géarchéimeanna airgeadais nó eacnamaíocha, agus an t-aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin, nó mar thoradh ar an digitiú nó uathoibriú;
B. de bhrí gur cheart cúnamh an Aontais d’oibrithe iomarcacha a bheith dinimiciúil agus gur cheart é a chur ar fáil chomh tapa agus chomh héifeachtúil agus is féidir, ag féachaint go cuí do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 i dtaca le cinntí a ghlacadh chun an Ciste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) a shlógadh;
C. de bhrí gur leathnaigh an tAontas raon feidhme CED ar dtús chun tacaíocht airgeadais a sholáthar i gcás aon mhórtheagmhais athstruchtúrúcháin, agus, ar an gcaoi sin, chun éifeachtaí eacnamaíocha ghéarchéim COVID-19 a chumhdach;
D. de bhrí gur leathnaíodh raon feidhme CED a thuilleadh le glacadh Rialachán CED nua in 2021 chuig mórtheagmhais athstruchtúrúcháin a tharla mar thoradh ar an aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin nó mar thoradh ar an digitiú nó uathoibriú, agus ag an am céanna an tairseach is gá do ghníomhachtú CED a laghdú ó 500 oibrí iomarcach go dtí 200;
E. de bhrí gur socraíodh le hAirteagal 8(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2020/2093 ón gComhairle gurb é EUR 186 mhilliún (i bpraghsanna 2018) an t-uasmhéid bliantúil do CED agus de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 11(1) de Rialachán CED gur féidir suas le 0,5 % den mhéid sin a chur ar fáil le haghaidh cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún;
F. de bhrí nach ndearna an Coimisiún aon chúnamh teicniúil a iarraidh in 2021 mar gheall ar éiginnteacht maidir le hoibríochtaí ginearálta, go háirithe teagmhais a mbeadh láithreacht fhisiciúil ag teastáil lena n-aghaidh, de bharr phaindéim COVID-19;
G. de bhrí go bhféadfadh caiteachas teicniúil agus riaracháin a bheith i gceist le cúnamh teicniúil do chur chun feidhme CED, amhail gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, mar aon le bailiú sonraí, lena n-áirítear maidir le córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha, gníomhaíochtaí cumarsáide agus na gníomhaíochtaí sin a chuireann le hinfheictheacht CED ina cháil mar chiste nó maidir le tionscadail shonracha agus bearta cúnaimh theicniúil eile;
H. de bhrí gurb ionann an méid molta de EUR 290 000 agus thart ar 0,14 % den bhuiséad bliantúil uasta atá ar fáil le haghaidh CED in 2022;
1. ag aontú leis na bearta atá molta ag an gCoimisiún atá le maoiniú mar chúnamh teicniúil i gcomhréir hAirteagal 11(1) agus (4), chomh maith le hAirteagal 12(2), (3) agus (4), de Rialachán CED;
2. á chur in iúl gur geal léi suíomh gréasáin tiomnaithe a bheith curtha ar bun le haghaidh CED agus á iarraidh ar an gCoimisiún é a nuashonrú agus a leathnú go rialta, chun infheictheacht dlúthpháirtíochta Eorpaí a léiríonn CED don phobal i gcoitinne agus trédhearcacht ghníomhaíocht an Aontais a mhéadú;
3. á chur in iúl gur geal léi an obair leanúnach ar nósanna imeachta caighdeánacha le haghaidh iarratais CED agus bhainistíocht CED ag baint úsáid as na feidhmeanna a bhaineann leis an gcóras um malartú sonraí leictreonacha (an Comhchóras um Bainistíocht Cistí Comhroinnte - SFC), lenar féidir próiseáil iarratas a éascú agus a dhéanamh níos tapúla, agus ag baint úsáid as tuairisciú níos fearr;
4. ag tabhairt dá haire go n-úsáidfidh an Coimisiún an buiséad atá ar fáil faoin tacaíocht riaracháin chun cruinnithe a thionól de Shainghrúpa Daoine Teagmhála CED, lena n-áirítear beirt chomhalta ó gach Ballstát, agus seimineár amháin ina mbeidh comhlachtaí cur chun feidhme CED agus comhpháirtithe sóisialta rannpháirteach chun líonrú i measc Ballstáit a chur chun cinn;
5. á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de chuireadh a thabhairt go córasach don Pharlaimint go dtí na cruinnithe agus na seimineáir sin i gcomhréir le forálacha ábhartha an Chreat-Chomhaontaithe maidir leis an gcaidreamh idir an Pharlaimint agus an Coimisiún;
6. á iarraidh ar an gCoimisiún na dea-chleachtais a forbraíodh le linn thréimhse phaindéim COVID-19 a oiriúnú, nuair is iomchuí agus nuair is gá, agus gan deireadh a chur leo go hiomlán nuair a cheadaíonn cúinsí na paindéime é, ach iad a úsáid mar bhonn le haghaidh modhanna oibre agus malartuithe níos fearr;
7. á chur i bhfios gur gá feasacht ghinearálta agus infheictheacht CED a neartú tuilleadh; á chur i bhfios gur féidir an sprioc sin a bhaint amach trí CED a chumhdach i bhfoilseacháin éagsúla de chuid an Choimisiúin agus gníomhaíochtaí closamhairc éagsúla de chuid an Choimisiúin dá bhforáiltear in Airteagal 11(1) de Rialachán CED;
8. á mheabhrú do na Ballstáit is iarratasóirí an ról lárnach atá acu i bhfógraíocht a dhéanamh go forleathan faoi na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag CED do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, do na comhpháirtithe sóisialta, do na meáin agus don phobal i gcoitinne, mar a leagtar amach in Airteagal 12 de Rialachán CED;
9. ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
10. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
11. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN
CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha a shlógadh (EGF/2022/000 TA 2022 - Cúnamh teicniúil ar thionscnamh ón gCoimisiún)
(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2022/457.)
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’),
– ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine (ECHR),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1381/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 390/2014(1),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2092 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Nollaig 2020 maidir le córas ginearálta coinníollachta chun buiséad an Aontais a chosaint (‘an Rialachán Coinníollachta’)(2),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Iúil 2021 dar teideal ‘Tuarascáil 2021 maidir leis an Smacht Reachta – Staid an smachta reachta san Aontas Eorpach’ (COM(2021)0700),
– ag féachaint do Threoir ón gCoimisiún an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le cur chun feidhme rialacha an Aontais i dtaca leis an sainmhíniú ar éascú teacht isteach, idirthurais agus cónaí neamhúdaraithe agus é sin a chosc(3),
– ag féachaint don tuarascáil ón nGrúpa um Chearta Bunúsacha agus an Smacht Reachta i gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa a foilsíodh i Meitheamh 2020 dar teideal National developments from a civil society perspective, 2018-2019 [Forbairtí náisiúnta ó dhearcadh na sochaí sibhialta, 2018-2019],
– ag féachaint don tuarascáil ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (FRA) dar teideal Challenges facing civil society organisations working on human rights in the EU [Dúshláin roimh eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag obair ar chearta an duine in AE] arna foilsiú an 17 Eanáir 2018, do na feasacháin ar na himpleachtaí do chearta bunúsacha a bhaineann le paindéim COVID-19 san Aontas a foilsíodh in 2020, agus do thuarascálacha, sonraí agus uirlisí eile na Gníomhaireachta, go háirithe Córas Faisnéise an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EFRIS),
– ag féachaint do thuarascáil ó FRA an 22 Meán Fómhair 2021 dar teideal Protecting civic space in the EU [Spás na sochaí sibhialta san Aontas a chosaint],
– ag féachaint do threoirlínte comhpháirteacha Oifig na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) an Oifig um Institiúidí Daonlathacha agus um Chearta an Duine (ODIHR) agus Coimisiún na Veinéise an 1 Eanáir 2015 maidir le Saoirse Comhlachais,
– ag féachaint do thuarascáil ó Chomhairle na hEorpa an 11 Feabhra 2019 dar teideal ‘Shrinking space for civil society: the impact on young people and their organisations’ [an spás atá ag laghdú don tsochaí shibhialta san Eoraip: an tionchar ar dhaoine óga agus a n-eagraíochtaí],
– ag féachaint do Threoirlínte Choimisiún ESCE/ODIHR agus Choimisiún na Veinéise an 8 Iúil 2019 maidir le Saoirse Comhthionóil Shíochánta,
– ag féachaint do nóta treorach ó na Náisiúin Aontaithe an 23 Meán Fómhair 2020 maidir le spás na sochaí sibhialta a chosaint agus a chur chun cinn,
– ag féachaint do dhearbhú na Náisiún Aontaithe an 9 Nollaig 1998 maidir le ceart agus freagracht daoine aonair, grúpaí, agus orgáin na sochaí cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a dtugtar aitheantas uilechoiteann dóibh a chur chun cinn agus a chosaint,
– ag féachaint do Bharúil Ginearálta Uimh. 34 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 12 Meán Fómhair 2011 maidir le hAirteagal 19: saoirse tuairimíochta agus saoirse tuairimí a nochtadh,
– ag féachaint do Bharúil Ghinearálta Uimh. 37 ó Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine an 17 Meán Fómhair 2020 maidir le hAirteagal 21: an ceart chun comhthionóil shíochánta,
– ag féachaint do Choinbhinsiún Choimisiún Eacnamaíochta na Náisiún Aontaithe don Eoraip maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil an 25 Meitheamh 1998 (Coinbhinsiún Aarhus) agus Cinneadh VII/9 an 21 Deireadh Fómhair 2021 maidir le sásra mearfhreagartha chun déileáil le cásanna a bhaineann le hAirteagal 3(8) de Choinbhinsiún Aarhus,
– ag féachaint do rúin 2250 (2015), 2419 (2018) agus 2535 (2020) ó na Náisiúin Aontaithe maidir leis an óige, an tsíocháin agus an tslándáil,
– ag féachaint do Dhearbhú NA 1998 maidir le Cosantóirí Chearta an Duine,
– ag féachaint do Mholadh an 10 Deireadh Fómhair 2007 ó Chomhairle na hEorpa chuig na Ballstáit maidir le stádas dlíthiúil eagraíochtaí neamhrialtasacha san Eoraip,
– ag féachaint do ráiteas an 16 Bealtaine 2019 ón gCoimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa dar teideal Let’s defend LGBTI defenders [Cosnaímis cosantóirí LGBTI],
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa (CESE) an 20 Márta 2019 dar teideal Resilient democracy through a strong and diverse civil society [Daonlathas seasmhach a chothú a bhuí le sochaí shibhialta láidir ilchineálach]
– ag féachaint do thuairim ó CESE an 19 Deireadh Fómhair 2017 dar teideal Financing of civil society organisations by the EU [Eagraíochtaí na sochaí sibhialta á maoiniú ag AE],
– ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil 2020 ó na heagraíochtaí comhpháirtíochta chuig Ardán Chomhairle na hEorpa chun Iriseoireacht agus Sábháilteacht Iriseoirí a Chosaint agus a Chur Chun Cinn,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Nollaig 2020 maidir le straitéis chun cur i bhfeidhm Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh a neartú san Aontas (COM(2020)0711),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 3 Nollaig 2020 maidir leis an bplean gníomhaíochta um an daonlathas Eorpach (COM(2020)0790),
– ag féachaint do rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le haghaidh a thabhairt ar laghdú ar an spás don tsochaí shibhialta san Eoraip i dtíortha i mbéal forbartha(4),
– ag féachaint do rún uaithi an 19 Aibreán 2018 maidir leis an ngá atá le hIonstraim na Luachanna Eorpacha a bhunú chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta a chuireann luachanna bunúsacha chun cinn laistigh den Aontas Eorpach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal náisiúnta(5),
– ag féachaint do rún uaithi an 14 Samhain 2018 maidir leis an ngá atá le sásra cuimsitheach AE a bheith ann chun an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha a chosaint(6),
– ag féachaint do rún uaithi an 7 Deireadh Fómhair 2020 maidir le Sásra AE um an Daonlathas, an Smacht Reachta agus Cearta Bunúsacha a bhunú(7),
– ag féachaint do rún uaithi an 13 Samhain 2020 ar thionchar bhearta COVID-19 ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar chearta bunúsacha(8),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Samhain 2020 maidir le saoirse na meán a neartú: cosaint iriseoirí san Eoraip, an fhuathchaint, an bhréagaisnéis agus ról na n-ardán(9),
– ag féachaint do rún uaithi an 26 Samhain 2020 maidir le staid na gCeart Bunúsach san Aontas Eorpach – Tuarascáil bhliantúil do na blianta 2018-2019(10),
– ag féachaint do rún uaithi an 24 Meitheamh 2021 maidir le Tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir leis an Smacht Reachta(11),
– ag féachaint do thuarascáil uaithi an 17 Feabhra 2022 ina bhfuil moltaí don Choimisiún maidir le reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúis(12),
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an daonlathas agus saoirse agus iolrachas na meán a neartú in AE: úsáid mhíchuí a bhaint as gníomhaíochtaí faoin dlí sibhialta agus faoin dlí coiriúil chun iriseoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus an tsochaí shibhialta a chur ina dtost(13),
– ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0032/2022),
A. de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar na luachanna a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE agus gur comhluachanna ag na Ballstáit na luachanna sin; de bhrí go leagtar béim in Airteagail 11(2) agus 15(1) CFAE ar an tábhacht a bhaineann le hidirphlé sibhialta chun cuspóirí an Aontais a bhaint amach;
B. de bhrí gur eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá neamhspleách ar institiúidí poiblí agus ar leasanna tráchtála, a rannchuidíonn a ngníomhaíochtaí le luachanna agus cearta bunúsacha AE a leagtar amach in Airteagal 2 CAE a chur chun feidhme; de bhrí gur féidir le ESSanna a bheith i bhfoirmeacha éagsúla amhail comhlachais agus fondúireachtaí; de bhrí gur príomhghníomhaithe sa tsochaí shibhialta iad cosantóirí chearta an duine, gníomhaithe agus grúpaí neamhfhoirmiúla;
C. de bhrí go bhfuil cur chuige trasnach ríthábhachtach chun na leochaileachtaí atá os comhair na saoránach a thuiscint agus chun aghaidh a thabhairt orthu ar bhealach rathúil agus iad ag plé leis an tsochaí shibhialta;
D. de bhrí go bhfuil go leor ESSanna ag streachailt le teacht slán agus go bhfuil fadhbanna acu maidir le maoiniú, ar fadhbanna iad a d’fhéadfadh bac mór a chur ar a n-éifeachtacht agus ar a gcumas a sainordú a chomhlíonadh;
E. de bhrí go dtagraíonn spás na sochaí sibhialta don chreat dlíthiúil agus polaitiúil inar féidir le daoine agus grúpaí a bheith rannpháirteach go fóinteach i saol polaitiúil, eacnamaíoch, sóisialta agus cultúrtha a sochaithe, agus an ceart chun tuairimí a nochtadh, an ceart chun faisnéise agus an ceart teacht le chéile agus dul i mbun idirphlé le chéile agus leis na húdaráis á bhfeidhmiú acu;
F. de bhrí gur gnéithe riachtanacha de gach sochaí oscailte, shaor agus dhaonlathach an tsaoirse smaointeoireachta agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear sa spás ar líne; de bhrí go bhfuil an gníomhaíochas sibhialta mar bhunchloch do dhaonlathas fíorfheidhmiúil ina ndéantar cearta na mionlach a chosaint agus a urramú; de bhrí gur cheart go mbeadh sé de cheart ag ESSanna páirt a ghlacadh i gcúrsaí díospóireachta polaitiúla agus poiblí, is cuma an bhfuil an seasamh a ghlactar i gcomhréir le beartas an rialtais nó an moltar leis athrú sa dlí;
G. de bhrí go bhfuil saoirse comhlachais ar cheann de na bunúis riachtanacha atá ag sochaí dhaonlathach agus iolraíoch, mar go gcuireann sí ar chumas na saoránach gníomhú i gcomhar le chéile i réimsí leasa fhrithpháirtigh agus rannchuidiú le feidhmiú cuí an tsaoil phoiblí; de bhrí, nach amháin go n-áirítear le saoirse comhlachais an cumas chun comhlachas a chruthú nó a dhíscaoileadh ach, ina theannta sin, an cumas atá ann don chomhlachas sin feidhmiú gan cur isteach gan údar cuí ón stát; de bhrí go bhfuil an cumas acmhainní a lorg, a dhaingniú agus a úsáid bunriachtanach d’oibriú aon chomhlachais; de bhrí gur cheart toirmeasc nó díscaoileadh comhlachais a bheith ina bheart rogha deiridh i gcónaí agus gur cheart cinntí den sórt sin a bheith faoi réir sásamh dlíthiúil;
H. de bhrí gur bunchloch den daonlathas é an ceart chun tionól síochánta agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun sochaí fhulangach iolraíoch a chruthú inar féidir le grúpaí a bhfuil creidimh, cleachtais nó beartais éagsúla acu teacht chun cinn le chéile go síochánta; de bhrí go gcaithfidh srianta ar thionóil shíochánta agus póilíneacht ina leith na critéir maidir le dlíthiúlacht, riachtanas, comhréireacht agus neamh-idirdhealú a chomhlíonadh;
I. de bhrí gur réamhchoinníoll é an ceart chun faisnéise maidir le díospóireacht phoiblí eolasach agus maidir le húdaráis agus institiúidí poiblí a bheith cuntasach;
J. de bhrí go bhfuil srian curtha ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus rochtain a fháil ar fhaisnéis i roinnt Ballstát, go minic ar chúis na bréagaisnéise a bhaineann le COVID-19 a chomhrac; de bhrí nár cheart go mbeadh srianta míchuí ar shaoirse cainte mar thoradh ar bhearta chun sceimhlitheoireacht nó fuathchaint a chosc; de bhrí gur úsáideadh cásanna dlí straitéiseacha i gcoinne rannpháirtíocht an phobail freisin chun díriú ar ESSanna, ar chosantóirí chearta an duine agus ar ghníomhaithe atá ag obair i réimsí an chomhshaoil, an smachta reachta, chearta LGBTIQ+ agus chearta na mban i roinnt Ballstát; de bhrí go mbíonn éifeacht scanrúil acu sin ar shaoirse cainte;
K. de bhrí go bhfuil deireadh á chur le saoirse comhlachais i roinnt Ballstát mar gheall ar athchóirithe lena gcuirtear ESSanna i mbaol díchlárú nó lena dtugtar isteach próisis riaracháin a bhfuil ualach míchuí ag baint leo, lena n-áirítear ach gan a bheith teoranta do chur i bhfeidhm míchuí beart nó beartas i gcoinne sciúradh airgid lena gcuirtear srian ar an gceart abhcóideacht a dhéanamh;
L. de bhrí gur forchuireadh srianta i roinnt Ballstát chun spás na sochaí sibhialta a theorannú d’aon ghnó agus go bhfuil ciapadh dlíthiúil, riaracháin agus fioscach, coiriúlú agus reitric dhiúltach ag gabháil leo arb é is aidhm dóibh ESSanna a stiogmatú agus a dhídhlisteanú agus a n-acmhainneacht a ídiú chun a gcuid oibre dlisteanaí a dhéanamh; de bhrí go dtagann fuathchaint – ar líne agus as líne araon – agus ciapadh briathartha agus fisiceach agus ionsaithe ó ghníomhaithe neamhstáit freisin; de bhrí gur neamhchosanta go mór atá ESSanna agus cosantóirí chearta an duine atá ag obair ar an smacht reachta, trédhearcacht agus éilliú, cearta na mban, lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, saincheisteanna comhshaoil agus cosaint mionlach agus cearta daoine LGBTIQ+, agus saoirse na meán agus cainte, chomh maith leo siúd a thugann cúnamh d’imircigh agus d’iarrthóirí tearmainn agus dóibh siúd atá rannpháirteach in oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála;
M. de bhrí go bhfuil impleachtaí agus tionchar ag srianta spáis shibhialta sna tíortha comharsanachta ar staid na sochaí sibhialta in AE;
N. de bhrí go ndíríonn roinnt ESSanna náisiúnta a fheidhmíonn mar ghrúpaí faire, go háirithe trí dhul i mbun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar sháruithe ar chearta agus ar shaoirsí, agus abhcóideacht agus dlíthíocht, go háirithe trí shrianta, bearta díoltais agus faireachas;
O. de bhrí gur luaigh an Coimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa gur cúis imní é cás chosantóirí chearta LGBTIQ+ san Eoraip, inar thuairiscigh sé roinnt cásanna de chiapadh ar líne agus as líne, ionsaithe foréigneacha, feachtais fuatha agus bagairtí báis sna Ballstáit agus sna tíortha comharsanachta; de bhrí go bhfuil nasc idir an treocht sin agus ceap milleáin a dhéanamh de ghrúpaí mionlaigh agus go sáraíonn sé an prionsabal gur rugadh gach duine comhionann ina dhínit agus ina gcearta;
P. de bhrí go dtugann dea-chaidreamh idir an stát agus a shaoránaigh le tuiscint gur cheart go mbeadh gach saoránach, lena n-áirítear leanaí agus daoine óga, in ann páirt a ghlacadh i bplé agus tionchar a imirt ar bheartais phoiblí; de bhrí nach mbeidh rath ar dhaonlathais ach amháin má chreideann gach duine sna córais dhaonlathacha agus má bhíonn na hinstitiúidí inchreidte do na saoránaigh;
Q. de bhrí go bhfuil srianta curtha ag Ballstáit áirithe ar chumas ESSanna dul i mbun gníomhaíochtaí polaitiúla; de bhrí, i gcásanna eile, gur uirlisí chun ESSanna a stiogmatú agus a dhídhlisteanú iad na líomhaintí go bhfuil ESSanna polaitiúil; de bhrí go ndealraíonn sé go bhfuil dídhlisteanú ESSanna i mBallstáit áirithe nasctha le feachtais clúmhillte stáit nó meán; de bhrí go dtuairiscíonn ESSanna cleachtais maoinithe idirdhealaitheacha agus sriantacha i mBallstáit áirithe;
R. de bhrí gur glacadh beartais agus cleachtais ag a bhfuil éifeacht athchomhairleach ar spás na sochaí sibhialta i mBallstáit áirithe chun féinchinsireacht a bhaint amach agus gníomhaithe sibhialta a dhíspreagadh óna gcearta a fheidhmiú; de bhrí gur minic a chomhcheanglaíonn na beartais sin forálacha doiléire a fhágann rogha leathan ag údaráis phoiblí agus smachtbhannaí a d’fhéadfadh a bheith ina smachtbhannaí díréireach ard; de bhrí gur leor an t-ionchas go gcuirfear i bhfeidhm iad chun féinchinsireacht a chur ar bun gan gá ann iarbhír a iad a chur i bhfeidhm;
S. de bhrí gur cuireadh srian ar an gceart chun comhthionóil shíochánta i ngeall ar na rialacha is gá maidir le scaradh sóisialta i bhformhór na mBallstát; de bhrí go bhfuil dlíthe rite ag roinnt Ballstát lena gcuirtear srian leis an gceart chun comhthionóil shíochánta le blianta beaga anuas, agus gur chruthaigh siad ceanglais maidir le cead agus fógra a thabhairt; de bhrí go bhfuil cumhachtaí údarás forfheidhmithe dlí ag dul i méid i roinnt Ballstát, ar ábhar imní é faoina riachtanaí agus faoina chomhréirí atá siad;
T. de bhrí, i roinnt Ballstát, gur baineadh úsáid as reachtaíocht éigeandála mar fhreagairt ar an ngéarchéim sláinte chun srian treallach a chur ar chearta agus ar shaoirsí bunúsacha agus chun dul i ngleic leis an tsochaí shibhialta agus le guthanna easaontacha eile; de bhrí gur aimsíodh i gcásanna áirithe nár éirigh leis na bearta sin an riachtanas, an chomhréireacht, na teorainneacha ama agus na ceanglais neamh-idirdhealaitheacha a chomhlíonadh, rud a chiallaíonn nach féidir a mheas go bhfuil aon srianta ar chearta bunúsacha agus ar shaoirsí bunúsacha a eascraíonn as na bearta sin dlisteanach ná dleathach; de bhrí, in ainneoin a róil ar an láthair, nár chuathas i gcomhairle le ESSanna maidir le bearta éigeandála a fhorbairt;
U. de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht ESSanna, nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, ann i dtaca le réitigh a sholáthar ar an bpaindéim agus tacaíocht a thabhairt do dhaoine i gcásanna leochaileacha mar thoradh ar leathadh phaindéim COVID-19; de bhrí go raibh tionchar dearfach ag eagraíochtaí don óige le linn na paindéime maidir le cur i gcoinne na mífhaisnéise agus maidir leis an muinín as institiúidí poiblí a neartú; de bhrí go bhfuil breisluach ag baint le cistiú leormhaith fadtéarmach agus tacaíocht institiúideach don tsochaí shibhialta in am géarchéime;
V. de bhrí go bhfuil teacht chun cinn eagraíochtaí neamhrialtasacha (GONGOnna) arna n-eagrú ag rialtas, a ceapadh chun tacú i gcónaí le dlisteanacht pholaitiúil na ndaoine atá i gcumhacht agus tacú leis an rialtas i ndíospóireachtaí poiblí agus ina spriocanna polaitiúla agus iad féin á gcur i láthair mar ghuthanna neamhspleácha ar cheann de na hionsaithe is tromchúisí dá bhfuil ann i gcoinne ESSanna, lena gcuirtear na ESSanna féin i mbaol tríd an tsaoránacht ghníomhach agus cistiú poiblí a bhaint díobh;
W. de bhrí, cé go ndéanann ESSanna gníomhaíochtaí eacnamaíocha níos minice agus go gcuireann siad leis an ngeilleagar sóisialta, nár tugadh aon chéimeanna reachtacha chun a n-oibríochtaí a scaoileadh ar leibhéal AE; de bhrí, in ainneoin chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), nach bhfuil prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus saorghluaiseacht caipitil i ndáil le tabhartais trasteorann á gcur i bhfeidhm go huilíoch fós sna Ballstáit;
X. de bhrí gur cheart rannpháirtíocht ESSanna i bhforbairt an dlí agus an bheartais a éascú le creataí beartais lena gcuirtear ar a gcumas dul i mbun idirphlé le húdaráis phoiblí; de bhrí, cé go bhfuil dul chun cinn déanta ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an AE araon, gur próiseas ad hoc fós é an t-idirphlé sibhialta;
Y. de bhrí go raibh ionsaithe dlíthiúla agus polaitiúla i roinnt Ballstát á ndíriú ar chistiú eachtrach; de bhrí go bhfuil na srianta a fhorchuirtear ar ESSanna a fhaigheann cistiú eachtrach contrártha do dhlí an Aontais, eadhon Airteagal 63 CFAE maidir le saorghluaiseacht caipitil agus an Chairt; de bhrí, i gcás C-78/18(14), gur rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh gur sháraigh an dlí saorghluaiseacht caipitil agus saoirse comhlachais;
Z. de bhrí go bhfuil an tAontas ag tabhairt faoi phróiseas tríd an gComhaontú Glas don Eoraip agus tríd an gclaochlú digiteach; de bhrí go mbeidh gá le spás sibhialta sláintiúil chun go mbeidh saoránaigh agus pobail lena mbaineann in ann a leasanna a chur in iúl, chun díospóireacht a dhéanamh ar réitigh bheartais agus chun teacht ar chonarthaí sóisialta nua;
1. ag dearbhú an róil ríthábhachtach atá ag ESSanna maidir le luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 CAE a bhaint amach agus a chosaint, agus dlí, beartais agus straitéisí AE a cheapadh agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear an t-athrú aeráide, an claochlú digiteach agus an téarnamh ó phaindéim COVID-19 a chomhrac; ag leagan béim ar a rannchuidiú lárnach i ndíospóireacht phoiblí fheasach, ag léiriú sármhianta sa tsochaí, ag tabhairt guth do dhaoine leochaileacha agus imeallaithe, ag áirithiú rochtain ar sheirbhísí ríthábhachtacha, ag cur saineolas ar fáil i gceapadh beartas, ag cur saoránacht ghníomhach chun cinn, ag gníomhú dóibh mar scoileanna daonlathais agus ag gníomhú dóibh mar phointí faire fíor-riachtanacha a fheidhmíonn rialú daonlathach ar institiúidí stáit agus cuntasacht a áirithiú don ghníomhaíocht phoiblí agus d’úsáid cistí poiblí; ag admháil, dá bhrí sin, gur gné lárnach den daonlathas, den smacht reachta agus de chearta bunúsacha é an spás sibhialta; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas, dá bhrí sin, a bheith tiomanta do chaomhnú agus saothrú an spáis shibhialta ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach;
2. ag cur béim ar an bhfíoras chun go mbeidh ESSanna faoi bhláth, nach mór do spás na sochaí sibhialta a bheith ina thimpeallacht chumasúcháin agus shábháilte a bheidh saor ó chur isteach, imeaglú, ciapadh agus éifeachtaí míchuí athchomhairleacha ag gníomhaithe stáit agus neamhstáit araon; á mheabhrú do na Ballstáit oibleagáid dhearfach a bheith orthu timpeallacht chumasúcháin a áirithiú do ESSanna, lena n-áirítear rochtain ar shásraí trédhearcacha cistiúcháin agus sásraí idirphlé shibhialta, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta chearta an duine maidir le saoirse comhlachais, cainte agus tionóil, agus mar a athdhearbhaítear freisin sa Chairt; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le hiolrachas na meán chun a áirithiú gur féidir le ESSanna teacht ar thuairim an phobail agus, dá bhrí sin, cur le díospóireacht phoiblí;
3. ag tabhairt rabhadh faoi dhíghrádú spás na sochaí sibhialta ar fud an Aontais i ngeall ar bheartais a chuireann bac ar oibríochtaí ESSanna, ar a rochtain ar chistiú inbhuanaithe agus ar a gcumas a bheith rannpháirteach sa chinnteoireacht; ag cáineadh gach cineál ciaptha, clúmhilleadh, stiogmatú, coiriúlú agus ceap milleáin a dhéantar i leith ESSanna; ag cur béim ar an gcaoi a gcuireann na gníomhaíochtaí sin saoránacht ghníomhach agus léiriú guthanna criticiúla i mbaol, rud a bhaineann an bonn ó dhíospóireacht phoiblí agus, dá bhrí sin, ó fhondúireacht an daonlathais;
4. ag tabhairt dá haire gur cuireadh béim bhreise le paindéim COVID-19 ar go leor de na dúshláin atá os comhair ESSanna faoi láthair, mar a léiríodh i dtuarascáil 2021 ó FRA inar léiríodh go raibh 57 % d’eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla ag cur in iúl go raibh an staid ‘meathlaithe’ nó ‘mórmheathlaithe’ i gcomparáid leis na blianta roimhe sin; ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di gur bhain rialtais áirithe leas as an bpaindéim chun an spás sibhialta a rolladh siar agus as dlíthe conspóideacha agus bearta idirdhealaitheacha a rith nár bhain i gcónaí leis an bpaindéim agus nach raibh ach cumas teoranta ag an tsochaí leas a bhaint as, lena n-áirítear an cumas páirt a ghlacadh i ndíospóireacht phoiblí agus i saoirsí cainte, comhthionóil agus comhlachais;
5. ag aontú leis an gCoimisiún gur comhartha é go bhfuil an smacht reachta i mbaol nuair a bhíonn spás na sochaí sibhialta chun feidhmiú ag dul i laghad; á chur in iúl gur geal léi gur chuir an Coimisiún an timpeallacht don tsochaí shibhialta faoi ghrinnscrúdú mar chuid dá thuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta, ina léirítear, mar is ceart, nach féidir leis an smacht reachta feidhmiú gan sochaí shibhialta bhríomhar a bheith ag feidhmiú i dtimpeallacht shlán chumasúcháin; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, dlús a chur leis an bhfaireachán a dhéanann sé ar staid spás na sochaí sibhialta sna Ballstáit agus struchtúr a chur air trí ‘innéacs Eorpach spás na sochaí sibhialta’ a chruthú a bheidh bunaithe ar chreataí atá ann cheana chun spás na sochaí sibhialta a thomhas, agus trí chaibidil lánfheidhme a bheith ann ar spás na sochaí sibhialta lena n-áirítear moltaí tíre ina thuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta ar cheart dó cearta bunúsacha a chumhdach go hiomlán freisin; ag tathant ar an gCoimisiún úsáid chórasach a bhaint as na tuarascálacha ó FRA agus iarraidh air comhairle mhodheolaíochta a fháil;
6. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur thug an Coimisiún aitheantas don tábhacht a bhaineann leis an tsochaí shibhialta i roinnt beartais agus straitéisí agus cláir chistiúcháin de chuid an Aontais; á chur i bhfáth, áfach, mar thoradh ar chineál ilroinnte an chur chuige sin gur beag an feabhas éifeachtach a thagann ar chás ESSanna ar an talamh.
7. ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, straitéis chuimsitheach na sochaí sibhialta a ghlacadh chun an spás sibhialta a chosaint agus a fhorbairt laistigh den Aontas lena gcomhtháthaítear na huirlisí uile atá ann cheana, lena líontar bearnaí faireacháin, tacaíochta agus cosanta, agus lena dtugtar fíoraitheantas polaitiúil don ról ríthábhachtach atá ag ESSanna maidir le luachanna daonlathacha agus beartais dhaonlathacha a bhaint amach, agus uirlisí faireacháin agus tuairiscithe á nascadh go soiléir le sásraí forfheidhmithe AE chun gníomhaíocht leantach thráthúil agus éifeachtach a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar thionscnaimh chun na líonraí tacaíochta atá ar fáil do ESSanna a neartú;
8. á mheas gur cheart, sa straitéis sochaí sibhialta sin, sraith de bhearta nithiúla a leagan amach lena gcosnófar agus lena neartófar an spás sibhialta, lena n-áirítear tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
(a)
íoschaighdeáin a thabhairt isteach maidir le timpeallacht dhlíthiúil agus riaracháin na sochaí sibhialta;
(b)
reacht do chomhlachais trasteorann Eorpacha agus d’eagraíochtaí neamhbhrabúis a thabhairt isteach;
(c)
pointí fócasacha a bhunú idir na hinstitiúidí Eorpacha agus an tsochaí shibhialta;
(d)
rochtain chomhsheasmhach a áirithiú ar dhíospóireachtaí beartais agus ar chlár oibre a shocrú ar leibhéal an Aontais i gcomhréir le Conarthaí AE agus le rialacha nósanna imeachta institiúidí an Aontais;
(e)
an rochtain ar bheartais an Aontais agus ar chur chun feidhme bhuiséad an Aontais a neartú;
(f)
rochtain sholúbtha ar chistiú ón Aontas a leathnú;
9. á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún comhsheasmhacht bheartais inmheánacha agus sheachtracha an Aontais a áirithiú maidir le spás sibhialta a chosaint agus a chumasú, lena n-áirítear trí threoirlínte inmheánacha a ghlacadh maidir le cosantóirí ar chearta an duine a bheadh i gcomhréir leis na cinn a bhfuil feidhm acu maidir le gníomhaíocht sheachtrach AE;
Timpeallacht rialála chumasúcháin agus pholaitiúil atá saor ó éifeachtaí athchomhairleacha, bagairtí agus ionsaithe
10. á chur i bhfáth go bhfuil cumas ESSanna chun gníomhú ag brath ar thimpeallacht dhlíthiúil agus pholaitiúil chumasúcháin a bheith ann, go háirithe ar fheidhmiú na saoirse comhlachais, na saoirse comhthionóil shíochánta agus na saoirse cainte agus an chirt chun rannpháirtíochta poiblí ; ag tathant ar na Ballstáit feidhmiú na gceart sin a ráthú i gcomhréir leis an dlí Eorpach agus idirnáisiúnta agus leis na caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, lena n-áirítear an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, moladh an 28 Samhain 2018 ó Choiste Airí Chomhairle na hEorpa do na Ballstáit maidir leis an ngá atá le cosaint agus cur chun cinn spás na sochaí sibhialta san Eoraip, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, Dearbhú NA maidir le Cosantóirí Chearta an Duine agus nóta treorach ó na Náisiúin Aontaithe maidir le spás sibhialta a chosaint agus a chur chun cinn, agus leas a bhaint as an deis tuairimí a iarraidh ar an gCoimisiún maidir le reachtaíocht atá pleanáilte;
11. á mheabhrú a thábhachtaí atá iriseoireacht neamhspleách, neamhchlaonta, ghairmiúil agus fhreagrach chun faisnéis a thuairisciú maidir le gníomhaíochtaí na ESSanna sna meáin phríobháideacha agus sna meáin phoiblí araon, agus an tábhacht a bhaineann le rochtain ar fhaisnéis phoiblí mar phríomhcholúin an daonlathais iad;
12. á chur in iúl gur saoth léi comhchruinniú méadaitheach úinéireacht na meán chun aimhleasa an iolrachais, an neamhspleáchais agus na hionadaíochta poiblí cothroime ar smaointe agus gníomhaíochtaí ESSanna; ag meabhrú gur príomhcholúin den daonlathas iad iriseoireacht neamhspleách agus fhreagrach agus rochtain ar fhaisnéis iolraíoch agus go bhfuil gníomhaíochtaí agus ionchur na sochaí sibhialta bunriachtanach chun go mbeidh rath ar dhaonlathas ar bith; á iarraidh ar na Ballstáit neamhspleáchas na meán ar bhrú polaitiúil agus eacnamaíoch a áirithiú agus a chaomhnú, iolrachas na meán a ráthú agus trédhearcacht a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha uile-Aontais maidir le húinéireacht na meán a mholadh sa bhreis ar na rialacha maidir le trédhearcacht úinéireacht na meán mar íoscheanglais laistigh den Ghníomh um Shaoirse na Meán a bheidh ann amach anseo d’fhonn iolrachas na meán a neartú;
13. á mheas go bhfuil cás láidir ann i bhfianaise a mhéid a rannchuidíonn ESSanna leis an margadh aonair agus leis an ngeilleagar sóisialta, mar aon lena ról chun beartais agus luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 CAE a bhaint amach, chun deireadh a chur leis na bacainní ar a gcuid oibríochtaí ar leibhéal an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, freagairt go leormhaith ar bhearta, lena n-áirítear tograí reachtacha, chun an cuspóir sin a bhaint amach; á chur i bhfáth nach amháin go gcuirfí cosaint bhunúsach ar fáil do ESSanna leis an reachtaíocht sin ach go bhféadfaí cothrom iomaíochta a chruthú léi freisin ionas gur féidir leo lántairbhe a bhaint astu;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún seiceáil chórasach ar an spás sibhialta a áireamh ina mheasúnuithe tionchair, ina gcuirfear critéir shoiléire ar fáil maidir le cad is spás cumasúcháin ann don tsochaí shibhialta, bunaithe ar chaighdeáin idirnáisiúnta maidir le cearta an duine i dtaca le saoirse comhlachais, cainte agus tionóil, agus mar a athdhearbhaítear leis an gCairt, ionas nach mbeidh éifeachtaí diúltacha ag an reachtaíocht phleanáilte ar an spás sibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún na coimircí riachtanacha agus na dréacht-treoirlínte a thabhairt isteach chun na Ballstáit a chur chun feidhme nuair a shainaithnítear rioscaí, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú agus faireachán a dhéanamh go cothrom ar chur chun feidhme dhlí AE chun a áirithiú nach ndéanfaidh sé difear diúltach don spás sibhialta agus na leigheasanna is gá a chur ar fáil má dhéanann sé amhlaidh; á iarraidh ar na Ballstáit leigheasanna comhchosúla a ghlacadh ar an leibhéal náisiúnta;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as a chumhachtaí faoi na Conarthaí chun reachtaíocht an Aontais a mholadh chun bearnaí a líonadh agus chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá os comhair ghníomhaithe na sochaí sibhialta ar fud an Aontais, lena n-áirítear íoschaighdeáin maidir le clárú, oibríochtaí agus maoiniú ESSanna agus coimircí nós imeachta i gcoinne SLAPPanna, agus treoir a thabhairt maidir le conas leas a bhaint as dlí an Aontais chun an tsochaí shibhialta a chosaint ar bhealach níos fearr;
17. á chreidiúint go bhféadfaí, le reacht do chomhlachais trasteorann agus eagraíochtaí seachbhrabúsacha AE, cosaint bhreise a thabhairt do ESSanna a bhfuil bac míchuí ar a mbunú agus ar a n-oibríochtaí;
18. á iarraidh ar na Ballstáit feidhmiú an chirt chun comhthionóil shíochánta a urramú agus a éascú, ar ceart é nach féidir a theorannú ach amháin trí phrionsabail an riachtanais agus na comhréireachta a urramú, i gcomhréir leis na dlíthe is infheidhme; ag tabhairt rabhadh faoi chumhachtaí na n-údarás um fhorfheidhmiú an dlí a leathnú sna tionóil phóilíneachta i roinnt Ballstát; ag cáineadh aon úsáid díréireach fornirt i gcoinne agóideoirí, mar aon lena gcoiriúlú, a n-ionchúiseamh agus lena bhfaireachas; á iarraidh go n-aisghairfidh na Ballstáit, láithreach bonn dlíthe agus rialacháin lena méadaítear úsáid an fhoréigin i gcoinne léirsitheoirí agus lena gcuirtear srian leis an tsaoirse chun léirsiú a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte a eisiúint chun saoirse comhthionóil shíochánta a chosaint le linn éigeandálaí sláinte agus faoi ghnáthchúinsí araon ;
19. ag tabhairt le fios go bhfuil sciar suntasach de ghníomhaíochtaí na sochaí sibhialta aistrithe ar líne ó thús na paindéime; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit saoirse cainte a áirithiú, comhrac a dhéanamh i gcoinne aon chineál fuathchainte agus feasacht a ardú i dtaobh na fuathchainte agus na rioscaí a bhaineann léi don daonlathas agus do dhaoine aonair, lena n-áirítear ar líonraí sóisialta ar líne go háirithe;
20. ag tabhairt rabhadh faoin tionchar díobhálach a bhíonn ag beartais agus ag reitric is cúis le héifeacht athchomhairleach ar an spás na sochaí sibhialta; ag tathant ar an gCoimisiún an anailís ar éifeachtaí athchomhairleacha a bheith ina gné lárnach dá thuarascáil bhliantúil ar an smacht reachta, chun cur le cás C-78/18 chun agóid i gcoinne bearta a bhfuil éifeacht athchomhairleach acu ar fheidhmiú chearta na Cairte i gcás inar féidir cur chuige den chineál céanna a ghlacadh agus bearta idirlinne a iarraidh chun damáiste doleasaithe a sheachaint fad atá an t-athbhreithniú breithiúnach ar siúl;
21. ag cáineadh go bhfuil ionsaithe fisiciúla agus béil, ciapadh agus imeaglú i bhfoirmeacha ar líne agus as líne araon i ndán d’ionadaithe ESS i roinnt Ballstát mar thoradh díreach ar a gcuid oibre; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gur féidir na nithe seo a leanas a áireamh sna héifeachtaí meabhairshláinte a bhíonn ag na hionadaithe sin: tnáitheadh, dúlagar, an tráma ó thabhairt cabhrach agus an tuirse atruach, agus nach bhfuil dóthain taighde á dhéanamh ar na tionchair shíceolaíocha a d’fhéadfadh a bheith ag a gcuid oibre ar ionadaithe ESS; á chur i bhfios go láidir go bhfuil leanaí agus daoine óga an-leochaileach toisc go bhféadfadh siad gan gníomhartha fuatha agus ciaptha a thuairisciú mar gheall ar easpa eolais maidir leis an sainmhíniú ar chiapadh agus conas agus cé leis a dtabharfar aghaidh ar an tsaincheist;
22. ag cáineadh aon bhagairtí agus aon ionsaithe a dhéantar ar ESSanna agus ar chosantóirí chearta an duine ag gníomhaithe atá faoi úinéireacht an stáit agus atá nasctha leis an stát, lena n-áirítear roscaireacht dhiúltach agus aithiseach, ceap milleán a bheith á dhéanamh agus ciapadh dlíthiúil, breithiúnach, riaracháin agus fioscach, agus ag cáineadh theip na ngníomhaithe stáit ESSanna agus cosantóirí chearta an duine a chosaint ar ionsaithe agus ar bhagairtí den chineál sin; ina theannta sin, ag cáineadh gach ionsaí agus bagairt arna ndéanamh ag gníomhaithe neamhstáit, lena n-áirítear SLAPPanna, ach gan a bheith teoranta dóibh;
23. á chur in iúl gur cúis imní di leibhéil ísle tuairiscithe na n-ionsaithe agus na mbagairtí ar ESSanna ar an leibhéal náisiúnta; ag tathant ar na Ballstáit na gníomhartha sin a cháineadh soiléir, bearta coisctheacha agus éifeachtacha a ghlacadh agus aon líomhaintí lena mbaineann a imscrúdú go córasach, go pras, go críochnúil, go neamhspleách agus go neamhchlaonta, agus infheistíocht a dhéanamh i gcláir oiliúna chun go mbeidh na húdaráis in ann cásanna den sórt sin a láimhseáil ar bhealach níos fearr; á iarraidh ar an gCoimisiún na próisis sin a chomhcheangal le moltaí a dhéanamh agus malartú dea-chleachtas a éascú;
24. á chur i bhfios go láidir go bhfuil comhar maith idir an tsochaí shibhialta, póilíní agus institiúidí ábhartha ríthábhachtach chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí agus chun dea-chleachtais a aimsiú maidir le gníomhaithe, an tsochaí shibhialta agus an daonlathas féin a chosaint;
25. á chur in iúl gur cúis mhór imní di an méadú atá tagtha ar an bhforéigean agus ar an bhfuath atá ag díriú ar eagraíochtaí agus ar ghníomhaithe atá ag obair le mionlaigh reiligiúnacha nó maidir leis an bhfrithchiníochas, an feimineachas agus cearta LGBTIQ+;
26. á mheabhrú nach imeacht ar leith é ceap milleáin a bheith á dhéanamh ar ESSanna atá ag obair ar chearta na mban agus ar mhionlaigh agus ar ghrúpaí leochaileacha amhail daoine LGBTIQ+, ach go bhfeidhmíonn sé mar réamhbheartú agus díchóimeáil de réir a chéile ar chearta bunúsacha, ar cearta iad atá cosanta in Airteagal 2 CAE, agus atá mar chuid de chlár oibre polaitiúil níos mó d’fheachtais 'frith-inscne'; á iarraidh ar na Ballstáit a bheith an-chúramach maidir le tionscnaimh lena ndéantar iarracht leanúint ar ais ar chearta faighte a ceapadh chun daoine a chosc agus a chosaint ar idirdhealú agus chun comhionannas a chur chun cinn;
27. á iarraidh ar an gCoimisiún tagairtí d’ionsaithe ar chosantóirí chearta an duine a chur san áireamh ina thuairisciú faoin gcinneadh réime maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac, agus faireachán agus measúnú á dhéanamh aige ar rialacha agus ar uirlisí AE chun cearta íospartaigh na coireachta a chosaint, agus nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh aige ar fhorálacha AE maidir leis an bhfuathchaint agus an fhuathchoireacht a chomhrac;
28. ag tabhairt dá haire nach bhfuil nósanna imeachta éifeachtúla ag an Aontas faoi láthair chun freagairt leordhóthanach a thabhairt nuair a thuairiscíonn ESSanna go bhfuil caighdeáin dhaonlathacha agus spás sibhialta sna Ballstáit faoi bhagairt; á iarraidh go mbunófaí sásra foláirimh AE lena gceadaítear do ESSanna agus do chosantóirí chearta an duine ionsaithe a thuairisciú, foláirimh a chlárú, treochtaí a mhapáil agus tacaíocht thráthúil agus spriocdhírithe a sholáthar d’íospartaigh; á mheas go gcuirfeadh sásra den chineál sin feabhas freisin ar thuairisciú ar leibhéal an Aontais, go gcuirfeadh sé ionchur ar fáil do mheasúnú bliantúil an Choimisiúin ar an smacht reachta agus go gcuirfeadh sé le comhroinnt faisnéise níos fearr leis an bpobal Eorpach i gcoitinne;
29. á chur in iúl gur oth léi go mór gur dhiúltaigh an Coimisiún agus an Chomhairle araon tionscnamh na Parlaiminte maidir le sásra AE um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha a bhunú a bheadh á rialú le comhaontú idirinstitiúideach idir an Pharlaimint, an Coimisiún agus an Chomhairle; á mheabhrú gurb é an dlúthnasc idir faireachán ar an spás sibhialta agus an daonlathas agus cearta bunúsacha, agus gurb é sásra chun faireachán a dhéanamh ar luachanna Airteagal 2 CAE an uirlis is fearr le haghaidh cur chuige iomlánaíoch ina leith sin;
30. ag tathant ar an gCoimisiún a chumhachtaí forfheidhmiúcháin a úsáid i gcoinne na mBallstát sin a chuireann srian míchuí ar an spás sibhialta a sháraíonn dlíthe AE, lena n-áirítear trí imeachtaí um shárú, trí chreat an smachta reachta, tríd an Rialachán nua maidir le Coinníollacht agus tríd an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 7 CAE; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta agus rannchuidiú fóinteach na bpróiseas sin a áirithiú, agus a áirithiú go ndéantar leasanna dlisteanacha na bhfaighteoirí agus na dtairbhithe deiridh a chosaint mar is ceart;
31. ag áitiú nár cheart do na Ballstáit an clárú, na hoibríochtaí, an maoiniú agus gluaiseachtaí trasteorann ESSanna a choiriúlú ná tionchar díobhálach a imirt orthu ar bhealach eile; á chur in iúl gur cúis imní di i ndáil leis sin an léirmhíniú ar fhorálacha AE i roinnt Ballstát, a d’fhéadfadh a bheith ina chúis le coiriúlú ghníomhaíochtaí ESSanna agus chosantóirí chearta an duine, go háirithe i réimse na himirce, rud atá ag teacht salach ar threoir an Choimisiúin go minic; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le coiriúlú éagórach agus le hionchúiseamh gníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus ag tathant ar an gCoimisiún faireachán gníomhach a dhéanamh ar na Ballstáit faoi seach agus gníomhú ina gcoinne i ndáil leis an méid sin; á athdhearbhú freisin nach mór do na gníomhaithe uile a bhíonn ag déileáil le himircigh ar chúiseanna daonnúla agus atá rannpháirteach i ngníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála cloí le prionsabail ghinearálta an dlí idirnáisiúnta agus an dlí um chearta an duine agus leis na dlíthe Eorpacha agus náisiúnta is infheidhme lena n-urramaítear na prionsabail sin;
Rochtain inbhuanaithe neamh-idirdhealaitheach ar acmhainní
32. ag tabhairt dá haire go n-áirítear ar na dúshláin a bhíonn le sárú ag Seasanna i ndáil le cistiú easpa foinsí leordhóthanacha cistithe, nósanna imeachta riaracháin iomarcacha chun cistiú a rochtain, easpa trédhearcacht agus cothroime i ndáil le leithdháileadh an cheistithe agus critéir incháilitheachta shriantacha;
33. ag leagan béim ar na conclúidí i Rún 2535 (2020) ó na Náisiúin Aontaithe, eadhon go bhfuil rannpháirtíocht luathaithe i measc na hóige ríthábhachtach chun sochaithe síochánta a chruthú agus a chaomhnú;
34. ag cur béim ar an rannchuidiú tábhachtach, dearfach is féidir leis an óige a dhéanamh agus a dhéanann sí i leith na n-iarrachtaí i dtreo sochaithe daonlathacha agus síochánta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar na Ballstáit cur leis an infheistíocht in eagraíochtaí san óige agus in eagraíochtaí don óige; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfaí maoiniú leormhaith ar chlár Erasmus+, agus béim á leagan aige ar an ról atá aige Eoraip dhaonlathach a chruthú;
35. ag tathant ar an gCoimisiún na bacainní atá ann cheana a shainaithint agus tacar cuimsitheach beart agus moltaí a mholadh chun maoiniú intuartha, leormhaith agus cumasúcháin fadtéarmach a áirithiú do ESSanna, lena n-áirítear cistiú a gcuid gníomhaíochtaí oibríochtúla a bhaineann le habhcóideacht agus le faireachán; á chur i bhfáth gur cheart bearta rómhaorlathais a sheachaint le cistiú AE do ESSanna;
36. á mheas go bhfuil oscailteacht agus trédhearcacht ríthábhachtach chun cuntasacht ESSanna agus muinín an phobail astu a bhunú fad a fhónann siad don chuspóir grinnscrúdú poiblí dlisteanach a áirithiú agus go bhfuil ceanglais maidir le tuairisciú fós riachtanach agus comhréireach; ag cáineadh aon mhí-úsáid a bhaintear as bearta trédhearcachta chun ESSanna ar leith a stiogmatú;
37. ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé foinsí comhlántacha cistithe a áirithiú, lena n-áirítear ó institiúidí poiblí ar gach leibhéal, príobháideach, daonchairdiúil agus deontóirí aonair, táillí ballraíochta agus ioncam a ghintear trí ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ó fhoinsí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, mar d’fhéadfadh sé sin cabhrú le ESSanna a bheith athléimneach i gcoinne aon srianta féideartha rialtais maidir le cistiú seachtrach; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE feabhas a chur ar an timpeallacht dhlíthiúil do ESSanna agus na dálaí faoina bhféadfaidh siad rochtain a fháil ar fhoinsí éagsúla cistithe, lena n-áirítear cistiú príobháideach agus cistiú eachtrach, a mhaolú; á chur i bhfios gur cheart go gcumhdófaí le cistiú poiblí gach cineál gníomhaíochta de chuid na sochaí sibhialta, lena n-áirítear abhcóideacht, dlíthíocht agus gníomhaíochtaí faire, oideachas agus ardú feasachta, soláthar seirbhíse, agus tógáil acmhainne agus comhghuaillíochta, lena gcuirtear chun cinn agus lena gcosnaítear luachanna an Aontais a leagtar amach in Airteagal 2 CAE; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE dul níos faide ná cistiú tionscadal agus príomhchistiú bonneagair agus timthriallta cistithe ilbhliantúla a sholáthar chun inbhuanaitheacht na sochaí sibhialta a áirithiú;
38. ag cáineadh idirdhealú de chineál ar bith, ó thaobh na polaitíochta nó ar fhorais eile, maidir le cistí poiblí a leithdháileadh agus na héifeachtaí díspreagthacha a eascraíonn as sin; á iarraidh ar na Ballstáit nósanna imeachta atá soiléir, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach a áirithiú ina leith sin; ag cáineadh aon chineál srianta ar chistiú, go háirithe iad siúd lena ndírítear ar ESSanna agus ar ghníomhaithe atá ag obair chun cearta na mban, daoine LGBTIQ+, mionlaigh, imircigh agus dídeanaithe a chosaint;
39. á chur i bhfios go láidir nár cheart feachtais eisiúna ESSanna a bheith faoi réir teorainneacha cistiúcháin faoi chomhthéacs forluí le toghcháin nó le feachtais pholaitiúla eile; ag tabhairt dá haire go minic go bhfuil gá le cómhaoiniú le haghaidh cistí atá ar fáil do ESSanna, rud a d’fhéadfadh a fhágáil gur gá don tairbhí sciar de na cistí riachtanacha a bhailiú ó fhoinsí eile, rud a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don tionscadal nó d’oibriú na heagraíochta; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart an sciar den chómhaoiniú atá de dhíth a theorannú go réasúnta agus gur cheart modhanna éagsúla airgid a chur san áireamh;
40. á chur in iúl gur saoth léi misin seirbhíse poiblí a bheith á n-eisfhoinsiú ag na húdaráis phoiblí chuig ESSanna i réimsí amhail an tithíocht, an tsláinte, an t-oideachas agus an tearmann, rud a théann thar chomhar cothrom idir údaráis phoiblí agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha a bhfuil taithí mhaith acu a bheith ag obair leis na daoine lena mbaineann, agus a bheith ag obair ar a son, agus nach taca dó acmhainní breise leordhóthanacha; á chur i bhfáth go n-úsáidtear acmhainní na sochaí sibhialta leis na cleachtais eisfhoinsithe sin chun freagrachtaí na stát a chomhlíonadh agus nach bhfágann siad spás a bhfuil géarghá leis a bheith ann do rannpháirtíocht phoiblí ESSanna tríd an abhcóideacht, trí dhlíthíocht straitéiseach agus tríd an oideachas poiblí;
41. á chur in iúl gur cúis mhór imní di teacht chun cinn GONGOanna agus cleachtais ghaolmhara cistiúcháin phoiblí atá idirdhealaitheach agus doiléir go minic; ag tabhairt rabhadh faoin éifeacht dhíobhálach a bhíonn acu ar an daonlathas agus ar iolrachas agus éagsúlacht laistigh den tsochaí shibhialta, agus ar dhlisteanacht bhraite ESSanna agus, dá bhrí sin, ar thoilteanas na saoránach a bheith rannpháirteach sa tsaoránacht ghníomhach; á iarraidh ar na Ballstáit imscrúdú a dhéanamh ar ghrúpaí a ghríosaíonn fuath de shárú ar na rialacha dlí is infheidhme agus gníomhaíocht a dhéanamh ina gcoinne; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leo díospóireacht phoiblí a shaobhadh ar féidir léi an bonn a bhaint ó chreatlach an daonlathais;
42. ag tathant ar an gCoimisiún coinníollacha agus nósanna imeachta a leagan amach chun a áirithiú nach ndéanfar cistí AE atá ainmnithe don tsochaí shibhialta a dhámhachtain, cibé acu faoi bhainistíocht dhíreach nó faoi bhainistíocht chomhroinnte, ach amháin ar eagraíochtaí atá neamhspleách go hiomlán ar aon rialtas agus a chloíonn go hiomlán le luachanna AE a leagtar amach in Airteagal 2 CAE; ag tathant ar an gCoimisiún líomhaintí maidir le dáileadh idirdhealaitheach cistithe AE ar ESSanna a dhíriú agus bearta iomchuí a dhéanamh chun a áirithiú nach mbeidh cistiú AE ag tacú le GONGOnna;
43. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna a bhfuil buiséad méadaithe EUR 1.55 billiún aige don tréimhse 2021-2027, agus ag aithint gur freagairt fhóinteach é ar na dúshláin atá os comhair na sochaí sibhialta san Aontas agus gurb é an chéad chéim é chun creat cúnaimh níos córasaí a chruthú do ESSanna san Aontas; á iarraidh ar an gCoimisiún dul i gcomhairle go gníomhach le ESSanna agus cláir oibre agus sásraí cistiúcháin á sainiú chun trédhearcacht, solúbthacht agus soláimhsitheacht a áirithiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di sásraí athdháiliúcháin sa tsraith Luachanna an Aontais; ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le cistiú leordhóthanach a áirithiú le haghaidh gníomhaíochtaí faire, abhcóideachta agus dlíthíochta, chomh maith le fothú acmhainní, mar go dtreisíonn na ESSanna sin an méid a chuireann ESSanna le luachanna agus cearta bunúsacha an Aontais a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear maoiniú i leataobh chun tacú le ESSanna agus na cúraimí agus na róil a shanntar dóibh ina mbeartais éagsúla earnála á gcur chun feidhme acu; á iarraidh go ndéanfaí cistiú sonrach éigeandála agus go dtabharfaí tacaíocht phraiticiúil do ghníomhaithe sibhialta agus do chosantóirí chearta an duine atá i mbaol go ndéanfaí sárú ar a gcearta bunúsacha;
44. á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena chuid iarrachtaí chun rannpháirtíocht na ESSanna sa Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus cistí eile a bhainistítear go lárnach a mhéadú, lena n-áirítear trí shimpliú breise, trí chritéir incháilitheachta níos solúbtha, agus trí fhaisnéis agus oiliúint spriocdhírithe; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an bhfaireachán a dhéanann sé ar chleachtais sna Ballstáit agus moltaí a chur ar fáil chun borradh a chur faoi rannpháirtíocht na ESSanna i gcláir faoi bhainistíocht chomhroinnte; á iarraidh ar an gCoimisiún ról níos fearr a thabhairt do ESSanna agus oiliúint a chur orthu maidir le faireachán a dhéanamh ar an gcaiteachas a dhéantar ar chistí AE ar leibhéal na mBallstát;
45. á mheas nach amháin gur cheart tacaíocht bhuiséadach do ESSanna a phleanáil, ach gur cheart í a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt di i gcláir uile an Aontais; á chur in iúl gur oth léi nár díríodh, leis an bpacáiste Eorpach um théarnamh, ar ESSanna go sonrach sa bhreis ar ghnólachtaí agus ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh ESSanna rannpháirteach i gcur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar na pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta agus ar chistí eile atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus a sheiceáil an dtacaíonn na pleananna téarnaimh náisiúnta le riachtanais chistiúcháin ESSanna; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbeidh tionchar diúltach ar ESSanna mar gheall ar chistiú a tharraingt siar faoin Rialachán maidir le Coinníollacht nó faoi na coinníollacha atá ionsuite i gcistí agus i gcláir faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil nó sa tsaoráid téarnaimh agus athléimneachta lena dtugtar urraim don smacht reachta agus do phrionsabal an neamh-idirdhealaithe mar réamhriachtanas chun maoiniú a fháil trí mhódúlachtaí sonracha a chur ar fáil chun cistiú a dhíriú ar ESSanna atá oiriúnaithe don timpeallacht ina bhfeidhmíonn siad;
46. ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú nach mbronnfar cistí AE ach ar eagraíochtaí atá neamhspleách go hiomlán ar aon rialtas agus a chloíonn go hiomlán le luachanna AE;
47. ag cáineadh iarrachtaí Ballstát áirithe srianta a chur ar chistiú eachtrach agus ar na hinsintí polaitiúla gaolmhara a d’fhógair siad agus bearta a rinne siad chun ESSanna a stiogmatú nó a chiapadh; á mheabhrú gur chinn CBAE go sáraíonn siad sin saorghluaiseacht chaipitil agus saoirse comhlachais; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de nósanna imeachta um shárú a thionscnamh i ndáil leis sin agus bearta eatramhacha a chur i bhfeidhm go córasach; á iarraidh ar an gCoimisiún mapáil a dhéanamh ar shrianta cistithe eachtracha ar fud an Aontais d’fhonn a áirithiú go n-urramófar go héifeachtach na prionsabail a athdhearbhaíonn CBAE i ngach Ballstát;
48. ag cur béim ar a thábhachtaí atá dreasachtaí cánach chun dlús a chur le tabhartais phríobháideacha; ag spreagadh na mBallstát na scéimeanna sin a fhorbairt tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún dea-chleachtais a leagan amach agus moltaí a dhéanamh; á aithint a thábhachtaí atá sé go gcomhlíonfadh ESSanna rialacha náisiúnta i réimse an chánachais agus sa chomhrac i gcoinne sciúradh airgid ach á chur i bhfáth go láidir nach féidir mí-úsáid a bhaint as rialacha den sórt sin agus as trédhearcacht i gcoitinne chun bac a chur ar ghníomhaíochtaí na ESSanna nó chun éifeacht athchomhairleach a chruthú a dhéanfadh difear dá gcomhaltaí agus dá ndeontóirí;
49. á mheabhrú go gceanglaítear le caighdeáin idirnáisiúnta maidir le saoirse comhlachais ar údaráis toimhde a chur i bhfeidhm i bhfabhar shaoirse ESSanna cistiú a lorg agus a fháil ó fhoinse ar bith agus ó dhlíthiúlacht a gcuid gníomhaíochtaí, agus gur féidir srianta a chur i bhfeidhm má fhorordaítear sin sa dlí, aidhm dhlisteanach amháin nó níos mó a shaothrú agus, más gá, i sochaí dhaonlathach chun na haidhmeanna atá i gceist a bhaint amach;
50. á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a thabhairt maidir le prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus na saorghluaiseachta caipitil a chuirtear i bhfeidhm maidir le tabhartais trasteorann; ag cur béim ar an bhfíoras go bhféadfaí aitheantas frithpháirteach agus cóir chomhionann a thabhairt do dheonú trasteorann agus do shochair a bhaineann leis an stádas sin ar mhaithe le leas an phobail dá ndéanfaí an sainmhíniú ar choincheap an leasa phoiblí a chomhfhogasú; á iarraidh go ndéanfaí sainmhíniú ar choincheap an leasa phoiblí ar leibhéal AE, mar go spreagfadh sé sin tabhartais trasteorann sa mhéid go bhféadfaí aitheantas frithpháirteach a thabhairt do stádas an leasa phoiblí agus do chóir chomhionann ó thaobh na mbuntáistí gaolmhara de; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a chur ar bun chun deireadh a chur le bacainní ar dhaonchairdeas trasteorann agus chun a áirithiú go gcaithfear go cothrom le tabhartais thar theorainneacha i gcomhréir le rialuithe CBAE;
Idirphlé sibhialta agus rannpháirtíocht i gceapadh beartas
51. ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le hidirphlé sibhialta i gceapadh beartais eolasach agus cuireann sí i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag ESSanna mar idirghabhálaithe idir saoránaigh agus údaráis ar gach leibhéal trí idirphlé struchtúrtha a áirithiú; ag cur béim ar an ról tábhachtach atá ag ESSanna agus iad i dteagmháil comhsheasmhach le saoránaigh, lena n-áirítear grúpaí imeallaithe nó leochaileacha, agus ag aithint a gcuid saineolais, ag tabhairt ról lárnach dóibh san idirphlé sibhialta agus ag cur béim ar an ról atá acu chun na daoine sin is faide ar shiúl a chumhachtú chun a bheith rannpháirteach agus a n-imní a chur in iúl, agus smacht daonlathach á fheidhmiú acu ar ghníomhaíocht phoiblí agus cuntasacht á háirithiú i leith na gníomhaíochta sin;
52. á chur in iúl gur geal léi na céimeanna dearfacha a tugadh i roinnt Ballstát le straitéisí nua maidir le hidirphlé sibhialta agus le coistí comhairleacha na sochaí sibhialta; ag cáineadh, áfach, cleachtais a chuireann isteach d’aon ghnó ar rannpháirtíocht na ESSanna, amhail iad a eisiamh ó phróisis phoiblí, dul i muinín dlíthe uileghabhálacha teimhneacha agus próisis luathaithe pharlaiminteacha lena seachnaítear oibleagáidí comhairliúcháin agus plé;
53. á mheabhrú gur minic gur teoranta fós an rochtain atá ag ESSanna ar chinnteoireacht mar gheall ar an bpráinn a bhaineann le bearta a bhaineann le COVID-19; ag tabhairt dá haire, áfach, na hiarrachtaí a rinneadh chun dul i ngleic leis sin i roinnt Ballstát;
54. á chur in iúl gur oth léi gur próiseas ad hoc a bhíonn san idirphlé sibhialta go minic; á iarraidh ar na Ballstáit creataí beartais comhleanúnacha a fhorbairt lena n-áiritheofar próisis struchtúrtha, intuartha agus fhadtéarmacha, rannpháirtíocht chuimsitheach agus athbhreithniú córasach, agus acmhainní iomchuí a leithdháileadh, lena n-áirítear chun oifigigh a oiliúint; á iarraidh ar an gCoimisiún moltaí a sholáthar arna n-ullmhú i ndlúthchomhar leis an tsochaí shibhialta, bunaithe ar anailís ar chleachtais atá ann cheana;
55. á mheas gur cheart d’institiúidí uile an Aontais athbhreithniú a dhéanamh ar théarmaí a rannpháirtíochta le ESSanna i gcomhréir le hAirteagal 11 CAE chun idirphlé oscailte, trédhearcach, fóinteach agus rialta le ESSanna a áirithiú, ar bhonn cothrom le geallsealbhóirí eile; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar chomhaontú idirinstitiúideach a thíolacadh maidir leis an idirphlé sibhialta idir na príomhinstitiúidí uile a chumhdaíonn gach réimse de bheartas an Aontais chomh maith le próisis thrasnacha amhail, mar shampla, Staid an Aontais nó an Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa;
56. á mheas, ina leith sin, go bhféadfadh Uachtarán na Parlaiminte duine dá Leas-Uachtaráin a cheapadh chun idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a dhéanamh le ESSanna; á mholadh do na grúpaí polaitiúla a struchtúir idirphlé shibhialta féin a cheapadh;
57. á iarraidh, go háirithe, go n-athbhunóidh an Coimisiún, ina phróisis chomhairliúcháin, cothromaíocht idir ionadaithe leasanna corparáideacha agus ionadaithe leasanna eile, amhail cearta oibrithe, cearta sóisialta agus cosaint an chomhshaoil, agus go n-áiritheoidh sé go mbeidh coimircí ann i gcoinne cleachtais brústocaireachta éagóracha nach bhfuil ar comhréir le hidirphlé cothrom agus trédhearcach;
58. á iarraidh go n-áiritheoidh na Ballstáit, institiúidí AE i gcoitinne, agus an Coimisiún go háirithe, go mbeidh dlúthchomhairliúchán ann leis an tsochaí shibhialta agus an reachtaíocht a d’fhéadfadh difear a dhéanamh don spás sibhialta agus do shaoirsí á hullmhú agus á hathbhreithniú;
59. ag cur sonrú san fhreagracht atá ar Leas-Uachtarán an Choimisiúin idirphlé oscailte, trédhearcach agus rialta a choinneáil ar bun leis an tsochaí shibhialta; á chur i bhfáth gur cheart an t-idirphlé sibhialta a chur i ngníomh tuilleadh; á iarraidh ar an gCoimisiún go háirithe breithniú a dhéanamh ar phointí teagmhála sonracha a bhunú laistigh de gach Ard-Stiúrthóireacht chun go mbeidh an tsochaí shibhialta i ndlúth-thadhall le Leas-Uachtarán an Choimisiúin; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí ról tábhachtach do réimse leathan ESSanna trí phróiseas trédhearcach roghnúcháin i ngrúpaí saineolaithe agus i bhfóraim chomhairleacha lena gcuidítear leis an gCoimisiún agus go gcuirtear béim ar ESSanna a labhairt amach ar son grúpaí leochaileacha agus grúpaí tearcionadaithe;
60. á iarraidh ar an gCoimisiún sainmhíniú na gclár náisiúnta lena gcuirtear cistí AE chun feidhme a threisiú agus straitéisí agus phleananna gníomhaíochta an Aontais a bheith á gcur chun feidhme ag na Ballstáit chun na Ballstáit a spreagadh sásraí éifeachtacha rannphairtíochta ESSanna agus idirphlé sibhialta a chur i bhfeidhm; á iarraidh go mbeadh an tsochaí shibhialta rannpháirteach arís i bpróiseas an tseimeastair Eorpaigh agus go ndéanfaí faireachán ar an bpacáiste Eorpach um théarnamh;
61. á chur in iúl gur geal léi Bliain Eorpach na hÓige mar dheis chun rannpháirtíocht shibhialta agus idirphlé i sochaí dhaonlathach a chur chun cinn tuilleadh;
62. ag cur in iúl go bhfuil sí tiomanta a áirithiú go ndéanfar obair leantach iarbhír ar an tuarascáil sin agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle an gealltanas céanna a thabhairt;
o o o
63. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;
Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 18 Meitheamh 2020, an Coimisiún Eorpach v an Ungáir, ECLI:EU:C:2020:476.
An ról atá ag an gcultúr, ag an oideachas, ag na meáin agus ag an spórt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais
180k
64k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais (2021/2057(INI))
– ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, go háirithe an dara, ceathrú, cúigiú, séú agus seachtú fleasc den bhrollach, Airteagal 2, Airteagal (3), an dara fomhír, agus Airteagal 6 de,
– ag féachaint d’Airteagail 10 agus 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagail 2, 3, 4, 5 agus 21, di,
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena n-áirítear an tríú prionsabal ar comhdheiseanna agus an plean gníomhaíochtaí comhfhreagrach,
– ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan beann ar bhunús ciníoch nó eitneach(1) (an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch),
– ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha(2),
– ag féachaint do bhunú i mí an Mheithimh 2016 de Ghrúpa Ardleibhéil AE um chiníochas, seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chomhrac;
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Bealtaine 2018 dar teideal Building a stronger Europe: the role of youth, education and culture policies [Eoraip níos láidre a thógáil: an ról atá ag beartais maidir le daoine óga, oideachas agus cultúr] (COM(2018)0268),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 18 Meán Fómhair 2020 dar teideal A Union of Equality: EU anti-racism action plan 2020-2025 [Aontas den Chomhionannas: plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025] (COM(2020)0565),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gComhairle an 3 Nollaig 2020 dar teideal Europe’s Media in the Digital Decade: An Action Plan to Support Recovery and Transformation [Meáin na hEorpa sa Deacáid Dhigiteach: Plean Gníomhaíochta chun Tacú le Téarnamh agus Claochlú] (COM(2020)0784),
– ag féachaint do Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit agus a bhaineann le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc)(3),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/817 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear Erasmus+: Clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt(4),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/818 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an clár ‘Eoraip na Cruthaitheachta’ (2021 go 2027)(5),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/888 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2021 lena mbunaítear an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach(6),
– ag féachaint do Threoir (AE) 2021/692 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna(7),
– ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine,
– ag féachaint do mholtaí ón gComhairle an 12 Márta 2021 maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach(8),
– ag féachaint do Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil(9),
– ag féachaint don tuarascáil ar chearta bunúsacha an 9 Meitheamh 2020 ó Ghníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha agus don dara suirbhé a rinne sí maidir le mionlaigh AE agus idirdhealú an 5 Nollaig 2017 agus don tuarascáil agus achoimre lena mbaineann dar teideal ‘Saol an Duine Ghoirm san Aontas Eorpach’ ón 23 Samhain 2018 agus 15 Samhain 2019 faoi seach, ina ndéantar cur síos ar thaithí ar an idirdhealú ciníoch agus ar foréigean ciníoch i measc daoine de bhunadh Afracach san Aontas Eorpach,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Samhain 2020 dar teideal Union of Equality: LGBTIQ Equality Strategy 2020-2025 [Aontas Comhionannais: Straitéis Comhionannais LADTIA 2020-2025] (COM(2020)0698),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 3 Márta 2021 dar teideal Union of Equality: Strategy for the Rights of Persons with Disabilities 2021-2030 [An tAontas Comhionannais: Straitéis maidir le Cearta Daoine atá faoi Mhíchumas 2021-2030] (COM(2021)0101),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 15 Samhain 2018 maidir leis an bPlean Oibre don Chultúr 2019-2022(10),
– ag féachaint do chreat straitéiseach an Aontais maidir le comhionannas, cuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach 2020-2030 ón 7 Deireadh Fómhair 2020,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Deireadh Fómhair 2021 dar teideal EU Strategy on Combating Antisemitism and Fostering Jewish Life [Straitéis AE maidir leis an bhFrithsheimíteachas a chomhrac agus Saol na nGiúdach a Chothú] (COM(2021)0615),
– ag féachaint dá rún an 19 Meitheamh 2020 maidir le hagóidí frithchiníochais tar éis bhás George Floyd(11),
– ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 22 Bealtaine 2018 maidir le luachanna coiteanna, an t-oideachas cuimsitheach agus gné Eorpach an teagaisc a chur chun cinn(12),
– ag féachaint dá rún an 26 Márta 2019 maidir le cearta bunúsacha daoine de bhunadh Afracach san Eoraip(13),
– ag féachaint do rún uaithi an 17 Meán Fómhair 2020 ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romach san Eoraip a chomhrac(14),
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Márta 2021 maidir le cearta an linbh i bhfianaise Straitéis AE maidir le cearta an linbh(15),
– ag féachaint do na himeachtaí um shárú a thionscain an Coimisiún maidir le neamh-chomhréireacht leis an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch i gcoinne leanaí Romacha san oideachas (uimhreacha sáruithe 20142174, 20152025 agus 20152206),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta Plus (ESF+)(16),
– ag féachaint do rún uaithi an 23 Samhain 2021 maidir le beartas spóirt an Aontais: measúnú agus bealaí féideartha chun cinn(17),
– ag féachaint do thogra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le rialacha comhchuibhithe a leagan síos maidir leis an intleacht shaorga (an Gníomh maidir leis an Intleacht Shaorga) agus gníomhartha reachtacha áirithe de chuid an Aontais a leasú (COM(2021)0206),
– ag féachaint do rún uaithi an 11 Samhain 2021 maidir leis an Limistéar Eorpach Oideachais: cur chuige iomlánaíoch agus comhchoiteann(18),
– ag féachaint don staidéar a tharraing an Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe dá hArd-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha suas i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais,
– ag féachaint do na moltaí ginearálta beartas ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe agus de chuid Comhairle na hEorpa, go háirithe moladh uimh. 10 ón 15 Nollaig 2006 maidir le ciníochas agus idirdhealú i scoileanna a chomhrac trí oideachas scoile,
– ag féachaint do threochlár an 27 Meán Fómhair 2019 ón gCoimisiúin Eorpaigh i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe i dtreo an chomhionannais éifeachtaigh;
– ag féachaint don séú measúnú ón gCoimisiún ar Chód Iompair maidir le Fuathchaint Neamhdhleathach Ar Líne a Chomhrac,
– ag féachaint do Sprioc 10 de Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe: an neamhionannas a laghdú laistigh de thíortha agus i measc tíortha,
– ag féachaint don Chomhdháil ar Thodhchaí na hEorpa,
– ag féachaint do na moltaí a d’eisigh Grúpa na Rialtóirí Eorpacha um Líonraí agus um Sheirbhísí maidir le Cumarsáidí Leictreonacha i mí Dheireadh Fómhair 2021 ar an gCód Cleachtais nua maidir le Bréagaisnéis,
– ag féachaint d’Airteagal 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas (A9-0027/2022),
A. de bhrí go mbaineann idirdhealú agus ciníochas an bonn de dhínit an duine, de dheiseanna saoil, den rathúnas, den fholláine agus den tsábháilteacht go minic; de bhrí gur minic a leanann steiréitíopaí ciníocha ar aghaidh thar na glúnta; de bhrí go bhfuil cosc ar idirdhealú ar fhorais tionscnaimh chine nó eitnigh in AE; de bhrí go gcuirtear imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn, i measc daoine eile, faoi réir ciníochais agus iompraíocht idirdhealaitheach;
B. de bhrí, de réir Ghníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha(19), go bhfuil idirdhealú agus ciapadh ciníoch fós coitianta ar fud an Aontais Eorpaigh; de bhrí gur rómhinic a chuirtear mionlaigh chine, reiligiúnacha agus eitneacha faoi réir ciaptha, foréigin, próifíliú ciníoch agus eitneach, lena n-áirítear trí fhorghníomhú an dlí agus fuathchaint ar líne agus as líne araon; de bhrí nach ndéanann na híospartaigh tuairisciú ar fhormhór na dteagmhas ciníoch agus seineafóibeach fuathspreagtha(20); de bhrí go bhfuil idirdhealú struchtúrach agus i gcásanna áirithe idirdheighilt i réimsí áirithe den saol laethúil, lena n-áirítear tithíocht, cúram sláinte, fostaíocht, oideachas agus córais bhreithiúnacha, roimh mhionlaigh chine agus eitneacha in AE aghaidh a thabhairt ar;
C. de bhrí go dtagraíonn plean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas 2020-2025 do chiníochas struchtúrach mar na hiompraíochtaí idirdhealaitheacha is féidir a leabú in institiúidí sóisialta, airgeadais agus polaitiúla, rud a imríonn tionchar ar sheifteanna cumhachta agus ar cheapadh beartas;
D. de bhrí go sainíonn Oifig Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine idirdhealú struchtúrach mar na rialacha, noirm, gnáthaimh, agus patrúin meoin agus iompraíochta in institiúidí agus i struchtúir shochaíocha eile atá ina mbacainní ar ghrúpaí nó ar dhaoine aonair maidir leis na cearta agus na deiseanna céanna atá ar fáil don tromlach den daonra a bhaint amach;
E. de bhrí go bhfuil rochtain theoranta ag imircigh, dídeanaithe, iarrthóirí tearmainn polaitiúla agus baill de mhionlaigh chine, reiligiúnacha agus eitneacha ar an margadh saothair agus gur minic a chuirtear faoi réir dúshaothraithe iad;
F. de bhrí gur léir go bhfuil sé soiléir go bhfuil bailiú sonraí d’ardcháilíocht ar cheann de na bealaí is éifeachtaí chun anailís a dhéanamh ar fhadhbanna sóisialta – go cainníochtúil agus go cáilíochtúil araon – agus go bhfuil sé ríthábhachtach chun freagairtí beartais phoiblí atá bunaithe ar fhianaise ar na fadhbanna sin a cheapadh, a oiriúnú agus chun faireachán a dhéanamh orthu agus iad a fhorbairt;
G. de bhrí go nglacann ceannairí tuairimíochta agus polaiteoirí áirithe ar fud AE le dearcthaí ciníocha agus seineafóibeacha, rud a spreagann timpeallacht shóisialta le bonn torthúil don chiníochas, don idirdhealú agus do choireanna fuatha; de bhrí go bhfuil an timpeallacht sin á spreagadh tuilleadh ag gluaiseachtaí antoisceacha amhail gluaiseachtaí faisisteacha agus antoisceacha na heite deise a fhéachann lenár sochaithe a dheighilt; de bhrí go bhfuil na gníomhartha sin ag teacht salach ar luachanna agus idéil chomhchoiteanna Eorpacha an daonlathais agus an chomhionannais atá geallta ag na Ballstáit uile a chaomhnú;
H. de bhrí go gcaithfidh go leor grúpaí mionlaigh foréigean póilíneachta a fhulaingt, lena n-áirítear pionós comhchoiteann agus próifíliú ciníoch; de bhrí go bhfuil gá le bearta sonracha chun an feiniméan sin a chomhrac; de bhrí, mar thoradh ar easnaimh sa smacht reachta agus sa cheartas coiriúil, nach bhfuil cosaint ná rochtain leordhóthanach ar cheartas ag íospartaigh fhoréigean na bpóilíní agus gur minic a dhéanann údaráis an stáit géarleanúint orthu; de bhrí gur tharla foréigean agus marú mar thoradh ar chiníochas i gcoinne mionlaigh eitneacha agus chine;
I. de bhrí gur féidir steiréitíopaí diúltacha a threisiú leis an gcaoi a léirítear daoine sna meáin, gan beann ar a gcúlra cine nó eitneach; de bhrí go bhfuil sé de chumhacht ag earnáil an chultúir agus ag na meáin cuimsiú a chur chun cinn agus ciníochas a chomhrac agus steiréitíopaí den sórt sin a chomhrac;
J. de bhrí gur gá dlús a chur leis an gcomhrac i gcoinne an chiníochais agus an idirdhealaithe as líne agus ar líne inár sochaithe, bíodh sé follasach nó neamhfhollasach, agus gur freagracht chomhroinnte atá ann; de bhrí gur gá don Aontas Eorpach agus dá Bhallstáit tuilleadh machnaimh a dhéanamh, gealltanas a thabhairt agus leanúint dá gcuid oibre maidir le dul i ngleic leis an gciníochas struchtúrach agus leis an idirdhealú a bhíonn os comhair a lán grúpaí mionlaigh;
K. de bhrí gur minic a dhíríonn bréagaisnéis ar mhionlaigh agus go dtionscnaítear corraíl shóisialta mar thoradh uirthi; de bhrí go bhfónann meáin neamhspleácha agus iolraíocha a chuireann insintí cothroma chun cinn chun sochaithe cuimsitheacha a chothú;
L. de bhrí gur luachanna iad an dlúthpháirtíocht agus urraim do shaol an duine agus do dhaoine eile a thugtar ó ghlúin go glúin; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach ag an oideachas scoile sa phróiseas seo;
M. de bhrí gur saincheist do phobail ar a ndéantar ciníochú ar fud na hEorpa í rochtain ar oideachas agus gnóthachtáil oideachais; de bhrí gur saincheist shuntasach san Eoraip fós í an idirdheighilt san oideachas; de bhrí go bhfuil sé fós ar siúl i roinnt Ballstát go gcuirtear leanaí i scoileanna idirdheighilte agus go gcuirtear leanaí de mhionlaigh eitneacha agus chine i scoileanna do leanaí faoi mhíchumas meabhrach, ar cleachtas idirdhealaitheach de;
N. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag scoileanna maidir le taithí a sholáthar ar luach na héagsúlachta, an cuimsiú a chur chun cinn, ciníochas a chomhrac agus steiréitíopaí agus réamhchlaonadh ciníoch a laghdú;
O. de bhrí go bhfuil sé tábhachtach go bhfeicfeadh leanaí agus daoine óga go ndéantar ionadaíocht orthu ar fud na sochaí, lena n-áirítear san oideachas a thugtar dóibh, sna clubanna agus sna gníomhaíochtaí cultúrtha agus spóirt ina mbíonn siad rannpháirteach, agus ar an idirlíon agus ar na meáin a úsáideann siad;
P. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag an spórt sa saol sóisialta, cultúrtha agus oideachais agus go bhfuil sé de chumhacht aige daoine ó chiníocha, eitneachtaí agus reiligiúin éagsúla a aontú, agus cé gur féidir é a úsáid chun pobail a thabhairt le chéile agus luachanna an chomhionannais, na rochtana agus na hurraime a spreagadh, bíonn eachtraí ciníocha arís agus arís eile ag imeachtaí spóirt agus laistigh den spórt ar fud na hEorpa i gcoitinne, agus go mbaineann go leor dúshlán leis an gciníochas; de bhrí nach mór sainaithint agus comhrac a dhéanamh ar an radacú atá ag tarlú i ngrúpaí a bhaineann le spórt;
Q. de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag iarmhairtí diúltacha phaindéim COVID-19 orthu siúd ó phobail mionlaigh chine agus eitnigh, as a n-eascraíonn neamhionannais, lena gcuirtear béim orthu agus lena méadaítear iad, lena n-áirítear neamhionannais sa chultúr, sna meáin, san oideachas agus sa spórt; de bhrí gur tháinig méadú suntasach ar chiapadh fuathspreagtha agus ar choireanna fuatha nuair a bhris paindéim COVID‑19 amach;
Comhthéacs ginearálta
1. á chur i bhfáth gurb ann don chiníochas i ngach réimse dár saol laethúil agus gur iomaí cineál ciníochais a d’fhéadfadh a bheith ann; á iarraidh go mbeadh cur chuige neamhfhulaingthe ann i leith na saincheiste sin; á aithint go gcuirtear grúpaí, pobail agus daoine aonair éagsúla faoi réir ciníochais, seineafóibe agus idirdhealaithe; á aithint go bhfuil tréithe sainiúla ag gach cineál ciníochais ar leith, go bhfuil cineálacha áirithe ciníochais níos feiceálaí i roinnt Ballstát ná a chéile mar gheall ar thosca stairiúla nó polaitiúla, i measc cúiseanna eile;
2. ag aithint phlean gníomhaíochta an Aontais maidir le frithchiníochas; chur in iúl gur geal léi an rannóg ar leith atá ann maidir leis an oideachas agus na tagairtí sonracha do na meáin, don spórt agus don chultúr; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh agus cistiú agus acmhainní leordhóthanacha a chur ar fáil chun gealltanais an phlean a bhaint amach gan dochar don chistiú le haghaidh na gclár agus na ngníomhaíochtaí atá ann cheana, agus luachanna na hEorpa á gcosaint ag an am céanna;
3. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtabharfar dóthain acmhainní don chomhordaitheoir frithchiníochais agus go roinnfear an obair maidir le príomhshruthú comhionannais chiníoch ar fud bheartais AE idir na hArd-Stiúrthóireachtaí ar fad;
4. ag tnúth le measúnú ar chreat dlíthiúil AE atá ann cheana chun idirdhealú, ciníochas, seineafóibe agus cineálacha eile éadulaingthe a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar chur chun feidhme an chreata sin, cinneadh a dhéanamh maidir le conas feabhas a chur air i gcás inar gá, agus páirt a ghlacadh in idirphlé rialta agus i malartú dea-chleachtas leis na Ballstáit agus leis na geallsealbhóirí, go háirithe iad siúd a chuireann in iúl imní na ndaoine atá thíos leis an gciníochas agus leis an idirdhealú ciníoch;
5. á mheabhrú gur uirlis éifeachtach iad pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun freagairt don chiníochas, don idirdhealú ciníoch agus eitneach agus don éadulaingt a bhaineann leis sna Ballstáit, toisc go bhféadfar gníomhaíocht nithiúil a dhéanamh leo mar fhreagairt ar chásanna sonracha; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil pleananna den sórt sin i bhfeidhm ach ag 15 Bhallstát(21); ag tathant ar an gCoimisiún treoirphrionsabail phleanáilte a fhoilsiú maidir le cur chun feidhme pleananna gníomhaíochta náisiúnta i gcoinne ciníochais agus idirdhealú ciníoch chomh maith le huirlisí eile chun cabhrú leis na hiarrachtaí ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh go n-áireofaí i bhforbairt na bpleananna sin cuspóirí sonracha lena léirítear éagsúlacht iomlán na sochaí sa chultúr, san oideachas, sna meáin agus sa spórt; á mheas go bhfuil sé riachtanach, chuige sin, dea-chleachtais a bhailiú agus a mhalartú ar fud na mBallstát chun forbairt a bpleananna náisiúnta gníomhaíochta a éascú agus chun malartú taithí idir na gníomhaireachtaí náisiúnta a chur chun cinn;
6. á chur in iúl gur geal léi foilsiú agus cur chun feidhme threoirlínte sonracha AE maidir le sonraí comhionannais a bhailiú bunaithe ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, mar a shainítear sa Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch mar shonraí atá deonach agus anaithnid agus lena n-áirithítear cosaint sonraí pearsanta, féin-sainaithint agus comhairliúchán le pobail ábhartha; á iarraidh ar na Ballstáit staidreamh náisiúnta a chur in oiriúint agus bacainní a bhaint díobh, agus nuair is ábhartha, bailiú córasach sonraí atá stóinsithe, imdhealaithe agus sonrach do thíortha ar leith maidir le comhionannas a éascú agus a fheabhsú chun bunchúiseanna an chiníochais agus an idirdhealaithe a shainaithint agus chun oibriú chun é a chomhrac agus chun tacú le beartais atá bunaithe ar fhianaise ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit na sonraí sin a úsáid chun beartais a fhorbairt chun ceartas ciníoch a bhaint amach agus chun go mbeadh rochtain ag an bpobal ar na sonraí sin, agus lánurraim á tabhairt don cheart bunúsach chun príobháideachais, do chosaint sonraí pearsanta agus do reachtaíocht ábhartha AE lena n-áirítear an Treoir maidir le Comhionannas Ciníoch, an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí(22) agus an Rialachán maidir le ríomh-Phríobháideachas(23) atá beartaithe, chomh maith leis na creataí dlíthiúla náisiúnta ábhartha;
7. á chur in iúl gur geal léi an tiomantas don éagsúlacht agus don chuimsiú laistigh de Erasmus+, Eoraip na Cruthaitheachta, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an Clár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna, tionscnamh nua Eorpach Bauhaus, CSE+ agus an Ráthaíocht Eorpach don Aos Óg; ag cur béim ar an ngá atá ann leanúint agus anailís chórasach a dhéanamh ar an rannchuidiú a dhéanann gach ceann de na cláir sin leis an gcomhrac i gcoinne an chiníochais agus chun forléargas ar dhea-chleachtais a chruthú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na straitéisí um chuimsiú a foilsíodh le déanaí a phríomhshruthú ar fud na gclár ábhartha uile de chuid an Aontais agus i ngach tionscnamh ábhartha oideachais, cultúrtha, meán agus spóirt agus go ndéanfar faireachán ar a gcur chun feidhme agus ar a dtionchar;
8. á chur in iúl gur geal léi gur aithin an Coimisiún go bhfuil gá le cur chuige trasnach maidir le ceapadh beartas; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na cuspóirí ábhartha frithchiníochais chun feidhme i ngach réimse beartais;
9. ag tabhairt dá haire agus is cúis imní di an easpa comhaontaithe sa Chomhairle i dtaca le togra ón gCoimisiún an 2 Iúil 2008 le haghaidh treoir ón gComhairle maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis(24); ag tathant ar na Ballstáit teacht ar chomhsheasamh maidir leis sin a luaithe is féidir; ag tacú leis an gCoimisiún dul chun cinn a spreagadh i dtreo na haontoilíochta a theastaíonn ón gComhairle chun an togra seo a ghlacadh;
10. á mholadh go mbeadh tuilleadh comhair ann idir an Coimisiún Eorpach in aghaidh an Chiníochais agus na hÉadulaingthe, comhlachtaí comhionannais na mBallstát, eagraíochtaí neamhrialtasacha (ENRanna), agus rialtais agus geallsealbhóirí, go háirithe iad siúd a chuireann in iúl imní na ndaoine atá thíos leis an gciníochas agus leis an idirdhealú ciníoch; á iarraidh ar na Ballstáit, go háirithe, na moltaí ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe a chur chun feidhme ina n-iomláine;
11. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a dtacaíocht do Chomhaontas Sibhialtach NA a threisiú d’fhonn idirphlé agus comhar idirnáisiúnta, idirchultúrtha agus idirchreidimh a neartú;
12. á chur i bhfáth go bhfuil an rochtain theoranta ar theicneolaíochtaí agus ar bhonneagar digiteach san oideachais, sa chultúr, sna meáin agus sa spórt ina cineál nua idirdhealaithe agus neamhionannais, ar gá don Choimisiún agus do na Ballstáit aghaidh a thabhairt air go cuí agus go pras;
13. á iarraidh ar na Ballstáit línte cabhracha, comhlachtaí idirghabhála agus oiliúint foirne a eagrú chun aghaidh a thabhairt mar is ceart ar an bhforéigean nó ar theagmhais eile de chineál ciníoch nó eitneach san oideachas, sa chultúr, sna meáin agus sa spórt agus tuairisc cheart a thabhairt ina leith;
14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis fheabhsaithe a cheapadh chun lánpháirtiú daoine ó cheantair thuaithe, sléibhe agus iargúlta, go háirithe daoine óga agus mná, a chur chun cinn san oideachas, sa chultúr, sna meáin agus sa spórt, agus bonneagar áitiúil agus oiriúnaithe á bhforbairt agus á infheistiú ann ag an am céanna;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit plean gníomhaíochta comhleanúnach a cheapadh chun aghaidh cuí a thabhairt ar an mbaol idirdhealaithe a bhíonn roimh oibrithe taistil agus a leanaí go háirithe, lena n-áirítear rochtain theoranta ar oideachas ardcháilíochta, ar chultúr, ar na meáin agus ar spórt;
Cultúr
16. á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú ag teacht i sochaithe na hEorpa ar an éagsúlacht chultúrtha agus ar an sciar den daonraí a rugadh thar lear agus a sliochtaigh; á chreidiúint go bhfuil an cultúr, an t-oideachas agus an spórt bunriachtanach chun sochaí a chothú atá oscailte agus fáiltiúil do chách; á mheas go bhfuil sé tábhachtach aitheantas a thabhairt do rannchuidiú agus leagáid na ndaoine sin i dtaca le cultúr Eorpach agus le heolas sa stair trí chéile;
17. á aithint go bhfuil an ciníochas leabaithe go láidir sa tsochaí agus go bhfuil sé fite fuaite le fréamhacha cultúrtha, le hoidhreacht agus le noirm shóisialta; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, an ról tábhachtach a d’fhéadfadh a bheith ag an gcultúr chun an t-idirdhealú agus an ciníochas a chomhrac agus chun cuimsiú sóisialta, éagsúlacht, comhionannas agus caoinfhulaingt a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé foghlaim idirchultúrtha a chothú;
18. ag tabhairt dá haire an rannchuidiú ollmhór atá déanta ag pobail éagsúla le héagsúlacht chultúrtha agus teanga na hEorpa;
19. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil bacainní ann ar rannpháirtíocht na mionlach sa chultúr, eadhon steiréitíopaí, réamhchlaontaí, idirdheighilt agus bunú geiteonna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tionscnaimh a chur chun cinn i dtreo rannpháirtíocht níos éagsúla in earnáil an chultúir do phobail chiníocha agus daoine aonair ar a ndéantar ciníochú, go háirithe trí leas a bhaint as cistiú ó na cláir ábhartha uile chun deireadh a chur leis na bacainní sin; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht níos fearr do na bealaí atá ann cheana agus go gcruthófaí líonraí tacaíochta agus gníomhaíochtaí for-rochtana, lena n-áirítear dóibh siúd atá i réigiúin fho-uirbeacha, réigiúin tuaithe, réigiúin is forimeallaí agus i réigiúin eile atá faoi mhíbhuntáiste;
20. á iarraidh ar na Ballstáit tionscnaimh a sheoladh atá ceaptha chun daoine ó chúlraí éagsúla cine agus eitneacha a spreagadh chun páirt a ghlacadh in imeachtaí cultúrtha, amhail scéimeanna dearbhán nó iarrachtaí cosúla;
21. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar fhaireachán agus ar mheastóireacht, lena n-áirítear trí uirlisí rannpháirtíochta agus dea-chleachtais a thástáil, a chomhroinnt agus a mhalartú, ar féidir leo na héifeachtaí a léiriú a bhaineann leis an gcuimsiú agus an neamh-idirdhealú a chur chun cinn agus ciníochas a chomhrac tríd an gcultúr agus cabhrú chun beartais níos cuimsithí a chruthú;
22. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na geallsealbhóirí ábhartha éagsúlacht a chothú in institiúidí cultúrtha idir fhostaithe agus bhainistíocht, trí chritéir incháilitheachta agus dhámhachtana a thabhairt isteach in eagraíochtaí a fhaigheann cistiú poiblí agus trína áirithiú go n-íocfar gach oibrí ó thús a ngairmréime;
23. á chur in iúl gur geal léi obair Mheitheal Shaineolaithe na mBallstát um Modh Oscailte an Chomhordaithe (MOC) maidir le comhionannas inscne in earnáil an chultúir agus na cruthaitheachta; á iarraidh ar na Ballstáit Meitheal MOC de Shaineolaithe na mBallstát maidir leis an gciníochas a chomhrac trí na healaíona agus an cultúr a chur san áireamh sa chéad phlean oibre eile don chultúr; á iarraidh ar Mheitheal MOC staidéar a dhéanamh maidir leis an ról atá ag an gcultúr agus ag earnáil na cruthaitheachta i gcur chun cinn an chomhionannais chiníoch laistigh dá n-earnálacha;
24. á chur in iúl gur geal léi cuimsiú na ndaoine agus na n-áiteanna is mó atá i ngátar mar cheann amháin d’aiseanna straitéiseacha Bauhaus Eorpach Nua; á iarraidh go gcuirfí san áireamh leis an tionscnamh seo cuimsiú sóisialta na n-imirceach chun rochtain chomhionann ar dheiseanna a thabhairt dóibh;
25. ag tacú go láidir leis an admháil ó Bhallstáit áirithe gur gá saothair chultúrtha agus déantáin chultúrtha a chur ar ais chuig a n-áiteanna tionscnaimh, ós rud é go gcuirfeadh sé sin meas ar oidhreacht chultúrtha a chéile agus tuiscint fhrithpháirteach uirthi chun cinn, chomh maith lena luach a fheabhsú, go háirithe trí rochtain phoiblí ar na saothair agus na déantáin sin; á iarraidh go ndéanfaí an taighde, na staidéir agus na malartuithe riachtanacha chun cláir chomhtháite a bhunú chun saothair agus déantáin chultúrtha a chur ar ais chuig a dtíortha tionscnaimh nó chuig institiúidí cultúrtha iomchuí eile, mar atá ainmnithe ag an stát tionscnaimh, i gcomhréir leis na coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha maidir leis an oidhreacht chultúrtha a chosaint; á mholadh don Choimisiún idirphlé a éascú chun comhroinnt dea-chleachtas idir na Ballstáit, tíortha nach Ballstáit de AE iad, músaeim agus institiúidí cultúrtha eile a chur chun cinn;
Oideachas
26. ag aithint an róil chinntithigh atá ag an oideachas agus ag an oiliúint maidir le dul i ngleic le ciníochas struchtúrach agus le hidirdhealú, sochaithe cuimsitheacha a thógáil, réamhchlaonadh agus steiréitíopaí a bhreagnú, agus caoinfhulaingt, tuiscint agus éagsúlacht a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais ról an Limistéir Eorpaigh Oideachais nua sa chomhrac i gcoinne gach cineál idirdhealaithe laistigh agus lasmuigh den seomra ranga, go háirithe maidir le spásanna ardcháilíochta agus cuimsitheacha a fhorbairt don oideachas;
27. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gnéithe áirithe de stair na hEorpa, lena n-áirítear an coilíneachas, an sclábhaíocht agus an cinedhíothú, go háirithe an tUileloscadh, mar aon le léirithe eile ciníochais, a bhfuil tionchar buan acu ar shochaí an lae inniu, lena n-áirítear i gcórais oideachais agus i bhforbairt curaclam oideachais; á mholadh go ndéanfaí athbhreithniú ar churaclaim oideachais chun stair ár sochaithe a mhíniú trí chur chuige atá dírithe agus bunaithe ar chomhthéacs ar mhaithe le tuiscint níos fearr a fháil ar na naisc atá aici leis an am i láthair agus oibriú chun na steiréitíopaí as a dtagann an t-idirdhealú atá ann inniu a dhíothú;
28. á chur i bhfáth an gá atá le níos mó spáis a chur i leataobh i gcuraclaim staire chun foghlaim go hoibiachtúil agus go fíorasach faoi idé-eolaíochtaí éagsúla ciníocha nó eitneacha, faoina gcineálacha agus faoina mbunús, lena n-áirítear an sclábhaíocht, an coilíneachas agus an faisisteachas agus mí-úsáid na heolaíochta chun údar a thabhairt do na hidé-eolaíochtaí sin, chomh maith leis na hiarmhairtí a bhaineann leo agus na hiarsmaí a d’fhéadfadh a bheith ann i láthair na huaire;
29. á mholadh do na Ballstáit go gcothófar forbairt curaclam oideachais agus uirlisí nó gníomhaíochtaí oideachais atá éagsúil agus cuimsitheach chun a áirithiú go ndéanfar údair, staraithe, eolaithe, ealaíontóirí agus figiúirí eile ó chúlraí cine agus eitneacha éagsúla a chur san áireamh sna hábhair sin agus in ábhair thábhachtacha eile;
30. ag cur béim ar ról an oideachais maidir leis an tsaoránacht agus le luachanna coiteanna na saoirse, na caoinfhulaingthe agus an neamh-idirdhealaithe a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé sineirgí a chruthú idir oideachas saoránachta ar fud na hEorpa agus ar fud bheartais AE chun ciníochas agus idirdhealú a chomhrac; á mholadh do na Ballstáit béim níos mó a leagan ar stair AE san oideachas ar mhaithe le comhtháthú a chothú; á chreidiúint sí gur cheart go mbeadh na réimsí sin ina ndlúthchodanna de churaclaim oideachais don tsaoránacht;
31. á iarraidh ar na Ballstáit teangacha, cultúir agus stair mionlach a chur chun cinn i gcuraclaim scoile, i músaeim agus i gcineálacha eile de léiriú cultúrtha agus stairiúil, agus aitheantas a thabhairt don mhéad a chur a gcultúir leis an oidhreacht Eorpach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta comhleanúnacha agus comhsheasmhacha a fhorbairt, a mbeidh cistiú iomchuí mar thaca leo, chun na healaíona agus cultúr na ngrúpaí ciníocha agus eitneacha a spreagadh, chun tacú leo agus chun iad a chur chun cinn, agus chun taighde a dhéanamh ar oidhreacht ábhartha agus doláimhsithe chultúir na bpobal traidisiúnta agus chun an oidhreacht sin a chaomhnú;
32. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an t-ilteangachas a chur chun cinn mar uirlis thábhachtach a thugann daoine le chéile;
33. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacaíocht chuí a thabhairt do leanaí oibrithe taistil ar fud na mBallstát ionas go mbeidh siad in ann a dteanga dhúchais a fhoghlaim agus foghlaim faoi chultúr a dtíre féin agus a dtíre nua cónaithe ar mhaithe le comhtháthú níos fearr a áirithiú;
34. á iarraidh go ndéanfaí staidéar níos doimhne ar na daonnachtaí, an stair, an fhealsúnacht, na teangacha agus an litríocht choiteann, a d’fhéadfadh cabhrú le spiorad an chomhaontaithe Eorpaigh a chur chun cinn; á iarraidh go mbainfí úsáid i gcuraclaim staire as cur chuige dírithe ar stair na bpobal cine agus eitneach atá ina gcónaí san Eoraip chun dearcadh níos leithne agus níos fíriciúla ar stair na hEorpa agus ar stair an domhain a spreagadh agus chun tuiscint níos fearr ar na hidirghníomhaíochtaí idir ilchríocha éagsúla roimh, le linn agus tar éis an choilínithe Eorpaigh a chruthú; á iarraidh go gcuirfí béim i leabhair staire ar an méid a chuireann pobail ar a ndéantar ciníochú le forbairt agus múnlú na hEorpa sa lá atá inniu ann;
35. á iarraidh ar na Ballstáit dul i ngleic go gníomhach le claontacht i leabhair scoile, in uirlisí oideachais, i scannáin agus i gcláir nuachta do leanaí agus do dhaoine óga, agus sa spórt; á iarraidh ar na Ballstáit na spriocanna sin a áireamh i gcur chun feidhme Bhliain Eorpach na hÓige 2022;
36. ag cáineadh go láidir cleachtas na hidirdheighilte ciníche agus eitní i scoileanna, atá fós i láthair san Eoraip; ag tabhairt rabhadh go mbíonn imeallú, luathfhágáil na scoile, rátaí íseal rollaithe agus cruthú spásanna sóisialta comhthreomhara mar thoradh ar chleachtais den sórt sin, go mbuanaíonn siad idirdhealú struchtúrach agus go gcuireann siad bac ar rochtain chothrom ar cháilíocht na beatha; á iarraidh ar na Ballstáit go léir beartais chuimsitheacha a thabhairt isteach nó a neartú chun cosc a chur ar ghrúpaí imeallaithe foghlaimeoirí ón réamhscoil go dtí an t-ardoideachas a bheith curtha i scoileanna, in institiúidí nó i ranganna ar leithligh, bíodh sin d’aon ghnó nó ná bíodh, chun cuimsiú sóisialta a chur chun cinn agus comhdheiseanna do chách a ráthú, agus chun a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ag gach leanbh ar oideachas ardchaighdeáin agus ar ghníomhaíochtaí seach-churaclaim lena n-áirítear cultúr agus spórt; ag spreagadh na mBallstát cuimsiú leanaí ó ghrúpaí mionlaigh i scoileanna agus i bpobail áitiúla a chur chun cinn go gníomhach agus nádúr tuata an oideachais phoiblí a chosaint, agus féiniúlachtaí cultúrtha agus reiligiúnacha á n-urramú ag an am céanna;
37. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit céimeanna a ghlacadh chun tacú le leanaí ó mhionlaigh chine agus eitneacha agus ó chúlraí socheacnamaíocha forbhásacha ar a mbealaí chun sármhaitheasa trí chabhrú leo páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí seach-churaclaim (e.g. na healaíona agus an spórt) ar ardleibhéal, trína chur ar a gcumas dul isteach i scoileanna a chomhlíonann a riachtanais ar leith, trí dheiseanna oideachais ar ardchaighdeán a chur ar fáil, agus tríd an maoiniú is gá a chur ar fáil;
38. á iarraidh ar na Ballstáit an ceart chun oideachais do gach leanbh a ráthú agus bearta a bhunú chun luathfhágáil na scoile a chomhrac agus a chosc, agus chun rochtain atá cothrom ó thaobh inscne de ar oideachas cuimsitheach atá ar ardchaighdeán ón luath-óige go dtí an óg-óige a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí nó fochláir cistiúcháin nua a dhearadh ar cheart a bheith comhlántach leis na bearta arna nglacadh ag na Ballstát, arb é is aidhm dóibh tacaíocht spriocdhírithe agus shaincheaptha in oideachas ardcháilíochta a thabhairt do leanaí ó 3 bliana d’aois ar aghaidh, ar leanaí iad a bhfuil orthu déileáil le fíorbhochtaineacht agus nach bhfuil incháilithe le haghaidh tionscnaimh cistiúcháin oideachais agus cuimsithe shóisialta atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo ón Aontas, amhail Erasmus+, an Rathaíocht Eorpach do Leanaí nó CSE+;
39. á aithint a thábhachtaí atá sé leanaí agus daoine óga a theagasc chun iad a chur ar an eolas faoi thionchar diúltach na héadulaingthe agus chun a gcuid scileanna smaointeoireachta criticiúla a fhorbairt; á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go dtosaíonn an t-oideachas ar chearta an duine ó aois an-luath agus go léiríonn an t-ábhar teagaisc éagsúlacht agus iolrachas na sochaí agus nach n-áirítear aon ábhar ciníoch ann;
40. á iarraidh ar an gCoimisiún taighde ar chórais luathrabhaidh agus ar mhodhanna éifeachtacha múinteoireachta a chur chun cinn chun ciníochas agus idirdhealú a chomhrac i scoileanna, chun aird a thabhairt ar dhea-chleachtais ó gach cearn den Eoraip, agus chun scaipeadh na dtorthaí a chur chun cinn chun an bhulaíocht ar fhorais chiníocha a dhíothú;
41. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom agus chóir ag foireann teagaisc ó ghrúpaí mionlaigh chine agus eitneacha ar phoist teagaisc agus ar phoist oideachais ar gach leibhéal oideachais agus go gcuirfear bearta i bhfeidhm chun a áirithiú go gcosnófar oideachasóirí agus foghlaimeoirí araon ar idirdhealú ciníoch sa chóras scoile;
42. ag cáineadh an idirdhealaithe struchtúraigh a fhulaingíonn na mílte leanaí is dídeanaithe san Eoraip, ar leanaí iad nach bhfuil mórán rochtana nó nach bhfuil aon rochtain acu ar oideachas; á dhearbhú nach féidir le ranganna idirdheighilte i gcampaí glactha, a bhíonn á reáchtáil ag saorálaithe go minic, dul in ionad na scolaíochta; á iarraidh go ndéanfaí oideachas éigeantach ar leanaí dídeanaithe i gcóras scoile na tíre aíochta mar réamhchoinníoll chun rochtain a fháil ar mhaoiniú AE i réimse na himirce;
43. á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint oiriúnach a chur ar fáil do mhúinteoirí, gan beann ar a n-ábhar, ar a speisialtóireacht, ar aois a mac léinn, nó ar an gcineál saoráide ina mbeidh siad ag múineadh, chun go mbeidh siad in ann na scileanna agus na cumais chultúrtha a fháil a theastaíonn uathu chun cuimsiú agus caoinfhulaingt a chur chun cinn agus chun an t-idirdhealú sa chóras oideachais a chomhrac; á iarraidh go dtabharfaí am do gach oideachasóir agus oibrí óige páirt a ghlacadh in oideachas tosaigh múinteoirí agus i bhforbairt ghairmiúil leanúnach atá dírithe ar theagasc i gcomhthéacs ilchultúrtha agus ilchíníoch, lena n-áirítear oiliúint maidir le claontacht neamh-chomhfhiosach; á iarraidh ar na Ballstáit cláir foghlama ar feadh an tsaoil a thabhairt isteach do státseirbhísigh agus d’fhórsaí slándála stáit go háirithe chun iompraíocht chiníoch agus sheineafóbach a dhíothú;
44. á mheabhrú go meastar i gcásanna áirithe gur ‘ardriosca’ iad córais intleachta saorga (AI) atá beartaithe lena n-úsáid san oideachas agus sa ghairmoiliúint agus sna próisis chun foireann oideachais a earcú; á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe riosca cuí sula n-úsáidfear na huirlisí sin;
45. á chur i bhfáth an tábhacht a bhaineann le gníomhaíochtaí cuimhneacháin sa Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus ar an ngá atá le cistiú leordhóthanach agus infheictheacht do thionscadail atá deartha chun comóradh, taighde agus teagasc a dhéanamh ar imeachtaí i stair na hEorpa le déanaí, agus feasacht a mhúscailt i measc shaoránaigh na hEorpa maidir lena stair choiteann, a gcultúr, a n-oidhreacht chultúrtha agus a luachanna, agus ar an gcaoi sin, feabhas a chur ar an tuiscint atá acu ar AE agus ar a bhunús, a aidhm agus a éagsúlacht;
46. á aithint gur leas don fhorbairt oideachasúil, shóisialta, phearsanta agus ghairmiúil iad cláir shoghluaisteachta amhail Erasmus+ agus gur chabhraigh siad le tuiscint ar dhaoine eile a chothú; á mholadh formhuiniú leanúnach na gclár sin;
47. á chur i bhfios go láidir an luach a bhaineann le hoideachas saoránachta AE ar mhaithe le comhthuiscint agus comhtháthú sóisialta, diongbháilteacht atá comhroinnte ag na saoránaigh a chuir a n-ionchur ar fáil don Chomhdháil maidir le Todhchaí na hEorpa, a chuirfear san áireamh freisin sna conclúidí ón gcomhdháil atá le foilsiú i mbliana;
48. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé aitheantas a thabhairt don oideachas seachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil agus aitheantas uathoibríoch a thabhairt do dhioplómaí agus do cháilíochtaí mar phríomhuirlisí chun deiseanna a chur ar fáil do dhaoine aonair ó ghrúpaí cine agus eitneacha, chun dul i ngleic leis an gciníochas struchtúrach agus leis an idirdhealú agus chun éagsúlacht a chothú;
49. ag aithint thábhacht na n-eiseamláirí maidir le gnóthachtáil oideachais; á mholadh go gcruthófaí ardán uile-Eorpach de dhaoine aonair agus de ghrúpaí daoine ó chúlraí mionlaigh chine agus eitneacha ar féidir leo a gcuid taithí a roinnt le foghlaimeoirí;
50. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé feasacht a mhúscailt i measc an phobail i gcoitinne agus i measc thuairimí an phobail maidir le héagsúlacht ár sochaithe trí theagasc agus ábhair ábhartha eile;
51. á iarraidh ar na Ballstáit staonadh ó chiorruithe buiséid a dhéanamh ar chláir oideachais, toisc go bhféadfaí níos lú plé ar fheasacht thraschultúrtha agus ar fhrithchiníochas a bheith ann dá ndéanfaí amhlaidh(25);
52. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cláir shóisialta atá maoinithe ag an AE, go háirithe scéimeanna béilí scoile, maidir le lánpháirtiú leanaí agus daoine óga atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta;
Na meáin
53. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an ionadaíocht agus an éagsúlacht i bhforbairt sochaithe cuimsitheacha; á mheabhrú go bhfuil sé de fhreagracht ar na meáin sochaithe a léiriú ina n-éagsúlacht ar fad agus is oth léi easpa éagsúlachta cine agus eitní ag go leor eagraíochtaí meán; á iarraidh ar earnáil an chultúir agus ar earnáil na meán diúltú do chleachtais a dhéanann steiréitíopaí diúltacha maidir le mionlaigh eitneacha agus chine a bhuanú nó a atreisiú agus á mholadh dóibh baill na bpobal sin a bhfuil róil dhearfacha acu a léiriú; á iarraidh ar na geallsealbhóirí ábhartha aghaidh a thabhairt ar an éagsúlacht agus ar an ionadaíocht laistigh dá gcuid eagraíochtaí, lena n-áirítear trí ról a chruthú a bheidh freagrach as an éagsúlacht agus trí thionscnaimh a chur chun feidhme arb é an aidhm atá leo feabhas a chur ar litearthacht ghairmithe na meán maidir le saincheisteanna na héagsúlachta agus na cuimsitheachta chun neamhspleáchas agus iolraíochas a gcúraimí a léiriú ar bhealach níos fearr;
54. á chur in iúl gur geal léi an feachtas cumarsáide agus múscailte feasachta ón gCoimisiún chun éagsúlacht a chothú san earnáil chlosamhairc, idir fheachtas cumarsáide agus fheachtas ar an scáileán; á iarraidh go ndíreodh an feachtas seo ar éagsúlacht agus ar stair na bpobal ar a ndearna ciníochú agus pobal imeallaithe eile agus chun aird a tharraingt ar an gcaoi ar féidir le ceartas ciníoch cur le hEoraip a bheidh níos comhtháite, níos síochánta agus níos daonlathaí do chách;
55. á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh de chúram ar Fhaireachlann Eorpach um na Meáin Dhigiteacha dul i ngleic leis an mbréagaisnéis agus le gníomhaíocht atá dírithe ar phobail mionlaigh; á chur i bhfáth a phráinní atá sé béim níos mó a chur ar fhorbairt a dhéanamh ar smaointeoireacht chriticiúil, ar litearthacht sna meáin agus ar scileanna digiteacha i gcláir oideachais; ag tabhairt chun suntais na héifeachtaí ríthábhachtacha a d’fhéadfadh a bheith ag feachtais agus tionscnaimh litearthachta sna meáin maidir le maolú a dhéanamh ar idirdhealú ciníoch a fhorleathadh tríd an mbréagaisnéis; ag tabhairt chun suntais an gá atá ann uirlisí anailíseacha agus oibríochtúla a chur ar fáil do dhaoine óga chun scaipeadh fuathchainte ar líne a aithint agus a chomhrac;
56. ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar sainmhíniú na fuathchainte as líne nó ar líne agus coiriúlú na coireachta fuatha a thrasuí go hiomlán agus i gceart i ndlíthe náisiúnta na mBallstát, agus nósanna imeachta um shárú a thionscnamh nuair is gá;
57. á chur in iúl gur geal léi an séú meastóireacht ar an gCód Iompair an Aontais Eorpaigh maidir le fuathchaint neamhdhleathach ar líne a chomhrac agus an dul chun cinn atá déanta maidir le fuathchaint ar líne a bhaint; á chur in iúl gurb léi, áfach, cé go bhfuil meánráta na bhfógraí a athbhreithníodh laistigh de 24 uair an chloig fós ard (81 %), gur thit sé ó 2020 (90,4 %), agus go bhfuil meánráta na bhfógraí a baineadh tite go 62,5 % ó 2019 agus 2020; ag tathant ar an gCoimisiún leanúint dá chomhar le hardáin chun deireadh a chur leis an bhfuathchaint ar líne agus feabhas a chur ar rátaí na bhfógraí a bhaintear, ar an trédhearcacht agus ar aiseolas d’úsáideoirí;
58. á chur a himní in iúl maidir leis an intleacht shaorga agus na halgartaim lena gcumasaítear an fhuathchaint agus an bhréagaisnéis, lena n-áirítear ábhar ciníoch agus idirdhealaitheach; ag tabhairt dá haire go gcuirtear isteach ar ár sochaithe láithreach leis an bhfuathchaint agus leis an mbréagaisnéis; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun dul i ngleic leis na gníomhaíochtaí sin, go háirithe trí intleacht shaorga agus algartaim thiomnaithe a dhearadh agus é mar sprioc dheiridh acu srian a chur leis an bhfuathchaint agus leis an mbréagaisnéis agus na hiarmhairtí a bhaineann léi a mhaolú;
59. ag tabhairt faoi deara go bhfuil Béarla forleathan i bhforbairt, in imscaradh agus in úsáid IS, lena n-áirítear scagairí inneachair; ag tabhairt rabhadh go bhfuil fuathchaint ar líne á cleachtadh i dteangacha eile freisin, nach bhfuil a scagairí inneachair chomh héifeachtach céanna; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun an fhuathchaint a chomhrac i ngach teanga;
60. á chur in iúl gur geal léi an cleachtas a bhunaigh soláthraithe idirnáisiúnta closamhairc áirithe chun séanadh a chur isteach maidir le hábhar díobhálach agus ciníoch roimh chraoltaí meán; ag spreagadh fhorbairt na gcleachtas sin laistigh den réimse closamhairc Eorpach;
61. ag tabhairt dá haire go bhfuil comhlachtaí rialála closamhairc ag roinnt Ballstát a bhfuil sé de chumhacht acu smachtbhannaí a eisiúint i leith cláir a chuireann ábhar idirdhealaitheach nó ciníoch chun cinn; ag spreagadh na mBallstát a gcuid gníomhaireachtaí rialála a chumhachtú sa chiall sin; á iarraidh go dtabharfaí rochtain ar acmhainní do Ghrúpa na Rialtóirí Eorpacha um Sheirbhísí Meán Closamhairc chun comhordú ceart a dhéanamh ar na gníomhaireachtaí náisiúnta maidir le sonraí ardcháilíochta a bhailiú agus a chomhroinnt, mar aon le faireachán a dhéanamh ar chúraimí den sórt sin; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit deireadh a chur le maoiniú AE agus stáit le haghaidh eagraíochtaí meán faoina bhfuil sé faighte amach ag údaráis inniúla rialála go bhfuil caighdeáin dhlíthiúla á sárú acu chun fuathchaint agus seineafóibe a chur chun cinn;
62. ag cáineadh na reitrice ciníche atá ag eagraíochtaí meáin áirithe a dhéanann stiogmatú ar phobail chiníocha, mar shampla trí dhíriú ar imircigh mar fhoinse fadhbanna éagsúla eacnamaíocha agus sóisialta agus trí chlúdach díréireach a thabhairt do choireanna a dhéanann imircigh; á iarraidh ar na Ballstáit bearta éifeachtacha a ghlacadh chun na meáin a chosc ó reitric aithiseach, fuathchaint, insintí bréagacha agus léirithe diúltacha a bhaineann le grúpaí eitneacha nó cine ar leith a scaipeadh, nach ndéanann ach na daoine lena mbaineann a dhídhaonnú;
63. á chur i bhfáth an gá atá le cuntasacht na n-ardán digiteach agus na líonraí sóisialta a mhéadú chun leathadh an ghríosaithe chun fuatha chiníoch agus chun tuairimí frith‑inimirceach agus frithmhionlaigh a chomhrac;
Spórt
64. á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag clubanna spóirt agus ag cónaidhmeanna spóirt maidir leis an gciníochas a chomhrac, lena n-áirítear trí fheasacht a mhúscailt; á mheabhrú go spreagann an spórt agus spórt foirne go háirithe an cuimsiú sóisialta, an comhionannas agus cur chun cinn luachanna an Aontais, dá dtagraítear i rialachán Erasmus+; á chur in iúl gur geal léi gur cuireadh maoiniú náisiúnta agus AE ar fáil chun cur ar chumas daoine atá i mbochtaineacht, go háirithe mionlaigh agus leanaí, páirt a ghlacadh i ngníomhaíochtaí spóirt;
65. ag tabhairt dá haire go luaitear ciníochas faoin tosaíocht earnáilsonrach maidir le comhpháirtíochtaí don spórt i bPríomhbheart 2 den chlár oibre bliantúil 2022 le haghaidh Erasmus+ agus gur féidir tionscnaimh spóirt an phobail lena ndírítear ar chuimsiú agus ar an gcomhrac i gcoinne an chiníochais a mhaoiniú faoin scéim nua comhpháirtíochtaí ar mhionscála; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na tionscnaimh sin agus faireachán córasach a dhéanamh ar líon agus ar chineál na dtionscadal spóirt arb é an comhrac i gcoinne an chiníochais a bpríomhfhócais, agus ar mhéid an mhaoinithe a leithdháiltear orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún cuimsiú imirceach agus daoine ó chúlraí mionlaigh chine agus eitneacha a chur chun cinn i gclubanna spóirt an phobail;
66. ag cur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí atá déanta ag eagraíochtaí neamhrialtasacha agus eagraíochtaí pobail i mBallstáit éagsúla leas a bhaint as an spórt chun daoine a thabhairt le chéile agus chun cuimhne chomhchoiteann a chothú agus é mar aidhm leo urraim agus cuimsiú a chothú; á iarraidh ar an gCoimisiún bunachar sonraí de dhea-chleachtais a fhorbairt san oideachas spóirt agus sna meáin chun a bhforbairt a chur chun cinn ar fud AE;
67. á aithint gur cheart aird níos mó a thabhairt ar ionadaíocht na ngrúpaí éagsúla sa spórt i gcoitinne agus i bpoist bhainistíochta in eagraíochtaí spóirt, lena n-áirítear mná agus iad siúd ar lú na deiseanna atá acu amhail dídeanaithe, mionlaigh eitneacha agus chine agus an pobal LADTIA; ag tathant ar chomhlachtaí idirnáisiúnta, Eorpacha agus náisiúnta rialaithe spóirt bearta maidir le héagsúlacht agus cuimsiú a chur chun feidhme, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar líon íseal na mban agus na mionlach eitneach i bpoist cheannaireachta agus ar bhoird; á iarraidh ar na Ballstáit beartais chuimsitheacha spóirt a fhorbairt leis an maoiniú iomchuí chun a áirithiú go mbeidh an spórt inrochtana do chách, gan beann ar eitneacht, cine, míchumas nó cúlra socheacnamaíoch;
68. ag áitiú cur chuige neamhfhulaingthe i leith an chiníochais, na fuathchainte, foréigin agus iompraíocht chiníoch eile sa spórt agus ag tathant ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar chónaidhmeanna spóirt bearta a fhorbairt chun teagmhais den sórt sin a chosc agus pionóis agus bearta éifeachtacha a ghlacadh chun tacú le híospartaigh, chomh maith le bearta chun cosaint a thabhairt ar lúthchleasaithe frithbheartaíochta a cháineann ciníochas nó a labhraíonn amach ar son na héagsúlachta;
69. ag tathant ar an gCoimisiún moltaí nó treoirlínte a fhorbairt sa spórt chun ciníochas sa spórt a chomhrac ar an leibhéal áitiúil, réigiúnach, náisiúnta agus Eorpach agus chun cuimsiú agus urraim a chothú, lena n-áirítear dóibh siúd a bhfuil éadaí sonracha ag teastáil uathu, ar gach leibhéal spóirt; á iarraidh ar eagraíochtaí spóirt agus ar gheallsealbhóirí ar gach leibhéal rannchuidiú go gníomhach le cód den sórt sin, síntiús a ghlacadh leis, agus é a ionchorprú ina reachtanna; ag spreagadh eagraíochtaí chun feasacht a mhúscailt maidir le cód den sórt sin agus maidir lena bhfuil ann i measc a mball agus a dteaghlach, agus i measc an phobail i gcoitinne;
o o o
70. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún;
Gníomhaireacht AE um Chearta Bunúsacha, Dara suirbhé an Aontais Eorpaigh ar mhionlaigh agus ar an idirdhealú – príomhthorthaí, an 6 Nollaig 2017; Dara suirbhé an Aontais Eorpaigh ar mhionlaigh agus ar an idirdhealú: Moslamaigh – torthaí roghnaithe, an 21 Meán Fómhair 2017; Taithí agus tuiscintí ar fhrithsheimíteachas – an dara suirbhé ar idirdhealú agus coireacht fuatha i gcoinne na nGiúdach in AE, an 10 Nollaig 2018; Dara suirbhé an Aontais Eorpaigh ar mhionlaigh agus ar an idirdhealú: na Romaigh – torthaí roghnaithe, an 29 Samhain 2016; Dara suirbhé an Aontais Eorpaigh ar mhionlaigh agus ar an idirdhealú: Saol an Duine Ghoirm san Aontas Eorpach, an 23 Samhain 2018.
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le meas ar an saol príobháideach agus cosaint sonraí pearsanta i gcumarsáid leictreonach (COM(2017)0010).
Ról an chultúir, an oideachais, na meán agus an spóirt sa chomhrac i gcoinne an chiníochais, Ard‑Stiúrthóireacht Pharlaimint na hEorpa um Beartais Inmheánacha, An Roinn Beartais um Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Deireadh Fómhair 2021, lch. 13.
Beartas comhtháthaithe: laghdú a dhéanamh ar éagothromaíochtaí cúraim sláinte agus feabhas a chur ar an gcomhar sláinte trasteorann
177k
61k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar an mbeartas comhtháthaithe mar ionstraim chun éagothromaíochtaí cúraim sláinte a laghdú agus chun feabhas a chur ar chomhar sláinte trasteorann (2021/2100(INI))
– ag féachaint d’Airteagal 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), lena gceanglaítear ardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme, agus a bhfuil sé mar aidhm leis comhar a spreagadh idir na Ballstáit chun comhlántacht a gcuid seirbhísí sláinte i limistéir thrasteorann a fheabhsú,
– ag féachaint d’Airteagal 174 CFAE maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú,
– ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta(1),
– ag féachaint do Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm(2) (an Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteoran), agus go háirithe Airteagal 168 de,
– ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013 ó Pharlaimint na hЕorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1081/2006(3),
– ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún maidir le Comhar Trasteorann dar teideal Capitalising on existing initiatives for cooperation in cross-border regions [Sochar a bhaint as tionscnaimh atá ann cheana le haghaidh comhar i réigiúin trasteorann] a foilsíodh i mí an Mhárta 2018(4),
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 maidir le cur chun feidhme an chúraim sláinte trasteorann agus smaointe faoin todhchaí(5),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Samhain 2020 dar teideal Building a European Health Union: Reinforcing the EU’s resilience for cross-border health threats [Aontas Sláinte de chuid na hEorpa a chur ar bun: Athléimneacht an Aontais a threisiú i leith bagairtí sláinte trasteorann] (COM(2020)0724).
– ag féachaint do thuarascáil ón Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta an 19 Samhain 2020 dar teideal Health at a Glance [Sracfhéachaint ar an tSláinte: Eoraip 2020],
– ag féachaint dá seasamh arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 9 Márta 2021 ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte – don tréimhse 2021-2027, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (‘Clár EU4Health’)(6),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/522 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear Clár do ghníomhaíochtaí an Aontais i réimse na sláinte (‘Clár EU4Health’) don tréimhse 2021-2027, agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014(7),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/695 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 lena mbunaítear Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht, lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh, agus lena n-aisghairtear Rialacháin (AE) Uimh. 1290/2013 agus (AE) Uimh. 1291/2013(8),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe(9),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) a fhaigheann tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh(10),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmainn, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Viosaí(11),
– ag féachaint do staidéar 2021 ar chomhar trasteorann i gcúram sláinte arna choimisiúnú ag an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach(12),
– ag féachaint don treoraíocht ón gCoimisiún maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa 2014-2020,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0026/2022),
A. de bhrí go bhfuil an easpa bonneagair bhunúsaigh, pearsanra dhea-oilte agus seirbhísí cáilíochta i réigiúin NUTS leibhéal 2 (réigiúin ina bhfuil idir 800 000 agus 3 milliún áitritheoir) ina bhfuil OTI per capita is lú ná 75 % de mheán AE-27, agus i réigiúin trasdula ina bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 90 % de mheán AE-27, ina bac tromchúiseach ar rochtain chothrom ar chúram sláinte, agus gur mar gheall ar an easpa sin, go príomha, ba cheart bonneagar sláinte ardcháilíochta agus pearsanra leormhaith ardoilte a bheith ina dtosaíocht ag gach rialtas náisiúnta agus réigiúnach;
B. de bhrí gur léiríodh le ráig phaindéim COVID-19 a ríthábhachtaí atá an earnáil sláinte agus gur mó éileamh a bhí ar chórais cúraim sláinte agus ar oibrithe sláinte mar gheall uirthi, agus gur nochtadh laigí agus easnaimh na gcóras cúraim sláinte chomh maith leis na héagothromaíochtaí agus na neamhionannais cúraim sláinte idir na Ballstáit agus laistigh díobh dá réir sin, go háirithe sna réigiúin teorann, sna réigiúin is forimeallaí, i réigiúin iargúlta agus i réigiúin tuaithe, lena n-áirítear i réigiúin a bhfuil dlús íseal daonra iontu;
C. de bhrí go raibh an beartas comhtháthaithe, tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas (CRII) agus tríd an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas Plus (CRII+), ina chéad líne chosanta ar phaindéim COVID-19, rud a chruthaíonn gur féidir leis an mbeartas sin a bheith ina rannchuidiú suntasach le héagothromaíochtaí sláinte a laghdú trí thacú le dul chun cinn sa ríomhshláinte, sa ríomhleigheas agus i gcineálacha eile digiteála a mbaineann deiseanna leo ach a dteastaíonn trealamh ina leith chun smacht a fháil ar gach cás ar leith, mar aon le hoiliúint do phearsanra leighis chun freastal ar gach cás ar leith;
D. de bhrí gur saincheart de chuid na mBallstát i gcónaí é caighdeán an chúraim sláinte agus gur ann d’éagsúlachtaí suntasacha idir na réigiúin, rud is siocair le héagothromaíochtaí; de bhrí nach féidir le réigiúin NUTS leibhéal 2 ag a bhfuil OTI per capita is lú ná 75 % de mheán AE-27 aon rud atá gar don mhéid acmhainní per capita a chaitheann a gcontrapháirtithe níos forbartha ar chúram sláinte a chaitheamh;
E. de bhrí go bhfuil ionstraimí AE atá dírithe ar chuid de na fadhbanna sin a chúiteamh teoranta don dlí ‘bog’ den chuid is mó, rud is cúis le heasnaimh ghinearálta; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige níos struchtúrtha ar leibhéal an Aontais, arna chomhlánú le creat dlíthiúil atá níos láidre agus níos cuimsithí agus le modhanna gníomhaíochta atá ceangailteach ó thaobh an dlí de, chun comhar agus comhordú idir na Ballstáit a fheabhsú, chun sláinte na ndaoine a chosaint ar bhealach níos fearr agus chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar na héagothromaíochtaí cúraim sláinte atá ann cheana;
F. de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún le comhar trasteorann sa chúram sláinte trí staidéir agus tionscnaimh iomadúla, lena n-áirítear trí Interreg, a mhaoinítear faoi na cistí struchtúracha;
G. de bhrí go bhfuil gá le tacaíocht agus rannpháirtíocht réimse leathan comhpháirtithe, institiúidí sóisialta agus leighis, eintiteas árachais sláinte agus údarás poiblí i leith comhar trasteorann a bhaineann le cúram sláinte, ar tacaíocht agus rannpháirtíocht iad ar cheart aghaidh a thabhairt leo ar na bacainní atá ann cheana maidir le teorannacha a thrasnú i réimsí amhail saorghluaiseacht, faisnéis, córais éagsúla chánachais agus slándála sóisialta, agus freisin ar aitheantas do cháilíochtaí d’fhoireann cúraim sláinte agus ar bhacainní a bhíonn le sárú ag institiúidí cúraim sláinte;
H. de bhrí gur cuid de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta é an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte ardcháilíochta, lena n-áirítear cúram coisctheach, agus gur cheart go mbeadh an cúram sláinte sin inrochtana ag daoine i limistéir trasteorann, arb ionann iad agus 40 % de chríoch AE, a bhfuil cónaí ar bheagnach aon trian de dhaonra AE iontu agus ar measa a fheidhmíonn siad, i gcoitinne, le hais réigiúin eile laistigh de na Ballstáit, go háirithe limistéir trasteorann ina bhfuil dlús daonra níos ísle agus geilleagair leochaileacha, amhail réigiúin tuaithe, réigiúin iargúlta, na réigiúin is forimeallaí agus oileáin;
I. de bhrí gur gá an beartas comhtháthaithe a neartú chun na héagothromaíochtaí idir caighdeáin an tsoláthair cúraim sláinte in AE a laghdú;
J. de bhrí gurb ionann an caiteachas ar shláinte agus beagnach 10 % de OTI AE, agus gur daoine atá fostaithe i réimsí a bhaineann leis an tsláinte iad 15 % de lucht saothair AE; de bhrí gur ann i gcónaí d’éagsúlachtaí suntasacha idir na Ballstáit agus a réigiúin a mhéid a bhaineann le leibhéal an chaiteachais ar chúram sláinte agus le infhaighteacht dochtúirí agus gairmithe cúraim sláinte;
K. de bhrí go bhfuil bánú tromchúiseach na réigiún teorann, a mhéid a bhaineann le daoine óga agus oibrithe oilte ach go háirithe, ina léiriú ar an easpa deiseanna eacnamaíocha sna réigiúin sin, agus go bhfágann sé nach mbíonn siad chomh tarraingteach céanna i dtéarmaí gur lú tarraingteacht na réigiún sin ó thaobh fostaíocht san earnáil sláinte de; de bhrí go bhfuil an ganntanas acmhainní daonna i gcúram sláinte cothrom, cibé a bhíonn sé mar thoradh ar theorainneacha a bheith á gcur ar líon na mac léinn nó ar easpa ionchais ghairme, ar cheann de na príomhcheisteanna a bhaineann le hinbhuanaitheacht chórais sláinte na hEorpa;
L. de bhrí gurb amhlaidh, sa dá chreat airgeadais ilbhliantúla (CAInna) dheireanacha, go mbíodh infheistíochtaí sláinte ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) á gcomhchruinniú sna Ballstáit lagforbartha agus i réigiúin NUTS leibhéal 2 ag a bhfuil OTI per capita is lú ná 75 % de mheán AE-27, ag díriú, de ghnáth, ar nuachóiriú seirbhísí sláinte, agus go raibh aghaidh á tabhairt le hinfheistíochtaí de chuid Chiste Sóisialta na hEorpa (CSE) ar chúram sláinte agus go mbídís á gcomhchruinniú sna tíortha sin a raibh dúshláin ar leith os a gcomhair ó thaobh rochtain ar sheirbhísí inacmhainne, inbhuanaithe agus ardcháilíochta de;
M. de bhrí gur ar na Ballstáit atá an phríomhfhreagracht maidir le cúram sláinte i láthair na huaire, ós iad a rialaíonn eagrú agus maoiniú seirbhísí cúraim sláinte agus cleachtas leighis;
N. de bhrí go n-áirítear digiteáil agus athléimneacht na gcóras sláinte ar thosaíochtaí NextGenerationEU;
O. de bhrí go bhfuil cúram sláinte trasteorann ar cheann de na réimsí beartais agus na réimsí idirghabhála is mó a bhfuil constaicí dlíthiúla agus neamhdhlíthiúla ag baint leo mar gheall ar na héagsúlachtaí móra atá ann idir córais náisiúnta;
P. de bhrí gur cheart d’Aontas Sláinte na hEorpa rannchuidiú le comhar, comhordú agus comhroinnt eolais níos dlúithe i gcúrsaí sláinte idir na Ballstáit agus idir na geallsealbhóirí ábhartha agus an méid sin a chothú, agus cur le cumas AE bagairtí sláinte trasteorann a chomhrac;
Éagothromaíochtaí cúraim sláinte a laghdú tríd an mbeartas comhtháthaithe
1. á chur i bhfios go láidir go n-infheistíonn beartas comhtháthaithe AE sa tsláinte mar phríomhshócmhainn don fhorbairt réigiúnach, don chóineasú sóisialta agus don iomaíochas réigiúnach, chun éagothromaíochtaí eacnamaíocha agus sóisialta a laghdú;
2. á chur i bhfios go bhfuil rochtain ar sheirbhísí poiblí ríthábhachtach don 150 milliún duine i limistéir trasteorann inmheánacha, agus gur minic a bhíonn an iliomad bacainní dlí agus riaracháin ina ndris chosáin uirthi; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, a n-iarrachtaí a uasmhéadú chun deireadh a chur leis na bacainní sin, go háirithe a mhéid a bhaineann le seirbhísí sláinte, iompar, oideachas, soghluaisteacht an lucht saothair agus an comhshaol;
3. á chreidiúint gur cheart do AE cur chuige straitéiseach agus comhtháite a fhorbairt maidir le galair mhóra trí acmhainní éagsúla ó roinnt cistí, lena n-áirítear cistí comhtháthaithe, a tharraingt le chéile; ag cur béim ar an ngá le samhail phlean na hEorpa um shárú na hailse a mhacasamhlú chun dul i ngleic le fadhbanna sláinte eile amhail an mheabhairshláinte agus galair chardashoithíocha;
4. á chur i bhfios go láidir go bhfuil méadú tagtha ar mheabhairghalair agus ar neamhoird mheabhracha, go háirithe ó thús phaindéim COVID-19; á iarraidh ar an gCoimisiún plean gníomhaíochta Eorpach nua maidir leis an meabhairshláinte a mholadh a luaithe is féidir bunaithe ar shamhail phlean na hEorpa um shárú na hailse, agus leas á bhaint as na hionstraimí uile atá ar fáil, lena n-áirítear an beartas comhtháthaithe, i bhfoirm plean cuimsitheach lena ngabhann bearta agus spriocanna nach bhfágfar aon duine ar lár leo;
5. á chreidiúint gur deis atá sa téarnamh ó phaindéim COVID-19 córais sláinte níos láidre agus níos athléimní a thógáil trí leas a bhaint as ionstraimí an bheartais chomhtháthaithe; ag tacú leis an gCoimisiún Aontas Sláinte Eorpach dea-fheidhmiúil a chruthú chun acmhainneacht ollmhór an chomhair sláinte; a scaoileadh;
6. á thabhairt chun suntais, maidir le réigiúin leibhéal NUTS 2 ag a bhfuil OTI per capita is ísle ná 75 % de mheán AE-27, réigiúin trasdula ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 90 % de mheán AE-27, limistéir thuaithe agus limistéir a bhfuil dlús íseal daonra iontu, nach mbíonn caighdeáin sholáthar an chúraim sláinte á gcomhlíonadh go haonfhoirmeach acu le hais na seirbhísí atá ar fáil i gcodanna níos forbartha de AE; á chur i bhfáth go bhfuil gá le cóineasú agus comhar breise idir na Ballstáit agus AE, go háirithe trí infheistíochtaí an bheartais comhtháthaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, dá bhrí sin, dul i gcomhar le chéile chun caighdeáin íosta a bhunú sa bhonneagar sláinte agus i seirbhísí sláinte, agus leas a bhaint as cistí AE chun rochtain chomhionann ar íoschaighdeáin cháilíochta a áirithiú i ngach réigiún, agus go háirithe le haghaidh fadhbanna práinneacha sna limistéir teorann; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ngealltanais agus a n-acmhainní a chomhthiomsú chun an sprioc sin a bhaint amach;
7. á mheabhrú gur chuir an beartas comhtháthaithe méid suntasach le hinfheistíochtaí in earnáil na sláinte sa chlárthréimhse dheireanach (2014-2020) trí CSE agus CFRE, arb ionann é agus tuairim is EUR 24 bhilliún go dtí seo, a raibh sé mar aidhm leis rochtain ar sheirbhísí a fheabhsú, chomh maith le bonneagar speisialaithe sláinte agus acmhainneachtaí speisialaithe a fhorbairt chun éagothromaíochtaí sláinte a laghdú;
8. á chreidiúint go laghdófar éagothromaíochtaí sláinte ach infheistíochtaí a bheith á ndéanamh i nuálaíocht cúraim sláinte, i gcórais cúraim sláinte, i bpearsanra sláinte cáilithe agus i ndóthain pearsanra sláinte, agus go leanfar de bheith ag cur feabhas suntasach ar shaol laethúil na saoránach de bharr na n-infheistíochtaí sin, rud a bheith ina shiocair le hionchas saoil níos airde; á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht ag roinnt le húdaráis AE agus leis na húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha a mhéid a bhaineann le forail a dhéanamh do rannpháirtíocht níos éifeachtúla réimse leathan institiúidí cúraim sláinte; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil gá le comhar díreach, le gníomhaíochtaí agus le tionscadail trí leas a bheith á bhaint as ionstraimí de chuid an bheartais comhtháthaithe idir na Ballstáit agus laistigh díobh agus idir a réigiúin agus laistigh díobh chun nósanna imeachta a bhunú lena ndírítear ar an ualach maorlathach ar othair a laghdú agus ar a oiread fadhbanna is féidir a réiteach idir seirbhísí árachais sláinte sna réigiúin trasteorann;
9. á iarraidh ar na Ballstáit aird chuí a thabhairt ar rannchuidiú dearfach na hearnála sláinte príobháidí agus a áirithiú go mbeidh cistí leormhaithe ar fáil le haghaidh tionscadail phríobháideacha i mbonneagar agus i seirbhísí sláinte i gclársceidealú na gcéad chlár comhtháthaithe eile;
10. á mholadh, agus beartais cúraim sláinte á sainiú ar an leibhéal réigiúnach, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal AE, gur cheart go mbeadh cuir chuige shaincheaptha agus oiriúnaitheacha ann idir beartais sláinte, shóisialta agus eacnamaíocha, agus é mar sprioc feabhas a chur ar idirphlé, ar shineirgí agus ar infheistíochtaí pleanáilte ó na cistí struchtúracha agus ó chláir ábhartha eile de chuid AE, amhail Interreg, trí sholáthar tosaigh pearsanra leighis agus aistriú othar idir shaoraidí ospidéil atá in ann freastal ar riachtanais sláinte agus shóisialta na saoránach atá gan sásamh;
11. á chur i bhfios go láidir go bhféadfaí feabhas a chur, a bhuí leis na líonraí tagartha Eorpacha (ERNanna), ar rochtain ar chúram sláinte i gcás galair neamhchoitianta agus galair chasta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht leanúnach agus acmhainní níos fearr a áirithiú do ERN agus do lárionaid náisiúnta saineolais le haghaidh galair neamhchoitianta agus galair casta, agus réimse oibre ERN a leathnú amach chun réimsí eile amhail dónna tromchúiseacha agus cláir trasphlandaithe orgán; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar a indéanta atá sé ciste tiomnaithe a bhunú faoin mbeartas comhtháthaithe chun rochtain chothrom ar theiripí formheasta ar ghalair neamhchoitianta a ráthú;
12. á iarraidh ar na Ballstáit aird a thabhairt, agus beartais cúraim sláinte á sainiú acu, ar shainiúlachtaí na réigiún trasteorann agus ar cheart an othair rogha a dhéanamh, agus leas a bhaint as na hionstraimí comhtháthaithe chun forbairt a dhéanamh ar bhonneagar réigiúnach sláinte agus ar nósanna imeachta réigiúnacha sláinte lena gceadaítear d’othair seirbhísí leighis sa réigiún a roghnú ar gach aon taobh den teorainn gan beann ar a stát cónaithe;
13. ag moladh go mbunódh an Coimisiún bord comhairleach sláinte Eorpach, ina mbeadh údaráis rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus geallsealbhóirí eile rannpháirteach, agus é mar aidhm úsáid níos fearr na gcistí Eorpacha a chur chun cinn agus obair a dhéanamh chun freagairtí éifeachtacha agus comhchuibhithe ar shaincheisteanna comhchoiteanna sláinte poiblí a fhorbairt;
14. á iarraidh go n-áiritheofaí sineirgí agus comhlántachtaí níos fearr idir cláir de chuid an bheartais comhtháthaithe, agus é mar aidhm leis sin éagothromaíochtaí réigiúnacha a laghdú, go háirithe sa chlár Fís Eorpach, ar cheart dó eolas nua a ghiniúint, agus EU4Health, agus an úsáid is fearr is féidir á baint as an eolas nua sin ar mhaithe leis na saoránaigh agus le córais sláinte;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún lánleas a bhaint as an inniúlacht atá aige sa bheartas sláinte chun tacú le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha chun córais sláinte a neartú, chun cóineasú aníos caighdeán cúraim sláinte a chur chun cinn agus é mar aidhm éagothromaíochtaí sláinte a laghdú laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, agus chun malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a éascú, go háirithe maidir le sláinte ghnéis agus sláinte atáirgthe agus na cearta a bhaineann leo (SRHR), lena n-áirítear trí leas a bhaint, i gcás inarb iomchuí, as an gclár EU4Health agus as Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+);
16. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an beartas comhtháthaithe chun dul i ngleic leis an neamhionannas inscne sa chúram sláinte agus chun na tosaíochtaí sláinte a bhaineann le hinscne atá i straitéis 2020-2025 AE maidir le comhionannas inscne, lena n-áirítear SRHR, a chur chun cinn;
17. á iarraidh ar an gCoimisiún comhtháthú an chúraim sláinte agus cóireálacha leighis a chur chun cinn trí straitéisí sláinte agus straitéisí cúraim ionas gur ar na hothair a bheidh an bhéim agus ionas go seachnófar dúbailt, bearnaí agus easpa cúraim, go háirithe maidir le cúram othar a bhfuil tinnis ainsealacha orthu nó cúram daoine scothaosta, agus ceachtanna le foghlaim go háirithe ón taithí a fuarthas leis na cláir trasteorann;
18. á chur i bhfios gur gá freisin, agus meastóireacht á déanamh ar imchlúdach foriomlán na dtionscadal struchtúrach arna maoiniú agus na dtagarmharcanna i gcomhthéacs na sláinte, athbhreithniú a dhéanamh ar na torthaí sláinte a bhíonn ar thionscadail aonair ina dhiaidh sin chun a dtorthaí a rianú agus anailís leanúnach a dhéanamh ar a n-éifeachtacht, agus chun teacht ar na conclúidí cearta chun feabhas a chur ar chlársceidealú agus cur chun feidhme na dtionscadal sin amach anseo, lena n-áirítear d’fhonn treoir maidir le dea-chleachtas arna cur i dtoll a chéile ag an gCoimisiún a fhorbairt tuilleadh;
19. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé leanúint de bheith ag tógáil bonneagar cuimsitheach sláinte agus na héagothromaíochtaí atá ann cheana a laghdú a mhéid is féidir; á mheabhrú gur féidir leis an mbeartas comhtháthaithe a bheith ina rannchuidiú suntasach le bonneagar sláinte a thógáil i ngach cuid den Aontas, go háirithe i réigiúin leibhéal NUTS 2 ag a bhfuil OTI per capita is ísle ná 75 % de mheán AE-27 agus i réigiúin trasdula ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 90 % de mheán AE-27, chun córais cúraim sláinte ardcháilíochta, lánfheistithe agus athléimneacha lena gcosnaítear sláinte na ndaoine ar bhealach níos fearr a chruthú ar fud an Aontais ina iomláine; ag cur béim, thairis sin, ar an gá le atá líonra feidhmiúil um chomhar trasteorann a bhunú idir na Ballstáit agus a gcuid réigiún a d’fhéadfadh freagairt go héifeachtach do na dúshláin sláinte atá ann faoi láthair agus a bheidh ann amach anseo;
20. á iarraidh go n-úsáidfí cistí an bheartais comhtháthaithe chun sain-ionaid barr feabhais a fhorbairt le haghaidh galair ar leith ar fud AE, lena gcumhdófaí na tíortha comharsanachta atá aige agus lena rannchuideofaí le comhar cúraim sláinte trasteorann; á athdhearbhú, sa chomhthéacs sin, gur gá gach ionstraim AE atá ann, amhail EU4Health agus Fís Eorpach, a úsáid, agus iad i sineirge le chéile, chun tacú le forbairt líonra sainionad den sórt sin, a bheidh dáilte go cothrom ar fud chríoch uile an Aontais;
21. ag cur béim ar an bhfíoras gur minic a bhíonn bacainní roimh dhaoine i limistéir teorann agus sna réigiúin is forimeallaí maidir le rochtain chomhionann ar chúram sláinte lena gcuirtear teorainn lena gcumas an cúram atá de dhíth orthu a fháil, go háirithe i bhfoirm bonneagar bunúsach sláinte, pearsanra cáilithe leordhóthanach sláinte agus rochtain ar chógais ríthábhachtacha; á chur i bhfáth gurb amhlaidh, ionas go bhfaighidh siad rochtain leordhóthanach ar bhonneagar sláinte agus ar an gcúram sláinte iomchuí atá de dhíth orthu, gur cheart seirbhísí ardcháilíochta a bheith ar fáil agus infhaighte go tráthúil; ag cur béim, thairis sin, ar an staid shonrach maidir le rochtain ar chúram sláinte i réigiúin teorann ag teorainneacha seachtracha AE agus ina réigiúin fhorimeallacha, ina bhfuil an iliomad dúshlán le sárú ag saoránaigh AE mar atá;
22. ag tabhairt dá haire go bhfuil costais iompair ar cheann de na cúiseanna atá leis an ardú atá ag teacht ar phraghas na gcógas agus an trealaimh chliniciúil d’ospidéil agus d’ionaid sláinte sna réigiúin is forimeallaí, i réigiúin iargúlta agus i réigiúin ina bhfuil dlús íseal daonra, a mbíonn orthu freisin déileáil le hagaí fada seachadta, rud a chiallaíonn gur gá do sheirbhísí sláinte réigiúnacha acmhainneacht mhéadaithe a bheith acu méideanna móra stoic a stóráil agus ganntanais a sheachaint; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart do AE freagairt do na saincheisteanna sin a fhorbairt;
23. á chur i bhfáth gurb amhlaidh, ach rochtain chothrom ar chúram sláinte a bheith ann, gur mó a bheidh daoine á gcuimsiú, lena n-áirítear dóibh siúd atá faoi mhíchumas nó atá faoi mhíbhuntáiste ar bhealach eile, agus gur mó a bheidh leibhéal a gcosanta sóisialta; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sé a bheith ina chuidiú leis an bhfostaíocht a mhéadú agus leis an mbochtaineacht a dhíothú inrochtaineacht seirbhísí meabhairshláinte a chur chun cinn;
24. á thabhairt chun suntais go bhfuil sé tábhachtach cistí Eorpacha a shlógadh chun infheistíocht níos mó a dhéanamh i gcosc galar agus i gcur chun cinn stíl mhaireachtála shláintiúil agus aosú gníomhach chun brú luath ar chórais sláinte a chosc; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé tacú le feachtais chun feasacht an phobail a mhúscailt, go háirithe i measc daoine óga, maidir leis na tairbhí a bhaineann le stíl shláintiúil mhaireachtála a ghlacadh, agus a thábhachtaí atá sé tacú le forbairt clár scagtha chun galair thromchúiseacha a bhrath go luath;
25. á chreidiúint, chun na bacainní móra atá ann maidir le rochtain chomhionann ar chúram sláinte i limistéir thuaithe a shárú, gur cheart úsáid leathan a bhaint as ardteicneolaíochtaí, amhail r-Shláinte, mar chuid lárnach de choincheap na ‘sráidbhailte cliste’, agus é mar chuspóir aige sin rochtain ar chúram sláinte a fheabhsú agus éifeachtúlacht agus cáilíocht a mhéadú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as cláir chomhtháthaithe AE chun feabhas a chur ar imscaradh réiteach digiteach agus chun cúnamh teicniúil a thabhairt do riaracháin phoiblí, do chuideachtaí árachais agus d’oibreoirí eile cúraim sláinte a bhíonn ag déileáil le saincheisteanna a bhaineann le comhar trasteorann; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gur gá rochtain ar idirlíon ardluais a ráthú i limistéir thuaithe agus i limistéir iargúlta, litearthacht dhigiteach a chur chun cinn i measc na n-aoisghrúpaí uile sna limistéir sin, agus na hacmhainní is gá a sholáthar do sheirbhísí sláinte tuaithe agus iargúlta chun cúram sláinte éifeachtach ar líne, amhail an ríomhleigheas, a áirithiú agus chun sonraí cliniciúla a stóráil ar bhealach slán agus comhchuibhithe; á mholadh go bhforbrófaí bunachar sonraí inbhuanaithe inchomparáide trasteorann agus go ndéanfaí oibreoirí cúraim sláinte teorann agus trasteorann a mhapáil chun go mbeidh réaltachtaí trasteorann infheicthe agus chun deiseanna nua a chruthú;
26. á thabhairt chun suntais go bhfuil fiúntais ag roinnt le cur chuige Eorpach maidir le dul i ngleic le paindéim COVID-19, trí éadálacha comhpháirteacha, stoc-chairn agus bearta eile; á iarraidh go leanfar den chur chuige sin agus go ndéanfar forbairt air, agus leas á bhaint as ionstraimí an bheartais comhtháthaithe chun trealamh agus cóireálacha eile leighis, amhail vacsaíní lena gcuirtear cosc ar an ailse, amhail vacsaíní papalómaivíris dhaonna (HPV), vacsaíní heipitítis B agus trealamh éigeandála, a bheith á n-éadáil go comhpháirteach ag AE chun inacmhainneacht agus rochtain ar chóireálacha a fheabhsú;
27. á iarraidh go mbeidh ann do bhearta uaillmhianacha faoi chuimsiú an bheartais comhtháthaithe, i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá i bhfeidhm in AE, chun maolú a dhéanamh ar an easpa shuntasach pearsanra cúraim sláinte atá cáilithe agus leordhóthanach i limistéir teorann agus thuaithe, go háirithe trí chuidiú le pearsanra cúraim sláinte agus lena dteaghlaigh socrú sna limistéir sin, trí dheiseanna gairmoiliúna leanúnaí agus speisialtóireachta a sholáthar agus trí dhálaí maithe oibre a áirithiú, agus é mar aidhm iad a spreagadh tosú nó filleadh ar chleachtas sna limistéir sin;
28. á chur i bhfios go bhfuil infheistíocht fhadtéarmach inbhuanaithe i bpearsanra cúraim sláinte níos práinní ná riamh i ngeall ar iarmhairtí tromchúiseacha eacnamaíocha, sóisialta agus sláinte ghéarchéim COVID-19; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hinfheistíocht i ndóthain pearsanra cúraim sláinte leordhóthanach, le hoideachas trí CSE+ agus le cistiú speisialtóireachtaí agus fo-speisialtóireachtaí pearsanra sláinte a chistiú sna Ballstáit agus sna réigiúin atá ag dul i ngleic le himirce daoine oilte; á iarraidh ar na Ballstáit atá ag dul i ngleic le himirce daoine oilte in earnáil an chúraim sláinte tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí ón mbeartas comhtháthaithe ar mhaithe le timpeallacht oibre an phearsanra leighis a fheabhsú;
29. á iarraidh go mbainfear leas as cistí de chuid an bheartais comhtháthaithe chun feabhas a chur ar thimpeallacht oibre earnáil an chúraim sláinte agus an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí don phearsanra sláinte chun éascú a dhéanamh ar straitéisí chun spéis a mhúscailt agus chun a áirithiú go gcoimeádtar an pearsanra cúraim sláinte i réigiúin leibhéal NUTS 2 ag a bhfuil OTI per capita is ísle ná 75 % de mheán AE-27, i réigiúin trasdula ag a bhfuil OTI per capita idir 75 % agus 90 % de mheán AE-27 agus i limistéir thuaithe ina bhfuil dlús daonra íseal agus saibhreas eacnamaíoch níos lú, ar straitéisí iad a bheadh ina gcomhlánú ar bheartais náisiúnta agus réigiúnacha arb é is aidhm leo lucht saothair sláinte leormhaith a sholáthar ar fud AE; á iarraidh go mbeidh ról níos mó ag na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, go háirithe acu siúd i réigiúin trasteorann, maidir le cláir agus tionscadail de chuid an bheartais comhtháthaithe ag a bhfuil tionchar suntasach ó thaobh laghdú éagothromaíochtaí sláinte de a chur ar bun agus a chur chun feidhme;
30. á iarraidh ar na Ballstáit fíorchomhar a áirithiú i réimse an chúraim sláinte trasteorann chun a áirithiú go n-urramaítear cearta othar, amhail dá bhforáiltear sa Treoir maidir le Cúram Sláinte Trasteorann, agus a áirithiú go dtiocfaidh méadú ar infhaighteacht agus cáilíocht seirbhísí;
31. á thabhairt le fios gur léiríodh le géarchéim COVID-19 gur gá dlús a chur le hinfheistíochtaí chun ullmhacht, freagrúlacht agus athléimneacht na gcóras cúraim sláinte a threisiú, agus comhar trasteorann ar fud an Aontais á áirithiú ag an am céanna, agus, dá bhrí sin, go bhfuil dlúthpháirtíocht, inbhuanaitheacht agus cothromas ríthábhachtach chun an ghéarchéim sin agus a hiarmhairtí millteacha socheacnamaíocha a shárú;
32. á chur i bhfios go raibh géarchéim COVID-19 ina léiriú ar an tábhacht a bhaineann le comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha i gcóireáil othar, i dtaighde ar dhrugaí agus vacsaíní, agus i ndáileadh vacsaíní; á chreidiúint gur cheart an cóimheas costais is tairbhe a bhaineann le leas a bheith á bhaint as cistí AE le haghaidh taighde ar chúram sláinte agus tionscadail forbartha cúraim sláinte a dhéantar trí chomhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha a thabhairt ar aird;
33. á chur i bhfáth go bhfuil gá le hardán ar líne le geallsealbhóirí ábhartha chun malartú dea-chleachtas agus plé maidir le cúram sláinte trasteorann a spreagadh;
34. á chreidiúint gurb ionann paindéim COVID-19 agus ócáid chlaochlaitheach stairiúil d’infheistíochtaí i gcórais sláinte agus acmhainneachtaí an lucht saothair amach anseo; á iarraidh go mbunófar Aontas Sláinte Eorpach atá láidir agus cistithe go leordhóthanach chun comhar agus comhordú idir na Ballstáit a fheabhsú, chun córais cúraim sláinte phoiblí a threisiú, chun sláinte na ndaoine a chosaint ar bhealach níos fearr agus aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar éagothromaíochtaí cúraim sláinte atá ann le fada;
Comhar trasteorann maidir le sláinte – rannchuidiú na gclár Interreg agus deiseanna eile
35. á mholadh go mbainfí leas as cistí de chuid NextGenerationEU agus as cistí comhtháthaithe chun cumais dhigiteacha na gcóras cúraim sláinte a uasghrádú go mór; ag cur béim ar an ngá atá le hidir-inoibritheacht fheabhsaithe córais TF, ós é is príomhcholún é chun soláthar trasteorann seirbhísí ríomhshláinte, go háirithe seirbhísí teilileighis, a éascú;
36. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit leas a bhaint as ionstraimí an bheartais comhtháthaithe chun digiteáil na seirbhísí cógais in ospidéil na hEorpa, lena n-áirítear córais inrianaitheachta, a chur chun cinn chun earráidí cógais a laghdú, chun cumarsáid idir aonaid chúraim a fheabhsú agus chun maorlathas a shimpliú; á iarraidh go ndéanfaí bonneagar na seirbhíse digití ríomhshláinte (eHDSI) a chur chun feidhme agus a fhorbairt, lena n-áirítear comhad aonair Eorpach d’othair dhigiteacha, lena n-áiritheofaí go mbeadh rochtain thapa ag na saoránaigh ar sheirbhísí leordhóthanacha leighis i ngach áit san Aontas;
37. á iarraidh ar an gCoimisiún liosta Eorpach de chógais bhunriachtanacha a bhunú agus a áirithiú go mbeidh siad ar fáil agus inacmhainneacht trí stoic bhuana, trí chaibidlíocht chomhpháirteach maidir le praghsanna agus trí sholáthar comhpháirteach trí ionstraimí AE a úsáid, lena n-áirítear na hionstraimí sin a chuirtear ar fáil leis an mbeartas comhtháthaithe;
38. á thabhairt chun suntais go bhfuil stair agus struchtúir um chomhar sláinte ag go leor réigiún teorann cheana féin, ar cheart dóibh leas iomlán a bhaint astu de mheon dhlúthpháirtíocht na hEorpa;
39. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá soghluaisteacht na n-othar agus rochtain trasteorann ar chúram sláinte sábháilte d’ardchaighdeán san Aontas; á chur i bhfáth gur minic nach féidir le hothair tairbhe a bhaint as seirbhísí cúraim sláinte i dtíortha comharsanachta mar gheall ar chórais éagsúla aisíocaíochta costais, agus go mbíonn ar oibrithe trasteorann aghaidh a thabhairt ar chánachas agus sochair shóisialta mhearbhlacha toisc go leanann na Ballstáit córais éagsúla slándála sóisialta; ag moladh go láidir, dá bhrí sin, go gcuirfí idirghabhálaithe sonracha chun cinn, amhail criosanna rochtana eagraithe ar chúram sláinte trasteorann (ZOASTanna), grúpálacha Eorpacha um chomhar críochach (GECC), faireachlanna sláinte agus líonraí eile chun cuidiú le comhar trasteorann i gcúram sláinte a chomhordú i gcomhar leis na húdaráis áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta; á chur i bhfáth gur féidir le feabhsuithe cúraim sláinte trasteorann dul chun tairbhe d’othair trí rochtain chothrom ar sheirbhísí sláinte agus ar bhonneagar i mBallstáit eile nó a réigiúin teorann a chumasú, lena n-áirítear diagnóis agus trialacha cliniciúla, bunaithe ar phrionsabal na rochtana ‘is éasca, is gaire, is fearr agus is tapúla’; á iarraidh go mbeidh deiseanna iompair níos éifeachtúla ag othair chuig na saoráidí trasteorann is gaire, ag aithint ag an am céanna gur ualach é dul i ngleic leis na bacainní dlíthiúla agus riaracháin go léir agus gur gá aghaidh a thabhairt air le rialachán maidir le sásra trasteorann Eorpach (ECBM) a bheidh ann amach anseo;
40. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá na bearta maidir leis an mbeartas comhtháthaithe a rinneadh le déanaí chun dul i ngleic le paindéim COVID-19, eadhon an tionscnamh infheistíochta mar fhreagairt ar an gcoróinvíreas (CRII), an tionscnamh infheistíochta mar fhreagairt ar an gcoróinvíreas plus (CRII+) agus an cúnamh téarnaimh do chomhtháthú agus do chríocha na hEorpa (REACT-EU); á chur i bhfáth tuilleadh go ndearnadh bearta comhchosúla i Rialachán (AE) 2021/1060;
41. á mholadh go láidir faisnéis shimplithe d’othair trasteorann agus d’fhoireann cúraim sláinte a fheabhsú agus a scaipeadh trí lámhleabhar a thabhairt d’othair nó do phointí teagmhála réigiúnacha trasteorann;
42. ag aithint gur ann don iliomad tionscadal trasteorann sláinte ar éirigh go maith leo ar fud na hEorpa, agus á chur i bhfáth gur cheart leas a bhaint as an taithí a fuarthas uathu chun tógáil ar úsáid chliste na dtionscadal beartais chomhtháthaithe atá ann cheana trí chomhar trasteorann a fheabhsú tuilleadh agus a éascú sa réimse ar mhaithe le gach pobal in AE; á chur i bhfios, thairis sin, a thábhachtaí atá sé foghlaim ó thionscnaimh rathúla i roinnt réigiún teorann agus teacht i dtír orthu;
43. ag aithint a thábhachtaí atá sé infheistíocht a dhéanamh i gcláir um chomhar trasteorann lena bhfreagrófar do na riachtanais agus na dúshláin a bhaineann leis an tsláinte ar nithe iad arna sainaithint sna réigiúin teorann mar rialachas trasteorann atá tábhachtach i gcásanna éigeandála, amhail seirbhísí éigeandála lena gcumhdaítear réigiúin ar an dá thaobh den teorainn; ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag infheistíochtaí i seirbhísí ardcháilíochta maidir le teacht aniar sóisialta a chothú agus cabhrú le daoine dul i ngleic le géarchéimeanna eacnamaíocha, sláinte agus sóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí in earnáil sláinte na réigiún teorann trí mheascán éifeachtach infheistíochtaí i mbonneagar, nuálaíocht, caipiteal daonna, dea-rialachas agus acmhainneacht institiúideach;
44. ag leagan béim ar an tábhacht a bhaineann le comhar trasteorann maidir le sláinte do réigiúin uile na hEorpa agus ar an ngá atá le réitigh a fháil ar chúram sláinte trasteorann, go háirithe do réigiúin teorann ina dtrasnaíonn na saoránaigh an teorainn ar bhonn laethúil; á thabhairt le fios go bhfuil gá le hardleibhéal comhair idir réigiúin teorann chun na seirbhísí riachtanacha a chur ar fáil;
45. á iarraidh go ndíreofar níos mó ar othair sna tionscadail a mhaoineofar trí chláir Interreg sa chlárthréimhse nua agus i dtionscadail lena ndíreofar go sonrach ar ghrúpaí leochaileacha agus imeallaithe chomh maith leis na tosaíochtaí sláinte a bhaineann le hinscne atá i straitéis AE um chomhionannas inscne 2020-2025, lena n-áirítear SRHR;
46. á chreidiúint gur cheart na hacmhainní airgeadais atá ar fáil faoi sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh a úsáid chun seirbhísí sláinte poiblí trasteorann a chruthú, agus nár cheart iad a úsáid ach amháin mar ionstraim chun saoráidí sláinte dínasctha a chruthú; á chur i bhfáth, ina theannta sin, gur cheart go mbeadh gné shoiléir fheidhmiúil thrasteorann ag tionscadail faoi Interreg; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cruthú comhphleanála cuimsithí críche do limistéir teorann a chothú i dtéarmaí seirbhísí cúraim sláinte;
47. á mheabhrú gur ionstraim thábhachtach iad cláir Interreg anois chun fadhbanna a réiteach atá tipiciúil do limistéir teorann, chun comhar a chur chun cinn idir comhpháirtithe thar theorainneacha agus chun acmhainneacht chríocha teorann na hEorpa a fhorbairt;
48. á chur i bhfios go láidir gur díríodh leis an gcomhar trasteorann i réimse na sláinte go háirithe ar shoghluaisteacht trasteorann gairmithe sláinte agus othar a éascú, nuálaíocht a mhéadú agus rochtain ar chúram sláinte ardcháilíochta a fhorbairt trí threalamh coiteann, seirbhísí comhroinnte agus saoráidí comhpháirteacha i limistéir trasteorann a úsáid, agus lenar áiríodh tionscadail lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí amhail oiliúint (38 %), cóireáil agus diagnóis (22 %) agus trealamh (17 %);
49. á iarraidh go gcisteofaí tionscadail lena n-éascaítear conarthaí sláinte trasteorann, trína dtaistealaíonn othair agus trína gcuirtear cóireáil orthu faoi chuimsiú comhaontuithe conarthacha agus go bhfuil deis acu a ngairmí sláinte a roghnú;
50. á thabhairt chun suntais gur cheart don Choimisiún agus do na Ballstáit sonraí substaintiúla a bhailiú maidir le cineál na mbacainní dlíthiúla agus neamhdhlíthiúla i ngach réigiún teorann ionas go mbeadh rath ar sheirbhísí poiblí sláinte trasteorann, agus go dtacóidís le hanailís atá sonrach ó thaobh beartais de ar an gcaoi ar féidir iad a shárú;
51. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-éascóidh na comhlachtaí comhordúcháin atá ann cheana cóireálacha trasteorann a bheidh bunaithe ar tháirgí íocshláinte ardteiripe agus a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ag othair ar fud an Aontais ar theiripí nuálacha; á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar na cóireálacha nuálacha sin thar lear a údarú ar bhealach éifeachtach tráthúil agus dlús a chur leis an bpróiseas aisíocaíochta d’othair;
52. á chreidiúint go bhféadfadh ionaid barr feabhais conraitheoireacht trasteorann a spreagadh agus a mhéadú níos mó fós, agus mar thoradh air sin, go bhféadfadh na hionaid sin a bheith an-tábhachtach chun leasa na riochtaí sláinte ina n-iomláine agus ar an gcaoi sin ionchas saoil shaoránaigh AE a mhéadú;
53. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na réigiúin bainistiú níos fearr cúraim sláinte trasteorann a spreagadh, ós rud é go bhfuil dúshláin agus bacainní tromchúiseacha fós roimh othair AE maidir le rochtain a fháil ar chúram sláinte i mBallstáit eile agus nach bhfuil ach mionlach othar ionchasach ar an eolas faoin gceart atá acu i dtaca le cúram sláinte trasteorann a lorg; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit faisnéis a scaipeadh ar bhealach níos fearr agus feachtas iomchuí uile-AE a mheas chun an pobal a chur ar an eolas faoina gcearta agus faoi bhealaí chun rochtain a fháil ar chúram sláinte trasteorann; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé go gcisteofaí digitiú agus infheistíocht san fhaisnéis phoiblí, comhtháthú na faisnéise agus na gcóras sonraí chun rochtain agus úsáid a éascú;
54. á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar an gcreat comhair idir córais árachais san Aontas, lena scrúdófaí baic agus easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann d’othair atá ag lorg seirbhísí leighis ar chríoch Ballstáit eile, chomh maith le bacainní riaracháin lena gcuirtear cosc ar shaoránaigh leas a bhaint as cúram sláinte trasteorann, agus béim a leagan ar an gcaoi a bhféadfaí ionstraimí an bheartais comhtháthaithe a úsáid chun na fadhbanna sin a réiteach;
55. á chur i bhfáth, toisc nach bhfuil córas comhordaithe árachais sláinte trasteorann ann, go gcuirtear bac ar othair cóireáil a lorg trasna na teorann i gcás nach féidir leo an costas cúraim a íoc roimh ré sula n-aisíoctar iad lena n-árachas;
56. á chreidiúint go gcuirfidh malartú eolais agus cleachtas um méadú trí Interreg le hatreisiú a dhéanamh ar shaoráidí ullmhachta agus freagartha thar theorainneacha, atá tagtha le bheith ina dtoisc mhór le linn na géarchéime a tharla mar gheall ar an bpaindéim;
57. á chreidiúint gur féidir le cláir Interreg seirbhísí sláinte poiblí comhpháirteacha a sholáthar agus tionscnaimh trasteorann eile a thionscnamh, ós rud é go bhfuil sé thar a bheith comhoiriúnach leis an gcuspóir maidir le hinbhuanaitheacht ghlas an ghaireacht sin a chur chun cinn;
58. á chur chun suntais gur rannchuidigh roinnt tionscadal de chuid Interreg leis an gcomhrac i gcoinne COVID-19 sna réigiúin trasteorann ar fud an Aontais, mar shampla trí shoghluaisteacht othar dianchúraim agus gairmithe cúraim sláinte, chomh maith le trealamh cosanta leighis agus pearsanta agus tástálacha PCR a sholáthar thar theorainneacha, agus trí mhalartú faisnéise, nó trí chomhairle dlí a thairiscint; ag leagan béim, dá bhrí sin, ar an tábhacht a bhaineann le tionscadail bheaga agus trasteorann chun daoine a thabhairt le chéile agus ar an gcaoi sin deiseanna nua a chruthú don fhorbairt áitiúil inbhuanaithe agus don chomhar sláinte trasteorann; ag tabhairt dá haire, áfach, go ndearna dúnadh teorann laistigh den Aontas le linn na paindéime difear do shoghluaisteacht othar agus pearsanra cúraim sláinte, cé nár comhchuibhíodh go leordhóthanach i measc na mBallstát faisnéis faoi shonraí ionfhabhtaithe, faoi vacsaínithe ná faoi choinníollacha d’aistrithe othar, agus dá bhrí sin gur cuireadh moill ar fhreagairt choiteann eipidéimeolaíoch ar COVID-19, gur cruthaíodh mearbhall agus gur cuireadh bac ar chomhar réigiúnach idir na réigiúin is mó atá buailte;
59. á chreidiúint go láidir go bhfuil gá le réitigh shaincheaptha agus cur chuige áitiúil mar gheall ar an éagsúlacht atá ann faoi láthair idir réigiúin trasteorann agus gur réamhriachtanas iad don fhorbairt áitiúil inbhuanaithe;
60. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar na húdaráis réigiúnacha agus áitiúla leas iomlán a bhaint as an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil leis na cláir bheartais comhtháthaithe, a shainítear i Rialachán (AE) 2021/1060, agus le cláir Interreg chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim reatha COVID-19;
61. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i bhfianaise phaindéim COVID-19, tacú, go comhpháirteach trí bheartas comhtháthaithe agus trí chlár sláinte AE4, le straitéisí, prótacail agus nósanna imeachta freagartha a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais chun comhar níos fearr a chumasú i gcás éigeandálaí sláinte poiblí amach anseo;
62. á mheas nach mbeidh comhar sláinte trasteorann faoin mbeartas comhtháthaithe indéanta go hiomlán gan dioplómaí agus cáilíochtaí i réimse na seirbhísí leighis a aithint go frithpháirteach ar fud na mBallstát uile; á iarraidh ar an gCoimisiún creat a mholadh lena bhféadfar leibhéal na ndioplómaí ardoideachais a aithint go huathoibríoch ar leibhéal na hEorpa, ag cur leis an gcinneadh a shínigh stáit Benelux in 2015;
63. á iarraidh ar na Ballstáit úsáid níos fearr a bhaint as comhaontuithe déthaobhacha agus socruithe comhair a bhunú chun bacainní ar chúram sláinte trasteorann a bhaint;
o o o
64. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig parlaimintí na mBallstát.
Röhrling, I., Habimana, K., Groot, W., et al., Capitalising on existing initiatives for cooperation in cross-border regions, General for Health and Food Safety, An Coimisiún Eorpach, 2018.
An Roinn Beartais um na Beartais Struchtúracha agus Chomhtháthaithe, Cross-border cooperation in healthcare, an Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Parlaimint na hEorpa, 2021.
Beartas comhtháthaithe: claochclú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn
203k
66k
Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Márta 2022 ar ról an bheartais comhtháthaithe i ndáil le claochlú nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn (2021/2101(INI))
– ag féachaint d’Airteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach an Aontais a neartú,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1060 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, Ciste Sóisialta na hEorpa Plus, an Ciste Comhtháthaithe, an Ciste um Aistriú Cóir agus an Ciste Eorpach Muirí, Iascaigh agus Dobharshaothraithe, agus rialacha airgeadais maidir leis na cistí sin agus maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht, an Ciste Slándála Inmheánaí agus an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí(1) (Rialachán na bhForálacha Coiteanna), agus go háirithe a chéad chuspóir beartais mar a leagtar amach in Airteagal 5,
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1058 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe(2),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1059 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 maidir le forálacha sonracha le haghaidh sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (Interreg) arna dtacú ag Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus ionstraimí maoinithe sheachtraigh(3),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1057 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013(4),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/2221 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Nollaig 2020 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a mhéid a bhaineann le hacmhainní breise agus socruithe cur chun feidhme chun cúnamh a sholáthar chun leigheas dhíobháil na géarchéime a chothú i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí sóisialta agus chun téarnamh glas, digiteach agus athléimneach a ullmhú don gheilleagar (REACT-EU)(5),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/1056 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Meitheamh 2021 lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir(6),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/523 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Márta 2021 lena mbunaítear an Clár InvestEU agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/1017(7),
– ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/694 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2021 lena mbunaítear an Clár don Eoraip Dhigiteach (an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach)(8), atá dírithe ar thacú leis an gclaochlú digiteach in AE,
– ag féachaint d’ionstraim téarnaimh an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal‘Shaping Europe’s digital future’ [Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú] (COM(2020)0067),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 9 Márta 2021 dar teideal ‘2030 Digital Compass: the European way for the Digital Decade [Compás Digiteach 2030: an modh Eorpach don Deacáid Dhigiteach] (COM(2021)0118),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘An SME Strategy for a sustainable and digital Europe’ [Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach] (COM(2020)0103),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 1 Iúil 2020 dar teideal ‘European Skills Agenda for sustainable competitiveness, social fairness and resilience’ [Clár Oibre Scileanna don Eoraip don iomaíochas inbhuanaithe, don chothroime shóisialta agus don athléimneacht] (COM(2020)0274),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach 2021-2027 – Athshocrú a dhéanamh ar oideachas agus oiliúint don ré dhigiteach’ (COM(2020)0624),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 30 Meitheamh 2021 maidir le fís fhadtéarmach le haghaidh cheantair thuaithe an Aontais Eorpaigh - i dtreo ceantair thuaithe níos láidre, nasctha, athléimneacha agus rathúla faoi 2040 (COM(2021)0345),
– ag féachaint do thuarascálacha an Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach, 2020, ón gCoimisiún,
– ag féachaint do staidéar an 15 Meitheamh 2018 óna Roinn Beartais um Beartais Struchtúracha agus Comhtháthaithe dar teideal ‘Digital Agenda and Cohesion Policy’ [Clár Oibre Digiteach agus Beartas Comhtháthaithe],
– ag féachaint do Dhearbhú Gealltanais an 9 Aibreán 2019 maidir le Mná sa Ré Dhigiteach arna shíniú ag Airí AE agus ionadaithe na mBallstát móide an Iorua agus RA,
– ag féachaint do Dhearbhú Bheirlín maidir leis an tSochaí Dhigiteach agus Rialtas Digiteach Luachbhunaithe, an 8 Nollaig 2020,
– ag féachaint don tuarascáil ón Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne an 16 Deireadh Fómhair 2020 dar teideal ‘Gender Equality Index 2020: Digitalisation and the future of work’ [Innéacs Comhionannais Inscne 2020: Digitiú agus todhchaí na hoibre],
– ag féachaint don mholadh ó Chomhairle na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (ECFE) maidir le Nascacht Leathanbhanda arna leasú an 24 Feabhra 2021,
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle Eorpach an 2 Deireadh Fómhair 2020, maidir le COVID-19, maidir leis an margadh aonair, maidir leis an mbeartas tionsclaíoch agus digiteach, agus maidir leis an gcaidreamh seachtrach, go háirithe iad siúd a bhaineann leis an gclaochlú digiteach,
– ag féachaint do dhréacht-chonclúidí ón gComhairle an 11 Nollaig 2020 maidir leis an digitiú ar mhaithe leis an gcomhshaol,
– ag féachaint do dhréacht-chonclúidí ón gComhairle an 7 Aibreán 2021 maidir leis an teilea-obair i gcomhthéacs na cianoibre,
– ag féachaint do chomhphlean Chathair na Bruiséile maidir leis an teilea-obair agus maidir leis an aeráid,
– ag féachaint do staidéar an 30 Aibreán 2021 óna Roinn Beartais um an mBeartas Eacnamaíochta, um an mBeartas Eolaíochta agus um Beartas Cháilíocht na Beatha dar teideal ‘The impact of teleworking and digital work on workers and society: Special focus on surveillance and monitoring, as well as on mental health of workers’ [Tionchar na teilea-oibre agus na hoibre digití ar oibrithe agus ar an tsochaí: Béim ar leith ar fhaireachas agus ar fhaireachán, agus freisin ar mheabhairshláinte na n-oibrithe],
– ag féachaint don tionscnamh ón gCoimisiún i dtaca le Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Sráidbhailte Cliste,
– ag féachaint do staidéar an 30 Meán Fómhair 2020 óna Roinn Beartais um Beartais Struchtúracha agus Comhtháthaithe dar teideal ‘EU Lagging Regions: state of play and future challenges’ [Réigiúin AE atá tite ar gcúl: staid reatha agus dúshláin amach anseo’,
– ag féachaint do Dhearbhú Chorcaí 2.0 an 5 agus an 6 Meán Fómhair 2016 dar teideal ‘A Better Life in Rural Areas’ [Saol Níos Fearr i gCeantair Thuaithe],
– ag féachaint do staidéar comhpháirteach Choiste na Réigiún agus an Choimisiúin an 18 Eanáir 2018 dar teideal ‘Innovation camp methodology handbook: realising the potential of the entrepreneurial discovery process for territorial innovation and development’ [Lámhleabhar modheolaíochta campa nuálaíochta: acmhainneacht an phróisis fionnachtana fiontraíochta a bhaint amach le haghaidh nuálaíochta críche agus forbartha](9),
– ag féachaint do bheartas forbartha tuaithe na hÉireann do 2021-2025 dar teideal ‘Our Rural Future’ [A bhfuil i ndán don tuath] agus don bhéim a leagtar ann ar an teilea-obair i gceantair thuaithe,
– ag féachaint don tuarascáil ón bhForas Eorpach chun Dálaí Maireachtála agus Oibre a Fheabhsú an 28 Meán Fómhair 2020 dar teideal ‘Living, working and COVID-19’ [Maireachtáil, obair agus COVID-19],
– ag féachaint don staidéar a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Lúnasa 2019 dar teideal ‘The changing nature of work and skills in the digital age’ [Cineál athraitheach na hoibre agus scileanna sa ré dhigiteach](10),
– ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún i mí na Nollag 2011 dar teideal ‘The Geography of EU Discontent’ [Leagan amach tíreolaíoch Mhíshástacht AE](11),
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú: deireadh a chur le bacainní ar fheidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh agus feabhas a chur ar úsáid IS do thomhaltóirí Eorpacha(12),
– ag féachaint do rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip(13),
– ag féachaint do rún uaithi an 25 Márta 2021 maidir leis an mbeartas comhtháthaithe agus straitéisí comhshaoil réigiúnacha sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide(14),
– ag féachaint do rún uaithi an 20 Bealtaine 2021 maidir le treochtaí déimeagrafacha a aisiompú i réigiúin AE ina n-úsáidtear ionstraimí an bheartais comhtháthaithe(15),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0010/2022),
A. de bhrí gurb é uaillmhian AE beartais dhigiteacha a shaothrú lena gcumhachtaítear na daoine agus na gnólachtaí uile chun todhchaí dhigiteach inbhuanaithe agus rathúil i ngach réigiún a bhaint amach;
B. de bhrí nach mór don chlaochlú digiteach a bheith cothrom agus cuimsitheach, deiseanna a chruthú agus comhionannas, cáilíocht saoil, iomaíochas réigiúnach agus nuachóiriú an gheilleagair a chur chun cinn trína bhíthin;
C. de bhrí nach mór an t-aistriú digiteach a bheith fite fuaite leis an aistriú glas leanúnach (dá ngairtear an dá aistriú i dteannta a chéile); de bhrí nach ceart neamhaird a thabhairt ar an ngné shóisialta de sin;
D. de bhrí go bhfuil sé i gceist le geilleagar nua-aimseartha samhlacha nua gnó a thabhairt isteach i gcomhréir le treochtaí arb ionann iad agus an Ceathrú Réabhlóid Thionsclaíoch, a fhreagróidh do na dúshláin nua-aimseartha a ghabhann leis an gclaochlú digiteach agus an claochlú glas;
E. de bhrí gurb iondúil gur sna réigiúin Eorpacha sin ina bhfuil an gá is mó le haistriú inbhuanaithe a bhíonn na leibhéil is airde bhochtaineachta agus eisiata; de bhrí go bhfuil gá le bearta cinntitheacha agus le hinfheistíocht chun téarnamh mear a bhaint amach, ar cheart go ndíreofaí leo ar éifeachtaí eacnamaíocha agus sóisialta na paindéime a mhaolú, ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a atosú, ar an bhfhorbairt inbhuanaithe, an t-aistriú glas agus an claochlú digiteach a chothú agus ar phrionsabail beartais Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme, d’fhonn feabhas a chur ar iomaíochas na hEorpa;
F. de bhrí go bhfuil an creat airgeadais ilbhliantúil nua, in éineacht le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, ar an bpacáiste spreagtha is mó riamh in AE agus go gcuideoidh sé le hAontas níos glaise, níos digití agus níos athléimní a atógáil sa ré iar-COVID-19; de bhrí, ag an am céanna, gur deis gan fasach é an beartas comhtháthaithe nua do na Ballstáit dlús a chur leis an digitiú mar go gceanglaíonn sé orthu íosmhéid a leithdháileadh don aistriú digiteach agus a áirithiú go bhfuil coinníollacha áirithe i bhfeidhm, mar a leagtar amach i gcreat infheistíochta an bheartais chomhtháthaithe don tréimhse 2021‑2027, chun cistiú den sórt sin a fháil;
G. de bhrí go bhfuil deighilt dhigiteach fós ann in AE maidir le tíreolaíocht, aois, inscne, leibhéal oideachais, stádas socheacnamaíoch agus ioncam, rud a chuireann cosc ar roinnt daoine aonair agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as an gclaochlú digiteach; de bhrí gur féidir leis an deighilt dhigiteach seo réigiúin atá thíos le meath déimeagrafach a choimhthiú tuilleadh, agus, ar an gcaoi sin, cur le míchothromaíochtaí críochacha AE;
H. de bhrí go léiríonn leibhéal an chlúdaigh leathanbhanda san Eoraip go bhfuil gá fós le hinfheistíocht shuntasach, go háirithe i gceantair thuaithe, áit nach bhfuil 10 % de theaghlaigh cumhdaithe ag aon chineál líonra fhosaithe agus ina bhfuil easpa teicneolaíochta leathanbhanda tapa de chineál ar bith ag 41 % díobh, agus nach bhfuil ach 59 % ann a bhfuil rochtain leathanbhanda den chéad ghlúin eile acu (30Mbps ar a laghad), i gcomparáid le 87 % de theaghlaigh sa chuid eile de AE(16); de bhrí, anuas ar dhroch-nascacht TFC, go mbíonn dúshláin struchtúracha eile roimh limistéir thuaithe agus fhorimeallacha amhail easpa bonneagair agus seirbhísí, ioncam íseal, nó easpa saoráidí oideachais agus sócmhainní cultúrtha, rud a fhágann go bhfuil daoine ardoilte ag bogadh chuig limistéir a bhfuil gealladh níos fearr fúthu (imirce daoine oilte)(17); de bhrí go n-éascaíonn cistí AE soláthar bonneagair bhunriachtanaigh chun dul i ngleic le dúshláin dhéimeagrafacha;
I. de bhrí gurb iad na fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) cnámh droma gheilleagar na hEorpa, arb ionann iad agus 99 % de na gnólachtaí uile in AE agus ina bhfostaítear thart ar 100 milliún duine; de bhrí gurb ionann iad agus níos mó ná leath d’olltáirgeacht intíre na hEorpa agus go bhfuil siad ríthábhachtach ní hamháin maidir le dá aistriú AE chuig geilleagar inbhuanaithe agus digiteach a bhaint amach ach freisin maidir le luach a chur le gach earnáil den gheilleagar; de bhrí, áfach, nár éirigh ach le 17 % de FBManna teicneolaíochtaí digiteacha a chomhtháthú ina ngnólachtaí, i gcomparáid le 54 % de na cuideachtaí móra; de bhrí go bhfuil roinnt tionscal agus earnálacha traidisiúnta amhail tógáil, agraibhia, teicstílí agus cruach ag titim chun deiridh ina gclaochluithe digiteacha(18);
J. de bhrí, cé go bhfuil méadú ollmhór tagtha ar theilea-obair agus obair shoghluaiste bunaithe ar TFC (TICTM)(19) mar thoradh ar phaindéim COVID-19, a chuireann an-acmhainneacht ar fáil chun ionaid oibre a nascadh tuilleadh ó ionaid uirbeacha go dtí bailte beaga, bruachbhailte agus ceantair thuaithe, go bhfuil difríochtaí suntasacha idir an cumas teilea-obair a dhéanamh idir oibrithe ar phá ard agus oibrithe ar phá íseal, oibrithe bóna bháin agus oibrithe láimhe agus idir na hinscní(20); de bhrí gur féidir TICTM agus digitiú seirbhísí, faoi choinníollacha áirithe, dáileadh geografach níos cothroime ó thaobh na fostaíochta agus an phobail de a éascú;
K. de bhrí, chun rannchuidiú le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur cheart do CSE+ tacú le hinfheistíochtaí i ndaoine agus i gcórais i réimsí na fostaíochta, an oideachais agus an chuimsithe shóisialta, agus tacaíocht á tabhairt ag an am céanna chun feabhas a chur ar an gcáilíocht, cuimsitheacht, éifeachtacht agus ábharthacht leis an margadh saothair a ghabhann leis na córais oideachais agus oiliúna, lena n-áirítear foghlaim dhigiteach a chur chun cinn agus forbairt ghairmiúil na foirne teagaisc; de bhrí go dtacódh sé sin le comhtháthú eacnamaíoch, críochach agus sóisialta i gcomhréir le hAirteagal 174 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
L. de bhrí gur léiríodh leis an taithí a fuarthas ó phaindéim COVID-19 a thábhachtaí atá forbairt an bhonneagair dhigitigh d’fheidhmiú na ngeilleagar agus na sochaithe lena n-áirítear seirbhísí sláinte poiblí, oideachas poiblí agus riarachán poiblí; de bhrí gur thug sé go leor de na fadhbanna atá ann cheana i gceantair thuaithe chun suntais agus gur chuir sé béim ar leochaileacht na réigiún sin, go háirithe i dtéarmaí na hacmhainne digití, cháilíocht agus sholáthar na seirbhísí sláinte, an oideachais, rochtain ar leathanbhanda, athléimneacht na slabhraí luacha agus scileanna digiteacha;
M. de bhrí, cé gur leagadh síos mar chuspóir sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna Nua go mbeadh ar a laghad bunscileanna digiteacha ag 70 % de dhaoine fásta an Aontais Eorpaigh faoi 2025, nach bhfuil bunscileanna digiteacha ag 42 % de dhaonra AE fós agus go bhfuil easpa scileanna digiteacha leordhóthanacha ar 37 % d’oibrithe i gcónaí de réir an Choimisiúin; de bhrí go bhfuil mór-éagothromaíochtaí geografacha fós ann i scileanna TFC; de bhrí nach bhfuil dóthain ionadaíochta ag mná in earnáil TFC in AE, ós rud é nach bhfuil ach 17 %(21) de róil speisialaithe TFC acu agus gur lú an dóchúlacht go mbeidh sainscileanna digiteacha agus obair acu i réimsí a bhaineann le TFC; de bhrí gur chuir níos lú ná 25 % d’fhiontair AE-27 oiliúint TFC ar fáil dá bpearsanra in 2019, le difríochtaí suntasacha idir na Ballstáit(22); de bhrí go bhfuil an deighilt inscne seasta i gcónaí i gcás gnólachtaí nuathionscanta go háirithe, agus 91 % den chaipiteal iomlán arna infheistiú i dteicneolaíocht na hEorpa in 2020 ag dul chuig foirne bunaitheacha nach bhfuil iontu ach fir(23);
N. de bhrí go bhfuil gá freisin le forbairt na hearnála TFC agus le bearta chun an nuálaíocht a chur chun cinn chun tacú leis an digitiú eacnamaíoch agus shóisialta i gcoitinne agus leis an digitiú sna hearnálacha tionsclaíocha go háirithe;
O. de bhrí nach mór go mbeadh digitiú na seirbhísí poiblí fite fuaite leis na cearta chun príobháideachta agus chun sonraí pearsanta a chosaint i gcomhréir leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí(24);
An beartas comhtháthaithe don tréimhse ó 2021 go 2027 agus na dúshláin a bhaineann leis an dá aistriú
1. á chur in iúl gur geal léi an pacáiste beartais comhtháthaithe don tréimhse ó 2021 go 2027 agus a chéad chuspóir beartais (PO 1) lena ndírítear ar ‘Eoraip níos iomaíche agus níos cliste a fhorbairt trí chlaochlú eacnamaíoch nuálach agus cliste agus nascacht TFC réigiúnach a chur chun cinn’(25);
2. ag leagan béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an mbeartas comhtháthaithe maidir leis an aistriú digiteach agus an aistriú glas a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go mbeidh na gnéithe digiteacha agus nuálaíochta den bheartas comhtháthaithe nua ríthábhachtach chun claochlú inbhuanaithe agus cuimsitheach na sochaí i dtreo geilleagar níos sóisialta agus níos iomaíche agus chun spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Dheacáid Dhigiteach na hEorpa a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le bonneagar digiteach maith agus inacmhainne in éineacht le bearta chun scileanna digiteacha na ngrúpaí úsáideoirí go léir a fhorbairt, ar cheart é a spreagadh freisin trí chineálacha éagsúla tacaíochta agus maoinithe a chur in úsáid ar bhealach solúbtha agus comhlántach;
3. á mheabhrú go bhfuil tacaíocht trí Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus tríd an gCiste Comhtháthaithe (CFRE-CF) faoi PO 1 ar fáil do na Ballstáit chun infheistíocht a dhéanamh sa nuálaíocht i gcomhréir le coincheap an speisialaithe chliste; á iarraidh ar údaráis náisiúnta agus réigiúnacha a gcur chuige maidir le speisialú cliste a uasghrádú trí dhíriú ar na réimsí agus ar na tionscadail is mó a bhfuil gealladh fúthu i dtéarmaí deiseanna nuálaíochta agus forbartha inbhuanaithe;
4. ag cur béim ar a thábhachtaí atá coincheap na sráidbhailte cliste chun dul i ngleic leis na dúshláin dhigiteacha agus aeráide agus á chur in iúl gur geal léi go ndéanfar é a chomhtháthú sa chomhbheartas talmhaíochta (CBT) agus sna beartais chomhtháthaithe agus réigiúnacha a bheidh ann amach anseo; á áitiú go n-áiríonn na Ballstáit cur chuige na sráidbhailte cliste ina gcláir beartais chomhtháthaithe ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;
5. á mheabhrú go bhfuil sé de cheangal ar na Ballstáit, faoi Rialachán CFRE-CC, 8 % dá n-acmhainní ar a laghad a leithdháileadh ar infheistíocht le haghaidh post agus fáis chun forbairt uirbeach inbhuanaithe a bhaint amach; ag cáineadh nach bhféadfaí leithdháileadh den chineál céanna a bhunú do limistéir thuaithe go fóill; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis an méid sin, go luaitear sa rialachán go dtabharfar aird ar leith ar dhul i ngleic le hathruithe comhshaoil agus aeráide agus ar leas a bhaint as acmhainneacht na dteicneolaíochtaí digiteacha chun críocha nuálaíochta, lena gceadófar d’údaráis réigiúnacha cistiú a dhíriú i réimse na forbartha inbhuanaithe uirbí;
6. á mheabhrú go leagtar síos leis an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach go gcaithfidh an ghníomhaíocht chomhpháirteach idir an ionstraim seo agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus an Ciste Comhtháthaithe (CFRE-CC) rannchuidiú le forbairt agus neartú éiceachóras nuálaíochta réigiúnach agus áitiúil, leis an gclaochlú tionsclaíoch agus le claochlú digiteach na sochaí agus na riarachán poiblí;
7. ag tathant ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún spriocanna níos uaillmhianaí a leagan síos d‘fhorbairt dhigiteach réigiúin uile an Aontais agus á iarraidh go mbeidh plean gníomhaíochta digiteach Eorpach ann do na réigiúin uile ina leagfar síos spriocanna agus bearta meántéarmacha do 2025 agus moltaí sonracha do AE agus na Ballstáit chun torthaí nithiúla a bhaint amach faoi 2030;
8. ag cur béim ar an ngá atá lena áirithiú go dtabharfar aird chuí sna próisis a bhaineann leis an digitiú ar shainiúlachtaí réigiúnacha agus ar riachtanais ar leith; á mheabhrú go bhféadfadh cur chuige a oireann do chách cur leis an mbearna atá ann idir réigiúin agus críocha le leibhéil éagsúla forbartha;
9. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé comhsheasmhacht a áirithiú idir an iliomad tionscnamh agus clár de chuid an Aontais lena gcuirtear an digitiú chun cinn agus a thábhachtaí atá sé sineirgí a chruthú le hionstraimí beartais comhtháthaithe dá réir sin d’fhonn an leas is fearr is féidir a bhaint as na deiseanna sa réimse sin; á áitiú ar na Ballstáit a chur san áireamh gur gá d’infheistíochtaí a bhaineann leis an digitiú cuspóir fáis a áireamh atá i gcomhréir le straitéisí forbartha inbhuanaithe eacnamaíocha, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna;
10. ag tabhairt dá haire go bhfuil córas soghluaisteachta éifeachtach ar cheann de na coinníollacha le haghaidh forbairt eacnamaíoch réigiúnach, comhtháthú críochach agus forbairt na hacmhainneachta réigiúnaí; á chur i bhfios gur riachtanach, dá bhrí sin, an cistiú is gá a chur ar fáil chun idirbhealaí iompair atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus ar phraghas réasúnta a fhorbairt agus a chothabháil, lena bhféadfaí an ghlúin níos aosta a spreagadh chun fanacht sa talmhaíocht ar feadh tréimhse níos faide agus daoine óga ó ionaid réigiúnacha a mhealladh chun a bheith ag obair faoin tuath;
11. á chur i bhfios go láidir go bhfuil dúshláin shonracha os comhair na réigiún lagfhorbartha in AE; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh saincheaptha a chur ar fáil do na réigiúin sin lena ndíreofar ar chumas riaracháin, eolas agus saineolas teicneolaíocht-bhunaithe a neartú chun a áirithiú go n-aistreofar go rathúil a ngeilleagair agus a sochaithe chuig todhchaí atá ag éirí níos digití;
12. á chur in iúl gur geal léi an seasamh ón gComhairle lena dtacaítear leis an aitheantas a thug an Coimisiún don ‘dá dúshlán’ a bhaineann leis an aistriú glas agus leis an gclaochlú digiteach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil sé d’acmhainn ag an dá aistriú poist nua ghlasa agus dhigiteacha a chruthú atá riachtanach don téarnamh eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19 agus á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go mbeidh an ghné dhigiteach ríthábhachtach chun uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, mar a leagtar amach i straitéis dhigiteach an Aontais ‘Todhchaí digiteach na hEorpa a mhúnlú’;
13. ag cur béim ar an ngá atá ann tacú le forbairt réiteach digiteach ní hamháin chun an t-athrú aeráide a chosc, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú trí éifeachtúlacht acmhainní digiteacha agus trí nuálaíocht chliste, ach freisin le haghaidh oiriúnú don athrú aeráide; á thabhairt chun suntais gur gá uirlisí agus aipeanna digiteacha rabhaidh a fhorbairt chun na hiarmhairtí diúltacha a bhíonn ag tubaistí nádúrtha amhail tuilte, sleamhnaithe láibe, tonnta teasa agus dóiteáin foraoise a laghdú;
Bearnaí digiteacha a shárú
14. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcruinneoidh an fhaireachlann tuaithe a bheidh ann amach anseo sonraí cuimsitheacha agus cothrom le dáta maidir leis an deighilt dhigiteach chun cabhrú leis na Ballstáit riachtanais a réigiún agus a gcathracha a shainaithint; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh faisnéis chothrom le dáta ar dhul chun cinn an digitithe i réigiúin uile na hEorpa agus á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí Innéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach a chur ar fáil ar leibhéal NUTS 2;
15. á chur i bhfáth go bhfuil dhá thaobh sa deighilt dhigiteach: bonneagar agus acmhainn, go bhfuil an bunús acu éagsúil, agus nach mór beartais éagsúla a chur i bhfeidhm maidir leo agus a chur in oiriúint dá ngnéithe faoi seach;
16. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb ann do scoilt dhigiteach fós sna Ballstáit, agus eatarthu; á chur in iúl gur cúis imní di go háirithe an deighilt dhigiteach idir ceantair uirbeacha agus thuaithe i dtéarmaí cháilíocht agus inacmhainneacht na líonraí leathanbhanda(26); á mheabhrú, go háirithe, gur cheart go gcuirfeadh infheistíochtaí amach anseo faoi CFRE-CC le forbairt líonraí bonneagair dhigitigh ardluais; á thabhairt chun suntais gur gá tosaíocht a thabhairt do limistéir thuaithe i ndáil leis an méid sin;
17. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht agus cúnamh a chur ar fáil do na hardáin agus do na tionscadail atá ann cheana i réimse an digitithe chuimsithigh agus chothroim mar ionstraimí chun limistéir uile an Aontais, lena n-áirítear ceantair iargúlta agus ceantair thuaithe, a thabhairt isteach sa 21ú haois;
18. ag tabhairt dá haire go bhfuil deighilt scileanna digiteacha criticiúla ann idir daoine fásta i gceantair thuaithe agus daoine fásta atá ina gcónaí i gcathracha, a dhéanann difear ar leith do dhaoine a bhfuil ioncam íseal acu, do mhná agus do dhaoine scothaosta; ag tabhairt dá haire go bhfuil an deighilt sin níos suntasaí i mBallstáit áirithe agus go bhfágann sí go bhfuil sé níos deacra fós post a fháil i gceantair thuaithe; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i mbearta spriocdhírithe uas-scilithe agus oideachais chun bearnaí digiteacha a dhúnadh agus á thabhairt chun suntais go bhfuil nasc idir na bearnaí sin agus easpa rochtana ar líonraí ardacmhainneachta, i measc cúiseanna eile;
19. ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol suime di, Compás Digiteach an Choimisiúin, a dhéanfaidh iarracht uaillmhian dhigiteach an Aontais do 2030 a thiontú ina spriocanna nithiúla i gceithre phríomhearnáil: scileanna, bonneagar digiteach slán agus inbhuanaithe, claochlú digiteach gnó, agus digitiú na seirbhísí poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascáil a thabhairt go tráthrialta ar an dul chun cinn a dhéantar sna ceithre réimse sin;
20. á chur in iúl go bhfuil sí suite de gur deis é an digitiú chun feabhas a chur ar cháilíocht saoil agus chun deiseanna oideachais, cruthú post, nuálaíocht agus inrochtaineacht níos fearr ar sheirbhísí poiblí i réigiúin tuaithe agus i réigiúin atá tite ar gcúl a chur chun cinn, rud a chabhraíonn chun treochtaí an dídhaonraithe a aisiompú agus imirce daoine oilte a chomhrac;
21. á chur in iúl gur geal léi cuspóir Chlár Beartais Dhigitigh 2030 a áirithiú go gcumhdófar gach limistéar daonra san Aontas faoi 5G faoi dheireadh na deich mbliana seo; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a chur chun cinn sa reachtaíocht atá le teacht chun imlonnú líonraí 5G i gceantair thuaithe a éascú, go háirithe trí nósanna imeachta riaracháin troma a laghdú nó a bhaint;
22. á thabhairt chun suntais gur gá an scoilt dhigiteach leanúnach idir ceantair thuaithe agus uirbeacha a shárú agus leas a bhaint as acmhainneacht na nascachta agus an digitithe i gceantair thuaithe trí straitéis chothrománach a fhorbairt; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid a bhaint as acmhainní an bheartais chomhtháthaithe, CBT agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh chun coincheap de shráidbhailte cliste a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt ó 2020 ar aghaidh, rud a chuirfidh le digitiú, le hatreisiú na hacmhainneachta eacnamaíche, na nuálaíochta agus an chuimsithe shóisialta i gceantair thuaithe agus le cumhachtú pobal tuaithe trí thionscadail shaincheaptha lena ndírítear ar nascacht agus bonneagar leathanbhanda a fheabhsú; á mheabhrú, áfach, gur cheart na straitéisí digitithe a oiriúnú don chomhthéacs tuaithe agus a chur chun feidhme le rannpháirtíocht ghníomhach na bpobal tuaithe iad féin agus le cur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí digiteacha agus róbataice sa talmhaíocht; á chur i bhfáth gur féidir sprioc 2030 maidir le haistriú chuig talmhaíocht inbhuanaithe a bhaint amach trí theicneolaíochtaí, taighde agus nuálaíocht nua a chur chun cinn agus trí eolas a aistriú chuig an tuath ar bhonn leanúnach;
23. ag tathant ar na Ballstáit úsáid a bhaint as na hacmhainní airgeadais atá ar fáil dóibh trí Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa agus Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh araon a mhéid is iomláine agus is éifeachtúla chun an tacaíocht spriocdhírithe atá de dhíth orthu a chur ar fáil do réigiúin chun teacht suas leis an deighilt dhigiteach i gceantair thuaithe agus idir na glúine, agus an deighilt sin a shárú; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, tacú le líonraí fíor-ardacmhainneachta a imlonnú trí scéimeanna cistiúcháin phoiblí leormhaithe i réimsí nach bhfreastalaíonn an margadh orthu agus réitigh thrasearnála agus chuimsitheacha a chur ar fáil, amhail sráidbhailte cliste agus moil nuálaíochta tuaithe; ag tacú leis na hiarrachtaí chun an digitiú a chur chun cinn trí dhíriú téamach sa bheartas comhtháthaithe a neartú, agus, ag an am céanna, comhar leis an mBanc Eorpach Infheistíochta nó le bainc forbartha eile a chur chun cinn; ag tarraingt aird ar an mbaol go dtiocfaidh méadú ar éagothromaíochtaí toisc nach dtugtar tacaíocht chuí do na limistéir is leochailí, ar minic a bhfuil cumas níos laige iontu cistí a phleanáil agus a chaitheamh go héifeachtach, in ainneoin gur acu is géire an gá;
24. á iarraidh, ina theannta sin, go gcuirfear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa chun feidhme go hiomlán, a mbeidh ról ríthábhachtach ag a hionstraim nua maoinithe dhigitigh chomh maith le nascacht dhigiteach trasteorann chun deireadh a chur le scoilteanna eacnamaíocha, sóisialta agus críochacha, lena gcuirfear an-chuid deiseanna nua ar fáil do réigiúin agus do cheantair thuaithe na hEorpa;
Digitiú cuimsitheach agus cothrom
25. á chur i bhfáth go bhfuil gá le próiseas digitithe inbhuanaithe agus cuimsitheach atá cóir ó thaobh na sochaí agus an gheilleagair de agus nach bhfágfar aon duine ar lár leis; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfeadh an tacaíocht faoi Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa le forbairt na hacmhainneachta agus na nuálaíochta digití in earnáil FBManna chun feabhas a chur ar acmhainní agus scileanna digiteacha sa phobal, agus gur cheart go dtacódh sí le cuimsiú sa tsochaí dhigiteach agus go gcothódh sí comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach i réigiúin uile an Aontais, agus béim á leagan ar na réigiúin bheagfhorbartha;
26. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh digitiú na seirbhísí poiblí fite fuaite le bearta lena n-éascaítear cumas daoine rochtain a fháil ar an idirlíon gan idirdhealú, srianadh ná cur isteach; á mheabhrú go bhfuil nasc idirlín ardacmhainneachta cobhsaí inacmhainne ag teastáil le haghaidh aistriú digiteach rathúil;
27. ag cur béim ar na dúshláin atá os comhair réigiúin fhorimeallacha na hEorpa, lena n-áirítear a n-oileáin, ó thaobh nascacht dhigiteach de; á mheas go bhfuil an nascacht dhigiteach ar cheann de na colúin riachtanacha d’aon straitéis d’oileáin na hEorpa; á iarraidh go ndéanfaí gníomhaíocht bhreise chun an t-aistriú digiteach a dhéanamh cuimsitheach do na pobail áitiúla uile;
28. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurb amhlaidh, mar gheall ar úsáid mhéadaithe réiteach digiteach agus TICTM mar thoradh ar phaindéim COVID-19, is measa atá an éagothroime a bhí ann roimhe seo mar gheall ar dheighiltí digiteacha i measc grúpaí sa phobal; á chur i bhfáth, áfach, go bhféadfadh an digitiú dul chun tairbhe do ghrúpaí imeallaithe atá leochaileach go sóisialta agus go heacnamaíoch faoi réir coinníollacha áirithe; ag tarraingt aird ar an bhfíoras go bhfuil dé-eisiamh i ndán dóibh siúd atá eisiata ar bhonn digiteach toisc go bhféadfadh deacrachtaí a bheith acu freisin ó thaobh rochtain ar oideachas, ar mhargadh an tsaothair nó ar sheirbhísí poiblí bunriachtanacha; á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh sráidbhailte cliste, go háirithe, a bheith ina réiteach praiticiúil chun na seirbhísí atá ar fáil i gceantair thuaithe a mhéadú, agus ar an gcaoi sin éagothromaíochtaí atá ann cheana a laghdú;
29. á chur i bhfáth go bhfuil béim curtha ag paindéim COVID-19 ar an tábhacht a bhaineann le réitigh dhigiteacha, go háirithe i gcás na teilea-oibre; ag tathant ar an gCoimisiún treoir a thíolacadh maidir le caighdeáin agus coinníollacha íosta i dtaca le teilea-obair chothrom chun sláinte agus sábháilteacht oibrithe a chosaint agus dálaí oibre cuibhiúla a áirithiú, lena n-áirítear cineál deonach na teilea-oibre, urraim d’uaireanta oibre, saoire, cothromaíocht oibre is saoil agus cearta digiteacha eile ag an obair amhail an ceart chun dícheangail agus cosaint phríobháideacht na n-oibrithe, lena n-áirítear trí chianfhaireachán nó rianú digiteach d’aon chineál eile a thoirmeasc agus trí úsáid na faisnéise saorga i bpróisis earcaíochta, agus Creat-Chomhaontú Chomhpháirtithe Sóisialta na hEorpa maidir leis an Digitiú á chur san áireamh;
30. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéis dhomhanda a fhorbairt, ina gcomhtháthófar peirspictíocht iomlánaíoch ar gach leibhéal chun dul i ngleic leis na neamhionannais shóisialta agus leis an idirdhealú a bhaineann leis an digitiú agus leis an teilea-obair nó le hobair hibrideach d’fhonn feabhas a chur ar a iarmhairtí dearfacha;
31. á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach saoránaigh a chumhachtú, dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha agus ról a thabhairt do na húdaráis áitiúla maidir le straitéisí digiteacha réigiúnacha a phleanáil agus a chur chun feidhme mar is ceart;
Digitiú fiontar beag agus meánmhéide agus seirbhísí poiblí
32. á iarraidh go ndéanfar obair leantach ar an bplean gníomhaíochta ríomhrialtais a bhfuil dhá phríomhchuspóir uileghabhálacha ann: claochlú digiteach éifeachtúil a áirithiú agus an rómhaorlathas a laghdú, agus ar an gcaoi sin cáilíocht saoil na saoránach a fheabhsú, trí bhearta a fheabhsaíonn rochtain agus seirbhísí poiblí i ngach Ballstát agus a chuireann borradh faoin trédhearcacht; agus bearta a bhunú chun scileanna digiteacha a mhéadú d’oibrithe san earnáil phoiblí; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfí san áireamh, leis an obair leantach sin, an iliomad ceachtanna a foghlaimíodh ó phaindéim COVID-19, inar cuireadh seirbhísí riaracháin phoiblí ar fáil go heisiach ar líne, nach mór;
33. ag tabhairt dá haire gur léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil ár sochaí i mbaol cibear-ionsaithe mar thoradh ar an méadú ar TICTM san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí araon; á mheabhrú go bhfuil réitigh chibearshlándála nua ag teastáil chun cianrochtain a fháil ar líonraí na hearnála príobháidí nó poiblí;
34. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul chun cinn níos gasta a dhéanamh le digitiú na seirbhísí poiblí, lena n-áirítear scoileanna, ollscoileanna, institiúidí taighde, iompar poiblí, ríomhsheirbhísí rialtais agus riarachán éifeachtúil;
35. ag tabhairt dá haire gur chuir paindéim COVID-19 dlús le teacht chun cinn seirbhísí poiblí leictreonacha agus réiteach ríomhshláinte; á thabhairt chun suntais gur gá dul i ngleic leis an mbearna ríomhscileanna i measc gairmithe sláinte agus cumhacht a thabhairt d’othair, go háirithe daoine scothaosta agus saoránaigh atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, an tsláinte dhigiteach a úsáid; ag tabhairt rabhaidh go bhféadfaí roinnt daoine a bhfuil cumas níos lú acu na teicneolaíochtaí atá de dhíth orthu a úsáid nó íoc astu, amhail daoine scothaosta nó daoine faoi mhíbhuntáiste sóisialta, a fhágáil ar chúl; á chur i bhfios go bhfuil gá le hinfheistíocht phoiblí i réimsí amhail acmhainní daonna, tairiscintí poiblí digiteacha agus bearta tacaíochta réamhghníomhacha chun a áirithiú go mbeidh rochtain neamh-idirdhealaitheach, mhear agus ar ardchaighdeán ar sheirbhísí poiblí digiteacha do chách, lena n-áirítear seirbhísí sláinte; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé, sa chomhthéacs sin, gníomhaíocht maidir leis an oideachas agus forbairt scileanna digiteacha a chur chun cinn agus a neartú, go háirithe i gceantair thuaithe; ag cur béim ar an ngá atá ann leas iomlán a bhaint as uirlisí, teicneolaíochtaí agus réitigh dhigiteacha nua le haghaidh sochaí shláintiúil;
36. á aithint go bhfuil sé níos tábhachtaí ná riamh obair chothrom atá inbhuanaithe go sóisialta agus rannpháirtíocht iarbhír na bhfostaithe a áirithiú i ndálaí oibre a mhúnlú – in ardáin dhigiteacha mar a dhéantar i ngach earnáil eile – agus go gcaithfidh tionchar daonlathach a bheith ag oibrithe ar rialachas na hoibre; á chur i bhfios go láidir nach foláir tairbhí an digitithe a chomhroinnt ar bhealach leathan agus cothrom agus nach foláir d’oibrithe san earnáil dhigiteach na cearta agus na dálaí oibre céanna a theachtadh agus atá amhlaidh in earnálacha eile; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a mholadh maidir le dálaí agus cearta cuibhiúla oibre sa gheilleagar digiteach;
37. ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) maidir le poist chuibhiúla, fás inbhuanaithe agus forbairt tuaithe a chruthú agus á chreidiúint go rannchuideoidh infheistíochtaí poiblí tríd an mbeartas comhtháthaithe agus trí ionstraimí eile le comhtháthú sóisialta, eacnamaíoch agus críochach níos fearr i réigiúin uile an Aontais; á thabhairt chun suntais go bhfuil rochtain ar airgeadas ar cheann de na ceisteanna is mó práinn do go leor micreafhiontair agus fiontair bheaga agus go bhfuil cineálacha tacaíochta agus dreasachtaí atá saincheaptha don duine aonair ag teastáil ó chineálacha éagsúla FBManna ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, ag brath ar a n-imthosca agus ar a mhéid atá an teicneolaíocht glactha acu; ag tathant ar réigiúin straitéisí nuálaíochta a bhunú atá dírithe ar FBManna agus atá i gcomhréir lena gcuid straitéisí um speisialú cliste maidir le taighde agus nuálaíocht;
38. á chur in iúl gurb oth léi nár ghlac formhór mór na FBManna san Aontas Eorpach go hiomlán leis an gclaochlú digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-úsáidfidh na Ballstáit a gcláir oibríochtúla chun díriú ar FBManna i réimsí ina bhfuil forbairt dhigiteach níos ísle;
39. ag tabhairt dá haire go bhfuil acmhainneacht mhór ag an ríomhthráchtáil d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide faoin tuath agus do tháirgeoirí áitiúla toisc go gcuireann sí lena bhfor-rochtain agus go laghdaíonn sí na bacainní a bhaineann le réigiúin a bhfuil dúshláin mhóra bhuana gheografacha nó dhéimeagrafacha rompu; á iarraidh ar réigiúin agus ar Bhallstáit AE treoirthionscadail agus straitéisí digitithe a bhunú chun ríomhthráchtáil a chomhtháthú laistigh de shamhlacha gnó na bhfiontar beag agus meánmhéide tuaithe;
40. ag aithint na hacmhainneachta a bhaineann leis an digitiú chun cuideachtaí, go háirithe FBManna, a nascadh le chéile agus ag cur béim ar an tionchar dearfach atá ag an digitiú ar sholáthar seirbhísí sóisialta amhail réitigh iompair chliste, ríomhsheirbhísí sláinte, seirbhísí baincéireachta ar líne agus réitigh foghlama saincheaptha do mhic léinn leochaileacha; á mheabhrú a thábhachtaí atá sé oideachas maidir le scileanna digiteacha a chur ar fáil ag an am céanna chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár;
41. á mheabhrú go leagtar síos leis an Rialachán maidir leis an gClár don Eoraip Dhigiteach gur cheart go rannchuideodh na sineirgí idir an clár seo agus CFRE-CF le forbairt agus neartú éiceachóras nuálaíochta réigiúnacha agus áitiúla, claochlú tionsclaíoch agus claochlú digiteach na sochaí agus na riarachán poiblí;
42. ag cur béim ar thuairim Chúirt na nIniúchóirí(27) maidir le CFRE-CC, eadhon go soláthraíonn FBManna réitigh nuálacha ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, éifeachtúlacht acmhainní agus comhtháthú sóisialta agus go gcuidíonn siad leis an nuálaíocht sin a scaipeadh ar fud réigiúin na hEorpa, rud a fhágann go bhfuil siad ríthábhachtach d’aistriú an Aontais chuig geilleagar inbhuanaithe digiteach;
43. ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis imní di, go bhfuil easpa fostaithe oilte ar ghnólachtaí nuathionscanta agus ar FBManna seanbhunaithe agus á thabhairt chun suntais go bhfuil mórghanntanas scileanna ann i gcás scileanna a bhaineann leis an digitiú agus le teicneolaíochtaí nua, ós rud go bhfuil 35 % den lucht saothair(28) ar bheagán scileanna digiteacha nó nach bhfuil scileanna digiteacha ar bith acu; á chreidiúint gur cheart tionscnaimh a sheoladh chun tacú le FBManna a bhfuil dúshláin ar leith rompu agus chun inniúlachtaí agus scileanna a fhorbairt sa lucht saothair atá ríthábhachtach don gheilleagar nua-aimseartha, lena n-áirítear i dtéarmaí tallann dhigiteach a mhealladh agus a choinneáil, agus scileanna digiteacha solúbtha agus deiseanna uas-scilithe agus athoiliúna do chách á gcothú ag an am céanna, gan beann ar stádas fostaíochta, aois, oideachas nó gairm;
44. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé líon na ngnólachtaí nuálacha a mhéadú trí rochtain ar theicneolaíochtaí nua a áirithiú, ag teacht le caighdeáin an gheilleagair in earnáil Tionsclaíocht 4.0 agus le caighdeáin an gheilleagair inbhuanaithe, trí chaipiteal príobháideach a úsáid, trí acmhainní daonna a fhorbairt agus trí thacú le tionscnaimh um chathracha cliste;
Scileanna don ré dhigiteach a chur chun cinn
45. á chur i bhfáth gur gá na bearnaí scileanna digiteacha ar fud an Aontais a líonadh ionas gur féidir leis an uile dhuine agus na gnólachtaí go léir an leas is fearr a bhaint as an gclaochlú digiteach; á iarraidh go gcuirfear chun feidhme, de réir a chéile, Plean Gníomhaíochta an Choimisiúin don Oideachas Digiteach le haghaidh scileanna digitithe níos fearr a chur chun cinn, 2021-2027, lena ráthófaí go mbeadh deiseanna oideachais, oiliúna agus fostaíochta ann do chách, lena n-áirítear an fhiontraíocht; á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ríthábhachtach ag na Ballstáit agus na rialtais réigiúnacha maidir le tacaíocht a thabhairt d’údaráis tuaithe ina gcuid iarrachtaí chun cuimsiú digiteach a mhúnlú agus a áirithiú trí shonraí na saoránach a chosaint agus trí dhaoine agus gnólachtaí áitiúla a chumhachtú trí rochtain ar shonraí; á chur i bhfáth gur gá scileanna digiteacha ar feadh an tsaoil agus litearthacht sna meáin a chur chun cinn ó aois óg; á iarraidh ar an gCoimisiún tacaíocht a spreagadh do chláir agus do thionscnaimh oideachais litearthachta sna meáin dhigiteacha i scoileanna, i mbunaíochtaí gairmoiliúna agus in ollscoileanna; á chur i bhfáth, i ndáil leis an méid sin, a thábhachtaí atá CSE+ maidir le tionscadail a mhaoiniú lena gcuidítear le hoibrithe nó le daoine dífhostaithe scileanna nua a fháil, i bhfianaise chuspóirí an chiste scileanna nua a thabhairt dóibh chun feabhas a chur ar a gcéim ag an obair (uasoiliúint) nó scileanna chun cabhrú leo obair eile a aimsiú (athoiliúint); á mheas go bhfuil sé tábhachtach samhlacha foghlama hibrideacha a bhunú lena dtugtar rochtain ar uasoiliúint do dhaoine a bhfuil scileanna bunúsacha nó scileanna digiteacha acu;
46. á chur in iúl gur geal léi an moladh sa Ráthaíocht atreisithe don Aos Óg gur cheart do dhaoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna dul faoi mheasúnú scileanna digiteacha agus – i gcás ina sainaithnítear bearnaí – oiliúint a fháil chun feabhas a chur ar a gcuid scileanna digiteacha;
47. ag tabhairt dá haire go bhfuil deighilt scileanna digiteacha criticiúla ann idir daoine fásta a bhfuil cónaí orthu i gceantair thuaithe agus daoine fásta a bhfuil cónaí orthu i gcathracha, agus idir na glúine freisin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, leitheadúlacht dhíréireach TICTM i measc fostaithe san earnáil seirbhísí atá dea-oilte, atá lonnaithe sa chathair, agus a bhfuil scileanna digiteacha láidre acu; ag breathnú ar an easpa deiseanna chun scileanna digiteacha a shealbhú i gceantair thuaithe; ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún leas a bhaint as CSE+ agus CFRE chun bearta a ghlacadh chun an mhíchothromaíocht sin a fhritháireamh agus chun deiseanna fostaíochta a chur ar fáil i réigiúin atá i mbaol an dídhaonraithe; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh sráidbhailte cliste a bheith ina réiteach praiticiúil, mar go n-ionchorpraíonn siad ionstraimí foghlama digiteacha sa chur chuige digiteach ó bhun aníos a chuireann siad i bhfeidhm;
48. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag cur chun cinn agus forbairt na ríomhscileanna chun cumas níos fearr a fhorbairt i margadh an tsaothair, cuimsiú sóisialta a chur chun cinn, tacú le héagsúlú teicneolaíochta agus deiseanna fostaíochta a chruthú, go háirithe i gceantair thuaithe agus i réigiúin bheagfhorbartha; ag spreagadh an Choimisiúin dlús a chur lena iarrachtaí chun dul i ngleic leis na bearnaí scileanna digiteacha trí dhul i dteagmháil leis na geallsealbhóirí uile tríd an gComhghuaillíocht Scileanna Digiteacha agus Post;
49. ag tabhairt dá haire gurb é atá in CSE+, dá dtagraítear faoi chuspóir beartais a ceathair (PO4) de Rialachán na bhForálacha Coiteanna, cuspóir sonrach lena gcumhdaítear scileanna digiteacha, cuimsitheacht agus córais oiliúna, lena n-áirítear tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmiúil agus neamhfhoirmeálta a bhailíochtú;
50. ag cur béim ar an bhfíoras go n-iarrtar sa Chlár Oibre Eorpach do Scileanna Nua go ndéanfaí infheistíocht i mbonneagar a bhfuil ardtionchar sóisialta aige, lena n-áirítear bonneagar digiteach, trí CFRE-CC agus tríd an gClár InvestEU; á chur i bhfáth gur gá infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar digiteach trí CFRE-CC agus tríd an gClár InvestEU a chuireann le tionscnaimh chun scileanna digiteacha a chur chun cinn amhail an Plean Gníomhaíochta don Oideachas Digiteach, 2021-2027;
51. á athdhearbhú gur dúshlán bunúsach don Aontas é dul i ngleic leis an athrú déimeagrafach, agus gur cheart tosaíocht a thabhairt dó i ndearadh agus i gcur chun feidhme na gclár; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, go bhfuil sé ar cheann de na príomhchuspóirí a leagtar síos in CFRE-CF don tréimhse 2021-2027 tacú le limistéir uirbeacha agus tuaithe a bhfuil míbhuntáistí geografacha nó déimeagrafacha acu, agus go mbeidh ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais ón Aontas a leithdháileadh do thionscadail a chuireann forbairt dhigiteach sna réigiúin lena mbaineann agus nascacht TFC chun cinn; á mheabhrú, i ndáil leis an méid sin, gur cheart tacaíocht ar leith a thabhairt do limistéir leibhéal NUTS 3 nó do bhraislí d’aonaid riaracháin áitiúla ag a bhfuil dlús daonra níos lú ná 12,5 áitritheoir in aghaidh an chiliméadair chearnaigh nó meánlaghdú bliantúil ar an daonra os cionn 1 % idir 2007 agus 2017, ar cheart iad a bheith faoi réir measúnuithe sonracha réigiúnacha agus náisiúnta;
52. á chur in iúl gur geal léi seoladh an Chiste um Aistriú Cóir agus an fócas atá aige ar oiliúint agus ar scileanna; á chur in iúl gur mór léi gur féidir infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar sóisialta amhail ionaid oiliúna le haghaidh deiseanna fostaíochta níos fearr agus fostaíocht ar ardchaighdeán do na réigiúin uile san aistriú chuig an aeráidneodracht faoi 2050 ar a dhéanaí, agus béim á leagan aici ar an ngá atá ann díriú go háirithe ar scileanna digiteacha; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le Ciste athbhreithnithe um Aistriú Cóir, agus a indéanta a bheadh sé é sin a dhéanamh, chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ann faoi láthair;
53. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar a n-údaráis bhainistíochta rochtain ar chistí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus ar Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a éascú agus a shimpliú do cheantair thuaithe; á mheas gur gá a áirithiú go ndéanfar faireachán cúramach ar na gníomhaithe institiúideacha ábhartha uile maidir le cistí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a úsáid ar an leibhéal críochach chun a áirithiú go ndáiltear an cistiú go cothrom idir na réigiúin;
54. á chur in iúl gur cúis imní di go ndéanfar go leor tairiscintí poiblí ar chláir dhigiteacha a leithdháileadh trí ghlao ar thograí, rud a d’fhéadfadh an bonn a bhaint de chumas na gceantar tuaithe rochtain a fháil ar chistí Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh agus Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, ós rud é go bhfuil a bhforbairt acmhainní agus a dtacaíocht theicniúil i gcláreagrú agus i gcaiteachas cistí AE níos laige de ghnáth;
55. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle na conclúidí ón gComhairle maidir le cearta an duine, rannpháirtíocht agus dea-bhail daoine scothaosta i ré an digitithe a chur chun feidhme go mear, lena n-áirítear ardán maidir le rannpháirtíocht agus obair dheonach i ndiaidh shaol na hoibre a chruthú agus malartuithe agus naisc idirghlúine a chur chun cinn;
o o o
56. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig Coiste na Réigiún agus chuig na Ballstáit.
Rissola, G., Kune, H., Martinez, P., ‘Innovation camp methodology handbook: realising the potential of the entrepreneurial discovery process for territorial innovation and development’ [Treoirleabhar modheolaíochta maidir le campaí nuálaíochta: acmhainneacht an phróisis fionnachtana fiontraíochta le haghaidh nuálaíocht críche agus forbairt críche a bhaint amach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.
Arregui Pabollet, E et al., The Changing nature of work and skills in the digital age [Cineál athraitheach na hoibre agus scileanna sa ré dhigiteach], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.
Dijkstra, L., Poelman, H., Rodríguez-Pose, A., The Geography of EU Discontent [Leagan amach tíreolaíoch Mhíshástacht AE], Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh, Lucsamburg.
Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin an 11 Meitheamh 2020 dar teideal ‘Digital Economy and Society Index (DESI) 2020’ [An tInnéacs um an nGeilleagar Digiteach agus an tSochaí Dhigiteach (DESI) 2020] (SWD(2020)0111).
Doiciméad oibre ón gCoimisiún arna fhoilsiú i mí na Bealtaine 2020 dar teideal ‘Teleworkability and the COVID-19 crisis: a new digital divide?’ [Cumas teilea-oibre agus géarchéim COVID-19: deighilt dhigiteach nua?]
An Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne, ‘Work-life balance in the ICT sector – Women in the ICT sector’ [Comhionannas oibre is saoil in earnáil TFC – Mná in earnáil TFC].
Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin Eorpaigh, faisnéisiú beartais, Telework in the EU before and after the COVID-19: where we were, where we head to, [Teilea-obair in AE roimh agus i ndiaidh COVID-19; an staid mar a bhí agus mar a bheidh] 2020.
Negreiro, M., Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, The rise of digital health technologies during the pandemic [An méadú ar theicneolaíochtaí sláinte digiteacha le linn na paindéime], Aibreán 2021.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, preaseisiúint, ‘European funding for boosting SME competitiveness being probed by EU auditors’ [Maoiniú Eorpach chun borradh a chur faoi iomaíochas FBManna á fhiosrú ag iniúchóirí AE], an 14 Deireadh Fómhair 2020.
Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, ‘EU actions to address low digital skills’ [Gníomhaíochtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar scileanna digiteacha ísle], Mí Feabhra 2021.